22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/15


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cánachas ar theilea-oibrithe trasteorann agus ar a bhfostóirí

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/02)

Rapóirtéir:

Krister ANDERSSON

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

1.7.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

195/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Aithníonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na dúshláin atá ann do chórais idirnáisiúnta chánachais an lae inniu, i ngeall ar an méadú ar an teilea-obair trasteorann. Baineann sé sin go háirithe le cánachas ar phá agus leis an gcánachas ar bhrabúis cuideachtaí.

1.2

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach go bhféadfadh cánachas dúbailte ar a n-ioncam a bheith ag bagairt ar fhostaithe na teilea-oibre trasteorann, agus diospóidí fadálacha agus costasacha a bheith ann idir na fostaithe sin agus údaráis chánach na mBallstát dá bharr. Ag brath ar an gcaoi a gcaitheann córas cánachais tíre le hioncam eachtrach, d’fhéadfadh oibleagáid a bheith ar fhostaí freisin dhá dhearbhú cánach ar leith a chomhlíonadh, ag tráthanna difriúla b’fhéidir, de bharr spriocdhátaí difriúla idir na Ballstáit maidir le cánacha a chomhdú. Is bacainní iad na hualaí rialála ar mhargadh aonair atá éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a dhíriú ar na bacainní sin agus comhaontuithe maidir le cáin á síneadh.

1.3

Maidir le cánachas brabús cuideachta, bheadh baol ann go bhféadfadh teilea-oibrithe idirnáisiúnta buanbhunaíocht (PE) a chruthú trí thaisme don chuideachta i dtír seachas tír na cuideachta féin. Dá ndéanfaí buanbhunaíocht a bhunú i dtír eile, chuirfí iallach ar chuideachta a hioncam corparáide a roinnt go beacht idir an dá láthair, agus dá réir sin a bheith faoi réir oibleagáidí difriúla maidir le comhdú agus dliteanais chánach.

1.4

Is geal le CESE na bearta sealadacha cánach a ghlac na Ballstáit an tráth ba mheasa den phaindéim agus an treoir a d’eisigh ECFE le linn na paindéime. Thug na bearta sin deis d’fhostaithe agus d’fhostóirí trasteorann leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó, agus áirithíodh leo nach mbeadh cánachas dúbailte ag bagairt orthu, rud a chuir ar chumas gnólachtaí leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagar agus d’oibrithe an Aontais ag tráth criticiúil.

1.5

Cuireann CESE i bhfios a thábhachtaí atá sé na córais chánachais a nuashonrú a thuilleadh chun freagairt ar riachtanais thimpeallacht oibre an lae inniu. Rinneadh an creat cánach corparáide idirnáisiúnta a athchóiriú le déanaí trí chomhaontú maidir le Creatphacáiste Cánach Cuimsitheach ECFE/G20 a bhfuil dhá cholún ann. Má roghnaíonn tuilleadh fostaithe fostaíocht na teilea-oibre, d’fhéadfadh sé nár mhór na rialacha cánachais idirnáisiúnta le haghaidh daoine aonair a athbhreithniú freisin. Go sonrach, níor mhór gurbh fhurasta na rialacha a chomhlíonadh.

1.6

Measann CESE gur den riachtanas é go n-áiritheofaí le rialacha cánachais a bhaineann leis an teilea-obair trasteorann nach mbeidh cánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte ann d’fhostaithe ná d’fhostóirí. Chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí den uile mhéid in ann deiseanna maidir leis an teilea-obair a thairiscint, is den tábhacht é go gcuirfí deireadh le haon oibleagáidí riaracháin a bhaineann le cánachas na dteilea-oibrithe trasteorann nó go ndéanfaí iad a íoslaghdú, ar a laghad.

1.7

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil sé de cheart ag tíortha cinneadh a dhéanamh maidir le cánacha a ghearradh ina dtíortha, mar aon leis an ráta cánach, b’fhearr dá ndéanfaí na prionsabail chánachais le haghaidh teilea-obair trasteorann a chomhaontú ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal soghluaisteachta atá ann san Aontas, soghluaiseacht a eascraíonn as an tsaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair, tá cúiseanna ann chun aghaidh a thabhairt ar an gceist ar leibhéal an Aontais sula dtiocfar ar réiteach domhanda. Cé go bhféadfadh cuir chuige éagsúla a bheith ann, is den tábhacht go ndéanfaí ardleibhéal comhordaithe a bhaint amach san Aontas Eorpach.

1.8

Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart rialacha furasta a bheith ann d’fhostaithe agus d’fhostóirí araon. Rogha amháin is ea go gcomhaontódh na Ballstáit gan cáin a ghearradh ar fhostaithe mura bhfuil líon na laethanta oibre sa tír níos mó ná 96 lá i mbliain fhéilire. Tugann CESE dá aire go mbaintear úsáid as ionstraim iltaobhach (MLI) mar uirlis chun cur chun feidhme tráthúil rialacha cánach nua a éascú, sa Chreatphacáiste Cánach Cuimsitheach de chuid ECFE.

1.9

Molann CESE don Choimisiún a mheas an mbeadh sé indéanta ionad ilfhreastail a bhunú, faoi mar atá i gcás CBL. Theastódh sa chás sin go ndéanfadh an fostóir tuairisciú i gcás teilea-oibrithe trasteorann ar an líon laethanta oibre a chaith na teilea-oibrithe sin ag obair sa tír chónaithe agus sa tír ina bhfuil an fostóir lonnaithe. Ach an fhaisnéis sin a bheith acu, bheadh ar chumas na n-údarás cánach measúnú a dhéanamh faoin tír ina mbeadh ioncam inchánach, nó ar an sciar den ioncam a bheadh inchánach i ngach tír ar leith.

1.10

Dá bhforbrófaí córas ionaid ilfhreastail le haghaidh teilea-oibrithe trasteorann, d’fhéadfadh sé feidhmiú mar chéad chéim i mbonneagar a chuirfeadh ar chumas fostaithe agus fostóirí na díospóidí cánach idir na Ballstáit a laghdú, agus ag an am céanna, a áirithiú go ngearrtar cánacha i gceart, agus nach mbeadh ar an duine aonair comhdú a dhéanamh i dtíortha iomadúla.

2.   Cúlra

2.1

D’athraigh paindéim COVID-19 saol na n-oibrithe agus na ngnólachtaí ar bhealaí nach bhfacthas cheana. Ar na treochtaí ba shuntasaí le linn phaindéim COVID-19, bhí an méadú ar an teilea-obair (1), mar thoradh ar shrianta taistil agus teorainneacha rialtais leis an líon daoine a d’fhéadfadh a bheith i láthair in oifigí chun scaipeadh víreas COVID-19 a laghdú. Rinne gnólachtaí agus fostaithe tréaniarrachtaí a ngníomhaíochtaí laethúla a dhigiteáil (e.g. le huirlisí ar líne i gcomhair cruinnithe) chun cúrsaí a éascú d’fhostaithe a bhí ag obair ón mbaile. Sa tslí sin, bhí ar chumas gnólachtaí leanúint den seachadadh earraí agus seirbhísí (riachtanacha) do chustaiméirí agus tacaíocht a thabhairt do gheilleagar, fostaíocht, trádáil agus fás eacnamaíoch an Aontais dá réir.

2.2

Mar go laghdaítear an t-am taistil comaitéireachta, feictear go ngabhann breis solúbthachta leis an teilea-obair, rud a d’fhéadfadh an strus ar fhostaithe a laghdú agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a áirithiú (2). Ina theannta sin, d’fhéadfadh an méadú ar an teilea-obair cuidiú chun an neodracht carbóin a bhaint amach, ar sprioc de chuid an Aontais é. Ós rud é gur ón iompar a eascraíonn sciar mór d’astaíochtaí an Aontais, d’fhéadfadh sé go laghdófaí astaíochtaí carbóin agus brú tráchta mar thoradh ar mhéadú ar an teilea-obair (3). Leis an aistriú chuig an teilea-obair, tá seans ann gur lú éileamh a bheidh ar spás oifige, rud a d’ísleodh na costais astaíochtaí ó fhoirgnimh oifigí (i.e. téamh agus fuarú).

2.3

Cé go bhfuilimid ag bogadh i dtreo “iar-ré COVID-19” agus go bhfuil na rátaí vacsaínithe ard ar fud an Aontais, agus cé go bhfuilimid ag súil go bhfillfidh roinnt oibrithe ar a n-oifigí, is ar éigean a dhéanfar aisiompú iomlán ar an gclaonadh i dtreo na teilea-oibre. I suirbhé Eurofound ó mhí an Mhárta 2021, léirigh 46 % d’fhostaithe san Aontas gurbh fhearr leo leanúint de bheith ag obair ón mbaile “gach lá” nó “cúpla uair sa tseachtain” nuair a bheadh an phaindéim thart (4). Feictear, dá réir sin, go mbeidh an teilea-obair ina cuid dár gcultúr oibre.

2.4

Leis an méadú ar an teilea-obair trasteorann, cruthaítear dúshláin do chórais chánachais an lae inniu. Cé nach feiniméan nua í an obair trasteorann, ardaítear saincheisteanna maidir le rialacha idirnáisiúnta cánach leis an bhféidearthacht go mbeadh fostaí in ann a bheith ag obair ón mbaile i dtír eile, go háirithe más rud é go gcaitheann fostaí sciar suntasach laethanta oibre sa tír chónaithe nó i dtríú tír, seachas san áit thraidisiúnta ina mbeadh an ghníomhaíocht ar siúl. Baineann sé sin go háirithe le cánachas ar phá agus leis an gcánachas ar bhrabúis cuideachtaí. Is cinnte gur féidir cásanna den sórt sin teacht chun cinn i “réigiúin teophointe” atá suite i ngar do Bhallstáit eile ó thaobh tíreolaíochta de, ach leis an bhfás agus leis an bhforbairt ar uirlisí teileachomhdhála, dealraíonn sé go dtiocfaidh méadú ar na cásanna sin ar bhonn níos leithne.

2.5

I dtéarmaí cánachais ar phá, d’fhéadfadh oibrithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin (an dlínse chónaithe), ach atá ag obair le haghaidh cuideachta atá suite i mBallstát eile (an dlínse fhoinseach) a bheith faoi réir cánachas dúbailte, agus d’fhéadfadh an dá dhlínse cáin a ghearradh ar an ioncam. Chun cás den sórt sin a sheachaint, rinneadh comhaontuithe déthaobhacha um chánachas dúbailte a thabhairt i gcrích idir tíortha, iad bunaithe go minic ar Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal (OECD-MTC). I Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE leagtar síos mar phrionsabal ginearálta nár cheart cáin a ghearradh ar ioncam ó fhostaíocht ach sa dlínse chónaithe amháin. Mar sin féin, má dhéantar an obair i dtír eile (i.e. an stát foinseach), féadfaidh an stát foinseach cáin a ghearradh ar an ioncam inchurtha i leith na laethanta a oibríodh sa stát sin, ar choinníoll go bhfanann an fostaí 183 lá ar a laghad sa stát foinseach i mbliain, nó go n-íocann fostóir sa stát foinseach an luach saothair, nó go n-íocann buanbhunaíocht den fhostóir sa stát foinseach an luach saothair.

2.6

I gcomhréir le Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE, maidir le fostaí a chónaíonn i dtír éigin seachas a thír gnáthghníomhaíochta oibre, beidh deighilt sna cearta maidir le cáin a ghearradh ar ioncam oibre idir an dlínse chónaithe agus an dlínse fhoinseach ar bhonn pro rata ag bagairt air ón gcéad lá.

2.7

D’fhonn a sheachaint go leithroinnfí ar an toirt ioncam as obair trasteorann, agus ós rud é gur teimpléad atá sa samhailchoinbhinsiún nach bhfuil d’oibleagáid ar na Ballstáit é a leanúint, tá rialacha eile á gcur i bhfeidhm ag tíortha áirithe, amhail struchtúir de minimis. Sa chás sin, is sa tír chónaithe amháin a ghearrtar cáin ar ioncam an fhostaí, ar choinníoll nach sáraíonn an fostaí líon áirithe laethanta nuair atá sé as láthair ón áit ghnáthghníomhaíochta (5).

2.8

Mar thoradh ar bhearta a glacadh le linn na paindéime, amhail ceanglais dhochta maidir le coraintín agus srianta ar an taisteal trasteorann, bhí ar roinnt mhaith oibrithe, go háirithe oibrithe teorann, dul i mbun na teilea-oibre ina dtír chónaithe seachas ina ngnáth-thír gníomhaíochta. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ghlac roinnt mhaith Ballstát bearta sealadacha chun nach gcaillfeadh dlínsí foinseacha go hiomlán a gceart chun cáin a ghearradh. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le “meabhráin tuisceana”, faoina ndéanfaí na laethanta uile a oibríodh in oifig bhaile a mheas ina ghníomhaíocht sa Bhallstát ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht oibre de ghnáth. Ní bheadh feidhm aige sin ach amháin i gcás oibrithe faoi réir staid eisceachtúil COVID-19, agus ní bheadh feidhm aige ar na hoibrithe trasteorann a raibh teilea-obair ar siúl acu roimh an bpaindéim. Is cosúil nár cuireadh síneadh leis na bearta sealadacha sin tar éis an 30 Meitheamh 2022 agus fillfidh na tíortha ar ghnáthstruchtúir Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE nó de minimis. Sa tslí chéanna d’eisigh ECFE treoraíocht maidir le cáin a ghearradh ar ioncam “oibrithe sáinnithe” (oibrithe a sáinníodh i ndlínse fhoinseach ar feadh i bhfad de bharr srianta taistil, rialacha coraintín etc., a bhain le COVID-19) (6).

2.9

De réir an Choimisiúin Eorpaigh (7), d’fhéadfadh cánachas dúbailte ar a n-ioncam a bheith ag bagairt ar fhostaithe na teilea-oibre trasteorann, agus díospóidí (fadálacha agus costasacha) a bheith ann idir na fostaithe sin agus na Ballstáit mar thoradh air. Ag brath ar an gcaoi a gcaitheann córas cánachais tíre le hioncam eachtrach, d’fhéadfadh oibleagáid a bheith ar fhostaithe freisin dhá dhearbhú cánach ar leith a chomhlíonadh, ag tráthanna difriúla b’fhéidir, de bharr spriocdhátaí difriúla idir na Ballstáit maidir le cánacha a chomhdú. D’fhéadfadh castachtaí teacht chun cinn freisin i gcás inar gá costais chánach áirithe atá riachtanach chun ioncam a ghiniúint a roinnt go beacht idir an dá Bhallstát. D’fhéadfadh fostaí na teilea-oibre trasteorann deiseanna a chailleadh freisin maidir le sochair chánach nó creidmheasanna cánach.

2.10

Go ginearálta, níl cáiníocóirí neamhchónaitheacha a bhfuil ioncam acu ó dhá Bhallstát nó níos mó, amhail oibrithe taistil, oibrithe séasúracha, lucht spóirt, ealaíontóirí agus pinsinéirí, incháilithe chun go gcuirfear imthosca pearsanta agus teaghlaigh san áireamh ar na bealaí céanna is a chuirtear na gnéithe sin san áireamh do cháiníocóirí cónaitheacha. De réir rialú (8) Schumacker, ní mór do na Ballstáit sochair chánach den sórt sin a dheonú do neamhchónaitheoirí, má thuilleann na cáiníocóirí a n-ioncam uile nó beagnach a n-ioncam uile sa Bhallstát sin. Cuireann roinnt Ballstát tairseach i bhfeidhm lena leagtar síos gur gá 90 % den ioncam iomlán a thuilleamh sa Bhallstát sin chun na sochair chánach sin a dheonú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhacainn ar an tsaorghluaiseacht ós rud é go mbeidh ar a laghad páirtchaillteanas ar na sochair chánach sin mar thoradh ar aon ioncam os cionn sciar 10 % den ioncam iomlán i mBallstáit eile, toisc nach mbainfear amach a thuilleadh an tairseach chun na sochair chánach sin a dheonú ina n-iomláine. Ba cheart do na Ballstáit a cheadú go gcuirfí cúinsí pearsanta agus teaghlaigh san áireamh, má thuilleann neamhchónaitheoirí 75 % d’ioncam an cháiníocóra sa stát foinseach.

2.11

Is bacainní iad na hualaí rialála ar mhargadh aonair atá éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a dhíriú ar na bacainní sin agus comhaontuithe maidir le cáin á síneadh.

2.12

Maidir le cánachas brabús cuideachta, bheadh baol ann go bhféadfadh teilea-oibrithe idirnáisiúnta buanbhunaíocht (PE) a chruthú trí thaisme don chuideachta i dtír seachas tír na cuideachta féin. Dá ndéanfaí buanbhunaíocht a bhunú i dtír eile, chuirfí iallach ar chuideachta a hioncam corparáide a roinnt go beacht idir an dá láthair, agus dá réir sin, a bheith faoi réir oibleagáidí difriúla maidir le hoibleagáidí comhdaithe agus dliteanais chánach.

2.13

D’fhéadfadh sé nach bhfuil líon ard cuideachtaí, go háirithe FBManna nach bhfuil struchtúr idirnáisiúnta acu, ar an eolas go bhfuil feidhmeanna éagsúla agus nádúr difriúil acu, mar gheall go bhfuil cuid dá bhfoirne ag obair ó thír eile. Ciallaíonn sé sin gur gá dóibh brabúis a leithdháileadh agus cloí le ceanglais i ndáil le rialacha maidir le praghsáil aistrithe, chomh maith le ceanglais tuairiscithe. B’fhéidir nach bhfuil roinn cánachais ag FBManna nó rochtain acu ar chomhairleoirí agus tá a gcostais comhlíontachta an-ard cheana féin. De réir staidéir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, caitheann cuideachtaí sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach méid bliantúil iomlán atá thart ar EUR 204 bhilliún chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le cáin chorparáide, CBL, ranníocaíochtaí agus cánacha a bhaineann le pá, cánacha maoine agus réadmhaoine agus cánacha áitiúla. Ar an meán, tabhaíonn fiontair costas bliantúil ar fiú thart ar 1,9 % dá láimhdeachas (9) chun a n-oibleagáidí cánach a chomhlíonadh. D’fhéadfaí inmharthanacht na cuideachta a chur i mbaol le haon ardú breise.

2.14

De bharr ábhair imní ag éirí as an bhféidearthacht go gcruthófaí buanbhunaíochtaí mar thoradh ar an teilea-obair trasteorann, d’eisigh ECFE treoir maidir leis an topaic (10) i mí Aibreáin 2020 agus i mí an Mhárta 2021. Mheas ECFE nár cheart buanbhunaíochtaí a chruthú don fhostóir a bheith mar thoradh ar an athrú eisceachtúil agus shealadach ar an áit ina raibh fostaithe ag obair (11). Go ginearálta, d’áitigh ECFE fiú sa chás go bhfuil cuid de ghnó fiontair ar siúl ag láthair amhail oifig bhaile an duine aonair, nár cheart teacht ar an gconclúid go bhfuil an láthair sin ar fáil ag an bhfiontar díreach mar go raibh sí á húsáid ag duine éigin (e.g. fostaí) atá ag obair don fhiontar. Maidir le hiallach a bheith ar fhostaí obair ón mbaile de bharr phaindéim COVID-19 agus bearta sláinte poiblí, d’áitigh ECFE go bhfuil easpa buaine agus leanúnachais ag baint leis sin, chun áit chónaithe a áireamh mar bhuanbhunaíocht don fhostóir.

2.15

Agus é á chur i bhfios go láidir aige a eisceachtúla a bhí paindéim COVID-19, thug ECFE dá aire dá leanfadh fostaithe de bheith ag obair ón mbaile i ndiaidh na paindéime, agus dá bhrí sin, dá mbeadh leibhéal áirithe buaine agus leanúnachais ag baint lena n-oifig baile, nár ghá gur buanbhunaíocht ghnó a bheadh mar thoradh air an méid sin. Ba é tuairim ECFE nár mhór breathnú arís ar na fíricí agus cúinsí sonracha i gcás staideanna den sórt sin. I gcás daoine a bhfuil poist chinnteoireachta acu, ba mhinic a cheistigh na húdaráis chánach ar bunaíodh buanbhunaíocht.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol mór sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinne cuideachtaí agus oibrithe le linn phaindéim COVID-19 chun leanúint dá n-oibríochtaí gnó trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha. De bharr na gcúinsí nach bhfacthas riamh cheana a d’eascair as paindéim COVID-19 agus na bearta sláinte a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh uirthi, bhí ar chuideachtaí agus oibrithe a dtimpeallacht oibre a oiriúnú chun go bhféadfaidís leanúint dá n-oibríochtaí gnó agus earraí agus seirbhísí a sholáthar, agus sa tslí sin, tacaíocht a thabhairt do gheilleagar an Aontais, don fhostaíocht agus don fhás.

3.2

De réir mar a dhéantar tuilleadh dul chun cinn ar uirlisí oifige ar líne (e.g. bogearraí cruinnithe ar líne) tabharfar níos mó deiseanna d’fhostaithe áirithe cuid dá ngníomhaíochtaí oibre a dhéanamh ón mbaile, ar bhonn atá níos éifeachtúla nó chomh héifeachtúil céanna, feictear dúinn go méadóidh líon na dteilea-oibrithe (trasteorann) san Aontas. Ní mór do reachtóirí na rialacha atá ann faoi láthair a chur in oiriúint do ré nua.

3.3

Cé go bhfuil féidearthachtaí éagsúla ann maidir leis an teilea-obair, ag brath ar an earnáil agus ról an phoist, measann CESE gur cheart an méadú ar an teilea-obair a bheith ina dhíol sásaimh agus é a spreagadh a mhéid is féidir. Chomh maith le solúbthacht bhreise d’fhostaithe, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste do chlár oibre AE maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, óir is lú daoine a bheidh ag taisteal chun na hoibre, rud a laghdóidh astaíochtaí iompair agus truailliú an aeir. Aithníonn CESE gur topaic í a mbaineann ábharthacht ar leith léi don Aontas agus do shaorghluaiseacht oibrithe sa Mhargadh Aonair.

3.4

Aithníonn CESE na dúshláin ar leith atá ann don chóras cánach idirnáisiúnta i ngeall ar an méadú ar an teilea-obair trasteorann. Tugann CESE dá aire na constaicí a bhí a dtuairisciú ag fostaithe maidir le cúrsaí oibre trasteorann, fiú roimh an bpaindéim (12). Is geal le CESE na bearta sealadacha cánach a ghlac na Ballstáit nuair a bhí an phaindéim faoi lán seoil agus an treoir a d’eisigh ECFE lena linn. Thug na bearta sin deis d’fhostaithe agus d’fhostóirí trasteorann leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó, agus áirithíodh leo nach mbeadh cánachas dúbailte ag bagairt orthu, rud a chuir ar chumas gnólachtaí leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagar agus d’oibrithe an Aontais ag tráth criticiúil.

3.5

Cuireann CESE i bhfios go láidir, áfach, a thábhachtaí atá sé go dtabharfar na córais chánachais cothrom le dáta a thuilleadh chun freagairt do riachtanais thimpeallacht oibre an lae inniu. Go háirithe, tá sé tábhachtach nach ndídhreasófar d’fhostóirí, agus socruithe teilea-oibre á n-éagrú acu, fostaithe a fhostú ó lasmuigh de dhlínse an fhostóra mar gheall ar bhacainní cánachais. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart rialacha cánachais a bheith ina mbac ar fhostaithe agus iarratas á dhéanamh acu ar phoist trasteorann.

3.6

Measann CESE gur den riachtanas é go n-áiritheofaí le rialacha cánachais a bhaineann leis an teilea-obair trasteorann nach mbeidh cánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte ann d’fhostaithe ná d’fhostóirí. Chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí den uile mhéid in ann deiseanna maidir leis an teilea-obair a thairiscint, is den tábhacht é go gcuirfí deireadh le haon oibleagáidí riaracháin a bhaineann le cánachas na dteilea-oibrithe trasteorann nó go ndéanfaí iad a íoslaghdú, ar a laghad (13).

3.7

Rinneadh an creat cánach corparáide idirnáisiúnta a athchóiriú le déanaí trí chomhaontú maidir le Creatphacáiste Cánach Cuimsitheach/ECFE a bhfuil dhá cholún ann. Má roghnaíonn tuilleadh fostaithe fostaíocht na teilea-oibre, d’fhéadfadh sé nár mhór na rialacha cánachais idirnáisiúnta le haghaidh daoine aonair a athbhreithniú freisin. Go sonrach, níor mhór gurbh fhurasta na rialacha a chomhlíonadh.

3.8

Is geal le CESE na pléití ar an ábhar sin ar chuir an Coimisiún tús leo, in éineacht leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí an Ardáin um Dhea-Rialachas Cánach, d’fhonn na córais chánach a uasdátú agus chun léiriú a thabhairt ar thimpeallacht oibre an lae inniu bunaithe ar theilea-obair mhéadaithe. Tagraíonn CESE do phléití a bhí ann cheana ar an ábhar seo mar chuid den Teachtaireacht Removing cross-border tax obstacles for EU citizens [Constaicí cánach trasteorann a bhaint ar mhaithe le saoránaigh AE] agus sa tuarascáil ó ghrúpa saineolaithe CE dar teideal Ways to Tackle Cross-Border Tax Obstacles Facing Individuals in the EU [Ag Dul i nGleic leis na Constaicí Cánach roimh Dhaoine Aonair san Aontas] (14).

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil sé de cheart ag tíortha cinneadh a dhéanamh maidir le cánacha a ghearradh ina dtíortha, mar aon leis an ráta cánach, b’fhearr dá ndéanfaí na prionsabail chánachais le haghaidh teilea-obair trasteorann a chomhaontú ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal soghluaisteachta atá ann san Aontas, soghluaiseacht a eascraíonn as an tsaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair, tá cúiseanna ann chun aghaidh a thabhairt ar an gceist ar leibhéal an Aontais sula dtiocfar ar réiteach domhanda. Cé go bhfuil cuir chuige éagsúla indéanta ann, is den tábhacht ardleibhéal comhordaithe a bhaint amach idir Ballstáit an Aontais agus, a mhéid is féidir, le tríú tíortha (mar shampla an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis).

4.2

Ba cheart rialacha furasta a bheith ann d’fhostaithe agus d’fhostóirí. Rogha amháin is ea go gcomhaontódh na Ballstáit gan cáin a ghearradh ar fhostaithe mura bhfuil líon na laethanta oibre sa tír níos mó ná 96 lá i mbliain fhéilire. Tugann CESE dá aire go mbaintear úsáid as ionstraim iltaobhach (MLI) mar uirlis chun cur chun feidhme tráthúil rialacha cánach nua a éascú, sa Chreatphacáiste Cánach Cuimsitheach de chuid ECFE.

4.3

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil gá le rialacha níos uaillmhianaí lena gceadaítear teilea-obair trasteorann. Dá gcuirfí an riail maidir le 183 lá i bhfeidhm, bheadh níos mó solúbthachta ann d’fhostóirí agus bheadh sé níos dóchúla go mbainfí amach cuspóirí comhshaoil. De réir mar a mhéadaítear líon na laethanta, tagann méadú freisin ar an ngá atá le córas tuairiscithe caighdeánaithe de chineál éigin, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sásra cúitimh éigin a bhunú chun ioncam ó cháin a aistriú idir tíortha (15).

