27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/39


P9_TA(2022)0265

Bearta maidir le cuimsiú laistigh d’Erasmus+ 2014-2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020 (2021/2009(INI))

(2023/C 32/07)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 6, 10, 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (2),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 dar teideal “Measúnú lár-théarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020)” (COM(2018)0050),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 dar teideal “Féiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr – Rannchuidiú an Choimisiúin Eorpaigh do chruinniú na gCeannairí in Göteborg, an 17 Samhain 2017” (COM(2017)0673),

ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (3),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal “Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas LADTIA 2020-2025” (COM(2020)0698), atá ag tógáil ar na Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2016 maidir le comhionannas LADTIA,

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(2020)0565), a fhéachann le nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine, gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (4) (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’ (5),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d”Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0158/2022),

A.

de bhrí gur cuid fhíorthábhachtach den fhoghlaim dhigiteach agus den fhoghlaim i bpearsa í an tsoghluaisteacht; de bhrí gur gné dhílis de bhunluachanna an Aontais é deiseanna comhionanna agus cuimsitheacha a chur ar fáil do chách, agus go gcaithfidh sé leanúint ar aghaidh mar sin, agus de bhrí go gcaithfidh daoine ó gach cúlra agus gach aicme den tsochaí a bheith in ann tairbhe iomlán agus chomhionann a bhaint as Erasmus+; ag tabhairt chun suntais nach é amháin go dtéann Erasmus+ chun tairbhe dá rannpháirtithe, ach go dtéann sé chun tairbhe freisin do phobail agus sochaithe iomlána agus go ndéanann sé Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 na Náisiún Aontaithe a chomhall; á thabhairt dá haire gur sochaithe atá níos daonlathaí, níos láidre agus níos comhtháite a leanann as sin, mar aon le sochaithe a bhfuil teacht aniar níos fearr iontu;

B.

de bhrí go gcuirtear béim i Rialachán Erasmus+ 2014-2020 ar chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus ar rannpháirtíocht daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta nó daoine ar lú na deiseanna atá acu, de réir mar a shainmhínítear é sin i “Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht Erasmus+”, lena gcuimsítear daoine a mbíonn orthu dul i ngleic le míchumais, le fadhbanna sláinte, le deacrachtaí oideachasúla, le difríochtaí cultúrtha, agus le constaicí eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta; á chur i bhfios go láidir go dtéann clár Erasmus+ (2021-2027) lámh ar láimh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

C.

de bhrí go raibh tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19 ar an earnáil oideachais ina hiomláine, rud a chuir go mór leis na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana féin ó thaobh oideachas a rochtain agus rud a tharraing aird ar an ngá atá ann bearta a bhaineann le cuimsiú a choimeád in Erasmus+ agus aon fheabhsúcháin is gá a dhéanamh;

D.

de bhrí nach ndearnadh aon straitéis um chuimsiú, atá comhchuibhithe agus éigeantach, a leagan síos ar an leibhéal Eorpach do chlár Erasmus+ le haghaidh 2014-2020, agus gur easnamh é sin a chuir teorainn leis an tionchar a bhí ag bearta a bhaineann le cuimsiú laistigh den chlár;

E.

de bhrí go gcuireann soghluaisteacht fhisiciúil ar chumas daoine iad féin a thumadh i gcultúir eile agus go dtugann sí an deis dóibh an t-idirghníomhú is fearr le cultúir eile a bhlaiseadh, agus de bhrí go gcuireann malartuithe fíorúla agus foghlaim fhíorúil go mór le soghluaisteacht fhisiciúil, ach fós nach bhfuil an cháilíocht chéanna ó thaobh éispéiris de ná ó thaobh sochar de le fáil acu as sin;

F.

de bhrí gur chuir an phaindéim dlús leis an aistriú digiteach agus gur tharraing sé aird ar an tábhacht atá le dea-scileanna digiteacha a bheith ag daoine; á chur i bhfios go láidir gur féidir le Erasmus+ rannchuidiú go suntasach le huas-sciliú agus ath-sciliú digiteach;

G.

de bhrí gur féidir le heispéaras na soghluaisteachta a éiríonn as Erasmus+ athrú as cuimse a thabhairt isteach i saol na rannpháirtithe, agus gur féidir leis an eispéaras sin tionchar dearfach a imirt ar a scileanna cumarsáide, ar a bhféinmhuinín, ar a suáilceas, ar a smaointeoireacht chriticiúil, ar a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil, ar a n-infhostaitheacht, ar a ndea-bhail agus ar a dtuiscint ar na tairbhí a bhaineann le hEoraip aontaithe trí dheiseanna foghlama cuimsitheacha a sholáthar ina ndéantar a saol a shaibhriú agus a ligeann dóibh blaiseadh den oidhreacht teanga agus chultúrtha san Eoraip a fháil le linn dóibh eolas a ghnóthú a seasfaidh dóibh ar feadh a saoil;

H.

de bhrí go ndearna an measúnú mheántéarma ar chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún in 2018, béim a chur ar an ngá le teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine ar lú na deiseanna atá acu agus le heagraíochtaí beaga sna réigiúin go léir;

1.

á thabhairt dá haire le sástacht go bhfuil dearcadh dearfach ar an iomlán ann faoin gcaoi a ndearnadh bearta a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt i gcaitheamh chlárthréimhse Erasmus+ 2014-2020;

2.

á thabhairt chun suntais gur cheart do Erasmus+ tacú leis na pleananna idirnáisiúnaithe atá ag geallsealbhóirí agus ag rannpháirtithe an chláir atá ag rannchuidiú le deireadh a chur le bacainní fisiciúla, síceolaíocha, sóisialta, socheacnamaíocha, teanga agus digiteacha, mar aon le bacainní eile, ar shoghluaisteacht foghlama agus ar thionscadail Eorpacha, ar pleananna iad sin a thugann faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe, mar aon le tacaíocht cháilíochtúil, do rannpháirtithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht nó ag a bhfuil riachtanais shonracha;

3.

á chur i bhfáth go bhfuil gá fíor-riachtanach ann le haghaidh cistiú agus deontais sainoiriúnaithe, amhail réamh-mhaoiniú, deontais bhreise, íocaíochtaí roimh ré agus cnapshuimeanna, chun go méadófar a mhéid atá daoine ar lú na deiseanna atá acu nó daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste rannpháirteach sa chlár, mar go bhfuil bacainní airgeadais fós ar cheann de na constaicí is mó atá ar dhaoine ó thaobh páirt a ghlacadh in Erasmus+; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá rialacha solúbtha a chur i bhfeidhm chun suim airgeadais leordhóthanach a sholáthar a chlúdóidh a gcuid riachtanas, go háirithe a gcostais mhaireachtála;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar uirlisí maoinithe Erasmus+ agus sineirgí le cláir eile a bhunú;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil an méid airgid a íoctar amach trí dheontais soghluaisteachta fós neamhdhóthanach i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis sin a bheith ina chúis le heisiamh sóisialta do na mic léinn agus teaghlaigh sin nach bhfuil sé ar a n-acmhainn costais na soghluaisteachta a sheasamh; á iarraidh go mbeadh méadú i mbuiséad 2023 chun go bhféadfar bearta a bhaineann le cuimsiú in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán;

6.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbíonn na huirlisí digiteacha atá cheana ann ag obair go cuí agus go hiomlán, agus ag tathant freisin air dul i ngleic gan mhoill leis na saincheisteanna tromchúiseacha atá fós ann a bhaineann le huirlisí TF Erasmus+, a bhfuil siad sin ag cur bac suntasach ar a mhéid a bhíonn eagraíochtaí beaga, daoine ar lú na deiseanna atá acu, rannpháirtithe scothaosta agus daoine den fhoireann a chuidíonn le páipéarachas riaracháin ag glacadh páirt sa chlár, ach freisin go bhfuil siad ag cur bac ar an uile chineál tairbhí a bheith páirteach ann; á iarraidh ar an gCoimisiún an próiseas a ghabhann le huirlisí TF a thugtar isteach as an nua a dhéanamh níos éasca agus inrochtana do na grúpaí go léir, agus iad a thástáil ar scála sách mór sula gcuirtear chun feidhme iad;

7.

á thabhairt dá haire go stopann na bacainní riaracháin go leor foghlaimeoirí féideartha ó pháirt a ghlacadh sa chlár; ag tathant ar an gCoimisiún an maorlathas a laghdú agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar chistiú a shimpliú d’fhonn sruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiseas, agus an próiseas sin a dhéanamh níos éasca le tuiscint agus níos inrochtana; á chur i bhfios go láidir gur bacainn ar rochtain do chách atá san ualach riaracháin agus gur mó a dhéanann sé sin difear do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu nó do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh na nósanna imeachta chun cur isteach ar Erasmus ar fáil i ngach ceann de na teangacha Eorpacha;

8.

ag moladh an róil atá ag múinteoirí, oibrithe óige agus sóisialta, eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, cumainn agus an fhoireann oideachais mar threallús d’institiúidí rannpháirteacha ó thaobh feasacht ar an gclár a mhúscailt, trí fhoghlaimeoirí a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus trí dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a shainaithint; á thabhairt dá haire nach mbeadh formhór na rannpháirtithe, go háirithe daoine ar lú na deiseanna atá acu, in ann páirt a ghlacadh in Erasmus+ dá n-uireasa; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta meas a bheith acu ar an obair a dhéanann siad sin, a dhéantar ar bhonn deonach go minic, agus aitheantas a thabhairt don obair sin, agus tacú leo trína soghluaisteacht féin a éascú agus maoiniú agus tacaíocht leormhaith a chur ar fáil dóibh nuair a bhíonn siad i dtionlacan rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus nuair a bhíonn oiliúint shainiúil atá oiriúnaithe dá riachtanais á tairiscint acu do na rannpháirtithe sin; ag tabhairt dá haire an tábhacht atá le nuashonrú a dhéanamh ar uirlisí éagsúla a úsáideann siad chun rannpháirtithe féideartha a shainaithint agus an tábhacht atá le heispéaras Erasmus+ a shainoiriúnú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag gach rannpháirtí aonair;

9.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oiliúint agus tacaíocht iomchuí a thabhairt do theagascóirí faoin gcaoi le déileáil go héifeachtach le dúshláin agus deiseanna, agus faoin gcaoi le dea-chleachtais phraiticiúla a mhalartú le chéile;

10.

ag tathant ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta níos mó seimineár oideachais a éascú d’fhoireann Erasmus+ ó thaobh tionscadail a chur i gcrích, modhanna a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt agus breathnú isteach i mbealaí nua chun rochtain a fháil ar thairbhithe an chláir amach anseo;

11.

á chur i bhfáth go gcaithfidh an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí náisiúnta tacaíocht níos fearr a sholáthar d’eagraíochtaí pobail i ngach limistéar, lena n-áirítear eagraíochtaí faoi threoir an phobail agus eagraíochtaí beaga, go háirithe sna réigiúin i forimeallaí, in oileáin agus i limistéir iargúlta, sléibhtiúla, tuaithe agus ísealrochtana, agus chun a áirithiú go ndéantar acmhainní agus tionscadail a leithdháileadh go cothrom i ngach Ballstát;

12.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht leormhaith airgeadais agus ábhair a sholáthar don fhoireann, sa bhreis ar bhreisoiliúint agus saineolas breise, ionas gur féidir leo a bheith gníomhach le rannpháirtithe, lena dteaghlaigh agus le tairbhithe agus gur féidir leo feabhas a chur ar rochtain agus borradh a chur faoi rath agus tionchar na dtionscadal, agus fós a áirithiú go dtarlaíonn an tsoghluaisteacht agus na tionscadail ar bhonn rianúil; á thabhairt dá haire gur féidir leis na gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit cúnamh suntasach a thabhairt trí riachtanais eagraíochtaí agus institiúidí ar an gceist seo a shainaithint agus tríd an tacaíocht is gá a sholáthar;

13.

ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeacht dhearfach ag soghluaisteacht ghearrthéarmach ar leanaí scoile ó thaobh bacainní meabhracha agus síceasóisialta a chur díobh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta tionscadail soghluaisteachta atá dírithe ar leanaí agus ar dhéagóirí a chothú;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú, ar mhodh ar líne chomh maith lena dhéanamh ar mhodh den líne, chun feasacht agus for-rochtain i measc na saoránach maidir le tairbhí Erasmus+ a mhéadú trí chomhar leis na meáin agus leis na meáin shóisialta i saoráidí foghlama poiblí amhail leabharlanna, scoileanna agus ollscoileanna;

15.

á iarraidh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta go léir daoine a cheapadh le bheith ina n-oifigigh um chuimsiú agus éagsúlacht, agus iad a bheith tiomnaithe go hiomlán don ról sin, chun teagmháil a dhéanamh go díreach le foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta agus/nó foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, ina leith seo, ar na heagraíochtaí sin a roghnaíodh chun gníomhaíochtaí Erasmus+ a chur chun feidhme daoine teagmhála a ainmniú a bheidh tiomnaithe go hiomlán don ról teagmháil a choinneáil le daoine ar lú na deiseanna atá acu, agus ag meabhrú go gcaithfidh faisnéis i dtaobh seirbhísí tacaíochta do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta a bheith soiléir, cothrom le dáta, iomlán agus éasca le rochtain;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na treoirlínte do bheartais náisiúnta a chumasóidh rannpháirtíocht fheabhsaithe foghlaimeoirí a chaitheann dul i ngleic le fadhbanna sláinte, le difríochtaí cultúrtha agus le bacainní eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta, agus á iarraidh freisin air cur chun feidhme na mbeartas náisiúnta sin a ghrinnscrúdú agus tuairisciú orthu;

17.

ag tacú le gach uile thionscnaimh AE atá dírithe ar shoghluaisteacht mac léinn a éascú, amhail aip mhóibíleach Erasmus+, “Erasmus gan pháipéar” agus an Cárta Mic Léinn Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a fhiosrú an féidir Erasmus+ a nascadh níos dlúithe le cláir eile agus comhar treas-earnálach, lena n-áirítear Interrail, a chothú ionas go bhféadfar níos mó cuimsitheachta agus comhionannais a chothú ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain ar roghanna soghluaisteachta atá níos fearr agus níos glaise, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh DiscoverEU a dhéanamh níos cuimsithí, rud a ligfeadh do níos mó daoine páirt a ghlacadh ann;

18.

á chur i bhfáth gur cheart fócas speisialta a bheith ar inniúlachtaí teanga, go háirithe do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tacaíocht spriocdhírithe agus grúpshonrach ann d’foghlaim teanga mar ullmhúchán don tsoghluaisteacht agus á áitiú nár cheart go mbeadh an tacaíocht sin teoranta do chúrsaí ar líne;

19.

ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO (Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna) ó thaobh bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme don snáithe “An Óige” faoi Erasmus+, agus á thabhairt dá haire nach mór súil ghéar a choinneáil ar an gcaoi a ndéantar straitéisí um chuimsiú a leathnú amach go dtí an snáithe “Oideachas & Oiliúint” sa chlárthréimhse reatha, mar go bhfuil difríocht idir na spriocghrúpaí; á chur bhfáth gur gá do ghníomhaireachtaí náisiúnta oibriú níos dlúithe le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le geallsealbhóirí eile i réimse an oideachais aosaigh ionas go n-éascófar an próiseas chun foghlaimeoirí i réimse an oideachais aosaigh a chuimsiú i gclár Erasmus+ do thréimhse 2021-2027;

20.

á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí iontaofa atá ann – idir shonraí chainníochtúla agus sonraí cáilíochtúla – maidir le rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu i gclár Erasmus+, amhail sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun a shainaithint cad iad grúpaí ar cheart bearta a bhaineann le cuimsiú a spriocdhíriú orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá scéimeanna meastóireachta a fhorbairt chun staitisticí soiléire a tháirgeadh agus gur gá measúnú iomchuí a dhéanamh ar fhadhbanna eile chun uirlis bhainistíochta agus stiúrtha a chruthú do bhearta a bhaineann le cuimsiú, ag úsáid modhanna a léiríonn urraim iomlán do rialacháin cosanta príobháideachais agus sonraí agus nach gcuireann ualaí riaracháin míchuí ar eagraíochtaí agus ar rannpháirtithe; ag athdhearbhú go bhfuil gá le forbairt acmhainneachta níos mó do dhaoine den fhoireann i ndáil le táscairí agus córais faireacháin don chuimsiú;

21.

ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí taighde agus staidéir uile-Eorpacha maidir le cuimsiú a mhaoiniú sa chlárthréimhse reatha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag geallsealbhóirí ó thaobh a bheith páirteach le heagraíochtaí agus le daoine ar lú na deiseanna atá acu; á chur in iúl go láidir go bhfuil tábhacht le taifid agus staitisticí a choimeád a d’fhéadfadh fónamh mar bhonn do chomhairliúcháin ar chláir amach anseo;

22.

á iarraidh go gcuirfí riachtanais shainiúla daoine faoi mhíchumas san áireamh chun a rannpháirtíocht sa chlár a éascú trí shoghluaisteacht hibrideach a thairiscint dóibh trí bhíthin ullmhúchán a dhéanamh don tréimhse shoghluaisteachta, tríd an deis a thabhairt dóibh duine a bheith in éineacht leo, agus trí chóiríocht oiriúnach agus inrochtana mar aon le seirbhísí tacaíochta speisialta a sholáthar dóibh bunaithe ar a gcuid riachtanas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le haiseolas a bhailiú uathu tar éis na tréimhse soghluaisteachta chun rannpháirtíocht tairbhithe sa todhchaí a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht, treoraíocht agus uirlisí sonracha a ligeann do dhaoine faoi mhíchumas clárú do chlár Erasmus+ agus páirt a ghlacadh ann; á mheabhrú gur cheart go mbeadh rochtain ar chistí agus deontais ag daoine tionlacain ionas go bhféadfaidh siadsan páirt a ghlacadh sa chlár soghluaisteachta;

23.

á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá clár Erasmus+ ó thaobh luachanna na caoinfhulaingthe agus na hilghnéitheachta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí a bhunú idir plean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais agus Erasmus+ chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha agus chun an ciníochas a chomhrac is cuma cén chaoi a dtagann sé chun cinn;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhorbairt atá déanta ar thionscadail Erasmus+ atá ag baint le agus ag díriú isteach ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne agus mná a chuimsiú i ngach earnáil den oideachas, go háirithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM), agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’infheictheacht a thabhairt don chomhionannas inscne ina gcuid beartas agus gníomhaíochtaí;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscadail a dhéanann éagsúlacht ghnéasach a chur chun cinn, agus feasacht air sin a mhúscailt, agus a spreagann meas ar dhaoine LADTIA+, agus á iarraidh ar an gCoimisiún fíornaisc a chruthú idir Straitéis Chomhionannais LADTIA an Aontais agus clár Erasmus+;

26.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le réitigh spriocdhírithe mar aon le cur chuige bunaithe ar riachtanais i leith deiseanna soghluaisteachta a bhaineann leis an bhfoghlaim do daoine ó ghrúpaí imeallaithe chun a rannpháirtíocht sa chlár a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfaigheann siad tacaíocht leormhaith, á mheabhrú go bhfuil bacainní airgeadais agus institiúideacha fós ar cheann de na constaicí is mó dá rannpháirtíocht;

27.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le Erasmus+ inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe trí uirlisí ar líne atá oiriúnaithe agus saor ó bhac a bheith ar fáil i ngach teanga Eorpach; á mheabhrú gur cheart go mbeadh próisis phleanála agus meastóireachta saor ó bhac; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bunaíodh “Laethanta Erasmus” agus á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá ról iar-rannpháirtithe Erasmus+ agus líonraí d’iar-mhic léinn chun an clár a chur chun cinn go forleitheadach agus a bheith ag fónamh mar ionad ilfhreastail do gach duine a bheidh ina bhfoghlaimeoirí amach anseo;

28.

á iarraidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid beartas reatha, agus cláir agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a ghlacadh le haghaidh foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta, ó gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra, chun rannpháirtíocht in Erasmus+ a mhéadú, go háirithe ó thaobh na soghluaisteachta de, agus chun malartú ar dhea-chleachtais phraiticiúla a chothú; á thabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag eagraíochtaí deonacha in éascú an phróisis sin;

29.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar dearfach chlár Erasmus+ i dtríú tíortha ina thoisc do phróiseas lánpháirtithe na hEorpa agus do neartú infheictheacht an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí níos fearr agus cuimsitheacht mhéadaithe i dtionscadail Erasmus+ i dtíortha comhlachaithe agus i dtíortha incháilithe eile, go sonrach sna Balcáin Thiar agus i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán idirnáisiúnta a éascú – go digiteach agus freisin i bpearsa – idir gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit agus i dtíortha rannpháirteacha d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú; á thabhairt dá haire go neartóidh sé seo tuilleadh an comhar eatarthu agus go ligfidh sé dóibh réitigh nua, smaointe agus ceachtanna atá foghlamtha go praiticiúil a chur chun feidhme, rud a mhéadóidh an líon rannpháirtithe i gclár Erasmus+;

30.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó solúbthachta i leith chlár Erasmus+ i gcás géarchéime, mar a chonacthas ó thús an chogaidh san Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta atá fógartha ag an gCoimisiún a ligeann do mhic léinn agus do dhaoine den fhoireann oideachais ón Úcráin a bhfuil tionchar imeartha ag an gcogadh orthu leanúint dá n-oideachas agus dá ngníomhaíochtaí gairmiúla san Úcráin agus in aon cheann de na Ballstáit; á iarraidh go dtabharfaí níos mó cúnaimh do mhic léinn na hÚcráine agus go ndéanfaí tacaíocht bhreise a sholáthar chun institiúidí ardoideachais agus pobal acadúil na hÚcráine a chothú;

31.

á chur in iúl gur oth léi cinneadh Rialtas na Ríochta Aontaithe gan páirt a ghlacadh in Erasmus+ don chlárthréimhse reatha tar éis di imeacht as an Aontas Eorpach, arb ionann é sin agus caillteannas deiseanna do dhaoine óga san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe araon;

32.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht a chothú do mhic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó gach cúlra, agus á thabhairt dá haire le sástacht gur cruthaíodh níos mó deiseanna dá soghluaisteacht ar bhonn fhadtéarmach le linn chlárthréimhse 2014-2020;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as Bliain Eorpach na hÓige agus as imeachtaí gaolmhara chun na deiseanna a éiríonn as clár Erasmus+ a chur chun cinn go héifeachtach, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus do dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, d’fhonn a áirithiú go bhfuil tionchar éifeachtach ag Bliain Eorpach na hÓige, go háirithe maidir le dálaí maireachtála, deiseanna oideachais agus rannpháirtíocht dhaonlathach daoine óga; á chur in iúl gur oth léi nach leor an buiséad atá leithdháilte ar Bhliain Eorpach na hÓige chun riachtanais an tionscnaimh a shásamh;

34.

á mheabhrú go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint lena áirithiú go dtugtar aitheantas go huathoibríoch do cháilíochtaí agus do thréimhsí foghlama i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais mar uirlis chomhlántach chun éifeacht iomlán a thabhairt do bhearta a bhaineann le cuimsiú laistigh de Erasmus+ agus den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

35.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac an Coimisiún le déanaí creat de bhearta le haghaidh thréimhse 2021-2027 atá dírithe ar éagsúlacht agus cuimsiú a mhéadú i gclár Erasmus+ agus i gclár an Chóir Eorpaigh Dlúthpháirtíochta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta an chreata sin sa todhchaí agus á iarraidh freisin air an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas ar bhonn bliantúil; á chur i bhfios go láidir gur féidir le cur chun feidhme iomlán an chreata tiomnaithe de bhearta a bhaineann le cuimsiú fónamh mar thaithí úsáideach agus mar thagairt úsáideach do chláir eile de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach acu ar shaol na saoránach, amhail Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

36.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 347, 20.2.2013, lch. 50.

(2)  IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(3)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(4)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(5)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 2.