7.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 153/7


MOLADH ÓN M BANC CEANNAIS EORPACH

an 29 Márta 2022

do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas

(ECB/2022/15)

(2022/C 153/02)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an BCE agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Lietuvos bankas, Ernst & Young Baltic UAB, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh do na blianta airgeadais 2022.

(3)

Tá UAB ROSK Consulting roghnaithe ag Lietuvos bankas mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2022 go dtí 2024,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí UAB ROSK Consulting mar iniúchóirí seachtracha ar Lietuvos bankas do na blianta airgeadais 2022 go dtí 2024.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 29 Márta 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE