7.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 47/239


P9_TA(2022)0301

Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 maidir le Rialáil níos fearr: oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh (2021/2166(INI))

(2023/C 47/21)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,

ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh” (COM(2021)0219),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 3 Samhain 2021 dar teideal “Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr”(SWD(2021)0305),

ag féachaint do chuspóirí an chomhair um fhorbairt de bhun Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 05 Bealtaine 2021 dar teideal “Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa” (COM(2021)0350),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’ (1),

ag féachaint don bhosca uirlisí um rialáil níos fearr, lena gcomhlánaítear na Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2003 maidir le reachtóireacht níos fearr, agus don leagan is déanaí de, Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún dar teideal “Rialáil Níos Fearr: oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh” (CnaR 4071/2021),

ag féachaint do thuarascáil an 10 Iúil 2018 ina leagtar amach torthaí an Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla”,

ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le hoiriúnacht rialála agus coimhdeacht agus comhréireacht an Aontais Eorpaigh – tuarascáil maidir le Reachtóireacht Níos Fearr do na blianta 2017, 2018 agus 2019 (3),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir le ceart tionscnaimh na Parlaiminte (4),

ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 16/2018 an 12 Meitheamh 2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal “Athbhreithniú ex-post ar reachtaíocht AE: córas seanbhunaithe, ach neamhiomlán”,

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2016 maidir le riarachán an Aontais Eorpaigh a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách (5),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir le straitéis nua do FBManna Eorpacha (6),

ag féachaint don rún a ghlac sí an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ina bhfáiltítear roimh an tiomantas ón gCoimisiún a áirithiú gur cheart go ghníomhaíochtaí uile an Aontais tacú leis an Aontas todhchaí inbhuanaithe maille le haistriú cóir a bhaint amach agus ag féachaint freisin don tiomantas uaidh na treoirlínte maidir le reachtóireacht níos fearr a nuashonrú dá réir, trína cheangal, inter alia, go ndéanfar an prionsabal “bíodh tús áite ag an inbhuanaitheacht” a chomhtháthú sna Cláir Oibre don Reachtóireacht Níos Fearr atá ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit (7),

ag féachaint d’óráid ón Uachtarán von der Leyen an 16 Iúil 2019 (8),

ag féachaint don díospóireacht iomlánach an 7 Meitheamh 2021 maidir le “Staid na FBManna – Cur chun feidhme an chláir oibre maidir le rialáil níos fearr / Sprioc laghdaithe i ndáil le hualach riaracháin” (9),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0167/2022),

A.

de bhrí go bhfuil reachtóireacht níos fearr ina sprioc chomhchoiteann d’institiúidí uile AE, agus gur cheart í a bhaint amach trí mhéadú a dhéanamh ar an trédhearcacht, ar an gcuntasacht agus ar an gcomhar idir na hinstitiúidí, na Ballstáit, na saoránaigh agus na geallsealbhóirí, lena n-áiritheofaí go ndéanfaí luachanna bunúsacha uile na hEorpa, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, a urramú go hiomlán; de bhrí gur réamhriachtanais thábhachtacha iad trédhearcacht, ionracas agus cuntasacht de dhaonlathas atá bunaithe ar an smacht reatha; de bhrí gur cheart go mbeadh reachtaíocht Eorpach oiriúnach don fheidhm, comhréireach, soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach chun go mbainfeadh saoránaigh agus geallsealbhóirí tairbhe éifeachtach as; de bhrí go gcuidíonn rialáil níos fearr a chinntiú go bhfuil beartais agus reachtaíocht AE dírithe ar an todhchaí, ag cur forbairtí teicneolaíochta, sochaíocha agus comhshaoil atá ag éabhlú go tapa san áireamh. de bhrí, da bhrí sin, go n-eireoidh sé níos tábhachtaí go mbeidh fianaise bunaithe ar na measúnuithe is iomchuí agus fianaise eolaíoch phiar-athbhreithnithe iontaofa, chomh maith le hurraim do phrionsabal an réamhchúraim mar thaca le tograí rialála; i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an fhianaise a bhainistiú ar bhealach trédhearcach, agus chun a áirithiú go bhfuil sé inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte; á chur i bhfios go láidir go bhfuil níos mó i gceist le reachtóireacht ardcháilíocht ná spriocanna cainníochtúla chun ualaí agus costais a laghdú go gearrthéarmach, ach ba cheart go mbeadh sí chun leasa gach duine mar infheistíocht fhadtéarmach i ráthúnas comhroinnte ár sochaithe agus inár dtodhchaí;

B.

de bhrí gur cheart don Choimisiún forálacha Airteagal 6(4) den Dlí Aeráide Eorpach (10), a chomhlíonadh go hiomlán, ar forálacha iad ina bhforáiltear nach mór do dhréachtbhearta agus do thograí reachtacha ar bith a bheith i gcomhréir le comhlíonadh chuspóir aeráidneodrachta an Aontais faoi 2050; de bhrí, chuige sin, nach mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na ndréachtbheart agus na dtograí reachtacha go léir, lena n-áirítear tograí buiséadacha, le cuspóirí aeráidneodrachta agus ar cibé a n-áirithítear nó nach n-áirithítear dul chun cinn leo maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

C.

de bhrí nach bhfuil na seiceálacha comhsheasmhachta aeráide nua curtha i bhfeidhm ach maidir le measúnuithe tionchair de dhréachtbhearta reachtacha agus ar dhréacht-tograí reachtacha amhail ón 1 Eanáir 2022, in ainneoin gur tháinig an Dlí Aeráide Eorpach i bhfeidhm in Iúil 2021, rud a chiallaíonn nach bhfuil forálacha an dlí curtha chun feidhme i gcás roinnt tograí atá ábhartha don Chomhaontú Glas don Eoraip;

D.

de bhrí go leagtar amach an cur chuige maidir le comhsheasmhacht leis an Dlí Aeráide Eorpach a sheiceáil i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí sa teachtaireacht maidir le rialáil níos fearr agus sna treoirlínte agus bosca uirlisí ina dhiaidh sin; de bhrí gur cheart don Choimisiún, áfach, na seiceálacha sin a chur i bhfeidhm go córasach, agus é sin a dhéanamh nuair a chuirtear tús leis an bpróiseas a bhaineann le dréachtbheart nua nó seiceáil oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana a ullmhú ionas go mbeidh sí ina treoir do roghanna beartais; de bhrí go gcuireann an Dlí Aeráide Eorpach d’oibleagáid ar an gCoimisiún cúiseanna a chur ar fáil i gcás neamhailíniú dréachtbhirt nó togra reachtaigh le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, mar chuid den mheasúnú comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4);

E.

de bhrí, in 2021, gur ghlac an Coimisiún an teachtaireacht uaidh dar teideal “Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chun dlíthe níos fearr a dhéanamh,” na treoirlínte uirthi agus an bosca uirlisí tionlacain;

F.

de bhrí gur bealach í reachtóireacht níos fearr chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú agus gur cheart go mbeadh sí chun leasa gach duine agus freastal ar leas ginearálta na sochaí, na ngnólachtaí, na n-oibrithe, na saoránach, na dtomhaltóirí agus an chomhshaoil san Eoraip; de bhrí go bhfreastalaíonn reachtaíocht ar ardchaighdeán ar leas an phobail ós rud é go bhfuil tionchar díreach aici ar iomaíochas AE, a chríocha agus a ghnóthaí, agus gurb ionann í agus uirlis chun daonlathas agus rannpháirtíocht dhíreach na saoránach a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon.

G.

de bhrí go bhfuil gá ann le hathbhreithniú rialála agus, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, agus le simpliú freisin, chun deireadh a chur le bacainní ar reachtaíocht a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, agus chun dlíthe a dhéanamh níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos cuimsithí do na tairbhithe, cibé acu saoránaigh nó gnóthaí iad:

H.

de bhrí gur cheart go leanfadh na prionsabail agus na huirlisí um rialáil níos fearr de bheith neodrach ó thaobh beartais de chun sainmhíniú oibiachtúil ar fhadhbanna agus fíor-roghanna eile beartais le breithniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint a ráthú;

I.

de bhrí gur gá go mbeadh sé mar aidhm le reachtóireacht níos fearr freastal ar uaillmhianta AE, go háirithe a chuspóirí fadtéarmacha, amhail fás eacnamaíoch a spreagadh, borradh a chur faoin infheistíocht agus faoi chruthú fostaíochta, Eoraip níos iomaíche agus níos daonlathaí a áirithiú, dul chun cinn sóisialta agus an cuspóir ceangailteach neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas faoi 2050, agus an cuspóir tosaíochta fadtéarmach do 2050, i.e. an saol a bheith ar a mian ag na saoránaigh, faoi shrianta an phláinéid; de bhrí gur cheart go mbeadh an inbhuanaitheacht i gcroílár na reachtóireachta ardcháilíochta, lena gcuirfí tosca sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ar comhchéim; de bhrí, trí phrionsabail na rialála níos fearr a chur i bhfeidhm, gur cheart don Choimisiún na réitigh is éifeachtaí chun na buntáistí is mó is féidir a fháil a shainaithint, agus ag an am céanna na costais ghaolmhara a íoslaghdú;

J.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí chun rannpháirtíocht ionchuimsitheach chórasach leanaí sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais, go háirithe trí chomhairliúchán atá dírithe go sonrach ar leanaí, do thionsnaimh ábhartha a bheidh ann amach anseo;

K.

de bhrí go bhfuil measúnuithe tionchair ex ante agus ex post agus comhairliúcháin phoiblí agus “an prionsabal” déantar meastóireacht ar dtús’ina n-uirlisí bunriachtanacha i leith reachtóireacht eolasach, níos fearr, éifeachtúil, chuntasach agus thrédhearcach; atá saincheaptha do riachtanais na dtairbhithe; de bhrí go rannchuidíonn sin le cainníochtú ar thionchair, agus a gcóimheas costais-tairbhe á chur san áireamh; de bhrí gur cheart de na measúnuithe sin breithniú a dhéanamh ar ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil leis an leibhéal céanna anailíse mionsonraithe agus cruinnis, agus fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil á cur san áireamh; ag cur san áireamh tionchar na mbeart beartais ar chearta bunúsacha; de bhrí go ndearna Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta a fhoilsiú in 2018 ina raibh sraith moltaí chun feabhas a chur ar cháilíocht athbhreithnithe ex post;

L.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an tairseach gréasáin “Cloisimis Uait” borradh a chur faoi rannpháirtíocht na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara i gceapadh beartais AE agus go bhfuil sé léirithe gur uirlis úsáideach í chun beartais AE a ullmhú; de bhrí gur sheol an Coimisiún leagan nua den uirlis an 3 Iúil 2020 chun tuilleadh feabhas a chur ar a gcuid comhairliúchán agus cumarsáide leis an bpobal agus trédhearcacht a mhéadú; de bhrí go ndearna Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta a fhoilsiú in 2019 (11) ina raibh sraith moltaí chun tuilleadh feabhas a chur ar an tairseach sin, go háirithe chun é a dhéanamh níos soláimhsithe, lena n-áirítear maidir le for-rochtain agus trédhearcacht, chomh maith le húsáid agus infhaighteacht aistriúchán;

M.

de bhrí go ndéanann an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála measúnú ar cháilíocht na measúnuithe tionchair, agus freisin ar cháilíocht seiceálacha oiriúnachta, agus go ndéanann sé mórmheastóireachtaí chun tacú le cinnteoireacht ardchaighdeáin; de bhrí go bhfuair thart ar aon trian de mheasúnuithe tionchair in 2021 céad tuairim dhiúltach de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an mBord maidir le feabhas a chur ar reachtaíocht na hEorpa;

N.

de bhrí gur réamhriachtanas é urraim don ilteangachas chun go n-oibreoidh insitiúidí AE mar is cuí; de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach mór na cinntí ar leibhéal AE a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh; de bhrí go bhfoilsítear láithreáin gréasáin an Aontais Eorpaigh atá ar fáil go poiblí do dheiseanna cistithe agus tairisceana faoi chuimsiú chláir AE sa Bhéarla ar dtús go minic; de bhrí go dtógann sé roinnt míonna na laithreáin ghréasáin sin a aistriú; de bhrí go bhfuil tábhacht ag baint le hinfhaighteacht na láithreán gréasáin sin i dteangacha oifigiúla uile AE don iomaíocht chóir;

O.

de bhrí gurb é is aidhm don chlár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT) agus don Ardán “Réidh don Todhchaí” (F4F) dlíthe AE a shimpliú agus ualaí riaracháin agus rialála nach gá a laghdú, chomh maith le costais, d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhlíonadh agus ar an gcur chun feidhme rialála, agus na bunchuspóirí beartais á mbaint amach, trí dhíriú ar fhritháireamh rialála agus ar sheiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht a bhí roimhe seo, atá ann faoi láthair, agus a bheidh ann amach anseo;

P.

de bhrí go ndearna an Coimisiún an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a thabhairt isteach d’fhonn ualaí nua arna n-eascairt ó thograí reachtacha an Choimisiúin a fhritháireamh trí dheireadh a chur le hualaí a bhí ann cheana sa réimse beartais céanna;

Q.

de bhrí gur féidir leis an gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” tacú le clar REFIT trína leathnú thar ualaí neamhriachtanacha a mheasúnú a eascraíonn as píosaí reachtaíochta ar leith atá ann chun go n-áireofaí reachtaíocht nua agus chun féachaint ar réimsí beartais ina n-iomláine freisin; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil gá leis an gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a shoiléiriú maidir lena chur chun feidhme sa chleachtas, mar ba cheart go mbainfeadh saoránaigh, gnólachtaí, oibrithe agus tomhaltóirí tairbhe as an reachtaíocht.

R.

de bhrí go d’fhéadfaí go mbeidh buntáistí iarrachtaí simplithe ar an leibhéal Eorpach ag brath ar na comhreactóirí ag coinneáil na bhforálacha ábhartha ar bun agus braitheann sé ar na roghanna a dhéanann na Ballstáit agus iad á dtrasuí sa dlí náisiúnta, agus ar iarrachtaí níos mó ón gCoimisiún comhairliúcháin a chomhordú agus a chur ar siúl le Ballstáit agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

S.

de bhrí ina theachtaireacht an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal “An Clar Oibre um Rialáil Níos Fearr a Chur i gCrích: Réitigh níos fearr do thorthaí níos fearr” (COM(2017)0651) léirigh an Coimisiún amhras faoin gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” agus “spriocanna laghdaithe ualaigh ex ante” os rud é “go gcruthódh sé brúnna dírialála agus go gcuirfeadh sé as dá fhreagracht pholaitiúil chun gach a mbeidh le déanamh a dhéanamh nuair atá sé ag teastáil”;

T.

de bhrí de réir faisnéise a foilsíodh ar EUR-Lex (12) gur ghlac an Coimisiún nó go ndearna sé leasú ar 1 977 gníomhartha reachtacha nó neamhreachtacha in 2021; de bhrí gur aisghaireadh nó gur chur chuaigh 1 008 gníomhartha reachtacha nó neamhreachtacha in éag sa tréimhse céanna;

U.

de bhrí nach dtugann na Conarthaí an ceart díreach tionscnaimh don Pharlaimint ach i gcásanna an-teoranta; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go méadófaí a ceart tionscnaimh sa rún uaithi maidir le ceart tionscnaimh na Parlaiminte;

V.

de bhrí go bhfuil oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch;

1.

á chur in iúl gur geal léi aidhm an Choimisiúin gur cheart go mbainfeadh saoránaigh agus gnóthaí an tairbhe is mó as dlíthe AE, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus an rún atá aige an cur chuige i leith reachtóireacht níos fearr a dhéanamh níos dinimiciúla agus níos inoiriúnaithe d’fhorbairtí breise; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, go bhfuil an Coimisiún tiomanta d’úsáid níos fearr a bhaint as fadbhreathnaitheacht straitéiseach, agus á iarraidh go gcomhtháthófar í i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí; á chur i bhfios go láidir gur cheart don chlár oibre maidir le rialáil níos fearr tacú le haistriú glas gheilleagar an Aontais trí, inter alia, teicneolaíochtaí nuálacha agus cumasúcháin a thabhairt chun margaidh ar bhealach níos éifeachtúla; á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin feabhas a chur ar an anailís agus ar an tuairisciú a dhéantar ar thionchar tograí, mar shampla, ar an iomaíochas agus FBManna, ar an gríochachas, ar an inbhuanaitheacht, ar an gcomhionannas, ar an gcoimhdeacht agus ar an gcomhréireacht a d’fhéadfadh cabhrú le bearnaí, riachtanais agus deiseanna a shainaithint freisin, chomh maith le cabhrú chun na rioscaí agus na treochtaí atá ann cheana a aimsiú, agus dá bhrí sin rannchuidiú le tosaíochtaí beartais a shainiú agus pleanáil straitéiseach maidir leis an bpeirspictíocht fhadtéarmach a cheapadh, go háirithe sna tíortha is lú forbairt agus maidir leis na SFIanna a bhaint amach;

2.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a aithint go bhfuil gá le rialáil níos fearr agus simpliú níos fearr, agus tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil, inscne agus shóisialta á gcur san áireamh ar bhealach comhtháite cothrom;

3.

á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, tiomantas an Choimisiúin chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) a phríomhshruthú ina thograí reachtacha uile, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 NA don Fhorbairt Inbhuanaithe, aird níos mó a thabhairt ar an gcomhionannas inscne agus ar an gcomhionannas do chách, agus a áirithiú go ndéanfar an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm sna réimsí beartais uile; á iarraidh go ndéanfaí an tionchar ar bhaint amach Chlár Oibre 2030 ina iomláine a chur san áireamh sna measúnuithe tionchair á chur in iúl gur ábhar imní di go ndéanfaí neamhaird ar chineál comhtháite agus iomlánaíoch Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe mura ndéantar ach tagairt do “SFIanna ábhartha” amháin. á mheabhrú tiomantas AE a bheith ina cheannródaí domhanda i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na SFIanna, in éineacht lena Bhallstáit agus lena n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta; ag cur in iúl gurb oth léi nár fhorbair an Coimisiún straitéis cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe atá comhtháite agus iomlánaíoch go fóill; ag meabhrú go gcaithfidh AE a infheictheacht a mhéadú i dtíortha atá i mbéal forbartha, trí chumarsáid éifeachtúil maidir lena chláir chomhair agus chaiteachais;

4.

ag tacú leis an tiomantas chun anailís agus tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil i mbeartais uile an Aontais trí mheasúnú éigeantach a dhéanamh ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, agus ag tacú leis an bhfíoras go gcuirfear an measúnú sin i bhfeidhm ar thograí ó gach réimse beartais, chun cur i bhfeidhm míchothrom a sheachaint; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a shainiú go soiléir chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach é; á chur in iúl gur geal léi an moladh gur cheart an inbhuanaitheacht agus an digitiú a chur san áireamh ar bhealach níos fearr sa reachtóireacht; á chur i bhfios go láidir nach mór na costais agus na sochair níos leithne don tsochaí a chur san áireamh sa mheasúnú ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, amhail i réimse na sláinte poiblí, agus i réimse na dtionchar ar an gcomhshaol;

5.

á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar chur chuige “bíodh tús áite ag an inbhuanaitheacht” a chur chun feidhme agus glacadh leis d’fhorbairt agus do mheastóireacht beartais uile, ag tabhairt tús áite do chúinsí inbhuanaitheachta fadtéarmacha; á thabhairt dá haire go dtacóidh “fadbhreathnaitheacht straitéiseach” le clár REFIT lena sainaithnítear deiseanna chun ualaí rialála neamhriachtanacha a laghdú agus lena n-áiritheofar go mbeidh reachtaíocht AE atá ann cheana fós “réidh don todhchaí”;

6.

á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcuirfí na tuarascálacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) san áireamh go córasach sa phróiseas fadbhreathnaitheachta straitéisí; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an obair a dhéanann an tArdán “Réidh don Todhchaí” (F4F), ina dtugtar le chéile an saineolas atá ag, inter alia, riaracháin phoiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gnólachtaí beaga agus móra i gcruinnithe rialta chun feabhas a chur ar reachtaíocht AE atá ann cheana; á thabhairt dá haire go bhféadfaí an t-ardán sin a úsáid freisin chun téamaí níos leithne a phlé, amhail an t-aistriú glas;

7.

á mheabhrú gur príomhthosaíocht de ghníomhaíocht sheachtrach AE iad cosaint, cur chun cinn, éascú agus comhall chearta an duine agus an daonlathais, mar a chumhdaítear in Airteagal 21 de CAE, agus go bhfuil feidhm ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh freisin maidir lena ghníomhaíocht sheachtrach, á thabhairt chun suntais gur athdhearbhaigh an tAontas arís agus arís eile a thiomanta atá sé leanúint de bheith ina ghníomhaí tábhachtach ar an leibhéal domhanda agus leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta mar chosantóir domhanda den daonlathas agus de chearta an duine; á chur in iúl gur oth léi, dá bhrí sin, gur teoranta i gcónaí an togra go dtiocfaidh treoirlínte maidir le tiomantas domhanda an Aontais agus oibleagáid chonradhbhunaithe an Aontais i leith chearta an duine as an uirlis a bhaineann le cearta bunúsacha i mbosca uirlisí an Aontais maidir le rialáil níos fearr; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá na tionchair ar chearta an duine a bhíonn ag beartais sheachtracha uile an Aontais, lena n-áirítear beartas trádála agus comhar um fhorbairt, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha;

8.

á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur cheart na treoirlínte a athbhreithniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach chun a áirithiú go gcuirfear cearta an duine san áireamh go córasach, lena gcuirtear d’oibleagáid ar an Aontas gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh lena gcuirfí cosc nó bac ar chearta an duine a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir, gur cheart an tionchar inscne a phríomhshruthú i ngach tuairisciú a dhéantar agus i dteannta an mheasúnaithe ghinearálta ar staid chearta an duine, gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a áireamh sna measúnuithe tionchair ar chearta an duine agus tionchar sonrach chearta an duine ar mhná a mheas;

9.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díreach ag reachtaíocht chomhshaoil agus ag reachtaíocht a bhaineann leis an tsláinte ar shaol shaoránaigh AE; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún meabhrán míniúcháin gearr a tharraingt suas i dteanga a bheidh inrochtana, neamh-shaineolach, ar meabhrán é a bheidh ag gabháil leis na tograí reachtacha ar fad, agus gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh uile an Aontais in ann bunbhrí togra reachtaigh a thuiscint, lena n-áirítear na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar a saol;

10.

á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal “2030 Compás Digiteach: an bealach Eorpach don deich mbliana digiteach” (COM(2021)0118), beidh sé mar aidhm le rialáil níos fearr an phrionsabail “digiteach mar réamhshocrú” a chur chun cinn i reachtaíocht AE amach anseo mar uirlis thábhachtach chun tacú leis an gclaochlú digiteach; á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí amhail an Intleacht Shaorga (AI) an próiseas reachtach agus rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú, chomh maith leis an reachtaíocht a dhéanamh níos sothuigthe do shaoránaigh agus do chuideachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún boscaí gainimh rialála (13) a chur i bhfeidhm maidir leis an reachtaíocht a bhaineann leis an gclaochlú digiteach ar bhonn cás-ar-chás agus breisluach AE agus comhréireacht á gcur san áireamh, go háirithe d’fhonn tacú le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta; á iarraidh, áfach, go mbeidh na boscaí gainimh sin teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme, go ndéanfar maoirseacht chuí orthu agus i gcomhréir le acquis AE maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha;

11.

á mheas gur dúshlán bunúsach sa ré dhigiteach é forbairt foirmeacha nua de phróisis digitithe i gcinnteoireacht na dtrí institiúid go léir, ach gur deis é freisin chun cáilíocht reachtaíocht AE san aois dhigiteach a neartú;; á chreidiúint gur cheart gealltanais na dtrí institiúid maidir leis na forbairtí sin a shainaithint go soiléir agus gur cheart iad a áireamh i gComhaontú Idirinstitiúideach athbhreithnithe maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; (IIA maidir le BLM); á iarraidh ar na reachtóirí leas a bhaint as an digitiú chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint chun obair reachtach a éascú;

12.

á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin ionstraim dhigiteach tuairiscithe amháin a thabhairt isteach do ghnóthais, a dhéanfaidh ceanglais um thuairisciú a eascraíonn as an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Faisnéis Neamhairgeadais (NFRD), an tacsanomaíocht, ach na ceanglais um thuairisciú ón bpacáiste “Oiriúnach do 55” chomh maith a chomhdhlúthú in uirlis amháin, a dearadh le ceanglais shonracha agus Eochairtháscaire Feidhmíochta agus caighdeáin réamhdhéanta, ar féidir cuideachtaí agus eagraíochtaí eile rochtain a fháil uirthi ar bhealach modúlach digiteach;

13.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain éasca a bheith ag saoránaigh ar fhoinsí an dlí agus an gá atá le láithreán gréasáin amháin a chruthú inar féidir an próiseas reachtach ina iomláine agus doiciméid bhreise de chuid institiúidí uile AE a leanúint;

14.

á thabhairt dá haire go bhfuil trádáil ag brath ar líon mór doiciméad páipéir go fóill; á chreidiúint go ndéanann an digitiú agus úsáid doiciméad trádála costas agus castacht a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an aois dhigiteach agus as uirlisí digiteacha chun cineálacha áirithe ualaí nó oibleagáidí a laghdú; ag leagan béim ar an ngá atá ann féachaint ar úsáid doiciméad trádála, rud a dhéanfaidh éifeachtúlacht agus slándáil a mhéadú, agus ualaí riaracháin a laghdú;

15.

á thabhairt chun suntais go bhfuil 22,6 milliún (14) FBManna san AE agus ní hamháin gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an tástáil FBM a dhéanamh ar bhealach níos córasaí, ach ba cheart dó foráil a dhéanamh chomh maith go ndéanfar tástáil FBM éigeantach i ngach togra reachtach nuair is infheidhme; á chur i bhfáth gur cheart de thástáil den sort sin a shainaithint go soiléir conas a bhainfí simpliú amach ó thaobh costas agus tairbhí de, agus, i gcás inar féidir, moltaí breise a fhoirmiú chun ualaí riaracháin nó rialála neamhriachtanacha do FBManna a sheachaint;

16.

á mheabhrú go bhfuil feidhmiú an phrionsabail “Tús Áite d’Fhiontair Bheaga”, faoi mar a chumhdaítear sa Ghníomh um Ghnólachtaí Beaga, ina ghné bhunriachtanach de thástáil na comhréireachta sula ndéantar aon togra reachtach a tharraingt suas agus gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an bprionsabal sin a áirithiú go dtugtar éisteacht do FBManna agus go gcuirtear a leasanna san áireamh chomh luath sa phróiseas agus is féidir, ar mhaithe le timpeallacht ghnó a chruthú a bheidh fabhrach d’fhorbairt FBManna, arb iad sin cnámh droma gheilleagar na hEorpa;

17.

á iarraidh ar an gCoimisiún an post mar thoscaire FBM a chruthú chun cabhrú le hualaí riaracháin agus rialála nach gá ar fud na mBallstát a íoslaghdú, agus ba cheart an duine sin a cheapadh le hinniúlachtaí cothrománacha laistigh d’Oifig na hUachtarántachta;

18.

á mheabhrú gur inniúlacht eisiach é an an Comhbheartas Tráchtála de chuid an Aontais agus gur cheart forálacha Airteagal 207 CFAE a chosaint agus a chaomhnú go daingean; ag leagan béim ar an ngá atá ann nósanna imeachta fadálacha daingniúcháin a sheachaint maidir le comhaontuithe trádala agus infheistíochta ina bhfuil gnéithe measctha, chun a dteacht i bhfeidhm tráthúil a áirithiú;

19.

á chreidiúint go láidir nach mór do gach Eorpach a bheith in ann próiseas reachtach AE a leanúint; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an Choimisiúin an tairseach gréasáin “Cloisimis Uait!” a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus comhairliúcháin phoiblí a chomhdhlúthú i “nglao ar fhianaise” aonair; á iarraidh go mbeadh na doiciméid, na ceistneoirí agus na rannchuidithe gaolmhara uile ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann sa phróiseas cinnteoireachta agus go háirithe maidir le conas a chuirtear freagraí san áireamh, lena n-áirítear trína áirithiú go ndéanfaí freagraí a ualú i gceart de réir a n-ionadaíochais, ag brath ar cíbe acu leasanna aonair nó comhleasanna a bhfuil siad ag feidhmiú ar a son; á thabhairt dá haire go bhfuil éifeacht shuntasach ag dearadh agus rogha an chomhairliúcháin ar an gcineál ionchuir a fhaightear agus an toradh é féin; ag áitiú ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil na glaonna ar fhianaise uile a sheolann sé neodrach agus neamhchlaonta, lena n-áirítear ceistneoirí a úsáid a dearadh ar bhealach atá fianaise-bhunaithe agus curtha le chéile le ceisteanna oscailte, nuair is infheidhme; á mheabhrú, thairis sin, gurb ionann achainíocha chuig an bParlaimint agus cineál ríthabhachtach rannpháirtíochta agus aiseolais do na saoránaigh, ar cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu agus aghaidh a thabhairt orthu go rialta;

20.

á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta sa phróiseas comhairliúcháin agus go bhfoilseofaí tuarascálacha achomair ar na comhairliúcháin, a bheadh ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus a mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas orthu freisin;

21.

á mheas gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an ionchur a áirítear in achainíocha na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus iarrachtaí á ndéanamh aige chun a áirithiú go mbainfidh beartais an Aontais leas as tuiscint shoiléir ar réimsí beartais atá faoi réir athrú struchtúrach tapa amhail an comhshaol agus digiteáil; á mheas go bhfuil rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach i réimsí beartais amhail cearta bunúsacha, urraim don smacht reachta, agus an comhrac in aghaidh gach cineál idirdhealaithe ar aon fhorais;

22.

ag creidiúint go gcinntear cáilíocht na reachtaíochta a dhéanann difear do thíortha atá i mbéal forbartha, i measc paraiméadar eile, de réir a dlisteanachta agus a héifeachtachta, a bhraitheann ar nádúr an phróisis comhairliúcháin, ar cé chomh freagrúil is atá an reachtaíocht sin do riachtanais na dtíortha lena mbaineann, agus ar cibé an mbaintear amach na torthaí inmhianaithe lena cur chun feidhme gan dochar a dhéanamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di an bhéim atá á cur ag an gCoimisiún ar fheabhas a chur ar an tuiscint ar riachtanais agus ar thionchair reachtaíocht an Aontais lasmuigh den Aontas trí rannpháirtíocht mhéadaithe le comhpháirtithe seachtracha; á iarraidh ar an gCoimisiún an rannpháirtíocht sin a dhéanamh éifeachtach trína áirithiú go mbeidh próisis chomhairliúcháin chuimsitheacha, fhóinteacha agus éifeachtacha ann, ina mbeadh geallsealbhóirí lena mbaineann rannpháirteach amhail comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta i dtíortha atá i mbéal forbartha, chomh maith le saineolaithe agus gnólachtaí sna réimsí éagsúla lena mbaineann; ag moladh gur cheart toradh na gcomhairliúchán sin agus an fhianaise a bailíodh a úsáid i ndáiríre mar ionchur agus an reachtaíocht á dréachtú agus, go háirithe, go gcuirfí comhthéacs agus riachtanais shonracha na ngeallsealbhóirí lena mbaineann sna tíortha comhpháirtíochta ina ndéanfar an comhairliúchán san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tionscnamh chun próisis chomhairliúcháin a dhéanamh níos dírithe, níos soiléire agus níos soláimhsithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh an simpliú atá beartaithe ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí dochar dá éifeachtacht; ag leagan béim ar an ról is féidir le toscaireachtaí AE a imirt, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus ar an ngá atá leis na hionstraimí agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun na comhairliúcháin sin a chur chun feidhme;

23.

á iarraidh ar institiúidí AE na prionsabail, na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus i Rialachán CEE ón gComhairle Uimh. 1/1958, agus i dtreoirlínte inmheánacha agus i gcinntí, amhail an Cód Eorpach um Dhea-Iompraíocht Riaracháin, i réimse an ilteangachais;

24.

á iarraidh ar institiúidí AE na hacmhainní daonna riachtanacha a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfuil urraim don ilteangachas le linn chéimeanna éagsúla an phróisis reachtaigh;

25.

a mheas gur réamhriachtanas ríthábhachtach é aonfhoirmeacht leaganacha teanga i dteangacha oifigiúla AE chun go ndéanfaidh na cúirteanna agus údaráis an Aontais agus údaráis na mBallstát léirmhíniú iontaofa ar rialacháin atá ann cheana, agus dá bhrí sin, gur rannchuidiú tábhachtach iad le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach aonfhoirmeach; á iarraidh go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí na ceanglais sin go substaintiúil sa reachtóireacht a dhéanfar amach anseo;

26.

á iarraidh go ndéanfaí láithreáin gréasáin uile an Aontais Eorpaigh maidir le deiseanna cistithe agus tairisceana a aistriú go comhuaineach go gach teanga oifigiúil de chuid AE, mar go mbíonn Ballstáit nach bhfuil an Béarla mar theanga oifigiúil acu faoi mhíbhuntáiste de bharr nach bhfuil siad ar fáil ar dtús ach i mBéarla;

27.

ag leagan béim ar na naisc láidre idir cur chun feidhme phacáiste téarnaimh an Aontais dar teideal NextGenerationEU leis an gcuspóir go mbeidh teacht aniar níos láidre i sochaithe an Aontais agus gur gá d’institiúidí an Aontais teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais chun feasacht a mhúscailt maidir le gné bhunúsach na gcúraimí polaitiúla sin agus maidir lena gcur chun feidhme; á chreidiúint gur cheart go gcuirfeadh an fhor-rochtain sin le cinnteoireacht idirinstitiúideach níos solúbtha agus níos éifeachtaí a bheadh in ann freagairt ar bhealach láidir agus cinntitheach d’eispéiris na paindéime;

28.

á iarraidh go mbeadh idirphlé polaitiúil níos fearr idir institiúidí AE agus parlaimintí náisiúnta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, Coiste Eorpach na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

29.

ag aithint na treochta reatha ina bhfuil sé mar aidhm ag parlaimintí náisiúnta, laistigh de raon feidhme Phrótacail Uimh 1 agus Uimh 2 tuilleadh rannpháirtíochta trí idirphlé polaitiúil maidir le beartais AE chun breisluach níos mó a fhorbairt do shaoránaigh; ag aithint, thairis sin, iarrataí ar rannpháirtíocht chomhchosúil réamhbhreathnaitheach Choiste Eorpach na Réigiún ina leith sin trí thuairimí féintionscnaimh a chur ar fáil;

30.

á mheabhrú go ndéantar cion suntasach de reachtaíocht AE a chur chun feidhme ar leibhéil fhonáisiúnta a bhfuil taithí phearsanta luachmhar acu le reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm i ndlúth-theagmháil leis an ngeilleagar áitiúil, le comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le saoránaigh, agus gur féidir leo cabhrú le héifeachtacht agus infheictheacht ghníomhaíochtaí AE a neartú;

31.

ag cur béim an athuair ar shainiúlacht údarás áitiúil agus réigiúnach agus an gá atá le comhairliúcháin shaincheaptha á mholadh go rachadh an Coimisiún i gcomhairle go réamhghníomhach le Coiste Eorpach na Réigiún i bhforbairt chomhairliúcháin oscailte agus treochlár do thograí a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar leibhéil fhonáisiúnta rialtais;

32.

á chur i bhfáth go bhfuil an choimhdeacht ghníomhach ina cuid lárnach den chlár oibre maidir le rialáil níos fearr; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil úsáid bhreise á baint ag an gCoimisiún as an ngreille meastóireachta coimhdeachta ina thograí reachtacha, mar a mholtar ina theachtaireacht an 23 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal “prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: An ról atá acu i gceapadh beartais AE a neartú” (COM(2018)0703);

33.

á mheas, chomh maith, go réiteoidh an Chomhdháil maidir le todhchaí na hEorpa an bealach d'athchóirithe breise a bhaineann le prionsabal na coimhdeachta, go háirithe trí choimhdeacht a chur i bhfeidhm i bpróisis rialachais AE;

34.

ag aithint gur comhchuspóir agus freagracht de chuid institiúidí uile AE í rialáil níos fearr; á dheimhniú, mar chomhreachtóir, go ndéanfaidh an Pharlaimint a seirbhísí inmheánacha a shruthlíniú chun rannchuidiú ar bhealach níos fearr le measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar atá ag reachtaíocht AE a bhfuil gnéithe seachtracha acu ar thíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear na téacsanna ábhartha arna nglacadh ag an bParlaimint maidir le nósanna imeachta reachtacha agus cláir chaiteachais AE; á dheimhniú freisin go ndéanfaidh sé, dá réir sin, an comhar agus an comhordú idir na coistí a atreisiú, an saineolas maidir le beartais um fhorbairt a neartú ar fud na gcoistí ábhartha go léir agus soiléiriú a dhéanamh ar an ról a iarrtar ar an gCoiste um Fhorbairt a bheith ina ráthóir ar an bprionsabal maidir le comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt, mar a luaitear i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (Iarscríbhinn VI), agus é sin go léir agus é mar aidhm aige cáilíocht agus éifeachtacht reachtaíocht AE a fheabhsú;

35.

á mheabhrú, nuair a dhéantar athbhreithniú leanúnach aireach ar achainíocha na saoránach, go gcuirtear deiseanna iontacha ar fáil le chun rialáil níos fearr a dhéanamh níos cuimsithí agus níos éifeachtúla agus chun feabhas a chur ar thuiscint lucht déanta beartas ar réaltachtaí áitiúla agus réigiúnacha agus ar chúiseanna imní agus tosaíochtaí na saoránach; á aithint gur cheart go n-áiritheodh reachtaíocht AE cóir chomhionann na saoránach agus na ngnólachtaí agus forfheidhmiú éifeachtach chearta na saoránach ar fud an Aontais agus gur cheart forfheidhmiú láidir agus comhionann na rialacha Eorpacha atá ann cheana a ráthú;

36.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé dlúthchaidreamh a choinneáil idir na comhreachtóirí roimh na caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, lena n-áirítear trí chuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó institiúidí eile chuig malartuithe tuairimí neamhfhoirmiúla ar bhonn rialta, i gcomhréir leis an ngealltanas a leagtar amach i mír 34 de IIA maidir le BLM; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon struchtúir nua comhair ná cleachtais chórasacha ann chun na malartuithe sin a éascú mar thoradh ar an ngealltanas sin; á mholadh go dtiocfadh na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le cód dea-chleachtais i ndáil leis sin;

37.

ag creidiúint go láidir gur gá tuilleadh béime a chur ar chomhairliúchán institiúideach, ar chomhordú agus ar chomhar idir institiúidí AE agus laistigh díobh; ag áitiú ar an gCoimisiún a nósanna imeachta inmheánacha a shruthlíniú chun DG INTPA a cheangal go córasach le gach measúnú tionchair, go háirithe le haghaidh reachtaíocht inmheánach a bhfuil éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aici lasmuigh den Aontas, agus ionchur, moltaí agus moltaí a chuireann an Ard-Stiúrthóireacht sin ar fáil faoi chuimsiú chomhtháthú beartais don fhorbairt a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht fhóinteach DG INTPA a threisiú le linn comhairliúcháin idirsheirbhíse agus sa GRI (an Grúpa um Chaidreamh Idirinstitiúideach) agus sa Ghrúpa um Chomhordú Seachtrach, agus ionchur ón Ard-Stiúrthóireacht atá i gceannas maidir le comhar um fhorbairt agus tíortha i mbéal forbartha a chur san áireamh go cuí;

38.

á iarraidh go ndéanfaí cearta an linbh a phríomhshruthú i reachtaíocht AE trí fhoráil a dhéanamh do mheasúnuithe tionchair maidir le cearta an linbh ar na tograí reachtacha; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí isteach tástáil ar chearta an linbh faoi chuimsiú bhosca uirlisí na measúnuithe tionchair, a d’fhéadfadh comhairliúchán le geallsealbhóirí, lena n-áirítear sásra rannpháirtíochta linbh, limistéir atá buailte a shainaithint, an tionchar a bhíonn ar linbh a thomhas agus measúnacht ar shásraí eile a bheith ann;

39.

ag moladh don Choimisiún, tar éis a ghealltanas a chumhdaítear i straitéis an Aontais i dtaca le cearta an linbh, níos mó comhairliúchán poiblí a sheoladh a bheidh dírithe ar leanaí agus ar dhéagóirí agus úsáid ghníomhach a bhaint as Ardán AE um Rannpháirtíochta Leanaí chun go n-áireofaí guth na saoránach óg i bpróiseas cinnteoireachta AE;

40.

á iarraidh ar na hinstitiúidí gach beart is gá a dhéanamh chun rannpháirtíocht daoine leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas, a áirithiú i bpróiseas cinnteoireachta AE; ag leagan béim ar an ngá atá le rochtain níos fearr ar fhaisnéis do gach saoránach; á iarraidh go seolfaí níos mó comhairliúchán poiblí a bheidh dírithe ar ghrúpaí ar leith, amhail leanaí, daoine óga nó seandaoine; á iarraidh ar chinnteoirí uile an Aontais ionchur na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach éifeachtach sna próisis chinnteoireachta ina dhiaidh sin;

41.

á iarraidh go bhforbrófaí marcóirí tionchair le haghaidh saincheisteanna sonracha amhail an tionchar ar ghrúpaí leochaileacha; ag moladh an togra ó UNICEF le haghaidh marcóir leanaí, ina leith sin, lena ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na mbeartas ar leanaí agus go bhforbrófaí sásraí comhchosúla i réimsí eile beartais;

42.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na tograí reachtacha ar fad, gan eisceacht; á chur in iúl gur oth léi go mór nárbh amhlaidh an cás i gcás roinnt tograí a bhí íogair ó thaobh na polaitíochta de san am a chuaigh thart; ag meabhrú go ndearna an Pharlaimint, roinnt uaireanta, a measúnuithe tionchair féin in ionad mheasúnuithe an Choimisiúin chun eolas a dhéanamh don cheapadh beartais; á iarraidh go leithdháilfear am agus acmhainní leordhóthanacha do mheasúnuithe tionchair chun a gcáilíocht a áirithiú; ag meabhrú, mar sin féin, go gcabhraíonn measúnuithe tionchair le bunús a chur leis an gcinnteoireacht pholaitiúil, ach nár cheart go dtiocfadh siad in ionad an phróisis reachtaigh ná moill mhíchuí a chur air; á thabhairt chun suntais, áfach, gur cheart go ndíreofaí go príomha le linn phróiseas reachtach an Aontais ar cháilíocht, ar thrédhearcacht agus ar an eolas agus na sonraí úrscothacha is déanaí sna measúnuithe tionchair agus nach ar an luas ag a gcuirtear tionscnaimh i gcrích; á iarraidh go bhfoilseofaí measúnuithe tionchair a luaithe a chuirfear i gcrích iad, agus ní hamháin nuair a thíolactar togra beartais, agus ar an gcaoi sin níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir leis an gcaoi a ndéantar cinntí ar leibhéal an Aontais; ag aithint go mbeidh leibhéal iomchuí acmhainní daonna ag teastáil chun rialáil níos fearr a chur chun feidhme go héifeachtach agus, go háirithe, chun na measúnuithe tionchair ex ante a chur chun feidhme; á mholadh don Choimisiún tacú leis na Ballstáit maidir leis sin;

43.

ag cur béim ar an easpa aitheanta measúnuithe tionchair le haghaidh roinnt comhaid reachtacha ríthábhachtacha, agus á chur in iúl gur oth léi é sin, easpa nach bhfuil paindéim COVID-19 ach ina cúis pháirteach léi agus ag cur sonrú i rún an Choimisiúin doiciméad inmheánach oibre anailíseach le tograí a fhoilsiú nó laistigh de thrí mhí ó thráth a nglactha, i gcásanna nár ullmhaíodh measúnú tionchair; á chur i bhfáth cé gur céim í seo, a gcuirtear fáilte roimhe, i dtreo níos mó trédhearcachta, níor cheart go mbeadh sé ina shiocair leis an gCoimisiún ag teacht timpeall ar a chuid oibleagáidí measunaithe tionchair, agus gur cheart don Choimisiún doiciméid inmheánacha oibre a fhoilsiú ag an am céanna leis an togra reachtach;

44.

a chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin measúnuithe tionchair críche agus promhadh leas na tuaithe (15), a neartú chun na riachtanais agus na sainiúlachtaí atá ag críocha AE éagsúla, amhail limistéir uirbeacha/thuaithe, limistéir thrasteorann agus réigiúin fhorimeallacha; á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnuithe tionchair críche do Choiste Eorpach na Réigiún, lena n-áirítear measúnuithe tionchair tuaithe, measúnuithe tionchair uirbeacha agus measúnuithe tionchair trasteorann;

45.

ag leagan béim ar an ngá atá ann uirlisí breise a fhorbairt chun na tionchair chomhshaoil atá ag beartais, tionscnaimh agus reachtaíocht nua a mheasúnú sa chás nach leor na huirlisí atá ann cheana, chun a áirithiú go leagfar béim níos mó ar uaillmhianta glasa Choimisiún von der Leyen, in éineacht leis an mbéim a leagann sé ar SDGanna na Náisiún Aontaithe, i measúnuithe tionchair agus tograí reachtacha ón gCoimisiúin; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí na costais a d’fhéadfadh eascairt as easpa gníomhaíochta, go háirithe i réimsí na sláinte, na haeráide, an chomhshaoil chomh maith leis an ngné shóisialta, agus na héifeachtaí carnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhoillithe a mheas; á mheas nach mór aird chomhionann a thabhairt i measúnuithe tionchair ar an meastóireacht ar iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta, sláinte agus comhshaoil, go háirithe ar na tograí ón gCoimisiún agus nach mór measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar chearta bunúsacha na saoránach agus ar chomhionannas idir mná agus fir;

46.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach fíorbheagán measúnuithe tionchair ar bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir le tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe maidir le reachtaíocht inmheánach neamhfhorbartha, agus nach ndéantar measúnú cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar thíortha i mbéal forbartha ná nach dtugtar aghaidh orthu mar is ceart; á chreidiúint go láidir gur uirlis luachmhar iad measúnuithe tionchair ex ante chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le togra beartais agus/nó reachtach maidir le tíortha i mbéal forbartha, agus go háirithe maidir leis na tíortha is lú forbairt, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar thionchar reachtaíocht an AE ar thíortha atá i mbéal forbartha agus cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna tionscnaimh sin a urramú agus a chur chun cinn, nuair is ábhartha, go háirithe i réimsí amhail an imirce, an comhshaol, talmhaíocht agus an choireacht thrasnáisiúnta a chomhrac, amhail coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine agus sciúradh airgid; ag áitiú ar an gCoimisiún conclúidí na measúnuithe tionchair a aistriú ina bhforálacha dlíthiúla ina ngníomhartha reachtacha neamhfhorbartha, chun tiomantas AE d’Airteagal 208 CFAE a léiriú ar bhealach níos fearr;

47.

á chur i bhfios gur cúis bhuartha di cur chun feidhme fhorálacha an Dlí Aeráide Eorpaigh i gcásanna nach ndéantar measúnú tionchair, go háirithe ar thograí atá íogair ó thaobh na polaitíochta de, lena n-áirítear an reachtaíocht thánaisteach; á mheabhrú, mar a comhaontaíodh faoin IIA, nach mór don Choimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh ar a thionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, ar a ghníomhartha tarmligthe agus ar a bhearta cur chun feidhme a mheastar go mbeidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta acu;

48.

a chreidiúint go bhfuil, in uirlis uimhir 35, na gnéithe is gá chun treoir a thabhairt maidir le hanailísí tionchair i dtíortha i mbéal forbartha agus á mheas go n-úsáidfear an uirlis sin go forleathan; á mheas gur gá na hearnálacha reatha ar cheart tús áite a thabhairt do mheasúnuithe tionchair ina leith a bheith ag teacht leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo de chuid an Aontais agus seasaimh na Parlaiminte a léiriú, agus gur cheart dóibh comhfhreagras soiléir a léiriú leis na réimsí ábhartha de dhlí AE, ionas gur fusa a bheidh sé reachtaíocht a shainaithint ar gá aird ar leith a thabhairt orthu; ag moladh go gcaithfear an bosca uirlisí a neartú tuilleadh chun sainaithint agus anailís ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann i dtíortha atá i mbéal forbartha a éascú; ag moladh go dtabharfaí isteach ceannteideal nua, “Tionchar ar thíortha atá i mbéal forbartha”, le haghaidh uirlisí sonracha sa bhosca uirlisí, lena n-áirítear uirlisí 23, 25 agus 26 ach gan a bheith teoranta dóibh; ag moladh, faoin gceannteideal sin, go gcuirfí isteach roinnt ceisteanna treorach chun a bhrath an rannchuidíonn reachtaíocht le cuspóirí an bheartais forbartha agus le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 san AE agus i dtíortha atá i mbéal forbartha araon; ag meabhrú go bhfuil tionchar ar chearta an duine, lena n-áirítear ar leanaí, ar dhaoine dúchasacha, ar dhaoine LGBTIQ agus ar ghrúpaí leochaileacha eile, i dtíortha i mbéal forbartha tábhachtach don chomhar Eorpach um fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa mhéid sin, catagóirí ar leith de mheasúnuithe tionchair a thabhairt isteach maidir le cearta an duine, inscne agus cearta na mban agus maidir leis an smacht reachta agus dea-rialachas i dtíortha i mbéal forbartha; á mheabhrú go bhfuil sé tábhachtach freisin, chun foghlaim ó ghníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo agus feabhas a chur amach anseo, meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht na nósanna imeachta agus na n-uirlisí, agus, i ndáil leis an méid sin, iarrann sí ar an gCoimisiún tuarascáil rialta a thabhairt don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme uirlis 35;

49.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé measúnuithe tionchair ar chearta an duine a idirnascadh le creat beartais nua an Aontais maidir le dícheall cuí um chearta an duine trína áirithiú go dtacaíonn na sonraí a ghintear maidir le cearta corparáide an duine agus rioscaí comhshaoil de réir earnála, gníomhaíochtaí gnó agus slabhraí luacha le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe agus faireacháin ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear ar fáil tagarmharcanna intomhaiste agus ábhar substainteach;

50.

ag meabhrú gur chuir an Pharlaimint stiúrthóireacht thiomnaithe ar bun, an Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach, chun a bheith in ann measúnuithe tionchair ex ante agus ex post a dhéanamh d’fhonn tacú leis an gceapadh beartais atá fianaise-bhunaithe agus á iarraidh dóthain cistiúcháin agus acmhainní daonna don stiúrthóireacht agus do sheirbhísí Parlaiminte eile atá ceaptha chun tacú le cumas na bhFeisirí feabhas a chur ar a bhfeidhm mar chomhreachtóirí,

51.

ag meabhrú gur cheart go guirfí san áireamh i measúnuithe na Parlaiminte, éifeachtacht na bhforálacha maidir lena gcuspóirí a bhaint amach, luach ar airgead a áirithiú agus ag coinneáil fíorchostas i gcomhréir le tairbhí, a n-oiriúnacht agus a n-ábharthacht maidir le riachtanais atá ag teacht chun cinn, an breisluach a bhaineann leo agus a gcomhtháthú inmheánach agus seachtrach le réimsí beartais eile

52.

ag tacú le tiomantas an Choimisiúin i leith athbhreithnithe beartais agus ag moladh don Choimisiúin níos mó úsáid a bhaint as measúnuithe ex post chun éifeachtacht agus tairbhí an reachtaíocht a mheas, agus, ina shea, go gcuideodh sé sin le bheith mar bhonn faisnéise d’fhorbairt beartais sa todhchaí agus d’fheabhsúcháin ar an gcur chuige i leith na rialála; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an prionsabal “déantar meastóireacht ar dtús” chun a áirithiú go mbeidh tionchar ag na ceachtanna a foghlaimíodh san am a chuaigh ar an ngníomhaíocht a dhéanfar i leith an timthrialla beartais amach anseo; á chur in iúl gur cúis mhór imní di meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair a bheith á ndéanamh go comhuaineach mó sa mhó, cé gur cheart go gcuirfí torthaí na meastóireachta san áireamh in aon athbhreithniú ar an reachtaíocht;

53.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil caighdeánú déanta ar rialú cáilíochta do mheastóireachtaí agus na staidéir thacaíochta a ghabhann leo trí ghrúpaí idirsheirbhíse agus trí sheicliostaí cáilíochta; á thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil na rialuithe cáilíochta céanna i bhfeidhm maidir le hathbhreithnithe ex post seachas meastóireachtaí; ag moladh don Choimisiúin sraith d’íoschaighdeáin cháilíochta a shainiú d’athbhreithnithe ex post seachas meastóireachtaí d’fhonn a gcáilíocht a áirithiú ar fud sheirbhísí an Choimisiúin; á mheas gur cheart go gceanglófaí leis na híoschaighdeáin cháilíochta sin go n-áireofaí in athbhreithnithe ex post, cur síos mionsonraithe ar an modheolaíocht a úsáidtear, lena n-áirítear uirlisí bailithe sonraí agus anailíse, údar maith a thabhairt lena rogha agus na teorainneacha atá i gceist;

54.

á thabhairt chun suntais go ndéanann clásail faireacháin agus athbhreithnithe sa reachtaíocht a áirithiú go ndéanfaí na sonraí riachtanacha a bhailiú agus a mheas á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomthéacs an Chomhaontuithe Idirinstitiúideach (IIA) atá ann cheana, bosca uirlisí idirinstitiúideach maidir le clásail athbhreithnithe agus faireacháin a fhorbairt, ina mbeadh, i measc nithe eile, tacsanomaíocht de thorthaí féideartha agus/nó athbhreithnithe ex post ar féidir iad a iarraidh agus treoir maidir le clásail faireacháin a dhréachtú, d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit araon;

55.

á chur i bhfáth gur uirlis thábhachtach iad meastóireachtaí ex post chun an tionchar atá ag reachtaíocht ar shaoránaigh agus ar ghnóthaí a mheasúnú, trínar cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar ar FBManna, agus á iarraidh ar an gCoimisiún Ardán 4F4 agus na Ballstáit a chumasú chun aiseolas a thabhairt maidir le meastacháin de chostais agus tairbhí an Choimisiúin tar éis a gcur chun feidhme;

56.

á chur i bhfáth gur gá cuspóirí maidir le reachtóireacht níos fearr a athbhreithniú agus a mheas go rialta de réir chritéir an chláir oibre maidir le reachtóireacht níos fearr, lena n-áirítear faireachán agus tuairisciú; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh na cuspóirí cothrom, comhréireach agus go ndeanfaí meastóireacht orthu ó thaobh a n-éifeachtachta; á mheabhrú a thábhachtaí atá sonraí inchomparáide ar fud an Aontais chun críocha na meastóireachta sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar baineadh amach cuspóirí amhail torthaí beartais feabhsaithe trí úsáid a bhaint as na huirlisí don reachtóireacht níos fearr.

57.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas athnuaite an Choimisiúin do thrédhearcacht an phróisis meastóireachta agus á iarraidh go bhfoilseofar pleananna meastóireachta ilbhliantúla; lena n-áirítear an fhaisnéis chúlra ábhartha a úsáidtear; ag cur béim bhreise ar an bhfíoras gur gá infhaighteacht fianaise poiblí, iomláine agus inrochtana lena dtacaítear le measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí a mhéadú, agus á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feabhas a chur ar a chláir fianaise agus ar na naisc atá eatarthu agus freisin a bhunachair sonraí agus a stórtha inmheánacha a chur ar fáil go héasca don phobal; ag tacú le rún an Choimisiúin, ina leith sin, Tairseach reachtach comhpháirteach a chur ar bun, ar cheart di leagan amach chomh iomasach agus eispéireas chomh soláimhsithe agus is féidir a chur ar fáil chun barraíocht eolais a sheachaint agus ag leagan béim ar an ngá atá ann go mbeadh an comhthairseach sin ag feidhmiú go hiomlán faoi dheireadh 2022; ag tacú leis an gcuspóir maidir le comhar idir na hinstitiúidí a mhéadú chun rochtain ar na sonraí go léir a bhaileofaí ar thionscnamh beartais ar leith i rith an phróisis reachtaigh a éascú agus a shruthlíniú;

58.

á chur i bhfios go láidir gur féidir le treoirthionscadail agus cruthúnais choincheapa atá maoinithe ag an AE, i gcás inar féidir, rannchuidiú le dréachtú na reachtaíochta a mhúnlú, chomh maith lena cur chun feidhme agus a forfheidhmiú a éascú;

59.

á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún freagra ar Cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint in am trátha; á chur in iúl gur oth léi gur freagraíodh formhór mór na gceisteanna i scríbhinn go déanach roimhe seo, agus á áitiú go gcuirfeadh an Coimisiún feabhas ar a chuid ama freagartha ar cheisteanna i scríbhinn; á chur i bhfios go mbíonn drochchaighdeán ag baint le cáilíocht na bhfreagraí ar cheisteanna na Parlaiminte go minic agus á iarraidh, dá bhrí sin, go dtiocfadh feabhas láithreach agus suntasach ó thaobh struchtúir de ar fhreagraí an Choimisiúin ar cheisteanna parlaiminte;

60.

á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht sna hinstitiúidí Eorpacha ina cuid bhunriachtanach den phróiseas reachtach, mar go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh fios a bheith acu faoi conas mar a dhéantar dlíthe a bhfuil tionchar acu orthu; á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú ar thángthas air leis an gComhairle le gairid maidir leis an gClár Trédhearcachta; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil d’oibleagáid ar institiúidí agus comhlachtaí uile AE, ná ar ionadaithe na mBallstát an Clár Trédhearcachta a chur i bhfeidhm;

61.

á iarraidh go mbeadh tuilleadh feabhais laistigh de na hinstitiúidí uile maidir le trédhearcacht pléití agus cinntí; á chur in iúl gur saoth léi easpa na trédhearcachta i bpróiseas cinnteoireachta na Comhairle agus an cleachtas ró-aicmiú a dhéanamh ar dhoiciméid agus léirmhíniú an-leathan ar na heisceachtaí á áirítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le próiseas cinnteoireachta a chosaint agus comhairle dlí a chosaint, rud a chiallaíonn go minic nach gcuirtear prionsabal an leasa phoiblí sháraithigh i bhfeidhm i nochtadh na ndoiciméad gaolmhar; á chreidiúint gur cheart úsáid eisceachtaí rúndachta do dhoiciméid na Comhairle a chur i bhfeidhm i gcóras atá comhleanúnach le maoirseacht neamhspleách agus comhsheasmhacht le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE); ag tathant ar an gComhairle chun líon agus cineál na ndoiciméad ábhartha a chuireann siad ar fáil don phobal, go háirithe na seasaimh a léiríonn na Ballstáit, ionas go mbeidh an deis ag an bpobal an seasamh a ghlac a rialtas thar a gceann ar leibhéal AE agus chomh maith leis sin chun rannchuidiú le feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú a dhéanann parlaimintí náisinta ar chinnteoireacht AE, a bheidh infheidhme maidir le gach cinneadh, ó chomhaid reachtacha go gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe;

62.

á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil trédhearcacht agus poiblíocht maidir le nós imeachta reachtaigh atá ar siúl ina gcuid dhílis den phróiseas reachtach agus gur féidir, dá bhrí sin, iad a chur i bhfeidhm maidir le rochtain ar dhoiciméid le haghaidh cruinnithe tríthaobhacha mar a luann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cásdlí, go háirithe i gCás T-540/15, Emilio De Capitani v an Pharlaimint; á chreidiúint gur gá do AE beartas níos uaillmhianaí a fhorbairt maidir le rochtain ar dhoiciméid agus foráil a dhéanamh do na rialacha reatha a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear do dhoiciméid a bhaineann leis an gcaibidlíocht inmheánach, leis an gcaibidlíocht thríthaobhach agus leis an gcaibidlíocht idirnáisiúnta; á mheabhrú gur cheart, dar leis an Ombudsman Eorpach, do na srianta ar rochtain ar dhoiciméid, ar dhoiciméid reachtúla go háirithe, a bheith eisceachtúil agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach; á chur in iúl, ina theannta sin, go dtugann oscailteacht agus trédhearcacht níos mó dlisteanachta agus muiníne i bpróiseas daonlathach reachtach AE; á chur in iúl gur oth léi an cleachtas trína n-agraítear “éifeachtúlacht phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide” go rialta chun rochtain ar dhoiciméid reachtacha ullmhúcháin a dhiúltú;

63.

á mheas go bhféadaí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ionas go guirfí, mar shampla, an digitiú agus bainistiú doiciméad digiteach, cásdlí atá ann maidir le trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid, agus forbairtí ginearálta i ndearcadh an phobail ar thrédhearcacht go hiomlán san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh aon athbhreithniú ina shiocair le níos mó, seachas níos lú, trédhearcachta;

64.

á chur i bhfáth gur réamhchoinníoll le haghaidh beartais agus reachtóireacht ar ardchaighdeán é go mbeadh próisis cinnteoireachta riaracháin agus reachtach ann atá oscailte, éifeachtach, trédhearcach agus neamhspleách; ag cur béim ar an bhfíoras gur rannchuidiú dearfach i leith an dea-rialachais agus cleachtais rialála san Aontas Eorpach a bheidh i nósanna imeachta comhchuibhithe a thabhairt isteach agus go dtreiseoidh sé sin an nasc idir cinnteoireacht saineolais agus dlisteanacht dhaonlathach; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint ina rúin an 15 Eanáir 2013, an 9 Meitheamh 2016 agus an 20 Eanáir 2021 go nglacfaí le rialachán maidir le riarachán an Aontais Eorpaigh a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách faoi Airteagal 298 CFAE, agus á thabhairt dá haire nach raibh togra ón gCoimisiún i ndiaidh an iarratais sin; á iarraidh ar an gCoimisiún arís, dá bhrí sin, togra reachtach a chur chun cinn maidir le dlí Eorpach i ndáil le nós imeachta riaracháin, agus na céimeanna a ghlac an Pharlaimint go dtí seo sa réimse sin á gcur i gcuntas;

65.

ag meabhrú an gá atá le prionsabail chomhsheasmhacha maidir le dréachtú reachtach a chur i bhfeidhm, go háirithe an trédhearcacht, an chuntasacht, chomh maith le soiléireacht agus beachtas, i gcomhréir leis na prionsabail a aithnítear le dlí-eolaíocht CBAE;

66.

á chur i bhfios gur cheart go mbeadh comhlachtaí a bhfuil leibhéil níos lú trédhearcachta, amhail an Grúpa Euro, faoi réir rialacha nós imeachta na Comhairle mar chéad chéim acu, agus gur cheart dóibh na nósanna imeachta vótála, na miontuairiscí, na torthaí, agus míniú na vótaí agus na pléití a bhaineann leis a chur ar fáil don phobal;

67.

ag tabhairt dá haire úsáid ionstraimí amhail REFIT agus an F4F chun deiseanna ar shimpliú a dhéanamh, agus ar chostais agus ualaí riaracháin nach gá a laghdú a shainaithint sula molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú, , agus fós na caighdeáin is airde cosanta a áirithiú agus comhlíonadh dhlí an Aontais a fheabhsú; ag meabhrú gurb é ról an Ardáin F4F chomh maith a mheasúnú an seasfaidh reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais, agus cuspóirí na reachtaíochta sin, an aimsir, an mbeidh sí comhréireach agus an gcuirfear in oiriúint do dhúshláin nua í; le linn do díriú isteach ar fhritháireamh rialála;

68.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena niarrachtaí na réitigh is éifeachtaí a shainaithint trí phrionsabail na rialála níos fearr a chur i bhfeidhm ionas gur féidir, chun críocha bheartais AE na buntáistí is mó is féidir a fháil agus ag an am céanna na costais ghaolmhara a íoslaghdú ar mhaithe leis na tairbhithe; ag cur béim ar an ngá atá le prionsabal “tús áite d’fhiontair bheaga” a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus neartú an phrionsabail a bheith “mór maidir le rudaí móra, beag maidir le rudaí beaga” chun fócas ceart a áirithiú ar FBManna i reachtaíocht AE agus i reachtaíocht náisiúnta agus mar an bunús le haghaidh tiomantas idirinstitiúideach nua chun ualaí riaracháin a laghdú;

69.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin foghrúpa a bhunú laistigh d’Ardán 4F4 ina mbeidh Líonra na Mol Réigiúnach de chuid Choiste Eorpach na Réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach fhóinteach a dhéanamh ar thuairimí an ardáin agus cur chuige fianaise bunaithe a mheastóireachtaí ex post agus ex ante a threisiú le saineolas áitiúil agus reigiúnach;

70.

á mheabhrú gur uirlisí úsáideacha iad athbhreithnithe meántéarma agus clásail éagtha chun a áirithiú go mbíonn ár ndlíthe AE cothrom le dáta i gcónaí nó go dtarraingítear siar go tráthúil iad tar éis dóibh a gcuspóir a chomhlíonadh; á mheas gur cheart don Choimisiún cur chuige níos comhtháite a fhorbairt agus a thabhairt isteach maidir leis an inbhuanaitheacht a chuirfeadh idirghníomhú na dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil atá ag beartais agus reachtaíocht AE san áireamh ar bhealach níos fearr; á mholadh go ndéanfadh an t-Ardán F4F reachtaíocht nach bhfuil ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus cuspóirí SFI níos leithne a shainaithint agus iniúchadh a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear cur chuige“bíodh tús áite ag an inbhuanaitheacht” a ghlacadh sa chomhthéacs sin;

71.

ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún (16) baint amach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a éascú trí dhul i ngleic le bacainní agus rómhaorlathas a d’fhéadfadh a chur chun feidhme a mhoilliú, trí aird ar leith a thabhairt ar na himpleachtaí agus ar na costais a bhaineann le dlíthe an Aontais a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás FBManna;

72.

á mheabhrú gur gá go mbreithneofaí “glan”éifeachtaí reachtaíocht an Aontais ar leibhéil éagsúla riaracháin sa mheasúnú ar “ualach neamhriachtanach”, agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh go hiomlán, i gcás ina bhféadfadh ualach riaracháin níos ísle ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil a bheith mar thoradh ar ghlacadh píosa amháin reachtaíochta ar leibhéal an Aontais, go háirithe i bhfoirm rialachán de chuid an Aontais a bheadh infheidhme go díreach, agus go bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí na rialacha a dhéanamh trédhearcach agus intuartha agus trína áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad i mBallstáit uile an Aontais, agus ar an gcaoi sin, laghdú a dhéanamh freisin ar chostais agus ar thionchar droch-sheachtrachtaí a bhaineann leis an gcomhshaol, an aeráid agus an tsláinte; á thabhairt dá haire go bhféadfaí tacú le reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach trí chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais a dhéanamh níos soiléire, mar shampla tríd an gclár oibre maidir le Rialáil níos fearr;

73.

ag tabhairt dá haire gur gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh go háirithe i réimse an tsimplithe agus an chaighdeánaithe ar fhoirmeacha agus ar nósanna imeachta, le cur chun feidhme comhsheasmhach phrionsabal “na haonuaire” agus an phrionsabail “digiteach mar réamhshocrú”, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon;

74.

á chreidiúint gur gá go mbeadh gach comhaontú trádála agus infheistíochta idirnáisiúnta “réidh don todhchaí” i ngach gné díobh, agus ar an gcaoi sin, inbhuanaitheacht eacnamaíoch, sóisialta, agus comhshaoil a chur chun cinn agus ag rannchuidiú le gealltanas idirnáisiúnta a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé measúnuithe tionchair inbhuanaitheachta a dhéanamh sula seolfar caibidlíochtaí trádála agus infheistíochta; ag cur béim ar an ngá cur chuige níos comhtháite a fhorbairt agus a thabhairt isteach a chuirfeadh idirghníomhú na dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil atá ag reachtaíocht, beartais agus tionscnaimh AE san áireamh ar bhealach níos fearr; lena n-áirítear a chomhaontuithe trádála agus infheistíochta, tríd an tionchar carnach a d’fhéadfadh a bheith ag tograí reachtacha éagsúla, chomh maith le comhaontuithe trádála agus infheistíochta san iomlán a chur san áireamh;

75.

á chreidiúint gur cheart d’institiúidí AE leas a bhaint as saineolas ó réimsí éagsúla beartais chun cinnteoireacht bharrmhaith a áirithiú agus bearta an-éifeachtacha a ghlacadh; á iarraidh ar na trí institiúid go léir comhordú idir a gcomhlachtaí inmheánacha a fheabhsú agus oibriú i sadhlanna a sheachaint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé córais rialála comhleanúnacha a chur chun cinn mar shampla, trí chomhchuibhiú ar choincheapanna thar tionscnaimh reachtacha ghaolmhara, mar gur féidir leis seo feabhas a chur ar chomhlíonadh;

76.

ag leagan béim ar an ngá atá ann féachaint ar chur chuigí reachtacha nuálacha amhail an dearadh dlí; á thabhairt chun suntais gur cur chuige daonlárnach is ea an dearadh dlí a d’fhéadfadh cabhrú leis an mbearna idir saoránaigh AE, geallsealbhóirí agus reachtaíocht AE a dhúnadh; á mheabhrú go dtugann cur chuige daonlárnach le fios gur cheart reachtaíocht a chruthú go príomha ar mhaithe le saoránaigh agus geallsealbhóirí agus ba cheart go mbeadh sí sothuighte;

77.

ag tarraingt aird na Comhairle agus an Choimisiúin ar na moltaí a rinne Grúpaí Fócais na Parlaiminte, moltaí a leagann béim ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar Rialacha 132 agus166 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le rochtain ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún chun go lamhálfaí Feisirí a bheith i láthair nó a cheistiú le linn cruinnithe de mheitheal na Comhairle, de Choiste na mBuanionadaithe (COREPER) nó den Chomhairle;

78.

á chur i bhfáth an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 218(10) CFAE an Pharlaimint a choimeád ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta a bhaineann le comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur in iul gur saoth léi nach dtugtar rochtain don Pharlaimint ar na tograí éagsúla a bhaineann le seasaimh chaibidlíochta na bpáirtithe conarthacha maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála agus infheistíochta; á mheas gur cheart an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr a chur chun feidhme ar bhealach leordhóthanach i ndáil leis sin, ar Chomhaontú é lena n-aithnítear a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur féidir le gach institiúid a cearta a fheidhmiú agus a hoibleagáidí a chumhdaítear sna Conarthaí a chomhlíonadh maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta;

79.

ag cur béim ar an ngá atá le coimhdeacht ceanglas rialála a áirithiú i gcomhthéacs ionstraimí trádála idirnáisiúnta;

80.

á chur i bhfáth gur cheart cleachtais sheanbhunaithe maidir le cur i bhfeidhm sealadach comhaontuithe trádála agus infheistíochta a chur i bhfeidhm ar gach comhaontú idirnáisiúnta, chun a áirithiú nach gcuirtear aon chomhaontú i bhfeidhm go sealadach sula ndéanann an Pharlaimint vótail a toiliú a thabhairt;

81.

á chreidiúint nach mór le rialáil éifeachtach cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais ghearrtéarmacha agus dúshláin fhadtéarmacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an “bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach” i ndáil lena chuidiú go seasfaidh ceapadh beartais AE an aimsir trína áirithiú go mbeidh measúnuithe ar thionscnaimh nua fothaithe i gcomhthéacs níos fadtéarmaí, agus béim á leagan ar bhreisluach na reachtaíochta ardcháilíochta mar infheistíocht san am atá le teacht; á chur in iúl gur geal léi gur comhtháthaíodh “gnéithe fadbhreathnaitheachta” i gclár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí; á mheas, áfach, gur cheart don Choimisiúin a ghníomhaíochtaí maidir le rialáil níos fearr agus fadbhreathnaitheacht straitéiseach a ailíniú agus a chomhcheangal ar bhealach níos fearr chun an dá phróiseas a chomhtháthú ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios go láidir go bhfuil modheolaíocht an Choimisiúin le haghaidh costais a chainníochtú, le haghaidh cinneadh a dhéanamh faoi chomhbhabhtálacha agus le haghaidh fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur chun feidhme fós doiléir, agus ag áitiú ar an gCoimisiún cruthúnas a chur ar fáil ar conas a leanadh na cuir chuige sin sa chleachtas; ag moladh don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar uirlisí measúnaithe costais nuálacha; á mholadh go láidir, ina leith sin chomh maith, go gcuirfí na tuarascálacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide a bhunaítear faoi Airteagal 10(a) de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 in éineacht le Rialachán (AE) 2021/1119 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach san áireamh sa phróiseas fadbhreathnaitheachta straitéisí;

82.

ag tabhairt dá haire go mbíonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála rannpháirteach i measúnuithe tionchair, i seiceálacha oiriúnachta, agus i mórmheastóireachtaí ar an reachtaíocht reatha; lena ndéantar obair fianaise-bhunaithe an Choimisiúin a fheabhsú; á thabhairt dá haire go bhféadfadh ról a bheith ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála chun leibhéal oibre neamhclaonta ar ardchaighdeán ón gCoimisiún a áirithiú agus go bhfhéadfaí a shaineolas agus a thaithí a úsáid chun cúraimí eile a dhéanamh laistigh den Choimisiún; á chur i bhfáth go bhféadfadh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar obair an Choimisiún ach amháin nuair nach bhfuil a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht inchurtha in amhras; á iarraidh, i ndáil leis sin, do neamhspleáchas an bhoird agus chun feabhas mór a chur ar thrédhearcacht an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála maidir le cruinnithe le geallsealbhóirí, athbhreithnithe, moltaí agus tuairimí, lena n-áirítear trí úsáid an Chláir Thrédhearcachta a dhéanamh éigeantach do chomhaltaí an Bhoird; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh obair an Bhoird difear, sa deireadh thiar, d’inniúlacht an Choimisiúin reachtaíocht a mholadh ná moill mhíchuí a chur ar ghlacadh tograí reachtacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairimí uile an Bhoird a fhoilsiú láithreach bonn tar éis a nglactha, gan aon eisceacht, chun comhleanúnachs, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i rith an phróisis, agus chomh maith chun iad a sheachadadh don Pharlaimint agus don Chomhairle; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, na dréachtmheastóireachtaí agus na dréachtmheasúnuithe tionchair a chuirfear faoi bhráid an bhoird a chur ar fáil do na comhreachtóirí; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála déanta suas de cheathrar comhaltaí an Choimisiúin agus triúr saineolaithe seachtracha; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar phróiseas cinnteoireachta an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, mar go gceadaítear faoin gcóras reatha tuairimí a ghlacadh gan ionchur saineolaithe seachtracha nó chun Bord um Ghrinnscrúdú Rialála neamhspleách a bhunú lasmuigh den Choimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, an comhoibriú a dhéanann sé leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a fhadú, agus é a neartú trí a thuilleadh acmhainní a chur ar fáil dó chun a chuid oibre a dhéanamh agus tacaíocht ón Airmheán Comhpháirteach Taighde a áirithiú;

83.

ag tabhairt dá haire an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” trína bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún ualaí nua arna dtabhairt isteach le deireanas a fhritháireamh trí dheireadh a chur le hualaí coibhéiseacha ar na saoránaigh agus ar ghnólachtaí ar leibhéal an Aontais sa réimse beartais céanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’aidhm leis an gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” clár REFIT a neartú trína leathnú thar na hualaí a eascraíonn as na gníomhartha reatha chun go n-áireofaí ualaí ar reachtaíocht nua agus chun an t-ualach carnach i ngach réimse beartais a bhainistiú; á iarraidh go mbeadh an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” bunaithe ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí ábhartha; á thabhairt dá haire gur thug an Coimisiún an cur chuige sin isteach go haontaobhach, gan measúnú tionchair ná comhairliúchán roimh ré; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh cur chun feidhme an chur chuige sin difear do riachtanais pholaitiúla ná do chuspóirí na rialála níos fearr, agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh sé ina shiocair le cinntí meicniúla nó matamaiticiúla reachtaíocht a aisghairm, caighdeán na reachtaíochta a ísliú ná éifeacht scáfar a bheith aige ar an reachtaíocht; agus ba cheart gurb é a bheadh mar aidhm leis, reachtaíocht AE a nuachóiriú agus a athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, lena n-áirítear trí reachtaíocht a ionadú, a chumasc agus a fheabhsú; á chur i bhfáth, mar sin féin, cé gur cheart ualaí breise riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint nuair a bhíonn reachtaíocht AE á gceapadh, á dtrasuí agus á gcur chun feidhme, nár cheart gur dírialáil nó “neamhrialáil” a d’éireodh as an gcur chuige sin, agus nár cheart go gcuirfeadh sé cosc ar Bhallstáit bearta níos uaillmhianaí a choinneáil nó a ghlacadh agus caighdeáin cosanta sóisialta, comhshaoil agus tomhaltóirí níos airde a ghlacadh i gcásanna inar íoschaighdeáin, agus iadsan amháin, atá sainithe le dlí an Aontais;

84.

á áitiú go bhfuil cur chun feidhme dhlí AE bunriachtanach chun “iontaoibh na saoránach” i mbeartais agus institiúidí AE a fheabhsú; á mheabhrú nach mór, faoi Airteagal 197 CFAE, breathnú ar an gcur chun feidhme sin mar ábhar leasa choitinn do na Ballstáit Á iarraidh ar na Ballstáit ualaí breise riaracháin agus comhlíontachta neamhriachtanacha a chur leis an reachtaíocht a sheachaint agus reachtaíocht AE á trasuí acu, go háirithe i gcás FBManna, os rud é gurb iad cleachtais ró-rialála ceann de na príomhfhoinsí d’ualaí riaracháin neamhriachtanacha; á mheas, mar sin féin, nár cheart go gcuirfeadh prionsabal na rialála níos fearr cosc ar pharlaimintí na mBallstát bearta níos uaillmhianaí a choinneáil nó a ghlacadh i gcásanna nach bhfuil ach íoschaighdeáin leagtha amach i ndlí an Aontais; ag tacú leis an iarratas a rinne an Coimisiún ar na Ballstáit é a thuairisciú nuair a roghnaíonn siad gnéithe nach eascraíonn as reachtaíocht AE a chur isteach;

85.

ag meabhrú nár cheart go dtuigfí go huathoibríoch as an ngá atá le reachtaíocht nua nach bhfuil gá leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair a thuilleadh; go bhfuil sí den tuairim, i ndáil leis sin, nach mór chomh maith céanna measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh maidir le haon aisghairm fhéideartha, chun iarmhairtí gan choinne agus éifeachtaí neamh-inmhianaithe a sheachaint; á iarraidh go mbeidh an cur chuige sin bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach agus fhianaisebhunaithe lena dtabharfar aird chothrom ar na gnéithe inbhuanaitheachta uile, ó thaobh tairbhí agus costas de, lena n-áirítear costais an neamhchomhlíonta agus na neamhghníomhaíochta; agus na tionchair riaracháin nó eacnamaíocha á gcur san áireamh, agus breathnú go hiomlánaíoch ar acquis AE freisin chomh maith le breithniú a dhéanamh ar a dtionchair shóisialta, chomhshaoil agus a dtionchair ar an tsláinte phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, a áireamhán “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a chur ar fáil don phobal agus tacaíocht na n-institiúidí eile AE a fháil sula gcuirfidh sé an cur chuige sin i bhfeidhm; á mheas gur cheart reachtóireacht níos fearr a bheith bunaithe ar bhreithnithe cáilíochtúla seachas cainníochtúla; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá reachtaíocht ar ardchaighdeán chun tionscnaimh shuaitheanta AE a chur i gcrích; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin sa teachtaireacht uaidh oibriú leis na Ballstáit, leis na réigiúin agus leis na príomh-gheallsealbhóirí chun deireadh a chur le bacainní agus rómhaorlathas a chuireann bac ar dhul chun cinn an aistrithe ghlais; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá meastóireachtaí ex post chun a áirithiú go bhfuil a chuid gealltanas á gcomhlíonadh ag an Aontas;

86.

á chur i bhfios gá láidir, thairis sin, gur cheart costais chomhlíontachta, costais riaracháin agus coigeartaithe araon a mheas agus an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” á chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit an cur chuige sin i bhfeidhm, agus go ndéanfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha amhlaidh, le linn phróiseas an trasuí ábhartha; ag moladh go ndéanfaí dea-chleachtais maidir le bearta cúitimh, modheolaíochtaí agus na sonraí a bhaileofaí a mhalartú;

87.

á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an muinín atá ag daoine i bhforfheidhmiú rialachán i ndlisteanacht reachtaíocht na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimsiún cur lena iarrachtaí maidir le dlíthe AE a fhorfheidhmiú agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar sháruithe ar dhlí AE;

88.

á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé go dtéann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mbun comhair ar bhonn níos struchtúrtha chun feidhmiú agus éifeachtúlacht dhlí an Aontais a mheasúnú d’fhonn feabhas a chur ar an méid sin; á chur i bhfios go gcaithfidh na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme go mear, go tráthúil agus i gceart ionas go bhféadfar measúnú cuí a dhéanamh ar an ngá a bheadh le tuilleadh reachtaíochta;

89.

á thabhairt dá haire go léiríonn líon mór na nósanna imeachta maidir le sárú gur dúshlán tromchúiseach i gcónaí é cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm tráthúil agus ceart dhlí an Aontais sna Ballstáit agus á iarraidh bearta práinneacha a bheith ann chun feabhas a chur ar thrédhearcacht chinntí a ghlacann an Choimisiúin maidir le nósanna imeachta den sort sin; á athdhearbhú gur dlúthchuid den chlár oibre maidir le reachtóireacht níos fearr é reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfios gur minic gur féidir ualaí rialála iomarcacha ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a chur i leith saincheisteanna comhlíontachta na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht AE a fhorfheidhmiú ina hiomláine agus gan moill mhíchuí agus giaráil a dhéanamh ar na huirlisí uile atá ann cheana féin; á chur i bhfáth nach mór beartas forfheidhmithe an Choimisiúin a bheith níos intuartha agus níos trédhearcaí agus nach mór dó deimhneacht dhlíthiúil a threisiú do gach geallsealbhóir;

90.

á iarraidh go ndéanfar, sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, plé ar cheart Pharlaimint na hEorpa maidir le tionscnamh reachtach a neartú, ós rud é gurb í an Pharlaimint an t-aon chomhlacht a thoghtar go daonlathach in AE agus toisc go ndéanann sí ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh na hEorpa; ag meabhrú gur gheall Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go dtacódh sí le ceart tionscnaimh na Parlaiminte; á chur in iúl gur oth léi gur minic a cuireadh an fhéidearthacht sin ar athló go dtí athbhreithnithe todhchaíocha ar an gConradh; á chur i bhfáth gur gné thábhachtach den daonlathas ionadaíoch ar leibhéal na mBallstát é ceart tionscnaimh na Parlaiminte agus go bhfuil sé riachtanach na Feisirí a chumhachtú, mar ionadaithe díreacha shaoránaigh AE, trína gceart a neartú chun clár oibre reachtach AE a mhúnlú; á chur in iúl gur geal léi tiomantas Uachtarán an Choimisiúin tacú le ceart tionscnaimh na Parlaiminte, agus tiomantas an Choimisiúin freagairt i gcónaí le gníomh reachtach d’iarrataí faoi Airteagal 225 CFAE; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar chumas na Parlaiminte a cumhachtaí a fheidhmiú maidir le tionscnaimh reachtacha a mholadh; á mheas go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat-Chomhaontú chun éascú an chirt sin a mhéadú; ag leagan béim ar an ngá atá ann na difríochtaí idir na cineálacha éagsúla tuarascála ón bParlaimint agus soiléiriú agus an ghníomhaíocht a d’iarr an Coimisiún a shoiléiriú;

91.

á chur i bhfáth gur tionscnamh é an Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nach bhfuil a shárú ann chun dul i dteagmháil go díreach le saoranaigh AE chun a ndearcadh i leith ceaptha beartais san Eoraip; á chreidiúint, i ndiaidh dheireadh na comhdhála, nach mór meastóireacht a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cleachtais a thabhairt isteach a d’fhéadfadh rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas reachtach a mhéadú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a chur ar chumas na saoránach a gceart daonlathach a fheidhmiú go hiomlán chun páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais trí idirghníomhú díreach lena n-ionadaithe tofa, agus rannpháirtíocht dhíreach a chur chun cinn; ag moladh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar shásraí rannpháirtíochta a chomhtháthú san idirphlé idirinstitiúideach as a dtiocfaidh a chlár oibre bliantúil;

92.

ag cur sonrú i dtuiscint shaoránaigh AE atá ag athrú go tapa maidir leis an tionchar atá ag rialachas AE ar a saolta laethúla agus ar fhorbairtí amach anseo i gcomhthéacs sochaí faisnéise atá ag éirí níos dírithe ar na meáin shóisialta, rud a chuireann dlús le feidhmiú chinnteoireacht AE agus le héilimh ar rialachas AE agus lena méadaítear an fheasacht faoi sin; á athdhearbhú gur gá na saoránaigh a rannpháirtiú go hiomlán i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais sa bhreis ar an ngníomh vótála agus i mbealaí agus in ionstraimí eile ar bhealach lena gcuirfear san áireamh an timthriall beartais ina iomláine; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sásraí éifeachtacha rannpháirtíochta agus á iarraidh go mbunófaí sásraí rannpháirtíochta buana i gcomhréir le rún uaithi an 7 Iúil 2021 (17), agus ag leagan béim ar an ngá atá ann iad a bhunú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear na huirlisí riachtanacha le haghaidh comhordú cothrománach agus ceartingearach leormhaith i measc na n-institiúidí ar leibhéil éagsúla; á mheas go bhféadfadh na sásraí sin cur le hardáin díospóireachta beartais ar líne, comhairliúcháin óige agus leanúint le Painéil na Saoránach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

93.

á chur i bhfios go dteastaíonn nósanna imeachta reachtacha éifeachtacha chun reachtóireacht níos fearr a dhéanamh chun nósanna imeachta cinnteoireachta AE a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse ama oiriúnach; á chur in iúl gur oth léi gur ró-annamh a rinneadh na nósanna imeachta reachtacha speisialta a leagtar amach sna Conarthaí a thabhairt i gcrích go rathúil mar gheall ar easpa tiomantais ón gComhairle agus in éagmais treoirlínte nós imeachta éifeachtacha;

94.

á chur in iúl gur geal léi an Chomhdháil maidir le todhchaí na hEorpa i ndáil le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta AE; ag leagan béim go háirithe ar mholtaí Uimh. 1 ón bPainéal Saoránach, go háirithe moltaí 35, 36, 41, 46 agus 48, chomh maith leis na moltaí ón bPainéal Saoránach Uimh. 2, go háirithe foshruthanna 2.1, Uimh. 10 agus Uimh. 11; foshruth 3.1, Uimh. 16; foshruth 4.1, Uimh. 24 agus foshruth 4.2, Uimh. 29 agus Uimh. 32, agus sruth 5, Rannpháirtíocht na Saoránach, go háirithe Uimh. 39 de; ag leagan béim ar an ngá atá ann dul i ngleic go fóinteach leis na moltaí a dhéantar sa tuarascáil deiridh ar an gComhdháil, a tharraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas i gcomhar le Seisiún Iomlánach na Comhdhála ar bhonn dhíospóireachtaí sheisiún iomlánach na Comhdhála maidir leis na moltaí ó na Painéil Náisiúnta agus Eorpacha na Saoránach, chomh maith le hionchur ón Ardán Digiteach Ilteangach; á mheas go léirítear go soiléir sna moltaí ó na painéil go bhfuil saoránaigh ag iarraidh níos mó trédhearcachta a bheith acu i ndíospóireacht phoiblí AE agus go gcuirfí tuilleadh for-rochtana agus tuilleadh faisnéise ar fáil ag institiúidí an Aontais trí úsáid ghníomhach a bhaint as na bealaí cumarsáide uile agus béim á leagan ar ról na meán sóisialta, ar ról é ba cheart a bheith ag gabháil le cinnteoireacht an Aontais, lena n-áirítear próisis reachtacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an bParlaimint conclúidí deiridh na Comhdhála a chur chun feidhme bunaithe ar mholtaí na bPainéal Saoránach i gcomhréir leis na prionsabail atá cumhdaithe sna Conarthaí;

95.

á mholadh go n-áireofaí sa phróiseas reachtach a eascraíonn as an gceart maidir le tionscnamh reachtach a thugtar don Pharlaimint leis na Conarthaí iarraidh chun féilire reachtach a bhunú do na tionscnaimh lena mbaineann, cosúil leis an ngnáthnós imeachta reachtach; á chur i bhfios gá láidir, thairis sin, nach mór go n-urramófar le nós imeachta reachtach speisialta den sórt sin forálacha IIA maidir le BLM maidir leis an oibleagáid institiúideach ar na trí institiúid sin caibidliú agus é sin a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 13(2) CAE;

96.

á mheas i gcásanna ina bhfeidhmíonn an Pharlaimint an ceart tionscnaimh, amhail na rialacháin a bhaineann lena comhdhéanamh féin, toghadh a Feisirí agus na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú a feidhmeanna, agus reacht an Ombudsman, chomh maith le comhdhéanamh coistí sealadacha fiosrúcháin, gur cheart bearta a bhreithniú i gComhaontú Idirinstitiúideach amach anseo chun nach gcuirfear bac ar chomhaid institiúideacha thábhachtacha;

97.

á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an bParlaimint mar an institiúid a ionadaíonn saoránaigh AE, lena n-áirítear sa mhaoirseacht a dhéanann sí ar an gCoimisiún agus sa chomhar a dhéanann sí leis agus le hinstitiúidí eile thar ceann an phobail agus maidir le cur chuige ón mbun aníos a áirithiú i ndáil le héifeachtaí na reachtaíochta ar shaoránaigh; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé coimirciú a dhéanamh ar ról na Parlaiminte i réamh-mheasúnú a dhéanamh ar reachtaíocht a bheidh ann amach anseo, trí uirlisí parlaiminteacha atá ann cheana féin;

98.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin chun an próiseas comhairliúcháin a chomhdhlúthú, an gealltanas tuairisc a thabhairt maidir le gach comhairliúchán poiblí laistigh d’ocht seachtaine tar éis clabhsúr a bheith curtha air agus gur gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé comhairliúcháin a phoibliú ar bhonn níos gníomhaí chun teagmháil a dhéanamh le níos mó saoránach, le níos mó geallsealbhóirí lena n-áirítear FBManna agus le níos mó údarás áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh ar na Ballstáit rannchuidiú leis an bpróiseas sin trí na comhairliúcháin laistigh dá gcríocha a chur chun cinn; á thabhairt dá haire go bhféadfadh geallsealbhóirí áirithe a bhfuil acmhainní airgeadais níos mó acu a bheith níos gníomhaí ó thaobh rannchuidiú le comhairliúcháin; á chreidiúint gur gá go léireodh an t-ionchur a bhaileofar léargas cothrom ar thírdhreach an gheallsealbhóra agus chuige sin ní mór bailiú sonraí ó na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear saoránaigh agus ionadaithe na saoránach a bhfuil níos lú acmhainní acu a éascú;

99.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 43.

(2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0316.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0242

(5)  IO C 86, 6.3.2018, lch. 126.

(6)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 2.

(7)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(8)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/SPEECH_19_4230

(9)  P9_PV(2021)06-07(17).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(11)  Tuarascáil speisialta Uimh. 14/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: “Cloisimis Uait!”: Téann comhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin i bhfeidhm ar shaoránaigh ach ní hionann sin agus gníomhaíochtaí for-rochtana].

(12)  https://eur-lex.europa.eu/statistics/2021/legislative-acts-statistics.html; https://eur-lex.europa.eu/statistics/legal-acts/2021/legislative-acts-statistics-repealed-and-expired-acts.html

(13)  Sainmhínítear boscaí gainimh rialála mar chreataí nithiúla lena gcumasaítear, trí chomhthéacs struchtúrtha a thabhairt don turgnamhaíocht, i gcás inarb iomchuí i bhfíorthimpeallacht, chun tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó bealaí cur chuige nuálacha – i láthair na huaire go háirithe i gcomhthéacs na digiteála – ar feadh tréimhse theoranta agus i gcuid theoranta d’earnáil nó de réimse faoi mhaoirseacht rialála lena gcinntítear go bhfuil cosaintí iomchuí i bhfeidhm.

(14)  https://www.statista.com/statistics/878412/number-of-smes-in-europe-by-size

(15)  Ina theachtaireacht an 30 Meitheamh 2021 dar teideal “Fís fhadtéarmach do limistéir thuaithe AE – I dtreo limistéir thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040” (COM(2021)0345) déanann an Coimisiún cur síos ar phromhadh leas na tuaithe mar a leanas: “I bhfianaise chineál ilghnéitheach na forbartha tuaithe agus gurb é comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an aidhm atá leis na Conarthaí, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais AE trí lionsa tuaithe, agus na tionchair agus na himpleachtaí féideartha ar phoist agus ar fhás tuaithe chomh maith le féidearthachtaí forbartha, folláine sóisialta agus comhdheiseanna do gach duine, agus chaighdeán an chomhshaoil i limistéir thuaithe a mheas”.

(16)  Tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – na ranna uile.

(17)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 96.