6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/55


P9_TA(2022)0032

Straitéis Eorpach maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 ar straitéis Eorpach maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta (2021/2012(INI))

(2022/C 342/08)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1),

ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat maidir le pleanáil spásúil mhuirí (2),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (3) (an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 713/2009, (CE) Uimh. 714/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 (4) (Rialachán GTE-F),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (5), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

ag féachaint do rún an 6 Feabhra 2018 uaithi maidir le dlús a chur le nuáil an fhuinnimh ghlain (7),

ag féachaint do rún an 14 Márta 2019 uaithi dar teideal “An t-athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras” (8),

ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (9),

ag féachaint do rún an 10 Iúil 2020 uaithi maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de (10),

ag féachaint do rún an 25 Samhain 2020 uaithi maidir le Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip (11),

ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi maidir le Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin (12),

ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi maidir le straitéis Eorpach i ndáil le comhtháthú córas fuinnimh (13),

ag féachaint do rún an 7 Iúil 2021 uaithi maidir le tionchar feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus chórais eile fuinnimh inathnuaite ar earnáil an iascaigh (14),

ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht an 10 Márta 2020 ón gCoimisiún dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

ag féachaint do theachtaireacht an 20 Bealtaine 2020 ón gCoimisiún dar teideal “Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol” (COM(2020)0380) agus rún gaolmhar an 9 Meitheamh 2021 faoin teideal céanna (15),

ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),

ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal “Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration” [Geilleagar aeráidneodrach á chumhachtú: Straitéis ón Aontas chun córais fuinnimh a chomhtháthú] (COM(2020)0299),

ag féachaint do theachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition – Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa don aeráid – Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár bpobail] (COM(2020)0562),

ag féachaint do thuarascáil an 14 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal “2020 report on the State of the Energy Union pursuant to Regulation (EU) 2018/1999 on Governance of the Energy Union and Climate Action” [Tuarascáil 2020 ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide] (COM(2020)0950),

ag féachaint do theachtaireacht an 19 Samhain 2020 ón gCoimisiún dar teideal “An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future” [Straitéis AE chun leas a bhaint as an bhfuinneamh inathnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí aeráidneodrach] (COM(2020)0741),

ag féachaint do thogra an 15 Nollaig 2020 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (COM(2020)0824),

ag féachaint do thuarascáil Uimh. 3/2015 an 1 Deireadh Fómhair 2015 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal “Marine protected areas in Europe”s seas – an overview and perspectives for the future’ [Limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfarraigí na hEorpa – forléargas agus peirspictíochtaí don todhchaí] agus dá seisiún faisnéise an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “Management effectiveness in the EU”s Natura 2000 network of protected areas’ [Éifeachtacht bainistíochta i líonra Natura 2000 AE na limistéar faoi chosaint],

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Iascach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0339/2021),

A.

de bhrí gur dhaingnigh AE Comhaontú Pháras, mar aon leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpach a glacadh le déanaí lenar leagadh síos sprioc Aontais chun gáis cheaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar aon le spriocanna comhlántacha, chun éifeachtaí an athraithe aeráide dhomhanda a chomhrac;

B.

de bhrí go n-éilítear beo-aistriú fuinnimh ghlain faoina n-áiritheofar inbhuanaitheacht, cinnteacht soláthair agus inacmhainneacht fuinnimh, mar aon leis an mbonneagar riachtanach fuinnimh chun an t-aistriú a dhéanamh chuig geilleagar aeráidneodrach ar ardleibhéal fuineamhéifeachtúlachta agus é bunaithe ar ardleibhéal athnuaiteán;

C.

de bhrí go bhfágann an titim shuntasach ar phraghsanna fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta go bhfuil sé ar na foinsí fuinnimh is iomaíche ó thaobh praghais de, go raibh titim 48 % idir 2010 agus 2020 ar mheánchostas leibhéalaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, arna ualú ar bhonn domhanda, ó EUR 0,14 go EUR 0,071 kWh agus, dá bhrí sin, gur gné ríthábhachtach den aistriú glas é, lena réiteofar an bealach do gheilleagar nua-aimseartha, a bheidh tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, agus go bhfuil sé anois ar na colúin is tábhachtaí d’uaillmhianta aeráide AE; de bhrí go bhféadfadh fuinneamh inathnuaite muirí (FIM) leas a bhaint as foinsí ollmhóra fuinnimh chun teaghlaigh a chosaint ar bhochtaineacht fuinnimh;

D.

de bhrí gur cheart gnéithe geografacha éagsúla imchuacha farraige AE a bheith á gcur san áireamh i straitéis AE maidir le fuinneamh inathnuaite muirí, óir is dúshláin iad agus cur chuige uilíoch á fhorbairt;

E.

de bhrí go bhfuil earnáil fuinnimh inathnuaite mhuirí AE ina cheannaire teicneolaíochta agus acmhainn shuntasach ag baint leis chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa trí thacaíocht a thabhairt d’fhás tháirgeadh an fhuinnimh ghlain san Eoraip agus ar fud an domhain;

F.

de bhrí gurbh é EUR 496 mhilliún an méid iomlán a bhí ar fáil le haghaidh clár taighde agus forbartha (T&F) AE maidir le gaoth amach ón gcósta le 10 mbliana anuas; de bhrí go raibh ról fíorthábhachtach ag infheistíochtaí poiblí T&F i slabhra luacha an fhuinnimh gaoithe cheana féin agus gur thug siad deis forbartha don earnáil; de bhrí go meastar gur infheistíocht thart ar EUR 800 mbilliún a bheidh ag teastáil chun fuinneamh inathnuaite muirí a chur á úsáid ar mhórscála faoi 2050, gur thart ar dhá thrian de a theastóidh chun an bonneagar greillí a ghabhann leis a chistiú agus thart ar thrian le haghaidh giniúint cumhachta amach ón gcósta; de bhrí go dtugann plean téarnaimh NGEU deis uathúil méideanna suntasacha caipitil phoiblí a shlógadh de bhreis ar infheistíocht phríobháideach;

G.

de bhrí go bhfuil ríthábhacht le scileanna agus cáilíochtaí lucht saothair chun go n-éireoidh leis an straitéis fuinnimh inathnuaite mhuirí;

H.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag calafoirt AE chun costéifeachtacht na gaoithe amach ón gcósta a áirithiú, agus go bhfeidhmíonn siad mar gheataí le hagaidh forbairt áitiúil i bpobail chósta;

I.

de bhrí gurb í Muir Thuaidh atá chun tosaigh faoi láthair, ar bhonn domhanda, mar réigiún acmhainne imscartha i gcás gaoth amach ón gcósta; de bhrí go bhfuil gealladh faoi imchuacha Eorpacha eile amhail san Atlantach, sa Mheánmhuir, i Muir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh agus go bhféadfaí an táirgeadh gaoithe amach ón gcósta iontu a mhéadú go mór agus é a úsáid san Aontas; de bhrí go bhfuil ardacmhainn nádúrtha le haghaidh fuinnimh amach ón gcósta, bíodh sé feistithe den ghrinneall nó ar snámh, ag Ballstáit AE atá teorantach leis an Atlantach; de bhrí go bhfuil ardacmhainn nádúrtha le haghaidh fuinnimh amach ón gcósta, é ar snámh den chuid is mó, ag Ballstáit dheisceartacha AE atá teorantach leis an Meánmhuir; de bhrí go bhfuil ardacmhainn nádúrtha le haghaidh fuinnimh amach ón gcósta, agus é feistithe den ghrinneall, ag Ballstáit AE atá teorantach le Muir Bhailt; de bhrí go bhfuil ardacmhainn nádúrtha le haghaidh fuinnimh amach ón gcósta, bíodh sé feistithe den ghrinneall nó ar snámh, ag Ballstáit AE atá teorantach leis an Muir Dhubh;

J.

de bhrí go bhfiul gá le taighde breise ar thionchar na dteicneolaíochtaí éagsúla fuinnimh inathnuaite muirí agus tionchar an bhonneagair ar éiceachórais mhuirí, ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar limistéir mhuirí faoi chosaint;

K.

de bhrí gur cheart an dúlra a athbhunú i gcomhar leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach, gan spriocanna reatha dúlra Straitéis Bhithéagsúlachta AE le haghaidh 2030 a chur i mbaol nó éinne a fhágáil ar deireadh, amhail a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip; de bhrí gur cheart an t-aistriú fuinnimh a bheith cóir agus ionchuimsitheach;

L.

de bhrí go gcaithfidh tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí agus na measúnuithe tionchair a ghabhann leo cur chuige ordlathais maoluithe a leanúint; de bhrí i gcás ina bhfuil sé dosheachanta nó inar deacair é a sheachaint gur cheart bearta laghdaitheacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach le linn na gcéimeanna uile ó roghnú suímh go saothrú go díchoimisiúnú; de bhrí go bhfuil bearta maolaitheacha i gcoinne torann faoi uisce ar na bearta maolaitheacha sin a leagtar amach sna measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol

M.

de bhrí gur cheart don Choimisiún a mheas a indéanta a bheadh sé tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne le haghaidh feirm gaoithe mhórscála ar snámh, agus an tionscadail leictrealóra a bheadh nasctha leis, a bhunú;

N.

de bhrí go bhféadfaí tairbhiú den chomhoiriúnacht idir ceanglais spáis farraige chun comhlíontacht an fhuinnimh inathnuaite mhuirí le Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 AE a áirithiú; de bhrí go bhéadfaí leas na bithéagsúlachta muirí a dhéanamh le feirmeacha gaoithe amach ón gcósta ach iad a dhearadh agus a thógáil agus inbhuanaitheacht san áireamh; de bhrí go mbeidh gá le cur chuige cliste, i dtaca le forbairt mhór ar tháirgeadh na cumhachta gaoithe amach ón gcósta, chun a áirithiú go bhféadfar í a oibriú taobh leis na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana sna limistéir i gceist agus an dochar is lú is féidir a dhéanamh don chomhshaol; de bhrí go mbíonn tionchar ag truailliú torainn ar an éiceachóras muirí de bharr feirmeacha gaoithe a bheith á dtógáil agus á n-oibriú, agus ón iompar muirí go háirithe, agus gur cheart aghaidh a thabhairt air sa reachtaíocht chomhshaoil; de bhrí go gcuirfear le leithdháileadh rathúil spáis farraige gan amhras ach forbróirí fuinnimh inathnuaite a bheith bainteach leis go luath sa phróiseas; de bhrí gur mar thoradh ar phleanáil spásúil mhuirí i gcomhar le bainistíocht chósta chomhtháthaithe a théann thar theorainneacha náisiúnta a dhéanfaí an leithdháileadh spáis; de bhrí gur mó an méid leictreachais ó thuirbíní gaoithe amach ón gcósta ná an méid ó thuirbíní gaoithe ar talamh agus gur mó an seans ar iad a bheith inghlactha acu siúd atá ina gcónaí sa timpeallacht;

O.

de bhrí nár cheart aon ghníomhaíocht dhaonna, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite, a cheadú i limistéir AE faoi dhianchosaint a ainmníodh mar limistéir den chineál sin i gcreat Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 AE;

P.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an straitéis creat fadtéarmach a sholáthar lena gcuirfear cómhaireachtáil fhónta chun cinn idir bonneagar amach ón gcósta agus úsáidí eile as an spás mara, lena gcuirfear le cosaint an chomhshaoil agus lena gceadófar do phobail iascaireachta rathú;

Q.

de bhrí gur cheart tacú le haistriú cóir oibrithe ón earnáil ola agus gáis amach ón gcósta chuig an earnáil fuinnimh inathnuaite mhuirí tríd an aitheantas dá scileanna agus dá gcáilíochtaí a fheabhsú; de bhrí gur den tábhacht é seasamh leis na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil is airde;

R.

de bhrí go mbraitheann an glacadh le fuinneamh inathnuaite muirí ar iarrachtaí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach; de bhrí go bhfuil ról ann do chuideachtaí in úinéireacht phoiblí chomh maith le cuideachtaí príobháideacha in earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí; de bhrí gur cheart, san athbhreithniú ar rialacha maidir le cabhair stáit agus soláthair phoiblí, breis solúbthachta a cheadú maidir leis an aistriú glas, lena n-áirítear tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí, a chur chun feidhme;

1.   

á chreidiúint gur den riachtanas é an t-athrú aeráide a chomhrac leis an glacadh le fuinneamh inathnuaite muirí chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun seasamh le gealltanas AE astaíochtaí GCT glan-nialasach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíochta is déanaí, faoi mar a deimhníodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa phlean téarnaimh; á chur i bhfáth go n-éilíonn geilleagar glan-nialasach fuinneamh inathnuaite a úsáid ar scála nach bhfacthas cheana; á chur i bhfáth go bhfuil go leor Ballstát chun deiridh maidir leis an mbonneagar fuinnimh inathnuaite riachtanach a chur á úsáid; á chur i bhfáth thairis sin gur cheart do na Ballstáit uile iarrachtaí fiúntacha a dhéanamh chun lán a n-acmhainne fuinnimh inathnuaite a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir nach mbeidh an tAontas in ann seasamh lena ghealltanais aeráide gan gníomhaíochtaí breise a dhéanamh chun dlús a chur le himlonnú an fhuinnimh inathnuaite mhuirí;

2.   

á iarraidh ar an gCoimisiún príomhghnéithe córais fuinnimh AE a dhéanamh den fhuinneamh inathnuaite muirí agus teicneolaíochtaí ábhartha eile faoi 2050;

3.   

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil coigilteas fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite ar na príomhfhoinsí spreagtha chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach; á mheabhrú a thiomanta atá an tAontas don bhunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an prionsabal sin a chur chun feidhme sa reachtaíocht agus sna tionscnaimh ábhartha uile;

4.   

á thabhairt chun suntais gurb iad na spriocanna táirgthe fuinnimh i gcás fuinnimh inathnuaite muirí in imchuacha farraige uile AE, mar a leagtar amach i dTeachtaireacht COM(2020)0741 ón gCoimisiún, 60 GW ar a laghad faoi 2030 agus 340 GW faoi 2050; á mheabhrú gur acmhainn shuiteáilte gaoth amach ón gcósta 70-79 GW ba cheart a bheith ann, de réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún a bhí ag gabháil le teachtaireacht COM(2020)0562 (16), chun bealach cost-iomaíoch i dtreo laghdú 55 % faoi 2030 a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na hearnálacha poiblí agus príobháideacha an sprioc maidir le laghdú 55 % a shárú faoi 2030; ag tathant ar an gCoimisiún na rialacha soláthair phoiblí agus cabhair stáit a athbhreithniú chun aistriú cost-iomaíoch a áirithiú a mbeadh tacaíocht aige ó mhargadh dea-fheidhmiúil a thugann spreagadh don ghlacadh ar ghaoth amach ón gcósta; ag tabhairt dá haire go bhfuil limistéir ann amhail an tAigéan Atlantach, Muir Bhailt agus an Mhuir Dhubh ina bhfuil acmhainn fuinnimh inathnuaite mhuirí nár baineadh leas rómhór aisti go fóill; á chur i bhfáth gur cinneadh ríthábhachtach a bheidh ann an spás a aimsiú don acmhainn bhreise fuinnimh inathnuaite mhuirí sin faoi 2030 agus gur cheart é a áireamh ina thosaíocht agus a shainaithint san Aontas roimh 2023/2024 chun go bhféadfar é a thógáil faoi 2030; á thabhairt chun suntais go leanfaidh an méadú ar iomaíochas an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus an fhuinnimh inathnuaite mhuirí mar fhoinse fuinnimh agus go leanfaidh na praghsanna de bheith ag titim a thuilleadh i gcomhréir leis an bhforbairt agus cur chun feidhme leanúnach; á thabhairt chun suntais gur foinse inmharthana fuinnimh é fuinneamh inathnuaite muirí agus chun córas iontaofa fuinnimh a thabhairt go gcaithfear fuinneamh inathnuaite muirí a chumasc le teicneolaíochtaí fuinnimh eile, le deiseanna stórála agus tomhaltas solúbtha fuinnimh;

5.   

á chreidiúint go gcaithfidh fuinneamh inathnuaite muirí a bheith inbhuanaithe ó cheann ceann an slabhra luacha agus gan ach tionchair dhochracha theoranta a bheith aige ar an gcomhshaol agus ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; á mheabhrú gur gealladh leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nach bhfágfaí éinne ar deireadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart dea-bhail daoine a bheith i gcroílár an aistrithe ghlais;

6.   

ag tabhairt dá haire an bhuntáiste iomaíoch atá ag cuideachtaí agus teicneolaíochtaí AE in earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil ceannas teicneolaíochta ag an Eoraip i gcónaí, go bhfuiltear in ann tallainn a choimeád agus fuinneamh inacmhainne, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar agus tionchair fhéideartha á gcur san áireamh ag an am céanna, lena n-áirítear iad sin a bhaineann leis an athrú aeráide agus tionchair ar an gcomhshaol muirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an buntáiste iomaíoch sin a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an fhéidearthacht ann borradh suntasach a chur faoin earnáil agus faoin méid a chuireann sí le geilleagar AE, lena n-áirítear onnmhairiú teicneolaíochta agus córas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le hinfheistíochtaí T&Fagus tógáil ar an gcóras nuálach teicneolaíochta fuinnimh inathnuaite mhuirí trí chomhoibriú trasteorann agus chomhpháirtíocht faoin bhFís Eorpach chun slabhraí luacha stóinsithe Eorpacha a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ar rud ríthábhachtach iad don dé-aistriú, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh glacadh tapa leis na nuálaíochtaí a bheidh á bhforbairt sa réimse; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ionaid oibre thionsclaíocha chun aistriú cóir a éascú;

7.   

á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé slabhra soláthair glan, iomaíoch agus inbhuanaithe a choimeád le haghaidh fuinnimh inathnuaite mhuirí san Aontas Eorpach; á chur i bhfáth, ar an ábhar sin, a riachtanaí atá sé go gcuirfeadh fostóirí na caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil is airde cáilíocht i bhfeidhm de réir deimhniúcháin agus caighdeán Eorpach arna gcinneadh i bpróiseas idirphlé leis na geallsealbhóirí ábhartha uile; á chur i bhfáth, thairis sin, a riachtanaí atá sé na costais iompair sa slabhra soláthair a íoslaghdú; á chreidiúint gur cheart na gnéithe sin a bheith san áireamh i gcás tairiscintí poiblí;

8.   

á thabhairt chun suntais go dtugann imlonnú fuinnimh inathnuaite mhuirí deis idéalach do na réigúin is forimeallaí agus do na hoileáin a meascáin fuinnimh a dhícharbónú agus a spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú go mór; á iarraidh go gcuirfear dlús leis an tionscnamh “Fuinneamh Glan d’Oileáin AE”, ag díriú go mór ar fhuinneamh inathnuaite muirí; á mheabhrú go ndéanann ardú ar leibhéal na mara difear d’oileáin go háirithe;

9.   

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh, a luaithe is féidir, chun tionchair eacnamaíocha agus shocheacnamaíocha fuinnimh inathnuaite mhuirí a shoiléiriú, agus béim ar leith á cur ar fhostaíocht atá ann faoi láthair agus fostaíocht a chruthófar trí acmhainneacht 300-450 GW a imlonnú faoi 2050;

10.   

á iarraidh go ndéanfadh údaráis inniúla áitiúla measúnú ar thionscnaimh a chuirfidh borradh faoi gheilleagair áitiúla, fostaíocht inbhuanaithe áitiúil agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha trí ghlacadh le fuinneamh inathnuaite muirí; á iarraidh go ndéanfar sineirgí a shainaithint idir na hearnálacha is fearr is féidir leo tacaíocht a thabhairt do dá aistriú – glas agus digiteach – ag féachaint chuige go seasfaidh an téarnamh eacnamaíoch an aimsir, agus sineirgí a fhorbairt mar aon leis na gníomhaíochtaí chun go gcumasófar geilleagar inbhuanaithe gorm;

Bonneagar agus eangacha

Infheistíocht i mbonneagar

11.

á chur i bhfáth a phráinní atá sé feabhas a chur ar an mbonneagar atá ann faoi láthair agus é a fhorbairt, gan dochar do Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 agus reachtaíocht dúlra AE, chun go bhféadfar leas níos mó a bhaint as leictreachas bunaithe ar athnuaiteáin; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil roinnt Ballstát nár éirigh leo a sprioc 10 % d’idirnasc leictreachais a bhaint amach faoi 2020, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bonneagar leordhóthanach a áirithiú, amhail línte tarchuir, chun leictreachas amach ón gcósta a lánpháirtiú agus a iompar ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta; á mheabhrú sprioc AE 2030 faoina mbeadh idirnascacht leictreachais 15 % ann faoi 2030, rud a leagadh amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999; á iarraidh go dtionscnódh an Coimisiún togra a d’fhéadfadh luas a chur faoi imlonnú na sprice maidir le nascacht; á mheas gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit comhaontuithe a fhorbairt maidir le bonneagar fuinnimh amach ón gcósta le réigiúin gheografacha chomharsanacha;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bonneagar leordhóthanach san Aontais chun a áirithiú go ndéanfar fuinneamh inathnuaite muirí a imlonnú go costéifeachtach;

13.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí a fhorbairt ar bhonn inbuanaithe agus freagrach, agus ról tábhachtach an iompair mhuirí agus na gcalafort á chur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart, agus fuinneamh inathnuaite muirí á fhorbairt, a riachtanaí atá lánaí agus conairí sábháilte don rochtain mhuirí a chur san áireamh mar aon le limistéir ancaireachta le haghaidh loingis, agus lánaí rochtana muirí isteach i gcalafoirt a fhorbairt amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá calafoirt nua-aimseartha, inbhuanaithe agus nuálacha agus trealamh fuinnimh inathnuaite mhuirí á chóimeáil, á mhonarú agus á chothabháil, agus an infheistíocht shuntasach a theastaíonn chun bonneagar calafoirt, lena n-áirítear críochfoirt iompair, agus soithí a uasghrádú chun na seirbhísí sin a sholáthar; á chur i bhfios go bhfuil ról ag na calafoirt, mar phointí tabhairt i dtír i dtaca le fuinneamh inathnuaite a ghintear amach ón gcósta agus an lóistíocht a bhaineann leis, agus mar mhoil fuinnimh inathnuaite chun nascadh le heangach leictreachais amach ón gcósta agus le hidirnascairí trasteorann;

14.

á chur i bhfios go láidir go rannchuideoidh rochtain ar fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta le glasú na gcalafort freisin, lena n-áirítear ó thaobh soláthair cumhachta ar tír mhór le haghaidh long calaithe agus ó thaobh fhorbairt na gcalafort mar bhraislí tionscail chiorclaigh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh pleananna spásúla muirí na mBallstát ag luí le treochtaí amach anseo, lena n-áirítear sreafaí tráchta nua, bealaí loingis nua agus soithí níos mó, agus gur cheart go n-áiritheoidís go bhféadfadh bonneagar an fhuinnimh inathnuaite mhuirí cómhaireachtáil le bealaí iompair muirí, tionscal na iascaireachta, scéimeanna deighilte tráchta, limistéir ancaireachta, rochtain agus gníomhaíochtaí cabhlaigh, agus forbairt na gcalafort; á chreidiúint go láidir nár mhór na leibhéil sábháilteachta is airde a áirithiú le haghaidh long i mbun idirthurais in aice le bonneagair fuinnimh inathnuaite mhuirí, lena n-áirítear cumhdach leordhóthanach i gcás seirbhísí tráchta soithí agus soithí tacaíochta éigeandála a chur ar fáil sa limistéar;

15.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún Rialachán TEN-E a athbhreithniú chun cuspóir Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus an reachtaíocht a chur in oiriúint do 1,5 oC, agus á chur in iúl freisin gur geal léi an aird a thugann sé ar riachtanais agus tosaíochtaí earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí; á chur i bhfáth go mbeidh pleanáil agus infheistíocht réamhbreathnaitheach phoiblí agus phríobháideach ag teastáil chun forbairt inbhuanaithe agus éifeachtúil hibrideach agus ghathach a dhéanamh ar shócmhainní gaoithe amach ón gcósta maidir le giniúint, idirnascadh agus tarchur; á chreidiúint go láidir gur cheart go n-éascófaí infheistíochtaí oirchilleacha le creataí rialála; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé comhordú agus ailíniú idir pleananna forbartha eangaí ar an mórthír agus amach ón gcósta a áirithiú, lena n-áirítear trí láithreacha tabhairt i dtír a shainaithint maidir le naisc amach ón gcósta agus cuimsiú eangach ar an mórthír; ag spreagadh na mBallstát chun dlús a chur leis an mbonneagar eangaí a theastaíonn chun an t-aistriú glas a éascú, agus beidh an leictriú ríthábhachtach chugie sin; ag aithint go mbeidh pleanáil chúramach agus bheacht ag teastáil le haghaidh na n-infheistíochtaí ollmhóra a dhéantar ar minic iad á gcur chun feidhme go comhuaineach;

16.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí a bheidh sé méid na giniúna amach ón gcósta a bheidh le himlonnú laistigh de gach imchuach farraige in 2030, 2040 agus 2050 ag na Ballstáit a chomhshainiú agus teacht ar chomhaontú comhar a dhéanamh ina leith, i dtéarmaí slándáil infheistíochta a áirithiú agus spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach;

17.

á aithint go mbaineann féidearthachtaí maidir le fuinneamh inathnuaite muirí le gach imchuach farraige san Eoraip agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na príomhtheicneolaíochtaí trína ndéanfar an fuinneamh sin a shaothrú a fhorbairt a thuilleadh;

18.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin i dtaca leis an straitéis chun idirphlé a éascú maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta an fhuinnimh inathnuaite mhuirí agus “pobal cleachtais” a chur chun cinn ina bhféadfaidh na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear lucht tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha, iascairí agus eolaithe, tuairimí a mhalartú, taithí a chomhroinnt agus a bheith ag obair ar thionscadail chomhpháirteacha ag céim luath;

19.

ag tabhairt dá haire na buntáistí féideartha a bhaineann le saoráidí táirgeachta amach ón gcósta agus sócmhainní tarchuir a chur le chéile sa phróiseas tairisceana; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit anailís a dhéanamh ar acmhainneacht an chuir chuige tairisceana cuimsitheach sin agus ar na dúshláin fhéideartha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis agus measúnú a dhéanamh ar a infheidhme a bheadh sé i gcomhthéacsanna éagsúla; á chur i bhfáth go gcaithfí a chur san áireamh san anailis sin na dúshláin fhéideartha i dtaca le dreasachtaí a áirithiú agus pleanáil bharrmhaith eangaí tarchuir amach ón gcósta agus ar an mórthír;

20.

á mheabhrú maidir le leictreachas a tháirgeadh ó fhuinneamh inathnuaite muirí, go gcruthaítear deis le haghaidh táirgeadh hidrigine inathnuaite freisin amhail a leagtar amach sna teachtaireachtaí seo a leanas ón gCoimisiún: COM(2020)0741, COM(2020)0299 agus COM(2020)0301;

21.

ag tabhairt dá haire an chomhlántacht a théann le teicneolaíochtaí difriúla fuinnimh inathnuaite, i dtéarmaí bonneagar comhroinnte, sineirgí slabhra soláthair agus breis iontaofachta ag baint le táirgeadh cumhachta comhiomlánaithe;

22.

á chur i bhfios go láidir gur den riachtanas é infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar chun tacú le leathnú earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí, go háirithe infheistíochtaí i gcalafoirt chun go mbeidh ar a gcumas déileáil le tuirbíní agus comhpháirteanna móra, freastal ar oibríochtaí agus cothabháil (lena n-áirítear saoráidí oiliúna), agus ionaid dhíchoimisiúnaithe agus mhonaraithe a thógáil le haghaidh feimeacha gaoithe bídís feistithe den ghrinneall nó ar snámh; á thabhairt chun suntais go mbeidh fuinneamh inathnuaite muirí criticiúil le haghaidh slándáil an tsoláthair fuinnimh agus go gcaithfear na bearta riachtanacha a dheanamh chun an bonneagar a chosaint ar chibirionsaithe;

Comhoibriú idir na Ballstáit

23.

á chur i bhfáth go mbeidh ríthábhacht le comhoibriú idir na Ballstáit chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní fuinnimh amach ón gcósta, agus sonraíochtaí gach limistéir ar leith á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus a riachtanaí a bheidh sé RA a bheith san áireamh arís; ag tabhairt dá haire nár mór feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair chun an comhoibriú sin a éascú go leordhóthanach; á chreidiúint go láidir go gcuirfear bac ar fheidhmiú céimneach fuinnimh amach ón gcósta as mainneachtain feabhas a chur ar an gcomhoibriú idir na Ballstáit agus tíortha idirnasctha neamh-Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh gan a thuilleadh moille; ag spreagadh na mBallstát chun pleananna le haghaidh forbairtí amach ón gcósta a chomhordú láithreach agus a chur ar aghaidh;

24.

á chur i bhfáth gur cheart comhar réigiúnach a chothú ar leibhéal imchuach farraige idir na Ballstáit agus stáit chomharsanacha trí chomhphleanáil, bacainní rialála a bhaint agus léarscáileanna réigiúnacha úsáide spáis mhuirí a chruthú freisin a mbeidh rochtain ag na geallsealbhóirí uile orthu agus a dhéanfar a athbhreithniú go rialta trí bhíthin comhchreat faireacháin;

25.

á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin comhordú leis na Ballstáit chun tacaíocht a thabhairt d’imlonnú 100 MW ar a laghad d’fhuinneamh tonnta agus taoide faoi 2025 agus 1.6GW ar a laghad faoi 2030;

26.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar fuinnimh tras-Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus ag tacú le pointe teagmhála uathúil in aghaidh gach conair eangaí tosaíochta amach ón gcósta a chruthú, ar cheart éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus an próiseas ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí ar tionscadail leasa choitinn iad;

Téamh agus fuarú ceantair

27.

ag tabhairt dá haire go bhféadfaí, le leictreachas agus téamh agus fuarú ceantair a tháirgtear le fuinneamh inathnuaite muirí, rannchuidiú le glasú úsáidí deiridh an leictreachais, amhail teaschaidéil, rud a thabharfaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a dhíothóidh iad ar deireadh thiar; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí fuinneamh inathnuaite muirí a ionchorprú sa téamh ceantair trí leictreachas glan agus teaschaidéil;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais ón téamh agus fuarú ceantair seanbhunaithe a anailísiú ar mhaithe le leas margaí éiritheacha; á chur i bhfáth go bhfuil sé ar chumas na mBallstát acmhainn a thógáil chun téamh agus fuarú a stóráil agus sa tslí sin an glacadh le fuinneamh inathnuaite muirí mórluaineachta a spreagadh; á chur i bhfáth go bhfuil srian á chur ar lánpháirtiú foinsí fuinnimh inathnuaite thairis sin sna margaí téamh agus fuarú ceantair de bharr easpa sonraí agus dícheangal ó straitéisí athchóirithe a thógáil ar leibhéal bardais;

29.

á thabhairt chun suntais ról na n-údarás náisiúnta agus áitiúil sa phleanáil straitéiseach le haghaidh téamh agus fuarú agus maidir le tacaíocht a thabhairt d’oibreoirí fuinnimh ceantair tríd an riosca d’infheistíochtaí a laghdú agus an rochtain ar chistiú díreach ón earnáil phoiblí a éascú;

Taighde agus forbairt

30.

á chreidiúint go láidir gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú le taighde ar idirnascairí ilchuspóireacha agus le hidirnascairí ilchuspóireacha a fhorbairt; á chur i bhfáth nár mhór creat fadtéarmach a chruthú le haghaidh idirnascairí ilchuspóireacha a bheidh in ann na margaí amach ón gcósta agus intíre a chomhtháthú go héifeachtúil; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do mhonaróirí trealaimh éagsúil comhchaighdeán a fhorbairt lena bhféadfaí comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a áirithiú i measc idirnascairí; á thabhairt chun suntais nach mór teicneolaíochtaí nua, amhail idirnascairí ilchuspóireacha, a dhearadh, a thástáil agus a thaispeáint agus an riosca a bhaineann leo a laghdú chun dlús a chur lena dteacht ar an margadh; á iarraidh go ndéanfar dálaí creata oiriúnacha a chruthú chun mearfhorbairt na dteicneolaíochtaí sin a áirithiú;

31.

ag tathant ar an gCoimisiún, na Ballstáit agus an earnáil phríobháideach méadú ar an infheistíocht sa taighde agus forbairt ar dhearadh fuinnimh inathnuaite mhuirí ciorclach, lena n-ionchuimsítear an dúlra, chomh maith le teicneolaíocht chun stáisiúin fuinnimh inathnuaite mhuirí a athchúrsáil agus a dhíchóimeáil;

32.

á chur i bhfios go láidir go mbraitheann earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí ar amhábhair agus comhpháirteanna allmhairithe don táirgeadh agus nár mhór slabhra soláthair na n-ábhar sin a chosaint; á athdhearbhú, ar an ábhar sin, a riachtanaí atá sé go gcuirfeadh fostóirí na caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil is airde cáilíocht i bhfeidhm de réir deimhniúcháin agus caighdeán Eorpach;

33.

á chreidiúint go láidir gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú le taighde ar stáisiúin shnámhacha ghaoithe, taoide, toinne agus srutha agus le forbairt na stáisiún sin, ar stáisiúin iad is féidir a chur in oiriúint do na dálaí éagsúla ar ghrinneall na farraige san Eoraip; á chur i bhfios go láidir freisin a riachtanaí atá sé, ina leith sin, tacú le taighde ar fhorbairt, méadú agus tráchtálú dhícharbónú an tslabhra luacha fuinnimh inathnuaite mhuirí iomlán agus theicneolaíochtaí a bhaineann leas as foinsí inathnuaite fuinnimh amhail cumhacht gaoithe amach ón gcósta agus iad a fhorbairt, a mhéadú agus a thráchtálú freisin chun earnálacha eile a dhícharbónú, agus earnálacha a chúpláil;

34.

á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé fuinneamh inathnuaite muirí a shaothrú in uiscí doimhne; á thabhairt chun suntais go dtugann an teicneolaíocht ar snámh rochtain ar luais ghaoithe níos airde agus níos seasmhaí, agus go bhféadfadh sé tionchar tuirbín ar an gcomhshaol a íoslaghdú freisin agus maolú ar an mbrú leis an bpleanáil cois chósta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit taighde, forbairt, faireachán agus nuáil a bhaineann le teicneolaíochtaí amhail ardáin ar snámh a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur deis iontach atá ann don Aontas a bheith ina cheannaire domhanda ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite mhuirí, teicneolaíochtaí a mbeidh ríthábhacht leo don dícharbónú;

35.

á mheas gur bunriachtanas é príomhdheighleoga slabhraí luacha an fhuinnimh inathnuaite a bheith san Eoraip chun spriocanna aeráide AE a bhaint amach agus buntáistí suntasacha eacnamaíocha a thabhairt do chónaitheoirí; á iarraidh go mbeidh bearta leordhóthanacha ann chun tacaíocht a thabhairt do ról an inneachair áitiúil Eorpaigh i straitéis shlabhra soláthair an fhuinnimh inathnuaite agus sa reachtaíocht;

36.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta tiomanta d’oibriú le hinstitiúidí airgeadais eile chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha agus ardriosca san fhuinneamh muirí trí InvestEU, agus á áirithiú go mbeidh AE ina cheannaire teicneolaíochta ag an am céanna;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhthéacs Chomhaontú Glas don Eoraip, leas níos fearr a bhaint as cistí Aontais chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an fhuinnimh inathnuaite mhuirí sna críocha agus sna hoileáin is forimeallaí chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú go héifeachtúil;

38.

á thabhairt chun suntais go mbeidh lucht saothair ar ardleibhéal speisialtóireachta agus cáilíochtaí ag teastáil chun an fuinneamh inathnuaite muirí a leathnú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun teacht roimh ghanntanas oibrithe oilte trí dhálaí oibre tarraingteacha a áirithiú, agus sláinte agus sábháilteacht á gcur san áireamh; ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin tacaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta agus réigiúnacha cláir oideachais agus oiliúna a bheidh dírithe ar fhuinneamh inathnuaite muirí a chruthú agus a sholáthar, agus a riachtanaí atá sé linn scileanna a fhorbairt i réimse an fhuinnimh inathnuaite mhuirí; á iarraidh ar an gCoimisiún réimse an fhuinnimh inathnuaite mhuirí a chur san áireamh in a chéad chlár oibre eile scileanna Eorpacha chun cabhrú le daoine aonair, fiontair idirnáisiúnta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide na scileanna riachtanacha le haghaidh earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí a bheidh fostaíocht ban i dtimpeallacht ardteicniúil na hearnála muirí;

39.

á chreidiúint go mbeidh sé ríthábhachtach, ar fud thimthriall uile an tionscadail, fuinneamh inathnuaite muirí a dhearadh, a fhorbairt agus a imlonnú ar bhealach ciorclach agus inathnuaite; á chur i bhfáth go háirithe nach mór an cion suntasach miotal agus mianraí a bheidh ag teastáil chun tacú le fás na dteicneolaíochtaí inathnuaite a fhoinsiú ar bhonn freagrach agus ciorclach;

40.

á thabhairt chun suntais an deis shuntasach atá ann hidrigin mhuirí inathnuaite a fhorbairt a d’fhéadfadh rannchuidiú le forbairt mhargadh na hidrigine inathnuaite i gcoitinne; ag iarraidh ar an gCoimisiún a mheas mar a bhféadfadh foinsí inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta an bealach a réiteach chun an táirgeadh hidrigine inathnuaite a fhorbairt;

41.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí a bheidh infheistíocht phríobháideach agus phoiblí in earnáil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí chun teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite mhuirí a imlonnú ar mhórscála; á athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún Fís Eorpach a shaincheapadh i gcomhréir le forbairt, méadú agus tráchtálú teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí ceannródaíocha san Aontas chun an bhearna idir an nuáil agus a imlonnú sa mhargadh a líonadh, trí mhaoiniú riosca a chur ar fáil le haghaidh teicneolaíocht chéadchéime agus tionscadail taispeántais agus slabhraí luacha luatha a fhorbairt chun tacú le bonneagar taighde a fhorbairt, agus chun na bearnaí idir na Ballstáit faoi láthair a laghdú freisin;

42.

á thabhairt chun suntais gur sócmhainní iad scileanna feabhsaithe fuinnimh inathnuaite mhuirí agus eolas earnáilsonrach, sócmhainní a d’fhéadfaí a onnmhairiú chuig tíortha neamh-Aontais agus go bhféadfaidís dá réir sin tacú leis an onnmhairiú seirbhísí ón Aontas agus rannchuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú ar leibhéal domhanda;

Ceadúnais agus pleananna spásúla muirí

Eisiúint ceadúnas a chuíchóiriú

43.

á chur i bhfáth go gcaithfear dlús a chur le himlonnú an fhuinnimh inathnuaite mhuirí chun spriocanna 2030 agus 2050 a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé bainistíocht níos inbhuanaithe a dhéanamh ar an spás muirí agus ar na cóstaí chun tairbhiú d’acmhainneacht na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite mhuirí; á chreidiúint go láidir go gcaithfear cur chuige stóinseach i leith rannpháirtíocht an phobail a chur le próiseas pleanála iomchuí don spás muirí chun go mbeidh dearcthaí na ngeallsealbhóirí agus na bpobal cósta uile san áireamh; ag tabhairt dá haire go meallfar líon mór iarratas ar cheadúnais mar gheall ar an spéis ollmhór i bhfuinneamh inathnuaite muirí, líon a rachaidh i méid; á iarraidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta ábhartha a shimpliú go práinneach agus a n-iarrachtaí a chomhordú; ag spreagadh na mBallstát chun na pointí aonair teagmhála a ghlacadh;

44.

ag tabhairt dá haire an próiseas fada atá ann faoi láthair chun tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí a sheoladh agus an géarghá le dlús a chur faoi chun spriocanna 2030 agus 2050 a bhaint; ag tabhairt dá haire go bhféadfar imlonnú níos gasta a éascú ach nósanna imeachta agus caighdeáin theicniúla na mBallstát a chuíchóiriú; á iarraidh ar na Ballstáit próiseas trédhearcach a chur ar bun agus a bheith ag smaoineamh ar theorainneacha ama a thionscnamh maidir le ceadúnais a eisiúint, lena n-áirítear measúnuithe agus staidéir chomhshaoil riachtanacha agus comhairliúcháin geallsealbhóirí, agus teorainneacha ama a thionscnamh maidir leis an údarú tar éis comhaid lánchomhlánaithe a chur isteach, agus sprioc-am le haghaidh cinneadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé na nósanna imeachta a ghiorrú i gcás inar gá agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar spriocamanna a chomlíonadh;

45.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí a bheidh ceadúnú réamh-fhormheasta maidir le suíomhanna forbartha muirí mar aon le suíomh na línte nascachta agus tarchuir, agus a úsáidí a bheadh an méid sin chun an éiginnteacht a ghabhann le tionscadail a bhaint agus tráthanna soláthair a laghdú;

46.

