27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/55


P9_TA(2022)0267

Todhchaí an chaidrimh trádála idir AE agus an Afraic

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an chaidrimh trádála idir AE agus an Afraic (2021/2178(INI))

(2023/C 32/09)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

ag féachaint do Chomhaontú Pháras,

Ag féachaint don ráiteas comhpháirteach tar éis an Séú Cruinniú Mullaigh den Aontas Eorpach – Aontas Afracach (AA), an 17-18 Feabhra 2022 dar teideal “Fís Chomhpháirteach do 2030”,

ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 9 Márta 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic](JOIN(2020)0004),

ag féachaint dá rún an 25 Márta 2021 dar teideal “Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach” (1),

ag féachaint do “Clár Oibre 2063 AA: An Afraic atá uainn”,

ag féachaint do na tionscnaimh AA a lainseáladh chun Clár Oibre 2063 a bhaint amach, lena n-áirítear Accelerated Industrial Development for Africa, Programme for Infrastructure Development for Africa, Boosting Intra-African Trade agus Africa Mining Vision,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile,

ag féachaint do theachtaireacht an 18 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM(2021)0066),

ag féachaint do na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE), a tugadh i gcrích agus atá faoi chaibidil, idir AE agus 14 thír agus réigiún san Afraic Fho-Shahárach, agus comhaontuithe saorthrádála eile AE le tíortha i dtuaisceart na hAfraice,

ag féachaint do chinneadh Chomhthionól Cheann Stáit agus Rialtas AA an 2 Iúil 2018 maidir leis an Limistéar Saorthrádála Mór-roinne (AfCFTA) (2),

ag féachaint do Chinneadh Kigali Chomhthionól Cheann Stáit agus Rialtas AA mhí Iúil 2016 maidir le toradh chúlú Chomhthionól an Aontais Afracaigh, go háirithe mír 5 maidir le maoiniú an Aontais (3),

ag féachaint do theachtaireacht an 12 Meán Fómhair 2018 ón gCoimisiún dar teideal A new Africa-Europe Alliance for Sustainable Investment and Jobs: Taking our partnership for investment and jobs to the next level (COM(2018)0643) [Comhghuaillíocht nua idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe: ár gcomhpháirtíocht le haghaidh infheistíochta agus post a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile],

ag féachaint do rún an 13 Márta 2018 uaithi maidir le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála AE (4),

ag féachaint do Ráiteas an 25 Meán Fómhair 2020 ó Airí Airgeadais G7 maidir le Tionscnamh chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí agus maidir le faoiseamh fiachais do Thíortha Leochaileacha,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 1 Nollaig 2021 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Tairseach Dhomhanda (JOIN(2021)0030),

ag féachaint do thogra an 14 Iúil 2021 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha (COM(2021)0564),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 25 Samhain 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action, [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 9 Feabhra 2021 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Renewed partnership with the Southern Neighbourhood: A new Agenda for the Mediterranean [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt: Clár Oibre nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002) agus don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach a ghabhann léi (SWD(2021)0023),

ag féachaint do rún an 10 Márta 2022 uaithi i ndáil le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (5),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (6) agus do na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonaí gaolmhara idir AE agus tíortha comhpháirtíochta,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin (COM(2021)0706),

ag féachaint do rún an 10 Márta 2021 uaithi lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach (7),

ag féachaint do Phróiseas Kimberley agus do rún an 16 Nollaig 2021 uaithi maidir le Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme (8),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (9),

ag féachaint do thogra an 22 Meán Fómhair 2021 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim ghinearálaithe um fhabhair tharaife (COM(2021)0579),

ag féachaint do rún an 10 Feabhra 2021 uaithi maidir leis an bPlean Nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (10),

ag féachaint do rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 uaithi maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (11),

ag féachaint do rún an 25 Samhain 2021 uaithi le moltaí don Choimisiún maidir le beartas agus dlí na himirce dleathaí (12),

ag féachaint do dhearbhú an 15 Feabhra 2022 ó Fhóram Rialtais Áitiúla agus Réigiúnacha na hAfraice-na hEorpa,

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach an 14 Feabhra 2022 ó eagraíochtaí gnó Sheachtú Fóram Gnó AE-na hAfraice,

ag féachaint do dhoiciméad deiridh Fhóram CSO Sheachtain na hAfraice-na hEorpa dar teideal “No decision about us without us!”,

ag féachaint do chomhthorthaí raon na hóige de Sheachtain na hAfraice-na hEorpa mhí Feabhra 2022,

ag féachaint do Thuarascáil 2021 um Fhorbairt Eacnamaíoch san Afraic ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD), dar teideal Reaping the potential benefits of the African Continental Free Trade Area for inclusive growth [Tairbhí ionchasacha a bhaint as Limistéar Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice le haghaidh fás cuimsitheach],

ag féachaint don Comhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe,

ag féachaint do na moltaí sa tuarascáil deiridh ó Phainéal Comhairleach Uachtarán na hAfraice Theas maidir le hAthriar Talúntais agus Talmhaíochta an 4 Bealtaine 2019,

ag féachaint do thuarascáil Thascfhórsa Gheilleagar Digiteach AA-AE an 13 Meitheamh 2019 dar teidealNew Africa-Europe Digital Economy Partnership: Accelerating the Achievement of the Sustainable Development Goals [Comhpháirtíocht nua Gheilleagair Dhigitigh idir an Afraic agus an Eoraip: Luas a chur faoina bhfuil bainte amach ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe],

ag féachaint do Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2021 maidir le Cabhair AE le haghaidh na Trádála,

ag féachaint d’idirphlé il-gheallsealbhóra AE maidir le cócó inbhuanaithe lena ndírítear ar earnáil an chócó in dhá phríomhthír táirgthe, an Cósta Eabhair agus Gána,

ag féachaint d’aitheasc Nana Akufo-Addo, Uachtarán Ghána, an 12 Nollaig 2021 le Parlaimint na hEorpa in Strasbourg,

ag féachaint do rún an 2 Márta 2022 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an ionsaí ar an Úcráin,

ag féachaint do theachtaireacht an 23 Márta 2022 ón gCoimisiún maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a athneartú (COM(2022)0133),

ag féachaint do chonclúidí an 16 Nollaig 2021 ón gComhairle Eorpach,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0169/2022),

A.

de bhrí go bhfuil caidreamh tábhachtach polaitiúil, eacnamaíoch agus cúltúrtha ag an Aontas Eorpach (AE) leis an Afraic le fada, de bhrí go raibh comhaontú maidir le “Fís Chomhpháirteach do 2030” mar thoradh ar an Séú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tAontas Afracach (AA) in 2022, ar comhstraitéis nua é a théann chun tairbhe don dá pháirtí, a neartaíonn na ceangail idir an dá aontas agus a thabharfaidh deis le haghaidh comhar níos dlúithe maidir le ceisteanna a bhaineann le cóineasú frithpháirteach i réimsí na trádála, na slándála agus an dea-rialachais; de bhrí go bhfuil sé dírithe ar ár dtosaíochtaí coiteanna a thiomáint ar aghaidh trí chomhchaomhnú ár leasanna agus ár n-earraí poiblí coiteanna, slándáil agus rathúnas ár saoránach, cosaint chearta an duine don uile dhuine, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i ngach sféar den saol, urraim do phrionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta, gníomhartha chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach, an comhrac in aghaidh éagothromachtaí, tacaíocht le haghaidh cearta leanaí agus le haghaidh ionchuimsiú daoine óga agus iadsan is mó atá faoi mhíbhuntáiste; de bhrí go n-aithníonn an dá Aontas a thábhachtaí atá slándáil bia agus cothú; de bhrí go mbunófar an chomhpháirtíocht athnuaite seo ar an tíreolaíocht, ar aitheantas don stair, ceangail dhaonna, urraim don cheannasacht, lánurraim agus cuntasacht fhrithpháirteach, luachanna i bpáirt, comhionannas idir na comhpháirtithe agus tiomantais fhrithpháirteacha; de bhrí gur thug AE agus AA geallúint a gcomhpháirtíocht straitéiseach a neartú chun aghaidh a thabhairt le chéile ar dhúshláin nua, amhail an t-athrú aeráide, an téarnamh iarphaindéime agus athléimneacht a thógáil i gcoinne suaití amach anseo;

B.

de bhrí go bhfuil síocháin ina réamhchoinníoll le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus le haghaidh timpeallacht chobhsaí trádála agus infheistíochta; de bhrí gur bhain athrú suntasach don chomhthéacs geopholaitiúil domhanda ó rinne Cónaidhm na Rúise ionradh mídhleathach, gan chúis agus gan údar ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, agus don chaidreamh idir AE agus an Afraic freisin; de bhrí gur cháin Comhthionól Ginearálta NA ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine le tromlach ollmhór ina rún an 2 Márta 2022, le tacaíocht ó AA san áireamh, óir thacaigh 28 dá bhallstáit leis an rún; de bhrí gur staon 16 dá bhallstáit agus gur chinn naoi gcinn gan vóta a chaitheamh; de bhrí go bhfuil iarmhairtí millteanacha ann do shlabhraí luacha agus soláthair domhanda agus go háirithe don rochtain ar chruithneacht agus tráchtearraí eile mar gheall ar ionradh na Rúise agus iarmhairtí an chogaidh, agus go bhfuil ganntanais bhia ag bagairt ar na milliúin duine dá bharr; de bhrí go bhfuil difear uafásach á dhéanamh don tslándáil bia ar mhór-roinn na hAfraice ach go háirithe; de bhrí go n-allmhairíonn an Afraic Thuaidh 60 % dá cruithneacht agus barra bia eile ón Úcráin agus ón Rúis, agus go bhfuil ganntanais maidir le hallmhairí leasacháin ag bagairt ar roinnt tíortha san Afraic; de bhrí go bhféadfadh círéibeacha bia agus corraíl shóisialta a bheith mar thoradh ar bhriseadh na slabhraí soláthair de bharr chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine;

C.

de bhrí nach mór gurb é baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) faoi 2030 an phríomh-threoirlíne agus tagarmharc ratha don chomhar idir AE agus an Afraic, lena n-áirítear mar a rannchuideoidh caidreamh trádála agus infheistíochta chun an bhochtaineacht a chomhrac;

D.

de bhrí go bhfuil an imirce ina chuid de SDG 10.7, a bhfuil mar aidhm aige éascaíocht a dhéanamh ar imirce dhleathach, shábháilte, rialta agus fhreagrach agus soghluaisteacht daoine;

E.

de bhrí go n-aithnítear in Athbhreithniú AE ar an mBeartas Trádála an tábhacht straitéiseach a bhaineann le doimhniú na rannpháirtíochta le mór-roinn na hAfraice agus stáit Afracacha trí snáitheanna gníomhaíochta éagsúla a mholadh chun na ceangail trádála agus eacnamaíocha idir AE agus an Afraic a neartú; de bhrí gur mór-ranna comharsanacha iad an Eoraip agus an Afraic a bhfuil a rathúnas agus a gcobhsaíocht idirnasctha go dlúth agus tacaíocht ó chomhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe agus níos cothroime ag teastáil;

F.

de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit na soláthraithe trádchúnaimh (AfT) is mó ar domhan, agus 38 % den chion domhanda á sholáthar acu; de bhrí gurb í an Afraic a bhí ag fáil an sciar is mó i gcónaí de na gealltanais AfT; de bhrí go bhfuil faoin Aontas Eorpach an sciar de AfT AE a leithdháiltear ar na tíortha is lú forbairt (LDCanna) a mhéadú chun cabhrú leo a sciar de na honnmhairí domhanda a dhúbailt, óir bhí sciar na dtíortha is lú forbairt de na honnmhairí domhanda fós ag 1 % in 2020 agus a sciar d’onnmhairí chuig AE fós ag 2 %;

G.

de bhrí gur cheart don Aontas cur chuige “Foireann na hEorpa” a shaothrú maidir lena chomhar leis an Afraic, lena n-áirítear comhordú breise idir ard-stiúrthóireachtaí difriúla an Choimisiúin, institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha, gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin Eorpacha, bainc thráchtála agus Ballstáit AE;

H.

de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit an comhpháirtí trádála is tábhachtaí ag an Afraic, agus de bhrí gur mhéadaigh luach na trádála in 2021 go EUR 288 mbilliún ó luach íseal EUR 225 bhilliún in 2020 mar thoradh ar phaindéim COVID-19; de bhrí gur laghdaigh an bhearna trádála i bhfábhar AE ó EUR 24 bhilliún in 2020 go EUR 4 bhilliún in 2021; de bhrí go mbíonn rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ar mhargadh aonair AE ag 90 % d’onnmhairí na hAfraice faoi na comhaontuithe trádála reatha agus fabhar trádála aontaobhach AE le tíortha i mbéal forbartha; de bhrí gur earraí príomhúla iad, amhail bia agus deoch, amhábhair agus fuinneamh, os cionn 65 % de na hearraí a allmhairíodh isteach in AE ón Afraic in 2021, agus de bhrí gur earraí monaraithe iad beagnach 68 % de na hearraí a onnmhairíodh ó AE go dtí an Afraic in 2021; de bhrí go léiríonn an struchtúr trádála sin míchothromaíocht struchtúrach agus idirspleáchas na ngeilleagar atá i gceist, rud a choinníonn mór-roinn na hAfraice ag ceann íseal-luacha na slabhraí luacha domhanda; de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit an fhoinse is mó atá ag an Afraic le fada maidir le hinfheistíocht, cúnamh oifigiúil um fhorbairt, cúnamh daonnúil agus cistiú slándála;

I.

de bhrí go ndearna na Stáit Aontaithe trádáil in earraí leis an Afraic in 2021 arb fhiú thart ar USD 26,7 billiún í maidir le honnmhairí de agus USD 37,5 billiún maidir le hallmhairí de, agus gurbh fhiú USD 64,2 billiún í ar an iomlán; de bhrí nach bhfuil aon bhorradh faoi thrádáil SAM leis an Afraic Fho-Shahárach ainneoin an tionscnamh Propser Africa arna lainseáil ag rialtas SAM roimhe seo, agus nach bhfuil sa trádáil sin ach níos lú ná 1 % de thrádáil uile SAM in earraí;

J.

de bhrí go bhfuil sciar na hAfraice den trádáil dhomhanda ag meath go seasta le 50 bliain anuas agus gurb ionann é agus 2,9 % den trádáil dhomhanda de réir UNCTAD de bhrí go mbraitheann an mhór-roinn go mór ar allmhairí agus ar onnmhairí tráchtearraí atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha; de bhrí nach bhfuil sa trádáil idir-réigiúnach ach 14,4 % de thrádáil uile na hlchríche;

K.

de bhrí go measann Banc Forbartha na hAfraice gurb é USD 120 billiún sa bhliain costas eacnamaíoch na trádála neamhdhleathaí in acmhainní nádúrtha, luach arb ionann agus 5 % d’olltáirgeadh intíre (OTI) na hAfraice (13);

L.

de bhrí go bhfuil leibhéal na trádála laistigh dde mhór-roinn na hAfraice i bhfad níos lú ná a hacmhainneacht, agus gur den riachtanas é a neartú chun go mbeidh claochlú struchtúrtha eacnamaíoch na hilchríche inbhuanaithe; de bhrí gur comhspéis le hearnálacha príobháideacha na hAfraice agus na hEorpa cur chun feidhme rathúil agus éifeachtach AfCFTA, go háirithe maidir leis an bhfás eacnamaíoch agus na deiseanna fostaíochta a bhfuil súil leo; de bhrí go ndearna teacht i bhfeidhm AfCFTA ar an 30 Bealtaine 2019 agus lainseáil trádála faoina fabhair ar an 1 Eanáir 2021, mar thionscnamh suaitheanta den Chéad Phlean Cur Chun Feidhme Deich mBliana (2014-2023) faoi Chlár Oibre AA 2063, fuinneamh úr a chur sna deiseanna trádála agus infheistíochta uile-Afracach agus gur cuireadh le nascacht na hEora-Afraice;

M.

