28.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 75/88


Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an dtreo straitéis inbhuanaithe Eorpach maidir le próitéin plandaí agus ola plandaí

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 75/13)

Rapóirtéir:

Lutz RIBBE

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

5.10.2022

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

27.10.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

573

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

158/2/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Earnáil talmhaíochta atá tábhachtach ó thaobh gheilleagar an Aontais de is ea an fheirmeoireacht bheostoic (lena n-áirítear feoil, táirgí déiríochta agus uibheacha). Mar sin féin, le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an díospóireacht phoiblí, i measc nithe eile mar gheall ar an tionchar réigiúnach agus domhanda a bhíonn ag an dianfheirmeoireacht bheostoic ar an gcomhshaol agus toisc go bhfuil an earnáil ag brath go mór ar allmhairí beatha ainmhithe. Sin ábhar imní ó thaobh chinnteacht an tsoláthair beatha agus an tsoláthair bia de san Aontas. Thar aon ní eile, is díol suntais a mhéid atáthar i dtuilleamaí allmhairí plandaí a bhfuil ráta ard próitéine iontu (thart ar 75 %).

1.2.

Chomh maith leis na tailte curadóireachta atá earnáil an bheostoic i dteideal a shaothrú lasmuigh den Aontas, tá cuid mhór de na tailte curadóireachta laistigh den Aontas á santú ag an earnáil freisin. Úsáidtear thart ar 50 % den fhómhar mar bheatha d’ainmhithe le táirgí a dhéanamh atá bunaithe ar ainmhithe. Ní bhaineann na daoine úsáid ach as méid is lú ná 20 % de mar bhia atá bunaithe ar phlandaí.

1.3.

Tá cur agus cúiteamh ann le blianta anuas faoi straitéis Eorpach don phróitéin, ach is beag dul chun cinn atá déanta fós maidir le táirgeadh plandaí próitéine a fhorbairt san Eoraip. Sa tuairim seo, is mian le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) treoir a thabhairt maidir leis na gnéithe breise ba cheart a chur san áireamh.

1.4.

Tugann CESE dá aire gur beag ganntanas próitéine san Aontas in earnáil an bhia (plandaí) féin (“food”), ach rud is tábhachtaí ná sin in earnáil na beatha cumaisc, is é sin an cineál beatha a thugtar do na hainmhithe (“feed”). Is iomaí cúis mhaith le táirgeadh na próitéine a fhorleathnú san Aontas, agus le talamh féaraigh a thabhairt i dtábhacht chun na hainmhithe a bheathú. Mar sin féin, ainneoin poitéinseal mór a bheith ann, ní fhéadfar an phróitéin a bheidh á táirgeadh san Eoraip a chur in ionad na próitéine ar fad atá á hallmhairiú faoi láthair gan brú isteach go mór ar earnálacha táirgeachta eile i dtionscal na talmhaíochta: is amhlaidh atá mar, i mbeagán focal, bheadh i bhfad an iomarca próitéine i gceist.

1.5.

Ina theannta sin, cuireann CESE i bhfios go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag saothrú ola na mbarr ar an Aontas Eorpach freisin, an neamhthuilleamaíocht ó thaobh breosla tarracóirí, cuir i gcás, sin nó méadú ar an soláthar cácaí ola a bhfuil acmhainneacht beathaithe próitéine an-mhór iontu, mar aon le huainíocht na mbarr a bheith á gnáthcleachtadh.

1.6.

Sin mar gheall go bhfuil fachtóir amháin ann a chuireann teorainn chinnte ar an bpoitéinseal atá ann: an limistéar talmhaíochta atá ar fáil. Bíonn céimeanna nuálacha á nglacadh go leanúnach ag an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta agus ag an bhfeirmeoireacht orgánach chun a gcuid táirgiúlachta a mhéadú, ach tá na hearnálacha sin rótheoranta chomh maith ó thaobh an mhéid próitéine a thig leo a chur ar fáil. Ós amhlaidh atá, creideann CESE go bhfuil géarghá le staidéar a léireodh cén cuibhreann den talamh a d’fhéadfaí a chur faoi phlandaí próitéine agus plandaí ola laistigh den Aontas.

1.7.

Is cuid thábhachtach de straitéis Eorpach don phróitéin an fheirmeoireacht bheostoic a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí an Aontais féin, sin agus le cuspóirí na Náisiún Aontaithe maidir le cinnteacht an tsoláthair bia, agus le neamhspleáchas agus inbhuanaitheacht an tsoláthair bia san Eoraip agus ar fud an domhain. An méadú a d’fhéadfaí a chur ar tháirgeadh na próitéine san Aontas Eorpach níl ansin ach cuid den scéal. Má tharlaíonn don mheántomhaltas feola agus táirgí déiríochta in aghaidh an duine ar domhan dul i dtreo na leibhéal reatha atá sna geilleagair fhorbartha, sin rud a bheidh as alt le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

1.8.

Ba cheart go gcuirfeadh an straitéis Eorpach maidir le próitéin agus ola le forbairt inbhuanaithe na limistéar tuaithe i gcomhréir le fís fhadtéarmach an Aontais maidir le ceantair thuaithe, mar shampla trí shlabhraí luacha réigiúnacha nua féinchothaitheacha a fhorbairt.

1.9.

Maidir leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Talmhaíochta (“Zukunftkommission Landwirtschaft, ZKL”) sa Ghearmáin, coimisiún a bhunaigh an Rialtas Cónaidhme, agus a bhfuil ionadaíocht ann ar gach grúpa sóisialta ábhartha sa Ghearmáin, is amhlaidh a thug sé tograí i gceist le haghaidh córas inbhuanaithe talmhaíochta agus bia i gcur chuige ginearálta, lena n-áirítear earnáil an bheostoic. Is éard a mhol an coimisiún sin athruithe a chur ar na modhanna táirgeachta, sin a dhéanamh trí bhíthin foireann uirlisí, (íocaíocht trí mheán na margaí agus íocaíocht ina préimheanna, cuir i gcás) ionas go dtiocfaidh le gach feirmeoir a chuid oibre nó a cuid oibre féin a oiriúnú a mhéid is féidir. Molann CESE don Choimisiún Eorpach súil ghrinn a chaitheamh ar fhormáid an phróisis sin féachaint arbh iomchuí straitéis Eorpach don phróitéin a fhorbairt freisin.

1.10.

Ní mór na gnéithe seo a leanas a áireamh ar straitéis phróitéine a d’fhónfadh do chuspóirí úd neamhspleáchas agus neamhthuilleamaíocht straitéiseach an tsoláthair:

taighde agus nuálaíocht a chothú i réimse na bpróitéiní atá bunaithe ar phlandaí ar feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus an úsáid optamach a bhaint as foinsí próitéine atá bunaithe ar phlandaí,

forbairt a dhéanamh ar an bpoitéinseal próitéine atá san Aontas, agus an poitéinseal sin a thabhairt chun cinn,

táirgeadh intíre inbhuanaithe na bpróitéiní atá bunaithe ar phlandaí a neartú, próitéiní a tháirgtear i gcomhréir le caighdeáin arda na hEorpa,

slabhraí luacha réigiúnacha agus acmhainneachtaí próiseála réigiúnacha a fhorbairt agus a leathnú,

comhoibriú go leanúnach le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí talmhaíochta chun saothrú agus úsáid próitéiní plandaí tí i dtionscal an bhia agus na beatha a chur chun cinn,

acmhainneacht barr a mhéadú tuilleadh trí straitéisí pórúcháin a fheabhsú agus a leathnú,

seirbhísí oideachais agus comhairleacha agus aistriú eolais a leathnú,

táirgeadh barr próitéine a chumasú agus a éascú i limistéir ina bhfuil fócas ar an éiceolaíocht,

an fheirmeoireacht bheostoic a nascadh ar bhealach níos láidre le hacmhainneacht na beatha go réigiúnach,

gan dul thar an uasmhéid truaillithe a cheadaítear de dheasca astaíochtaí (níotráit san uisce dromchla nó sa screamhuisce, amóinia, etc.), inmheánú na gcostas seachtrach,

leas na n-ainmhithe a chur chun cinn go sonrach trí fhaisnéis a thabhairt do na tomhaltóirí agus lipéadú na dtáirgí,

caighdeáin táirgthe agus cháilíochta a leagan síos i ndáil leis an tionchar ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol atá ag allmhairiú táirgí atá san iomaíocht le táirgí a dhéantar san Aontas,

feachtas faisnéise comhthreomhar maidir leis an tionchar a bhíonn ag nósanna itheacháin éagsúla ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte.

2.   Réamhrá agus cúlra

2.1.

Is maith a d’éirigh le beartas talmhaíochta agus le cleachtas talmhaíochta an Aontais go nuige seo ó thaobh an tsoláthair bia de, ach is ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta atáthar ag díriú feasta, ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, agus ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”. Ó bhí paindéim COVID-19 ann, nó go mór mór ó bhris an cogadh amach san Úcráin, tá fócas ar an gcuspóir maidir le neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair freisin.

2.2.

Is earnáil í an fheirmeoireacht bheostoic (lena n-áirítear feoil agus táirgí déiríochta agus uibheacha) a bhfuil tábhacht eacnamaíoch léi san Aontas. Le blianta beaga anuas, áfach, ar chúiseanna éagsúla, tá biorú ar an díospóireacht i measc an phobail i leith na hearnála sin. Gné amháin de sin is ea an earnáil a bheith i dtuilleamaí allmhairiú na beatha le haghaidh na n-ainmhithe.

2.3.

Sa rún maidir le straitéis Eorpach chun úsáid plandaí próitéine a thabhairt chun cinn (1), tagraíonn Parlaimint na hEorpa don easnamh mór próitéiní plandaí atá ann. Luaitear sa rún sin gurb iad riachtanais earnáil an bheostoic is cúis leis an easnamh sin faraor “agus ainneoin úsáid na bhfotháirgí a bhaintear as an mbithbhreosla, fotháirgí a bhíonn i mbeatha na n-ainmhithe,[…] gur beag feabhas atá tagtha ar an scéal”. Tugtar le fios ann freisin nach bhfuil ach 3 % de thailte curadóireachta an Aontais faoi phlandaí próitéine, agus gur ón mBrasaíl, ón Airgintín agus ó na Stáit Aontaithe (2) is mó (+ 75 %) a allmhairíonn sé próitéin plandaí i gcomhair a chuid riachtanas, ainneoin gur tháinig méadú ó 24,2 milliún tona go 36,3 milliún tona (+ 50 %) ar tháirgeadh próitéine plandaí san Aontas Eorpach idir 1994 agus 2014, tháinig méadú, áfach, ar an tomhailt iomlán ó 39,7 milliún tona go 57,1 milliún tona (+ 44 %) le linn na tréimhse céanna (3). Bhí baint an-mhór ag cinntí polaitiúla éagsúla i gcruthú an spleáchais seo, “Comhaontú Blair House”, mar shampla.

2.4.

Maidir leis an min soighe, tá ról ar leith aici i dtionscal na beatha d’ainmhithe (4), an príomhról go deimhin. Is comhpháirt mhór í go háirithe sa bheatha chumaisc, agus mar gheall ar an ráta ard próitéine (níos mó ná 40 %) agus aimínaigéad atá inti, sin agus de bharr í a bheith ar fáil ar feadh na bliana, ní minic is gá an comhdhéanamh atá uirthi a athrú (5). “Mhéadaigh an tomhailt soighe san Eoraip ó 2,4 milliún tona in 1960 go beagnach 36 mhilliún tona in aghaidh na bliana. Le freastal ar an éileamh ollmhór sin ar an soighe, tá beagnach 15 mhilliún heicteár talún le cur san áireamh, agus díobh sin is i Meiriceá Theas (6) atá 13 mhilliún heicteár, is fairsinge sin ná talamh curadóireachta na Gearmáine ina iomláine (11,7 milliún heicteár) (7). Is soighe atá comhdhéanta de chineálacha géinmhodhnaithe atá sa chuid is mó ar fad den soighe a allmhairítear (thart ar 94 %).

2.5.

Na plandaí próitéine atá luaite i ndoiciméad an Choimisiúin (8), plandaí a bhfuil ráta ard próitéine (os cionn 15 %) iontu, is thart ar an gceathrú cuid den soláthar plandaí próitéine aimhe san Aontas atá i gceist leo. Cé go gcuireann arbhar agus tailte féaraigh go mór le soláthar iomlán na bpróitéiní plandaí, “is díol iontais é nach gcuireann an Coimisiún arbhar ná tailte féaraigh san áireamh sa phleanáil straitéiseach maidir le próitéiní plandaí mar gheall ar an gcion íseal próitéine agus de bharr a neamhábhartha atá an margadh” (9). Ní féidir le CESE glacadh leis an argóint sin.

2.6.

