AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2022
COM(2022) 718 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2022
COM(2022) 718 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil
(1)Réamhrá
Le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil 1 (an Rialachán) tugadh isteach creat coiteann chun cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu. In Airteagal 10 den Rialachán déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.
Is é seo an ceathrú tuarascáil a chomhlíonann an oibleagáid sin. Is in 2019 2 , 2016 3 agus 2013 4 a foilsíodh na tuarascálacha roimhe seo.
(2)cuntais eacnamaíocha chomhshaoil
5 Athshocraíonn an Comhaontú Glas don Eoraip gealltanas an Choimisiúin chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Tá sé d’aidhm ag an Eoraip a bheith ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach, trí gheilleagar nua-aimseartha a fhorbairt atá tíosach ar acmhainní. Cuirfidh an Comhaontú Glas don Eoraip feabhas ar shláinte agus dea-bhail daoine ar fud na hEorpa, mar aon le sláinte agus dea-bhail na nglúnta atá le teacht, agus déanfaidh sé sin le réimse gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus na haigéin, le fuinneamh, le hiompar, le talmhaíocht, le hairgeadas agus forbairt réigiúnach, le tionsclaíocht agus le taighde agus nuálaíocht. Is cuid dhílis é an Comhaontú Glas don Eoraip de straitéis an Choimisiúin Clár Oibre 2030 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.
‑Is creat faisnéise ilchuspóireach cumhachtach a thugann aghaidh ar na gnéithe inbhuanaitheachta dár niompraíocht eacnamaíoch iad cuntais eacnamaíocha chomhshaoil, nó cuntais chomhshaoil mar a thugtar orthu go gairid. Staidreamh eacnamaíoch príomhshruthaithe, amhail cuntais náisiúnta, atá mar bhonn taca le OTI, ní chuireann siad san áireamh gnéithe comhshaoil i dtáirgeadh, tomhaltas, infheistíocht ná maoiniú. Le cuntais chomhshaoil is féidir gnéithe eacnamaíocha agus comhshaoil a chomhtháthú chun léargas iomlán a fháil.
Is é comhtháthú príomhghné na gcuntas chomhshaoil. Cumhdaítear leis sin comhtháthú gnéithe comhshaoil agus eacnamaíocha araon, maille le comhtháthú i gcóras cuntasaíochta eacnamaíoch comhsheasmhach réimse príomhghnéithe téamacha comhshaoil amhail (i) fuinneamh, cánachas agus astaíochtaí aeir; (ii) eastóscadh ábhar agus dramhaíl; agus (iii) caiteachas agus infheistíocht rialtais agus ghnó. Is maith a réitíonn an comhtháthú sin le paraidím iomlánaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá an cur chuige cuntasaíochta úsáideach ar na cúiseanna seo a leanas:
·athúsáideann sé sonraí atá ar fáil agus dá bhrí sin, is féidir faisnéis nua a tháirgeadh leis gan ach ualach riaracháin teoranta a chur ar ghnólachtaí agus ar an bpobal;
·is féidir faisnéis ardcháilíocht a tháirgeadh leis trí shonraí foinseacha a chomhcheangal agus a chomhtháthú i meastacháin stóinsithe.
‑Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá cuntais Eorpacha chomhshaoil mar bhonn taca leis an ngné fornáisiúnta de shaincheisteanna comhshaoil agus soláthraíonn siad cur chuige agus clúdach córasach ar fud na mBallstát agus na nábhar comhshaoil lena bhféadfar measúnú agus comparáidí beartais a dhéanamh ó Bhallstát go chéile.
Is ar Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (CCEC) 6 , an caighdeán idirnáisiúnta, atá cuntais Eorpacha chomhshaoil bunaithe. Ba iad na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach (Eurostat), Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus Grúpa an Bhainc Dhomhanda a shocraigh agus a d’eisigh an caighdeán sin.
Bunaítear leis an Rialachán na cuntais Eorpacha chomhshaoil. Tá an Rialachán ábhartha maidir le LEE 7 . Leagtar na cuntais amach ann ina modúil, mar a leanas:
·Cuntais ar astaíochtaí aeir: astaíochtaí sé ghás ceaptha teasa (lena n‑áirítear CO2 agus CO2 ó bhithmhais a úsáidtear mar bhreosla) agus seacht dtruailleán aeir (lena n‑áirítear amóinia agus cáithníní deannaigh atmaisféaraigh) isteach san atmaisféar, agus miondealú ann lena gcumhdaítear 64 thionscail astaithe móide teaghlaigh.
·Cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíocht eacnamaíoch: cánacha comhshaoil le haghaidh ceithre ghrúpa leathana: fuinneamh, iompar, truailliú agus acmhainní, agus miondealú ann lena gcumhdaítear 64 thionscal íocaíochta móide teaghlaigh agus neamhchónaitheoirí.
·Cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair: na méideanna ionchur fisiciúil sa gheilleagar, carnadh ábhar sa gheilleagar agus aschuir go dtí geilleagair eile nó ar ais go dtí an comhshaol.
·Cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil: caiteachas de réir an aonaid eacnamaíoch chun críoch cosanta comhshaoil.
·Cuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil: aschur, breisluach agus onnmhairí earraí agus seirbhísí a dearadh agus a táirgeadh go sonrach chun an comhshaol a chosaint nó chun acmhainní a bhainistiú. Tuairiscítear an fhostaíocht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin chomh maith.
·Cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh: sreabha fuinnimh ón gcomhshaol isteach sa gheilleagar (eastóscadh ionchur nádúrtha), laistigh den gheilleagar (monarú agus úsáid táirgí fuinnimh) agus ón ngeilleagar go dtí an comhshaol (sceitheadh iarmharach fuinnimh).
Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstát sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) faoi Iarscríbhinní I go III ó bhí 2013 ann agus faoi Iarscríbhinní IV go VI ó bhí 2017 ann.
(3)Gníomhaíochtaí ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach
An creat dlíthiúil
Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/125 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 8 . Leis an Rialachán Tarmligthe sin tugtar cothrom le dáta sonraíochtaí teicniúla cúig cinn de na sé mhodúl atá ann cheana féin, agus a liostaítear sa roinn roimhe seo, d’fhonn faisnéis a tháirgeadh ar bhealach níos tapa (sprioc-amanna tarchuir níos giorra) agus liostaí na saintréithe a thabhairt cothrom le dáta. Áirítear leis na saintréithe a thabhairt cothrom le dáta na rudaí seo a leanas go háirithe: (a) miondealuithe breise maidir le cánacha CO2 a iarraidh; (b) miondealuithe breise maidir le sonraí a bhaineann leis an éicithionscal agus le caiteachas ar an gcomhshaol a iarraidh; (c) faisnéis a iarraidh i dtaca leis an éicithionscal ina iomlán (seachas cuid an mhargaidh den éicithionscal); (d) liostaí teicniúla na sreafaí ábhair agus na ngás astaíochtaí aeir a thabhairt cothrom le dáta; agus (e) na ceanglais maidir le faisnéis ar thionscail eacnamaíochta an éicithionscail agus freisin ar allmhairiú agus onnmhairiú ábhar a éascú.
Cuireann na hathruithe sin feabhas ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach glas atá iomaíoch athléimneach agus ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe is ábhartha don Aontas, sin agus ar an gcumas tacú le beartais maidir leis an aeráid agus maidir le truailliú. Fágann na hathruithe é níos éasca ar úsáideoirí ciall a bhaint as sonraí agus cuireann siad ar a gcumas do staitisteoirí an caiteachais náisiúnta foriomlán ar chosaint an chomhshaoil a thomhas go cruinn. Chun an t‑ualach tuairiscithe ar na Ballstáit a laghdú, laghdaíodh an leibhéal sonraí is gá maidir le haicmiú NACE le haghaidh chuntais an éicithionscail agus le haghaidh na gcuntas caiteachais i leith chosaint an chomhshaoil.
Thairis sin, an 11 Iúil 2022 ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2022) 329) 9 lena leasaítear Rialachán (AE) 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Tugtar isteach leis an togra sin trí mhodúl bhreise:
·Cuntais fhoraoiseacha, cuntais lena gcuimsítear cuntais sócmhainní le haghaidh acmhainní foraoiseacha (coillearnacha agus adhmad ar choillearnach) agus gníomhaíocht eacnamaíoch san earnáil foraoiseachta agus lománaíochta.
·Fóirdheontais chomhshaoil agus cuntais aistrithe comhchosúla, cuntais a bhaineann le híocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha eile agus ó neamhchónaithigh (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú.
·Cuntais éiceachórais, cuntais a bhaineann le fairsinge an éiceachórais, riocht an éiceachórais (i.e. díghrádú) agus seirbhísí éiceachórais (soláthar barr, pailniú, soláthar adhmaid, scagachán aeir, rialú domhanda na haeráide, rialú áitiúil na haeráide agus turasóireacht a bhaineann leis an dúlra).
Tá coinne leis go méadóidh na trí mhodúl sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil don Aontas le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí agus spriocanna de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na cinn seo a leanas san áireamh: a uaillmhian aeráidneodrachta, an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, straitéis nua foraoise an Aontais, straitéis bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus dlí maidir le hathchóiriú dúlra, an plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú agus táscairí maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Cuirfidh na modúil nua borradh freisin faoi na sé mhodúl thosaigh, toisc gur féidir na cuntais nua agus na seanchuntais a chomhcheangal chun táscairí nua a fháil. Mar shampla, is féidir na cuntais éiceachórais nua a chomhcheangal leis na cuntais ar astaíochtaí aeir atá ann cheana chun ceapadh carbóin i gcomparáid le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas. Tá nasc ann freisin idir cuntais éiceachórais, cuntais fhoraoiseacha agus cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair a mhéid a bhaineann le heastóscadh bithmhaise.
Ba in 2020 a thosaigh an Coimisiún ag ullmhú a thogra, le cabhair ó ghrúpaí saineolaithe (oifigí staidrimh náisiúnta rannpháirteacha). Is ar tharchuir dheonacha a bhí ann cheana (ó bhí 2016 agus 2015 ann, faoi seach) atá na modúil maidir le cuntais fhoraoiseacha agus fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla bunaithe. Is beag an t‑ualach riaracháin a bheidh ar na Ballstáit a thuairiscíonn na cuntais sin cheana féin.
Modúl nua don chuid is mó de na Ballstáit a bheidh sa mhodúl maidir le cuntais éiceachórais. Roghnaigh an Coimisiún é mar gheall go bhfuil ard‑ábharthacht beartais ag baint leis don dúlra, don bhithéagsúlacht agus don truailliú nialasach, agus mar gheall ar an acmhainneacht atá léi maidir le beartais eile, lena n‑áirítear an Seimeastar Eorpach. Is é céad cur chun feidhme san Aontas Chuntais Éiceachórais CCEC NA, arna nglacadh ag Coimisiún Staidrimh NA i Márta 2021. Tá Eurostat ag fáil taithí agus ag forbairt modheolaíochtaí faoi thionscadal uile-Aontais INCA (‘Cuntasaíocht chomhtháthaithe an chaipitil nádúrtha’) ó bhí 2015 ann 10 . Tairbhíonn na trí mhodúl nua de thionscadail phíolótacha na mBallstát agus de thástálacha a có-mhaoiníodh le deontais de chuid an Choimisiúin (Eurostat) (24 dheontas a deonaíodh idir 2015 agus 2021, agus gníomhaíochtaí tacaíochta a beartaíodh le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin).
Modhanna bailithe sonraí agus an t‑ualach riaracháin
Ní cheanglaíonn cuntais chomhshaoil micreashonraí nua a bhailiú, go ginearálta, toisc go n‑úsáideann siad sonraí atá i seilbh na n‑údarás náisiúnta cheana féin den chuid is mó, agus meastacháin bhreise á gcomhlánú i gcás inar gá. De bhreis ar shonraí na gcuntas náisiúnta, tiomsaíonn cuntais chomhshaoil sonraí ó réimse leathan foinsí e.g. bunstaitisticí ar fhuinneamh, iompar, talmhaíocht, caiteachas rialtais agus cánachas, chomh maith le roinnt foinsí nach foinsí staidrimh iad. Mar sin féin, uaireanta is gá suirbhéanna do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a oiriúnú nó a leathnú chun bonn sonraí a sholáthar le haghaidh ítimí aonair sna cuntais chomhshaoil.
Chun na ceanglais shonraí a leagtar amach sa Rialachán a chomhlíonadh, is féidir leis an Ballstáit sonraí atá ann cheana féin a choigeartú chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na coincheapa atá i gCreat Lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (CL CCEC) agus Cuntais Éiceachórais CCEC (CE CCEC). D’fhéadfadh na Ballstáit obair shonrach a dhéanamh chuige sin. Toisc go n‑athúsáideann cuntais chomhshaoil sonraí atá ann cheana, ciallaíonn sé gur an‑bheag an t‑ualach breise ar ghnólachtaí agus teaghlaigh a fhad agus a bhíonn foinsí sonraí ann agus a choinnítear ar bun iad. Is féidir le tíortha a roghnú próisis shonracha bailithe sonraí a chur ar bun le haghaidh cuntais chomhshaoil freisin, rud a chuideoidh le feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí. I gcleachtas amháin den chineál sin, cleachtas a bhaineann le cuntais na hearnála um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán), chuir roinnt tíortha suirbhéanna ar bun chun a bhfoinsí eile sonraí a chomhlánú. Is minic gur an‑íseal an t‑ualach breise a chuireann na suirbhéanna sin — suirbhéanna a dhéantar gach bliain nó gach cúpla bliain — ar ghnólachtaí.
Is iad na údaráis náisiúnta (na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta go hiondúil) a dhéanann formhór na hoibre is gá chun na cuntais a chur ar fáil, obair lena mbaineann na sonraí atá ann cheana a phróiseáil agus feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht anailíseach. Le haghaidh na sé Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, meastar gurb é idir ceithre agus sé choibhéis lánaimseartha an meánlíon ball foirne is gá a bheith ann chun na cuntais a thiomsú i ngach údarás náisiúnta 11 . Le haghaidh na dtrí Iarscríbhinn nua a bheartaítear beidh dhá nó trí choibhéis lánaimseartha sa bhreis ag teastáil i ngach údarás náisiúnta 12 , agus braithfidh an uimhir bheacht ar chúinsí an Bhallstáit aonair, ar fhoinsí sonraí a bheith ann agus ar a bhfairsinge, etc. Cuireann na cuntais luach suntasach leis na sonraí bunúsacha agus cuireann siad leis an acmhainneacht anailís a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí frithpháirteacha idir na hábhair sna hIarscríbhinní e.g. astaíochtaí aeir agus úsáid fuinnimh. D’úsáid roinnt údaráis náisiúnta staidéir phíolótacha (a chó-mhaoinigh an Coimisiún) chun na modhanna a chur ar bun maidir le próiseáil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí.
Indéantacht agus éifeachtacht
Rinneadh na modúil a leagtar síos sa Rialachán a thástáil agus a phíolótú sular mhol an Coimisiún creat dlíthiúil, rud a áirithigh a n‑indéantacht (féach thíos). Déantar an tástáil i gcomhar leis na Ballstáit chun leas a bhaint as a gcuid saineolais agus chun a áirithiú go bhfuil tuiscint choiteann ann maidir le hindéantacht na modúl. Tá staidéir phíolótacha ar mhodúil nua bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann ar siúl faoi láthair.
Ar dhá rud a bhraitheann éifeachtacht na gcuntas comhshaoil: is é an chéad cheann an chaoi ar féidir faisnéis atá ann cheana a atheagrú ina creat chomhchoiteann; agus is é an dara cheann an chaoi a n‑úsáidtear na cuntais agus a mhéid a úsáidtear iad.
Maidir leis an gcéad phointe, tugann na cuntais ar astaíochtaí aeir (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán) sampla amháin den chaoi ar atheagraíodh faisnéis atá ann cheana. Úsáideann na cuntais sin faisnéis a bailíodh cheana féin le haghaidh na bhfardal astaíochtaí aeir faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus faoi Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Truailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (CLRTAP). Cuirtear tuilleadh faisnéise leis na sonraí ansin chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na haicmithe agus na coincheapa a úsáidtear sna cuntais náisiúnta. Agus sin déanta, is féidir úsáidí na gcuntas ar astaíochtaí aeir a fhorbairt. Mar shampla, faightear loirg chomhshaoil nuair a chuirtear le chéile iad le táblaí ionchuir-aschuir. Leis na loirg sin tomhaistear brúnna domhanda ar an gcomhshaol ar fud an domhain de réir tomhaltas agus infheistíocht an Aontais. Sampla eile d’éifeachtacht is ea é múnla ísealchostais bunaithe ar na cuntais (bhliantúla) ar astaíochtaí aeir, múnla a úsáidtear chun meastacháin ráithiúla i bhfad níos tráthúla a chur ar fáil. Tá na meastacháin sin á gcur ar fáil ag Eurostat ó bhí Samhain 2021 ann. Foilsítear na sonraí 4,5 mí i ndiaidh na ráithe tagartha agus cuireann siad feabhas nach beag ar thráthúlacht na sonraí a cheanglaítear sa Rialachán, tráthúlacht arb ionann é agus 21 mhí.
Is féidir cuntais ar astaíochtaí aeir a úsáid in éineacht le cuntais chomhshaoil freisin le haghaidh réimsí amhail fuinneamh nó cánacha comhshaoil. Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid i gcreataí cúisíocha chun tuairisc a thabhairt ar idirghníomhaíochtaí idir an tsochaí agus an comhshaol, agus chun anailís a dhéanamh orthu, amhail an creat dar teideal Driving forces, Pressures, State, Impact and Responses [Fórsaí spreagthacha, Brúnna, Staideanna, Tionchar agus Freagairtí], arna ghlacadh ag an n Gníomhaireacht Eorpach Comhshaoil .
Maidir leis an dara pointe, tá na cuntais chomhshaoil mar bhonn agus mar thaca leis an 8ú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 13 . Tá cuntais chomhshaoil mar bhonn agus mar thaca le hanailís eacnamaíoch agus measúnú tionchair agus úsáidtear iad chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ar chuspóirí beartais. Go sonrach, úsáidtear táscairí a chuireann le cuntais chomhshaoil sna creataí faireacháin atá ann faoi láthair le haghaidh an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil agus le haghaidh an gheilleagair chiorclaigh, agus amach anseo féadfaidh siad rannchuidiú le faireachán a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht agus ar an truailliú nialasach. Úsáidtear cuntais chomhshaoil freisin chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha 14 agus sa chlár athléimneachta.
Cáilíocht na sonraí a tarchuireadh ón tuarascáil dheiridh
Ceanglaíonn an Rialachán ar na Ballstáit, agus ar thíortha LEE, sonraí a thuairisciú do Eurostat 15 . Tuairiscíonn roinnt tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht an Aontais roinnt sonraí ar bhonn deonach freisin. Is ar an gcéad grúpa de thíortha (tíortha AE/LEE) a dhíríonn an tuarascáil seo maidir le cur chun feidhme. Bailíochtaíonn Eurostat na sonraí a fhaightear agus cuireann sé ar fáil go poiblí iad ar a shuíomh gréasáin 16 , in éineacht le míniúcháin teicniúla (meiteashonraí) agus sonraí cúlra 17 .
Chuir formhór na mBallstát tacair sonraí iomlána isteach laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach sa Rialachán. Chaill cúpla Ballstát na sprioc-amanna, faoi cúpla lá go hiondúil, seachas Ballstát amháin lenar bhain moill níos faide. Ní raibh tionchar inbhraite ar phróiseáil ná scaipeadh na sonraí ag na moilleanna sin, áfach.
Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb iad na sprioc-amanna um thuairisciú a leagtar amach sa Rialachán a chinneann uainiú an táirgthe sonraí sna Ballstáit le haghaidh cuntais chomhshaoil. Is léiriú é sin ar an gcáilíocht sonraí, toisc gur fearr i gcónaí sonraí staidrimh níos úire. Tá comhbhabhtáil le gnéithe eile cáilíochta sonraí ann, áfach, amhail cruinneas nó comhleanúnachas ar feadh ábhair cuntas comhshaoil e.g. sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, úsáid fuinnimh agus cánacha fuinnimh.
Ar an iomlán, i gcás Iarscríbhinní I go VI, tháinig feabhas ar an gcáilíocht sonraí idir 2019 agus 2022. Tá ardcháilíocht ag baint leis na sonraí staidrimh le haghaidh Iarscríbhinní I go III a chuir na Ballstáit isteach faoin Rialachán. Níl na sonraí le haghaidh Iarscríbhinní IV go VI chomh aibí céanna mar gheall nár thosaigh an tuairisciú éigeantach go dtí 2017. Ina theannta sin, tá Iarscríbhinní IV agus V níos casta ná na hIarscríbhinní eile agus tá catagóirí eile sonraí foinseacha ag teastáil ina leith. Tá coinne ag an gCoimisiún (Eurostat) go dtiocfaidh feabhas ar cháilíocht na sonraí le haghaidh Iarscríbhinní IV go VI sna blianta amach romhainn. Tá feabhas de dhíth i roinnt réimsí go fóill, amhail infhaighteacht sonraí chun Iarscríbhinn V (Cuntais na hearnála um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil,) a chur ar fáil. Leanann an Coimisiún (Eurostat) de bheith ag obair leis na Ballstáit chun fadhbanna teicniúla a réiteach. Tá roinnt beart chun feabhas a chur ar an gcáilíocht beartaithe nó á gcur chun feidhme cheana féin, féach an gcéad roinn eile.
(4)Bearta feabhsúcháin
Rinne an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit comhaontú maidir le straitéis Eorpach um chuntais chomhshaoil do 2019-2023 18 . Is clár tuilleadh oibre é sin a chomhaontaigh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit agus a ghlac Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh. Déanann an straitéis sin iarrachtaí na hEorpa a chomhordú agus réitíonn sé an bealach le haghaidh múnlaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Is iad na cuspóirí le haghaidh 2019 go 2023:
·leanúint d’fheabhas a chur ar cháilíocht na gcuntas Eorpacha comhshaoil atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear sonraí sraithe ama fada agus tráthúla;
·ábharthacht agus ábhar na gcuntas Eorpach comhshaoil a chur in iúl ar bhealach níos fearr, lena n‑airítear trí na modúil chomhshaoil a chur in iúl mar chóras iomlán;
·freastal ar riachtanais úsáideoirí trí thuilleadh sínithe, úsáidí agus táscairí a chur ar fáil, lena n‑áirítear loirg, bunaithe ar na cuntais Eorpacha chomhshaoil atá ann faoi láthair;
·measúnú a dhéanamh ar an ngá cuntais Eorpacha chomhshaoil a chur in oiriúint do thosaíochta agus réimsí nua;
·tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a chruthaíonn na cuntais sna Ballstáit, le hacmhainní airgeadais, oiliúint, lámhleabhair agus uirlisí tiomsúcháin;
·rannchuidiú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chaighdeáin dhomhanda CCEC NA agus ar thionscnaimh dhomhanda amhail faireachán ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Rinneadh athbhreithniú leath bealaigh tríd an straitéis, mar a bhí sceidealaithe 19 . In éineacht leis an straitéis tá plean gníomhaíochta ina bhfuil liosta gníomhaíochtaí agus sprioc-amanna nithiúla le haghaidh gach cuspóra a liostaítear thuas 20 .
An straitéis Eorpach um chuntais chomhshaoil, ní chuireann sé cosc ar Bhallstáit aonair sruthanna oibre eile a fhorbairt freisin, de réir a n‑imthosca náisiúnta, a riachtanas beartais agus na n‑acmhainní atá ar fáil dóibh.
Tograí le haghaidh modúil nua
Sonraítear in Airteagal 10 den Rialachán gur cheart tograí le haghaidh modúil nua i roinnt réimsí ainmnithe 21 a bheith i dteannta na tuarascála seo maidir le cur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí agus torthaí na staidéar píolótach á gcur san áireamh.
Mar a shonraítear thuas, tá trí mhodúl nua forbartha anois agus iad forbartha go leor gur mhol an Coimisiún iad lena gcur san áireamh sa Rialachán, trí leasú atá ag dul tríd an ngnáthnós imeachta reachtach faoi láthair (COM(2022) 329). Is iad seo a leanas na modúil sin: cuntais fhoraoiseacha, fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla agus cuntais éiceachórais.
(5)Conclúidí
Lean an Coimisiún agus na Ballstáit d’fheabhas a chur ar na cuntais Eorpacha chomhshaoil faoi Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh go háirithe:
·a mholadh go gcuirfí trí mhodúl théamacha nua leis an Rialachán;
·an cháilíocht sonraí agus an éifeachtacht a neartú;
·feabhas a bhur ar an gcumarsáid;
·táscairí breise a fhorbairt chun riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh; agus
·measúnú a dhéanamh ar an ngá na cuntais Eorpacha chomhshaoil a chur in oiriúint do thosaíochta agus réimsí nua.
Cumhdaítear an Iorua agus an Íoslainn leis. Tá maolú iomlán ag Lichtinstéin. Ó bhí Nollaig 2019 ann, tá an Rialachán san áireamh sa Chomhaontú Staidrimh déthaobhach idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach.