|
6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 342/2 |
P9_TA(2022)0022
Dúshláin do limistéir uirbeacha i ré iar-COVID-19
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 ar na dúshláin do limistéir uirbeacha i ré iar-COVID-19 (2021/2075(INI))
(2022/C 342/01)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Teideal XVIII de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (1), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (2) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (3), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (4), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (5), |
|
— |
ag féachaint do Chomhshocrú Amstardam lena mbunaítear an Clár Oibre Uirbeach do AE a chomhaontaigh airí AE atá freagrach as cúrsaí uirbeacha an 30 Bealtaine 2016, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras), |
|
— |
ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2015 maidir leis an ngné uirbeach de bheartais AE (6), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le ról réigiúin agus chathracha AE i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras COP 21 maidir leis an athrú aeráide (7), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 3 Iúil 2018 maidir le ról cathracha i gcreat institiúideach an Aontais (8), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Bliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise 2022 (9), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách (10), |
|
— |
ag féachaint don Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, a chomhaontaigh na hairí atá freagrach as an gcomhtháthú críochach agus as ábhair uirbeacha an 10 Meitheamh 2015, |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 maidir le Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 dar teideal “An gné uirbeach de bheartais an Aontais – príomhghnéithe de chlár oibre uirbeach don Aontas Eorpach” (COM(2014)0490), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0620), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698), |
|
— |
ag féachaint do Chairt Nua Leipzig maidir le cumhacht chlaochlaitheach na gcathracha ar mhaithe leis an leas coiteann, a glacadh ag na Cruinnithe Aireachta Neamhfhoirmiúla a eagraíodh an 30 Samhain 2020, |
|
— |
ag féachaint don Chlár Oibre Uirbeach Nua a glacadh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Tithíocht agus Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe (Habitat III) in Quito, Eacuadór, an 20 Deireadh Fómhair 2016, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil 2016 an Choimisiúin ar Staid Chathracha na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Thionscnamh Suaitheanta Domhanda na Náisiún Aontaithe do Mhná dar teideal “Cathracha Sábháilte agus Spásanna Poiblí Sábháilte do Mhná agus do Chailíní”, |
|
— |
ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, a osclaíodh lena shíniú in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011 (“Coinbhinsiún Iostanbúl”), |
|
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0352/2021), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil cathracha fós ar an líne thosaigh i ngéarchéim COVID-19, go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch ag dul i léig agus go bhfuil rátaí arda ionfhabhtaithe, rátaí ísle vacsaínithe agus, go minic, acmhainní neamhleora ann; de bhrí gur chuir an phaindéim freisin leis na heasnaimh atá i réim i limistéir uirbeacha, lenar nochtadh a leochailí atá siad; |
|
B. |
de bhrí gurb amhlaidh, mar gheall ar an bpaindéim, gur doimhne anois éagothromaíochtaí seanbhunaithe i gcathracha agus i mbailte; de bhrí go bhfuil daoine atá i staideanna leochaileacha tar éis éirí níos leochailí fós; de bhrí go bhfuil dúshláin, amhail rochtain ar thithíocht inacmhainne, easpa dídine, eisiamh sóisialta, bochtaineacht agus easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí, seirbhísí sláinte agus seirbhísí riachtanacha eile, le sárú ag cathracha; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil cónaí ar 72 % de mhuintir AE i gcathracha agus i mbailte; de bhrí nach mór baint dhíreach a bheith ag cathracha leis an téarnamh ó COVID-19; de bhrí nach mór go bhféachfaí, le hiarrachtaí téarnaimh, le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí atá ann le fada agus le dul níos faide ná aghaidh a thabhairt ar thionchar COVID-19 ar an tsláinte chun dul i ngleic le neamhionannais dhianseasmhacha; |
|
D. |
de bhrí go raibh tionchair inscneacha ag an bpaindéim ar gá do chathracha, do bhailte agus do cheantair uirbeacha fheidhmiúla iad a chur san áireamh; de bhrí gur mó atá mná i mbaol foréigean inscnebhunaithe mar gheall ar choraintíní agus ceanglais scartha shóisialta agus, ag an am céanna, go bhfuil srian curtha le rochtain na mban ar líonraí tacaíochta, ar sheirbhísí sóisialta agus ar shaoráidí sláinte gnéis agus atáirgthe. |
|
E. |
de bhrí gur i limistéir mheitreapholaiteacha is mó a bhíonn éagothromaíocht ó thaobh rochtain a fháil ar acmhainní bunriachtanacha, amhail cúram sláinte, oideachas agus digiteáil, go háirithe i gcás daoine atá i staideanna leochaileacha; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí níos leanúnaí chun cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus neamhionannais a chomhrac; |
|
F. |
de bhrí go bhfuil an deighilt dhigiteach trasnach, go gcuimsítear an uile chatagóir léi, lena n-áirítear bearnaí inscne, glúine agus stádais shóisialta, agus gur measa a bhí an deighilt sin le linn phaindéim COVID-19; de bhrí nach bhfuil rochtain ag an-chuid teaghlach agus institiúidí oideachais ar threalamh digiteach atá leormhaith agus cothrom le dáta; |
|
G. |
de bhrí go meastar go bhfuil níos mó post á gcailliúint i gcathracha móra ná in áiteanna eile agus gur oibrithe ar bheagán oiliúna, féinfhostaithe agus imirceacha, agus iad siúd a bhfuil conarthaí neamhbhuana acu is mó a bhfuil poist caillte acu; de bhrí gurb iad na daoine óga sin ar cuireadh isteach ar a gcuid oideachais, ar a gconairí oiliúna agus ar a bhforbairt ghairmiúil is mó atá i mbaol na dífhostaíochta, agus nár aimsigh an-chuid acu na hintéirneachtaí nó na printíseachtaí is gá chun a gcuid staidéir a thabhairt chun críche; |
|
H. |
de bhrí go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar earnáil an chultúir agus ar earnáil an spóirt, rud a thug ann do chúlú eacnamaíoch agus do chaillteanas post; de bhrí go bhfuil acmhainní leormhaithe ag teastáil i limistéir uirbeacha, go háirithe i limistéir mheitreapholaiteacha, d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun lamháil d’fhorbairt phearsanta chónaitheoirí na limistéar sin; |
|
I. |
de bhrí go bhfuil cathracha, bailte agus limistéir uirbeacha fheidhmiúla, amhail limistéir mheitreapholaiteacha, ina bpríomhcholúin eacnamaíocha chun borradh a chur faoin bhfás, chun poist a chruthú agus chun iomaíochas an Aontais i ngeilleagar domhandaithe a fheabhsú; de bhrí gurb amhlaidh, in ainneoin éagothromaíochtaí móra idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe ó thaobh cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear iontu, gur féidir le limistéir uirbeacha fheidhmiúla agus le cathracha meánmhéide a bheidh ina gcinn feadhna maidir le tarraingteacht agus forbairt na tuaithe a bhrú chun agus le rochtain ar roinnt seirbhísí a thabhairt do na limistéir thuaithe agus bhánaithe mórthimpeall orthu; |
|
J. |
de bhrí gurb amhlaidh, sa bhreis ar an liosta dúshlán atá ann cheana, go bhfuil an éigeandáil aeráide agus dúshláin dhéimeagrafacha le sárú freisin i gceantair uirbeacha; de bhrí go bhfuil gá, i ngeall ar an iliomad dúshlán atá ann, le freagairt atá bunaithe ar chur chuige comhtháite lena dtugtar earnálacha éagsúla le chéile agus lena bhféachtar le teacht ar réitigh lena bhfreastalaítear ar riachtanais earnála; |
|
K. |
de bhrí gur tugadh chun suntais le ceanglais maidir le scaradh fisiciúil go bhfuil easpa páirceanna leormhaithe, limistéir ghlasa leormhaithe agus saoráidí áineasa leormhaithe amuigh faoin aer i limistéir uirbeacha fheidhmiúla agus mórthimpeall orthu, agus go bhfuil easpa iompar leormhaith agus sábháilte agus bonneagar iompair mhalartaigh iontu freisin; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil dúshláin amhail iompar bia agus leigheasanna agus soláthar seirbhísí sláinte ag géarú i ngeall ar ghéarchéim COVID-19, agus gur tugadh chun suntais léi easnaimh thromchúiseacha i mbonneagar leighis agus in oiliúint ghairmiúil d’oibrithe cúraim sláinte maidir le freagairt do phaindéimí nó do chásanna éigeandála sláinte eile; |
|
M. |
de bhrí gur ceart uilíoch í tithíocht agus, dá bhrí sin, gur cheart do na Ballstáit straitéisí sonracha agus bearta iomchuí a bhunú chun constaicí ar an gceart chun tithíochta a shárú; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíocht i dtithíocht inacmhainne; |
|
N. |
de bhrí go bhfuil limistéir uirbeacha freagrach as an gcion is mó d’ídiú fuinnimh agus d’astaíochtaí gás ceaptha teasa in AE, agus go bhfuil ról lárnach acu i gcomhrac an Aontais i gcoinne an athraithe aeráide; de bhrí go mbeidh gá le tógáil uirbeach fhairsing agus cruthú geilleagair chiorclaigh i gcathracha, bailte agus limistéir uirbeacha fheidhmiúla chun cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú, téamh domhanda a theorannú, plódú a laghdú, dramhaíl a athchúrsáil agus inbhuanaitheacht an gheilleagair a áirithiú; |
|
O. |
de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú suas le trí bhilliún duine ar dhaonra uirbeach an domhain faoi 2050 agus go mbeidh dhá thrian de dhaonra an domhain ina gcónaí i gcathracha, agus go n-ídeoidh siad 75 % d’acmhainní nádúrtha an domhain agus go dtáirgeoidh siad 50 % den dramhaíl dhomhanda agus breis agus 60 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa; |
|
P. |
de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an iompar poiblí sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta iompair; de bhrí gur gá méadú tapa a dhéanamh, mar ábhar práinne, ar infheistíochtaí in iompar poiblí inbhuanaithe agus i bhfeabhsuithe ar an rochtain atá air, agus freisin i mbonneagar siúil agus rothaíochta níos fearr ar mhaithe le sábháilteacht úsáideoirí bóithre agus, go háirithe, úsáideoirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile; |
|
Q. |
de bhrí gur curiarracht gan sárú é an borradh atá faoi phraghsanna fuinnimh i gcathracha uile na hEorpa, rud atá ina bhagairt ar an téarnamh eacnamaíoch iar-phaindéime; |
|
R. |
de bhrí gurb amhlaidh, maidir le rialachas il-leibhéil, lena n-áirítear rannpháirtíocht ghníomhach údarás uirbeach, bunaithe ar ghníomhaíocht chomhordaithe arna déanamh ag AE, na Ballstáit agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta, a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, gur gné riachtanach de dhearadh agus cur chun feidhme chláir uile AE é de bhrí go bhfuil dlínse ag údaráis uirbeacha ar roghnú tionscadal faoi chistiú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe agus faoin Tionscnamh Uirbeach Eorpach nua, a chuirtear in ionad na nGníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha don chlárthréimhse nua agus lena gcuirtear deiseanna breise ar fáil chun réitigh agus cuir chuige nua a thástáil, lena n-áirítear iad siúd lena dtacaítear le limistéir uirbeacha do ré iar-COVID-19; |
Cathracha ionchuimsitheacha
|
1. |
ag aithint na héagsúlachta sóisialta, eacnamaíche, críche, cultúrtha agus stairiúla atá i gceantair uirbeacha ar fud an Aontais, agus á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic le dúshláin amhail an idirdheighilt agus an bhochtaineacht; |
|
2. |
á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, cé go mbaineann go leor buntáistí le dlús cathracha ó thaobh maireachtáil inbhuanaithe de, go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag ardtiúchan an daonra i gceantair uirbeacha áirithe ar inacmhainneacht tithíochta, leibhéil truaillithe, cáilíocht na beatha agus riosca an idirdhealaithe, na bochtaineachta, na héagothromaíochta agus an eisiaimh shóisialta; |
|
3. |
á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, de bharr phaindéim COVID-19, gur géire anois í treocht an dídhaonraithe i limistéir uirbeacha tearcfhorbartha, ar minic nach mbíonn acmhainní dílse leordhóthanacha acu chun seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar do chónaitheoirí; ag spreagadh an Choimisiúin moltaí a thabhairt agus comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit a chothú maidir le heagrú agus athchóirithe riaracháin-chríochacha; |
|
4. |
á iarraidh ar na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar bhearta gníomhaíochta dearfaí lena ndéantar cuimsiú pobal imeallaithe, amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta atá níos scoite, daoine gan dídean, imircigh agus dídeanaithe, agus mionlaigh eitneacha, amhail na Romaigh, a chur chun cinn; á iarraidh go ndíreofar ar riachtanais chistiúcháin ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear riachtanais limistéar uirbeach, go háirithe riachtanais limistéar meitreapholaiteach, agus freisin ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta agus ar leibhéal AE, chun tacú leis na pobail imeallaithe sin ar bhealach inbhuanaithe; á mheabhrú go bhfuil cistí struchtúracha ríthábhachtach, sa bhreis ar acmhainní náisiúnta leordhóthanacha, chun go mbeidh rath ar chur chun feidhme na mbeart beartais a cuireadh ar aghaidh i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag údaráis uirbeacha a mhéid a bhaineann lena áirithiú gur léiriú iad na bearta sin ar riachtanais iarbhír na bpobal Romach; |
|
5. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag inrochtaineacht uirbeach maidir lena chur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas a gceart chun soghluaisteachta, staidéir agus oibre a fheidhmiú go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún ionchuimsitheacht iomlán a chur chun cinn agus rochtain ar chistiú don fhorbairt uirbeach a sholáthar chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú; |
|
6. |
á chur i bhfáth gur cheart, ar mhaithe le téarnamh geilleagar uirbeach gan aon duine a fhágáil ar lár, go dtiocfadh ann, mar thoradh ar infheistíochtaí agus athchóirithe, do phoist chobhsaí agus ardcháilíochta, bonneagar agus seirbhísí poiblí treisithe, idirphlé sóisialta feabhsaithe agus tacaíocht chun grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú agus a lánpháirtiú, lena n-áirítear trí chórais cosanta sóisialta agus leasa shóisialta a neartú; |
|
7. |