á mheas go mbeidh sé fíorthábhachtach comhthuiscint leathan phoiblí a thógáil thart ar thionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí trí rannpháirtíocht ghníomhairí áitiúla, chun an glacadh poiblí le tionscadail fuinnimh gaoithe agus an bonneagar mór a éilíonn sé a mhéadú; á iarraidh go mbeidh rannpháirtíocht thrédhearcach agus fóinteach ó na pobail chósta i dtionscadail, lena n-áirítear sna tionscadail sin a shuitear sna réigiúin agus oileáin is forimeallaí, chomh maith le rannpháirtíocht ó gheallsealbhóirí eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé cur le muinín an phobail i gcoitinne i gcumas an fhuinnimh inathnuaite neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach agus soláthairtí fuinnimh a shlánú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun ionaid ilfhreastail a fhorbairt ina mbeidh faisnéis chuíchóirithe maidir le féidearthachtaí maoinithe le haghaidh tionscadail taispeántais le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite mhuirí ceannródaíocha;

Pleananna spásúla muirí agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ailíniú

47.

ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis gur 2,8 % a bheidh sa spás iomlán a bheidh ag teastáil chun a áirithiú go mbainfidh toilleadh na cumhachta gaoithe do na farraigí ó thuaidh spriocanna 2050 amach; á chreidiúint go láidir go gcuirfear le leithdháileadh rathúil an spáis farraige trí fhorbróirí na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite a dhéanamh rannpháirteach go luath sa phróiseas; á chur i bhfáth gur mar thoradh ar phleanáil spásúil mhuirí i gcomhar le bainistíocht chósta chomhtháthaithe a théann thar theorainneacha náisiúnta a dhéanfaí an leithdháileadh spáis; á iarraidh gur próiseas trédhearcach a bheadh ann agus go mbeadh na pleananna spásúla muirí réigiúnacha inrochtana chun cur chugie luath agus ionchuimsitheach a éascú le haghaidh na ngeallsealbhóirí uile;

48.

ag tarraingt aird ar na moltaí ón tionscadal maidir le hilúsáid i bhfarraigí na hEorpa arna chistiú le Fís 2020, tionscadal atá ag iniúchadh na ndeiseanna le haghaidh ilúsáide i bhfarraigí na hEorpa ar fud chúig imchuach farraige AE; á mheabhrú an treoraíocht uaithi a deir nach bhféadfadh forbairt inbhuanaithe an aigéin a bheith ag brath a thuilleadh ar bhainistíocht aonearnála, ach go bhfuil cur chuige níos iomlánaíche, níos comhtháthaithe ag teastáil, agus nach mbeadh an ilúsáid teoranta don spás muirí “céanna” a bheith á chomhroinnt ach gur cheart go gcuimseofaí comhúsaid bonneagair agus sócmhainní eile agus gníomhaíochtaí i gcomhpháirt;

49.

á chur i bhfios go láidir a phráinní a bheidh sé spás leordhóthanach a áirithiú chun fuinneamh inathnuaite muirí a fhorbairt agus á mheas gur cheart ilúsáidí a éascú ar bhonn réamhghníomhach agus iad a dhreasú trí chomhlachtaí rialála poiblí agus cláir thacaíochta faoi seach, agus go gcuimseofaí i bhfad níos mó ná réitigh pleanála spásúlachta; ag tabhairt dá haire agus a bpleananna spásúla muirí á bhforbairt gur iarradh ar na Ballstáit ní hamahin na sonraí ab fhearr a bhí ar fáil agus rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne a lorg, ach chomh maith leis sin deiseanna chun gníomhaíochtaí muirí a chomhshuí;

50.

ag tabhairt dá haire go raibh sé de cheangal ar na Ballstáit, de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) a thíolacadh faoin 31 Nollaig 2019 agus go gceanglaítear orthu tuarascáil dul chun cinn a thíolacadh gach dhá bhliain; ag tabhairt dá haire, de bhun Threoir 2014/89/AE, gur ceanglaíodh ar na Ballstáit pleananna spásúla muirí a tharraingt suas faoin 31 Márta 2021; á chur in iúl gur saoth léi nár thíolaic na Ballstáit uile a gcuid pleananna spásúla muirí go fóill agus ag tathant ar an gCoimisiún gníomhú; ag tabhairt dá haire go bhfuil baol ann nach mbeadh na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide comhoiriúnach leis na pleananna spásúla muirí ó thaobh leithdháileadh spáis de; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá leis an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí a ailíniú le Rialachán PNFA agus le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais; ag tathant ar na Ballstáit pleananna a chomhordú agus a leagan amach láithreach le haghaidh forbairt amach ón gcósta in 2030 agus tar éis 2030;

51.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ina leith sin, aidhm na straitéise creat fadtéarmach a sholáthar lena gcuirfear cómhaireachtáil fhónta chun cinn idir bonneagar amach ón gcósta agus úsáidí eile an spáis mara, agus lena rannchuidítear le cosaint an chomhshaoil;

52.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige saolré iomlán agus iomlánaíoch a ghlacadh agus iad ag pleanáil don acmhainneacht 300 GW go 450 GW fuinnimh inathnuaite mhuirí agus dá himlonnú faoi 2050;

53.

á iarraidh ar an gCoimisiún anailis a dhéanamh ar thionchair an díchoimisiúnaithe suiteálacha amach ón gcósta agus más gá, straitéis Aontais a ghlacadh maidir le díchoimisiúnú inbhuanaithe bonneagair amach ón gcósta chun na tionchair chomhshaoil, sábháilteachta agus eacnamaíocha a íoslaghdú; á thabhairt chun suntais nár mhór díchóimeáil an bhonneagair atá ann faoi láthair a bheith san áireamh i straitéis den sórt sin agus go gcumhdófaí gníomhaíochtaí díchoimisiúnaithe amach anseo; á chur i bhfáth nach mbeidh gá le creat dlíthiúil uile-Aontais amach anseo ach sa chás go léiríonn an anailís go bhfuil easnaimh shuntasacha ag baint leis an gcreat dlíthiúil reatha agus leis na hionstraimí i mBallstáit AE; ag tathant ar an gCoimisiún creat faireacháin bunúsach a chur ar bun a d’áiritheodh tuairisciú trédhearcach agus éifeachtúil ar dhul chun cinn imlonnú an fhuinnimh inathnuaite mhuirí agus a léireodh an bhfuil na Ballstáit ar an mbóthar ceart chun spriocanna GW 2030 agus 2050 a bhaint amach; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún tuairisciú don Pharlaimint, i gcomhréir leis na riachtanais tuairiscithe faoin Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, féachaint an bhfuil imlonnú an fhuinnimh inathnuaite mhuirí ar an mbóthar ceart;

54.

