|
28.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 149/11 |
P9_TA(2022)0357
Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Laima Liucija Andrikienė
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Laima Liucija Andrikienė a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0301/2022 – 2022/0807(NLE))
(Comhairliúchán)
(2023/C 149/08)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0301/2022), |
|
— |
ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0239/2022), |
|
A. |
de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 24 Lúnasa 2022, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Laima Liucija Andrikienė a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Laima Liucija Andrikienė, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Laima Liucija Andrikienė, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a seoladh chuici; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Laima Liucija Andrikienė ina dhiaidh sin, an 6 Deireadh Fómhair 2022, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna a chuir comhaltaí an choiste ina dhiaidh sin; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Laima Liucija Andrikienė ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |