7.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 47/2


P9_TA(2022)0274

Bochtaineacht na mban san Eoraip

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 maidir le bochtaineacht na mban san Eoraip (2021/2170(INI))

(2023/C 47/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

ag féachaint d’Airteagail 8, 9, 151, 153 agus 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsachaa an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus go háirithe dona forálacha maidir le cearta sóisialta agus le comhionannas idir fir agus mná,

ag féachaint do Choinbhinsiún 1979 na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, an prionsabal “gan éinne a fhágáil ar lár”, agus go háirithe do Sprioc 1 de, a fhéachann deireadh a chur le bochtaineacht, do Sprioc 5 de, a fhéachann le comhionannas inscne a bhaint amach agus dálaí maireachtála na mban a fheabhsú, agus do Sprioc 8 de, a fhéachann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach,

ag féachaint do straitéis fáis AE 'Eoraip 2020', agus go háirithe a cuspóir líon na ndaoine in AE atá ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta náisiúnta a laghdú 25 % faoi 2020, agus ar an gcaoi sin breis is 20 milliún duine a bhaint as an mbochtaineacht, agus an gá córais slándála sóisialta agus córais pinsin na mBallstát a imscaradh go hiomlán chun tacaíocht ioncaim leordhóthanach a áirithiú,

ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta Uimh. 190 maidir le deireadh a chur le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre,

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,

ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (1),

ag féachaint do Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (2),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí (3) (an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal “Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025” (COM(2020)0152),

ag féachaint dá rún an 13 Deireadh Fómhair 2005 maidir le mná agus an bhochtaineacht san Aontas Eorpach (4),

ag féachaint dá rún an 8 Márta 2011 maidir le staid na mban agus an bhochtaineacht san Aontas Eorpach (5),

ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2011 maidir le fiontraíocht bhan i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (6),

ag féachaint dá rún an 26 Bealtaine 2016 dar teideal “Bochtaineacht: gné na hinscne” (7),

ag féachaint dá rún an 4 Aibreán 2017 maidir le mná agus a róil i gceantair thuaithe (8),

ag féachaint dá rún an 14 Meitheamh 2017 maidir le Straitéis AE a bheith riachtanach chun deireadh a chur leis an mbearna phinsin idir na hinscní agus í a chosc (9),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cumhachtú eacnamaíoch na mban sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí in AE (10),

ag féachaint dá rún an 15 Samhain 2018 maidir le seirbhísí cúraim in AE le haghaidh comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach (11),

ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2019 maidir le comhionannas inscne agus beartais chánachais in AE (12),

ag féachaint dá rún an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní (13),

ag féachaint dá rún an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime (14),

ag féachaint don rún an 7 Iúil 2021 dar teideal “Mór-roinn aosta atá ag dul in aois – deiseanna agus dúshláin a bhaineann leis an mbeartas maidir leis an aosú tar éis 2020” (15),

ag féachaint dá rún an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre (16),

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhionannas Inscne i nGeilleagair an Aontais: An Bealach Romhainn”,

ag féachaint don tuarascáil an 5 Márta 2020 ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) dar teideal “Beijing + 25: an cúigiú athbhreithniú ar chur chun feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising haghaidh Gníomhaíochta i mBallstáit AE”,

ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) an 27 Bealtaine 2020 dar teideal “COVID-19 agus saol na hoibre, An ceathrú heagrán”,

ag féachaint don mhionteagasc beartais an 15 Iúil 2021 le Eurofound agus an EIGE dar teideal “Cóineasú aníos sa chomhionannas inscne: Cé chomh gar is atá Aontas an chomhionannais”,

ag féachaint do staidéar mhí na Nollag 2017 a rinne Roinn Beartais na Parlaiminte um Chearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla ar Ard-Stiúrthóireacht um Bheartais Inmheánacha dar teideal “Gné na hinscne maidir le rochtain ar fhuinneamh san AE”,

ag féachaint d’Innéacsanna Comhionannais Inscne 2019 agus 2020 an EIGE,

ag féachaint do pháipéar seasaimh mhí an Mheithimh 2021 le Make Mothers Matter dar teideal “Bochtaineacht Máithreacha in AE”,

ag féachaint don mheasúnú ar an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2021 agus ar an Togra le haghaidh Comhthuarascáil ar Fhostaíocht 2021 de mhí Feabhra 2021 ón Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht dar teideal “Ag Obair i dtreo Téarnaimh ón bPaindéim COVID-19 atá Cuimsitheach go Sóisialta agus saor ón mBochtaineacht”,

ag féachaint do staidéar an 19 Bealtaine 2021 a rinne Roinn Beartais na Parlaiminte um Chearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla ar Ard-Stiúrthóireacht um Bheartais Inmheánacha dar teideal “COVID-19 agus a tionchar eacnamaíoch ar mhná agus ar bhochtaineacht na mban: Léargas ó 5 thír Eorpacha”,

ag féachaint do staidéar an 14 Meithimh 2021 a rinne Roinn Beartais na Parlaiminte um Chearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla ar Ard-Stiúrthóireacht um Bheartais Inmheánacha dar teideal: “Comhionannas inscne Luach eacnamaíoch an chúraim ó thaobh na gcistí AE is infheidhme”,

ag féachaint dá rún an 14 Aibreán 2016 maidir leis na spriocanna frithbhochtaineachta a bhaint amach i bhfianaise na gcostas méadaitheach teaghlaigh (17) agus do thuairim an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ina leith,

ag féachaint don obair atá ar bun ag Ardán AE chun Easpa Dídine a Chomhrac, a seoladh i mí an Mheithimh 2021,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0194/2022),

A.

de bhrí gur croíluach de chuid an Aontais é comhionannas inscne a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; de bhrí go leagtar síos in Airteagal 8 CFAE prionsabal an phríomhshruthaithe inscne;

B.

de bhrí go bhfuil díothú na bochtaineachta ar cheann de thosaíochtaí AE, a chumhdaítear in Airteagal 3 CAE agus in Airteagal 34 den Chairt, agus gur príomhsprioc é i bplean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR), lena léirítear tiomantas AE an bhochtaineacht a chomhrac ina chuid beartas;

C.

de bhrí go bhfuil líon na mban in AE atá i mbochtaineacht níos airde fós ná líon na bhfear atá i mbochtaineacht (18); de bhrí, in ainneoin laghdú ar bhochtaineacht i measc na mban agus na bhfear in AE, tá tionchar díréireach níos mó fós ag an mbochtaineacht agus ag an mbaol eisiaimh shóisialta ar mhná ná mar atá ar fhir, go háirithe ar mhná a fhulaingíonn cineálacha trasnacha idirdhealaithe; de bhrí go raibh an riosca bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta (AROPE) san AE níos airde do mhná (22,9 %) ná d’fhir (20,9 %) in 2020, cé gur tháinig laghdú air sa dá chás ó 2015 (24,9 % agus 23,1 % faoi seach); de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna bochtaineachta inscne i 21 Bhallstát ó 2017 i leith (19); de bhrí, de réir na sonraí, go bhfuil éagsúlacht mhór idir rátaí bochtaineachta na mban i measc na mBallstát; de bhrí mar gheall ar an gcomhghaol láidir idir bochtaineacht ban agus bochtaineacht leanaí, tá 1 leanbh as 4 in AE i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta;

D.