4.4

Molann CESE don Choimisiún a mheas an bhféadfadh ionad ilfhreastail a chruthú, mar atá déanta do limistéar CBL (16). Theastódh sa chás sin go ndéanfadh an fostóir tuairisciú i gcás teilea-oibrithe trasteorann ar an líon laethanta oibre a chaith na teilea-oibrithe sin ag obair sa tír chónaithe agus sa tír ina bhfuil an fostóir lonnaithe. Ach an fhaisnéis sin a bheith acu, bheadh ar chumas na n-údarás cánach measúnú a dhéanamh faoin tír ina mbeadh ioncam inchánach, nó ar an sciar den ioncam a bheadh inchánach i ngach tír ar leith. Fuair moladh den sórt sin tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe CE sa tuarascáil uathu dar teideal Ways to tackle cross border tax obstacles facing individuals in the EU [Ag Dul i nGleic leis na Constaicí Cánach roimh Dhaoine Aonair san Aontas] (17). D’fhéadfadh scéim cúitimh i leith ioncam cánach i measc tíortha a bheith nasctha leis an bhfaisnéis arna tuairisciú san ionad ilfhreastail. Níor cheart é a bheith de cheangal ar an gcáiníocóir cáin a íoc ach le húdarás fioscach amháin.

4.5

Is iondúil go mbíonn ar an bhfostóir cánacha ar phá agus ar thuarastail an fhostaí a choinneáil siar. Ina theannta sin, is minic a íoctar ranníocaíochtaí slándála sóisialta le scéimeanna pinsin phoiblí agus le sochair shóisialta eile don fhostaí ar leithligh ach iad bunaithe ar ioncam an fhostaí (18). Laghdófaí go suntasach an t-ualach riaracháin dá bhféadfadh an fostóir na tobhaigh sin a íoc thar ceann an fhostaí ar bhealach a chuirfeadh ar chumas an ionaid ilfhreastail na cistí a leithdháileadh ar an tír is faighteoir cheart. Faoi chóras den sórt sin, bheadh dlúthchomhar ag teastáil idir na húdaráis chánach agus comhdú leictreonach.

4.6

Tá sé iarrtha arís agus arís eile ag CESE go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir údaráis chánach na mBallstát. Ach comhar den sórt sin a bheith ann, shimpleofaí an saol do ghnáthshaoránaigh agus gnólachtaí, agus chuirfí leis na féidearthachtaí maidir leis an gcalaois agus an imghabháil cánach a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Chun an imghabháil cánach a chomhrac, tá sé fíorthábhachtach an comhlíonadh a shimpliú.

4.7

Dá bhforbrófaí ionaid ilfhreastail le haghaidh teilea-oibrithe trasteorann, d’fhéadfadh sé feidhmiú mar chéad chéim i mbonneagar a chuirfeadh ar chumas fostaithe agus fostóirí na díospóidí cánach idir na Ballstáit a laghdú, agus ag an am céanna, a áirithiú go ngearrtar cánacha i gceart, agus nach mbeadh ar an duine aonair comhdú a dhéanamh i dtíortha iomadúla.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Aithnítear a thábhachtaí atá conarthaí fostaíochta, ranníocaíochtaí slándála sóisialta, cearta pinsin, ábhair imní sláinte agus sábháilteachta (fisiciúla agus intinne), an tionchar ar eagraíochtaí an mhargaidh saothair, iomaíochas etc., ach dírítear sa tuairim seo ar chánachas díreach ar fhostaithe agus ar fhostóirí i gcás ina bhfuil fostaí fostaithe i ngnólacht i dtír amháin agus cuid áirithe den am oibre á caitheamh aige thar lear trí úsáid a bhaint as uirlisí na teilea-oibre. Ní dhíríonn an tuairim ar oibrithe ar postú, oibrithe trasteorann, mar a shainmhínítear iad i gcomhaontuithe déthaobhacha, ná oibrithe féinfhostaithe a mbíonn plé acu le díolacháin trasteorann.

(2)  The impact of teleworking and digital work on workers and society. [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí].

(3)  The impact of teleworking and digital work on workers and society. [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí].

(4)  Eurofound: Labour market change: Teleworkability and the COVID-19 crisis: a new digital divide? [Athrú ar an margadh saothair: An cumas chun teilea-obair a dhéanamh agus géarchéim COVID-19: deighilt dhigiteach nua?] Páipéar oibre WPEF20020.

(5)  Clúdaíonn na struchtúir seo an teilea-obair, ach freisin an oiliúint agus misin.

(6)  Updated guidance on tax treaties and the impact of the COVID-19 pandemic [Treoir nuashonraithe maidir le conarthaí cánach agus tionchar phaindéim COVID-19], ECFE.

(7)  Tax in an Increasingly Mobile Working Environment: Challenges and Opportunities [An Cánachas i dTimpeallacht Oibre atá ag éirí níos soghluaiste: Dúshláin agus Deiseanna], ó Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin “an tArdán um Dhea-Rialachas Cánach”.

