2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 79/99


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais

(2023/C 79/12)

Rapóirtéir:

Nathalie SARRABEZOLLES (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Roinne Finistère

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais

COM(2021) 566 final

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

COM(2021) 570

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

COM(2021) 569

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

COM(2021) 570

Leasú 1

Aithris 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), is cuid lárnach de bheartas aeráide an Aontais é. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an trádáil astaíochtaí agus cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an aeráid, is iomchuí cuid de na hioncaim lena mbaineann a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais.

Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), is cuid lárnach de bheartas aeráide an Aontais é. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an trádáil astaíochtaí agus cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an aeráid, chomh maith le cineál trasteorann na n-astaíochtaí carbóin, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí machnamh a dhéanamh ar chuid de na hioncaim lena mbaineann a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais , faoi réir na gcoinníollacha dochta: (1) nach mbeidh tionchar diúltach aige ar acmhainneacht airgeadais na n-údarás náisiúnta cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh;

Cúis

Má aistrítear na hioncaim ón gcóras trádála astaíochtaí (CTA) ar leibhéal na mBallstát go dtí leibhéal an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfadh sé sin acmhainneacht infheistíochta na mBallstát i mbearta maidir leis an athrú aeráide a laghdú mar gheall ar ioncaim níos lú.

Leasú 2

Aithris 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh 2020 , má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita sin faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an t-ollioncam náisiúnta per capita in 2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na n-acmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.

Chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2018-2020 , má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita sin faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an t-ollioncam náisiúnta per capita sa tréimhse 2023-2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na n-acmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.

Cúis

Gnáthchleachtas sa bheartas comhtháthaithe é figiúirí ollioncaim náisiúnta (OIN) a úsáid le haghaidh meántréimhse trí bliana chun réigiúin agus Ballstáit a aicmiú mar réigiúin nó Ballstáit níos forbartha, lagfhorbartha nó trasdula. Molaimid an cur chuige seo a ghlacadh chun an sásra lacáiste a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar CTA a ríomh.

Leasú 3

Aithris 6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, bunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a chomhlánú agus chun éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais a áirithiú. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha agus beartas aeráide an Aontais, ba cheart sciar de na hioncaim ó na díolacháin deimhnithe a aistriú chuig buiséad an Aontais mar acmhainn dhílis.

Le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, bunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a chomhlánú agus chun éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais a áirithiú. I bhfianaise an dlúthnaisc idir an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha agus beartas aeráide an Aontais chomh maith le cineál trasteorann na n-astaíochtaí carbóin agus na slabhraí luacha tionsclaíocha , ba cheart sciar de na hioncaim ó na díolacháin deimhnithe a aistriú chuig buiséad an Aontais mar acmhainn dhílis.

Cúis

De dheasca chineál trasteorann na n-astaíochtaí carbóin agus na slabhraí luacha tionsclaíocha, tá sé deacair na hioncaim ón sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a shannadh do Bhallstáit aonair agus fágann sin cás láidir ann i bhfabhar na hioncaim a leithdháileadh ar leibhéal an Aontais.

Leasú 4

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (“Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20”). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh.]

I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (“Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20”). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh agus na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh.]

Cúis

Is gá a shonrú go bhfuil bunú na hacmhainne dílse nua seo ag brath ar thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh atá dírithe ar Cholún 1 de chomhaontú ECFE/G20 a chur chun feidhme.

Leasú 5

Airteagal 1

Leasú ar phointe (1)(d)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2a.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (e), beidh feidhm ag an méid seo a leanas go dtí an bhliain airgeadais 2030:

2a.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (e), beidh feidhm ag an méid seo a leanas go dtí an bhliain airgeadais 2030:

(a)

maidir le sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, i gcás inar lú an sciar sin ná 75 % dá sciar in ollioncam náisiúnta an Aontais, cuirfidh an Ballstát sin méid ar fáil atá cothrom le 75 % den sciar sin den ollioncam náisiúnta, arna iolrú faoi mhéid iomlán an ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm.

(a)

maidir le sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, i gcás inar lú an sciar sin ná 75 % dá sciar in ollioncam náisiúnta an Aontais, cuirfidh an Ballstát sin méid ar fáil atá cothrom le 75 % den sciar sin den ollioncam náisiúnta, arna iolrú faoi mhéid iomlán an ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm.

(b)

sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná 150 % de sciar an Bhallstáit sin in ollioncam náisiúnta an Aontais i gcás na mBallstát ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2020 , i gcás na tréimhse 2023 go 2027 agus ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2025 , i gcás na tréimhse 2028 go 2030.