de bhrí de réir meastachán do 2019 i mBallstáit AE-27, bíonn tionchar ar leith ar mhná ó bhaol na bochtaineachta (AROPE), agus an ráta bochtaineachta ag 17,1 % tar éis aistrithe sóisialta; de bhrí gur cuireadh isteach go díréireach ar mhná sa réimse socheacnamaíoch ó thús na paindéime COVID-19, lena n-áirítear, i gcásanna áirithe, cailleadh fostaíochta; de bhrí ráta fostaíochta na mban a bheith tite níos géire fós ná mar a bhí le linn chúlú eacnamaíochta 2008; de bhrí go bhfuil sé seo, i measc rudaí eile, mar gheall ar an méadú ar chúram neamhíoctha, ar obair tí agus oideachais a dhéanann mná go príomha, agus gur tháinig méadú ar bhochtaineacht na mban dá bharr freisin; de bhrí, fiú roimh an bpaindéim COVID-19, ba mhná iad tromlach na ndaoine a bhí i bpoist shealadacha agus pháirtaimseartha, go háirithe san earnáil seirbhíse, agus de bhrí gur threisigh an phaindéim an treocht seo; de bhrí nach dtuigtear éifeachtaí na paindéime COVID-19 go hiomlán go fóill agus de bhrí go leanfar den tionchar socheacnamaíoch a bheith ann sna blianta atá le teacht; de bhrí go bhfuil sé riachtanach mar sin bochtaineacht ban a scrúdú i gcomhthéacs láimhseáil agus iarmhairt na géarchéime COVID-19; de bhrí nár leor na bearta a glacadh chun éirí as an ngéarchéim airgeadais in 2008 chun bochtaineacht na mban a laghdú; de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag laghduithe ar mhaoiniú do sheirbhísí poiblí sóisialta agus ag pá níos ísle ar mhná, mar gheall ar iad a bheith ag brath níos mó ar sheirbhísí poiblí sóisialta agus ar liúntais;

E.

de bhrí go gciallaíonn príomhshruthú inscne na héagsúlachtaí inscne laistigh den timthriall beartais iomlán a chur san áireamh agus cur chuige forluiteach a chur leis, ag cur san áireamh éagsúlacht i measc na mban agus na bhfear agus beartais, cláir agus tionscadail á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á measúnú chun an comhionannas inscne a fheabhsú; de bhrí go dtí seo nár úsáideadh fíorbheartais príomhshruthaithe i mbeartais AE nó nár áiríodh cur chuige trasnach iontu;

F.

de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 3(3) den CAE ar an Aontas “an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú” a chomhrac agus “an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta [agus] an comhionannas idir mná agus fir” a chur chun cinn i gcomhréir le coincheap an gheilleagair sóisialta margaidh; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm shonrach ag plean gníomhaíochta an Cholúin Eorpaigh um Chearta Sóisialta líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta a laghdú faoi 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh; de bhrí go bhfuil an clár oibre sóisialta, an clár oibre glas agus an clár oibre um chomhionannas inscne idirnasctha agus go bhfuil na spriocanna á roinnt acu maidir le fás inbhuanaithe agus dáileadh cothrom acmhainní a áirithiú; de bhrí gur cheart go gcuirfí san áireamh leis an bplé ar an athbhreithniú ar shamhail reatha AE um rialachas socheacnamaíoch tiomantas an AE neamhionannais a laghdú agus deireadh a chur le bochtaineacht, go háirithe bochtaineacht na mban;

G.

de bhrí gur chuir Rapóirtéir Speisialta na NA ar fhíorbhochtaineacht agus cearta an duine, Olivier De Schutter, in iúl gur cheart don Aontas Eorpach straitéis frithbhochtaineachta a fhorbairt ar fud AE lena n-áirithítear cur chuige struchtúrach leathan chun deireadh a chur le bochtaineacht ban; de bhrí go bhfuil gá le conradh sóisialta níos cothroime don Aontas Eorpach iar-phadéimeach, lena n-áirítear beartais eacnamaíocha atá dírithe ar neamhionannais eacnamaíocha a laghdú;

H.

de bhrí gur minic a bhíonn bochtaineacht leanaí mar thoradh ar bhochtaineacht na dtuismitheoirí; de bhrí go gcuireann infheistíocht i mbeartais chun tacú le mná feabhas freisin ar dhálaí maireachtála a dteaghlaigh, go háirithe dálaí maireachtála a gcuid leanaí; de bhrí nach mór do AE agus do na Ballstáit cearta leanaí a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gCAE; de bhrí go gcuirtear cearta leanaí i mbaol i gcásanna bochtaineachta; de bhrí go n-áirítear deireadh a chur le bochtaineacht leanaí i bPrionsabal 11 de EPSR;

I.

de bhrí go bhfuil teaghlaigh aontuismitheora i mbaol níos mó ó thaobh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus go bhfuil dóchúlacht níos airde ann go dtarchuirfear bochtaineacht thar roinnt glúine; cé gur mná iad 85 % de cheannairí teaghlach aontuismitheora; de bhrí go raibh 42.1 % de dhaonra AE a bhí ina gcónaí i dteaghlaigh aonair do dhaoine fásta le leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta in 2020;

J.

de bhrí go bhfuil bochtaineacht na mban mar thoradh ar shaolré idirdhealaithe; de bhrí go mbíonn tionchar fós ag steiréitíopaí inscne ar roinnt an tsaothair sa bhaile, san oideachas, san ionad oibre agus sa tsochaí agus ar rochtain ar chumhacht agus ar chinnteoireacht; de bhrí go gcuireann cúram neamhíoctha agus obair tí, a dhéanann na mná go príomha, ualach díréireach ar mhná; de bhrí gur mná iad os cionn 70 % de na hoibrithe san earnáil sláinte agus cúraim ar fud an domhain: de bhrí gur beag luach a cuireadh ar na poist seo go córasach toisc go ndearna mná laistigh de theaghlaigh iad agus go ndéanann siad fós iad saor in aisce; de bhrí go bhfuil pá níos ísle ag mná ná ag fir; de bhrí go bhfuil níos mó conarthaí páirtaimseartha ag mná mar gheall ar bhochtaineacht ama; de bhrí go bhfuil mná ag fulaingt ó bhochtaineacht lucht oibre as a dtagann rioscaí níos airde de bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta mar gheall ar dhlúthshaothair íseal;

K.

de bhrí gur cheart aird chuí a thabhairt ar na moltaí i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) maidir le comhionannas inscne, le comhdheiseanna agus le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht;

L.

de bhrí go bhfuil bochtaineacht na mban iltoiseach agus ar an gcúis sin ní mór dúinn dul i ngleic le gach cúis agus iarmhairt a bhaineann le gach gné de bhochtaineacht na mban, lena n-áirítear díth ábhartha, ach an easpa rochtana ar acmhainní agus ar sheirbhísí éagsúla freisin, rud a chuireann srian ar a gcumas lántairbhe a bhaint as a saoránacht; de bhrí go mbíonn tionchar díreach ar bhochtaineacht na mban ag an easpa luachála cothrom ar an obair a dhéanann mná go príomha, sosanna gairme de bharr saoire mháithreachais nó freagrachtaí cúraim, comhroinnt mhíchothrom na bhfreagrachtaí cúraim gan phá agus obair tí agus deighilt san oideachas agus ina dhiaidh sin sa mhargadh saothair; de bhrí gurb é bochtaineacht na mban is cúís lena n-eisiamh ó ghnéithe sóisialta agus polaitiúla áirithe den saol; De bhrí, ag an am céanna, go méadaíonn an easpa rochtana leordhóthanaí ar acmhainní agus ar sheirbhísí an baol go dtitfidh mná i mbochtaineacht nó go bhfanfaidh siad i mbochtaineacht, rud a léiríonn an comhspleáchas idir an bochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta agus polaitiúil;

M.

de bhrí go bhfuil difríocht idir tionchar na bochtaineachta ar mhná agus tionchar na bochtaineachta ar fhir agus mar sin ní mór táscairí chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhaineannú na bochtaineachta amhail aois, ionchas saoil, éagothroime ioncaim, an bhearna pá inscne, cineál teaghlaigh agus aistrithe sóisialta; de bhrí gur féidir le sineirgí idir gníomhaíochtaí éagsúla arna ndéanamh agus bearta polaitiúla lena tacaítear comhionannas inscne san fhostaíocht, san oideachas, i mbeartais cánachais agus i dtithíocht cuidiú le dul i ngleic níos éifeachtaí le cúiseanna atá fréamhaithe go domhain le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta;

N.

de bhrí go bhfuil baol méadaithe na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta i measc grúpaí áirithe ban amhail máithreacha aonair, mná os cionn 65 bliana d’aois, mná faoi mhíchumas, mná a bhfuil leibhéil ísle oideachais acu, agus mná ó chúlra imirceach;

O.

de bhrí go bhfuil níos mó ban ná fir ag aoiseanna níos sine laistigh de dhaonra an AE-27 de bhrí go raibh níos mó ná dhá oiread ban an-aosta (85 bliana d’aois nó níos mó) ná fir an-aosta in 2019 de bhrí go mbeidh impleachtaí móra ag forbairtí aosaithe ar rialtais, ar ghnó agus ar an tsochaí shibhialta, a imreoidh tionchar go háirithe ar chórais sláinte agus cúraim shóisialta, ar mhargaí saothair, ar airgeadas poiblí agus ar theidlíochtaí pinsin;

P.

de bhrí go léiríonn figiúirí go bhfuil an baol ann go mbuailfidh an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta 29,5 % de na mná faoi mhíchumas in AE, ar an meán, i gcomparáid le 27,5 % dá gcomhghleacaithe ar fir iad;

Q.

de bhrí go mbíonn ar mhná ó ghrúpaí níos leochailí, amhail mná óga, mná faoi mhíchumas, mná de bhunadh imirceach, mná Romacha, mná ó mhionlaigh reiligiúnacha nó eitneacha, chomh maith le mná LADTA+, aghaidh a thabhairt ar chineálacha breise forluiteacha idirdhealaithe agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar oideachas, cúram sláinte, fostaíocht agus seirbhísí sóisialta, agus, dá bhrí sin, go bhfuil baol níos airde bochtaineachta ag baint leo;

R.

de bhrí go ndéantar idirdhealú ar na Romaigh ó thaobh rochtain a fháil ar thionscnaimh fostaíochta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg; de bhrí gur minic nach mbíonn sé d’acmhainn ag seirbhísí poiblí fostaíochta iad a theagmháil nó go gcuireann siad cleachtais idirdhealaithe indíreacha i bhfeidhm;

S.

de bhrí, i ndáil le sonraí maidir le bochtaineacht, go sainítear bochtaineacht laistigh de theaghlaigh leis an aonad staidrimh teaghlaigh, agus nach gcuirtear san áireamh leis an neamhionannas inscne i ndáileadh inmheánach acmhainní, rud a fhágann go bhfuil sé deacair sonraí iontaofa atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a fháil;

T.

de bhrí go méadaíonn bochtaineacht na mban an baol easpa dídine, easpa rochtana ar thithíocht leordhóthanach agus bochtaineacht fuinnimh; de bhrí gur gá le bearta beartais atá sainoiriúnaithe do thuismitheoirí aonair;

U.

de bhrí gur ionstraim thábhachtach é comhionannas inscne sa mhargadh saothair chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht i measc na mban a théann chun tairbhe ní hamháin do mhná ach don gheilleagar ina iomláine, agus tionchar dearfach aici ar OTI, ar leibhéil fostaíochta agus ar tháirgiúlacht; de bhrí go mbeadh méadú idir 6,1 % agus 9,6 % ar OTI per capita AE agus 10.5 milliún post breise, a rachadh chun tairbhe do mhná agus d’fhir araon, mar thoradh ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne, faoi 2050;

V.

de bhrí, d’ainneoin go bhfuil obair in earnálacha atá faoi cheannas na mban riachtanach agus go bhfuil luach ard socheacnamaíoch ag baint léi, is beag luach a thugtar di agus baineann pá níos ísle léi ná mar a bhaineann le hobair in earnálacha atá faoi cheannas na bhfear; de bhrí go bhfuil géarghá le hathmheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phá sna hearnálacha sin atá faoi cheannas na mban i gcomhréir lena luach socheacnamaíoch agus le dul chun cinn a dhéanamh ar íosphá, ar íosioncam agus ar trédhearcacht pá i rialacháin AE;

W.

de bhrí gur réamhchoinníoll sár-riachtanach é an ceart chun obair a dhéanamh má tá neamhspleáchas eacnamaíoch, lánsástacht ghairmiúil agus cearta comhionanna éifeachtacha le bheith ag mná;

X.

de bhrí go bhfuil an mheán-bhearna fostaíochta idir na hinscní 11,5 %, agus go bhfuil ionadaíocht dhíréireach ard ag mná in earnálacha poist forbhásacha ar phá íseal; de bhrí go bhfuil ionadaíocht níos mó ag mná i bhfoirmeacha oibre solúbtha agus i gconarthaí neamhthipiciúla agus solúbtha (obair pháirtaimseartha, obair shealadach, etc.); de bhrí go mbíonn idirdhealú de bhíthin toirchis agus máithreachais roimh na mná; de bhrí go raibh an bhearna pá idir na hinscní 14,1 % ar leibhéal AE in 2019, ach é sin go raibh difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit (20); de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna tuillimh idir na hinscní i 17 mBallstát ó 2010 i leith, agus go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna ioncaim idir na hinscní i 19 mBallstát, rud a fhágann go bhfuil méadú foriomlán ar neamhionannas inscne i dtuilleamh agus in ioncam in AE (21); de bhrí go bhfuil thart ar 10 % de dhaonra oibre AE i mbaol bochtaineachta, agus is mná den chuid is mó a íoctar íosphá nó pá atá níos lú ná pá maireachtála, mar gheall ar, i measc nithe eile, rannpháirtíocht níos mó ban sa gheilleagar neamhfhoirmiúil; de bhrí gur féidir cabhrú le héagothroime pá, an bhearna pá idir na hinscní agus bochtaineacht na mban a laghdú trí obair neamhdhearbhaithe a chomhrac agus leibhéil leordhóthanacha agus chothroma d’íosphá a shocrú a fhorálann do chaighdeán maith maireachtála;

Y.

de bhrí go n-aithnítear i gCairt Shóisialta na hEorpa ceart na n-oibrithe go léir, agus mar sin de ceart na n-oibrithe baineanna freisin, chun luach saothair cothrom ar luach saothair cóir é atá leordhóthanach le haghaidh caighdeán maireachtála réasúnta dóibh féin agus dá dteaghlaigh, agus an ceart chun pá comhionann as obair ar chomhluach; de bhrí go mbunaítear ann freisin an ceart chun cosanta i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus rannchuidítear léi an bhearna phá atá ann cheana idir fir agus mná a laghdú.

Z.

de bhrí nach bhfuil ach 51 % de na daoine trasinscneacha i bhfostaíocht íoctha, i gcomparáid le 69,3 % den daonra i gcoitinne; de bhrí gur saincheist ar leith í an dífhostaíocht do mhná trasinscneacha, atá beagnach trí oiread níos dóchúla a bheith dífhostaithe ná meán an daonra i gcoitinne (22);

AA.

de bhrí nach bhfuil ach 20,7 % de mhná faoi mhíchumais agus 28,6 % d’fhir faoi mhíchumais atá rannpháirteach i bhfostaíocht lánaimseartha; de bhrí, i roinnt Ballstát, gur minic le daoine faoi mhíchumais a dteidlíochtaí míchumais a chailleadh tar éis dóibh dul i mbun fostaíochta, lena méadaítear ar an mbaol atá ann dóibh i leith bochtaineacht lucht oibre;

AB.

de bhrí gur 29,4 % ar an meán an bhearna phinsin idir na hinscní in 2019 (23) mar thoradh ar na míchothromaíochtaí a chruthaigh neamhionannais leanúnacha ar feadh an tsaoil; de bhrí go gciallaíonn an bhearna pinsin seo gur mó an seans go dtitfidh mná faoi bhun thairseach na bochtaineachta de réir mar a théann siad in aois, ag tabhairt san áireamh freisin go bhfuil ionchas saoil na mban níos faide ná ionchas saoil na bhfear, rud a mhéadaíonn iarmhairtí na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta; de bhrí go gcuideoidh cuimsiú saothair níos mó le linn shaolré duine leis an mbearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh;

AC.

de bhrí go bhfuil dul chun cinn digiteach agus deiseanna gnó nua ag dul i méid mar thoradh ar an réabhlóid teicneolaíochta agus dhigiteach atá le feiceáil againn agus de bhrí go bhil patrúin eacnamaíocha, córais shóisialta agus an mhargaidh saothair ag athrú mar thoradh ar an réabhlóid theicneolaíochta agus dhigiteach seo; de bhrí go gcaithfidh gach duine inár sochaí, go háirithe mná, an deis a bheith rannpháirteach sa rathúnas seo;

AD.

de bhrí gur gá beartais atá dírithe ar rannpháirtíocht na mban a mhéadú sna réimsí a bhaineann le heolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM) agus hintleachta saorga, agus ar ghlacadh le cur chuige il-leibhéil chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní ag gach leibhéal oideachais agus fostaíochta san earnáil dhigiteach a chur chun cinn tuilleadh;

AE.

de bhrí go n-éiríonn le cailíní níos fearr ná buachaillí ar scoil ach is minic a bhíonn deacrachtaí níos mó acu nó go gcuirtear cosc orthu an rath oideachasúil seo a aistriú go gnóthachtáil ghairmiúil mar gheall ar bhrúnna teaghlaigh agus brúnna eile;

AF.

de bhrí go bhfuil tionchar faoi leith ag bochtaineacht ar mhná a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe; de bhrí go bhfuil go leor ban a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nach bhfuil cláraithe fiú ar mhargadh an tsaothair nó mar mhná dífhostaithe; de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na mban i gceantair thuaithe an-ard, agus go bhfuil ioncam an-íseal ag na mná siúd atá fostaithe; de bhrí go bhfuil rochtain theoranta ag mná i gceantair thuaithe ar oideachas;

AG.

de bhrí go gcruthódh cur chuige comhchoiteann AE i leith na hearnála cúraim, chomh maith le beartais na mBallstát, breisluach suntasach; de bhrí go nglacann mná obair chúraim gan phá níos minice ná mar a ghlacann fir, agus dá bhrí sin tá cúram a thabhairt do leanaí nó do chleithiúnaithe ar cheann de na cúiseanna is coitianta le mná a gcuid uaireanta oibre a laghdú nó tarraingt siar ón margadh saothair; de bhrí go gcuireann mná a ngairmeacha beatha ar fionraí go rialta nó go nglacann siad le fostaíocht ghearrthéarmach, pháirtaimseartha, fhorbhásach nó fiú neamhfhoirmiúil ar féidir a oiriúnú do sceideal cúraim, rud a chuireann isteach ar a dtuilleamh agus ar a ranníocaí pinsin agus a mbíonn tionchar aige dá réir ar a neamhspleáchas eacnamaíoch sa tseanaois; de bhrí go bhfuil rochtain uilíoch ar chúram sláinte ardchaighdeáin agus ar sheirbhísí sóisialta agus ar shaoráidí ar phraghsanna réasúnta, amhail cúram agus oideachas na luath-óige nó cúram do chleithiúnaithe eile, ní hamháin ríthábhachtach chun bochtaineacht mhéadaithe a sheachaint, go háirithe do mhná, ach tá sé ríthábhachtach freisin do gheilleagar a fhreastalaíonn ar leas an phobail; de bhrí, dá bhrí sin, go mbíonn tionchar dearfach ag infheistíocht sna seirbhísí sin ar neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair; de bhrí go bhfuil bearta cosanta sóisialta fíorthábhachtach chun dul i ngleic le bochtaineacht ban, ní hamháin go heacnamaíoch ach freisin ina iltoiseacht;

AH.

de bhrí go méadaíonn an bhochtaineacht tionchair an fhoréigin inscne ar mhná de réir mar a fhágann deacrachtaí eacnamaíocha méadaithe é do mhná i gcaidrimh mhí-úsáideacha a gcomhpháirtí a fhágáil; de bhrí gur fadhb struchtúrach é an foréigean inscne atá le fáil i ngach grúpa socheacnamaíoch agus atá neamhspleách ar bhunús nó ar chreideamh; de bhrí go gcuireann bochtaineacht mná i mbaol níos mó ó thaobh gáinneála agus dúshaothraithe gnéasaigh de toisc go mbíonn siad féin agus a dteaghlaigh ag brath go heacnamaíoch ar a lucht mí-úsáide; de bhrí go gcuireann foréigean inscne le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta freisin toisc go mbíonn iarmhairtí ag an bhforéigean ar shláinte agus go gcailltear post agus easpa dídine dá bharr;

AI.

de bhrí go mbíonn tionchar bacach ag ciapadh san ionad oibre, lena n-áirítear ciapadh gnéasach agus síceolaíochta, ar mná iad de ghnáth ina n-íospartaigh, ar mhná, lena n-áirítear neamhláithreacht mhéadaithe, táirgiúlacht laghdaithe agus dá bharr sin caillteanas ioncaim agus cuidíonn sé iad a thiomáint amach as an margadh saothair, a bíonn tionchar diúltach aige ar ghairm bheatha agus ar neamhspleáchas eacnamaíoch an duine; de bhrí gur féidir an t-íospartach a dhífhostú nó a leithlisiú a bheith mar thoradh ar chiapadh a thuairisciú san ionad oibre;

AJ.

de bhrí go meastar nach bhfuil 1 as gach 10 gcailín in acmhainn táirgí sláintíochta a cheannach; de bhrí, ina rún an 15 Eanáir 2019 maidir le comhionannas inscne agus beartais cánachais san AE, d’iarr an Pharlaimint ar na Ballstáit go léir deireadh a chur leis an gcáin cúraim agus tampóin mar a thugtar air trí leas a bhaint as an tsolúbthacht a tugadh isteach sa Treoir CBL agus trí dhíolúintí cánach a chur i bhfeidhm. nó 0 % rátaí CBL ar na bunearraí riachtanacha seo;

AK.

de bhrí go bhfuil méadú breise tagtha ar an mbochtaineacht mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe i measc na mban, toisc go gcuireann sí iallach ar mhná agus ar leanaí na hÚcráine teitheadh go tíortha comharsanachta agus mar gheall ar an ardú atá ag teacht ar phraghsanna na seirbhísí agus na n-earraí bunúsacha atá ag gach Eorpach, ach a dhéanann difear go háirithe dóibh siúd a bhfuil níos lú acmhainní acu cheana féin;

1.

á chur i bhfios go bhfuil, de réir Eurostat, 64,6 milliún bean agus 57,6 milliún fear faoi láthair ann atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht sna Ballstáit, lena léirítear nach ionann an tionchar atá ag an mbochtaineacht ar mhná agus atá aici ar fhir; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach Eorpach 2030 a fhorbairt i gcoinne na bochtaineachta, ina mbeadh spriocanna nithiúla chun an bhochtaineacht a laghdú agus béim ar dheireadh a chur le bochtaineacht na mban agus ar thimthriall na rioscaí bochtaineachta ó ghlúin go glúin a bhriseadh;

2.

á chur i bfhios go láidir gur gá freisin anailís a dhéanamh ar bhochtaineacht na mban ó chur chuige trasnach, lena n-áirítear anailís inscne-íogair lena gcuirtear san áireamh foirmeacha trasnaithe idirdhealaithe ar fhorais tréithe amhail cúlra socheacnamaíoch, bunús imirceach agus eitneach, aois, claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne agus léiriú inscne; á iarraidh go ndéanfaí Innéacs Chomhionannais Inscne EIGE a ionchorprú sa scórchlár sóisialta; á iarraidh ar EIGE sonraí a sholáthar atá dí-chomhiomlánaithe go trasnach agus de réir inscne, agus á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann go sonrach le tír ar bhealach níos fearr agus chun pleananna téarnaimh náisiúnta a fhorbairt, mar aon le sineirgí a fheabhsú i measc pacáistí, cistí agus beartais éagsúla;

3.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá beartais lena gcuirtear san áireamh an dúshlán déimeagrafach agus lena gcuirtear chun cinn comhdheiseanna do chách, go háirithe iad siúd is mó atá buailte ag an ngéarchéim, amhail grúpaí leochaileacha, teaghlaigh de gach cineál, an t-aos óg agus daoine scothaosta, agus lena áirithiú gur cheart díriú ar mhná leis na deiseanna gnó uile a chuirtear ar fáil leis an réabhlóid theicneolaíoch agus dhigiteach atá ann faoi láthair;

4.

á iarraidh ar na Ballstáit obair chomhchosúil agus rialta a dhéanamh ar shonraí dí-chomhiomlánaithe a bhailiú agus a anailísiú nuair a bheidh a mbeartais agus a gcleachtais á gceapadh nó á measúnú acu d’fhonn faisnéis agus figiúirí a bhailiú maidir le staid na mban i ndálaí forbásacha sonracha, amhail mná atá ag fulaingt ó neamhchinnteacht fuinnimh, an deighilt dhigiteach, galair cheirde, tearc-chothú agus míchothú;

5.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na neamhionannais atá roimh mhná, ag dul i ngleic lena bpríomhchodanna, agus dá bhrí sin le bacainní sa mhargadh saothair, chomh maith le rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin inacmhainne amhail cúram leanaí agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus rochtain ar scéimeanna pinsin phoiblí do dhaoine féinfhostaithe, do dhaoine neamhghníomhacha, do dhaoine dífhostaithe (go gearrthéarmach nó go fadtéarmach), nó dóibh siúd atá i bhfostaíocht “neamhthipiciúla” a chur chun cinn;

6.

á thabhairt dá haire go leanann an bhochtaineacht a thomhas de réir ioncam carntha teaghlaigh, a ghlacann leis go dtuilleann gach ball den teaghlach an méid céanna agus go ndáileann siad acmhainní go cothrom; á iarraidh ar chearta aonair agus ar ríomhaireachtaí atá bunaithe ar ioncam aonair chun fíor-mhéid bochtaineachta na mban a chomhrac;

7.

á iarraidh ar iltoiseachacht agus bochtaineacht á tomhas, lena n-áirítear bochtaineacht ama; á iarraidh ar Eurostat dearadh inscne-íogair an tSuirbhé Eorpaigh ar Úsáid Ama a chomhordú leis na Ballstáit agus cé chomh rialta ba cheart é a dhéanamh;

8.

á chur in iúl gur geal léi fógra an Choimisiúin maidir le “straitéis chúraim Eorpach”, ach á iarraidh air dul níos faide ná bearta san earnáil chúraim agus trasdul a áirithiú i dtreo geilleagair chomhbhách a ghlacann cur chuige iomlánaíoch, inscne-fhreagrúil agus feadh an tsaoil i leith cúraim, lena n-áirítear bearta chun inbhuanaitheacht éiceolaíoch, dálaí córa oibre agus pá leordhóthanach a chur chun cinn chun tarraingteacht na hoibre san earnáil chúraim a choinneáil, deireadh a chur le hidirdhealú, dul i ngleic le bochtaineacht, foréigean agus mí-úsáid, caighdeáin íosta agus treoirlínte cáilíochta leordhóthanacha a leagan síos le haghaidh cúraim ar feadh shaolré duine agus tacaíocht a sholáthar do chúramóirí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, cúramóirí neamhíoctha agus na daoine dá dtugann siad aire; á iarraidh ar na Ballstáit dreasachtaí a chruthú d’fhostóirí chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn;

9.

á thabhairt dá haire gur mhéadaigh na Ballstáit uile na pacáistí cúraim le linn na paindéime agus gur thug siad isteach forálacha speisialta do theaghlaigh aontuismitheora; ag tathant ar na Ballstáit na forálacha sin a shíneadh le linn na tréimhse téarnaimh;

10.

cinnte de nach bhfuil feidhm a thuilleadh sa lá atá inniu ann ag an bprionsabal “gurb í an obair an leigheas is fearr ar an mbochtaineacht” i bhfianaise earnálacha lena ngabhann pá íseal, dálaí oibre neamhghnácha agus neamhchinnte agus bhaint as a chéile na gcóras slándála sóisialta agus go bhfuil gá le oomhaontuithe comhchoiteanna éifeachtacha agus le córais íosphá chun sochaí atá saor ón mbochtaineacht a chinntiú.

11.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint airgeadais leordhóthanach a ráthú, ní hamháin do dhaoine a bhfuil fostaíocht ar feadh an tsaoil acu, ach freisin dóibh siúd a sholáthraíonn obair chúraim gan phá do chleithiúnaithe agus do sheirbhísí cúraim teaghlaigh agus oideachais, dóibh siúd atá i bhfostaíocht fhorbhásach agus dóibh siúd a mbíonn tréimhsí fada dífhostaíochta acu;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a chur chun cinn chun fostaíocht fhorbhásach agus obair pháirtaimseartha neamhdheonach a dhíothú chun staid na mban i margadh an tsaothair a fheabhsú;

13.

ag cur i bhfáth ról lárnach na mban a bhíonn ag obair sna hearnálacha sóisialta, cúraim, glantacháin, oideachais, sláinte agus miondíola a choinníonn ár sochaithe ag feidhmiú, mar atá léirithe ag géarchéim COVID-19; á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú agus athluacháil ar obair atá faoi cheannas na mban go hiondúil agus go ndéanfaí uirlisí meastóireachta poist trasearnála atá neodrach ó thaobh inscne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar obair atá faoi cheannas na mban agus luach saothair níos cothroime a dhéanamh uirthi agus chun pá comhionann as obair chomhionann agus as obair ar comhionann a luach a áirithiú agus ag an am céanna fiontraíocht na mban i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide a neartú;

14.

á thabhairt dá haire gur mná iad formhór mór na n-oibrithe miondíola agus na nglantóirí agus gur minic nach n-íoctar leo ach an t-íosphá, agus go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis iad a chur i mbaol bochtaineachta níos mó fós; ag cur béim ar an ngá práinneach le pá a fheabhsú agus fostaíocht fhorbhásach a chomhrac; ag tathant ar na Ballstáit stádas gairmithe sláinte a ardú trí bhíthin pá réasúnta agus dálaí oibre cuí agus, go háirithe, trí chonarthaí fostaíochta cuí a thabhairt i gcrích;

15.

á thabhairt chun suntais gur gá, chun dul i ngleic le hiltoiseach bochtaineachta na mban, an deighilt idir obair tí gan phá agus freagrachtaí cúraim, a chomhlíonann mná den chuid is mó, a shárú agus an comhrac i gcoinne steiréitíopaí a neartú chun bearta um chothromaíocht oibre is saoil na seirbhíse cúraim agus socruithe oibre a thacaíonn le teaghlaigh a atreisiú, amhail uaireanta oibre inoiriúnaithe agus an fhéidearthacht teilea-oibre chun an tsamhail “comh-sholáthraí – comhchúramóir” (beartas um úsáid ama) (24) a chur chun cinn, ionas go mbeidh mná agus fir in ann a saol gairmiúil a thabhairt le chéile níos fearr lena saol príobháideach; ag tathant ar na Ballstáit an Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil a thrasuí go hiomlán agus a chur chun feidhme chun deighilt chothrom na hoibre agus saol an teaghlaigh a áirithiú, agus á iarraidh orthu dul níos faide ná íoschaighdeáin na Treorach; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseana bhochtaineacht lucht oibre mar shampla trí oideachas agus oiliúint a chur chun cinn, íosphá a bhunú agus cosaint shóisialta a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áiteamh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus oiliúint cháilíochtúil agus tacú leo é sin a dhéanamh, dea-chleachtais a roinnt agus aird ar leith a thabhairt ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil mná comhchruinnithe go díréireach, agus go minic go neamhdheonach, ar obair fhorbhásach, lena n-áirítear leibhéil arda d’obair pháirtaimseartha agus conarthaí ar phá íseal, ar théarma seasta agus ar théarmaí nialasacha; ag tathant ar na Ballstáit moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chur chun feidhme a bheartaítear chun scála na hoibre fhorbhásach a laghdú, amhail srian a chur ar na himthosca inar féidir conarthaí fhorbhásacha a úsáid agus teorainn a chur le fad na tréimhse ama is féidir oibrithe a fhostú ar chonarthaí den sórt sin;

17.

á iarraidh ar na Ballstáit beartais ghníomhacha agus éifeachtacha a chur chun feidhme chun ciapadh san ionad oibre a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear ciapadh gnéasach agus síceolaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí cistiúcháin cuí agus leordhóthanacha a áirithiú do chláir agus do ghníomhaíochtaí chun ciapadh san ionad oibre a chomhrac, lena n-áirítear sásraí chun tacú le mná cásanna ciapadh a thuairisciú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Aontas Eorpach Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 190 maidir le deireadh a chur le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre;

18.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feasacht faoi iarmhairtí roghanna na mban sa mhargadh saothair a mhéadú agus a thábhachtaí atá a neamhspleáchas eacnamaíoch chun iad a chosaint ar bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta;

19.

á chur in iúl go bhfuil imní air go ndéantar idirdhealú ar mhná a bhfuil leanaí acu san ionad oibre toisc gur máithreacha iad agus ní toisc go bhfuil a bhfeidhmíocht poist níos lú ná feidhmíocht a bpiaraí; ag tathant ar na Ballstáit íomhá dhearfach de mháithreacha mar fhostaithe a chur chun cinn go gníomhach;

20.

á chur i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán chun bochtaineacht na mban a chomhrac, go háirithe seirbhísí d’oideachas agus cúram na luath-óige, nó cúram do chleithiúnaithe eile amhail daoine scothaosta; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí iomchuí a bhunú chun an éacht saoil seo a aithint;

21.

á chur i bhfáth go mbíonn tionchar mór freisin ag an athrú aeráide ar bhochtaineacht na mban mar go mbíonn mná ag brath níos mó ar acmhainní nádúrtha agus, ós rud é gurb iad tromlach na ndaoine bochta in AE, go bhfuil níos lú acmhainní acu chun iad féin a chosaint ar éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide; is oth léi nár tugadh isteach dearcadh inscne go comhsheasmhach i mbeartais aeráide an AE; á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne a phríomhshruthú i mbeartais agus i reachtaíocht AE maidir le hathrú aeráide; den tuairim gur cheart an pacáiste Fit for 55 agus an ciste um aeráid shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme le gné shoiléir inscne agus go rachadh siad chun tairbhe na mban mar a rachadh siad chun tairbhe na bhfear;

22.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit mná atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh a chosaint trí fhreagairt thráthúil agus chomhordaithe a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar thionchar fadtéarmach na géarchéime fuinnimh; á thabhairt chun suntais nach mór rochtain ar fhóntais inacmhainne a ráthú do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus go háirithe do mhná scothaosta agus do mháithreacha singile;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhionannas inscne a phríomhshruthú i ngach beartas, clár agus gníomhaíocht agus beartais um chothromaíocht oibre is saoil níos fearr agus bearta leordhóthanacha a bhunú chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a ráthú, amhail saoire mháithreachais níos fearr, tréimhsí saoire atharthachta i bhfad níos faide, saoire thuismitheora íoctha agus neamh-inaistrithe, uaireanta oibre solúbtha, saoráidí cúraim leanaí ar an láthair, seirbhísí cúraim agus beartais chianoibre; á chur i bhfáth ar a thábhachtaí atá príomhshruthú inscne agus an fhreagairt bheartais eacnamaíoch ar an bpaindéim COVID-19 a oiriúnú do shainriachtanais na mban agus do struchtúr a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhionannas inscne a phríomhshruthú isteach i ngach reachtaíocht, beartas, clár agus gníomh a bhaineann le hiompar agus dearcadh inscne a áireamh i ndearadh na soghluaisteachta, na tithíochta inacmhainne agus na pleanála uirbí;

25.

á thabhairt chun suntais nár cheart easpa dídine i measc na mban a mheas faoina luach agus míthuiscint uirthi mar mhionfhadhb shóisialta san AE; á thabhairt chun suntais an easpa sonraí imdhealaithe cuimsitheacha ar nádúr agus méid na mban gan dídean, rud a fhágann nach bhfuil an fhadhb seo chomh feiceálach; ag tathant ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit dearcadh inscne a chomhtháthú i mbeartais agus i gcleachtais a thugann aghaidh ar an easpa dídine agus ar an easpa rochtana ar thithíocht inacmhainne agus leordhóthanach agus ar fhuinneamh, agus straitéisí sonracha a fhorbairt a bheidh dírithe ar na fadhbanna sin a dhíothú faoi 2030, agus ag an am céanna a áirithiú go n-oibríonn seirbhísí go cuí agus go héifeachtach chun freastal ar riachtanais na mban gan dídean; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go n-aithneofaí foréigean inscne mar cheann de na bunchúiseanna a mhéadaíonn an baol easpa dídine i measc na mban, agus ag cur béim ar an ngá atá le breathnú ar an gcaoi a dtrasnaíonn riachtanais na mban bacainní socheacnamaíocha agus struchtúracha níos leithne; á iarraidh ar na gníomhaithe uile dearcadh inscne a chomhtháthú leis an Ardán Eorpach um Easpa Dídine a Chomhrac; lánchinnte gur féidir leis an bprionsabal “tithíocht ar dtús” ról tábhachtach a bheith aige chun an easpa dídine a chomhrac agus á iarraidh go gcuirfí na tionscadail sin i bhfeidhm i ngach Ballstát;

26.

á tabhairt dá haire gur mhéadaigh an staid shóisialta agus eacnamaíoch atá ag dul in olcas de bharr na paindéime COVID-19 gach cineál mí-úsáide agus foréigin i leith na mban, chomh maith le striapachas, de shárú ar a gcearta daonna; á chur i bhfios go láidirr an gá atá le hacmhainní poiblí, airgeadais agus daonna a mhéadú chun tacú le grúpaí atá i mbaol na bochtaineachta agus chun dul i ngleic le staideanna lena gcuirtear leanaí agus daoine óga, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean i mbaol;

27.

á thabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag neamhspleáchas eacnamaíoch na mban ina gcumas éalú ó staideanna foréigin inscne; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí bearta tacaíochta agus cosanta ar fáil chun tacú le mná sna staideanna sin, go nglacfar treoir chuimsitheach maidir le gach cineál foréigin inscne a chosc agus a chomhrac, foréigean inscne-bhunaithe a chur ar liosta coireanna AE, daingniú an Aontais Eorpaigh ar Choinbhinsiún Iostanbúl agus a dhaingniú ag an mBulgáir, ag an tSeicia, ag an Ungáir, ag an Laitvia, ag an Liotuáin agus ag an tSlóvaic; á chur i bhfáth go bhfuil saol saor ó fhoréigean bunúsach má tá mná le bheith rannpháirteach i margadh an tsaothair, chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais de; á cháineadh dífhaisnéis d’aon ghnó faoi uirlisí agus tionscnaimh chun foréigean inscne a chomhrac in AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an dífhaisnéis seo ag dul i bhfeidhm ar an Eoraip agus dá bhrí sin go bhfuil sé níos deacra fós mná a chosaint ar fhoréigean;

28.

á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic le cleachtais dhochracha amhail ciorrú ball giniúna ban, pósadh luath agus éigeantais agus “foréigean onóra”, a ghortaíonn agus a chuireann srian sonrach ar mhná agus ar chailíní óga;

29.

á mheas gur cineál tromchúiseach d’fhoréigean iad striapachas agus dúshaothrú a dhéanann difear do mhná agus leanaí go príomha; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht shonrach a ghlacadh chun cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha an striapachais a chomhrac ionas nach mbeidh mná i staid na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta thíos le dúshaothrú den sórt sin; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht shonrach a dhéanamh chun cabhrú le striapaigh lena n-athimeascadh sóisialta agus gairmiúil;

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún bearta réamhghníomhacha a mholadh trí chistí sóisialta na hEorpa agus trí chiste Eorpaigh talmhaíochta um fhorbairt tuaithe chun fostaíocht ban, éascú rochtana ar sheirbhísí sóisialta agus forbairt shocheacnamaíoch i limistéir thuaithe a chur chun cinn; spreagann sí na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, an riosca bochtaineachta i measc na mban i gceantair thuaithe a laghdú trína chumhachtú agus trí fheabhas a chur ar a gcáilíocht beatha trí chláir oideachais ardchaighdeáin agus dálaí fostaíochta cáilíochta a sholáthar, lena n-áirítear teilea-oibriú agus ioncam réasúnta; á iarraidh ar ghníomhaíocht dhearfach lena spreagtar feirmeoirí baineannaa go háirithe chun fanacht i gceantair thuaithe, lena n-áirítear ionaid phobail a chur chun cinn ar féidir leo comhairle theicniúil agus cúnamh a sholáthar chun feirmeacha a choinneáil ag feidhmiú agus chun cabhrú leo maireachtáil agus daoine óga a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh sa talmhaíocht agus i mbeostoc chun a marthanacht fadtéarmach a chinntiú;

31.

ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag gach ciste agus clár Eorpach sa réimse sóisialta, go háirithe agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe, an Ciste Trasdula Cóir, an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht; á thabhairt chun suntais gur cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, trí CSE+, tionchair shocheacnamaíocha na géarchéime a mhaolú, go háirithe ar mhná, chun líon na mban san fhostaíocht a mhéadú agus chun a saol oibre agus a saol pearsanta a réiteach, chun cur i gcoinne na bochtaineachta agus a gné inscne, fheiminiú na bochtaineachta agus an idirdhealaithe idir fir agus mná i margadh an tsaothair agus san oideachas agus san oiliúint, chun tacú leis na daoine is leochailí agus bochtaineacht leanaí a chomhrac; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as na cistí sin;

32.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart dlús a chur leis na hiarrachtaí náisiúnta chun cuimsiú na Romach a áirithiú i ngach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún cuimsiú a chur chun cinn agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht na gcailíní agus na mban Romach ar gach leibhéal a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais; á thabhairt i bhfios gur cheart go gcuirfí comhionannas idir fir agus mná san áireamh leis an méid sin agus go ndíreofaí ar dhea-chleachtais na mBallstát a ardú go dtí leibhéal an Aontais;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur le cúnamh airgeadais AE le cláir staidéir agus le tionscadail a thugann an deis do chailíní agus do mhná cumasacha Romacha oideachas leanúnach a úsáid chun iad féin a shaoradh ón mbochtaineacht ó ghlúin go glúin, a lánpháirtiú sóisialta a chur chun cinn agus a gcuid eolais a fhorbairt, d’fhonn staid na Romach a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit an leibhéal tacaíochta a bheadh de dhíth orthu a léiriú chun na bearta atá molta a chur chun feidhme chun an daonra Romach a lánpháirtiú;

34.

á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar mór ag méadú ar bhochtaineacht na mban ar an tsochaí i gcoitinne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin tionchar a bheidh aige seo ar bhochtaineacht leanaí; á chur in iúl gur geal di, ina leith sin, glacadh Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí;

35.

á thabhairt chun suntais rannchuidiú tábhachtach na mban i réimsí na fostaíochta, an chultúir, an oideachais, na heolaíochta agus an taighde; á aithint an mórmheathlú ar dhálaí maireachtála na mban atá fostaithe sna healaíona agus sa chultúr, agus i micreaghnóthais agus i ngnólachtaí beaga talmhaíochta agus tuaithe de bharr gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus cultúrtha a chur ar fionraí le linn na tréimhse paindéime;

36.

á iarraidh go ndéanfaí cur chuige inscne-íogair maidir leis an aistriú digiteach; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as cláir agus cistiú atá ann cheana féin agus maoiniú breise a chur ar fáil nuair is gá chun bochtaineacht dhigiteach na mban a chomhrac chun na scileanna riachtanacha a thabhairt do mhná ionas gur féidir leo oibriú go sábháilte sa timpeallacht dhigiteach, agus chun a litearthacht dhigiteach a fheabhsú;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar bhacainní ar fhiontraíocht na mban agus go háirithe anailís chuimsitheach a dhéanamh ar rochtain na mban ar airgeadas, ag cabhrú le deireadh a chur le bochtaineacht ban san Aontas Eorpach trí chumhacht a thabhairt do mhná bheith ina bhfiontraithe agus ina mbunaitheoirí do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a chuidíonn leis an dá aistriú; á thabhairt dá haire go gcruthaítear poist, go neartaítear leis an margadh aonair agus go laghdaítear an dífhostaíocht le fiontraíocht na mban; á thabhairt dá haire go gcuireann ualach maorlathach laghdaithe ar fhiontraithe deireadh le bacainní chun a chinntiú gur féidir le níos mó ban gnó a thosú; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le heolas faoin bhfiontraíocht agus le taithí phraiticiúil i scoileanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cumhachtú na mban a chur chun cinn trí oideachas, trí ghairmoiliúint agus trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfar ábhair ETIM, an intleacht shaorga dhigiteach agus an t-inniúlacht airgeadais a chur chun cinn tuilleadh chun steiréitíopaí atá ann faoi láthair a chomhrac agus chun a áirithiú go rachaidh tuilleadh ban isteach sna hearnálacha sin chun rannchuidiú lena bhforbairt;

38.

á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtéann gach beartas fioscach nua, lena n-áirítear cánachas a bhfuil gné shoiléir inscne ag baint leis, i ngleic le neamhionannais socheacnamaíocha agus inscne i ngach gné díobh agus go gcuirfear deireadh leo (25); á iarraidh ar na Ballstáit idirdhealú idir fir agus mná ina mbeartais chánach a sheachaint agus deireadh a chur le CBL ar earraí sláintíochta na mban, rud a chuireann dínit na mban ar ioncam íseal i gcontúirt go díréireach, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach bean ar na táirgí riachtanacha sin;

39.

á iarraidh ar na Ballstáit gné na hinscne a chur san áireamh agus córais pinsean á n-athchóiriú agus an aois scoir á n-oiriúnú agus na difríochtaí idir patrúin oibre na mban agus patrúin oibre na bhfear a mheas, lena n-áirítear na cleachtais fostaíochta neamhíoctha go léir, agus an riosca níos airde idirdhealaithe ar mhná sa mhargadh saothair, go háirithe mná scothaosta, á cur san áireamh; ag tathant ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun baol na bochtaineachta do mhná scothaosta agus do mhná ar scor a chosc agus a chomhrac i bhfianaise aosú an daonra agus chion na mban scothaosta i staideanna faoi mhíbhuntáiste nó leochaileacha; á iarraidh ar na Ballstáit cúiteamh as obair chúraim neamhíoctha a áireamh ina gcórais pinsin, mar shampla trí chreidmheasanna cúraim nó trí bhearta eile a chuirtear le pinsean an chúramóra, is cuma má chuirtear an cúram ar fáil do mhionaoisigh, do dhaoine scothaosta nó do dhaoine breoite nó do dhaoine faoi mhíchumas, agus ag an am céanna fir a spreagadh le bheith ina gcúramóirí;

40.

á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó aon mholadh beartais a chur chun cinn as a dtiocfadh méadú ar chaidreamh oibre fhorbhásacha, dírialú uaireanta oibre, laghdú ar thuarastail, ionsaí ar chómhargáil nó príobháidiú seirbhísí poiblí agus slándála sóisialta;

41.

á chur in iúl gur geal léi an chaibidlíocht atá ar siúl maidir le glacadh treorach i ndáil le híosphá leordhóthanach san Aontas Eorpach; á iarraidh ar institiúidí an AE creat AE a ghlacadh ar mhaithe le híosphá a bhunú nó a oiriúnú in aghaidh na tíre bunaithe inter alia ar chiseán náisiúnta earraí agus seirbhísí ar fhíorphraghsanna, lena n-áirítear, i measc rudaí eile, tithíocht leordhóthanach, bia sláintiúil agus cothrom, éadaí, iompar inbhuanaithe agus fuinneamh, sláinte agus cúram agus acmhainní a chuirfeadh ar chumas daoine páirt bhríoch a ghlacadh sa tsochaí, sa chultúr agus san oideachas, rud a áiritheodh caighdeán maireachtála réasúnta a chuideodh go páirteach le bochtaineacht an lucht oibre a laghdú, go háirithe do mhná; á iarraidh go mbeadh íosphá atá cothrom agus leordhóthanach sna Ballstáit mar chosaint riachtanach chun dáileadh pá níos cothroime a áirithiú agus chun bunleibhéal pá a ráthú lena gcosnófar mná agus fir i margadh an tsaothair; den tuairim nach mór cruthú creata pá íosta a bhaint amach agus a chaomhnú trí rialacha soiléire, nósanna imeachta trédhearcacha agus cleachtais éifeachtacha, ag baint úsáide as critéir agus táscairí treorach chun leordhóthanacht a mheasúnú agus le rannchuidiú comhlachtaí comhairliúcháin, i measc nithe eile, agus rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta;

42.

á iarraidh ar na Ballstáit a bheith uaillmhianach agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus an Treoir um Thrédhearcacht i leith Pá á gcur chun feidhme acu, chomh maith leis an Treoir a bheidh ann amach anseo maidir le hÍosphá agus an Moladh maidir le hIoncam Íosta;

43.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil príomhshruthú inscne, ar an iomlán, curtha i bhfeidhm fós ar fud bhuiséad AE, mar a léirigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus á iarraidh go ndéanfaí an staid sin a aisiompú mar ábhar práinne; á chur bhfios go láidir nach mór príomhshruthú inscne a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den timthriall beartais agus nach mór é a bheith bunaithe ar shonraí iontaofa; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé buiséadú inscne-fhreagrúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear i ngach clár i mbuiséad 2022, chun comhionannas inscne a bhaint amach agus deireadh a chur le bochtaineacht na mban; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs seo, dlús a chur le modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach a thabhairt isteach agus comhoibriú go dlúth leis an bParlaimint chun caiteachas ábhartha inscne a thomhas, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (26), d’fhonn a bheith in ann torthaí inláimhsithe a thaispeáint do bhuiséad 2022 agus d’fhonn an mhodheolaíocht a leathnú chuig gach clár réime airgeadais ilbhliantúil;

44.

á chur in iúl go n-éilítear le hacmhainn fhioscach AE go ndéanfaí athbhreithniú féideartha ar an rialachas eacnamaíoch agus sóisialta reatha chun éagothroime agus bochtaineacht na mban a laghdú agus chun comhionannas inscne a bhaint amach; á iarraidh go mbeadh rialachas eacnamaíoch agus sóisialta comhsheasmhach le cuspóirí comhionannais inscne a bhaint amach agus deireadh a chur le bochtaineacht na mban;

45.

á iarraidh ar an gComhairle foirmíocht thiomnaithe a bhunú don chomhionannas inscne chun bearta comhchoiteanna agus nithiúla a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na dúshláin i réimse chearta na mban agus an chomhionannais inscne, agus chun a áirithiú go ndéanfar saincheisteanna comhionannais inscne a phlé ar an leibhéal polaitiúil is airde;

46.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit anailís a dhéanamh ar an tionchar neamhchothrom inscne a bhíonn ag an mboilsciú agus ag an laghdú ar phraghsanna fuinnimh a spreagtar i gcomhthéacs chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an méid sin a chur san áireamh agus bearta á gcur chun feidhme chun a tionchar ar na daoine is boichte a mhaolú;

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.

(2)  IO L 204, 26.7.2006, lch. 23.

(3)  IO L 188, 12.7.2019, lch. 79.

(4)  IO C 233 E, 28.9.2006, lch. 130.

(5)  IO C 199 E, 7.7.2012, lch. 77.

(6)  IO C 51 E, 22.2.2013, lch. 56.

(7)  IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.

(8)  IO C 298, 23.8.2018, lch. 14.

(9)  IO C 331, 18.9.2018, lch. 60.

(10)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 6.

(11)  IO C 363, 28.10.2020, lch. 80.

(12)  IO C 411, 27.11.2020, lch. 38.

(13)  IO C 331, 17.8.2021, lch. 5.

(14)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.

(15)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 122.

(16)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 62.

(17)  IO C 58, 15.2.2018, lch. 192.

(18)  Leathanach gréasáin Eurostat dar teideal “Coinníollacha maireachtála san Eoraip – bochtaineacht agus eisiamh sóisialta”, a rinneadh rochtain air an 30 Bealtaine 2022. Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title= Living_conditions_in_Europe_-_poverty_and_social_exclusion&oldid=544210

(19)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, “Innéacs um Chomhionannas Inscne 2020: An digitiú agus todhchaí na hoibre”, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.

(20)  Leathanach gréasáin Eurostat dar teideal “Staidreamh maidir leis an mbearna phá idir na hinscní”, a rinneadh rochtain air an 30 Bealtaine 2022. Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Gender_pay_ gap_statistics

(21)  “Staidreamh maidir leis an mbearna phá idir na hinscní”.

(22)  https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/7341d588-ddd8-11ea-adf7-01aa75ed71a1/language-en

(23)  Alt Eurostat an 3 Feabhra 2021 dar teideal “An bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh?”,

(24)  Bunachar Sonraí EIGE um Staidreamh Inscne, a rinneadh rochtain air an 30 Bealtaine 2022 Ar fáil ag: https://eige.europa.eu/gender-statistics/dgs/browse/ta/ta_timeuse

(25)  Tuarascáil ó Roinn Beartais na Parlaiminte um Chearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla de mhí Aibreáin 2017 dar teideal “Comhionannas idir fir agus mná agus an cánachas san Aontas Eorpach”.

(26)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.