|
7.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 47/268 |
P9_TA(2022)0281
Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le Riail 216 maidir le cruinnithe coiste
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 ar leasú ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le Riail 216 maidir le cruinnithe coiste (2022/2069(REG))
(2023/C 47/24)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don litir óna hUachtarán an 9 Meitheamh 2022, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0203/2022), |
|
1. |
á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos; |
|
2. |
á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a nglactha: |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas. |
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán. |
1. Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán. |
|
|
Nuair atá cruinniú den sórt sin á chomóradh, féadfaidh an Cathaoirleach a chinneadh, de réir an cháis agus le formheas comhordaitheoirí is ionann le tromlach chomhaltaí an choiste, go bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú freisin, seachas cruinnithe coiste atá le tionól i seomra iata. |
|
Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre. Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe. |
Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre , ina luafar cibé acu an bhféadfar nó nach bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú . Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe. |
Leasú 2
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2) maidir le leithdháileadh ama labhartha . |
4. Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2). Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an dara habairt de Riail 171(2) maidir le Feisirí atá ag freastal go cianda ar an gcruinniú . |
Leasú 3
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 5 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||||||||
|
|
5a. I gcás rannpháirtíocht chianda, áiritheofar:
|