An Bhruiséil,22.11.2022

COM(2022) 900 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH

maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2023: Measúnú Foriomlán




Achoimre feidhmiúcháin

Déantar achoimre sa Teachtaireacht seo ar mheasúnú an Choimisiúin ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023 arna gcur isteach ag Ballstáit an limistéir euro agus ag an gCróit, agus ar an staid bhuiséadach fhoriomlán sa limistéar euro, lena n‑áirítear an staid fhioscach chomhiomlán, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013.

Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún, déantar an suaitheadh maicreacnamaíoch a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin a mheas, chomh maith leis na himpleachtaí fadtéarmacha a bhaineann leis do riachtanais slándála fuinnimh an Aontais agus cur i bhfeidhm leanúnach chlásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis in 2023. Tá an measúnú bunaithe ar na moltaí maidir leis an mbeartas fioscach a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Is féidir achoimre a dhéanamh ar an treoraíocht sin mar seo a leanas. I gcás 2023, ba cheart do na Ballstáit ag a bhfuil ardleibhéal fiachais beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma. Ba cheart do na Ballstáit ag a bhfuil fiachas íseal/meánach orthu a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le staid beartais foriomlán atá neodrach. Sa dá chás, sa mheasúnú ar chomhlíonadh na treoraíochta fioscaí ba cheart tacaíocht shealadach leanúnach agus spriocdhírithe a chur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Iarradh ar na Ballstáit uile a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Moladh dóibh infheistíocht phoiblí a leathnú freisin le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus as cistí eile de chuid an Aontais.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023 agus ar an measúnú ar an staid fhioscach don limistéar euro mar seo a leanas:

1.De réir réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún, tuartar nach mbainfidh fás eacnamaíoch ach 0.3 % amach, méid atá beag ach dearfach go fóill féin, sa limistéar euro in 2023, le linn boilsciú ard agus normalú beartas fioscach agus airgeadaíochta. Is gnách go mbíonn cásanna maicreacnamaíocha níos fabhraí sna Dréachtphleananna Buiséadacha.

2.In 2022, lean easnaimh rialtais de bheith ag laghdú go mór ó na buaicphointí a baineadh amach in 2020 (7 % de OTI sa limistéar euro), mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch láidir agus deireadh a chur le bearta éigeandála sealadacha COVID-19. Mar sin féin, in 2022, meastar go mbeidh na heasnaimh os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019 i mBallstáit uile an limistéir euro (3.5 % de OTI sa limistéar euro). Eascraíonn sé sin ó bhearta sealadacha iarmharacha a bhaineann leis an bpaindéim, ó bhearta téarnaimh, ó bhearta leathnaithe neamhshrianta eile agus ó na bearta nua a glacadh chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Meastar gurb é 1.3 % de OTI glanchostas buiséadach ar an gceann deireanach sin. Níl ach níos lú ná 30 % de na bearta sin spriocdhírithe. Is bearta praghais iad thart ar dhá thrian de na bearta fuinnimh, rud a d’fhéadfadh dreasachtaí a laghdú chun ídiú fuinnimh a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Meastar go bhfanfaidh an teasnamh os cionn 3 % de OTI i ndeich mBallstát sa limistéar euro in 2022.

3.In 2023, cé go léiríonn na Dréachtphleananna Buiséadacha go bhfuil easnamh breise sa limistéar euro, meid atá gar do 3.2 % den OTI, tá méadú suas le 3.7 % tuartha ag an gCoimisiún. Léiríonn an difríocht sin saincheist ama freisin, ós rud é gur ullmhaíodh roinnt Pleananna i bhfad roimh réamhaisnéis an Choimisiúin.

4.Tá á thuar faoi láthair gurb é 0.9 % de OTI glanchostas buiséadach na mbeart fuinnimh do 2023 sa limistéar euro. Tá an réamh-mheastachán sin á thiomáint chun cinn den chuid is mó ag na pacáistí beartais bliana iomlána suntasacha a d’fhógair roinnt de na Ballstáit mhóra. San am céanna, níor fhógair roinnt de na Ballstáit go fóill aon bheart fuinnimh do 2023 nó níor fógraíodh go rachaidh a mbearta in éag go luath in 2023. Dá gcoinneofaí na bearta fuinnimh a fógraíodh cheana féin i bhfeidhm don bhliain iomlán, d’fhéadfadh méadú isteach agus amach le 1 % den OTI teacht ar a nglanchostas.

5.Tá coinne le go leanfaidh an cóimheas fiachais-OTI de bheith ag laghdú go dtí thart ar 92 % sa limistéar euro in 2023 (in aghaidh 99 % in 2020), de réir na nDréachtphleananna Buiséadacha agus réamhaisnéis an Choimisiúin araon. Sa ghearrthéarma, an fás ainmniúil ard atá ann mar thoradh ar an mboilsciú ard tá sé ag tacú leis an laghdú ar an gcóimheas fiachais. Éiríonn an difreálach fáis úis níos fabhraí, go háirithe i mBallstáit a bhfuil ardfhiachais orthu, toisc gur de réir a chéile a imríonn rátaí úis níos airde tionchar ar an gcaiteachas úis níos airde, agus sin mar gheall ar aibíocht fhada na bhfiach poiblí. In 2023, meastar go leanfaidh sé Bhallstát den limistéar euro de chóimheas fiachais os cionn 100 % de OTI a bheith acu (an Bheilg, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil), agus tuartar nach mbeidh méadú breise ann ach don Bheilg amháin.

6.Meastar gur léir go leanfaidh staid fhioscach an limistéir euro de bheith leathnaitheach in 2022, faoi isteach agus amach le 2¼ % den OTI, ag leanúint de bheartas leathnaitheach in 2020 (¼ % de OTI) agus in 2021 (1¼ % den OTI). Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an tathrú ar ghlanchaiteachas príomhúil i gcoibhneas le fás ionchasach meántéarmach. Áirítear ann gach beart a bhaineann le fuinneamh a d’fhógair Ballstáit an limistéir euro ach ní áirítear leis bearta éigeandála sealadacha COVID-19. Is é an méadú ar ghlanchaiteachas reatha príomha (gar do 2 phointe céatadáin de OTI) is cúis le formhór an tseasaimh fhorleathnaithigh sin, rud is léir ó dhá thrian de na bearta thuasluaite chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú.

7.Tá coinne le go dtabharfar tuilleadh tacaíochta don téarnamh agus don aistriú glas agus don aistriú digiteach in 2022 trí infheistíocht agus caiteachas arna maoiniú go náisiúnta agus arna maoiniú ag deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais (thart ar ¼ phointe céatadáin de OTI).

8.I gcás 2023, meastar go mbeidh staid fhioscach an limistéir euro neodrach den chuid is mó, tar éis leathnú carnach fioscach de 3¾°% de OTI sa tréimhse 2020-2022. Tá sé beartaithe go gcuirfidh glanchaiteachas reatha príomha ranníocaíocht bheag chrapthach ar fáil do sheasamh fioscach an limistéir euro in 2023, i ngeall ar ghlantionchar níos ísle na mbeart a bhaineann le fuinneamh i gcomparáid le 2022.

9.Maidir le hinfheistíocht agus caiteachas arna maoiniú go náisiúnta agus arna maoiniú ag deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais, tá sé beartaithe tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’fhás an limistéir euro in 2023 (faoi ¼ pointe céatadáin de OTI), rud a chuirfidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis an tslándáil fuinnimh.

10.Staid fhioscach an limistéir Euro atá tuartha le haghaidh 2023, chomh maith leis na forbairtí foluiteacha ar ghlanchaiteachas reatha príomha agus ar infheistíocht, tá siad i gcomhréir, tríd is tríd, leis na moltaí ón gComhairle an 12 Iúil 2022 agus leis an ráiteas ón nGrúpa Euro maidir le freagairt an bheartais fhioscaigh ar phraghsanna arda fuinnimh agus ar bhrúnna boilscitheacha an 3 Deireadh Fómhair2022. Iarradh sa dara ráiteas go staonfaí ó bheartais a chuirfeadh leis an mbrú boilscitheach. Mar sin féin, i bhfianaise na héiginnteachta maidir le praghsanna fuinnimh a fhorbairt agus an easpa faisnéise maidir le fadú féideartha na mbeart fuinnimh go 2023 do bhunús na mBallstát, tá baol ann go bhféadfadh an staid fhioscach a bheith níos leathnaithe ná mar atá tuartha faoi láthair

Sna Tuairimí ón gCoimisiún maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2023, dírítear ar an gcomhsheasmhacht leis na Moltaí ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Níl Tuairim le foilsiú ag an gCoimisiún maidir leis Dréachtphlean Buiséadach 2023 don Iodáil ina luaitear nach mbeidh aon athrú ar bheartas, plean a thíolaic an rialtas a bhí ag dul as oifig an 10 Deireadh Fómhair. Ina ionad sin, foilseoidh an Coimisiún tuairim in am trátha maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach nuashonraithe do 2023 a bhfuil coinne leis go dtíolacfaidh an rialtas nua í go luath. Seo a leanas achoimre ar Thuairimí ón gCoimisiúin, atá bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún:

Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn)

·I gcás na Fraince, na Gréige, na Spáinne, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma, agus tacaíocht shealadach spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á cur san áireamh, mar a mhol an Chomhairle. Ní mar sin atá i gcás na Beilge, i gcás inar mó fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta ná an fás a d’fhéadfadh a bheith ann, agus tacaíocht shealadach agus spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á cur san áireamh. I gcás na Portaingéile, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta gar don fhás ionchasach meántéarmach ar aschur, ag glacadh leis an laghdú atá beartaithe i mbearta mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh, lena náirítear tacaíocht shealadach spriocdhírithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha.

·Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don tslándáil fuinnimh, lena náirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais, mar a mhol an Chomhairle. Tiocfaidh méadú ar an infheistíocht phoiblí iomlán mar chéatadán de OTI nó fanfaidh sí cobhsaí in 2023 i ndáil le 2022 sna Ballstáit uile cé is moite den Fhrainc agus den Ghréig. Tá sé beartaithe ag an mBeilg, an Fhrainc, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, toisc go meastar go dtiocfaidh méadú uirthi nó go bhfanfaidh sí cobhsaí ó 2022 go 2023. Tá ranníocaíocht an chaiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus le cistí an Aontais leis an staid fhioscach foriomlán leathnaithe nó neodrach i ngach Ballstát, seachas sa Fhrainc agus sa Ghréig.

·Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na Dréachtphleananna Buiséadacha don Fhrainc, don Ghréig agus don Spáinn i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022, cé go bhfuil plean na Beilge i gcomhréir go páirteach leis an Moladh, agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an Phortaingéil ach i gcomhréir go páirteach leis an Moladh.

Ballstáit a bhfuil fiachas íseal orthu (an Ostair, an Chróit, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an tSlóvaic)

·Ní hionann an staid foriomlán maidir leis an mbeartas fioscach in 2023 ó Bhallstát go chéile:

oLe crapadh (idir + 0.5 % agus + 2.3 % den OTI — de réir an ghnáis, de réir an ghnáis, léiríonn comhartha diúltach staid leathnaitheach): An Laitvia, Éire, an Chipir agus Málta

oNeodrach den chuid is mó (idir -0.1 % agus -0.2 % de OTI): An Chróit, an Ostair agus an Fhionlainn

oForleathnaitheach (idir -0.4 % agus -2.6 % den OTI): An Liotuáin, an Ghearmáin, an Eastóin, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an tSlóvaic

·Tá éagsúlacht ar fud na mBallstát freisin maidir le rannchuidiú a gcaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) leis an staid fhioscach foriomlán in 2023:

oCrapadh (idir + 0.4 agus + 1.7 pointe céatadáin): An Chróit, an Laitvia, Éire, an Chipir agus Málta

oNeodrach go ginearálta (thart ar nialas pointí céatadáin): An Fhionlainn agus an Ísiltír

oLeathnaitheach (idir -0.3 % agus -1.7 pointe céatadáin): An Ostair, an Liotuáin, an Ghearmáin, an Eastóin, Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. I ngach cás, ní hamhlaidh atá mar gheall ar thacaíocht shealadach agus spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.

·Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don tslándáil fuinnimh, lena náirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais, mar a mhol an Chomhairle. Tiocfaidh méadú ar an infheistíocht phoiblí iomlán mar chéatadán de OTI nó fanfaidh sí cobhsaí in 2023 i ndáil le 2022 sna Ballstáit uile a bhfuil fiachas meánach orthu. Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, cé is moite den Chipir, den Laitvia agus de Mhálta, áit a meastar go dtiocfaidh laghdú uirthi ó 2022 go 2023. Tá ranníocaíocht an chaiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus le cistí an Aontais leis an staid fhioscach foriomlán leathnaithe nó neodrach i ngach Ballstát, cé is moite den Ghearmáin.

·Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na Dréachtphleananna Buiséadacha don Chróit, don Chipir, don Fhionlainn, d’Éirinn, don Laitvia agus do Mhálta i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Tá Dréachtphleananna Buiséadacha na hOstaire, na Liotuáine, na Gearmáine, na hEastóine, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Slóvaice i gcomhréir go páirteach leis an Moladh.

Cé go bhfuil bearta fuinnimh á gcur in úsáid go tapa ag na Ballstáit mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú na mbeart tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndíreoidh na Ballstáit bearta den sórt sin ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh.



I.Réamhrá 

Cuid thábhachtach den chreat rialachais eacnamaíoch san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta is ea beartais bhuiséadacha náisiúnta a chomhordú 1 . Chun an comhordú sin a chumasú, cuireann Ballstáit an limistéir euro a nDréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh na bliana dár gcionn faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro faoi lár mhí Dheireadh Fómhair. Déantar achoimre sna pleananna sin ar na dréachtbhuiséid atá beartaithe ag rialtais a chur faoi bhráid na bparlaimintí náisiúnta. Tugann an Coimisiún Tuairim maidir le gach plean, ina measúnaítear an bhfuil an plean i gcomhréir le hoibleagáidí an Bhallstáit faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Cuireann na Tuairimí ón gCoimisiún comhairle bheartais ar fáil do rialtais náisiúnta agus cuireann siad na parlaimintí náisiúnta ar an eolas d’fhonn cabhrú le buiséid a ghlacadh i gcomhréir le rialacha fioscacha an Aontais agus le moltaí ón gComhairle. Beidh an Chróit ina Ballstát den limistéar euro an 1 Eanáir 2023 agus tá cinneadh déanta aici, ar bhonn deonach, a Dréachtphlean Buiséadach do 2023 a thíolacadh. Dá bhrí sin, tá plean na Cróite san áireamh sa Teachtaireacht seo agus thug an Coimisiún Tuairim ina leith. Thíolaic rialtais na hIodáile agus na Laitvia, a bhfuil deireadh tar éis teacht lena réimeas, Dréachtphleananna Buiséadacha bunaithe ar bheartais nár raibh athrú orthu; dá bhrí sin, ní spriocanna beartais iad figiúirí buiséadacha 2023 do na tíortha sin a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo. Tá measúnú foriomlán curth ar fáil ag an gCoimisiún freisin ar an staid bhuiséadach agus ar na hionchais don limistéar euro ina iomláine.

Tá an measúnú ón gCoimisiún nasctha go docht leis na moltaí maidir leis an mbeartas fioscach a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Tá gá le síneadh a chur le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis go ceann deireadh 2023, a chuir an Coimisiún agus an Chomhairle i ngníomh i mí an Mhárta 2020, mar gheall ar an éiginnteacht mhéadaithe agus na rioscaí láidre ar an taobh thíos i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, rud nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo 2 . Sa chomhthéacs sin, ceapadh moltaí fioscacha na Comhairle i dtéarmaí cáilíochtúla le bonn taca cainníochtúil, agus roinnt difreálacha tábhachtacha bunaithe ar dhúshláin fiachais phoiblí na mBallstát ag gabháil leo.

I gcás 2023, dírítear sna moltaí ón gComhairle ar threo foriomlán agus ar chomhdhéanamh an tseasaimh fhioscaigh, lena n‑áirítear caiteachas arna chistiú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais. Tá bearta éigeandála sealadacha COVID-19 eisiata ón staid fhioscach. Mhol an Chomhairle gur cheart do na Ballstáit ag a bhfuil ardleibhéal fiachais (an Bheilg, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil) beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma. Moladh do na Ballstáit ag a bhfuil fiachas íseal/meánach orthu a áirithiú go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le staid beartais foriomlán atá neodrach. Sa dá chás, iarradh sna moltaí tacaíocht shealadach leanúnach agus spriocdhírithe a chur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ba cheart do na Ballstáit uile a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Moladh do na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí a leathnú freisin le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as RRF agus as cistí eile de chuid an Aontais.

Le linn na tréimhse tar éis 2023, moladh do na Ballstáit uile beartas fioscach a shaothrú atá dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach. Moladh freisin do na Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu laghdú inchreidte céimseach ar fhiachas agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma trí chomhdhlúthú céimseach agus trí infheistíocht agus athchóirithe.

Tá dhá chuspóir ag an Teachtaireacht seo. Ar an gcéad dul síos, tugann sé léargas comhiomlán ar an mbeartas buiséadach ar leibhéal an limistéir euro, ag cur le measúnú trastíre ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023. Ar an dara dul síos, tugtar forléargas ann ar na Dréachtphleananna Buiséadacha ar leibhéal na tíre agus mínítear ann cur chuige an Choimisiúin maidir le measúnú a dhéanamh orthu, agus béim ar leith á leagan ar na bearta buiséadacha chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh a thóg rialtais, nó a fógraíodh go hinchreidte, agus ar bhearta cáilíochta fuinnimh.

 Tábla 1: Achoimre ar an measúnú ar chomhsheasmhacht na nDréachtphleananna Buiséadacha 2023 leis na Moltaí ón gComhairle

Staid fhioscach fhoriomlán

Ranníocaíocht an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta leis an staid fhioscach

Agus aird á tabhairt ar chostais spriocdhírithe a bhaineann le fuinneamh agus dídeanaithe: níl aon athrú ar chonclúid

Fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiníú go náisiúnta faoi bhun an fháis a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma ar aschur

Agus aird á tabhairt ar chostais spriocdhírithe a bhaineann le fuinneamh agus dídeanaithe: níl aon athrú ar chonclúid

Infheistíocht phoiblí don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus don tslándáil fuinnimh

Measúnú Foriomlán

Infheistíochtaí arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú

Ranníocaíocht an chaiteachais arna mhaoiniú ag deontais RRF agus ag cistí an Aontais

Ballstáit a bhfuil fiachais íseala/mheánacha orthu

an Ostair

*

an Chróit

*

an Chipir

*

an Eastóin

*

an Fhionlainn

*

an Ghearmáin

*

Éire

*

an Laitvia

*

an Liotuáin

*

Lucsamburg

*

Málta

*

an Ísiltír

*

an tSlóivéin

*

an tSlóvaic

*

Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu

an Bheilg

*

*

an Fhrainc

*

*

an Ghréig

*

*

an Phortaingéil

*

*

1

an Spáinn

*

*

* Níor áiríodh sa tábla seo ach na heilimintí atá ábhartha do chomhsheasmhacht na mBallstát leis na Moltaí ón gComhairle. Maidir le fiachas íseal/meánach, ní bhaineann an Moladh le fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta faoi bhun an fháis a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma ar aschur, agus i gcás Ballstát a bhfuil ardfhiachais air, ní thagraíonn an Moladh don staid fhioscach fhoriomlán ná do rannchuidiú an chaiteachais phríomhúil reatha arna mhaoiniú go náisiúnta leis an staid fioscach.

1 I gcás na Portaingéile, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta gar don fhás ionchasach meántéarmach ar aschur, ag glacadh leis an laghdú atá beartaithe i mbearta mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh, lena n‑áirítear tacaíocht shealadach spriocdhírithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha.

II. Príomhthorthaí an limistéir euro

An t‑ionchas eacnamaíoch

Graf 2.1An limistéar euro: fíorfhás OTI, 2019-2023 (%)

Nóta: Níor chuir an Fhrainc Cláir Chobhsaíochta 2022 isteach, mar sin níl sé san áireamh i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 le haghaidh an limistéir euro.

Foinsí: Dréachtphleananna Buiséadacha 2023 (DBP 2023), réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún Eorpach (AF2022), agus Cláir Chobhsaíochta 2022 (SP2022)

Lean geilleagar an limistéir euro dá théarnamh láidir tar éis na paindéime in 2022, ach tá coinne le go dtiocfaidh borradh mór faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch in 2023, agus sin le linn boilsciú ard. I dtéarmaí ráithiúla, shroich fíor-OTI an limistéir euro a leibhéal roimh an bpaindéim (an ráithe dheireanach de 2019) cheana féin sa tríú ráithe de 2021, a bhuí leis an staid sláinte fheabhsaithe agus tacaíocht éifeachtach beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. D’fhan an ghníomhaíocht eacnamaíoch athléimneach suas go dtí an tríú ráithe de 2022, in ainneoin tréimhsí cinn suntasacha. Chuir drochiarmhairtí chogadh fogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine, leis an laghdú ar sholáthar gáis nádúrtha a rinne an Rúis go dtí an Eoraip, leis na scrogaill atá ann cheana agus leis an gcur isteach ar shlabhraí soláthair domhanda. Mar thoradh ar phraghsanna fuinnimh a bheith ag dul i méid, tá boilsciú ICPT an limistéir euro ag leibhéil thar a bheith ard (10.6 % i mí Dheireadh Fómhair 2022) agus tá méadú tagtha ar dhifreálacha boilscithe i measc na mBallstát mar gheall ar mheascáin fuinnimh náisiúnta éagsúla agus bearta neamhchothroma beartais fhioscaigh. D’ainneoin an bhoilscithe aird, lean an tomhaltas príobháideach de bheith ag téarnamh sna chéad trí ráithe de 2022, a bhuí le hathoscailt na seirbhísí teagmhála uile, an t‑éileamh a bhaineann leis an gcoigilteas ard a bhí ann san am a chuaigh thart a carnadh in 2020 agus in 2021 agus tacaíocht na rialtas chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Mar sin féin, tá tionchar suntasach ag suaitheadh praghsanna fuinnimh ar théarmaí trádála gheilleagar an limistéir euro agus, dá réir sin, ar fhíorioncam indiúscartha na dteaghlach agus ar fhíorbhrabúis gnólachtaí. Tuartar gurb é an toradh a bheidh air sin go mbeidh tomhaltas príobháideach níos ísle agus infheistíocht níos ísle ann sna ráithí atá le teacht. Cuireadh moill ar an infheistíocht cheana féin mar gheall ar éiginnteacht ard agus coinníollacha maoiniúcháin nach bhfuil chomh fabhrach céanna, agus thacaigh téarnamh na turasóireachta eachtraí le honnmhairí. Léiríonn na táscairí atá ar fáil go bhfuil an móiminteam á chailleadh ar bhonn leanúnach, agus tá an chuma ar an scéal go beidh cúlú teicniúil ann de réir réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún má tharlaíonn sé go mbeidh dhá léamh dhiúltacha ar fhíor-OTI sa ráithe dheireanach de 2022 agus sa chéad ráithe de 2023. In 2022 ina iomláine, tuartar go dtiocfaidh fás 3.2 % ar gheilleagar an limistéir euro, tar éis an téarnaimh 5.3 % a taifeadadh in 2021. Mar thoradh air sin, in 2022, meastar go mbeidh an fíorleibhéal bliantúil OTI níos mó ná 2 phointe os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019.

Na réamh-mheastacháin maicreacnamaíocha is bun leis na Dréachtphleananna Buiséadacha agus réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún, tá siad gar do 2022 ach tá difríocht shuntasach eatarthu i gcás 2023. Na réamh-mheastacháin maidir le fíorfhás OTI an limistéir euro ag 3.4 % in 2022 sna Dréachtphleananna Buiséadacha, níl siad ach beagán níos fabhraí ná mar a bhí i réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún (Graph 2.1 agus Iarscríbhinn Tábla IV.1). I gcas 2023, cé go bhfuil coinne ag réamhaisnéis an Choimisiúin go mbeidh geilleagar an limistéir euro marbhántach den chuid is mó, agus fás 0.3 % ann, tá na Dréachtphleananna Buiséadacha fós ag tuar go leanfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch de bheith ag taispeáint fás láidir, cé go bhfuil sé i bhfad níos ísle (1.6 %) ná mar a bhí in 2022. Bhí Cláir Chobhsaíochta 2022 níos dóchasaí fós, agus tuaradh go mbeadh fás eacnamaíoch ag 2.6 % in 2023.

Tá rioscaí don fhás eacnamaíoch in 2023 claonta ar an taobh thíos, mar gheall ar bhrúnna ard boilscitheacha, srianta ar sholáthar fuinnimh agus géarú ar choinníollacha airgeadais. Le teannas geopholaitiúil, agus go háirithe le cogadh foghach seo na Rúise. in aghaidh na hÚcráine, tá éiginnteacht mhór ann do gheilleagar an limistéir euro. Ba cheart go mbeadh an soláthar gáis leordhóthanach don gheimhreadh atá le teacht, ach beidh gá le tuilleadh infheistíochta chun slándáil fuinnimh mharthanach a áirithiú agus dlús a chur leis an aistriú glas. D’fhéadfadh an boilsciú éirí níos daingne agus meá a dhéanamh ar an téarnamh, agus d’fhéadfadh costais iasachtaíochta cur leis na leochaileachtaí airgeadais atá ann cheana san earnáil chorparáideach, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfás. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith ag neamhréireacht fhéideartha idir cuspóirí beartais fhioscaigh agus airgeadaíochta. Ar deireadh, tá rioscaí a eascraíonn as an ngeilleagar domhanda tábhachtach i gcónaí.

Ionchas fioscach

Graf 2.2An limistéar euro: easnamh ceannlíne, 2019-2023 (% de OTI)

Nóta: Ní áirítear sonraí don Fhrainc i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 an limistéir euro, ós rud é nár chuir an Fhrainc Clár Cobhsaíochta isteach in 2022.

