An Bhruiséil,13.12.2022

COM(2022) 800 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais i gCoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúir


1.Réamhrá  

Gnó brabúsach don choireacht eagraithe is ea an gháinneáil ar earraí cultúir, agus i gcásanna áirithe baineann páirtithe i gcoimhlintí agus sceimhlitheoirí brabús aisti freisin 1 . Tá sin amhlaidh go háirithe mar gheall ar an riosca íseal braite, an fhéidearthacht maidir le corrlaigh arda, agus méid tarraingteach an mhargaidh dhleathaigh 2 agus an mhargaidh aindleathaigh, rud atá spreagtha ag éileamh domhanda ó bhailitheoirí, infheisteoirí agus músaeim, ar éileamh é atá seasmhach nó ag dul i méid 3 .

Rinne Interpol breis agus 850 000 déantán a urghabhadh ar fud an domhain in 2020, agus níos mó ná leath díobh sin san Eoraip 4 . Ó 2016 i leith rinneadh 407 duine a ghabháil agus rinneadh 147 050 earra cultúir a aisghabháil gach bliain ar fud an domhain mar thoradh ar Oibríocht Pandora 5 . Ceiltear leis na sonraí sin fadhb níos fairsinge – ós rud é nach mbraitear líon mór cásanna, is dócha go bhfuil leibhéal na gáinneála ar earraí cultúir i bhfad níos airde i ndáiríre 6 .

Is minic atá mórthábhacht chultúrtha, ealaíne, stairiúil agus eolaíoch ag baint le hearraí cultúir. Dá bhrí sin, féadfaidh gáinneáil ar earraí cultúir tionchar millteach agus dochúlaithe a bheith aici ar an oidhreacht chultúrtha laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Scriostar léi cuid dár gcomhchuimhne agus ceiltear léi fianaise na staire ar an duine. Is iad limistéir ghéarchéime agus limistéir choinbhleachta is mó atá i mbaol. Léirítear an méid sin mar shampla sa Neasoirthear agus sa Mheánoirthear (mar shampla sa tSiria, san Iaráic nó sa Libia) agus le déanaí san Úcráin.

Chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan coiriúil casta seo, ar feiniméan de chineál trasnáisiúnta é, tá gá le freagairt shaincheaptha ar leibhéal an Aontais, mar atá leagtha síos i Straitéis an Aontais maidir le Slándáil an Aontais Eorpaigh 2020‑2025 7 agus i Straitéis an Aontais chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021‑2025 8 . Dá bhrí sin, cuireann an Coimisiún plean gníomhaíochta ar aghaidh. Féachtar leis acmhainneacht ghníomhaíochtaí reatha an Aontais a uasmhéadú, béim a chur ar réimsí a dteastaíonn tuilleadh iarrachtaí iontu agus tabhairt le fios conas dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann.

2.Feiniméan casta a éilíonn freagairt shaincheaptha

Is iad na trí phríomhghníomhaíocht neamhdhleathacha a bhaineann le gáinneáil ar earraí cultúir (1.) gadaíocht agus robáil, (2.) creachadóireacht (iarsmaí ársa a bhaint go neamhdhleathach de láithreáin seandálaíochta, foirgnimh nó séadchomharthaí 9 ) agus (3.) earraí cultúir a bhrionnú. Áirítear ar choireanna gaolmhara calaois, diúscairt earraí goidte (fálú), smuigleáil, nó éilliú. Seachas gáinneáil, is féidir le coirpigh mí‑úsáid a bhaint as earraí cultúir a fuarthas go dleathach fiú, chun airgead a sciúradh, smachtbhannaí a imghabháil 10 , cáin a imghabháil nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.

Tá gnéithe sonracha ag coireanna a bhaineann le hearraí cultúir, rud a dhéanann idirdhealú idir iad agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile. Is annamh a bhíonn féiniúlacht, barántúlacht, bunáitíocht 11 , stair shaoil 12 agus stádas dlíthiúil earra cultúir le feiceáil láithreach, agus is minic is gá saineolas a fháil chuige sin. ®Ar an dara dul síos, tá bailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha, séadchomharthaí agus láithreacha tochailte i mbaol a ngada agus a gcreiche, go háirithe i gcásanna coinbhleachta agus géarchéime. Ina theannta sin, tá sé deacair earraí cultúir neamhchláraithe, go háirithe ó láithreáin tochailte nó ó bhailiúcháin neamhchatalógaithe,  a bhrath agus a rianú nuair a bhíonn siad faoi réir gáinneála. Ar an tríú dul síos, tá an margadh le haghaidh earraí cultúir faoi réir leochaileachtaí áirithe atá tarraingteach do choirpigh. Áirítear orthu sin anaithnideacht agus rúndacht a bheith inghlactha 13 , suibiachtúlacht agus luaineacht praghsanna, agus an fhéidearthacht earraí a úsáid chun méideanna suntasacha airgid a stóráil agus a aistriú. 14 . Baineann coirpigh leas freisin as an easpa feasachta ginearálta maidir leis an dochar a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gáinneáil ar earraí cultúir 15 .

Ina theannta sin, tá leas á bhaint ag coirpigh as an infhaighteacht mhéadaithe ar bhealaí díolacháin ar líne chun a mbonn custaiméirí a leathnú ar na margaí dleathacha agus aindleathacha. Cruthaíonn sé sin dúshláin bhreise maidir le forfheidhmiú an dlí 16 , mar gheall ar an méid earraí cultúir atá le seiceáil, criptiú sonraí agus an líon dlínsí a d'fhéadfadh a bheith i gceist.

Ina theannta sin, breathnaíonn údaráis um fhorghníomhú an dlí leibhéal níos airde sofaisticiúlachta i measc grúpaí coireachta eagraithe atá gníomhach i ngáinneáil ar earraí cultúir i gcomparáid le cineálacha eile coireanna eagraithe maoine. Feidhmíonn coirpigh thar theorainneacha d’aon ghnó chun a mbrabús a uasmhéadú, rian a ngníomhaíochtaí a cheilt, dul ó ghabháil agus bunáitíocht nó stair shaoil earraí cultúir a ndearnadh gáinneáil orthu a fhalsú.

Is casta mar sin a bhíonn imscrúduithe ar chásanna gáinneála ar earraí cultúir. Teastaíonn saineolas sonrach uathu ar earraí cultúir, agus líon ard údarás a bheith páirteach (amhail na póilíní, údaráis chustaim, gardaí teorann aireachtaí cultúir, aonaid faisnéise airgeadais, agus na breithiúna), agus baint ag dlínsí éagsúla leis sin go minic mar gheall ar an raon feidhme trasteorann a ghabhann le go leor cásanna.

3.Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúir

I gcomhréir le moltaí chun dlús a chur le gníomhaíocht dhomhanda in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir i réimsí éagsúla 17 , is é is aidhm don phlean gníomhaíochta seo coirpigh a dhíspreagadh go héifeachtach, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agusan oidhreacht chultúrtha a chosaint 18 . Dírítear sa phlean gníomhaíochta ar cheithre chuspóir straitéiseacha, le haghaidh freagra éifeachtach cuimsitheach:

I.Feabhas a chur ar choireanna ag rannpháirtithe sa mhargadh agus in institiúidí oidhreachta cultúrtha a chosc agus a bhrath;

II.Inniúlachtaí forfheidhmithe dlí agus breithiúnacha a neartú;

III.Borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta;

IV.Tacaíocht a fháil ó phríomhpháirtithe leasmhara eile chun earraí cultúir a chosaint ar choireacht.

Úsáidtear sainmhíniú leathan ar earraí cultúir sa phlean gníomhaíochta lena n‑áirítear déantáin is inspéise ó thaobh na staire, na healaíne, na heolaíochta nó na heitneolaíochta de, mar atá luaite i gCoinbhinsiún UNESCO 1970 maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta Maoine Cultúir a Thoirmeasc agus a Chosc (‘Coinbhinsiún UNESCO 1970’) 19 . 

3.1. Gáinneáil ag rannpháirtithe sa mhargadh agus ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ar earraí cultúir a chosc agus a bhrath

Is maith atá rannpháirtithe sa mhargadh earraí cultúir 20 , bailitheoirí agus institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann cuidiú chun coireacht a bhaineann le hearraí cultúir a chosc agus a bhrath, toisc go bhfuil baol ar leith ann go dtiocfaidh siad ar earraí cultúir gáinneáilte nó go mbeidh siad ina n‑íospartaigh de bharr coireacht mhaoine. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na páirtithe leasmhara sin ar an eolas faoin reachtaíocht is infheidhme agus faoi uirlisí neamhreachtacha eile arb é is aidhm dóibh coireanna den sórt sin a chosc agus a bhrath 21 . Déanann an Coimisiún  idirphlé rialta le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha, go háirithe tríd an ngrúpa saineolaithe um Oidhreacht Chultúrtha 22 . Tá obair déanta ag an gCoimisiún i gcomhar le UNESCO freisin chun an tuiscint atá ag an margadh ealaíne agus institiúidí oidhreachta cultúrtha ar rialacha maidir le dícheall cuí agus eitic a dhoimhniú 23 . . Tá UNESCO ag obair faoi láthair ar athbhreithniú ar an gCód Idirnáisiúnta le haghaidh Déileálaithe i Maoin Chultúir chun dul i ngleic leis na dúshláin a tháinig chun cinn ó glacadh é in 1999 agus chun neartú agus soiléiriú a dhéanamh ar na prionsabail eiticiúla ar cheart don mhargadh ealaíne a bheith faoina stiúir.

Ós rud é gur coir trasteorann í an gháinneáil ar earraí cultúir de ghnáth, tá ról tábhachtach ag reachtaíocht trádála an Aontais maidir le cásanna den sórt sin a chosc agus a bhrath.. Tá onnmhairiú earraí cultúir ó chríoch custaim an Aontais faoi réir ceanglas ceadúnais onnmhairiúcháin, chun a áirithiú go ndéantar rialuithe aonfhoirmeacha ar onnmhairí ag teorainneacha seachtracha an Aontais. 24 . Tagann allmhairiú earraí cultúir faoi Rialachán (AE) 2019/880. Leis an Rialachán sin toirmisctear earraí cultúir arna n‑onnmhairiú go neamhdhleathach ó thríú tír a allmhairiú, agus déantar leis allmhairiú earraí cultúir áirithe san Aontas a chur faoi réir ceanglas maidir le ceadúnais allmhairiúcháin nó ráitis ón allmhaireoir. Tugtar isteach leis an Rialachán freisin córas leictreonach láraithe chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir na Ballstáit agus chun foirmiúlachtaí allmhairithe ag oibreoirí a bhaint amach. Tiocfaidh an córas chun bheith oibríochtúil faoi mhí an Mheithimh 2025 25 . Is córas gan pháipéar é, agus áiritheofar leis go mbeidh idirnasc idir na húdaráis chustaim agus chultúrtha ábhartha, agus na bunachair sonraí atá ann cheana. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé an líon cásanna ina ndéantar doiciméid a bhrionnú a laghdú, agus cuirtear deireadh freisin leis an ngá atá le barántúlacht ceadúnas páipéir a fhíorú. Tá an Coimisiún ag déanamh breithniú freisin ar an gcóras sin a leathnú chuig ceadúnais onnmhairiúcháin faoi Rialachán (CE) 116/2009 amach anseo. Déantar an reachtaíocht maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú earraí cultúir a chomhlánú le Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoin chultúir a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais 26 .

Chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú a chuíchóiriú a thuilleadh, déanann an Coimisiún malartuithe go tráthrialta le húdaráis custaim agus gnóthaí cultúrtha na mBallstát tríd an nGrúpa Saineolaithe maidir le saincheisteanna custaim a bhaineann le hearraí cultúir, an Coiste um Earraí Cultúir a bunaíodh le Rialachán (CE) 116/2009 agus Rialachán (AE) 2019/880 agus an Grúpa Tionscadail um Dhigitiú Earraí Cultúir.

Mar sin féin, d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann ó thaobh grinnscrúdú ar thrádáil earraí cultúir agus iad a rialú laistigh den mhargadh aonair 27 . Fágann sé sin go bhfuil bealaí éalaithe suntasacha ag coirpigh a lorg a cheilt agus tionscnamh earraí a cheilt. I gcomhréir le Coinbhinsiún UNESCO 1970 agus 28 mar a luaigh na páirtithe leasmhara forfheidhmithe dlí a ndeachthas i gcomhairle leo, d’fhéadfadh bearta chun inrianaitheacht 29 aistrithe maoine is earraí cultúir laistigh den mhargadh aonair a mhéadú rannchuidiú go suntasach le cásanna gáinneála a bhrath agus coirpigh a dhíspreagadh ó theacht isteach sa mhargadh earraí cultúir. Ina theannta sin, dá ndéanfaí stair shaoil earraí cultúir a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/60/AE a shuíomh, chuirfí feabhas ar fheidhmiú an tsásra maidir le tabhairt ar ais dá bhforáiltear leis an Treoir féin 30 . Tá cláir díolacháin le haghaidh catagóirí earraí cultúir curtha chun feidhme cheana féin ag go leor Ballstát. Ach bearta comhchosúla a chur chun feidhme ar fud an Aontais, thacófaí le cosc agus brath na coireachta a threisiú i gcásanna trasteorann, agus chuideodh sé sin chun léargas cuimsitheach a fháil ar an ngáinneáil aindleathach ar earraí cultúir sa mhargadh aonair. Ina theannta sin, d’fhéadfaí éifeachtacht na gclár díolacháin atá ann cheana a fheabhsú, mar shampla trína áirithiú go stóráiltear faisnéis go digiteach agus go bhfuil cláir idirnasctha.

Is féidir bearta a dhéanamh freisin chun laghdú a dhéanamh ar a leochailí don choireacht maoine atá bailiúcháin earraí cultúir phoiblí agus phríobháideacha. Tuairiscíonn Europol 31 go mbaineann go leor cásanna gáinneála san Aontas le hearraí cultúir a goideadh as áiteanna adhartha, institiúidí oidhreachta cultúrtha, músaeim, chomh maith le tithe príobháideacha agus bailiúcháin. Ní mór do bhailitheoirí poiblí agus príobháideacha a bheith níos feasaí ar a leochaileachtaí maidir le coireacht mhaoine, a bhfoireann a oiliúint maidir le bearta cosanta a chur i bhfeidhm, agus infheistíocht a dhéanamh in uirlisí cosanta.

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh úinéirí nó bainisteoirí bailiúchán poiblí agus príobháideach bearta deonacha a dhéanamh chun iad féin a chosaint níos fearr ar choireanna maoine. Príomhghníomh amháin is ea fardail agus bunachair sonraí d’earraí cultúir bailithe a choinneáil cothrom le dáta. Le fardail den sórt sin is fusa saothair ghoidte a aithint agus a chuardach. Fiú amháin i gcás bailiúcháin phríobháideacha, tá uirlisí ar fáil atá molta ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí, amhail ObjectID de chuid Chomhairle Idirnáisiúnta na Músaem (ICOM) 32 .. Bealach eile chun coireanna a bhrath agus a chosc is ea cásanna coireachta maoine a thuairisciú d’údaráis fhorfheidhmithe an dlí. Cuidíonn sé sin lena áirithiú go bhfuil earraí cultúir goidte i mbunachair sonraí náisiúnta saothair ealaíne agus i mBunachar Sonraí Saothair Ealaíne Goidte Interpol. Cuireann clárú earraí cultúir goidte lena n‑infheictheacht, agus laghdaítear leis an fhéidearthacht go bhfaighidh gáinneálaithe bealaí díolacháin sa gheilleagar dlíthiúil.

Tá reachtaíocht shonrach i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach cheana féin chun dul i ngleic le gáinneáil ar líne ar earraí cultúir. Méadaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha 33 na freagrachtaí atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, lena n‑áirítear ardáin ar líne lena nasctar tomhaltóirí le soláthraithe earraí agus seirbhísí. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha rialaítear freisin tuairisciú ábhair neamhdhleathaigh, amhail díolacháin amhrasacha, 34  tugtar isteach an fhéidearthacht d’údaráis phoiblí orduithe aistrithe trasteorann a sheoladh chuig soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i mBallstáit eile, agus méadaítear na hoibleagáidí atá ar thrádálaithe maidir le hinrianaitheacht. Tacaíonn an Coimisiún freisin le digitiú agus caomhnú digiteach na hoidhreachta cultúrtha tríd an spás sonraí coiteann Eorpach don oidhreacht chultúrtha agus an 35 Néal Eorpach um Chomhar maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha atá le teacht.

Cuid thábhachtach den chomhrac in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir is ea sreafaí airgeadais aindleathacha a bhrath. Ina theannta sin, is gá aird ar leith a thabhairt ar a fhorleithne atá sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta i gcás earraí cultúir a fuarthas go dleathach. Mar gheall ar an imní go bhféadfadh coirpigh mí‑úsáid a bhaint as earnáil na n‑ealaíon agus na seaniarsmaí chun fáltais a gcuid coireanna a sciúradh, is ann d’éilimh go ndéanfar creat rialála an Aontais maidir le maoiniú le haghaidh frithsciúradh airgid agus frithsceimhlitheoireachta a leathnú. Tá feidhm ag an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid 36 anois le rannpháirtithe sa mhargadh ealaíne agus seaniarsmaí amhail gailearaithe agus comhlachtaí ceantála, a bhíonn ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil saothar ealaíne, chomh maith le saorphoirt le haghaidh idirbhearta os cionn tairsí áirithe. Tá oibleagáid ar rannpháirtithe margaidh measúnuithe riosca agus cineálacha cur chuige ‘riosca‑bhunaithe’ maidir le sciúradh airgid agus maidir le maoiniú sceimhlitheoirí a chosc agus a bhrath, bearta maolaithe riosca agus bainistithe riosca, dícheall cuí éifeachtach do chustaiméirí agus sainaithint custaiméirí agus a n‑úinéirí tairbhiúla, agus idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú do na haonaid náisiúnta um fhaisnéis airgeadais. Ina theannta sin, leagtar síos 37 teorainn EUR 10 000 ar fud an Aontais le haghaidh íocaíochtaí airgid thirim sa togra le haghaidh Rialacháin nua maidir le Frithsciúradh Airgid. Leis sin is féidir laghdú a dhéanamh ar a tharraingtí don sciúradh airgid atá margadh na n‑earraí cultúir.

Ar deireadh, is gá go mbeadh leibhéal leordhóthanach tuisceana ag na húdaráis phoiblí maidir le sciúradh airgid agus rioscaí maoinithe sceimhlitheoireachta agus leochaileachtaí san earnáil earraí cultúir ionas gur féidir leo gníomhú dá réir nuair is gá sin. Chuige sin, cuireann measúnuithe riosca náisiúnta arna ndéanamh ag Ballstáit faoin reachtaíocht frithsciúrtha airgid 38 an comhthéacs oiriúnach ar fáil. Féadfaidh na Ballstáit treoir a eisiúint freisin d’eintitis ábhartha san earnáil phríobháideach maidir leis an gcaoi idirbhearta ábhartha a aithint agus oibleagáidí a chomhlíonadh chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. 39 . 

Ar deiridh, tacaíonn an Coimisiún le tionscadal an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le healaín, seaniarsmaí agus earraí cultúir eile. Áirítear ar a chuspóirí cuidiú le tíortha, le húdaráis inniúla agus leis an earnáil phríobháideach a thuiscint conas is féidir le coirpigh agus sceimhlitheoirí mí‑úsáid a bhaint as trádáil in earraí den sórt sin, agus dea‑chleachtais agus moltaí a fhorbairt chun na rioscaí sin a mhaolú 40 . Thairis sin, déanann an Coimisiún measúnú leanúnach ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a mbíonn tionchar acu ar an margadh inmheánach nuair a bhaineann siad le gníomhaíochtaí trasteorann. I gcomhthéacs an mheasúnaithe riosca fornáisiúnta 41 déanann an Coimisiún measúnú agus faireachán ar na rioscaí sonracha a bhaineann le margadh na healaíne agus na seaniarsmaí agus earnálacha gaolmhara eile, amhail saorphoirt agus saoráidí stórála ealaíne 42 . 

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:

·Idirphlé a thionscnamh laistigh den margadh ealaíne, i ndlúthchomhar le UNESCO, maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le cosaint agus trádáil na nearraí cultúir sa margadh aonair, lena náirítear Imeacht Ardleibhéil in 2023;

·Tacú le malartú faisnéise idir gairmithe i réimse na hoidhreachta cultúrtha agus na húdaráis ábhartha trí shraith ceardlann agus imeachtaí piarfhoghlama 43 ;

·Cíoradh a dhéanamh i dtaobh leathnú a dhéanamh ar an gcóras leictreonach chun allmhairiú earraí cultúir a rialú chun déileáil le honnmhairiú earraí cultúir, trí staidéar féidearthachta;

·Agus é mar aidhm aige cuidiú leis na mBallstát cláir díolachán a bhunú chun feabhas a chur ar inrianaitheacht na nearraí cultúir laistigh den mhargadh aonair (lena náirítear díolacháin ar líne), tionscnóidh an Coimisiún staidéir, agus tabharfaidh sé treoraíocht do na mBallstáit ar a bhonn sin in 2024;

·Comhoibriú le ICOM chun Cód Eitice ICOM do Mhúsaeim a chur chun cinn, acmhainní a fheabhsú agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne músaem agus institiúidí oidhreachta cultúrtha i roinnt Ballstát, chun a gcuid bailiúcháin a thaifeadadh agus a chosaint ar bhealach níos fearr.

Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Comhar éifeachtach agus comhroinnt faisnéise a neartú i measc údaráis chustaim agus leis an gCoimisiún 44 tríd an gCóras Faisnéise Custaim chun calaois a bhaineann le hearraí cultúir a chomhrac;

·Bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcláróidh bailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha a sealúchais go cuí i mbunachair sonraí agus go dtuairisceoidh siad cásanna coireachta maoine do lucht fhorfheidhmithe an dlí, le cabhair ó chaighdeáin agus ó uirlisí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta (amhail an caighdeán maidir le Object ID nó Bunachar Sonraí Saothair Ealaíne Goidte Interpol);

·Na rioscaí a bhaineann leis an ngáinneáil ar earraí cultúir, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint, a mheasúnú agus a thuiscint mar chuid dá measúnú náisiúnta riosca faoin reachtaíocht frithsciúrtha airgid, agus bearta oiriúnacha a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú;

·Feasacht a spreagadh agus treoir a thabhairt don earnáil phríobháideach maidir leis an mbealach is fearr a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc i gcomhar leis na húdaráis inniúla 45 ;

·Feabhas a chur ar an gcomhar idir eintitis faoi oibleagáid ón margadh ealaíne agus seaniarsmaí, ón earnáil airgeadais agus ó na hAonaid Faisnéise Airgeadais trí eolas agus oiliúint a roinnt maidir le rioscaí agus cineálacha gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann le hearraí cultúir, agus na féidearthachtaí comhair idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha á gcur san áireamh;

·Cód Idirnáisiúnta Eitice do Dhéileálaithe i Maoin Chultúir agus  Cód Eitice ICOM do Mhúsaeim a chur chun cinn.

3.2. Inniúlachtaí oifigigh fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna a neartú

Mar gheall ar chineál casta na gáinneála ar earraí cultúir, bíonn dúshláin shonracha le sárú ag oifigigh fhorfheidhmiú an dlí agus ag na breithiúna. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun cur lena gcumas cásanna gáinneála ar earraí cultúir a láimhseáil go héifeachtach, i gcomhréir le cúraimí agus freagrachtaí na n‑údarás faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta faoi seach.

Faoi láthair, ní léiriú sásúil sa léargas ar an bhfaisnéis atá ar fáil leitheadúlacht na gáinneála ar earraí cultúir. Ar cheann de na cúiseanna leis an easpa sonraí maidir le gáinneáil ar earraí cultúir tá clárú míchuí na gcásanna gáinneála. Bac mór ar léargas ar an bhfaisnéis ar fud an Aontais a fháil is ea easpa modheolaíochta aonfhoirmí maidir le bailiú sonraí agus catagóirithe aonfhoirmigh ar choireanna a bhaineann le hearraí cultúir. Chun catagóiriú aonfhoirmeach a éascú, tá fáil sa chatalóg chuimsitheach de choireanna maoine cultúir atá leagtha amach i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cionta a bhaineann le Maoin Chultúir (‘Coinbhinsiún Nicosia’) 46 treoir maidir le catagóirí coireanna is féidir le húdaráis na mBallstát a úsáid. 

Ní mór tuiscint oiriúnach a bheith ag údaráis phoiblí ar an modus operandi atá ag coirpigh, agus faisnéis a roinnt le chéile chun bheith in ann an leas is fearr a bhaint as a gcuid acmhainní. Ba cheart a chumhdach le tuiscint den sórt sin go háirithe na difríochtaí réigiúnacha 47 idir gáinneálaithe, mar shampla i dtéarmaí leagan amach eagraíochtúil, earraí cultúir i mbaol, bealaí gáinneála nó modhanna chun airgead a sciúradh agus chun stair shaoil agus bunáitíocht na n‑earraí a fhalsú. Leis an eolas sin is féidir cuardaigh níos spriocdhírithe a éascú agus úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Féadfaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) rannchuidiú freisin le tuiscint níos fearr ar chleachtais gáinneálaithe agus raon feidhme na gáinneála ar earraí cultúir.

Ní mór d’údaráis phoiblí a bheith ar an eolas freisin faoi cheanglais maidir le comhar laistigh de ghníomhaireachtaí 48 agus idir gníomhaireachtaí, chomh maith le roghanna comhair i gcás ar leith. Chun tacú leis na húdaráis phoiblí ina nacmhainneachtaí chun acmhainneacht a fhothú d’fhoilsigh UNESCO an tsraith straitéisí ‘Fighting the illicit trafficking of cultural property: toolkit for European judiciary agus law enforcement’ [An gháinneáil aindleathach ar mhaoin chultúir a chomhrac: sraith straitéisí do bhreithiúna agus d’údaráis forfheidhmithe dlí na hEorpa], arna forbairt mar chuid den chomhar idir an tAontas agus UNESCO. Tacaíonn an Coimisiún le UNESCO a fhoireann uirlisí a aistriú go teangacha eile de chuid na dtíortha ábhartha. Ar an dara dul síos, tá Uirlis Cúnaimh Phraiticiúil forbartha ag UNODC 49 , chun cúnamh a thabhairt chun na Treoirlínte Idirnáisiúnta a chur chun feidhme 50 .

Tá saineolas agus uirlisí sonracha 51 de dhíth ar údaráis phoiblí chun cásanna gáinneála a bhrath agus imscrúdú a dhéanamh orthu. I gcomhréir le moltaí Interpol, is éard atá i gceist leis sin taifeadadh sásúil a dhéanamh ar ítimí goidte ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus na scileanna riachtanacha a bheith ag údaráis inniúla, go háirithe, trí aonaid speisialaithe a chruthú ar an leibhéal náisiúnta a bheidh dírithe go heisiach ar imscrúduithe ar an gáinneáil ar earraí cultúir mar atá leagtha síos i gCoinbhinsiún UNESCO 1970 52 . Tá sé cruthaithe freisin go bhfuil díormaí speisialaithe ionchúisitheoirí éifeachtach chun raon feidhme na n‑imscrúduithe a dhoimhniú. Fachtóir tábhachtach eile is ea rochtain thráthúil ar shaineolas ó staraithe ealaíne, ó sheandálaithe nó ó shaineolaithe eile ar earraí cultúir, chun earraí cultúir a gabhadh a aithint, a mbarántúlacht a chinneadh, nó an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann a chainníochtú ag láithreacha a raibh nó a bhfuil baol ann go ndéanfaí creachadóireacht orthu.

Tá an teicneolaíocht ríthábhachtach chun tacú le húdaráis forghníomhaithe an dlí agus chun earraí cultúir a chosaint ar gháinneáil. Áirítear leis sin bogearraí chun earraí goidte a chlárú agus chun earraí cultúir neamhdhleathacha a bhrath ar an margadh, teicneolaíocht faireachais aeir chun suíomhanna atá i mbaol a chosaint nó uirlisí imscrúdaithe ar líne, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar intleacht shaorga. Go háirithe, tá uirlisí braite sonracha de dhíth ar údaráis fhorfheidhmithe dlí chun dul i ngleic go héifeachtach leis an líon ítimí atá le seiceáil in imscrúduithe ar líne, mar shampla chun an t‑idirlíon a scanadh go córasach le haghaidh íomhánna d’earraí cultúir agus sonraí eile a bhaineann leo atá ar díol go neamhdhleathach.

D’fhéadfadh na húdaráis féachaint freisin ar raon feidhme na n‑imscrúduithe a leathnú thar aisghabháil na n‑earraí gáinneáilte, chun na gréasáin choiriúla agus na sreafaí airgid aindleathacha taobh thiar de na cásanna gáinneála aonair a chuimsiú. Ar an gcaoi sin, bheadh raon feidhme na n‑imscrúduithe ag teacht le moltaí idirnáisiúnta (e.g. Interpol), le Straitéis an Aontais um an gCoireacht Eagraithe 2021‑2025 agus le comhspriocanna straitéiseacha cothrománacha EMPACT. Ar leibhéal an Aontais agus go hidirnáisiúnta, is féidir le Europol 53 , Frontex, gníomhaireacht bainistíochta teorann an Aontais, 54 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) tacú - de réir a sainorduithe faoi seach - le himscrúduithe nó trí rannpháirtíocht comhpháirtithe amhail Interpol, Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) nó an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim. Ina theannta sin, is féidir comhar a chur ar bun i gcomhthéacs ionstraimí ábhartha eile um fhorghníomhú an dlí agus um chomhar breithiúnach. 55 . D’fhéadfadh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) cionta sonracha a bhaineann le gáinneáil ar earraí cultúir a thagann faoina hinniúlacht a imscrúdú agus a ionchúiseamh 56 . Tá an Coimisiún tiomanta a áirithiú gur féidir le OPIPE na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2017/1939 a fheidhmiú go héifeachtach, lena n‑áirítear trína chomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas a neartú.  

De bhrí go bhfuil gné thrasteorann ag baint leis an ngáinneáil, is féidir an comhrac in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir a neartú trí mhalartuithe níos fearr idir údaráis náisiúnta. Chun malartú faisnéise straitéisí agus dea‑chleachtas a fheabhsú, chomh maith le comhiarrachtaí a chothú maidir le gáinneáil ar earraí cultúir, chruthaigh an Chomhairle líonra neamhfhoirmiúil d’údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát, EU CULTNET, in 2012 57 . Tá acmhainneacht shuntasach ag an ngréasán sin chun tacú le húdaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát dul i ngleic le gáinneáil ar earraí cultúir, go háirithe trí chomhar ar thionscadail leasa choitinn agus trí bhearta sonracha a fhorbairt, bearta atá saincheaptha do riachtanais na núdarás forfheidhmithe dlí. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chun comhar um fhorghníomhú an dlí a éascú trí EU CULTNET.

Baineann lucht gáinneála earraí cultúir leas as coiriúlú na gcionta ábhartha nach ionann é ar fud an Aontais. Is é ‘Coinbhinsiún Nicosia’ Chomhairle na hEorpa 58 an t‑aon chonradh idirnáisiúnta a dhéileálann go sonrach le coiriúlú na gáinneála aindleathaí ar mhaoin chultúir. Ar na bearta cur chun feidhme atá sonraithe faoin gcoinbhinsiún tá coiriúlú ar ghadaíocht, ar allmhairiú/onnmhairiú neamhdhleathach, ar thochailtí neamhdhleathacha, ar mhaoin chultúir a fháil agus a chur ar an margadh go neamhdhleathach agus ar fhalsú doiciméad. Chuideodh na bearta sin le cur isteach ar ghníomhaíochtaí gáinneála trí imscrúduithe méadaithe chomh maith le deiseanna feabhsaithe chun maoin chultúir ghoidte a aisghabháil agus a choigistiú. Thairis sin, chun cur isteach ar shamhlacha gnó na gcoirpeach, mhol an Coimisiún le déanaí go gcuirfí dlús leis na rialacha AE maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní 59 lena gceanglófaí ar na Ballstáit réadmhaoin a eascraíonn as gáinneáil ar earraí cultúir a rianú, a chalcadh agus a choigistiú i gcás ina ndéantar gáinneáil den sórt sin laistigh de chreat grúpa coireachta eagraithe. Sa bhreis air sin tá an Coimisiún ag obair ar bhealaí chun méadú a dhéanamh ar chuntasaíocht choiriúil na ndaoine aonair agus na ndaoine dlítheanacha a sháraíonn bhearta srianta an Aontais 60 . Bheadh tionchar aige sin freisin ar na daoine aonair agus na daoine dlítheanacha siúd a úsáideann earraí cultúir chun teacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:

·Catagóirí níos aonfhoirmeacha a shainaithint agus a éascú le haghaidh bailiú sonraí le tacaíocht ó Europol, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí bailiú sonraí uile-Aontais a dhéanamh trí EUROSTAT amach anseo;

·Féachaint ar bhearta le haghaidh comhchuibhiú agus idirnascadh a dhéanamh ar fud an Aontais ar bhunachair sonraí na mBallstát maidir le hearraí cultúir goidte – lena n‑áirítear nasc a dhéanamh le Bunachar Sonraí Saothair Ealaíne Goidte Interpol;

·Leanúint de mhaoiniú a thabhairt do réitigh a fhorbairt chun inrianaitheacht agus brath a fheabhsú i ndáil le hearraí cultúir ar mhaithe lena gcosaint ar bhagairtí de dhéantús an duine (lena náirítear an choireacht), agus chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de chosaint na nearraí cultúir, lena náirítear bearta inrianaitheachta mar aon le brath agus rianú na nearraí cultúir 61 ;

·Gáinneáil ar earraí cultúir a chur leis an gcúrsa ionduchtúcháin d’oifigigh an bhuanchóir chun coireanna trasteorann a bhrath ag Frontex;

·Measúnú a dhéanamh aruirlisí imscrúdúcháin digiteacha (lena náirítear iad siúd atá maoinithe ag an gCoimisiún) agus rochtain na mBallstát orthu sin a chothú, le tacaíocht ó Shaotharlann Nuálaíochta Europol;

·Mapáil a dhéanamh ar reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena ndéantar coir den gháinneáil aindleathach ar mhaoin chultúir agus lena gcuirtear Coinbhinsiún Nicosia chun feidhme;

Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Bunachair sonraí tiomnaithe náisiúnta earraí cultúir goidte a bhunú agus a bhainistiú go cuí;

·Earraí cultúir goidte a thuairisciú do Interpol trína bhunachar Saothair Ealaíne Goidte;

·Faisnéis a roinnt maidir le cásanna gáinneála ar earraí cultúir le Europol agus Interpol chun an léargas faisnéise a fheabhsú;

·Acmhainneacht EMPACT maidir le cásanna gáinneála ar earraí cultúir a uasmhéadú, lena n‑áirítear imscrúduithe ar na líonraí coiriúla agus ar na sreafaí airgid aindleathacha a bhaineann leo sin;

·An leas is mó a bhaint as tacaíocht agus saineolas Europol maidir le forfheidhmiú an dlí trasteorann agus maidir leis an gcomhar breithiúnach;

·Forbairt shásúil ar acmhainneacht na n‑údarás náisiúnta um fhorghníomhú an dlí agus na n‑údarás breithiúnach, mar shampla trí aonaid speisialaithe um fhorghníomhú an dlía bhunú agus a oiliúint, agus trí shainghrúpaí ionchúisitheoirí, agus trí bhunoiliúint a sholáthar do na póilíní, do na hoifigigh chustaim agus gardaí teorann atá páirteach i ngnáthsheiceálacha gnáthaimh;

·Meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích idir na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha agus na hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha ábhartha chun a áirithiú go ndéanfarearraí cultúir arna nurghabháil nó arna gcoigistiú a láimhseáil ar bhealach sásúil;

·Tacú le hathneartú agus leanúnachas an líonra EU CULTNET chun a lánacmhainneacht a úsáid, lena n‑áirítear trí bhaill foirne iomchuí a chur ar iasacht chuig Europol chuige sin, agus trí bhearta coiteanna a fhorbairt amhail rochtain thapa na núdarás forfheidhmithe dlí ar an saineolas is gá ó sheandálaithe nó ó staraithe a fheabhsú 62 ;

·‘Coinbhinsiún Nicosia’ Chomhairle na hEorpaa shíniú, a dhaingniú agus a chur chun feidhme 63 .

3.3. Dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta

Teastaíonn gníomhaíocht lasmuigh de theorainneacha an Aontais chun comhrac éifeachtach a dhéanamh in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir. Áirítear le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais comhar iltaobhach agus déthaobhach, agus dírítear ar bhearta i dtíortha foinseacha, tíortha idirthurais agus tíortha cinn scríbe lasmuigh den Aontas Eorpach. Áirítear ar na gníomhaíochtaí tacaíocht chun oidhreacht chultúrtha agus láithreáin seandálaíochta a chosaint, bunachair sonraí náisiúnta earraí cultúir a bhunú, agus fothú acmhainneachta le haghaidh fhorghníomhú an dlí agus le haghaidh na mbreithiúna.

Leanann seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) de bheith ag tacú le freagairt dhomhanda ar an ngáinneáil ar earraí cultúir. Déanfaidh siad cosaint na hoidhreachta cultúrtha a ionchorprú a thuilleadh i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ó fhreagairt ghéarchéime agus éigeandála go forbairt comhair, comhar idirnáisiúnta agus iltaobhach, agus laistigh den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta. Ina theannta sin, leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, in éineacht leis an SEGS, i gcomhréir lena gcúraimí faoi seach agus leis na nósanna imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais, de bheith ag neartú an chomhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha 64 atá tiomnaithe don gháinneáil ar earraí cultúir a chomhrac, ag spreagadh tuilleadh forbartha agus ag cloí le creataí agus caighdeáin ábhartha an dlí idirnáisiúnta.

Maidir le comhar déthaobhach nó réigiúnach le tíortha nach tíortha den Aontas iad, tá cosaint earraí cultúir ar gháinneáil curtha san áireamh ag an Aontas i gcomhaontuithe comhair dhéthaobhaigh, amhail na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta leis an Éigipt, 65 nó Clár Cúnaimh na hEorpa‑Mheiriceá Laidinigh in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (El PacCto). An toradh a bhí air sin is ea uirlisí comhair nua a bhunú chun imscrúdú a dhéanamh ar gháinneáil ar mhaoin chultúir 66 .  Thairis sin, thacaigh an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí a bhaineann le gáinneáil ar earraí cultúir sna Balcáin Thiar a chomhrac, agus thug sé tacaíocht airgeadais le haghaidh chosaint na hoidhreachta cultúrtha do thíortha foinseacha agus tíortha idirthurais ina dtarlaíonn an gháinneáil ar earraí cultúir amhail Mailí, an Túinéis, an Liobáin, an Iaráic, an tSiria, an Libia agus Éimin 67 . Maidir le fothú acmhainneachta, tacaíonn an Coimisiún freisin le tíortha comhpháirtíochta i réimse an aisghabhála sócmhainní. Maoiníonn sé bearta cúnaimh atá dírithe ar chomhar trasteorann a fheabhsú chun sócmhainní a rianú, a imscrúdú, a urghabháil agus a choigistiú. 68 . 

Gníomhaíonn an tAontas Eorpach freisin ar fud an domhain chun dul i ngleic le sreafaí airgeadais aindleathacha a bhaineann le hearraí cultúir. Tá sin á dhéanamh trí Shaoráid Dhomhanda an Aontais maidir le Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac. Is é is aidhm don tSaoráid Dhomhanda  cuidiú le tíortha oiriúnú do chaighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, a áirithíonn freagairt chomhordaithe dhomhanda chun coireacht eagraithe, éilliú agus sceimhlitheoireacht a chosc. Ar na gníomhaíochtaí tá feabhas a chur ar imscrúduithe agus comhar a éascú idir údaráis ábhartha na dtíortha comhpháirtíochta, cuir i gcás le haghaidh Aonaid Faisnéise Airgeadais.

Tugann gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh aghaidh go sonrach ar leochaileacht earraí cultúir i leith díobháil choiriúil i réigiúin coinbhleachta agus géarchéime 69 .  Déanann SEGS, mar aon le seirbhísí an Choimisiúin agus na Ballstáit, faireachán ar a dhul chun cinn 70 . Áirítear leis sin tascfhórsa neamhfhoirmiúil saineolaithe ó SEGS agus ó sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin chun faisnéis a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí nithiúla nua a éascú. Ós rud é gur féidir le gníomhairí a imscartar i misin agus in oibríochtaí ról mór a bheith acu i gcosaint earraí cultúir, áireofar gáinneáil ar earraí cultúir i modúil oiliúna tiomnaithe an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta maidir leis an oidhreacht chultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna. Sampla suntasach eile is ea an tacaíocht a thugtar do thíortha atá i mbaol creachadóireachta le teicneolaíocht satailíte agus dróin trí chlár Copernicus an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na cruinne.

