AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.12.2022
COM(2022) 716 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Spás sibhialta bisiúil chun na cearta bunúsacha a chumhdach san Eoraip
Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Spás sibhialta bisiúil chun na cearta bunúsacha a chumhdach san Eoraip
Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le
Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Clár na n-ábhar
1.
Réamhrá
2.
Ról ríthábhachtach eagraíochtaí sochaí sibhialta agus cosantóirí ceart
3.
ESSanna agus cosantóirí ceart a chosaint
4.
Tacaíocht a thabhairt do ESSanna agus cosantóirí ceart
5.
ESSanna agus cosantóirí ceart a chumhachtú
6.
Conclúid
1.Réamhrá
Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) tugtar le chéile réimse leathan ceart bunúsach agus athdhearbhaítear go bhfuil an tAontas bunaithe ar luachanna na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta. De bharr chineál ceangailteach na Cairte, tháinig córas dlí an Aontais chun bheith ina eiseamláir ar chosaint ceart bunúsach.
|
Cathain atá feidhm ag an gCairt?
Ó bhí 2009 ann tá an stádas dlí céanna ag an gCairt agus atá ag na Conarthaí, arb iad dlí príomha an Aontais iad ar a bhfuil reachtaíocht an Aontais bunaithe. Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha í a chomhlíonadh ina gcuid gníomhaíochtaí uile, agus ní mór do Bhallstáit í a chomhlíonadh nuair a chuireann siad dlí an Aontais chun feidhme.
Is ag cur dlí an Aontais chun feidhme a bhíonn Ballstáit, lena n‑áirítear i gcásanna ina ndéanann siad na nithe seo a leanas:
- éifeacht a thabhairt do reachtaíocht an Aontais trí bhearta náisiúnta cur chun feidhme a ghlacadh;
- dlíthe a ghlacadh maidir le hábhar a bhforchuireann dlí an Aontais oibleagáidí nithiúla ina leith nó a dtugann caoi lena mhaolú;
- forálacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme nuair a chaitheann siad airgead as cláir cistiúcháin an Aontais; Ní mór do Bhallstáit a áirithiú go gcaitear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha sa reachtaíocht ar a bhfuil an cistiú bunaithe.
|
Chun feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na Cairte agus eolas an phobail uirthi a mhéadú, chuir an Coimisiún Eorpach an straitéis chun neartú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas (‘an straitéis um an gCairt’) i láthair in 2020. Mar a leagtar amach sa straitéis um an gCairt, tá cur chuige téamach á ghlacadh ag an gCoimisiún anois i leith a thuarascálacha bliantúla Cairte chun roinnt de na saincheisteanna is práinní maidir le cearta bunúsacha agus cur i bhfeidhm na Cairte sna réimsí roghnaithe a chur i dtábhacht.
|
Dul chun cinn maidir leis an straitéis um an gCairt a chur chun feidhme
-Ghlac an Coimisiún tuarascáil bhliantúil 2021 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, tuarascáil atá tiomnaithe do chosaint na gceart bunúsach sa ré dhigiteach.
-D’ainmnigh 22 Bhallstát go dtí seo pointe fócasach Cairte chun comhar a chothú agus cur i bhfeidhm éifeachtach na Cairte a chur chun cinn; tháinig na pointí fócasacha le chéile den chéad uair i mí an Mheithimh 2022.
-Rinneadh measúnú ar bhreis agus 400 clár airgeadais de chuid na mBallstát chun a ráthú go gcuirfear socruithe éifeachtacha i bhfeidhm chun a áirithiú go n‑urramófar an Chairt agus na cistí AE lena mbaineann á gcur chun feidhme (‘coinníoll cumasúcháin cothrománach’ maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte).
-Le linn an chéad 2 bhliain den chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (an clár Cearta agus Luachanna), tugadh tacaíocht thart ar EUR 260 milliún do bheagnach 600 tionscadal a chuireann luachanna an Aontais chun cinn agus a théann i ngleic leis an bhfuatha, an idirdhealú agus an éadulaingt san Aontas; maille leis sin, tá an clár Ceartais ag cistiú tionscadal chun oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais maidir leis na cearta bunúsacha.
-Mar a chuirtear i dtábhacht ina Theachtaireacht maidir le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú i dtreo Eoraip a dhéanann beart de réir a briathair, chuir an Coimisiún dlús lena chuid oibre chun cearta daoine, saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chumhdach trí imeachtaí um shárú.
-Chuir an Coimisiún borradh faoina chur chuige comhoibritheach le Ballstáit maidir le réimsí sonracha a chumhdaítear leis an gCairt, amhail an comhrac in aghaidh an chiníochais agus an idirdhealaithe, na fuathchainte agus na fuathchoireachta.
-Tá oiliúint ar an gCairt agus ábhair maidir léi ar fáil ar Ardán nua Oiliúna Eorpach na Tairsí Eorpaí don ríomh-Cheartas, agus tá oiliúint á forbairt ag an gCoimisiún freisin chun cuidiú le foirne institiúidí an Aontais an Chairt a chur i bhfeidhm go héifeachtach ina gcuid oibre laethúla.
-Tá a ndea‑chleachtais maidir le húsáid na Cairte agus feasacht uirthi curtha ar fáil ag 15 Bhallstát go dtí seo ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas agus tá an fhaisnéis sin á tabhairt cothrom le dáta acu ar an Uirlis Faisnéise maidir le Cearta Bunúsacha freisin.
-Tá an bunachar sonraí Charterpedia tugtha cothrom le dáta arís ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus tá cúrsaí nua ar líne forbartha aici atá dírithe ar réimse chur i bhfeidhm na Cairte.
-Chun feasacht daoine maidir lena gcearta faoin gCairt a neartú, sheol an Coimisiún an feachtas#RightHereRightNow in 2021. Soláthraítear faisnéis maidir leis an gCairt freisin trí ‘Do chearta san Aontas Eorpach’ ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas agus ar Europa.
|
Sa straitéis um an gCairt, gheall an Coimisiún go dtacódh sé le timpeallacht chumasúcháin le haghaidh ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus go ngníomhódh sé in aghaidh bearta a sháraíonn dlí an Aontais, lena n‑áirítear bearta a sháraíonn an Chairt, nuair a dhéanann na bearta sin difear d’eagraíochtaí sochaí sibhialta. Cuireadh i dtábhacht sa straitéis um an gCairt freisin a thábhachtaí atá sé institiúidí náisiúnta um chearta an duine (NHRInna) atá láidir neamhspleách a bhunú agus a choinneáil ar bun.
Sin é an fáth a ndírítear i dtuarascáil 2022 ar an spás sibhialta agus a ról chun na cearta bunúsacha faoin gCairt a chosaint agus a chur chun cinn.
Tá eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) agus cosantóirí ceart fíor‑riachtanach inár sochaithe daonlathacha bunreachtúla chun beocht a chur sna luachanna agus sna cearta a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chairt agus iad a chosaint. Soláthraíonn siad a gcuid saineolais do cheapadh beartas agus obair reachtach na n‑údarás náisiúnta agus institiúidí an Aontais agus cuidíonn siad lena áirithiú go dtugtar na comhlachtaí sin chun cuntais as urraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus don smacht reachta. Mar a léireofar sa tuarascáil seo, tá bearta déanta ag na Ballstáit agus ag an Aontas, ar leibhéil éagsúla, chun gníomhaithe na sochaí sibhialta a chosaint, a thacú agus a chumhachtú, agus chun raon deiseanna a chur ar fáil dóibh chun comhoibriú lena chéile. Le blianta beaga anuas, áfach, tá dúshláin a bhaineann le cúngú an spáis shibhialta curtha os comhair ESSanna agus cosantóirí ceart. Tá bearta éagsúla dlí, riaracháin agus polaitiúla tar éis teorainn a chur de réir a chéile lena saoirsí bunúsacha, rud a dhéanann difear dá gcumas gníomhaíochtaí a thacaíonn le cearta bunúsacha a dhéanamh mar chomhpháirtithe straitéiseacha don Aontas agus do na Ballstáit.
D’ainneoin na ndúshlán sin, léiríonn ESSanna agus cosantóirí ceart athléimneacht shuntasach trína bheith ag leanúint dá gcuid oibre. I roinnt Ballstát, d’imir siad ról fíor‑riachtanach le linn phaindéim COVID‑19 agus i gcogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus bhí siad ar an túslíne ag áirithiú go dtuigtear na riachtanais atá ag daoine aonair, go gcuirtear in iúl iad agus go bhfreastalaítear orthu, agus go gcosnaítear a gcearta.
|
An tábhacht a bhaineann le ESSanna agus cosantóirí ceart le linn géarchéime
Le linn phaindéim COVID‑19, chuir ESSanna agus cosantóirí ceart ar son bearta trédhearcacha comhréireacha chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte agus, i mBallstáit áirithe, sholáthair siad cúnamh fíor‑riachtanach dóibh siúd a ndearna an éigeandáil difear dóibh.
Tá príomhról imeartha ag ESSanna chun an bhréagaisnéis a chomhrac in éigeandálaí, i gcomhar le heagraíochtaí Eorpacha seiceála fíricí agus institiúidí poiblí sna Ballstáit.
Ó bhris cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine amach, shlóg ESSanna agus cosantóirí ceart chun daoine easáitithe san Úcráin agus iad siúd a theith chuig na Ballstáit a ghlacadh isteach agus tacaíocht a thabhairt dóibh
. Bhunaigh siad seirbhís thiomanta chun leanaí a theith ón gcoimhlint a athaontú lena dteaghlaigh agus a gcaomhnóirí
. Tá siad ag obair freisin chun dea‑chleachtais a roinnt maidir leis an gcaomhnóireacht ar leanaí neamhthionlactha agus leanaí scartha a thagann isteach san Aontas ón Úcráin.
Chun comhroinnt faisnéise agus comhordú ar thionscnaimh i measc gníomhaithe na sochaí sibhialta a éascú, bhunaigh an Coimisiún líonra tiomanta de pháirtithe leasmhara sláinte darb ainm ‘Tacaíocht a thabhairt don Úcráin, do Bhallstáit de chuid an Aontais ar comharsa dóibh an Úcráin, agus don Mholdóiv’ ar Ardán Beartais Sláinte an Aontais.
Tá ról suntasach imeartha ag ESSanna freisin chun ainghníomhartha a dhoiciméadú, ag déanamh scrúdú ar chomharthaí a léiríonn go ndearnadh coireanna idirnáisiúnta agus gur díbríodh saoránaigh Úcránacha chuig an Rúis le forneart. Tá fothú acmhainneachta le haghaidh fhorfheidhmiú dhlí na hÚcráine agus a córas ceartais á dhéanamh acu freisin chun go mbeifear in ann imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna líomhainte cogaidh agus coireanna líomhainte in aghaidh an chine dhaonna ag féachaint don líon mór cásanna atá tuairiscithe
.
I gcomhthéacs an dá ghéarchéim, bhí ról lárnach ag ESSanna á chur in iúl ón talamh cén cruatan breise a fhulaingíonn grúpaí sonracha, amhail mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine LGBTIQ, na Romaigh agus seanóirí, agus rannchuidigh siad, dá bhrí sin, le cinntí eolacha a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr dul i ngleic lena riachtanais shonracha.
|
Déantar an tuarascáil seo ag tráth cinniúnach le haghaidh spás sibhialta an Aontais. Is cuid í d’iarrachtaí an Choimisiúin aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann ESSanna agus cosantóirí ceart chun bunluachanna an Aontais a chumhdach agus dá ngealltanas féin tacú lena gcuid oibre, ina ghníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach araon. In Aontas atá bunaithe ar chearta bunúsacha, ar an smacht reachta agus ar an daonlathas, tá ról ríthábhachtach ag gníomhaithe na sochaí sibhialta na cearta bunúsacha faoin gCairt a chur chun cinn agus a chosaint agus cuidíonn siad lena áirithiú go gcuirfear an Chairt i bhfeidhm mar is cuí. Comhlánaíonn sí amhlaidh na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta
, an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, an Scórchlár Ceartais AE, agus obair Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)maidir le spás sibhialta. Athdhearbhaítear sa tuarascáil gur cheart ESSanna agus cosantóirí ceart a bheith in ann oibriú i dtimpeallacht ina n-urramaítear a gcearta bunúsacha féin. Cuirtear i láthair samplaí den chaoi a mbaintear an méid sin amach nó a dtugtar dúshlán ina leith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Tá an tuarascáil ina freagra ar ghlaonna ón Aontas chun tuilleadh gníomhaíochta, lena n‑áirítear iad siúd a rinneadh mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Cén fhaisnéis ar a bhfuil an tuarascáil seo bunaithe?
Braitheann an tuarascáil ar mheasúnú cáilíochtúil ar thorthaí comhairliúchán a rinne an Coimisiún agus a ndearna an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha anailís orthu agus ar fhoinsí eile, lena n‑áirítear:
-ceithre chomhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe seo a leanas: (i) na Ballstáit; (ii) sé cinn de scátheagraíochtaí sochaí sibhialta Eorpacha agus cosantóirí ceart a bhíonn ag obair i réimse na gceart bunúsach; (iii) dhá eagraíocht idirnáisiúnta; agus (iv) líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI) agus líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais (Equinet);
-comhairliúchán ar líne le 150 ESS trí líonra sochaí sibhialta na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, an Clár Oibre um Chearta Bunúsacha;
-rannchuidithe a fuarthas agus tuarascálacha eile de chuid an Choimisiúin á n‑ullmhú, amhail an tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta;
-tuarascálacha ó institiúidí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, go háirithe iad siúd ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha a dhíríonn ar an spás sibhialta, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Roghnaítear na samplaí sa tuarascáil seo chun forbairtí suntasacha le blianta beaga anuas a léiriú agus chun idir dhúshláin agus ghnéithe dearfacha a shainaithin páirtithe leasmhara sna Ballstáit a chur i láthair. Na samplaí de bhearta agus tionscnaimh náisiúnta agus na tuairiscí orthu, níl siad cuimsitheach agus ní chuirtear san áireamh iad ach chun críoch léiriúcháin. Cuirtear bearta agus tionscnaimh bhreise i láthair sna tuarascálacha achomair maidir leis na comhairliúcháin agus na rannchuidithe aonair. Ba mar phríomhtháscairí idirspleácha ar thimpeallacht chumasúcháin le haghaidh na sochaí sibhialta a roghnaíodh na topaicí i ngach caibidil (atá tiomanta don tsochaí shibhialta a chosaint, tacaíocht a thabhairt dó, agus é a chumasú).
2.Ról ríthábhachtach eagraíochtaí sochaí sibhialta agus cosantóirí ceart
Déanann ESSanna agus cosantóirí ceart go leor gníomhaíochtaí sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ós rud é gur grúpa ilghnéitheach iad, tá réimse ESSanna ann idir chinn a bhfuil sainorduithe acu a bhaineann le cearta bunúsacha agus chinn eile a sholáthraíonn saineolas nó tacaíocht speisialaithe maidir le cearta áirithe. D’fhéadfaidís a bheith ag déanamh gníomhaíochtaí ar fud an náisiúin nó d’fhéadfadh sainchúram réigiúnach nó áitiúil a bheith orthu. D’fhéadfadh sé freisin go mbíonn siad ag déanamh réimse leathan gníomhaíochtaí nó ag díriú ar chineál áirithe oibre amháin, amhail abhcóideacht nó soláthar seirbhísí atá curtha in oiriúint do riachtanais a gcomhaltaí nó a dtairbhithe. Chomh tábhachtach céanna leo sin, bíonn NHRInna, comhlachtaí comhionannais agus institiúidí ombudóra freisin ag rannchuidiú ar go leor bealaí le gníomhaíochtaí a chuireann dlí agus beartas an Aontais chun feidhme.
Feasacht a ardú
Is éard a bhíonn ESSanna agus cosantóirí ceart a dhéanamh feasacht a ardú i measc an phobail, grúpaí sonracha agus údaráis na mBallstát maidir le cearta bunúsacha agus a bhforfheidhmiú, cinnteoireacht dhaonlathach agus an smacht reachta, á gcur ar an eolas faoi na nithe sin agus ag cur oideachas agus oiliúint orthu iontu. Agus sin á dhéanamh acu, bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart ag cur cultúr ceart agus cuntasachta daonlathaí chun cinn san Aontas. Sa Chróit, mar shampla, déanann an tOmbudsman státseirbhísigh agus breithiúna a oiliúint ar an gCairt. Áirítear air sin na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCairt, chomh maith leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint aisti i bhfeachtais, i ngníomhaíochtaí abhcóideachta agus chun tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine. Sa Liotuáin, d’eagraigh ESSanna imeacht idirnáisiúnta idirghníomhach le déanaí chun feasacht a ardú i measc daoine óga maidir leis an bhfuathchaint agus a hiarmhairtí ar an tsochaí agus chun iad a oiliúint i scileanna chun í a chomhrac agus iad a spreagadh chun na scileanna sin a fhorbairt.
Ina theannta sin, bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart ag soláthar faisnéis maidir le hábhair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don phobal agus maidir leis na modhanna is féidir le daoine a bheith rannpháirteach i bpróisis cinnteoireachta daonlathaí. Bíonn gníomhaithe na sochaí sibhialta ag slógadh daoine chun a ndearcthaí a chur in iúl go poiblí trí léirsithe, achainíocha, reifrinn agus painéil saoránach. Is féidir leo feasacht a ardú agus abhcóideacht a dhéanamh ar son beartas agus reachtaíochta go comhpháirteach thar theorainneacha na mBallstát ina n‑aonar, ag cur eolas luachmhar ón leibhéal náisiúnta in iúl do chinnteoirí an Aontais nó cinnteoirí idirnáisiúnta agus an bealach eile timpeall.
Faireachán
Déanann ESSanna agus cosantóirí ceart faireachán ar conas a urramaítear cearta bunúsacha ar an talamh agus tá feidhm faire thábhachtach acu. Is minic gurb iadsan is túisce a fhaigheann faisnéis maidir leis na héifeachtaí atá ag bearta reachtacha agus beartais, agus is maith mar is féidir leo mar sin moltaí a dhéanamh maidir leis an mbealach a bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhearta atá ann cheana. Faigheann siad faisnéis dhíreach maidir le sáruithe féideartha ar chearta. In Éirinn, mar shampla, tá ról oifigiúil aitheanta ag ESSanna chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéisí náisiúnta comhionannais maidir leis an imirce, comhionannas inscne, cearta an Lucht Siúil agus na Romach, cuimsiú LGBTIQ agus cearta daoine faoi mhíchumas. Sa Rómáin, le linn na paindéime, rinne an tOmbudsman measúnú ar an tionchar a d’imir bearta náisiúnta ar chearta bunúsacha agus d’eisigh moladh maidir le hurraim do chearta an duine agus na bearta eisceachtúla a ordaíodh le linn na staide éigeandála agus na staide foláirimh. I roinnt Ballstát, rannchuidíonn ESSanna agus cosantóirí ceart go mór leis na nósanna imeachta faireacháin a dhéanann comhlachtaí idirnáisiúnta um chearta an duine ar thíortha go tráthrialta.
Tacaíocht a thabhairt do shealbhóirí ceart
Tugann ESSanna agus cosantóirí ceart tacaíocht do shealbhóirí ceart agus d’íospartaigh sáruithe ar chearta bunúsacha trína gcearta a mhíniú, a chosaint agus a fhorfheidhmiú. Déanann siad é sin trí fhaisnéis a bhailiú agus a sholáthar, sáruithe a líomhnaítear a imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh do chomhlachtaí faireacháin náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Tugann cuid acu cúnamh d’íospartaigh sáruithe leigheasanna breithiúnacha nó neamhbhreithiúnacha a lorg, cúnamh dlí a thairiscint nó dlíthíocht straitéiseach a dhéanamh. Bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart i mbun gníomhaíochtaí comhchosúla go hidirnáisiúnta agus cúnamh á thabhairt acu do ghearánaithe aonair comhlachtaí faireacháin um chearta an duine a chur ar an eolas maidir le cúiseanna imní. Déanann comhlacht comhionannais na Beilge, mar shampla, dlíthíocht ar son fostaithe a líomhnaítear go ndearnadh idirdhealú ina n‑aghaidh ar bhonn gnéis agus sa tSlóivéin, is féidir leis an Ombudsman gearáin bhunreachtúla a dhéanamh maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha i gcásanna aonair. San Ísiltír, rinne comhghuaillíocht de ESSanna agus daoine príobháideacha imeachtaí a thionscnamh inar líomhnaíodh gur sáraíodh Airteagail 7 agus 8 den Chairt maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus maidir le cosaint sonraí pearsanta agus ina ndearnadh agóid i gcoinne dlíthiúlacht ionstraime dlí chun calaois a bhrath.
Tugann ESSanna agus cosantóirí tacaíocht thairis sin do shealbhóirí ceart trí sheirbhísí a sholáthar do dhaoine aonair. D’fhéadfaidís forlíonadh a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraíonn údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, nó a bheith faoi shainordú seirbhísí a sholáthar ar son an stáit. Sa tSualainn, mar shampla, tairgeann tearmainn neamhbhrabúsacha do mhná cóiríocht agus athshlánú d’íospartaigh foréigin inscnebhunaithe agus gáinneála ar dhaoine, agus tugann ESSanna eile tacaíocht d’iarrthóirí tearmainn agus do dhaoine aonair a mhaíonn go ndearnadh idirdhealú ina n‑aghaidh. Sa tSeicia, d’oibrigh ESSanna le chéile chun dhá ionad thiomanta tacaíochta d’íospartaigh an aimridithe neamhdhleathaigh a bhunú.
Abhcóideacht a dhéanamh
Bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart ag rannchuidiú freisin leis an gcinnteoireacht dhaonlathach trí abhcóideacht a dhéanamh ar son cearta bunúsacha i reachtaíocht nó i gceapadh beartas. D’fhéadfaí gníomhaíochtaí comhairliúcháin a dhéanamh trí shocruithe struchtúrtha nó d’fhéadfadh ESSanna agus cosantóirí ceart iad a dhéanamh ar a dtionscnamh féin agus an deis a thairiscint do dhaoine a bheith rannpháirteach go díreach i gcinnteoireacht maidir le hábhair a dhéanann difear dóibh. Tacaíonn roinnt ESSanna agus cosantóirí ceart le rannpháirtíocht dhaonlathach grúpaí leochaileacha freisin. Sa Bheilg, mar shampla, bíonn ionadaithe ón tsochaí shibhialta rannpháirteach i gComhairle Chomhairleach na Bruiséile um Dhaoine faoi Mhíchumas agus i gComhairle na Bruiséile um Chomhionannas idir Fir agus Mná (ar bhunaigh an rialtas an dá cheann acu), ar féidir leo tuairimí a thabhairt maidir le tograí reachtacha. Sa Fhrainc, déantar ionadaíocht ar ESSanna in Commission Nationale consultative des Droits de l’Homme, a chuireann tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an rialtais maidir le hábhair éagsúla, lena n‑áirítear ciníochas, seineafóibe agus frithsheimíteachas, gáinneáil ar dhaoine agus idirdhealú LGBTIQ a chomhrac. Bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart bainteach i roinnt Ballstát le pleananna gníomhaíochta rialtais oscailte a chur chun feidhme chun an trédhearcacht, an chuntasacht, an rannpháirtíocht, an tsláine phoiblí agus an comhar a chur chun cinn sa tsochaí.
Tacaíocht a thabhairt don bhealach a gcuirtear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm
Is minic a chuireann dlí an Aontais cúraimí ar ESSanna go sainráite atá ríthábhachtach chun go mbeidh reachtaíocht éifeachtach ar an talamh. Leis an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí
, mar shampla, deonaítear an ceart d’eagraíochtaí tomhaltóirí fógra a thabhairt d’údaráis faoi mhí‑úsáidí dhlí an Aontais um chosaint tomhaltóirí. Leis an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta ceanglaítear ar Bhallstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh ESSanna, faoi choinníollacha áirithe, gabháil do nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin ábhartha ar son an ghearánaigh nó chun tacú leis.
Cuireann Rialachán Aarhus leasaithe borradh faoin gceart atá ag eagraíochtaí comhshaoil a iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinntí chun comhlíontacht le dlí comhshaoil an Aontais a áirithiú
. Leathnaigh an leasú go mór líon agus cineálacha na gcinntí ar féidir agóid a dhéanamh ina leith. Mar an gcéanna, foráiltear leis an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach go bhfuil an ceart ag eagraíochtaí gearáin a chur go díreach faoi bhráid cuideachta i gcás ina bhféadfadh oibríochtaí nó slabhra luacha na cuideachta sin díobháil a dhéanamh do chearta an duine nó don chomhshaol.
Foráiltear leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach
go mbunófar seirbhísí tacaíochta mar sheirbhís phoiblí nó go mbunóidh ESSanna iad
. Mar an gcéanna, nuair a sholáthraítear seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh sceimhlitheoireachta faoin Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac
, déanann go leor Ballstát na seirbhísí a sholáthraíonn an stát go díreach a chomhcheangal leo siúd a sholáthraíonn ESSanna
. Leis an togra le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac
, deimhnítear freisin go bhféadfaidh ESSanna tacaíocht speisialtóra a sholáthar d’íospartaigh foréigin den sórt sin. Beartaítear leis freisin go gcuirfear oibleagáid ar Bhallstáit dul i gcomhairle le ESSanna maidir le seirbhísí tacaíochta, ceapadh beartas, soláthar faisnéise agus ardú feasachta, cláir thaighde agus oideachais, oiliúint agus faireachán.
Ceanglaítear le hAirteagal 4(3) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, go rachfar i ndlúthchomhairle le daoine faoi mhíchumas, trína n‑eagraíochtaí ionadaíocha, maidir le beartais a bhaineann leo. I gcás cearta paisinéirí, ceanglaítear le dlí an Aontais go rachfar i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin freisin nuair a ghlacann oibreoirí aerfoirt, loinge agus críochfoirt calafoirt caighdeáin maidir le paisinéirí faoi mhíchumas agus nuair a ghlacann oibreoirí iarnróid, loinge, bus agus cóiste rialacha maidir le rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar sheirbhísí.
Leagtar síos leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí (LED) , i gcás próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta, go bhféadtar an ceart a shainordú do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúsach gearán a dhéanamh os comhair an údaráis maoirseachta inniúil agus na cúirte náisiúnta inniúla.
Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), aithnítear a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta chun déileáil go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne agus urraim do chearta bunúsacha a áirithiú an tráth céanna agus chun grinnscrúdú a dhéanamh ar na bearta trédhearcachta stóinseacha a bheidh ar na seirbhísí digiteacha a dhéanamh nuair a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm. Le DSA aithnítear freisin gur gá an t‑eolas domhain atá ag an tsochaí shibhialta ar rioscaí sa tsochaí a chur san áireamh agus tugtar spreagadh d’ardáin an‑mhór ar líne agus d’innill chuardaigh dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta nuair a bheidh a n‑oibleagáidí bainistíochta riosca á gcomhlíonadh acu.