ag cur béim ar an ngá atá le creat de chuid AE chun tacú le straitéisí áitiúla agus náisiúnta chun an easpa dídine a chomhrac agus chun rochtain chomhionann ar thithíocht chuibhiúil a áirithiú do chách trí chur chun cinn a dhéanamh ar chur chuige comhtháite lena ndéantar tacaíocht tithíochta a chomhcheangal le cúram sóisialta, seirbhísí sláinte agus ionchuimsiú gníomhach; |
|
8. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha straitéisí sonracha agus bearta iomchuí a bhunú chun constaicí ar an gceart chun tithíochta a shárú, amhail idirdhealú, airgeadrú, amhantraíocht, turasóiriú, cleachtais mhí-úsáideacha iasachtaithe agus díshealbhú éigeantach; |
|
9. |
á chur i bhfáth gur cheart seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) sa tithíocht a bheith á dtreorú go príomha ag riachtanais shonracha arna gcinneadh ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ós rud é go bhfuil sé de chumas ag na húdaráis sin riachtanais tithíochta agus dálaí maireachtála grúpaí éagsúla a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ar riachtanais iad ar féidir leo a bheith an-éagsúil idir ceantair thuaithe agus uirbeacha, agus ós rud é go bhfuil róil ríthábhachtacha ag na húdaráis sin sa chinnteoireacht dhea-spriocdhírithe; ag tathant ar an gCoimisiún sainmhíniú an spriocghrúpa ar thithíocht shóisialta agus ar thithíocht arna cistiú go poiblí a chur in oiriúint sna rialacha maidir le SGEInna, ionas go mbeidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla in ann tacú le tithíocht do gach grúpa nach féidir freastal go héasca ar a riachtanas i leith tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne faoi dhálaí an mhargaidh, agus fós a áirithiú go leithdháilfear dóthain cistiúcháin ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, chun infheistíocht a dhíbhlocáil agus chun tithíocht inacmhainne, neodracht tionachta tithíochta agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a áirithiú, agus chun comharsanachtaí atá éagsúil ar bhonn sóisialta a chruthú agus comhtháthú sóisialta a fheabhsú; |
|
10. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú sa bhreis a dhéanamh ar an infheistíocht a dhéantar i dtithíocht shóisialta, phoiblí, atá tíosach ar fhuinneamh, leormhaith agus inacmhainne, agus ó thaobh dul i ngleic leis an easpa dídine agus le heisiamh tithíochta in AE de; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfar infheistíocht trí CFRE, an Ciste um Aistriú Cóir, InvestEU, CSE+, Fís Eorpach, NextGenerationEU agus, go háirithe, tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus; á iarraidh go mbeidh comhar níos mó ann idir na hionstraimí sin; á chur in iúl gur geal léi maoiniú iasachtaí tithíochta sóisialta agus inacmhainne trí InvestEU agus trí phunann níos leithne an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul chun cinn sóisialta a chomhtháthú mar thosaíocht infheistíochta, i dteannta an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun daoine leochaileacha a chosaint ar thionchar diúltach na géarchéime reatha, agus pleananna dul chun cinn sóisialta a chur san áireamh i pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus achoimre a thabhairt ar an mbealach a ndéanfar prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar na háiteanna a ndéanfar infheistíochtaí sóisialta a spriocdhíriú orthu, lena n-áirítear infheistíocht sa tithíocht shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, mar ábhar práinne, go mbeidh cistiú AE agus maoiniú BEI níos inrochtana ag soláthraithe áitiúla agus réigiúnacha tithíochta inacmhainne sóisialta agus poiblí; á iarraidh ar BEI iarracht a dhéanamh ar thuirlingt ábhartha a mhéadú trí chúnamh teicniúil spriocdhírithe agus trí chomhar níos dlúithe le hidirghabhálaithe airgeadais agus leis na Ballstáit; |
|
11. |
á thabhairt chun suntais gur ann do dhúshláin shocheacnamaíocha sna lárionaid uirbeacha, go háirithe i limistéir mheitreapholaiteacha ina bhfuil líon suntasach imirceach agus dídeanaithe agus daoine eile i staideanna leochaileacha; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag cathracha maidir le pobail ionchuimsitheacha, inrochtana agus fháilteacha nach bhfágfar aon duine ar lár iontu a thógáil; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire go n-imríonn an imirce tionchar díreach ar ionchuimsitheacht cathracha agus go bhfuil gá le freagairtí saincheaptha beartais ina leith; á chur i bhfios go bhfuil acmhainneacht ag roinnt le Plean Gníomhaíochta an Aontais um Lánpháirtiú agus Cuimsiú 2021-2027 maidir le sochaithe cuimsitheacha comhtháite a thógáil agus le cláir a spriocdhíriú ar na comharsanachtaí is díothaí; ag tabhairt dá haire freisin gur uirlis bhunriachtanach iad straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail chun poist a chruthú, an bhochtaineacht a laghdú agus rochtain ar sheirbhísí i gceantair uirbeacha a mhéadú; |
|
13. |
á thabhairt chun suntais gur minic a fhulaingíonn leanaí i limistéir uirbeacha dhíothacha de bharr fachtóirí iomadúla riosca, amhail drochthithíocht, idirdhealú, foréigean agus rochtain neamh-chomhionann ar sheirbhísí, amhail cúram leanaí, cúram sláinte agus oideachas; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le scéimeanna áitiúla ráthaíochta leanaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann le bochtaineacht uirbeach leanaí; |
|
14. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról á imirt ag cathracha ar son an chomhionannais inscne, agus á mheabhrú gur cheart, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, comhionannas inscne a chur san áireamh mar threoirphrionsabal sna gníomhaíochtaí uile a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe, agus sin ó thús deireadh a n-ullmhúcháin, a gcur chun feidhme, a bhfaireacháin, a dtuairiscithe agus a meastóireachta; á chur i bhfios go láidir, maidir le gníomhaíocht arb é is aidhm léi an bhearna inscne a líonadh faoin mbeartas comhtháthaithe, gur cheart leas a bhaint as cur chuige trasnach ina leith, ar cur chuige é faoina nglactar céimeanna iomchuí chun cosc a chur ar aon idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh inscne, agus ar creataí straitéiseacha náisiúnta is bonn leis; á chur i bhfáth, ina theannta sin, nár cheart do thairbhithe clár de chuid an bheartais comhtháthaithe aon bheartais idirdhealaitheacha a ghlacadh, go háirithe i gcoinne mionlach, amhail an pobal LADTI; ag moladh go ndiúltófaí d’iarratais ó thairbhithe féideartha, lena n-áirítear iarratais ó údaráis réigiúnacha nó áitiúla, a ghlac beartais idirdhealaitheacha i gcoinne daoine den phobal LADTI, amhail dearbhú maidir le “limistéir saor ó LADT”; |
|
15. |
á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, sa bhreis ar rioscaí don tsláinte, gur leochailí atá mná i leith na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19. á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach don tarrtháil eacnamaíoch uirbeach, i gcomhthéacs iar-phaindéime, tacú le mná sna hearnálacha foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus mná a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr i bpleanáil beartais ar mhaithe le forbairt réigiúnach agus uirbeach lena ndírítear ar chathracha agus pobail inscne-ionchuimsitheacha a dhearadh; |
|
16. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil an bhearna sonraí idir na hinscní forleathan i réimse an bheartais comhtháthaithe agus na pleanála uirbí, agus á iarraidh ar na Ballstáit modhanna bailithe sonraí a thabhairt isteach trí úsáid a bhaint as sonraí insnce-dhíchomhiomlánaithe; |
|
17. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur eascair méadú ar an bhforéigean teaghlaigh as paindéim COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú an bheartais comhtháthaithe a leithdháileadh agus údaráis uirbeacha a spreagadh aghaidh a thabhairt ar an méadú domhanda atá tagtha ar an bhforéigean inscnebhunaithe; ag spreagadh chathracha AE cuir chuige ionchuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu chun gnéaschiapadh agus foréigean inscnebhunaithe i spásanna poiblí a chosc agus freagairt dóibh, trí ghealltanais a thabhairt maidir le prionsabail Thionscnamh Suaitheanta Domhanda na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe dar teideal “Cathracha Sábháilte agus Spásanna Poiblí Sábháilte do Mhná agus do Chailíní”; |
|
18. |
á iarraidh ar na Ballstáit go léir daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac a thabhairt chun críche mar ábhar práinne; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh chun dul i ngleic le gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus chun na bearta is gá a dhéanamh chun foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta atá le liostú faoi Airteagal 83(1) CFAE; |
|
19. |
á aithint go gcuirtear ualach ar mhná ina gcáil mar phríomhchúramóirí i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus go bhfuil luach sóisialta ag roinnt leis an gcúram sin, go háirithe le linn ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfios gur cúramóirí neamhfhoirmiúla (nach bhfaigheann íocaíocht) a sholáthraíonn 80 % den chúram ar fad a sholáthraítear ar fud AE, ar mná iad 75 % díobh sin; á chur i bhfios go bhfuil ról ábhartha ag cistí struchtúracha na hEorpa maidir le hinfheistíocht i seirbhísí cúraim a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún straitéis cúraim Eorpach a mholadh; |
|
20. |
ag tarraingt aird ar an dífhostaíocht agus, go háirithe, ar an dífhostaíocht i measc na hóige, ar measa anois í de bharr phaindéim COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit páirt ghníomhach a thabhairt do na húdaráis uirbeacha maidir le cláir lena bhfreastalaítear ar riachtanais daoine óga i gcathracha a cheapadh agus maidir le beartais lena ndírítear ar mheabhairshláinte agus folláine daoine óga, atá ríthábhachtach i gcomhthéacs iar-COVID-19 ach go háirithe, a chruthú; |
Cathracha inbhuanaithe
|
21. |
á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ag roinnt le forbairt uirbeach inbhuanaithe, lena n-áirítear iompar poiblí inbhuanaithe agus inacmhainne, do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais agus do cháilíocht bheatha a dhaonra, agus chun a chuid spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á mheabhrú go bhfuil deiseanna do limistéir uirbeacha ag baint leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua agus lena threoirphrionsabail, ar a n-áirítear inbhuanaitheacht, rialachas il-leibhéil, aeistéitic agus cuimsiú; |
|
22. |
á aithint gur cheart straitéis shioncronaithe lena bhfreagraítear do COVID-19 agus freisin don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chur chun feidhme chun an bealach a réiteach do théarnamh eacnamaíoch lena gcuirfear dlús leis an aistriú inbhuanaithe; |
|
23. |
á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit tosaíocht agus tacaíocht a thabhairt, i gcomhréir lena ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras agus faoi SDGanna na Náisiún Aontaithe, do chreataí an gheilleagair chiorclaigh, infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite, soghluaisteacht uirbeach agus fho-uirbeach inbhuanaithe agus inacmhainne (go háirithe gréasáin cosán rothaíochta), bonneagar malartach iompair i limistéir uirbeacha agus mórthimpeall orthu, cothabháil chuí ar an mbonneagar atá ann cheana agus infheistíocht mhear i mbonneagar glas, páirceanna, saoráidí glasa agus áineasa amuigh faoin aer agus urraim don prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus do “bhunphrionsabal na éifeachtúlachta fuinnimh”; ag tabhairt dá haire gur deis do limistéir uirbeacha iad tionscnaimh amhail Bauhaus Eorpach Nua an Rabharta Athchóiriúcháin (11) agus tionscadail lena dtugtar tosaíocht don gheilleagar ciorclach, don inbhuanaitheacht agus don bhithéagsúlacht a chur i lár an aonaigh; á chur in iúl gur ábhar misnigh di go bhfuil Bauhaus Eorpach Nua tiomanta do chur chuige rannpháirteach agus trasdisciplíneach a leanúint maidir le timpeallacht a mbíonn cónaí ar dhaoine inti a thógáil ar bhealach inbhuanaithe; |
|
24. |
á chreidiúint gur taispeánadh le géarchéim COVID-19 go bhfuil gá le réitigh nua maidir le pleanáil agus soghluaisteacht uirbeach chun limistéir uirbeacha a dhéanamh níos athléimní agus níos inoiriúnaithe don éileamh ar shoghluaisteacht, agus gur cheart féachaint ar an ngéarchéim mar dheis laghdú a dhéanamh ar bhrú tráchta agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; á iarraidh go n-infheisteofar i gcur chun cinn na soghluaisteachta uirbí trí chórais iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; á thabhairt chun suntais gur gá córais iompair phoiblí inbhuanaithe a chur chun cinn agus a fhorbairt i limistéir uirbeacha agus gur gá acmhainn an iompair phoiblí a chur in oiriúint don mhéadú ar an éileamh ar thaisteal oibre ó lá go lá isteach go lár cathracha nó amach astu; á iarraidh ar na Ballstáit an infheistíocht a dhéanann siad sa tsoghluaisteacht uirbeach a athmheasúnú agus tosaíocht a thabhairt do bhonneagar digiteach a rachaidh chun tairbhe don uile phaisinéir, lena n-áirítear daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin dul i gcomhar le cathracha agus leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfaidh gach cathair mhór agus nód uirbeach sa Ghréasán Iompair Tras-Eorpach (TEN-T) pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (SUMPanna) a tharraingt suas faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, oibriú go dlúth le réigiúin agus cathracha, go háirithe thar theorainneacha, chun bonneagar an mhíle deiridh agus naisc ilmhódúla agus thrasteorann ar fud TEN-T atá in easnamh a fheabhsú agus a thabhairt chun críche; á chur i bhfios go bhfuil go leor calafoirt Eorpacha lonnaithe gar do lárionaid uirbeacha agus gur nóid iompair thábhachtacha iad in TEN-T; |
|
26. |
á chreidiúint gur cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go mbeidh SUMPanna reatha nó ionchasacha ina gcoinníoll chun rochtain a fháil ar chláir chistiúcháin AE don tsoghluaisteacht uirbeach, amhail CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe cuidiú le leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga agus shamhail na cathrach cliste araon, amhail trí fheabhas a chur ar acmhainn riaracháin agus scileanna digiteacha, agus gur cheart dó a bheith ina spreagadh d’aistriú ó thástáil go huas-scálú tionscnamh cathrach cliste le cistiú agus tacaíocht ghaolmhar; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun tacú le cathracha chun na caighdeáin is airde a bheith acu agus a gcuid SUMPanna á n-ullmhú acu; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na réigiúin cuidiú leis na húdaráis áitiúla aon uair is féidir chun an sprioc sin a bhaint amach; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi rún BEI oibriú in éineacht leis na húdaráis phoiblí chun tacú le cláir infheistíochta uaillmhianacha lena gcuirtear an tsoghluaisteacht inbhuanaithe chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear trí SUMPanna agus tionscadail iompair phoiblí; |
|
27. |
á thabhairt chun suntais gur imir na bearta dianghlasála agus sláintíochta tionchar suntasach ar éileamh na soghluaisteachta agus ar rogha an mhodha iompair, rud a d’fhág gur lú daoine a bhain úsáid as iompar poiblí; á iarraidh go gcomhroinnfear dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme córais ticéadaithe aonair agus ilmhódúil lena gcuirfí ar a gcumas do dhaoine gluaiseacht ar bhealach níos soláimhsithe agus níos sábháilte idir limistéir uirbeacha san Aontas agus laistigh díobh; |
|
28. |
ag spreagadh an Choimisiúin comhroinnt dea-chleachtas maidir le huirbeachas agus bonneagar inbhuanaithe, pleanáil uirbeach ghlas, fuinneamh glan, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar poiblí astaíochtaí nialasacha, soghluaisteacht coisithe agus rothaithe, bainistiú éifeachtúil acmhainní uisce agus bainistiú inbhuanaithe ciorclach dramhaíola a chothú idir limistéir uirbeacha; |
|
29. |
á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar threoirlínte an Choimisiúin maidir le SUMPanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfar ilmhódúlacht a chothú leis na pleananna sin agus go rachaidh siad i ngleic le cuid de na hiarmhairtí a bhíonn ag ró-chomhchruinniú an daonra i limistéir uirbeacha áirithe, amhail brú tráchta agus costais iompair atá ag méadú, trí shocruithe socheacnamaíocha cothroma, mar shampla, chun a áirithiú go bhfuil na pleananna neamh-idirdhealaitheach; |
|
30. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise athbhreithniú an phacáiste um shoghluaisteacht uirbeach atá ar na bacáin, comhordú idir bearta sábháilteachta agus bearta inbhuanaitheachta i limistéir uirbeacha a chur chun cinn; á spreagadh go mbeadh ann do dheiseanna páirceála ag an mbealach isteach go limistéir uirbeacha (amhail córais pháirceála agus taistil), chun rochtain éasca a thabhairt ar mhodhanna éagsúla iompair phoiblí, chun brú tráchta uirbeach, astaíochtaí CO2 agus páirceáil os cionn talún agus faoi thalamh i lár cathracha a laghdú go suntasach, agus freisin chun lár cathracha a dhéanamh tarraingteach arís agus an tarraingteacht sin a fheabhsú, agus chun custaiméirí féideartha a mhealladh chun tacú le hearnáil lagaithe an mhiondíola i ndiaidh na paindéime agus borradh a chur faoin luach áitiúil; |
|
31. |
á thabhairt chun suntais go mbeidh an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh ina bhac ar théarnamh eacnamaíoch na gcathracha; á iarraidh go nglacfar céimeanna cuí chun an t-aontas fuinnimh a tharraingt ar aghaidh agus chun athléimneacht mhargadh fuinnimh na hEorpa a neartú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil fuinneamh níos saoire do chách i limistéir uirbeacha ina bhunriachtanas; á spreagadh, dá bhrí sin, go mbunófar cláir ollmhóra chun foirgnimh a insliú agus grianphainéil a chur ar dhíonta; á thabhairt chun suntais gur cheart pobail áitiúla fuinnimh in-athnuaite a chumhachtú chun tomhaltas fuinnimh a laghdú, chun córais fuinnimh a dhícharbónú tuilleadh agus chun gur féidir tairbhe a bhaint as na sochair shóisialta a ghabhann le margaidh fuinnimh áitiúil; |
|
32. |
á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht chun cáilíocht an aeir uirbigh a fheabhsú chun na rioscaí atá ann do shláinte an duine a íoslaghdú agus chun troid in aghaidh leibhéil torainn timpeallachta atá ag dul i méid i limistéir uirbeacha; |
|
33. |
á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt ábhair imní sábháilteachta ag baint le gléasanna nua soghluaisteachta pearsanta (lena n-áirítear scútair agus rothair leictreacha) i limistéir uirbeacha; ag spreagadh an Choimisiúin treoirlínte a eisiúint do na Ballstáit maidir leis na saincheisteanna sábháilteachta sin a bhainistiú; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire gur leathnaíodh earnáil an tseachadta chun an bhaile de bharr phaindéim COVID-19, rud a thug ann do chineálacha nua oibre ardáin agus samhlacha gnó i limistéir uirbeacha; á aithint go bhfuil gá le moltaí maidir le sábháilteacht pearsanra seachadta agus le hoiliúint sna huirlisí digiteacha a úsáideann siad, amhail feidhmchláir agus ardáin idirghníomhacha; |
|
35. |
á mheabhrú go dtarlaíonn beagnach 40 % de bhásanna ar bhóithre san Eoraip i limistéir uirbeacha; ag athdhearbhú go mbíonn an tiomáint róghasta ina príomh-imthoisc i gcás thart ar 30 % de na tuairteanna bóthair marfacha, agus ina himthoisc ghéaraitheach i bhformhór na dtuairteanna; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh a bhfuiltear ag súil leis a úsáid chun uasluas réamhshocraithe 30km/h a leagan síos i limistéir chónaithe agus i limistéir ina bhfuil líon ard coisithe agus rothaithe, agus an fhéidearthacht ann go mbeadh teorainneacha níos airde ar phríomhbhóithre artaireacha le cosaint chuí d’úsáideoirí soghonta bóithre; á chur in iúl gur geal léi gur athdhearbhaigh an tAontas a sprioc fhadtéarmach straitéiseach chun líon na mbásanna agus na ngortuithe a laghdú go geall le nialas ar bhóithre na hEorpa faoi 2050 (Fís Nialais), agus a sprioc mheántéarmach laghdú 50 % a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, sábháilteacht ar bhóithre a chomhtháthú níos fearr i dtreoirlínte SUMP agus á iarraidh ar údaráis phoiblí sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn trí thionscnaimh múscailte feasachta, gníomhaíochtaí iomchuí agus deiseanna cistiúcháin; |
|
36. |
ag tabhairt rabhadh go bhfuil cathracha agus bailte thar a bheith leochaileach i leith iarmhairtí an athraithe aeráide; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil tonnta teasa, atá níos tromchúisí cheana féin i gcathracha de bharr éifeachtaí oileán teasa uirbeach, ag dul i méid ó thaobh déine agus minicíochta de, agus gur dócha go mbeidh méadú ar thuilte mar thoradh ar theagmhais adhfhrasaíochta agus ar bhorradh stoirme, amhail na tuilte a chonacthas san Eoraip i samhradh 2021, nó go mbeidh méadú ar adhstoirmeacha sneachta ann mar gheall orthu, amhail na stoirmeacha a bhí ann i ngeimhreadh 2020-2021 agus ar léiriú iad gur gá atá méadú a dhéanamh ar athléimneacht ó thubaistí i gcathracha; á iarraidh ar an gCoimisiún treisiú, i gcás inarb iomchuí, lena mhéid a chomhoibríonn sé le rialtais áitiúla trí struchtúir atá ann cheana, amhail Cúnant Méaraí AE, Comhaontú na gCathracha Glasa agus Comhghuaillíocht na Méaraí ar son an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chun na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus atá le sárú ag limistéir uirbeacha a shainaithint, agus chun réitigh a chomhdhearadh ionas go mbeidh cathracha níos glaise agus chun infheistíochtaí a threorú chuig gníomhaíochtaí áitiúla; ag tathant ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla straitéisí uirbeacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a bhunú, sa bhreis ar a gcuid pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar straitéisí iad lena spreagfaí infheistíocht chun cathracha a athrú ó bhun agus a chur in oiriúint do bhagairtí an athraithe aeráide; |
|
37. |
á athdhearbhaíonn go bhfuil 30 % den chreat airgeadais ilbhliantúil agus 37 % de NextGenerationEU tiomnaithe do ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus go bhfuil 20 % NextGenerationEU á leithdháileadh ar an aistriú digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus treoir agus moltaí a thabhairt dóibh chun a áirithiú go bhforbraítear na scileanna is gá chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach; á chur in iúl gur saoth léi eisiamh limistéar uirbeach i gcomhthéacs NextGenerationEU agus á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí páirt níos fearr do chathracha, do bhailte agus do limistéir uirbeacha fheidhmiúla agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta á bpleanáil agus á gcur chun feidhme, agus go mbeidís rannpháirteach ar bhealach níos fearr sa phleanáil agus sa chur chun feidhme sin; |
|
38. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá níos mó crann a chur agus díonta glasa a shuiteáil, ós rud é go mbíonn luach tábhachtach áineasa ag gabháil le glasú cathracha do dhaoine, go laghdaítear an teocht agus go n-ionsúitear fuílleach uisce báistí a bhuí leis, agus, dá bhrí sin, go gcuirtear in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta leis; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, ach foirgnimh a iarfheistiú chun gur lú fuinnimh a úsáidtear iontu agus cathracha a athdhearadh chun líon na spásanna glasa a mhéadú agus siúl agus rothaíocht a chur chun cinn, go nginfear coigilteas, go gcruthófar poist, go gcuideofar leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh agus go mbeidh ann do thairbhí aeráide; |
|
39. |
á chur i bhfáth go bhfuil an tiomantas do limistéir uirbeacha ríthábhachtach don aistriú chuig sochaí aeráidneodrach agus chuig geilleagar atá rathúil, cóir, rathúil agus iomaíoch; á thabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, go mbíonn an fios gnó, na hacmhainní daonna agus an rochtain ar shonraí ardcháilíochta is gá chun gníomhaíochtaí a sheoladh agus dul chun cinn a dhéanamh de dhíth ar rialtais áitiúla; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur gá lán-úsáid a bhaint as fothú acmhainní, tacaíocht theicniúil agus cistiúchán, mar a comhaontaíodh i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ionas go ndéanfaidh údaráis uirbeacha agus fho-uirbeacha spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus á chreidiúint gur gá rochtain dhíreach ar chistiú de chuid AE a bheith ag údaráis uirbeacha amach anseo; |
Cathracha nuálacha
|
40. |
ag cur béim ar an bhfíoras go raibh an digiteáil ina cuidiú agus aghaidh á tabhairt ar chuid de na dúshláin láithreacha a d’eascair as an bpaindéim, go háirithe le linn tréimhsí dianghlasála, agus gur dáiríre an neamhionannas í an deighilt dhigiteach i measc an iliomad neamhionannas a nochtadh le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur cuireadh dlús leis an digiteáil i ngeall ar an bpaindéim, agus gur éirigh an teicneolaíocht chun bheith ríthábhachtach do theilea-obair, scolaíocht bhaile, ríomhthráchtáil, ríomhshláinte, ríomhrialtas, daonlathas digiteach agus siamsaíocht dhigiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin agus a áirithiú go bhfuil acquis an Aontais á chomhlíonadh ina iomláine, go háirithe maidir le cearta oibrithe agus cearta sóisialta; á mheabhrú nach mór tús áite a thabhairt don digiteáil agus don nascacht dhigiteach agus pobail áitiúla ag téarnamh; á athdhearbhú gur den tábhacht é dlí iomaíochta leormhaith agus creat Státchabhrach leormhaith a bheith ann lena dtugtar solúbthacht iomlán do na Ballstáit faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun tacú leis an ngeilleagar i rith ráig an choróinvíris, go háirithe trí leathanbhanda ardluais agus bonneagar 5G a imscaradh i ngach cathair gan beann ar a méid; á iarraidh ar na Ballstáit tacú leis an nascacht, trealamh a sholáthar agus láithreacht pearsanra oilte a áirithiú in institiúidí poiblí, sóisialta agus oideachais; |
|
41. |
á iarraidh go ndéanfar gníomhaíochtaí agus beartais chun aistriú digiteach cóir a bhaint amach, ar cheart iad a chur i bhfeidhm ar fud leibhéil éagsúla, ó chathracha go dtí an tAontas féin; á iarraidh go n-aithneofar an cuimsiú digiteach mar cheart don uile ghlúin agus go dtabharfar gealltanas soiléir nascacht idirlín uilíoch a bhaint amach do chathracha; |
|
42. |
á chur i bhfáth gur cheart an litearthacht dhigiteach a neartú chun rochtain ar dheiseanna nua a leathnú; á mheas nach mór borradh a chur faoin infheistíocht san oideachas agus san oiliúint le cláir chuimsitheacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach ar mhaithe le huas-sciliú, athsciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhreagraíonn do na hathruithe ar an éileamh ar scileanna; á iarraidh go ndéanfaidh mná agus cailíní dul chun cinn san oideachas agus i ngairmeacha san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM); |
|
43. |
á mheabhrú go raibh ról ríthábhachtach ag an turasóireacht uirbeach maidir le beartais uirbeacha a cheapadh; á chur i bhfios gur fhulaing formhór chathracha AE de bharr meathluithe sa turasóireacht tar éis na paindéime agus go raibh orthu modi operandi nua agus níos inbhuanaithe a chuardach chun turasóireacht a athbhunú, arb é sin is cúis leis an úsáid mhéadaithe atá á baint as teicneolaíochtaí digiteacha nua, rud a d’fhág gur féidir spásanna uirbeacha agus gluaiseacht turasóirí uirbeacha a bhainistiú ar bhealach níos fearr chun carnadh grúpaí móra agus staideanna rioscúla a chosc i gcomhthéacs na paindéime; |
|
44. |
á thabhairt chun suntais gur veicteoirí iad leabharlanna agus lárionaid chultúrtha lena ndéantar éascú ar chuimsiú digiteach agus sóisialta, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar chonairí fostaíochta do phobail uirbeacha agus do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; ag tarraingt aird, thairis sin, ar an ngá atá le háiteanna breise le haghaidh malartú pearsanta agus polaitiúil; |
|
45. |
á chur i bhfios go láidir go gcumasaítear, a bhuí leis an intleacht shaorga, réitigh uirbeacha chliste, lena n-áirítear bainistiú níos éifeachtúla ar fhuinnimh, ar uisce agus ar dhramhaíl, agus laghdú ar thruailliú, ar bhrú tráchta agus ar thorann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbeidh an iliomad dúshláin dhigiteacha le sárú ag údaráis áitiúla, amhail infhaighteacht agus iontaofacht teicneolaíochta sonraí, spleáchas ar thríú páirtithe príobháideacha agus easpa scileanna; á chur i bhfáth nach mór do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga, cloí le critéir eiticiúla ionas nach ndéanfar na neamhionannais shóisialta atá ann cheana a atáirgeadh; |
|
46. |