(b)

sciar Ballstáit sa mhéid iomlán ioncaim a bheidh ann mar thoradh ar mhír 1, pointe (e) a chur i bhfeidhm, ní bheidh sé níos mó ná 150 % de sciar an Bhallstáit sin in ollioncam náisiúnta an Aontais i gcás na mBallstát ag a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2018-2020 , i gcás na tréimhse 2023 go 2027 agus ar bhonn na bhfigiúirí le haghaidh 2023-2025 , i gcás na tréimhse 2028 go 2030.

Cúis

Gnáthchleachtas sa bheartas comhtháthaithe é figiúirí ollioncaim náisiúnta (OIN) a úsáid le haghaidh meántréimhse trí bliana chun réigiúin agus Ballstáit a aicmiú mar réigiúin nó Ballstáit níos forbartha, lagfhorbartha nó trasdula. Molaimid an cur chuige seo a ghlacadh chun an sásra lacáiste a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar CTA a ríomh.

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

COM(2021) 569

Leasú 6

Aithris 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

D’fhéadfadh tionchair shóisialta ghearrthéarmacha a bheith mar thoradh ar thrádáil astaíochtaí AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a thabhairt isteach, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bunaíodh, le Rialachán (AE) [XXX] final ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Ciste Sóisialta Aeráide, a bheadh le maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3, “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”, agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a oiriúnú le haghaidh na mblianta 2025, 2026 agus 2027.

D’fhéadfadh tionchair shóisialta ghearrthéarmacha a bheith mar thoradh ar thrádáil astaíochtaí AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a thabhairt isteach, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, bunaíodh, le Rialachán (AE) [XXX] final ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, Ciste Sóisialta Aeráide, a bheadh le maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3, “Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”, agus an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a oiriúnú le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027.

Cúis

Ba cheart an Ciste Aeráide Sóisialta a thosú bliain níos luaithe ná leathnú CTA go hearnáil an iompair agus go hearnáil na bhfoirgneamh chun dóthain ama a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha, agus d’úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta le hiad féin a chur in oiriúint.

Leasú 7

Aithris nua i ndiaidh Aithris 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Is iomchuí “coigeartú luaineachta i bpraghsanna carbóin” atá uathoibríoch a thabhairt isteach le haghaidh uasteorainn cheannteideal 3 chun go bhféadfaí athneartuithe bliantúla leithreasuithe le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta a dhéanamh i gcás ardú ar phraghsanna carbóin in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil na soghluaisteachta.

Cúis

Is gá a áirithiú go ndéanfar buiséad an Chiste Aeráide Shóisialta a athneartú i gcás ina mbeidh an praghas carbóin in earnálacha CTA2 níos airde ná toimhdí tosaigh an Choimisiúin.

Leasú 8

Airteagal 1, mír (3) nua lena gcuirtear Airteagal 4b isteach

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Cuirtear 4b isteach:

“Airteagal 4b

Sásra um choigeartú praghais carbóin

1.     Ag tosú in 2024, tar éis na cuntais shealadacha don bhliain n-1 a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 245(3) den Rialachán Airgeadais, i gcás ina mbeidh an praghas carbóin in earnálacha CTA2 níos airde ná toimhdí tosaigh an Choimisiúin, déanfar coigeartú suas ar an uasteorainn caiteachais do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi cheannteideal 3 agus ar an uasteorainn do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha.

2.     Ríomhfar an coigeartú bliantúil ar bhonn mheánleibhéal AE-27 maidir le praghas carbóin CTA sa bhliain - 1.”

Cúis

Is gá a áirithiú go ndéanfar buiséad an Chiste Aeráide Shóisialta a athneartú i gcás ina mbeidh an praghas carbóin in earnálacha CTA2 níos airde ná toimhdí tosaigh an Choimisiúin.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á thabhairt dá aire an togra ón gCoimisiún chun trí acmhainn dhílse nua a thabhairt isteach le haghaidh bhuiséad an Aontais; á chur in iúl, mar sin féin, gur cúis mhór imní dó fós a laghad measúnuithe tionchair inchreidte atá ann maidir le costais thabhaithe na mbeart sin do chuideachtaí agus tomhaltóirí na hEorpa;

2.

á chur i bhfáth an gá atá le hacmhainní nua a bhunú ní hamháin chun fiachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (NGEU) a aisíoc, ach freisin chun neamhspleáchas airgeadais bhuiséad an Aontais a mhéadú ar bhealach buan agus chun dreasachtaí na mBallstát a laghdú a mhéid a bhaineann le meon juste retour a ghlacadh; ba cheart na hacmhainní dílse a bhunú ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh bhuiséid na mBallstát;

3.

á thabhairt faoi deara nach bhfuil an chéad acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, curtha i leataobh dá hinfheistiú go díreach in athúsáid agus in athchúrsáil dramhaíola plaistí; á iarraidh go gcuirfí le huaillmhian an Aontais maidir le laghdú a dhéanamh ar úsáid plaisteach agus maidir le hathchúrsáil dramhaíola;

4.

á thabhairt le fios, maidir leis an gcéad bhascaed d’acmhainní dílse nua a thabharfar isteach in 2023 i gcomhréir leis an treochlár a bunaíodh le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2021, go mbeidh sé sin ina dhea-chomhartha do na hinfheisteoirí sna margaí airgeadais agus do na gníomhaireachtaí rátála; á mheabhrú gur den riachtanas fáltais leordhóthanacha a fháil ó acmhainní dílse nua chun a ráthú go n-aisíocfar fiachas NGEU gan cláir de chuid an Aontais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile a chur i mbaol;

Sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha

5.

i bhfách an togra maidir le sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a bhunú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a spreagadh. Ba cheart an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a leabú i straitéis thionsclaíoch níos leithne an Aontais maidir le haistrithe;

6.

á chur in iúl go bhféadfadh laghdú teacht ar an ioncam ón margadh carbóin agus ó thobhach carbóin ar theorainneacha de réir mar a dhéanfar geilleagar na hEorpa a dhícharbónú agus mar a ghlacfaidh tríú tíortha sásraí comhchosúla praghais carbóin de réir a chéile;

7.

den tuairim gur uirlis úsáideach é an sásra chun cabhrú leis an Aontas na hastaíochtaí CO2 ar fud an domhain a laghdú; á chur chun suntais roinnt ábhair imní, áfach, amhail tionchar dothuartha an tsásra ar mhargaí an Aontais, lena n-áirítear ar FBManna agus ar an bhfeirmeoireacht. Caithfidh an Coimisiún Eorpach dlús a chur lena fhaireachán agus lena thuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an tsásra agus an tionchar atá aige ar na margaí;

8.

á chur i bhfáth gur cheart deireadh a chur de réir a chéile le leithdháiltí CTA (1) i gcás earnálacha a chumhdaítear leis an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha agus ceantanna a chur ina n-ionad le haghaidh na lamháltas astaíochtaí ar fad d’fhonn comhoiriúnacht leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála san fhadtéarma a áirithiú;

Acmhainn dhílis nua bunaithe ar CTA

9.

i bhfách an togra maidir le hacmhainní dílse nua a chruthú bunaithe ar leagan leasaithe de Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais; á chur i bhfáth, i bhfianaise chineál trasteorann na n-astaíochtaí carbóin, a bhaineann le seachtrachtaí diúltacha nach bhfuil teoranta do na tíortha astaithe, go bhfuil réasúnaíocht mhaith ann ioncaim cheantála ó dheimhnithe CTA an Aontais a leithdháileadh ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth nach ceart tionchar diúltach a bheith aige sin ar acmhainneacht na mBallstát a gcláir náisiúnta um athrú aeráide a mhaoiniú;

10.

á chur in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach na héifeachtaí sóisialta agus críochacha diúltacha a bhaineann le CTA a leathnú go hearnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair (CTA 2) a mhaolú; den tuairim nach leor in aon chor an togra ón gCoimisiún maidir le Ciste Aeráide Sóisialta a chur ar bun a mhaoineofaí le suim arb ionann í agus 25 % dá bhfaightear faoi CTA2 chun an scála fairsing athchóirithe tithe agus leictriú an iompair de bhóthar a chúiteamh. Tá sé á chur i bhfáth ag CnaR a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán i mbainistiú acmhainní CTA agus i mbainistiú an Chiste Aeráide Shóisialta. Tá comhtháthú an Chiste Aeráide Shóisialta isteach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna den bheartas comhtháthaithe á mholadh ag CnaR ar mhaithe le bainistiú an Chiste sa chleachtas a éascú d’údaráis bhainistíochta agus do thairbhithe. Ba cheart tús áite a thabhairt do na huirlisí infheistíochta agus comhtháthaithe atá ann cheana a dhéanamh níos fearr agus níos tapúla in áit cistí nua a chur ar bun atá mar an gcéanna leis na sásraí agus cuspóirí atá bunaithe cheana ach amháin rialacha difriúla a chur i bhfeidhm ina leith agus an baol a bheith ann go rachfaí thart ar na rialacha reatha maidir le hincháilitheacht foinsí fuinnimh;

11.

den tuairim gur cheart an CBAM a bheith dinimiciúil chun déileáil le hathruithe teicneolaíochta, rialála agus margaidh agus gur cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a raon feidhme earnála agus a chumhdach astaíochtaí, agus tionchar áitiúil agus réigiúnach an tsásra á chur san áireamh. Tá sé réidh chun tacú leis an measúnú ar thionchair chríochacha CBAM;

12.

i bhfách an smaoinimh an Ciste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú le hacmhainní dílse in áit na fáltais ó CTA2 a chur in áirithe trí bhíthin ioncaim shannta; á thabhairt le fios go gcruthódh sásra comharthaithe deacrachtaí i dtaobh pleanáil fhadtéarmach ós rud é go mbeadh na suimeanna bliantúla dothuartha agus luaineach;

13.

ag tarraingt aird air go dtiocfaidh 71 % de na fáltais iomlána ón gcéad bhascaed sin d’acmhainní dílse nua ón acmhainn dhílis bunaithe ar CTA. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, acmhainn dhílis bunaithe ar CTA a choimeád ar mhaithe le hinchreidteacht an phacáiste;

14.

in imní, áfach, go bhféadfadh sé nár leor méid na n-acmhainní don Chiste Aeráide Sóisialta i gcás ina mbeidh praghsanna carbóin an-ard. Tacaíonn CnaR leis an smaoineamh (2)“coigeartú luaineachta i bpraghsanna carbóin” atá uathoibríoch a chruthú chun buiséad bliantúil an Chiste Aeráide Shóisialta a athneartú i gcás ina mbeidh praghsanna níos airde carbóin in earnálacha ETS2;

15.

den tuairim gur cheart an Ciste Aeráide Sóisialta a thosú in 2024, bliain roimh chur chun feidhme CTA in earnáil an iompair de bhóthar agus in earnáil na bhfoirgneamh chun dóthain ama a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha, agus d’úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta – go háirithe iad siúd a bhfuil an bhochtaineacht soghluaisteachta ag bagairt orthu – le hiad féin a chur in oiriúint;

Acmhainn dhílis bunaithe ar chomhaontú “Colún 1” ECFE/G20

16.

i bhfách an togra ón gCoimisiún acmhainn dhílis nua a chruthú bunaithe ar “Colún 1” de chomhaontú EFCE/G20 um chánachas idirnáisiúnta; á thabhairt le fios, áfach, go bhfuil bunú na hacmhainne dílse nua seo ag brath ar thabhairt i gcrích Choinbhinsiún Iltaobhach ECFE/G20 i rith 2022;

17.

ag tathant ar an gCoimisiún é féin a ullmhú i gcás nach ndéanfaidh dlínsí móra, agus go háirithe na Stáit Aontaithe, an comhaontú a dhaingniú; den tuairim gur cheart don Aontas, i gcás mar sin, bogadh ar aghaidh agus Cáin AE ar Sheirbhísí Digiteacha a mholadh a bheadh mar réiteach idirlinne go dtí go mbunófaí réiteach níos cuimsithí i leith cáin a ghearradh ar chuideachtaí ilnáisiúnta móra;

18.

á mheabhrú gur foráladh i gcomhaontú ECFE/G20 ó 2021 maidir le cánachas domhanda go dtabharfar an obair ullmhúcháin ar an gCoinbhinsiún Iltaobhach chun críche faoi thús 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuil moill ar an dul chun cinn ó thaobh an chur chun feidhme de toisc nár chuir ECFE clabhsúr ar théacs an Choinbhinsiúin Iltaobhaigh go fóill; in imní maidir leis na toghcháin mheántéarmacha sna Stáit Aontaithe ós rud é go bhféadfaí acmhainneacht na Stát Aontaithe an Coinbhinsiún Iltaobhach a shíniú agus a dhaingniú a chur i mbaol dá mbeadh athrú polaitiúil ann;

Acmhainní dílse féideartha eile

19.

á chur in iúl go mbeidh, ar an iomlán, toradh suas le EUR 17 mbilliún in aghaidh na bliana ó 2026 go 2030 ar na trí hacmhainn dhílse nua de réir mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh; á thabhairt le fios nach mbeidh an tsuim sin leordhóthanach chun na costais a bhaineann le fiachas NGEU a aisíoc (EUR 15 bhilliún in aghaidh na bliana) agus na costais a bhaineann leis an gCiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú chomh maith (EUR 9,7 billiún in aghaidh na bliana); á chur i bhfáth, mar sin, go mbeidh gá le breis acmhainní dílse nua; ag léiriú á thábhachtaí atá measúnuithe tionchair; ag iarraidh, ina fhianaise sin, ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh agus na hacmhainní dílse á dtíolacadh aige;

20.

in imní faoin togra ón gCoimisiún Eorpach go bhféadfadh na Ballstáit cistí nár caitheadh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a athdhíriú ar an bPlean REPowerEU ós rud é gur baolach go mbainfeadh sé an bonn de chúrsaí comhtháthaithe san Aontas; á athdhearbhú gur cheart beartais nua a mhaoiniú le hacmhainní nua airgeadais;

21.

á thabhairt le fios go mbeidh acmhainní dílse an Aontais, ar cúltaca iad leis an aistriú cóir go geilleagair iomaíocha chiorclacha, ag teastáil don athchóiriú a dhéanfar ar chóras buiséadach an Aontais amach anseo; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar thograí Ex’Tax chun cánachas a aistriú ón saothar go dtí an truailliú agus úsáid acmhainní, de réir mar a leagadh síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá aistriú cánach den sórt sin bunaithe ar an bprionsabal gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as”, agus freisin ar na prionsabail “cinntiú gur fiú an luach saothair an obair” agus “gan aon duine a fhágáil ar lár”. Ach na prionsabail sin a chur i bhfeidhm, chuirfí na beartais chánach i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i measc tionscnaimh eile;

22.

ag tathant ar an gCoimisiún dul i mbun oibre gan mhoill ar thograí le haghaidh acmhainní dílse nua; den tuairim gur smaoineamh an-dóchúil é acmhainn dhílis a chruthú atá nasctha le corparáidí móra, a thógfar ar Business in Europe: Framework for Income Taxation (BEFIT) [Gnólachtaí san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim] dá bhforáiltear le haghaidh 2023; á thabhairt chun suntais, de réir roinnt staidéar, go bhféadfadh ardú níos mó ná EUR 80 billiún in aghaidh na bliana teacht as comhaontú ECFE/G20 ar an ioncam ó cháin chorparáide san Eoraip (3);

23.

á chur i bhfáth go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach Saoráid “RebuildUkraine” a bhunú chun bheith ina príomhionstraim dlí le haghaidh thacaíocht an Aontais Eorpaigh d’atógáil na hÚcráine; á chur chun suntais go bhfuil foinsí nua airgeadais ag teastáil le haghaidh tascanna nua; á chur in iúl, ar an ábhar sin, gur díol sásaimh dó an fógra ón gCoimisiún go bhfuil na riachtanais bhreise a chruthaítear i ngeall ar an gcogadh i bhfad thar na hacmhainní atá ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus an gealltanas go mbeidh gá le foinsí maoiniúcháin nua a shainaithint;

24.

á chur in iúl gur cúis mhór áthais dó go bhfuil greillí coimhdeachta curtha ag an gCoimisiún leis an togra le haghaidh scéim nua ETS agus leis an dréachtrialachán lena mbunaítear CBAM. An réasúnaíocht a cuireadh ar fáil maidir le breisluach Eorpach na dtograí agus cur i bhfeidhm na mbeart a eascraíonn as inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide mar a shainítear in Airteagal 191 go hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tagann an réasúnaíocht sin le measúnú CnaR féin ar chomhoiriúnacht iomlán na dtograí le prionsabal na coimhdeachta.

An Bhruiséil, an 30 Samhain 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, ní mór do chuideachtaí lamháltais astaíochtaí a fháil a chumhdaíonn a n-astaíochtaí carbóin. Socraítear leithdháileadh saor in aisce mar mhodh idirthréimhseach chun lamháltais a leithdháileadh i gcodarsnacht le modh réamhshocraithe na ceantála. Mar sin féin, is iad na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce a dhéanann breis agus 40 % de líon iomlán na liúntas atá ar fáil i gcónaí.

(2)  Dréacht-tuairim den Choiste um Buiséid maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (COM(2021)568 — C9-324/2021 — 2021/206(COD), 9.2.2022.

(3)  Barake, Mona et al. 2021 Revenue Effects of the Global Minimum Tax: Country-by-Country Estimates, an Fhaireachlann Eorpach um Cháin, nóta uimh. 2, Deireadh Fómhair 2021.