20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 484/13


MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 13 Nollaig 2022

do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Oesterreichische Nationalbank

(BCE/2022/44)

(2022/C 484/02)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an BCE agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 37(1) d’Acht Cónaidhme na hOstaire maidir le Oesterreichische Nationalbank go dtoghann Cruinniú Ginearálta Oesterreichische Nationalbank iniúchóir seachtrach amháin agus iniúchóir seachtrach malartach amháin ar feadh tréimhse ilbhliantúil cúig bliana, ar a mhéad. Ní thabharfar sainordú don iniúchóir seachtrach malartach ach amháin i gcás nach mbeidh an t-iniúchóir seachtrach in ann an t-iniúchadh a dhéanamh.

(3)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóir seachtrach reatha Oesterreichische Nationalbank, Ernst & Young Wirtschaftsprüfungsgesellschaft m.b.H., agus le sainordú iniúchóir seachtrach malartach reatha, Deloitte Audit Wirtschaftsprüfungs GmbH, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023.

(4)

Tá BDO Austria GmbH Wirtschaftsprüfungs- und Steuerberatungsgesellschaft roghnaithe ag Oesterreichische Nationalbank mar iniúchóir seachtrach do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027. Roghnóidh Oesterreichische Nationalbank a iniúchóir seachtrach malartach ag tráth níos déanaí,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí BDO Austria GmbH Wirtschaftsprüfungs- und Steuerberatungsgesellschaft mar iniúchóirí seachtracha ar Oesterreichische Nationalbank do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 13 Nollaig 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE