|
7.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 47/149 |
P9_TA(2022)0287
Aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bhia i dtíortha atá i mbéal forbartha
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 maidir le haghaidh a thabhairt ar shlándáil bia i dtíortha atá i mbéal forbartha (2021/2208(INI))
(2023/C 47/11)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus d’Airteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, lena n-aithnítear an ceart chun bia mar chuid den cheart chun caighdeáin leormhaith maireachtála, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, |
|
— |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena n-athdhearbhaítear nach foláir don Aontas cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme a chur i gcuntas, ar dóchúil go ndéanfar difear leo do thíortha atá i mbéal forbartha, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 214 CFAE, lena leagtar amach na prionsabail agus na cuspóirí d’oibríochtaí cabhrach daonnúla AE, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (1), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (2), |
|
— |
ag féachaint do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 31 Márta 2010 maidir le cúnamh daonnúil bia (COM(2010)0126) agus do chreat beartais AE chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le slándáil bia (COM(2010)0127), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2012 dar teideal “The EU approach to resilience: learning from food security crises” (COM(2012)0586),[Cur chuige AE i leith na hathléimneachta: ag foghlaim ó ghéarchéim na slándála bia], |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Márta 2013 dar teideal “Enhancing Maternal and Child Nutrition in External Assistance: an EU Policy Framework” (COM(2013)0141) [Feabhas a chur ar Chothú Máthartha agus Leanaí i gCúnamh Seachtrach], |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2021 maidir le “gníomhaíocht dhaonnúil AE, dúshláin nua agus na prionsabail chéanna” (COM(2021)0110), lena mbeartaítear inter alia príomhghníomhaíochtaí chun an nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin a neartú ionas gur fearr a nascfar fóirithint phráinneach agus réitigh níos fadtéarmaí agus an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2021 maidir le treoshuímh nua do ghníomhaíocht dhaonnúil AE (3), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 dar teideal “Safeguarding food security and reinforcing the resilience of food systems” (COM(2022)0133), [Slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú], |
|
— |
ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan i nGníomhaíocht Sheachtrach 2021-2025 (GAP III) agus don Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis (4), |
|
— |
ag féachaint do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le cothú an 3 Iúil 2014 arbh é b’aidhm dó laghdú de sheacht milliún a dhéanamh ar líon na leanaí faoi 5 bliana d’aois atá faoi bhun a bhfáis faoi 2025 (SWD(2014)0234) agus don séú tuarascáil ar dhul chun cinn an 12 Lúnasa 2021 (SWD(2021)0229), |
|
— |
ag féachaint do na rúin uaithi maidir leis an tslándáil bia agus cothú, go háirithe na rúin an 27 Samhain 2014 maidir le tearc-chothú agus míchothú leanaí i dtíortha atá i mbéal forbartha (5), rúin an 7 Meitheamh 2016 maidir leis an gComhghuaillíocht Nua um Shlándáil Bia agus um Chothú (6) agus rúin an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo spriocanna domhanda a bhaint amach agus gealltanais AE i leith cothú agus slándáil bia ar fud an domhain (7), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil bia a áirithiú laistigh agus lasmuigh de AE i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin (8), |
|
— |
ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle maidir le Slándáil an tSoláthair Bhia agus an Chothaithe i gcúnamh seachtrach an 28 Bealtaine 2013, |
|
— |
ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an tslándáil dhomhanda bia agus cothaithe a neartú, an 25 Samhain 2019 maidir leis an gCeathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn i ndáil leis an bPlean Ghníomhaíochta um Chothú, an 20 Bealtaine 2021 maidir le tosaíochtaí AE do Chruinniú Mullaigh 2021 Chóras Bia na Náisiún Aontaithe agus an 14 Meitheamh 2021 maidir le tiomantas Fhoireann na hEorpa don fhorbairt dhaonna a neartú, agus an 19 Samhain 2021 maidir le hUisce sa Ghníomhaíocht Sheachtrach, |
|
— |
ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil 2008 (9) agus ag féachaint don Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, |
|
— |
ag féachaint do na sé sprioc dhomhanda arna leagan síos ag an gComhthionól Domhanda Sláinte in 2012 maidir le cothú máithreacha, naíonán agus leanaí óga faoi 2025, eadhon (i) laghdú 40 % ar líon na leanaí faoi 5 bliana d’aois atá faoi bhun a bhfáis, (ii) laghdú 50 % ar ainéime ar mhná in aois atáirgthe, (iii) laghdú 30 % ar mheáchan breithe íseal, (iv) gan aon mhéadú ar rómheáchan i measc leanaí, (v) méadú 50 % ar a laghad ar an ráta cothaithe cíche eisiach sa chéad 6 mhí agus (vi) laghdú go níos lú ná 5 % i gcnaí na hóige, |
|
— |
ag féachaint do Staid na Slándála Bia agus an Chothaithe sna Tuarascálacha Domhanda, don Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia agus don Tuarascáil maidir le Cothú Domhanda, lena n-áirítear eagráin 2021 díobh, do Threoirlínte maidir leis an gCeart chun Bia ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), do Threoirlínte Deonacha maidir le Córais Bhia agus Cothú Choiste FAO maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain, do na 10 ngné den agrai-éiceolaochta, lena dtreoraítear an t-aistriú chuig córas bia agus talmhaíochta inbhuanaithe, agus do Chreat 2014 le haghaidh Gníomhaíochta maidir le Slándáil an tSoláthair Bia agus an Chothaithe i nGéarchéimeanna Fada, |
|
— |
ag féachaint do Staid an Iascaigh agus an Dobharshaothraithe Dhomhanda 2020 ó Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) (10), |
|
— |
ag féachaint do na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíocha idir AE agus tríú tíortha, |
|
— |
ag féachaint don Líonra Domhanda i gcoinne Géarchéimeanna Bia, comhghuaillíocht de ghníomhaithe daonnúla agus forbartha a oibríonn trí anailís agus eolas comhroinnte le haghaidh comhordú neartaithe ar fud an naisc atá idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin, |
|
— |
ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP) an 13 Meán Fómhair 2007 agus do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile atá ag Obair i Limistéir Thuaithe an 28 Meán Fómhair 2018, |
|
— |
ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal “I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, |
|
— |
ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 1 Aibreán 2016 dar teideal “Deich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCothú (2016-2025)”, arb é is aidhm dó gníomhaíocht threisithe a spreagadh chun deireadh a chur leis an ocras agus chun an míchothú a dhíothú ar fud an domhain agus chun rochtain uilíoch ar aistí bia níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a áirithiú do gach duine, is cuma cé hiad agus cén áit a bhfuil cónaí orthu, |
|
— |
ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus dá ndlúthnasc agus a gcomhtháthú le chéile, go háirithe SDG 1- deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit, SDG 2 – deireadh a chur leis an ocras, slándáil bia agus cothú níos fearr a bhaint amach agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, SDG 3 – beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois, SDG 5 – an comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú, SDG 6 – rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do chách, SDG 10 – neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus ina measc, SDG 12 – patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a áirithiú, SDG 13 – gníomhú go práinneach chun an t-athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac agus SDG 17 – na modhanna cur chun feidhme a neartú agus an chomhpháirtíocht dhomhanda don fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan, |
|
— |
ag féachaint do rún 2417, 2018 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ag cáineadh ocras sibhialtach a úsáid mar mhodh cogaidh, agus diúltú neamhdhleathach rochtana daonchairdiúla ar phobail shibhialta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil mhí an Mheithimh 2020 ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) agus ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (11), ina leagtar béim ar an nasc idir an t-athrú aeráide a chomhrac agus bithéagsúlacht a chaomhnú, |
|
— |
ag féachaint do Threoirlínte Deonacha CFS maidir le rialachas freagrach ar thionacht talún, iascaigh agus foraoisí i gcomhthéacs na slándála náisiúnta bia (2012) agus Prionsabail CFS um Infheistíocht Fhreagrach i gCórais Talmhaíochta agus Bhia (2015), |
|
— |
ag féachaint don Ghluaiseacht um Chothú a Uas-Scálú agus a cuid oibre chun deireadh a chur le cineálacha uile an mhíchothaithe trí thacú le tionscnaimh faoi stiúir na rialtas agus le tosaíochtaí na dtíortha lena mbaineann, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta, leis na Náisiúin Aontaithe, le deontóirí, le gnólachtaí agus le taighdeoirí, |
|
— |
ag féachaint do ghealltanas EUR 2,5 billiún ón gCoimisiún a tugadh ag an gCruinniú Mullaigh maidir le Cothú don Fhás i dTóiceo i mí na Nollag 2021 chun an míchothú a chomhrac le linn na tréimhse 2021-2024 agus do thiomantas leanúnach AE i leith laghdú de 7 milliún ar a laghad a dhéanamh ar líon na leanaí atá faoi bhun a bhfáis faoin mbliain 2025, |
|
— |
ag féachaint do Chomhshocrú G7 maidir le Gorta a Chosc agus Géarchéimeanna Daonnúla a formhuiníodh ag Cruinniú Mullaigh G7 i gCorn na Breataine an 13 Meitheamh 2021, inar thug comhaltaí G7 gealltanas i leith an t-ocras a chomhrac agus gorta a sheachaint trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0195/2022), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil neamhshlándáil measartha nó tromchúiseach an tsoláthair bia ag méadú go mall ó 2014 i leith, agus go bhfuil beagnach duine as gach triúr – 2,37 billiún – nach raibh rochtain acu ar bhia leordhóthanach in 2020 (12); |
|
B. |
de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar dhéine agus ar mhéid na ngéarchéimeanna bia ó 2020 i leith mar thoradh ar choinbhleachtaí, ar shuaití eacnamaíocha agus ar adhaimsir, nó ar theaglaim de na spreagthóirí sin, agus beagnach 193 mhilliún duine neamhdhaingean ó thaobh bia de in 2021 agus cúnamh bia práinneach de dhíth orthu, an líon is mó daoine a bhí neamhdhaingean ó thaobh bia de ó tosaíodh ar é a thaifeadadh sa Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia; de bhrí go bhfuil ocras os comhair 720 milliún duine agus gur measadh go raibh cúig thír i mbaol gorta, lena n-áirítear an tSúdáin Theas, an Aetóip, Madagascar, an Nigéir (16 stát agus Príomhchathair Chónaidhme) agus Éimin (13); |
|
C. |
de bhrí go dtagraíonn an ceart chun bia do dhiminsean na hinfhaighteachta, na hinrochtana agus na leordhóthanachta (cainníocht leordhóthanach agus cobhsaíocht na rochtana); |
|
D. |
de bhrí, de réir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO), gur ann do shlándáil bia nuair a bhíonn rochtain fhisiciúil agus eacnamaíoch ag gach duine, i gcónaí, ar bhia leordhóthanach, sábháilte agus scamhardach chun a riachtanais chothaithe agus a roghanna bia a chomhlíonadh le haghaidh saol gníomhach agus sláintiúil (14); |
|
E. |
de bhrí gur díchobhsaíodh tuilleadh margaí talmhaíochta a bhí leochaileach cheana féin mar thoradh ar an gcogadh ionsaithe neamhdhleathach, gan chúis agus dochosanta a thosaigh an Rúis i gcoinne na hÚcráine agus gur chuir sé leis an staid thromchúiseach a bhí ann cheana mar gheall ar COVID-19 agus gur chuir sé brú breise ar ghéarchéimeanna leanúnacha bia agus ar shlándáil dhomhanda bia, rud a chuireann praghsanna idirnáisiúnta bia agus beatha i bhfad os cionn a leibhéal, a bhí ard cheana féin; de bhrí gur dócha go méadóidh sé sin neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, an bhochtaineacht, an chorraíl shóisialta agus an éagobhsaíocht i roinnt mhaith tíortha i mbéal forbartha atá ag brath go mór ar allmhairí cruithneachta na hÚcráine agus na Rúise mar go dtéann daichead faoin gcéad d’onnmhairí cruithneachta agus arbhair ón Úcráin chuig an Meánoirthear agus an Afraic; |
|
F. |
de bhrí, de réir FAO, go mbraitheann beagnach 50 tír ar an Rúis agus ar an Úcráin do 30 % ar a laghad dá riachtanais allmhairithe cruithneachta agus de na tíortha sin, go bhfuil 26 thír a fhaigheann breis is 50 % dá n-allmhairí cruithneachta ón dá thír; de bhrí go raibh beagnach leath dá sholáthairtí cruithneachta domhanda á gceannach ag an gClár Domhanda Bia ón Úcráin agus gur léiríodh leis sin gurb iad na géarchéimeanna bia atá ann faoi láthair i dtíortha amhail an Afganastáin, an Aetóip, an tSiria agus Éimin is mó a ndéanfar difear dóibh; |
|
G. |
de bhrí gur glan-onnmhaireoirí táirgí talmhaíochta iad an Úcráin agus an Rúis araon, agus go bhfuil róil cheannasacha soláthair acu araon i margaí domhanda bia-ábhar agus leasachán, agus soláthairtí in-onnmhairithe comhchruinnithe go minic i ndornán tíortha; de bhrí go bhféadfadh an comhchruinniú sin na margaí sin a nochtadh do leochaileacht agus luaineacht mhéadaithe; de bhrí gur príomhonnmhaireoir leasacháin nítrigine sintéiseacha í an Rúis, agus gur onnmhaireoir suntasach í an Bhealarúis de leasacháin atá bunaithe ar photais; de bhrí go bhfuil praghsanna leasacháin nítrigine ag brath go mór ar phraghsanna gáis nádúrtha, táirge a bhfuil suíomhanna móra ar an margadh ag an Rúis ina leith; de bhrí go raibh go leor de na tíortha i mbéal forbartha, roimh an gcoinbhleacht, cheana féin ag dul i ngleic leis na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le praghsanna arda idirnáisiúnta bia agus leasacháin; |
|
H. |
de bhrí gur dócha go bhfuil an tInnéacs Praghsanna Bia ó FAO, lena rianaítear praghsanna idirnáisiúnta earraí bia agus beatha, tar éis ardú go leibhéal níos airde ná riamh agus gur dócha go n-ardódh praghsanna tuilleadh go méadóidh an boilsciú bia go mór os cionn a leibhéal, a bhí ard cheana féin; |
|
I. |
de bhrí, de réir FAO, gur shroich an tInnéacs Praghsanna Bia leibhéal níos airde ná riamh i mí Feabhra 2022; de bhrí go luaitear ann nach bhfuil na tosca is cúis leis an mboilsciú bia teoranta do dhálaí barr agus d’infhaighteacht onnmhairiúcháin, ach gur ó lasmuigh den táirgeadh bia a thagann níos mó den bhrú ar bhoilsciú phraghas an bhia, go háirithe ó earnáil an fhuinnimh, earnáil an leasacháin agus earnáil na beatha; |
|
J. |
de bhrí gurb ag an Afraic atá an leitheadúlacht is airde de neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus go bhfuil 60 % de dhaonra na hAfraice (799 milliún duine) ag streachailt le neamhdheimhneacht mheasartha nó thromchúiseach an tsoláthair bia in 2020 (15); |
|
K. |
de bhrí gur cheart don Aontas Eorpach aird ar leith a thabhairt ar thíortha a bhfuil gorta ag bagairt orthu, ar tíortha iad atá forthromaithe ag tubaistí nádúrtha, amhail Madagascar, ar bhuail cioclóin fhoréigneacha é le déanaí agus ina bhfuil droch-mhíchothú tromchúiseach ar bheirt as gach cúigear áitritheoirí, go háirithe sa réigiún Mór Theas, ina bhfuil míchothú tromchúiseach á fhulaingt ag níos mó ná 300 000 leanbh; |
|
L. |
de bhrí nach féidir le go leor feirmeoirí ar mhionscála i dtíortha i mbéal forbartha rochtain a fháil ar aistí bia atá sláintiúil, cothaitheach agus inbhuanaithe i gcás áiteanna iargúlta, íseal-ioncaim, agus áiteanna ina bhfuil easpa rochtana ar fhoinsí bianna ilchineálacha; de bhrí gur léir ón bhfianaise go mbíonn an toradh is fearr ar infheistíochtaí in earnáil na sealbhóirí beaga agus i struchtúir réigiúnacha ó thaobh an bhochtaineacht a laghdú agus ó thaobh an fháis de, agus aird á tabhairt, dá bhrí sin, ar an ngá atá le díriú ar ioncaim feirmeoirí ar ghabháltais bheaga, agus go háirithe ar ioncam sealbhóirí beaga ban, a fheabhsú, agus ar athléimneacht pobal leochaileach a neartú; |
|
M. |
de bhrí nach raibh aistí bia folláine inacmhainne do thart ar 3 bhilliún duine ar domhan in 2020 agus de bhrí go bhfuil an murtall ag dul i méid go géar sna réigiúin uile (16); |
|
N. |
de bhrí gur riocht fiseolaíoch neamhghnách é an míchothú mar gheall ar thearc-chothú chomh maith le rómheáchan agus murtall; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte na mban agus na gcailíní le sláinte choirp agus mheabhrach chomh maith le stádas cothaitheach a leanaí sa todhchaí; de bhrí go méadaíonn tearc-chothú i measc ban torrach agus máithreacha an baol go dtarlóidh castachtaí aimhréidhe le linn toirchis, mortlaíocht máithreacha agus tearc-chothú agus mortlaíocht leanaí; de bhrí go bhfuil líon mór do-ghlactha leanaí atá fós faoi thionchar an mhíchothaithe: as gach leanbh faoi chúig bliana d’aois, tá 22 % faoi bhun a bhfáis mar gheall ar mhíchothú ainsealach, tá 6,7 % ag cnaí mar gheall ar ghéar-mhíchothú – agus tá 5,7 % róthrom (17) agus meastar go mbeidh na figiúirí iarbhír díobhsan atá bhun a bhfáis nó ag cnaí níos airde de bharr éifeachtaí na paindéime; |
|
O. |
de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir rochtain shábháilte agus shlán ar uisce agus slándáil bia agus cothú a fheabhsú; de bhrí go bhfuil tionchar ag an nganntanas uisce ar níos mó ná 40 faoin gcéad de dhaonra an domhain agus nach bhfuil rochtain dhíreach agus shlán ar uisce óil sábháilte ar fud an domhain ag breis agus 2 bhilliún duine de réir na Tuarascála Domhanda is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Forbairt Acmhainní Uisce (2021); |
|
P. |
de bhrí go mbraitheann marthanacht níos mó ná 10 % de dhaonra an domhain ar iascach agus ar dhobharshaothrú (18), agus de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, go mbraitheann níos mó ná 3 bhilliún duine ar na haigéin dá bpríomhfhoinsí próitéine ó éisc agus ó bhia mara go príomha; de bhrí gurb ionann iascaigh ar mhionscála agus níos mó ná 90 % d’iascairí gabhála agus d’oibrithe éisc an domhain; |
|
Q. |
de bhrí go bhfuil dúshláin á dtabhairt do chórais sláinte nach bhfuil a n-athléimneacht láidir nó atá lag mar gheall ar theacht chun cinn rialta eipidéimí, go háirithe maidir lena gcumas leanúnachas an chúraim is bunúsaí a áirithiú; de bhrí go ndearnadh acmhainní córais sláinte a atreorú le dhá bhliain anuas ó réimse feidhmeanna atá tábhachtach ó thaobh cothaitheachta de agus ó sheirbhísí riachtanacha sláinte a bhaineann le tearc-chothú – lena n-áirítear cúram réamhbhreithe, forlíonadh micreachothaitheach, agus buinneach leanaí a chosc agus a chóireáil, ionfhabhtuithe agus géar-mhíchothú – i dtreo COVID-19 a chomhrac agus de bhrí nach bhfuil na seirbhísí cóireála agus coisctheacha le haghaidh tearc-chothaithe comhtháite a ndóthain i bpacáistí cúraim riachtanacha na gcóras náisiúnta sláinte, agus nach bhfuil rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim ann fós; |
|
R. |
de bhrí gurb iad an bhochtaineacht ainsealach, leibhéil arda agus leanúnacha neamhionannais agus córais neamh-inbhuanaithe bia mar aon le tubaistí nádúrtha níos minice, atá nasctha go háirithe leis an athrú aeráide, na bunchúiseanna le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus le míchothú; |
|
S. |
de bhrí, de réir an Séú Tuarascáil ó IPCC, 2022 maidir le hathrú aeráide, lena n-áirítear méaduithe ar mhinicíocht agus ar dhéine na ndálaí foircneacha, go laghdaítear slándáil bia agus uisce, go laghdaítear táirgeacht barr, go modhnaíonn sé féarach agus bealaí buailteachais, agus go laghdaíonn sé luach cothaitheach an bhia, rud a chuireann bac ar iarrachtaí chun Clár Oibre 2030 agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
T. |
de bhrí go nochtar mná tuilleadh do rioscaí agus leochaileachtaí leis an athrú aeráide; de bhrí go gcuireann an t-athrú aeráide leis na dúshláin atá ann cheana, amhail caillteanas tobann táirgthe an bhia agus rochtain ar bhia, agus bunleochaileachtaí, lena n-áirítear an bhochtaineacht agus neamhdheimhneacht an tsoláthair bia a bheith ag dul in olcas, rud a chuireann ar phobail aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna iolracha; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an míchothú i roinnt mhaith pobal mar thoradh ar éagsúlacht laghdaithe aiste bia, go háirithe do phobail dhúchasacha, d’fheirmeoirí beaga agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus go ndéantar difear go háirithe do leanaí, daoine scothaosta agus mná torracha; |
|
U. |
de bhrí go measann FAO go bhfuil thart ar 75 % d’éagsúlacht ghéiniteach plandaí caillte ar fud an domhain; de bhrí go méadaítear ar ár leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus maidir le teacht chun cinn lotnaidí agus galar nua le creimeadh géiniteach ar scála forleathan; |
|
V. |
de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht agus a seirbhísí gaolmhara – pailniú, creachadóirí lotnaidí, athléimneacht mhéadaithe na n-agrai-éiceachórais i gcoinne creimthe, triomach agus tuilte, foirmiú ithreach agus an linnte carbóin – bunriachtanach chun táirgeadh bia inbhuanaithe a sholáthar; |
|
W. |
de bhrí gur féidir tairbhí do dhaoine a cothú, lena n-áirítear slite beatha, sláinte agus folláine an duine agus soláthar bia, le hathléimneacht na bithéagsúlachta agus trí thacú le sláine an éiceachórais; |
|
X. |
de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil géarghá acu le cúnamh ó thaobh bia, cothú agus maireachtála de (19); de bhrí gurb iad coinbhleachtaí, an t-athrú aeráide agus adhaimsir, atá ag dul in olcas, is mó a spreagann neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus an chothaithe, díghrádú comhshaoil, praghsanna fuinnimh atá ag ardú, rochtain theoranta ar uisce, suaití eacnamaíocha, bochtaineacht ainsealach agus leibhéil arda dianseasmhacha neamhionannais, lena n-áirítear neamhionannas inscne, easpa rochtana ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta agus sláinte, fás domhanda an daonra, agus rialachas teipthe, ar féidir leis an imirce a bheith mar thoradh orthu; |
|
Y. |
de bhrí go gcuireann coinbhleachtaí isteach ar rochtain ar bhia agus ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, a imríonn tionchar ar shláinte chobhsaí, lena n-áirítear seirbhísí cothaithe, uisce, sláintíocht agus sláinteachas agus damáiste d’acmhainní nádúrtha, do bhonneagar, do mheáin táirgthe agus do bheostoc; de bhrí gur féidir le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia a bheith ina foinse coinbhleachta i measc na bpobal is mó a ndéantar difear dóibh, rud a chuireann leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus leis an teannas a bhaineann le ganntanas acmhainní; |
|
Z. |
de bhrí gur chuir COVID-19 isteach ar shlabhraí luacha, sa táirgeadh agus san iompar, sa stóráil agus sa díol bia, agus gur lú an rochtain atá ag feirmeoirí agus tomhaltóirí ar mhargaí, rud a chuireann bac breise ar rochtain chothrom ar bhia agus ar chothú leordhóthanach do chách agus lena nochtar neamh-athléimneacht na gcóras bia atá bunaithe ar allmhairí agus a thábhachtaí atá córais inbhuanaithe agraibhia; |
|
AA. |
de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an mbochtaineacht in éagmais íosrátaí cosanta sóisialta uilíocha mar thoradh ar COVID-19; de bhrí go raibh tionchar ag srianta ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha laethúla a mbíonn a lán teaghlach ag brath orthu, as a n-eascraíonn deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar bhia sláintiúil cothaitheach, nó deacrachtaí maidir le riachtanais sláinte a chumhdach; de bhrí go bhfuil rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán thar a bheith teoranta in go leor tíortha i mbéal forbartha, go háirithe do na daoine is leochailí agus is imeallaithe; |
|
AB. |
de bhrí go bhfuil córais bia atá cuimsitheach, éifeachtúil, athléimneach agus inbhuanaithe ríthábhachtach chun Clár Oibre 2030 agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach; de bhrí go ndearnadh laigí a nochtadh i gcórais bhia dhomhanda le paindéim COVID-19, lena ngéaraítear ar neamhionannais agus lena gcuirtear beatha agus sláinte na ndaoine is leochailí i mbaol; de bhrí go n-iarrtar le Deich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe go gcuirfí dlús le réitigh chinniúnacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda do dhaoine agus don domhan, ón mbochtaineacht agus ó chúrsaí inscne go dtí an t-athrú aeráide, an neamhionannas agus an bhearna airgeadais a laghdú; |
|
AC. |
de bhrí gur saincheist thábhachtach é an cothú a bhaineann le 12 ar a laghad de na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a bhaint amach agus go bhfuil dlúthbhaint aige le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe eile, toisc go mbraitheann sé orthu (i.e. uisce, sláintíocht agus sláinteachas, agus talmhaíocht), toisc go gcumasaíonn sé iad (i.e. sláinte, fostaíocht), nó toisc go ndéanann sé iad araon (i.e. comhionannas inscne, agus oideachas); |
|
AD. |
de bhrí gur rannchuidigh Comhaontú Marrakech 1994 agus go háirithe Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) um Thalmhaíocht le speisialtóireacht na réigiún talmhaíochta; de bhrí go bhfuil réigiúin ina bhfuil leibhéil arda onnmhairithe ann mar thoradh ar an speisialtóireacht sin agus réigiúin eile atá beagnach ag brath go hiomlán ar allmhairí: de bhrí nach bhfuil an staid sin athléimneach i gcoinne géarchéimeanna, amhail cogaí, agus go bhfuil sé ar cheann de na tosca a chuireann leis an éagobhsaíocht reatha bia ar fud an domhain; |
|
AE. |
de bhrí go bhfágann spleáchas ard ar allmhairí bia pobail gan chosaint ar an margadh domhanda, go háirithe na daoine a chaitheann sciar tábhachtach dá n-ioncam ar riachtanais laethúla bia; |
|
AF. |
de bhrí go mbíonn neamhdheimhneacht an tsoláthair bia i dtíortha nach bhfuil beartais láidre talmhaíochta acu ann mar thoradh ar éagobhsaíocht sna margaí idirnáisiúnta, toisc go mbíonn tionchar diúltach ag tréimhsí ina bhfuil praghsanna íseal ar acmhainneacht táirgeachta agus go mbíonn méadú ar allmhairí mar thoradh orthu, rud a fhágann go mbíonn pobail uirbeacha leochaileach nuair a tharlaíonn borradh mór ar phraghsanna domhanda; |
|
AG. |
de bhrí gurb iad na beartais talmhaíochta na príomhbheartais mhaicreacnamaíocha agus, mar gheall ar easpa cosanta i gcoinne luaineacht na bpraghsanna domhanda, go bhfuil an damáiste arna dhéanamh ag an mboilsciú tubaisteach do gheilleagair atá ag teacht chun cinn; |
|
AH. |
de bhrí gurb í an cheannasacht bia an ceart atá ag daoine agus ag tíortha a mbeartais talmhaíochta agus bia féin a shainiú; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gcoincheap sin a chur ar chumas gach tíre a daonra féin a chothú agus a bheith neamhthuilleamaíoch agus neamhspleách; de bhrí go bhfuil sé i gceist leis an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” spleáchas feirmeoirí ar earraí seachtracha a laghdú; |
|
AI. |
de bhrí go nglacann an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le cur chuige iomlánaíoch maidir le talmhaíocht, ní hamháin chun géarchéim aeráide agus bithéagsúlachta a chosc san Eoraip ach chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú agus chun feabhas a chur ar an gcothú agus ar an tsláinte phoiblí freisin; de bhrí go mbeidh sé ina theimpléad d’infheistíochtaí i réimse an airgeadais forbartha, d’fhonn athléimneacht agus neamhthuilleamaíocht bia na dtíortha i mbéal forbartha a thapú; |
|
AJ. |
de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” an úsáid ionchuir feirme a laghdú, go háirithe laghdú 50 % a dhéanamh ar úsáid fhoriomlán lotnaidicídí ceimiceacha, laghdú 50 % a dhéanamh ar úsáid iomlán na lotnaidicídí guaiseacha, agus laghdú 20 % ar a laghad a dhéanamh ar úsáid leasacháin faoi 2030; |
|
AK. |
de bhrí gur infheistíocht thábhachtach é an cothú ós rud é go bhfuil ríthábhacht ag baint le dea-chothú le linn an chéad mhíle lá de shaol an linbh chun lánacmhainneacht fhisiciúil, intleachtúil agus dhaonna a bhaint amach; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag an ocras agus an míchothú ar chumas foghlamtha leanaí, agus leanaí á spreagadh acu sin chun éirí as an scoil, rud arb ionann é agus ualach ar feadh an tsaoil a chur ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí, agus drochthionchar á imirt ar fhorbairt eacnamaíoch an duine agus ar an bhforbairt eacnamaíoch náisiúnta; de bhrí gurb é an dea-chothú, dá bhrí sin, bunchloch an rathúnais do shochaithe; |
|
AL. |
de bhrí, ag buaic phaindéime COVID-19, de dheasca scoileanna a bheith dúnta, gur fágadh 370 milliún leanbh gan rochtain ar bhéile scoile slánaithe, béile ar minic í an t-aon pláta bia te a bhíonn acu sa lae; de bhrí gur gné thábhachtach iad cláir béilí scoile chun ocras leanaí agus cineálacha iomadúla míchothaithe a chomhrac; de bhrí, ar an taobh eile, go gcuireann an neamhshlándáil bia isteach ar fheidhmiú na sochaí, lena n-áirítear an cumas atá ag teaghlaigh a gcuid leanaí a chur ar scoil agus trí strus a chur ar theaghlaigh, agus gur féidir léi bheith ina cúis le foréigean teaghlaigh agus le foréigean inscnebhunaithe; de bhrí gur féidir ioncam 16 dhollar a ghiniúint as gach dollar a infheistítear in idirghabhálacha maidir le cothú; |
|
AM. |
de bhrí, faoi mar atá i réimsí eile a bhaineann le cabhair dhaonnúil agus forbartha, nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha ann chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha, rud is siocair le bearna mhéadaitheach chistithe agus lena n-éilítear cineálacha cur chuige níos cliste agus níos sistéamaí, claochlú sistéamach i dtreo córas bia atá cóir ó thaobh na sochaí de, toisc go gcuireann na córais bia atá againn faoi láthair leis na neamhionannais shocheacnamaíocha agus inscne a bhfuil cosc á chur acu siúd ar rochtain ar chothú sláintiúil, cothrom agus inbhuanaithe; |
|
AN. |
de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag na mná maidir leis an domhan a chothú, mar fheirmeoirí, mar chúramóirí agus mar tháirgeoirí – is mná a thairgíonn 60 – 80 % den bhia i dtíortha atá i mbéal forbartha ach go bhfuil rochtain éagothrom acu ar bhia agus ar na hacmhainní, seirbhísí agus sócmhainní a chuireann lena dtáirgeacht agus lena n-ioncam; de bhrí gur mná a ghlacann 75 % den chúram neamhíoctha agus den obair tí orthu féin, agus go gcaitheann mná i bpobail tuaithe agus i dtíortha ísealioncaim suas le 14 uair an chloig in aghaidh an lae i mbun obair chúraim; |
|
AO. |
de bhrí go bhfuil tionchar ag an neamhionannas inscne ar dháileadh saothair agus gur cúis é le hualach cúraim díréireach agus neamhíoctha a bheith ar mhná agus ar chailíní; |
|
AP. |
de bhrí gur gá cearta na mban agus na gcailíní a chosaint ar gach leibhéal a áirithiú agus spás a chur ar fáil dóibh i bpróisis chinnteoireachta; de bhrí gur mná agus cailíní is mó a mbíonn tionchar orthu ag an athrú aeráide agus ag tubaistí, rud is cúis le níos mó leochaileachta de bharr rioscaí méadaitheacha; |
|
AQ. |
de bhrí go bhfuil tionchar díreach ag neamhionannais inscne ar chothú, rud a leagan síos cruth na dinimice bia sa teaghlach agus sa phobal ar bhealaí a dhéanann difear do tháirgeadh bia ag mná agus cailíní, dá rochtain ar bhia, cúram agus seirbhísí sláinte agus sláintíochta agus dá gcumas na nithe sin a cheannach agus a sholáthar dóibh féin; agus d’fhéadfaí iad a chur i mbaol méadaithe foréigin inscnebhunaithe agus foréigin páirtí dlúthchaidrimh; |
|
AR. |
de bhrí go bhféadfaí aschur talmhaíochta a mhéadú 2,5 % go 4 % sna réigiúin is boichte agus laghdú 17 % a dhéanamh ar an ocras domhanda dá ndúnfaí an bhearna idir na hinscní i measc feirmeoirí ar mná iad agus feirmeoirí ar fir iad; |
|
AS. |
de bhrí gurb ionann na mná agus 43 % den lucht saothair talmhaíochta i dtíortha comhpháirtíochta, agus an céatadán sin suas le 50 % nó níos mó i roinnt tíortha san Áise agus san Afraic fho-Shahárach, ach nach mná iad ach líon níos lú ná 20 % de shealbhóirí talún talmhaíochta; |
|
AT. |
de bhrí go bhfuil 608 milliún feirm theaghlaigh ar fud an domhain, agus iad ag cumhdach idir 70 agus 80 faoin gcéad de thalamh feirme an domhain, méid arb ionann é agus os cionn 90 faoin gcéad de na feirmeacha uile ar fud an domhain, agus thart ar 80 faoin gcéad de bhia an domhain ó thaobh luacha de á tháirgeadh acu; |
|
AU. |
de bhrí go gcailltear nó go gcuirtear amú aon trian den bhia a tháirgtear ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí iarrachtaí breise chun caillteanas agus cur amú bia a laghdú tríd an ngeilleagar ciorclach a chur chun feidhme i gcórais táirgthe talmhaíochta chun cur le hinbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht acmhainne an táirgthe talmhaíochta le go dtabharfar aghaidh ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, ar mhíchothú agus ar an mbithéagsúlacht a chosaint ar fud an domhain; |
|
AV. |
de bhrí go bhfuil gá ní hamháin le níos mó cistithe agus aghaidh á tabhairt ar shlándáil bia agus cothaithe ach go bhfuil gá le hiarrachtaí cinntitheacha polaitiúla freisin; |
|
AW. |
de bhrí go bhfuil roinnt tionscadal nuálach curtha ar bun ag roinnt tríú tíortha, amhail an tionscnamh Afracach “an Balla Mór Glas”, lena gcuirtear tionscadail agrai-éiceolaíocha chun cinn; |
|
AX. |
de bhrí gurb é an Coiste maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain an t-ardán cuimsitheach idirnáisiúnta agus idir-rialtasach is tábhachtaí do na geallsealbhóirí uile chun comhoibriú i dtreo an sprioc chomhchoiteann a bhaint amach maidir le sábháilteacht soláthar bia agus cothú a áirithiú do chách; |
|
AY. |
de bhrí gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, an 20 Nollaig 2017, le tionscadal trínar fhógair sé 2019-2028 mar Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le Feirmeoireacht Teaghlaigh; |
|
AZ. |
de bhrí gur bunaíodh cearta feirmeoirí faoi Chonradh Idirnáisiúnta FAO maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht in 2004, ach de bhrí gur minic a bhíonn na rialacha maidir le Maoin Intleachtúil i gcontrárthacht leo, ag cur córais síolta áitiúla, traidisiúnta agus dhúchasacha i mbaol; |
|
BA. |
de bhrí go bhfuil ról gníomhach ag AE maidir le dul i ngleic le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, sa mhéid a sholáthraíonn sé beagnach leath den chúnamh forbartha oifigiúil domhanda (ODA); |
Slándáil bia agus cothú i gcroílár an téarnaimh i ndiaidh COVID-19
|
1. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuilimid ar an mbóthar ceart, agus caolseans ar fad go mbeidh, chun na spriocanna cothaithe a bhaint amach faoi 2025 nó chun deireadh a chur leis an ocras faoi 2030, arb é an uaillmhian é le SFI 2 “Díothú an Ocrais”; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht arís ar an ocras agus ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhféadfadh ocras a bheith ar thart ar 660 milliún duine go fóill faoi 2030, rud ar toradh é freisin ar iarmhairtí phaindéim COVID-19; á mheabhrú go bhfuil gá le gníomhaíochtaí dána, go háirithe maidir le neamhionannais i dtaca le rochtain a fháil ar bhia, chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo chuspóir “Díothú an Ocrais”; á mheabhrú gur cheart deireadh leis an míchothú de gach cineál agus SFI 2 a mheas mar thosaíochtaí sna beartais uile, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine sna cásanna is leochailí; |
|
2. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag córais bhia maidir le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus maidir le SFI 1 a bhaint amach, agus aghaidh á tabhairt ar mhíchothú agus ar róchothú agus tearc-chothú a bheith ann ag an am céanna, rud a bheidh ríthábhachtach chun cuspóirí sláinte in SFI 3 a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir nach mbeifear in ann acmhainní uisce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chun SFI 6 a bhaint amach gan ról lárnach a bheith ag an talmhaíocht agus go bhfuil bainistiú inbhuanaithe iascaigh ríthábhachtach chun na haigéin agus na farraigí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus chun SFI 14 a bhaint amach; á mheabhríú, dá bhrí sin, nach mór na nithe seo a leanas a léiriú i gcórais bhia ar bhonn níos leithne: ár ngealltanais maidir le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe in SFI 12, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide in SFI 13, agus cosaint, athbhunú, agus bainistiú inbhuanaithe éiceachóras talún in SFI 15; |
|
3. |
ag meabhrú ról ríthábhachtach an iascaigh ar mhionscála sa tslándáil bhia agus i gcothú; á chur i bhfáth nach mór comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe a bheith i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus nach foláir ach oiread nach mbainfidh siad an bonn ó shlándáil áitiúil an tsoláthair bia ná nach bagairt iad ar iascach ar mionscála i dtíortha nach bhfuil san Aontas trí iad a chur in iomaíocht dhíreach le soithí an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí na comhaontuithe a ailíniú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le hoibleagáidí comhshaoil AE agus le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh trí thacaíocht earnála agus forálacha inbhuanaitheachta a mhéadú maidir le barrachais, ábhar muirí aischurtha agus cur chuige an réamhchúraim; |
|
4. |
á chur i bhfios go láidir gur nochtadh laigí an chórais dhomhanda bia mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig aisti agus ar dhúnadh na teorainneacha agus ar an gcoinbhleacht atá ar siúl faoi láthair san Úcráin; á chur i bhfáth agus á mheabhrú don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit a thábhachtaí atá sé naisc níos láidre a chruthú idir beartais ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha chun cuimsitheacht na bpleananna téarnaimh COVID-19 a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is leochailí, amhail leanaí, daoine óga, mná, daoine scothaosta agus pobail dhúchasacha; |
|
5. |
ag áitiú ar AE an ceart chun bia i dtíortha atá i mbéal forbartha agus an ceart chun neamhthuilleamaíochta a choimirciú, mar bhealach chun slándáil cothaithe a bhaint amach, chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun slabhraí soláthair domhanda inbhuanaithe agus cothroma agus córais bhia níos inbhuanaithe a bheith ann; chomh maith le tacú le margaí áitiúla agus réigiúnacha, agus aird ar leith á díriú ar mhná agus ar fheirmeoireacht teaghlaigh, agus é mar aidhm leis sin soláthar bia inacmhainne agus inrochtana a chinntiú mar aon le líontáin sábhála shóisialta níos láidre chun a chinntiú go mbeidh rochtain i gcónaí ag na daoine is leochailí ar bhia fiú i gcásanna éigeandála nó géarchéime; |
|
6. |
á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag an Úcráin agus ag an Rúis sa mhargadh domhanda onnmhairithe bia; dá bhrí sin, maidir le roinnt tíortha ina bhfuil ardleibhéil ocrais, tá tionchar an cuimse ag an Úcráin agus ag an Rúis orthu, ar an ábhar gur ón Úcráin nó ón Rúis a allmhairíonn siad sciar suntasach dá gcuid cruithneachta; |
|
7. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart do rialtais, sa chomhthéacs sin, toirmisc onnmhairithe a sheachaint agus bearta a shainaithint chun tacú le hathstruchtúrú margaí talmhaíochta agus le hathstruchtúrú rialáil na margaí sin trína dtrédhearcacht a mhéadú agus trí rialacha nua a bhunú chun cosc a chur ar amhantraíocht iomarcach airgeadais a bheith ag cur le luaineacht praghsanna, rud ar féidir leis, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh, praghsanna mórdhíola a bhoilsciú go saorga agus a bheith ina chúis le luaineacht sa mhargadh agus go háirithe do thíortha i mbéal forbartha agus do na pobail is leochailí; |
|
8. |
á chur in iúl gur saoth léi amhantraíocht airgeadais maidir le tráchtearraí talmhaíochta agus bia, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh go práinneach chun deireadh a chur leis an amhantraíocht sin, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh, chun cobhsaíocht an mhargaidh agus na táirgeachta talmhaíochta a áirithiú; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur bagairt í éagobhsaíocht struchtúrach na margaí talmhaíochta idirnáisiúnta do shlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain agus don chobhsaíocht pholaitiúil in a lán tíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le rialacha idirnáisiúnta arb é is aidhm leo stop a chur le hamhantraíocht airgeadais i leith tráchtearraí talmhaíochta agus bia agus le cleachtais amhantracha; |
|
9. |
á mheabhrú gur ceart daonna é an ceart chun bia; á iarraidh go ndéanfadh AE gníomhaíochtaí cuimsitheacha agus láidre a bheidh in éineacht le fíorú iomlán agus céimnitheach an chirt sin mar bhealach chun slándáil bia a bhaint amach do chách; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú mór atá tagtha ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia le blianta beaga anuas; |
|
10. |
á thabhairt chun suntais gur tháinig borradh faoi phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta sa mhargadh domhanda mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus ar na teagmhais dhíobhálacha aeráide a tharla roimh an gcogadh san Úcráin agus á iarraidh sa chomhthéacs sin go dtabharfaí cúnamh bia méadaithe agus níos éifeachtúla mar iarracht nasc níos fearr a chruthú idir an fhóirithint phráinneach agus réitigh níos fadtéarmaí; á iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Bhallstáit AE cur lena a rannchuidiú leis an gClár Domhanda Bia agus le gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo ár gcórais bia a chlaochlú trí thacaíocht a thabhairt d’éagsúlacht agus do cháilíocht an táirgthe agus na próiseála talmhaíochta i dtíortha comhpháirtíochta agus trí bhearta chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht struchtúrach agus le neamhionannais leanúnacha mar bhunchúiseanna le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go mbeidh tionchar ollmhór ag ionradh na Rúise ar an Úcráin sa chiall is leithne lena gcuirfear leis an neamhdheimhneacht bia atá ann faoi láthair agus le tionchar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, agus níos mó imní fós uirthi ina leith, gur táirgeoir ríthábhachtach í an Úcráin d’earraí bia bunúsacha amhail cruithneacht, arbhar Indiach agus olaí glasraí; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta forleathana a fhorbairt don tslándáil bia agus iad a chur chun feidhme sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; á mheabhrú nach mór do AE a áirithiú nach tráchtearra margaidh a bheidh sa cheart chun bia do chách; á mheabhrú go bhfuil gortaí i measc na n-iarmhairtí féideartha nach mór a mheas i ndáiríre mar thoradh ar an gcogadh mura ndéanfaidh ceannairí domhanda frithbhearta; |
|
12. |
á chur i bhfios go láidir go léirítear leis an gcogadh san Úcráine cé mhéad tíortha ar ioncam íseal atá ag brath ar an margadh domhanda dá mbunsoláthairtí bia, agus a slándáil bia bunaithe acu ar dhornán tíortha onnmhairithe gráin, rud a fhágann na tíortha sin níos leochailí i leith míshocrachtaí sa mhargadh agus méaduithe ar phraghsanna; á mheabhrú go n-iompórtálann 14 thír ísealioncaim nó ioncaim íseal-mheánioncaim níos mó ná 50 faoin gcéad dá gcuid cruithneachta ón Rúis agus ón Úcráin, agus dálaí ar cosúil le gorta iad i roinnt acu cheana féin; |
|
13. |
á chur i bhfios go láidir, chun gur féidir leo turraingí a thagann ó choinbhleacht a mhaolú agus leanúint de bheith athléimneach, gur cheart do na tíortha atá ag brath ar allmhairiú bia ón Úcráin agus ó Chónaidhm na Rúise éagsúlú a dhéanamh ar fhoinsí a gcuid soláthairtí bia trí bheith ag brath ar thíortha onnmhairithe eile nó ar stoic bia atá ann cheana nó trí éagsúlacht a mbonn táirgí intíre a fheabhsú; |
|
14. |
á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit an bhearna chistithe atá ann a chumhdach láithreach le hachainíocha daonnúla 2022 na Náisiún Aontaithe d’Oirthear na hAfraice agus don Mheánoirthear, mar go bhfuil an cistiú a thugtar don tacaíocht don dá réigiún sin 99 faoin gcéad ró-íseal faoi láthair; á mheabhrú go raibh ar an gClár Domhanda Bia na ciondálacha do dhídeanaithe agus do phobail leochaileacha eile ar fud na hAfraice Thoir agus an Mheánoirthir a laghdú cheana féin mar gheall ar easpa cistithe, ar mhéadú ar phraghsanna agus ar thairiscint laghdaithe tráchtearraí ar na margaí, agus freisin mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin; |
|
15. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh clársceidealú bia agus cothaithe, agus é á chistiú go huaillmhianach, i gcroílár na bpleananna téarnaimh i ndiaidh na paindéime; |
|
16. |
ag áitiú ar AE tosaíocht a thabhairt do bhia agus don talmhaíocht inbhuanaithe ina chlársceidealú forbartha idirnáisiúnta agus rochtain ar mhaoiniú a áirithiú do phobail agus d’eagraíochtaí áitiúla; á iarraidh ar AE infheistíocht a dhéanamh i mbearta agus in idirghabhálacha i gcomhpháirtíochtaí le tíortha atá i mbéal forbartha, ar bhearta iad a thabharfaidh rochtain ar bhianna atá éagsúil, inacmhainne, sábháilte, inbhuanaithe agus cothaitheach go leor toisc gur príomhghné í an infheistíocht i mbia agus i gcothú chun caipiteal daonna a fhorbairt agus chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
17. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le beartais a bheith á stiúradh ag tíortha, iad a bheith bunaithe ar riachtanais agus oiriúnach don chomhthéacs, ós rud é go mbíonn córais bhia thar a bheith éagsúil óna chéile; á mheabhrú gur cheart tús áite a thabhairt do tháirgeadh bia áitiúil trí fheirmeoirí beaga a chistiú, trí chearta an duine a chosaint, trí chórais talmhaíochta teaghlaigh a athneartú, trí chomharchumainn, agus trí shlabhraí soláthair réigiúnacha; |
|
18. |
á chur in iúl gurb iad feirmeoirí gabháltas beag na príomhtháirgeoirí bia i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus ról lárnach acu i slándáil bia agus i gcothú na dtíortha sin; ag iarraidh ar AE, agus cúnamh forbartha á thabhairt aige, tacaíocht shonrach a thabhairt don fheirmeoireacht ar mionscála, don fheirmeoireacht teaghlaigh agus do chomharchumainn, ag díriú freisin ar obair chuibhiúil; á chur i bhfáth, más fearr an táirgeadh talmhaíochta ag feirmeoirí beaga, is mó an méid bia ar an margadh domhanda, agus praghsanna bia níos ísle agus aistí bia níos fearr mar thoradh air sin; |
|
19. |
á mheabhrú gur féidir le traidisiúin feirmeoireachta áitiúla, á gcomhlánú le teicneolaíocht nua, feabhas a chur ar tháirgeadh bia shláintiúil agus chothaithigh; á mheas gur cheart go mbeadh tíortha atá i mbéal forbartha in ann a mbeartais phoiblí talmhaíochta a chosaint; |
|
20. |
á chur i bhfáth, de thairbhe táirgeadh áitiúil bia agus tomhaltas áitiúil a thacaíonn le feirmeoireacht ar mionscála agus a ráthaíonn praghsanna cothroma do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí, go laghdaítear spleáchas tíortha ar allmhairí agus a leochaileacht ó thaobh luaineachtaí praghsanna idirnáisiúnta de; |
|
21. |
á thabhairt chun suntais gur féidir ról lárnach a bheith ag infheistíochtaí straitéiseacha i gcleachtais inbhuanaithe talmhaíochta i ndáil córais agraibhia atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe a áirithiú; ag áitiú go bhfuil infheistíochtaí an Aontais i gcomhréir le Clár Oibre 2030, le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch; á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí AE i gcomhar le tíortha atá i mbéal forbartha san agra-éiceolaíocht, san agrafhoraoiseacht agus in éagsúlú barr, agus á mholadh do AE leanúint de na hinfheistíochtaí sin, agus á athdhearbhú nach mór go mbeadh infheistíocht a fhaigheann tacaíocht AE sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht nó san iascach nó i ngnóthais a bhfuil tionchar acu ar ithir, ar fhéarach, ar fhoraois, ar uisce nó ar fharraige, inter alia, i gcomhréir le Treoirlínte Deonacha FAO/CFS maidir le rialachas freagrach tionachta talún, iascaigh agus foraoisí i gcomhthéacs na slándála náisiúnta bia (VGGTanna) agus Phrionsabail FAO/CFS um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia. ag tacú le maoiniú Eorpach do tháirgeoirí agus do ghnólachtaí agraibhia ionas gur féidir leo na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun iad a chur i gcomhréir le ceanglais na hAnailíse Guaise agus an Phointe Rialúcháin Chriticiúil, trí bhearta a chur chun feidhme chun deireadh a chur le haon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil bia; |
|
22. |
á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht mhór ag slabhraí soláthair gearra chun aghaidh a thabhairt ar chlistí reatha sa chóras bia agus á mheabhrú go mbaineann talmhaíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid inter alia le spleáchas ar fhuinneamh breosla iontaise a laghdú, lena n-áirítear úsáid lotnaidicídí agus leasachán ceimiceach; |
|
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh uile chun beartais talmhaíochta a chur chun feidhme nó a neartú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, agus é mar aidhm leo níos mó neamhthuilleamaíochta bia a áirithiú agus á moladh go ndéanfaí aistriú i dtreo níos mó neamhthuilleamaíochta i dtíortha atá i mbéal forbartha, rud lena dtabharfaí freagracht, úinéireacht agus neamhspleáchas d’fheirmeoirí maidir le córais agraibhia inbhuanaithe agus córais táirgthe atá níos neamhthuilleamaíche a chruthú; á iarraidh go ndíreofaí ar iarrachtaí i réimse na talmhaíochta ar mhaithe leis an gceart chun slándála bia atá ag tíortha atá i mbéal forbartha a chosaint mar chomhlánú ar an gceart chun biafhlaithis (20) agus chun a gcumas a fheabhsú maidir le riachtanais chothaitheacha a bpobal a chomhlíonadh; |
|
24. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cosaint a thabhairt don cheart atá ag pobail áitiúla rochtain a fháil ar acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce agus smacht a bheith acu orthu, agus an ceart sin a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an ghrabáil talún thar a bheith forleathan in go leor tíortha atá i mbéal forbartha; á chur i bhfios gur cleachtas brúidiúil í a bhaineann an bonn den tslándáil bia agus den bhiafhlaitheas agus a chuireann pobail tuaithe i mbaol; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, mar shampla, gur cearta traidisiúnta maidir le húsáid talún iad cearta féaraigh agus féarach pobail atá bunaithe ar an dlí coiteann agus ní ar chearta maoine atá urrúsaithe; ag cur béim, áfach, ar a ríthábhachtaí atá sé na cearta coiteanna sin a chosaint do na pobail tuaithe; |
|
26. |
á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar an teannas sóisialta atá ann idir pobail shocraithe talmhaíochta agus pobail thréadacha fánaíochta, go háirithe i réigiúin ina bhfuil cuid na coinbhleachtaí eitni-reiligiúnacha céanna; |
|
27. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha don Aontas Eorpach go bhfuil tíortha atá i mbéal forbartha ag brath go mór ar allmhairí bia, go háirithe ón Aontas Eorpach, go háirithe nuair is táirgí fóirdheontais atá sna hallmhairí sin, ar táirgí iad arb ionann a bpraghas íseal agus iomaíocht dhíobhálach do thalmhaíocht áitiúil ar mionscála; |
|
28. |
á chur i bhfáth gur gá na cearta atá ag feirmeoirí a chosaint maidir le hacmhainní géiniteacha a choinneáil chun críocha slándála bia agus chun oiriúnú don athrú aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún, laistigh de shainchúram a chuid beartas trádála agus trádála agus infheistíochta, tacú le córais feirmeoireachta atá i gcomhréir le forálacha an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA), lena gcosnaítear cearta na dtuathanach a síolta féin agus a gcuid eolais thraidisiúnta féin a choinneáil, a rialú, a chosaint agus a fhorbairt; |
|
29. |
ag leagan béim ar an ngá atá ann oibriú go leanúnach le tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, leis an earnáil phríobháideach, le feirmeoirí agus le feirmeoirí beaga chomh maith leis an tsochaí shibhialta áitiúil agus le pobail áitiúla chun tacú le ceapadh agus cur chun feidhme spriocanna comhthéacs-shonracha, indéanta agus láidre maidir le cothú agus chun tacú le faireachán a dhéanamh ar na spriocanna sin; ag aithint ról lárnach na sochaí sibhialta, go háirithe maidir le teagmháil a dhéanamh le feirmeoirí gabháltas beag trína nascadh le hoiliúint, le hacmhainní, le margaí agus le slabhraí luacha; |
|
30. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do riachtanais cothaithe do mháithreacha agus do naíonáin chun slándáil dhaingean agus athléimneach an tsoláthair bia a ráthú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta i dtíortha atá i mbéal forbartha chun seirbhísí cothaithe a chomhtháthú i gcórais sláinte chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothú de gach cineál agus chun leanúnachas seirbhísí cothaithe a áirithiú, go háirithe maidir le géar-mhíchothú a bhrath go luath agus a bhainistiú ar bhonn pobail agus maidir le cothú leanaí óga, chomh maith le cláir chothaithe gaolmhara do mháithreacha; i ndáil leis an méid sin, á chur in iúl gur díol sásaimh di an méid atá bainte amach agus an obair atá déanta ag an ngluaiseacht SUN; |
|
31. |
á iarraidh ar AE cosaint a thabhairt don rochtain agus don rialú atá ag táirgeoirí mionscála ar thalamh agus ar acmhainní eile, lena n-áirítear síolta feirmeoirí, do rochtain ar uisce agus do rochtain ar bhonneagar chun pobail tuaithe a nascadh le margaí críochacha, lena n-áirítear limistéir uirbeacha; |
|
32. |
á iarraidh ar AE maoiniú agus comhchruthú iomchuí eolais agus nuálaíochtaí teicniúla a áirithiú trí thaighde faoi stiúir feirmeoirí, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí táirgeoirí ar mionscála agus do chomhlachais ban agus dá ngníomhaíochtaí comhchoiteanna próiseála agus margaíochta; |
|
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthnaisc a bhunú le tíortha comhpháirtíochta chun eolas maidir le talmhaíocht a mhalartú; á thabhairt an tsaineolais chun suntais a bhaineann le hearnáil talmhaíochta na hEorpa agus á chur i bhfáth gur gá tosaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht maidir leis an talmhaíocht, lena n-áirítear tríd an gclár Fís Eorpach, agus borradh a chur faoi nuálaíochtaí freagracha agus eiticiúla chun cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe a chur chun cinn ar mhaithe le táirgeacht agus aschur feirmeacha a mhéadú; á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go mbeifí ag brath níos mó ar an méid a rannchuidíonn eolas traidisiúnta áitiúil leis an aistriú cóir, go háirithe i dtaca le cleachtais talmhaíochta, an t-iascach agus cosaint foraoisí, rud a chumasódh muintir agus pobail áitiúla; |
|
34. |
á thabhairt dá haire go raibh torthaí dearfacha ar an tacaíocht bhuiséadach a léiríodh sa 6ú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtaobh an Phlean Gníomhaíochta um Chothú mar shásra le haghaidh infheistíochta i gcothú, infheistíocht atá inbhuanaithe, a bhfuil tionchar aici agus atá ábhartha don tír; |
|
35. |
á iarraidh ar AE na spriocanna cothaithe domhanda agus náisiúnta a chomhtháthú sna cláir forbartha agus sna straitéisí ábhartha tíre; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit leas a bhaint as infheistíochtaí fadtéarmacha airgeadais i slándáil an tsoláthair bia agus an chothaithe, sa talmhaíocht, san iascach agus sa dobharshaothrú inbhuanaithe agus tíortha comhpháirtíochta a spreagadh chun níos mó infheistíochta a dhéanamh sna hearnálacha sin trína mbuiséid náisiúnta; |
|
36. |
ag áitiú ar AE tosaíocht a thabhairt do shlándáil an tsoláthair bia, do chosaint na bithéagsúlachta agus don talmhaíocht inbhuanaithe ina chlársceidealú forbartha idirnáisiúnta le tíortha comhpháirtíochta, agus áird á tabhairt ar a gcuid riachtanas sonrach áitiúil, agus rochtain ar chistiú á áirithiú do phobail áitiúla agus d’eagraíochtaí a thacaíonn leo; á iarraidh ar AE agus ar na Bhallstáit measúnú agus faireachán a dhéanamh, le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, ar a gcuid infheistíochtaí chun a áirithiú go ndéanfaidh siad bochtaineacht agus neamhdheimhneacht an tsoláthair bia a chomhrac go nithiúil; |
|
37. |
ag cur béim ar ról AE mar chumasóir i gclaochlú na gcóras domhanda bia ionas go bhféadfaidh siad a bheith níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos córa; á chur i bhfios go láidir gur creat beartais uaillmhianach AE í an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” lena gcuirtear chun cinn córas agraibhia AE atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní agus lena dtacaítear le haistriú domhanda agus cóir chuig córais agraibhia inbhuanaithe a théann chun tairbhe daoine, an dúlra agus an fháis eacnamaíoch agus lena gcaomhnaítear acmhainní nádúrtha i gcomhréir le cuspóirí na straitéise bithéagsúlachta; á mheabhrú go bhfuil sé i gceist leis an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” spleáchas feirmeoirí ar aschur seachtrach a laghdú; |
|
38. |
ag áitiú ar AE agus a Bhallstáit leanúint de bheith lántiomanta dá rannpháirtíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid agus bhithéagsúlacht, an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc”, agus ag áitiú orthu moltaí IPCC a chur chun feidhme dá réir sin chun oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe i gcomhthéacs ina léirítear le géarchéim na paindéime agus leis an gcogadh san Úcráin go bhfuil margadh domhanda an bhia leochaileach ó thaobh míshocrachtaí de; |
|
39. |
ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí chun tacú le tíortha comhpháirtíochta laghdú de sheacht milliún a dhéanamh ar líon na leanaí faoi 5 bliana d’aois atá faoi bhun a bhfáis faoi 2025 amhail a gealladh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cothú; |
|
40. |
á iarraidh ar an Aontas Eorpach leanúint de thacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta chun infhaighteacht bia atá éagsúil agus cothaitheach a athbhunú do leanaí atá in aois scoile trí chláir béilí scoile agus bia a tháirgtear go háitiúil agus go hinbhuanaithe a chur chun cinn agus aird ar leith á tabhairt ar na leanaí is leochailí; á thabhairt chun suntais, thairis sin, fóntas na gclár soláthair phoiblí chun tacaíocht phoiblí a chothú chun ceannach a dhéanamh ó mhionsealbhóirí agus ó tháirgeoirí áitiúla agus bia cothaitheach á fhoinsiú lena dháileadh; |
|
41. |
á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht a thugann an Coimisiún Eorpach agus roinnt Ballstát do Chomhghuaillíocht na mBéilí Scoile san obair leantach ar an gCruinniú Mullaigh maidir le Córais Bhia; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé a chinntiú go bhfuil cineálacha cur chuige atá íogair ó thaobh an chothaithe de nasctha le hidirghabhálacha cothaithe agus idirghabhálacha sláinte eile i dtíortha atá i mbéal forbartha; |
|
42. |
á mheabhrú go bhfuil suas le 811 mhilliún duine ar domhan ag fáil bháis den ocras agus go bhfuil thart ar 2 bhilliún duine míchothaithe go ainsealach, go háirithe san Afraic Fho-Shahárach agus san Áise, áit nach bhfuil vitimíní agus mianraí tábhachtacha acu; á mheabhrú go bhfuil na héifeachtaí sin thar a bheith tubaisteach do leanaí sa chéad 1 000 lá dá saol mar mura bhfuil micreachothaithigh riachtanacha acu amhail vitimín A, iarann nó sinc, maireann na héifeachtaí a bhaineann leis sin ar feadh an tsaoil, rud atá ina shiocair le fás laghdaithe agus cumas meabhrach lagaithe lena n-imrítear tionchar ar ní hamháin an duine aonair, ach ar gheilleagair ina n-iomláine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-ocras agus an míchothú, dá bhrí sin, i measc na mbacainní is mó ar an bhforbairt; |
|
43. |
á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug AE ag an gCruinniú Mullaigh maidir le Cothú le haghaidh Fáis i leith EUR 2,5 billiún a infheistiú sa chomhrac i gcoinne an mhíchothaithe le linn na tréimhse 2021-2024; ag tathant ar AE ceannaireacht a léiriú i dtreo na sprice sin; |
|
44. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil na hidirnaisc idir sláinte an duine, sláinte plandaí agus sláinte ainmhithe, sláinte an chomhshaoil agus an tslándáil bia léirithe ag paindéim COVID-19; á chur i bhfios go leantar freisin leis an suaitheadh ar an tslándáil bia leis na galair sin a bhfuil tionchar acu ar ainmhí agus plandaí trí chur isteach ar an soláthar bia ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit iarrachtaí a chomhcheangal leis an gcomhphobal idirnáisiúnta maidir le prionsabal na hAon Sláinte Amháin chun córais bhia a athcheapadh, a n-athléimneacht a fheabhsú agus sláinte agus slándáil bia níos fearr a bhaint amach do chách; |
|
45. |
á mheabhrú go dtugtar le tuiscint leis an taighde, trí athrú ó bhonn a dhéanamh ar chórais bhia go bhféadfaí an 12 thrilliún Dollar-SAM a chaitear ar chostais fholaithe an bhia ar fud an domhain a fhorchúiteamh agus trí atreorú a dhéanamh ar chuid de na cistí sin go bhféadfaí cosc ar chur ar an tuilleadh damáiste a dhéanfar don chomhshaol agus do shláinte na ndaoine, agus ina ionad sin go bhféadfadh sé cabhrú le tuilleadh gealltanas a spreagadh le haghaidh maoiniú don oiriúnú amhail a d’iarr na Ballstáit agus na ceannairí le linn an COP 26 i nGlaschú; |
|
46. |
á mheabhrú go gcuirfidh an t-athrú aeráide brú de réir a chéile ar tháirgeadh bia agus ar rochtain ar bhia, go háirithe i réigiúin leochaileacha, lena mbainfear an bonn ó shlándáil an tsoláthair bia agus ón gcothú; ag cur sonrú sna conclúidí ó thuarascáil 2022 IPCC, ar dá réir a lagófar sláinte na hithreach agus seirbhísí éiceachórais de réir a chéile leis an téamh domhanda amhail pailniú, lena méadófar ar an mbrú ó lotnaidí agus galair, lena laghdófar bithmhais na n-ainmhithe mara, lena mbainfear an bonn ó tháirgeadh bia in go leor réigiún ar talamh agus sna haigéin; á chur in iúl gur geal léi moltaí na tuarascála chun dul in oiriúint don athrú aeráide trí phrionsabail agus cleachtais agra-éiceolaíocha, agrafhoraoiseacht, oiriúnú pobalbhunaithe, bainistiú éiceachóras-bhunaithe san iascach agus sa dobharshaothrú a chur chun cinn, agus cuir chuige eile a oibríonn le próisis nádúrtha chun tacú le slándáil bia, cothú, sláinte agus dea-bhail; |
Athléimneacht i gcoinne turraingí amach anseo a fhorbairt
|
47. |
á mheabhrú, le forbairt athléimneachta, nach foláir aghaidh a thabhairt ar mhinicíocht agus ar dhéine mhéadaitheach na gcoinbhleachtaí agus na dtubaisti nádúrtha, go háirithe triomach, cioclóin agus tuilte, mar aon le géarchéimeanna sláinte, cailliúint na bithéagsúlachta, éagothromaíochtaí struchtúracha agus turraingí eacnamaíocha, ar minic leo tionchair iomadúla charnacha a bheith acu ar na daoine is leochailí; á thabhairt chun suntais gur féidir ról lárnach a bheith ag infheistíochtaí straitéiseacha i gcleachtais inbhuanaithe talmhaíochta ó thaobh córais agraibhia atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe de a áirithiú; |
|
48. |
ag tathant ar an Aontas cistiú intuartha, sonrach agus spriocdhírithe a chur chun cinn le haghaidh gníomhaíocht oirchilleach agus luath agus é mar chuspóir leis neamhshlándáil an tsoláthair bia a chosc, na tionchair a bhaineann leis a laghdú agus aird agus maoiniú a mhéadú i gcomhair oiriúnú agus athléimneacht atá faoi stiúir an phobail; á iarraidh ar AE cláir slite beatha a neartú chun tacú le slándáil an tsoláthair bia agus chun a áirithiú go mbeidh daoine in ann a slí mhaireachtála a ghiniúint agus a chothabháil, feabhas a chur ar a ndea-bhail féin, mar aon le dea-bhail na nglúnta atá le teacht; ag tathant ar AE cosaint a thabhairt don rochtain agus don rialú atá ag táirgeoirí mionscála ar thalamh agus ar acmhainní eile, lena n-áirítear síolta tuathánach, ar bhonneagar chun pobail tuaithe a nascadh le margaí críochacha, lena n-áirítear ceantair uirbeacha; |
|
49. |
á chur i bhfios go bhfuil tionchar dearfach ag slándáil an tsoláthair bia ar athléimneacht an phobail i gcoitinne agus go gcabhraíonn sí le daoine déileáil ar bhonn níos fearr le turraingí, le teagmhais fhoircneacha agus le géarchéimeanna fada; |
|
50. |
á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna bainistithe géarchéime atá cheana ann, go háirithe d’fhonn táirgeadh bia; |
|
51. |
á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag straitéisí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide caillteanas agus cur amú bia a laghdú; á mheabhrú go léiríonn TLFanna agus ag tíortha ísealioncaim acmhainneacht mhór i dtaobh laghdú a dhéanamh ar chur amú bia trí infheistíocht mhéadaithe a dhéanamh i stóráil, i bpacáistiú agus i mbonneagar iompair; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé an geilleagar ciorclach a chur chun feidhme i gcórais táirgeachta talmhaíochta chun a n-inbhuanaitheacht agus a n-éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú, agus chun caillteanas agus cur amú bia a laghdú a mhéid is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit uile cláir um chosc ar chur amú bia a chur ar bun agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear slabhraí soláthair bia gairide a chur chun cinn lena n-ísleofaí an baol go nginfí cur amú bia; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé bunachar sonraí domhanda a fhorbairt agus a nuashonrú, a mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla air, ar bunachar sonraí é a choinneoidh taifid ar stoic soláthair, go háirithe stoic ghránaigh, chun bonn a leagan síos do chóras a áiritheoidh slándáil bia leanúnach ar leibhéal iomchuí agus a íoslaghdóidh cur amú bia; |
|
52. |
á chur i bhfios go láidir go slándáil an tsoláthair bia ag brath ar spriocanna aeráide a bhaint amach, ar chailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac agus ar thalamh sláintiúil, éiceachórais chósta agus mhuirí a áirithiú; á chur i bhfios a ríthábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, truailliú plaisteach agus idirleata a chomhrac; |
|
53. |
á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag táirgeadh bithbhreosla ar shlándáil an tsoláthair bhia, ós rud é go n-atreoraíonn sé tráchtearraí talmhaíochta amhail grán, pónairí soighe, ola ráibe, arbhar agus cána siúcra ó tháirgeadh bia; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach beartais bhithbhreosla níos solúbtha agus níos comhordaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta a áirithiú a mhéid a bhaineann leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbia, agus tairbhe á baint as acmhainneacht cobhsaíochta na deise malartaí seo; á iarraidh ar AE tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh bia thar tháirgeadh bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra, agus urraim a thabhairt d’ord na réiteach dramhaíola agus prionsabal na húsáide cascáidí á chur i gcuntas chun soláthairtí breise bia a dhaingniú agus margaí domhanda tráchtearraí bia a chobhsú; |
|
54. |
ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá na naisc straitéiseacha idir an Afraic agus an Eoraip, ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta i gclár oibre gníomhaíochta idir Aontas na hAfraice agus an tAontas Eorpach maidir le claochlú tuaithe; ag meabhrú an rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an gcomhar slándála idir AE agus an Afraic i réigiún na Saiheile, san Afraic Thiar agus i gCorn na hAfraice inar meabhraíodh gur minic le neamhshlándáil an tsoláthair bia a bheith mar bhunchúis leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoinbhleacht armtha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar cur chuige an chumarphointe idir an daonnúlacht-an fhorbairt-agus an tsíocháin a chomhtháthú ina iomláine i straitéisí slándála i dtríú tíortha lena n-éilítear tacaíocht do sholáthar na seirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair bia, le rannpháirtíocht na bpobal áitiúil; |
|
55. |
á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm, faoi 2030, ag tionscnamh an Bhalla Mhóir Ghlais i réigiún na Saiheile san Afraic athbhunú a dhéanamh ar 100 milliún heicteár de thalamh atá díghrádaithe faoi láthair, 250 milliún tonna carbóin a cheapadh agus 10 milliún post a chruthú i gceantair thuaithe ar cheart dóibh, i dteannta a chéile, tacú le 15 as na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, an bhochtaineacht agus an t-ocras a laghdú, athléimneacht áitiúil a fhorbairt i gcoinne an athraithe aeráide, an tsláinte agus dea-bhail a fheabhsú, poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch; |
|
56. |
á iarraidh ar AE tacaíocht a leathnú do chórais náisiúnta cosanta sóisialta, lena n-áirítear cúnamh sóisialta atá bunaithe ar airgead tirim agus atá athléimneach chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas ioncaim ar bhealach atá íogair ó thaobh coinbhleachta de agus i gcomhréir le prionsabal na neamhdhíobhála, agus cosaint a dhéanamh ar an rochtain ar bhia do na daoine is leochailí trí mhéadú a dhéanamh ar a gcumhacht cheannaigh; |
|
57. |
ag tacú le saoráid airgeadais a bhunú chun cabhrú le tíortha na hAfraice an bhearna cistiúcháin atá cheana ann a dhúnadh chun pleananna cosanta sóisialta a fhorbairt go práinneach, bíodh sin tríd an Luasaire Domhanda maidir le Poist agus Cosaint Shóisialta nó trí Chiste Domhanda um Chosaint Shóisialta a chruthú; |
|
58. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le comhroinnt eolais agus le piarfhoghlaim, amhail feirmeoir go feirmeoir agus gnólacht le gnólacht, agus iad a chur chun cinn i réimsí an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta; á chur i bhfios a thábhachtaí atá earnáil na talmhaíochta agus an bhia sa gheilleagar agus fostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe chur ar fáil i gceantair thuaithe; á chur i bhfios go láidir go mbaineann sé sin, den chuid is mó, le gabháltais bheaga agus le feirmeacha teaghlaigh; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé bearta agus uirlisí a chur chun cinn agus a fheabhsú chun tacú le cáilíocht táirgí a mhéadú, le héagsúlú táirgí, le cleachtais talmhaíochta a nuachóiriú go hinbhuanaithe, le dálaí sábháilte oibre agus le bearta chun athléimneacht feirmeoirí a neartú; |
|
59. |
ag tabhairt dá haire go gcuireann neamhionannas inscne teorainn le táirgiúlacht agus éifeachtúlacht talmhaíochta agus, dá bhrí sin, go mbaintear an bonn ón bhforbairt; á mheabhrú go bhfuil cumhachtú na mban agus na gcailíní ríthábhachtach maidir le cothú, slándáil bia agus forbairt athléimneachta; á chur i bhfios gur dúshlán don talmhaíocht agus don tslándáil bia agus cothaithe i gcónaí é ról na mban agus na gcailíní a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit tacú le fiontraíocht, fostaíocht agus ionadaíocht pholaitiúil na mban, a áirithiú go gcuirfear gné inscne san áireamh sa bhainistiú ar shlándáil an tsoláthair bia agus rannpháirtíocht na mban sa phróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an réimse sin a áirithiú, lena n-áirítear na mná sin ar de mhionlaigh iad a ndéantar leithcheal orthu; |
|
60. |
ag tathant ar AE agus ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh, go háirithe trí chúnamh forbartha, chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an idirdhealú a dhéantar ar mhná, go háirithe maidir le rochtain na mbanfheirmeoirí ar thalamh, ar acmhainní táirgiúla agus ar sheirbhísí airgeadais; á mheabhrú gur mná, mar shampla, a dhéanann nach mór leath na hoibre talmhaíochta san Afraic, cé gur feirmeoirí beaga nó cothaithe den chuid is mó iad na banfheirmeoirí agus nach bhfuil an rochtain is gá acu ar fhaisnéis, ar chreidmheas, ar thalamh, ar acmhainní ná ar an teicneolaíocht; ag moladh go gcuirfí cearta oidhreachta do mhná agus do chailíní chun cinn agus á iarraidh ar AE tacú le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir le haitheantas a thabhairt do theidlíocht iomlán na mban i leith cearta talún; ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige atá claochlaitheach ó thaobh inscne de a chur chun cinn maidir le córais talmhaíochta, iascaireachta agus bia trí fhothú acmhainneachta do mhná tuaithe, trí athchóirithe beartais sonracha chun dlíthe tionachta talún níos cothroime a bheith acu mar aon le tionscnaimh shonracha lena ndírítear ar chumhachtú eacnamaíoch agus ar rochtain ar mhaoiniú, mar a luaitear sa Phlean Gníomhaíochta Inscne III; |
|
61. |
ag tabhairt dá haire go dtáirgeann mná tuaithe níos mó ná leath de bhia an domhain in ainneoin míbhuntáistí struchtúracha; á chur i bhfáth a phráinní atá sé feabhas a chur ar an rochtain atá ag mná tuaithe ar thalamh, ar acmhainní táirgiúla, ar shócmhainní agus ar mhargaí mar choinníoll riachtanach chun feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair bhia ar fud an domhain; ag tathant ar an Aontas Eorpach aird ar leith a thabhairt ar mhná tuaithe agus ar a gcumhachtú eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil; á mheabhrú gur dea-ionstraim é Treoirlínte Deonacha maidir le Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún CFS chun dul i ngleic le bacainní i ngnáthchórais oidhreachta agus i gcórais oidhreachta traidisiúnta agus chun eolas níos fearr ar chearta reachtúla na mban a áirithiú (21); |
|
62. |
ag meabhrú na tábhachta straitéisí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbithéagsúlacht talmhaíochta ar leibhéal na feirme chun aistí bia folláine, cáilíocht aiste bia agus éagsúlú mar aon le hiontógáil leordhóthanach cothaitheach a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil sé níos dóchúla go ndéanfaidh mná agus cailíní aiste bia atá leordhóthanach agus mhicreachothaitheach agus leis an éagsúlacht is lú a bhaint amach trí éagsúlú talmhaíochta agus trí tháirgeadh cothaithe na mbarr éagsúil bia (22); |
|
63. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá bunathrú na tuaithe agus neartú a dhéanamh ar shlabhraí luacha áitiúla, réigiúnacha agus trédhearcacha chun poist inbhuanaithe a chruthú, sáruithe ar chearta an duine a sheachaint agus an t-athrú aeráide a mhaolú; á chur i bhfáth gur gá tacú le daoine óga agus mná, go háirithe trí oiliúint, rochtain ar chreidmheas agus rochtain ar mhargaí; á iarraidh go mbeidís rannpháirteach i gceapadh beartas talmhaíochta agus go dtacófar le gníomhaíocht chomhchoiteann trí eagraíochtaí beaga táirgeoirí; |
|
64. |
á mheabhrú, i bhfianaise an mhíchothaithe, gur réamhriachtanas ríthábhachtach iad an t-oideachas agus an mhúscailt feasachta má táthar chun stíl mhaireachtála inbhuanaithe agus sochaí rathúil a bhaint amach; |
|
65. |
á chur i bhfáth an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoiste maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan agus na gCailíní i gcomhthéacs na slándála bia agus an chothaithe; |
|
66. |
á mheabhrú go bhfuil an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta, i measc tosca eile, ina bhagairt ar ár gcumas slándáil an tsoláthair bia ar bhonn domhanda a áirithiú agus go gcuireann sé brú breise ar chórais bhia atá leochaileach cheana féin; á iarraidh go mbeidh ann do tháirgeadh bia a bheidh fónta ó thaobh an chomhshaoil de, amhail an agra-éiceolaíocht agus oiriúnú aeráid-díonach mar aon le héiceachórais nádúrtha a chaomhnú agus a athbhunú chun laghdú a dhéanamh ar rioscaí aeráide, go dtabharfar aghaidh ar an ngéarchéim aeráide, stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta, agus go neartófar, dá bhrí sin, athléimneacht na gcóras agraibhia inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ina leith sin, tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta chun cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta agus réitigh nuálacha a ghlacadh, lena n-áirítear úsáid a bhaint as ioncam a ardaítear trí cheantanna CTA agus trí dheimhnithe SCCT chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí ó thaobh athléimneacht aeráide, oiriúnú agus maolú de leis an aidhm córais bhia níos inbhuanaithe a bheith ann; |
|
67. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar leis an maoiniú faoi ionstraim nua NDICI cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine, ina mbeidh pobail áitiúla agus pobail dhúchasacha lárnach in iarrachtaí aeráide, comhshaoil agus forbartha; á mheas go bhfuil sé tábhachtach aird ar leith a thabhairt ar fheirmeoirí gabháltas beag ar lú a n-acmhainneacht de ghnáth oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, plean gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe atá beartaithe chun cumhdach uilíoch a bhaint amach i ndáil le seirbhísí luathrabhaidh i gcoinne adhaimsire agus an athraithe aeráide sna 5 bliana atá le teacht a chuirfidh an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta i láthair le linn Chomhdháil NA maidir leis an Aeráid (COP 27) san Éigipt; á mheabhrú go ndearna an Toscaire Speisialta do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia béim a leagan ar an trasnú idir an aeráid agus bia mar cheangal domhain; |
|
68. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha chun a gcuid tionscal íogair agus naíthionscal a fhorbairt agus a choimirciú, slándáil an tsoláthair bia a chur chun cinn, an maolú ar an athrú aeráide don talmhaíocht a thacú agus caighdeáin inbhuanaitheachta AE agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le honnmhairiú a gcuid táirgí talmhaíochta; |
|
69. |
á mheas go bhfuil sé tábhachtach cabhrú le tíortha i mbéal forbartha beartais phoiblí maidir le talmhaíocht agus bia a chur i bhfeidhm, beartais ar féidir leo freastal ar riachtanais a bpobal atá ag fás go mear; á chur i bhfáth nach foláir do bheartas maidir le slándáil an tsoláthair bia go mbeadh mar phríomhsprioc aige bia leordhóthanach, cothaitheach, sábháilte agus inacmhainne a chur ar fáil do na saoránaigh i gcaitheamh na bliana ar bhealach inbhuanaithe agus ioncam cóir agus caighdeán maireachtála cothrom á ráthú d’fheirmeoirí; ag tabhairt dá haire, le linn stair an chomhbheartais talmhaíochta, trí dheireadh a chur le fóirdheontais onnmhairiúcháin agus trí íocaíochtaí díreacha a dhíchúpláil, gur laghdaíodh an baol dumpála go suntasach i margaí tríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit níos mó tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt talmhaíochta lena bhféadfaí slándáil an tsoláthair bia a áirithiú i dtíortha atá i mbéal forbartha agus cur go cinntitheach lena infheistíocht i bhforbairt chríochach tuaithe; |
|
70. |
á thabhairt chun suntais gur spreagthóirí tábhachtacha GCT iad na córais bhia; ag tabhairt dá haire go mbeidh gá le hoiriúnú don athrú aeráide agus le rioscaí tubaiste a laghdú agus a bhainistiú i mbeartais ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha chun athléimneacht ó thaobh na haeráide de a fhorbairt do chórais bhia; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na tíortha atá i mbéal forbartha a thionlacan sa phróiseas sin; |
|
71. |
á iarraidh ar AE cosaint a thabhairt don rochtain agus don rialú atá ag feirmeoirí mionscála ar thalamh agus ar acmhainní eile, lena n-áirítear síolta, bonneagar agus uisce; |
|
72. |
á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéanfaidh an soláthar poiblí tús áite a thabhairt do tháirgeadh áitiúil agrai-éiceolaíoch, do rialacha sábháilteachta bia atá oiriúnach do tháirgeadh ar scála beag, do mhargaí intíre a chosaint ar allmhairí íseal-phraghsanna chomh maith le hoideachas tomhaltóirí agus cosaint shóisialta chun tomhaltas bia áitiúil cothaitheach a fheabhsú; |
|
73. |
á iarraidh ar AE a chlársceidealú faoin Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda a oiriúnú chun tacú go gníomhach le claochlú domhanda chuig córais bia inbhuanaithe lenar féidir aistí bia sláintiúla agus cothaitheacha inacmhainne a chur ar fáil a bheidh cothrom, athléimneach, bunaithe ar chearta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena dtabharfar aird ar leith ar riachtanais na mban agus lena laghdófar an brú atá ar tháirgeadh bia ar thalamh agus ar úsáid uisce; |
|
74. |
á chur i bhFios go láidir go bhfuil tionchar diúltach criticiúil ag éifeachtaí an athraithe aeráide ar shlándáil an tsoláthair bia i dtíortha i mbéal forbartha agus go bhfuil sé ríthábhachtach oiriúnú don athrú aeráide chun a áirithiú go mbeidh córais bia athléimneach inbhuanaithe ann; á chur in iúl gurb oth léi an sárú ar an ngealltanas a thug tíortha forbartha i gComhaontú Chóbanhávan 2009 i leith cistiú intuartha agus leordhóthanach a sholáthar do ghníomhaíocht aeráide i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe do riachtanais oiriúnaithe, cistiú ar cheart dó a bheith cothrom le 100 billiún dollar in 2020; á iarraidh ar AE dlús a chur leis an maoiniú don aeráid ar bhonn níos leithne ná faoi chuimsiú na hionstraime maidir leis an Eoraip Dhomhanda-NDICI amháin, lena n-áirítear trí úsáid uaillmhianach a bhaint as an ioncam arna thiomsú ag ceantanna CTA agus deimhnithe SCCT; |
|
75. |
ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis an aistriú agrai-éiceolaíoch i dtíortha comhpháirtíochta chun bia cothaitheach, sábháilte, éagsúil agus inacmhainne a áirithiú do chách i gcaitheamh na bliana ar fad chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, athléimneacht aeráide a mhéadú agus comhtháthú sóisialta a neartú trí neamhionannais shóisialta a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an bhforbairt ar líonraí bia áitiúla chun táirgeadh agus tomhaltas áitiúil a ráthú, lena ndéanfar cruthú post a chur chun cinn, praghsanna córa do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí a ráthú, spleáchas tíortha ar allmhairí agus a leochaileacht i leith luaineachtaí idirnáisiúnta praghsanna a laghdú; |
|
76. |
á chur i bhfáth gur cheart infheistíochtaí agus idirghabhálacha AE a bheith bunaithe ar réamh-mheasúnuithe diana, ar thrédhearcacht iomlán agus ar chuimsiú na ngeallsealbhóirí sin a ndéanann na hinfhesitíochtaí agus na hidirghabhálacha difear dóibh, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar mhaithe le gníomhaíocht chothrom a cheapadh agus acmhainneachtaí a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear gníomhaithe neamhstáit; ag áitiú go n-aithneofar an gá atá le bearta comhthéacs-shonracha a bheith ann chun córais talmhaíochta agus bhia níos inbhuanaithe a bhaint amach i dtíortha comhpháirtíochta; |
|
77. |
á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta AE maidir leis an gcothú chun aghaidh a thabhairt ar an uile chineál míchothaithe i gcomhthéacsanna daonnúla agus forbartha faoi seach agus gealltanais nua uaillmhianacha pholaitiúla agus airgeadais a áireamh; |
|
78. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil níos mó ná 45 mhilliún leanbh faoi 5 bliana d’aois ag fulaingt le cnaí, a shainmhínítear mar mheáchan íseal i gcoibhneas le hairde, mar thoradh ar míchothú géar sa luathshaol; á mheabhrú go bhfuil an rómheáchan agus an murtall i measc daoine fásta, déagóirí agus leanaí ag ardú go leibhéil níos airde ná riamh lena ndéantar difear do 2 bhilliún duine ar fud an domhain a bhfuil 70 % díobh ina gcónaí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á mheabhrú go bhfuil riosca ag gabháil le rómheáchan agus murtall ó thaobh galair a bhaineann le haiste bia de lena n-áirítear galair neamhthógálacha ós rud é gur dúshlán do gach náisiún é an míchothú, gan beann ar an gcéim forbartha; dá réir sin, tá ar go leor tíortha anois ag dul i ngleic le “hualach dúbailte” lena mbaineann míchothú de dhá chineál ar a laghad inar ann do thearc-chothú agus rómheáchan agus murtall; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar chreat beartais 2010 maidir le slándáil an tsoláthair bia agus ar chreat beartais 2013 don chothú, amhail a d’iarr Ballstáit an Aontais sna conclúidí ón gComhairle in 2018 maidir le slándáil an tsoláthair bia agus an chothaithe a neartú ar fud an domhain; |
|
79. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear an cothú san áireamh go hiomlán nuair a infheistíonn AE i dtalmhaíocht, i bhforbairt eacnamaíoch, i gcosaint na haeráide agus in oiriúnú don athrú aeráide, i gcosaint na sláinte, sa tsláinte agus in earnálacha eile; ag tacú leis an athbhreithniú ar Straitéis Dhomhanda Sláinte 2010 agus á iarraidh go gcuirfear an comhrac i gcoinne an mhíchothaithe san áireamh sa doiciméad athbhreithnithe, á iarraidh go dtabharfar tacaíocht airgeadais mhéadaithe chun córais sláinte láidre agus athléimneacha a thógáil chun fáinne fí idirghlúine an mhíchothaithe agus an tearc-chothaithe a bhriseadh; |
Freagairt bheartais chomhlántach dhaonnúil agus forbartha AE
|
80. |
á áitiú gur cheart dlús a chur le cúnamh daonnúil do thíortha a bhfuil géarchéimeanna bia ag bagairt orthu nó atá buailte ag coinbhleacht; ag tabhairt dá haire nach foláir don chomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, díriú ar laghdú a dhéanamh ar an mbearna atá ag dul i méid idir riachtanais dhaonnúla agus na hacmhainní atá ar fáil ar fud an domhain; ag cáineadh aon ghníomhaíochtaí ina n-úsáidtear rochtain ar bhia mar uirlis leatromach nó mar arm cogaidh agus ag meabhrú na ceithre phrionsabal dhaonnúla: an daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas; |
|
81. |
á chur i bhfios go láidir gur féidir cabhair dhaonnúil a shlógadh chun dul i ngleic le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don bheatha nuair atá na hacmhainneachtaí reatha cloíte, agus nach foláir réitigh a mhaoinítear le cineálacha eile cabhrach a shaothrú go comhuaineach chun cosc a chur agus aghaidh a thabhairt ar spreagthaí neamhshlándáil an tsoláthair bhia agus an chothaithe; |
|
82. |
á chur in iúl gur geal léi an ceiliúradh a rinneadh ar an gcéad Fhóram Eorpach maidir le Cúrsaí Daonnúla chun tuilleadh feabhais a chur ar thionchar na freagartha daonnúla agus chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a áirithiú maidir le cabhair a sheachadadh agus a chur in iúl gur cúis cheiliúrtha di an cinneadh imeacht bliantúil a dhéanamh de san fhéilire dhaonnúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oibriú le chéile mar Fhoireann na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhaonnúil dhomhanda a bhaineann le slándáil an tsoláthair bia; |
|
83. |
á iarraidh ar rialtais Bhallstáit AE coinbhleachtaí a chosc ar bhonn taidhleoireachta, deireadh a chur le gach cineál míchothaithe agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun coinbhleachtaí a chosc agus béim ar leith á leagan ar mhná agus ar chailíní agus Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe á chur i bhfeidhm go críochnúil; á mheabhrú go mbeidh cabhair dhaonnúil díolmhaithe ó smachtbhannaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir an gá atá ann teacht ar réitigh inbhuanaithe mheántéarmacha agus fhadtéarmacha sa chomhar um fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá le neamhshlándáil an tsoláthair bia; |
|
84. |
á mheabhrú gur ón Úcráin agus ón Rúis a thagann tuairim is 30 % den trádáil dhomhanda i gcruithneacht, 32 % d’eorna, 17 % d’arbhar agus os cionn 50 % d’ola síl lus na gréine agus 20 % de shíolta lus na gréine; á chur i bhfáth go mbeidh tionchar mór ag laghdú nó caillteanas onnmhairí na hÚcráine ar thíortha atá ag brath go mór ar a dtáirgeadh, lena n-áirítear tíortha atá ag dul i ngleic le neamhshlándáil an tsoláthair bia agus atá leochaileach do shuaitheadh soláthair agus d’ardú praghsanna, amhail i gcás na hAfraice; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta agus leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta ábhartha, measúnú a dhéanamh go práinneach, ar na hacmhainní uile atá ar fáil chun aon mhainneachtain i gcomhardú íocaíochtaí na dtíortha is allmhaireoirí bia a sheachaint, lena n-áirítear cistiú díreach agus athstruchtúrú a bhfiachais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do mhaoiniú deontas-bhunaithe mar rogha réamhshocraithe, go háirithe do na tíortha is lú forbairt; |
|
85. |
ag tacú le réadú leanúnach an naisc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus comhdhlúthú na síochána; á thabhairt chun suntais gur cheart leanúint den phrionsabal sin a áireamh i gcúnamh daonnúil chomh maith leis an gclársceidealú le haghaidh shlándáil an tsoláthair bia agus an chothaithe agus treoirlínte soiléire maidir le dea-chleachtas fianaise-bhunaithe mar thaca leis; |
|
86. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair atá á déanamh ag an Aontas agus ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe atá lonnaithe sa Róimh, eadhon FAO, WFP agus IFAD, gníomhaíocht réamh-mheasta a dhéanamh chun géarchéimeanna a chosc sula mbuailfidh siad iad agus chun na grúpaí is leochailí a chosaint ar thubaistí de bharr na haeráide agus an duine; á iarraidh go ndéanfaí sásraí comhordaithe le gníomhaithe áitiúla ar an láthair a neartú agus go n-aimseofaí idirnaisc níos mó idir gníomhaíochtaí gearrthéarmacha réamhbheartaíochta agus cláir rialtais níos fadtéarmaí; á mheabhrú gur cheart gníomhaíocht chuimsitheach réamh-mheasta a bheith sonrach ó thaobh an chomhthéacs agus á stiúradh go háitiúil agus a áirithiú go mbeidh guth ag na daoine is leochailí freisin ar leibhéal na cinnteoireachta chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha; |
|
87. |
ag tacú le ról gníomhach AE sa Líonra Domhanda i gcoinne Géarchéimeanna Bia agus á iarraidh go gcuirfear an líonra i ngníomh tuilleadh, go háirithe i gcomhthéacsanna réigiúnacha agus náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit an Líonra Domhanda i gcoinne Géarchéimeanna Bia a neartú ina chuid oibre chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna bia trí idirghabhálacha ilghnéitheacha agus il-earnála, athléimneacht agus eolas a chothú agus an nasc idir an daonnúlacht agus an tsíocháin a chur chun feidhme; Sa chreat sin, á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit oibriú i gcomhar le tíortha atá i mbéal forbartha chun beartais agus straitéisí nuálacha faoi stiúir tíortha a cheapadh agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, chun borradh a chur faoin gcuimsiú eacnamaíoch agus chun córais bia níos inbhuanaithe a bhaint amach; |
|
88. |
á iarraidh gur gá feabhas a chur ar chórais luathrabhaidh, ar phrótacail ghníomhaíochta luatha agus ar shásraí faireachais lena áirithiú go gcuirfear freagairtí tráthúla i bhfeidhm go luath go leor chun tionchar na nguaiseacha ar shlándáil an tsoláthair bia a mhaolú agus chun bogadh ó idirghabhálacha frithghníomhacha tarrthála go hidirghabhálacha réamhghníomhacha tarrthála trí ghníomhaíocht dhaonnúil réamh-mheasta; ag tacú leis an gCoiste um Shlándáil Bia mar ardán beartais idirnáisiúnta agus idir-rialtasach thar a bheith cuimsitheach maidir le slándáil bia agus cothú; |
|
89. |
á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige ilearnálach i leith an chothaithe a áirithiú agus tús áite a thabhairt do chomhtháthú na slándála bia agus an chothaithe sa tsláinte, san oideachas, san uisce, sa tsláintíocht agus in idirghabhálacha sláinteachais chun a áirithiú go mbeidh 20 % ar a laghad den chúnamh oifigiúil forbartha tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda tiomanta do chuimsiú sóisialta agus d’fhorbairt dhaonna; |
|
90. |
á iarraidh go ndéanfaí an cothú a chomhtháthú i gcumhdach sláinte uilíoch (CSU) mar go bhfuil sé ríthábhachtach chun deireadh a chur leis an míchothú agus nach mbainfear amach CSU ach amháin má chomhtháthaítear gníomhaíochtaí riachtanacha cothaithe go héifeachtach mar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus mura dtugtar tosaíocht dóibh i gcórais sláinte; á mheabhrú go bhfuil CSU ríthábhachtach do dhaoine ar feadh an tsaoil, ag díriú ar na daoine is díothaí agus is imeallaithe, agus gur cheart é a chur in oiriúint do riachtanais sláinte an phobail; á mheabhrú gur féidir tacú léi trí chothú barrmhaith agus sábháilte a áirithiú do naíonáin agus do leanaí óga, lena n-áirítear trí bheathú cíche, trí iarracht a dhéanamh aiste bia chothrom fholláin lena n-áirítear trí bhéilí scoile a áirithiú, trí oideachas oilte maidir le cothú agus comhairleoireacht a chur ar fáil d’athruithe iompraíochta lena mbaineann, trí chothú a chur i mbuiséad na hearnála sláinte, trí chórais faisnéise sláinte a thógáil chun gníomhaíochtaí tráthúla a dhéanamh, agus trí rochtain ar tháirgí éifeachtacha inacmhainne a bhaineann le cothú a chur chun cinn agus margú bianna míshláintiúla a laghdú ag an am céanna; |
|
91. |
ag aithint gur cheart go mbeadh cothú lárnach i straitéisí, i bpleananna agus i mbuiséid na gcóras sláinte chun an Cumhdach Uilíoch Sláinte a bhaint amach; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais níos fearr don tsláinte chun córais sláinte láidre, athléimneacha a thógáil chun fáinne an tearc-chothaithe idirghlúine a bhriseadh agus chun géarchéimeanna sláinte a chosc agus freagairt dóibh; ag tacú le comhtháthú na seirbhísí cóireála tearc-chothaithe agus coisctheacha chomh maith le hidirghabhálacha sláinte, amhail pleanáil teaghlaigh, meabhairshláinte agus cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe sna pacáistí cúraim riachtanacha de chórais náisiúnta sláinte chun CSU a bhaint amach; |
|
92. |
á thabhairt dá haire go bhfuil dlúthnasc idir slándáil an bhia agus rochtain ar uisce; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach an ceart chun uisce agus forbairt bonneagar cóireála uisce agus uisce a chomhtháthú ina bhearta slándála bia i dtíortha i mbéal forbartha; |
|
93. |
á thabhairt dá haire go ndéantar, leis an bhithéagsúlacht bhia agus talmhaíochta, dlús a chur leis an athléimneacht ar shuaití, agus go ndéantar léi oiriúnú a éascú, an chobhsaíocht a choinneáil agus an téarnamh a chothú; á mheabhrú gur aithníodh go forleathan cumas na hagra-éiceolaíochta na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den inbhuanaitheacht a thabhairt chun réitigh i dtuarascálacha cinniúnacha, go háirithe ó IPCC agus IPBES agus ón mBanc Domhanda agus an measúnú talmhaíochta domhanda faoi stiúir FAO (IAASTD); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an agrai-éiceolaíocht, an agrafhoraoiseacht, an táirgeadh áitiúil agus córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn, ar córais iad lena ndírítear ar shlabhraí soláthair gairide a fhorbairt sna beartais náisiúnta agus sna fóraim idirnáisiúnta araon, chun slándáil bia agus cothaithe a áirithiú do chách chomh maith le táirgiúlacht inbhuanaithe na hearnála talmhaíochta agus a hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú; |
|
94. |
ag áitiú ar an gCoimisiún tacú le tíortha comhpháirtíochta chun cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear agrai-éiceolaíocht, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar thorthúlacht na hithreach, an bhithéagsúlacht a uasmhéadú agus éifeachtúlacht úsáide uisce a fheabhsú mar phríomheilimintí chun slándáil bia níos fearr a bhaint amach; ag cur sonrú sna dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta agus a dhrochthionchar ar an tslándáil bia agus cothaithe agus chomh maith leis sin gur gá acmhainní riachtanacha a sholáthar don oiriúnú don athrú aeráide agus don mhaolú ar an athrú aeráide; |
|
95. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor cur chuige agranamaíoch agus agrai-éiceolaíoch ann ar féidir leo tairbhe a dhéanamh d’aeráidí eile agus do chásanna eile, amhail barra a mheascadh, “ilsaothrú críche”, agrafhoraoiseacht, lena n-áirítear crainn léagúmacha a úsáid atá go maith ach go háirithe scáth agus cosaint a sholáthar do bharra eile agus d’ainmhithe, agus timthriall uisce agus/nó coinneáil uisce a spreagadh agus/nó a mhéadú; |
|
96. |
á chur i bhfios go gcailltear bithéagsúlacht agus linnte carbóin go deo mar thoradh ar scriosadh na bhforaoisí trópaiceacha agus go gcailltear freisin gnáthóga agus bealaí maireachtála na bpobal dúchasach atá ina gcónaí sna foraoisí; á mheabhrú go gcuireann foraoisí go mór le spriocanna aeráide a bhaint amach, leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus le fairsingiú fásaigh agus creimeadh foircneach ithreach a chosc; á mheas gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí caomhnaithe atá á ndéanamh, mar shampla, ar fhoraoisí, fiadhúlra agus éiceachórais mhuirí agus chósta trí úsáid a bhaint as creataí rialála, acmhainní leordhóthanacha agus sonraí eolaíocha leordhóthanacha agus gníomhaíochtaí athchóirithe agus bainistithe éiceachórais ag gabháil leo; |
|
97. |
á iarraidh, go gcuirfí san áireamh an nasc idir an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht i gcomhréir leis an gcur chuige “sláinte amháin”; ag tathant ar an Aontas Eorpach agus ar na tíortha comhpháirteacha uile cearta na ndaoine dúchasacha maidir le gnáthúinéireacht agus rialú a dtailte agus a n-acmhainní nádúrtha a aithint agus a chosaint mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus i gCoinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 169, agus prionsabal an tsaorthoilithe, roimh ré agus feasach a chomhlíonadh; |
|
98. |
á mheabhrú gur príomhchúiseanna le díghrádú bithéagsúlachta ar fud an domhain iad cleachtais neamh-inbhuanaithe um dhianú talmhaíochta, lena n-áirítear creimeadh géiniteach cineálacha barr agus beostoic; á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc”, úsáid fhoriomlán lotnaidicídí ceimiceacha agus guaiseacha ón talmhaíocht a laghdú de réir a chéile faoi 2030 agus cleachtais mhalartacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur sna tíortha bochta a aimsítear cuid shuntasach de shubstaintí guaiseacha; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a thíolacadh chun deireadh a chur leis an gcleachtas sin faoi chuimsiú straitéis AE maidir le ceimiceáin ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht; ag tathant ar an gCoimisiún, áfach, cuardach a chur chun cinn maidir le roghanna inbhuanaitheacha agus inacmhainne eile in ionad úsáid na lotnaidicídí sin chun suaitheadh tromchúiseach ar shlándáil bhia i dtíortha atá i mbéal forbartha a sheachaint, rud a chuirfeadh leis an ocras i measc na bpobal is leochailí; á iarraidh go ndéanfaí oideachas agus oiliúint a chur ar fáil maidir le cuir chuige cosanta plandaí agus roghanna malartacha ar lotnaidicídí agus go ndéanfaí nochtadh do shubstaintí guaiseacha a íoslaghdú; |
|
99. |
ag cáineadh chaighdeáin dhúbailte AE maidir le lotnaidicídí, lena gceadaítear substaintí guaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu féin in AE a onnmhairiú as AE; á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar ag úsáid lotnaidicídí áirithe sa diantalmhaíocht i dtíortha atá i mbéal forbartha ar shláinte na n-oibrithe, chomh maith le damáiste don chomhshaol a dhéanamh; á iarraidh go gcuirfear oideachas agus oiliúint ar fáil maidir le cleachtais inbhuanaithe cosanta plandaí, agrai-éiceolaíocha agus orgánacha; |
|
100. |
á mheabhrú go bhfuarthas amach sna tuarascálacha a rinneadh le déanaí go bhfuil córais bhia freagrach as suas le haon trian d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, suas le 80 faoin gcéad de chailliúint na bithéagsúlachta agus suas le 70 faoin gcéad d’úsáid fíoruisce; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur cheart córais táirgthe bia inbhuanaithe a aithint mar réiteach ríthábhachtach ar na dúshláin sin atá ann cheana agus gur féidir ár bpláinéad a chosaint ag an am céanna; |
|
101. |
á iarraidh ar AE na gealltanais a tugadh i mBliain Ghníomhaíochta 2021 maidir le Cothú, a chomhlíonadh go gníomhach, go háirithe iad siúd a d’eascair as Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia agus as an gCruinniú Mullaigh maidir le Cothú le haghaidh Fáis, agus ról lárnach a ghlacadh i gcomhar le pobail dhúchasacha sna hiarrachtaí sin, i gcomhréir lena straitéis féin, “ón bhFeirm go dtí an Forc”; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach a bheith ina chomhpháirtí mór in ocht gcomhghuaillíocht ó Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia; |
|
102. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teagmháil a dhéanamh le hAontas na hAfraice chun tiomantas agus infheistíochtaí níos fearr a fháil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leanúnacha i ndáil le cothú sa réigiún agus chun tacú le Bliain an Aontais Afracaigh den Chothú: “An teacht aniar a neartú sa chothú agus sa tslándáil bia ar mhór-roinn na hAfraice: Córais agraibhia, córais sláinte agus cosanta sóisialta a neartú chun dlús a chur faoi fhorbairt caipitil dhaonna, shóisialta agus eacnamaíoch”; |
|
103. |
á thabhairt chun suntais go gcuirtear deiseanna suntasacha ar fáil le teicneolaíochtaí digiteacha agus feirmeoireacht chliste agus bheacht chun córais agraibhia inbhuanaithe a fhorbairt agus chun fás eacnamaíoch atá cóir agus cuimsitheach a chur chun cinn i gceantair thuaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha; |
|
104. |
á chur i bhfios an gá atá le feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair bia agus ar chothú i dtíortha atá i mbéal forbartha trí chur chuige iomlánaíoch agus inbhuanaithe maidir le córas bia; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach iltaobhach atá bunaithe ar chearta a ghlacadh; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcuirfear an cothú san áireamh go hiomlán le hinfheistíochtaí AE sa talmhaíocht, san fhorbairt eacnamaíoch, sa mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, in WASH, sa tsláinte agus in earnálacha eile trí thorthaí intomhaiste cothaithe a chur san áireamh ag céim na pleanála; |
|
105. |
á chur i bhfáth gur gá do AE cearta an duine agus an ceart chun bia a chur chun cinn mar phrionsabal lárnach agus mar thosaíocht lárnach na gcóras bia chun córais bia a chlaochlú agus chun cearta na ndaoine is imeallaithe chun rochtain a fháil ar bhianna cothaitheacha a áirithiú agus go n-aithníonn sé a thábhachtaí atá Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe; |
|
106. |
ag tacú le forbairt deiseanna trádála idir AE agus tíortha atá i mbéal forbartha, a bhfuil sé d’acmhainn acu borradh a chur faoin talmhaíocht áitiúil; ag meabhrú gur léirigh feirmeoirí teaghlaigh agus sealbhóirí beaga a gcumas táirgí éagsúlaithe a sholáthar agus táirgeadh bia a mhéadú go hinbhuanaithe; |
|
107. |
á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt don ról ceannaireachta atá ag feirmeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcuid ionadaithe in aon straitéis chun slándáil bia a fheabhsú á thabhairt chun suntais nach mór tacú le bunú comharchumann agus grúpaí táirgeoirí i dtíortha i mbéal forbartha chun a gcumas comhchoiteann iad féin a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí a neartú, chun leas a bhaint as seasamh níos fearr sna slabhraí bia chomh maith le breisluach maidir le táirgí onnmhairiúcháin a chomhroinnt; |
|
108. |
á chur i bhfáth go bhféadfadh tionchar a bheith ag léirscaoileadh trádála ar dhífhoraoisiú, ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar tháirgeadh bia agus ar rochtain ar bhia; ag creidiúint gur cheart beartas trádála agus infheistíochta AE do thíortha atá i mbéal forbartha a bheith bunaithe ar bheartas tráchtála lena dtugtar tús áite do chosaint foraoisí agus bithéagsúlachta, d“fhorbairt na talmhaíochta áitiúla agus do tháirgeoirí agus d”fheirmeoirí áitiúla, chun ceannasacht iomlán bia a chur chun cinn agus chun an ghrabáil talún agus an dífhoraoisiú a laghdú le haghaidh úsáid onnmhairithe talmhaíochta; |
|
109. |
á mheas gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit na tionscnaimh éagsúla maidir le “trádáil chothrom” a spreagadh agus cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a chomhtháthú ar bhealach cuimsitheach iomlánaíoch i bhforálacha na gcomhaontuithe trádála uile; |
|
110. |
á mheabhrú go bhfuil éagsúlacht síolta ríthábhachtach chun athléimneacht feirmeoireachta in aghaidh an athraithe aeráide a neartú; á mheabhrú go meastar gurb ionann síolta feirm-shábháilte agus breis is 80 % de riachtanais iomlána síolta feirmeoirí i dtíortha áirithe san Afraic; á iarraidh, dá réir sin, go dtacódh an tAontas Eorpach le córais ceart maoine intleachtúla i gcomhaontuithe trádála a fheabhsaíonn forbairt cineálacha síolta atá oiriúnaithe go háitiúil agus síolta atá sábháilte ag feirmeoirí, ach gan tionchar a imirt ar athchóiriú an dlí síolta, go háirithe san Afraic, trí fhorálacha UPOV ó 1991 a ghlacadh sa mhéid nach bhfuil sé ag luí le forálacha an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA); |
|
111. |
á chur i bhfios go láidir gur cuid de na bianna is sláintiúla iad táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus gur lú an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol nádúrtha; á chur in iúl gur féidir leo cabhrú le roinnt SFInna a bhaint amach, go háirithe Sprioc 2, “Díothú an Ocrais”; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chomhtháthú agus straitéisí slándála bia á nglacadh aige, lena n-áirítear do thíortha i mbéal forbartha; |
|
112. |
ag spreagadh do AE leanúint den obair chun an chaibidlíocht iltaobhach maidir le fóirdheontais iascaigh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála – Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14.6 a chur chun feidhme – cineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a chuireann leis an ró-acmhainn agus leis an ró-iascaireacht a thoirmeasc agus deireadh a chur le fóirdheontais a chuireann le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus staonadh ó fhóirdheontais nua den sórt sin a thabhairt isteach, i gcomhréir iomlán leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhshaol Glas Eorpach, sa 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol agus i gComhaontú Pháras; |
|
113. |
á iarraidh go dtacódh gné dhomhanda na straitéise bithéagsúlachta leis an gceart chun bia leormhaithe, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar bhearta chun dálaí oibre oibrithe feirme agus ioncam feirmeoirí ar mionscála atá mar chuid de shlabhraí soláthair bia idirnáisiúnta a fheabhsú ar fud an domhain, agus chun a áirithiú go n-áirítear prionsabal an réamhchúraim maidir le gach ceanglas sábháilteachta bia; á iarraidh, thairis sin, ar AE a bheartas trádála a ailíniú le cuspóirí straitéisí “ón bhFeirm go dtí an Forc” agus na bithéagsúlachta agus le cuspóir neodracht charbóin an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; |
|
114. |
á chur i bhfáth, chun cuspóirí inbhuanaitheachta a shaothrú go rathúil, gur réamhriachtanas é go ndéanfadh tríú tíortha a gcion agus iad ag gníomhú ar an leibhéal domhanda; |
|
115. |
ag cur béim ar luach an bhia, rud nach mór a léiriú freisin i bhfad níos mó ná tráchtearra amháin ach mar cheart do dhaoine nach mór a bhaint amach, agus nach mór measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus ar na seachtrachtaí, agus maolú nó giaráil a dhéanamh air de réir mar is gá; |
|
116. |
á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht threisithe ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an tslándáil bia ina chroílár ag an bpróiseas cinnteoireachta beartais, d’fhonn ganntanas a sheachaint agus slándáil chothaitheach a áirithiú sna tíortha is leochailí; |
|
117. |
á iarraidh go leanfar d’iarrachtaí chun comhsheasmhacht bheartais AE a áirithiú i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe; ag áitiú go n-áiritheofaí nach ndéanfaidh onnmhairí Eorpacha dochar d“fhorbairt an táirgthe áitiúil agus d”fhorbairt na margaí áitiúla; á chur i bhfáth nár cheart do chomhaontuithe saorthrádála AE cur isteach ar an talmhaíocht áitiúil, dochar a dhéanamh do tháirgeoirí beaga nó an spleáchas ar allmhairí bia a dhéanamh níos measa; ag tathant go dtacófaí leis an táirgeadh áitiúil agus leis an tomhaltas áitiúil lenar féidir cruthú fostaíochta áitiúla agus praghsanna córa a áirithiú, cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-oibrithe a ráthú, agus spleáchas tíortha ar allmhairí agus a leochaileacht i leith luaineachtaí idirnáisiúnta praghsanna a laghdú; |
|
118. |
á chur i bhfios go bhfuil gá le treoirlínte soiléire i dtaca le conas comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt a bhaint amach ar leibhéal AE agus san am céanna aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile; ag áitiú ar AE comhleanúnachas bheartais talmhaíochta agus trádála na hEorpa a ráthú chun tacú le slándáil bia agus ceannasacht bia agus chun margaí áitiúla agus réigiúnacha a chosaint; |
o
o o
|
119. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(2) IO L 163, 2.7.1996, lch. 1.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0505.
(4) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0073_GA.html
(5) IO C 289, 9.8.2016, lch. 71.
(6) IO C 86, 6.3.2018, lch. 10.
(7) IO C 215, 19.6.2018, lch. 10.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0099.
(9) IO C 25, 30.1.2008, lch. 1.
(10) FO, “The State of World Fisheries and Aquaculture 2020”, https://www.fao.org/3/ca9231en/CA9231EN.pdf
(11) Ceardlann Chomhurraithe IPBES-IPCC, an Bhithéagsúlacht agus an tAthrú Aeráide, Tuarascáil Ceardlainne.
(12) “The State of Food Security and Nutrition in the World, Report 2021” [Staid na Slándála Bia agus an Chothaithe ar Domhan, Tuarascáil 2021].
(13) Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia 2021, nuashonrú Mheán Fómhair.
(14) Treoirlínte Deonacha chun Tacú le hAthchóiriú Forchéimnitheach an Chirt chun Bia Leordhóthanach i gComhthéacs na Slándála Náisiúnta Bia.
(15) “The State of Food Security and Nutrition in the World, Report 2021” [Staid na Slándála Bia agus an Chothaithe ar Domhan, Tuarascáil 2021]: https://www.fao.org/3/cb4474en/cb4474en.pdf
(16) “The State of Food Security and Nutrition in the World, Report 2021” [Staid na Slándála Bia agus an Chothaithe ar Domhan, Tuarascáil 2021].
(17) Meastacháin chomhpháirteacha ar mhíchothú leanaí UNICEF, na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an Bhainc Dhomhanda, Leibhéil agus treochtaí i míchothú leanaí, 2021.
(18) FAO, “The State of World Fisheries and Aquaculture 2020”, https://www.fao.org/3/ca9231en/CA9231EN.pdf
(19) Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia 2021.
(20) Sainmhíníonn Via Campesina an biafhlaitheas mar “an ceart atá ag Pobail chun bia sláintiúil agus iomchuí ó thaobh cultúir de a bheith acu, a tháirgtear trí mhodhanna atá fónta agus inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de, agus a gceart chun a gcórais bhia agus talmhaíochta féin a shainmhíniú.” Is ann don tslándáil bia mar atá sainithe ag Coiste na Náisiún Aontaithe um Shlándáil Bia “nuair a bhíonn rochtain fhisiciúil, shóisialta agus eacnamaíoch ag gach duine, i gcónaí, ar bhia leordhóthanach, sábháilte agus scamhardach lena gcomhlíontar a riachtanais chothaithe agus a roghanna bia le haghaidh saol gníomhach agus sláintiúil.”
(21) https://www.oxfam.org/en/empowering-women-farmers-end-hunger-and-poverty
(22) Jones, Andrew D; Creed-Kanashiro, Hilary; Zimmerer, Karl S.; De Haan, Stef; Carrasco, Miluska; Meza, Krysty; Cruz-Garcia, Gisella S.; Tello, Milka; Amaya, Franklin Plasencia; Marin, R Margot; and Ganoza, Lizette. 2018. Leis an mbithéagsúlacht talmhaíochta ar leibhéal na feirme sna hAindéis i bPeiriú, fágtar gur fearr go mór an seans atá ag mná aiste bia atá leordhóthanach agus mhicreachothaitheach agus leis an éagsúlacht is lú a bhaint amach. Journal of Nutrition 148(10): 1625-1637.