Maidir leis na rátaí allmhairithe, an ráta allmhairithe soighe go mór mór, is ráta ard é mar is seacht saoire is féidir soighe a tháirgeadh sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Theas, nó is maith na cúinsí curadóireachta atá ann go nádúrtha sa dá áit sin. Tá sé le rá freisin go bhfuil baint ag caighdeáin ísle chomhshaoil agus shóisialta leis an scéal, is samplaí de sin é bánú na bhforaoisí nádúrtha i Meiriceá Theas, chomh maith le díláithriú na bpobal dúchasach, sin agus díláithriú na bhfeirmeoirí beaga chomh maith céanna (10). Is díol sásaimh do CESE go dtuigeann an Coimisiún an fhadhb agus gur den tiomantas atá aige “slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú” a chur chun cinn (11).

Níl aon tionscnamh oiriúnach glactha ag an Aontas fós a d’fhéadfadh laghdú suntasach a chur ar an spleáchas ar allmhairí atá ann faoi láthair. Bhí an deis aige sin a dhéanamh sna tograí leasaithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus le linn na caibidlíochta le tíortha Mercosur. Níor thapaigh sé an deis áfach.

2.7.

I ndáil leis sin, is fiú a lua, faoin CBT atá ann faoi láthair, gur mhór ba thairbhe do tháirgeadh na próitéine Limistéir Fhócas na hÉiceolaíochta (EFA), rud nach mbeidh ann a thuilleadh tar éis an athchóirithe. Is iad na barra a cheanglaíonn an nítrigin san ithir an cineál bairr is minice a dhearbhaítear le haghaidh EFAnna. Is barra den chineál sin atá ag fás ar 37 % de na limistéir sin. Ós rud é go bhfuil measúnú ar na pleananna straitéiseacha náisiúnta a cuireadh isteach maidir le cur chun feidhme CBT nua fós ar feitheamh, ní féidir le CESE a rá fós an chun feabhais nó chun donais a bheidh cúrsaí ag dul mar thoradh orthu. Cé go bhfuil roghanna éagsúla (go háirithe, íocaíochtaí cúpláilte) ag na Ballstáit chun an churaíocht a chur chun cinn, tá sé léirithe, áfach, sna chéad anailísí a) nach mbainfidh na Ballstáit uile leas astu agus b) nach bhfuil na leibhéil mhaoiniúcháin tarraingteach go leor.

2.8.

Is seasamh soiléir atá ag CESE: “ba rud inmhianaithe ar gach uile bhealach neamhspleáchas próitéine an Aontais a fheabhsú”. D’fhéadfadh dífhoraoisiú tarlú de dheasca allmhairiú pónairí soighe ó thríú tíortha, de dheasca dhíghrádú na bhforaoisí agus scriosadh n-éiceachóras nádúrtha i dtíortha táirgthe áirithe. Dá ndéanfaí léagúim agus piseánaigh a bhfuil cion ard próitéine iontu a fhorbairt san Aontas, chuirfí teorainn le húsáid allmhairí, rud a rachadh chun tairbhe don aeráid agus don chomhshaol” (12).

2.9.

Níl ceann ar bith de na páirtithe ag easaontú leis an seasamh sin. Os a choinne sin, is fada díospóireacht san Aontas Eorpach maidir leis an ngá atá le straitéis Eorpach don phróitéin a bheadh oiriúnach, ach ní raibh de thoradh air sin go dtí seo ach gealltanais fhánacha maidir le forbairt a chur ar tháirgeadh na próitéine san Eoraip, agus na huirlisí atá luaite i bpointe 2.7. Dá réir sin, is fada uainn fós straitéis Eorpach éifeachtach le haghaidh na próitéine.

2.10.

Ó thús phaindéim COVID-19, agus go mór mór ó thús an chogaidh san Úcráin, is léir nach dearfach an tionchar a bhíonn ag roinnt an tsaothair go domhanda i gcónaí, ná ag an gcaidreamh trádála ach chomh beag. Tharlódh gurbh in is cúis le fadhbanna nár tuigeadh go dtí seo iad a bheith ann, sin nó fadhbanna nár tugadh aird a ndóthain orthu. Neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair: ag sin an mana nua. I gcás easpa soláthair de mhaisc aghaidhe, de chógais leighis, easpa leathsheoltóirí, nó easpa breoslaí iontaise idir ghás, ola agus ghual, is baol gur suaitheadh mór eacnamaíoch agus sóisialta an toradh a bhíonn ar an spleáchas.

2.11.

An cogadh atá san Úcráin, is buan a thionchar, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheidh air, is dócha gur iarmhairtí iad a bheidh le brath ní hamháin ar thionscal na talmhaíochta agus ar thionscal an bhia san Eoraip, ach ar fud an domhain mhóir. Fágann sin go gcaithfear athruithe a thabhairt i réim.

2.12.

Sa rún uaidh dar teideal An cogadh san Úcráin gona thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil (13), luann CESE, dá bhrí sin, “go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht d”earnáil agraibhia an Aontais, a mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith, […] á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór don Aontas a thiomantas chun córais bhia inbhuanaithe a chur i gcrích a atreisiú agus […] nach mór don Aontas, go háirithe, feabhas a chur ar a shlándáil bia trí spleáchas ar phríomhtháirgí talmhaíochta allmhairithe agus ar ionchuir thábhachtacha talmhaíochta a laghdú”.

2.13.

San am céanna, cuireann CESE i bhfios “nár cheart cur isteach ar an ngníomhú ar son na haeráide ná ar an inbhuanaitheacht agus aghaidh á tabhairt ar thionchair an chogaidh” agus go ndéanann SDGanna Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe an tsíocháin, an tslándáil agus laghdú na bochtaineachta a chur chun cinn freisin. A bhuíochas leis an gComhaontú Glas don Eoraip, bheadh dul chun cinn i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, sin agus san aistriú cóir.

2.14.

Tá aird ar an gceist seo ag Ceannairí polaitiúla an Aontais chomh maith. Dúradh an méid seo a leanas i nDearbhú Versailles an 11 Márta 2022: “Cuirfimid feabhas ar ár slándáil bia trínár spleáchais ar phríomhtháirgí agus ionchuir talmhaíochta allmhairithe a laghdú, go háirithe trí tháirgeadh próitéiní planda-bhunaithe a mhéadú san Aontas” (14).

3.   Fíricí agus treochtaí

3.1.

Le straitéis chuimsitheach a chur ar bun faoi chúrsaí próitéine san Eoraip, dar le CESE gur mithid an scéal a chíoradh agus a chuimsiú ar bhealach i bhfad níos sistéamaí. Áirítear air sin soiléiriú ar an gcaoi ar cheart measúnú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach Eorpach an tsoláthair de, sin agus ó thaobh na hinbhuanaitheachta de ar fud an domhain agus ar an leibhéal réigiúnach, mar aon leis na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ann do na feirmeoirí agus do na tomhaltóirí, don chomhshaol agus do na hainmhithe feirme. Mar sin féin, is gá freisin na treochtaí reatha a chur san áireamh, treochtaí a bhfuil tionchar acu ar earnáil na próitéine.

Bia don duine, breosla, nó beatha d’ainmhithe: cé na plandaí atá á gcur in earnáil na talmhaíochta, agus cén úsáid atá á baint as na plandaí sin tar éis a mbainte?

3.2.

Murach an ráta ard allmhairithe próitéine atá ann, níorbh fhéidir oiread céanna feola a tháirgeadh san Eoraip faoi láthair, ainneoin gur beatha le haghaidh na n-ainmhithe a dhéantar de chuid mhór den fhómhar sa lá atá inniu ann. Sa Ghearmáin, mar shampla, is beagnach dhá thrian den fhómhar ar fad atá i gceist leis an méid sin, i.e. beagnach iomlán na dtailte féaraigh (nach féidir leis an duine a úsáid go díreach), agus beagnach 60 % den mhin bhuí agus den arbhar (15). Ní bia plandaí an dara húsáid is tábhachtaí a bhaintear as an mbuaint ó thaobh toirte de, ach táirgeadh fuinnimh theicniúil (min le haghaidh bithgháis, síol ráibe le haghaidh bithdhíosail, agus arbhar agus biatas siúcra le haghaidh bitheatánóil). Is ina dhiaidh sin sa tríú háit atá úsáid na bplandaí mar bhia. An bia plandaí a thomhailtear sa Ghearmáin – arbhar aráin, prátaí, siúcra, ola ráibe agus glasraí ar scála mór, den chuid is mó – níl i gceist leis an méid sin ach 11 % den táirgeacht iomlán plandaí!

3.3.

Is beatha le haghaidh na n-ainmhithe a dhéantar de 93 % de na próitéiní plandaí a allmhairítear freisin. Le tamall de bhlianta anuas, is minic na hallmhairí sin ina gcnámh spairne, agus is ábhar díospóireachta go sóisialta dá réir sin diantáirgeadh na feola.

3.4.

Beidh dhá cheacht le foghlaim ón méid sin:. Ar an gcéad dul síos, san Aontas Eorpach, ní in earnáil an bhia (plandaí) féin (“food”) is gann do sholáthar na próitéine, ach in earnáil na beatha cumaisc (“feed”). Ní bheidh sé d’acmhainn againn táirgí Eorpacha a chur in ionad na n-allmhairí próitéine uile atáimid a thabhairt isteach san Aontas gan earnálacha táirgeachta eile de chuid na talmhaíochta a chur in aimhréidh go mór.

3.5.

Sin mar gheall go bhfuil fachtóir amháin ann a chuireann teorainn chinnte ar an bpoitéinseal atá ann: an limistéar talmhaíochta atá ar fáil. Bíonn céimeanna nuálacha á nglacadh go leanúnach ag an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta agus ag an bhfeirmeoireacht orgánach chun a gcuid táirgiúlachta a mhéadú, ach tá na hearnálacha sin rótheoranta chomh maith ó thaobh an mhéid próitéine a thig leo a chur ar fáil. Dá bhrí sin, tar éis dó mionanailís a dhéanamh, is é conclúid an chomhlachais i dtionscal próiseála síolta ola sa Ghearmáin, nach mór dúinn leanúint orainn ag cinntiú chainéil soláthair na n-iompróirí próitéine, mar is rud neamhréalaíoch fós an neamhthuilleamaíocht iomlán ó thaobh próitéiní intíre de (16).

3.6.

Níor cheart míthuiscint a bhaint as na ráitis bhunúsacha sin. Is iomaí cúis mhaith atá ann le tuilleadh barr próitéine agus ola a chur san Aontas Eorpach: socraíonn siad an nítrigin san ithir, laghdaíonn siad an gá atá le nítrigin mhianrach, feabhsaíonn siad cáilíocht agus torthúlacht na hithreach, agus cuireann siad go dearfach le maolú ar an athrú aeráide (e.g. riachtanais laghdaithe iompair, níos lú dífhoraoisithe agus níos lú úsáide acmhainní). Má chleachtar uainíocht na mbarr, is féidir tearcú a chur ar úsáid na lotnaidicídí, agus sin é leas na bithéagsúlachta. Sa lá atá inniu ann, níl ach cuid an-bheag (thart ar 3 %) den limistéar talmhaíochta faoi phlandaí próitéine. Bíodh sin mar atá, cé go bhfuil ciall leis an gcineál sin saothraithe a chur chun cinn, is amhlaidh a dhéanfadh sé dochar do chineálacha eile saothraithe, e.g. barra eile bia agus fuinnimh, nó a thiocfadh sé salach ar bhearta eile cosanta dúlra.

Treochtaí reatha

3.7.

Dá bhrí sin, is inmholta a chéadóir anailís agus cur síos a dhéanamh ar threochtaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfeirmeoireacht bheostoic agus ar chothú na n-ainmhithe san am atá romhainn, sin agus ar na riachtanais phróitéine atá ann, agus ar cháilíocht an bhia.

3.7.1.

Ar thaobh amháin den scéal, tá athrú le sonrú ar phatrúin an tomhaltais agus ar nósmhaireacht na dtomhaltóirí. Is ag dul i líon atá na tomhaltóirí nach n-itheann oiread feola agus ba ghnách leo, agus is iomaí duine ina measc atá ag séanadh na feola go huile agus go hiomlán. Tá amhras ann i leith an ardtomhaltais feola san Eoraip faoin am seo chomh maith. Cúrsaí cothabhála is cúis leis sin. Tá laghdú ar thomhailt na feola le sonrú cheana féin i gcuid de na Ballstáit (17). Is ríléir sin ní hamháin ar na staitisticí, ach ar sheilfeanna na n-ollmhargaí chomh maith, áit a bhfuil méadú ar líon na dtáirgí atá á n-ithe in áit na feola, táirgí a dhéantar ó phlandaí próitéine.

3.7.2.

Tá treocht eile le sonrú eadhon cé gur lú feoil atá á ceannach is fearr an fheoil atá inti. Tá méadú ag teacht ar na cláir táirgí ardcháilíochta atá bunaithe ar leas na n-ainmhithe agus ar tháirgí áitiúla, rud a bhfuil tionchar aige ar bheathú na n-ainmhithe. Tá méadú ag teacht ar líon na dtomhaltóirí a chuireann suim sa chaoi a gcoimeádtar na hainmhithe agus sa chineál beatha a thugtar dóibh, beatha a tháirgtear go háitiúil, mar shampla, agus/nó beatha atá saor ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGM) nó an rochtain a bhíonn ag na hainmhithe ar thalamh féaraigh agus mar sin de. Tá leibhéal ard difreála ann cheana féin san Aontas Eorpach i ndáil leis sin.

3.7.3.

San am atá caite, ní raibh sa treocht sin ach mionmhargadh ann féin, ach tá athruithe suntasacha le sonrú ar an ngné seo den scéal chomh maith: i roinnt de na Ballstáit, i gcuid mhaith de na slabhraí d’ollmhargaí móra, tá géarú déanta ar na ceanglais atá ann maidir le táirgí feola fad a bhaineann le leas na n-ainmhithe agus le caomhnú an chomhshaoil. Tá athruithe radacacha eile á dtuar. Mar shampla, ó 2030 amach, is é an cur chuige a bheidh ag cuid de na siopaí móra lascaine 100 % dá gcuid feola úire a fháil ó ainmhithe a tógadh amuigh faoin aer agus ar fheirmeacha ardcháilíochta. Sin athrú a bhfuil gach uile ghrúpa beostoic i gceist ann (eallach, muca, sicíní agus turcaithe).

3.7.4.

An méadú atá beartaithe ar an táirgeadh orgánach san Aontas, méadú atá ag tarlú cheana féin, is rud é a mbeidh tionchar aige ar an soláthar beatha d’ainmhithe (agus ar allmhairí soighe). De réir an eolais atá ag an gCoimisiún Eorpach, is méadú 10 % in aghaidh na bliana a bhí ann go nuige seo ar an bhfeirmeoireacht orgánach bheostoic. Má thagann athrú ar na margaí de bharr na sprice 25 % atá sa straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, tharlódh dó dlús a chur leis an athrú sa réimse seo, rud a bhfuil sé d’aidhm ag CBT a bheith ag cur leis. Ós rud é nach soighe nár modhnaíodh go géiniteach ach 6 % de na pónairí soighe atá ar mhargaí an domhain, ní mór do na feirmeoirí roghanna eile a lorg agus/nó níos mó beatha a tháirgeadh ar láthair a bhfeirme féin.

3.7.5.

Tá athruithe suntasacha le sonrú ar scéal an bhainne cheana féin. I roinnt mhaith de na Ballstáit, is ó bha nach ndéantar innealtóireacht ghéiniteach ar an mbeatha a thugtar dóibh atá earnáil an mhiondíola ag éileamh bainne agus táirgí déiríochta ar na huachtarlanna. Is é toradh atá air sin, sa Ghearmáin, mar shampla, go bhfuiltear éirithe as min soighe a thabhairt mar bheatha do 70 % de na ba bainne. Tá an margadh ag déanamh dealú de réir a chéile idir táirgí níos speisialta, mar shampla bainne féaraigh, bainne féir nó bainne sléibhe. Mar sin féin, is foinse thábhachtach próitéine a bheidh sna táirgí déiríochta san am atá romhainn, agus beidh rochtain ag gach duine ó gach aoisghrúpa orthu mar chuid d’aiste chothrom bia.

3.7.6.

Sa chomhthéacs sin, is fiú an tuarascáil faisnéise ó CESE a mheabhrú, tuarascáil dar teideal Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing bheostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (18). Tugtar aitheantas ann don fheirmeoireacht neamhdhian bheostoic (féarach buan), ní hamháin mar gheall ar an tábhacht mhór a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le seirbhísí comhshaoil agus talmhaíochta eile, ach freisin “maidir le bia inbhuanaithe, sláintiúil, sábháilte agus ar ardchaighdeán a sholáthar, go háirithe agus daonra an domhain ag dul i méid”. Tá tuairim eile ann ón gCoiste freisin, tuairim a léiríonn nach mór tuilleadh airde a thabhairt ar “ról an fhéaraigh/na seimre mar fhoinse thábhachtach próitéine d’athchogantaigh” (19).

3.7.7.

Forbairt eile ar fad a d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha eacnamaíocha a imirt ar an talmhaíocht, ar an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta bheostoic, sin agus ar chóras agraibhia na hearnála seo ina iomláine atá san “fheoil saothraithe” amhail a thugtar air, rud nach feoil é beag ná mór ach táirge tionsclaíoch a mhonaraítear sna himoibreoirí. Ní hiad na tomhaltóirí ná na feirmeoirí is cúis leis an treocht sin, ach na cuideachtaí ilnáisiúnta móra, leithéide Cargill, Tyson Foods nó Nestlé, cuir i gcás. Tá siad sin ag déanamh taighde nó ag forbairt cleachtas chun fíochán feola saorga a tháirgeadh in imoibreoirí tionsclaíocha. An rud atá á dhéanamh ag na feirmeoirí leis na cianta cairbreacha trí bhíthin na feirmeoireachta traidisiúnta beostoic (eadhon cealla a chur ag fás), is éard a deir siadsan gur féidir leo féin an rud céanna a dhéanamh san imoibreoir agus gan ach beagán talún a úsáid. Mar sin féin, tá ceist ann fós faoi shábháilt an uisce agus faoi na acmhainní eile a bhíonn siad a úsáid, agus ceisteanna dá réir faoi nithe nach eol dúinn i dtaobh “cháilíocht” na feola saothraithe, sin agus costais táirgthe eile atá le cur san áireamh. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí díospóireacht chuimsitheach ar bun sa tsochaí maidir le nithe is cúis imní faoin bhforbairt sin, má tharlaíonn sí, agus faoi na hiarmhairtí diúltacha a bheidh aige d’fheirmeoirí beostoic agus don slabhra táirgthe feola, rud a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do gheilleagair agus do leibhéil fostaíochta na mBallstát uile, agus don Aontas Eorpach ina iomláine.

Freagairtí beartais

3.8.

Tá freagairtí soiléire beartais ann feasta, agus is mó ábhar atá le baint as cuid acu ná mar atá le baint as an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”. Is freagairtí iad a tháinig chun cinn i ndioscúrsa sóisialta eile ar fad. Sa Ghearmáin, mar shampla, i mí Iúil 2020, bhunaigh Rialtas na Cónaidhme an Coimisiún um Thodhchaí na Talmhaíochta (Zukunftkommission Landwirtschaft, ZKL), a raibh 32 chomhalta ann as grúpaí sóisialta a bhí an-éagsúil le chéile, grúpaí ar a n-áirítear cumainn feirmeoirí traidisiúnta agus lucht na heolaíochta. Is é an aidhm a bhí leis an gCoimisiún sin fís a fhorbairt do thodhchaí an chórais talmhaíochta agus bia, fís a mbeadh glacadh ag an tsochaí i gcoitinne léi. I mí an Mheithimh 2021, rinneadh na moltaí a ghlacadh agus a fhoilsiú d’aon toil. Is prionsabal coiteann is bun dá gcuid oibre: maidir leis an gcuntasacht in earnáil na talmhaíochta i leith an chomhshaoil agus i leith ha heitice (ainmhithe), is é uair is éifeachtaí agus is inbhuanaithe di nuair a aimsítear bealaí chun cúiteamh airgid a thabhairt do na modhanna táirgthe inbhuanaithe, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin ionstraimí nua, ionas go mbeidh na modhanna sin inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de.