á iarraidh go mbeadh cosc uile-Aontais ar lanna tuirbíní gaoithe díchoimisiúnaithe a chur i líonadh talún faoi 2025 chun ciorclacht a áirithiú, na drochiarmhairtí comhshaoil ar ithir agus aigéin a íoslaghdú agus cur le leibhéal na cosanta ithreach;

Dearadh margaidh

55.

á chur i bhfáth go bhfuil an glacadh fuinnimh inathnuaite mhuirí ag brath ar chur chun feidhme leordhóthanach rialacha margaidh dea-dheartha agus creat rialála cobhsaí, ag cur san áireamh a fhad a mhaireann ré infheistíochtaí den sórt sin; á thabhairt chun suntais go raibh titim ollmhór ar chostas an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta le fiche bliain anuas agus, ar an ábhar sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na dálaí creata is fearr is féidir a áirithiú chun fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt faoi thionchar an mhargaidh; á chur i bhfáth gan breoslaí iontaise agus fóirdheontais breoslaí iontaise a chéimniú amach a luaithe is féidir agus gan méadú suntasach ar an táirgeadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, go mbeadh sé dodhéanta na spriocanna fuinnimh inathnuaite a chomhlíonadh agus an téamh domhanda a theorannú d’fhigiúr faoi bhun 1,5 oC faoi dheireadh an chéid;

56.

á iarraidh maidir leis an measúnú ar an dáileadh costas agus sochar idir giniúint agus tarchur fuinnimh inathnuaite mhuirí, go mbeidh sé inbhuanaithe agus inmharthana ar bhonn soch-eacnamaíoch, go n-áiritheofar go mbeidh na dreasachtaí cearta ann agus creat rialála cobhsaí d’fhorbróirí; á chur i bhfáth go bhfuil éiginnteacht maidir le dáileadh costas agus sochar ag cur bac ar chuideachtaí tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí a lainseáil; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le foilsiú threoir AE maidir leis na costais agus na sochair a bhaineann le tionscadail hibrideacha amach ón gcósta a chomhroinnt;

57.

á chur i bhfáth go bhféadfadh na hionstraimí cistiúcháin atá ann faoi láthair, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, tacaíocht a thabhairt do shlógadh an chistiúcháin a theastódh chun réitigh agus tionscadail chomhpháirteacha fuinnimh inathnuaite trasteorann a chur chun cinn san Aontas; ag tabhairt dá haire go bhféadfar lea a bhaint as an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun suíomhanna forbartha féideartha fuinnimh amach ón gcósta a shainaithint agus na staidéir agus na hoibreacha tógála riachtanacha a chistiú le haghaidh tionscadal idir dhá Bhallstat AE nó níos mó;

58.

á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh, i gcás inarb ábhartha, chun tionscadail fuinnimh inathnuaite mhuirí a chur san áireamh ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus i gcláir náisiúnta eile a mhaoinítear trí chistí AE;

59.

á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat rialála atá ann faoi láthair lena rialaítear margaí leictreachais AE chun an glacadh fuinnimh inathnuaite mhuirí a éascú agus deireadh a chur le bacainní trádála saorga, praghsanna seasta, fóirdheontais agus sásraí eile saofa margaidh a choisceann comhtháthú rathúil an fhuinnimh inathnuaite mhuirí thairis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit anailís chúramach a dhéanamh ar chriosanna tairisceana dílsithe amach ón gcósta a chruthú mar rogha agus na criosanna tairisceana atá ann faoi láthair agus a oiriúnaí atá siad chun an acmhainn fuinnimh inathnuaite mhuirí atá ag méadú a chomhtháthú; á iarraidh ar an gCoimisiún na sásraí rialála atá ann faoi láthair a n-éiríonn leo comhtháthú fuinnimh inathnuaite mhuirí a chur chun cinn i margadh fuinnimh dea-fheidhmiúil a shainaithint, mar chuid de shamhail a bheidh slán i bhfad na haimsire, lena n-áirítear éascaíocht a dhéanamh ar thionscadail hibrideacha agus cineálacha nua comhoibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dálaí forbartha níos fearr a scrúdú maidir le tionscadail hibrideacha a d’áiritheodh cur chun feidhme níos fearr agus níos sciobtha maidir le tionscadail hibrideacha fuinnimh inathnuaite mhuirí agus téarmaí níos solúbtha chun an nuáil a fheabhsú, lena n-áirítear catagóirí nua sócmhainní, go háirithe le haghaidh feirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá nasctha le hidirnascairí le haghaidh dhá mhargadh nó níos mó; á aithint gur cheart go gcuirfeadh taraifí na rioscaí san áireamh a bhaineann le ceannródaí tionsclaíoch a infheistíonn in imlonnú nua-theicneolaíochta;

60.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil dearadh margaidh ag teastáil atá lánchomhoiriúnach le fuinneamh inathnuaite muirí, lena n-áirítear riachtanas cumraíocht bharrfheabhsaithe criosanna tairisceana fuinnimh inathnuaite mhuirí a áirithiú; á chreidiúint gur cheart an bonneagar fuinnimh inathnuaite mhuirí a rialáil bunaithe ar rialacha maidir le díchuachadh a ngabhann scaradh ról agus freagrachtaí leo arna sainiú go soiléir í thaobh freagracht córas, rochtain tríú páirtí agus taraifí agus coinníollacha trédhearcacha, rud a rannchuidíonn leis an margadh aonair agus an aontas fuinnimh;

61.

ag aithint go n-éilíonn an t-aistriú fuinnimh glan go gcuirfear inbhuanaitheacht agus lorg carbóin an tslabhra luacha uile san áireamh nuair a dhéantar fuinneamh inathnuaite muirí agus teicneolaíochtaí fuinnimh eile a shaothrú; á chur i bhfáth gur cheart critéir inbhuanaitheachta a bheith san áireamh sna próisis tairisceana amach ón gcósta;

62.

á aithint go mbeidh príomhról ag hidrigin inathnuaite i gconair AE i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de faoi 2050; á chur i bhfáth go mbeidh ról bunriachtanach ag an bhfuinneamh inathnuaite muirí, mar thoradh ar scála ollmhór agus ardleibhéal acmhainneachta an tionscadail, i luasú an táirgeadh hidrigine inathnuaite; á chreidiúint go mbeidh tacaíocht le haghaidh taighde agus forbairt ag teastáil chun an tionscal a dhreasachtú hidrigin inathnuaite a ghlacadh sa mhargadh trí bhíthin tionscadail mhóra tráchtála, faoina gcruthófar fíoréileamh inbhuanaithe in earnálacha ar deacair deireadh a chur leo;

o

o o

63.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.

(3)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(4)  IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.

(5)  IO L 348, 20.12.2013, lch. 129.

(6)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.

(7)  IO C 463, 21.12.2018, lch. 10.

(8)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 116.

(9)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(10)  IO C 371, 15.9.2021, lch. 58.

(11)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 43.

(12)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 56.

(13)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 45.

(14)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0338.

(15)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0277.

(16)  SWD(2020)0176.