Foinsí: Dréachtphleananna Buiséadacha 2023 (DBP 2023), réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún Eorpach (AF2022), agus Cláir Chobhsaíochta 2022 (SP2022)

Leis na Dréachtphleananna Buiséadacha, tuartar go dtiocfaidh laghdú breise ar easnamh an limistéir euro in 2023, agus sa réamhaisnéis ón gCoimisiún, tá coinne le méadú éadrom (Graph 2.2 agus Iarscríbhinn IV.2). Tar éis titim ó 7 % de OTI in 2020 go 5.1 % in 2021, meastar go dtiocfaidh laghdú arís ar an easnamh sa limistéar euro in 2022 de réir na nDréachtphleananna Buiséadacha agus réamhaisnéis an Choimisiúin (go 3.9 % agus 3.5 % de OTI, faoi seach). Mar sin féin, d’fhanfadh easnamh 2022 i bhfad níos airde ná an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019 sa limistéar euro (0.6 % de OTI), agus mar gheall freisin ar chaiteachas reatha neamhshrianta breise a glacadh tar éis na paindéime. Le haghaidh 2023, léiríonn na Dréachtphleananna Buiséadacha laghdú 0.7 % eile ar an easnamh OTI sa limistéar euro, go 3.2 %. Mar sin féin, tá an réamh-mheastachán easnaimh sin níos fabhraí ná mar a thuarann an Coimisiún, ina ionad sin, meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 pps ar easnamh OTI an bhliain seo chugainn, go 3.7 %. Tá an méadú beag sin á bhrú chun cinn ag cobhsaitheoirí fioscacha uathoibríocha i bhfianaise an mhoillithe eacnamaíoch a bhfuil leis, caiteachas úis níos airde agus easnamh ioncaim mar gheall ar chomhdhéanamh fáis nach bhfuil chomh mór céanna ó thaobh cánach de 3 . Tá na fachtóirí sin a mhéadaíonn easnaimh socraithe chun glanchostais bhuiséadacha níos ísle na mbeart a bhaineann le fuinneamh a fhritháireamh - ag brath ar dheireadh a chur le cuid de na bearta a bhaineann le fuinneamh le linn 2023 (ó 1.3 % de OTI in 2022 go 0.9 % in 2023) - agus céimniú amach iomlán beart éigeandála sealadach COVID-19 (meastachán ag 0.9 % de OTI in 2022 - Iarscríbhinn IV.4). Tá easnamh níos ísle beartaithe ag formhór Bhallstáit an limistéir euro in 2023 i gcomparáid le 2022. Tá laghduithe os cionn 1 phointe céatadáin de OTI beartaithe sa Ghréig (faoi 2.1 pps, go 2.1 %), sa Ghearmáin (faoi 1.6 pointe céatadáin, go 2 %), agus sa Spáinn (faoi 1.1 pointe céatadáin, go 3.9 %). Léiríonn na réamh-mheastacháin níos airde i réamhaisnéis an Choimisiúin saincheist ama freisin, ós rud é gur ullmhaíodh roinnt Dréachtphleananna Buiséadacha i bhfad roimh réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Tá easnamh os cionn 3 % de OTI measta ag deich mBallstát sa limistéar euro in 2023, lena náirítear ceithre Bhallstát ardfhiachais (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil).

Graf 2.3An limistéar euro: fiachas poiblí, 2019-2023 (% de OTI)

Nóta: Níor chuir an Fhrainc Cláir Chobhsaíochta 2022 isteach, mar sin níl sé san áireamh i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 le haghaidh an limistéir euro.

Foinsí: Dréachtphleananna Buiséadacha 2023 (DBP 2023), réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún Eorpach (AF2022), agus Cláir Chobhsaíochta 2022 (SP2022)

Léirítear sna Dréachtphleananna Buiséadacha agus sa réamhaisnéis ón gCoimisiún go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2022 agus 2023 (Graph 2.3 agus Iarscríbhinn IV.3). Tuartar sna Dréachtphleananna Buiséadacha go mbeidh an cóimheas fiachais   4 cothrom le 94 % de OTI in 2022 (laghdú ó 97 % in 2021) agus go dtiocfaidh laghdú breise air in 2023, go dtí thart ar 92 % 5 . Tríd agus tríd, is ionann an réamh-mheastachán seo agus an réamh-mheastachán a rinneadh i réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún. Rachaidh an teasnamh príomhúil trom ar dhinimic fiachais sa limistéar euro in 2023 (Graph 2.4).

Mar gheall ar an mboilsciú ard, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an difreálach fáis rátaí úis fabhrach in 2023, rud a chuirfidh le laghdú an fhiachais. An tiontas mar gheall ar bhoilsciú ard (arna thomhas leis an díbhoilsceoir OTI), is é is cis leis an méadú ar ainmneoir an chóimheasa fiachais-OTI, cé go bhfuil tionchar ag rátaí úis níos airde ar an uimhreoir trí chaiteachas úis níos airde, ach sin de réir a chéile, mar gheall ar aibíocht réasúnta fada na bhfiach poiblí sa limistéar euro.  6 An ‘éifeacht charnach’ sin, atá ag laghdú an fhiachais, 7 tá sí anláidir sna Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu. In 2023, tuartar laghduithe suntasacha ar an gcóimheas fiachais-OTI sa Ghréig, sa Phortaingéil, sa Chipir agus in Éirinn, tíortha a bhfuil coinne le go léireoidh siad barrachais phríomhúla freisin. In 2023, meastar go leanfaidh sé cinn de na Ballstáit sa limistéar euro de chóimheas fiachais os cionn 100 % de OTI a bheith acu (an Bheilg, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Phortaingéil), agus tuartar nach mbeidh méadú breise ann ach don Bheilg amháin.

Tá na réamh-mheastacháin fiachais do na blianta atá le teacht faoi réir éiginnteachta atá ag dul i méad. Tugann ionsamhlúcháin stocastacha, a chuireann raon mór suaití maicreacnamaíocha i bhfeidhm timpeall ar an gcás lárnach, le tuiscint gur dócha go mbeidh cóimheas fiachais-OTI an limistéir euro idir 87 % agus 98 % de OTI in 2023, agus idir 80 % agus 102 % de OTI in 2027 (Iarscríbhinn III). Ar thaobh amháin, tá roinnt tosca ann a bhfuil tionchar acu ar an inbhuanaitheacht fhioscach. Go háirithe, táthar ag súil go mbeidh tionchar diúltach ag an timpeallacht bhoilscitheach ard ar dhinimic fhadtéarmach an fhiachais phoiblí. Sa ghearrthéarma, meastar go dtitfidh cóimheasa fiachais-OTI mar gheall ar fhás ainmniúil OTI níos airde. San fhadtéarma, beidh tionchar ag an méadú ar rátaí úis ar an dinimic fiachais as a dheireadh. I gcomhthéacs ionchais éiginnte fáis, tá an baol ann go ndéanfaidh sé sin dochar d’fhorbairtí fadtéarmacha fiachais, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme chun acmhainneacht fáis a athsheoladh agus beartais fhioscacha fhreagracha a shaothrú. Ina theannta sin, na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí poiblí a sholáthar, lena náirítear iad siúd a dheonaítear i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh don fhiachas poiblí agus d’easnaimh phoiblí má ghlaoitear orthu. 8 Ar an iomlán, bhí an leas a baineadh as iasachtaí ráthaithe ilchineálach ar fud na mBallstát agus tá méideanna tábhachtacha d’iasachtaí an stáit faoi ráthaíocht le feiceáil cheana féin roimh ráig na paindéime (Bosca 1). Ar an taobh eile, déanann roinnt tosca rioscaí inbhuanaitheachta fioscacha a mhaolú. Áirítear ar na tosca sin fadú aibíochtaí fiachais rialtais le blianta beaga anuas (féach fonóta6), foinsí maoinithe cobhsaí agus tionscnaimh de chuid an Aontais amhail an ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus, níos tábhachtaí fós, Next Generation EU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) trí infheistíochtaí a mhaoiniú agus athchóirithe spreagtha fáis a mhaoiniú. Thairis sin, tá sciartha móra den fhiachas rialtais, sa raon idir 10 % agus 35 % i gcás fhormhór thíortha an limistéir euro 9 , i seilbh an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais.

Graf 2.4Dianscaoileadh an athraithe ar an gcóimheas fiachais, 2023 (sochair OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh



Bosca 1. Ráthaíochtaí i nDréachtphleananna Buiséadacha 2023 

Bhí ráthaíochtaí rialtais agus cineálacha eile tacaíochta leachtachta, go háirithe iarchur cánach agus iasachtaí, ina gcuid thábhachtach de bhearta tacaíochta mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Léirítear sa tuairisciú sna Dréachtphleananna Buiséadacha go bhfuil formhór na mbeart gearrthéarmach sin imithe in éag anois; ina theannta sin, de ghnáth d’fhan méid na ráthaíochtaí a eisíodh go fíor níos ísle (agus go minic i bhfad níos ísle) ná uasmhéid na scéimeanna ráthaíochta a fógraíodh ar dtús. Tá eisiúint charnach na ráthaíochtaí a bhaineann le COVID-19 ó 2020 i leith i bhfad níos ísle ná mar a rinneadh le linn na géarchéime airgeadais domhanda. Mar sin féin, le heisiúint ráthaíochtaí in 2020 agus 2021, bíodh siad nasctha go díreach le géarchéim COVID-19 nó ná bíodh, rinneadh difear follasach do leibhéal na ndliteanas teagmhasach gan íoc i roinnt Ballstát sa limistéar euro, go háirithe san Iodáil, sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Fhionlainn (féach graf B1.1).

Graf B1.1 limistéar Euro: Stoc ráthaíochtaí rialtais, 2019-2021 (% de OTI)

Faoi láthair, níl aon tásc le sonrú sna Dréachtphleananna Buiséadacha gur tháinigbearta leachtachta forleathana as an ngéarchéim fuinnimh ná as cogadh fogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Mar sin féin, thuairiscigh roinnt Ballstát bearta den sórt sin ina bpleananna: mar shampla, chinn an Fhionlainn ráthaíochtaí, iasachtaí agus socruithe comhchosúla a eisiúint d’earnáil an fhuinnimh, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin ráthaíochtaí a eisiúint chun tacú le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag feidhmiú ar mhargaí idirnáisiúnta fuinnimh agus tá cinneadh déanta ag Lucsamburg scéim ráthaíochta iasachta a chur ar bun chun drochiarmhairtí praghsanna fuinnimh ar chuideachtaí a mhaolú.



Freagairt fhioscach ar iarmhairtí eacnamaíocha i ngeall ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin

Tá bearta fioscacha móra glactha ag na Ballstáit mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an ngéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin in 2022. Tá réimse beartas curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun an tionchar díreach eacnamaíoch agus sóisialta mar gheall ar an méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a mhaolú. Sa chomhthéacs sin, is príomhchuspóir beartais é teaghlaigh ar ioncam íseal a chosaint agus tionscail atá trom ar úsáid fuinnmh a chosaint ar an luaineacht thobann maidir leis na praghsanna sin. De réir réamhaisnéis an Choimisiúin i dtaca le glanchostas buiséadach na mbeart lánroghnach nua chun an tionchar gearrthéarmach eacnamaíoch agus sóisialta a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh a mhaolú, meastar iad a bheith cothrom le 1.3 % den OTI sa limistéar euro (Iarscríbhinn IV.5). Fógraíodh na bearta sin mar bhearta sealadacha den chuid is mó. Mar sin féin, cé go bhfuil thart ar aon trian (nó 0.4 % de OTI sa limistéar euro) de na bearta sin spriocdhírithe ar theaghlaigh agus ar na gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de (chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi a sainmhínítear na bearta sin féach roinn III, caibidil Measúnú ar bhearta do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh), ní mheastar maidir le dhá thrian díobh (nó 0.9 % de OTI sa limistéar euro, glan ar bhrabúis amhantair ag cuideachtaí fuinnimh) go bhfuil siad spriocdhírithe go maith. In 2022, meastar gurb é 0.1 % de OTI sa limistéar euro ina iomláine an costas buiséadach a bhaineann le dídean a fháil do daoine atá ag teitheadh ón Úcráin agus iad a imeascadh, tar éis chogadh fogha na Rúise, ach is ann do dhifríochtaí ó Bhallstát go chéile mar sin féin.

An rolladh siar réamh-mheasta na mbeart a bhaineann le fuinneamh in 2023, tá sé bunaithe ar na bearta a fógraíodh sna Dréachtphleananna Buiséadacha agus faoi réir éiginnteachta a bhaineann le hathruithe i bpraghsanna fuinnimh, agus ba cheart go leanfadh an costas buiséadach a bhaineann le dídean a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin de bheith sách teoranta. In 2023, de réir réamhaisnéis an Choimisiúin, tuartar go dtiocfaidh laghdú ar ghlanchostas buiséadach na mbeart a bhaineann le fuinneamh go 0.9 % de OTI sa limistéar euro, mar nach bhfuil bearta glactha (nó fógartha) ag roinnt Ballstát ach le haghaidh roinnt míonna den bhliain seo chugainn nó nach bhfuil bearta ar bith glactha acu. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí bearta nua a bhaineann le fuinneamh a shíneadh nó a ghlacadh, is dócha go méadófaí glanchostais bhuiséadacha na mbeart sin in 2023, d’ainneoin cánacha breise a thoibhítear ar bhrabúis bhreise cuideachtaí fuinnimh, de 1 % breise de OTI sa limistéar euro, a shroichfeadh gar do 2 % de OTI in 2023 (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach roinn III, caibidil Measúnú ar bhearta do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de). Meastar gurb é 0.1 % den OTI i limistéar an euro an costas buiséadach a bhaineann le dídean a fháil do daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a agus iad a imeascadh, tar éis chogadh fogha na Rúise.



Measúnú ar staid fhioscach an limistéir euro 10

Graf 2.5Staid fhioscach agus comhpháirteanna an limistéir euro, 2020-2023 (% de OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Tá staid fhioscach an limistéir euro anleathnaitheach in 2022.  Bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, lean staid fhioscach an limistéir euro de bheith ag leathnú in 2022, faoi thuairim is 2¼°% den OTI, tar éis méaduithe de 1¼°% agus d’olltáirgeacht intíre a taifeadadh in 2021 agus in 2020, faoi seach (Graph 2.5). Áirítear leis an staid fhioscach an ríog ó bhuiséid náisiúnta agus ó bhuiséid an Aontais araon, ach níl bearta éigeandála sealadacha COVID-19 san áireamh 11 . Tá gach beart a bhaineann le fuinneamh san áireamh sa staid fhioscach. Mar sin féin, i gcomhréir leis na moltaí ón gComhairle an 12 Iúil 2022, cuirtear san áireamh sa Teachtaireacht seo, agus measúnú á dhéanamh aici, tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh de agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.

