9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 347/2


P9_TA(2022)0056

Laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an spás atá ag laghdú don todhchaí shibhialta san Eoraip (2021/2103(INI))

(2022/C 347/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”),

ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 (1),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (“an Rialachán Coinníollachta”) (2),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 dar teideal “Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach” (COM(2021)0700),

ag féachaint do Threoir ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i dtaca leis an sainmhíniú ar éascú teacht isteach, idirthurais agus cónaí neamhúdaraithe agus é sin a chosc (3),

ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a foilsíodh i Meitheamh 2020 dar teideal National developments from a civil society perspective, 2018-2019 [Forbairtí náisiúnta ó dhearcadh na sochaí sibhialta, 2018-2019],

ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) dar teideal Challenges facing civil society organisations working on human rights in the EU [Dúshláin roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta an duine in AE] arna foilsiú an 17 Eanáir 2018, do na feasacháin ar na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le paindéim COVID-19 san Aontas a foilsíodh in 2020, agus do thuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile na Gníomhaireachta, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),

ag féachaint do thuarascáil ó FRA an 22 Meán Fómhair 2021 dar teideal Protecting civic space in the EU [Spás na sochaí sibhialta san Aontas a chosaint],

ag féachaint do threoirlínte comhpháirteacha Oifig na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus Coimisiún na Veinéise an 1 Eanáir 2015 maidir le Saoirse Comhlachais,

ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa an 11 Feabhra 2019 dar teideal “Shrinking space for civil society: the impact on young people and their organisations” [an spás atá ag laghdú don tsochaí shibhialta san Eoraip: an tionchar ar dhaoine óga agus a n-eagraíochtaí],

ag féachaint do Threoirlínte Choimisiún ESCE/ODIHR agus Choimisiún na Veinéise an 8 Iúil 2019 maidir le Saoirse Comhthionóil Shíochánta,

ag féachaint do nóta treorach ó na Náisiúin Aontaithe an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le spás na sochaí sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn,

ag féachaint do dhearbhú na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1998 maidir le ceart agus freagracht daoine aonair, grúpaí, agus orgáin na sochaí cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a dtugtar aitheantas uilechoiteann dóibh a chur chun cinn agus a chosaint,

ag féachaint do Bharúil Ginearálta Uimh. 34 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 12 Meán Fómhair 2011 maidir le hAirteagal 19: saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,

ag féachaint do Bharúil Ghinearálta Uimh. 37 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le hAirteagal 21: an ceart chun comhthionóil shíochánta,

ag féachaint do Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (Coinbhinsiún Aarhus) agus Cinneadh VII/9 an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le sásra mearfhreagartha chun déileáil le cásanna a bhaineann le hAirteagal 3(8) de Choinbhinsiún Aarhus,

ag féachaint do rúin 2250 (2015), 2419 (2018) agus 2535 (2020) ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an óige, an tsíocháin agus an tslándáil,

ag féachaint do Dhearbhú NA 1998 maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,

ag féachaint do Mholadh an 10 Deireadh Fómhair 2007 ó Chomhairle na hEorpa chuig na Ballstáit maidir le stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip,

ag féachaint do ráiteas an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa dar teideal Let’s defend LGBTI defenders [Cosnaímis cosantóirí LGBTI],

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an 20 Márta 2019 dar teideal Resilient democracy through a strong and diverse civil society [Daonlathas seasmhach a chothú a bhuí le sochaí shibhialta láidir ilchineálach]

ag féachaint do thuairim ó CESE an 19 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal Financing of civil society organisations by the EU [Eagraíochtaí na sochaí sibhialta á maoiniú ag AE],

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint agus a Chur Chun Cinn,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 maidir le straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas (COM(2020)0711),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip i dtíortha i mbéal forbartha (4),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta (5),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint (6),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú (7),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 ar thionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha (8),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le saoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán (9),

ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach – Tuarascáil bhliantúil do na blianta 2018-2019 (10),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (11),

ag féachaint do thuarascáil uaithi an 17 Feabhra 2022 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis (12),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: úsáid mhíchuí a bhaint as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost (13),

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0032/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus gur comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin; de bhrí go leagtar béim in Airteagail 11(2) agus 15(1) CFAE ar an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sibhialta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach;

B.

de bhrí gur eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá neamhspleách ar institiúidí poiblí agus ar leasanna tráchtála, a rannchuidíonn a ngníomhaíochtaí le luachanna agus cearta bunúsacha AE a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a chur chun feidhme; de bhrí gur féidir le ESSanna a bheith i bhfoirmeacha éagsúla amhail comhlachais agus fondúireachtaí; de bhrí gur príomhghníomhaithe sa tsochaí shibhialta iad cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe agus grúpaí neamhfhoirmiúla;

C.

de bhrí go bhfuil cur chuige trasnach ríthábhachtach chun na leochaileachtaí atá os comhair na saoránach a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach rathúil agus iad ag plé leis an tsochaí shibhialta;

D.

de bhrí go bhfuil go leor ESSanna ag streachailt le teacht slán agus go bhfuil fadhbanna acu maidir le maoiniú, ar fadhbanna iad a d’fhéadfadh bac mór a chur ar a n-éifeachtacht agus ar a gcumas a sainordú a chomhlíonadh;

E.

de bhrí go dtagraíonn spás na sochaí sibhialta don chreat dlíthiúil agus polaitiúil inar féidir le daoine agus grúpaí a bheith rannpháirteach go fóinteach i saol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a sochaithe, agus an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun faisnéise agus an ceart teacht le chéile agus dul i mbun idirphlé le chéile agus leis na húdaráis á bhfeidhmiú acu;

F.

de bhrí gur gnéithe riachtanacha de gach sochaí oscailte, shaor agus dhaonlathach an tsaoirse smaointeoireachta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear sa spás ar líne; de bhrí go bhfuil an gníomhaíochas sibhialta mar bhunchloch do dhaonlathas fíorfheidhmiúil ina ndéantar cearta na mionlach a chosaint agus a urramú; de bhrí gur cheart go mbeadh sé de cheart ag ESSanna páirt a ghlacadh i gcúrsaí díospóireachta polaitiúla agus poiblí, is cuma an bhfuil an seasamh a ghlactar i gcomhréir le beartas an rialtais nó an moltar leis athrú sa dlí;

G.

de bhrí go bhfuil saoirse comhlachais ar cheann de na bunúis riachtanacha atá ag sochaí dhaonlathach agus iolraíoch, mar go gcuireann sí ar chumas na saoránach gníomhú i gcomhar le chéile i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus rannchuidiú le feidhmiú cuí an tsaoil phoiblí; de bhrí, nach amháin go n-áirítear le saoirse comhlachais an cumas chun comhlachas a chruthú nó a dhíscaoileadh ach, ina theannta sin, an cumas atá ann don chomhlachas sin feidhmiú gan cur isteach gan údar cuí ón stát; de bhrí go bhfuil an cumas acmhainní a lorg, a dhaingniú agus a úsáid bunriachtanach d’oibriú aon chomhlachais; de bhrí gur cheart toirmeasc nó díscaoileadh comhlachais a bheith ina bheart rogha deiridh i gcónaí agus gur cheart cinntí den sórt sin a bheith faoi réir sásamh dlíthiúil;