de bhrí go mbeidh AfCFTA ar an limistéar saorthrádála is mó ar domhan ó thaobh tíortha rannpháirteacha – beidh 54 as 55 bhallstát AA ann agus cruthófar margadh de 1,2 billiún duine, lena n-áirítear meánaicme atá ag dul i meid go tapa, chun gurb é an t-ochtú bloc trádála is mó ar domhan a bhfuil OTI comhcheangailte de USD 3 thrilliún aige, OTI a mheastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó, nó níos mó, air faoi 2050; de bhrí, de réir an Bhainc Dhomhanda, go bhféadfadh méadú 1 % teacht ar OTI na hAfraice gach bliain, méadú 1,2 % ar a fostaíocht iomlán agus méadú 33 % ar an trádáil laistigh den Afraic; de bhrí gurb ionann cruthú AfCFTA agus deis mhór don Aontas Eorpach, ach chun go n-éireoidh leis go mbeifear ag brath cuid mhór ar a chumas infheistíochtaí a shlógadh agus malartuithe trádála a chothú mar aon le láithreacht chorparáideach san Afraic;

N.

de bhrí go bhfuil deireadh le cur laistigh de AfCFTA le taraifí ar 90 % de na línte taraife, agus gur thug na tíortha nach iad na tíortha is lú forbairt iad gealltanas taraifí a léirscaoileadh ar earraí neamh-íogaire thar thréimhse cúig bliana agus gur thug na tíortha is lú forbairt gealltanas é a dhéanamh thar thréimhse 10 mbliana; de bhrí gur ar earraí íogaire atá 7 % de na línte taraife agus go ndéanfaidh na tíortha nach LDCanna iad taraifí a léirscaoileadh ar earraí íogaire thar thréimhse deich mbliana agus go ndéanfaidh LDCanna é thar thréimhse trí bliana déag; de bhrí go bhféadfar 3 % de na línte taraife a eisiamh ón léirscaoileadh; de bhrí gur céim thábhachtach é AfCFTA chun deireadh a chur leis an múnla reatha maidir le trádáil fhoirmiúil san Afraic, múnla arb iad na saintréithe a bhaineann leis tréimhsí fada chun teorainn a thrasnú, ceanglais rialála chuimsitheacha agus cánacha arda;

O.

de bhrí, chomh maith le bheith ina ionstraim léirscaoilte trádála, go bhfuil AfCFTA dírithe ar a bheith ina chumasóir le haghaidh fás cuimsitheach agus forbairt inbhuanaithe i gcomhréir le Clár Oibre 2063; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach AfCFTA a chur chun feidhme go héifeachtach agus go comhordaithe mar chóras mór-roinne chun feabhas a chur ar an trádáil laistigh den Afraic, agus gur dúshlán mór a bheidh sa mhéid sin, agus sraitheanna difriúla agus gealltanais dhifriúla ag éirí as comhaontuithe trádála, pobail eacnamaiocha agus aontais custam réigiúnacha a mbeidh bearta cuimsitheacha ag teastáil uathu chun bonneagar iompair trasteorann a fhorbairt agus éascaíocht trádála fheabhsaithe chun gurbh fhearr a chumasófar slabhraí luacha trasteorann; de bhrí gur den riachtanas iad seo a leanas chun mianaidhmeanna AA a bhaint amach agus córas éifeachtach agus intuartha a dheanamh de AfCFTA: athchóirithe rialachais a dhíríonn ar éascú na trádála, bacainní neamhtharaife ar thrádáil, gnáthchaighdeáin theicniúla agus sláinte i leith táirgí agus dlí an tsaothair, leigheasanna agus coimircí trádála; de bhrí, amhail gach comhaontú trádála, go gcruthóidh AfCFTA éifeachtaí dearfacha agus diúltacha agus gur den riachtanas bearta tacaíochta iomchuí a bheith curtha ar bun chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh ar chumas AfCFTA rannchuidiú le cur chun cinn fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus go háirithe chun a áirithiú go mbeidh ar chumas cuideachtaí faoi stiúir ban agus daoine óga tairbhiú de dheiseanna nua;

P.

de bhrí, maidir le trádáil agus go háirithe rialacha tionscnaimh agus carnadh réigiúnach, gur ilroinnt mhór-roinn na hAfraice atá mar thoradh ar shocruithe ilchineálacha AE le tíortha Afracacha, rud a chruthaíonn bacainní a bhaineann le taraifí agus a chuireann bac ar shlabhraí luacha trasteorann a thógáil laistigh de AfCFTA;

Q.

de bhrí nach bhfuil stáit Afracacha aonchineálach; de bhrí go mbíonn mór-doinn na hAfraice an-íogair i leith “suaití” seachtracha, i bhfianaise a ráta ard spleáchais, ní ar acmhainní seachtracha airgeadais agus ioncaim amháin, amhail seoltáin choigríche, infheistíocht dhíreach choigríche, turasóireacht agus cúnamh seachtrach, ach ar allmhairí d’earraí monaraithe freisin;

R.

de bhrí go bhfuil an Afraic ina hilchríoch dóchais agus deiseanna, agus gurb shin dearcadh líon mór dá daoine óga, líon atá ag dul i méid; de bhrí gurb í an Afraic an ilchríoch is óige ar domhan, ina bhfuil aois airmheánach 19,8 bliain agus 60 % den daonra faoi bhun 25 bliana d’aois; de bhrí go mbeidh daonra na hAfraice tar éis dúbailt faoi 2050, ó thart ar 1,2 billiún go dtí thart ar 2,4 billiún, agus de bhrí, faoin mbliain chéanna, gur san Afraic a bheidh 50 % den daonra domhanda faoi 25 bliana d’aois, rud a bheidh ina dhúshlán suntasach do gheilleagair agus rialachas daonlathach thíortha na hAfraice agus tionchar aige ar an ngeopholaitíocht, ar an trádáil dhomhanda agus ar an imirce; de bhrí go bhfuil breis is a ceithre oiread leanaí ina gcónaí san Afraic sa lá inniu is atá ina gcónaí san Eoraip agus de bhrí go bhfuil 70 % de dhaonra na hAfraice Fo-Shaháraí faoi bhun 30; de bhrí go mbeidh gá le méadú comhréireach ó thaobh soláthair bia de mar gheall ar mhéadú an daonra agus na meánaicme, agus ar an ábhar sin gur cheart go soláthródh an earnáil agraibhia deiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta d’Afracaigh óga, a mbeidh a rannpháirtíocht san earnáil sin ríthábhachtach chomh maith chun athsholáthar glúine a áirithiú agus chun an córas agraibhia a athnuachan; de bhrí go bhfuil oideachas, fostaíocht agus deiseanna gnó ar ardchaighdeán ag teastáil ón óige san Afraic chun go mbeidh ar a gcumas rannchuidiú le fás agus forbairt inbhuanaithe a dtíortha; de bhrí go bhfuil daonra na hEorpa ag dul in aois agus go bhfuil ganntanais lucht saothair cáilithe agus fadhbanna maidir le printísigh a aimsiú á dtuairisciú in an-chuid earnálacha cheana féin; de bhrí go rannchuidíonn cumhachtú eacnamaíoch mná agus daoine óga leis an bhfás eacnamaíoch agus lena stádas a chur chun cinn sa tsochaí;

S.

de bhrí gurb é is aidhm do SDG díothú an ocrais deireadh a chur leis an ocras faoi 2030 agus slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach; de bhrí gur cuireadh moill ar an dul chun cinn maidir leis an sprioc sin le blianta beaga anuas agus go bhfuil breis is 800 milliún duine ar ár bpláinéad i gcónaí a théann a luí istoíche agus ocras orthu; de bhrí gur thuar an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) go dtiocfaidh ardú suntasach, ó 280 go 300 milliún, ar an líon daoine ar an ocras san Afraic, agus go mbeidh sí ar na réigiúin leis an líon is airde daoine ar ghannchothú faoi 2030, ar aon leibhéal leis an Áise; de bhrí go bhfuil an easlándáil bia imithe in olcas sa mhór-roinn agus go raibh easpa cothaithe ar 21 % den daonra in 2020; de bhrí gur dheimhnigh Cruinniú Mullaigh NA faoi Chórais Bia in 2021 gurb iad seo a leanas atá taobh thiar de na treochtaí sin nach dteastaíonn: méadú ar mhinicíocht agus déine coinbhleachtaí, éagsúlachtaí agus foircneachtaí aeráide, moillithe ar an ngeilleagar agus sleabhcthaí eacnamaíocha, agus ardleibhéil neamhionannais a raibh na sleabhcthaí eacnamíocha in 2020 ag cur leis, sleabhcthaí arb iad bearta imshrianta ar fud an domhain de bharr COVID-19 ba chúis leo den chuid is mó;

T.

de bhrí gur bagairtí eiseacha iad an t-athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil don Afraic, do AE agus don domhan ar fad, agus go n-éilítear leo freagrúlacht chomhpháirteach agus infheistíochtaí substainteacha in athléimneacht; de bhrí nár mhór ról ríthábhachtach a bheith ag an gcaidreamh trádála idir AE agus an Afraic chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú aeráide agus iarrachtaí comhchoiteanna a chothú chun fás inbhuanaithe, forbairt eacnamaíoch ionchuimsitheach agus rochtain ar earraí poiblí a bhaint amach, go háirithe trí shlabhraí soláthair inbhuanaithe agus éagsúlú trádála a chur chun cinn san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin; de bhrí gur gheall AE go mbeadh sé ar an gcéad mhór-roinn ar neodracht aeráide faoi 2050 agus go ndéanfadh sé a fhás eacnamaíoch a dhíchúpláil ón úsáid acmhainní; de bhrí nár chuir tíortha na hAfraice mórán leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí seo agus gurb amhlaidh atá i gcónaí, is cuma a ndéantar iad a thomhas ar bhonn astaíochtaí stairiúla, reatha nó ionchais agus i dtéamaí iomlána nó per capita, ach go rannchuidíonn an táirgeadh, nósanna stíl mhaireachtála agus tomhaltais san Aontas Eorpach leis an athrú aeráide; de bhrí go mbeidh iarsmaí tubaisteacha ar an athrú aeráide, d’an-chuid stát san Afraic go háirithe agus cuid díobh sin ar na háiteanna is measa a bhuailfear; de bhrí go meastar gurb é USD 30-50 billiún sa bhliain as seo go ceann deich mbliana, nó 2-3 % de OTN réigiúnach, na costais oiriúnaithe san Afraic Fho-Shahárach chun costais níos airde fós ar fhaoiseamh breise a sheachaint i gcás tubaistí; de bhrí gur san Éigipt, stát Afracach, a bheidh an 27ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP27) in 2022; de bhrí nach mór gur aistriú cóir agus cothromasach a bheidh san aistriú chuig saol dhícharbónaithe; de bhrí gur mhol AE go mbeadh rochtain ar fhuinneamh ar phríomhcholúin an chomhair leis an Afraic faoin gComhaontú Glas don Eoraip;

U.

de bhrí gur fhógair AE agus AA pacáiste infheistíochta EUR 150 billiún idir an Afraic agus an Eoraip thar thréimhse sé bliana, EUR 25 bhilliún sa bhliain ar meán, lena dtacófar le huaillmhianta comhchoiteanna do Chlár Oibre 2030 agus do Chlár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh, agus a mbeidh comhchodanna infheistíochta, sláinte agus oideachais ann; de bhrí nár cheart go gcuirfeadh na hinfheistíochtaí sin le hualach fiachais thíortha na hAfraice;

V.

de bhrí go maireann thart ar 34 % de theaghlaigh na hAfraice laistíos den líne idirnáisiúnta bochtaineachta, USD 1,90 sa lá, agus gur le 0,0001 % de dhaonra na mór-roinne thart ar 40 % dá rachmas iomlán; de bhrí go bhfuil neamhréireachtaí móra ann i gcónaí i bhforbairt thíortha na hAfraice; de bhrí, i bhfianaise an borradh daonra a bhfuiltear ag dréim leis san Afraic, go bhfuil sé níos ríthábhachtaí ná ariamh a áirithiú go mbeidh forbairt inbhuanaithe, oideachas ar ardchaighdeán agus cruthú post cuibhiúil ag gabháil leis;

W.

de bhrí nach bhfuil ach thart ar thír amháin as trí thír san Afraic a bhfuil cláir tíre le haghaidh obair chuibhiúil aici, ar cláir iad ar deimhníodh gurb iad an príomhbhealach iad chun tacaíocht ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a sholáthar agus an tacaíocht sin in oiriúint do thosaíochtaí agus torthaí gach tíre ar leith;

X.

de bhrí gur lainseáil an Coimisiún an Tionscnamh um Chócó Inbhuanaithe, faoi chomhstiúir Ard-Stiúrthóireacht na Trádála agus INTPA, atá dírithe ar Ghána agus an Cósta Eabhair, agus Camarún ina bhreathnóir, agus gurb iad príomhchuspóirí an tionscnaimh ioncam maireachtála inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh feirmeoirí, deireadh a chur leis an saothar leanaí sa slabhra soláthair cócó agus deireadh a chur leis an dífhoraoisiú a dhéantar chun críocha plandálacha cócó a chruthú;

Y.

de bhrí go léirítear i dtuarascáil 2021 UNICEF/ILO ar shaothar leanaí go bhfuil méadú ag teacht ar an saothar leanaí san Afraic Fho-Shahárach ó 2012 i leith agus go leanfaidh an treocht méadaitheach sin de bharr iarsmaí forleathana na paindéime;

Z.

de bhrí, le paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhain léi, gur cuireadh an fás siar ar fud na hAfraice in 2020, agus go bhféadfadh sé go bhfuil 30 milliún duine breise i mbochtaineacht agus gur cuireadh le leitheadúlacht an tsaothair leanaí dá bharr; de bhrí go léirítear athrú ollmhór ar an gcomhdhearcadh maidir le beartas sna pacáisí téarnaimh iarphaindéime; de bhrí go bhfuil acmhainn na gcistí poiblí chun tacaíocht a thabhairt don téarnamh éagsúil ar fud na réigiún, agus gar-riosca ann go gcuirfear leis na neamhionannais; de bhrí nach raibh an ráta le haghaidh vacsaíniú iomlán níos airde ná 15 % san Afraic amhail ó Mhárta 2022 (i gcomparáid le 73 % san Aontas Eorpach); de bhrí gurb éigean na milliúin vacsaíní a scriosadh sula mbíonn deis ann leas a bhaint astu sna tíortha bochta mar go bhfuil an dáta éaga ag druidim; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE agus ag AA go dtacóidh siad le ceannasacht sláinte lánfheidhme na hAfraice, chun a chur ar chumas na hilchríche freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí amach anseo, agus go bhfuil gealltanas tugtha acu go dtacóidh siad, chuige sin, le clár oibre comhchoiteann do mhonarú vacsaíní, leigheasanna, diagnóisice, teiripice agus táirgí sláinte san Afraic, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainní táirgthe, aistrithe deonacha teicneolaíochta chomh maith leis an gcreat rialála a neartú chun rochtain chothromasach ar vacsaíní, ar dhiagnóisic agus ar theiripic a chumasú; de bhrí gur geal leis an bParlaimint na bearta uile a thacaíonn le córas sláinte na hAfraice agus le hacmhainneachtaí sláinte na mór-roinne;

AA.

de bhrí go n-éileoidh téarnamh inbhuanaithe agus ionchuimsitheach ó COVID-19 san Afraic USD 1 trilliún sa bhliain, de bhreis ar an mbearna bhliantúil USD 2,5 billiún san airgeadas le haghaidh na SDGanna a bhí ann roimh an ngéarchéim; de bhrí gurb ionann an iarracht sin agus deis thábhachtach infheistíochta; de bhrí gur chuir an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) dlús lena iarrachtaí chun cabhrú le comhpháirtithe san Afraic freagairt do ghéarchéim sláinte agus eacnamaíoch COVID-19 trí EUR 5 bhilliún a sholáthar chun tacú le breis is EUR 12 bhilliún d’infheistíocht chlaochlaitheach phríobháideach agus phoiblí ar fud na hAfraice in 2020;

AB.

de bhrí gur leag an Séú Cruinniú Mullaigh AE-AA béim ar a phráinní atá rannchuidiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le comhrac na paindéime agus le téarnamh an gheilleagair dhomhanda, agus gur gheall sé go n-oibreodh na páirtithe go tógachaíoch i dtreo comhaontú maidir le freagairt chuimsitheach ó EDT ar an bpaindéim, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le trádáil agus le maoin intleachtúil; de bhrí gur tháinig an Coimisiún Eorpach agus rialtais na Stát Aontaithe, na hIndia agus na hAfraice Theas ar thogra comhréitigh san Eagraíocht Domhanda Trádála atá le tíolacadh do bhallstáit EDT faoina n-éascófaí tarscaoileadh rialacha maoine intleachtúla áirithe, go háirithe critéir áirithe d’fhorálacha éigeantacha ceadúnúcháin faoi Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a Bhaineann le Trádáil (TRIPS), cé nach gcuimsítear ann fós forálacha maidir le huirlisí diagnóisice, sásraí agus cóireálacha amhail a bhí á éileamh ag stáit Afracacha; de bhrí go bhfuil plé níos leithne in EDT le tionscnamh fós;