Fágann cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine gur gá tuilleadh gníomhaíochta chun earraí cultúir na hÚcráine a chosaint. Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS de bheith ag tacú le cosaint earraí cultúir san Úcráin ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear cúnamh chun earraí cultúir a chosaint agus a aslonnú 71 . Chuige sin, bíonn malartuithe á ndéanamh go tráthrialta ag seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS i dtascfhórsa tiomnaithe maidir le dea‑chleachtais, na ceachtanna a foghlaimíodh agus na gníomhaíochtaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar na gníomhaíochtaí sin tá tacaíocht airgeadais chun foirgnimh agus bailiúcháin a chosaint, chomh maith le tacaíocht do ghairmithe oidhreachta cultúrtha a chumasaíonn dóibh leanúint lena gcuid oibre san Úcráin, i gcomhar leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chosaint na hOidhreachta i Limistéir Choinbhleachta 72 . Ina theannta sin, den chéad uair, cuireadh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) i ngníomh chun cúnamh a sholáthar i réimse chosaint na hoidhreachta cultúrtha. 73 . Áireofar le clár House of Europe II, arna mhaoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), tacaíocht chun oidhreacht chultúrtha na hÚcráine a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Fáiltíonn an Coimisiún roimh thacaíocht reatha na mBallstát do thíortha foinse nó do thíortha idirthurais nach tíortha den Aontas iad, lena n‑áirítear i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna, amhail sa Mheánoirthear 74 agus san Úcráin.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, i gcomhar le SEGS agus leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

·Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme Chonclúidí na Comhairle maidir le cur chuige an Aontais i dtaca leis an Oidhreacht Chultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna;

·Cur leis an Tacaíocht maidir le cosaint earraí cultúir na hÚcráine ó scrios trí thacú le haslonnú agus cosaint fhisiciúil na mbailiúchán;

·Cur le cumas tríú tíortha maidir le comhar trasteorann agus imscrúduithe ar sciúradh airgid a bhaineann le hearraí cultúir, go háirithe trí raon feidhme Shaoráid Dhomhanda an Aontais maidir le Frithsciúradh Airgid a leathnú chun an Áise agus Meiriceá Laidineach a chlúdach.

3.4. Cosaint na n‑earraí cultúir ar gháinneáil trí thacaíocht ó pháirtithe leasmharaa uasmhéadú

Léirigh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear UNESCO agus UNODC, go bhfuil feasacht teoranta ag an bpobal maidir leis an dochar a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gáinneáil ar earraí cultúir. Tá sé ríthábhachtach feasacht a mhúscailt lasmuigh de lucht forfheidhmithe dlí agus lucht na hoidhreachta cultúrtha maidir le tábhacht na hoidhreachta cultúrtha agus an dochar a dhéantar mar gheall ar thrádáil aindleathach earraí cultúir. I measc na spriocghrúpaí tá daoine atá ag smaoineamh ar earraí cultúir a cheannach, daoine óga, iriseoirí, daoine aonair nó eintitis atá in ann tionchar a imirt ar thuairim an phobail maidir le hearraí cultúir, chomh maith le pobail i dtíortha foinseacha ar féidir leo tionchar a imirt ar an gcaoi a gcaomhnaítear agus a gcosnaítear earraí cultúir áitiúla.

Chuige sin, tacaíonn an Coimisiún le roinnt tionscadal lena ndéantar feasacht a mhúscailt. Chun feasacht a mhúscailt faoi cosaint na hoidhreachta cultúrtha san Úcráin, tacaíonn an Coimisiún leis an bhfeachtas #ArtvsWar. Ina theannta sin, oibríonn an Coimisiún i gcomhar le UNESCO agus tacaíonn sé lena bhfeachtas ar ‘Fíorphraghas na hEalaíne’, chun feasacht ceannaitheoirí ionchasacha a ardú ar an tionchar a bhíonn ag gáinneáil ar oidhreacht chultúrtha. Chun dul i bhfeidhm ar phobal níos leithe, tacaíonn an Coimisiún le hábhar teagaisc a chruthú maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha, 75 agus lena cur chun cinn ar fud an Aontais trí thairseach an Oideachais Scoile Tacaíonn an tAontas freisin le rannpháirtíocht na hóige. Mar shampla, tá Cumann na Mac Léinn Eorpach um Oidhreacht Chultúrtha, a bunaíodh tráth Bhliain Eorpach um Oidhreacht Chultúrtha 2018, mar chuid de thionscadal líonra a fhaigheann tacaíocht ó Chlár Eoraip na Cruthaitheachta European Cultural Heritage Agora: Empowering Europe’s Civil Society Movement for Heritage. 

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, i gcomhar le SEGS i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

·Tacaíocht airgeadais a sholáthar do ICOM, chun Faireachlann ICOMa uasghrádú, ar faireachlann é lena láraítear agus lena scaiptear ionstraimí agus ábhair éagsúla le haghaidh tuiscint idirnáisiúnta poiblí agus treoshuíomh beartais chun earraí cultúir a chosaint;

·Tacú le UNESCO chun lámhleabhar a chruthú d’iriseoirí maidir le tuairisciú ar choireanna a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha;

·Tacú le tionscnaimh rannpháirtíochta óige tríd an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, trí Chór Dlúthpháirtíochta an Aontais, agus an tríd an gclár Erasmus+;

·Dul i mbun comhphlé le heagraíochtaí óige ábhartha chun feasacht a chur chun cinn ar an ngá atá le hoidhreacht chultúrtha a chosaint ar scrios, ar ghoid agus ar chreachadóireacht.  

4.Conclúid

Ní coir gan íospartach í an gháinneáil ar earraí cultúir: ní hamháin go spreagann sé gníomhaíochtaí a chuireann sábháilteacht shaoránaigh an Aontais i mbaol, ach is féidir léi dochar doleigheasta a dhéanamh dár n‑oidhreacht chultúrtha agus dá bhrí sin, dár bhféiniúlacht choiteann. Sin an fáth a bhfuil iarrachtaí coiteanna agus leanúnacha breise ag teastáil ó réimse mór páirtithe leasmhara laistigh den Aontas agus lasmuigh de chun gáinneáil ar earraí cultúir a chomhrac. Leis an bplean gníomhaíochta seo soláthraítear creat cuimsitheach don Aontas agus do na Ballstáit chun cosc, brath agus freagairt ceartais choiriúil ar gháinneáil ar earraí cultúir agus coireanna gaolmhara a chur chun cinn. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an plean gníomhaíochta seo a fhormhuiniú agus tacú lena chur chun feidhme.

(1)

     Féach mar shampla Rúin 2199 (2015), 2253 (2015), 2322 (2016), 2347 (2017), 2462 (2019) agus 2617 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; Dearbhú na Róimhe ó Airí Cultúir G‑20 an 30 Iúil 2021.

(2)

     In 2021 rinneadh an margadh ‘dleathach’ ealaíne agus seaniarsmaí a luacháil ag USD 65 bhilliún ar fud an domhain, méadú 29 % i gcomparáid le 2020, ar méadú é ar an luach a bhí ann roimh phaindéim COVID‑19; féach Clare McAndrew, The Art Market 2022 – An Art Basel & UBS Report.

(3)

     Cf. Europol, 2021 Serious and Organised Crime Threat Assessment [Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe].

(4)

     Interpol, Assessing Crimes Against Cultural Property 2020, tuarascáil.

(5)

     Cuid oibríochtúil den Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT). Féach https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/total-of-52-arrests‑in‑operation‑across‑28-countries‑targeting-trafficking-in‑cultural-goods .

(6)

     Féach an Coimisiún Eorpach, Illicit trade in cultural goods in Europe - Characteristics, criminal justice responses and an analysis of the applicability of technologies in the combat against the trade, final report, 2019 [Trádáil aindleathach in earraí cultúir san Eoraip - Saintréithe, freagairtí an cheartais choiriúil agus anailís ar infheidhmeacht teicneolaíochtaí sa chomhrac in aghaidh na trádála, tuarascáil chríochnaitheach, 2019], lgh. 81, 159, 160.

(7)

     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála, COM/2020/605 final .

(8)

     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le coireacht eagraithe 2021‑2025, COM/2021/170 final.

(9)

     Lena náirítear creachadh, i.e. creachadóireacht in aimsir chogaidh, a mheastar a bheith ina choir chogaidh de réir dhlí idirnáisiúnta daonnúil an ghnáis. Féach https://ihl-databases.icrc.org/customary-ihl/eng/docs/v1_rul_rule52 .

(10)

     Féach mar shampla United States Senate, Permanent Subcommittee on Investigations, Committee on Homeland Security and Governmental Affairs, The Art Industry and U.S. Policies that Undermine Sanctions, Tuarascáil Foirne, an Buan‑fhochoiste maidir le hImscrúduithe, Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2020.

(11)

     Suíomh in situ réad ar dháta a fhionnachtana seandálaíochta.

(12)

     Sonraí coimeádta maoine sa slabhra ‘bunús go dtí an láthair’.

(13)

     Amhail úsáid na nidirbheart airgid, anaithnideacht na gceannaitheoirí agus úsáid cuideachtaí caocha agus saorphort.

(14)

     Maidir le leochaileachtaí an mhargaidh ealaíne i leith sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, féach mar shampla TRACFIN (Traitement du renseignement et action contre les circuits financiers clandestins), La lettre d’information de TRACFIN, uimhir 16, mí an Mheithimh 2018.

(15)

     Féach an tuarascáil a luaitear i bhfonóta 7, lch. 70, 81, 158 - 160.

(16)

     I gcás nach ndéantar é a shonrú a thuilleadh, tagraíonn an téarma údaráis forghníomhaithe dlí mar a úsáidtear sa doiciméad seo é do phóilíní, údaráis chustaim, údaráis rialaithe teorann agus údaráis ábhartha eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh acu chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.

(17)

     Féach go háirithe Rúin 2199 (2015), 2253 (2015), 2322 (2016), 2347 (2017), 2462 (2019) agus 2617 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe, Rún A/RES/69/196 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (Treoirlínte Idirnáisiúnta maidir le Coireacht a Chosc agus Freagairtí an Cheartais Choiriúil i ndáil le Gáinneáil ar Mhaoin Chultúir agus Cionta Gaolmhara Eile), Tuarascáil Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta ar an deichiú seisiún di, UNTOC COP/2020/10 Rún 10/7, Coinbhinsiún 1970 de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le Modhanna chun Allmhairiú, Onnmhairiú agus Aistriú Aindleathach Úinéireachta Maoine Cultúir a Thoirmeasc agus a Chosc, Coinbhinsiún UNIDROIT 1995 maidir le Maoin Chultúir a Goideadh nó a Onnmhairíodh go Neamhdhleathach, Dearbhú na Róimhe ó Airí Cultúir G‑20 an 30 Iúil 2021, tuarascáil Interpol Assessing Crimes Against Cultural Property 2020, The Safety and Security of Cultural Heritage in Zones of War or Instability arna fhoilsiú faoi shraith Eolaíocht ar son na Síochána agus na Slándála 2021 de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), Dearbhú Chomhdháil Dhomhanda UNESCO maidir le Beartais Chultúrtha agus Forbairt Inbhuanaithe MONDIACULT 2022.

(18)

     Féach freisin Rún A/RES/69/196 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

(19)

     Airteagal 1 de Choinbhinsiún UNESCO 1970.

(20)

     Lena n‑áirítear rannpháirtithe éagsúla a bhfuil baint acu le hidirbhearta sa mhargadh ealaíne, amhail ceannaitheoirí, gailearaithe, comhlachtaí ceantála, déileálaithe eile earraí cultúir (lena n‑áirítear ardáin díolacháin ar líne), saorphoirt, saoráidí stórála ealaíne, saineolaithe in earraí cultúir, gnólachtaí a bhfuil baint acu le hidirbhearta earraí cultúir a mhaoiniú, mar aon le cuntasóirí, iniúchóirí, comhairleoirí cánach agus gairmithe dlí a bhfuil baint acu le hidirbhearta earraí cultúir.

(21)

     Tá margaí ealaíne agus institiúidí cultúrtha ealaíne faoi réir rialacha agus noirm eile maidir le dícheall cuí, cúram cuí nó tuairisciú i dtaca le custaiméirí, stair shaoil earraí cultúir nó idirbhearta cultúrtha. Eascraíonn na rialacha agus na noirm sin as cleachtas margaidh, cóid iompair (amhail cód eitice idirnáisiúnta UNESCO le haghaidh trádálaithe maoine cultúir nó Cód Eitice le haghaidh Mhúsaeim na Comhairle Idirnáisiúnta Músaem), cásdlí nó reachtaíocht (féach mar shampla Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú arna leasú le Treoir (AE) 2018/843, IO L 156, 19.6.2018, lgh. 43–74; Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le maoin chultúir a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais IO L 159, 28.5.2014, lgh. 1 – 10, nó ceanglais náisiúnta maidir le díolacháin a thaifeadadh i gcláir.).

(22)

      https://ec.europa.eu/transparency/expert‑groups‑register/screen/expert‑groups/consult?lang=en&do=groupDetail.groupDetail&groupID=3204 .

(23)

     Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach: https://en.unesco.org/fighttrafficking/eu-cooperation.

(24)

     Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le honnmhairiú earraí cultúir, IO L 39, 10.2.2009, lgh. 1 – 7, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2012 chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle maidir le honnmhairiú earraí cultúir, IO L 324, 22.11.2012, lgh. 1–24.

(25)

     Féach Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú arna chomhlánú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021. Maidir leis an tSiria, féach Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (IO L 169, 8.7.2003, lgh. 6–23) agus Airteagal 11c de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria arna leasú an 13 Nollaig 2013 le Rialachán 1332/2013, IO L 16, 19.1.2012, lgh. 1–32.

(26)

     Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le maoin chultúir a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais, IO L 159, 28.5.2014, lgh. 1–10.

(27)

     Lasmuigh de na réimsí arna gcomhchuibhiú le reachtaíocht an Aontais, amhail Treoir (AE) 2015/849, Treoir 2014/60/AE, nó ceanglais náisiúnta chun díolacháin a thaifeadadh i gcláir.

(28)

     Airteagal 10 (1).

(29)

     Maidir le tacaíocht do bhearta maidir le hinrianaitheacht méadaithe féach freisin gníomhaíochtaí faoi chuspóir straitéiseach 2.

(30)

     Féach An chéad tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le hearraí cultúir a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Athmhúnlú), COM/2021/705 final, 18 Samhain 2021.

(31)

     Cf. Europol, 2021 Serious and Organised Crime Threat Assessment [Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe].

(32)

     Rud atá tacaithe ag aip IDArt de chuid Interpol freisin. Féach https://www.interpol.int/Crimes/Cultural-heritage-crime/ID‑Art‑mobile-app .

(33)

     Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1-102.

(34)

     Tá tabhairt isteach meicníochtaí chun tuairisciú a dhéanamh maidir le déileálacha nó díolacháin amhrasacha ar an idirlíon liostaithe mar threoirlíne 3(d) in International Guidelines for Crime Prevention and Criminal Justice Responses with Respect to Trafficking in Cultural Property and Other Related Offences [Treoirlínte Idirnáisiúnta um Chosc ar Choireacht agus um Fhreagairt an Cheartais Choiriúil ar an nGáinneáil ar Mhaoin Chultúir agus ar Chionta Gaolmhara Eile], Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, A/C3/69/L7.

(35)

     Féach Moladh C(2021)7953 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021, maidir le spás coiteann sonraí Eorpach don oidhreacht chultúrtha; An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Brunet, P., De Luca, L., Hyvönen, E., et al., Report on a European collaborative cloud for cultural heritage:ex-ante impact assessment [Tuarascáil maidir le néal Eorpach um chomhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha: measúnú tionchair ex ante], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2777/64014 . Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Europeana agus cruthú Lárionad Inniúlachta Eorpach chun oidhreacht chultúrtha a chaomhnú (4CH), féach https://www.europeana.eu/en agus https://www.4chproject.eu.

(36)

     Féach Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 145, 5.6.2015, lch. 73–117 arna leasú ag Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 156, 19.6.2018, lgh. 43–74.

(37)

     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, COM(2021) 420 final.

(38)

     Féach Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/849.

(39)

     Féach Treoir (AE) 2015/849.

(40)

     Le haghaidh tuilleadh eolais: Tuarascáil Bhliantúil FATF 2020‑2021, lch. 32.

(41)

     Féach Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849.

(42)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar an riosca a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanann difear don mhargadh inmheánach agus a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann, COM/2022/554 final, 27 Deireadh Fómhair 2022 agus an doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil sin, SWD/2022/344 final.

(43)

     Féach an Rún ón gComhairle maidir le Clár Oibre an Aontais don Chultúr, 2023-2026.

(44)

     Féach Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm i gceart maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta IO L 082, 22.3.1997, lgh. 1 – 16.

(45)

     Féach go háirithe Treoir (AE) 2015/849.

(46)

     Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cionta a bhaineann le Maoin Chultúir, arna ghlacadh an 3 Bealtaine 2017 (Sraith Conarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa Uimh. 221).

(47)

     Cf. Interpol, Assessing Crimes Against Cultural Property 2020, lch. 6.

(48)

     D’fhéadfadh comhar laistigh de ghníomhaireachtaí a bheith i gceist mar shampla le comhar laistigh d’údarás ar leith (e.g. idir aonaid phóilíneachta éagsúla atá speisialaithe i gcineálacha éagsúla coireachta, nó idir aonaid réigiúnacha éagsúla póilíneachta). Ciallaíonn comhar idir‑ghníomhaireachta comhar idir údaráis éagsúla, amhail póilíní, údaráis chustaim, breithiúna, etc.

(49)

     Uirlis cúnaimh phraiticiúil UNODC chun cúnamh a thabhairt chun na Treoirlínte Idirnáisiúnta um Chosc ar Choireacht agus um Fhreagairt an Cheartais Choiriúil ar an nGáinneáil ar Mhaoin Chultúir agus ar Chionta Gaolmhara Eile (2016) a chur chun feidhme.

(50)

   Féach fonóta 18.

(51)

     Ar nós bunachar Sonraí Saothair Ealaíne Goidte Interpol agus an Aip Aitheantais Ealaíne a fhreagraíonn dó, nó Liostaí Dearga Chomhairle Idirnáisiúnta na Músaem, ina dtugtar tuairisc ar na catagóirí earraí cultúir atá i mbaol gáinneála i réigiúin éagsúla an domhain.

(52)

     Féach Interpol, Creating a national cultural heritage Unit. The value of a national unit dedicated to fighting crimes against cultural heritage and the illicit traffic of cultural property, Mí Eanáir 2019.

(53)

     Go háirithe malartú faisnéise tríd an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), cruinnithe oibríochtúla a óstáil, tacaíocht oibriúcháin le linn imscrúduithe (lena n‑áirítear oiliúint imscrúdaithe ar líne i gcomhthéacs oibríochtaí Pandora EMPACT), tacaíocht anailíse, tacaíocht straitéiseach (e.g. measúnú ar bhagairtí), nó tacaíocht theicniúil trí Shaotharlann Nuálaíochta Europol.

(54)

     E.g., Catalóg Sheirbhísí Cumaisc Eurosur Frontex a úsáid chun coireanna trasteorann a bhrath.

(55)

     Amhail comhar EMPACT, foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, úsáid na lárionad chomhpháirteacha comhordaithe (agus rannpháirtíocht ionchasach ó thíortha neamh‑AE mar chuid di), lena n‑áirítear tacaíocht ó Eurojust agus an Líonra Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, féidearthachtaí maidir le cúrsaí dlí frithpháirteacha, cúnamh lena n‑áirítear cúnamh faoi Airteagal 6 de Threoir 2014/60/AE, an Barántas Gabhála Eorpach, an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach, comhar bunaithe ar Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 22–30), Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 1–38), comhar agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in imscrúduithe ar an gcoireacht eagraithe bunaithe ar Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (UNTOC).

(56)

     Féadfaidh gáinneáil ar earraí cultúir dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais nó d’fhéadfadh baint a bheith aici le cionta coiriúla a dhéanann difear do na leasanna airgeadais sin. Tá Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh inniúil chun cionta coiriúla a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh chomh maith le cionta a bhfuil nasc dlúth acu leis na cionta sin. Féach Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1–71).

(57)

     Dréacht‑Rún 14232/12 ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012 maidir le líonra neamhfhoirmiúil údarás forghníomhaithe an dlí agus saineolas atá inniúil i réimse na n‑earraí cultúir (EU CULTNET) a chruthú.

(58)

     Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cionta a bhaineann le Maoin Chultúir, arna ghlacadh an 3 Bealtaine 2017 (Sraith Conarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa Uimh. 221).

(59)

     Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní an 25 Bealtaine 2022, COM (2022) 245 final.

(60)

     Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, I dTreo Treoir maidir le pionóis choiriúla a ghearradh de bharr shárú ar bhearta sriantacha an Aontais, 25 Bealtaine 2022, COM(2022) 249 final; Cinneadh (AE) ón gComhairle 2022/2332 an 28 Samhain 2022, maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ST/10287/2022/REV/1, IO L 308, 29.11.2022, lgh. 18–2.

(61)

     Foilsíodh dhá ghlao ar thograí cheana féin faoin gcéad chlár oibre de chuid Fhís Eorpach, ceann amháin faoi Bhraisle 2 ‘Cultúr, Cruthaitheacht agus Sochaí Chuimsitheach’ (eadhon, HORIZON‑CL2-2022-HERITAGE-01-07: Déantáin agus earraí cultúir a chosaint ar bhagairtí antrapaigineacha ), an ceann eile faoi Bhraisle 3 ‘an tSlándáil Shibhialta don tSochaí’ (mar atá HORIZON‑CL3-2021-FCT‑01-08: Comhrac in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir ).

(62)

     Agus ar an gcaoi sin saothar an tionscadail NETCHER, arna mhaoiniú ag an Aontas (ardáin shóisialta chun an Oidhreacht Chultúrtha a Bhreisiú agus a Atógáil) a chur san áireamh.

(63)

     Féach fonóta 72.

(64)

     Lena n‑áirítear iad seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh: UNESCO, Comhairle na hEorpa, ICOM, WCO, Interpol, UNIDROIT, UNODC, ICCROM An Lárionad Idirnáisiúnta um Staidéar ar Mhaoin Chultúir a Chaomhnú agus a Athchóiriú agus ALIPH (Alliance Internationale pour la protection du patrimoine dans les zones en conflit).

(65)

     Féach an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉigipte maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais‑na hÉigipte 2021–2027, 16 Meitheamh 2022.

(66)

     Féach https://www.elpaccto.eu/en/news/new-cooperationtoolsto-investigate-trafficking-incultural-property/

(67)

     Le haghaidh tuilleadh samplaí féach ar ‘Tuarascáil 2022 maidir le dul chun cinn ar chur chun feidhme “Coincheap na hOidhreachta Cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna. Gné le haghaidh na síochána agus na slándála i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh” agus maidir leis na conclúidí tiomnaithe ón gComhairle’ ó Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an 14 Meán Fómhair 2022, SEGS (2022) 1556.

(68)

     Tugtar tacaíocht trí chláir Póilíní EUROMED agus Ceartas EUROMED, arna stiúradh ag CEPOL agus Eurojust. Is é is aidhm don chlár Póilíní EUROMED cur le hacmhainneacht na dTíortha Comhpháirtíochta sa Deisceart (SPC) an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac. Le Ceartas EUROMED tugtar le chéile na páirtithe leasmhara is ábhartha i réimse an cheartais choiriúil.

(69)

     I gcomhréir le Conclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 maidir le Cur Chuige an Aontais Eorpaigh i leith na hOidhreachta Cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna.

(70)

     Féach an tuarascáil dá dtagraítear i bhfonóta 67.

(71)

     Ibid, lgh. 6 – 8.

(72)

     https://www.aliphfoundation.org/en/actionscountry/UA.

(73)

     https://civil-protectionhumanitarianaid.ec.europa.eu/where/europe/ukraine_en.

(74)

     Maidir le comhar le tíortha sa Mheánoirthear agus sa Neasoirthear, is féidir cur le gníomhaíocht freisin ar thorthaí na hoiliúna agus an staidéir ‘El HIWAR II’ arna mhaoiniú ag an Aontas maidir le cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus an comhrac in aghaidh na gáinneála ar earraí cultúir san Éigipt, san Iordáin agus sa Liobáin.

(75)

     Mar shampla trí PITCHER (Gáinneáil Aindleathach ar Oidhreacht Chultúrtha a Chosc: Acmhainní Oideachais), https://www.pitcher-project.eu/ ).