(8)  Féach Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an 14 Feabhra 1995 i gCás C-279/93 Schumacker.

(9)  Tax compliance costs for SMEs: An update and a complement: final report [Costais FBManna maidir le comhlíonadh cánach: nuashonrú agus comhlánú: tuarascáil chríochnaitheach], 2022.

(10)  Updated guidance on tax treaties and the impact of the COVID-19 pandemic [Treoir nuashonraithe maidir le conarthaí cánach agus tionchar phaindéim COVID-19] OECD Secretariat analysis of tax treaties and the impact of the COVID-19 crisis [Anailís Rúnaíocht ECFE ar chonarthaí cánach agus tionchar ghéarchéim COVID-19].

(11)  OECD Secretariat analysis of tax treaties and the impact of the COVID-19 crisis [Anailís Rúnaíocht ECFE ar chonarthaí cánach agus ar thionchar ghéarchéim COVID-19].

(12)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bacainní cánach trasteorann a dhíchur do shaoránaigh an Aontais, (COM(2010) 769 final), lch. 4 (níl leagan Gaeilge ann): saoránaigh de chuid an Aontais a bhogann thar lear chun obair a dhéanamh go sealadach nó go buan nó trasna teorainneacha gach lá le dul chun na hoibre, déanann siad gearán thar aon rud eile faoi na deacrachtaí a bhaineann le liúntais, faoisimh chánach agus asbhaintí a fháil ó údaráis chánach eachtracha. Déanann siad gearán go minic freisin faoi rátaí cánach forchéimnitheacha níos airde a chuirtear i bhfeidhm ar neamhchónaitheoirí agus faoi chánachas níos airde ar ioncam eachtrach. Luaitear fadhbanna a bhaineann le cánachas dúbailte go minic freisin, a eascraíonn as coinbhleachtaí maidir le cónaí chun críoch cánach, teorainneacha ar an méid creidmheasa atá ar fáil faoi chonarthaí déthaobhacha um chánachas dúbailte agus fiú easpa conarthaí den sórt sin i gcásanna áirithe.

(13)  Beidh ar oibrithe a bhfuil cónaí orthu go buan i mBallstát eile seachas an tír ina bhfuil an gnólacht lonnaithe, agus a oibríonn go cianda, aghaidh a thabhairt ar roinnt mhaith ceisteanna i ndiaidh na paindéime, amhail: cén córas slándála sóisialta a bheidh infheidhme; cén údarás cánach a mbeidh ar an bhfostóir cánacha a íoc ar ioncam; an mbeidh an fostóir in ann leanúint den cháin iarchoimeádta a dhéanamh; an mbeidh gá an caidreamh fostaíochta a chlárú leis na hoifigí fostaíochta inniúla i dtír chónaithe nua an oibrí; cén reachtaíocht saothair ba cheart a bheith i bhfeidhm maidir leis an gcaidreamh fostaíochta etc.

(14)  Ways to tackle cross-border tax obstacles facing individuals within the EU [Bealaí chun dul i ngleic leis na bacainní cánach trasteorann atá os comhair daoine aonair laistigh den Aontas].

(15)  Is é is aidhm don scéim cúitimh a forbraíodh le haghaidh cánachas corparáideach idirnáisiúnta cuid den bhrabús i gcuideachtaí an-bhrabúsacha a leithdháileadh ar an tír díolacháin (Méid A i gColún 1). Tá sé tábhachtach go mbeadh aon scéim cúitimh idir tíortha de bharr teilea-obair trasteorann chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gurb iad líon na laethanta agus an t-ioncam tuillte na príomhpharaiméadair a chuirfear san áireamh.

(16)  Chuir an tAontas ionad ilfhreastail CBL (MOSS) ar bun chun an t-ualach ar ghnólachtaí a bhíonn ag díol le tomhaltóirí i mBallstáit eile de chuid an Aontais a laghdú. Cuireann ionad ilfhreastail ar chumas gnólachtaí tuairisceán CBL amháin a chur isteach ina ndearbhaítear na díolacháin i mBallstáit iomadúla, seachas ceangal a bheith orthu clárú le haghaidh CBL i ngach tír.

(17)  Ways to tackle cross-border tax obstacles facing individuals within the EU [Bealaí chun dul i ngleic leis na bacainní cánach trasteorann atá os comhair daoine aonair laistigh den Aontas].

(18)  Aithníonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt freisin ar an tionchar ar shochair amhail pinsin etc., má roinntear ranníocaíochtaí slándála sóisialta idir tíortha. D’fhéadfadh sé go ndíreoidh CESE ar an ábhar sin amach anseo.