AC.

de bhrí go luaitear sa phreaseisiúint leis an tuarascáil ón gceardlann maidir leis an mBithéagsúlacht agus Paindéimí a bhí ag an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais go bhféadfar an riosca paindéime a ísliú trí laghdú ar na gníomhaíochtaí daonna lena spreagtar caillteanas na bithéagsúlachta, trína thuilleadh caomhnaithe a dhéanamh ar limistéir faoi chosaint, agus trí bhearta lena laghdaítear ar shaothrú neamh-inbhuanaithe réigiúin ar ardleibhéal bithéagsúlachta;

AD.

de bhrí, de réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, go bhfuil thart ar 60 % de thíortha ísealioncaim i mbaol mór ó thaobh anacair fiachais de nó go bhfuil siad in anacair fiachais cheana féin, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, agus go raibh an figiúr sin faoi bhun 30 % in 2015; de bhrí gur deacair do rialtais tíortha san Eoraip agus san Afraic a bhfuil ardleibhéal fiachais acu infheistíocht fhíor-riachtanach a shlógadh sna réamhchoinníollacha le haghaidh forbairt eacnamaíoch, amhail fórsa saothair cáilithe agus bonneagar nua-aimseartha;

AE.

de bhrí go bhfuil Ciste Coigeartaithe AfCFTA de USD 1 bhilliún bunaithe ag Rúnaíocht AfCFTA, arna mhaoiniú ag Banc Onnmhairiúcháin-Allmhairiúcháin na hAfraice (Afreximbank), lena ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do thíortha a d’fhulaingeodh caillteanais ioncaim sa ghearrthéarma mar thoradh ar a dtaraifí a laghdú nó a dhíothú; de bhrí go measann rúnaíocht AfCFTA gur gá thart ar USD 7 mbilliún a bheith ann i ndáiríre;

AF.

de bhrí gurb é AE an t-allmhaireoir agus an t-onnmhaireoir táirgí agraibhia is mó ar domhan; de bhrí, ainneoin gur san Afraic atá an talamh is arúla ar domhan, gur glanallmhaireoirí bia iad tíortha AA, go mbíonn feirmeoirí ag táirgeadh faoi bhun a n-acmhainne, mar thoradh i bpáirt ar éifeachtaí beartais agus cleachtais intíre áirithe de chuid na hEorpa ar na praghsanna a bhíonn le fáil ag feirmeoirí Afracacha ar a dtáirgí sna margaí áitúla, ach mar go méadaítear iad de bharr taraifí go bhfágtar onnmhairí bia próiseáilte ón Afraic neamhiomaíoch; de bhrí gur mhéadaigh ar onnmhairí púdair bhainne chuig an Afraic Thiar, onnmhairí a bhfuil tacaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta acu, agus de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ar go leor aoirí agus feirmeoirí áitiúla nach féidir lena bpraghsanna ar bhainne dul san iomaíocht leis na praghsanna fíorísle ar phúdar bainne mar gheall ar an méadú faoi thrí ar onnmhairí ó AE tar éis d’AE deireadh a chur leis na cuótaí bainne in 2015; de bhrí gur cheart go mbeadh urraim do dhálaí córa sa trádáil i dtáirgí talmhaiochta idir AE agus AA ina bonnlíne le haghaidh onnmhairí agus allmhairí bia agus táirgí talmhaíochta eile ón Aontas Eorpach agus ón Afraic, de bhreis ar an ngá chun a áirithiú nach mbeidh onnmhairí talmhaíochta ag cur i gcoinne na sprice chun earnáil bia níos athléimní a bhunú san Afraic; de bhrí, chun talmhaíocht inbhuanaithe a chur ar aghaidh sa dá mhór-roinn, gur cheart spás a fhágáil le haghaidh múnlaí athchóirithe talmhaíochta san Afraic agus san Eoraip a thairgeann dínit d’fheirmeoirí, a neartaíonn an athléimneacht intíre agus réigiúnach agus a mbeadh ar a gcumas acmhainneacht an dá mhór-roinn a oscailt chun a áirithiú go mbeidh flúirse cothaithe ann, go mbeidh siad féin-inbhuanaithe maidir le bia, agus ina rannchuidithe le slándáil bia i réigiúin eile den domhan; de bhrí go soláthraíonn an fheirmeoireacht teaghlaigh suas le 70 % den soláthar bia, a itheann Afracaigh, ar an mór-roinn, seachas bia a dhéantar a tháirgeadh chun críche onnmhairiúcháin; de bhrí, de réir Thuarascáil 2016 ar an bhForbairt Dhaonna de chuid Chlár Forbartha NA, go bhfuil an Afraic Fho-Shahárach ag cailliúint 6 % de OTI an réigiúin de bharr neamhionannas inscne, agus go bhfuil iarrachtaí na mór-roinne chun forbairt dhaonna ionchuimsitheach agus fás eacnamaíoch a bhaint amach á gcur i mbaol; de bhrí go bhféadfaí, trí rochtain chothrom a bheith ag mná ar ionchuir na talmhaíochta, ardú suas le 19 % a chur ar an táirgeadh barr talmhaíochta, borradh a chur faoi OTI ón talmhaíocht agus i gcoitinne agus na mílte daoine a shaoradh ón mbochtaineacht (14);

AG.

de bhrí, in 2020, go raibh méadú beagnach 40 % ar an líon daoine a ndearna easlándáil bia difear dóibh, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; de bhrí go léiríonn an cogadh san Úcráin a idirnasctha atá an tslándáil bia agus an margadh domhanda, agus leibhéal spleáchais roinnt tíortha san Afraic ar allmhairí bia ó líon beag tíortha nó réigiúin onnmhairíochta; de bhrí go bhféadfadh tíortha a bheith leochaileach do shuaití seachtracha de bharr róspleáchais; de bhrí gur tíolacadh tionscnamh Mhisean Athléimneachta FAO ag cruinniú mullaigh G7 ar an 24 Márta 2022, agus bearta nithiúla ann chun slándáil bia a áirithiú ar bhonn domhanda, agus go háirithe sna tíortha san Afraic is mó atá buailte ag an mbriseadh sa táirgeadh bia mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin; de bhrí go bhfuair suirbhéanna ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar theaghlaigh go bhfuil sé indéanta talmhaíocht atá cliste i leith aeráide a chumasú tríd an rochtain ar chórais luathrabhaidh agus ar fhaisnéis maidir le praghsanna bia agus cúrsaí aimsire a leathnú, le teachtaireacht théacs nó ghutha fiú, chun feirmeoirí a chur ar an eolas faoin uair le barra a chur, nó a uisciú nó le leasú a chur orthu, agus go bhféadfaí an baol easlándála bia a laghdú de 30 pointe céatadáin;

AH.

de bhrí go bhfulaingíonn micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ar fud na hAfraice, i dtéarmaí thrádáil laistigh den Afraic de bharr na nithe seo a leanas: costais shuntasacha ar idirbhearta agus moilleanna ar caidreamh trasteorann teoranta idir na bainc is cúis leo, infhaighteacht airgeadra coigríche, costais seirbhíse arda le haghaidh idirghabhálaithe agus de bharr go mbíonn díol agus ceannach airgeadraí le rátáil i gcoinne dollar SAM; de bhrí go bhféadfaí an fhadhb sin a réiteach trí fhorbairtí teicneolaíocha agus comhar idir na bainc cheannais, faoin gCóras Íocaíochtaí agus Réitigh Pan-Afracach, mar shampla;

AI.

de bhrí go bhfuil caibidlíocht ar siúl san AfCFTA maidir leis an léirscaoileadh seirbhísí atá ebartaithe, ag tosú le cúig earnáil tosaíochta arna sainaithint ag AA, eadhon, iompar, turasóireacht, cumarsáid, seirbhísí airgeadais agus gnó; de bhrí gurb ionann seirbhísí agus 54 % de OTI na hAfraice agus 75 % den infheistíocht dhíreach choigríche;

AJ.

de bhrí, le Straitéis AA maidir le Claochlú Digiteach don Afraic (2020-2030), go mbeartaítear margadh aonair digiteach slán don Afraic faoi 2030 ina n-áiritheofar soghluaisteacht daoine, seirbhísí agus caipitil agus ina bhféadfaidh daoine aonair agus gnólachtaí rochtain rianúil a fháil ar ghníomhaíochtaí ar líne agus a bheith ag plé leo i gcomhréir le AfCFTA; de bhrí go dtairgeann an geilleagar digiteach san Afraic féidearthachtaí maidir leis an gcruthú fostaíochta a mhéadú, i gcás FBManna go háirithe, arb iad a sholáthraíonn thart ar 80 % de na poist ar fud na mór-roinne agus atá ina gcnámh droma de gheilleagar na hAfraice; de bhrí go mbaineann acmhainn shuntasach le digiteáil na trádála agus cothú na gcóras gan pháipéar chun tacaíocht a thabhairt do thrádálaithe beaga, lena n-áirítear fiontair ar mná agus fiontraithe óga atá i gceannas orthu; de bhrí go mbeidh infheistíocht shubstainteach i mbonneagar idirlín ag teastáil chun rannpháirtíocht dhigiteach phobal na hAfraice a éascú, agus gan rochtain idirlín ach ag 33 % den phobal sin in 2021; de bhrí go bhfuil cúnamh AE á lorg go gníomhach ag ár gcomhpháirtithe san Afraic freiisn chun feabhas a chur ar bhonneagar digiteach na hAfraice agus chun nascacht agus rochtain idirlín iomchuí a áirithiú ar fud na mór-roinne; de bhrí go bhfuil an Afraic chun deiridh go mór ar SAM agus an tSín, agus ar an Eoraip freisin, go pointe, maidir le forbairtí sa teicneolaíocht dhigiteach; de bhrí, de réir UNCTAD, go soláthraíonn an Afraic níos lú ná 1 % de na honnmhairí domhanda de sheirbhísí atá insoláthraithe go digiteach;

1.

ag dearbhú go bhfuil an caidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Afraic mar chuid dár gcomhiarracht chun SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach faoi 2030 agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil an Afraic ina príomhthosaíocht gheografach i straitéis nua trádála AE, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá idirphlé níos stóinsithe idir AE agus an Afraic; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis sin, gur cheart do AE a thuilleadh a dhéanamh chun an chomhpháirtíochta thabhairt níos faide ná an caidreamh traidisiúnta “deontóir-faighteoir”; á chur i bhfáth go bhfuil ar chumas nuachóiriú chaidreamh trádála agus infheistíochta AE-AA sochair iontacha a thabhairt i dtéarmaí fás eacnamaíoch a spreagadh, comhtháthú réigiúnach, laghdú ar an mbochtaineacht agus cruthú fostaíochta, go bhfuil ar a chumas rannchuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus leis an aistriú glas agus digiteach i dtíortha in AE agus AA araon, agus i measc ár gcomhpháirtithe trádála domhanda, agus nach mór go gcloífidh sé le prionsabal an chomhleanúnachais beartais atá cumhdaithe in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an chóineasacht gheografach agus na ceangail stairiúla agus chultúrtha a théann i bhfad siar á dtreisiú a thuilleadh ag malairtí trádála atá ag dul i méid; á chur i bhfáth nach mór rannpháirtíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta a bheith ina cloch choirnéil de straitéis AE-AA chun SDGanna NA a bhaint amach;

2.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a chomhar lenár gcomhpháirtithe Afracacha a dhoimhniú agus a struchtúrú níos fearr agus idirphlé rialta beartais ar ardleibhéal a bhunú dá réir, a mbeadh gné pharlaiminteach ag baint leis a mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach inti freisin; á iarraidh go gcomhlánófar an t-idirphlé sin le malartú ar leibhéal na ngrúpálacha réigiúnacha, agus ar leibhéal na stát indibhidiúil freisin, agus le hidirphlé comhthreomhar le geallsealbhóirí na sochaí sibhialta san Afraic agus in AE mar ghnéithe ríthábhachtacha i gcur ar aghaidh chomhpháirtíocht chomhionann AE leis an Afraic;

3.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bonneagar agus bonn tionsclaíoch athléimneach, iomaíoch agus láidir a chruthú san Afraic, mar a leagtar síos i gClár Oibre 2063 AU, lena ndírítear ar shlabhraí luacha athléimneacha a fhorbairt agus ar phróiseáil ard-bhreisluacha amhábhar san Afraic mar bhealach mór chun poist ar ardchaighdeán a chruthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar fhiontair agus infheisteoirí Eorpacha, lena n-áirítear BEI, teicneolaíochtaí nua-aimseartha, inbhuanaithe agus, a mhéid is féidir, aeráidneodracha, a chur i bhfeidhm i dtionscadail tionsclaíochta san Afraic; á áitiú go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i ngach céim de chur chun cinn na tionsclaíochta; á chur i bhfáth i ndáil leis seo a riachtanaí atá sé tacaíocht a thabhairt don Afraic chun a beartais neamhspleácha, mhaicreacnamaíocha, fhioscacha, airgeadaíochta agus trádála féin a shaincheapadh, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún a chur ar chumas thíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin a naíthionscail a chosaint, lena n-áirítear trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais, agus foráil don cheart reachtú faoi seach; á chur i bhfáth gur cheart iarrachtaí chun an comhshaol a chosaint a chur i gceartlár na mbeartas comhair agus i gceartlár na gclár a thugann tacaíocht don tionsclaíocht agus do chruthú post cuibhiúil san Afraic, a bheidh le bunú agus le cur chun feidhme ag na geallsealbhóirí freagracha uile ón dá mhór-roinn;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn chun bogadh i dtreo geilleagar atá saor ó charbón, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gComhaontú Aeráide Ghlaschú, agus ag an am céanna a áirithiú go ndéanfar acmhainní nádúrtha agus amhábhair a fhoinsiú agus a bhainistiú ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe, agus go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe ar dhramhaíl i gcomhréir lena chuspóirí faoin gComhaontú Glas;

5.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról an-bhunúsach ag institiúidí, údaráis agus bonneagar feidhmiúil stáit, agus á mheas gur bac mór ar an trádáil iad a behith in easnamh; á chur i bhfáth, i ndáil leis seo, nach mór do thíortha uile na hAfraice an chinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú, óir tá ríthábhacht leis chun go bhforbróidh trádáil d’aon chineál; ag iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthpháirtíocht lena chontrapháirtithe san Afraic chun timpeallacht ghnó a ráthú a bheidh fabhrach don infheistíocht;

6.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé na tograí eacnamaíocha agus trádála ón gClár Oibre nua don Mheánmhuir, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 9 Feabhra 2021, a oiriúnú don staid éigeandála reatha; á iarraidh go ndéanfar na tionscadail faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a bhfuil gné thrádála ag baint leo a chur chun feidhme go rianúil a luaithe is féidir

7.

á chur i bhfios go láidir gur bonn nua ar fad atá ag teastáil ón Aontas Eorpach dá chomhpháirtíocht eacnamaíoch leis an Afraic, bonn ar comhchéim atá bunaithe ar an gcomhionannas, ar urraim fhrithpháirteach agus tuiscint dá chéile, lena n-áirítear ar na dúshláin roimh na comhpháirtithe Afracacha i gcomhthéacs caidrimh trádála agus infheistíochta, agus dinimic atá ag athrú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus easnaimh leanúnacha; den tuairim gur deis uathúil é seo chun an caidreamh trádála idir an dá mhór-roinn a athbheochan, agus gur bhunaigh an cruinniú mullaigh conair chun go bhféadfaidh AE agus AA dul i mbun comhpháirtíocht athnuaite, a bheidh tairbheach go frithpháirteach, inbhuanaithe agus bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhar, agus an caidreamh eacnamaíoch, tráchtála agus trádála a athmhúnlú d’fhonn an Afraic a chumhachtú, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh caidreamh cóir agus eiticiúil ann a fhabhraíonn do chomhtháthú mhór-roinn na hAfraice; á chur i bhfios go láidir gur cheart, faoin gcaidreamh trádála idir AE agus an Afraic, go ndéanfaí cearta an duine, cearta lucht saothair, dea-rialachas, an smacht reachta agus comhionannas inscne a chur chun cinn, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na gnéithe sin a chur chun cinn laistigh de chomhthéacs caidrimh trádála idir AE agus an Afraic;

8.

ag tathant ar an gCoimisiún cabhrú chun deireadh a chur le ról na náisiún Afracach faoina mbeidís “ag líonadh agus ag críochnú”, trí thacaíocht a thabhairt do chóras il-gheallsealbhóra a thabharfaidh deis do náisiúin AA a vacsaínithe féin a tháirgeadh, cumas a léiríodh cheana le linn vacsaíní VEID a bheith á dtáirgeadh, a osclóidh spáis le haghaidh acmhainneacht eolaíoch a fhorbairt agus a laghdóidh an spleáchas ar dhornán corparáidí ar fud an domhain;

9.

á chur i bhfáth gur tharla briseadh sa chaidreamh idir AE agus an Afraic mar thoradh ar fhreagairt AE ar iarrachtaí domhanda maidir le vacsaíniú chun paindéim COVID-19 a mhaolú; á chur i bhfios go láidir nár mhór torthaí an Séú Cruinniú Mullaigh AE-AA a bheith ina bpointe tosaigh nua chun an caidreamh idir AE agus an Afraic a chur ar aghaidh; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht dhéthaobhach agus struchtúrtha a bhunú le comhpháirtithe Afracacha agus rannpháirtíocht réigiúnach agus iltaobhach a shaothrú chun caidreamh AE-na hAfraice a chur ar aghaidh; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht a bhunú leis an bParlaimint maidir le plé a dhéanamh ar an gcomhréiteach maidir le tarscaoileadh TRIPS arna chaibidil idir an “ceathrar”: AE, SAM, an India agus an Afraic Theas; ag iarraidh ar an gCoimisiún a bheith solúbtha agus réadúil i gcónaí sna pléití san Eagraíocht Dhomhanda Trádála atá dírithe ar chomhréiteach a aimsiú le baill eile EDT maidir le tarscaoileadh TRIPS a bheidh spriocdhírithe agus sealadach, chun go bhféadfar bogadh i dtreo conclúide agus torthaí fónta maidir le gnéithe trádála agus sláinte faoin 12ú Comhdháil Airí;

10.

á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le síocháin, ar mhaithe le forbairt dhearfach shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire go raibh easpa tacaíochta i measc cuid mhaith rialtas san Afraic do rún Chomhthionól Ginearálta NA inar cáineadh an t-ionsaí in aghaidh na hÚcráine, agus nach bhféadfar talamh slán a dhéanamh de thacaíocht ón Afraic le haghaidh seasamh AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí na cúiseanna éagsúla leis an sceipteachas a chíoradh, agus méadú ar na hiarrachtaí taidhleoireachta chun seasaimh chomhchoiteanna a thógáil in aghaidh ionsaithe míleata ar an dá mhór-roinn;

11.

ag tacú le cuspóirí agus toilmhianta AfCFTA mar a luaitear sa bhrollach; ag tacú freisin le toilmhianta Chlár Oibre 2063 faoina gcruthófar margadh ilchríche ina mbeidh saorghluaiseacht daoine, caipitil, earraí agus seirbhísí, chun comhtháthú eacnamaíoch mhór-roinn na hAfraice a dhoimhniú; á mheas gur tionscnamh comhtháthaithe eacnamaíoch uaillmhianach é AfCFTA a thugann an-deis do thíortha Afracacha borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach, forbairt inbhuanaithe a chumasú, laghdú ar an mbochtaineacht agus feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála, líon ard post cuibhiúil a chruthú, cur le hiomaíochas tíortha Afracacha, teicneolaíocht agus fuinneamh glas a chur chun cinn, cur le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, an t-éilliú a chomhrac agus an dea-rialachas a chur chun cinn, agus claochluithe struchtúracha a bhaint amach sna stáit rannpháirteacha; á iarraidh go dtabharfaidh AE tacaíocht ghníomhach do AfCFTA; á chur i bhfáth gur cheart táscairí chun rath eacnamaíoch san Afraic agus AE a fheabhsú agus a éagsúlú, de bhreis ar fhás ar an OTI, agus á mholadh go ndéanfaí tagairt freisin do tháscairí amhail comhéifeacht Gini, an Táscaire maidir le Dul Chun Cinn Dílis, an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, innéacs Theil chun éagsúlú allmhairí a thomhas, táscairí a bhaineann le hidirdhealú ar bhonn gnéis, agus go háirithe na tuarascálacha dul chun cinn maidir le SDGanna;

12.

á mheabhrú go ndearna AE, idir 2014 agus 2020, cistiúchán breis is EUR 74 mhilliún a leithdháileadh chun AfCFTA a bhunú trína Chlár Pan-Afracach, agus gur baineadh leas as an gcistiú le haghaidh fothú acmhainneachta le linn chaibidil, dhaingniú agus chur chun feidhme Chomhaontú AfCFTA; á iarraidh go leanfaidh AE agus a Bhallstáit dá dtacaíocht airgeadais agus theicniúil do chur chun feidhme AfCFTA; ag tabhairt dá haire chun go bhféadfaidh AfCFTA beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus dul níos faide ná léirscaoileadh trádála amháin chun daoine a ardú as an mbochtaineacht, go mbeidh spás beartais ag teastáil ó thíortha san Afraic chun beartais a ghlacadh a chuireann feabhas ar an gcomhsheasmhacht idir bearta trádála, cuspóirí éagsúlúcháin, freagairt ar riachtanais an daonra, inbhuanaitheacht agus fás ionchuisitheach;

13.

á iarraidh ar choimisiúin AA agus AE forbairt slabhraí luacha réigiúnacha agus bonneagar réigiúnach níos fearr san Afraic a éascú; á chur i bhfáth go mbeidh gá le hinfheistíochtaí comhsheasmhacha agus maoirseacht phoiblí le linn bonneagar inbhuanaithe ginearálta agus trasteorann a bheith á fhorbairt; á chur i bhfios nár mhór infheistíocht shuntasach a dhéanamh i mbonneagar iompair, sa nascacht agus sa digiteáil chun éascaíocht a dhéanamh ar an trádáil réigiúnach agus dá réir sin ar éagsúlú agus athléimneacht slabhraí luacha áitiúla, réigiúnacha agus ilchríche; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí fás na slabhraí luacha réigiúnacha a éascú trí bhacainní ar an trádáil laistigh den Afraic a bhaint, agus sa tslí sin modhanna idirnáisiúnaithe a éascú do chuideachtaí Afracacha, FBManna go háirithe; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh an Tairseach Dhomhanda le bonneagar a fhorbairt chun an trádáil laistigh den Afraic a mhéadú, agus á iarraidh ar chomhpháirtithe AA uile freagairt do thograí Fhoireann na hEorpa le haghaidh comhthionscadail bhonneagair; ag iarraidh ar chomhpháirtithe AE agus AA na tionscadail tosaíochta arna sainaithint i gcomhpháirt a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille, agus deiseanna brabúis a bhaineann le tionscadail a chruthú le haghaidh cuideachtaí áitiúla mar aon le deiseanna fostaíochta don phobal áitiúil, agus cloí go dlúth le hardchaighdeáin chomhshaoil agus saothair agus le Comhaontú Pháras; á chur i bhfios go láidir gur gá forbairt bhreise a dhéanamh ar bhonneagar le haghaidh na limistéar tuaithe, agus á chur i bhfios maidir le príomhbhianna a dhéantar a iompar san Afraic Fho-Shahárach go meastar go bhfuil thart ar 40 % díobh nach gcuirtear ar an margadh de bharr bonneagar lag agus easpa saoráidí fuaraithe agus stórála; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus AA mapáil a dhéanamh ar na slabhraí luacha réigiúnacha idir AE agus an Afraic, slabhraí luacha a bhfuil níos mó ná sreafaí trádála déthaobhacha i gceist iontu, agus anailís SWOT a dhéanamh, go háirithe d’fhonn conairí le haghaidh garbhunú thar lear agus réimsí comhoibrithe a shainaithint amhail an geilleagar ciorclach agus glasú slabhraí soláthair; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé forbairt bhreise a dhéanamh ar an mbonneagar agus na ceangail idir an Afraic Fho-Shahárach agus an Afraic Thuaidh, agus idir an Afraic Thoir agus an Afraic Thiar;

14.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go ndéantar comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chuimsiú sa chaidreamh trádála idir AE agus an Afraic mar chomhpháirt bhunriachtanach chun fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a chothú; á chur i bhfáth go bhfuil d’acmhainn ag caidreamh trádála agus infheistíochta an comhionannas inscne a chur chun cinn agus rannchuidiú le cumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta na mban agus le geilleagair agus sochaithe níos cothroime agus níos athléimní; á mheas go mba cheart go dtabharfadh an chomhpháirtíocht idir AE agus an Afraic tacaíocht go háirithe d’fhiontraíocht na hóige agus na mban i limistéir thuaithe agus uirbeacha, lena n-áirítear trí eagraíochtaí miontáirgeoirí, agus go bhfuil sé ríthábhachtach chuige sin tacú le rochtain chothrom ar acmhainní eacnamaíocha agus táirgeachta amhail seirbhísí airgeadais, agus ar mhargaí, agus cearta talún a chosaint; á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin maidir le bailiú sonraí agus anailís sonraí ar mhaithe le tuiscint níos fearr ar thionchar an bheartais trádála ar mhná; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht a bhunú le comhpháirtithe Afracacha chun an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn sa chaidreamh trádála idir AE agus an Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún áit lárnach a thabhairt don phríomhshruthú inscne sa chaidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí neamhspleácha faoi cheisteanna inscne a chuimsiú sna CCEnna; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag mná na tuaithe sna geilleagair thalmhaíochta agus thuaithe ar fud mhór-roinn na hAfraice, go háirithe maidir leis an tslándáil bia; á mheabhrú gurb iad na mná a dhéanann leath na hoibre talmhaíochta san Afraic; á iarraidh go ndéanfaí malartuithe idir fiontraithe ar mná iad san Afraic agus in AE a fhorbairt trí bhíthin ardáin lena n-éascaítear líonrú, comhroinnt taithí agus reáchtáil tionscadal i gcomhpháirt; ag moladh go gcuirfí cearta oidhreachta do mhná agus cailíní chun cinn agus á iarraidh go dtacóidh AE le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir lena n-aitheantas ar theidlíocht iomlán na mban i leith cearta talún;

15.

á chur i bhfios go láidir gur gá idirphlé tógachaíoch poiblí-príobháideach a bhunú agus cultúir a chumasú chun éabhlóidiú d’fhonn líonra cliste éiceachóras a fhorbairt, agus na sféir phoiblí agus phríobháideacha a hibridiú ar deireadh thiar; á chur i bhfáth, ós mar sin atá, nach mór do AE leanúint de bheith ag obair le tíortha Afracacha maidir le hinfheistíocht phríobháideach sa mhór-roinn a éascú agus a chur chun cinn, mar nach leor infheistíocht phoiblí aisti féin; á iarraidh go ndéanfar comhpháirtíochtaí tríthaobhacha poiblí agus príobháideacha a mhéadú a thuilleadh chun naisc trádála nua a fhorbairt in earnálacha comhspéise amhail fuinneamh, tionsclaíocht, iompar;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Plean Infheistíochta Seachtraí an Aontais, agus go háirithe ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe mar chéad cholún de, maidir le beartas trádála agus infheistíochta an Aontais i leith na hAfraice a mhúnlú, i gcomhthráth leis na CCEnna; á mheabhrú gur leag sí béim ar fheabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfáth, i dtaca le gealltanas an Aontais maidir le borradh a chur faoin infheistíocht ón earnáil phríobháideach chun na SDGanna a bhaint amach, nach mór gurbh ionann é sin agus oibleagáidí éigeantacha a bhunú maidir le cearta an duine, cearta sóisialta agus dícheall cuí comhshaoil, bunaithe ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis an slabhra luacha ina iomláine agus ar cheart forálacha maidir le rochtain ar an gceartas a áireamh leo;

17.

á iarraidh ar choimisiúin AA agus AE araon cabhrú chun na coinníollacha a chruthú agus a éascú atá ag teastáil chun go bhféadfaidh tíortha Afracacha athrúa dhéanamh ar nádúr a lánpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, ó bheith ina bhfoinsí tráchtearraí príomhúla, chun a bheith ina n-onnmhaireoirí táirgí idirmheánacha agus deiridh, agus spás beartais á choinneáil ag an am céanna chun naíthionscail a choimirciú; á mholadh go go gcuirfear feabhas ar an gcomhar le hollscoileanna agus saoráidí taighde eile san Afraic chun ardán a bhunú le haghaidh malartú teicneolaíochta agus eolais; á chur i bhfios, sa chomhthéacs seo, an deis a bhaineann le margaí éiritheacha a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh iontu don dá mhór-roinn, go háirithe sa tionscal déantúsaíochta; á chur i bhfáth thairis sin, a thábhachtaí atá sé naisc idir gnólachtaí AE agus san Afraic a neartú i ndáil leis sin, mar chabhair chun luach a chruthú agus caighdeáin a ardú agus sa tslí feabhas a chur ar an iomaíochas;

18.

á chur i bhfáth maidir le hiarrachtaí chun na slabhraí soláthair a éagsúlú go gcruthaíonn siad deiseanna don dá mhór-roinn, agus í den tuairim gur cheart do AE agus AA oibriú as lámh a chéile chun na coinníollacha agus na dreasachtaí a chruthú a bheidh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’éagsúlú infheistíochtaí agus don táirgeadh ó chuideachtaí AE agus Afracacha;

19.

á athdhearbhú go bhfuil leas comhchoiteann ag AE agus AA i gcóras trádála iltaobhach a bheidh cobhsaí agus bunaithe ar rialacha, agus a rannchuideoidh chun an fás eacnamaíoch in AE agus ar mhór-roinn na hAfraice a chur ar aghaidh; ag cur béim ar an bhfíoras gur réimse tábhachtach comhair idir AE agus AA é athchóiriú agus nuachóiriú EDT agus leabhar rialacha EDT agus ag iarraidh ar na comhpháirtithe oibriú as lámh a chéile chun ailtireacht dhomhanda trádála agus airgeadais a bheidh cóir agus cothromasach a chruthú trí EDT a athbheochan, lena n-áirítear Babhta Doha a thabhairt i gcrích chun gur fearr a dhéanfar leasanna an leath theas den chruinne a chur san áireamh, amhail atá comhaontaithe ag ballraíocht EDT;

20.

á thabhairt chun suntais go ndíríonn an tionscnamh “Cúnamh don Trádáil” faoi cheannas EDT ar chabhrú leis na tíortha is lú forbairt, go háirithe chun cuidiú le hacmhainneacht ar thaobh an tsoláthair agus bonneagar a bhaineann le trádáil a fhorbairt, ar riachtanais dóibh iad chun comhaontuithe EDT a chur chun feidhme agus tairbhiú díobh agus, go ginearálta, chun a dtrádáil a leathnú; den tuairim, sa chiall sin, go bhfuil an tionscnamh seo ina chomhpháirt ríthábhachtach den chaidreamh trádála leis an Afraic, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19;

21.

á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh ról ag an gclár oibre “Cúnamh don trádáil” maidir le hacmhainní a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shrianta a bhaineann le trádáil, chun riachtanais bonneagair a mhaoiniú agus chun cuidiú le hacmhainneacht tíortha Afracacha a fhorbairt chun struchtúir rialála iomchuí a bhunú;

22.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhoibriú a neartú idir an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe chun an fhís iltaobhach a choinneáil beo trí chomhchlár oibre a chur chun cinn ar mhaithe le rathúnas comhroinnte, agus i gcomhréir leis an gcomhleanúnachas beartais maidir le forbairt;

23.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag comhlachtaí parlaiminteacha i rialachas domhanda atá cuntasach agus trédhearcach, mar gur féidir le parlaiminteoirí atá tofa go díreach feidhmiú mar nasc ríthábhachtach idir na saoránaigh agus an córas iltaobhach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an-tábhacht le hobair an Chomhthionóil Pharlaimintigh maidir le EDT, arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus an Aontas Idirpharlaiminteach i gcomhpháirt, agus á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí breise chun rannpháirtíocht pharlaiminteoirí ón Afraic, agus ón bParlaimint Phan-Afracach go háirithe, a mhéadú á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain níos fearr ag parlaiminteoirí ar chaibidlíocht trádála agus go mbeidh siad rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta agus athbhreithnithe EDT. á iarraidh go ndéanfar ról Pharlaimint na hEorpa agus na Parlaiminte Pan-Afracaí, araon, a neartú, agus ról pharlaimintí náisiúnta bhallstáit uile EDT freisin sa chéim shainordaitheach den chaibidlíocht idirnáisiúnta trádála agus infheistíochta

24.