3.9.

Maidir leis an bhfeirmeoireacht bheostoic, is iad moltaí an Líonra Inniúlachta um Fheirmeoireacht Bheostoic (Kompetenznetzwerk Nutztierhaltung) atá an Coimisiún sin (ZKL) a leanúint, is é sin moltaí de chuid Aireacht Talmhaíochta na Cónaidhme. Foilsíodh a gcuid tograí i mí Feabhra 2020 (20). Ina measc sin tá an straitéis chlaochlaithe chun an fheirmeoireacht bheostoic a athrú ó bhonn aníos, agus méadú suntasach a chur ar leibhéil leasa na n-ainmhithe. I measc na modhanna maoinithe atá san áireamh ansin tá an maoiniú a dhéanfar trí bhíthin cánacha nó dleachtanna, mar aon le praghsanna margaidh níos airde agus íocaíocht a bhaineann le lipéad éigeantach feirmeoireachta ainmhithe le caighdeáin feirmeoireachta socraithe, rud a chreideann an Coimisiún a bheith ríthábhachtach chun deiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil do na feirmeoirí lena mbaineann. Is éard atá i gceist le toradh na straitéise claochlaithe seo slí bheatha na ngabháltas beostoic a áirithiú agus líon an bheostoic a laghdú san aon am amháin.

3.10.

I mbeagán focal, tá difríochtaí bunúsacha ann idir na cineálacha feirmeoireachta beostoic atá á gcleachtadh san Eoraip faoi láthair: is fíor sin i dtaca leis an éileamh ar allmhairí (soighe den chuid is mó), sin agus i dtaca leis an tionchar atá ag an bhfeirmeoireacht bheostoic ar an gcomhshaol sna réigiúin. Is ar an ionchur réigiúnach (beatha san áireamh) atá na modhanna feirmeoireachta traidisiúnta bunaithe den chuid is mó, modhanna neamhdhiana feirmeoireachta atá bainteach le limistéar ar leith nach é aimhleas an chomhshaoil iad, agus i gcásanna áirithe ar cuid riachtanach de chaomhnú an tírdhreacha chultúrtha iad. Os a choinne sin, tá fás ar an dianfheirmeoireacht bheostoic faoi láthair, agus tá an t-éileamh mór ar an talamh curadóireachta ag cur tuilleadh brú ar an gcomhshaol sna réigiúin AE. Anuas air sin, bíonn farae á allmhairiú chomh maith, rud a bhfuil iarmhairtí móra aige sna tíortha tionscnaimh (e.g. méadú ar an dífhoraoisiú domhanda, athrú aeráide agus corraíl shóisialta).

3.11.

Dá bhrí sin, is cuid thábhachtach de straitéis Eorpach don phróitéin an fheirmeoireacht bheostoic a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí an Aontais féin, sin agus le cuspóirí na Náisiún Aontaithe maidir le cinnteacht an tsoláthair bia, agus le neamhspleáchas agus inbhuanaitheacht an tsoláthair bia san Eoraip agus ar fud an domhain. Is i dtáirgeadh na próitéine san Aontas atá cuid den réiteach, ach tá treocht ann go domhanda nach bhfuil ag teacht le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, is é sin go mbeidh an mheántomhailt feola agus táirgí déiríochta per capita ar domhan ag neasú leis na gnáthrátaí tomhailte sna geilleagair fhorbartha. Níl aon dul as ach líon an bheostoic a laghdú.

3.12.

I bprionsabal, tá measúnú den sórt sin déanta cheana féin ag ZKL ar an gcóras talmhaíochta agus bia atá ann faoi láthair, mar chuid de phróiseas plé shóisialta ar cheart do Bhallstáit eile an Aontais agus don Choimisiún Eorpach tuilleadh anailíse a dhéanamh air. Ar thaobh amháin den scéal, ní féidir a shéanadh go bhfuil leas na sochaí déanta ag earnáil na talmhaíochta ar bhealaí éagsúla, rud atá ráite sa mheasúnú, ach ar an taobh eile den scéal, is criticiúil cáinteach an cur chuige atá ann i leith an bhunúis atá le forbairt na táirgeachta le blianta beaga anuas, sin agus ar na hiarmhairtí atá ar an bhforbairt sin. Is é an drochscéal faoin dul chun cinn sin róshaothrú a bheith á dhéanamh ar an dúlra agus ar an gcomhshaol, ar na hainmhithe féin, agus ar na ciorcaid bhitheolaíocha, sin agus an aeráid a bheith á cur i gcontúirt. Sa bhreis air seo, tá géarchéim talmhaíochta ann ar thaobh na heacnamaíochta freisin. Ar chúiseanna éagsúla, cúiseanna polaitiúla ach go háirithe, tá samhlacha eacnamaíocha ann nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ó thaobh an gheilleagair, ná ó thaobh na sochaí de. […] I bhfianaise na gcostas seachtrach a bhaineann leis na modhanna táirgthe atá i réim, ní féidir leanúint ar aghaidh le córas bia agus talmhaíochta an lae inniu ar chúiseanna éiceolaíocha, ar chúiseanna eitic na n-ainmhithe, ná ar chúiseanna eacnamaíocha ach an oiread (21).

4.   Soláthar inbhuanaithe próitéine agus úsáid níos mó a bhaint as plandaí ola

4.1.

Nuair is cuspóir straitéiseach atá i gcinnteacht an tsoláthair bia san Eoraip feasta, is tráthach comparáid a dhéanamh leis an mbeartas fuinnimh. Ba cheart an spleáchas ar allmhairí a laghdú a mhéid is féidir, agus ba cheart acmhainní na hEorpa a úsáid le freastal a dhéanamh ar na riachtanais ar bhealach inbhuanaithe.

4.2.

Ní hionann agus earnáil an fhuinnimh, áit ar féidir an easpa breoslaí iontaise a chúiteamh le teicneolaíochtaí nua (cumhacht na gaoithe, grianchumhacht, bithmhais, hidrigin, etc.), ní mór don earnáil bia ar fud an domhain an táirgeadh agus an tomhaltas a chur in oiriúint don teorainn atá leis na hacmhainní nádúrtha finideacha atá ar fáil (an talamh den chuid is mó, ach an bhithéagsúlacht freisin). Mar chuid de sin, caithfear tosaíocht a thabhairt don chineál úsáide a bhaintear as toradh na talmhaíochta. Ar an gcéad tosaíocht díobh sin, tá an soláthar táirgí plandaí a chaithfear a chur ar fáil don duine (arbhar, torthaí, glasraí, etc.). Ar ámharaí an tsaoil, ní cúis imní gan an tAontas a bheith in acmhainn freastal ar na riachtanais sin thar ceann an daonra. Mar sin féin, i bhfianaise na himní atá ag dul i méid faoin ocras ar fud na cruinne, ba cheart a mheabhrú nach é táirgeadh na feola an réiteach atá ar an bhfadhb. A mhalairt ar fad go deimhin: tá táirgeadh beatha (“feed”) in iomaíocht le táirgeadh bia (“food”), chomh maith le bithmhais a tháirgtear i gcomhair fuinnimh.

4.3.

An iomaíocht idir na cineálacha éagsúla úsáide is féidir a bhaint as an talamh, is iomaíocht í atá ag dul i ndéine, mar i réigiúin uile an Aontais a bheag nó a mhór, tá dromchla na talún ag teastáil le haghaidh rudaí eile freisin. De réir figiúirí an Aontais, as seo go dtí 2030, géillfear beagnach 1 milliún heicteár den dromchla a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh na talmhaíochta le huirbiú/foirgnimh a dhéanamh, agus le hinfrastruchtúir a thógáil.

4.4.

Mar sin féin, le hais áiteanna go leor ar fud an domhain, níl an scéal go dona san Aontas faoi láthair. Má leantar prionsabail mhúnla talmhaíochta na hEorpa i dtalmhaíocht an Aontais (22), is léir go mbeifear in acmhainn táirgí plandaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na saoránaigh ar fad, sin agus cuid mhór de bheatha na n-ainmhithe a sholáthar. Ar an taobh eile den scéal, freastal ar na riachtanais uile atá ann faoi láthair, sin rud nach féidir a dhéanamh. Agus nuair is dócha go mbeidh laghdú ar an arbhar atá á sheoladh ón Úcráin agus ón Rúis chuig réigiúin an ocrais, is mithid fiafraí an gá dúinn féin níos lú den arbhar a thiontú ina bheatha le haghaidh na n-ainmhithe (sin nó ina bhreosla), rud ba chúnamh le réiteach a fháil ar fhadhb an ocrais ar fud an domhain, fadhb atá ag dul in olcas, agus chun soláthar na próitéine a mhéadú san am céanna.

4.5.

I gcomhthéacs straitéis Eorpach don phróitéin, is ceart a thuiscint go bhfuil bua ag na hainmhithe athchogantacha (agus ag ainmhithe nach iad) nach bhfuil ag an duine: itheann siad féar! Fiú i gcás ainmhithe neamh-athchogantacha (muca agus éanlaith chlóis), d’fhéadfaí cuid den bheatha a bhaint as an bhféarach dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart gur dhúshraith a bheadh sna tailte féaraigh le haghaidh an tsoláthair inbhuanaithe próitéine, soláthar nach bhfuil aird a dhóthain air faoi láthair sa díospóireacht pholaitiúil. An cinneadh a rinne an tAontas anuraidh min ainmhithe agus min feithidí a athúdarú i mbeatha na n-ainmhithe, tharlódh dó laghdú a chur ar chion na próitéine plandaí atá i mbeatha na n-ainmhithe.

4.6.

Na staidéir a rinne sainchomhlachtaí le déanaí, sainchomhlachtaí ón gcomhlachas um chur chun cinn plandaí ola agus próitéine sa Ghearmáin (Union zur Förderung von Öl- und Proteinpflanzen, UFOP), faoi phoitéinseal síolta ráibe agus plandaí léagúmacha sa saothrú agus i mbeatha le haghaidh ainmhithe, is staidéir iad ina bhfuiltear ar aon fhocal go bhfuil sé d’acmhainn againn i bhfad níos mó ráibe agus plandaí léagúmacha a chur, agus san am céanna uainíocht na mbarr a mhéadú go suntasach. D’fhéadfaí síolta ráibe a chur ar thart ar 10 % den talamh curadóireachta agus plandaí léagúmacha ar 10 % eile, e.g. le haghaidh plandaí léagúmacha (piseanna machaire, pónairí páirce, pónairí soighe, lúipíní milse) dhúblódh sin an leibhéal reatha. Dá bhrí sin, ní constaic d’úsáid inbhuanaithe na talún a bheadh i bplandaí ola breise ach a mhalairt. Mar sin féin, ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin chun aimhleas cineálacha eile saothraithe.

4.7.

Léiríonn na staidéir seo freisin, áfach, nach féidir freastal ar bhealach neamhspleách ar riachtanais chothabhála an bheostoic atá ann faoi láthair, agus dá bhrí sin is gá líon na mba sna tréada a laghdú d’fhonn a theacht níos gaire do chuspóir neamhspleáchas straitéiseach an tsoláthair.

4.8.

Ós amhlaidh atá, creideann CESE go bhfuil géarghá le staidéar a léireodh cé mhéad den talamh a d’fhéadfaí a chur faoi phlandaí próitéine agus plandaí ola laistigh de theorainneacha an Aontais. Ní mór na nithe seo a leanas a chur san áireamh: an inbhuanaitheacht in úsáid na talún (uainíocht na mbarr, torthúlacht na hithreach – an bhithéagsúlacht san áireamh). Is éard a d’fhéadfaí a dhéanamh le torthaí an staidéir sin iad a úsáid i gcinneadh na limistéar talún a bheadh riachtanach ionas go mbeadh a ndóthain bia fholláin ar fáil do shaoránaigh na hEorpa, bia a bheadh bunaithe ar phróitéin plandaí. Bheadh eolas ar fáil dá bharr sin faoin méid a bheadh fágtha le beatha a dhéanamh le haghaidh na n-ainmhithe (nó le fuinneamh a tháirgeadh), agus dá bhrí sin, cé mhéad a bheadh fós le hallmhairiú ionas go gcuirfeadh an fheirmeoireacht bheostoic leas na n-ainmhithe san áireamh mar is ceart, agus ionas nach rachadh sí thar theorainneacha éiceolaíocha na hEorpa agus an domhain. Caithfear réiteach a mholadh sa straitéis Eorpach don phróitéin, réiteach ar na hiarmhairtí a bheidh ag an straitéis do chomhaontuithe trádála atá ann i láthair na huaire (Mercosur, mar shampla), sin agus ar an gcaoi a bhféadfaí na feirmeoirí inbhuanaithe san Aontas a chosaint ar allmhairí ó tháirgeadh neamh-inbhuanaithe.