H.

de bhrí gur bunchloch den daonlathas é an ceart chun tionól síochánta agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun sochaí fhulangach iolraíoch a chruthú inar féidir le grúpaí a bhfuil creidimh, cleachtais nó beartais éagsúla acu teacht chun cinn le chéile go síochánta; de bhrí go gcaithfidh srianta ar thionóil shíochánta agus póilíneacht ina leith na critéir maidir le dlíthiúlacht, riachtanas, comhréireacht agus neamh-idirdhealú a chomhlíonadh;

I.

de bhrí gur réamhchoinníoll é an ceart chun faisnéise maidir le díospóireacht phoiblí eolasach agus maidir le húdaráis agus institiúidí poiblí a bheith cuntasach;

J.

de bhrí go bhfuil srian curtha ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain a fháil ar fhaisnéis i roinnt Ballstát, go minic ar chúis na bréagaisnéise a bhaineann le COVID-19 a chomhrac; de bhrí nár cheart go mbeadh srianta míchuí ar shaoirse cainte mar thoradh ar bhearta chun sceimhlitheoireacht nó fuathchaint a chosc; de bhrí gur úsáideadh cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail freisin chun díriú ar ESSanna, ar chosantóirí chearta an duine agus ar ghníomhaithe atá ag obair i réimsí an chomhshaoil, an smachta reachta, chearta LGBTIQ+ agus chearta na mban i roinnt Ballstát; de bhrí go mbíonn éifeacht scanrúil acu sin ar shaoirse cainte;

K.

de bhrí go bhfuil deireadh á chur le saoirse comhlachais i roinnt Ballstát mar gheall ar athchóirithe lena gcuirtear ESSanna i mbaol díchlárú nó lena dtugtar isteach próisis riaracháin a bhfuil ualach míchuí ag baint leo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chur i bhfeidhm míchuí beart nó beartas i gcoinne sciúradh airgid lena gcuirtear srian ar an gceart abhcóideacht a dhéanamh;

L.

de bhrí gur forchuireadh srianta i roinnt Ballstát chun spás na sochaí sibhialta a theorannú d’aon ghnó agus go bhfuil ciapadh dlíthiúil, riaracháin agus fioscach, coiriúlú agus reitric dhiúltach ag gabháil leo arb é is aidhm dóibh ESSanna a stiogmatú agus a dhídhlisteanú agus a n-acmhainneacht a ídiú chun a gcuid oibre dlisteanaí a dhéanamh; de bhrí go dtagann fuathchaint – ar líne agus as líne araon – agus ciapadh briathartha agus fisiceach agus ionsaithe ó ghníomhaithe neamhstáit freisin; de bhrí gur neamhchosanta go mór atá ESSanna agus cosantóirí chearta an duine atá ag obair ar an smacht reachta, trédhearcacht agus éilliú, cearta na mban, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, saincheisteanna comhshaoil agus cosaint mionlach agus cearta daoine LGBTIQ+, agus saoirse na meán agus cainte, chomh maith leo siúd a thugann cúnamh d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn agus dóibh siúd atá rannpháirteach in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;

M.

de bhrí go bhfuil impleachtaí agus tionchar ag srianta spáis shibhialta sna tíortha comharsanachta ar staid na sochaí sibhialta in AE;

N.

de bhrí go ndíríonn roinnt ESSanna náisiúnta a fheidhmíonn mar ghrúpaí faire, go háirithe trí dhul i mbun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar chearta agus ar shaoirsí, agus abhcóideacht agus dlíthíocht, go háirithe trí shrianta, bearta díoltais agus faireachas;

O.

de bhrí gur luaigh an Coimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa gur cúis imní é cás chosantóirí chearta LGBTIQ+ san Eoraip, inar thuairiscigh sé roinnt cásanna de chiapadh ar líne agus as líne, ionsaithe foréigneacha, feachtais fuatha agus bagairtí báis sna Ballstáit agus sna tíortha comharsanachta; de bhrí go bhfuil nasc idir an treocht sin agus ceap milleáin a dhéanamh de ghrúpaí mionlaigh agus go sáraíonn sé an prionsabal gur rugadh gach duine comhionann ina dhínit agus ina gcearta;

P.

de bhrí go dtugann dea-chaidreamh idir an stát agus a shaoránaigh le tuiscint gur cheart go mbeadh gach saoránach, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, in ann páirt a ghlacadh i bplé agus tionchar a imirt ar bheartais phoiblí; de bhrí nach mbeidh rath ar dhaonlathais ach amháin má chreideann gach duine sna córais dhaonlathacha agus má bhíonn na hinstitiúidí inchreidte do na saoránaigh;

Q.

de bhrí go bhfuil srianta curtha ag Ballstáit áirithe ar chumas ESSanna dul i mbun gníomhaíochtaí polaitiúla; de bhrí, i gcásanna eile, gur uirlisí chun ESSanna a stiogmatú agus a dhídhlisteanú iad na líomhaintí go bhfuil ESSanna polaitiúil; de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil dídhlisteanú ESSanna i mBallstáit áirithe nasctha le feachtais clúmhillte stáit nó meán; de bhrí go dtuairiscíonn ESSanna cleachtais maoinithe idirdhealaitheacha agus sriantacha i mBallstáit áirithe;

R.

de bhrí gur glacadh beartais agus cleachtais ag a bhfuil éifeacht athchomhairleach ar spás na sochaí sibhialta i mBallstáit áirithe chun féinchinsireacht a bhaint amach agus gníomhaithe sibhialta a dhíspreagadh óna gcearta a fheidhmiú; de bhrí gur minic a chomhcheanglaíonn na beartais sin forálacha doiléire a fhágann rogha leathan ag údaráis phoiblí agus smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ina smachtbhannaí díréireach ard; de bhrí gur leor an t-ionchas go gcuirfear i bhfeidhm iad chun féinchinsireacht a chur ar bun gan gá ann iarbhír a iad a chur i bhfeidhm;

S.

de bhrí gur cuireadh srian ar an gceart chun comhthionóil shíochánta i ngeall ar na rialacha is gá maidir le scaradh sóisialta i bhformhór na mBallstát; de bhrí go bhfuil dlíthe rite ag roinnt Ballstát lena gcuirtear srian leis an gceart chun comhthionóil shíochánta le blianta beaga anuas, agus gur chruthaigh siad ceanglais maidir le cead agus fógra a thabhairt; de bhrí go bhfuil cumhachtaí údarás forfheidhmithe dlí ag dul i méid i roinnt Ballstát, ar ábhar imní é faoina riachtanaí agus faoina chomhréirí atá siad;

T.

de bhrí, i roinnt Ballstát, gur baineadh úsáid as reachtaíocht éigeandála mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte chun srian treallach a chur ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha agus chun dul i ngleic leis an tsochaí shibhialta agus le guthanna easaontacha eile; de bhrí gur aimsíodh i gcásanna áirithe nár éirigh leis na bearta sin an riachtanas, an chomhréireacht, na teorainneacha ama agus na ceanglais neamh-idirdhealaitheacha a chomhlíonadh, rud a chiallaíonn nach féidir a mheas go bhfuil aon srianta ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha a eascraíonn as na bearta sin dlisteanach ná dleathach; de bhrí, in ainneoin a róil ar an láthair, nár chuathas i gcomhairle le ESSanna maidir le bearta éigeandála a fhorbairt;

U.

de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht ESSanna, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ann i dtaca le réitigh a sholáthar ar an bpaindéim agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine i gcásanna leochaileacha mar thoradh ar leathadh phaindéim COVID-19; de bhrí go raibh tionchar dearfach ag eagraíochtaí don óige le linn na paindéime maidir le cur i gcoinne na mífhaisnéise agus maidir leis an muinín as institiúidí poiblí a neartú; de bhrí go bhfuil breisluach ag baint le cistiú leormhaith fadtéarmach agus tacaíocht institiúideach don tsochaí shibhialta in am géarchéime;

V.

de bhrí go bhfuil teacht chun cinn eagraíochtaí neamhrialtasacha (GONGOnna) arna n-eagrú ag rialtas, a ceapadh chun tacú i gcónaí le dlisteanacht pholaitiúil na ndaoine atá i gcumhacht agus tacú leis an rialtas i ndíospóireachtaí poiblí agus ina spriocanna polaitiúla agus iad féin á gcur i láthair mar ghuthanna neamhspleácha ar cheann de na hionsaithe is tromchúisí dá bhfuil ann i gcoinne ESSanna, lena gcuirtear na ESSanna féin i mbaol tríd an tsaoránacht ghníomhach agus cistiú poiblí a bhaint díobh;

W.

de bhrí, cé go ndéanann ESSanna gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos minice agus go gcuireann siad leis an ngeilleagar sóisialta, nár tugadh aon chéimeanna reachtacha chun a n-oibríochtaí a scaoileadh ar leibhéal AE; de bhrí, in ainneoin chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), nach bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus saorghluaiseacht caipitil i ndáil le tabhartais trasteorann á gcur i bhfeidhm go huilíoch fós sna Ballstáit;

X.

de bhrí gur cheart rannpháirtíocht ESSanna i bhforbairt an dlí agus an bheartais a éascú le creataí beartais lena gcuirtear ar a gcumas dul i mbun idirphlé le húdaráis phoiblí; de bhrí, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon, gur próiseas ad hoc fós é an t-idirphlé sibhialta;

Y.

de bhrí go raibh ionsaithe dlíthiúla agus polaitiúla i roinnt Ballstát á ndíriú ar chistiú eachtrach; de bhrí go bhfuil na srianta a fhorchuirtear ar ESSanna a fhaigheann cistiú eachtrach contrártha do dhlí an Aontais, eadhon Airteagal 63 CFAE maidir le saorghluaiseacht caipitil agus an Chairt; de bhrí, i gcás C-78/18 (14), gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur sháraigh an dlí saorghluaiseacht caipitil agus saoirse comhlachais;

Z.

de bhrí go bhfuil an tAontas ag tabhairt faoi phróiseas tríd an gComhaontú Glas don Eoraip agus tríd an gclaochlú digiteach; de bhrí go mbeidh gá le spás sibhialta sláintiúil chun go mbeidh saoránaigh agus pobail lena mbaineann in ann a leasanna a chur in iúl, chun díospóireacht a dhéanamh ar réitigh bheartais agus chun teacht ar chonarthaí sóisialta nua;

1.

ag dearbhú an róil ríthábhachtach atá ag ESSanna maidir le luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a bhaint amach agus a chosaint, agus dlí, beartais agus straitéisí AE a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, an claochlú digiteach agus an téarnamh ó phaindéim COVID-19 a chomhrac; ag leagan béim ar a rannchuidiú lárnach i ndíospóireacht phoiblí fheasach, ag léiriú sármhianta sa tsochaí, ag tabhairt guth do dhaoine leochaileacha agus imeallaithe, ag áirithiú rochtain ar sheirbhísí ríthábhachtacha, ag cur saineolas ar fáil i gceapadh beartas, ag cur saoránacht ghníomhach chun cinn, ag gníomhú dóibh mar scoileanna daonlathais agus ag gníomhú dóibh mar phointí faire fíor-riachtanacha a fheidhmíonn rialú daonlathach ar institiúidí stáit agus cuntasacht a áirithiú don ghníomhaíocht phoiblí agus d’úsáid cistí poiblí; ag admháil, dá bhrí sin, gur gné lárnach den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta bunúsacha é an spás sibhialta; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas, dá bhrí sin, a bheith tiomanta do chaomhnú agus saothrú an spáis shibhialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach;

2.

ag cur béim ar an bhfíoras chun go mbeidh ESSanna faoi bhláth, nach mór do spás na sochaí sibhialta a bheith ina thimpeallacht chumasúcháin agus shábháilte a bheidh saor ó chur isteach, imeaglú, ciapadh agus éifeachtaí míchuí athchomhairleacha ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit araon; á mheabhrú do na Ballstáit oibleagáid dhearfach a bheith orthu timpeallacht chumasúcháin a áirithiú do ESSanna, lena n-áirítear rochtain ar shásraí trédhearcacha cistiúcháin agus sásraí idirphlé shibhialta, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine maidir le saoirse comhlachais, cainte agus tionóil, agus mar a athdhearbhaítear freisin sa Chairt; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le hiolrachas na meán chun a áirithiú gur féidir le ESSanna teacht ar thuairim an phobail agus, dá bhrí sin, cur le díospóireacht phoiblí;

3.

ag tabhairt rabhadh faoi dhíghrádú spás na sochaí sibhialta ar fud an Aontais i ngeall ar bheartais a chuireann bac ar oibríochtaí ESSanna, ar a rochtain ar chistiú inbhuanaithe agus ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht; ag cáineadh gach cineál ciaptha, clúmhilleadh, stiogmatú, coiriúlú agus ceap milleáin a dhéantar i leith ESSanna; ag cur béim ar an gcaoi a gcuireann na gníomhaíochtaí sin saoránacht ghníomhach agus léiriú guthanna criticiúla i mbaol, rud a bhaineann an bonn ó dhíospóireacht phoiblí agus, dá bhrí sin, ó fhondúireacht an daonlathais;

4.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh béim bhreise le paindéim COVID-19 ar go leor de na dúshláin atá os comhair ESSanna faoi láthair, mar a léiríodh i dtuarascáil 2021 ó FRA inar léiríodh go raibh 57 % d’eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla ag cur in iúl go raibh an staid “meathlaithe” nó “mórmheathlaithe” i gcomparáid leis na blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di gur bhain rialtais áirithe leas as an bpaindéim chun an spás sibhialta a rolladh siar agus as dlíthe conspóideacha agus bearta idirdhealaitheacha a rith nár bhain i gcónaí leis an bpaindéim agus nach raibh ach cumas teoranta ag an tsochaí leas a bhaint as, lena n-áirítear an cumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí agus i saoirsí cainte, comhthionóil agus comhlachais;

5.