á chur i bhfáth gur cheart leasanna comhroinnte an dá ilchríoch a bheith i gcroílár an chaidrimh athnuaite idir AE agus an Afraic agus gur cheart tógáil ar chomhpháirtíocht láidir; tagtha ar an tátal gur freagairt iomchuí ar iomaitheoirí domhanda í comhpháirtíocht de pháirtithe comhionanna, bunaithe ar chomhar iomlán idir AA agus AE suite de, sa chás gur críochadóireacht ó chumhachtaí domhanda eile amháin atá taobh thiar d’iomaíocht gheopholaitiuil AE, go leanfaidh beartas tradisiúnta an tionchair de bheith ag seasamh sa bhealach ar chomhar tairbheach frithpháirteach; á chur i bhfios nach bhfuil iomaíocht chothrom leasanna naimhdeach le geilleagair mhargaidh agus go gcoimeádann comhpháirtithe Afracacha an ceart tairbhiú de staid éilimh atá fabhrach dóibh;

25.

suite de gur trí chomhpháirtíocht nua de pháirtithe comhionanna is fearr a shaothrófar leasanna AE amhail rochtain ar amhábhair, an caidreamh eacnamaíoch a mhúnlú chun geilleagar AE a chur chun cinn, agus an imirce a bhainistiú, i.e. trí dhul i ngleic leis na bunchúiseanna; suite de go bhféadfar, trí comhpháirtíocht nua de pháirtithe comhionanna, a chur ar chumas AE a neamhspleáchas straitéiseach a neartú go héifeachtach

26.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh AE i bhfabhar rannpháirtíocht thógachaíoch maidir leis an uile ghné den imirce, easáitiú éigeantach agus soghluaisteacht, agus é ag obair chun a áirithiú gur ar bhealach sábháilte agus dea-rialaithe a dhéantar imirce; á mheas gur bunriachtanas é straitéis fhadtéarmach, chomhchoiteann a thógáil chun beartais trádála, forbartha agus imirce, amhail a bunaíodh i gconclúidí éagsúla ón gComhairle Eorpach, a nascadh, na conclúidí sin a glacadh an 16 Nollaig 2021 go háriithe, óir d’fhéadfadh straitéis den sórt sin príomhról a imirt sa chomhrac in aghaidh smugláil daoine agus conairí imirce mídhleathacha ó thíortha san Afraic chuig AE;

27.

á chur i bhfios go láidir go mbeidh cúrsaí soghluaisteachta agus imirce le tabhairt chun rialtachta ar mhór-roinn na hAfraice chun feabhas a chur ar cháilíocht na trádála idir an dá mhór-roinn; á áitiú – cé go bhféadfadh beartas trádála, i gcúinsí áirithe, an imirce éigeantach a íoslaghdú trí phoist a chruthú – nár cheart beartas trádála AE ná an cúnamh forbartha a ghabhann leis a ghiaráil chun comhar tíortha neamh-AE a áirithiú maidir le ceist na himirce, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó phrionsabail agus luachanna AE agus ón bpríomhchuspóir, mar atá, an bhochtaineacht a laghdú; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, nach féidir an imirce éigeantach a réiteach ach amháin trí bhealaí dleathacha a chruthú, feabhas a chur ar an gcosaint idirnáisiúnta agus aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna forbartha, polaitiúla, aeráide agus daonnúla níos leithne as a n-eascraíonn easáitiú éigeantach;

28.

ag cur sonrú i dtionchar COVID-19 ar shlabhraí soláthair; á áitiú gur den tábhacht slabhraí soláthair níos athléimní a thógáil in AE agus AA araon i saol seo na hiarphaindéime, tríd an neamhspleáchas straitéiseach a neartú, cleithiúnais a shainaithint, a bheith níos fearr i mbun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus suaití soláthair, an táirgeadh a éagsúlú agus infheistiú a thuilleadh i bhfiontair chlaochlaitheacha a bhfuil cuspóirí sóisialta, comhshaoil agus sláinte á gcomhtháthú acu ina múnlaí gnó; á mheabhrú go bhfuil an Pharlaimint tiomanta don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do thionscnaimh trádála atá dírithe ar a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dóibh seo a leanas: an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, an togra reachtaíochta maidir le dícheall cuí éigeantach, agus an togra maidir le táirgí gan dífhoraoisiú; á áitiú nach mór don Choimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar thionchar na dtionscnamh sin ar thrádáil AE-na hAfraice agus bearta tionlacain a thíolacadh chun aon suaitheadh gearrthéarmach a mhaolú; suite de gur slabhraí luacha domhanda níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bheidh mar thoradh ar na tionscnaimh reachtaíochta sin san fhadtéarma, rud a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus gnólachtaí san Aontas Eorpach agus san Afraic araon;

29.

á chur in iúl gurb oth léi mar a chuaigh ionradh Chónaidm na Rúise ar an Úcráin, ionradh gan chúis agus gan údar, i bhfeidhm ar na praghsanna méadaithe ar fhuinneamh, breoslaí, amhábhair agus táirgí talmhaíochta, atá ina gcúis le hardú dian ar chostais táirgthe, rud a chuireann leanúnachas táirgeachta i mbaol agus a bhféadfadh suaitheadh sna slabhraí soláthair a bheith mar thoradh air; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht atreisithe ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh slándáil an tsoláthair bia i gcroílár na cinnteoireachta beartais, chun ganntanas a sheachaint agus slándáil chothaitheach a áirithiú sna tíortha is leochailí, ar mhór-roinn na hAfraice go háirithe, agus aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia le modhanna trádála agus bacainní ar thrádáil idirnáisiúnta i mbia agus amhábhair a chosc;

30.

den tuairim gur féidir leis an Aontas cabhrú chun spleáchas reatha na hAfraice ar allmhairí bia, síolta, leasacháin agus lotnaidicídí a laghdú go suntasach, trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais, idirphlé beartais, malartú eolais agus teicneolaíochtaí nua agus trí nuálaíocht ón Afraic a chur chun cinn;

31.

á iarraidh go ndéanfaidh an Eoraip agus an Afraic feachtas infheistíochta a sholáthróidh dreasachtaí le haghaidh méadú suntasach ar an infheistíocht phríobháideach i stáit Afracacha agus a chumasóidh infheistíocht phoiblí chuimsitheach i mbonneagar agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs seo, an gealltanas a tugadh ag an Séú Cruinniú Mullaigh AA-AE EUR 150 billiún a shlógadh mar chuid den Tairseach Dhomhanda; á iarraidh go ndéanfar an tionscnamh infheistíochta sin a mhéadú go mór, i gcomhar le Ballstáit AE;

32.

á iarraidh go ndíreofar an feachtas infheistíochta go príomha ar thionscnaimh chun fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus a leathnú, soláthairtí uisce agus bearta oiriúnaithe don aeráid a áirithiú agus bonneagar poiblí a thógáil; ag dréim leis go mbeidh cuideachtaí comhpháirtíochta Afracacha rannpháirteach sna tionscadail infheistíochta uile a fhéachfaidh le fostaíocht áitiúil a chruthú agus slabhraí luacha Afracacha a dhoimhniú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscadail infheistíochta iomchuí a shainaithint i gcomhar le comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha agus stáit san Afraic agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad;

33.

á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit gealltanas a thabhairt go dtacóidh siad le tíortha Afracacha chun gníomhaíocht uaillmhianach agus chóir ar son na haeráide a chur chun feidhme; á chur i bhfáth nach mór maoiniú ón Aontais faoin Ionstraim nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta a úsáid chun tacú le cur chuige a bhunófar ar chearta an duine, lena mbeadh pobail áitiúla agus pobail dhúchasacha lárnach in iarrachtaí aeráide, comhshaoil agus forbartha, ag tosú le comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta agus leis an bpobal;

34.

ag tabhairt dá haire nár éirigh le sásraí maoinithe cumaiscthe a bhí ann cheana infheistíocht phríobháideach leordhóthanach a spreagadh; á iarraidh, ar an ábhar sin, go mbeadh FBManna áitiúla san áireamh sa tionscnamh infheistíochta, óir is cabhair ar leith iad chun an geilleagar a éagsúlú agus fostaíocht a chruthú;

35.

á chur i bhfáth gur cheart don Aontas Eorpach a chaidreamh eacnamaíoch agus trádála leis an Afraic a dhoimhniú trí infheistíochtaí lena gcruthaítear poist chuibhiúla agus lena ndéantar cearta an duine, cearta lucht saothair agus cearta comhshaoil a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil neamhréireacht sa rochtain ar mhaoiniú laistigh de réigiúin agus tíortha Afracacha, ar chúiseanna éagsúla; á chur i bhfios go láidir gur cheart béim a leagan ar infheistíochtaí i mbonneagar nua, amhail bonneagar digiteach agus glas, agus sa táirgeadh fuinnimh inathnuaite; á chur in iúl gur geal léi an Creatchomhaontú Comhair Tionscadail a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2021 idir BEI agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF); á chur in iúl gur geal léi an Meabhrán Tuisceana a síníodh in 2021 idir BEAF agus Banc Forbartha na hAfraice chun forbairt inbhuanaithe san earnáil phríobháideach a chur chun cinn san Afraic; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht ar mhór-roinn na hAfraice a chothú trí bhíthin ionstraimí airgeadais nuálacha chun sreafaí caipitil a mhéadú agus rioscaí a laghdú; ag spreagadh AE agus tíortha san Afraic chun iniúchadh a dhéanamh ar chaibidlíocht comhaontuithe lena n-éascaítear infheistíocht inbhuanaithe, amhail a fógraíodh san Athbhreithniú ar Bheartas Trádála AE (15), ar comhaontuithe iad a chuireann feabhas ar chumas rialtas rialáil ar son an leasa phoiblí agus a aimsíonn cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí infheisteoirí agus pobal agus ábhair imní chomhshaoil; á mheabhrú a ríthábhachtaí atá sé infheistíocht chomhsheasmhach a dhéanamh i seirbhísí poiblí, in acmhainneachtaí taighde agus i gcur chun cinn earnálacha eacnamaíocha a mbeadh buntáiste comparáideach iontu do thíortha nó réigiúin; á mholadh go gcuirfí borradh faoi dheiseanna infheistíochta san Afraic, go háirithe trína thuilleadh caipitil riosca a chur ar fáil mar aon le ráthaíochtaí a mbeadh mar aidhm leo infheistíochtaí a éascú; á chur in iúl gur geal léi an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) trína gceadaítar d’institiúidí maoinithe forbraíochta breis riosca a ghlacadh ina gcláir infheistíochta; á mheabhrú gur léiríodh i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le maoiniú le haghaidh forbartha gur gá níos mó acmhainní intíre a úsáid chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;

36.

á mholadh do thíortha Afracacha, tráth a dtuairiscíonn UNICA go bhfuil go leor de na conarthaí infheistíochta a tugadh i gcrích sna 1990idí agus go luath sna 2000idí imithe in éag le déanaí nó ar tí dul in éag, a gconarthaí infheistíochta agus cánachais dhúbailte a athbhreithniú agus a athchóiriú de réir a riachtanas forbartha; á chreidiúint go dtugann AfCFTA agus na hiarrachtaí leanúnacha maidir le lánpháirtíocht réigiúnach deis mhaith chun an córas idirnáisiúnta infheistíochta a athchothromú ionas go mbeidh sé freagrach, cothrom agus fabhrach i leith na forbartha inbhuanaithe;

37.

á thabhairt chun suntais maidir leis an gcomhaontú idir AE agus Eagraíocht na Stát ACC ar cuireadh inisealacha leis go bhfuil sásraí a dhéanfadh forfheidhmiú ar dhícheall cuí maidir le caighdeáin chomhshaoil, cearta an duine agus an prionsabal go ndéanfaí saorthoiliú feasach a chur in iúl roimh ré in easnamh air, ar sásraí iad a bhfuil tábhacht níos mó arís ag baint leo i bhfianaise na ngealltanas sa chomhaontú chun comhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta a éascú; á chur i bhfáth go mba cheart don Aontas na leibhéil éagsúla forbartha a chur san áireamh agus go mba cheart dó a áirithiú go bhfuil a chuid comhaontuithe trádála i gcomhréir le tosaíochtaí na gcomhpháirtithe maidir le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach;

38.

ag tathant ar an gCoimisiún agus BEI, foras iasachtaithe AE, scéim micreachreidmhasa éifeachtach agus sorochtana a ullmhú agus, sa chomhthéacs sin, a chumais a neartú chun tacaíocht a thabhairt don fhorbairt san earnáil phríobháideach san Afraic; ag iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta, i ndáil leis sin, cistí breise a thiomnú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhíthin bhuiséad cumaiscthe CEFI+; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs seo, go bhfuil ardacmhainn sa mhicreamhaoiniú chun FBManna agus feirmeoirí áitiúla a chumasú a thuilleadh; á mholadh go mbunófar scéimeanna micriasachta a thairgfeadh rochtain ar chreidmheas gan comhthaobhacht nó ráthaíochtaí airgeadais de shórt eile a bheith ag teastáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheadh scéim den sórt sin chun mná agus daoine óga a chumasú, daoine nár mhór a rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú go suntasach; á iarraidh, i ndáil leis seo, go mbeadh bearta tionlacain iomchuí ann, amhail cúnamh agus comhairleoireacht theicniúil agus dlí, agus comhaontais le comhpháirtithe áitúla ar an láthair, chun go mbeadh rochtain iarbhír ar mhicriasachtaí den sórt sin; á mheas go gcabhróidh tacaíocht don gheilleagar sóisialta agus do chomharchumainn, mar aon le scéimeanna micrichreidmheasa, chun an geilleagar neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil, rud atá ag teastáil go géar, trí bhíthin straitéisí soiléire a bhunaítear ar Mholadh 204 EIS;

39.

á iarraidh go gcuirfidh AE lena thacaíocht do thíortha san Afraic agus AA chun sreafaí airgeadais aindleathacha agus imghabháil cánach ag cuideachtaí a chomhrac, agus á iarraidh go mbeidh tionscnaimh ann chun a áirithiú nach mbeidh corparáidí ag rannchuidiú le sreafaí caipitiúla den sórt sin amach as tíortha Afracacha; á mheabhrú go gcailleann an Afraic thart ar USD 88,6 billiún i dteitheadh caipitil aindleathach gach bliain, coibhéis 3,7 % de OTI na hilchríche; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí comhpháirteacha chun a áirithiú go n-íoctar cánacha mar a gcruthaítear brabúis agus fíorluach eacnamaíoch, chun stop a chur le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis, atá ar siúl i gcónaí; á iarraidh go mbunófar comhar breise idir AA agus AE agus a mballstáit maidir le cur chun cinn idirnáisiúnta a dhéanamh ar bhearta a dhíríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le trédhearcacht i gcomhthéacs cáin chorparáideach, lena n-áirítear comhar feabhsaithe i ndáil le Treoir AE maidir le Faisnéis Neamhairgeadais (16); ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ina chuid scéimeanna AfT freisin ar shreafaí airgeadais aindleathacha agus imghabháil cánach agus trí bhíthin caibidlí faoi seach a chuimsiú le linn nuachóiriú CCEnna a bheith á chaibidil;

40.

á chur i bhfáth gur spéis leis na tíortha is lú forbairt córais trádála riailbhunaithe iltaobhacha agus go dtacaíonn said go láidir leo, agus gur cheart a gcomhtháthú sa chóras trádála idirnáisiúnta a fheabhsú; á chur in iúl gur feasach di gur bunphrionsabal den Eagraíocht Dhomhanda Trádála é an chóir speisialta agus dhifreáilte; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ar chumas tíortha i mbéal forbartha a gcearta a fheidhmiú go huile faoi fhorálacha EDT maidir le cóir speisialta agus dhifreáilte, go háirithe a slándáil bia a áirithiú; den tuairim go bhféadfar tíortha a fhágáil i mbaol ó shuaití eachtracha de bharr róspleáchas ar aon tír amháin nó aon réigiún geografach amháin le haghaidh aon táirge ar leith, rud a d’fhéadfadh an-díobháil a dhéanamh do shlándáil bia tíortha i mbéal forbartha; den tuairim, ar an ábhar sin, gur cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt dár gcomhpháirtithe Afracacha maidir lena sreafaí trádála a éagsúlú chun go mbeidh siad níos athléimní; á iarraidh go go ndéanfar comhiarrachtaí in éineacht le comhpháirtithe Afracacha AE ar leibhéal EDT chun réitigh iltaobhacha a aimsiú ar easaontais mhóra maidir le saincheisteanna domhanda beartais talmhaíochta, amhail a pléadh i gCoiste Talmhaíochta EDT;

41.

á chur i bhfáth go bhfuil rialacha trádála iltaobhacha ag teastáil a bheidh ag tacú le talmhaíocht shubstainteach agus inbhuanaithe atá bunaithe ar athriar cuimsitheach talúntais i stáit éagsúla san Afraic, athriar a bheidh le déanamh chun slándáil bia a ráthú ar fud na hilchríche; á chur i bhfáth, i ndáil leis seo, a thábhachtaí atá sé cosaint a dhéanamh ar cheart na bpobal áitiúil chun rochtain a fháil ar acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce agus iad a rialú, agus an ceart sin a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi a choitianta atá an ghrabáil talún san Afraic; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scála ar a bhfuil infheisteoirí ón iasacht ag fáil talún san Afraic, rud atá ag tarlú den chuid is mó sna tíortha ina bhfuil na structúir rialachais is laige agus a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar an tslándáil bia agus ar an rochtain ar thalamh agus uisce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé próiseas ionchuimsitheach a sheoladh d’fhonn a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na pobail áitiúla rannpháirteach go héifeachtach i bhforbairt agus cur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an ngrabáil talún agus san fhaireachán a dhéantar orthu; á iarraidh go gcloífear leis na Treoirlínte Deonacha maidir leis an Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún i ngach tionscadal lena gcuirtear cosaint na gceart talún chun cinn, lena n-áirítear i gcúrsaí trádála, agus go n-áiritheofar le bearta freisin nach bhfuil cearta talún na bhfeirmeoirí beaga, cearta talún na mban go háirithe, á gcur i mbaol ag na tionscadail; ag tathant, ina theannta sin, ar AE agus ar an Afraic aitheantas a thabhairt do chearta na ndaoine dúchasacha maidir le húinéireacht dúchais agus rialú a dtailte agus a n-acmhainní nádúrtha faoi Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus i gCoinbhinsiún EIS 169, agus an prionsabal go gcuirfí saorthoiliú feasach in iúl roimh ré a chomhlíonadh;

42.

á chur i bhfáth nach mór go ndéanfaidh an chomhpháirtíocht trádála idir AE agus an Afraic ceart na dtíortha Afracacha ar cheannasacht bia a choimirciú, a áirithiú go gcloífear le prionsabail na hinbhuanaitheachta agus nach mbainfear riamh ón tslándáil bia, ón tsábháilteacht bia ná ó cháilíocht an bhia agus nach mbeadh sé ina údar le dífhoraoisiú nó le díghrádú an chomhshaoil; á chur i bhfáth go mbeidh geallúintí níos mó ar an dá mhór-roinn ag teastáil leis an méid sin agus borradh a chur faoi chórais agraibhia shábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe chun dlús a chur leis na hiarrachtaí SDG díothú an ocrais a bhaint amach in 2030 agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht chomhpháirteach chun an t-athrú aeráide a mhaolú; á shainaithint nach mór slabhraí luacha a athstruchtúrú ionas gur sna tíortha foinseacha a dhéantar níos mó den phróiseáil agus de na páirteanna den táirgeadh a chuireann lena luach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá meas ar tháirgí a bhfuil a sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcabhróidh ionstraimí infheistíochta amhail an Tairseach Dhomhanda agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta chun earnáil talmhaíochta inbhuanaithe a fhorbairt san Afraic i gcomhréir leis na SDGanna, agus go dtacóidh siad le cur chun feidhme AfCFTA le haghaidh trádáil thalmhaíochta laistigh den Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún oideachas agus oiliúint a éascú chun cleachtais inbhuanaithe thalmhaíochta, amhail agra-eiceolaíocht, a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn san Afraic agus tionscnaimh reatha a chur ar aghaidh san Afraic; á mheabhrú gur tugadh aitheantas d’acmhainneacht na hagra-éiceolaíochta na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den inbhuanaitheacht a réiteach i dtuarascálacha cinniúnacha, go háirithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), ón mBanc Domhanda agus ón Measúnú Idirnáisiúnta ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht Talmhaíochta don Fhorbairt faoi stiúir EBT; á iarraidh ar AE agus ar an Afraic ról ceannasach a imirt maidir le comhaontú uaillmhianach domhanda a thabhairt chun críche ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs seo, go bhféadfadh an talmhaíocht inbhuanaithe agus cothú níos inbhuanaithe san Eoraip cabhrú chun slándáil bia i dtíortha san Afraic a áirithiú;

43.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil spleáchas aisiméadrach ar allmhairí talmhaíochta ar mhaithe leis an tslándáil bia ag baint le tíortha áirithe san Afraic; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir leis an soláthar táirgí bia talmhaíochta áirithe, gránbharra go príomha, ós rud é go bhfuil go leor de na stáit ag brath go mór ar na hallmhairí sin, agus go bhfuil suaitheadh sna slabhraí soláthair domhanda agus méaduithe ar phraghsanna, rud a thabharfaidh easlándáil dhomhanda bia, ar mhór-roinn na hAfraice go háirithe; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin tionchar chogadh na Rúise-na hÚcráine ar allmhairí gránbharr agus ar an tslándáil bia a mheas, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go luath chun géarchéimeanna daonnúla féideartha a sheachaint; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, an chaoi ina bhfuil an choinbhleacht armáilte ag cur isteach ar onnmhairiú táirgí áirithe, amhail torthaí citris, caife agus tae, ón Afraic chuig an Rúis; ag iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ag obair le tíortha san Afraic chun rochtain ar tháirgí talmhaíochta a áirithiú, leas a bhaint as an mbosca uirlisí reatha chun díriú ar an rochtain ar tháirgí talmhaíochta dár gcomhpháirtithe Afracacha agus an rochtain sin a éascú, agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun borradh a chur faoina dtáirgeadh talmhaíochta ar mhaithe le feabhas a chur ar a n-athléimneacht bia;

44.

á mheabhrú, ós rud é gur EUR 17,6 billiún an luach a bhí ar onnmhairí agraibhia an Aontais chun na hAfraice agus gur EUR 16,5 billiún an luach a bhí ar allmhairí ón Afraic in 2020, gur cinn scríbe thábhachtacha iad tíortha na hAfraice d’onnmhairí an Aontais agus gurb é an tAontas an margadh onnmhairíochta is mó i gcónaí le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia ón Afraic; ag tarraingt aird ar a riachtanaí atá sé go gcomhlíonfaidh allmhairí ón Afraic, agus táirgí agraibhia go háirithe, caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus cáilíochta an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hormóin, antaibheathaigh agus orgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid; á thabhairt chun suntais gur cheart tacaíocht theicniúil agus oiliúint a thairiscint chun a áirithiú go mbeidh an deis agus an t-eolas ag táirgeoirí san Afraic chun na caighdeáin sin a bhaint amach; suite de gur cheart don Aontas Eorpach, mar mhórimreoir domhanda in earnáil an agraibhia, comhoibriú le tíortha Afracacha chun na tagarmharcanna agus na caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh córais bhia inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh, bunaithe ar mheas ar chearta an duine agus ar chearta lucht saothair, iomaíocht chóir, an prionsabal athchomhairleach, cosaint an chomhshaoil agus leas ainmhithe, i gcomhréir le rialacha EDT; á chur i bhfios go bhfuil AE tiomanta do thacaíocht a thabhairt don aistriú domhanda chuig córais agraibhia inbhuanaithe agus don aistriú a chur chun cinn i gcomhar lena chomhpháirtithe uile, i gcomhréir le cuspóirí na straitéise ón bhfeirm go dtí an forc agus na SDGanna; a chur i bhfios go bhfuil an aidhm céanna ag AE agus ag an Afraic maidir leis an mbealach ina dtáirgtear, ina ndáiltear, agus ina gcaitear ár mbia a athrú ó bhonn; á chur i bhfios, dá bharr, nach mór an comhoibriú idir AE agus a chomhpháirtithe san Afraic a dhíriú ar cheist lárnach an tsoláthair bia, trí shainchláir comhair idir feirmeoirí agus FBManna in AE agus san Afraic, infheistíochtaí spriocdhírithe i bhforbairt talmhaíochta inbhuanaithe, líonraí iompair nua-aimseartha agus bonneagar stórála iomchuí lena gcuirfear ar chumas feimeoirí Afracacha feirmeoireacht a dhéanamh atá in ann dul i ngleic le dúshláin aeráide;

45.

á mholadh go mbeidh comhleanúnachas beartais níos láidre ann ar leibhéal AE i gcomhthéacs na trádála agraibhia, i bhfianaise impleachtaí domhanda an chomhbheartais talmhaíochta agus na trádála talmhaíochta i dtreo na SDGanna a bhaint amach; á iarraidh ar AE na conclúidí ón Tascfhórsa don Afraic Thuaithe a chur san áireamh maidir leis an ngá le hinfheistíocht i slabhraí bia san Afraic, agus béim a leagan ar thráchtearraí breisluacha; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit oibriú go gníomhach i gcomhar le comhpháirtithe san Afraic chun sineirgí a chruthú idir straitéis AE-na hAfraice agus an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe sa ghné sheachtrach den straitéis ón bhfeirm go dtí an forc;

46.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an taighde agus an nuálaíocht chun feirmeoirí a spreagadh chun cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe agus agrai-éiceachórais agus córais bhia tháirgiúla ar thalamh tirim a ghlacadh; á iarraidh, i ndáil leis an méid seo, go mbraithfí níos mó ar rannchuidithe leis an aistriú cóir ó eolas traidisiúnta na hAfraice, i dtaca le cleachtais talmhaíochta, cosaint iascach agus foraoisí go háirithe, agus muintir na hAfraice agus na pobail áitiúla a chumasú dá réir;

47.

á chur in iúl gurb oth léi an easpa aitheantais a thugtar do thábhacht straitéiseach na dtailte féaraigh, a chumhdaíonn thart ar 43 % de dhromchla na talún san Afraic agus ar linnte carbóin tábhachtacha iad dá réir; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le feirmeacha beaga agus le tréadachas agus córais thraidisiúnta/ áitiúla bhia eile chun an teacht aniar atá iontu a neartú agus borradh a chur faoin méid a rannchuidíonn siad leis an tslándáil bia, le bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus le caomhnú na bithéagsúlachta; á thabhairt faoi deara, mar shampla, gur cearta talamhúsáide traidisiúnta iad cearta féaraigh agus féaraigh phobail atá bunaithe ar an dlí coiteann seachas ar chearta maoine urrúsaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt, i gcomhar leis na pobail áitiúla agus na geallsealbhóirí áitiúla, chun a n-acmhainneacht a bharrfheabhsú trí bhainistiú inbhuanaithe féaraigh, mar a dhéanann tréadaithe, mar shampla; á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar an teannas sóisialta atá ann idir pobail shocraithe talmhaíochta agus pobail thréadacha fánaíochta, go háirithe i réigiúin ina bhfuil coinbhleachtaí eitni-reiligiúnacha forluiteacha;

48.

á mholadh go ndéantar an treocht faoina bhfuil líon daoine atá ag dul i méid ag fulaingt easlándáil bia san Afraic, treocht nach bhfuil ag teastáil, a chasadh timpeall trí bheartais dhaonnúla, forbartha agus chomhdhlúthú síochana i limistéir choinbhleachta a chomhtháthú, tríd an athléimneacht aeráide ar fud córais bhia a fheabhsú, trí athléimneacht na ndaoine is mó atá i mbaol ó anacair eacnamaioch a neartú, trí idirghabháil a dhéanamh feadh na slabhraí soláthair bia chun costas bianna cothaitheacha a laghdú agus luach cothaitheach táirgí bia a mhéadú, trí dhul i ngleic leis an mbochtaineacht agus le héagothromaíochtaí struchtúracha, trína áirithiú gur ar mhaithe le daoine bochta a dhéantar idirghabhálacha agus gur idirghabhálacha ionchuimsitheacha iad, agus trí thimpeallachtaí bia a neartú agus iompraíocht tomhaltóirí a athrú chun patrúin aistir bia a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin bearta trádála, a mbeidh tionchair dhearfacha acu ar shláinte daoine agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá beartais inbhuanaithe agus nuálacha lena gcuirfear ar chumas stáit Afracacha teicneolaíochtaí agus cleachtais talmhaíochta atá níos sine agus níos truaillithí a chur ar leataobh agus é mar sprioc aistriú éiceolaíoch agus sóisialta chuig cleachtais agraibhia inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag na hearnálacha bia agus talmhaíochta i ngeilleagar na hAfraice agus maidir le deiseanna ar fhostaíocht chuibhiúil agus inbuanaithe a sholáthar ar an iliomad gabháltas beag agus feirmeacha teaghlaigh faoin tuath, trí bhearta chun an athléimneacht a fheabhsú, nuachóiriú inbhuanaithe a dhéanamh ar chleachtais talmhaíochta, cáilíocht táirgí a fheabhsú agus trí éagsúlú táirgí; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí talmhaíochta áitiúla agus cur le hacmhainneacht feirmeacha beaga agus teaghlaigh dul in iomaíocht le feirmeacha corparáideacha mórscála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leathnú leanúnach na bhfeirmeacha ardtionsclaithe sin atá bunaithe ar mhonashaothrú, rud a chuireann le héagothromaíochtaí sóisialta, leis an gcreimeadh ithreach agus le caillteanas leanúnach na bithéagsúlacha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an-tábhacht le feirmeoirí chun geilleagair chiorclacha sna réigiúin éagsúla den Afraic a neartú; á chur in iúl gur geal léi an togra ón Tascfhórsa don Afraic Thuaithe maidir le nascadh AE-na hAfraice a bhunú a chruthódh naisc idir forais talmhaíochta Bhallstát AE agus iad siúd i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic trína bhféadfadh comhpháirtithe tiomanta agus inchomparáide dea-chleachtais agus eolas a chomhroinnt;

49.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh úsáid lotnaidicídí i ndiantalmhaíocht san Afraic tionchar a imirt ar shláinte oibrithe ar beag rochtain atá acu ar oiliúint maidir le cosaint plandaí agus ar chúram sláinte, anuas ar dhamáiste a dhéanamh don chomhshaol; á iarraidh go gcuirfear oideachas agus oiliúint ar fáil maidir le cuir chuige cosanta plandaí agus roghanna malartacha ar lotnaidicídí agus go ndéanfar nochtadh do shubstaintí guaiseacha a íoslaghdú; ag séanadh na gcaighdeán dúbailte maidir le lotnaidicídí a chuir AE i bhfeidhm trí chead a thabhairt substaintí guaiseacha, a bhfuil toirmeasc orthu in AE, a onnmhairiú go dtí tíortha san Afraic agus go dtí tríú tíortha eile; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar rialacha reatha AE a leasú chun deireadh a chur leis an neamhleanúnachas dlíthiúil sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Rotterdam 1998 agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

50.

á chur i bhfáth nach mór cabhrú le tíortha san Afraic úsáid lotnaidicidí a bhfuil toirmeasc orthu in AE a laghdú, trí chórais eile a fhorbairt chun lotnaidí a rialú; á thabhairt chun suntais a neamh-chomhsheasmhaí atá an tAontas sa mhéid go gceadaítear lotnaidicidí a onnmhairiú chuig tíortha Afracacha agus tíortha eile neamh-AE ar lotnaidicidí iad nach gceadaítear i margadh aonair an Aontais; á iarraidh go gcuirfear deireadh pras leis an neamhréir sin, ós rud é go bhfuil sé glan i gcoinne spiorad Chomhaontú Glas don Eoraip;

51.

á chur i bhfios, i gcomparáid le réigiúin eile ar domhan, go bhfuil dáileadh an bhreisluacha sna slabhraí luacha talmhaíochta neamhfhabhrach d’fheirmeoirí beaga san Afraic den chuid is mó, rud is léir ó éifeachtaí an chomhchruinnithe sa mhargadh ar fheirmeoirí agus tíortha a tháirgeann cócó; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Ghána agus an Chósta Eabhair difreáil ioncaim maireachtála a chur ar bun le haghaidh cócó; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh AE maidir le Cócó Inbhuanaithe agus ag iarraidh ar an gCoimisiún gealltanais a spreagadh ar fud na hearnála príobháidí chun praghsanna córa a íoc le feirmeoirí cócó a chuirfidh ar a gcumas táirgeadh inbhuanaithe a dhéanamh, gan leas a bhaint as saothar leanaí; á mheabhrú, maidir le tionscnaimh agáus caidrimh thrádála idir AE agus an Afraic, amhail an tionscnamh maidir le cócó, nach mór go mbeifí ag brath ar fhaireachán agus cuntasacht atá trédhearcach agus iontaofa; á iarraidh go n-áiritheofaí an cur chuige il-gheallsealbhóra trí bhíthin sásraí sonracha chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a fháil maidir le forbairt straitéisí agus beartais earnálacha; ag aontú leis na tuairimí atá curtha in iúl ag Comhghuaillíocht an Chócó gur cheart go mbeadh sé mar aidhm le reachtaíocht AE maidir le dícheall cuí, atá a ullmhú, lena n-áirítear an rialachán maidir le dífhoraoisiú, ioncaim mhaireachtála a sholáthar d’fheirmeoirí cócó mar chéim bhunriachtanach chun earnáil an chócó a dhéanamh inbhuanaithe;

52.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil beartas trádála AE i leith na hAfraice an-ilroinnte; á athdhearbhú gur cheart go gcabhródh na CCEnna éagsúla chun comhtháthú laistigh den Afraic a fhorbairt mar aon le samhail trádála chóir agus inbhuanaithe, agus chun an bhochtaineacht a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tuairimí difriúla ann maidir leis an meastóireacht ar cé chomh maith is atá ag éirí leis na CCEnna, go bhfuil daoine in AE agus san Afraic a áitíonn maidir leis na CCEnna a tugadh i gcrích nó a caibidlíodh le deich mbliana anuas nach sásaíonn siad ceanglais comhpháirtíochta nua go leordhóthanach agus gur díríodh iad ar fhorfheidhmiú leasanna AE go príomha, a thugann dá n-aire go ndearna onnmhairí AE chuig stáit CCE dochar don táirgeadh áitiúil, d’earnáil na talmhaíochta go háirithe, gurb oth leo go bhfuil spriocanna tábhachtacha CCE nar baineadh amach, spriocanna amhail slabhraí luacha a éagsúlú agus comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn san Afraic agus gur táirgí talmhaíochta agus amhábhair na príomhonnmhairí i gcónaí, agus á mheas thairis sin gur cúis amháin é le cáineadh rialta a dhéanamh ar na CCEnna nó diúltú dóibh fiú i lion suntasach stát san Afraic, agus go n-áitíonn daoine eile in AE agus AA go rannchuidíonn CCEnna leis an bhforbairt inbhuanaithe agus lena cur chun cinn, i gcomhréir leis na SDGanna agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, go ndéanann siad an bhochtaineacht a laghdú, sreafaí trádála laistigh den Afraic a chothú agus comhtháthú réigiúnach a fheabhsú, go rannchuidíonn siad le héascú na trádála agus le bacainní neamhriachtanacha ar an trádáil a bhaint, go gcuireann siad le rochtain gnólachtaí ar mhargaí AE agus na hAfraice, i gcás FBManna go háirithe, go ndéanann siad infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus dea-chleachtais inbhuanaithe talmhaíochta a chur chun cinn san Afraic, agus go gcothaíonn siad caidreamh trádála idir AE agus an Afraic, agus torthaí chruinniú mullaigh AE-AA á gcur san áireamh, agus cé go bhfuil siad den tuairim freisin chun an ról sin a bheith á imirt go huile agus a bheith fabhrach do chomhtháthú slabhraí luacha AE agus Afracacha, nár mhór na CCEnna a chur chun feidhme agus a nuachóiriú chun go mbeadh forálacha iontu a thugann tacaíocht do shlabhraí luacha trasteorann, lena n-áirítear réimsí breise amhail an trádáil i seirbhísí, infheistíocht, cearta maoine intleachtúla agus iomaíocht, rud a chuirfeadh gnólachtaí agus infheisteoirí ar a suaimhneas maidir leis an timpeallacht ghnó sna tíortha sin;

53.

á mheas gur cheart go gcuirfeadh CCEnna le cumas tíortha san Afraic deiseanna trádála a shaothrú sna réimsí seo: slándáia bia, cúram sláinte agus laghdú na bochtaineachta;

54.

á mheabhrú go bhfuil an iarraidh ón Aontas cosc a chur ar dhleachtanna onnmhairiúcháin ar amhábhair ina bac ar an bpróiseas caibidlíochta maidir le CCEnna le fada; á chur i bhfáth, i gcás na ngeilleagar sin a bhfuil a n-ioncam bunaithe go huile, beagnach, ar shaothrú acmhainní nádúrtha, go bhféadfaí iad a fhágáil ag brath ar chúnamh agus go gcuirfí bac ar a n-éagsúlú eacnamaíoch ag an am céanna dá gcuirfí cosc ar dhleachtanna den sórt sin,; á chur i bhfáth go bhfuil sé de cheart ag tíortha Afracacha amhábhair a rialú ar mhaithe lena leas poiblí, agus á iarraidh ar AE staonadh ó bheartas trádála a ghlacadh lena dtoirmeasctar ar thíortha Afracacha, mar riail ghinearálta, dleachtanna onnmhairiúcháin a thobhach ar amhábhair, a mhéid atá sé i gcomhréir le rialacha EDT;

55.

á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go ndéanfar mionanailís ar thionchar CCEnna ar gheilleagair áitiúla, ar an gcomhtháthú réigiúnach, éagsúlú eacnamaíoch agus na SDGanna sula ndéantar CCEnna nua a chaibidil; á iarraidh go ndéanfar CCEnna a nuachóiriú trí chaibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a bheidh láidir, ceangailteach, infhorfheidhmithe agus ailínithe le Comhaontú Pháras a chur leo; ag iarraidh ar an gCoimisiún sa chomhthéacs sin oibriú lenár gcomhpháirtithe Afracacha chun trádáil chóir agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh, go háirithe trí bhíthin caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sna CCEnna, agus oibriú lenár gcomhpháirtithe maidir leis an athbhreithniú ar thrádáil agus forbairt inbhuanaithe a dhéanfar go luath; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé an sprioc maidir le dul i ngleic le saothar éignithe agus saothar leanaí a chuimsiú i gcaibidlí faoi thrádáil agus forbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála AE, i bhfianaise a choitianta atá saothar den sórt sin in earnáil na talmhaíochta; á iarraidh go ndéanfaidh na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear sochaí shibhialta agus pobail Aontais agus na hAfraice, mar aon lena n-údaráis áitiúla agus a bparlaimintí náisiúnta, faireachán córasach, trédhearcach agus fianaise-bhunaithe ar chur chun feidhme chomhaontuithe trádála idir an tAontas Eorpach agus an Afraic agus ar chomhlíonadh phrionsabail an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt agus an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfar mionanailís ar thionchar CCEnna agus comhaontuithe trádála reatha ar thíortha Afracacha chun a bhunú a oiread atá siad comhoiriúnach le hiarrachtaí chun tacaíocht a thabhairt do phróiseas AfCFTA agus don chomhtháthú ilchríche san Afraic agus a riachtanaí atá sé go mbeidís comhsheasmhach leis na SDGanna agus Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go saothrófaí coigeartú ar fhorálacha CCE, ag brath ar na torthaí; ag iarraidh ar an gCoimisiún, nuair a dhéantar CCEnna a athbhreithniú, aghaidh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar aon éifeacht fhéideartha a d’fhéadfadh cur isteach ar chuspóirí fhorbairt an mhargaidh laistigh den Afraic agus aon éifeacht den sórt sin a mhaolú agus a sheachaint, agus an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe Afracacha; ag cur béim ar an bhfíoras nár mhór go mbeadh na CCEnna ag tacú le forbairt bhreise AfCFTA; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh CCEnna ina mbonn chun an caidreamh eacnamaíoch idir na comhpháirtithe a neartú ar bhealach a théann chun tairbhe don dá pháirtí, agus a leibheil forbartha faoi seach á gcur san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar FBManna, agus tacaíocht i bhfoirm cúnaimh theicniúil a thabhairt do FBManna Afracacha a onnmhairionn chuig AE; á thabhairt dá haire nach mór nithe breise a chumhdach faoi na comhaontuithe chun go mbeidh CCEnna níos tarraingtí, nithe amhail fothú acmhainneachta, mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar, talmhaíocht san áireamh, agus infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do dhaoine óga i dtíortha na hAfraice;

56.

á mheabhrú nach mór fothú acmhainneachta trí chúnamh forbartha AE agus trí infheistíochtaí eile a bheith ag gabháil i gcomhthráth le cur chun feidhme caibidlí inbhuanaitheachta chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta a ngealltanais a chomhlíonadh (17), agus gur cheart go mbeadh geallsealbhóirí na sochaí sibhialta rannpháirteach san fhaireachán (18);

57.

á chur in iúl gur geal léi athchóiriú Rialachán Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (19) agus a ról maidir le deiseanna trádála a mhéadú, éascaíocht a dhéanamh ar éagsúlú onnmhairí le haghaidh tíortha i mbéal forbartha, an fhorbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh agus urraim a áirithiú do chearta an duine, cearta saothair, cosaint an chomhshaoil, forbairt inbhuanaithe, dea-rialachas agus comhionannas inscne; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tíortha Afracacha a fhágfaidh a stádas mar thíortha is lú forbairt ina ndiaidh go luath agus á chur i bhfios nach mór tacú leo ar a n-aistriú rianúil chuig stádas GSP; den tuairim go dtairbheodh na tíortha sin de stádas GSP+ agus á spreagadh chun smaoineamh ar chur isteach air, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún an scéal a bhogadh go gníomhach leis na hiarrthóirí féideartha sin agus tacaíocht a thairiscint dóibh san obair i dtreo na critéir a chomhlíonadh, agus aistriú rianúil ó stádas tíre is lú forbairt go dtí stádas tíre comhpháirtíochta GSP+ a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an GSP comhlántach le tionscnaimh beartais trádála eile ar mhór-roinn na hAfraice; á iarraidh ar na tíortha sa réigiún a thairbhíonn de scéimeanna GSP agus Gach Ní seachas Airm oibriú chun cur chun feidhme éifeachtach a dtiomantas idirnáisiúnta a neartú;

58.

á iarraidh go ndéanfar infheistíocht níos mó sa taighde agus forbairt a bhaineann le hearraí agus teicneolaíochtaí glasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go spreagfar caidreamh foinsithe agus cleachtais cheannaigh níos fearr san fhadtéarma de réir mar a dhéantar rialacha inbhuanaitheachta corparáidí AE amach anseo maidir le dícheall cuí agus gan dífhoraoisiú a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh tuarastal maireachtála ann d’oibrithe agus ioncam maireachtála d’fheirmeoirí beaga agus urraim don chomhshaol a áirithiú agus rannpháirtíocht fhónta ó gheallsealbhóirí, lena n-áirítear ó shealbhóirí ceart, i mbearta uile an phróisis díchill chuí; á athdhearbhú go bhfuil bithéagsúlacht eisceachtúil san Afraic; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an róshaothrú a dhéantar ar acmhainní nádúrtha agus tionchar laghdú na bithéagsúlachta ar leibhéil athléimneachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe go bhfuil ag méadú ar an ráta dífhoraoisithe san Afraic, go háirithe in abhantrach an Chongó, agus gan ach áit amháin, an Bhrasaíl, chun tosaigh uirthi sa bhliain 2020 ó thaobh caillteanas foraoise príomúla de, agus i gCamarún, agus gur cúis bhuartha di chomh maith speicis ainmhithe neamhchoitianta a bheith á smugláil; á chur i bhfios gur caillteanas linnte carbóin agus bithéagsúlachta do-athraithe a bhíonn mar thoradh ar léirscrios na foraoise báistí san Afraic, agus go gcailltear tithe agus modhanna maireachtála na bpobal dúchasach freisin; á mheabhrú go gcuireann foraoisí go mór le spriocanna aeráide a bhaint amach, le cosaint na biththéagsúlachta agus le fairsingiú fásaigh agus creimeadh foircneach ithreach a chosc; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an uisce mar bhunchloch thábhachtach don athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, go háirithe i gcomhthéacs slándáil bia agus cothaitheach, agus go bhfuil an baol ann gur acmhainn ghann í uisce amach anseo; den tuairim, ar an ábhar sin, gur cheart breis tábhachta a thabhairt don soláthar uisce; á chur i bhfáth gur chuir fairsingiú fásaigh agus saithí lócaistí go mór le drochstaid na slándála bia san Afraic, a bhí go dona cheana féin, agus gur thug paindéim COVID-19, agus na fadhbanna eacnamaíochta agus lóistíochta a lean í, léargas ar achmainneacht fhéideartha na margaí áitiúla agus réigiúnacha chun dul i ngleic le leochaileachtaí agus laigí sa chóras bia domhanda; á mheas nach mór comhpháirtíocht trádála a bheith bunaithe ar shamhlacha agus teicneolaíochtaí atá dea-oiriúnaithe do shamhlacha talmhaíochta thíortha na hAfraice, dá ngeilleagair agus dá mbarra, agus ar an gcomhoibriú, go háirithe trí oiliúint agus malartú eolais trína dtugtar úinéireacht, neamhspleáchas, agus ceart tionscnaimh d’fheirmeoirí;

59.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cathracha agus bailte chun spiorad na cóirthrádála a chur chun cinn; ag moladh an Choimisiúin as an nGradam do chathracha an Aontais Eorpaigh as Trádáil Chóir agus Eiticiúil a lainseáil; ag moladh Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán agus Coimisinéir um Thrádáil, as a ghealltanas leanúint den tionscnamh tábhachtach sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú a iarraidh le Coimisiún AA chun feabhas a chur ar an gcomhar díreach idir cathracha agus bailte sa dá mhór-doinn, chun caidreamh trádála cóir agus eiticiúil a chur chun cinn agus chun infheictheacht an iliomad tionscnamh faoi seach na gcomhairlí cathrach a mhéadú;

60.

á chreidiúint gur cheart, anois níos mó ná riamh tar éis phaindéim COVID-19, cuir chuige nua a ghlacadh ar leibhéal domhanda agus i dtaca leis an Afraic go háirithe, le haghaidh caidreamh eacnamaíoch, tráchtála agus trádála bunaithe ar thrádáil chóir agus eiticiúil agus ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an chomhair;

61.

á chur in iúl gur geal léi an dearbhú a comhaontaíodh ag cruinniú an 15 Feabhra 2022 de cheannairí rialtais áitiúla agus réigiúnacha bhallstáit AA agus AE sa Bhruiséil, inar cuireadh béim ar an bhfíoras inter alia go bhfuil 65 % de na 169 sprioc atá ina mbonn taca leis na SDGanna nach mbainfear murach rannpháirtíocht na rialtas áitiúil agus réigiúnach;

62.

á chur in iúl gur díol sásaimh di comhaontú Chomhairle Airí AfCFTA maidir le rialacha comhchoiteanna tionscnaimh don bhloc le haghaidh 87,7 % d’earraí nó 3 800 líne taraife arna gcumhdach faoi AfCFTA; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na rialacha tionscnaimh a chomhchuibhiú agus togra maidir le rialacha tionscnaimh aontaithe a fhorbairt le haghaidh trádáil leis na tíortha Afracacha uile, bunaithe ar na rialacha a comhaontaíodh le deireanas laistigh de AfCFTA, le cur in ionad na breacachana rialacha tionscnaimh i gcomhaontuithe agus socruithe trádála éagsúla AE le réigiúin agus tíortha san Afraic; suite de go rachadh an méid sin chun sochair do chuideachtaí agus údaráis chustaim AE freisin; ag iarraidh ar an gCoimisiún féidearthachtaí agus bearta breise a iniúchadh a chuirfeadh feabhas ar na naisc agus sineirgí idir socruithe trádála éagsúla AE le tíortha san Afraic agus AfCFTA; á chur in iúl gur geal léi sprioc AfCFTA, mar atá, an difreáil réigiúnach a fheabhsú agus na córais bhonneagair a leathnú agus a idirnascadh; ag iarraidh ar AE rannpháirtíocht a bhunú le rúnaíocht AfCFTA chun an fothú acmhainneachta agus tacaíocht theicniúil a chur ar aghaidh ar mhaithe le AfCFTA a chur chun feidhme;

63.

á chur in iúl gur geal léi gur oscail BEI a chéad mhol san Afraic, in Nairobi, príomhchathair na Céinia, mí na Samhna 2021;

64.

á chur in iúl gur mór aici an tionscnamh ón gComhairle agus ón gCoimisiún chun an chéad Seachtain na hAfraice agus na hEorpa a eagrú, a tionóladh i mí Feabhra 2022 sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi obair thorthúil roinnt mílte ionadaithe ó eagraíochtaí óige, eagraíochtaí sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, an earnáil cultúir agus an earnáil gnó; á chur i bhfáth go bhféadfaí caidreamh idir AE agus an Afraic a fheabhsú go struchtúrtha san fhadtéarma le rannpháirtíocht níos fearr ón Aontas le hAfracaigh óga agus leis an diaspóra Afracach san Aontas Eorpach; á chur in iúl gurb oth léi, sa chomhthéacs sin, nach raibh Parlaimint na hEorpa níos rannpháirtí agus gur le linn sheachtain iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg a tharla na hócáidí, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhar níos mó i measc na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí gnó, a chur chun cinn, sula dtarlóidh na tionscnaimh atá beartaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún Seachtain na hAfraice-na hEorpa a eagrú ar bhonn bliantúil, agus daoine óga, mná agus cailíní go háirithe, a chuimsiú sna pléití a eagraítear le linn Sheachtain na hAfraice na hEorpa;

65.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leaganacha den Chruinniú Mullaigh Gnó idir AE agus an Afraic amach anseo a dhíriú ar an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith á imirt ag roghanna malartacha táirgthe inbhuanaithe agus eacnamaíocha áitiúla, amhail tairgí orgánacha agus cóirthrádála, comharchumainn feirmeoirí beaga agus geallsealbhóirí an gheilleagair shóisialta chun comhpháirtíocht trádála níos inbhuanaithe agus níos cothroime a fhothú idir an Afraic agus AE;

66.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé rannpháirtíocht geallsealbhóirí a mhéadú, go háirithe comhlachais ghnó FBManna ó áiteanna ar fud ilchríoch na hAfraice agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil breis tábhachta leo ó AE agus AA araon, sna díospóireachtaí lena mbunaítear gné nua na trádála, na hinfheistíochta agus an chomhair eacnamaíoch, atá dírithe ar chaidreamh cóir agus eiticiúil;

67.

ag tabhairt dá haire gur cumasóirí ríthábhachtacha trádála agus geilleagar rathúil iad gréasáin iompair; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé limistéir thuaithe agus uirbeacha Afracacha a nascadh ar bhealach níos fearr chun breis idirnascachta a áirithiú laistigh de thíortha Afracacha agus d’ilchríoch na hAfraice; á chur i bhfáth nár mhór moltaí Fhoireann na hEorpa chun tionscadail bhonneagair a réadú a bheith ag fothú ar na riachtanais arna sainaithint ag AA sa Chlár maidir le Forbairt Bonneagair don Afraic; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh geallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta maidir le nádúr agus méid na dtionscadal bonneagair; á mheabhrú go bhfuil thart ar 53 % de na bóithre san Afraic gan phábháil agus iad scoite ó na moil thrádála, agus go mbíonn rochtain ar bhóithre a fheidhmíonn i gcaitheamh na bliana ag níos lú ná leath an daonra sna limistéir thuaithe, léiriú ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail seachas tionscadail shuaitheanta amháin; á iarraidh freisin go ndéanfar infheistíochtaí sa lóistíocht slabhra fuar agus i saoráidí stórála nua-aimseartha agus i lóistíocht fheabhsaithe i gcoitinne idir láithreacha táirgthe agus tomhaltais trína gcumasaítear d’fheirmeoirí a dtáirgí talmhaíochta a sheachadadh feadh achair áirithe, agus i bhfianaise uirbiú gasta na hAfraice freisin, rud a chuidíonn chun deireadh a chur leis an easlándail bia; ag tabhairt dá haire go gcabhródh líonra iompair feidhmiúil agus infheistíochtaí i dtionscadail bhonneagair chun geilleagair na hAfraice a fhorbairt; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach infheistíocht i dtionscadail bhonneagair san Afraic a éascú trína ionstraimí trádála agus infheistíochta don Afraic;

68.

ag spreagadh díospóireacht fhorleathan agus é mar aidhm aici athmheastóireacht a dhéanamh ar shamhlacha agus pleananna chun bonneagar a fhorbairt agus samhlacha soghluaisteachta malartacha agus réitigh shoghluaisteachta nua-aimseartha ón 21ú haois a shainaithint don uile dhuine laistigh de na réigiúin agus ar fud na mór-roinne, agus an méid sin bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh san Aontas Eorpach agus i dtíortha tionsclaithe eile, chun na botúin a rinneadh ansin a sheachaint;

69.

á chur i bhfáth gur príomhthosca san fhorbairt iad oideachas agus oiliúint ghairmiúil a dhéanann na scileanna a theastaíonn sa mhargadh saothair a chur ar fáil do dhaoine; den tuairim, sa chomhthéacs sin, nach mór comhar idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ón dá mhór-roinn a neartú; den tuairim gur cheart tacaíocht a thabhairt, i ndáil leis sin, do thionscnaimh ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ón earnáil phríobháideach agus d’fhiontraíocht san Afraic agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar an méid sin, óir chuir an phaindéim i bhfios go láidir a thábhachtaí atá scileanna digiteacha agus modhanna foghlama digiteacha araon

70.

á chur in iúl go bhfuil an fhís fhadtéarmach chéanna aici comhaontú cuimsitheach trádála agus comhair a chruthú idir an tAontas agus an Afraic, ó ilchríoch go hilchríoch, ar comhaontú é a chuirfidh le AfCFTA; á chur i bhfios go láidir nach mór forbairt fhónta ar mhargadh stóinsithe agus athléimneach laistigh den Afraic a bheith ann ar dtús sula ndéantar comhaontú trádála agus comhair ó mhór-roinn go mór-roinn; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhfuil ról ag rannpháirtíocht bheartas trádála AE leis an Afraic maidir le forbairt margaidh laistigh den Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an Pharlaimint a uasdátú go rialta maidir le cuspóir fadtéarmach comhaontú trádála agus comhair ó mhór-roinn go mór-roinn, go háirithe trí na hionstraimí beartais éagsúla a bhaineann leis an Afraic;

71.

á iarraidh go ndéanfar na tiomantais maidir le trádáil agus infheistíocht a comhaontaíodh ag Cruinniú Mullaigh AE-AA 2022 a chur chun feidhme go freagrúil agus go gasta, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tuairisciú go struchtúrach don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme na dtiomantas maidir le trádáil agus infheistíocht ag na coistí ábhartha;

72.

á chur in iúl gur díol sásaimh di Tionscnamh AE um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus AE agus an tacaíocht leanúnach a thugann AE do Mhargadh Aonair Leictreachais na hAfraice; á chur i bhfáth nach mór rochtain ar fhuinneamh a ráthú ar phraghas réasúnta do chách mar earra coiteann agus ceart bunúsach; agus gur saincheisteanna iad rochtain ar fhuinneamh agus an t-éileamh ar fhuinneamh sa todhchaí ar cheart do AE agus an Afraic aghaidh a thabhairt orthu i dteannta a chéile; ag tabhairt dá haire nár mhór an acmhainneacht fuinnimh inbhuanaithe agus ísealcharbóin nua san Afraic a ghiaráil agus infheistíocht a dhéanamh in earnálacha a mbeidh breisluach níos airde acu, amhail cruach ghlas agus hidrigin ghlas, go hairithe tríd an gcomhar teicneolaíochta a fheabhsú agus onnmhairí fuinnimh ghlain a mhéadú; á chur i bhfios go bhfuil cúnamh teicniúil ag teastáil maidir le reachtaíocht do mhargadh fuinnimh agus gur cheart é a chur ar fáil trí bhíthin comhar idir an tAontas agus an Afraic, agus trí chaighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe ar na príomhghnéithe den Tairseach Dhomhanda i ndáil leis an Afraic; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas faoin Tairseach Dhomhanda faoina ndéanfar EUR 2,4 billiúm i ndeontais a shlógadh ar mhaithe leis an Afraic Fho-Shahárach agus EUR 1,08 billiún ar mhaithe leis an Afraic Thuaidh chun tacú le fuinneamh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, an t-aistriú cóir agus glasú na slabhraí luacha áitiúla; á iarraidh go gcruthófar cur chuige cliste maidir le hinscne san earnáil fuinnimh a dhéanfadh mná a chumhachtú mar cheannairí fuinnimh, mar oibrithe fuinnimh agus mar thomhaltóirí fuinnimh;

73.

á áitiú go bhfuil tábhacht le fothú comhpháirtíochtaí chun inbhuanaitheacht slabhraí luacha amhábhair a fheabhsú, tógáil ar an bplean gnímh maidir le hamhábhair chriticiúla agus leas a bhaint as ionstraimí beartais sheachtracha AE uile;

74.

Á iarraidh go gcuirfear an nasc idir an tsláinte phoiblí agus an hbithéagsúlacht san áireamh, i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, cur chuige de chuid NA, agus á chur in iúl gur geal léi an fógra ón tionscnamh NaturAfrica, a bhfuil mar aidhm aige fiadhúlra agus éiceachórais san Afraic a chosaint, agus aan t-thbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra; ag tabhairt dá haire go luaitear sa litrríocht acadúil gur aimsíodh roinnt teospotaí domhanda maidir le galair zónóiseacha éiritheacha san Afraic; á mholadh go ndéanfar measúnuithe tionchair ar an riosca don tsláinte ó phaindéimí agus galair éiritheacha a fhorbairt agus a ionchorprú i mórthionscadail forbartha agus talamhúsáide arna n-éascú ag an gcomhpháirtíocht athnuaite idir AE agus AA, agus go ndéanfar cúnamh airgeadais don talamhúsáid a athchóiriú chun na sochair agus rioscaí don bhithéagsúlacht agus don tsláinte a aithint agus spriocdhíriú go sainráite orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-eiseofaí treoraíocht le haghaidh cuideachtaí agus infheisteoirí AE atá gníomhach san Afraic i ndáil leis an treoir amach anseo maidir le dícheall cuí corparáideach inbhuanaithe (20); ag iarraidh ar AE agus AA a bheith ag brú ar son comhpháirtíocht sláinte agus trádála idir-rialtasach nua a bheidh dírithe ar rioscaí galar zónóiseach a laghdú sa trádáil idirnáisiúnta ar fhiadhúlra; á chur i bhfáth gur cheart tionscnamh NaturAfrica a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na bpobal áitiúil, na bpobal dúchasach agus na mban; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú le rialtais na hAfraice agus le pobail áitiúla chun dul i ngleic, ar bhealach iomlánaíoch agus córasach, leis na nithe is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú comhshaoil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thairiscint i gcás líonraí dea-bhainistithe limistéar faoi chosaint; á iarraidh go gcuimseofar forálacha uaillmhianacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht faoi anáil chur chuige na hAon Sláinte Amháin nuair a dhéantar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche a nuachóiriú; á mheas go mba cheart don Aontas rannchuidiú le réadú an Bhalla Mhóir Ghlais i réigiún na Saiheile, a chabhróidh go mór chun stop a chur lena thuilleadh fairsingiú fásaigh, agus a thabharfaidh cosaint dá réir d’ioncaim ón talmhaíocht;

75.

á chur i bhfios go láidir nach mór cearta an duine agus comhionannas inscne a bheith i gceartlár an chomhair atreisithe idir AE agus AA, agus fócas ar leith ar thionchar na dteicneolaíochtaí éiritheacha agus nuálacha ar chearta an duine agus ar mhná a bheith á gcuimsiú sa gheilleagar; á chur i bhfáth go mbaineann an-fhéidearthacht leis an trádáil dhigiteach chun éascú na trádála san Afraic a fheabhsú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainneachtaí digiteacha a chur ar aghaidh chun cur chun feidhme CCEnna a éascú agus chun AfCFTA a chur chun feidhme; ag iarraidh ar an gCoimisiún clár oibre digiteach AE-AA a mheas agus é i mbun plé lena chomhpháirtithe straitéiseacha domhanda;

76.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh comhroinnt eolais agus forbairt scileanna laistigh den Afraic rannchuidiú le caidreamh trádála inbhuanaithe a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil féidearthachtaí sa bhonneagar digiteach chun geilleagar na hAfraice a spreagadh agus chun an nuálaíocht ar an mór-roinn a spreagadh; á iarraidh go ndéanfaí comhar treisithe maidir le cláir oibre dhigiteacha AE-AA bunaithe ar phrionsabail an rialachais dhaonlathaigh, rialacha iltaobhacha tacaíochta maidir leis an ríomhthráchtáil, sásraí rialála éifeachtacha ar fud an réimse dhigitigh agus sásraí rialachais ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil le haghaidh bonneagar sonraí agus digiteach a chuireann gcuirtear forbairt atá dírithe ar dhaoine ina gcroílár; ag cur sonrú i gcruthú Thascfhórsa AE-AA um an nGeilleagar Digiteach, á chur i bhfáth gur cheart, trí bhíthin caidreamh digiteach AE-AA, go ndéanfaí feachtas na hAfraice chun claochlú digiteach a dhéanamh a chur chun cinn agus go ndéanfaí urramú ar chearta rialtas úinéireacht a sonraí a choinneáil agus a ngeilleagar digiteach a rialáil de réir a riachtanas forbraíochta agus d’fhonn saol digiteach níos cothroime a bhaint amach; ag iarraidh ar AE tacú le huas-scálú digiteach tíortha Afracacha le cabhair ó ardáin UNCTAD a cruthaíodh chun gnóthachain forbartha inbhuanaithe ón gclaochlú digiteach a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór claochlú digiteach a bheith comhsheasmhach le prionsabail na cosanta sonraí;

77.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Aontas Afracach, chuig rialtais agus parlaimintí bhallstáit an Aontais Afracaigh, agus chuig Ard-Rúnaí AfCFTA.

(1)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 80.

(2)  (Assembly/AU /Dec.692(XXXI)).

(3)  Kigali Decision (Assembly/AU/Dec.605 (XXVII)).

(4)  IO C 162, 10.5.2019, lch. 9.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0073.

(6)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(7)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 11.

(8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0516.

(9)  IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.

(10)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.

(11)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0472.

(13)  Alt le FAO an 11 Feabhra 2019 dar teideal “FAO calls for urgent action to curb corruption, illicit exploitation of forests”, a rinneadh rochtain air an 1 Meitheamh 2022. Ar fáil ag: https://www.fao.org/africa/news/detail-news/en/c/1180700/

(14)  Alt le Clár Forbartha NA san Aetóip, dar dáta 13 Deireadh Fómhair 2016 agus dar teideal “Gender gap costs sub-Saharan Africa $US95 billion a year: UND”, arna rochtain an 3 Meitheamh 2022. Ar fáil ag:

https://www.undp.org/ethiopia/press-releases/gender-gap-costs-sub-saharan-africa-us95-billion-year-new-undp-report.html

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy (COM(2021)0066.[Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach].

(16)  Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe, IO L 330, 15.11.2014, lch. 1.

(17)  Plépháipéar ó Institiúid Forbraíochta na Gearmáine, Eanáir 2016 dar teideal “Can Rules of Origin in Sub-Saharan Africa be Harmonized? A Political Economy Exploration” [An féidir na Rialacha Tionscnaimh san Afraic Fho-Shahárach a chomhchuibhiú? Geilleagar Polaitiúil a Iniúchadh].

(18)  Plépháipéar ó Institiúid Forbraíochta na Gearmáine, Eanáir 2016 dar teideal “Can Rules of Origin in Sub-Saharan Africa be Harmonized? A Political Economy Exploration” [An féidir na Rialacha Tionscnaimh san Afraic Fho-Shahárach a chomhchuibhiú? Geilleagar Polaitiúil a Iniúchadh].

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).

(20)  Togra ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáidí agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071).