27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/127


P9_TA(2022)0229

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir AE agus an Mháratáin agus Prótacal Cur Chun Feidhme (Rún)

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (12208/2021 – C9-0419/2021 – 2021/0300M(NLE))

(2022/C 493/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12208/2021),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/99 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2021 (1),

ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle (AE) 2021/2123 an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (2),

ag féachaint dá rún reachtach an 8 Meitheamh 2022 (3) maidir leis an dréachtchinneadh,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, a tháinig i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2008 (4),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascach Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (5),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le “I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe” (6),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0419/2021),

ag féachaint do Chomhaontú Comhpháirtíochta an 23 Meitheamh 2000 idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (7) (Comhaontú Cotonou),

ag féachaint don fhoilseachán a tháinig ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 2015 dar teideal Voluntary Guidelines for Securing Sustainable Small-Scale Fisheries in the Context of Food Security and Poverty Eradication [Treoirlínte deonacha maidir le hiascach mionscála inbhuanaithe a chinntiú i gcomhthéacs na slándála bia agus dhíothú na bochtaineachta],

ag féachaint don tuarascáil achomair ó Mheitheal Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir leis an measúnú ar éisc bheaga pheiligeacha amach ón Afraic Thuaidh in 2019,

ag féachaint don chomhbheartas iascaigh, go háirithe don ghné sheachtrach de,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do thiomantas AE do chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, mar a chumhdaítear in Airteagal 208 CFAE,

ag féachaint do na measúnuithe ex ante agus ex post a rinne an Coimisiún ar an gcomhaontú agus an prótacal a bhí ann roimhe seo,

ag féachaint don tuarascáil ón gcruinniú urghnách den Chomhchoiste Eolaíoch ar an gComhaontú Iascaigh a shínigh Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an tAontas Eorpach, a tionóladh idir an 10 agus an 12 Feabhra 2021,

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (8),

ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0154/2022),

A.

de bhrí nach mór go mbeadh cur chun feidhme na gcomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPAnna) i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a áirithiú nach n-úsáideann ach barrachas na gabhála incheadaithe sa tír chomhpháirtíochta; de bhrí gur cheart don tacaíocht earnála rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh, go háirithe trí thacaíocht don iascach mionscála, agus an tslándáil áitiúil bia agus na pobail áitiúla a neartú san am céanna;

B.

de bhrí go dtéann an chéad chomhaontú iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine siar chomh fada le 1987 agus de bhrí go ndearnadh an prótacal cur chun feidhme is déanaí, a mhair 4 bliana ó 2015 go 2019, a shíneadh faoi dhó go ceann bliana agus go ndeachaigh sé in éag an 15 Samhain 2021;

C.

de bhrí gur tháinig an tAontas agus an Mháratáin ar chomhaontú maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus a Phrótacal an 28 Iúil 2021;

D.

de bhrí go bhfuil roinnt SFPAnna sínithe ag an Aontas Eorpach agus tíortha na hAfraice;

E.

de bhrí go gcumhdaíonn an prótacal nua tréimhse 5 bliana agus go gcuireann sé deiseanna iascaireachta comhchosúla ar fáil leis an bprótacal roimhe sin, agus gur fiú EUR 57,5 milliún in aghaidh na bliana ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh rochtain ar iascach agus gurb ionann a ranníocaíocht le tacaíocht earnála agus EUR 16,5 milliún;

F.

de bhrí gurb é an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh leis an Máratáin an comhaontú measctha is mó atá ag AE; de bhrí go gcuireann sé deiseanna iascaireachta ar fáil do shoithí ó 10 mBallstát atá dírithe ar speicis ghrinnill agus pheiligeacha ar speicis mhórimirceacha iad, amhail tuinnín, laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, agus acmhainneacht iascaireachta chabhlaigh na Máratáine á cur san áireamh;

G.

de bhrí go ndéanann ró-iascaireacht na stoc beag peiligeach, go háirithe an mionsairdín, agus a bpróiseáil ina min éisc agus ina n-ola éisc damáiste ollmhór ní hamháin d’uiscí áitiúla, mar shampla trí thruailliú fuíolluisce, ach do shlándáil bia na bpobal áitiúil ar fud réigiún na hAfraice Thiar freisin; de bhrí gur gheall an Mháratáin in 2017 táirgeadh mine éisc agus ola éisc a laghdú agus deireadh a chur leis de réir a chéile faoi 2020; de bhrí go bhfuil a dtáirgeadh méadaithe faoi thrí ó 2010 agus go bhfuil méadú tagtha ar na monarchana mine éisc sa Mháratáin agus i dtíortha in aice láimhe;

H.

de bhrí go bhfuil gá le sonraí iontaofa eolaíocha, le córais éifeachtúla faireacháin agus rialaithe agus le trédhearcacht maidir le gabhálacha agus ceadúnais iascaireachta chun go mbeidh stáit chósta in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbarrachas atá ar fáil i dtaca le stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach agus chun a áirithiú gur féidir cinntí bainistithe stoc a dhéanamh sa chaoi nach ndéanfar iad a ghabháil os cionn na dteorainneacha eolaíocha atá leagtha síos; de bhrí, maidir le bainistiú na n-iasc beag peiligeach sa Mháratáin, gur raibh tuarascáil 2021 ó chruinniú urghnách an Chomhchoiste Eolaíoch i bhfách le bearta breise chun na hiarrachtaí iascaireachta a laghdú i limistéar iascaireachta 15 mhuirmhíle na tíre, amhail cuótaí a thabhairt isteach le haghaidh stoic ar deimhníodh go heolaíoch ina leith go bhfuil róshaothrú déanta orthu;

I.

de bhrí go bhfuil tacaíocht earnála faoin bprótacal nua dírithe ar ocht réimse idirghabhála; de bhrí go n-áirítear orthu sin, inter alia, tacaíocht don iascaireacht mhionscála agus do phobail chósta, taighde eolaíoch a neartú, agus gníomhaíochtaí rialaithe agus faireachais agus tacaíocht theicniúil d’údaráis na Máratáine a neartú; de bhrí go bhformheasfaidh an comhchoiste clár earnála ilbhliantúil le haghaidh úsáid na tacaíochta sin; de bhrí go bhfuil oibleagáid ar údaráis na Máratáine tuarascáil chríochnaitheach a thíolacadh maidir le cur chun feidhme na tacaíochta earnála;

J.

de bhrí go mbunaítear comhlacht nua comhordúcháin (cellule de coordination) leis an bprótacal nua chun tacú le cur chun feidhme na dtionscadal arna sainiú sa chlár agus a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chinntí an chomhchoiste;

K.

de bhrí go gceadaítear le hAirteagal 7 den phrótacal nua don Aontas agus don Mháratáin athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta sa tríú bliain den chur chun feidhme, agus inbhuanaitheacht na n-acmhainní sa limistéar iascaireachta á hurramú agus lena mbaineann coigeartú ar ranníocaíocht airgeadais AE;

L.

de bhrí go dtugtar isteach leis an bprótacal nua táillí éagsúla d’úinéirí soithí i gcás chatagóir 6 (reothrálaeir iascaireachta peiligí), ar táillí iad atá níos mó i gcomhréir le margadhluach gach speicis pheiligigh shonraigh a ndéantar iascaireacht air;

M.

de bhrí go luaitear in Airteagal 3 den chomhaontú nua nach mór do chabhlach AE leas a bhaint as na coinníollacha teicniúla céanna le haghaidh iascaireachta agus rochtain ar acmhainní agus atá ag gach cabhlach eile; de bhrí go n-éilíonn an t-airteagal céanna an malartú faisnéise a neartú agus go gcuireann sé d’oibleagáid ar an Máratáin gach comhaontú lena gceadaítear do shoithí eachtracha dul isteach ina limistéar iascaireachta a phoibliú;

N.

de bhrí go ndéanann an prótacal nua an limistéar iascaireachta le haghaidh éisc bheaga pheiligeacha a mhodhnú agus a mhéadú do shoithí AE; de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 9 den phrótacal ar an Máratáin, laistigh de shé mhí ón uair a chuirtear an prótacal chun feidhme, plean bainistithe inbhuanaithe a tharraingt suas le haghaidh an iascaigh ar éisc bheaga pheiligeacha, a bheidh infheidhme maidir le gach cabhlach a bhíonn ag iascaireacht in uiscí na Máratáine mar choinníoll chun go mbunófaí an limistéar nua iascaireachta; de bhrí go bhfuil EUR 7,5 milliún de ranníocaíocht airgeadais an Aontais ag brath ar chead a fháil ón gcomhchoiste don phlean bainistithe sin;

O.

de bhrí go gceadaíonn an prótacal nua do shoithí AE a ngabháil a thabhairt i dtír lasmuigh de chalafoirt na Máratáine in imthosca eisceachtúla, ar iarraidh sheanbhunaithe í ó shoithí iascaireachta an Aontais atá gníomhach sa Mháratáin.

P.

de bhrí gur iarradh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar an bprótacal roimhe seo go mbunófaí creat réigiúnach bainistithe chun stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach agus an cholmóra dhuibh a shaothrú, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 63 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

1.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh i gcrích Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus a Phrótacal idir an tAontas agus an Mháratáin, atá ceaptha chun an comhaontú atá ann cheana a fheabhsú agus a nuachóiriú; á mheas gur dea-chomhartha é nach mbeidh gá feasta le haon síntí breise bliana ar an bprótacal roimhe seo nó go réiteofar iad mura mbeidh fíorghá leo, gan dochar a dhéanamh don chabhlach Eorpach;

2.

á chur in iúl gur geal léi freisin go ndearnadh an comhaontú comhpháirtíochta a iompú ina SFPA iomlán agus á chur in iúl gur bunús maith iad na cineálacha comhaontuithe sin don chomhar i dtaca le rialachas na n-aigéan agus bainistiú inbhuanaithe na stoc éisc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe, mar a chumhdaítear sa chomhbheartas iascaigh iad, a léiriú i gcomhaontuithe iascaigh an Aontais, lena n-áirítear ina gcur chun feidhme;

3.

á chur i bhfios go ndéanfar an comhar comhshaoil, eacnamaíoch, sóisialta, riaracháin agus eolaíoch a neartú leis an gcomhaontú seo chun an t-iascach inbhuanaithe a fheabhsú, rannchuidiú le rialachas feabhsaithe na n-aigéan, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus rannchuidiú le cur chun feidhme trédhearcach an chomhaontaithe agus le cruthú post araon i gcomhréir le Coinbhinsiún 2007 (Uimh. 188) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht; á chur i bhfios go láidir nach mór don chomhpháirtíocht ráthaíochtaí agus cosaint a chur ar fáil do gach duine a bhíonn ag obair ar shoithí AE; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iomaíocht chothrom do na hiascairí uile a bhíonn ag oibriú in uiscí na Máratáine;

4.

ag aithint a thábhachtaí atá an comhaontú agus an prótacal nua maidir leis na deiseanna suntasacha iascaireachta a bhaineann leo do chabhlach an Aontais agus mar ardán le haghaidh comhar struchtúrtha leanúnach idir an tAontas agus an Mháratáin, go háirithe i réimse an bhainistithe iascaigh inbhuanaithe agus ó thaobh an cabhlach Eorpach a chothabháil;

5.

á iarraidh ar an Máratáin a áirithiú nach ndéanfar aon ró-iascaireacht ar éisc bheaga pheiligeacha agus stop a chur de réir a chéile leis an drochthionchar a bhíonn ag tionscal na mine éisc agus na hola éisc sa Mháratáin; á iarraidh ar AE, faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe, rannchuidiú leis na cuspóirí sin; ag tabhairt dá haire gur cheart éisc a úsáid go príomha mar bhia don duine seachas mar amhábhar don tionscal próiseála bia, agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh baint ag na húdaráis áitiúla leis sin agus go n-oibreoidís i gcomhar le chéile;

6.

á chur in iúl gur geal léi an ceanglas sa phrótacal nua maidir leis an Máratáin plean a fhoilsiú chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar éisc bheaga pheiligeacha a mbeidh feidhm aige maidir le gach soitheach atá ag iascaireacht in uiscí na Máratáine; ag tathant ar an Máratáin leas a bhaint as conclúidí thuarascáil 2021 ón gcruinniú urghnách a bhí ag an gComhchoiste Eolaíoch agus cur chuige réamhchúraim atá bunaithe ar an eolaíocht a chur i bhfeidhm, i gcás inar gá, agus plean den sórt sin á dhréachtú;

7.

á chur i bhfáth a thiomanta atá na páirtithe bainistiú iascaigh a chur chun cinn ar bhonn neamh-idirdhealaithe idir na cabhlaigh dhifriúla atá sa limistéar agus gur cheart rochtain a bheith ag soithí an Aontais ar sciar iomchuí de na hacmhainní iascaigh barrachais i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

8.

á chur in iúl gur geal léi na clásail trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe sa chomhaontú agus sa phrótacal nua agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear na clásail sin chun feidhme ina n-iomláine agus go gcloífear leo; ag tabhairt dá haire go raibh rialacha trédhearcachta ann cheana sa chomhaontú roimhe seo ach nár cloíodh go hiomlán leo;

9.

á éileamh go gcuirfeadh an Mháratáin an Coimisiún ar an eolas maidir le gach comhaontú poiblí agus príobháideach le soithí eachtracha a bhíonn ag oibriú ina limistéar iascaireachta, lena n-áirítear soithí ó thríú tíortha, agus go gcuirfí an fhaisnéis sin san áireamh sa tuarascáil bhliantúil a chuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil roinnt comhaontuithe iascaigh le tríú tíortha foilsithe go fóill ag an Máratáin;

10.

ag tabhairt dá haire go leagtar síos sa phrótacal go gcaithfear faisnéis a mhalartú faoi thuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí cabhlach eachtrach agus cabhlach intíre atá faoi úinéireacht choigríche a bhíonn ag oibriú in uiscí na Máratáine; á iarraidh ar an Máratáin faisnéis iomlán a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na soithí uile a bhíonn ag iascaireacht ina cuid uiscí i bhformáid shoiléir agus shothuigthe ionas gur féidir léargas soiléir agus iomlán a fháil ar an iarracht iomlán iascaireachta, ar ghabhálacha de réir speicis agus ar stádas na stoc; á iarraidh ar an Máratáin an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí; ag tabhairt dá haire gur coinníoll é sin chun an “barrachas” a ríomh de mheon Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

11.

á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Mháratáin an chéad tuarascáil maidir leis an Tionscnamh Trédhearcachta Iascaigh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis ón mbliain féilire 2018; á iarraidh ar an Máratáin na sonraí is déanaí a fhoilsiú;

12.

á chur in iúl gur cúis imní di an nós a bhaineann le hathrú brataí in uiscí na Máratáine, go háirithe, agus sa réigiún i gcoitinne;

13.

á mheas go bhfuil ról ag an Aontas, i bhfianaise na gcomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh agus na SFPAnna atá i bhfeidhm aige in iarthuaisceart na hAfraice, ó thaobh an Mháratáin agus na tíortha in aice láimhe a spreagadh chun comhar a threisiú maidir le bainistiú stoc comhroinnte, go sonrach maidir le stoic agus deiseanna iascaireachta a shainaithint, amhail stoic atá tábhachtach don tslándáil áitiúil bia; á chur i bhfios go sonrach a thábhachtaí atá sé ag an Aontas comhoibriú go gníomhach lena chuid comhpháirtithe sa réigiún chun cinntí bainistithe inbhuanaithe a áirithiú sna heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha le haghaidh bainistiú iascaigh; á iarraidh ar an Aontas, ar an Máratáin agus ar thíortha in aice láimhe tacú le creat cuimsitheach réigiúnach bainistithe a chur chun feidhme le haghaidh stoic chomhroinnte, trí eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh a bhunú le haghaidh na stoc sin agus trí thús a chur le hidirphlé idirnáisiúnta leis na tíortha lena mbaineann;

14.

á chur in iúl gur geal léi an gealltanas atá tugtha ag na páirtithe uile an comhaontú a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le Comhaontú Cotonou i dtaca le cearta an duine, prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta agus an dea-rialachas; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar chearta an duine sa Mháratáin, lena n-áirítear in earnáil an iascaigh, agus béim ar leith á leagan ar dhálaí oibre; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí an comhaontú a chur ar fionraí mura ndéanfar Comhaontú Cotonou a chur chun feidhme i dtaca le hurraim do chearta an duine de réir Airteagal 21 de agus Airteagal 14 den phrótacal cur chun feidhme nua;

15.

ag tabhairt dá haire gurbh é tátal na meastóireachta ex post a rinneadh ar an bprótacal roimhe seo gur bhain an Mháratáin agus AE sciar comhchosúil breisluacha amach, is é sin idir 40 agus 45 % an ceann; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an breisluach a bhaineann an Mháratáin as gníomhaíochtaí shoithí AE sách íseal in éagmais na n-idirghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar talamh; á iarraidh ar AE, ina leith sin, féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar an méid sin faoin bprótacal nua;

16.

ag tabhairt dá haire go raibh deacracht ag an Máratáin tacaíocht earnála a ionsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun an clár earnála ilbhliantúil a ullmhú agus a chur chun feidhme agus chun acmhainní riaracháin sa Mháratáin a threisiú, go háirithe don chomhlacht nua comhordúcháin;

17.

á mheas gur gné thábhachtach í an tacaíocht earnála chun earnáil iascaigh na Máratáine a fhorbairt agus chun poist a chur ar fáil i bpobail chósta.

18.

á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht earnála faoi aiseanna 6 agus 7; á iarraidh ar an gcomhchoiste tionscadail bhonneagair a chur chun cinn a mbeidh mar thoradh orthu go dtiocfaidh méadú ar chaitheamh áitiúil táirgí éisc agus tionscadail a mhaoiniú a rachaidh chun tairbhe dírí do shlabhra luacha iomlán an iascaigh mionscála sa Mháratáin;

19.

á iarraidh go mbeadh tuilleadh tionscadal tacaíochta earnála ann chun cabhrú le mná in earnáil iascaigh na Máratáine, go háirithe leo siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil; ag aithint a thábhachtaí atá tionscadail den sórt sin i dtaca le slándáil bia áitiúil agus á iarraidh go dtabharfaí cuireadh do mhná rannpháirt a ghlacadh i gceardlanna chun gníomhaíochtaí tacaíochta a chur i láthair agus a chlársceidealú;

20.

á chur i bhfáth go bhfuil an easpa infheictheachta, rochtana agus trédhearcachta ar cheann de na fadhbanna ginearálta a bhaineann leis an tacaíocht earnála i gcomhaontuithe comhpháirtíochta an Aontais maidir le hiascaigh inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na bearta infheictheachta agus poiblíochta a rinneadh i dtaca leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an phrótacail, rud a fhágann gur féidir na buntáistí a bhaineann leis a fheiceáil ina n-iomláine agus gur féidir le gach duine lena mbaineann rochtain a fháil orthu; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar an gcur chun feidhme agus ar an úsáid chun cur leis an tacaíocht earnála, lena n-áirítear éifeachtacht na tacaíochta sin;

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Máratáin cur chun feidhme na tacaíochta earnála a fheabhsú agus dlús a chur léi agus cur leis an trédhearcacht, go háirithe i réimse na gceadúnas iascaireachta; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur foilsíodh tuarascálacha bliantúla maidir leis na bealaí a n-úsáidtear an tacaíocht earnála agus á iarraidh go gcuirfí ar fáil go poiblí iad; ag moladh, maidir leis na gníomhaíochtaí nó na bearta is ábhartha nó is mó tionchar ar na codanna de chríoch nó sochaí na Máratáine atá i dteideal na cabhrach earnála sin, go gcuirfí na gníomhaíochtaí nó na bearta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;

22.

á chur i bhfios gur gá sonraí a bhailiú ar bhealach níos fearr maidir leis na stoic in uiscí na Máratáine agus nach mór cur chun feidhme an chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe a bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á chreidiúint gur cheart tacaíocht earnála a úsáid chun tacú leis an iascach mionscála agus mar thosaíocht chun feabhas a chur ar shonraí eolaíocha maidir le stoic éisc, go háirithe maidir le stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach, amhail speicis an mhionsairdín agus an bholmáin Atlantaigh, agus maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus faireachais na gcabhlach ar fad a bhíonn ag iascaireacht ina gcuid meánna;

23.

á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le sonraí eolaíocha faoi stoic, le bailiú cuí sonraí agus le faireachán níos fearr ionas gur féidir leis an bprótacal nua cur le cumhdach na mbreathnóirí eolaíocha agus feabhas a chur air, agus ba cheart go mbeadh sé sin mar chuspóir ag soithí iascaireachta tríú tír go háirithe;

24.

ag moladh don Choimisiún an rannpháirtíocht agus an malartú i measc saineolaithe agus eolaithe a éascú faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo agus le linn a chur chun feidhme, agus más gá chun measúnú a dhéanamh ar na speicis éagsúla agus ar fheidhmiú an Chomhaontaithe;

25.

á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear leis an bprótacal nua coigeartú a dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais AE agus ar dheiseanna iascaireachta sa tríú bliain dá chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an tsolúbthacht sin más gá;

26.

á chur in iúl gur geal léi na rialacha nua maidir le táillí úinéirí soithí agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbainfear leas níos fearr as na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil amach anseo mar thoradh air sin agus ar aon fheabhsú eile a dhéanfar ar an bprótacal, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfaidh soithí AE a ngabháil a thabhairt i dtír i gcalafoirt nach calafoirt de chuid na Máratáine iad in imthosca eisceachtúla;

27.

á chur in iúl gur geal léi agus go n-aithníonn sí an fíoras gur cheart do longúinéirí reothrálaeir pheiligeacha agus shoithí séaclaí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht faoin bprótacal, mar tháille chomhchineáil, leanúint orthu ag rannchuidiú leis an mbeartas ó thaobh éisc a dháileadh ar dhaoine atá i ngátar trí 2 % dá gcuid gabhálacha peiligeacha a dhéantar a athlastáil nó a thabhairt i dtír ag deireadh turais a thabhairt don Société nationale de distribution de poisson (an Chuideachta Náisiúnta um Dháileadh Éisc); ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar thomhaltas éisc áitiúil sa Mháratáin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na Máratáine a áirithiú go dtabharfar na héisc sin do na daoine sin i ndáiríre agus nach gcuirfear chuig monarchana mine éisc iad;

28.

ag leagan béim ar an tiomantas atá ann go ndéanfar prionsabail agus cearta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur chun feidhme do gach iascaire ar shoithí AE chun deireadh a chur leis an idirdhealú san fhostaíocht agus sa ghairm; á mheas gur cheart faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin;

29.

á chur in iúl gur geal léi fostú mharaithe cáilithe na Máratáine ar shoithí AE agus conarthaí acu a chomhlíonann caighdeáin EIS agus a n-áirítear cumhdach sóisialta leo. á iarraidh go ndéanfaí iarracht níos mó oiliúnaithe a fhostú chun líon na ndaoine cáilithe sa chlár earnála a mhéadú.

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a áireamh mar phríomhghné de chomhpháirtíocht AE leis an Afraic;

31.

á chur in iúl gur geal lé tionscadail a mhaoinítear le cúnamh forbraíochta an Aontais sa Mháratáin amhail “Promopeche”, atá dírithe ar phoist a chruthú agus oiliúint a chur ar dhaoine óga i réimse na hiascaireachta mionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an ailíniú agus ar an gcomhsheasmhacht idir an SFPA agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna);

32.

á chur i bhfáth gur earnáil thábhachtach de gheilleagar na Máratáine í earnáil na hiascaireachta, lena n-áirítear an t-iascach mionscála, agus go bhfuil sí ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch, slándáil bia, cothú agus deiseanna fostaíochta na tíre, go háirithe i gcás na mban agus na ndaoine óga, agus chun forbairt eacnamaíoch atá ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a áirithiú do chách; ag tacú, dá bhrí sin, le bearta chun teacht aniar na ngníomhaithe áitiúla a mhéadú go suntasach i leith iarmhairtí an athraithe aeráide agus chreimeadh an chósta, lena n-áirítear gníomhaithe áitiúla ar gnólachtaí beaga iad faoi úinéireacht teaghlaigh agus pobail chósta; á chur in iúl nach mór infheistíochtaí san iascach a ailíniú go soiléir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe gan riachtanais na bpobal cósta a chur i mbaol; á éileamh gur cheart an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin gcomhaontú nua a dháileadh ar bhealach lena gcuirtear ról bunúsach na bpobal cósta san áireamh;

33.

á iarraidh go ndéanfaí forbairt eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach a chothú agus pobail chósta atá ag brath ar acmhainní muirí a neartú agus á chur in iúl, dá bhrí sin, nach mór dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán i mbainistiú na limistéar muirí agus cósta; á mheabhrú go gcothaítear pobail chósta le hathbhunú na bithéagsúlachta muirí agus cósta agus go gcuidítear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhairliúchán rialta le pobail chósta le linn an phróisis cur chun feidhme;

34.

ag aithint go mbraitheann margaí agus táirgeoirí an Aontais ar allmhairiú éisc ón Máratáin, i measc tíortha eile, chun infhaighteacht bia a ráthú do thomhaltóirí AE;

35.

ag éileamh go mbeadh iarrachtaí breise an Aontais faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Inbhuanaithe sin dírithe ar dheireadh a chur leis na fóirdheontais éisc de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá díobhálach agus neamh-inbhuanaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar an iascaireacht neamhdhleathach;

36.

á iarraidh go n-urramófaí acquis dlíthiúil AE, lena n-áirítear rialuithe Chúirt Bhreithiúnais AE, agus go gcuirfí i bhfeidhm go cuí iad san iascach sa Mháratáin agus sa limistéar máguaird;

37.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht Ioslamach na Máratáine.

(1)  IO L 34, 1.2.2021, lch. 1.

(2)  IO L 439, 8.12.2021, lch. 1.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0228.

(4)  IO L 343, 8.12.2006, lch. 4.

(5)  IO L 439, 8.12.2021, lch. 3.

(6)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0135.

(7)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(8)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.