15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 434/2


P9_TA(2022)0103

A bhfuil i ndán don iascach i Muir nIocht, sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann agus san Aigéan Atlantach i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar a bhfuil i ndán don iascach i Muir nIocht, sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann agus san Aigéan Atlantach i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (2021/2016(INI))

(2022/C 434/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (1),

ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus don dearbhú polaitiúil a ghabhann leis, lena leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (3) (“an Dearbhú Polaitiúil”),

ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), go háirithe Ceannteideal a Cúig de Chuid a Dó de maidir le hiascach,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1203 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais a chuimsiú le haghaidh táirgí áirithe iascaigh (7),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (8) agus do thuairim ón gCoiste um Iascach an 11 Bealtaine 2021 (A9-0178/2021),

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige (9),

ag féachaint do Chomhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhórimircigh a chur chun feidhme, a síníodh i Nua-Eabhrac an 4 Lúnasa 1995 (10),

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint don Chonradh maidir le hOileánra Spitsbergen (Conradh Svalbard), a síníodh i bPáras an 9 Feabhra 1920,

ag féachaint don Choinbhinsiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (11),

ag féachaint don Chomhaontú chun Iascach Mórmhara Neamhrialáilte a Chosc i Lár an Aigéin Artaigh, a tháinig i bhfeidhm an 25 Meitheamh 2021 (12),

ag féachaint don Chomhaontú maidir le hIascach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Dúchais Oileáin Fharó (13),

ag féachaint don Chomhaontú maidir le hIascach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (14),

ag féachaint don Chomhaontú maidir le hIascach agus an Mhuirthimpeallacht idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (15),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge (16),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 ar an sainordú beartaithe i gcomhair caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (17),

ag féachaint do mholadh uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis na caibidlíochtaí i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (18) agus do thuairim ón gCoiste um Iascach an 26 Bealtaine 2020 (A9-0117/2020),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2021 maidir le toradh na caibidlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (19) agus do thuairim ón gCoiste um Iascach i bhfoirm litreach an 4 Feabhra 2021 ar thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair (A9-0128/2021),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 ar Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (20),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic [Rannpháirtíocht an Aontais a neartú d’fhonn Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil a bhaint amach] (JOIN(2021)0027),

ag féachaint don chéad Dearbhú Santiago de Compostela an 25 Deireadh Fómhair 2017 agus don dara Dearbhú Santiago de Compostela an 20 Meitheamh 2020 ó phobail iascaireachta na hEorpa maidir le todhchaí earnáil an iascaigh san Eoraip tar éis Brexit,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0042/2022),

A.

de bhrí go leagtar síos sa Chomhaontú um Tharraingt Siar na téarmaí le haghaidh tharraingt siar oifigiúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach, go leagtar amach sa Dearbhú Polaitiúil an creat le haghaidh an chaidrimh amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus go mbunaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a tháinig astu sin an bunús le haghaidh caidreamh leathan, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanachta, arb é dlúthchaidreamh síochánta bunaithe ar chomhar an phríomhthréith a bhaineann leis, agus neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe á n-urramú san am céanna;

B.

de bhrí go n-aithnítear an tábhacht atá le hacmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus an dobharshaothrú freagrach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le príomhról na trádála ó thaobh na spriocanna sin a bhaint amach, go háirithe trí ghníomhaíocht chomhleanúnach i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, lena n-áirítear trí iarrachtaí chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe a chosc agus deireadh a chur léi agus trí mhargú táirgí iascaigh a thagann as an ngníomhaíocht dhíobhálach sin a chur as an áireamh;

C.

de bhrí go leagtar oibleagáid ar an Aontas Eorpach faoin gComhbheartas Iascaigh (CBI) cuspóirí an bheartais sin a chur chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta, trína áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta AE a dhéantar lasmuigh dá chuid uiscí bunaithe ar na prionsabail chéanna agus, ar an gcaoi sin, cothrom na Féinne a thabhairt d’oibreoirí AE agus tríú tír, agus comhar a dhéanamh le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar chomhlíonadh an mbeart idirnáisiúnta, lena n-áirítear bearta chun dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;

D.

de bhrí gurb é ceann de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe go gcosnófaí an bheatha mhuirí (SDG 14);

E.

de bhrí, san am a caitheadh, go ndearnadh na stoic éisc a bhí á mbainistiú ag AE amháin a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe ná na stoic chomhroinnte; de bhrí go ndéanfar roinnt stoc a bhíodh á mbainistiú ag AE amháin a chomhroinnt leis an Ríocht Aontaithe anois;

F.

de bhrí go sonraítear le CBI, de bharr stádas bitheolaíochta na stoc, stádas atá ag athrú, gur cheart go mbeadh riachtanais ar leith na réigiún ina mbraitheann pobail áitiúla go mór ar iascaigh agus gníomhaíochtaí gaolmhara á gcoimirciú le cobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta;

G.

de bhrí gur chomhaontaigh na Páirtithe a bheith ag obair le chéile ar bheartais agus bearta a bhaineann le caomhnú agus trádáil i réimse an iascaigh agus an dobharshaothraithe, lena n-áirítear faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála agus na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh mar aon le heagraíochtaí iltaobhacha eile de réir mar is iomchuí, chun cleachtais inbhuanaithe iascaigh agus dobharshaothraithe agus trádáil i dtáirgí éisc ó iascach agus oibríochtaí dobharshaothraithe a bhainistítear ar bhonn inbhuanaithe a chur chun cinn;

H.

de bhrí go bhfuil sprioc choiteann ag na Páirtithe stoic chomhroinnte a shaothrú ar rátaí faoina mbeadh sé indéanta pobail na speiceas a shaothraítear a choinneáil agus a athbhunú de réir a chéile ag na leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a chothú nó os a gcionn;

I.

de bhrí go leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair prionsabail le haghaidh bhainistiú na n-iascach agus le haghaidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch maidir le saothrú barrmhaith na gcomhstoc, ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil ar eolas é atá á chur ar fáil ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go príomha;

J.

de bhrí go raibh ról an-tábhachtach ag an iascach san fheachtas roimh an reifreann maidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe in AE a reáchtáladh in 2016; de bhrí gurbh iad na saincheisteanna a bhain leis an iascach an bac deiridh a bhí ann sa chaibidlíocht ar an gComhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus AE agus de bhrí nár baineadh amach an aidhm a luaitear sa Dearbhú Polaitiúil maidir le comhaontú iascaigh a thabhairt i gcrích agus a dhaingniú faoin 1 Iúil 2020;

K.

de bhrí go mbeidh drochthionchar mór eacnamaíoch ar iascairí AE ag aistriú na sciartha cuóta ó AE chuig an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair; de bhrí go n-aithnítear a thábhachtaí atá sé teorainn a chur le drochthionchar eacnamaíoch na gcomhaontuithe a dhéanfar leis an Ríocht Aontaithe amach anseo;

L.

de bhrí gur cuireadh an Coiste Speisialaithe um Iascach ar bun faoin gComhaontú Trádála agus Comhair; de bhrí go n-ullmhóidh an coiste sin straitéisí ilbhliantúla caomhnaithe agus bainistithe mar bhonn chun gabhálacha iomlána is incheadaithe agus bearta bainistithe eile a shocrú, lena n-áirítear le haghaidh stoic neamhchuóta, chun bailiú sonraí eolaíocha chun críoch bainistithe iascaigh a shainiú, agus chun na sonraí sin a chomhroinnt le comhlachtaí eolaíocha chun an chomhairle eolaíoch is fearr is féidir a fháil;

M.

de bhrí go bhforáiltear sa Phrótacal maidir le rochtain ar uiscí, atá i gceangal leis an gComhaontú Trádála agus Comhair mar Iarscríbhinn 38, do “thréimhse choigeartúcháin” ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2026 ina dtabharfaidh gach Páirtí rochtain iomlán ar a chuid uiscí do shoithí an Pháirtí eile chun bheith ag iascaireacht ar na speicis a liostaítear ann;

N.

de bhrí go raibh na hiascairí thíos leis an moill agus an éiginnteacht a bhain le heisiúint na gceadúnas chun rochtain a fháil ar uiscí;

O.

de bhrí go bhfuil ceisteanna fós le réiteach maidir le rochtain shoithí AE ar na huiscí timpeall ar na hoileáin nach bhfuil aon chónaí orthu san Atlantach Thuaidh, amhail Rocal, rud a chruthaíonn éiginnteacht agus baol d’iascairí;

P.

de bhrí go bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair do rochtain atá saor ó dhleacht agus ó chuótaí le haghaidh táirgí iascaigh a thagann ó uiscí na Breataine, cé nach bhfuil aon bhaint anois ag críocha na Breataine thar lear le AE ná nach bhfuil díolúintí taraife acu le haghaidh onnmhairiú táirgí iascaigh chuig AE ós rud é nach dtagann siad faoi raon feidhme an chomhaontaithe;

Q.

de bhrí go ndearna an Iorua, an 18 Samhain 2020, an cinneadh aontaobhach agus idirdhealaitheach an cuóta trosc atá ag AE le haghaidh Oileánra Svalbard a laghdú le haghaidh 2021; de bhrí gur chinn an Iorua an 28 Bealtaine 2021, go haontaobhach agus i gcoinne comhairle eolaíoch arís, a cuóta le haghaidh stoc comhroinnte na ronnach a mhéadú 55 %; de bhrí gur mhéadaigh Oileáin Fharó agus an Íoslainn a gcuótaí ronnach go haontaobhach freisin;

R.

de bhrí gur cuireadh as go mór don slabhra soláthair ar oileán na hÉireann agus gur cuireadh isteach ar na naisc sheanbhunaithe idir oileán na hÉireann agus mór-roinn na hEorpa mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE;

1.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Aontas Eorpach agus don Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ag obair i gcomhar le chéile agus rialachas idirnáisiúnta iontaofa aigéin a sholáthar trí úsáid agus saothrú inbhuanaithe na n-acmhainní aigéin a chur chun cinn agus trí chosaint agus athbhunú limistéar ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr agus is cothroime le dáta a spreagadh;

2.

á chur i bhfios nach eol go fóill an tionchar iomlán a bheidh ag Brexit, go háirithe toisc go bhfuil cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair i leith an iascaigh ar siúl i gcónaí agus nár baineadh amach ina iomláine é go fóill, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ceisteanna fós ag teacht chun cinn nár cumhdaíodh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, amhail gnéithe a bhaineann leis an dobharshaothrú;

3.

á chur i bhfios go dtéann tionchar Brexit ar earnáil an iascaigh thar limistéar geografach na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil impleachtaí móra aige ar fud limistéar an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus do chabhlach AE a oibríonn in áiteanna eile ar domhan, amhail na huiscí thart ar Oileáin Fháclainne, ar an nGraonlainn agus ar Oileánra Svalbard; á chur i bhfáth go gcaithfidh an caidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bheith ina bhunchloch ag an rialachas iascaigh san Atlantach Thoir Thuaidh agus ag bainistiú inbhuanaithe na stoc atá á gcomhroinnt le tríú tíortha eile, amhail i gcás an ronnaigh nó an fhaoitín ghoirm;

4.

á chur in iúl gur saoth léi, faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, go ndéanfar laghdú 25 % de réir a chéile thar thréimhse cúig bliana go leith ar sciar chabhlach an Aontais de na deiseanna iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, laghdú a mbeidh tionchar aige ar gach cuid de chabhlach an Aontais, lena n-áirítear an iascaireacht mhionscála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chaoi a bhfuil cúrsaí tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain chómhalartach ann go fóill ar uiscí agus ar acmhainní iascaigh tar éis an 30 Meitheamh 2026 agus nach ndéanfar na cuótaí d’iascairí AE a laghdú tuilleadh tar éis na hidirthréimhse;

5.

á iarraidh ar na Páirtithe aird chuí a thabhairt ar ghnéithe socheacnamaíocha nuair a bheidh na gabhálacha iomlána is incheadaithe le haghaidh na stoc a liostaítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair á gcomhaontú; á iarraidh go ndéanfaí na sásraí le haghaidh malartú cuótaí iascaireachta idir na Páirtithe a chuíchóiriú agus nach gcuirfidís ualach ar an earnáil;

6.

á chur i bhfios gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a gcuóta a leithdháileadh ar a gcabhlach agus ag moladh dóibh, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as na deiseanna atá ann faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó thaobh maolú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair ar a gcabhlach, lena n-áirítear an iascaireacht mhionscála, nuair a bheidh a gcuóta á leithdháileadh acu;

7.

á athdhearbhú gur gá gach drochéifeacht a d’fhéadfadh a bheith ann a fháil amach, ní hamháin sa Mhuir Thuaidh ach ar fud an Atlantaigh, go háirithe ar na pobail iascaigh sna réigiúin is forimeallaí ina bhfuil na geilleagair agus na héiceachórais leochaileach agus ina mbítear ag brath ar na príomhearnálacha;

8.

á chur i bhfios go mbeidh sé níos deacra fós ar iascairí rochtain a fháil ar mheánna mar gheall ar an méadú ar fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta i Muir nIocht, sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann agus san Atlantach;

9.

á chur i bhfios nach mór an rochtain atá ag cabhlaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon ar uiscí agus ar acmhainní a mheas faoi raon feidhme iomlán an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus nach féidir, dá bhrí sin, í a mheas ar leithligh ó shaincheisteanna amhail an rochtain ar an margadh; á chur i bhfáth go mbíodh cuid mhór de chabhlach an Aontais ag brath go stairiúil ar na meánna atá anois á mbainistiú ag an mBreatain amháin, go mbíonn go leor cuideachtaí ón mBreatain, go háirithe iad siúd a bhíonn ag gabháil don dobharshaothrú, ag brath ar mhargadh aonair an Aontais, agus go bhfuil éileamh ar na táirgí sin san Aontas; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil nasc díreach idir na forálacha trádála agus na forálacha iascaigh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh an chaibidlíocht iascaigh leis an Ríocht Aontaithe agus le stáit chósta eile san Atlantach Thoir Thuaidh nasctha freisin le saincheisteanna a bhaineann leis an trádáil agus an rochtain ar mhargadh aonair AE;

10.

á iarraidh ar an gCoimisiún gach bealach caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil ar oscailt d’fhonn teacht ar réitigh sheasmhacha bhuana a rachaidh chun tairbhe don dá Pháirtí, réitigh a fhágfaidh go mbeidh cúinsí seasmhacha agus intuartha ann d’iascairí agus d’earnáil na iascaireachta ina hiomláine agus lena gcumhdófar an tréimhse tar éis 2026; á chur i bhfios, áfach, chun a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme ina iomláine, gur cheart úsáid a bhaint as gach ionstraim dlí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an rochtain ar an margadh, mar aon leis na bearta frithchúitimh agus freagartha ar fad agus na sásraí um réiteach díospóidí dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Trádáil agus Comhar;

11.

á chur i bhfios go bhfuil a lán réigiúin chósta in AE ag brath go mór ar earnáil an iascaigh agus, dá bhrí sin, go dteastaíonn seasmhacht agus intuarthacht éigin uathu i dtaca leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus an tionchar atá aige; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh a oiread trédhearcachta agus is féidir ann do na Ballstáit i dtaca leis an bpróiseas caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe agus nach gcoinneofaí faisnéis ar an leibhéal teicniúil laistigh den Choimisiún;

12.

á iarraidh go dtiocfaí ar réiteach buan ar cheist na hiascaireachta i gCuan Granville tar éis scor Chonradh Chuan Granville;

13.

á mheabhrú, dá mba rud é go mbreithneodh an Ríocht Aontaithe rochtain a theorannú tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh AE in ann bearta a dhéanamh chun a chuid leasanna a chosaint, lena n-áirítear trí tharaifí nó cuótaí a chur ar bun arís le haghaidh allmhairí éisc na Ríochta Aontaithe nó trí chodanna eile den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur ar fionraí, i gcás ina mbeadh baol ann go mbeadh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta ag pobail iascaireachta an Aontais;

14.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an éiginnteacht a chruthaítear leis an gclásal in Airteagal 510 den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir leis an athbhreithniú ar Cheannteideal a Cúig (Iascach) de Chuid a Dó den chomhaontú ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin;

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cúrsaí iascaigh tar éis 2026 thar a bheith éiginnte go fóill agus nach bhfuil foráil iomlán déanta ina leith sa Chomhaontú Trádála agus Comhair; á mheas go gcuirfí níos mó cobhsaíochta agus níos mó infheictheacht eacnamaíoch ar fáil le comhaontú ilbhliantúil tar éis 2026; á iarraidh ar an gCoimisiún an cuspóir sin a chur san áireamh agus é i mbun caibidlíochta;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na cistí faoi Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chun an earnáil agus na pobail chósta atá buailte a chur chun cinn agus tacú leo agus chun an méid a cailleadh a chúiteamh, go háirithe cailliúint a gcuótaí; á iarraidh ar na Ballstáit na cistí atá curtha ar leataobh don iascach faoin gcúlchiste a úsáid agus suimeanna breise a leithdháileadh i gcás inar gá; á mheas gur cheart na cistí sin a úsáid agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go mairfidh an idirthréimhse le haghaidh cuótaí go dtí an 30 Meitheamh 2026;

17.

á chur i bhfáth gur gá go rachadh na cistí sin chun tairbhe do na hiascairí agus na gnólachtaí ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear an iascaireacht mhionscála, agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar aon chonstaic a d’fhéadfadh a bheith roimh chistiú díreach, amhail rialacha maidir le Státchabhair a chuireann bac ar chúnamh do na hiascairí atá buailte; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar thuairim ón gCoiste um Iascach an 11 Bealtaine 2021 maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit agus gach beart is gá a dhéanamh ina leith sin, lena n-áirítear togra reachtach a thíolacadh más iomchuí;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún forbairt deiseanna breise eacnamaíocha do phobail chósta a éascú, go háirithe do na pobail sin is mó atá thíos le Brexit;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an caidreamh idir stáit chósta an Atlantaigh Thuaidh curtha as a riocht ag Brexit agus ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfidh AE dul i ngleic le héifeachtaí díobhálacha, amhail cailliúint an chuóta trosc le haghaidh Oileánra Svalbard, mar gheall ar thír eile a bheith ann sa chaibidlíocht dhéthaobhach le tríú tíortha san Atlantach Thuaidh; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an comhthéacs idirnáisiúnta san Atlantach Thoir Thuaidh i ndiaidh Brexit á úsáid ag tríú tíortha agus tríú críocha amhail an Iorua, an Íoslainn agus Oileáin Fharó chun cinntí aontaobhacha a ghlacadh, rud atá ag imirt drochthionchar mór ar na stoic éisc agus ar chabhlach iascaireachta an Aontais; á thabhairt chun suntais gur gá na héifeachtaí díobhálacha sin a chur san áireamh agus dul i ngleic leo; ag cur béim ar an ngá atá ann tacaíocht lena dtugtar aghaidh ar na héifeachtaí díobhálacha sin a thabhairt don earnáil, mura bhfuil sí cumhdaithe cheana féin le cistí nó Státchabhair eile atá ann cheana;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise a dhúshlánaí atá sé aghaidh a thabhairt ar bhealach comhordaithe ar na dúshláin a bhaineann le Brexit san Atlantach Thoir Thuaidh, na cinntí iomchuí a dhéanamh maidir leis an struchtúr eagraíochtúil agus na hacmhainní agus a bheith ag obair ar réitigh struchtúracha i gcomhar le stáit chósta eile sa réigiún chun bainistiú iascaigh níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear comhar agus malartú níos fearr i dtaca le staidéir eolaíocha agus bailiú sonraí;

21.

á chur i bhfios go gcaithfidh an caidreamh idirnáisiúnta a bheith daingnithe sa smacht reachta, go gcaithfidh sé coimirce a dhéanamh ar neamhspleáchas riachtanach gach tíre nó aontais tíortha agus a bheith á threorú i gcónaí ag meon an dea-chaidrimh agus na gcomhaontuithe atá i bhfeidhm;

22.

á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne na gcinntí uile, go háirithe iad siúd a dhéantar go haontaobhach, lena mbunaítear deiseanna iascaireachta a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta nó a théann in aghaidh na comhairle a tugadh ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr agus is cothroime le dáta agus a fhágann go gcaitear amhras ar chomhaontuithe idirnáisiúnta agus ar shaothrú inbhuanaithe acmhainní comhroinnte;

23.

ag tathant ar an Iorua, go háirithe, an cinneadh a rinne sí an cuóta trosc atá ag cabhlach AE le haghaidh Oileánra Svalbard a laghdú go haontaobhach a chur ina cheart; ag tathant ar an Iorua, ar an Íoslainn, ar Oileáin Fharó agus ar an nGraonlainn, thairis sin, na cinntí aontaobhacha a rinne siad a gcuótaí ronnach a mhéadú, rud a bhí i gcoinne critéir eolaíocha, a chur ina gceart; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cearta seanbhunaithe agus leasanna dlisteanacha socheacnamaíocha chabhlach an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh a chosaint;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún, agus an chaibidlíocht leis na comhpháirtithe uile á coinneáil aige, a sheasamh i leith na Ríochta Aontaithe a neartú agus a bheith rannpháirteach i gcainteanna ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal polaitiúil is airde, agus a bheith réidh chun gach uirlis iomchuí a úsáid, lena n-áirítear bearta a bhaineann leis an rochtain ar an margadh, faoi raon feidhme an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch freisin, atá sách dian, go háirithe i dtaca le cinntí aontaobhacha arna ndéanamh ag tríú tíortha, chun a thábhachtaí atá sé go réiteofaí aon choinbhleachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a léiriú; ag tathant ar an gCoimisiún, ina theannta sin, gan an deis a chur as an áireamh go bhféadfaí úsáid a bhaint as na bearta freagartha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012, mar shampla srianta ar allmhairiú táirgí iascaigh nó ar an rochtain ar chalafoirt AE;

25.

á chur in iúl gur saoth léi an dearcadh sriantach atá ag an Iorua, an Íoslainn agus Oileáin Fharó i leith na hinfheistíochta Eorpaí ina gcuid earnálacha iascaigh; á chur i bhfáth gur cheart do AE caidreamh níos cothroime a choimeád leis na tíortha agus na críocha sin d’fhonn dul i dtreo na srianta ar shaoirse bunaíochta agus infheistíochta a bhaint;

26.

á mheabhrú gurb é AE an margadh allmhairithe is mó agus is tarraingtí le haghaidh táirgí bia mara; á iarraidh go n-aithneofaí agus go dtreiseofaí an staid chumhachtach sin chun leasanna chabhlach iascaireachta an Aontais a chosaint, chun cosc a chur ar a chomhpháirtithe dul siar ar chomhaontuithe nó ar ghealltanais agus chun cothrom na Féinne a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe maidir le caighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil;

27.

á chur i bhfios gur chun leasa an dá Pháirtí é comhar dílis a chothú ó thaobh saothrú a dhéanamh ní hamháin ar na limistéir atá faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe agus Thuaisceart Éireann ach saothrú a dhéanamh freisin ar na huiscí idirnáisiúnta atá in aice leo; á chur i bhfios freisin nach mbaineann teorainneacha le hacmhainní na bitheolaíochta muirí agus go bhfuil éifeachtaí ag bainistiú na n-acmhainní sin ar na huiscí atá faoi dhlínse gach Páirtí; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá dea-chomhar agus malartú i dtaca leis an eolaíocht agus bailiú sonraí;

28.

á mheabhrú nár cheart Brexit a úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar bhearta a bhfuil géarghá leo chun éiceachórais mhuirí a athbhunú, chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach sa mhuirthimpeallacht mar a cheanglaítear faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (21), nó chun cuspóirí Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 a bhaint amach;

29.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé riachtanach go n-áiritheodh an Coimisiún go bhfuil na cinntí is deireanaí ón gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh á gcomhlíonadh ag na páirtithe conarthacha agus na páirtithe comhoibríocha neamhchonarthacha, agus go ndéanfar iad a chomhtháthú go hiomlán agus go pras i ndlí AE; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar le páirtithe conarthacha eile chun bearta uaillmhianacha maidir le rialú agus bainistiú iascaigh a áireamh, ar bearta iad atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhbheartas Iascaigh agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus atá i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní in uiscí atá faoi dhlínse an dá Pháirtí;

30.

ag moladh na caibidlíochta a rinneadh d’ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le paindéim COVID-19 agus ag aithint gur tháinig Comhaontú uaillmhianach Trádála agus Comhair aisti ach gur comhaontú é ar chaill iascairí AE cuótaí mar thoradh air; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tugadh rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe ach go ceann cúig bliana go leith, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht ann faoin todhchaí; á chur i bhfáth, mar sin féin, gur gá na gealltanais a tugadh a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú;

31.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an Ríocht Aontaithe an Comhaontú Trádála agus Comhair a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme gan dul i muinín léirmhíniú ar na rialacha atá as alt le meon na macántachta agus na dea-chomharsanachta agus caidreamh dlúth, síochánta agus cuiditheach atá bunaithe ar chomhar, lena ráthaítear deimhneacht dhlíthiúil agus lena dtugtar urraim do neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe; á chur i bhfios go ndearna an Ríocht Aontaithe iarracht míbhrí a bhaint as téarmaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair trí shárú a dhéanamh ar mheon an chomhaontaithe, amhail coinníollacha breise a leagan síos chun ceadúnais a fháil do shoithí;

32.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás na gceadúnas do shoithí AE in uiscí Spleách-Chríocha na Corónach agus easpa dúthrachta na Ríochta Aontaithe i dtaca leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur chun feidhme go dílis ina leith sin; á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, gan léirmhínithe sriantacha agus conspóideacha a thabhairt ar choinníollacha ceadúnúcháin, go háirithe i gcás na soithí a bhíodh ag iascaireacht go stairiúil sa chrios 6 go 12 mhuirmhíle i bhfarraige theorann na Breataine agus in uiscí Bháillcheantar Gheirsí agus Gheansaí agus Oileán Mhanann; á iarraidh ar na Páirtithe aird ar leith a thabhairt ar chás na soithí sa chabhlach iascaireachta mionscála, soithí nach raibh ceangal orthu roimh Brexit teicneolaíochtaí a úsáid chun taifead leanúnach a choinneáil ar a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta agus a bhfuil deacracht acu anois an fhaisnéis sin a chur ar fáil;

33.

ag tathant ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar na roghanna uile chun a áirithiú go n-urramóidh an Ríocht Aontaithe cearta shoithí an Aontais; á chur i bhfios go bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair go gcaithfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta breithniú a dhéanamh ar socruithe éagsúla le haghaidh comhar in uiscí Spleách-Chríocha na Corónach; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go bhféadfadh na socruithe a rinneadh roimhe seo faoi Chonradh Chuan Granville bonn a chur ar fáil le haghaidh na n-oiriúnuithe a dhéanfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta ar na rialacha amach anseo;

34.

á iarraidh ar an Ríocht Aontaithe gan bac a chur ar shoithí spiléar dromchla AE a bheith ag iascaireacht, soithí a théann isteach in uiscí na Breataine go traidisiúnta agus iad ar thóir scoileanna tuinníní colgacha agus colgán; á mheabhrú go ndéantar an iascaireacht ar na speicis mórimirceacha sin a rialú laistigh den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar chás na n-earnálacha sin sa chabhlach;

35.

á chur i bhfáth go bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair gur cheart do bhearta teicniúla a bheith comhréireach, gur cheart dóibh a bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr, nár cheart dóibh a bheith idirdhealaitheach, gur cheart feidhm a bheith acu go cothrom maidir le soithí ón dá pháirtí agus nach mór fógra a thabhairt dóibh roimh ré; á iarraidh go mbeadh comhar agus comhordú níos fearr ann i ndáil le bearta teicniúla, bainistithe agus rialaithe a thabhairt isteach lena n-áirítear critéir shoiléire agus neamh-idirdhealaitheacha a fhorbairt le haghaidh na mbeart sin chun a áirithiú nach féidir iad a úsáid chun srian indíreach a chur ar rochtain na gcabhlach iascaireachta a bhfuil cearta iascaireachta acu;

36.

á iarraidh ar na Páirtithe a áirithiú go ndéanfar na limistéir mhuirí faoi chosaint laistigh dá ndlínsí a ainmniú ar bhealach atá neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar eolaíocht agus comhréireach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart limistéir mhuirí faoi chosaint a bhunú le cuspóirí caomhnaithe dea-shainithe agus nár cheart iad a úsáid mar uirlis chun srian a chur le rochtain ón gcoigríoch ar uiscí; á chur in iúl gurb oth léi, ina leith sin, an easpa comhair ón Ríocht Aontaithe agus limistéir nua á n-ainmniú timpeall ar an Dogger Bank;

37.

ag éileamh ar an Ríocht Aontaithe stop a chur le haon seiceálacha bagracha ar shoithí an Aontais láithreach bonn agus gan aon bhearta teicniúla idirdhealaitheacha a fhorchur; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe imeacht gan údar cuí ó na rialacháin ó AE maidir le bearta teicniúla agus ó reachtaíocht ghaolmhar eile ó AE maidir leis an gcomhshaol, rud a chuirfeadh srianta de facto ar rochtain roinnt soithí iascaireachta ó AE ar uiscí na Ríochta Aontaithe agus a d’fhágfadh go mbeadh ualach rómhór míchuí ag baint leis an iascaireacht; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach ó thaobh cur chuige coiteann a lorg maidir le bearta teicniúla agus ó thaobh plé a dhéanamh ar aon bhearta nach mór do Pháirtí amháin fógra a thabhairt ina dtaobh don Pháirtí eile; á mheabhrú go gcuireann an Comhaontú Trádála agus Comhair d’oibleagáid ar gach Páirtí údar cuí beacht a thabhairt le cineál neamh-idirdhealaitheach aon bhirt sa réimse sin agus leis an ngá atá ann inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil a áirithiú, ar bhonn sonraí atá infhíoraithe go heolaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith an-airdeallach ó thaobh a chinntiú go gcloífear leis na coinníollacha sin agus freagairt láidir a thabhairt i gcás ina ngníomhódh an Ríocht Aontaithe ar bhealach idirdhealaitheach;

38.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ríocht Aontaithe bearta maidir le “nasc eacnamaíoch”, lena gcuirfear srian, ón 1 Aibreán 2022, ar chlárú a cuid soithí faoi bhratach, lena méadófar an t-íoschéatadán de bhaill an chriú ón Ríocht Aontaithe atá ar bord a cuid soithí agus lena socrófar gurb é 70 % an t-íosmhéid éisc nach mór a thabhairt i dtír i gcalafoirt na Ríochta Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar na mbeart cosantaíoch sin agus freagairt dá réir sin, i gcás inar gá;

39.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Rialachán (AE) 2021/1203, d’fhonn éifeachtaí Brexit a mhaolú a mhéid a bhaineann le cailliúint stádas fabhrach chríocha AE thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis na taraifí ar allmhairiú scuideanna Patagónacha (Loligo gahi);

40.

á chur in iúl gur cúis imní di gur rith Tionól Oileáin Fháclainne an tAcht um Iascach (Caomhnú agus Riarachán), 2021 le déanaí, lena gceanglaítear nach mór gur le daoine ó Oileáin Fháclainne 51 % de na scaireanna sna cuideachtaí iascaireachta go léir atá ag oibriú in Oileáin Fháclainne;

41.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cásanna a bhí ann le déanaí maidir le forfheidhmiú iomarcach na rialacha maidir le rialú iascaigh sa Mhuir Cheilteach; ag tathant ar na Ballstáit uile cleachtais a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina “náisiúnachas iascaigh” gan údar;

42.

ag cur béim ar an ngá atá ann a áirithiú go dtiocfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach chun tosaigh, coiste a bheidh freagrach as cinntí a dhéanamh atá cothrom don dá Pháirtí agus a áirithiú go ndéanfar acmhainní a bhainistiú go hinbhuanaithe san fhadtéarma, agus go dtosóidh sé i mbun oibre go pras, lena n-áirítear tús áite a thabhairt don obair ar cheisteanna práinneacha, amhail cur i bhfeidhm praiticiúil na rochtana ar uiscí agus sainmhíniú a thabhairt ar “athsholáthar díreach” soithigh atá incháilithe d’fhonn cur chun feidhme dílis an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a éascú tuilleadh;

43.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le trédhearcacht in obair an Choiste Speisialaithe um Iascach agus go gcaithfear Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas faoina chuid oibre agus faoi na cinntí a ghlacann sé, roimh a chuid cruinnithe agus ina ndiaidh; ag éileamh go n-iarrfaí ar ionadaithe teicniúla ón gCoiste um Iascach Pharlaimint na hEorpa páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Choiste Speisialaithe um Iascach mar bhreathnóirí;

44.

ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go n-urramófar sainchearta na n-institiúidí éagsúla leis na cinntí ar fad a dhéanfar faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus go mbeidh siad i gcomhréir leis an bpróiseas reachtach iomchuí, go háirithe maidir le bearta teicniúla;

45.

á mheabhrú go bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair nach mór do na Páirtithe dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé eintitis réigiúnacha a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil agus na húdaráis phoiblí réigiúnacha i ngrúpaí comhairleacha a chur san áireamh, lena n-áiritheofar go mbeidh cosaint dhlíthiúil faoin gComhaontú Trádála agus Comhair ag pobail chósta na réigiún atá buailte go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear ar éifeachtaí aon chinntí aontaobhacha a dhéanann an Ríocht Aontaithe;

46.

á iarraidh go mbeadh ionadaithe na hearnála iascaigh, na n-údarás réigiúnach, na bpobal cósta agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach go gníomhach san fhaireachán ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus ina chur chun feidhme, go háirithe trína rannpháirtíocht sna grúpaí comhairleacha inmheánacha agus i bhFóram na Sochaí Sibhialta dá bhforáiltear le hAirteagail 13 agus 14 den Chomhaontú; ag tathant ar an gCoimisiún bunú grúpa chomhairligh inmheánaigh maidir leis an iascach chun na críche sin a chur chun cinn, gan dochar do na comhairlí comhairleacha atá ann cheana;

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig rialtais agus parlaimintí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Gheirsí, Gheansaí, Oileán Mhanann, na hIorua, na hÍoslainne, na Graonlainne agus Oileáin Fharó.

(1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.

(3)  IO C 34, 31.1.2020, lch. 1.

(4)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(5)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 34.

(6)  IO L 347, 28.12.2017, lch. 81.

(7)  IO L 261, 22.7.2021, lch. 1.

(8)  IO L 357, 8.10.2021, lch. 1.

(9)  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus an Comhaontú a bhaineann le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 3).

(10)  IO L 189, 3.7.1998, lch. 14.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).

(12)  Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe chun cosc a chur iascach mórmhara neamhrialáilte i Lár an Aigéin Artaigh (IO L 73, 15.3.2019, lch. 1).

(13)  IO L 226, 29.8.1980, lch. 12.

(14)  IO L 226, 29.8.1980, lch. 48.

(15)  IO L 161, 2.7.1993, lch. 2.

(16)  IO L 175, 18.5.2021, lch. 3.

(17)  IO C 294, 23.7.2021, lch. 18.

(18)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 90.

(19)  IO C 506, 15.12.2021, lch. 26.

(20)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(21)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuir) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).