4.9.

Is tábhachtach le CESE a chur in iúl gur leor 10 % den talamh curadóireachta a bheith faoi phlandaí ola le breosla a sholáthar do na tarracóirí, dá ndéanfaí an ola ar fad a bhaintear as saothrú na mbarr ola sin a úsáid chun na críche sin amháin. Chuir CESE in iúl cheana féin i dtuairimí eile (23) go measann sé gurbh iomchuí clár ar leith a bhunú le holaí plandaí neamh-eistearaithe (i.e. íona) a úsáid in innealra talmhaíochta, ola nach mbeadh bunaithe ar chumasc le díosal. Mar sin féin, ba cheart úsáid breoslaí de chineál B100 (ola glasraí 100 % eistearaithe) a chur san áireamh freisin. Is sárbheatha phróitéine í an mhin (24) a thagann as. (Is fíor sin chomh maith faoin dramhaíl alcóil, mar shampla).

4.10.

Ar chúiseanna éagsúla, tá roinnt de na Ballstáit ag obair cheana féin ar laghdú beostoic (e.g. an Ísiltír). Is féidir é sin a rialáil nó a dhearadh trí bhíthin ionstraimí atá bunaithe ar an margadh. Sa bhreis ar chaighdeáin shoiléire maidir leis an gcomhshaol agus le leas na n-ainmhithe, tá CESE i bhfabhar réiteach atá bunaithe ar an margadh go príomha, réiteach a chruthóidh dálaí chun slabhraí luacha réigiúnacha a thógáil as an nua, slabhraí luacha atá féinchothaitheach, slabhraí luacha nach bhfuil ag brath ar thacaíocht go buan. San am céanna, a mhéid is féidir, ba cheart dóibh deiseanna eile a thabhairt do gach gabháltas beostoic. Ní mór dóibh freisin, a mhéid is féidir, a chur ar a gcumas d’fheirmeoirí uile an Aontais beatha shábháilte a tháirgeadh go hinbhuanaithe agus a shaothrú. Éilíonn sin cosaint in aghaidh na hiomaíochta éagóraí agus in aghaidh cleachtais éagóracha trádála. Chuige sin is gá borradh a chur faoi chumhacht na bhfeirmeoirí ar láthair an mhargaidh sa phróiseas i dtreo chlaochlú an chórais bia inbhuanaithe go domhanda.

4.11.

Léiríonn an méid sin ar fad arís go gcaithfidh straitéis inbhuanaithe Eorpach maidir le próitéin plandaí agus ola plandaí an córas talmhaíochta agus bia a chur san áireamh ina iomláine, agus gur beag is fiú straitéis an tsaothraithe mura bhfuil sí nasctha le straitéisí eile.

4.12.

Ní mór sásraí margaidh a dhearadh a léireodh na costais shóisialta, shochaíocha agus chomhshaoil iarbhír. Is féidir teipeanna sna sásraí sin a cheartú le hidirghabháil rialtais atá bunaithe ar fhíricí agus ar an eolaíocht, idirghabháil arb é is aidhm di optamú a dhéanamh ar an gcomhréiteach idir costais agus sochair don tsochaí, gach leas san áireamh.

An Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 maidir le straitéis Eorpach chun barra próitéine a chur chun cinn (IO C 390, 18.11.2019, lch. .2).

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe E. Féach an nóta ó CESE: an tagairt don spleáchas 75 %, sin tagairt do phlandaí próitéine a bhfuil ráta ard próitéine iontu, ach i gcuid mhór den phlé, rinneadh faillí sa soláthar próitéine féir agus arbhair atá tábhachtach le haghaidh na n-ainmhithe, faillí is deacair a thuiscint.

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe L.

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa on the development of plant proteins in the European Union [maidir le forbairt próitéiní plandaí san Aontas Eorpach], COM(2018) 757 final, lch. 2.

(5)  COM(2018) 757 final, lch. 3.

(6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2), pointe L.

(7)  De réir Eurostat, 174 mhilliún heicteár de thalamh na hEorpa ina iomláine (lena n-áirítear féarach agus móinéir) atá á úsáid i gcomhair na talmhaíochta faoi (faisnéis roimh Bhrexit).

(8)  COM(2018) 757 final

(9)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (IO C 390, 18.11.2019, lch. 2).

(10)  Tuairim ó CESE An baol dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoisí a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 88).

(11)  Tuairim ó CESE An baol dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoisí a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 88).

(12)  Tuairim ó CESE arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 72, pointe 1.3.ii).

(13)  Rún ó CESE a glacadh ag an seisiún iomlánach an 24 Márta 2022,(IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).

(14)  https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf.

(15)  In 2017, bhí 178,7 milliún heicteár de limistéar talmhaíochta in úsáid san Aontas (27). Is talamh curadóireachta a bhí in 105,5 milliún heictéar de sin, agus 63 % de (i.e. 66,8 milliún heictéar) in úsáid le beatha a tháirgeadh le haghaidh na n-ainmhithe (https://de.statista.com/statistik/daten/studie/1196852/umfrage/landwirtschaftliche-flaechen-in-der-eu-nach-nutzungsart/).

(16)  OVID, Eiweißstrategie 2.0, 2019.

(17)  Sa Ghearmáin, idir 1995 agus 2021, tháinig laghdú ar thomhaltas na muiceola in aghaidh an duine ó 39,8 kg go 31 kg.

(18)  Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

(19)  Tuairim ó CESE arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince maidir le Slándáil an tsoláthair bia agus córais bhia inbhuanaithe, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 72).

(20)  https://www.bmel.de/SharedDocs/Downloads/DE/_Tiere/Nutztiere/200211-empfehlung-kompetenznetzwerk-nutztierhaltung.html.

(21)  An tuarascáil deiridh ó ZKL.

(22)  Tuairim féintionscnaimh ó CESE Athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta in 2013 (IO C 354, 28.12.2010, lch. 35).

(23)  Tuairim ó CESE Úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, (IO C 77, 31.3.2009, lch. 43).

(24)  Nuair a bhaintear an sú as an síol ráibe, bíonn 1/3 de nó mar sin ina ola, agus 2/3 de ina mhin.