6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/24


P9_TA(2022)0029

An Bainc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir le Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2021 (2021/2063(INI))

(2022/C 342/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), 2020,

ag féachaint don doiciméad ó BCE dar teideal Feedback on the input provided by the European Parliament as part of its resolution on the ECB Annual Report 2019 [Aiseolas ar an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa mar chuid dá rún maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2019],

ag féachaint d’Athbhreithniú Straitéise BCE a seoladh an 23 Eanáir 2020 agus a tugadh i gcrích an 8 Iúil 2021,

ag féachaint do straitéis nua BCE maidir le beartas airgeadaíochta a foilsíodh an 8 Iúil 2021,

ag féachaint do phlean gníomhaíochta BCE agus dá threochlár chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú tuilleadh ina chreat beartais, arna fhoilsiú an 8 Iúil 2021,

ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), go háirithe Airteagail 2 agus 15 de,

ag féachaint d’Airteagail 123, 125, 127(1) agus (2), 130 agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint d’Airteagail 3 agus 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

ag féachaint do na hidirphléití airgeadaíochta le hUachtarán BCE, Christine Lagarde, an 18 Márta, an 21 Meitheamh, an 27 Meán Fómhair agus an 15 Samhain 2021,

ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE don limistéar euro a foilsíodh an 9 Meán Fómhair 2021,

ag féachaint do Pháipéir Ócáideacha BCE Uimh. 263 go 280, Meán Fómhair 2021, maidir leis an athbhreithniú ar an straitéis maidir le beartas airgeadaíochta,

ag féachaint do Shuirbhé BCE maidir leis an Rochtain a bhí ag Fiontair ar Mhaoiniú sa limistéar euro idir Deireadh Fómhair 2020 agus Márta 2021, a foilsíodh an 1 Meitheamh 2021,

ag féachaint do thuarascáil BCE ar an euro digiteach a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020, tuarascáil BCE ar an gcomhairliúchán poiblí maidir le euro digiteach a foilsíodh in Aibreán 2021, agus tionscadal digiteach euro BCE a seoladh an 14 Iúil 2021,

ag féachaint don Pháipéar Ócáideach ó BCE, Uimh. 201, Samhain 2017, dar teideal The use of cash by households in euro area [Úsáid airgid thirim ag teaghlaigh sa limistéar euro],

ag féachaint don tástáil struis aeráide ar fud an gheilleagair ar fad a rinne BCE, Meán Fómhair 2021,

ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2021 ón gCoimisiún, a foilsíodh an 11 Samhain 2021,

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE (1),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 dar teideal “Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a chur ar ais inár saol” (2),

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

ag féachaint do Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide,

ag féachaint do thuarascálacha speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1,5 oC, ar an athrú aeráide agus ar thalamh, agus ar an aigéan agus an gcrióisféar in aeráid atá ag athrú,

ag féachaint don tuarascáil ón Líonra chun an Córas Airgeadais a Ghlasú (NGFS) dar teideal Adapting central bank operations to a hotter world: Reviewing some options, a foilsíodh an 24 Márta 2021,

ag féachaint do Riail 142(1) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0351/2021),

A.

de bhrí, de réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch Shamhradh 2021 ón gCoimisiún, gur chrap OTI 5,9 % in AE agus 6,4 % sa limistéar euro in 2020; de bhrí go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh méadú 5 % ar OTI in 2021 agus méadú 4,3 % in 2022 in AE agus sa limistéar euro araon, agus go mbeidh difreálaigh shuntasacha fáis fós ann idir na Ballstáit; de bhrí go bhfuil an neamhchinnteacht agus na rioscaí a bhaineann leis an ionchas fáis ard agus go mbraitheann siad ar an éabhlóid a thiocfaidh ar phaindéim COVID-19 agus ar an luas ag a n-oiriúnaítear an soláthar don athrú tapa ar an éileamh tar éis athoscailt an gheilleagair; de bhrí gur éirigh le geilleagar AE ina iomláine a leibhéal aschuir réamhphaindéime a bhaint amach arís sa tríú ráithe de 2021, cé nach ionann luas an téarnaimh sna tíortha éagsúla; de bhrí go bhfuil leibhéil arda boilscithe leanúnacha fós ar cheann de na rioscaí is measa ar an taobh thíos don téarnamh;

B.

de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE i Meán Fómhair 2021, go meastar go dtiocfaidh méadú 6,3 % ar an bhfíor-OTI domhanda (gan an limistéar euro a áireamh) in 2021, sula dtiocfaidh laghdú air go 4,5 % in 2022 agus 3,7 % in 2023; de bhrí go raibh an ghníomhaíocht dhomhanda tar éis an leibhéal réamhphaindéime a shárú cheana féin ag deireadh 2020;

C.

de bhrí, de réir Eurostat, gurbh ionann an ráta dífhostaíochta in AE i mí Mheán Fómhair 2021 agus 6,7 % in AE agus 7,4 % sa limistéar euro, agus é scaipthe ar bhealach míchothrom ar fud AE agus laistigh de na Ballstáit agus go raibh rátaí dífhostaíochta i measc daoine óga agus ban i bhfad níos airde (15,9 % in AE agus 16 % sa limistéar euro, agus 7 % in AE agus 7,7 % sa limistéar euro faoi seach); de bhrí go bhfuil an ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige fós ina shaincheist thromchúiseach nach mór dul i ngleic léi san Aontas;

D.

de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE ó mhí an Mheithimh 2021, go mbeidh boilsciú bliantúil an limistéir euro san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) cothrom le 2,2 % in 2021 agus go meastar go dtiocfaidh méadú air go 1,7 % in 2022 agus 1,5 % in 2023 ar an meán; de bhrí go léiríonn réamh-mheastacháin maidir le boilsciú éagsúlacht shuntasach ar fud an limistéir euro; de bhrí gur tháinig ardú go 4,1 % ar an mboilsciú sa limistéar euro i mí Dheireadh Fómhair 2021, arb ionann é agus an leibhéal is airde le deich mbliana anuas; de bhrí go bhfuil imní ann faoi chineál sealadach díomuan na rátaí boilscithe níos airde;

E.

de bhrí, ag deireadh 2020, go raibh a bhuaic ó thús aimsire – EUR 6 979 324 milliún san iomlán – bainte amach ag méid chlár comhardaithe an Eurochórais, méadú beagnach 50 % (EUR 2 306 233 milliún) i gcomparáid le deireadh 2019, mar thoradh ar an tríú sraith d’oibríochtaí spriocdhírithe athmhaoiniúcháin fadtéarmacha (TLTRO III), agus ar na hurrúis a ceannaíodh faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) agus faoin gclár ceannaithe sócmhainní (APP);

F.

de bhrí gurbh ionann glanbhrabús BCE in 2020 agus EUR 1 643 bhilliún, i gcomparáid le EUR 2 366 bhilliún in 2019; de bhrí gur tharla an laghdú sin den chuid is mó mar gheall ar an nglanioncam úis níos ísle ar chúlsócmhainní eachtracha agus ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, go háirithe an titim shuntasach 50 % san ioncam úis arna ghiniúint ar phunann dollar na Stát Aontaithe, chomh maith leis an gcinneadh ón gComhairle Rialaithe EUR 48 milliún a aistriú chuig soláthar BCE le haghaidh rioscaí airgeadais;

G.

de bhrí, gan dochar do phríomhchuspóir na cobhsaíochta praghsanna, gur cheart do BCE tacú leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 CAE;

H.

de bhrí gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar AE agus go gcuireann siad leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus gurb iad 99 % de na gnólachtaí uile in AE iad, agus iad ag fostú thart ar 100 milliún duine, agus gurb ionann iad agus níos mó ná leath de OTI AE agus ról lárnach acu ó thaobh luach a chur le gach earnáil den gheilleagar; de bhrí go bhfuil FBManna buailte go dona ag an ngéarchéim eacnamaíoch a tharla de thoradh phaindéim COVID-19; de bhrí go raibh drochthionchar ag forbairtí san ionchas eacnamaíoch ginearálta ar a rochtain ar mhaoiniú; de bhrí go dteastaíonn tuilleadh tacaíochta ó FBManna dá bharr sin;

I.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag BCE, laistigh dá shainordú, rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach; de bhrí gur féidir leis an athrú aeráide, le cailleadh na bithéagsúlachta agus leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin cur isteach ar éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta, difear a dhéanamh don fhás, agus an praghas agus an éagobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a mhéadú; de bhrí go bhféadfadh an tionchar diúltach ar OTI an Aontais a bheith dian gan bearta láidre;

J.

de bhrí gurb ionann na costais tithíochta agus an ceathrú cuid, nach mór, de chaiteachas teaghlaigh AE-27; de bhrí go bhfuil úinéireacht ag breis agus dhá thrian de dhaonra AE ar a n-áras cónaithe féin; de bhrí go bhfuil ardú géar 30 % tagtha ar phraghsanna tithe le deich mbliana anuas agus gur tháinig méadú 15 % ar chíosanna san Aontas Eorpach;

K.

de bhrí gur léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadar Caighdeánach Gheimhreadh 2020-2021, a foilsíodh an 23 Aibreán 2021, gur thacaigh 79 % den phobal sa limistéar euro le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta Eorpach lena ngabhann airgeadra aonair amháin, an euro;

L.

de bhrí nach mná iad ach beirt de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE agus Chomhairle Rialaithe BCE; de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht ar fud ordlathas BCE;

Forbhreathnú ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi ról BCE maidir le cobhsaíocht an euro a choimirciú; á thabhairt chun suntais gur réamhriachtanas é neamhspleáchas reachtúil BCE, mar atá leagtha síos sna Conarthaí, chun a shainordú a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais freisin nár cheart sárú a dhéanamh ar an neamhspleáchas sin agus gur cheart leibhéal comhfhreagrach cuntasachta a bheith ag gabháil leis i gcónaí;

2.

á chur in iúl gur geal léi an tAthbhreithniú ar Straitéis Airgeadaíochta BCE a glacadh d’aon toil agus a fógraíodh an 8 Iúil 2021, ina leagtar amach conas is féidir an príomhchuspóir a bhaint amach cobhsaíocht praghsanna a choimeád agus cur le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear fás eacnamaíoch cothromaithe inbhuanaithe, geilleagar sóisialta margaidh an-iomaíoch arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta agus cóineasú sóisialta, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol a bhaint amach agus feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil, gan dochar don chuspóir príomhúil go mbeadh cobhsaíocht praghsanna ann; ag tabhairt dá haire gurb é seo an chéad athbhreithniú straitéise le 18 mbliana; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó BCE, mar a chuir an tUachtarán Lagarde in iúl freisin le linn an Idirphlé Airgeadaíochta a tionóladh an 27 Meán Fómhair 2021, measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar oiriúnacht na straitéise beartais airgeadaíochta, agus an chéad mheasúnú eile le déanamh, meastar, in 2025, rud a chuirfidh feabhas ar fheasacht an phobail agus ar rannpháirtíocht sa bheartas airgeadaíochta;

3.

á chur in iúl gur cúis imní di an ghéarchéim cúraim sláinte, shóisialta agus eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus na bearta imshrianta ina diaidh sin, as ar eascair crapadh géar ar gheilleagar an limistéir euro, i dtíortha a bhí leochaileach cheana féin go háirithe, méadú géar ar neamhionannais eacnamaíocha agus shóisialta, agus dálaí mhargadh an tsaothair atá ag dul in olcas go tapa; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe tionchar phaindéim COVID-19 ar FBManna; á chur in iúl gur geal léi na bearta fairsinge tacaíochta poiblí a ghlac an tAontas mar fhreagairt; ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch an limistéir euro ag teacht chuici féin níos túisce ná mar a ceapadh a thiocfadh, cé go bhfuil luas agus scála an téarnaimh sin fós neamhchinnte;

4.

á chur i bhfáth gur féidir fás inbhuanaithe, athléimneacht agus cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach trí fhreagairt chuimsitheach, lena n-áirítear meascán calabraithe de bheartas airgeadaíochta, de bheartas fioscach tacúil lánroghnach, agus d’athchóirithe agus infheistíochtaí atá cothrom go sóisialta agus lena gcothaítear táirgiúlacht; ag tacú leis an iarraidh ón Uachtarán Lagarde go ndéanfaí na beartais fhioscacha agus airgeadaíochta a ailíniú go hiomlán chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19, agus béim á leagan ag an am céanna ar neamhspleáchas BCE;

5.

ag tabhairt dá haire go ndearna Uachtarán BCE ráiteas an 10 Meitheamh 2021 go bhfuil “seasamh fioscach atá uaillmhianach agus comhordaithe ríthábhachtach i gcónaí, toisc go mbeadh baol ann go ndéanfaí an téarnamh a lagú agus éifeachtaí díobhálacha fadtéarmacha a mhéadú dá ndéanfaí tacaíocht fhioscach a tharraingt siar roimh am”; ag admháil a thábhachtaí atá beartais fhioscacha Eorpacha agus náisiúnta ó thaobh cúnamh a thabhairt do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar ag an bpaindéim orthu; ag tabhairt dá haire nach ionann na rátaí téarnaimh i measc thíortha an limistéir euro, agus go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le hEoraip il-luais nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim; á mheabhrú nár cheart go ndídhreasódh tacaíocht fhioscach agus beartas airgeadaíochta athchóirithe agus infheistíochtaí atá dírithe ar gheilleagar an Aontais a athbheochan, ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach a threisiú, ar an aistriú glas a spreagadh agus ar neamhspleáchas agus iomaíochas na hEorpa a neartú;

6.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tUachtarán Lagarde ráiteas gurb amhlaidh a “d”fhéadfadh acmhainneacht fhioscach lárnach cabhrú le seasamh comhiomlán bheartas fioscach an limistéir euro a stiúradh agus meascán beartas maicreacnamaíoch níos iomchuí a áirithiú' agus gurb amhlaidh “atá athchóirithe struchtúracha i dtíortha an limistéir euro tábhachtach chun borradh a chur faoi tháirgiúlacht agus acmhainneacht fáis an limistéir euro, chun dífhostaíocht struchtúrach a laghdú agus chun an athléimneacht a neartú”; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feidhm chobhsaíochta fhrith-thimthriallach a chur ar fáil agus tacaíocht thráthúil leordhóthanach a éascú i gcás turraingí eacnamaíocha, chomh maith leis an aistriú glas a mhaoiniú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) chun aghaidh a thabhairt ar an turraing eacnamaíoch agus shóisialta a eascraíonn as géarchéim COVID-19;

7.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha cheana féin leis an díospóireacht maidir le todhchaí chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais;

Beartas airgeadaíochta

8.

á chur in iúl gur geal léi freagairt beartais airgeadaíochta ghasta shuntasach BCE ar ghéarchéim COVID-19 a tugadh i gcomhthéacs éigeandála; ag admháil go raibh tionchar dearfach ag an bhfreagairt sin ar staid eacnamaíoch an limistéir euro, lena n-áirítear PEPP a thabhairt isteach, maolú na gcritéar incháilitheachta agus comhthaobhachta agus an tairiscint go mbeadh oibríochtaí athchalabraithe fadtéarmacha (TLTRO III) ann, chomh maith le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin fadtéarmacha le haghaidh éigeandáil na paindéime (PELTROnna); á mheabhrú go bhfuil sé ar intinn ag BCE a thacaíocht a choimeád a fhad a mheasann sé í a bheith riachtanach chun a shainordú a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an cinneadh ó BCE ionstraimí a choinneáil ar bun, amhail réamhthreoir, ceannacháin sócmhainní agus oibríochtaí athmhaoiniúcháin níos fadtéarmaí, mar chuid lárnach dá shraith uirlisí; á iarraidh ar BCE leanúint dá bhearta beartas airgeadaíochta a áirithiú agus d’fhaireachán a dhéanamh ar riachtanas, oiriúnacht agus comhréireacht na mbeart sin;

9.

ag tabhairt dá haire gur chinn BCE méid an PEPP a mhéadú ón EUR 750 billiún tosaigh go EUR 1 850 billiún; ag tabhairt dá haire go leanfaidh BCE de ghlancheannach sócmhainní a dhéanamh faoin PEPP go dtí go mbeidh géarchéim COVID-19 thart agus in aon chás go dtí deireadh mhí an Mhárta 2022 ar a laghad; ag tabhairt dá haire gur mhoilligh BCE le déanaí luas na nglancheannach sócmhainní faoin PEPP, bunaithe ar sheasamh a Chomhairle Rialaithe gur féidir coinníollacha fabhracha maoinithe a choinneáil ar bun ar luas measartha níos ísle; á thabhairt chun suntais an ráiteas ón Uachtarán Lagarde an 10 Meitheamh 2021 gurb amhlaidh “a bheadh aon phlé faoi imeacht ón PEPP […] roimh am, tá sé ró-luath agus tiocfaidh sé in am trátha”; á iarraidh ar BCE leanúint de cheannacháin a dhéanamh faoin PEPP a fhad a mheasann sé gur gá sin chun a shainordú a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil rún ag BCE scrúdú a dhéanamh ar chalabrú breise ar cheannacháin sócmhainní; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna an tUachtarán Lagarde ráiteas gurb amhlaidh, fiú amháin tar éis an deiridh a mheastar a thiocfaidh le héigeandáil na paindéime, go mbeidh sé tábhachtach i gcónaí go dtacóidh an beartas airgeadaíochta, lena n-áirítear calabrú iomchuí ar cheannacháin sócmhainní, leis an téarnamh ar fud an limistéir euro agus le filleadh inbhuanaithe an bhoilscithe ar an sprioc 2 %;

10.

ag tabhairt dá haire gur chinn BCE ceannach solúbtha a dhéanamh faoin PEPP d’fhonn cosc a chur ar dhochtú coinníollacha maoiniúcháin nach bhfuil ag teacht leis na hiarrachtaí dul i ngleic le tionchar anuas na paindéime, agus tacú le tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta ag an am céanna;

11.

ag tabhairt dá haire go bhfuil glancheannach sócmhainní faoin APP ag leanúint ar ráta míosúil EUR 20 billiún; ag tabhairt dá haire freisin go mbeidh ceannacháin faoin APP i bhfeidhm a fhad is gá chun tionchar fabhrach a rátaí beartais a neartú, ag críochnú sula gcromfaidh sé ar na príomhrátaí úis a ardú; á mheabhrú go leanfaidh an APP, an clár réamhphaindéime, de bheith oibríochtúil ar luas seasta;

12.

á chur in iúl gur geal léi bannaí de chuid na Gréige a bheith san áireamh sa PEPP; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil siad incháilithe fós faoi chlár ceannaigh na hearnála poiblí (PSPP) in ainneoin an dul chun cinn suntasach atá déanta; á iarraidh ar BCE athmheasúnú a dhéanamh ar incháilitheacht bannaí de chuid na Gréige faoin PSPP agus moltaí sonracha a chur ar fáil tamall maith sula dtabharfar an PEPP chun críche lena n-áireamh in PSPP;

13.

ag tabhairt dá haire gur chinn BCE leanúint de na príomhíocaíochtaí ó na hurrúis a thagann in aibíocht arna gceannach faoin PEPP a athinfheistiú go deireadh 2024 ar a laghad agus leanúint de na príomhíocaíochtaí ó urrúis a thagann in aibíocht arna gceannach faoin APP a athinfheistiú, ina n-iomláine, ar feadh tréimhse fhadaithe tar éis an dáta a dtosaíonn sé ag ardú phríomhrátaí úis BCE, agus in aon chás a fhad is gá chun coinníollacha fabhracha leachtachta agus méid mór cóiríochta airgeadaíochta a choimeád;

14.

ag tabhairt dá haire gur méadaíodh méid na n-oibríochtaí athmhaoiniúcháin Eurochórais go EUR 1 850 billiún ag deireadh 2020, de bharr TLTRO III go príomha; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tháinig méadú go dtí thart ar 2,4 bliain ar mheánaibíocht ualaithe oibríochtaí athmhaoiniúcháin gan íoc an Eurochórais ag deireadh 2020;

15.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh BCE leanúint de leachtacht a sholáthar trína chuid oibríochtaí athmhaoiniúcháin; ag admháil go bhfuil ról ríthábhachtach ag an maoiniú a fhaightear trí TLTRO III ó thaobh tacú le hiasachtú bainc do ghnólachtaí agus do theaghlaigh; á chur i bhfáth, áfach, gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, nach bhfuil ach sciar an-bheag de na hinstealltaí leachtachta sin tar éis iasachtú bainc a mhéadú san fhíorgheilleagar, go háirithe FBManna; á iarraidh ar BCE a áirithiú go n-éascóidh na bearta sin go fírinneach maoiniú an fhíorgheilleagair;

16.

ag tabhairt dá haire go ndearna BCE cinneadh maidir le sprioc shiméadrach nua don bhoilsciú de 2 % sa mheántéarma agus a thiomantas seasamh beartais airgeadaíochta atá fabhrach ar bhonn leanúnach a choinneáil chun a sprioc don bhoilsciú a bhaint amach; á chreidiúint go bhfuil an léirmhíniú ar dhialltaí ón sprioc coimpléascach toisc gan tagairt uimhríochtúil a bheith ann; ag tabhairt dá haire go bhfuil lamháil i dtreoshuíomh meántéarmach na straitéise beartais airgeadaíochta do dhialltaí gearrthéarmacha dosheachanta an bhoilscithe ón sprioc; á iarraidh ar BCE a mhachnamh a dhéanamh, más gá, ar an gcaoi a bhféadfadh an borradh sa bhoilsciú difear a dhéanamh dá sheasamh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta;

17.

ag cur in iúl gur cúis imní di an ráta boilscithe sa limistéar euro a d’ardaigh go buaic 10 mbliana 5,1 % i mí Eanáir 2022, raon idir 3,3 % agus 12,2 % sna Ballstáit éagsúla, agus é á thiomáint le fachtóirí éagsúla amhail bunéifeacht praghsanna fuinnimh, scrogaill sna slabhraí soláthair agus téarnamh tar éis cúlú suntasach; á chur i bhfáth gur féidir le méaduithe ar an mboilsciú thar an luach sainithe dochar ar leith a dhéanamh do na codanna is boichte den daonra agus a bheith ina gcúis le neamhionannais eacnamaíocha agus shóisialta a mhéadú; á mheabhrú gur fhan an boilsciú i bhfad faoi bhun na sprice 2 % le deich mbliana anuas; á iarraidh ar BCE dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na treochtaí sin agus ar a n-iarmhairtí agus, más gá, gníomhaíocht a dhéanamh chun cobhsaíocht praghsanna a choimirciú; ag tacú leis an iarraidh ón Uachtarán Lagarde go leanfadh an beartas airgeadaíochta de bheith dírithe ar an ngeilleagar a stiúradh go sábháilte as éigeandáil na paindéime; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir Shuirbhé BCE ar Réamhaisnéiseoirí Gairmiúla, go bhfuil na hionchais don bhoilsciú meántéarmach leabaithe go docht sa sprioc go fóill, agus go dtugtar le fios le roinnt ionstraimí margadhbhunaithe go mbeidh méadú ar ionchais maidir le boilsciú sa mheántéarma;

18.

á mheas go bhféadfadh BCE scrúdú a dhéanamh ar ionstraimí malartacha beartais airgeadaíochta lenar féidir infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil BCE ag dréim leis go bhfanfaidh na príomhrátaí úis ar na leibhéil reatha nó ar leibhéil níos ísle go dtí go mbeidh 2 % bainte amach ag an mboilsciú i bhfad roimh dheireadh a thréimhse réamh-mheasta agus go marthanach don chuid eile den tréimhse réamh-mheasta; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, de bharr rátaí úis ísle, a chuirtear deiseanna ar fáil do thomhaltóirí, do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, d’oibrithe agus d’iasachtaithe, agus gur féidir leo leas a bhaint as móiminteam eacnamaíoch níos láidre, as dífhostaíocht níos ísle agus as costais iasachtaíochta níos ísle; ag cur in iúl gur cúis imní di, áfach, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí ísle úis ar líon na ngnólachtaí atá neamh-inmharthana agus a bhfuil fiachas mór orthu, ar an dreasacht le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí lena gcothaítear fás agus inbhuaine, agus ar chórais pinsean agus árachais;

20.

a chur in iúl gur geal léi cinneadh BCE moladh a dhéanamh go bhforbrófaí treochlár lena n-áireofar na costais a bhaineann le tithíocht úinéir-áitithe san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an ráta boilscithe atá inchomparáide agus ábhartha do theaghlaigh, de bhrí go bhfuil na costais tithíochta tar éis ardú gan stad, agus chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bhfuil bonn faisnéise níos fearr fúthu a cheapadh; á mheas, áfach, go léirítear le ICPT sa sainmhíniú atá air faoi láthair an éabhlóid atá tagtha ar chaiteachas iarbhír na dteaghlach ar earraí nó ar sheirbhísí; á mheas gur cheart go n-áiritheofaí le modheolaíochtaí arb é is aidhm dóibh an chomhpháirt infheistíochta a leithlisiú ón gcomhpháirt tomhaltais go ngabhtar go leormhaith an tionchar iarbhír atá ag an méadú suntasach ar phraghas tithíochta ar chostais na dtomhaltóirí; ag admháil gur tionscadal ilbhliantúil é na costais sin a chur san áireamh; á chur i bhfáth go bhféadfadh a bheith de thoradh ar an mbeart sin innéacsanna praghsanna a mhéadú agus, go sealadach ar a laghad, an boilsciú a thabhairt os cionn na sprice meántéarmaí, rud a laghdódh lamháil inlíochta BCE; á iarraidh ar BCE ullmhú do na rioscaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach éifeachtach;

21.

ag admháil go bhfuil gá le comhchuibhiú méadaithe ar na modhanna le haghaidh coigeartú cáilíochta in ICPT agus le tuilleadh trédhearcachta i ndáil le coigeartú cáilíochta sna Ballstáit;

Gníomhaíocht in aghaidh an athraithe aeráide

22.

á mheabhrú go bhfuil BCE, mar institiúid de chuid an Aontais, faoi cheangal ag gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do BCE cur chuige comhtháite a ghlacadh chun dul i ngleic leis an éigeandáil maidir leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht, ar cur chuige é ar cheart é a léiriú ina bheartais, ina chinntí agus ina oibríochtaí go léir, mar aon lena shainordú chun tacú le beartais ghinearálta eacnamaíocha an Aontais, go háirithe sa chás seo, chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach; á mheas nach mór do BCE na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chomhrac agus a mhaolú;

23.

á mheas go bhféadfaí na dálaí cearta a chruthú chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme trí chobhsaíocht praghsanna a choimeád;

24.

ag tabhairt dá haire go ndearna BCE an chéad tástáil struis aeráide ar fud an gheilleagair; ag tabhairt dá haire go léirítear leis na torthaí go bhféadfadh an tionchar diúltach ar OTI an Aontais a bheith dian gan bearta láidre; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, tiomantas BCE tástálacha rialta struis aeráide a dhéanamh, ar fud an gheilleagair agus ar leibhéal na mbanc aonair araon;

25.

ag tabhairt dá haire go bhforbróidh BCE táscairí maidir le neamhchosaint institiúidí airgeadais ar rioscaí fisiciúla a bhaineann leis an aeráid trína bpunanna, lena n-áirítear táscairí loirg carbóin, chomh maith le samhaltú maicreacnamaíoch agus anailísí ar chásanna féideartha chun rioscaí aeráide a chomhtháthú i samhlacha BCE agus a dtionchar ar fhás féideartha a mheasúnú; á chur in iúl gur geal léi go ndéanfaidh BCE anailísí cásanna féideartha ar bheartais aistrithe;

26.

á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta nua BCE agus a threochlár mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an athrú aeráide chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú tuilleadh ina chreat beartais agus ina shamhlacha; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil fócas aige ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid, agus prionsabal na hábharthachta dúbailte atá i gcroílár chreat airgeadais inbhuanaithe an Aontais á thabhairt chun suntais;

27.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé go mbaineann coincheap neodracht an mhargaidh le prionsabal “geilleagar margaidh oscailte lena ngabhann saoriomaíocht”,; á iarraidh ar BCE, agus a neamhspleáchas á urramú aici, aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú in imeacht tréimhse fhadtéarmach, agus é ag fanacht chomh neamhpholaitiúil agus is féidir ag an am céanna agus prionsabal neodracht an mhargaidh á urramú; ag tabhairt dá haire gur imigh BCE ó neodracht an mhargaidh cheana féin i roinnt cásanna;

28.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht go fóill ar cheannach bannaí glasa agus ar an sciar de phunann BCE ar bannaí glasa iad; á mheas, áfach, go bhfuil an sciar sin an-íseal agus riachtanais an aistrithe ghlais á gcur san áireamh; á iarraidh ar BCE dlús a chur lena chuid oibre maidir le cion na mbannaí glasa ina phunann a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh caighdeán bannaí glasa de chuid AE agus tacaíocht BCE maidir leis sin; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, gur chinn BCE cuid dá phunann cistí dílse a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh sa chiste infheistíochta bannaí glasa arna ainmniú in euro (EUR BISIP G2); á iarraidh ar BCE, idir an dá linn, féachaint ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag bannaí glasa ar chobhsaíocht praghsanna;

29.

ag tabhairt dá haire, maidir le bannaí lena ngabhann struchtúir chúpóin atá nasctha le spriocanna feidhmíochta áirithe inbhuaine lena dtagraítear do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht (3) agus/nó do cheann amháin nó níos mó de SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaineann leis an athrú aeráide nó le díghrádú an chomhshaoil, gur tháinig na bannaí sin chun bheith incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021 mar chomhthaobhacht le haghaidh oibríochtaí creidmheasa de chuid an Eurochórais agus le haghaidh ceannacháin glan amach de chuid an Eurochórais chun críocha an bheartais airgeadaíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar leo gach critéar incháilitheachta eile;

30.

ag tabhairt dá haire go bhfuil BCE ag gníomhú chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid a ionchorprú ina chreat comhthaobhachta, ach ag tabhairt rabhaidh i dtaobh moill a chur ar a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi tiomantas BCE scrúdú a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí agus ar nochtaí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-ionchorpraíonn siad riosca athraithe aeráide i rátálacha creidmheasa; á chur in iúl gur ábhar imní di, áfach, go leanann BCE de bheith ag brath barraíocht agus go heisiach ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachtracha príobháideacha chun measúnú riosca a dhéanamh; á iarraidh ar BCE méadú a chur ar a acmhainneacht inmheánach ó thaobh measúnuithe riosca a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht;

31.

ag tabhairt dá haire le teann imní go bhfuil roinnt cláir athmhaoiniúcháin agus ceannaithe sócmhainní de chuid BCE tar éis tacú go hindíreach le gníomhaíochtaí ar mór a lorg carbóin;

32.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil BCE ag ullmhú chun a chláir ceannaithe sócmhainní corparáideacha a ailíniú le Comhaontú Pháras, d’fhonn déine carbóin a phunainne a laghdú, ach tugann sí rabhadh i gcoinne moilleanna;

33.

á iarraidh ar BCE, mar chomhalta de NGFS, tógáil ar na naoi rogha a mheas NGFS le haghaidh bainc cheannais chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chur san áireamh ina gcreat oibríochtúil maidir le hoibríochtaí creidmheasa, comhthaobhacht agus ceannach sócmhainní; á iarraidh ar BCE a chomhar maidir leis an athrú aeráide a neartú le líonraí idirnáisiúnta lasmuigh de NGFS chomh maith le feabhas a chur ar an idirphlé leis an tsochaí shibhialta, agus é mar aidhm ról an Aontais mar cheannaire domhanda i réimse an airgeadais inbhuanaithe agus an ghníomhaithe ar son na haeráide a threisiú;

34.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BCE faireachán a dhéanamh ar a lorg comhshaoil agus é a laghdú; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh lárionad um an athrú aeráide chun an obair ar shaincheisteanna aeráide i gcodanna éagsúla de BCE a thabhairt le chéile; ag dréim leis go gcuirfidh BCE dlús lena chuid oibre chun cúinsí aeráide a ionchorprú go héifeachtach ina ghnáthghnó;

Gnéithe eile

35.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) i ngeilleagar an Aontais, i gcóineasú eacnamaíoch agus sóisialta agus i bhfostaíocht; á chur i bhfáth gur buaileadh na MFBManna go holc mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch a thit amach de dheasca phaindéim COVID-19, agus go raibh de thoradh air sin meathlú tromchúiseach ar a láimhdeachas agus a n-iomaíochas eacnamaíoch, ar a gcuid iarrachtaí rath a bheith orthu san aistriú glas agus ar a rochtain ar mhaoiniú; á chur i bhfios gur gá infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha san Aontas a spreagadh, agus dá bhrí sin á iarraidh ar BCE leanúint dá iarrachtaí rochtain ar mhaoiniú a éascú do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide;

36.

á chur in iúl gur geal léi tacaíocht sheanbhunaithe BCE chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche go pras, agus á chur i bhfáth go mbaineann rioscaí le moilleanna tromchúiseacha; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn BCE le Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) lánfheidhme a bhunú; ag admháil go bhfuil comhroinnt riosca agus laghdú riosca idirnasctha agus go bhfuil ról lárnach ag scéimeanna cosanta institiúideacha i gcosaint agus i gcobhsú na mballinstitiúidí;

37.

á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú; á iarraidh go dtabharfaí isteach cosaint dhlíthiúil leormhaith ar athshealbhú do shealbhóirí morgáiste ar leibhéal AE;

38.

á iarraidh ar BCE cíoradh a dhéanamh ar bhealaí chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, má dhéantar an euro níos tarraingtí mar airgeadra cúltaca, a thiocfaidh méadú ar an úsáid a bhaintear as go hidirnáisiúnta tuilleadh agus go méadófar cumas an Aontais a sheasamh beartais a leagan amach go neamhspleách, ar príomhghné é chun ceannasacht eacnamaíoch na hEorpa a choimirciú; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí comhtháthú airgeadais a éascú trí shócmhainn shábháilte Eorpach dea-dheartha a chruthú agus go bhféadfaí cabhrú leis na fáinní fí idir na fiachais cheannasacha agus na hearnálacha baincéireachta intíre a mhaolú dá bharr; á chur i bhfios go láidir gur gá aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú agus a chur i gcrích chun ról an euro a neartú;

39.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú ar líon na nótaí bainc góchumtha euro in 2020 go dtí an leibhéal is ísle ó 2003 (17 gcuid in aghaidh an mhilliúin); á iarraidh ar BCE feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne góchumadh agus ar a chomhar le Europol, le Interpol agus leis an gCoimisiún Eorpach chun an sprioc sin a bhaint amach; á iarraidh ar BCE, gan dochar do shainphribhléidí na mBallstát, córas a chruthú chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar idirbhearta móra d’fhonn sciúradh airgid, imghabháil cánach agus maoiniú na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe a chomhrac;

40.

á chur in iúl gur geal léi gur chinn BCE céim imscrúdaithe 24 mhí de thionscadal digiteach euro a sheoladh; á iarraidh ar BCE aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hionchais agus ar na hábhair imní a tarraingíodh anuas le linn an chomhairliúcháin phoiblí maidir le euro digiteach, lena n-áirítear ábhair imní maidir le príobháideachas, le slándáil, le hinrochtaineacht, leis an gcumas íoc ar fud an limistéir euro, le costais bhreise a chosc, agus le hinúsáidteacht as líne; ag tabhairt dá haire nach ndéanfar réamhbhreith leis an gcéim imscrúdaithe sin ar aon chinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint; á athdhearbhú nach ionann euro digiteach agus cripteashócmhainn; á chur i bhfios gur cheart cuimsiú airgeadais a chur chun cinn le euro digiteach, agus go gcaithfear breis príobháideachas sonraí agus breis slándáil dhlíthiúil a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do chuideachtaí; ag aontú le BCE go mbeadh ar an euro digiteach, dá bhrí sin, raon ceanglas íosta a chomhlíonadh, lena n-áirítear stóinseacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cosaint príobháideachais; á iarraidh ar BCE ailíniú go dlúth leis an bParlaimint agus malartú rialta a dhéanamh leis an bParlaimint maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar le linn chéim an imscrúdaithe;

41.

á athdhearbhú gur cúis mhór imní di na rioscaí a bhaineann le cripteamhonaí cobhsaí príobháideacha don chobhsaíocht airgeadais, don bheartas airgeadaíochta agus do chosaint tomhaltóirí;

42.

á mheabhrú gur modh an-tábhachtach íocaíochta do shaoránaigh an Aontais iad íocaíochtaí in airgead tirim agus nár cheart iad a chur i mbaol le euro digiteach; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú thart ar 10 % in 2020 ar líon agus ar luach na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht; ag tabhairt dá haire gur ann do Straitéis Airgid 2030 an Eurochórais, a bhfuil sé mar aidhm léi a áirithiú go mbeidh rochtain mhaith i gcónaí ag gach saoránach agus gnólacht sa limistéar euro ar sheirbhísí airgid thirim agus go bhfanfaidh an t-airgead tirim mar mhodh íocaíochta a nglactar leis go ginearálta, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na saincheisteanna a bhaineann le lorg éiceolaíoch nótaí bainc euro a laghdú agus le nótaí bainc atá nuálaíoch slán a fhorbairt; ag cur in iúl gur cúis imní di laghdú an líonra baincéireachta i roinnt Ballstát; á mheas go bhféadfadh na cleachtais sin a bheith ina gcúis le srianta suntasacha ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus táirgí riachtanacha airgeadais;

43.

á chur i bhfáth go bhfuil claochlú suntasach á dhéanamh ar an earnáil airgeadais faoi thiomáint na nuálaíochta agus an digitithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil baol níos mó ag baint leis an gclaochlú sin go mbeadh suaití seachtracha ann, amhail cibirionsaithe ar an earnáil airgeadais agus baincéireachta; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag BCE a chumas freagartha agus téarnaimh a neartú i gcás cibirionsaithe, i gcomhréir leis an mbeartas nua cibearchosanta Eorpach; á athdhearbhú go bhfuil imní uirthi maidir leis an mbriseadh seirbhíse lena ndearnadh difear tromchúiseach do chóras TARGET2 agus d’urrúis TARGET2 in 2020; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú neamhspleách ar na teagmhais sin agus ag tabhairt dá haire go ndearnadh rátáil “ard” ar roinnt de na fionnachtana; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tEurochóras leis na conclúidí ginearálta agus go bhfuil rún daingean aige moltaí an athbhreithnithe a chur chun feidhme; á iarraidh ar BCE cobhsaíocht bhuan bonneagair íogair amhail córas TARGET2 a áirithiú, a iarrachtaí i réimse na cibearshlándála a fheabhsú tuilleadh agus leanúint de chibear-athléimneacht bhonneagar an mhargaidh airgeadais a chur chun cinn;

44.

ag tabhairt dá haire go bhfuil dibhéirseacht idir comharduithe TARGET2 laistigh den Chóras Eorpach Banc Ceannais; ag tabhairt dá haire go bhfuil léirmhíniú na ndibhéirseachtaí sin á chonspóid;

45.

á iarraidh ar BCE cothromaíocht leordhóthanach a áirithiú idir nuálaíocht airgeadais rialála i réimse na teicneolaíochta airgeadais a cheadú agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; á iarraidh ar BCE freisin dlús a chur lena fhaireachán ar fhorbairt cripteashócmhainní chun cosc a chur ar éifeachtaí diúltacha agus rioscaí gaolmhara ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais, an bheartais airgeadaíochta agus fheidhmiú agus shábháilteacht bhonneagar an mhargaidh agus na n-íocaíochtaí; á chur i bhfáth go bhféadfadh go mbeadh ábhair imní bhreise ag baint le cripteashócmhainní a fhorbairt ó thaobh na cibearshlándála, an sciúrtha airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla eile a bhaineann leis an anaithnideacht a thugtar le cripteashócmhainní; ag tabhairt dá haire gur féidir na rioscaí sin a mhaolú trí reachtaíocht iomchuí, amhail an rialachán atá le teacht maidir le margaí i gcripto-shócmhainní (MiCA); ag tabhairt dá haire go bhfuil rún BCE freagairt beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag monaí cobhsaí ar íocaíochtaí agus ar thírdhreach airgeadais an Aontais a mhaolú;

46.

á mheabhrú go dtacaíonn BCE le cur chun feidhme Basel III, toisc go laghdófaí leis sin an baol go dtarlódh géarchéim bhaincéireachta agus go bhfeabhsófaí, ar an gcaoi sin, an chobhsaíocht airgeadais laistigh den Aontas;

47.

ag cur in iúl gur cúis imní di na clásail agus na cleachtais éagóracha a úsáideann an earnáil baincéireachta i gconarthaí tomhaltóra i mBallstáit áirithe agus á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit go léir Treoir 93/13/CEE a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (4); á iarraidh ar BCE rannchuidiú go gníomhach chuige sin trí gach meán atá ar fáil dó a úsáid, d’fhonn iomaíocht chothrom a áirithiú;

48.

ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an Bhulgáir agus an Chróit isteach sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) in 2020, agus gurb iad na chéad tíortha lasmuigh den limistéar euro iad, dá bhrí sin, a tháinig chun bheith rannpháirteach i maoirseacht bhaincéireachta Eorpach; ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht chomhionann ag a mbainc náisiúnta ar Bhord Maoirseachta BCE; ag tabhairt dá haire, freisin, go n-áirítear lev na Bulgáire agus kuna na Cróite sa sásra ráta malairte (ERM II) mar cheann de na réamhchoinníollacha chun an euro a ghlacadh;

49.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BCE cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú i gcás na dteagmhas go léir a d’fhéadfadh a bheith ann agus na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go háirithe do réigiúin agus do thíortha a bhfuil tionchar níos dírí orthu;

Trédhearcacht, cuntasacht agus an comhionannas inscne

50.

á chur in iúl gur geal léi an t-aiseolas suntasach agus mionsonraithe a thug BCE i dtaobh rún na Parlaiminte maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2019; á iarraidh ar BCE leanúint den tiomantas sin don chuntasacht agus d’aiseolas i scríbhinn a fhoilsiú i dtaobh rúin Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascálacha Bliantúla BCE gach bliain;

51.

á chur i bhfáth gur gá socruithe cuntasachta agus trédhearcachta BCE a fheabhsú tuilleadh; ag áitiú go dtabharfar aird ar a iarraidh ar BCE gníomhú go pras trí chaibidlíocht a sheoladh ar chomhaontú foirmiúil idirinstitiúideach a luaithe is féidir, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh neamhspleáchas BCE fite fuaite ina chuntasacht; á iarraidh ar BCE an comhar agus an malartú faisnéise a mhéadú agus trédhearcacht i dtreo na Parlaiminte agus na sochaí sibhialta a fheabhsú trí thuarascálacha a fhoilsiú i dteangacha uile AE agus tríd an tionscnamh “ECB Listens”;

52.

ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha foirne ag BCE cheana maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann don fhoireann agus spreagann sí cur i bhfeidhm leathan na rialacha foirne; ag aithint na gcéimeanna a ghlac BCE, amhail an Cód Iompair aonair d’oifigigh ardleibhéil BCE a ghlacadh agus an cinneadh tuairimí an Choiste Eitice a fhoilsiú, ar tuairimí iad arna ndíriú ar chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin, na Comhairle Rialaithe agus an Bhoird Maoirseachta agus a eisíodh ó tháinig an Cód Iompair aonair i bhfeidhm;

53.

á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh BCE na sealúchais chomhiomlána ar chostas amúchta faoi na cláir cheannaigh le haghaidh urrúis shócmhainn-bhunaithe (ABSPP) agus bannaí faoi chumhdach (CBPP3) agus na miondealuithe ar na sealúchais arna gceannach sna príomhmhargaí agus sna margaí tánaisteacha, chomh maith le staidreamh um shealúchais chomhiomlána maidir leis na cláir sin;

54.

á chur in iúl gur geal léi gur nocht BCE an brabús iomlán a rinne an tEurochóras tríd an gclár margaí urrús (SMP) agus gur nocht BCE sealúchais iomlána SMP an Eurochórais de réir tír eisiúna (Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil agus an Phortaingéil); á iarraidh ar na Ballstáit an sampla sin a leanúint maidir leis na comhaontuithe i dtaobh glansócmhainní airgeadais (ANFAnna);

55.

ag athdhearbhú a hiarrata ar BCE neamhspleáchas chomhaltaí a Choiste Iniúchóireachta agus a Choiste Eitice a áirithiú; ag tathant ar BCE athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an Choiste Eitice d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc; á iarraidh ar BCE athbhreithniú a dhéanamh ar a thréimhse mharana le haghaidh comhaltaí atá ag fágáil;

56.

ag tabhairt dá haire gur ón earnáil phríobháideach a thagann níos mó ná 90 % de chomhaltaí ghrúpaí comhairleacha BCE, agus go bhféadfadh claontacht, coinbhleachtaí leasa agus gabháil rialála sa phróiseas ceaptha beartais a bheith mar thoradh air ain;

57.

á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá á chur ar chreat sceithireachta inmheánaí BCE; á iarraidh ar BCE sláine agus éifeachtúlacht na huirlise inmheánaí nua a áirithiú d’fhonn tuairisciú fíorshimplí slán a éascú maidir le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhualgais ghairmiúla, iompar míchuí nó neamhrialtachtaí eile, agus cosaint éifeachtach a dheonú do sceithirí agus d’fhinnéithe, mar a leagtar síos i dTreoir AE maidir le Sceithirí (5);

58.

ag admháil na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag BCE feabhas a chur ar an gcumarsáid leis an bParlaimint; ag aontú, ina theannta sin, leis an Uachtarán Lagarde go gcaithfidh BCE a chumarsáid leis na saoránaigh maidir lena bheartais agus a dtionchar a nuachóiriú; ag tabhairt dá haire go léirítear i suirbhé ábhartha Eorabharaiméadair nach bhfuil muinín in BCE ach ag 40 % de fhreagróirí an limistéir euro; á iarraidh ar BCE tuilleadh idirphlé cuiditheach a dhéanamh le saoránaigh chun a chinntí a mhíniú agus chun éisteacht le hábhair imní na saoránach; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an fógra ón Uachtarán Lagarde le linn an Idirphlé Airgeadaíochta a tionóladh an 27 Meán Fómhair 2021 maidir leis an gcinneadh imeachtaí for-rochtana a dhéanamh mar ghné struchtúrach d’idirghníomhaíocht BCE leis an bpobal;

59.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman Eorpach cinneadh maidir le rannpháirtíocht Uachtarán BCE agus comhaltaí dá chomhlachtaí cinnteoireachta sa “Ghrúpa Tríocha” (Cás 1697/2016/ANA) chun trédhearcacht iomlán agus muinín an phobail i neamhspleáchas BCE a áirithiú;

60.

á chur in iúl gur oth léi agus gur cúis mhór imní di nach bhfuil ach beirt de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE agus beirt de na 25 chomhalta de Chomhairle Rialaithe BCE ina mná; á athdhearbhú gur cheart ainmniúcháin chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a ullmhú go cúramach agus gur cheart cur chuige cothrom ó thaobh inscne a chleachtadh leo, le trédhearcacht iomlán agus in éineacht leis an bParlaimint, i gcomhréir leis na Conarthaí; á mheabhrú, i gcomhréir le mír 4 do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin i ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais, go bhfuil an rún daingean ag an bParlaimint gan breithniú a dhéanamh ar ghearrliostaí nach n-urramaítear leo prionsabal na cothromaíochta inscne; ag spreagadh BCE tuilleadh chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil leis sin; á iarraidh ar Bhallstáit an limistéir euro prionsabal an chomhionannais inscne a ionchorprú go hiomlán ina bpróisis cheapacháin agus comhdheiseanna a áirithiú do gach inscne le haghaidh phost an ghobharnóra ar a mbainc cheannais náisiúnta;

61.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an éagothroime inscne ann go fóill ar fud struchtúr eagraíochtúil BCE, go háirithe i gcion na mban i bpoist ardbhainistíochta; ag tabhairt dá haire gur tháinig ardú go 30,3 % ar líon na mban i bpoist bhainistíochta uile BCE ag deireadh na bliana 2019 agus go 30,8 % ina phoist ardbhainistíochta; á iarraidh ar BCE tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, straitéis nua BCE chun feabhas breise a chur ar chothromaíocht inscne a fhoirne ar gach leibhéal, lena n-áirítear an cuspóir mná a fhostú chun leath dá phoist nua oscailte ar a laghad a líonadh ar gach leibhéal agus an sprioc go méadófar líon na mban ar na leibhéil éagsúla go dtí idir 40 % agus 51 % faoi 2026; á iarraidh ar BCE tuilleadh dreasachta a thabhairt do rannpháirtíocht na mban agus ionadaíocht chothrom inscne a chur chun cinn go gníomhach i ngach ceann dá phoist san ordlathas eagraíochtúil;

o

o o

62.

Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0277.

(3)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(4)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(5)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).