á mheas gur gá na príomhstruchtúir sláinte uirbeacha atá ann cheana a neartú go fisiciúil agus ó thaobh airgeadais de; á thabhairt dá haire gur cheart gurbh é a bheadh mar thoradh ar an aistriú i seachadadh an chúraim sláinte go dtiocfadh méadú ar an nuálaíocht dhigiteach agus go gcuirfí feabhas ar chomhtháthú an chúraim trí chainéil faisnéise atá cothrom le dáta chun cúram sláinte atá níos spriocdhírithe, níos pearsantaithe, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a sholáthar; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus, go háirithe, le húdaráis uirbeacha chun líonraí a fhorbairt chun oideachas a chur ar dhaoine maidir le cúram sláinte digiteach agus riarachán poiblí digiteach a úsáid, lena gcumasófaí rochtain uilíoch chothrom agus lena ndéanfaí sonraí íogaire a chosaint go críochnúil agus cibearchoireacht a chosc ag an am céanna; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag na Ballstáit chun tacú leis na hiarrachtaí a dhéanann údaráis chathrach cuimsiú digiteach a mhúnlú agus a áirithiú trí shonraí pearsanta a chosaint agus trí dhaoine agus gnólachtaí áitiúla a chumhachtú trí rochtain ar shonraí; |
Cathracha foghlama
|
47. |
á chur i bhfáth gur go raibh éifeachtaí díobhálacha ag paindéim COVID-19 ar an oideachas agus á thabhairt chun suntais gur gá cuimsiú agus rochtain ar oideachas a áirithiú; |
|
48. |
á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le hearnáil an chultúir ós rud é gur sócmhainní ríthábhachtacha don iomaíochas réigiúnach agus don chomhtháthú sóisialta iad an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha, agus go mbíonn siad ina gcuidiú le féiniúlacht cathracha agus réigiún a mhúnlú; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach níos mó suíomhanna cultúrtha a chruthú agus a dtéarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19 a áirithiú, agus á chur i bhfáth gur gá níos mó daoine óga a mhealladh chucu; |
|
49. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil earnáil an chultúir agus earnáil an spóirt ina rannchuidiú eacnamaíoch agus sóisialta leis an tsochaí agus go n-imríonn siad tionchar eacnamaíoch agus sóisialta ar an tsochaí freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhoibriú le chéile agus cistí leordhóthanacha náisiúnta agus de chuid AE a leithdháileadh chun bonneagar láidir cultúrtha agus spóirt a chruthú agus chun oideachas a chur chun cinn do na hearnálacha eacnamaíocha agus áineasa, go háirithe do chultúr an phobail agus do spórt neamhghairmiúil i limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha; ag spreagadh na mBallstát plean gníomhaíochta a fhorbairt chun an dá earnáil, ar codanna tábhachtacha den gheilleagar ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus ar leibhéal AE iad, a atosú agus borradh a chur faoina n-athléimneacht; |
|
50. |
á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cearta leanaí agus daoine óga a chosaint agus gur gá córais stóinsithe, chuimsitheacha agus fheidhmiúla oideachais agus oiliúna a chruthú, ar córais iad lena bhfreastalaítear ar fhíor-riachtanais na ndaoine ina limistéir uirbeacha faoi seach agus atá in ann déileáil le haon ghéarchéimeanna sláinte nó tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; |
|
51. |
á thabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go raibh éifeachtaí mórthaibhseacha ag géarchéim COVID-19 ar sciar suntasach d’aos óg na hEorpa, ar éifeachtaí iad atá le sonrú, go háirithe, i gcruachás an leithlisithe, sa líon mór post a cailleadh agus sna conairí oideachais nó oiliúna a cuireadh as dóibh; á chur i bhfios gur tháinig athruithe ar chomhdhéanamh agus méid dhaonra na hóige nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna mar thoradh ar an staid sin, ar gá í a mheasúnú agus a shainaithint i gceart chun dul i ngleic leis na dúshláin shonracha a d’eascair as an ngéarchéim agus chun cuidiú leis na Ballstáit straitéisí éifeachtacha for-rochtana a fhorbairt i leith daoine óga; ag moladh don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht uirlisí Eorpacha coiteanna a fhorbairt chun daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna a mhapáil agus a rianú chun gur féidir freagairt iomchuí beartais a thabhairt chun tacú leis an ngrúpa sin atá thar a bheith leochaileach i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19; |
|
52. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar réitigh chun lár ionchathracha a athbheochan, ós rud é gur fhulaing siad de bharr dúnadh gnólachtaí agus suíomhanna cultúrtha, folúntas, cailliúint tarraingteachta agus méadú ar thrádáil ar líne le linn na paindéime agus ina diaidh; |
|
53. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na réigiúin athmhachnamh a dhéanamh ar an mbonneagar oideachais agus é a athdhearadh i gcomhréir le forbairtí nua i ngairmeacha an oideachais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistí leordhóthanacha a leithdháileadh chun saoráidí oideachais a fhorbairt agus chun oiliúint maidir le forbairt scileanna glasa agus digiteacha a chur ar mhúinteoirí agus mic léinn, idir óg agus aosta, chun iad a ullmhú don todhchaí; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an digiteáil fite fuaite le soláthar rochtana ar an idirlíon, agus ní hamháin sin ach freisin leis an trealamh is gá chun an t-idirlíon a úsáid; |
|
54. |
á mheas go mbeidh ról ríthábhachtach sa tsamhail nua do limistéir uirbeacha AE ag sraith coincheap nuálach, go háirithe úsáid hibrideach agus ilfheidhmiúlacht spásanna uirbeacha, ceartas sa talamhúsáid agus “an chathair 15 nóiméad”; |
Tionscnaimh bheartais shaincheaptha
|
55. |
á chur i bhfios go láidir gur gá dul in oiriúint don chló nua atá ar an saol i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus machnamh a dhéanamh ar shamhail nua do limistéir uirbeacha AE agus, san am céanna, níos mó spáis a fhágáil do chruthaitheacht, do rannpháirtíocht shibhialta agus do thástáil; á chreidiúint gur deis í an Chomhdháil ar Todhchaí na hEorpa páirt níos céimiúla a thabhairt do chathracha i bpróisis chinnteoireachta AE, agus ról bunriachtanach a thabhairt dóibh maidir le daonlathas rannpháirteach agus idirphlé níos láidre a thógáil leis na cónaitheoirí agus, san am céanna, cur chuige ón mbun aníos a ghlacadh agus athmhachnamh a dhéanamh ar rialachas uirbeach; á thabhairt chun suntais gur den tábhacht é straitéisí cuimsitheacha a fhorbairt a bheidh bunaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar an Straitéis Dhigiteach Eorpach (12) agus ar an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe AE; á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, go bhfuil saintréithe sonracha ag na réigiún is forimeallaí; |
|
56. |
á aithint go mbíonn tionchar ag raon leathan tionscnamh de chuid an Aontais ar chathracha, ar bhailte agus ar limistéir uirbeacha fheidhmiúla, in ainneoin easpa inniúlachtaí follasacha AE maidir le forbairt uirbeach; á aithint go bhfuil gá le comhar níos láidre maidir le cláir agus beartais AE i measc na limistéar uirbeach agus laistigh díobh; á chur in iúl gur cúis imní di gurb amhlaidh, cé gur fhás roinnt tionscnaimh uirbeacha le blianta beaga anuas, gur beag comhordúcháin a dhéantar go fóill agus gur ann i gcónaí do rioscaí maidir le dúbláil agus tionchair dhoiléire; |
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach mar shamhail nua don rialachas il-leibhéil; á chur in iúl gur oth léi gur próiseas deonach é sin i gcónaí agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt na moltaí a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gá páirt níos láidre a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas cinnteoireachta agus cur chuige ón mbun aníos a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais áitiúla agus réigiúnacha; á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirteachas na bhfiontar beag agus meánmhéide áitiúla agus na ngnólachtaí nuathionscanta áitiúla tábhachtach i gcomhthéacs straitéisí agus pleananna forbartha uirbeacha agus ceantair; |
|
58. |
á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag limistéir uirbeacha i gcur chun feidhme nithiúil clár agus tionscadal a dhíorthaítear ó reachtaíocht AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht láidir a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus dá bhfoirne bainistithe tionscadal maidir le cláir agus deiseanna cistiúcháin de chuid AE agus, san am céanna, a áirithiú gur ann do shaoráidí leormhaithe riaracháin i gcathracha, i mbailte agus i limistéir uirbeacha fheidhmiúla, lena n-áirítear foireann atá oilte go hiomchuí; |
|
59. |
á áitiú go bhfuil ról lárnach le himirt ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla ag gach céim de chinnteoireacht AE: pleanáil, ullmhú agus cur chun feidhme; á iarraidh go gcuirfí níos mó cistiú díreach de chuid AE ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun éifeachtúlacht a fheabhsú, comhsheasmhacht a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, an treorú is gá a sholáthar do na Ballstáit agus rochtain ar chistiú a éascú, agus idirdhealú á dhéanamh idir cathracha agus réigiúin, ag brath ar leibhéal a ndigiteála; |
|
60. |
á athdhearbhú go mbeidh gá amach anseo le deiseanna cistiúcháin atá leormhaith agus inrochtana go díreach sa chaoi go ndéanfaidh cathracha cláir a chur chun feidhme go háitiúil; á athdhearbhú gur cheart EUR 400 milliún as na hacmhainní le haghaidh infheistíochtaí i bpoist agus i bhfás a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach an Choimisiúin, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1058; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh, ina athbhreithniú meántéarma ar an gclárthréimhse reatha, ar éifeachtacht an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh, go háirithe ar a bhuiséad agus a raon feidhme, agus na Ballstáit a spreagadh níos mó acmhainní a sholáthar chun tacú le seachadadh an Chláir Oibre Uirbigh; |
|
61. |
á iarraidh go dtabharfar buiséad agus raon feidhme níos mó don Tionscnamh Uirbeach Eorpach, agus go n-áiritheofar, san am céanna, go mbeidh rochtain éifeachtach agus éascaithe ag cathracha sna réigiúin is forimeallaí air; ag tabhairt dá haire gur cheart dó a bheith ina thacú leis an gClár Oibre Uirbeach a sheachadadh sa chlárthréimhse reatha; á mheas gur príomhghníomhaithe agus príomhgheallsealbhóirí iad pobail uirbeacha i gcur chun feidhme rathúil na mbeartas sin arna maoiniú ag an Aontas atá neadaithe i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit suas le 15 % a leithdháileadh ar limistéir uirbeacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iar-COVID; |
|
62. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil cistiú ón Aontas tábhachtach chun an cuimsiú sóisialta a chur chun feidhme go háitiúil; á iarraidh go neartófar a thionchar trí chreat comhchoiteann bainistithe agus tuairiscithe; |
|
63. |
á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach agus uathúil ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le paindéim COVID-19; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon deis ann faoi láthair idirphlé struchtúrtha a bhunú idir an Coimisiún agus cathracha maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht na n-údarás uirbeach i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; á iarraidh ar an gCoimisiún tuaraisc a thabhairt, ina athbhreithniú, ar chur chun feidhme na saoráide chun scrúdú a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag limistéir uirbeacha fheidhmiúla agus, más gá, chun a ról a neartú chun cur chun feidhme rathúil na saoráide a ráthú go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir gur cheart an tacaíocht is gá a thabhairt d’údaráis uirbeacha chun pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme i gceart trí acmhainní a fhothú, trí mhalartuithe agus trí chúnamh teicniúil; |
|
64. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, laistigh den bheartas comhtháthaithe, próisis rannpháirteachais a neartú le tacaíocht ó chistí chun coincheapa nua a thástáil agus taithí a chomhroinnt trí fhorbairt inbhuanaithe agus chomhtháite an uile chineáil críche agus tionscnaimh áitiúil a chothú; á chreidiúint gur toisc thábhachtach é fothú acmhainní gníomhaithe uirbeacha agus cathracha níos athléimní agus níos inbhuanaithe á gcruthú; ag spreagadh cathracha, bailte agus limistéir uirbeacha fheidhmiúla tacú le tionscnaimh ó na saoránaigh; á chur i bhfios go láidir gur saotharlanna uirbeacha iad cathracha, ós rud é gur áiteanna iad inar féidir coincheapa agus beartais inbhuanaithe don todhchaí a thástáil agus inar féidir réitigh le haghaidh pobail chliste agus chuimsitheacha a fhorbairt; |
|
65. |
á mheabhrú do gach Ballstát gur cheart dóibh comhaontú comhpháirtíochta a ullmhú, i gcomhréir leis an gcód iompair maidir le comhpháirtíochtaí, ina leagtar síos íoschaighdeáin maidir le rannpháirtíocht údarás réigiúnach, áitiúil, uirbeach agus poiblí eile, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus comhpháirtithe eile, mar a luaitear in Airteagal 8(1) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna; á iarraidh go dtabharfar páirt níos mó do na comhpháirtithe, lena n-áirítear iad siúd sa saol acadúil, sa nuálaíocht agus sa taighde, in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht clár de chuid AE, lena n-áirítear i gcoistí faireacháin; |
|
66. |
á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na réigiúin comhpháirtíocht chuimsitheach a áirithiú, lena n-áirítear le húdaráis uirbeacha, chun an beartas comhtháthaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme agus chun fógra a thabhairt d’údaráis uirbeacha maidir leis an gcúis a ndiúltaítear d’iarratais ar chistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó gheallsealbhóirí amhail údaráis uirbeacha, lena n-áirítear i gcás nach dtugtar aon údar bailí leis an diúltú d’iarratas ar chistiú; |
|
67. |
á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt do limistéir uirbeacha fheidhmiúla agus do chathracha meánmhéide, lena n-áirítear deiseanna cistiúcháin do ghníomhaíochtaí amhail comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus scéimeanna soláthair chomhpháirtigh idir cathracha san Aontas agus comhar idir cathracha agus réigiúin san Aontas; |
o
o o
|
68. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig a bparlaimintí. |
(1) IO L 437, 28.12.2020, lch. 30.
(2) IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.
(3) IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.
(4) IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.
(5) IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.
(6) IO C 316, 22.9.2017, lch. 124.
(7) IO C 162, 10.5.2019, lch. 31.
(8) IO C 118, 8.4.2020, lch. 2.
(9) IO C 385, 22.9.2021, lch. 167.
(10) IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.
(11) COM(2020)0662.
(12) COM(2020)0067.