ag aontú leis an gCoimisiún gur comhartha é go bhfuil an smacht reachta i mbaol nuair a bhíonn spás na sochaí sibhialta chun feidhmiú ag dul i laghad; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún an timpeallacht don tsochaí shibhialta faoi ghrinnscrúdú mar chuid dá thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, ina léirítear, mar is ceart, nach féidir leis an smacht reachta feidhmiú gan sochaí shibhialta bhríomhar a bheith ag feidhmiú i dtimpeallacht shlán chumasúcháin; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar staid spás na sochaí sibhialta sna Ballstáit agus struchtúr a chur air trí “innéacs Eorpach spás na sochaí sibhialta” a chruthú a bheidh bunaithe ar chreataí atá ann cheana chun spás na sochaí sibhialta a thomhas, agus trí chaibidil lánfheidhme a bheith ann ar spás na sochaí sibhialta lena n-áirítear moltaí tíre ina thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ar cheart dó cearta bunúsacha a chumhdach go hiomlán freisin; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid chórasach a bhaint as na tuarascálacha ó FRA agus iarraidh air comhairle mhodheolaíochta a fháil;

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug an Coimisiún aitheantas don tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta i roinnt beartais agus straitéisí agus cláir chistiúcháin de chuid an Aontais; á chur i bhfáth, áfach, mar thoradh ar chineál ilroinnte an chur chuige sin gur beag an feabhas éifeachtach a thagann ar chás ESSanna ar an talamh.

7.

ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, straitéis chuimsitheach na sochaí sibhialta a ghlacadh chun an spás sibhialta a chosaint agus a fhorbairt laistigh den Aontas lena gcomhtháthaítear na huirlisí uile atá ann cheana, lena líontar bearnaí faireacháin, tacaíochta agus cosanta, agus lena dtugtar fíoraitheantas polaitiúil don ról ríthábhachtach atá ag ESSanna maidir le luachanna daonlathacha agus beartais dhaonlathacha a bhaint amach, agus uirlisí faireacháin agus tuairiscithe á nascadh go soiléir le sásraí forfheidhmithe AE chun gníomhaíocht leantach thráthúil agus éifeachtach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar thionscnaimh chun na líonraí tacaíochta atá ar fáil do ESSanna a neartú;

8.

á mheas gur cheart, sa straitéis sochaí sibhialta sin, sraith de bhearta nithiúla a leagan amach lena gcosnófar agus lena neartófar an spás sibhialta, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

íoschaighdeáin a thabhairt isteach maidir le timpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin na sochaí sibhialta;

(b)

reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis a thabhairt isteach;

(c)

pointí fócasacha a bhunú idir na hinstitiúidí Eorpacha agus an tsochaí shibhialta;

(d)

rochtain chomhsheasmhach a áirithiú ar dhíospóireachtaí beartais agus ar chlár oibre a shocrú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Conarthaí AE agus le rialacha nósanna imeachta institiúidí an Aontais;

(e)

an rochtain ar bheartais an Aontais agus ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a neartú;

(f)

rochtain sholúbtha ar chistiú ón Aontas a leathnú;

9.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún comhsheasmhacht bheartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a áirithiú maidir le spás sibhialta a chosaint agus a chumasú, lena n-áirítear trí threoirlínte inmheánacha a ghlacadh maidir le cosantóirí ar chearta an duine a bheadh i gcomhréir leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíocht sheachtrach AE;

Timpeallacht rialála chumasúcháin agus pholaitiúil atá saor ó éifeachtaí athchomhairleacha, bagairtí agus ionsaithe

10.

á chur i bhfáth go bhfuil cumas ESSanna chun gníomhú ag brath ar thimpeallacht dhlíthiúil agus pholaitiúil chumasúcháin a bheith ann, go háirithe ar fheidhmiú na saoirse comhlachais, na saoirse comhthionóil shíochánta agus na saoirse cainte agus an chirt chun rannpháirtíochta poiblí; ag tathant ar na Ballstáit feidhmiú na gceart sin a ráthú i gcomhréir leis an dlí Eorpach agus idirnáisiúnta agus leis na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, moladh an 28 Samhain 2018 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit maidir leis an ngá atá le cosaint agus cur chun cinn spás na sochaí sibhialta san Eoraip, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Dearbhú NA maidir le Cosantóirí Chearta an Duine agus nóta treorach ó na Náisiúin Aontaithe maidir le spás sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn, agus leas a bhaint as an deis tuairimí a iarraidh ar an gCoimisiún maidir le reachtaíocht atá pleanáilte;

11.

á mheabhrú a thábhachtaí atá iriseoireacht neamhspleách, neamhchlaonta, ghairmiúil agus fhreagrach chun faisnéis a thuairisciú maidir le gníomhaíochtaí na ESSanna sna meáin phríobháideacha agus sna meáin phoiblí araon, agus an tábhacht a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis phoiblí mar phríomhcholúin an daonlathais iad;

12.

á chur in iúl gur saoth léi comhchruinniú méadaitheach úinéireacht na meán chun aimhleasa an iolrachais, an neamhspleáchais agus na hionadaíochta poiblí cothroime ar smaointe agus gníomhaíochtaí ESSanna; ag meabhrú gur príomhcholúin den daonlathas iad iriseoireacht neamhspleách agus fhreagrach agus rochtain ar fhaisnéis iolraíoch agus go bhfuil gníomhaíochtaí agus ionchur na sochaí sibhialta bunriachtanach chun go mbeidh rath ar dhaonlathas ar bith; á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas na meán ar bhrú polaitiúil agus eacnamaíoch a áirithiú agus a chaomhnú, iolrachas na meán a ráthú agus trédhearcacht a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha uile-Aontais maidir le húinéireacht na meán a mholadh sa bhreis ar na rialacha maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán mar íoscheanglais laistigh den Ghníomh um Shaoirse na Meán a bheidh ann amach anseo d’fhonn iolrachas na meán a neartú;

13.

á mheas go bhfuil cás láidir ann i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn ESSanna leis an margadh aonair agus leis an ngeilleagar sóisialta, mar aon lena ról chun beartais agus luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a bhaint amach, chun deireadh a chur leis na bacainní ar a gcuid oibríochtaí ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, freagairt go leormhaith ar bhearta, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun an cuspóir sin a bhaint amach; á chur i bhfáth nach amháin go gcuirfí cosaint bhunúsach ar fáil do ESSanna leis an reachtaíocht sin ach go bhféadfaí cothrom iomaíochta a chruthú léi freisin ionas gur féidir leo lántairbhe a bhaint astu;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil chórasach ar an spás sibhialta a áireamh ina mheasúnuithe tionchair, ina gcuirfear critéir shoiléire ar fáil maidir le cad is spás cumasúcháin ann don tsochaí shibhialta, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i dtaca le saoirse comhlachais, cainte agus tionóil, agus mar a athdhearbhaítear leis an gCairt, ionas nach mbeidh éifeachtaí diúltacha ag an reachtaíocht phleanáilte ar an spás sibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún na coimircí riachtanacha agus na dréacht-treoirlínte a thabhairt isteach chun na Ballstáit a chur chun feidhme nuair a shainaithnítear rioscaí, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh go cothrom ar chur chun feidhme dhlí AE chun a áirithiú nach ndéanfaidh sé difear diúltach don spás sibhialta agus na leigheasanna is gá a chur ar fáil má dhéanann sé amhlaidh; á iarraidh ar na Ballstáit leigheasanna comhchosúla a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as a chumhachtaí faoi na Conarthaí chun reachtaíocht an Aontais a mholadh chun bearnaí a líonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghníomhaithe na sochaí sibhialta ar fud an Aontais, lena n-áirítear íoschaighdeáin maidir le clárú, oibríochtaí agus maoiniú ESSanna agus coimircí nós imeachta i gcoinne SLAPPanna, agus treoir a thabhairt maidir le conas leas a bhaint as dlí an Aontais chun an tsochaí shibhialta a chosaint ar bhealach níos fearr;

17.

á chreidiúint go bhféadfaí, le reacht do chomhlachais trasteorann agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha AE, cosaint bhreise a thabhairt do ESSanna a bhfuil bac míchuí ar a mbunú agus ar a n-oibríochtaí;

18.

á iarraidh ar na Ballstáit feidhmiú an chirt chun comhthionóil shíochánta a urramú agus a éascú, ar ceart é nach féidir a theorannú ach amháin trí phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme; ag tabhairt rabhadh faoi chumhachtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí a leathnú sna tionóil phóilíneachta i roinnt Ballstát; ag cáineadh aon úsáid díréireach fornirt i gcoinne agóideoirí, mar aon lena gcoiriúlú, a n-ionchúiseamh agus lena bhfaireachas; á iarraidh go n-aisghairfidh na Ballstáit, láithreach bonn dlíthe agus rialacháin lena méadaítear úsáid an fhoréigin i gcoinne léirsitheoirí agus lena gcuirtear srian leis an tsaoirse chun léirsiú a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint chun saoirse comhthionóil shíochánta a chosaint le linn éigeandálaí sláinte agus faoi ghnáthchúinsí araon;

19.

ag tabhairt le fios go bhfuil sciar suntasach de ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta aistrithe ar líne ó thús na paindéime; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit saoirse cainte a áirithiú, comhrac a dhéanamh i gcoinne aon chineál fuathchainte agus feasacht a ardú i dtaobh na fuathchainte agus na rioscaí a bhaineann léi don daonlathas agus do dhaoine aonair, lena n-áirítear ar líonraí sóisialta ar líne go háirithe;

20.

ag tabhairt rabhadh faoin tionchar díobhálach a bhíonn ag beartais agus ag reitric is cúis le héifeacht athchomhairleach ar an spás na sochaí sibhialta; ag tathant ar an gCoimisiún an anailís ar éifeachtaí athchomhairleacha a bheith ina gné lárnach dá thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, chun cur le cás C-78/18 chun agóid i gcoinne bearta a bhfuil éifeacht athchomhairleach acu ar fheidhmiú chearta na Cairte i gcás inar féidir cur chuige den chineál céanna a ghlacadh agus bearta idirlinne a iarraidh chun damáiste doleasaithe a sheachaint fad atá an t-athbhreithniú breithiúnach ar siúl;

21.

ag cáineadh go bhfuil ionsaithe fisiciúla agus béil, ciapadh agus imeaglú i bhfoirmeacha ar líne agus as líne araon i ndán d’ionadaithe ESS i roinnt Ballstát mar thoradh díreach ar a gcuid oibre; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur féidir na nithe seo a leanas a áireamh sna héifeachtaí meabhairshláinte a bhíonn ag na hionadaithe sin: tnáitheadh, dúlagar, an tráma ó thabhairt cabhrach agus an tuirse atruach, agus nach bhfuil dóthain taighde á dhéanamh ar na tionchair shíceolaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid oibre ar ionadaithe ESS; á chur i bhfios go láidir go bhfuil leanaí agus daoine óga an-leochaileach toisc go bhféadfadh siad gan gníomhartha fuatha agus ciaptha a thuairisciú mar gheall ar easpa eolais maidir leis an sainmhíniú ar chiapadh agus conas agus cé leis a dtabharfar aghaidh ar an tsaincheist;

22.

ag cáineadh aon bhagairtí agus aon ionsaithe a dhéantar ar ESSanna agus ar chosantóirí chearta an duine ag gníomhaithe atá faoi úinéireacht an stáit agus atá nasctha leis an stát, lena n-áirítear roscaireacht dhiúltach agus aithiseach, ceap milleán a bheith á dhéanamh agus ciapadh dlíthiúil, breithiúnach, riaracháin agus fioscach, agus ag cáineadh theip na ngníomhaithe stáit ESSanna agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar ionsaithe agus ar bhagairtí den chineál sin; ina theannta sin, ag cáineadh gach ionsaí agus bagairt arna ndéanamh ag gníomhaithe neamhstáit, lena n-áirítear SLAPPanna, ach gan a bheith teoranta dóibh;

23.

á chur in iúl gur cúis imní di leibhéil ísle tuairiscithe na n-ionsaithe agus na mbagairtí ar ESSanna ar an leibhéal náisiúnta; ag tathant ar na Ballstáit na gníomhartha sin a cháineadh soiléir, bearta coisctheacha agus éifeachtacha a ghlacadh agus aon líomhaintí lena mbaineann a imscrúdú go córasach, go pras, go críochnúil, go neamhspleách agus go neamhchlaonta, agus infheistíocht a dhéanamh i gcláir oiliúna chun go mbeidh na húdaráis in ann cásanna den sórt sin a láimhseáil ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún na próisis sin a chomhcheangal le moltaí a dhéanamh agus malartú dea-chleachtas a éascú;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar maith idir an tsochaí shibhialta, póilíní agus institiúidí ábhartha ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí agus chun dea-chleachtais a aimsiú maidir le gníomhaithe, an tsochaí shibhialta agus an daonlathas féin a chosaint;

25.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá tagtha ar an bhforéigean agus ar an bhfuath atá ag díriú ar eagraíochtaí agus ar ghníomhaithe atá ag obair le mionlaigh reiligiúnacha nó maidir leis an bhfrithchiníochas, an feimineachas agus cearta LGBTIQ+;

26.

á mheabhrú nach imeacht ar leith é ceap milleáin a bheith á dhéanamh ar ESSanna atá ag obair ar chearta na mban agus ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí leochaileacha amhail daoine LGBTIQ+, ach go bhfeidhmíonn sé mar réamhbheartú agus díchóimeáil de réir a chéile ar chearta bunúsacha, ar cearta iad atá cosanta in Airteagal 2 CAE, agus atá mar chuid de chlár oibre polaitiúil níos mó d’fheachtais 'frith-inscne'; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith an-chúramach maidir le tionscnaimh lena ndéantar iarracht leanúint ar ais ar chearta faighte a ceapadh chun daoine a chosc agus a chosaint ar idirdhealú agus chun comhionannas a chur chun cinn;

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún tagairtí d’ionsaithe ar chosantóirí chearta an duine a chur san áireamh ina thuairisciú faoin gcinneadh réime maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac, agus faireachán agus measúnú á dhéanamh aige ar rialacha agus ar uirlisí AE chun cearta íospartaigh na coireachta a chosaint, agus nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar fhorálacha AE maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac;

28.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil nósanna imeachta éifeachtúla ag an Aontas faoi láthair chun freagairt leordhóthanach a thabhairt nuair a thuairiscíonn ESSanna go bhfuil caighdeáin dhaonlathacha agus spás sibhialta sna Ballstáit faoi bhagairt; á iarraidh go mbunófaí sásra foláirimh AE lena gceadaítear do ESSanna agus do chosantóirí chearta an duine ionsaithe a thuairisciú, foláirimh a chlárú, treochtaí a mhapáil agus tacaíocht thráthúil agus spriocdhírithe a sholáthar d’íospartaigh; á mheas go gcuirfeadh sásra den chineál sin feabhas freisin ar thuairisciú ar leibhéal an Aontais, go gcuirfeadh sé ionchur ar fáil do mheasúnú bliantúil an Choimisiúin ar an smacht reachta agus go gcuirfeadh sé le comhroinnt faisnéise níos fearr leis an bpobal Eorpach i gcoitinne;

29.

