16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 100/8


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Infheistíochtaí inscnebhunaithe sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta

(Tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 100/02)

Rapóirtéir:

Cinzia DEL RIO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

8.11.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.12.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

574

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

163/5/14

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Athdhearbhaíonn CESE nach féidir comhionannas inscne iomlán agus cur chun cinn comhdheiseanna a áirithiú ach le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta níos mó agus níos fearr san Aontas Eorpach, agus trí dhíriú ar bhearta agus ar straitéisí i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

1.2.

Tá CESE á chur in iúl gur dhréachtaigh na Ballstáit formhór na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (dá ngairfear NRRPanna anseo feasta) gan measúnú ex ante a dhéanamh ar thionchar na n-infheistíochtaí aonair ó thaobh deireadh a chur le neamhionannais inscne agus é a dhéanamh níos éasca do mhná rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair agus fanacht ann. Is beag Ballstát atá tar éis cur chuige straitéiseach a ghlacadh le bearta agus athchóirithe sonracha, trasearnálacha i dtaca leis na sé shraith infheistíochta faoina NRRPanna faoi seach. Tá an mhodheolaíocht a ghlac an Coimisiún Eorpach bunaithe ar mheasúnú tionchair ar cé chomh héifeachtach agus atá na bearta a chuirtear chun feidhme. Chuige sin, molann CESE don Choimisiún táscairí sonracha inchomparáide a ghlacadh ag céim na meastóireachta chun feabhsuithe a thomhas maidir le pá comhionann, rochtain ar mhargadh an tsaothair, réiteach idir am oibre agus am cúraim, agus féinfhiontraíocht na mban a chur chun cinn.

1.3.

Áirítear ar na bearta a leagtar amach sna NRRPanna bearta díreacha agus indíreacha, a bhfuil tionchair éagsúla acu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, chun mná a spreagadh dul i mbun fostaíochta agus fanacht san fhostaíocht. Mar sin féin, is ilroinnte agus míchothrom an creat ina leagtar amach na bearta sin ó thír go tír. Measann CESE gur tosaíocht é go gcuirfear dlús le bearta díreacha agus indíreacha araon nuair atá na NRRPanna á gcur chun feidhme. Chuige sin, beidh gá le bealaí infheistíochta soiléire, marthanacha ina mbeidh pleanáil acmhainní sa mheántéarma agus san fhadtéarma freisin.

1.4.

I measc na mbeart díreach chun fostaíocht na mban a chur chun cinn, creideann CESE gur cheart tosaíocht a thabhairt do dhreasachtaí a sholáthar chun poist chobhsaí ardcháilíochta a chruthú do mhná seachas do chorrdhreasachtaí eile, agus gur cheart iad a eisiamh ón léarscáil státchabhrach.

1.5.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an clásal bónais do chuideachtaí a chuireann fostaíocht na mban chun cinn a neartú agus a leathnú chuig gach conradh soláthair phoiblí, agus go ndéanfaí glaonna poiblí ar thairiscintí le haghaidh eintitis cur chun feidhme a rialáil le ceanglas sainráite maidir le cuspóirí comhionannais inscne.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE na bearta beartais dá bhforáiltear i roinnt pleananna náisiúnta chun an fhéinfhiontraíocht a spreagadh agus chun tacú léi, agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí oiliúint airgeadais agus bainistíochta agus rochtain ar ionstraimí airgeadais san áireamh sa tacaíocht sin freisin.

1.7.

Mar a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le comhionannas inscne, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach, agus na NRRPanna á gcur chun feidhme, bearta a dhéanamh maidir le gné an chánachais trí bhuntáistí cánach a thairiscint maidir leis an dara foinse ioncaim teaghlaigh do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus maidir le hioncam teaghlach aontuismitheora nach bhfuil chomh saibhir sin.

1.8.

Áirítear infheistíocht i seirbhísí cúraim leanaí agus i seirbhísí cúraim i mbearta indíreacha na NRRPanna. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainní a infheistiú i seirbhísí lena ndéantar am oibre agus cúram fadtéarmach a thabhairt chun réitigh, seirbhísí breise a sholáthar, agus na seirbhísí sin a chur ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal.

1.9.

Creideann CESE nach féidir infheistíochtaí sonracha chun rannpháirtíocht na mban sa mheántéarma agus san fhadtéarma a dhreasú in institiúidí teicniúla agus eolaíocha agus i gcúrsaí ollscoile (STEM) a chur siar a thuilleadh, ar cúrsaí iad trínar féidir fostaíocht na mban a chur chun cinn in earnálacha inar líonmhaire go mór na fir faoi láthair.

1.10.

Molann CESE go ndéanfaí pleanáil agus comhordú ar na NRRPanna ar bhealach a chomhlánódh acmhainní agus cláir eile uile an Chomhphobail, agus acmhainní agus cláir le haghaidh comhtháthaithe agus ceantair thuaithe mar thúsphointe. Leis an meastóireacht, mar aon le moltaí tírshonracha, arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, ba cheart na cuspóirí sin a bhfuil gné inscne ag baint leo a áireamh ann trí tháscairí nua, trédhearcacha, inrochtana a chur i bhfeidhm atá inchomparáide ó thír go chéile agus arna miondealú de réir inscne.

1.11.

Molann CESE go mbeadh buiséadú inscne ar gach leibhéal den riarachán poiblí éigeantach ag céim an tSeimeastair Eorpaigh.

1.12.

Léiríonn na sonraí atá ar fáil nach raibh ach rannpháirtíocht theoranta ó am go chéile ag na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt i bhformhór na dtíortha. Molann CESE go mbeidís rannpháirteach go hiomlán i gcur chun feidhme na NRRPanna agus san fhaireachán agus sa mheastóireacht orthu ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

2.   Réamhrá

2.1.

Is é is aidhm don tuairim seo béim a leagan ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn dá bhforáiltear sna NRRPanna atá beartaithe ag na Ballstáit. Is ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus a nuashonraíonn an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh freisin a dhéanfar amhlaidh. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil staidéar á dhéanamh ag EIGE (an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne) maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne le linn théarnamh iar-COVID-19 d’Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2023 (1). Tá an staidéar sin bunaithe ar na bearta a leagtar amach sna NRRPanna a bhfuil cur chuige inscnebhunaithe ag gach céim díobh, ón bpleanáil go dtí an cur chun feidhme agus an mheastóireacht, agus ar a mhéid a mheas na Ballstáit gur luamhán don téarnamh é an comhionannas.

2.2.

An 21 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí, plean Next Generation EU, in éineacht le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (CAI 2021-2027). Áirítear ar chuspóirí CAI agus Next Generation EU comhdheiseanna a chur chun cinn trína áirithiú go ndéanann gníomhaíochtaí agus gníomhartha na gclár agus na n-ionstraimí ábhartha gné na hinscne a ionchorprú agus gur féidir leo rannchuidiú go fóinteach le comhionannas a bhaint amach, i gcomhréir leis an straitéis Eorpach.

2.3.

Le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb é is aidhm di tacú leis an téarnamh iarphaindéime, comhtháthú a chur chun cinn, agus infheistíocht a dhéanamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Luaitear go sainráite sa Rialachán nach mór comhionannas inscne a chur chun cinn trí bhíthin na NRRPanna. Tacaíonn CESE leis an tábhacht a leagtar sa Rialachán ar bhearta chun neamhionannais inscne a chomhrac, toisc go bhfuil sé sin i gcomhréir le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

2.4.

Ina Theachtaireacht maidir le Straitéis Bhliantúil 2021 um Fhás Inbhuanaithe an 17 Meán Fómhair 2020, leag an Coimisiún amach na treoirlínte don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, inar iarradh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, ar mhná agus ar dhaoine óga atá le dul isteach i margadh an tsaothair, trí dheiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chruthú.

2.5.

Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe an Aontais an 28 Meán Fómhair 2021 na táscairí coiteanna agus na gnéithe mionsonraithe den scórchlár téarnaimh agus athléimneachta, lena sainítear 14 tháscaire. As na táscairí sin, níl ach 4 cinn díobh imdhealaithe go sonrach de réir inscne (3). Mar shampla, níl aon mhiondealú inscne i dtáscaire 6 ná i dtáscaire 9 do ghnólachtaí a fhaigheann tacaíocht agus atá á reáchtáil ag mná.

2.6.

Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tar éis ionsaí na Rúise uirthi, tá moilliú suntasach tagtha ar na hionchais fáis a bhfuil éiginnteacht ag baint leo, go háirithe maidir le soláthar acmhainní fuinnimh agus leis an méadú ar chostais — tosca a mbíonn tionchar acu ar leithdháileadh caiteachais agus infheistíochta i mbuiséid náisiúnta. Beidh tionchar ag an éiginnteacht sin freisin ar chur chun feidhme na NRRPanna.

2.7.

Tá iarracht á déanamh i saol na hoibre agus sa tsochaí ina hiomláine teacht as an ngéarchéim trí fhéachaint i dtreo téarnamh fadtéarmach eacnamaíoch agus sóisialta, ar a bhfuil na NRRPanna bunaithe. Ní mór, le linn an téarnaimh sin, creat inscnebhunaithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais agus na bearnaí inscne ar tháinig leathnú orthu, faraor, de dheasca ghéarchéim COVID-19, i roinnt earnálacha táirgthe, grúpaí daonra agus staideanna áitiúla agus réigiúnacha agus chun na neamhionannais agus na bearnaí sin a shárú (4).

3.   Cúlra, ullmhú an chistithe agus na n-acmhainní a leithdháiltear ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta

3.1.

I mí Iúil seo caite, thíolaic an Coimisiún Eorpach tuarascáil athbhreithnithe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na scéime, ina dtugtar aghaidh freisin ar neamhionannais inscne (5). Mínítear sa tuarascáil sin an dul chun cinn atá déanta maidir leis na rannchuidithe a fuarthas ó na Ballstáit ar bhonn na NRRPanna a chuir siad isteach. Leagtar amach inti spriocthosaíochtaí na 25 NRRP a ndearnadh anailís orthu ar bhonn na sé cholún gníomhaíochta den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (6).

3.2.

Tá cuspóirí trasearnálacha ag formhór na mbeart atá molta ag na Ballstáit nach ndíríonn go sonrach ar chomhionannas inscne i gcónaí. As na 129 mbeart atá beartaithe, níor seoladh ach 13 bheart le hinfheistíochtaí go dtí seo. Ní hé go bhfuil athchóirithe agus acmhainní pleanáilte ag gach Ballstát lena dtabharfar aghaidh go sainráite ar dhúshláin a bhaineann le hinscne nó lena ndíreofar ar mhná mar thairbhithe. Is olc iad na bearta nuálacha in earnálacha ina bhfuil líon íseal ban fostaithe freisin (7). Tá neart béime ar chúram leanaí, cúram agus oideachas. Léirítear sa tuarascáil ón gCoimisiún gur beag tír a bhfuil NRRP acu lena bhforáiltear do chur chuige straitéiseach ina bhfuil bearta agus athchóirithe chun aghaidh a thabhairt ar chomhionannas inscne.

3.3.

Tá tosaíocht tugtha ag Ballstáit eile do ghnéithe áirithe, amhail bearta le haghaidh comhtháthú sóisialta agus críochach lena ndírítear ar chomhionannas deiseanna. Is minic a ionchorpraítear iontu sin, freisin, sprioc an chomhionannais inscne nó bearta atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mná agus daoine óga go minic, agus bearta a ghabhann leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach le béim ar an oiliúint toisc go mbíonn mná i roinnt tíortha chun deiridh maidir le rochtain chomhionann ar chláir oiliúna agus athscilithe. Ba cheart a thabhairt faoi deara nár shainaithin formhór na mBallstát foréigean inscnebhunaithe mar cheann de na dúshláin faoi chuimsiú na mbeart chun tacú le comhionannas inscne ina gcuid NRRPanna.

3.4.

Dréachtaíodh na NRRPanna bunaithe ar mheasúnú ex ante náisiúnta ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, i gcomhréir, tríd is tríd, le tosaíochtaí caiteachais a socraíodh cheana agus nár cuireadh gné na hinscne san áireamh iontu ó thaobh na n-acmhainní a leithdháileadh ná ó thaobh inneachar na dtionscadal infheistíochta a cuireadh isteach. Ní raibh tagairt ar bith do chomhionannas inscne mar chuspóir sa chéad togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus níor luadh mná mar spriocghrúpa ar leith. Is ina dhiaidh sin amháin, mar thoradh ar bhrú ó na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a cuireadh gné na hinscne leis na NRRPanna sa Rialachán a foilsíodh i mí Feabhra 2021. Is é sin an fáth freisin nach ann do ghné na hinscne ná an buiséad inscne ach sna NRRPanna sin amháin inar bunaíodh aicmiú inscnebhunaithe le haghaidh caiteachais agus infheistíochta ó thús.

3.5.

Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ceanglaítear ar na Ballstáit a léiriú cén chaoi a dtugann na NRRPanna aghaidh ar neamhionannais inscne, ach ní dhéanfar measúnú sa mheasúnú tionchair ach ar a éifeachtaí atá na bearta a chuirtear chun feidhme. Ar a shon sin, tá sé tábhachtach don Choimisiún éifeachtacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe a thomhas ag céim na meastóireachta, agus dlúthbhaint a bheith ag comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta leis. Chuige sin, ní mór úsáid a bhaint as táscairí sonracha inchomparáide. Ní léiríonn na sonraí a bailíodh go dtí seo an staid náisiúnta mar atá i ndáiríre. Dá bhrí sin, is deacair a rá anois cén tionchar a bheidh ag cuid de na bearta chun dul i ngleic leis an idirdhealú inscne — go háirithe bearta trasnaí — ar na sé cholún.

3.6.

Ní thugann na hacmhainní a leithdháiltear ar na NRRPanna léargas soiléir reatha dúinn ar na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ní hamháin ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ach freisin ó acmhainní poiblí agus príobháideacha náisiúnta eile atá dírithe go heisiach ar an gcomhionannas inscne i réimsí éagsúla na hoibre agus na sochaí. Ní bheifear in ann na hacmhainní a leithdháiltear a chainníochtú ach amháin ag céim an chur chun feidhme.

3.7.

De réir thuarascáil an Choimisiúin maidir le bearta sonracha comhionannais inscne sna NRRPanna, áfach, tá éagsúlacht mhór idir céatadán na ngníomhaíochtaí, is é sin idir 11 % arna leithdháileadh ag an tSualainn go dtí níos lú ná 1 % ag an gCróit, agus roinnt tíortha faoi bhun 2 %. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt freisin ar thionchar na mbeart indíreach a leagtar amach sna NRRPanna, agus ar bhearta díreacha agus indíreacha atá beartaithe le hacmhainní Comhphobail Next Generation EU, lena bhforlíontar na NRRPanna, amhail REACT-EU agus CETFT (an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe).

3.8.

De réir na tuarascála ón gCoimisiún agus na faisnéise tosaigh arna bailiú ag EIGE, is ilroinnte agus míchothrom an léargas a thagann chun cinn ar fud na dtíortha. In ainneoin go n-iarrann an Coimisiún orthu é a dhéanamh, ní sholáthraíonn gach tír sonraí atá miondealaithe de réir inscne chun é a chur ar chumas an Choimisiúin féin tuairisciú a dhéanamh ar bhealach rialta agus tráthúil ar chaiteachas a bhaineann le hinscne sna NRRPanna ar bhonn roinnt gnéithe coiteanna.

3.9.

Ós rud é nár chuir na Ballstáit ar fad staidéir inscnebhunaithe ar fáil sular dréachtaíodh na NRRPanna, ní ann d’aon mheasúnú tionchair ar bhearta maidir le fostaíocht bhreise agus ardcháilíochta ná maidir le poist oilte. Bhíothas den tuairim, in 14 thír (8), gur phrionsabal ginearálta trasearnálach a bhí sa chomhionannas inscne, ach, ina ainneoin sin, ba í an Spáinn an t-aon tír a luadh critéar an phríomhshruthaithe inscne sa NRRP dá cuid. Tá bearta sonracha tugtha isteach san Iodáil maidir le comhionannas inscne agus rinneadh cur síos ann freisin ar thionchar na mbeart a mhéid a bhaineann le fostaíocht mhéadaithe. Ina ainneoin sin, is cúis imní go fóill fíor-éifeacht agus cáilíocht na mbeart sin (9). I dtíortha eile, tá sé beartaithe bearta indíreacha a dhéanamh, amhail infheistíocht i gcothromaíocht oibre is saoil, infheistíocht i seirbhísí cúraim, dreasachtaí chun páirt a ghlacadh in oiliúint ETIM, agus feabhsuithe ar dhálaí oibre agus ar oiliúint chun comhionannas inscne a chur chun cinn. Beidh tionchar acu sin sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ach ní féidir iad a chainníochtú láithreach bonn. I dteannta na n-infheistíochtaí sin, tá bearta díreacha beartaithe ag roinnt Ballstát amhail dreasachtaí earcaíochta agus fóirdheontais le haghaidh fhiontraíocht na mban.

3.10.

Tá aird ar leith tugtha ag tíortha áirithe ar “soláthar inscne” (10) le bearta coinníollachta chun mná agus daoine óga a earcú i gconarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích le hacmhainní na NRRPanna. Bheadh sé inmholta glaonna poiblí ar thairiscintí a rialáil ar bhealach ina mbeadh sé de cheangal ar eintitis cur chun feidhme cuspóirí comhionannais inscne a lua go sainráite.

3.11.

Áirítear ar NRRPanna nuálacha sa réimse seo pleananna na Spáinne, na hIodáile agus na Fraince. Tugadh gealltanas suntasach in NRRP na Spáinne trína shonrú nach mór gné inscne a bheith ina cuid de gach nós imeachta riaracháin phoiblí. Tugadh isteach treoirlínte in NRRP na hIodáile maidir le comhionannas deiseanna i gconarthaí arna maoiniú ag an NRRP. Déantar foráil sna treoirlínte sin maidir le bearta bónais agus clásail eiseamláireacha a úsáid i nglaonna ar thairiscintí, arna ndifreáil de réir earnáil, shaghas agus chineál an tionscadail. Áirítear ann an oibleagáid 30 % den fhostú a theastaíonn chun an conradh a chur chun feidhme a fhorchoimeád do dhaoine óga faoi bhun 36 bliana d’aois agus do mhná, chomh maith le deimhniúchán comhionannais inscne do chuideachtaí. Ina ionad sin, in NRRP na Fraince, tugadh isteach táscairí nua do chuideachtaí chun comhionannas gairmiúil agus dul chun cinn a ríomh trí phlean gníomhaíochta. San am céanna, bronntar bónais chistiúcháin ar chuideachtaí a ghlacann critéir chun an comhionannas inscne a chur chun cinn faoi chuimsiú NRRPanna na hÉireann agus na Cróite (11).

3.12.

Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil ón gCoimisiún i mí Iúil 2022 go raibh an plé leis na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta le linn ullmhú na NRRPanna thar a bheith teoranta agus gurbh annamh a tharla sé. Is cúis mhór imní do gheallsealbhóirí sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta cúrsaí rannpháirtíochta i gcéim cur chun feidhme agus faireacháin na ngníomhaíochtaí. Cuireann saineolaithe inscne in iúl (12), go háirithe, go mbeidh sé deacair tionchar na mbeart a mheas gan sonraí iontaofa, inchomparáide, spriocdhírithe atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus, thar aon ní eile, sonraí ardcháilíochta a chumhdaíonn réimsí agus earnálacha éagsúla. Molann CESE go láidir go ndéanfaidh na hinstitiúidí Eorpacha agus na hinstitiúidí náisiúnta agus réigiúnacha araon ról níos mó a thabhairt maidir leis na NRRPanna a chur chun feidhme, agus meastóireacht agus faireachán a dhéanamh orthu, do na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta sin a chuireann comhionannas deiseanna chun cinn.

4.   Measúnuithe cúlra na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta

4.1.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, ina bhfuil comhionannas inscne ar cheann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe. Mar aon leis sin, leagtar béim ar na cuspóirí atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 (13) [Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] sna réimsí a bhaineann le rannpháirtíocht chomhionann in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, agus an bhearna phá idir na hinscní.

4.2.

Cuimsítear sa straitéis um chomhionannas inscne beartais agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar gach cineál idirdhealaithe agus neamhionannais a chomhrac, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar an bpobal LGBTIQ (14), agus ba cheart í a bheith ina pointe tagartha chun na NRRPanna a chur chun feidhme. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé príomhghníomhaíochtaí a chur chun feidhme, a roinntear leis na páirtithe uile, chun rannpháirtíocht chomhionann agus comhionannas deiseanna a áirithiú i margadh an tsaothair, chun an bhearna phá le haghaidh róil chomhionanna agus an easpa rochtana ar phoist ardbhainistíochta a laghdú, agus chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht agus i gceapadh beartas. Iarrann CESE go nglacfaí agus go gcuirfear chun feidhme go pras an treoir maidir le trédhearcacht pá (15), lena leagtar amach uirlisí agus bearta ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá agus chun í a dhúnadh, agus iarrann sé go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar na cúiseanna agus na freagrachtaí a ghabhann leis sin.

4.3.

Ní mór aghaidh a thabhairt ar bhealach struchtúrach agus cuimsitheach ar an gcuspóir maidir le mná a bheith níos rannpháirtí i margadh an tsaothair, agus athróga eacnamaíocha, oideachais, geografacha, sóisialta agus cultúrtha á gcur san áireamh, lena n-áirítear i gceantair iargúlta agus thuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige comhtháite a ghlacadh, agus leas á bhaint as rannchuidiú na n-institiúidí Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha uile, agus sásraí éifeachtacha idirphlé sóisialta a bheith ann leis na gníomhaithe uile ar gach leibhéal.

4.4.

Chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú, tugann CESE dá aire a phráinní atá sé go ndéanfaidh na Ballstáit uile an Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Tugtar isteach, leis an Treoir sin, rialacha maidir le saoire teaghlaigh agus socruithe solúbtha oibre d’oibrithe, agus cuirtear comhroinnt chothrom freagrachtaí cúraim idir tuismitheoirí chun cinn, rud a chabhraíonn le deireadh a chur le bacainní a mbíonn tionchar acu ar chumas daoine cinneadh a dhéanamh leanaí a bheith acu agus a bheith ina dtuismitheoirí.

4.5.

I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, spreag Moltaí Tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le gníomhaíochtaí chun neamhionannais inscne a laghdú roinnt Ballstát chun gné inscne a áireamh sna NRRPanna (17), ach tá na hiarrachtaí sin mar chuid de chreat gníomhaíochta atá ilroinnte ar fud tíortha, faraor.

4.6.

Tar éis na paindéime agus an tionchair a bhí aici ar staid na mban, bhí na moltaí tírshonracha mírialta agus neamhchoitianta. In 2022, ní raibh moltaí tírshonracha ach ag trí thír (an Ostair, an Ghearmáin agus an Pholainn) lenar cumhdaíodh rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus oibriú seirbhísí cúraim leanaí, agus fuair 22 thír eile moltaí tírshonracha do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste (18), as ar eascair bearta indíreacha maidir le fostaíocht agus staid na mban, bearta ar deacair iad a chainníochtú. Tugann CESE dá aire, i bhfianaise na sonraí maidir le tionchar ghéarchéim COVID-19 ar staid eacnamaíoch agus shóisialta na mban, go mbeadh sé inmhianaithe moltaí tírshonracha dírithe ar an gcomhionannas inscne a bheith ann chun clársceidealú ex ante comhleanúnach a iarraidh sna NRRPanna, lena n-áirítear infheistíochtaí spriocdhírithe.

4.7.

I roinnt tuarascálacha, leagann EIGE béim ar dháileadh éagothrom na n-ualaí teaghlaigh, go háirithe i réimsí an chúraim leanaí agus an chúraim fhadtéarmaigh do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas (19). Tá na freagrachtaí sin ar cheann de na príomhchúiseanna le rannpháirtíocht íseal na mban i margadh an tsaothair (20), agus tá an scéal sin dulta in olcas de dheasca na dtréimhsí dianghlasála agus dhúnadh na scoileanna. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar aitheantas i roinnt mhaith NRRPanna don nasc idir cúram gan phá agus bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil, agus go bhfuil bearta sonracha tugtha isteach leis na pleananna sin a chuidíonn le seirbhísí cúraim leanaí a neartú (21).

4.8.

Ba cheart na seirbhísí sin a chur ar fáil freisin do theaghlaigh nach bhfuil chomh saibhir céanna trí athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir phraghsála chun é a dhéanamh níos fusa do chách iad a úsáid. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oideachas lánaimseartha a chur chun cinn i ngach scoil den uile chineál agus leibhéal trí ghníomhaíochtaí scoilbhunaithe agus seach-churaclaim. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar sheirbhísí breise a sholáthar i réamhscoileanna, amhail clubanna réamhscoile agus iarscoile a chur ar bun, agus borradh a chur faoi líon na gclubanna saoire samhraidh poiblí atá ar fáil do chailíní agus do bhuachaillí. Is bearta indíreacha iad sin nach mór bealaí infheistíochta slána agus marthanacha a aimsiú ina leith, rud nach léirítear, ar an drochuair, sna NRRPanna a bhfuil pleanáil acmhainní acu don mheántéarma agus don fhadtéarma.

4.9.

Ba mhian le CESE bearta oiliúna a fheiceáil d’oibreoirí lárionad poist lena ndíreofaí ar threoir atá íogair ó thaobh inscne de a chur ar fáil chun cultúr atá saor ó steiréitíopaí inscne a bhunú agus a scaipeadh. San am céanna, tá sé tábhachtach comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí agus oibrithe san fhostaíocht agus san oiliúint a chur chun cinn d’fhonn lánpháirtiú na mban a chur ar aghaidh in earnálacha inar líonmhaire go mór na fir.

4.10.

Tacaíonn CESE leis an smaoineamh dreasachtaí a chur ar fáil do na cuideachtaí sin a fhostaíonn mná ar tairbhithe iad de bheartais ghníomhacha, agus a bhfuil conarthaí fostaíochta cobhsaí agus dálaí maithe oibre acu. Ina theannta sin, is den tábhacht dreasachtaí a chur ar fáil chun an fhéinfhiontraíocht a spreagadh agus chun tacú léi (lena n-áirítear trí thacaíocht spriocdhírithe d’oiliúint airgeadais agus bhainistíochta agus rochtain ar mhaoiniú (22)).

5.   Measúnuithe sonracha

5.1.

Bhuail an ghéarchéim buille crua do mhná nach mbíonn an dara rogha acu go minic ach glacadh le poist neamhoilte. Ina theannta sin, tá obair pháirtaimseartha ainneonach ag éirí níos forleithne i measc oibrithe baineanna. Chun an treocht sin a iompú droim ar ais, is é sin rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú agus fostaíocht ardcháilíochta oilte a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach go neartófar na bearta díreacha agus indíreacha leis na NRRPanna.

5.2.

Chun bearnaí inscne a laghdú, molann CESE go ndéanfar pleanáil agus comhordú ar na NRRPanna ar bhealach atá comhlántach le hacmhainní agus cláir eile uile an Chomhphobail, agus acmhainní agus cláir chomhtháthaithe mar thúsphointe.

5.3.

Fágann na difríochtaí inscne agus neamhionannais inscne atá ann cheana nach bhfuil na beartais phoiblí neodrach ó thaobh inscne de. Ar a shon sin, is den tábhacht go ndéanfaidh gach institiúid, lena n-áirítear institiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla, gné na hinscne a chomhtháthú ina ndoiciméid bhuiséadacha chun beartais fhioscacha a fhorlíonadh. Chuige sin, molann CESE go mbeadh an buiséadú inscne éigeantach i gcéim an tSeimeastair Eorpaigh (23).

5.4.

Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a ceapadh í, éagothromaíochtaí a mhéadú i roinnt earnálacha táirgthe, amhail na hearnálacha glasa agus digiteacha. Cé gur tosaíocht thrasearnálach é an comhionannas inscne, in éagmais gníomhaíocht shonrach intomhaiste chun fostaíocht na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear ardcháilíochtaí in earnálacha ina bhfuil ardleibhéal fostaíochta do mhná, tá an baol ann go méadófar an bhearna fostaíochta idir na hinscní tuilleadh, agus go mbeadh mná teoranta do ghníomhaíochtaí nach bhfuil chomh brabúsach céanna.

5.5.

Ba cheart táscairí inchomparáide a áireamh sna NRRPanna chun feabhsuithe a thomhas i dtaca le comhionannas pá, rochtain ar mhargadh an tsaothair arna mhiondealú de réir earnála, am oibre agus an t-am a chaitear ar chúramaíocht a thabhairt chun réitigh, creidmheas fóirdheonaithe, agus dreasachtaí chun féinfhiontraíocht agus féinfhostaíocht na mban a chur chun cinn.

5.6.

Ba cheart tosaíocht a thabhairt do dhreasachtaí d’earcú buan ban thar dhreasachtaí eile agus ba cheart iad a eisiamh ón léarscáil státchabhrach.

5.7.

Tá réiteach níos fearr idir am oibre agus an t-am a chaitear ar chúramaíocht ar cheann de na príomhchuspóirí d’fhonn é a chur ar chumas na mban lán a n-acmhainneachta a bhaint amach i saol na hoibre agus feabhas a chur ar tháirgiúlacht ghnó. Chuige sin, measann CESE gur tosaíocht é acmhainní a infheistiú i seirbhísí chun obair agus cúram a thabhairt chun réitigh, ní hamháin le haghaidh seirbhísí breise i réamhscoileanna agus soláthar seirbhísí oideachais saor in aisce a chur chun cinn don aoisghrúpa 0-3 do theaghlaigh ar ioncam íseal, ach chun dlús a chur, freisin, le hinfheistíocht chun seirbhísí cúraim agus tacaíochta fadtéarmacha a chur ar fáil.

5.8.

Ní mór tacú le gnóthú na gcuspóirí maidir le ham oibre agus am cúraim a thabhairt chun réitigh trí ghairmithe sonracha a earcú agus trí oiliúint leanúnach d’oibreoirí uile na seirbhísí sin a chur ar fáil, ar seirbhísí iad a bhfuil mná i gceannas orthu faoi láthair.

5.9.

Cuireann CESE in iúl a thábhachtaí atá sé clásal bónais fhostaíocht na mban a leathnú chuig gach conradh soláthair phoiblí, chun tacú le cuideachtaí atá tiomanta do phoist chobhsaí a chruthú, cuimsiú sóisialta a neartú agus bearnaí fostaíochta idir na hinscní a laghdú.

5.10.

Is ann go cinnte don bhearna idir na hinscní sna hábhair eolaíochta agus is ann di sna leibhéil is luaithe oideachais. Ar an drochuair, níor áiríodh ach i bhfíorbheagán de na NRRPanna bearta chun rannpháirtíocht na mban in institiúidí teicniúla agus eolaíocha agus i gcúrsaí ollscoile (STEM) a mhéadú. Dá bhrí sin, ní mór infheistíochtaí sonracha a dhéanamh i bpleananna oiliúna chun rannpháirtíocht cailíní san eolaíocht, sa taighde agus san fhorbairt a spreagadh, chomh maith le hinfheistíochtaí agus cineálacha nua tacaíochta a sholáthar do thionscadail spriocdhírithe chun a áirithiú go nglacfaidh níos mó ban páirt i ngníomhaíochtaí nuálacha. Beidh tionchar dearfach ag na bearta sin sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus ba cheart, mar sin, iad a chlársceidealú de réir cur chuige straitéiseach.

5.11.

Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach freisin, mar a mhol an Coimisiún (24) agus ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta, gníomhaíocht a dhéanamh maidir le gné an chánachais trí fhaoiseamh cánach a thairiscint don dara foinse ioncaim teaghlaigh (ar ioncam na mban é go minic) do theaghlaigh ar ioncam íseal. Tá sé tábhachtach freisin buntáistí cánach a thairiscint ar ioncam teaghlach aontuismitheora nach bhfuil chomh saibhir sin.

5.12.

Sa bhreis ar na bearta a leagtar amach sna NRRPanna, molann CESE deimhniúchán éigeantach comhionannais inscne mar bhearta tionlacain straitéiseacha chun an bhearna inscne a laghdú agus dálaí oibre na mban a fheabhsú, chun dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe (25), chun obair chliste a scaipeadh trí chaibidlíocht leis na comhpháirtithe sóisialta, agus chun obair dheonach pháirtaimseartha ar luach saothair a éascú (i gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta) do mhná atá ag filleadh tar éis saoire mháithreachais.

5.13.

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige a mhol an Coimisiún sa tuarascáil, ina ndéantar foráil maidir le faireachán a dhéanamh ar ghné na hinscne de NRRPanna na dtíortha aonair. Beidh sé tábhachtach go ndíreoidh misin an Choimisiúin sna Ballstáit éagsúla go sonrach ar na bearta maidir le comhionannas inscne atá i bhfeidhm, agus a áirithiú go ndéanfar sonraí a bhainistiú ar bhealach a bheidh trédhearcach agus inrochtana.

5.14.

Molann CESE go mbeadh na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach go hiomlán i gcur chun feidhme na NRRPanna, agus i bhfaireachán agus i meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí “choistí stiúrtha” tiomnaithe ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun pleanáil chomhordaithe na dtionscnamh comhionannais inscne a chur chun cinn.

An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Staidéar EIGE Gender equality and gender mainstreaming in the COVID-19 recovery, atá le foilsiú in 2023.

(2)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(3)  Is iad seo a leanas na táscairí sonracha sin: a) taighdeoirí atá ag obair i saoráidí taighde dá dtugtar tacaíocht; b) líon na rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint; c) líon na ndaoine atá fostaithe nó atá i mbun gníomhaíochtaí cuardaigh poist; d) líon na ndaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois a bhfuil tacaíocht á fáil acu.

(4)  Nóta taighde EIGE 2021, Gender equality and the socio-economic impact of the COVID-19 pandemic [Comhionannas inscne agus tionchar socheacnamaíoch COVID-19].

(5)  COM(2022) 383 final.

(6)  Thíolaic an Ísiltír a NRRP níos déanaí ná tíortha eile; tá NRRP na hUngáire ar feitheamh faoi láthair mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le hurraim don smacht reachta.

(7)  Féach fonóta 1 agus an t-alt PNRR Italia, Gender Gap e politiche per l’innovazione e la digitalizzazione nel PNRR: quali misure? [NRRP na hIodáile, an bhearna inscne agus beartais nuálaíochta agus digiteála sa phlean sin] le Marusca de Castries, Università degli Studi di Roma Tre, agus Barbara Martini, Università di Roma Tor Vergata, Meán Fómhair 2022.

(8)  Féach fonóta 1.

(9)  Féach fonóta 6.

(10)  Is straitéis nuálach é soláthar inscne a thug an Coimisiún Eorpach isteach chun infheistíocht i gcomhionannas a chothú trí cheanglais nó critéir shonracha bhónais atá íogair ó thaobh inscne de a chur san áireamh, lena n-áirítear paraiméadair shóisialta. Is é is aidhm don soláthar inscne comhionannas inscne a mhéadú i margadh an tsaothair, láithreacht na mban sna poist is mó a fheabhsú agus an bhearna phá a laghdú.

Léirítear i dtuarascáil EIGE a foilsíodh in 2022 Gender-responsive public procurement: the key to fair and efficient public spending in the EU [Soláthar poiblí atá freagrúil ó thaobh inscne de: an rud is tábhachtaí chun caiteachas poiblí cóir agus éifeachtúil a bhaint amach san Aontas Eorpach] conas is féidir leis an soláthar poiblí an comhionannas inscne a threorú agus tacú leis trí fheabhas a chur ar éifeachtacht agus ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí le cás-staidéir agus moltaí.

(11)  Sonraí a bailíodh ó anailís EIGE, féach fonóta 1.

(12)  Faisnéisiú Pharlaimint na hEorpa Gender equality in the Recovery and Resilience Facility [Comhionannas inscne sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta], a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, ina gcuirtear in iúl ábhair imní ó staidéir éagsúla a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta (ag lárionaid taighde agus ollscoileanna araon).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún an 5 Márta 2020. COM/2020/152 final (níl leagan Gaeilge ann).

(14)  Opinion of the European Economic and Social Committee on “Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions — Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025” (COM(2020) 698 final) (Níl leagan Gaeilge ann) IO C 286, 16.7.2021, lch. 128.

(15)  Tá an togra le haghaidh treoir maidir le trédhearcacht pá á chaibidliú ag an gcruinniú tríthaobhach.

(16)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(17)  Tuarascáil Pharlaimint na hEorpa CSRs and RRPs – Thematic overview on gender-related issues [Moltaí tírshonracha agus NRRPanna — Forléargas téamach ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne], a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021.

(18)  Féach fonóta 14.

(19)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Baill teaghlaigh a thugann aire do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta an méadú ollmhór a tháinig ar an bhfeiniméan sin le linn na paindéime [Tuairim féintionscnaimh] (IO C 75, 28.2.2023, lch. 75), ina dtugtar moltaí tábhachtacha maidir le bearta atá le déanamh

(20)  Tuarascáil EIGE, Gender mainstreaming – gender stakeholder consultation [Príomhshruthú Inscne — comhairliúchán le páirtithe leasmhara inscne], a foilsíodh in 2019.

(21)  Féach fonóta 1.

(22)  In NRRP na Spáinne, leithdháiltear EUR 36 mhilliún chun cabhrú le fiontraithe nuathionscanta ar mná iad, fad is a bhaineann NRRP na hIodáile leas as EUR 400 milliún chun tacú le rannpháirtíocht na mban i ngníomhaíochtaí fiontraíochta.

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Ag infheistiú sa lionsa inscne d’fhonn cur leis an gcomhionannas inscne san Aontas Eorpach (IO C 100, 16.3.2023, lch. 16), ina gcuirtear tograí chun cinn chun infheistíocht i bhfiontraíocht na mban a spreagadh.

(23)  Páipéar plé an Choimisiúin Eorpaigh, Gender Budgeting Practices: Concepts and Evidence [Cleachtais Bhuiséadta Inscne: coincheapa agus fianaise], a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022.

(24)  Féach fonóta 10.

(25)  Iarradh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Uimh. 190 EIS maidir le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre a dhaingniú, ar Coinbhinsiún é nár dhaingnigh ach dhá thír Eorpacha go dtí seo.