Ar an iomlán, in 2022, dealraíonn sé go raibh forbairt an ghlan‑phríomhchaiteachais reatha leathnaithe go mór. Meastar go rannchuideoidh glanchaiteachas reatha príomha arna mhaoiniú go náisiúnta go mór leis an staid leathnaitheach in 2022, faoi bheagnach 2 phointe céatadáin de OTI. Baineann thart ar dhá thrian den ranníocaíocht leathnaitheach le bearta arna ndéanamh ag rialtais chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú. Is cosúil go bhfuil na bearta sin, den chuid is mó, leathan, is é sin le rá nach bhfuil siad dírithe ar ghrúpaí leochaileacha. An trian amháin atá fágtha, baineann sé leis an méadú ar ghlanchaiteachas reatha foluiteach, go háirithe aistrithe sóisialta, ag ráta os cionn an fháis ionchasaigh mheántéarmaigh. Chuidigh an treocht leathnaithe sin le tacú leis an éileamh intíre agus, san am céanna, chuir sé leis an mbrú boilscitheach agus luigh sé go trom ar staid fhioscach roinnt de na Ballstáit, lena n‑áirítear Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu. Táthar ag súil le ranníocaíochtaí leathnaitheacha breise (thart ar ¼ pointe céatadáin den OTI) in 2022 ó infheistíocht agus caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta a íoctar leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

Tar éis trí bliana de leathnú fioscach, meastar faoi láthair go mbeidh an staid fhioscach neodrach le haghaidh 2023 den chuid is mó, ach sin ag brath ar an rolladh siar atá beartaithe maidir le bearta a bhaineann le fuinneamh. Léirítear i réamhaisnéis an Choimisiúin, ina n‑ionchorpraítear faisnéis a chuirtear ar fáil sna Dréachtphleananna Buiséadacha, go mbeadh staid fhioscach an limistéir euro neodrach den chuid is mó in 2023. Ba cheart an staid sin a mheas i gcomhthéacs leathnú carnach 3¾°% de OTI sa tréimhse iar-phaindéime 2020-2022. Thairis sin, leis an staid fhoscach neodrach sin, glactar leis go ndéanfar bearta a bhaineann le fuinneamh a rolladh siar go páirteach i ndáil le 2022, rud atá faoi réir éiginnteachta (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach roinn III, caibidil Measúnú ar bhearta do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí maidir le harduithe praghsanna fuinnimh).

Tá sé beartaithe an infheistíocht agus an caiteachas a mhaoinítear le deontais RRF agus le cistí eile de chuid an Aontais a leathnú tuilleadh in 2023. Cuideoidh an leathnú breise sin ar chaiteachas lena gcuirfear leis an bhfás (faoi thuairim is ¼ % de OTI) le spleáchas ar fhuinneamh breosla iontaise allmhairithe a laghdú, go háirithe ón Rúis. Ina theannta sin, beidh tionchar dearfach ag an tacaíocht fhioscach a bhfuiltear ag súil léi d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha chomh maith le hathchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta ar fhás ionchasach agus, ar an gcaoi sin, ar inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma.

Chuirfeadh glanchaiteachas reatha ranníocaíocht bheag chraptha ar fáil in 2023. Is é an glantionchar a mheastar a bheidh ag bearta a bhaineann le fuinneamh sa limistéar euro, den chuid is mó, a mhíníonn an rannchuidiú craptha sin de thart ar ½ pointí céatadáin den OTI. Mar sin féin, féadfar an measúnú sin a athbhreithniú dá gcuirfí síneadh leis na bearta atá ann cheana nó dá n‑úsáidfí tacaíocht bhreise i gcás praghsanna fuinnimh atá ard go leanúnach.

De réir dealraimh, an staid fhioscach atá tuartha sa limistéar euro, chomh maith le forbairt fholuiteach an ghlanchaiteachais reatha phríomha agus na glaninfheistíochta, tá siad comhsheasmhach leis an moladh fioscach le haghaidh 2023. Ar an iomlán, níltear ag súil go gcuirfidh na beartais fhioscacha atá beartaithe do 2023 le brúnna boilscitheacha ar thaobh an éilimh agus go bhfeabhsófaí taobh an tsoláthair de gheilleagar an limistéir euro, rud a chomhlánódh normalú leanúnach an bheartais airgeadaíochta ag BCE.

Staid an Bheartais Airgeadaíochta

Tugtar le tuiscint le normalú beartais airgeadaíochta go dtiocfaidh méadú tapa ar rátaí polasaithe le linn boilscithe, boilsciú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Mar thoradh ar an mboilsciú a bhí ard go dtí seo, agus a shroich 10.7 % sa limistéar euro i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá méadú tapa tagtha ar rátaí polasaithe, a bhfuil méadú 2 phointe céatadáin tagtha orthu ó mhí Iúil. Cuireadh tús le normalú na rátaí polasaithe go gairid tar éis dheireadh na nglancheannach sócmhainní i dtús mhí Iúil. As seo amach, tá coinne le go dtiocfaidh méadú breise ar rátaí polasaithe (Graph 2.6). San am céanna, ba cheart leanúint d’athinfheistiú a dhéanamh ar urrúis a thagann in aibíocht faoi Chlár Ceannaigh le haghaidh Éigeandáil na Paindéime go dtí deireadh na bliana 2024, agus ba cheart na prionsabail lena rialaítear leachtú an Chláir Ceannaithe Sócmhainní a fhógairt ag cruinniú BCE i mí na Nollag. Ag an gcruinniú a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, chinn BCE freisin dreasachtaí a chur ar fáil do na bainc chun cistiú a fuarthas faoin gclár Oibríochtaí Athmhaoinithe Spriocdhírithe Fadtéarmacha a aisíoc go luath, d’fhonn leachtacht iomarcach a dhraenáil ón gcóras airgeadais.

Cé go bhfágann an boilsciú go mbíonn fíorrátaí ísle ann ar bhonn sealadach, tá dálaí airgeadais ainmniúla tar éis éirí píosa mór níos doichte. Tá dálaí airgeadais margadhbhunaithe níos doichte, mar atá caighdeáin chreidmheasa bhainc an limistéir euro. Léiríonn tomhas ilchodach ar chostais 12 mhaoiniúcháin treocht láidir aníos ó dheireadh na bliana seo caite do theaghlaigh agus, go háirithe, do chorparáidí neamhairgeadais. Tá normalú an bheartais airgeadaíochta tagtha chun cinn mar aon le méadú ar thorthaí bannaí ceannasacha chomh maith le leathnú ar na raonta difríochta idir na rátaí úis a íocann na Ballstáit sin nach bhfuil an oiread céanna fiachais orthu agus atá Bhallstáit eile sa limistéar euro. Cé go bhfágann boilsciú ard go bhfuil fíorrátaí gearrthéarmacha diúltach faoi láthair, táthar coinne le go mbeidh fíordhálaí airgeadais níos doichte amach anseo mar gheall ar bhoilsciú a bheith á mhaolú agus rátaí polasaithe níos airde a dhul i gcion de réir a chéile ar rátaí iasachtaithe tráchtála.

Graf 2.6Rátaí polasaithe BCE

 

Nóta: Réamh-mheastacháin ráta na saoráide taisce bunaithe ar réamhrátaí OIS €STER.

Foinse: ríomhanna ó Bloomberg féin

I gcomhthéacs boilsciú ard agus seasmhach, tá sé ríthábhachtach meascán comhsheasmhach beartas airgeadaíochta-fhioscach a choinneáil. In 2020-2021, rannchuidigh beartas airgeadaíochta an‑scaoilte le spás fioscach na mBallstát a leathnú, spás a úsáideadh chun éifeachtaí diúltacha phaindéim COVID-19 a chomhrac. Os a choinne sin, chuir an beartas fioscach le tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta trí ráthaíochtaí ar iasachtú bainc a leathnú. Tá an spás fioscach sin á laghdú anois ag normalú an bheartais airgeadaíochta atá ar siúl faoi láthair i gcomhthéacs boilsciú ard seasmhach. Chuige sin, tá gá le húsáid ghéar a bhaint as bearta beartais fhioscaigh, beart ar cheart a dhíriú ar theaghlaigh agus ar chuideachtaí leochaileacha, agus san am céanna an comhartha praghais a choinneáil agus dinimic bhoilscithe a sheachaint.



III. Foléargas ar na Dréachtphleananna Buiséadacha

Measúnú ar staid fhioscach na mBallstát

Staid fhioscach in 2022

In 2022, tuartar go mbeidh staid fhioscach leathnaitheach ann i mbeagnach gach Ballstát sa limistéar euro, lena náirítear Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu, ar mhol an Chomhairle beartas fioscach stuama dóibh (Graph 3.1). Is í an Eastóin an taon tír a bhfuil staid chrapthach measta aici i mbliana, bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, agus tá staid neodrach a bheag nó a mhór ag an bhFionlainn agus ag Éirinn. I gcás na hEastóine, tá an méadú eisceachtúil - agus gan choinne go páirteach - ar dhíbhoilsceoir OTI atá tuartha le haghaidh 2022 (14.3 %) ar cheann de na cúiseanna atá leis an toradh crapthach, toisc go bhféadfadh roinnt caiteachais rialtais (e.g. aistrithe sóisialta nó pá na hearnála poiblí) boilsciú ard a léiriú le moill bliana. Tuartar go dtiocfaidh méadú anláidir ar dhíbhoilsceoirí OTI (os cionn 10 %) don Liotuáin (16.5 %) agus don Laitvia (11.0 %), agus is é 4.6 % an réamhaisnéis do bhoilsciú OTI i gcomhiomlán an limistéir euro. Mhol an Chomhairle staid fhioscach tacúil do 2022 an 18 Meitheamh 2021 do na Ballstáit ísealfhiachas/meánfhiachas agus do na Ballstáit sin amháin. Gach Ballstát a bhfuil ardfhiachais air,  ar moladh dóibh beartas fioscach stuama a chur chun feidhme agus infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, léirigh siad staid anleathnaitheach i mbliana, agus gurb é glanchaiteachas reatha príomha an príomhspreagadh i bhformhór na gcásanna. 13 In earrach 2023, déanfaidh an Coimisiún measúnú, bunaithe ar na sonraí táirgeachta le haghaidh 2022, ar chomhlíonadh na moltaí fioscacha tír-shonracha a chuir an Chomhairle faoi bhráid na mBallstát.

Graf 3.1Staid fhioscach agus comhpháirteanna de Bhallstáit an limistéir euro, 2022 (% den OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Thacaigh maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas araon le caiteachas caipitil i bhformhór na mBallstát. Sna moltaí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021, iarradh ar na Ballstáit uile infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú in 2022, agus leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú leis an téarnamh. Táthar ag súil go gcaomhnófar infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta i bhformhór na mBallstát sa limistéar euro. Eisceachtaí is ea iad an Iodáil, an Laitvia, an Chróit, an Liotuáin agus an Eastóin, agus meastar go dtiocfaidh laghdú de níos mó ná 0.1 pointe céatadáin de OTI ar an gcomhpháirt sin maidir leis an staid fhioscach in 2022. Mar sin féin, tá sé beartaithe deontais RRF a mhéadú i gcás na mBallstát sin. Meastar go bhfuil caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais méadaithe nó cobhsaithe den chuid is mó i dtíortha uile an limistéir euro i mbliana, cé is moite den Phortaingéil, de Mhálta agus den Chipir mar gheall ar chaiteachas níos ísle a bhaineann le cistí eile de chuid an Aontais (Graf 3.1).

In 2022, ba iad na bearta a bhaineann le fuinneamh an príomhspreagadh, ach ní sin amháin, atá taobh thiar de na forbairtí leathnaitheacha sa ghlan‑phríomhchaiteachas reatha i bhformhór na mBallstát (Graf 3.2). I bhformhór na mBallstát sa limistéar euro, meastar gur sháraigh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) ráta an fháis ionchasaigh mheántéarmaigh. Is san Fhionlainn, in Éirinn agus san Eastóin amháin a bheadh an ranníocaíocht sin craptha (beagnach). Le linn 2022, tá bearta déanta ag rialtais uile an limistéir euro chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. I bhformhór na gcásanna, áfach, níor díríodh na bearta sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de. Thairis sin, tá an glanchaiteachas reatha nach mbaineann le bearta fuinnimh in 2022 (féach an barra dorcha gorm i nGraf 3.2) leathnaithe ag formhór na mBallstát a bhfuil fiachas ard orthu agus roinnt tíortha a bhfuil ísealfhiachais/meánfhiachais orthu, go príomha mar gheall ar mhéaduithe suntasacha ar aistrithe sóisialta foluiteacha agus, sa Bheilg agus san Iodáil, ar phá na hearnála poiblí. Mar thoradh air sin, fiú tar éis aird a thabhairt ar na bearta spriocdhírithe a bhaineann le fuinneamh agus ar an tacaíocht do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, bheadh rannchuidiú na comhpháirte sin fós leathnaithe go suntasach (os cionn 0.5 pointe OTI) i ngach Ballstát a bhfuil ardfhiachais air agus i roinnt tíortha ina bhfuil fiachas íseal/meánfhiachas, mar a léirítear i nGraf 3.2.

Graf 3.2Glanchaiteachas reatha príomha arna mhaoiniú go náisiúnta: rannchuidiú leis an staid fhioscach agus le spreagthaí fioscacha, 2022 (pps of GDP)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh



Staid fhioscach in 2023

In 2023, tuartar go mbeidh difríocht idir an staid fhioscach ó Bhallstát go céile (Graph 3.3). Bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhar 2022 ón gCoimisiún, lena n‑ionchorpraítear faisnéis a chuirtear ar fáil sna Dréachtphleananna Buiséadacha, tuartar go mbeidh an staid fhioscach in 2023 leathnaithe (rud beag) i leathchuid de Bhallstáit an limistéir euro agus neodrach nó crapthach den chuid is mó sa leathchuid eile. Is é is cúis leis sin den chuid is mó gur fhógair roinnt rialtas bearta a bhaineann le fuinneamh don bhliain iomlán 2023 cheana féin, cé nár chuir rialtais eile na bearta sin san áireamh ina bPleananna ach do na chéad mhíonna de 2023 nó níl aon bhearta ar bith déanta acu. Dá bhrí sin, an staid fhioscach mar thoradh air sin, tá sí neodrach, tríd agus tríd, maidir le comhiomlán an limistéir euro in 2023, agus da bhrí sin tá sí faoi réir éiginnteachta agus is féidir, ar deireadh, go mbeadh sí níos forleathnaithí ná mar atá tuartha faoi láthair.

Graf 3.3Staid fhioscach agus comhpháirteanna de Bhallstáit an limistéir euro, 2023 (% den OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Leis an laghdú atá tuartha ar bhearta a bhaineann le fuinneamh, múnlaítear forbairtí pleanáilte i nglanchaiteachas reatha príomha in 2023, agus leanann caiteachas reatha eile de bheith ag méadú i dtuairim is leath de na tíortha (Graph 3.4). I measc na mBallstát a bhfuil ardfhiachais orthu, in 2023, leis an laghdú réamh-mheasta ar bhearta a bhaineann le fuinneamh, spreagtar ranníocaíocht chraptha an ghlan‑phríomhchaiteachais reatha sa Spáinn, san Iodáil agus sa Ghréig, agus is é rannchuidiú neodrach na comhpháirte sin sa Phortaingéil. Ina ionad sin, ní athraítear leis an laghdú rannchuidiú leathnaitheach foriomlán an ghlan‑phríomhchaiteachais reatha a bhfuiltear ag súil leis sa Bheilg. Gan ach na bearta spriocdhírithe a bhaineann le fuinneamh agus an tacaíocht do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á gcur san áireamh, thiocfadh méadú ar ghlanchaiteachas reatha príomha os cionn an fháis aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma, rud a chuirfeadh go mór leis an staid fhioscach, sa Bheilg agus sa Phortaingéil araon (Graph 3.4). Meastar go bhfásfaidh glanchaiteachas reatha, gan bearta a bhaineann le fuinneamh san áireamh, ag ráta os cionn an fháis ionchasaigh mheántéarmaigh i ngach Ballstát a bhfuil ardfhiachais air ach amháin sa Fhrainc (féach an barra gorm dorcha i nGraf 3.4), a bhaineann go príomha le méaduithe suntasacha ar na haistrithe sóisialta foluiteacha. Maidir le tíortha ísealfhiachas/meánfhiachas, meastar gurb iad an Fhionlainn agus an Ísiltír amháin a mbeidh rannchuidiú neodrach den chuid is mó acu leis an staid fhioscach maidir le glan‑phríomhchaiteachas reatha. Agus na bearta spriocdhírithe a bhaineann le fuinneamh agus an tacaíocht do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á gcur san áireamh, is san Fhionlainn amháin a bheadh an rannchuidiú sin neodrach den chuid is mó. Meastar go mbeidh ranníocaíocht shuntasach mhéadaitheach (níos mó ná 0.5 pointe OTI) ag an tSlóvaic, ag an Liotuáin, ag Lucsamburg, ag an Eastóin agus ag an Ostair le haghaidh glanchaiteachais phríomha reatha in 2023. D’fhéadfadh sé sin brúnna boilscitheacha breise a spreagadh sna tíortha sin. Tá coinne go mbeidh rannchuidiú leathnaitheach na comhpháirte seo níos lú sa Ghearmáin. Tuartar ranníocaíocht chrapthach le staid fhioscach an ghlan‑phríomhchaiteachais reatha i Málta, in Éirinn agus sa Laitvia, agus, ar bhonn níos lú, sa Chróit agus sa Chipir. Dealraíonn sé go bhfuil údar leis sin i ngeall ar an staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn, go háirithe an boilsciú ard.

Graf 3.4Glanchaiteachas reatha príomha arna mhaoiniú go náisiúnta: rannchuidiú leis an staid fhioscach agus le spreagthaí fioscacha, 2023 (pps of GDP)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Maidir le hinfheistíocht arna maoiniú go náisiúnta chomh maith le hinfheistíocht arna maoiniú trí RRF nó trí chistí eile de chuid an Aontais, tá sé beartaithe iad a chobhsú nó a leathnú i bhformhór na mBallstát sa limistéar euro in 2023. Bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, meastar go mbeidh ranníocaíocht na hinfheistíochta arna maoiniú go náisiúnta neodrach nó dearfach i ngach Ballstát cé is moite den Chipir, de Mhálta agus den Laitvia (Graf 3.3) 14 . San am céanna, cuidíonn ionsú RRF agus cistí eile de chuid an Aontais leis an infheistíocht phoiblí fhoriomlán a chaomhnú nó a mhéadú in 2023 freisin sa Chipir, i Málta agus sa Laitvia. Ag féachaint ar fhorbairtí i gcoibhneas leis na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim 2019, táthar ag súil go gcaomhnóidh nó go méadóidh tíortha uile an limistéir euro in 2023 infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, cé is moite den Chróit agus den Laitvia (Graph 3.6).

Forbairtí foriomlána san infheistíocht phoiblí

Táthar ag tuar go leanfaidh an infheistíocht phoiblí sa limistéar euro de bheith ag méadú. I gcodarsnacht leis na suaití maicreacnamaíocha a bhí ann roimhe seo, d’fhan an infheistíocht phoiblí láidir le linn phaindéim COVID-19 agus le linn na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair. Tháinig méadú ar chóimheas na hinfheistíochta poiblí de réir OTI sa limistéar euro ó 2.8 % in 2019 go 3 % in 2020 agus 2021. Tuartar go bhfuil méadú suas le 3.1 % tagtha uirthi in 2022 agus le 3.2 % in 2023 (Graf 3.5) 15 . 

Meastar go dtiocfaidh méadú ar an infheistíocht phoiblí in 2023 i bhformhór Bhallstáit an limistéir euro (Graf 3.6). D’iarr an moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 ar na Ballstáit uile, ‘...infheistíocht phoiblí a leathnú freisin le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais’. Tá measúnú an Choimisiúin bunaithe ar fhorás ollfhoirmiú iomlán an chaipitil sheasta, agus tionscadail á gcur san áireamh san am céanna arb é is aidhm dóibh an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a bhaint amach agus an tslándáil fuinnimh a mhéadú. In 2023,

Graf 3.5An limistéar euro:  ollinfheistíocht iomlán phoiblí agus glaninfheistíocht phoiblí, 1995-2023 (% de OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

tiocfaidh méadú níos mó ná 0.1 pointe céatadáin de OTI ar an infheistíocht i gcomparáid le 2022 i 12 Bhallstát den limistéar euro (an Chipir, an Spáinn, an Phortaingéil, an Iodáil, an Liotuáin, an Ísiltír, Lucsamburg, an tSlóvaic, an Chróit, an Laitvia, an Eastóin agus an tSlóivéin), le go bhfanfaidh sí cobhsaí den chuid is mó i seacht mBallstát (Éire, an Ghearmáin, an Bheilg, an Ostair, an Fhrainc, Málta agus an Fhionlainn). Meastar nach dtiocfaidh laghdú ar an infheistíocht phoiblí ach amháin sa Ghréig in 2023 mar gheall ar infheistíocht níos ísle atá á maoiniú ag an Aontas ach a fhanfaidh os cionn 4 % de OTI tar éis an mhéadaithe shuntasaigh atá tuartha do 2022.

Tacaíonn maoiniú ón Aontas le cuid shuntasach den mhéadú ar infheistíocht phoiblí idir 2019 agus 2023. Le deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, maoineofar tionscadail infheistíochta agus athchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta gan easnaimh agus fiachas níos airde a chruthú i mbuiséid náisiúnta 16 . Le hinfheistíochtaí poiblí arna maoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cumhdófar l cuid de na riachtanais shuntasacha infheistíochta don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus chun an tslándáil fuinnimh a neartú. I roinnt Ballstát, tacaíonn deontais RRF freisin le hinfheistíochtaí teaghlach agus gnólachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais agus dhigitigh, amhail digitiú an riaracháin phoiblí, digitiú scoileanna agus FBManna, nó tionscadail a bhaineann leis an litearthacht dhigiteach, an chibearshlándáil agus nascacht 5G.

Tá infheistíochtaí beartaithe ag roinnt mhaith Ballstát sa limistéar euro chun tacú leis an aistriú glas agus chun slándáil agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú in 2023. Áirítear i roinnt Dréachtphleananna Buiséadacha tionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú (an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, an Liotuáin agus an Spáinn). I measc réimsí eile tá infheistíochtaí i soghluaisteacht inbhuanaithe, go háirithe i ngréasáin iarnróid (an Bheilg, an Eastóin, an Iodáil agus an tSlóivéin); dícharbónú na dtionscal dianfhuinnimh (an Ostair agus an Phortaingéil); hidrigin (an Iodáil agus an Ísiltír); tacaíocht do theaghlaigh chun bogadh i dtreo córais fuinnimh níos inbhuanaithe (an Ostair); agus painéil ghréine (an Ghréig agus an Spáinn).

Déantar infheistíochtaí poiblí a thacaíonn leis an aistriú digiteach a ionchorprú sna Dréachtphleananna Buiséadacha freisin. Dírítear sna tionscadail ar dhigitiú an riaracháin phoiblí i roinnt Ballstát (an Bheilg, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc agus an Iodáil). Tá digitiú scoileanna (Éire agus an Phortaingéil) agus FBManna (an Ghréig, an Fhrainc agus an tSlóivéin) ina réimsí tábhachtacha infheistíochta freisin in 2023. Baineann tionscadail freisin le hoiliúint agus feabhas a chur ar litearthacht dhigiteach na ndaltaí (an Fhrainc agus an Ísiltír); cibearshlándáil agus nascacht 5G (an Spáinn); bonneagar gigighiotáin (an tSlóivéin); chomh maith le diagnóisic agus trealamh digiteach in ospidéil (an Chróit).

Graf 3.6Infheistíocht phoiblí, 2019, 2022 agus 2023 (% de OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Measúnú ar bhearta chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú

Tá tionchar ag sraith beart buiséadach ar na réamh-mheastacháin fhioscacha arb é is aidhm dóibh an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú. Measann seirbhísí an Choimisiúin gurb é 1.3 % de OTI in 2022 agus 0.9 % in 2023 glanchostas buiséadach na mbeart sin don limistéar euro ina iomláine (Iarscríbhinn IV.5). Chun críocha an mheastacháin sin, sainmhínítear ‘bearta fuinnimh’ mar seo a leanas: (1) bearta a bhfuil tionchar díreach acu ar chostas imeallach tomhaltais fuinnimh do theaghlaigh agus/nó do ghnólachtaí (‘bearta praghais’); (2a) bearta lena dtugtar tacaíocht ioncaim shealadach do theaghlaigh (dá bhrí sin, méaduithe buana ar phá agus ar thuarastail, ar phinsin nó ar shochair shóisialta eile, ní mheastar iad a fhreaschur anseo toisc nach meastar go ndéanfar iad a aisiompú nuair a thiocfaidh laghdú arís ar phraghsanna fuinnimh); (2b) bearta lena dtugtar cúiteamh do ghnólachtaí (seachas bearta praghais) i dtionscail dianfhuinnimh (an dá ‘bheart ioncaim’); agus (3) ioncam ó chuideachtaí fuinnimh (cánacha nó tobhaigh nua ar bhrabúis amhantair). 17  

Níl an chuid is mó de na bearta a glacadh dírithe go leordhóthanach ar na teaghlaigh agus ar na gnólachtaí is leochailí. Bearta nach mbainfidh ach na sraitheanna is leochailí den daonra tairbhe astu, a mbeidh méid áirithe tástála acmhainne ag baint leo agus a bheidh roghnaitheach ar bhonn an ioncaim nó na riachtanas sóisialta sonrach is ea iad bearta spriocdhírithe. Seo a leanas samplaí tipiciúla de bhearta den sórt sin: breisithe chuig liúntais ioncaim íosta nó chuig pinsin níos ísle, lascainí cnapshuime arna n‑asbhaint ón mbille fuinnimh do theaghlaigh ar ioncam íseal, nó praghas laghdaithe in aghaidh an kWh fuinnimh do theaghlaigh ar ioncam íseal. Os a choinne sin, is bearta leathana iad bearta neamhdhírithe a bhfuil feidhm acu maidir le formhór an daonra gan difreáil (mhór) bunaithe ar ioncam nó ar riachtanais shonracha. I gcás 2023, is iad na bearta nach bhfuil spriocdhírithe is cúis le thart ar 90 % den tionchar buiséadach.

Formhór na mbeart a glacadh, déanann siad an comhartha praghais a shaobhadh agus laghdaíonn siad dreasachtaí chun ídiú fuinnimh a shrianadh agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Cuireann na bearta ioncaim, mar a shainmhínítear thuas, tacaíocht shealadach ar fáil do theaghlaigh nó do ghnólachtaí, i bhfoirm aistrithe nó fóirdheontas, gan difear a dhéanamh do chostas imeallach an tomhaltais fuinnimh. Bíonn tionchar ag bearta praghais ar chostas imeallach an tomhaltais fuinnimh, agus dá bhrí sin laghdaítear dreasachtaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. I gcás 2023, is iad na bearta a shaobhann an comhartha praghais is cúis le thart ar dhá thrian den tionchar buiséadach.

Má bhíonn praghsanna fuinnimh fós ard in 2023, is dócha go sáróidh na costais bhuiséadacha deiridh na meastacháin bunaithe ar na bearta atá fógartha faoi láthair. Tá na costais sin éagsúil ó Bhallstát go chéile, rud a léiríonn tosca tír-shonracha amhail dearadh a bpacáistí beartais náisiúnta agus a meascán fuinnimh. Rud atá tábhachtach, ina ndréachtphleananna buiséadacha, níor fhógair roinnt Ballstát go fóill cé na bearta fuinnimh atá beartaithe acu do 2023. Chun meastachán a dhéanamh ar chostas buiséadach na mbeart fuinnimh le haghaidh 2023, rinne seirbhísí an Choimisiúin an uair a thiocfaidh na bearta a d’fhógair an rialtas i bhfeidhm a mheas agus an dáta éaga a fógraíodh ina leith. I roinnt Ballstát, tá sé beartaithe go rachaidh bearta fuinnimh in éag le linn 2023 (roinnt acu chomh luath le deireadh na chéad ráithe den bhliain) 18 . Mar sin féin, má leanann praghsanna fuinnimh de bheith ard, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh fad a chur leis na bearta atá ann cheana nó bearta nua a chur chun feidhme. Mar thoradh air sin, i gcás an limistéir euro ina iomláine agus i gcás roinnt Ballstát, féadfar gannmheastachán a dhéanamh ar chostas buiséadach na mbeart fuinnimh in 2023.

Graf 3.7Costas buiséadach na mbeart fuinnimh in 2022-2023 (% de OTI)

Foinse: Réamhaisnéis fómhair 2022 an Choimisiúin Eorpaigh

Tá meastachán déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar an gcostas buiséadach breise a d’fhéadfadh a bheith ar bhearta fuinnimh dá gcuirfí síneadh leis na bearta atá ann faoi láthair i rith 2023. Is den riachtanas gur cleachtadh anstílithe é seo, agus réamhaisnéis an fhómhair á úsáid mar thúsphointe, agus neamhaird á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leathnú na mbeart fuinnimh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus ar bhoilsciú. Léirítear leis an gcleachtadh sin, dá mba ghá bearta fuinnimh a choinneáil i bhfeidhm don bhliain iomlán in 2023, go bhféadfadh a gcostas méadú 1 % breise de OTI sa limistéar euro, costas a shroichfeadh gar do 2 % de OTI in 2023, figiúr a bheadh i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2022 (Graph 3.7) 19 . Tá léargas éagsúil ann ó Bhallstát go chéile, ach sin ag brath ar shainiúlachtaí na mbeart atá i bhfeidhm go dtí seo (bearta atá i bhfeidhm, glactha nó fógartha), lena náirítear a bhflaithiúlacht agus na dátaí éaga sonraithe. Leis an gcleachtadh sin, léirítear an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta fuinnimh ar fhorbairtí fioscacha agus tugtar aird ar a thábhachtaí atá sé go nglacfadh na Ballstáit bearta atá inacmhainne ó thaobh cúrsaí fioscacha de, agus atá dírithe ar na daoine is leochailí agus lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil chun tomhaltas fuinnimh a laghdú.



Measúnú ón gCoimisiún ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023

Thíolaic formhór Bhallstáit an limistéir euro a nDréachtphleananna Buiséadacha faoin 15 Deireadh Fómhair, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 20 . Na rialtais dheireanacha a bhí ag dul as oifig, thíolaic siad Dréachtphleananna Buiséadacha na hIodáile agus na Laitvia ar bhonn beartais gan athrú i bhfianaise a dtimthrialla polaitiúla (toghcháin an 25 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair, faoi seach). Dá bhrí sin, ní spriocanna beartais iad na figiúirí a léirítear d’easnamh rialtais 2023 agus d’athróga fioscacha eile sa dá Dhréachtphlean Buiséadach sin. I gcás na hIodáile, níl Tuairim le foilsiú ag an gCoimisiún maidir leis Dréachtphlean Buiséadach 2023 ina luaitear nach mbeidh aon athrú ar bheartas, plean a thíolaic an rialtas a bhí ag dul as oifig an 10 Deireadh Fómhair. Ina ionad sin, foilseoidh an Coimisiún tuairim in am trátha maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach nuashonraithe do 2023 a bhfuil coinne leis go dtíolacfaidh an rialtas nua í go luath. Iarrtar ar an Laitvia Dréachtphlean Buiséadach nuashonraithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro a luaithe is féidir, agus mí amháin ar a laghad sula mbeartóidh an pharlaimint náisiúnta an dréachtdlí buiséid a ghlacadh. 

Ba é seo an chéad uair a rinne an Coimisiún measúnú ar Dhréachtphlean Buiséadach na Cróite. Ós rud é go rachaidh an Chróit isteach sa limistéar euro i gceann roinnt seachtainí, an 1 Eanáir 2023, is díol sásaimh don Choimisiún an cinneadh a rinne an Chróit a Dréachtphlean Buiséadach a tharchur amhail is dá mba bhall den limistéar euro í cheana féin.

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023 leis na Moltaí ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Mhol an Chomhairle gur cheart do bheartas fioscach na mBallstát tacaíocht shealadach leanúnach agus spriocdhírithe a chur san áireamh do theaghlaigh is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ina theannta sin, mhol an Chomhairle do na Ballstáit infheistíocht phoiblí a leathnú freisin le haghaidh na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus as cistí eile de chuid an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit uile a bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Ina theannta sin, rinneadh idirdhealú sna moltaí ón gComhairle idir na Ballstáit ar bhonn a spáis fhioscaigh mar a léirítear lena leibhéil fiachais:

·Moladh do na Ballstáit ag a bhfuil ardleibhéal fiachais beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha phríomha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma. I gcás na tréimhse tar éis 2023, moladh do na Ballstáit a bhfuil ardfhiachais orthu beartas fioscach a shaothrú a bheadh dírithe ar staideanna fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus lena náiritheofaí laghdú inchreidte, de réir a chéile ar fhiachas agus inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma trí chomhdhlúthú, infheistíocht agus athchóirithe de réir a chéile. 

·Ba cheart do na Ballstáit ag a bhfuil fiachas íseal/meántéarmach orthu a áirithiú in 2023 go mbeidh fás an chaiteachais reatha phríomha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le staid bheartais foriomlán atá neodrach. Le linn na tréimhse tar éis 2023, ba cheart dóibh beartas fioscach a shaothrú atá dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach.

Seo a leanas achoimre ar na Tuairimí ón gCoimisiún 21 . Tá na Tuairimí bunaithe ar réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, lena náirítear an fhaisnéis a chuimsítear sna Dréachtphleananna Buiséadacha:

Ballstáit ardfhiachais (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn)

·I gcás na Fraince, na Gréige, agus na Spáinne, meastar go mbeidh fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis fhéideartha mheántéarmaigh ar aschur, agus tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á cur san áireamh, mar a mhol an Chomhairle. Ní mar sin atá i gcás na Beilge, i gcás inar mó fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta ná an fás féideartha, agus tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á cur san áireamh. I gcás na Portaingéile, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta gar don fhás féideartha meántéarmach ar aschur, ag glacadh leis an laghdú atá beartaithe i mbearta mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh, lena náirítear tacaíocht shealadach spriocdhírithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha.

·Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don tslándáil fuinnimh, lena náirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais, mar a mhol an Chomhairle. Tiocfaidh méadú ar an infheistíocht phoiblí iomlán mar chéatadán de OTI nó fanfaidh sí cobhsaí in 2023 maidir le 2022 sna Ballstáit uile ach amháin sa Fhrainc agus sa Ghréig. Tá sé beartaithe ag an mBeilg, an Fhrainc, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, toisc go meastar go dtiocfaidh méadú uirthi nó go bhfanfaidh sí cobhsaí ó 2022 go 2023. Tá ranníocaíocht an chaiteachais a mhaoinítear le deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí an Aontais leis an seasamh fioscach foriomlán leathnaithe nó neodrach i ngach Ballstát, seachas sa Fhrainc agus sa Ghréig.

·Ar an iomlán, tá an Coimisiún den Tuairim go bhfuil na Dréachtphleananna Buiséadacha don Fhrainc, don Ghréig agus don Spáinn i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022, agus go bhfuil Dréachtphlean Buiséadach na Beilge i gcomhréir go páirteach leis an Moladh, agus go bhfuil an baol ann nach bhfuil Dréachtphlean Buiséadach na Portaingéile ach i gcomhréir go páirteach leis an Moladh.

Ballstáit a bhfuil fiachas íseal nó meánfhiachas acu (an Ostair, an Chróit, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an tSlóvaic)

·Tá an seasamh foriomlán maidir leis an mbeartas fioscach in 2023 éagsúil ó Bhallstát go chéile:

oCrapadh (idir + 0.5 % agus + 2.3 % den OTI)  22 : An Laitvia, Éire, an Chipir agus Málta

oNeodrach den chuid is mó (idir -0.1 % agus -0.2 % de OTI): An Chróit, an Ostair agus an Fhionlainn

oForleathnaitheach (idir -0.4 % agus -2.6 % den OTI): An Liotuáin, an Ghearmáin, an Eastóin, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an tSlóvaic

·Tá éagsúlacht ar fud na mBallstát freisin maidir le rannchuidiú a gcaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) leis an seasamh fioscach foriomlán in 2023:

oCrapadh (idir + 0.4 agus + 1.7 pointe céatadáin): An Chróit, an Laitvia, Éire, an Chipir agus Málta

oNeodrach go ginearálta (thart ar pointí céatadáin nialas): An Fhionlainn agus an Ísiltír

oLeathnaitheach (idir -0.3 % agus -1.7 pointe céatadáin): An Ostair, an Liotuáin, an Ghearmáin, an Eastóin, Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. I ngach cás, ní toradh é sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus daoine atá ag teitheadh ón Úcráin 23 . 

·Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht phoiblí a mhaoiniú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don tslándáil fuinnimh, lena náirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais, mar a mhol an Chomhairle. Tiocfaidh méadú ar an infheistíocht phoiblí iomlán mar chéatadán de OTI nó fanfaidh sí cobhsaí in 2023 maidir le 2022 i ngach Ballstát ina bhfuil fiachas íseal/meánfhiachas. Tá sé beartaithe ag na Ballstáit uile infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, cé is moite den Chipir, den Laitvia agus de Mhálta, áiteanna a meastar go dtiocfaidh laghdú uirthi ó 2022 go 2023. Tá ranníocaíocht an chaiteachais a mhaoinítear le deontais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí an Aontais leis an seasamh fioscach foriomlán leathnaithe nó neodrach i ngach Ballstát, seachas an Ghearmáin.

·Ar an iomlán, tá an Coimisiún den Tuairim go bhfuil na Dréachtphleananna Buiséadacha don Chróit, don Chipir, don Fhionlainn, d’Éirinn, don Laitvia agus do Mhálta i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Tá Dréachtphleananna Buiséadacha na hOstaire, na Liotuáine, na Gearmáine, na hEastóine, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Slóvaice i gcomhréir go páirteach leis an Moladh.

Cé go ndearna na Ballstáit bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh.

Iarrann an Coimisiún ar an mBeilg, ar an bPortaingéil, ar an Ostair, ar an Liotuáin, ar an nGearmáin, ar an Eastóin, ar Lucsamburg, ar an Ísiltír, ar an tSlóivéin agus ar an tSlóvaic na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a chinntiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis na Moltaí a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022.

Go ginearálta, áirítear sna Dréachtphleananna Buiséadacha bearta a théann i dtreo cáilíocht agus comhdhéanamh an airgeadais phoiblí a neartú agus rannchuidiú le téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach. Áirítear leis sin infheistíocht lena gcuirtear leis an bhfás, go háirithe tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach chomh maith leis an tslándáil fuinnimh. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.



IARSCRÍBHINN I: Measúnú tírshonrach ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2022

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na hOstaire a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh neodrach den chuid is mó. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ní toradh é an ranníocaíocht mhéadaitheach sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Ostair infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Ostair i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an Ostair na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 comhsheasmhach leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Ostair bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ag an Ostair maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Beilge a chur san áireamh, ní mheastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis fhéideartha mheántéarmaigh ar aschur. Ní toradh é sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh agus an chostais a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Dá bhrí sin, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an mBeilg infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Bheilg i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an mBeilg na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Bheilg bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an mBeilg maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na Cróite a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh neodrach den chuid is mó. Áirítear leis sin ranníocaíocht chrapthach leis an staid fhioscach fhoriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, i bhfianaise na staide atá ag athrú, go háirithe an seasamh fioscach leathnaitheach in 2022 agus an brú ard boilscithe, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an gCróit infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe ag an gCróit infheistíocht phoiblí agus deontais infheistíochta san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus sa tslándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Chróit i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Chróit bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Cipire a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh crapthach. Áirítear leis sin ranníocaíocht chrapthach leis an staid fhioscach fhoriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, i bhfianaise na staide atá ag athrú, go háirithe an seasamh fioscach leathnaitheach in 2022 agus an brú ard boilscithe, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an gCipir infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní chaomhnaítear infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta léi. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Chipir i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na hEastóine a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ní toradh é an ranníocaíocht mhéadaitheach sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Eastóin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus tá sé beartaithe aici freisin infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Eastóin i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an Eastóin na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Eastóin bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Fionlainne a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh neodrach den chuid is mó. Áirítear leis sin rannchuidiú atá chomh neodrach céanna leis an staid fhioscach fhoriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an bhFionlainn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe ag an tír infheistíocht phoiblí a mhaoiniú maidir leis an aistriú glas, agus maidir leis an tslándáil fuinnimh. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Fhionlainn i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Fhionlainn bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin nach bhfuil dul chun cinn déanta ag an bhFionlainn go fóill maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na Fraince, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis fhéideartha mheántéarmaigh ar aschur. Dá bhrí sin, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an bhFrainc infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Fhrainc i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Fhrainc bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin nach bhfuil dul chun cinn déanta ag an bhFrainc go fóill maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na Gearmáine a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe i gcás boilscithe ard. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ní toradh é an ranníocaíocht mhéadaitheach sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an nGearmáin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici deontais infheistíochta agus bearta éagsúla eile a mhaoiniú, lena náirítear dreasachtaí cánach maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach, agus maidir leis an tslándáil fuinnimh. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Ghearmáin i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an nGearmáin na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Ghearmáin bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an nGearmáin maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na Gréige a chur san áireamh, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis fhéideartha mheántéarmaigh ar aschur. Dá bhrí sin, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an nGréig infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus tá sé beartaithe aici infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Ghréig i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Ghréig bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ag an nGréig maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na hÉireann a chur san áireamh, meastar go bhfuil seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh crapthach. Áirítear leis sin ranníocaíocht chrapthach leis an staid fhioscach fhoriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, i bhfianaise na staide atá ag athrú, go háirithe an seasamh fioscach leathnaitheach in 2022 agus an brú ard boilscithe, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag Éirinn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach d’Éirinn i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna Éire bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin nach bhfuil dul chun cinn déanta ag Éirinn go fóill maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Laitvia a chur san áireamh, meastar go bhfuil seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh crapthach. Áiríodh leis sin ranníocaíocht chrapthach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, i bhfianaise na staide atá ag athrú, go háirithe an seasamh fioscach leathnaitheach in 2022 agus an brú ard boilscithe, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Laitvia infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní dhéanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Laitvia, atá bunaithe ar thoimhde gan athrú beartais, i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Laitvia bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an Laitvia maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023. A luaithe a théann rialtas nua i mbun oifige, agus de ghnáth mí amháin ar a laghad sula bhfuil sé beartaithe ag an bparlaimint náisiúnta an dréachtdlí buiséid a ghlacadh, iarrtar ar an Laitvia Dréachtphlean Buiséadach nuashonraithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro. 

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Liotuáine a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe, i gcás boilscithe ard. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ní toradh é an ranníocaíocht mhéadaitheach sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Liotuáin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Liotuáin i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an Liotuáin na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Liotuáin bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ag an Liotuáin maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach Lucsamburg a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe i gcás boilscithe ard. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ní toradh é an ranníocaíocht mhéadaitheach sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag Lucsamburg infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach do Lucsamburg i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar Lucsamburg na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna Lucsamburg bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an t‑éileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag Lucsamburg maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus lena náirítear an fhaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach Mhálta, meastar go bhfuil seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh crapthach. Áirítear leis sin ranníocaíocht chrapthach leis an staid fhioscach fhoriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Ar an iomlán, i bhfianaise na staide atá ag athrú, go háirithe an seasamh fioscach leathnaitheach in 2022 agus an brú ard boilscithe, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag Málta infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, ach ní dhéanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú léi. Tá sé beartaithe aige infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach do Mhálta i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna Málta bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na hÍsiltíre, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe i gcás boilscithe ard. Ní toradh é an seasamh fioscach leathnaithe sin ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl an seasamh fioscach leathnaitheach i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Ísiltír infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus tá sé beartaithe aici infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. Tá sé beartaithe aici infheistíocht a mhaoiniú maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach, lena náirítear trí chistí tiomnaithe. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Ísiltír i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an Ísiltír na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Ísiltír bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an Ísiltír maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Portaingéile a chur san áireamh, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta gar don fhás féideartha meántéarmach ar aschur, ag glacadh leis an laghdú atá beartaithe i mbearta mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh, lena náirítear tacaíocht shealadach spriocdhírithe do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha. Dá bhrí sin, tá an baol ann nach mbeidh fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an bPortaingéil infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe ag an tír infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil an baol ann nach mbeidh an Dréachtphlean Buiséadach don Phortaingéil i gcomhréir ach go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an bPortaingéil na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Phortaingéil bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an bPortaingéil maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Slóvaice a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe i gcás boilscithe ard. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta, lena léirítear freisin na leithreasuithe buiséadacha thuasluaite le haghaidh tacaíocht rialtais chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a mhaolú, ar praghsanna iad nár sonraíodh go leordhóthanach sa Dréachtphlean Buiséadach. Ní féidir an seasamh leathnaitheach a mheas ag an gcéim seo mar thoradh ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an tSlóvaic infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don tSlóvaic i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an tSlóvaic na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an tSlóvaic bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin nach bhfuil dul chun cinn déanta ag an tSlóvaic go fóill maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

‑‑In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis atá ionchorpraithe i nDréachtphlean Buiséadach na Slóivéine a chur san áireamh, meastar go mbeidh seasamh foriomlán an bheartais fhioscaigh leathnaithe i gcás boilscithe ard. Áirítear leis sin ranníocaíocht mhéadaitheach leis an seasamh fioscach foriomlán ó chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Léiríonn an ranníocaíocht leathnaithe sin na leithreasuithe buiséadacha thuasluaite maidir le tacaíocht rialtais chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar chuideachtaí a mhaolú. Mar thoradh ar an easpa sonraíochta leordhóthanaí na mbeart sin sa Dréachtphlean Buiséadach, ní féidir an seasamh leathnaitheach a mheas ag an bpointe seo mar thoradh ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus an costas a bhaineann le cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an iomlán, níl fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an tSlóivéin infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe ag an tSlóivéin infheistíocht phoiblí a mhaoiniú maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach (lena náirítear trí úsáid a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais). Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don tSlóivéin i gcomhréir go páirteach leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Iarrann an Coimisiún ar an tSlóivéin na bearta is gá a dhéanamh laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 i gcomhréir leis an moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an tSlóivéin bearta fuinnimh a chur in úsáid go tapa mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Tá an Coimisiún den tuairim freisin go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an tSlóivéin maidir leis an gcuid struchtúrach de na moltaí fioscacha atá sa Mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus dá bhrí sin iarrann sé ar na húdaráis dlús a chur leis an dul chun cinn. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.

In 2023, bunaithe ar réamhaisnéis an Choimisiúin agus leis an bhfaisnéis a chuimsítear i nDréachtphlean Buiséadach na Spáinne a chur san áireamh, meastar go mbeidh fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun an fháis fhéideartha mheántéarmaigh ar aschur. Dá bhrí sin, tá fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Tá sé beartaithe ag an Spáinn infheistíocht bhreise a mhaoiniú tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus déanann sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú chomh maith. Tá sé beartaithe aici infheistíocht phoiblí maidir leis an aistriú glas agus maidir leis an aistriú digiteach agus maidir le slándáil fuinnimh a mhaoiniú. Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an Dréachtphlean Buiséadach don Spáinn i gcomhréir leis an treoir fhioscach atá sa mholadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022. Cé go ndearna an Spáinn bearta fuinnimh a chur in úsáid mar chuid den fhreagairt éigeandála ar na harduithe eisceachtúla ar phraghsanna fuinnimh, chuirfeadh fadú ar bhearta tacaíochta atá ann cheana agus/nó achtú beart tacaíochta nua mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh le fás níos airde i nglanchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta agus le méadú ar an easnamh agus fiachas rialtais réamh-mheasta in 2023. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit bearta den sórt sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar na teaghlaigh is leochailí agus ar na gnólachtaí neamhchosanta, chun dreasachtaí a chaomhnú chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú, agus chun iad a tharraingt siar de réir mar a laghdaíonn brú praghsanna fuinnimh. Déanfar tuairisc chuimsitheach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha i dTuarascáil Tíre 2023 agus déanfar measúnú uirthi i gcomhthéacs na moltaí tírshonracha atá le moladh ag an gCoimisiún in earrach 2023.



IARSCRÍBHINN II: An mhodheolaíocht agus na toimhdí atá mar bhonn taca le réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013, ‘déanfar modheolaíocht agus toimhdí réamhaisnéisí eacnamaíocha is déanaí sheirbhísí an Choimisiúin maidir le gach Ballstát, lena náirítear meastacháin ar thionchar na mbeart buiséadach comhiomlánaithe ar fhás eacnamaíoch, a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an measúnú foriomlán’. Tugtar míniú sa doiciméad réamhaisnéise féin ar na toimhdí atá mar bhunús le réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, réamhaisnéis a tháirgeann foireann an Choimisiúin go neamhspleách 24 .

Tá sonraí buiséadacha suas le 2021 bunaithe ar shonraí arna gcur in iúl don Choimisiún ag na Ballstáit roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus arna mbailíochtú ag Eurostat an 21 Deireadh Fómhair 2022. Níl aon leasú déanta ag Eurostat ar na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit le linn bhabhta fógartha an fhómhair 2022 agus níl aon fhorchoimeádais aige maidir leo.

Maidir leis an réamhaisnéis, rinneadh bearta tacaíochta don chobhsaíocht airgeadais a thaifeadadh i gcomhréir le Cinneadh Eurostat an 15 Iúil 2009 25 . Mura dtuairiscíonn an Ballstát lena mbaineann a mhalairt, cuireadh instealltaí caipitil atá ar eolas go mionsonraithe go leordhóthanach san áireamh sa réamhaisnéis mar idirbhearta airgeadais, i.e. an fiachas a mhéadú, ach gan an teasnamh a mhéadú. Ní áirítear ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais agus ar thaiscí bainc mar chaiteachas rialtais, mura bhfuil fianaise ann gur glaodh orthu ag an am a tugadh an réamhaisnéis chun críche. Mar sin féin, cuireann iasachtaí arna ndeonú do bhainc ag an rialtas, nó ag aonáin eile atá aicmithe in earnáil an rialtais, le fiachas rialtais de ghnáth.

Maidir le 2023, déantar buiséid arna nglacadh nó arna gcur faoi bhráid na bparlaimintí náisiúnta agus na bearta eile go léir atá ar eolas go leordhóthanach a chur san áireamh. Léirítear an fhaisnéis go léir atá sna Dréachtphleananna Buiséadacha a cuireadh isteach faoi lár mhí Dheireadh Fómhair i réamhaisnéis an fhómhair. Maidir le 2024, tuigtear le tuiscint leis an toimhde ‘gan athrú beartais’ a úsáidtear i réamhaisnéisí go ndéanfar treochtaí ioncaim agus caiteachais a eachtarshuí agus go n‑áireofar bearta ar eolas atá mionsonraithe go leor.

Foilsítear comhiomláin Eorpacha d’fhiachas an rialtais ghinearálta sna blianta réamhaisnéise 2022-2024 ar bhonn neamh-chomhdhlúite (i.e. gan a bheith ceartaithe le haghaidh iasachtaí idir-rialtasacha). Chun comhsheasmhacht a áirithiú sna hamshraitheanna, foilsítear sonraí stairiúla ar an mbonn céanna freisin. Áirítear i réamh-mheastacháin fiachais an rialtais ghinearálta do Bhallstáit aonair in 2022-24 tionchar na ráthaíochtaí ar an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, iasachtaí déthaobhacha do Bhallstáit eile, agus rannpháirtíocht i gcaipiteal an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh mar atá beartaithe ar scoithdháta na réamhaisnéise 26 .


IARSCRÍBHINN III: Anailís ar inbhuanaitheacht fiachais agus anailís íogaireachta

Cuirtear anailís íogaireachta i láthair san Iarscríbhinn seo ar fhorbairtí fiachais phoiblí i gcás suaití maicreacnamaíocha féideartha, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Baintear úsáid as réamh-mheastacháin fiachais stocastacha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí d’fhás ainmniúil OTI, forbairtí sa mhargadh airgeadais agus suaití fioscacha a imríonn tionchar ar staid bhuiséadach an rialtais ar dhinimic fiachais phoiblí ( 27 ).

Leis na réamh-mheastacháin stocastacha, cuirtear san áireamh neamhchinnteacht mhaicreacnamaíoch thart ar dhá chás réamh-mheasta fiachais ‘lárnacha’ in 2023-2027: cás réamhaisnéise an fhómhair 2022 ón gCoimisiún agus cás dhréachtphleananna buiséadacha 2023’. Sa dá chás, déantar an gnáth-thoimhde ‘gan athrú beartais neamhfhioscaigh’ tar éis na tréimhse réamhaisnéise ( 28 ).

Cuirtear suaití i bhfeidhm ar na coinníollacha maicreacnamaíocha a thoimhdítear sa chás lárnach chun dáileadh na gconairí fiachais a d’fhéadfadh a bheith ann a fháil (an ‘cón’ sna cairteacha a thaispeántar i nGraf III.1). Comhfhreagraíonn an cón do shraith leathan coinníollacha maicreacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus suas le 2000 suaitheadh insamhlaithe ar an bhfás, ar rátaí úis agus ar an bpríomhchothromaíocht. Léirítear le méid agus comhghaol na suaití seo luaineacht stairiúil agus caidrimh idir na hathraithigh sin ( 29 ). Dá bhrí sin, cuireann na cairteacha faisnéis dhóchúlaíoch ar fáil maidir le dinimic fiachais an limistéir euro, agus tarlú féideartha suaití don fhás, do rátaí úis agus don phríomhchothromaíocht méide agus ar chomhghaolmhaireacht atá ag teacht leis na forbairtí roimhe seo á gcur san áireamh.

Tuairiscíonn gach cairt an chonair fiachais réamh-mheasta faoin scéal lárnach mar líne bhriste. Taispeántar toradh airmheánach na n‑ionsamhlúchán mar líne dhubh sholadach. Cumhdaíonn an cón 80 % de na conairí fiachais uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ní thaispeántar na conairí a dhíorthaítear ón 20 % de shuaití is lú dóchúlachta. Is ionann na limistéir a bhfuil scáth difriúil orthu laistigh den chón agus codanna éagsúla de dháileadh foriomlán na gconairí fiachais féideartha.

Maidir le 2023, tugtar le fios sna hionsamhlúcháin, le dóchúlacht 80 %, go mbeidh cóimheas fiachais an limistéir euro idir 87 % agus 98 % de OTI faoi chás an Choimisiúin agus faoi chás an Dréachtphlean Bhuiséadaigh. Faoi 2027, bheadh dóchúlacht 50 % ann go mbeadh cóimheas fiachais níos airde ná thart ar 90 % de OTI faoi chás an Choimisiúin agus faoi chás an Dréachtphlean Bhuiséadaigh freisin.

Baineann rioscaí breise leis na réamh-mheastacháin sin. Ós rud é go léirítear le méid agus comhghaol na suaití iompraíocht stairiúil na n‑athraitheach, ní ghabhtar leis an modheolaíocht éiginnteacht fíor-ama, go háirithe maidir leis an measúnú ar an mbearna aschuir. Tugtar le fios leis an éiginnteacht sin go bhfuil foinse bhreise rioscaí ann maidir le conairí fiachais amach anseo nach léirítear san anailís sin. Baineann foinse neamhchinnteachta eile le cur i gcrích dliteanas teagmhasach, ós rud é nach ngabhtar leis na cairteacha ach na rioscaí a tháinig chun cinn san am a chuaigh thart trí mheath ar an bpríomhchothromaíocht.

Graf III.1: Cairteacha ó réamh-mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha thart ar chás réamhaisnéise an Choimisiúin agus cás réamhaisnéise na nDréachtphleananna Buiséadacha; limistéar euro

IARSCRÍBHINN IV: Táblaí

Tábla IV.1: Fíorfhás OTI (%) de réir na gClár Cobhsaíochta (SP), na nDréachtphleananna Buiséadacha (DBP) maidir le 2023 agus réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún (COM)

Nóta: Níor chuir an Fhrainc Cláir Chobhsaíochta 2022 isteach, agus mar sin níl sé san áireamh i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 don limistéar euro.



Tábla IV.2: An t‑iarmhéid ceannlíne (% de OTI) i gCláir Chobhsaíochta 2022 (SP), sna Dréachtphleananna Buiséadacha 2023 agus i réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún (COM)

Nóta: Níor chuir an Fhrainc Cláir Chobhsaíochta 2022 isteach, agus mar sin níl sé san áireamh i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 don limistéar euro.



Tábla IV.3: Cóimheas fiachais le OTI (% den OTI) i gCláir Chobhsaíochta 2022 (SP), sna Dréachtphleananna Buiséadacha 2023 (DBP) agus i réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún (COM)

Nóta: Níor chuir an Fhrainc Cláir Chobhsaíochta 2022 isteach, agus mar sin níl sé san áireamh i bhfigiúirí comhiomlána SP2022 don limistéar euro.



Tábla IV.4: Bearta sealadacha éigeandála COVID-19 (leibhéil mar % den OTI)

Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún



Tábla IV.5: Costas buiséadach na mbeart fuinnimh in 2022-2023 (leibhéil mar % de OTI)

 Foinse: Réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún

(1)

 Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear easnaimh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).

(2)

 Sa Teachtaireacht chuig an gComhairle maidir le gníomhachtú chlásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, an Bhruiséil, 20.3.2020, COM(2020) 123 final, leag an Coimisiún amach a bharúil gur comhlíonadh na coinníollacha chun an clásal ginearálta éalaithe a ghníomhachtú i bhfianaise an ghéarchoir chun donais eacnamaíoch a mheastar a bheidh ann mar thoradh ar ráig COVID-19. an 23 Márta 2020, d’aontaigh Airí Airgeadais na mBallstát le measúnú an Choimisiúin. An 23 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún síneadh le gníomhachtú Chlásal Ginearálta Éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis go 2023.

(3)

Déantar meastachán ar amhantair ioncaim (gearrthais) tríd an méadú (laghdú) ar an gcóimheas idir ioncam agus OTI nach mínítear le bearta lánroghnacha ná le haistrithe ó bhuiséad an Aontais. Maidir leis an limistéar euro, de réir réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, meastar go dtitfidh an t‑ioncam amhantrach de ¾ % de OTI in 2021, agus ½ % in 2022. Tuartar easnaimh ioncaim de thart ar ¾°% de OTI do 2023.

(4)

Ní dhéantar na sonraí fiachais sin a chomhdhlúthú le haghaidh iasachtaí idir-rialtasacha.

(5)

 Is iad an Bheilg, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta agus an Fhionlainn a mbeidh méaduithe acu ar a gcóimheas fiachais in 2023 de réir na réamh-mheastacháin. Ar na Ballstáit a raibh na cóimheasa fiachais is airde acu roimh an ngéarchéim, tá laghdú ag teacht ar chóimheas fiachais a bhformhór sin in 2023.

(6)

Is é 8.1 bliain an mheánaibíocht sa limistéar euro faoi láthair (sonraí do mhí Mheán Fómhair 2022, foinse: Staidreamh airgeadais rialtais, BCE).

(7)

 Cuimsíonn an ‘éifeacht charnach’, mar a thugtar uirthi, an tionchar atá ag caiteachas úis ar charnadh bliantúil an fhiachais, chomh maith leis an tionchar atá ag fíorfhás OTI agus boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ar an gcóimheas fiachais.

(8)

Go ginearálta, ní léireofaí dliteanais theagmhasacha i bhfiachas poiblí agus in easnaimh phoiblí ach amháin dá nglaofaí iad ach amháin i gcás ráthaíochtaí caighdeánaithe. I gcásanna áirithe, d’eisigh rialtais ráthaíochtaí caighdeánaithe mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus i gcás ráthaíochtaí den sórt sin, déantar tionchar easnaimh measta a thaifeadadh ón tús i gcomhréir le rialacha CCE 2010.

(9)

Sonraí le haghaidh 2021, foinse: Staidreamh airgeadais rialtais, BCE.

(10)

Leis an staid fhioscach, déantar an t‑imní gearrthéarmach ar an ngeilleagar a thomhas ó bheartas fioscach lánroghnach. I gcomhréir leis an gcur chuige a úsáideadh ó na moltaí ón gComhairle maidir le Cláir Chobhsaíochta 2021, déantar measúnú sa Teachtaireacht seo ar an staid fhioscach trí fhéachaint ar an méadú bliantúil ar ghlanchaiteachas príomhúil i gcoibhneas leis an ionchas fáis le haghaidh na 10 mbliana amach romhainn. Chun tuilleadh sonraí a fháil féach Bosca: Táscairí a úsáidtear sa mheasúnú ar Dhréachtphleananna Buiséadacha 2023 san Iarscríbhinn Staidrimh.

(11)

Aistrithe atá riachtanach chun teaghlaigh agus gnólachtaí atá buailte ag an bpaindéim a choinneáil ar snámh is ea iad na bearta éigeandála sealadacha COVID-19, den chuid is mó. Eisiatar na bearta sin ón staid fhioscach toisc go nglactar leis go bhfuil a dtionchar díreach ar fhás eacnamaíoch teoranta tráth na heisíocaíochta, mar gheall ar na srianta a bhaineann leis an bpaindéim ar ghníomhaíocht eacnamaíoch (e.g. dianghlasáil fhorleathan, srianta taistil, etc.). Rátaí coigiltis na dteaghlach in 2020 agus 2021, a bhí ard i gcomparaid le rátaí na mblianta roimhe sin, agus an tomhaltas príobháideach athléimneach in 2022, comhthacaíonn siad leis an toimhde sin. Mura ndéanfaí bearta éigeandála sealadacha COVID-19 a eisiamh, bheadh an chuma ar staid fhioscach an limistéir euro a bheith leathnaithe go mór in 2020 (thart ar 3.5 % de OTI) agus d’fhanfadh sé leathnaithe ar chaoi chomhchosúil in 2021 (faoi 1¼°%), cé gur léir go raibh sé neodrach den chuid is mó in 2022 agus craptha in 2023 (thart ar 1 %).

(12)

I.e. an táscaire costais creidmheasa ilchodaigh (TCCI) arna ríomh ag seirbhísí an Choimisiúin, ar tomhas sintéiseach é ar na costais maoinithe sheachtraigh d’earnáil chorparáideach an limistéir euro agus do theaghlaigh. Áirítear le TCCI na gcorparáidí neamhairgeadais costais an chreidmheasa a sholáthraíonn na bainc agus na margaí airgeadais araon. Cuimsíonn TCCI na dteaghlach costas na n‑iasachtaí bainc a dheonaítear le haghaidh tomhaltais, ceannach tí agus chun críocha eile.

(13)

Mhol an Chomhairle don Iodáil agus don Phortaingéil teorainn a chur le fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022, agus moladh don Bhulgáir, don Chróit, don Laitvia agus don Liotuáin é a choinneáil faoi smacht. Tuaradh go gcláródh na Ballstáit sin san am (in earrach 2021) in 2022 ranníocaíocht shuntasach tacaíochta ón gcaiteachas sin leis an staid fhioscach (níos mó ná 0.5 pointe OTI).

(14)

Tabhair do d’aire, áfach, go bhfuil an cóimheas infheistíochta poiblí de réir OTI sa Laitvia i bhfad os cionn mheán an limistéir euro.

(15)

Tagraíonn na figiúirí sin d’ollfhoirmiú caipitil sheasta, ach, tar éis ídiú an chaipitil sheasta a mheas, thiocfadh méadú ar ghlanfhoirmiú caipitil sheasta earnáil an rialtais ghinearálta sa limistéar euro ó 0.1 % de OTI in 2019 go 0.6 % in 2023 (Graf 3.5).

(16)

Áirítear caiteachas arna mhaoiniú ag iasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sa chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta.

(17)

Is catagóir speisialta é an t‑ioncam ó bhrabúis amhantair (cánacha nó tobhaigh) toisc nach beart tacaíochta é sin, ach foinse maoinithe. Áirítear an cineál áirithe ioncaim sin sna meastacháin i bhfianaise an naisc an‑dírigh le praghsanna fuinnimh méadaithe, agus toisc go bhfuil go leor Ballstát á úsáid cheana féin nó ag smaoineamh ar úsáid a bhaint as an bhfoinse ioncaim sin chun bearta tacaíochta a mhaoiniú.

(18)

Tá an réamh-mheastachán atá ann faoi láthair le haghaidh chostas buiséadach na mbeart a bhaineann le praghsanna arda fuinnimh á spreagadh den chuid is mó ag roinnt Ballstát mór a bhfuil pacáistí beartais suntasacha iomlána fógartha acu cheana féin.

(19)

 I gcás roinnt Ballstát sonrach, glactar leis sa mheastachán seo freisin go mbainfear úsáid éifeachtach as leithreasaí buiséadacha dá bhforáiltear faoi láthair ag roinnt rialtas chun bearta breise fuinnimh a mhaoiniú in 2023, nach bhfuil sonraí ina dtaobh sonraithe go fóill. Tá a thionchar buiséadach léirithe cheana féin sna réamh-mheastacháin d’easnamh agus d’fhiachas ginearálta an rialtais in 2023, réamh-mheastacháin is bun leis an réamhaisnéis seo san fhómhar, ach ní léirítear é i gcostas buiséadach foriomlán na mbeart fuinnimh sa bhliain sin.

(20)

I gcomhréir le hAirteagal 6(3)(d) de Rialachán 473/2013, chuir an Ghréig, Éire agus an Ísiltír meastacháin chainníochtúla ar fáil ina DBPanna maidir le héifeachtaí dáileacháin na mbeart buiséadach atá beartaithe. Chuir Málta anailís dháilte i láthair ar na bearta a cuireadh chun feidhme cheana arb é ab aidhm dó an tionchar a bhíonn ag boilsciú ard a mhaolú.

(21)

Tá Iarscríbhinn Staidrimh ag gabháil leis na Tuairimí, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar phleananna na mBallstát.

(22)

Freagraíonn comhartha diúltach (dearfach) d’fharasbarr (easnamh) fáis an chaiteachais phríomha i gcomparáid leis an bhféidearthacht mheántéarmach, rud a léiríonn beartas fioscach leathnaitheach (conránach).

(23)

I gcásanna na Slóvaice agus na Slóivéine, níl na bearta tacaíochta fuinnimh i nDréachtphleananna Buiséadacha sonraithe go leordhóthanach. Dá bhrí sin, ní féidir an seasamh leathnaitheach a mheas ag an gcéim seo mar thoradh ar thacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh ardú praghsanna fuinnimh agus daoine atá ag teitheadh ón Úcráin.

(24)

     Toimhdí modheolaíochta atá mar bhonn taca le réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhar 2022 ón gCoimisiún, ar fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/system/files/2022-11/ip187_en_0.pdf

(25)

     Ar fáil ag: http://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/2041337/FT‑Eurostat‑Decision‑9-July-20093--final-.pdf .

(26)

     I gcomhréir le cinneadh Eurostat an 27 Eanáir 2011 maidir le taifeadadh staidrimh oibríochtaí arna ndéanamh ag an EFSF, ar fáil ag: http://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/5034386/2-27012011-AP-EN.PDF .

(27)

Tá an mhodheolaíocht maidir le réamh-mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha a úsáidtear anseo curtha i láthair in Ionstraim 2019 lena ndéantar faireachán ar Inbhuanaitheachta Fiachais an Choimisiúin Eorpaigh, in Iarscríbhinn A7, agus in Berti K. (2013), ‘Réamh-mheastacháin fiachais phoiblí stocastacha trí úsáid a bhaint as cur chuige na maitríse éagsúlachtaí stairiúla do thíortha an Aontais’, Páipéar Eacnamaíoch Geilleagar Eorpach Uimh. 480.

(28)

I réamhaisnéis an fhómhair 2022 ón gCoimisiún, ionchorpraítear bearta beartais fhioscaigh a glacadh nó a fógraíodh ar a laghad go hinchreidte agus faisnéis a bhí ar fáil ón 31 Deireadh Fómhair 2022. Tar éis 2024 (an bhliain réamhaisnéise deiridh), ní dhéantar an comhardú struchtúrach príomhúil a mhodhnú ach amháin leis na (glan) costais réamh-mheasta a bhaineann le haosú.

(29)

Glactar leis go leanfaidh suaití gnáthdháileadh comhpháirteach.