á chur in iúl gur oth léi go mór gur dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle araon tionscnamh na Parlaiminte maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú a bheadh á rialú le comhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle; á mheabhrú gurb é an dlúthnasc idir faireachán ar an spás sibhialta agus an daonlathas agus cearta bunúsacha, agus gurb é sásra chun faireachán a dhéanamh ar luachanna Airteagal 2 CAE an uirlis is fearr le haghaidh cur chuige iomlánaíoch ina leith sin;

30.

ag tathant ar an gCoimisiún a chumhachtaí forfheidhmiúcháin a úsáid i gcoinne na mBallstát sin a chuireann srian míchuí ar an spás sibhialta a sháraíonn dlíthe AE, lena n-áirítear trí imeachtaí um shárú, trí chreat an smachta reachta, tríd an Rialachán nua maidir le Coinníollacht agus tríd an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta agus rannchuidiú fóinteach na bpróiseas sin a áirithiú, agus a áirithiú go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus na dtairbhithe deiridh a chosaint mar is ceart;

31.

ag áitiú nár cheart do na Ballstáit an clárú, na hoibríochtaí, an maoiniú agus gluaiseachtaí trasteorann ESSanna a choiriúlú ná tionchar díobhálach a imirt orthu ar bhealach eile; á chur in iúl gur cúis imní di i ndáil leis sin an léirmhíniú ar fhorálacha AE i roinnt Ballstát, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coiriúlú ghníomhaíochtaí ESSanna agus chosantóirí chearta an duine, go háirithe i réimse na himirce, rud atá ag teacht salach ar threoir an Choimisiúin go minic; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le coiriúlú éagórach agus le hionchúiseamh gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus ag tathant ar an gCoimisiún faireachán gníomhach a dhéanamh ar na Ballstáit faoi seach agus gníomhú ina gcoinne i ndáil leis an méid sin; á athdhearbhú freisin nach mór do na gníomhaithe uile a bhíonn ag déileáil le himircigh ar chúiseanna daonnúla agus atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála cloí le prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine agus leis na dlíthe Eorpacha agus náisiúnta is infheidhme lena n-urramaítear na prionsabail sin;

Rochtain inbhuanaithe neamh-idirdhealaitheach ar acmhainní

32.

ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag Seasanna i ndáil le cistiú easpa foinsí leordhóthanacha cistithe, nósanna imeachta riaracháin iomarcacha chun cistiú a rochtain, easpa trédhearcacht agus cothroime i ndáil le leithdháileadh an cheistithe agus critéir incháilitheachta shriantacha;

33.

ag leagan béim ar na conclúidí i Rún 2535 (2020) ó na Náisiúin Aontaithe, eadhon go bhfuil rannpháirtíocht luathaithe i measc na hóige ríthábhachtach chun sochaithe síochánta a chruthú agus a chaomhnú;

34.

ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach, dearfach is féidir leis an óige a dhéanamh agus a dhéanann sí i leith na n-iarrachtaí i dtreo sochaithe daonlathacha agus síochánta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit cur leis an infheistíocht in eagraíochtaí san óige agus in eagraíochtaí don óige; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí maoiniú leormhaith ar chlár Erasmus+, agus béim á leagan aige ar an ról atá aige Eoraip dhaonlathach a chruthú;

35.

ag tathant ar an gCoimisiún na bacainní atá ann cheana a shainaithint agus tacar cuimsitheach beart agus moltaí a mholadh chun maoiniú intuartha, leormhaith agus cumasúcháin fadtéarmach a áirithiú do ESSanna, lena n-áirítear cistiú a gcuid gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le habhcóideacht agus le faireachán; á chur i bhfáth gur cheart bearta rómhaorlathais a sheachaint le cistiú AE do ESSanna;

36.

á mheas go bhfuil oscailteacht agus trédhearcacht ríthábhachtach chun cuntasacht ESSanna agus muinín an phobail astu a bhunú fad a fhónann siad don chuspóir grinnscrúdú poiblí dlisteanach a áirithiú agus go bhfuil ceanglais maidir le tuairisciú fós riachtanach agus comhréireach; ag cáineadh aon mhí-úsáid a bhaintear as bearta trédhearcachta chun ESSanna ar leith a stiogmatú;

37.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé foinsí comhlántacha cistithe a áirithiú, lena n-áirítear ó institiúidí poiblí ar gach leibhéal, príobháideach, daonchairdiúil agus deontóirí aonair, táillí ballraíochta agus ioncam a ghintear trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ó fhoinsí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, mar d’fhéadfadh sé sin cabhrú le ESSanna a bheith athléimneach i gcoinne aon srianta féideartha rialtais maidir le cistiú seachtrach; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE feabhas a chur ar an timpeallacht dhlíthiúil do ESSanna agus na dálaí faoina bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar fhoinsí éagsúla cistithe, lena n-áirítear cistiú príobháideach agus cistiú eachtrach, a mhaolú; á chur i bhfios gur cheart go gcumhdófaí le cistiú poiblí gach cineál gníomhaíochta de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear abhcóideacht, dlíthíocht agus gníomhaíochtaí faire, oideachas agus ardú feasachta, soláthar seirbhíse, agus tógáil acmhainne agus comhghuaillíochta, lena gcuirtear chun cinn agus lena gcosnaítear luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE dul níos faide ná cistiú tionscadal agus príomhchistiú bonneagair agus timthriallta cistithe ilbhliantúla a sholáthar chun inbhuanaitheacht na sochaí sibhialta a áirithiú;

38.

ag cáineadh idirdhealú de chineál ar bith, ó thaobh na polaitíochta nó ar fhorais eile, maidir le cistí poiblí a leithdháileadh agus na héifeachtaí díspreagthacha a eascraíonn as sin; á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta atá soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ina leith sin; ag cáineadh aon chineál srianta ar chistiú, go háirithe iad siúd lena ndírítear ar ESSanna agus ar ghníomhaithe atá ag obair chun cearta na mban, daoine LGBTIQ+, mionlaigh, imircigh agus dídeanaithe a chosaint;

39.

á chur i bhfios go láidir nár cheart feachtais eisiúna ESSanna a bheith faoi réir teorainneacha cistiúcháin faoi chomhthéacs forluí le toghcháin nó le feachtais pholaitiúla eile; ag tabhairt dá haire go minic go bhfuil gá le cómhaoiniú le haghaidh cistí atá ar fáil do ESSanna, rud a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá don tairbhí sciar de na cistí riachtanacha a bhailiú ó fhoinsí eile, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tionscadal nó d’oibriú na heagraíochta; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart an sciar den chómhaoiniú atá de dhíth a theorannú go réasúnta agus gur cheart modhanna éagsúla airgid a chur san áireamh;

40.

á chur in iúl gur saoth léi misin seirbhíse poiblí a bheith á n-eisfhoinsiú ag na húdaráis phoiblí chuig ESSanna i réimsí amhail an tithíocht, an tsláinte, an t-oideachas agus an tearmann, rud a théann thar chomhar cothrom idir údaráis phoiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a bhfuil taithí mhaith acu a bheith ag obair leis na daoine lena mbaineann, agus a bheith ag obair ar a son, agus nach taca dó acmhainní breise leordhóthanacha; á chur i bhfáth go n-úsáidtear acmhainní na sochaí sibhialta leis na cleachtais eisfhoinsithe sin chun freagrachtaí na stát a chomhlíonadh agus nach bhfágann siad spás a bhfuil géarghá leis a bheith ann do rannpháirtíocht phoiblí ESSanna tríd an abhcóideacht, trí dhlíthíocht straitéiseach agus tríd an oideachas poiblí;

41.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di teacht chun cinn GONGOanna agus cleachtais ghaolmhara cistiúcháin phoiblí atá idirdhealaitheach agus doiléir go minic; ag tabhairt rabhadh faoin éifeacht dhíobhálach a bhíonn acu ar an daonlathas agus ar iolrachas agus éagsúlacht laistigh den tsochaí shibhialta, agus ar dhlisteanacht bhraite ESSanna agus, dá bhrí sin, ar thoilteanas na saoránach a bheith rannpháirteach sa tsaoránacht ghníomhach; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar ghrúpaí a ghríosaíonn fuath de shárú ar na rialacha dlí is infheidhme agus gníomhaíocht a dhéanamh ina gcoinne; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leo díospóireacht phoiblí a shaobhadh ar féidir léi an bonn a bhaint ó chreatlach an daonlathais;

42.

ag tathant ar an gCoimisiún coinníollacha agus nósanna imeachta a leagan amach chun a áirithiú nach ndéanfar cistí AE atá ainmnithe don tsochaí shibhialta a dhámhachtain, cibé acu faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht chomhroinnte, ach amháin ar eagraíochtaí atá neamhspleách go hiomlán ar aon rialtas agus a chloíonn go hiomlán le luachanna AE a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; ag tathant ar an gCoimisiún líomhaintí maidir le dáileadh idirdhealaitheach cistithe AE ar ESSanna a dhíriú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh cistiú AE ag tacú le GONGOnna;

43.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bhfuil buiséad méadaithe EUR 1,55 billiún aige don tréimhse 2021-2027, agus ag aithint gur freagairt fhóinteach é ar na dúshláin atá os comhair na sochaí sibhialta san Aontas agus gurb é an chéad chéim é chun creat cúnaimh níos córasaí a chruthú do ESSanna san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle go gníomhach le ESSanna agus cláir oibre agus sásraí cistiúcháin á sainiú chun trédhearcacht, solúbthacht agus soláimhsitheacht a áirithiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di sásraí athdháiliúcháin sa tsraith Luachanna an Aontais; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh gníomhaíochtaí faire, abhcóideachta agus dlíthíochta, chomh maith le fothú acmhainní, mar go dtreisíonn na ESSanna sin an méid a chuireann ESSanna le luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear maoiniú i leataobh chun tacú le ESSanna agus na cúraimí agus na róil a shanntar dóibh ina mbeartais éagsúla earnála á gcur chun feidhme acu; á iarraidh go ndéanfaí cistiú sonrach éigeandála agus go dtabharfaí tacaíocht phraiticiúil do ghníomhaithe sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol go ndéanfaí sárú ar a gcearta bunúsacha;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun rannpháirtíocht na ESSanna sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus cistí eile a bhainistítear go lárnach a mhéadú, lena n-áirítear trí shimpliú breise, trí chritéir incháilitheachta níos solúbtha, agus trí fhaisnéis agus oiliúint spriocdhírithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar chleachtais sna Ballstáit agus moltaí a chur ar fáil chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na ESSanna i gcláir faoi bhainistíocht chomhroinnte; á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos fearr a thabhairt do ESSanna agus oiliúint a chur orthu maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéantar ar chistí AE ar leibhéal na mBallstát;

45.

á mheas nach amháin gur cheart tacaíocht bhuiséadach do ESSanna a phleanáil, ach gur cheart í a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt di i gcláir uile an Aontais; á chur in iúl gur oth léi nár díríodh, leis an bpacáiste Eorpach um théarnamh, ar ESSanna go sonrach sa bhreis ar ghnólachtaí agus ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ESSanna rannpháirteach i gcur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ar chistí eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus a sheiceáil an dtacaíonn na pleananna téarnaimh náisiúnta le riachtanais chistiúcháin ESSanna; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ar ESSanna mar gheall ar chistiú a tharraingt siar faoin Rialachán maidir le Coinníollacht nó faoi na coinníollacha atá ionsuite i gcistí agus i gcláir faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nó sa tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta lena dtugtar urraim don smacht reachta agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe mar réamhriachtanas chun maoiniú a fháil trí mhódúlachtaí sonracha a chur ar fáil chun cistiú a dhíriú ar ESSanna atá oiriúnaithe don timpeallacht ina bhfeidhmíonn siad;

46.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbronnfar cistí AE ach ar eagraíochtaí atá neamhspleách go hiomlán ar aon rialtas agus a chloíonn go hiomlán le luachanna AE;

47.

ag cáineadh iarrachtaí Ballstát áirithe srianta a chur ar chistiú eachtrach agus ar na hinsintí polaitiúla gaolmhara a d’fhógair siad agus bearta a rinne siad chun ESSanna a stiogmatú nó a chiapadh; á mheabhrú gur chinn CBAE go sáraíonn siad sin saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse comhlachais; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de nósanna imeachta um shárú a thionscnamh i ndáil leis sin agus bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm go córasach; á iarraidh ar an gCoimisiún mapáil a dhéanamh ar shrianta cistithe eachtracha ar fud an Aontais d’fhonn a áirithiú go n-urramófar go héifeachtach na prionsabail a athdhearbhaíonn CBAE i ngach Ballstát;

48.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá dreasachtaí cánach chun dlús a chur le tabhartais phríobháideacha; ag spreagadh na mBallstát na scéimeanna sin a fhorbairt tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a leagan amach agus moltaí a dhéanamh; á aithint a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfadh ESSanna rialacha náisiúnta i réimse an chánachais agus sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid ach á chur i bhfáth go láidir nach féidir mí-úsáid a bhaint as rialacha den sórt sin agus as trédhearcacht i gcoitinne chun bac a chur ar ghníomhaíochtaí na ESSanna nó chun éifeacht athchomhairleach a chruthú a dhéanfadh difear dá gcomhaltaí agus dá ndeontóirí;

49.

á mheabhrú go gceanglaítear le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le saoirse comhlachais ar údaráis toimhde a chur i bhfeidhm i bhfabhar shaoirse ESSanna cistiú a lorg agus a fháil ó fhoinse ar bith agus ó dhlíthiúlacht a gcuid gníomhaíochtaí, agus gur féidir srianta a chur i bhfeidhm má fhorordaítear sin sa dlí, aidhm dhlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus, más gá, i sochaí dhaonlathach chun na haidhmeanna atá i gceist a bhaint amach;

50.

á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a thabhairt maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus na saorghluaiseachta caipitil a chuirtear i bhfeidhm maidir le tabhartais trasteorann; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfaí aitheantas frithpháirteach agus cóir chomhionann a thabhairt do dheonú trasteorann agus do shochair a bhaineann leis an stádas sin ar mhaithe le leas an phobail dá ndéanfaí an sainmhíniú ar choincheap an leasa phoiblí a chomhfhogasú; á iarraidh go ndéanfaí sainmhíniú ar choincheap an leasa phoiblí ar leibhéal AE, mar go spreagfadh sé sin tabhartais trasteorann sa mhéid go bhféadfaí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do stádas an leasa phoiblí agus do chóir chomhionann ó thaobh na mbuntáistí gaolmhara de; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur ar bun chun deireadh a chur le bacainní ar dhaonchairdeas trasteorann agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le tabhartais thar theorainneacha i gcomhréir le rialuithe CBAE;

Idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht i gceapadh beartas

51.

ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sibhialta i gceapadh beartais eolasach agus cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag ESSanna mar idirghabhálaithe idir saoránaigh agus údaráis ar gach leibhéal trí idirphlé struchtúrtha a áirithiú; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag ESSanna agus iad i dteagmháil comhsheasmhach le saoránaigh, lena n-áirítear grúpaí imeallaithe nó leochaileacha, agus ag aithint a gcuid saineolais, ag tabhairt ról lárnach dóibh san idirphlé sibhialta agus ag cur béim ar an ról atá acu chun na daoine sin is faide ar shiúl a chumhachtú chun a bheith rannpháirteach agus a n-imní a chur in iúl, agus smacht daonlathach á fheidhmiú acu ar ghníomhaíocht phoiblí agus cuntasacht á háirithiú i leith na gníomhaíochta sin;

52.

á chur in iúl gur geal léi na céimeanna dearfacha a tugadh i roinnt Ballstát le straitéisí nua maidir le hidirphlé sibhialta agus le coistí comhairleacha na sochaí sibhialta; ag cáineadh, áfach, cleachtais a chuireann isteach d’aon ghnó ar rannpháirtíocht na ESSanna, amhail iad a eisiamh ó phróisis phoiblí, dul i muinín dlíthe uileghabhálacha teimhneacha agus próisis luathaithe pharlaiminteacha lena seachnaítear oibleagáidí comhairliúcháin agus plé;

53.

á mheabhrú gur minic gur teoranta fós an rochtain atá ag ESSanna ar chinnteoireacht mar gheall ar an bpráinn a bhaineann le bearta a bhaineann le COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, na hiarrachtaí a rinneadh chun dul i ngleic leis sin i roinnt Ballstát;

54.

á chur in iúl gur oth léi gur próiseas ad hoc a bhíonn san idirphlé sibhialta go minic; á iarraidh ar na Ballstáit creataí beartais comhleanúnacha a fhorbairt lena n-áiritheofar próisis struchtúrtha, intuartha agus fhadtéarmacha, rannpháirtíocht chuimsitheach agus athbhreithniú córasach, agus acmhainní iomchuí a leithdháileadh, lena n-áirítear chun oifigigh a oiliúint; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a sholáthar arna n-ullmhú i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta, bunaithe ar anailís ar chleachtais atá ann cheana;

55.

á mheas gur cheart d’institiúidí uile an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí a rannpháirtíochta le ESSanna i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE chun idirphlé oscailte, trédhearcach, fóinteach agus rialta le ESSanna a áirithiú, ar bhonn cothrom le geallsealbhóirí eile; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chomhaontú idirinstitiúideach a thíolacadh maidir leis an idirphlé sibhialta idir na príomhinstitiúidí uile a chumhdaíonn gach réimse de bheartas an Aontais chomh maith le próisis thrasnacha amhail, mar shampla, Staid an Aontais nó an Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa;

56.

á mheas, ina leith sin, go bhféadfadh Uachtarán na Parlaiminte duine dá Leas-Uachtaráin a cheapadh chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a dhéanamh le ESSanna; á mholadh do na grúpaí polaitiúla a struchtúir idirphlé shibhialta féin a cheapadh;

57.

á iarraidh, go háirithe, go n-athbhunóidh an Coimisiún, ina phróisis chomhairliúcháin, cothromaíocht idir ionadaithe leasanna corparáideacha agus ionadaithe leasanna eile, amhail cearta oibrithe, cearta sóisialta agus cosaint an chomhshaoil, agus go n-áiritheoidh sé go mbeidh coimircí ann i gcoinne cleachtais brústocaireachta éagóracha nach bhfuil ar comhréir le hidirphlé cothrom agus trédhearcach;

58.

á iarraidh go n-áiritheoidh na Ballstáit, institiúidí AE i gcoitinne, agus an Coimisiún go háirithe, go mbeidh dlúthchomhairliúchán ann leis an tsochaí shibhialta agus an reachtaíocht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don spás sibhialta agus do shaoirsí á hullmhú agus á hathbhreithniú;

59.

ag cur sonrú san fhreagracht atá ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choinneáil ar bun leis an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth gur cheart an t-idirphlé sibhialta a chur i ngníomh tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún go háirithe breithniú a dhéanamh ar phointí teagmhála sonracha a bhunú laistigh de gach Ard-Stiúrthóireacht chun go mbeidh an tsochaí shibhialta i ndlúth-thadhall le Leas-Uachtarán an Choimisiúin; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí ról tábhachtach do réimse leathan ESSanna trí phróiseas trédhearcach roghnúcháin i ngrúpaí saineolaithe agus i bhfóraim chomhairleacha lena gcuidítear leis an gCoimisiún agus go gcuirtear béim ar ESSanna a labhairt amach ar son grúpaí leochaileacha agus grúpaí tearcionadaithe;

60.

á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú na gclár náisiúnta lena gcuirtear cistí AE chun feidhme a threisiú agus straitéisí agus phleananna gníomhaíochta an Aontais a bheith á gcur chun feidhme ag na Ballstáit chun na Ballstáit a spreagadh sásraí éifeachtacha rannphairtíochta ESSanna agus idirphlé sibhialta a chur i bhfeidhm; á iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach arís i bpróiseas an tseimeastair Eorpaigh agus go ndéanfaí faireachán ar an bpacáiste Eorpach um théarnamh;

61.

á chur in iúl gur geal léi Bliain Eorpach na hÓige mar dheis chun rannpháirtíocht shibhialta agus idirphlé i sochaí dhaonlathach a chur chun cinn tuilleadh;

62.

ag cur in iúl go bhfuil sí tiomanta a áirithiú go ndéanfar obair leantach iarbhír ar an tuarascáil sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an gealltanas céanna a thabhairt;

o

o o

63.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.

(2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(3)  IO C 323, 1.10.2020, lch. 1.

(4)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 20.

(5)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.

(6)  IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.

(7)  IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.

(8)  IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.

(9)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 28.

(10)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 107.

(11)  IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0044.

(13)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0451.

(14)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún Eorpach v an Ungáir, ECLI:EU:C:2020:476.