5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/23


P9_TA(2022)0310

Straitéis Nua Foraoise AE do 2030 – Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoise san Eoraip

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar Straitéis Foraoise nua AE do 2030 – Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip (2022/2016(INI))

(2023/C 125/02)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030] (COM(2021)0572),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Straitéis Foraoise na hEorpa – An Bealach Chun Cinn (1),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2015 maidir le “Straitéis nua Foraoiseachta AE d’fhoraoisí agus don earnáil foraoisbhunaithe”, (2),

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 4 de,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640) agus do na treoirlínte polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus ón gCoimisiún a d’eascair as an teachtaireacht sin,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (5) (An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),

ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (an Treoir maidir le Gnáthóga) (6),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (7),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives” [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal “A New Industrial Strategy for Europe” [Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal “A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040” [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives” [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal “A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment” [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] (COM(2018)0673),

ag féachaint do Theachtaireacht an 23 Márta 2022 ón gCoimisiún maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a athneartú (COM(2022)0133),

ag féachaint do thionscnamh Bauhaus Eorpaigh Nua.

ag féachaint don dréachtrialachán ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún (8),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Samhain 2021 maidir le Straitéis Foraoise nua an Aontais do 2030,

ag féachaint do thuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an 8 Nollaig 2021 maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030] (9),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 28 Aibreán 2022 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030],

ag féachaint do fhreagrachtaí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac,

ag féachaint do thuarascáil 2021ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal “Special Report 21/2021 – EU funding for biodiversity and climate change in EU forests: positive but limited results” [Tuarascáil Speisialta 21/2021 – Cistiú an Aontais don bhithéagsúlacht agus don athrú aeráide i bhforaoisí an Aontais: torthaí deimhneacha ach teoranta],

ag féachaint d’fhoilseachán 2018 an Choimisiúin dar teideal “Guidance on cascading use of biomass with selected good practice examples on woody biomass” [Treoraíocht maidir le húsáid chascáideach bithmhaise maille le samplaí roghnaithe dea-chleachtais maidir le bithmhais adhmaid],

ag féachaint do thuarascáil 2020 Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin dar teideal “Mapping and Assessment of Ecosystems and their Services: An EU ecosystem assessment” [Mapáil agus Measúnú ar Éiceachórais agus a Seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE],

ag féachaint do thuarascáil 2020 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal “State of nature in the EU – Results from reporting under the nature directives 2013-2018” [Staid an Dúlra in AE – Torthaí ó thuairisciú faoi na treoracha dúlra 2013-2018],

ag féachaint do thuarascáil 2020 Forest Europe dar teideal “State of Europe’s Forests 2020” [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020],

ag féachaint do thuarascáil mheasúnachta dhomhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais de chuid an Chláir Idir-Rialtasaigh maidir le Beartas Eolaíochta um sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais (IPBES),

ag féachaint do Dhearbhú Kunming – “Sibhialtacht Éiceolaíoch: Todhchaí Chomhroinnte á tógáil don Bheatha ar fud an Domhain”,

ag féachaint don Tuarascáil ó Mheitheal II ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal “Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability” [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht].

ag féachaint do thuarascáil speisialta IPCC ar an athrú aeráide agus Talamh: Tuarascáil speisialta IPCC maidir leis an athrú aeráide, gaineamhlú, díghrádú talún, bainistíocht talún inbhuanaithe, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais talún,

ag féachaint do bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Aibreán 2018 i gcás C-441/17 An Coimisiún v Poblacht na Polainne (10),

ag féachaint do na tionscadail agus na cleachtais chun faisnéis faoi fhoraoisí a chomhordú san Eoraip (an Líonra Eorpach um Fhardal Náisiúnta Foraoise (ENFIN), do thionscadal FutMon, do thionscadal Diabolo, d’Atlas Eorpach na Speiceas Crann Foraoise, agus don chlár maidir le hÉiceachórais agus a Seirbhísí a Mhapáil agus a Mheasúnú (MAES),

ag féachaint don tuarascáil ar an gceardlann a bhí comhurraithe ag IPBES-IPCC maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide an 10 Meitheamh 2021,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0225/2022),

A.

de bhrí go bhfuil spriocanna ceangailteacha leagtha síos ag AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 (11) ar a dheireanaí; de bhrí go bhfuil AE tiomanta do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear SDG 15, chun an úsáid inbhuanaithe den éiceachóras talún a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, chun foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, chun gaineamhlú a chomhrac, chun díghrádú talún a stopadh agus a aisiompú, agus chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh, agus do Chomhaontú Pháras agus na méideanna a gealladh ag Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26); de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach agus ról nach féidir a chur ina ionad ag foraoisí agus ag tionscail agus seirbhísí foraoisbhunaithe, mar aon le húinéirí agus oibrithe, maidir le spriocanna SDG agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus go bhfuil éiceachórais foraoise agus a linnte carbóin bunriachtanach don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú aeráide, ós rud é go ndéanann siad thart ar 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (12) na hEorpa a ionsú agus a stóráil agus go bhfuil siad ina bpríomhóstaí bithéagsúlachta;

B.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4 CFAE d’inniúlachtaí agus d’fhreagracht chomhroinnte maidir le foraoisí, go háirithe faoi chuimsiú bheartas comhshaoil AE, agus gan aon tagairt á déanamh ag an am céanna do bheartas foraoise AE agus, ar an gcaoi sin, beartas foraoise a choinneáil mar inniúlacht Ballstáit; de bhrí gur gá, mar gheall ar éagsúlacht fhoraoisí an Aontais maidir le bithgheografaíocht, struchtúr, méid, bithéagsúlacht, patrúin úinéireachta agus beartais atá ann cheana, i gcás ina mbaineann beartas comhshaoil, beartas aeráide agus beartais ábhartha eile le foraoisí, prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm go cuí maidir le forbairt agus cur chun feidhme Straitéis Foraoise nua an Aontais (“an straitéis”) agus reachtaíocht ábhartha an Aontais; de bhrí gur gá mionsonraí a bhaineann le bainistíocht foraoisí a choigeartú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus cur chuige ó bhun aníos á ghlacadh; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe ar leibhéal AE chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus chun a bheith in ann laghduithe ionchasacha ar astaíochtaí agus teorainneacha ar úsáid foraoise a mheas ar bhealach níos cruinne i bhfianaise ról tábhachtach na bhforaoisí i gcuspóirí aeráide na hEorpa a bhaint amach;

C.

de bhrí gur cheart don Chomhaontú Glas don Eoraip mar chur chuige trasearnálach chun dul i ngleic leis na dúshláin aeráide agus chomhshaoil, lena n-áirithítear gur féidir an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint go hiomchuí, ar bhealach lena gcruthaítear fás agus poist inbhuanaithe i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá go hiomlán ciorclach agus iomaíoch laistigh de theorainneacha an phláinéid, treoir a thabhairt do chur chun feidhme na straitéise maidir le comhbhabhtálacha a bhainistiú, sineirgí a chruthú agus an chothromaíocht cheart a aimsiú idir feidhmeanna iolracha na bhforaoisí, lena n-áirítear na feidhmeanna socheacnamaíocha, comhshaoil agus aeráide; de bhrí gur timpeallacht fhisiciúil iad “éiceachórais” atá comhdhéanta de chomhpháirteanna atá beo agus neamhbheo agus a idirghníomhaíonn lena chéile; de bhrí, ó na hidirghníomhaíochtaí sin, go gcruthaíonn éiceachórais sreabhadh tairbhí do dhaoine agus don gheilleagar ar a dtugtar “seirbhísí éiceachórais”; de bhrí gur bagairt shistéamach don tsochaí iad an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta agus na seirbhísí gaolmhara éiceachórais; de bhrí go soláthraíonn foraoisí réimse leathan seirbhísí éiceachórais, amhail soláthar adhmaid, táirgí neamhadhmaid agus bia, ceapadh carbóin, foscadh don bhithéagsúlacht, aer agus uisce glan, buntáistí don aeráid áitiúil, agus cosaint ar ghuaiseacha nádúrtha amhail maidhmeanna, tuilte, triomach agus maidhm charraige, chomh maith le luach áineasa, cultúrtha agus stairiúil a sholáthar; de bhrí gurb é is aidhm do bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí soláthar cothrom na seirbhísí éiceachórais éagsúla a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt d'oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide;

D.

de bhrí go gcuireann táirgí adhmadbhunaithe le maolú ar an athrú aeráide trí stóráil carbóin agus trí chur in ionad táirgí a bhfuil lorg mór carbóin acu, lena n-áirítear ábhair thógála agus phacáistithe, teicstílí, ceimiceáin agus breoslaí; de bhrí go bhfuil táirgí atá bunaithe ar adhmad in-athnuaite agus, den chuid is mó, in-athchúrsáilte, agus go bhfuil acmhainneacht ollmhór acu chun tacú le bithgheilleagar ciorclach dá bharr; de bhrí go bhfágann sé sin go bhfuil earnáil na foraoiseachta agus na tionscail fhoraoisbhunaithe ina bpríomhghníomhaithe i ngeilleagar glas;

E.

de bhrí, mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55” agus den sprioc maidir leis an mbeartas aeráide a ailíniú le Comhaontú Pháras, leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus leis an Rialachán maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ó Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht a chur san áireamh (13) á n-athbhreithniú faoi láthair; de bhrí gur mhol an Coimisiún rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu; de bhrí, i bhfianaise choincheap Eorpach na bhforaoisí ilfheidhmeacha, nach mór do na tionscnaimh sin a bheith comhleanúnach le spriocanna polaitiúla ardleibhéil an Chomhaontaithe Ghlais, an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an mBithgheilleagar, na Straitéise Geilleagair Chiorclaigh, na Straitéise Foraoise, na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Físe Fadtéarmaí do Limistéir Thuaithe;

F.

de bhrí go bhfuil úinéireacht foraoise ar fud na hEorpa éagsúil ó thaobh méide agus struchtúir úinéireachta de, as a n-eascraíonn éagsúlacht mhór sna samhlacha bainistíochta; de bhrí go bhfuil thart ar 60 % d’fhoraoisí an Aontais faoi úinéireacht 16 mhilliún úinéir príobháideach foraoisí (14), ar sealbhóirí beaga (15) iad cion suntasach díobh, agus go bhfuil thart ar 40 % d’fhoraoisí AE faoi chineálacha éagsúla úinéireachta poiblí; de bhrí go bhfuil sciar suntasach den limistéar foraoise iomlán faoi úinéireacht ag líon beag daoine, agus gur úinéirí phríomhghléasraí próiseála adhmaid AE iad cuid acu; de bhrí go mbeidh rannpháirteachas, tacaíocht agus spreagadh na n-úinéirí, sula mbaintear leas as pionós a chur ar na húinéirí sin trí chreat cuimsitheach beartais agus reachtaíochta, lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil, agus atá bunaithe ar aitheantas dá gcearta maoine, dá gcuid taithí mar bhainisteoirí, don tábhacht a bhaineann le hioncam a ghintear ón mbainistíocht foraoise agus do na dúshláin shonracha atá os a gcomhair, lárnach chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, lena n-áirítear seirbhísí aeráide agus seirbhísí éiceachórais eile a sholáthar; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, i ndáil leis sin, a áirithiú go mbeidh an creat sin soiléir agus trédhearcach agus go seachnófar ualach riaracháin iomarcach ar na gníomhaithe uile;

G.

de bhrí go bhfuil thart ar 5 % de limistéar foraoise iomlán an domhain lonnaithe san Aontais, agus 43 % de limistéar talún AE sna foraoisí, ar céatadán é atá beagán níos airde ná an limistéar talún a mbaintear úsáid as don talmhaíocht, agus go bhfuil 80 % dá bhithéagsúlacht talún iontu (16); de bhrí, de réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil dar teideal “The European environment – state and outlook 2020: Knowledge for transition to a sustainable Europe” [Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe] (17), gur tháinig laghdú ollmhór ar an mbithéagsúlacht san Eoraip; de bhrí go bhfuil beagnach 23 % d’fhoraoisí na hEorpa le fáil i láithreáin Natura 2000, le sciar níos mó ná 50 % i roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil leath de na gnáthóga nádúrtha i limistéir Natura 2000 ina bhforaoisí;

H.

de bhrí go léirítear leis na sonraí is déanaí a bailíodh faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga go léiríonn coinníoll paraiméadar na gnáthóige nach bhfuil ach 49 % de ghnáthóga foraoise i ndea-bhail (18), cé nach bhfuil eolas ann faoi stádas 29,6 % de ghnáthóga agus go bhfuil drochbhail ar 21,1 % díobh agus gur gá iad a fheabhsú; de bhrí go bhféadfadh sé nár leor díriú ar shonraí comhiomlánaithe, agus orthu siúd amháin, chun faisnéis ríthábhachtach maidir leis na saincheisteanna is práinní a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi, agus gur gá, dá bhrí sin, táscairí níos sonraí a cheadú maidir le treochtaí i ndálaí agus i mbrúnna, agus chun a áirithiú go bhfuil sonraí atá in easnamh ar fáil sa todhchaí; de bhrí nach dtacaíonn na táscairí sin le measúnú diúltach foriomlán ar staid fhoraoisí an Aontais, ach go léiríonn siad treochtaí dearfacha agus diúltacha araon (19) a dteastaíonn freagairtí caolchúiseacha cás ar chás ina leith; de bhrí go bhfuil foraoisí ag éirí níos leochailí ó thaobh iarmhairtí an athraithe aeráide de, go háirithe an méadú atá ag teacht ar leitheadúlacht dóiteán foraoise; de bhrí gur dúshlán mór fós é éifeachtaí suaití den sórt sin ar athléimneacht agus ar tháirgiúlacht na bhforaoisí a chainníochtú ar mhórscála;

I.

de bhrí gur cheart, le tuiscint níos fearr ar shuaitheadh nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ar fhoraoisí na hEorpa ó thaobh na haeráide de, tacú tuilleadh le treoir maidir le bainistiú foraoisí agus bonn eolais a thabhairt do bheartais oiriúnaithe lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sin;

J.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí trédhearcacha iontaofa ardcháilíochta a bhailiú agus a chothabháil, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, agus go bhfuil taighde a chistítear go leordhóthanach agus atá dea-chomhordaithe ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus chun deiseanna a bhaint amach agus chun feidhmeanna iolracha na bhforaoisí a bhaint amach, lena n-áirítear na buntáistí éagsúla a sholáthraíonn táirgí ó thionscail fhoraoisbhunaithe, i dtimpeallacht atá ag éirí níos casta; de bhrí go bhfuil na sonraí maidir le foraoisí ar fáil ar leibhéal AE neamhiomlán agus ar cháilíocht éagsúil, rud a chuireann bac ar chomhordú AE agus na mBallstát ar bhainistíocht agus caomhnú foraoisí; de bhrí, go háirithe, go bhfuil gá le faireachán níos fearr a dhéanamh ar stádas éiceachórais na bhforaoisí, chomh maith le faireachán níos fearr a dhéanamh ar thionchair na mbeart foraoiseachta ar an mbithéagsúlacht agus ar an aeráid;

K.

de bhrí, ar an leibhéal idirnáisiúnta, gurb í eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) an príomhfhóram chun sainmhínithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a fhorbairt i réimse na bhforaoisí agus na foraoiseachta; de bhrí go mbailíonn agus go soláthraíonn FAO sonraí maidir le foraoisí agus foraoiseacht; de bhrí go gcuireann an Coimisiún agus na Ballstáit le hobair FAO;

L.

de bhrí gur colún tábhachtach ioncaim agus fostaíochta iad seirbhísí éagsúla éiceachórais foraoise a sholáthar trí earnáil na foraoiseachta agus trí thionscail fhoraoisbhunaithe, go háirithe i limistéir thuaithe, ach i limistéir uirbeacha freisin trí úsáid iartheachtach a bhaint as seirbhísí den sórt sin; de bhrí gur cheart, le cur chun feidhme na straitéise, aird chuí a thabhairt ar fhorbairt ioncaim agus fostaíochta, ach freisin ar mhealltacht na fostaíochta san earnáil trí phoist ardcháilíochta, cosaint shóisialta, caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, forbairt leanúnach comhpháirtíochtaí scileanna lena mbaineann geallsealbhóirí, agus deiseanna oiliúna leormhaithe do bhainisteoirí agus d’oibrithe; de bhrí gur tháinig laghdú trian ar fhostaíocht san fhoraoiseacht Eorpach idir 2000 agus 2015 – go príomha mar gheall ar mheicniú méadaithe i dtionscal an adhmaid agus an pháipéir (20); de bhrí gur féidir le dearadh feabhsaithe ar innealra foraoiseachta cur le cosaint oibrithe agus an tionchar ar ithir agus ar uisce a laghdú; de bhrí go bhfuil lománaíocht agus tionscal an adhmaid ar cheann de na hearnálacha tionsclaíocha is contúirtí agus go bhfuil leibhéil arda tionóiscí ag an obair, galar ceirde agus luathscor acu;

M.

de bhrí go bhfuil limistéar agus méid bithmhaise fhoraoisí na hEorpa ag dul i méid (21), i gcodarsnacht le treochtaí an dífhoraoisithe ar fud an domhain ar údar imní iad; de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag AE maidir le haghaidh a thabhairt ar dhífhoraoisiú domhanda, rud a gcuirtear béim air sa togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu; de bhrí, sa bhreis ar allmhairí a rialáil, go bhféadfadh Straitéis Foraoise Eorpach ina léirítear dea-chleachtais maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de cur leis an bhfeabhas ar bhainistiú foraoisí ar fud an domhain;

N.

de bhrí go bhfuil scéimeanna deimhniúcháin deonacha domhanda maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí i bhfeidhm faoi láthair; de bhrí gur uirlis riachtanach iad scéimeanna deimhniúcháin chun ceanglais Rialachán Adhmaid AE (22) maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh (23);

O.

de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí leis an bpróiseas maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí san Eoraip go mbainfear an chothromaíocht cheart amach idir trí cholún na hinbhuanaitheachta – eadhon cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus forbairt eacnamaíoch;

P.

de bhrí go bhfuil critéir agus táscairí chun bainistíocht inbhuanaithe foraoisí a úsáidtear go coitianta in AE a shainiú bunaithe ar chomhar uile-Eorpach laistigh de phróiseas Forest Europe ar a bhfuil gach Ballstát agus an Coimisiún ina sínitheoirí; de bhrí, mar chuid dá chlár oibre leanúnach, go bhfuil tús curtha ag Forest Europe le hathmheasúnú ar an sainmhíniú ar bhainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoisí; de bhrí go ndéanann Forest Europe stádas foraoisí agus foraoiseachta agus treochtaí sna foraoisí agus san fhoraoiseacht a bhailiú agus a chur ar fáil ar bhonn na gcritéar maidir le bainistíocht inbhuanaithe foraoisí; de bhrí gur gá a áirithiú go mbeidh táscairí agus tairseacha bunaithe ar fhianaise agus go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis na Ballstáit ina leith sin; de bhrí go bhféadfadh táscairí agus tairseacha trédhearcacha nua feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na hearnála, i bhfianaise a thábhachtaí atá sí ó thaobh luachanna comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta de; de bhrí go gcaithfear an creat bainistithe inbhuanaithe foraoise a shainiú go soiléir, go háirithe maidir leis na critéir, na táscairí agus na tairseacha a bhaineann le sláinte an éiceachórais, le bithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, má tá sé le bheith ina uirlis scagtha níos mionsonraithe agus níos úsáidí chun cineálacha éagsúla cur chuige bainistíochta, a dtionchar agus stádas foriomlán agus caomhnú foraoisí Eorpacha a chinneadh agus a chur i gcomparáid; de bhrí gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a bheith fite fuaite le ról ilfheidhmeach na bhforaoisí a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh sé ag teacht go hiomlán le héagsúlacht na bhforaoisí agus le saintréithe sonracha gach réigiúin;

Q.

de bhrí gur sraith de chórais bainistithe talún é an agrafhoraoiseacht, a shainítear mar chórais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an aonad talún céanna, a fhéadfaidh borradh a chur faoin táirgiúlacht fhoriomlán, a ghineann níos mó bithmhaise, a chothaíonn ithreacha, a chomhraiceann an gaineamhlú agus a chuireann roinnt seirbhísí luachmhara éiceachórais ar fáil; de bhrí go bhfuil dhá phríomhchineál agrafhoraoiseachta in AE: agrafhoraoisteacht féaraigh coille (ainmhithe ag innilt nó farae a tháirgtear faoi chrainn) agus agrafhoraoiseacht féaraigh curaíochta (barra a fhástar faoi chrainn, le spásáil idir rónna chun spás a thabhairt do tharracóirí); de bhrí gur córais féaraigh coille iad formhór na gcóras agrafhoraoiseachta atá ann cheana in AE agus gur féidir le méadú ar agrafhoraoiseacht cúpla buntáiste a thabhairt i bhfianaise bhrú an chomhshaoil;

R.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 “na foraoisí príomhúla agus seanfháis atá fós ann a laghdú, a mhapáil, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a chosaint go daingean”; de bhrí go bhfuil cosaint na bhforaoisí, lena n-áirítear foraoisí príomhúla agus seanfháis uile AE atá fós ann, ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú; de bhrí de réir tuarascáil ó 2021 de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (24), nach bhfuil ann a thuilleadh ach 4,9 milliún heictéar d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis na hEorpa, arb ionann é sin agus 3 % de limistéar iomlán foraoise an Aontais agus 1,2 % dá mhórchríoch; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag foraoisí príomhúla agus ag foraoisí seanfháis i gcaomhnú na bithéagsúlachta; de bhrí gur minic a bhíonn siad an-bhithéagsúil i gcomparáid le foraoisí eile sa réigiún éiceolaíochta céanna, go bhfuil siad ar mhórán speiceas agus go ndéanann siad flóra agus fauna speisialaithe a óstáil; de bhrí go gcuireann foraoisí príomhúla agus seanfháis raon leathan de sheirbhísí éiceachórais ríthábhachtacha eile ar fáil freisin; de bhrí go bhfuil gá le sainmhíniú oibríochtúil ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis chun beartais a cheapadh, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach cuí;

S.

de bhrí gur ardán d’ionadaithe ó thíortha Eorpacha éagsúla é Integrate Network, ar chuir rialtais roinnt Ballstát tús leis agus go dtacaíonn Buanchoiste an Choimisiúin um Fhoraoiseacht leis, a chuireann comhairle eolaíoch ar fáil agus a atá ina spreagadh tábhachtach go dtí seo chun modhanna a shainaithint chun caomhnú an dúlra a chomhtháthú i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí; de bhrí go raibh ról tábhachtach ag obair an ardáin i malartú taithí agus dea-chleachtas;

T.

de bhrí gur measadh le tionscadal Alterfor, ar tionscadal é atá maoinithe ag Fís 2020, go bhféadfaí barrfheabhas a chur ar mhodhanna bainistíochta foraoise atá in úsáid faoi láthair agus gur cuireadh samhlacha malartacha bainistíochta foraoise i láthair, agus go liostaítear deiseanna agus dúshláin do gach rogha mhalartach;

U.

de bhrí gur forbraíodh beartais nua agus samhlacha nua gnó le tionscadal SINCERE, ar tionscadal é atá maoinithe ag Fís 2020, trí eolas agus saineolas ón gcleachtas, ón eolaíocht agus ón mbeartas a nascadh ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus é mar aidhm leis féachaint ar bhealaí nua chun feabhas a chur ar sheirbhísí éiceachórais foraoise ar bhealaí a théann chun tairbhe d’úinéirí foraoise, chomh maith le freastal ar riachtanais leathana na sochaí;

V.

de bhrí go mbeidh tionchar mór ag an gcogadh san Úcráin ar allmhairí adhmaid, go háirithe adhmad beithe, arb í an Rúis a chuireann 80 % den táirgeadh domhanda de ar fáil, agus ar thionscal próiseála adhmaid na hEorpa agus ar onnmhairí táirgí próiseáilte; de bhrí go n-ardaíonn na smachtbhannaí dlisteanacha a fhorchuirtear ar an Rúis an cheist maidir le spleáchas AE ar allmhairí adhmaid ón Rúis; de bhrí go bhfaigheann AE thart ar 80 % dá éileamh ar adhmad intíre, agus nach bhfuil ach thart ar 2 % den tomhaltas iomlán i gceist le hallmhairí ón Rúis; de bhrí gurb iad an Fhionlainn agus an tSualainn mór-allmhaireoirí AE de lomáin chruinne neamhphróiseáilte ón Rúis agus go ndéanfaidh toirmisc trádála difear dóibh (25);

W.

de bhrí gur fadhb leanúnach gan réiteach í an lománaíocht neamhdhleathach i roinnt Ballstát, lena n-áirítear logáil i limistéir faoi chosaint amhail limistéir Natura 2000;

X.

de bhrí go bhfuil foraoisí riachtanach do shláinte agus d’fholláine coirp agus intinne daoine, go spreagann siad an t-aistriú i dtreo geilleagar atá saor ó iontaise agus go bhfuil ról tábhachtach acu i saol na bpobal áitiúil, go háirithe i gceantair thuaithe ina rannchuidíonn siad ar bhealach tábhachtach le slite beatha áitiúla;

1.   

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Straitéis Nua Foraoise AE ann agus gurb é is uaillmhian don straitéis sin rannchuidiú cothromaithe foraoisí ilfheidhmeacha a mhéadú le spriocanna an Mhargaidh Ghlais agus a Straitéise Bithéagsúlachta AE go dtí 2030, go háirithe na spriocanna maidir leis an bhfás inbhuanaithe glas agus poist ghlasa a chruthú, agus geilleagar iomlán ciorclach atá neodrach ó thaobh carbóin de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de laistigh de theorainneacha pláinéadacha agus aeráidneodracht a bhaint amach ar a dheireanaí faoi 2050; á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht ag baint le straitéis láidir atá bunaithe ar an eolaíocht, agus gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na hinbhuanaitheachta á gcur san áireamh ar bhealach comhtháite cothrom, ós rud é go bhfuil buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta agus réimse leathan seirbhísí ag baint le foraoisí, ó shlí mhaireachtála go háineas, chomh maith lena bheith ag cur le spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta, amhail trí ithreacha agus uisce a chosaint;

2.   

á chur in iúl gurb oth léi nach raibh Straitéis Nua Foraoise AE forbartha i gceart in éineacht le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí agus nár cuireadh seasaimh na gcomhreachtóirí san áireamh go cuí; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ag baint le comhar a neartú a mhéid a bhaineann le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a chur chun feidhme;

3.   

á aithint, de réir bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus chun cáilíocht agus éagsúlacht éiceachórais na bhforaoisí a mhéadú, gur bunchuspóirí Straitéis Foraoise AE agus bunchuspóirí gníomhaithe uile san fhoraoiseacht agus sa slabhra luacha foraoisbhunaithe iad cothabháil, cosaint, neartú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí sláintiúla athléimneacha. agus úsáid á baint as adhmad mar amhábhar ilfheidhmeach in-athnuaite chun an neamhthuilleamaíocht san Aontas a uasmhéadú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na cuspóirí sin i gcomhréir le hionchais agus éilimh na sochaí agus le príomhthosaíochtaí na ndaoine in AE; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh an fhoraoiseacht atá gar don dúlra agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí buntáistí eacnamaíocha den chineál céanna nó níos fearr a chruthú, agus sláine agus athléimneacht na n-éiceachóras á gcaomhnú agus á gcur chun cinn, agus acmhainneacht na bhforaoisí a mhéadú mar linnte carbóin agus tearmainn bhithéagsúlachta, agus don téarnamh bithéagsúlachta.

4.   

á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag foraoisí, a mbithéagsúlacht agus a n-éiceachórais éagsúla i sláinte an chomhshaoil, bearta maolaithe aeráide, aer glan, uisce agus seasmhacht ithreach a sholáthar, agus torthúlacht, agus gnáthóga éagsúla agus micreaghnáthóga á chur ar fáil do go leor speiceas, agus tacaíocht á tabhairt don bhithéagsúlacht láidir dá bharr. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról riachtanach ag foraoisí i sláinte agus folláine an duine, lena n-áirítear coillearnacha uirbeacha agus peirea-uirbeacha ar a bhfuil rochtain acu siúd is mó nach bhfuil aon teagmháil acu leis an dúlra, mar aon le seirbhísí oideachais agus turasóireachta a chur ar fáil; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chuige “Aon Sláinte Amháin” a chur chun cinn, ar cur chuige é a aithníonn an dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an dúlra sláintiúil; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú fónta láithreáin Natura 2000 ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht Eorpach agus éiceachórais na hEorpa agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a chothabháil agus a fheabhsú;

5.   

á chur i bhfáth go bhfuil ról riachtanach ag éiceachórais na bhforaoisí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó agus maidir le cur le cuspóir an Aontais i ndáil le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á aithint go bhfuil athrú aeráide ag athrú acmhainn fáis foraoisí i roinnt áiteanna, ag méadú minicíocht agus tromchúis an triomaigh, na dtuilte agus na dtinte, chomh maith le scaipeadh lotnaidí agus galar nua a chothú a bhfuil tionchar acu ar fhoraoisí; ag tabhairt dá haire gur mó cumas na n-éiceachóras slán ná na cinn dhíghrádaithe chun strusairí comhshaoil a shárú, lena n-áirítear athruithe ar an aeráid, toisc go bhfuil airíonna nádúrtha iontu a chuireann ar a gcumas a n-acmhainn oiriúnaitheach a uasmhéadú; á chur i bhfáth go mbeidh tionchar níos diúltaí fiú ar fhoraoisí na hEorpa sna blianta atá romhainn, agus beidh an tionchar sin ar áiteanna a bhfuil seastáin foraoise comhaimseartha aonghnéithí inti go háirithe; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le hathléimneacht fhoraoisí na hEorpa a neartú, go háirithe trí éagsúlacht struchtúrach, fheidhmiúil agus chomhdhéanaimh na bhforaoisí a mhéadú; á áitiú go bhfuil athléimneacht níos mó agus cumas méadaithe oiriúnaithe i bhforaoisí measctha atá saibhir ó thaobh struchtúir de ina bhfuil fairsinge éiceolaíoch leathan le feiceáil sa chomhthéacs sin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh líon teoranta speiceas a bheith i bhforaois mheasctha chobhsaí i ndálaí áirithe; á chur i bhfios go láidir gur gné ríthábhachtach é talamh foraoise, mar aon lena linnte carbóin de chrainn bheo agus d’adhmad marbh faoi seach, chun teorainn a chur leis an téamh domhanda, chun cur le spriocanna an Aontais maidir le neodracht aeráide agus chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht; á mheas gurb é cur chun cinn foraoisí atá éagsúil ó thaobh na bitheolaíochta de an t-árachas is éifeachtaí i gcoinne an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta;

6.   

á thabhairt chun suntais go bhfuil cumhdach agus méid (26) na bhforaoisí ag fás go leanúnach in AE, cé gur cuireadh moilliú leo le blianta beaga anuas, rud atá i gcodarsnacht le treocht dhomhanda an dífhoraoisithe (27); á aithint go bhfuil iarrachtaí déanta ag na gníomhaithe uile ar fud an tslabhra luacha foraoisbhunaithe a rannchuidigh leis an bhforbairt sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an brú ag méadú atá ar fhoraoisí AE agus ar a ngnáthóga, rud atá níos measa fós mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide, agus á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hathléimneacht foraoisí agus éiceachórais a chosaint agus a mhéadú, lena n-áirítear trí bhearta chun cur leis an gcumas oiriúnú don athrú aeráide, agus chun brúnna a laghdú i gcás inarb indéanta, agus saintréithe na foraoise á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur cosúil go bhfuil méadú tagtha ar leochaileacht fhoraoisí AE i leith lotnaidí agus pataiginí ionracha agus gur bagairt iad ráigeanna do charbón ceaptha (28), bithéagsúlacht agus cáilíocht adhmaid;

7.   

á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhforáiltear ina reachtaíocht go mbeadh an chosaint is fearr ar thruailliú agus damáiste á cur ar fáil d’fhoraoisí; á chur i bhfios, go háirithe, go bhfuil cosaint ar éilliú inti, amhail trí mhuinisin luaidhe nó lotnaidicídí, an-chomhbhrú ithreach de bharr úsáid mhíchuí innealra, agus cosaint ar dhamáiste ó ghéim ag piocadh nó damáiste ó phobal géime chrúbscaoilte atá rómhór.

8.   

á thabhairt chun suntais go bhfuil saintréithe sonracha agus éagsúla ag earnálacha foraoiseachta sna Ballstáit agus á chur i bhfios go láidir gur saintréith d’fhoraoisí an Aontais í éagsúlacht na ndálaí nádúrtha, ar nós na bithgheografaíochta, na méide, an struchtúir agus na bithéagsúlachta, mar aon leis na patrúin úinéireachta, na cineálacha rialachais, na dúshláin agus na deiseanna, agus go raibh an chuid is mó díobh múnlaithe ag na céadta blianta d’idirghníomhaíocht, idirghabháil agus bainistíocht ón duine agus go bhfuil siad ina gcineál oidhreachta cultúrtha dá bharr; á mheabhrú freisin gur fhorbair foraoisí príomhúla agus seanfháis gan mórán idirghabháil agus bainistíocht ón duine. á chur i bhfáth go bhfuil gá i gcásanna áirithe le cur chuige oiriúnaithe maidir le bainistíocht foraoisí agus soláthar seirbhísí éiceachórais chun a áirithiú go bhféadfaí an straitéis a chur chun feidhme i ngach cineál foraoise agus staide;

9.   

á aithint go bhfuil bainistiú foraoise sonrach de réir suímh agus go bhféadfadh cineálacha éagsúla cur chuige bainistíochta a bheith ag teastáil ó dhálaí éagsúla foraoise agus ó chineálacha éagsúla foraoise bunaithe ar riachtanais éagsúla éiceolaíocha agus ar shaintréithe éagsúla talún foraoise, agus cearta agus leasanna oibrithe na hearnála foraoise, úinéirí agus gníomhaithe eile lena mbaineann á gcur san áireamh;

10.   

á thabhairt chun suntais gur rannchuidigh na húinéirí foraoise agus gníomhaithe foraoise sa slabhra luacha foraoisbhunaithe leis na hiarrachtaí maidir le geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus leis an luach a bhaineann le heolas ó ghlúin go glúin agus le heolas stairiúil faoin bhforaoiseacht agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí;

11.   

á aithint a chasta atá sé measúnú a dhéanamh ar staid na bhforaoisí, agus go bhfuil infhaighteacht, éagsúlacht agus cáilíocht sonraí neamhchothrom, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach beartais agus eolaíochta agus maoiniú breise ar gach leibhéal, ag tosú le comhairliúcháin leis na Ballstáit, agus go háirithe le bainisteoirí agus úinéirí foraoisí, chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le staid na bhforaoisí agus, i gcás inarb iomchuí, comhchuibhiú sonraí; á chur i bhfáth gur gá acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna a chur san áireamh freisin, go háirithe chun a bheith in ann úsáidí foraoisí agus teorainneacha i ndáil le húsáid foraoisí atá tíosach ar acmhainní a shainaithint go luath.

12.   

á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil an bhéim ar fhoraoisí in AE, gur cheart don straitéis agus don chur chun feidhme a bheith comhleanúnach leis an obair atá déanta ar leibhéal uile-Eorpach ag Forest Europe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós FAO, agus nach mór dóibh tuairimí grúpaí saineolaithe agus an obair a rinneadh ar leibhéal na mBallstát chur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart dúbláil oibre agus méadú ar an ualach riaracháin a sheachaint sa straitéis agus sa chur chun feidhme. á chreidiúint, thairis sin, gur cheart, i bhfianaise thiomantas láidir an Aontais don bhithéagsúlacht agus na linnte carbóin a chosaint, agus do shainaithint, táirgeadh agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn ar fud an domhain, mar a chuirtear i dtreis i dtogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le táirgí nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu, an straitéis a chur chun feidhme ar bhealach ina mbeidh sí ina samhail dea-chleachtas, ag aithint na staideanna éagsúla tionscnaimh, agus í ina spreagadh ag an am céanna le haghaidh cineálacha cur chuige comhchosúla i réigiúin eile;

13.   

á chur i bhfáth nach mór an straitéis a chur chun feidhme ar bhealach atá oiriúnach don fheidhm ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil ionas go ndéanfar a cuspóirí éagsúla a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch ar féidir a bheith aici, lena n-áirítear trí chur chun feidhme a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla, do thaithí áitiúil, d’eolas traidisiúnta agus d’úsáid thraidisiúnta, agus an tuiscint eolaíoch reatha á cur san áireamh, agus trí na scileanna is gá a chur ar fáil do gheallsealbhóirí; ag tabhairt dá haire gur gá é a bhunú ar aitheantas iomlán do chearta maoine agus ar earnáil foraoiseachta atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus na sochaí de, agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ós gnéithe ríthábhachtacha iad maidir le soláthar seirbhísí éagsúla foraoisí agus le feabhsú na hathléimneachta;

14.   

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair cuimsitheach a sholáthar ar an straitéis chun na himpleachtaí ar dhálaí an mhargaidh, limistéir thuaithe agus na riachtanais mhaoiniúcháin éagsúla a shainaithint, lena n-áirítear taighde agus nuálaíocht, scileanna a fhorbairt, bonneagar, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus feabhsú na bithéagsúlachta;

Cothú ilfheidhmiúlachta cothroime

15.

á aithint go bhfuil ról lárnach ag foraoisí agus ag an slabhra luacha foraoisbhunaithe ar fad maidir leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht a chosaint, agus maidir leis an athrú aeráide a mhaolú chun rannchuidiú le geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á chur i bhfios go láidir go gcuimsítear le ról ilfheidhmeach na bhforaoisí seirbhísí éiceachórais iomadúla agus feidhmeanna socheacnamaíocha iomadúla, amhail caomhnú agus feabhsú na bithéagsúlachta agus ithreacha, maolú ar an athrú aeráide, ceapadh agus stóráil carbóin ón atmaisféar, cosc ar dhíghrádú talún, soláthar amhábhar inathnuaite agus amhábhar atá bunaithe ar an dúlra agus soláthar táirgí leighis, inite agus cócaireachta, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamheastóscacha, lena n-áirítear éiceathurasóireacht inbhuanaithe, ar seirbhísí agus feidhmeanna iad as a n-eascraíonn poist agus fás eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus uirbeacha, agus a chuireann i gcoinne bhánú na tuaithe, a rannchuidíonn le huisce agus aer glan a sholáthar, agus le cosaint ar ghuaiseacha nádúrtha agus lena mbaineann sochair chultúrtha, aeistéitice, shláinte agus áineasa; á chur i bhfáth nach mór a áirithiú le cur chun feidhme na straitéise go ndéantar gach seirbhís a sholáthar ar bhonn cothrom agus go gcoinnítear agus go bhfeabhsaítear an t-iomaíochas agus an nuálaíocht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bainistiú gníomhach inbhuanaithe chun seirbhísí a sholáthar go rathúil;

16.

á chreidiúint gur cheart gurb é an príomhphrionsabal maidir le cothromaíocht a aimsiú idir feidhmeanna iomadúla foraoisí agus maidir le spriocanna agus bearta a shainiú i dtreo sholáthar na seirbhísí éiceachórais uile ná féachaint le sineirgí a uasmhéadú agus le comhbhabhtálacha a íoslaghdú ar bhonn faisnéis atá bunaithe ar fhianaise;

17.

á chur i bhfáth go gcuireann foraoisí le maolú an athraithe aeráide trí cheapadh carbóin, stóráil carbóin agus ionadú inbhuanaithe an mhéid seo a leanas le hadhmad agus táirgí adhmaid: breoslaí iontaise, táirgí iontaise, ábhair, foinsí fuinnimh agus táirgí eile a bhfuil lorg ard comhshaoil agus carbóin acu; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é adhmad an t-aon acmhainn nádúrtha inathnuaite shuntasach a d’fhéadfadh a chur in ionad roinnt ábhar atá an-dian ar fhuinneamh, amhail stroighin agus plaistigh, agus go mbeidh éileamh níos mó air amach anseo; ag tabhairt dá haire go leagtar béim ar leith sa straitéis ar stóráil in earnáil na tógála agus á chreidiúint gur cheart, agus í á cur chun feidhme, tacú go soiléir le húsáid níos leithne a bheith á baint as roghanna éagsúla le haghaidh ionadú le hadhmad agus gur cheart go mbeadh sí bunaithe ar mheasúnuithe saolré atá láidir agus bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil AE agus le spriocanna na straitéise bithgheilleagair agus tionsclaíochta, chun acmhainneacht iomlán na dtáirgí foraoisbhunaithe a scaoileadh chun an geilleagar ciorclach a neartú, an t-athrú aeráide a chomhrac agus geilleagar tar éis breosla iontaise a bhaint amach; ag cur béim ar an ról atá ag taighde ar ionadú ábhar iontaise agus breoslaí iontaise; á chur i bhfáth gur gá tomhaltas AE i gcoitinne a laghdú agus á chur in iúl gur geal léi modheolaíocht a bhunú chun na tairbhí aeráide a bhaineann le tógáil adhmaid a chainníochtú;

18.

ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart neamhaird a thabhairt ar an tábhacht shuntasach a bhaineann le hithir foraoise atá sláintiúil agus torthúil, ós rud é go bhfuil sí éigeantach chun an saol a chothú, táirgiúlacht foraoise a mhéadú (29), carbón a stóráil agus an líonra riachtanach fungasach faoi thalamh a chosaint lena gcuirtear ar chumas crann acmhainní, amhail cothaithigh agus uisce, agus comharthaí cosanta a roinnt, frithsheasmhacht mhéadaithe a thabhairt i gcoinne lotnaidí, galar, agus fiú amháin triomaigh agus eachtraí adhaimsire (30)(31)(32), ar dócha go dtiocfaidh méadú orthu i dtaobh déine agus minicíochta de dheasca an athraithe aeráide;

19.

á thabhairt chun suntais gur gá táirgí atá bunaithe ar adhmad a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is inbhuanaithe ionas go mbeidh siad ina rannchuidiú barrmhaith le maolú an athraithe aeráide agus le geilleagar ciorclach; á chreidiúint nach mór srian a chur le baint adhmaid trí theorainneacha inbhuanaitheachta agus gur caighdeán maith iad na prionsabail sa treoir chascáideach (33) le haghaidh úsáid éifeachtúil, ach amháin mura n-úsáidfear iad mar chur chuige statach, agus nach mór, dá bhrí sin, iad a choigeartú go rialta chun úsáid nuálach a léiriú amhail sa tionscal tógála, teicstílí, bithcheimiceáin, feidhmchláir leighis agus ábhair ceallraí; á chur i bhfáth gur gá acmhainní atá bunaithe ar adhmad a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, trí chinntí eacnamaíocha agus oibríochtúla lena gcuirtear sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh, agus á chur i bhfáth gur féidir le margadh dea-fheidhmiúil, neamhshaofa a bheith ina spreagadh d’úsáid inbhuanaithe éifeachtúil acmhainní atá bunaithe ar adhmad i gcomhar le bearta leormhaithe chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú;

20.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht ag roinnt le soláthar iontaofa inbhuanaithe adhmaid, táirgí atá bunaithe ar adhmad agus bithmhais foraoisbhunaithe a mhéid a bhaineann le spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear an cuspóir maidir le neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050 agus sprioc an Chomhaontaithe Ghlais maidir le fás glas agus poist ghlasa; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go leanfaidh an t-éileamh de bheith ag fás (34) agus gur cheart úsáid adhmaid a tháirgtear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a spreagadh chun freastal ar an éileamh sin; á chreidiúint gurb í cuid mhór d’earnáil foraoiseachta an Aontais a sholáthraíonn amhábhair atá an-inbhuanaithe ó thaobh foinsithe de; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar éifeachtaí sceite agus éifeachtaí ionadaíochta breoslaí iontaise agus ábhar neamh-inathnuaite, chomh maith leis na héifeachtaí ar iomaíochas earnáil na foraoiseachta agus na dtionscal foraoisbhunaithe, agus faireachán a dhéanamh ar aon tionchar ar infhaighteacht adhmaid tar éis do na bearta faoin straitéis a bheith curtha chun feidhme;

21.

á chur i bhfios go bhfuil dúshláin mhóra ag baint leis an méadú ar an éileamh ar adhmad mar amhábhar, go háirithe ar adhmad atá le húsáid mar fhoinse fuinnimh, i gcomhthéacs géarchéimeanna polaitiúla, amhail an cogadh san Úcráin, agus gur gá faireachán leanúnach a dhéanamh ar acmhainní foraoise intíre chun measúnú a dhéanamh ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar spleáchais ar allmhairiú adhmaid ón Rúis i bhfianaise na smachtbhannaí dlisteanacha tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin agus straitéisí inbhuanaithe a fhorbairt chun suaitheadh a mhaolú i gcás inar gá, agus tiontú talún talmhaíochta atá oiriúnach do tháirgeadh bia á sheachaint ar leibhéal AE; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá cinnteacht an tsoláthair agus táirgeadh amhábhar dá chuid féin in AE, i gcomhthéacs níos leithne chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; á chur i bhfáth, in imthosca áirithe, go bhféadfadh cailliúint fostaíochta i limistéir thuaithe agus spleáchas méadaithe ar allmhairiú táirgí foraoisbhunaithe ó áiteanna ar fud an domhain, áiteanna nach bhfuil bainistiú foraoisí chomh hinbhuanaithe sin, teacht as faillí a dhéanamh i bhforaoisí;

22.

á mheabhrú go bhfuil 2,1 milliún duine ag obair san earnáil fhoraoisbhunaithe, agus go dtacaíonn an slabhra luacha foraoisbhunaithe ina iomláine le 4 mhilliún post sa gheilleagar glas, ar poist iad nach gcuimsíonn gníomhaíochtaí miondíola agus gníomhaíochtaí neamhadhmaid amhail gníomhaíochtaí fóillíochta agus obair eolaíoch a bhaineann le foraoisí; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú 33 % ar fhostaíocht in earnáil na foraoiseachta idir 2000 agus 2015, go príomha mar gheall ar an méadú a bhí ag teacht ar mheicniú tráth a raibh méadú ag teacht ar eastóscadh adhmaid freisin; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí maidir le poist ghlasa a chruthú i limistéir thuaithe agus shléibhtiúla; ag cur sonrú sa ról tábhachtach atá ag táirgí foraoise neamhadhmaid, amhail bianna éagsúla atá bunaithe ar an dúlra, cógais agus réitigh d’ábhair bhunúsacha, mar fhoinse ioncaim, le luach measta de thart ar EUR 4 bhilliún in 2015 (35), agus go bhfuil na táirgí sin fréamhaithe go domhain i dtraidisiúin réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha a bhaineann le cur chuige atá níos gaire don dúlra, lena n-áirítear na tionchair ar fhostaíocht dhíreach agus indíreach;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag athrú ar chothromaíocht fheidhmeanna na foraoise ar staid fhoriomlán na fostaíochta agus ar bhrabúsacht na hearnála áitiúla adhmaid, go háirithe i limistéir thuaithe agus shléibhtiúla, chomh maith le codanna iartheachtacha de na tionscail próiseála adhmaid, agus á thabhairt chun suntais gur gá tarraingteacht na fostaíochta san earnáil a choinneáil nó a fheabhsú, mar aon le sábháilteacht san ionad oibre, agus breithniú á dhéanamh ar athruithe ar chleachtais bhainistíochta;

24.

á aithint go bhfuil roinnt comhthairbhí ag baint le hathfhoraoisiú agus foraoisiú, amhail scagachán uisce, infhaighteacht mhéadaithe uisce, maolú ar thriomach, rialú tuilte, dríodrú seachanta, cruthú gnáthóg fiadhúlra, méadú ar fhána ithreach, torthúlacht fheabhsaithe ithreach agus scagachán aeir; á chur in iúl gur geal léi an treochlár athfhoraoisithe agus foraoisithe le haghaidh 3 bhilliún crann breise ar a laghad a chur san Aontas faoi 2030; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na tionscnaimh sin a chur i gcrích i gcomhréir le prionsabail shoiléire éiceolaíocha agus go mbeadh siad go hiomlán comhoiriúnach le cuspóir na bithéagsúlachta agus tosaíocht á tabhairt d’athbhunú éiceachórais na bhforaoisí; á mheabhrú go bhfuil cur crann ag brath ar thacaíocht na ngeallsealbhóirí áitiúla agus ar phleanáil réigiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chrainn oiriúnacha a chur i limistéir ina bhfuil talamh díghrádaithe agus a ndéanann gaineamhlú difear dóibh, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé foraoisí príomhúla agus seanfháis a chosaint; á chur i bhfios gur féidir le méadú ar limistéar na talún foraoisithe rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le hathghiniúint nádúrtha na gcóras foraoise díghrádaithe, agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta mar éifeacht mheántéarmach agus fhadtéarmach chomh maith le cruthú post nua; á iarraidh ar an gCoimisiún na crainn a chuirfear faoi éiciscéimeanna nua an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) agus faoi na gealltanais chomhshaoil, aeráide agus bhainistíochta eile a áireamh ina phrionsabail breisíochta, chomh maith leis na crainn a chuirfear faoi na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é go mbeidh CBT nua agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta araon curtha chun feidhme tar éis ghlacadh Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; á chur i bhfáth, ós rud é gur acmhainn fhinideach é an talamh, gur cheart tosaíocht a thabhairt do chrainn a chur sna foraoisí atá ann cheana, ar thalamh meath-thorthúil agus i limistéir uirbeacha thar thalamh talmhaíochta a thiontú, go háirithe sna himthosca geopholaitiúla nua, agus thar thiontú féaraigh agus féarthailte nádúrtha freisin, toisc nach n-eascraíonn athruithe suntasacha ar charbón orgánach san ithir as (36); ag tabhairt dá haire go bhfuil an deis ann chun forbairt foraoise uirbí a dhéanamh sa limistéar sin; á mheabhrú, áfach, go bhféadfadh comhbhabhtálacha maidir leis an mbithéagsúlacht a bheith i gceist le hathfhoraoisiú agus foraoisiú freisin, e.g. maidir le féarthailte bithéagsúla;

Cosaint, athchóiriú, athfhoraoisiú agus foraoisiú, agus bainistiú inbhuanaithe

25.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ilghnéitheach ag foraoisí agus tábhacht ag baint le héiceachórais foraoise shláintiúla atá athléimneach ó thaobh na héiceolaíochta de agus a chuireann an iliomad seirbhísí ar fáil don tsochaí, amhail caomhnú na bithéagsúlachta agus soláthar amhábhar inathnuaite, lena gcabhraítear le poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch i limistéir thuaithe; á chur i bhfáth go gcuideoidh beartais lena bhfeabhsaítear cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta le dul i ngleic leis an athrú aeráide; á iarraidh go gcuirfear bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí i bhfeidhm i gcur chun feidhme na spriocanna aeráide, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach chun dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a laghdú, agus á áitiú gur cheart caomhnú na bithéagsúlachta agus cosaint agus caomhnú gnáthóg a chuimsiú faoi bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí;

26.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá don Aontais cosaint, caomhnú agus athbhunú éiceachórais na bhforaoisí a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar Dhlí AE um Athbhunú an Dúlra atá ar na bacáin agus ar athléimneacht éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú, agus ag an am céanna tacú le forbairt earnála foraoiseachta bríomhaire atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus le forbairt na bpobal áitiúil; á iarraidh go mbeadh fís fhadtéarmach ann chun foraoisí na hEorpa a chosaint agus a athbhunú;

27.

ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún go bhforbródh sé táscairí breise agus luachanna tairsí breise chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar fhoraoisí, a bhfuil sé de rogha na mBallstát na táscairí agus luachanna tairsí sin a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach; á chreidiúint gur cheart na táscairí agus na tairseacha sin an tuiscint atá ann a fheabhsú i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil foraois á bainistiú go hinbhuanaithe ar leibhéal clampa foraoise, nó ar leibhéal an tírdhreacha ar a laghad, agus a chinneadh cad iad na hiarrachtaí athchóirithe ar éirigh leo; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí agus tairseacha atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt chun an creat maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chomhlánú, go háirithe maidir le critéir shoiléire a fhorbairt a bhaineann le sláinte an éiceachórais, leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, arb é is aidhm dóibh uirlis éifeachtúil a dhéanamh díobh chun inbhuanaitheacht fhoraoisí AE a fheabhsú agus chun a áirithiú go gcuirfidh bainistiú foraoisí le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta AE; á mheas gur uirlisí ríthábhachtacha iad na táscairí agus na tairseacha breise sin chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó in earnáil na foraoiseachta; á thabhairt chun suntais gur comhaontaíodh sainmhíniú ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí mar chuid den phróiseas uile-Eorpach Forest Europe agus go bhfuil an sainmhíniú sin ionchorpraithe i reachtaíocht náisiúnta agus córais dheonacha, amhail deimhnithe foraoise, sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá comhleanúnachas a áirithiú idir obair an Choimisiúin, obair Forest Europe agus obair FAO, chomh maith le haon dúbailt iarrachtaí nó méadú díréireach ar an ualach riaracháin a sheachaint, agus gur gá freisin a bheith i dteagmháil le húdaráis inniúla náisiúnta agus réigiúnacha, bainisteoirí foraoisí poiblí agus príobháideacha agus úinéirí foraoisí, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun a áirithiú go bhfuil na táscairí agus na raonta luacha oiriúnach lena gcur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil faoi dhálaí bithgheografacha sonracha; á chur i bhfios gur chuir Forest Europe tús le hobair chun féachaint arís ar an sainmhíniú ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus ar a uirlisí; á iarraidh ar na Ballstáit leanúint lena gcuid iarrachtaí na straitéisí náisiúnta agus reachtaíocht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun feidhme i gceart, agus iad a chur in oiriúint dá n-imthosca náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht AE agus cuspóirí ceangailteacha maidir le foraoisí a thrasuí agus a chur chun feidhme go leormhaith, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga, lena n-áirítear Natura 2000;

28.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ag méadú ar an mbrú atá ar fhoraoisí i ngeall ar lotnaidí, galair agus seadáin, tubaistí nádúrtha, cothromaíocht athraithe uisce, ardú na meánteochtaí agus suaití eile mar thoradh ar an athrú aeráide, agus gur ábhar práinne é athléimneacht agus oiriúnú éiceachóras na bhforaoisí a neartú trí bhainistiú gníomhach inbhuanaithe; ag cur sonrú sa tionchar eacnamaíoch atá ag na suaití sin ar earnáil na foraoiseachta ina hiomláine; ag tabhairt dá haire gur féidir le húsáid níos mó teicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe agus cleachtas bainistíochta maidir le hathbhunú, foraoisiú agus athfhoraoisiú cuidiú leis an athléimneacht a neartú agus leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún eolas a bhailiú agus a scaipeadh i measc na mBallstát maidir leis an gcaoi le foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag dréim leis, i gcomhréir le Straitéis nua AE um an Oiriúnú agus leis an Straitéis Bhithéagsúlachta; ag tabhairt dá haire go gcuimsítear réimse leathan gníomhaíochtaí agus cleachtas oiriúnaitheach le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, mar choincheap dinimiciúil, agus go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag go leor acu maidir le hacmhainneacht na bhforaoisí i ndáil le maolú an athraithe aeráide, agus go gcuirtear bearta ar fáil leis an mbainistiú sin maidir le speicis Eorpacha atá oiriúnaithe ar bhealach níos fearr agus bunáitíochtaí feabhsaithe a thabhairt isteach, le rannchuidiú na bhforaoisí le timthriall an uisce a neartú, le leagan a dhéanamh chun lotnaidí, pataiginí agus speicis ionracha a shrianadh, le dóiteán foraoise a chosc agus le feidhmeanna cosantacha a chothabháil, i measc nithe eile, agus, ag an am céanna, bonn taca á chur faoi róil ilfheidhmeacha na bhforaoisí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le rochtain a fháil ar na hacmhainní géiniteacha chun foraoisí níos mó, athléimneacha agus éagsúla a fhás; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le linnte géinte síolóige náisiúnta chun líon leordhóthanach speiceas crann dúchasach a chur ar fáil do thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha maidir le hathfhoraoisiú agus foraoisiú; á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag an athghiniúint nádúrtha i ndáil le todhchaí na bhforaoisí, ós rud é gur féidir léi forbairt fréimhe nach gcuirtear isteach uirthi a chothú, chomh maith le beocht agus cobhsaíocht crann níos fearr agus costais phlandála níos ísle a chothú freisin, agus á thabhairt dá haire nach féidir i gcónaí an athghiniúint nádúrtha a bhaint amach mar gheall ar dhálaí sonracha foraoise; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cleachtais bainistithe inbhuanaithe difreáilte ar fhoraoisí de dhíth mar gheall ar fhoraoisí éagsúla agus dálaí éagsúla aeráide an Aontais, ar cheart iad a fhorbairt tuilleadh go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil, agus ar cleachtais iad a bhfuil bonn láidir comhchoiteann acu;

29.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gur dúshlán méadaitheach ar fud an Aontais Eorpaigh iad falscaithe ar mórscála agus falscaithe níos déine agus, go háirithe, nach bhfacthas a leithéid de shéasúr dóiteáin 2021 in AE riamh roimhe seo, ós rud é gur scriosadh thart ar 0,5 milliún heicteár le tine, go háirithe i réigiúin na hEorpa a bhfuil an t-ardú meánteochta is airde acu, amhail réigiún na Meánmhara; á chur i bhfios go láidir go bhfuil “tinte móra” ag méadú ó thaobh déine agus minicíochta ar fud an domhain; á mheabhrú gur cosaint nó bacainn níos fearr in aghaidh dóiteáin foraoise ar mhórscála nach féidir a rialú é tírdhreach éagsúil ina bhfuil foraoisí éagsúla; á chur i bhfáth go gcuideodh athchóiriú foraoisí éagsúla le cosc agus srianadh dóiteáin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le níos mó acmhainní chun bainistiú dóiteáin atá bunaithe ar an eolaíocht agus tacaíocht d’fhothú acmhainneachta trí sheirbhísí comhairleacha a fhorbairt chun dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide i bhforaoisí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an coincheap comhtháite maidir le bainistiú dóiteáin a chur chun cinn agus a úsáid ar bhealach níos fearr agus ag tabhairt dá haire go bhféadfadh go n-éileodh sé sin acmhainneacht rialála níos fearr sna Ballstáit, neartú na seirbhísí poiblí, agus tacaíocht thiomnaithe agus comhar méadaithe le haghaidh tubaistí a chosc, agus le hullmhacht agus le freagairt dóibh; á thabhairt chun suntas a thábhachtaí atá sé an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a fhorbairt tuilleadh agus leas iomlán a bhaint as i ndáil le dóiteáin foraoise agus tubaistí nádúrtha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún eolas a bhailiú agus a scaipeadh i measc na mBallstát maidir leis an gcaoi le foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag dréim leis, i gcomhréir le straitéis nua AE um an oiriúnú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe riosca agus léarscáileanna ar dhóiteán foraoise a chruthú, ar bhonn táirgí feabhsaithe Copernicus, na hintleachta saorga agus sonraí cianbhraiteachta eile, chun tacú le gníomhaíocht choisctheach;

30.

á chur i bhfios go láidir gur cuid den bhosca uirlisí bainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí iad leibhéil éagsúla cosanta; ag cur béim ar an bhfíoras, in go leor cásanna, go bhfuil cineálacha áirithe idirghabhála fós ag teastáil chun foraoisí a chosaint, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha nádúrtha nó ar riachtanais oiriúnaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil foraoisí ilspeiceas a bhfuil aoiseanna éagsúla agus cosaint leanúnach acu níos athléimní maidir le tionchair aeráide amhail dóiteán, triomach, agus eachtraí aimsire neamhshéasúracha, lena n-áirítear mar chuid de bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus dá bhrí sin, gur infheistíocht thábhachtach iad don todhchaí; á áitiú nár cheart tacú le monashaothrú, nach bhfuil an athléimneacht chéanna iontu i gcoinne lotnaidí agus galar, ná i leith triomaigh, gaoithe, stoirmeacha agus dóiteáin, le cistí AE;

31.

á aithint nach gcuireann gach cleachtas bainistíochta le ceapadh carbóin i bhforaoisí, ach á chur i bhfáth gur féidir cleachtais a oiriúnú agus a nuachóiriú agus gur féidir le cleachtóirí iad féin a oiriúnú agus nuachóiriú a dhéanamh chun na comhbhabhtálacha a chothromú ar an mbealach is fearr, a gcur chuige a bharrfheabhsú i leith cuspóirí iolracha a bhaint amach, agus sineirgí a chruthú le spriocanna maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó agus le feidhmeanna iomadúla eile na bhforaoisí; á chur i bhfios, i dtaca leis sin, go gcaithfear breithniú a dhéanamh ar chomhbhabhtálacha agus ar shineirgí idir an t-éileamh ar adhmad agus an chaoi a mbítear ag dréim leis go bhfeidhmeoidh foraoisí mar linnte carbóin agus go gcuirfidh siad gnáthóga ar fáil do fhlóra agus d’fhána; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar a sheirbhísí, i ndáil leis sin, oibriú go straitéiseach chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann leis an bhforaoiseacht agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a fheabhsú, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á thabhairt chun suntais gur féidir le cleachtais áirithe bhainistíochta, go háirithe lena n-áirítear talamh atá curtha i leataobh go deonach, cuidiú le foraoisí a athbhunú agus tionchar dearfach a bheith acu ar cheapadh carbóin, ar an mbithéagsúlacht agus ar stádas éiceolaíoch; ag tabhairt dá haire gur féidir leibhéil bhithéagsúlachta agus leibhéil acmhainneachta ceaptha agus stórála carbóin an-éagsúil a bheith ag foraoisí ag brath ar bhainistiú, ar an innealra a úsáidtear, ar dhéine agus ar mhinicíocht an ghearrtha, ar bhail na hithreach, ar dhéine seadán agus tinnis, ar aois clampaí foraoise etc.; á chur i bhfios go bhfuil níos mó carbóin á scaoileadh anois ag roinnt foraoisí ná mar atá á ionsú acu; ag tabhairt dá haire nár cheart foraoisí a mheas mar linnte CO2 amháin ná mar réiteach ar an easpa laghduithe ar astaíochtaí ó earnalácha eile;

32.

á chur in iúl gur geal léi comhar leanúnach an Choimisiúin agus na mBallstát maidir le treoirlínte deonacha ón Meitheal um Fhoraoisí agus um an Dúlra le haghaidh foraoiseacht atá “níos gaire don dúlra”; á chreidiúint gur cheart, chun breisluach a áirithiú, prionsabal na coimhdeachta a urramú go hiomlán sna treoirlínte maidir leis an gcoincheap sin agus gur cheart raon leathan uirlisí agus cleachtas bainistithe foraoisí atá inbhuanaithe, dírithe ar thorthaí agus cruthaithe ar bhonn eolaíoch a ionchorprú sna treoirlínte sin, go háirithe agus riachtanais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh, chun na huirlisí agus na dreasachtaí airgeadais ábhartha a thabhairt d’úinéirí foraoise agus do bhainisteoirí foraoise chun caidrimh agus comhar a fheabhsú ionas go ndéanfaí cosaint na bithéagsúlachta a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcleachtais bhainisteoireachta níos fearr, ar cleachtais iad arb é is aidhm dóibh seirbhísí agus táirgí eile éiceachórais a sholáthar, mar atá léirithe ag Integrate Network; á thabhairt chun suntais go bhfuil saintréithe an-éagsúla ag foraoisí laistigh den Aontas agus dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le cineálacha éagsúla cur chuige beartais agus bainistíochta, ar cuir chuige iad a bhfuil bonn láidir comhchoiteann acu;

33.

á thabhairt chun suntais an tábhacht a bhaineann le foraoisí príomhúla agus seanfháis, ina bhfuil bithéagsúlacht shaibhir agus a sholáthraíonn éagsúlacht ard micreaghnáthóg atá riachtanach chun ardleibhéil bhithéagsúlachta a chothú, agus an ról lárnach atá acu maidir le cosaint na bithéagsúlachta, ceapadh agus stóráil carbóin, agus soláthar fionnuisce; ag athdhearbhú na hiarrata go ndéanfaí na foraoisí seanfháis agus príomhúla uile atá fós ann a chosaint go docht, i gcomhréir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; á áitiú nach mór cosaint a thabhairt freisin do na criosanna maolánacha atá cóngarach d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis chun tacú le saintréithe foraoise seanfháis a fhorbairt; á chur i bhfáth go gcuirfear feabhas ar nascacht gnáthóg a bhfuil ardluach éiceolaíoch acu trí chosaint iomchuí a leathnú chuig criosanna maolánacha, rud a chuideoidh go mór le caomhnú agus a mhaolóidh tionchair dhiúltacha na hilroinnte; á aithint go bhfuil beagnach gach foraois phríomhúil caillte agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an lománaíocht neamhdhleathach atá ag tarlú i roinnt Ballstát san Aontas; ag cur sonrú sna sainmhínithe éagsúla ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis arna mbunú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus á chur i bhfáth nach mór, sula ndéanfar aon iarracht ainmniúcháin eile, sraith sainmhínithe ar cad is foraoisí príomhúla agus seanfháis ann a chomhaontú go comhchoiteann idir na Ballstáit, úinéirí foraoise agus bainisteoirí foraoise, agus geallsealbhóirí eile, ar sainmhínithe iad a chuirfear leis na cinn atá ann cheana; á chur in iúl gurb oth léi nár ghlac an Coimisiún na treoirlínte maidir leis an sainmhíniú ar fhoraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla in 2021, mar a léiríodh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 iad, ach á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach atá á déanamh ag an Meitheal um Fhoraoisí agus um an Dúlra maidir leis na sainmhínithe sin; á chur i bhfios go láidir gur gá tacar cuimsitheach éagsúil saintréithe a bhreithniú, solúbthacht a áirithiú chun dálaí sonracha i réigiúin bhithgheografacha agus i gcineálacha foraoisí a chur san áireamh, agus idirdhealú cuí a dhéanamh idir foraoisí seanfháis agus clampaí foraoise níos sine a bhainistítear le haghaidh uainíocht fhada; á chur i bhfáth nach mór na sainmhínithe sin a chomhaontú mar ábhar práinne, nach mór iad a bheith bunaithe ar phrionsabail éiceolaíocha agus nach mór dóibh éagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha, úinéirí, traidisiúin bhainistíochta, cineálacha dúlra agus aistriú criosanna aeráide a chur san áireamh, chomh maith le ceanglais bhainistíochta dhíréireacha d’fhoraoisí cóngaracha agus coillearnach a sheachaint agus bearta bainistíochta a bhaineann le saincheisteanna amhail cosc tubaistí a cheadú; ag cur i bhfios an ról atá ag dreasachtaí airgeadais i bhforbairt dheonach foraoisí seanaoise áirithe ar thalamh a bheidh curtha ar leataobh amach anseo; á thabhairt chun suntais go bhfuil dáileadh míchothrom i gceist leis na foraoisí príomhúla agus seanfháis in AE, a bhfuil 90 % díobh lonnaithe i gceithre Bhallstát (37);

34.

á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear sa treoir ón gCoimisiún maidir le limistéir chosanta nua go bhfuil gá le gníomhaíochtaí leanúnacha áirithe, mar shampla bainistíocht a dhéanamh ar chrúbacha trí fhiach chun raon leathan cineálacha gnáthóg foraoise a chosaint;

35.

á mheabhrú go bhfuil easnamh suntasach i mapáil na bhforaoisí príomhúla agus seanfháis agus á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé an creat a thabhairt chun críche chun mapáil chuimsitheach agus chomhchuibhithe a áirithiú, bunaithe ar chritéir agus sainmhínithe soiléire oibríochtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don obair a rinneadh go dtí seo chun na foraoisí sin a shainaithint, a mhapáil agus measúnú a dhéanamh orthu i roinnt Ballstát agus chun malartú dea-chleachtas agus comhroinnt eolais a spreagadh; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí atá ann cheana a chomhchuibhiú, na bearnaí maidir le suíomh na bhforaoisí príomhúla agus seanfháis agus bunachar sonraí a chruthú de na suíomhanna ionchasacha uile a chomhlíonann na critéir a bhaineann le foraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bunachar sonraí trédhearcach agus so-rochtana a chruthú de na suíomhanna ionchasacha uile a chomhlíonann na critéir le bheith aicmithe mar fhoraoisí seanfháis agus foraoisí príomhúla;

36.

ag cur sonrú in obair an Choimisiúin ar threoirlínte a fhorbairt maidir le foraoisiú agus athfhoraoisiú atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht; á chur i bhfáth gur cheart béim ar leith a leagan ar na Ballstáit sin a bhfuil cumhdach foraoise íseal acu agus, i gcás inarb iomchuí agus nach ndéanfar dochar do spriocanna bithéagsúlachta, ar thalamh meath-thorthúil agus ar thalamh eile nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh bia, atá gar do limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha, agus i limistéir shléibhtiúla, agus ar thacú le forbairt foraoisí atá athléimneach, éagsúil agus sláintiúil; á chur i bhfáth nach mór sainmhínithe agus treoirlínte maidir le foraoisiú atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a bheith bunaithe ar an eolaíocht, nach mór dóibh éagsúlacht na bhforaoisí Eorpacha, cineálacha úinéireachta, traidisiúin bhainistíochta agus cineálacha dúlra a chur san áireamh, chomh maith le haistriú criosanna aeráide, agus nach mór iad a leagan síos i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha; á áitiú, thairis sin, nár cheart bogaigh nó tailte portaigh neamhdhraenáilte a dhraenáil le haghaidh foraoisithe agus, i gcás talamh a draenáladh roimhe seo, nár cheart aon draenáil bhreise eile a cheadú; á chur i bhfios, ina theannta sin, gur gá cúram ar leith a ghlacadh chun creimeadh i bhforaoisí atá suite i limistéir shléibhtiúla a sheachaint;

Ag cur ar a gcumas d’fhoraoisí agus do bhainisteoirí foraoisí spriocanna iolracha a bhaint amach

37.

ag tabhairt dá haire gurb iad CBT agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) na príomhfhoinsí tacaíochta do bhearta foraoiseachta, arb ionann iad agus 90 % de mhaoiniú iomlán an Aontais le haghaidh foraoiseachta; á chur in iúl gur thángthas ar an gconclúid, sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar bhearta foraoiseachta in 2017, go raibh tionchar dearfach i gcoitinne ag tacaíocht forbartha tuaithe le haghaidh foraoisí agus go bhféadfadh sí rannchuidiú go suntasach le tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a sholáthar (38); ag tabhairt dá haire nár chaith na Ballstáit ach 49 % de na cistí a bhí ar fáil idir 2014 agus 2020, gur shainaithin an Coimisiún an t-ualach riaracháin, tarraingteacht neamhleor na bpréimheanna agus easpa seirbhísí comhairliúcháin mar chúiseanna leis an úsáid íseal sin agus gur cheart na saincheisteanna sin a chur san áireamh agus pleananna straitéiseacha nua CBT á n-oiriúnú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis an ualach riaracháin chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as CETFT i dtaobh bearta foraoiseachta; á chur in iúl gur geal léi sprioc an Choimisiúin maidir le glacadh na gcistí atá ar fáil a mhéadú agus á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú nach dtacóidh cistiú agus fóirdheontais le hoibríochtaí a bhaineann an bonn ó sholáthar cothrom na seirbhísí éiceachórais éagsúla; á thabhairt chun suntais gur gá bearta atá nithiúil agus tarraingteach go leor a áireamh i bpleananna straitéiseacha CBT chun a áirithiú go nglacfar le hidirghabhálacha, chomh maith le bearta chun feabhas a chur ar bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus ar ról ilfheidhmeach na bhforaoisí in AE, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar tacaíocht do thionscnaimh a bhaineann le héiceachórais foraoise go háirithe chun cailliúint na bithéagsúlachta i bhforaoisí a laghdú, chun cur speiceas dúchasach iomchuí crann a chur chun cinn i gcás ina n-oireann siad don chomhshaol sonrach, chun bainistiú foraoisí a fheabhsú agus chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí i gcomhréir le spriocanna beartais ábhartha; á chur in iúl gur oth léi nach rianaíonn an Coimisiún caiteachas foraoiseachta faoi bhearta forbartha tuaithe eile; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht do bhearta deonacha caomhnaithe dúlra i gcomhréir le cearta úinéireachta agus le prionsabal na coimhdeachta;

38.

á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí nua a aimsiú chun comhcheangal cistí éagsúla a dhéanamh níos tarraingtí agus go gcuirfí chun feidhme ar bhealach níos éasca iad, agus léiriú agus giaráil a dhéanamh ar thréithe ilfheidhmeacha na bhforaoisí agus ar sheirbhísí éiceachórais foraoise, agus chun foinsí maoinithe eile AE a chur chun cinn ar bhealach níos fearr amhail Clár LIFE, Fís Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht ionstraimí cistiúcháin éagsúla faoi bhuiséad an Aontais agus faoi Ionstraim Théarnaimh AE, lena n-áirítear Pleananna Straitéiseacha náisiúnta CBT, leis na gealltanais agus na spriocanna a leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas freisin an bhfuil na gealltanais a bhaineann le cosaint agus dianchosaint foraoisí a eascraíonn as Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 agus Straitéis Nua Foraoise an Aontais do 2030 incháilithe faoin gcabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil agus aeráide foraoise agus caomhnú foraoise; á iarraidh ar an gCoimisiún fad a chur leis na gealltanais sin le haghaidh tréimhsí níos faide ná seacht mbliana, go háirithe i gcás limistéir foraoise atá faoi dhianchosaint;

39.

á chur i bhfios go bhfeidhmíonn earnáil na foraoiseachta go príomha, agus níos mó ná earnáil na talmhaíochta, mar earnáil mhargadhbhunaithe gan spleáchas ar leith ar fhóirdheontais, agus ag tabhairt dá haire freisin nach mór cistiú CBT a bheith dírithe go príomha ar tháirgeadh bia agus ar shlándáil bia a áirithiú san Aontas; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh spleáchas díréireach mar thoradh ar bhéim níos láidre a leagan ar sheirbhísí eile éiceachórais, agus ag tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit leanúint d’fhorbairt íocaíochta deonaí margadhbhunaithe a shaothrú le haghaidh scéimeanna seirbhísí éiceachórais, amhail le haghaidh ceapadh carbóin, chur chun cinn na bithéagsúlachta, cosaint ithreach, bainistiú uisce, bailiú agus faireachán sonraí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé prionsabal na breisíochta a chur i bhfeidhm agus cláir a leagan amach ar bhealach lena dtugtar aitheantas iomlán d’obair na gceannródaithe agus na rannpháirtithe eile, agus raon leathan úinéirí foraoise á spreagadh ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach mór raon leathan na bhforaoisí agus na dúshláin agus na deiseanna éagsúla a bhaineann leo a chur san áireamh i gceanglais shonracha na gclár; ag tabhairt dá haire go bhfuil infhaighteacht sonraí iontaofa maidir le seirbhísí éiceachórais bunriachtanach d’aon scéim íocaíochta; á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le feirmeoireacht charbóin (39), a bhfuil sé mar aidhm léi samhlacha nua gnó ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha a dhreasú trí luach saothair a thabhairt do chleachtais bhainistíochta lena ndírítear ar cheapadh i mbithmhais bheo agus in ithreacha beo a mhéadú i gcomhréir le prionsabail éiceolaíocha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tionscnaimh maidir le feirmeoireacht charbóin a bheadh bunaithe ar mhodheolaíocht láidir eolaíoch, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh cuir chuige neamh-idirghabhálacha ann i gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an tionscnaimh sin, gur féidir le bainistiú inbhuanaithe gníomhach ar fhoraoisí rannchuidiú le stoic charbóin agus fás foraoise araon a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh baint carbóin trí fhoraoiseacht ar dhreasachtaí d’úinéirí foraoise agus bainisteoirí foraoise infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú inbhuanaithe gníomhach ar fhoraoisí agus, i gcás inar gá, a gcosaint, rud a chuirfeadh athghiniúint agus fás méadaithe chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an plean atá ag an gCoimisiún chun creat rialála ceangailteach de chuid an Aontais a mholadh chun baint carbóin a dheimhniú faoi dheireadh 2022, arb é is aidhm dó iarrachtaí bainte carbóin a chainníochtú, a thuairisciú agus a dheimhniú i gceart agus chun riosca na mífhaisnéise agus an tsnasa ghlais a sheachaint;

40.

á aithint a thábhachtaí atá ról na scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana agus atá faoi thionchar an mhargaidh agus an méid a rannchuidíonn siad le glacadh breise bainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an chuid is mó de na scéimeanna sin ina n-uirlisí inchreidte agus éifeachtacha chun cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn ar fud na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi an scrúdú leanúnach a dhéanann institiúidí an Aontais orthu toisc go gcabhraíonn sé le feabhas a chur orthu ar bhonn leanúnach; á chur in iúl gur geal léi gur fhógair an Coimisiún go bhforbrófaí scéim dheonach deimhniúcháin “níos gaire don dúlra”; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeabhsófar éiceachórais na bhforaoisí leis na tionscnaimh sin, go gcosnófar an bhithéagsúlacht agus go n-áiritheofar breisluach trí chleachtais a bhaineann le bainistiú foraoisí agus atá neamhdhíobhálach don dúlra; ag moladh don Choimisiún comhar a dhéanamh le scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana agus atá cruthaithe agus foghlaim uathu, agus chun tacú le hiarrachtaí chun na scéimeanna atá ann cheana a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht do thomhaltóirí agus éileamh na dtomhaltóirí á chur san áireamh; á chreidiúint nach mór, chun breisluach a chruthú, an deimhniúchán deonach “níos gaire don dúlra” a bheith bunaithe ar chreat éigeantach soiléir agus nach mór dó préimh praghsanna leordhóthanach a thairiscint d’úinéirí foraoise maidir le seirbhísí éiceachórais a sholáthar, e.g. trí lipéad cáilíochta AE a bhunú ar a bhfuil treoirlínte arna n-oiriúnú go háitiúil maidir le foraoiseacht níos gaire don dúlra chun na cleachtais bhainistíochta is neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó an obair ar an sainmhíniú “níos gaire don dúlra” a thabhairt chun críche, measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a bhaineann le scéim deimhniúcháin den sórt sin agus ar chostais na scéime sin d’úinéirí foraoise; ag tabhairt dá haire nach bhfuil deimhniúchán deonach ach ar cheann de na céimeanna is gá chun bainistiú níos inbhuanaithe ar fhoraoisí a fhorbairt in AE;

41.

á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 maidir le ceadúnú lógó Natura 2000 (40); ag tabhairt dá haire gur cheart do scéim lipéadaithe Natura 2000 na caighdeáin éiceolaíocha is déine de chuid an Aontais a chur chun cinn chun cosaint a thabhairt do na cineálacha gnáthóige agus speiceas is leochailí ar talamh; á mheabhrú go gcumhdaítear faoi Natura 2000 thart ar 18 % de limistéar talún an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtarlóidh aon ghníomhaíochtaí lena ndéantar damáiste do speicis nó lena gcuirtear isteach ar speicis i ngnáthóga atá ainmnithe faoi Natura 2000; á iarraidh go ndéanfaí luach éiceolaíoch na láithreán ainmnithe a choinneáil agus a athbhunú trí spriocanna uaillmhianacha faoi Straitéis Foraoise an Aontais, agus riachtanais shóisialta agus chultúrtha agus gnéithe réigiúnacha agus áitiúla an limistéir á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh iarrachtaí caomhnaithe i láithreáin Natura 2000 i gcomhréir go hiomlán leis na Treoracha maidir le Gnáthóga agus Éin agus le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; ag tabhairt dá haire go soláthraíonn láithreáin Natura 2000 seirbhísí luachmhara éiceachórais don phobal; á thabhairt chun suntais gur cheart go gciallódh lógó Natura 2000 a bheith curtha ar aon earraí nó seirbhísí go bhfuil na hearraí agus na seirbhísí sin ag rannchuidiú le cuspóirí caomhnaithe an láithreáin Natura 2000 óna ndíorthaítear iad;

42.

á chur in iúl gur geal léi an Plean Oibre Straitéiseach um Éicilipéad AE 2020-2024 arna fhoilsiú ag an gCoimisiún; á mheabhrú gur lipéad deonach é éicilipéad AE a léiríonn barr feabhais comhshaoil; ag tabhairt dá haire go gcuireann scéim an éicilipéid geilleagar ciorclach an Aontais chun cinn agus go gcuireann sí le cleachtais inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe; á iarraidh go mbeadh dianchaighdeáin agus dianfhaireachán ann chomh maith le húsáid mhéadaithe an éicilipéid a chur chun cinn in earnáil foraoise AE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé raon feidhme an éicilipéid do tháirgí adhmaid a leathnú chun leibhéal inbhuanaitheachta na dtáirgí sin a chuimsiú; á iarraidh ar na Ballstáit táirgeoirí a spreagadh lipéad Natura 2000 a úsáid níos mó i gcás táirgí foraoise nach táirgí adhmaid iad;

43.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tuilleadh taighde, nuálaíochta agus forbartha chun cuspóirí bithéagsúlachta a chomhlíonadh agus chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán foraoisí chun rannchuidiú le spriocanna aeráide agus geilleagair chiorclaigh an Aontais, agus gur cheart iad a dhreasú i réimsí an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí, go háirithe oiriúnú don athrú aeráide, agus roghanna malartacha bithbhunaithe a chur ar fáil in ionad táirgí iontaise-bhunaithe agus táirgí eile a bhfuil lorg mór carbóin acu; á mholadh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach don nuálaíocht inbhuanaithe a bhaineann le hadhmad, amhail teicstílí adhmadbhunaithe a bhfuil ardacmhainneacht acu in ionad snáithíní teicstíle sintéiseacha agus cadáis, agus ábhair adhmadbhunaithe eile a meastar iad a bheith dearfach ó thaobh an chomhshaoil agus na saolré aeráide de; á chur i bhfáth, chun a bheith iomaíoch, nach mór, le roghanna malartacha bithbhunaithe den sórt sin, go ndéanfaí táirgí a thairiscint do thomhaltóirí ar phraghsanna inacmhainne; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh timthriallta forbartha san earnáil maireachtáil 10 mbliana nó níos faide agus á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é timpeallacht rialála intuartha agus chobhsaí a bheith ann má táthar chun infheistíochtaí a mhealladh; á thabhairt chun suntais go bhfuil breisluach ard ag go leor nuálaíochtaí san earnáil agus go soláthraíonn siad fostaíocht ardcháilíochta i gceantair thuaithe, agus i slabhra luacha earnáil na foraoiseachta agus i dtionscail bhithbhunaithe ghaolmhara, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag fiontair bheaga agus mheánmhéide sa chomhthéacs sin;

44.

á chreidiúint, chun feabhas a chur ar sholáthar comhordaithe seirbhísí foraoise comhshaoil, sóisialta, sochaíocha agus eacnamaíocha, ar chreatchláir ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear Fís Eorpach, clár LIFE, an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht Talmhaíochta (EIP-AGRI), clár LEADER agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, nach mór ailíniú níos fearr a dhéanamh orthu; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun comhar AE a fheabhsú trí chomhpháirtíocht taighde agus nuálaíochta maidir le foraoiseacht a mholadh agus á iarraidh ar an gCoimisiún cláir chuimsitheacha atá dírithe ar fhoraoisí a fhorbairt a mbeidh feidhmeanna agus codanna éagsúla de shlabhra luacha na hearnála foraoise ag baint leo agus lena n-áirítear saotharlanna beo chun réitigh ar phríomhdhúshláin a thástáil agus a léiriú, ag tógáil ar ardáin atá ann cheana agus cruthaithe amhail an Líonra Comhtháite, an tArdán Teicneolaíochta Earnála Foraoisbhunaithe agus an Institiúid Eorpach Foraoisí, agus lena n-áirítear comhpháirtithe uile-Eorpacha agus idirnáisiúnta;

45.

á mheabhrú go bhfuil 60 % d’fhoraoisí AE faoi úinéireacht phríobháideach agus gur sealbhóirí beaga iad sciar suntasach d’úinéirí foraoise; á chur i bhfáth, chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, nach mór díriú lena cur chun feidhme ar chur ar chumas na gcineálacha uile úinéirí agus bainisteoirí foraoise, agus go háirithe sealbhóirí beaga, ilfheidhmeanna na bhforaoisí a chomhlíonadh; á admháil go bhfuil cuid mhór solúbthachta ag teastáil ó úinéirí agus bainisteoirí foraoise ina gcleachtais maidir le bainistiú foraoisí, agus iad ag obair ar bhonn comhchoiteann láidir, ionas gur féidir leo na seirbhísí éiceachórais uile is gá a chur ar fáil, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cláir thacaíochta, scéimeanna deonacha íocaíochta d’éiceachórais agus cistiú taighde ina roghanna tarraingteacha, intuigthe agus inrochtana go héasca do shealbhóirí beaga;

46.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil infhaighteacht seirbhísí comhairleacha ina spreagadh tábhachtach do scaipeadh cleachtas inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí; á mholadh do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh seirbhísí comhairleacha ar fáil, agus aird ar leith á tabhairt ar shealbhóirí beaga;

47.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tuairim is 40 % d’fhoraoisí an Aontais faoi úinéireacht phoiblí na mbardas agus na rialtas réigiúnach nó náisiúnta, cé go bhfuil úinéireacht phoiblí i bhfad níos airde ar fhoraoisí i roinnt Ballstát, ráta a sheasann ag 90 % ar an meán in Oirdheisceart na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir ról lárnach a bheith ag foraoisí poiblí maidir le héiceachórais foraoise a chaomhnú, cosaint na bithéagsúlachta a áirithiú, an t-athrú aeráide a mhaolú, forbairt tuaithe a fheabhsú agus earraí agus seirbhísí adhmaid agus neamhadhmaid a sholáthar, agus gur féidir ról tábhachtach a bheith ag gníomhaireachtaí foraoiseachta stáit maidir le saineolas a bhfuil géarghá leis a sholáthar d’úinéirí príobháideacha foraoise maidir le foraoiseacht gar don dúlra agus oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide; á iarraidh go méadófar acmhainní daonna agus airgeadais do ghníomhaireachtaí foraoiseachta stáit i gcás inar gá; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit sampla a thabhairt maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise ina bhforaoisí atá faoi úinéireacht phoiblí ar mhaithe leis an bpobal, go háirithe maidir le gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta;

48.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “A long-term Vision for the EU”s Rural Area — Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE — Ionsar ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] agus ag aithint ról na bhforaoisí agus an bhainistithe inbhuanaithe foraoise chun obair chuibhiúil agus slite beatha cuibhiúla a chosaint i limistéir thuaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá earnáil na foraoiseachta agus na dtionscal adhmadbhunaithe mar sholáthraithe post i bpobail tuaithe, agus i gceantair uirbeacha trí úsáidí iartheachtacha; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí eacnamaíocha foraoisebhunaithe nach gníomhaíochtaí adhmaid iad a spreagadh chun geilleagair áitiúla agus poist áitiúla a éagsúlú agus chun treochtaí dídhaonrú na gceantar tuaithe agus iargúlta a aisiompú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil laghdú seasta tagtha ar an bhfostaíocht in earnáil na foraoiseachta agus na lománaíochta, rud a thit, de réir Eurostat, faoi 7 % idir 2000 agus 2019 (41), agus gur tharla líon ard tionóiscí san earnáil (42); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart arna ndéanamh faoin straitéis maidir le fostaíocht agus sábháilteacht oibre i bhfianaise cleachtais bhainistithe atá ag athrú, ós rud é gur minic a bhíonn na roghanna a pléadh fite fuaite le déine níos airde (fisiceach) saothair, lena ngabhann rioscaí éagsúla d’oibrithe agus lena n-éilítear gairmoiliúint ardcháilíochta, chomh maith le deiseanna uas-scilithe agus athscilithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an cineál sin fostaíochta a dhéanamh níos tarraingtí, chomh maith leis na deiseanna a bhaineann le bainistiú níos inbhuanaithe foraoise chun na críche sin; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá bearta chun sábháilteacht oibre a mhéadú agus oiliúint leordhóthanach a chur ar oibrithe agus tacú le nuachóiriú trealaimh agus uirlisí foraoiseachta; á iarraidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a seirbhísí comhairleacha i ndáil leis sin agus iad a athbhunú i gcás inar gá, agus tús áite a thabhairt do ghairmoiliúint leanúnach ardcháilíochta in éiceathógáil agus i gceirdeanna a bhaineann le hadhmad; ag athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún tabhairt faoi thionscnaimh, i gcomhar le monaróirí innealra foraoiseachta, chun dearadh an innealra sin a fheabhsú ó thaobh an chomhshaoil de chun ardleibhéal cosanta d’oibrithe a réiteach leis an tionchar is lú is féidir ar an ithir agus ar an uisce i bhforaoisí;

49.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé daoine óga agus banfhiontraithe a mhealladh chuig an earnáil, go háirithe i gcomhthéacs aistrithe digiteacha agus glasa na ngníomhaíochtaí foraoisbhunaithe; á chur i bhfios, áfach, nach ionann drochdhálaí oibre in earnáil na foraoiseachta i gcodanna áirithe den Eoraip agus rogha tharraingteach ó thaobh gairme de faoi láthair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíochtaí san earnáil agus ar fud an tslabhra luacha, agus le timpeallacht fhabhrach i gceantair thuaithe, lena n-áirítear bonneagar digiteach, iompair agus pobail; á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún chun bunú comhpháirtíochta scileanna a chur chun cinn faoin gComhshocrú um Scileanna agus úsáid a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus chun oibriú le chéile chun líon na ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe san fhoraoiseacht a mhéadú, chun poist ardcháilíochta a chruthú agus chun deiseanna agus dálaí oibre leordhóthanacha a chur ar fáil d’oibrithe sa bhithgheilleagar adhmadbhunaithe, agus, ar an gcaoi sin, rogha gairme níos tarraingtí a dhéanamh de;

Faireachán, tuairisciú agus bailiú sonraí

50.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sonraí cruinne, comhtháite, cainníoctúla, tráthúla, inchomparáide agus cothrom le dáta maidir le foraoisí na hEorpa agus ag tabhairt dá haire gur ann do thionscnamh maidir le togra reachtach le haghaidh creat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí i ndáil le foraoisí, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á mheabhrú a thábhachtaí atá sonraí fíoraithe, go háirithe sonraí a bhailítear ar an leibhéal áitiúil, ós rud é nach féidir mórán saintréithe foraoise a fhíorú ach amháin ar an talamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil infhaighteacht leathan, ardcháilíocht, trédhearcacht, iomláine agus comhchuibhiú sonraí agus tuairiscithe bunriachtanach chun spriocanna na straitéise a bhaint amach agus á chreidiúint nach mór don chreat cur leis na sásraí agus na próisis atá ann cheana, amhail na fardail foraoise náisiúnta, an Córas Faisnéise Foraoise don Eoraip, líonra ENFIN, Forest Europe agus FAO, trí chur chuige ón mbun aníos chun an leas is fearr a bhaint as an saineolas agus as an taithí atá sna Ballstáit, agus nach mór é a fhorbairt i gcomhréir leis na gealltanais a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus le hinniúlachtaí gaolmhara na mBallstát, agus dúbailt oibre, ualach riaracháin iomarcach agus costais iomarcacha á seachaint ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart sásraí a áireamh sa chreat chun earráidí amhail comhaireamh dúbailte a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú agus acmhainní daonna leormhaithe a áirithiú le haghaidh tacaíocht oibríochtúil don chreat;

51.

á chreidiúint nach mór cuir chuige nuálacha nua amhail teicneolaíochtaí cianbhraiteachta a phromhsheiceáil agus a chomhcheangal le sonraí a fhaightear trí fhaireachán ar an talamh agus nach mór iad a léirmhíniú i ndlúthchomhar le heolaithe agus le saineolaithe neamhspleácha agus áitiúla, lena n-áirítear údaráis inniúla agus bainisteoirí foraoise, chun infhaighteacht sonraí iontaofa, trédhearcacha agus ardcháilíochta a áirithiú; á chreidiúint gur féidir leis na cineálacha cur chuige sin ról a imirt freisin chun cuidiú le hilfheidhmiúlacht na bhforaoisí a chothromú agus chun cuir chuige agus cleachtais nua a fhorbairt agus a chomhroinnt, agus gur cheart go gcuimseodh siad na hacmhainní airgeadais is gá chun rochtain a fháil ar shonraí agus chun rannchuidiú lena bhfáil; á chreidiúint gur féidir leis an tsineirgíocht agus leis an gcomhlántacht idir íomhánna satailíte agus sonraí suite agus suímh a bheith ina bpríomhchumasóirí do bhainisteoirí foraoiseachta agus do chomhlachtaí rialtais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Copernicus chun cianfhaireachán agus cianmheasúnú sláinte ar fhardail foraoise a cheadú, chomh maith le saincheisteanna amhail lománaíocht neamhdhleathach agus dífhoraoisiú a bhrath; á chur in iúl gur geal léi go neartófar, mar chuid den Chóras Faisnéise Foraoise don Eoraip, an faireachán atá ann cheana ar éifeachtaí aeráide agus ar shuaitheadh nádúrtha nó suaití eile ar fhoraoisí de dheasca an duine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an anailís ar shonraí chun tacú le bainistiú agus cosaint inbhuanaithe foraoisí, lena n-áirítear chun lománaíocht neamhdhleathach a chosc agus tionchair ó shuaitheadh nádúrtha, amhail stoirmeacha, falscaithe agus lotnaidí, a thuar agus a mhaolú;

52.

á mheas gur cheart sonraí Copernicus a úsáid mar fhianaise i bhforfheidhmiú an dlí agus i gceapadh beartas trí dheimhniú a dhéanamh ar na sonraí agus ar na táirgí faisnéise a dhíorthaítear uathu, agus á iarraidh go ndéanfar sonraí Copernicus a dheimhniú i gcomhthéacs an togra reachtaigh atá ar na bacáin le haghaidh creat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoise; á chur i bhfáth go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag sonraí deimhnithe den sórt sin maidir le faireachán a dhéanamh ar fheiniméin éagsúla (amhail cumhdach talún foraoise, lománaíocht neamhdhleathach, sláinte foraoise, tréithriú crann, patrúin fáis agus tionchar dóiteán foraoise) chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag cuimhneamh ar phleananna straitéiseacha a thabhairt isteach d’fhoraoisí faoin gcreat maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí i ndáil le foraoisí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil straitéisí náisiúnta maidir le foraoisí i bhfeidhm cheana féin ag roinnt Ballstát, ar straitéisí iad nach féidir leis an gCoimisiún iad a mheasúnú ar bhealach aonfhoirmeach, agus gur cheart iad sin a bhunú nó a fhorbairt tuilleadh ar bhealach a thacaíonn le cuspóirí Straitéis Foraoise AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart go seachnófaí leis an togra sin méadú iomarcach ar an ualach riaracháin agus ar na costais riaracháin; á thabhairt chun suntais gur cheart cuspóir beacht agus an gá atá le pleananna den sórt sin a shoiléiriú agus ag cur béim ar an oibleagáid inniúlacht na mBallstát in ábhair foraoise a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-urramófar go hiomlán leis an togra reachtach na straitéisí náisiúnta atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal áitiúil, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don phleanáil straitéiseach ar leibhéal AE a bheith ag teacht leis na straitéisí náisiúnta atá ann cheana agus nach mbeadh sí ag teacht salach orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an uirlis sin a úsáid chun tacú, go háirithe, leis na Ballstáit sin nach bhfuil straitéisí náisiúnta i bhfeidhm acu go fóill;

Rialachas agus cur chun feidhme

54.

á chreidiúint gur cheart, i ngeall ar rannchuidiú ilfheidhmeach foraoisí le spriocanna éagsúla de chuid an Aontais agus i ngeall ar na leibhéil riaracháin éagsúla agus na grúpaí geallsealbhóirí éagsúla atá bainteach, go mbeadh dlúthchomhar agus malartú dea-chleachtas le saineolaithe náisiúnta agus réigiúnacha, geallsealbhóirí, go háirithe bainisteoirí príobháideacha agus poiblí foraoisí, eolaithe, scéimeanna deimhniúcháin agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ionadaíocht imleor pobal dúchasach na hEorpa agus urramú phrionsabal na coimhdeachta, ina mbunchlocha faoi chur chun feidhme na straitéise; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát le Forest Europe agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh sa rialachas, lena n-áirítear le FAO, agus gur cheart, le cur chun feidhme na straitéise, go bhféachfaí le sineirgí a chruthú leis an rannchuidiú le gealltanais agus comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le forbairt leanúnach téarmaíochta agus sainmhínithe; á mheabhrú a thábhachtaí atá an comhar trasteorann chun a áirithiú go mairfidh na speicis agus na gnáthóga is luachmhaire agus is mó faoi bhagairt san Eoraip; ag tathant ar gheallsealbhóirí comhshaoil agus foraoiseachta teagmháil a dhéanamh le codanna níos leithne den daonra trí uirlisí agus cláir oideachais éagsúla;

55.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Buanchoiste um Fhoraoiseacht mar fhóram saineolas cuimsitheach foraoiseachta a sholáthar agus chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin straitéis agus ar bheartais an Aontais a bhfuil tionchar ar earnáil na foraoiseachta acu; á chreidiúint, chun comhleanúnachas beartais a bhaint amach, gur cheart don Choimisiún cur leis an idirphlé idir an Buanchoiste Foraoiseachta agus grúpaí saineolaithe eile amhail an Mheitheal um Fhoraoisí agus an Dúlra, an Mheitheal um Idirphlé Sibhialta maidir le Foraoiseacht agus Corc, ag a bhfuil ról tábhachtach maidir le ról cuí a thabhairt do gheallsealbhóirí i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartais foraoise AE, foghrúpa um fhoraoiseacht agus dúlra de chuid an Ghrúpa Comhordaithe um an mBithéagsúlacht agus um an Dúlra, agus an Sainghrúpa um Thionscail Fhoraoisbhunaithe;

56.

á admháil go bhféadfadh athruithe sistéamacha suntasacha a bheith ann d’earnáil na foraoiseachta mar thoradh ar chur chun feidhme na straitéise, trí aistriú ó shruthanna ioncaim adhmadbhunaithe go príomha chuig sruthanna ioncaim atá níos casta, ag tógáil níos mó agus níos mó ar fhorálacha seirbhísí éiceachórais eile, agus á thabhairt chun suntais gur gá faireachán a dhéanamh ar a hiarmhairtí agus iad a thuiscint; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag an bhforluí fairsing agus contrártha uaireanta idir beartais agus reachtaíocht, agus i gcásanna áirithe atá ag teacht salach ar chuspóirí, ar fhoraoisí agus ar earnáil na foraoiseachta agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hilroinnt reachtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha na dtionscnamh éagsúil faoin straitéis, in éineacht le reachtaíocht agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhleanúnachas a áirithiú in aon obair a bhaineann le foraoiseacht agus chun bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán; á thabhairt chun suntais, mar chuid de na measúnuithe sin, nach mór meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar an chórais cosanta d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis ar phobail áitiúla i gcomhar le gníomhaithe áitiúla, agus nach ach i gceithre Bhallstát atá 90 % díobh lonnaithe (43); á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú air sin mar chuid dá thuarascáil cur chun feidhme;

57.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuairiscí ar lománaíocht neamhdhleathach agus ar athrú ar úsáid talún i roinnt Ballstát, lena n-áirítear i bhforaoisí stáit agus i limistéir faoi chosaint, agus faoi na nósanna imeachta um shárú lena mbaineann (44); á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an lománaíocht neamhdhleathach atá deacair nó dodhéanta a aisiompú, gur féidir léi rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta, le dlús a chur leis an athrú aeráide agus le cailliúint acmhainní nádúrtha ó fhoraoisí a bhfuil pobail foraoise ag brath orthu, agus gur féidir sáruithe ar chearta an duine a bheith mar thoradh uirthi; á chur in iúl gur ábhar mór bróin na dúnmharuithe agus an foréigean i gcoinne pearsanra, iriseoirí agus gníomhaithe foraoiseachta mar thoradh ar an lománaíocht neamhdhleathach agus á chur in iúl go gcáineann sí go láidir na dúnmharuithe agus an foréigean ina gcoinne agus ag dréim leis go dtabharfaidh na Ballstáit déantóirí na coire chun cuntais agus go gcuirfidh siad deireadh le cos ar bolg na maor páirce; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus AE a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, go háirithe trí lománaíocht neamhdhleathach a shainiú, trí dhlúthfhaireachán a mhéadú, trí chaiteachas ar fhorfheidhmiú a mhéadú i gcás inar gá, tríd an éilliú a chomhrac agus trí rialachas foraoise agus talún a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról údaráis inniúla na mBallstát a mhéadú sa chomhrac i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí, ag foghlaim ó na ceachtanna ó chur chun feidhme agus ó fhorfheidhmiú Rialachán Adhmaid AE; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh lománaíocht neamhdhleathach a bheith i gceist le lománaíocht de shárú ar bhearta cosanta dúlra, lena n-áirítear pleananna bainistíochta Natura 2000 agus an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga; á chur i bhfáth go bhfuil mórthionchair dhiúltacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ag an lománaíocht neamhdhleathach agus go gcruthaíonn sí caillteanais ioncaim do phobail áitiúla; ag cur sonrú sa nasc idir lománaíocht neamhdhleathach agus drochdhálaí maireachtála; á chur in iúl gur saoth léi an fad ama a thóg an Coimisiún chun cásanna sáraithe a shaothrú, a bhfuil an baol suntasach ag baint leo go leanfar den lománaíocht neamhdhleathach agus go mbeidh sé ródhéanach an damáiste ollmhór is cúis léi a aisiompú agus a dheisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun stop a chur leis an lománaíocht neamhdhleathach agus chun rialú na trádála adhmaid neamhdhleathaí a ghéarú, trí dhlúthfhaireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann cheana agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí geospásúla agus cianbhraiteachta;

58.

á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin agus uaillmhianta AE chun foraoisí a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn;

59.

á iarraidh ar an gCoimisiún an chaibidlíocht maidir le coinbhinsiún idirnáisiúnta foraoise atá ceangailteach ó thaobh dlí a atosú, a rannchuideodh le bainistiú, le caomhnú agus le forbairt inbhuanaithe foraoisí agus lena bhforálfaí dá bhfeidhmeanna agus dá n-úsáidí comhlántacha, lena n-áirítear gníomhaíocht i dtreo athfhoraoisiú, foraoisiú agus caomhnú foraoise, agus aird á tabhairt ar riachtanais shóisialta, eacnamaíocha, éiceolaíocha, chultúrtha agus spioradálta na nglúnta atá ann anois agus na nglún atá le teacht, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag gach cineál foraoise maidir le próisis éiceolaíocha agus an chothromaíocht éiceolaíoch a chothabháil, agus ag tacú le céannacht, cultúr agus cearta pobal dúchais, a bpobail agus cónaitheoirí foraoise;

60.

á iarraidh ar an Aontas prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt a chomhlíonadh agus comhsheasmhacht a áirithiú idir a bheartais forbartha, trádála, talmhaíochta, fuinnimh agus aeráide; ag aithint go gcuireann tionscal na foraoiseachta go dearfach leis an eacnamaíocht, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh infheistíochta sa taighde, sa nuálaíocht agus i ndul chun cinn na teicneolaíochta;

61.

á iarraidh ar an gCoimisiún clásail chomhchosúla a chur chun cinn sna margaí idirnáisiúnta bithgheilleagair agus leas a bhaint as comhpháirtíochtaí uile-Eorpacha agus idirnáisiúnta agus as comhaontuithe trádála eachtraí chun uaillmhian aeráide an Aontais agus inbhuanaitheacht úsáid na bhforaoisí lasmuigh den Aontas a chur chun cinn.

o

o o

62.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 37.

(2)  IO C 346, 21.9.2016, lch. 17.

(3)  IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(4)  IO L 156, 19.6.2018, lch. 1.

(5)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(6)  IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

(7)  IO L 60, 22.2.2021, lch. 21.

(8)  IO L 189, 10.5.2022, lch. 1.

(9)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 169.

(10)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Aibreán 2018, An Coimisiún v Poblacht na Polainne, C-441/17, ECLI:EU:C:2018:255 (Mainneachtain Stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Airteagal 6(1) agus (3) – Airteagal 12(1) – Treoir 2009/147/CE – éin fhiáine a chaomhnú – Airteagail 4 agus 5 – láithreán Natura 2000 “Puszcza Białowieska” – Leasú ar an bplean bainistíochta foraoise – Méadú ar an méid admhaid inbhuainte – Plean nó tionscadal nach bhfuil gá leis go díreach i mbainistíocht an láithreáin ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige air – Measúnú cuí ar na himpleachtaí don láithreán, – Éifeacht dhíobhálach ar shláine an láithreáin. – Cur chun feidhme iarbhír na mbeart caomhnaithe – Tionchair ar láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá faoi chosaint).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach.

(12)  Tuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Uimh. 5/2016 dar teideal “European forest ecosystems – State and trends” [Eiceachórais Foraoise Eorpacha – Riocht agus Treochta].

(13)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM(2021)0572).

(15)  San Eoraip ar an iomlán, tá 10 heicteár nó níos lú ná sin ag an gcuid is mó de ghabháltais phríobháideacha – Forest Europe, “State of Europe’s Forests 2020” [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020; sa Ghearmáin, tá 50 % de ghnóthais foraoise atá faoi úinéireacht phríobháideach níos lú ná 20 heicteár, https://www.bmel.de/SharedDocs/Downloads/DE/Broschueren/bundeswaldinventur3.pdf;jsessionid=972A5297B9463D98948E787D1AA78F19.live921?__blob=publicationFile&v=3; sa Fhrainc, tá níos lú ná 1 heicteár ag thart ar dhá thrian d’úinéirí príobháideacha, https://franceboisforet.fr/wp-content/uploads/2021/04/Brochure_chiffresClesForetPrivee_2021_PageApage_BD.pdf; san Fhionlainn, tá níos lú ná 10 heicteár ag thart ar 45 % d’úinéirí. https://www.luke.fi/en/statistics/ownership-of-forest-land; sa Laitvia, tá níos lú ná 5 heicteár ag 50 % d’úinéirí, https://www.zm.gov.lv/public/ck/files/MAF_parskats_Silava_privat_meza_apsaimn_monitorings.pdf

(16)  Science for Environment Policy, European Forests for biodiversity, climate change mitigation and adaptation, Tuairisc Achomair faoin Todhchaí 25, an tAonad Cumarsáide Eolaíochta, UWE Bristol, 2021, https://ec.europa.eu/environment/integration/research/newsalert/

(17)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, “The European environment — state and outlook 2020: knowledge for transition to a sustainable Europe” [An Comhshaol Eorpach — staid agus ionchas 2020: eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe], 11 Bealtaine 2020, lch. 83, https://www.eea.europa.eu/soer-2020/

(18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir le Straitéis Foraoise an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM(2021)0572),

(19)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, “Mapping and Assessment of Ecosystems and their Services: An EU ecosystem assessment” [Mapáil agus measúnú ar eiceachórais agus a seirbhísí: Measúnú ar éiceachóras AE], 2020; le haghaidh treochtaí i mbaill na bhforaoisí, féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(20)  Tuarascáil 2020 Forest Europe dar teideal State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020].

(21)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2020. le haghaidh treochtaí i mbail na bhforaoisí, féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

(23)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, “Study on certification and verification schemes in the forest sector and for wood-based products” [Staidéar ar scéimeanna deimhniúcháin agus fíoraithe in earnáil na foraoiseachta agus le haghaidh táirgí atá bunaithe ar adhmad], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/afa5e0df-fb19-11eb-b520-01aa75ed71a1/language-en

(24)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2021.

(25)  https://www.wur.nl/ga/research-results/research-institutes/environmental-research/show-wenr/does-the-eu-depend-on-russia-for-its-wood.htm

(26)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_21/SR_Forestry_GA.pdf

(27)  Forest Europe State of Europe’s Forests 2020 [Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020], 2020.

(28)  Science for Environment Policy, European Forests for biodiversity, climate change mitigation and adaptation, Tuairisc Achomair faoin Todhchaí 25, an tAonad Cumarsáide Eolaíochta, UWE Bristol, 2021, https://ec.europa.eu/environment/integration/research/newsalert/

(29)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 dar teideal EU Soil Strategy for 2030 – Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 – Sochar a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid] (COM(2021)0699).

(30)  Pickles, B. J. agus Simard, S. W., “Mycorrhizal Networks and Forest Resilience to Drought”, Mycorrhizal Mediation of Soil – Fertility, Structure, and Carbon Storage, Elsevier, Amstardam, 2017, lgh. 319-339.

(31)  Gorzelak, M. A. et al., “Inter-plant communication through mycorrhizal networks mediates complex adaptive behaviour in plant communities”, AoB Plants, 2015.

(32)  Usman, M. et al., “Mycorrhizal Symbiosis for Better Adaptation of Trees to Abiotic Stress Caused by Climate Change in Temperate and Boreal Forests”, Frontiers in Forests and Global Change, 2021.

(33)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Guidance on cascading use of biomass with selected good practice examples on woody biomass [Treoraíocht maidir le húsáid chascáideach bithmhaise maille le samplaí roghnaithe dea-chleachtais maidir le bithmhais adhmaid], Oifig na bhFoilseachán, 2019.

(34)  Hetemäki, L., Palahí, M. agus Nasi, R., Seeing the wood in the forests. Knowledge to Action 1, an Institiúid Eorpach um Fhoraoisí, 2020; féach freisin Tuarascáil WWF ar Fhoraisí Beo, Caibidil 5, https://wwf.panda.org/discover/our_focus/forests_practice/forest_publications_news_and_reports/living_forests_report/

(35)  I limistéar Forest Europe; féach Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020, 2020.

(36)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 16 Iúil 2021, dar teideal The 3 Billion Tree Planting Pledge for 2030 [Gealltanas Plandála 3 Bhilliún Crann do 2030] (SWD(2021)0651).

(37)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], 2021.

(38)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Forests,_forestry_and_logging#Employment_and_apparent_labour_productivity_in_forestry_and_logging

(39)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin (COM(2021)0800).

(40)  IO C 229, 15.6.2021, lch. 6.

(41)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Forests,_forestry_and_logging#Employment_and_apparent_labour_productivity_in_forestry_and_logging

(42)  Forest Europe, State of Europe’s Forests 2020, 2020.

(43)  An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip, 2021.

(44)  Cúig nós imeachta um shárú atá ar siúl i gcoinne ceithre Bhallstát (cásanna 2016/2072, 2018/2208, 2018/4076, 2020/2033 agus 2021/4029).