30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/21


Teachtaireacht ón gCoimisiún – EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021 2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021 2030)]

(2022/C 375/04)

Rapóirtéir:

János Ádám KARÁCSONY (HU/ECR) Leas-Uachtarán Chomhairle Contae Pest Megye

Doiciméad tagartha:

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021 2030)

COM(2021) 615 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an teachtaireacht EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021-2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030)]; á chur in iúl go bhfuil sé ar aon fhocal leis an gCoimisiún Eorpach gur dúshlán casta é an comhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais, ós bagairt é ar luachanna bunúsacha na hEorpa. á thabhairt le fios, ach ról gníomhach a bheith aige ina leith, go bhféadfadh Coiste Eorpach na Réigiún cur le Straitéis AE an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030) trína áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ina cur chun feidhme; den bharúil nach mór é a bheith d’aidhm choiteann ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go léir Aontas atá saor ón bhfrithsheimíteachas a bhaint amach;

2.

á chur in iúl gur cúis imní dó torthaí an dara suirbhé maidir le hidirdhealú agus coir fuatha i gcoinne na nGiúdach san Aontas Eorpach, Experiences and perceptions of antisemitism [Taithí agus tuiscintí ar an bhfrithsheimíteachas], a d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha in 2018, inar deimhníodh go gcreideann naonúr as gach deichniúr Giúdach go bhfuil méadú tagtha ar an bhfrithsheimíteachas ina dtír féin, agus go measann 85 % de Ghiúdaigh gur fadhb thromchúiseach é an frithsheimíteachas;

3.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil straitéis an Choimisiúin bunaithe ar chomhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, pobail agus eagraíochtaí Giúdacha, saineolaithe neamhspleácha agus taighdeoirí, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus geallsealbhóirí eile;

4.

á chur i bhfáth gur dlúthchuid de chultúr na hEorpa é an cultúr Giúdach agus nach mór oidhreacht chultúrtha na nGiúdach a chosaint agus a chur chun cinn i gcathracha agus i réigiúin an Aontais ar dhóigh a spreagann muintir na hEorpa chun béim a chur ar oidhreacht chultúrtha na nGiúdach agus í a mheas mar chuid ríthábhachtach de chultúr agus de dhóigh bheatha na hEorpa; á chur i bhfios nach mór don Eoraip aird a tharraingt ar na mílte bliain de thraidisiúin a bhaineann le saol na nGiúdach agus ar na samplaí iomadúla tábhachtacha den obair mhór atá déanta ag daoine den chreideamh Giúdach nó ó chúlra Giúdach i leith ár sochaí agus ár gcultúir chomhroinnte; den bharúil, i ndáil leis sin, gur den tábhacht dlús a chur leis an gcomhar idir na réigiúin agus an tsochaí shibhialta;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur athdhearbhaigh an Coimisiún a thiomantas daingean soiléir don chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais; ag teacht leis nach féidir glacadh le haon chineál frithsheimíteachais, gríosaithe chun fuatha nó foréigin agus nach bhfuil sé ag luí le luachanna agus aidhmeanna an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstáit. Is prionsabail doshannta iad sin. Ina fhianaise sin uile, is den ríthábhacht é go ndéanfadh gach údarás idirnáisiúnta, náisiúnta agus fonáisiúnta cosc agus cur i gcoinne an fhrithsheimíteachais a phríomhshruthú i ngach cineál agus i ngach réimse beartais;

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas an Choimisiúin dul i mbun idirphlé rialta le Parlaimint na hEorpa agus le parlaimintí náisiúnta na mBallstát d’fhonn gníomhaíocht dhaingean spreagadh ar mhaithe leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú; á thabhairt le fios, sa bhreis air sin, go gcuirfí tuilleadh feabhais ar éifeachtúlacht na straitéise dá leathnófaí an cuireadh sin chuig gníomhaithe réigiúnacha;

7.

den tuairim gurb iomchuí conclúid na straitéise go mbaineann gach cineál fuatha an bonn de luach an duine agus nach bhfuil siad ag luí leis na luachanna ar ar a son a seasann an tAontas; á chur in iúl, cé gur geal leis go bhfuil an straitéis sin mar chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin gach cineál fuatha, idirdhealaithe agus ciníochais a chomhrac, go bhfuil sé den bharúil gur gá dul céim eile agus prionsabal an neamhfhulaingtheachais i gcoinne an fhrithsheimíteachais a fhógairt;

8.

á mheabhrú gur gá don Aontas Eorpach, bunaithe ar Airteagal 17 CFAE, idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a bheith aige le heaglaisí, le comhlachais reiligiúnacha agus le heagraíochtaí neamhchreidmheacha agus gur cheart do CnaR idirphlé den sórt sin a fhorbairt freisin;

Gach cineál frithsheimíteachais a chosc agus a chomhrac

9.

den tuairim go bhfuil conclúid na straitéise ceart, is é sin go n-áirítear ar na cineálacha is coitianta den fhrithsheimíteachas atá ann faoi láthair frithsheimíteachas a bhaineann le hIosrael agus gur ar líne a mbíonn ar Ghiúdaigh san Eoraip aghaidh a thabhairt ar chuid mhór díobh siúd (1);

10.

ag tacú go hiomlán leis an gcoincheap gur cheart é a bheith ina chleachtas caighdeánach ag na Ballstáit agus ag a n-údaráis leas a bhaint as an sainmhíniú ar an bhfrithsheimíteachas arna chur ar fáil ag an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chuimhne ar an Uileloscadh (IHRA) chun cuidiú leo patrúin fhrithsheimíteacha agus léirithe éagsúla den fhrithsheimíteachas a aithint; á thabhairt le fios, ach gníomh a aithint mar ghníomh frithsheimíteach agus é a ainmniú dá réir, go gcothaítear muinín as na húdaráis agus na cúirteanna, agus go bhfágann sé go mbíonn daoine níos toilteanaí coireanna frithsheimíteacha a thuairisciú;

11.

I gcomhréir leis an sainmhíniú thuasluaite: a) ba cheart gníomhaíochtaí frithsheimíteacha a mheas mar chionta coiriúla má shainmhínítear amhlaidh sa dlí (go háirithe séanadh an Uileloiscthe nó scaipeadh ábhar frithsheimíteach). Ní féidir úsáid téarmaíocht mhailíseach nó dhíobhálach (Uileloscadh, cinedhíothú, apartheid) a mheas mar cháineadh dlisteanach ar phobail Ghiúdacha nó ar aidhmeanna ginearálta nó iompar stát na nGiúdach; b) ba chart gníomhartha coiriúla a mheas mar ghníomhartha frithsheimíteacha i gcás ina roghnaítear spriocanna na ngníomhartha sin, cibé cé acu daoine nó maoin iad – amhail foirgnimh, scoileanna, ionaid adhartha agus reiligí – toisc gur Giúdaigh iad nó go meastar iad a bheith nasctha le Giúdaigh; c) ba cheart idirdhealú frithsheimíteach agus gan deiseanna agus seirbhísí atá ar fáil ag daoine eile a chur ar fáil do Ghiúdaigh a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh as;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur fhormhuinigh na Ballstáit an straitéis agus go bhfuil gealltanas tugtha acu cheana féin dul i ngleic ar bhealach coisctheach leis an bhfrithsheimíteachas agus é a chomhrac trí straitéisí náisiúnta agus cur i gcoinne cineálacha eile idirdhealaithe, amhail ciníochas agus seineafóibe, agus an t-antoisceachas. Sampla amháin is ea Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 (2);

13.

i bhfabhar a mhaítear sa straitéis go bhfuil rannpháirtíocht níos fearr eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na bpobal Giúdach ríthábhachtach má tá rath chun bheith ar an straitéis. Ní mór freisin feabhas a chur ar chomhoibriú gníomhach leis na heintitis sin agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dá dtionscnaimh trí cláir chistiúcháin AE atá ann cheana agus cistí sonracha a shannadh chun na spriocanna sin a chur chun feidhme;

14.

á chur in iúl gur mór aige tiomantas an Choimisiúin tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí agus do thionscadail chun gach cineál frithsheimíteachais a chomhrac agus a thaifeadadh tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) ar fiú EUR 1,55 billiún a chistiú (3), maille le raon leathan de chláir eile de chuid an Aontais (4). Ar an dóigh sin, thabharfaí aghaidh ar chineál trasnach an fhrithsheimíteachais tríd an bhfrithghiúdachas a chomhrac agus dlisteanacht Stát Iosrael a cheistiú, maille le aird leordhóthanach a thabhairt ar chuimhneachán ar an Uileloscadh;

15.

á mholadh, chun muinín as gníomhaíocht stáit a chothú, gur cheart daoine teagmhála a cheapadh i seirbhísí slándála náisiúnta agus réigiúnacha agus bealaí cumarsáide agus bearta comhordaithe a bhunú, go háirithe i gcás géarchéime;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gCoimisiún Meitheal ad hoc maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac a bhunú mar struchtúr buan d’fhonn tacú le cur chun feidhme na straitéise agus chun cuidiú le hiarrachtaí na mBallstát, ionadaithe ón bpobal Giúdach agus geallsealbhóirí eile a chomhordú; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird faoi leith a thabhairt ar chastacht na bpobal Giúdach san Eoraip agus ionadaithe na meithle á roghnú acu d’fhonn a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhionann ar gach aicme agus ar gach gluaiseacht reiligiúnach;

17.

á chur in iúl gur cás leis go ndearnadh ciapadh frithsheimíteach ar 44 % d’Eorpaigh óga Giúdacha (5); den bharúil go bhfuil géarghá leis an bhfuathchaint agus leis an gcoir fuatha a chomhrac go sainráite, mar aon leis an antoisceachas foréigneach agus leis an sceimhlitheoireacht i gcoinne na nGiúdach; á chur in iúl gur cúis mhór imní dó torthaí an tsuirbhé a rinne an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha ar thaithí daoine Giúdacha ar choireanna fuatha i 12 Bhallstát an Aontais. Sa suirbhé sin, deir 35 % de fhreagróirí go bhfuil an cineál seo ráitis cloiste acu cheana: “úsáideann Giúdaigh a stádas mar íospartaigh an Uileloiscthe chun a leasa féin” (6), agus measann 53 % de mhuintir na hEorpa gur fadhb ina dtír féin é séanadh an Uileloiscthe (7); ag tathant, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí go pras leis an togra ón gCoimisiún Eorpach chun cur le liosta na gcoireanna AE chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chumhdach ann, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí rialacha íosta uile-Aontais a bhunú chun cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú;

18.

ar aon dul leis an gCoimisiún go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na Ballstáit agus ag eintitis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an gcomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus maidir le saol na nGiúdach a chothú agus an straitéis á cur chun feidhme acu; ag tabhairt gealltanais go ndíreoidh sé níos mó ar shaincheist an fhrithsheimíteachais amach anseo d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus le malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach atá ag an gCoimisiún do 2021-2024 chun tacú le cláir oiliúna agus le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun dul i ngleic leis an bhfrithsheimíteachas do ghairmithe ceartais agus forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear tríd an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL); á chur in iúl cheart ábhar ardaithe feasachta faoin bhfrithsheimíteachas agus oiliúint leordhóthanach a bheith ar fáil freisin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

20.

á chur i bhfios go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtiomsófaí sonraí inchomparáide maidir le cásanna den fhrithsheimíteachas sna Ballstáit agus go dtacófaí leis an modheolaíocht agus le bunú nósanna imeachta bailithe sonraí trí chistí agus cláir spriocdhírithe;

21.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún gur cheart aird bhreise a thabhairt ar an bhfrithsheimíteachas ar líne a chomhrac; á thabhairt le fios go bhféadfadh radacú agus, ar deireadh, foréigean fisiciúil a bheith mar thoradh ar scéalta comhcheilge frithsheimíteacha agus ar shiombailí, earraí cuimhneacháin agus litríocht a bhaineann leis na Naitsithe, agus ar an gcaoi a scaiptear iad ar líne. Ina fhianaise sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis na hoibleagáidí sonracha ar oibreoirí, a leagtar amach ina gcód iompair, san Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus san Ionstraim um Margaí Digiteacha;

22.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé aird níos mó a thabhairt ar an gcaoi le déileáil le hábhar neamhdhleathach ar ardáin meán sóisialta. Tá nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí, nósanna imeachta breithiúnacha agus nósanna imeachta sibhialta breithiúnacha tábhachtach chuige sin. Ba cheart géarleanúint a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar ráitis a dhéantar ar líne nó ar na meáin shóisialta ar cion coiriúil iad; den tuairim, ar an ábhar sin, gur gá reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta maidir leis an ábhar sin a neartú. ag áitiú, dá bhrí sin, ar na Ballstáit an Cinneadh Réime maidir leis an gciníochas agus an tseineafóibe a chomhrac a thrasuí agus a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán (8);

Saol na nGiúdach a chosaint agus a chothú san Aontas Eorpach

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil rún daingean ag an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus le pobail Ghiúdacha trí chistiú EUR 24 mhilliún a chur ar fáil dóibh chun cosaint do shionagóga agus d’ionaid adhartha a neartú; ag tarraingt aird air go bhféadfadh na sonraí aontaithe a bhailítear maidir le teagmhais a bheith ina gcuidiú ag an gCoimisiún, in éineacht le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar na bagairtí sonracha atá ann do dhaoine Giúdacha, do phobail Ghiúdacha agus d’ionaid adhartha d’fhonn rioscaí sonracha slándála a thuiscint, a chosc, a chosaint ar dhóigh níos fearr agus freagairt dóibh;

24.

ag cur béim air go ndeir 68 % de mhuintir na hEorpa go bhfuil siad “aineolach” ar stair na nGiúdach in ainneoin go bhfuil Giúdaigh i láthair san Eoraip leis na cianta (9); den bharúil gur gá é a bheith mar thosaíocht cur le feasacht agus eolas na ndaltaí óga ar stair, reiligiún agus cultúr na nGiúdach. Tá cáilíocht na n-ábhar teagaisc agus na lámhleabhar teagaisc thar a bheith tábhachtach chuige sin. Is den bhunriachtanas claontachtaí sochaíocha a dhíchur agus é a chur chun cinn gur cuid de shochaí na hEorpa é saol na nGiúdach;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-aitheantas a thug an Coimisiún don ról tábhachtach atá ag an spórt agus ag na meáin i gcur chun cinn an chuimsithe; á thabhairt le fios go bhféadfadh rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí Giúdacha agus soláthar tacaíochta trí chláir spriocdhírithe a bheith níos éifeachtaí chun steiréitíopaí agus míthuiscintí frithsheimíteacha a chomhrac;

26.

á chur in iúl gur geal leis an creat gníomhaíochta Eorpach maidir le hoidhreacht chultúrtha (10) (lena n-áirítear beart sonrach maidir le reiligí Giúdacha san Eoraip); ag tarraingt aird air freisin, áfach, go bhfuil chuid mhór sionagóga agus láithreacha eile de chuid na nGiúdach san Eoraip atá tréigthe. Sa bhreis ar chabhair réigiúnach, bheadh gá le cláir bhreise chun fréamhacha cultúrtha na hEorpa a neartú trí na háiteanna tábhachtacha sin a athbhunú agus iad a chosaint ar an loitiméireacht;

27.

á chur in iúl gur mór aige a thiomanta atá an Coimisiún d’oideachas agus do thaighde ar shaol na nGiúdach, ar an bhfrithsheimíteachas agus ar an Uileloscadh agus go bhfuil sé aitheanta aige go bhfuil an méid sin bunriachtanach má táthar chun tuiscint a fháil ar an bhfrithsheimíteachas sa lá atá inniu ann agus féachaint chuige nach dtarlóidh a leithéid ainghníomhartha choíche arís. Bíodh sin mar atá, ní mór raon feidhme teoranta chlár ESCE (11)/chlár ODIHR (12) agus chlár UNESCO (13) a neartú i roinnt Ballstát;

Oideachas, taighde agus cuimhneachán ar an Uileloscadh

28.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó plean an Choimisiúin chun suirbhé uile-Aontais a mhaoiniú maidir le claontaí frithsheimíteacha ar fud an Aontais Eorpaigh (14), ag tógáil freisin ar an taithí atá ag roinnt mhaith Ballstát agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais;

29.

á chur i bhfáth, cé go dtagann an t-oideachas faoi inniúlachtaí na mBallstát, gur den riachtanas athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar oideachais a úsáidtear in institiúidí oideachais san Eoraip a bhaineann leis an nGiúdachas, leis an bhfrithsheimíteachas, leis an Uileloscadh, agus le hIosrael sa lá atá inniu ann. Ba cheart an t-ábhar sin a bheith go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin UNESCO maidir le síocháin, caoinfhulaingt, cómhaireachtáil agus neamhfhoréigean. Thairis sin, ba cheart cistí AE a dheonú chun téacsleabhair a mhaoiniú a chomhlíonann na caighdeáin thuasluaite uile de chuid UNESCO. Tá sé riachtanach oiliúint chuí a chur ar mhúinteoirí ar gach leibhéal oideachais chun aghaidh a thabhairt ar an bhfrithsheimíteachas agus chun dul i ngleic leis an gclaontacht san oideachas agus trína bhíthin (15). Ach dea-chleachtais a roinnt i measc oideachasóirí agus traenálaithe agus leibhéil éagsúla rialachais arb é is cúram dóibh beartais oideachais agus oiliúna a cheapadh agus a chur chun feidhme, d’fhéadfaí cur leis an gcomhrac i gcoinne míthuiscintí agus steiréitíopaí;

30.

á chur i bhfáth gur cúis bhuartha dó go bhfuil gníomhartha frithsheimíteacha ag teacht chun cinn athuair i scoileanna agus a dheacra atá sé anois ag múinteoirí áirithe teagasc faoi Shoah; ag teacht leis gur cheart é a chur ar chumas múinteoirí an frithsheimíteachas, Shoah, saol agus stair na nGiúdach a phlé, lena n-áirítear i seomraí ranga ilchultúrtha; á chur i bhfáth, ar an ábhar sin, go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit tacaíocht oideolaíoch níos fearr ar fáil do mhúinteoirí – go háirithe múinteoirí staire – agus do phríomh-mháistrí scoile agus iad ag múineadh faoin Dara Cogadh Domhanda agus, ar bhonn níos ginearálta, agus aghaidh á tabhairt acu ar shaincheist an fhrithsheimíteachais. á chur i bhfios go bhfuil gá ar leith le malartuithe struchtúrtha le múinteoirí chun athbhreithniú agus feabhsú a dhéanamh ar na hábhair teagaisc a úsáidtear sna Ballstáit agus sna réigiúin;

31.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil gníomhaíochtaí fós á maoiniú ag an gCoimisiún sna Ballstáit chun an frithshemíteachas a chomhrac ar bhonn córasach, chun saol na nGiúdach a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus chun eolas a chur chun cinn maidir le saol réigiúnach agus áitiúil na nGiúdach, maille le malartuithe le pobail áitiúla; ag leagan béim air gur cheart tacú le gníomhaíochtaí den chineál sin trí chláir de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach agus CERV;

32.

ag tacú go mór le tionscadail taighde idirnáisiúnta maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chosc, amhail tionscadail chomparáideacha maidir leis an gcaoi a múintear an frithsheimíteachas i scoileanna; á iarraidh go dtacófaí go sonrach leo trí chistí Eorpach;

33.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comóradh a dhéanamh ar ghníomhartha gaisciúla na ndaoine neamh-Ghiúdacha ar fud na hEorpa a thug a mbeatha chun cuidiú leis na Giúdaigh le linn an Shoah;

34.

ag tacú le forbairt chomhordaithe trasteorann na n-ábhar teagaisc ilteangach maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chosc maille le lámhleabhair teagaisc atá inrochtana go digiteach agus saor in aisce;

35.

den bharúil go bhfuil sé ríthábhachtach sásraí a neartú chun rialú a dhéanamh ar mhaoiniú grúpaí a dhéanann, ar scáth eagraíochtaí neamhrialtasacha, an ghluaiseacht Boycott, Divestment Sanctions (BDS) a chur chun cinn nó a thugann údar leis an sceimhlitheoireacht agus a spreagann í;

36.

á chur in iúl gur mór aige obair an Bhonneagair Eorpaigh um Thaighde ar an Uileloscadh (EHRI) (16); den bharúil go bhfuil sé tábhachtach go ndaingneofaí todhchaí an taighde, an chomórtha agus an oideachais trasnáisiúnta ar an Uileloscadh amach anseo, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an tionscadal in 2024. Is é sin an tionscnamh taighde um an Uileloscadh a fhaigheann an cistiú is mó ón Aontas;

Ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais

37.

á chur in iúl gur geal leis gur admhaigh an Coimisiún go bhfuil Iosrael ina chomhpháirtí lárnach ag an Aontas Eorpach sa chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil sé go hiomlán i bhfách leis an gcomhar leis an Meitheal ad hoc a bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus le Meitheal Pharlaimint na hEorpa i gcoinne an FhrithSheimíteachais (WGAS);

38.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh ról ag na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ina leith sin, maille le pobail Ghiúdacha agus an tsochaí shibhialta, d’fhonn dlisteanacht an phlean gníomhaíochta a neartú agus d’fhonn an frithsheimíteachas san Eoraip a chomhrac ar dhóigh níos éifeachtaí. Tá sé tábhachtach freisin dea-chleachtais a roinnt idir tíortha éagsúla agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear na cuspóirí agus na bearta a leagtar amach le haghaidh an oideachais, na reachtaíochta nó an taighde arna gceapadh ag leibhéil éagsúla rialachais;

39.

den tuairim, ós rud é go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa líne thosaigh sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus i gcothú shaol na nGiúdach, gur cheart deis a bheith acu páirt a ghlacadh i malartuithe, comhairliúcháin rialta agus idirphlé le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh;

40.

á thabhairt le fios gur féidir le CnaR, i gcás inarb iomchuí, cur leis an obair a bhíonn ar bun ag an Meitheal ad hoc maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac arna bunú ag an gCoimisiún; á chur in iúl go bhfuil sé toilteanach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na Meithle chun freastal ar chruinnithe ábhartha de chuid an Choiste;

41.

á chur in iúl go leanfaidh sé an iarraidh ón gCoimisiún chun dea-shampla a thabhairt agus chun feabhas a chur ar a ionadaíche atá baill foirne CnaR trí bhearta earcaíochta agus roghnúcháin.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Braitheann 79 % de Ghiúdaigh san Eoraip gur cuireadh iad i gcionta le gníomhaíochtaí a rinne Stát Iosrael. Deir 69 % díobh nach bhfuil siad ar a suaimhneas i ngeall ar an gcoinbhleacht Arabach-Iosraelach (an dara suirbhé ó FRA 2018): https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2018-experiences-and-perceptions-of-antisemitism-survey_en.pdf).

(2)  COR-2020-04617.

(3)  C(2021) 2699 final: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/c_2021_2699_f1_commission_implementing_decision_en_v3_p1_1177590.pdf); Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/programmes/cerv.

(4)  An clár um Cheartas, Fís Eorpach, Clár Eoraip na Cruthaitheachta, Erasmus+, an Ciste Slándála Inmheánaí, cistí an bheartais chomhtháthaithe, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI), agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

(5)  Young Jewish Europeans: perceptions and experiences of antisemitism, FRA, 2019: https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2019-young-jewish-europeans_en.pdf.

(6)  Experiences and perceptions of antisemitism Second survey on discrimination and hate crime against Jews in the EU, FRA, 2018: https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2018-experiences-and-perceptions-of-antisemitism-survey_en.pdf.

(7)  Féach Eorabharaiméadar Speisialta 484, Perceptions of anitsemitism, 2019: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2220.

(8)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32008F0913

(9)  Suirbhéanna – Eorabharaiméadar (europa.eu).

(10)  Creat gníomhaíochta Eorpach maidir leis an oidhreacht chultúrtha.

(11)  ESCE: An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

(12)  ODIHR: an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine.

(13)  UNESCO: Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.

(14)  Kovács, A., Fischer, G., Antisemitic Prejudices in Europe: Survey in 16 European Countries, Action and Protection League, 2021: European antisemitism survey, APL – Action & Protection League (apleu.org).

(15)  Addressing Anti-Semitism in Schools: Training Curricula, foilseachán arna gceapadh ag ODIHR i gcomhar le UNESCO.

(16)  https://www.ehri-project.eu/