2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 79/51


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht

(2023/C 79/09)

Rapóirtéir:

Markku MARKKULA (FI/PPE), Uachtarán Réigiún Heilsincí

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht

COM(2022) 332 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach? D’fhéadfadh an Clár Oibre um Nuálaíocht dlús a chur leis an gclaochlú.

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht chun borradh a chur faoin smaointeoireacht nuálach agus chun gníomhaíocht nuálach a spreagadh agus é d’aidhm aige go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir leis an eolaíocht, an bonn tionsclaíoch, éiceachórais bhríomhara do ghnólachtaí nuathionscanta, dálaí a chothaíonn an nuálaíocht, agus an bonn tallainne. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CnaR gur féidir spriocanna uaillmhianacha bheartais nuálaíochta an Aontais a bhaint amach trí ilroinnt a sheachaint, trí bhearta éifeachtacha a chomhordú le comhoibriú éifeachtach idir an earnáil tionsclaíochta, an saol acadúil, tionscnaimh shóisialta agus na húdaráis riaracháin áitiúla, réigiúnacha agus thrasréigiúnacha agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha a eascraíonn as an athrú aeráide, ar an ngá atá le hathléimneacht mhéadaithe in aghaidh bagairtí sláinte agus ar an gclaochlú digiteach, gan ach cúpla ceann a lua;

2.

den tuairim, áfach, gur cheart réimsí nua a bheith molta sa teachtaireacht sin mar aon le cur chuige níos doimhne i leith na nuálaíochta i mbeartais Eorpacha. I gcomhthéacs na ndúshlán iomadúil atá romhainn (an domhandú, an comhshaol, an tsláinte, aosú an daonra, bánú na mórcheantar tuaithe, agus an tsíocháin/an chogaíocht), ba cheart don Choimisiún foghlaim ó cheachtanna na ngéarchéimeanna sin, dul i muinín na smaointeoireachta cruthaithí agus, i measc nithe eile, tús a chur le díospóireacht ar an gcineál nuálaíochta a bheadh de dhíth ar shochaí Eorpach athléimneach. Baineann tábhacht ar leith leis an ngá atá leis an bhfócas ar nuálaíochtaí sochaíocha agus sóisialta a mhéadú, iad siúd a bhaineann go díreach leis na dúshláin atá luaite, chomh maith le cinn eile, amhail fostaíocht, go háirithe fostaíocht don aos óg;

3.

á mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach bearta comhlántacha leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht gan mhoill, bearta lena ndíreofaí ar shaincheisteanna sochaíocha, sóisialta agus fuinnimh agus go gcomhtháthódh sé na bearta sin chun dlús a chur le claochluithe sochaíocha i dtreo an fháis inbhuanaithe;

4.

á chur in iúl nach mór spriocanna soiléire a áireamh sna bearta beartais chun dhá dheighilt nuálaíochta a dhúnadh: i roinnt réimsí beartais nuálaíochta, tá an Eoraip i bhfad chun deiridh ar cheannairí domhanda – na Stáit Aontaithe agus an Áise – agus laistigh den Aontas, i roinnt mhaith réigiún, déantar neamhshuim de thábhacht na nuálaíochta. Tá na réigiúin is fearr feidhmíocht naoi n-oiread níos nuálaí ná na réigiúin is ísle feidhmíocht. Meabhraíonn CnaR nach bhfuil na hacmhainní teicniúla, daonna ná airgeadais céanna ag gach réigiún chun a dtorthaí a fheabhsú i réimse na nuálaíochta;

5.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta níos radacaí de dhíth chun an Clár Oibre Nua um Nuálaíocht a chur chun feidhme ná mar a ghlacann an tAontas go hiondúil ina thionscnaimh bheartais uile-Eorpacha, agus gur gá na próisis nuálaíochta a bheith níos córasaí agus rioscabhunaithe. Ní mór an sprioc a bheith soiléir, réalaíoch, dúshlánach agus intomhaiste chun an tionchar a mhéadú faoi dhó agus an tréimhse le haghaidh tréchuir a laghdú faoina leath;

6.

á chur chun suntais gur gá gur comhartha práinne a bheidh sa Chlár Oibre um Nuálaíocht don Aontas ar fad lena chur ina luí air gur gá gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh – láithreach bonn agus ar bhonn fadtéarmach araon – chun aghaidh a thabhairt ar na deighiltí nuálaíochta agus chun éiceachórais nuálaíochta áitbhunaithe a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

7.

ar aon intinn leis an gCoimisiún Eorpach go bhfuil an rabharta nua nuálaíochta – an nuálaíocht domhainteicneolaíochta – fréamhaithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus san innealtóireacht cheannródaíoch, gur minic a chomhcheanglaítear dul chun cinn sna réimsí fisiciúla, bitheolaíocha agus digiteacha, agus go bhféadfadh an nuálaíocht nua sin beartais chlaochlaitheacha a sholáthar mar fhreagairt ar dhúshláin dhomhanda. Tá sé á chur i dtreis ag CnaR nach mór gurb é an cuspóir atá leis an rabharta nua seo dlús a chur le próisis chomhchruthaithe ildisciplíneacha lena méadófar nuálaíochtaí sochaíocha (1) agus sóisialta (2) chun feabhas a chur ar leas agus ar dhea-bhail daoine aonair agus pobal, agus go gcuirfear gnéithe daonna san áireamh go daingean sna gníomhaíochtaí sin, ionas go mbainfidh an Eoraip tairbhe níos mó as meon na ceannaireachta fiontraíochta domhanda a fhorbairt;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtugtar aitheantas do ghníomhaíocht phíolótach na gComhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach (PRInna) agus, go háirithe, go n-aithnítear ról PRInna i gcur chun cinn gleannta nuálaíochta domhainteicneolaíochta, arna nascadh le chéile ó réigiún go réigiún, agus infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha;

9.

á chur in iúl gurb oth leis nár thapaigh an Coimisiún Eorpach an deis aird a tharraingt ar an ngá atá le nasc láidir idir éiceachórais nuálaíochta áitiúla agus an Limistéar Eorpach Taighde a chothú trí mhoil an limistéir sin (3);

10.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Bhallstáit an Aontais dlús a chur le moil LET a chruthú mar chuid de phlean gníomhaíochta LET, chun a áirithiú go dtabharfar tús áite do chomhpháirtíochtaí agus gníomhaíochtaí TFN i gclár oibre na gceannairí polaitiúla áitiúla agus réigiúnacha;

Cén fáth a bhfuil nuálaíochtaí agus ceannaireacht an Aontais i réimse na domhainteicneolaíochta níos criticiúla anois ná riamh?

11.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an Eoraip a bheith ina ceannaire nuálaíochta domhanda sna réimsí seo a leanas: foinsí in-athnuaite fuinnimh, hidrigin ísealcharbóin, ceallraí, teicneolaíochtaí digiteacha, ladrainn agus intleacht shaorga, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, táirgeadh agus dearadh leathsheoltóirí, Industry Commons (eolas agus cumais arna gcomhroinnt idir tionscail), sláinte agus bia, soláthar na nuálaíochta, agus maidir le comhar idir an tionscal agus an ollscoil trí chláir de chuid an Aontais. Tá sé á chur in iúl ag CnaR, freisin, gur ceannairí domhanda iad cuideachtaí an Aontais i bpaitinní glasa ardluacha agus i bpaitinní glasa i dtionscail dianfhuinnimh. Ina theannta sin, is as an Aontas a thagann an cúigiú cuid de na foilseacháin eolaíochta dhomhanda ardcháilíochta uile. Mar sin féin, ní féidir leis an Aontas a bheith ina cheannaire domhanda i gcúrsaí gnó agus i gcúrsaí TFN gan roinnt mhaith ionstraimí beartais uaillmhianacha a chur chun feidhme ina n-iomláine;

12.

á chur i bhfios go láidir nach féidir rath a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht nasctha áitiúil/réigiúnach. Tá sé á chur i dtábhacht ag CnaR go bhfuil an Eoraip fós chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas nuálaíochta ina iomláine a chistiú. Tá infheistíocht phríobháideach ag fás níos tapúla ná in áiteanna eile, ach tá col ar chaipitlithe fiontair Eorpacha fós rioscaí a ghlacadh a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí suntasacha a dhéanamh i gcomparáid leo siúd sna Stáit Aontaithe agus sa tSín;

13.

á iarraidh go bhfoghlaimeofaí ón dá chlár oibre nuálaíochta déag roimhe seo de chuid an Aontais le fiche nó tríocha bliain anuas, nár éirigh leo athrú leordhóthanach a chur i bhfeidhm ar phatrún na nuálaíochta maidir leis na nithe seo a leanas:

bogadh go cruthaitheacht atá dírithe ar chuspóirí agus go cultúr nuálaíochta;

bogadh ó bhraislí atá réasúnta dúnta go héiceachórais nuálaíochta atá fíoroscailte;

meon na ceannaireachta fiontraíochta a fhorbairt;

cláir shonracha a chur chun cinn a thosaíonn ar scoil, cláir a dhíríonn go háirithe ar mhná agus ar chailíní;

díriú i gcónaí ar ghnólachtaí nuathionscanta de rogha ar uas-scálú agus fás na ngnólachtaí;

bainistiú eolais, eagrúchán agus sineirgí idir tionscadail a mhéadú;

comhoibriú maidir le nuálaíocht áitiúil/réigiúnach, éiceachórais áitbhunaithe agus théamacha;

dea-chleachtais tagarmharcála agus tagairfhoghlama agus coincheapa claochlaithe córasacha ar an leibhéal domhanda;

sineirgí agus eolas a chomhroinnt idir cláir an Aontais agus tionscnaimh eile chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh;

comhpháirtíochtaí Eorpacha, rialachas il-leibhéil agus claochlú córasach a chruthú;

14.

ag moladh do chathracha agus do réigiúin cur chuige atá dírithe ar mhisin a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha ríthábhachtacha agus chun a misin a bhunú, amhail tionscnamh an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil agus treochláir agus pleananna gníomhaíochta na Digiteála. Ba cheart straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste a chur san áireamh agus leas a bhaint as ionstraimí cistiúcháin AE, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach. Ní mór cur leis na sineirgí idir CFRE, an clár don Eoraip Dhigiteach agus an clár Fís Eorpach, go háirithe chun an comhar idir FBManna, ollscoileanna, ionaid teicneolaíochta agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta a neartú. Trí bhorradh a chur faoin Líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, cuidítear le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a eagrú agus le conairí agus líonraí Eorpacha a bhunú le haghaidh na ceannaireachta domhanda;

15.

ag tarraingt aird ar thionscnaimh rathúla agus ar dhea-chleachtais na gcathracha agus na réigiún, lena n-áirítear feachtais de chuid an Aontais le CnaR, amhail Comhphlé leis na Saoránaigh, Campaí Nuálaíochta, Réigiúin Fiontraíochta Eorpacha agus an Eolaíocht sna Réigiúin; léiríonn na feachtais sin an chaoi a gcabhraíonn an leabú áitiúil le tús a chur le hidirphlé atá dírithe ar dhúshláin, idirphlé a dhéantar le líonraí áitiúla na ngníomhaithe éagsúla chun bacainní institiúideacha agus meoin a shárú agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin shochaíocha;

16.

á mheabhrú go bhfuil an domhainteicneolaíocht dírithe ar dhul chun cinn sochaíoch, agus gur gá coincheap na hinghlacthachta sóisialta agus na bhfóntas sóisialta a chur san áireamh. Chuige sin, ní mór infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha TFN a mhéadú, as a dtiocfaidh neodracht theicneolaíoch agus lena seachnófar spleáchas ar theicneolaíocht ar leith. Tá sé á chur i dtábhacht ag CnaR go bhfuil inniúlacht réitithe fadhbanna agus gnéithe fiontraíochta i gceist freisin leis an nuálaíocht shochaíoch chun dul i ngleic le suaitheadh d’fhonn luach a chruthú agus d’fhonn céimeanna ar gcúl agus drochthionchair ar an tsochaí a sheachaint. Dá bhrí sin, agus an Clár Oibre um Nuálaíocht á chur chun feidhme, ní mór aird níos mó a thabhairt ar gheallsealbhóirí uile TFN, lena n-áirítear saoránaigh agus, ar bhonn níos leithne, an caidreamh idir an tsochaí agus lucht eolaíochta agus ar na próisis chomhthógála atá ag teastáil;

17.

á chur i bhfios go bhfuil na líonraí eolais domhanda agus an fhoghlaim chomhoibríoch bunriachtanach, agus, dá bhrí sin, gur féidir agus gur cheart do ghníomhaithe áitiúla atá rannpháirteach i líonraí idirnáisiúnta, amhail eolaithe, cuideachtaí, agus ENRanna atá nasctha ar fud an domhain, an t-eolas ábhartha agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a thabhairt ón taobh amuigh go dtí an comhthéacs áitiúil;

18.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste maidir le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a neartú chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh ar bhealach níos fearr agus chun dúshláin shochaíocha a réiteach ón mbun aníos, ar bhealach comhoibríoch a oireann don chomhthéacs, leis na réitigh is fearr a bhfuil taighde déanta orthu. Is díol sásaimh do CnaR na hiarrachtaí amhail líonra an Tionscnaimh Vanguard chun slabhraí luacha tionsclaíocha Eorpacha a thógáil bunaithe ar chomhlántachtaí i Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste;

19.

á áitiú gur cheart do rialachas na nuálaíochta tairbhe a bhaint as éagsúlacht i bpatrúin cheannaireachta agus bhainistíochta chun cleachtais iompraíochta agus bhainistíochta a fhorbairt a thacóidh leis an aistriú chuig meon fiontraíochta agus sochaí foghlama. Ba cheart do na nithe sin dul chun tairbhe do chuile ghlúin, feidhmiú thar gach teorainn agus a bheith éifeachtach a mhéid a bhaineann leis an gcomhdhearadh, an comhoibriú, comhroinnt eolais agus cinnteoireacht fianaise-bhunaithe;

20.

den tuairim, nuair atá réitigh theicneolaíocha ar dhúshlán sochaíoch a dtugtar lántacaíocht dóibh agus atá cruthaithe go soiléir (amhail i gcás an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh), go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Aontas chun dálaí a chruthú le haghaidh uas-scálú, comhroinnte agus socrú caighdeán (lena ndírítear ar chuspóir agus ar thionchar) ach go gcaithfear rialáil as a dtiocfadh gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint san am céanna. Is féidir an tacaíocht sin a fhorbairt ach rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú trí leas a bhaint as ionstraimí cumarsáide éagsúla;

21.

á mheabhrú dúinn go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh atá ann chun beartais nuálaíochta thiomnaithe a chomhchruthú laistigh de réigiúin agus d’earnálacha tionsclaíocha – agus gur gá dul chun cinn níos tapúla a dhéanamh chuige sin maidir leis an domhainteicneolaíocht, an t-aistriú glas agus digiteach agus SDGanna;

Cineál na nuálaíochta: áitbhunaithe, struchtúrach, claochlaitheach, agus béim ar an tionchar

22.

á athdhearbhú gur gá a áirithiú, le beartas nuálaíochta na hEorpa, i gcomhar le beartas taighde Eorpach, go mbeidh eolaíocht ardcháilíochta ar fáil chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus chun cabhrú leis an tsochaí agus le gnólachtaí dul i ngleic leis na géarchéimeanna agus na dúshláin atá os comhair chathracha agus réigiúin uile an Aontais sa lá atá inniu ann agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá béim á leagan ag CnaR ar an ról tábhachtach leanúnach atá ag maoiniú réigiúnach na hEorpa trí CFRE agus tríd an gCiste um Aistriú Cóir. Tá CnaR ag tathant ar rialtais na mBallstát agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an ráiteas ón gCoimisiún Eorpach (4) a chur san áireamh, is é sin go gceadaítear faoin gcreat rialála do 2021-2027 lena rialaítear cistí an bheartais chomhtháthaithe faoi bhainistíocht chomhroinnte agus cistí faoi bhainistíocht dhíreach, sineirgí neartaithe a chruthú idir CFRE agus Fís Eorpach;

23.

á thabhairt dá aire le plean gníomhaíochta comhpháirteach an Choimisiúin Eorpaigh/CnaR i réimse an taighde, na nuálaíochta, an oideachais, agus na mbeartas gaolmhar chun sreafaí eolais uile-Eorpacha agus foghlaim chomhoibríoch i gceapadh beartas a mhéadú, go gcuirtear deiseanna ar fáil chun taighdeoirí, fiontraithe agus an tsochaí shibhialta a chumhachtú chun a n-éiceachórais réigiúnacha taighde agus nuálaíochta a chomhdhlúthú agus chun ról lárnach a bheith acu sa ghréasán uile-Eorpach um thaighde barr feabhais;

24.

á chur i bhfios nach féidir le cistiú AE ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (atá beartaithe thar aon ní eile le haghaidh an téarnaimh i ndiaidh COVID-19 agus an athnuachan eacnamaíoch) ná leis an gCiste um Aistriú Cóir (atá ceaptha thar aon ní eile chun tacú leis na réigiúin a bhfuil béim mhór ar an ngual iontu agus leis na críocha eile is mó a ndéanann an t-aistriú i dtreo aeráidneodrachta difear dóibh) a thionchar iomlán a bhaint amach go fóill maidir le nuálaíocht a chothú toisc go bhfuil na próisis úsáidte cistí an-mhall agus iad faoi réir rialacha diana an Aontais maidir le státchabhair;

25.

á chur i bhfáth go láidir go bhfuil ról ar leith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag CnaR é a chur ar chumas na saoránach agus a n-ionadaithe atá tofa go daonlathach tionchar a imirt ar threo agus ar chuspóir na nuálaíochta, agus réitigh a fhorbairt mar nuálaithe agus úsáideoirí. I ndáil leis an méid sin, tá sé tábhachtach na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú agus a chothú ó thaobh gach gné de, agus a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dea-ullmhaithe chun go mbeidh siad in ann tacú leis an nuálaíocht ar an leibhéal áitiúil;

26.

á chur i dtreis gur gá an Clár Oibre um Nuálaíocht agus an Clár Oibre um Rialáil Níos Fearr a nascadh ar bhealach níos fearr trí leas a bhaint as na torthaí a fuarthas le déanaí ó líonra RegHub Choiste na Réigiún maidir le soláthar poiblí (5) agus trí bhacainní ar infheistíocht phoiblí a bhaint (6), agus trí ról a thabhairt don fhorbairt áitiúil agus réigiúnach chun teacht ar réitigh rialála nuálacha lena gcuirtear an nuálaíocht chun cinn. Tá cur chuige atá bunaithe ar earraí coiteanna na tionsclaíochta agus na sochaí ríthábhachtach anseo chun an dá chlár oibre araon a chomhtháthú;

27.

á iarraidh, maidir le beartas taighde an Aontais, clár oibre beartais LET, agus Fóram LET, go mbeadh an chinnteoireacht níos oscailte, agus go mbeadh na saoránaigh ina rannchuiditheoirí agus ina ngníomhaithe gníomhacha agus go gcuirfí san áireamh go hiomlán rannchuidiú Choiste na Réigiún agus geallsealbhóirí atá nasctha go réigiúnach. Ciallaíonn sé sin go ndíreofaí níos mó ar luach poiblí na heolaíochta agus na nuálaíochta agus na dúshláin nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt orthu á roghnú agus, san am céanna, go gcuirfí an tacaíocht phoiblí is gá ar fáil chun tuilleadh forbartha agus cur chun feidhme a dhéanamh;

Pointí sonracha maidir leis na cúig réimse shuaitheanta

Tionscnamh suaitheanta maidir le cistiú do ghnólachtaí domhainteicneolaíochta atá ag méadú

28.

ag tabhairt dá aire go bhfuil margadh airgeadais feidhmiúil atá bunaithe ar chaipitil fiontair arna thacú ag an rialtas náisiúnta agus ar mhargaí an chothromais phríobháidigh ag formhór thíortha na hEorpa, agus gur cheart luach breise don mhargadh a bheith mar thoradh ar an gciste atá beartaithe ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) lena gcuirfear deontais phoiblí agus infheistíocht chothromais othar ar fáil agus nár cheart cur isteach ar an gciste atá ann cheana;

29.

á chur i dtábhacht go bhfuil gá le cistiú do na tionscnaimh lena gcruthaítear dálaí fabhracha do chuideachtaí nua agus nuálacha atá bunaithe ar theicneolaíocht chun leanúint de bheith ag feidhmiú ina gceantar áitiúil trí shineirgí a úsáid agus comhlántachtaí breise a fhorbairt le geallsealbhóirí áitiúla eile, amhail eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí eile;

30.

den tuairim gur cheart a áireamh, le naisc níos láidre idir taighde agus nuálaíocht, scaipeadh éifeachtach thorthaí na dtionscadal arna ndéanamh faoin gclár taighde Fís Eorpach – agus béim ar leith á leagan ar a luach maidir le feabhas a chur ar éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha agus ar thriantán an eolais (taighde agus oideachas agus nuálaíocht), agus ar shaol laethúil na gcathracha, na réigiún agus na saoránach, go háirithe maidir le fostaíocht agus dea-bhail. Tá CnaR á chur i bhfios go láidir gur gá torthaí thionscadail taighde an chláir Fís Eorpach a scaipeadh go héifeachtach ar thairseacha sonraí oscailte na n-institiúidí;

31.

á athdhearbhú nach bhfuil cáil ar CNE ná ar a punann i measc tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis, agus FBManna ar fud na hEorpa. Ba cheart rochtain ar a seirbhísí a bheith níos simplí agus níos inúsáidte;

32.

á iarraidh go mbeidh ciste CNE ina chatalaíoch thar thréimhse atá fada ach teoranta, agus ag tathant go bhféadfaí imeacht amach go rathúil trí thairiscintí poiblí tosaigh;

33.

á mholadh gur cheart díriú ar ghnólachtaí agus ar éiceachórais nua a bhfuil infheistíochtaí ollmhóra de dhíth orthu agus a bhfuil tréimhsí fada ama ag gabháil leo, amhail ceallraí gluaisteán leictreach, hidrigin agus leathsheoltóirí, ar gnách leo gan cistiú príobháideach díreach a mhealladh luath go leor; is cistiú poiblí a mbíonn foighne i gceist leis atá ag teastáil le haghaidh na hinfheistíochta claochlaithí seachas cistiú príobháideach a spreagann nuálaíocht atá bunaithe ar an margadh den chuid is mó;

34.

á thabhairt chun suntais gur bealaí éifeachtacha iad “teannas cruthaitheach” agus “scrios cruthaitheach” chun rud éigin a chumadh iomlán as an nua – tionscnaimh cheannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhchruthú. Chuige sin, is gá úsáid a bhaint go páirteach as maoiniú ón Aontas chun tallann agus acmhainní a choinneáil, a mhealladh agus a atheagrú ó thionscnaimh ar ardchaighdeán maidir leis an ngeilleagar margaidh ar tionscnaimh iad a chuaigh i ngleic le dúshláin chomhchosúla trí leas a bhaint as comhpháirtíochtaí atá dírithe ar ghnó le fada an lá agus/nó comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí;

35.

á mheabhrú nach mór don Eoraip dlús a chur leis an bpróiseas nuálaíochta ina iomláine ar an leibhéal praiticiúil bunaithe ar scagadh smaointe cruthaitheacha, turgnamh, tástáil, fréamhshamhaltú, tagairfhoghlaim, agus uas-scálú. Ba cheart don Choimisiún Eorpach a nuálaíocht a léiriú trí bhealaí nua a chruthú chun maoiniú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí áitiúla a léirítear acmhainneacht shoiléir dhomhanda ina gcéad chéim. Leis na scéimeanna maoinithe sin de chuid an Aontais spreagfaí maoiniú féidearthachta náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear úsáid ghníomhach na gcistí comhtháthaithe;

36.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb struchtúrach is suntasaí sa stocmhargadh trí chur ar chumas cuideachtaí liostaithe scaireanna nua a eisiúint agus iad a dhíol ar an margadh gan ualach an phróisis eisiúna scaireanna;

37.

á thabhairt chun suntais, cé go bhfuil rath aon chláir oibre nuálaíochta ag brath ar an acmhainneacht leanúnach atá ann táirgí agus seirbhísí nua a chur in ionad seantáirgí agus seanseirbhísí, gur cheart aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí suaiteacha a bhaineann leis tríd an gcomhdhearadh agus tríd an gcomhthógáil chun glacadh fadtéarmach a áirithiú, agus ról á thabhairt freisin do ghníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha;

Tionscnamh suaitheanta maidir le nuálaíocht domhainteicneolaíochta a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta agus trí sholáthar poiblí

38.

á chur chun suntais an tábhacht a bhaineann leis an bPróiseas Oscailte Fionnachtana agus tagairt á déanamh aige do bhailiúchán taighde agus modhanna cruthaithe chun próisis comhair agus turgnamhaíochta il-leibhéil a eagrú agus a bhainistiú i gclaochlú córasach radacach. Aithníonn CnaR gur gá scileanna gairmiúla agus ionaid oibre a fheabhsú chun timpeallachtaí foghlama a chruthú ina gcuirtear smaointe inúsáidte ar fáil, trí dhálaí fabhracha a chruthú don mhuinín agus don tástáil i dtionscadail chomhpháirteacha a bhfuil fís, spriocanna, straitéisí agus pleananna gníomhaíochta formheasta ina leith;

39.

á chur i bhfáth, i gcur chuige atá bunaithe ar an gcomhar il-leibhéil, gur cheart réitigh ar fhadhbanna áitiúla a fhorbairt, i bhformhór na gcásanna, go comhpháirteach le geallsealbhóirí uile an héilics cheathrúil ar bhealach nasctha i dtimpeallachtaí an fhíorshaoil. Beidh foghlaim ghasta, uas-scálú agus ceartuithe tapa ar chonair na nuálaíochta mar thoradh ar an bhforbairt sin, fad is a dhéanfar codanna áirithe den chomhordú agus den fhaireachán sna líonraí trasréigiúnacha. Tá sé d’aidhm aige sin na féidearthachtaí a aithint agus iad a leathnú chun an rud nach bhfuil indéanta fiú a áireamh iontu. Cuirfear cleachtais mhalartacha i gcomparáid le chéile ansin agus déanfar meastóireacht ar thurgnaimh ar éirigh leo agus ar thurgnaimh nár éirigh leo, chomh maith le scaipeadh agus glacadh na nuálaíochta a spreagadh lasmuigh dá comhthéacs bunaidh;

40.

á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach faireachán agus measúnú cuí a dhéanamh ar an nuálaíocht chun beartais a chur chun feidhme go héifeachtach. Meabhraíonn CnaR (7) úsáid agus forbairt bhreise an Scórchláir Nuálaíochta Réigiúnaí maidir le beartais réigiúnacha áitbhunaithe. Meabhraíonn CnaR gur uirlis riachtanach é sin chun comparáid a dhéanamh idir athruithe ar fheidhmíocht na mbeartas nuálaíochta réigiúnach agus chun próisis tagairfhoghlama a eagrú idir réigiúin, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar na héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha agus ar an speisialtóireacht chliste;

41.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach, úsáid an tsoláthair phoiblí nuálach, agus tacaíocht ó CNE ar feadh shaolré iomlán na nuálaíochta (ó luathchéimeanna an taighde go cruthúnas coincheapa, go haistriú teicneolaíochta, agus maoiniú agus uas-scálú turgnamh, cuideachtaí, agus gnólachtaí nuathionscanta) chun go n-éireoidh le turgnamh ar mhórscála i dtionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) agus i nGleannta Hidrigine, mar fhoinse inspioráide;

Tionscnamh suaitheanta maidir le nuálaíocht a luathú agus a neartú in Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha ar fud an Aontais Eorpaigh agus aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta

42.

á mholadh gur cheart na gleannta nuálaíochta réigiúnacha, in éineacht le príomhinstitiúidí ardoideachais, a bheith ina spreagadh bunriachtanach d’athrú sochaíoch agus tionsclaíoch agus gur cheart réigiúin a bhfuil réimsí comhchosúla speisialtóireachta acu a chumasú comhoibriú le chéile agus tionscadail nuálaíochta chomhpháirteacha a thabhairt chun cinn. Sa chomhthéacs sin, beidh córas cuimsitheach, comhordaithe agus díláraithe de dhíth chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chláir;

43.

á thabhairt dá aire, chun na spriocanna a leagadh síos a bhaint amach, go gcuirfidh an clár Fís Eorpach agus na hInfheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha (I3) faoi CFRE acmhainní ar fáil don chreat tosaigh agus don chreat sin amháin (EUR 100 milliún agus EUR 70 milliún faoi seach), ach beidh iarrachtaí i bhfad Éireann níos forleithne agus maoiniú breise de dhíth air amach anseo. Tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach sineirgí éifeachtacha a fhorbairt idir na sruthanna cistiúcháin sin trí chur le tionscnaimh amhail na Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach agus an Líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach;

44.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó bearta éifeachtacha an Choimisiúin Eorpaigh agus an tábhacht a leagtar iontu ar an ngné réigiúnach i mbeartas an Aontais agus in éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha chun iomaíochas na hEorpa a neartú agus chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach ar mhaithe le fás cliste agus inbhuanaithe. Tá sé á chur in iúl ag CnaR go bhfuil institiúidí ardoideachais i gcroílár éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha ina bhfuil cultúr láidir gnólachtaí nuathionscanta agus gnó. Ní mór do gach institiúid ardoideachais, go háirithe ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha agus institiúidí ardoideachais comhchosúla eile atá ag feidhmiú chun cleachtas fíorshaoil a fhorbairt, a ról mar spreagthóirí gníomhacha nuálaíochta sna réigiúin a neartú. Anuas air sin, ní mór dóibh a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar ghairmithe a bhfuil géarghá leo, go meallfaidh siad tallann nua ar an leibhéal praiticiúil, agus go mbeifear in ann nuálaíochtaí tábhachtacha teicneolaíochta a aistriú chuig an ngeilleagar áitiúil;

45.

á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag an ngairmoideachas, rud lena ndírítear ar oiliúint teicneoirí agus gairmithe eile atá dírithe ar chleachtas, i gcur chun feidhme an Chláir Oibre Nuálaíochta seo;

46.

á chur chun suntais an dúshlán bunúsach a bhaineann le clár oibre nuálaíochta na domhainteicneolaíochta san Eoraip, a bhfuil dreasachtaí, taithí agus acmhainní neamhleora aige chun geallsealbhóirí a rannpháirtiú in aistriú córasach. Tá gá freisin le dreasachtaí do na hinstitiúidí ardoideachais is fearr chun imeacht ón gcur chuige “foilsiú nó teip” agus béim a leagan ina ionad sin ar an gcaoi is fearr le haghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin shochaíocha phráinneacha agus tacú leis an nuálaíocht domhainteicneolaíochta agus le haistriú teicneolaíochta domhanda i gcomhar le lucht tionscail;

47.

á mholadh gur gá d’institiúidí ardoideachais i gcomhpháirt le gníomhaithe eile an héilics cheathrúil forbairt a dhéanamh ar róil agus freagrachtaí eagraithe gairmiúla na n-éiceachóras áitiúil ina ndéanann taighdeoirí, mic léinn agus cuideachtaí turgnaimh le chéile agus teicneolaíochtaí nua a thriail i gcultúr nua na fiontraíochta agus na nuálaíochta;

48.

ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé díriú ar na tionscnaimh agus iad a mhaoiniú chun an dá bhearna nuálaíochta a dhúnadh chun comhpháirtíochtaí ilghníomhaithe comhordaithe barrfeabhais a éascú ar leibhéal domhanda agus chun rochtain orthu sin a chur ar fáil freisin do chomhpháirtithe ó thíortha agus ó réigiúin tearcfheidhmíochta. Is mór is tábhachtach éiceachóras nuálaíochta AE níos láidre agus níos comhtháite a chruthú;

49.

á athdhearbhú gur uirlis idéalach iad na moil LET lena nasctar cinnteoirí agus gníomhaithe TFN, chun na buntáistí a bhaineann leis an gcur chuige áitbhunaithe i leith na heolaíochta agus na nuálaíochta a aithint, agus réitigh nua á gcomhchruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna reatha le cur chuige réigiúnach ón mbun aníos;

50.

á mholadh gníomhaíochtaí a dhéanamh tríd an Líonra Fiontar Eorpach i dtéarmaí aistriú teicneolaíochta idirnáisiúnta agus comhar teicneolaíochta in TFN;

Tionscnamh suaitheanta maidir le daoine a bhfuil tallann sa domhainteicneolaíocht acu a chothú, a mhealladh agus a choinneáil

51.

ag tathant go gcruthófaí plean gníomhaíochta ar leith le dreasachtaí agus maoiniú leordhóthanach chun institiúidí ardoideachais a spreagadh chun ról gníomhach a bheith acu maidir le mórdhúshláin shochaíocha a réiteach, an nuálaíocht domhainteicneolaíochta, comhoibriú agus comhtháthú tionsclaíoch a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach, agus oiliúint a chur ar na daoine is gá chun go mbeidh an tallann ar fáil san Eoraip;

52.

á chur chun suntais ról na n-institiúidí ardoideachais agus go háirithe a gcuid mac léinn chun nasc a chruthú idir meon na ngnólachtaí nuathionscanta agus meon na heolaíochta agus chun comhpháirtíochtaí idir an saol acadúil agus an tionsclaíocht a chur chun cinn chun tacú leis an nuálaíocht domhainteicneolaíochta agus leis an aistriú teicneolaíochta. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais an t-athrú struchtúrach is gá chun dlús a chur leis an nuálaíocht domhainteicneolaíochta a chur chun cinn chun tallann a chruthú, a choinneáil agus a chothabháil san Eoraip. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag ionaid teicneolaíochta mar idirghabhálaithe agus mar éascaitheoirí;

53.

á mholadh, mar a dhéantar sna Stáit Aontaithe, go dtabharfadh na hinstitiúidí ardoideachais is fearr dea-shampla do dhaoine eile a mhéid a bhaineann leis an athrú meoin i dtreo sochaí a bhfuil meas aici ar an bhfiontraíocht, ar chuideachtaí nuathionscanta agus fáis, ar chomhar idir ollscoileanna agus an tionscal, ar an domhainteicneolaíocht, agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha;

54.

á athdhearbhú nach bhfuil cáil go fóill ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, ar a Pobail Eolais agus Nuálaíochta ná ar a bpunanna i measc cathracha, réigiún, mac léinn, saoránach, agus lucht acadúil na hEorpa;

Tionscnamh suaitheanta maidir le huirlisí ceaptha beartas a fheabhsú

55.

á mholadh tuiscint níos fearr a fháil ar chineál athraitheach na nuálaíochta i gceapadh beartas áitiúil agus réigiúnach tríd an tionscnamh PRI agus an comhar idir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), AS RTD, AS GROW, AS REGIO agus CnaR. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhar leis na críocha a bhfuil baint acu le gníomhaíocht phíolótach CnaR-JRC PRI agus le líonraí ar fud na hEorpa a bhfuil taithí acu agus atá dírithe ar an nuálaíocht amhail EARTO, ERRIN, agus ENoLL;

56.

ag tabhairt dá aire go n-áirítear sa tionscnamh suaitheanta sin pointí gníomhaíochta atá thar a bheith ábhartha do réigiúin agus do chathracha. Aontaíonn CnaR leis na ráitis ón gCoimisiún Eorpach maidir le tacaíocht a chur ar fáil do na réigiúin beartais nuálaíochta níos fearr a cheapadh agus a chur chun feidhme agus molann sé plean cur chun feidhme comhpháirteach a chaibidliú ina gcuirfear gnéithe éagsúla den Chlár Oibre um Nuálaíocht agus an tuairim seo san áireamh;

57.

á mheabhrú (do chuile réigiún) gur iarracht ríthábhachtach agus fhairsing atá sa Chlár Oibre Nua um Nuálaíocht d’fhonn ionstraimí nua a chruthú chun dul i ngleic le mórdhúshláin na sochaí a bhfuil comhar Eorpach ag teastáil ina leith, agus á mholadh go n-úsáidfeadh an Coimisiún Eorpach PRI agus uirlisí eile chun tacaíocht a chur ar fáil do chathracha agus do réigiúin chun a gcláir oibre nuálaíochta réigiúnacha a ullmhú agus chun dlús a chur le bearta nuálaíochta i gcomhar lena ngeallsealbhóirí;

58.

ag aontú gur gá príomhthéarmaíocht, táscairí, tacsanomaíocht sonraí agus tacair sonraí inchomparáide a shainiú agus a úsáid chun tacú le ceapadh beartas atá fianaisebhunaithe, beartais a fhoilseofar ar thairseacha sonraí oscailte institiúideacha chun rochtain, úsáid agus comhairliúchán a éascú;

Na chéad chéimeanna eile

59.

á mholadh go gcruthódh JRC ardán comhair fhíorúil Eorpach chun na modhanna, uirlisí agus cleachtais a chomhroinnt, a thástáil agus triail a bhaint astu le haghaidh beartais agus bearta TFN is féidir leis na Ballstáit, réigiúin agus bardais a úsáid chun a mbeartais nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

60.

á chur i bhfáth go n-éilítear le próiseas an Chláir Oibre um Nuálaíocht go ndéanfar measúnú rialta ar dhul chun cinn agus ar choigeartuithe i gcomhar leis na geallsealbhóirí;

61.

á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé sineirgí agus comhar idir mórthionscnaimh an Aontais a mhéadú agus léiriú a thabhairt ar an gcaoi a dtarlaíonn sé sin i gcleachtas fíorshaoil maidir leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Sa mhéid sin, ba cheart don Aontas agus do rialtais na mBallstát cur leis an úsáid shineirgeach a bhaintear as foinsí éagsúla maoinithe Eorpacha agus náisiúnta atá dírithe go sonrach ar bhonn nuálaíochta na gcathracha agus na réigiún a neartú;

62.

á chur i bhfáth, má táthar le gnólachtaí atá i mbun fáis san Eoraip a fhorbairt ar bhonn níos leithne, gur gá do cheannairí polaitiúla ar gach leibhéal gealltanas a thabhairt go maoineoidh siad TFN i bhfad níos mó ná mar a rinneadh go dtí seo, agus leis an gcabhair sin, ardáin nua fáis agus éiceachórais nuálaíochta oscailte áit-bhunaithe a bhfuil tionchar acu a leathnú ar fud na hEorpa. Is féidir an chéim cheannródaíoch a chruthú trí leas a bhaint as réigiúin agus cathracha píolótacha PRI;

63.

á mholadh go ndéanfaí forbairt mhodheolaíoch bhreise chun próisis an chlaochlaithe chórasaigh a dhéanamh ar gach leibhéal rialachais, lena ndírítear, thar aon ní eile, ar nuálaíochtaí claochlaitheacha a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ceann de na spriocanna is ea úsáid an eolais eolaíochtbhunaithe is fearr a mhéadú sna próisis chlaochlaithe sin. Is é an sprioc eile cleachtais ar an leibhéal áitiúil a chomhchruthú le haghaidh cheannaireacht na hEorpa sna láidreachtaí atá ann cheana amhail an Comhaontú Glas, cur chuige an dá aistriú, agus treisiú na hathléimneachta straitéisí;

64.

á iarraidh go rachfaí i ngleic le hiomaíocht dhomhanda le haghaidh tallann agus ceannaireacht san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sa mhatamaitic agus san acmhainneacht nuálaíochta, agus tagairt á déanamh do dhá thionscnamh de chuid na Stát Aontaithe: tionscnamh maoinithe nua na Fondúireachta Náisiúnta Eolaíochta, ar a dtugtar Innill na Nuálaíochta Réigiúnaí (Regional Innovation Engines), clár lena ndéantar éiceachórais nuálaíochta a chothú agus a chur chun cinn ar fud na Stát Aontaithe; agus Clár Luasghéarúcháin Fiontraíochta Réigiúnaí MIT (Regional Entrepreneurship Acceleration Program), tionscnamh domhanda a chuidíonn le réigiúin dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch agus dul chun cinn sóisialta a chothú trí fhiontraíocht atá dírithe ar an nuálaíocht;

65.

á chur i dtreis nach n-éireoidh leis an gClár Oibre um Nuálaíocht ach amháin má sheachnaítear an ilroinnt agus má chuirtear na bearta chun feidhme ar bhealach éifeachtach. Beidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir leis an eolaíocht, an bonn tionsclaíoch, éiceachórais bhríomhara nuathionscanta, dálaí nuálaíochta, agus an bonn tallainne, rud a chruthóidh dálaí fabhracha don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do SDGanna na Náisiún Aontaithe.

An Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Luaitear sa PRI Playbook (Prótacal oibríochtúil na gComhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach) gur gá claochluithe sochaíocha a dhéanamh agus leas a bhaint as an nuálaíocht shochaíoch mar cheann de na hionstraimí.

(2)  Sainmhíniú ECFE ar an nuálaíocht shóisialta (https://www.oecd.org/regional/leed/social-innovation.htm).

(3)  Ba cheart a mheabhrú gur dhréachtaigh an Chomhairle Eorpach 20 gníomhaíocht tosaíochta i mí na Samhna 2021, inar leagadh amach i gceann acu (“Éiceachórais réigiúnacha agus náisiúnta T&N a mhéadú chun barr feabhais agus an t-iomaíochas réigiúnach/náisiúnta a fheabhsú”) an gá atá le Moil LET a shainiú agus a thriail chun teacht chun cinn éiceachórais iomaíocha T&N ar fud an Aontais a chumasú, chun bearnaí críochacha a dhúnadh agus chun sreabhadh saor na tallainne agus na n-infheistíochtaí a áirithiú.

(4)  An Bhruiséil, 5.7.2022 C(2022) 4747 final Annex to the Communication to the Commission approval of the content of a draft Commission Notice on the synergies between ERDF programmes and Horizon Europe.

(5)  https://cor.europa.eu/en/engage/Documents/RegHub/report-consultation-01-public-procurement.pdf

(6)  https://cor.europa.eu/en/engage/Documents/RegHub/RegHub%20report%20on%2021%20century%20rules.pdf

(7)  CnaR-517-2020.