Imríonn comhlachtaí comhionannais ról ríthábhachtach chun reachtaíocht an Aontais maidir le cóir chomhionann a chur chun feidhme. Chun cabhrú leo sa ról sin, glacfaidh an Coimisiún tograí le haghaidh reachtaíochta chun sainordú na gcomhlachtaí comhionannais a leathnú agus chun a gcuid cumhachtaí, a gcuid acmhainní agus a neamhspleáchas a neartú chun cóir chomhionann a chur chun cinn.
I dteannta na gcúraimí a chuirtear i leith ESSanna agus cosantóirí ceart i reachtaíocht an Aontais, rannchuidíonn ESSanna le héifeachtacht bheartais an Aontais. Faoi Chód Iompair AE 2016 maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, déanann líonra ESSanna faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas a rinne ardáin ar líne, ag rannchuidiú le grúpaí atá i mbaol fuathchainte a chosaint ar fud an Aontais. Mar an gcéanna, le Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh, tugtar ionadaithe ó rialtais agus ó fhorfheidhmiú an dlí agus ionadaithe ón tionscal teicneolaíochta agus ón tsochaí shibhialta le chéile chun srian a chur le hábhar antoisceach foréigneach, sceimhlitheoireachta agus mí‑úsáide gnéasaí leanaí a bheith á scaipeadh. Tá aghaidh á tabhairt ag an bhFóram freisin ó 2022 ar an ngné ar líne den gháinneáil ar dhaoine. Déanann an Coimisiún Líonra an Aontais Eorpaigh um Fheasacht ar an Radacú a chomhordú freisin, ar líonra Eorpach é de chleachtóirí túslíne a oibríonn go laethúil leo siúd ar dóigh go radacófaí iad agus leo siúd atá radacaithe cheana.
Le plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025, spreagtar na Ballstáit ESSanna a tharraingt isteach i ndearadh agus cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais agus sa mheastóireacht orthu.
3.ESSanna agus cosantóirí ceart a chosaint
Déanann ESSanna agus cosantóirí ceart cearta faoin gCairt a chur chun cinn agus a chosaint ar an talamh, agus ní mór iad a bheith in ann oibriú i dtimpeallacht thacúil ina dtugtar urraim sa chéad áit dá gcearta bunúsacha féin. Ní mór iad a bheith in ann a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú gan an stát a bheith ag cur isteach orthu gan údar, agus ní mór do stáit bearta a dhéanamh go gníomhach chun an spás sibhialta agus iad siúd atá gníomhach laistigh de a chosaint agus a chur chun cinn. Cé go n‑áirithíonn an chuid is mó de na Ballstáit an méid sin cheana, tuairiscíonn ESSanna agus cosantóirí cearta go bhfuil réimse dúshlán, bacainní agus srianta i mBallstáit áirithe fós a chuireann teorainn lena gcumas a ngníomhaíochtaí a dhéanamh. Is minic a dhéanann srianta buiséadacha, acmhainní daonna nó dlíthiúla difear do raon feidhme a ngníomhaíochtaí.
|
Aiseolas ón gcomhairliúchán
Sa chomhairliúchán a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú, thuairiscigh 61 % de ESSanna a d’fhreagair go raibh bacainní rompu a chuireann teorainn lena ‘spás sábháilte’. Ar dhóigh níos sonraí, rinneadh ionsaithe ó bhéal agus ciapadh, imeaglú, insintí diúltacha, nó feachtais chlúmhillte nó bhréagaisnéise ar 44 % díobh. Áirítear ar bhacainní eile a bhí rompu ionsuite digiteacha (19 %), coiriúlú ar obair dhaonnúil nó obair i réimse na gceart bunúsach (18 %), ciapadh riaracháin (15 %), ionsuite fisiceacha ar dhaoine agus maoin (15 %), sáruithe ar chosaint sonraí (14 %), faireachas (12 %), bacainní a bhaineann le húsáid eiticiúil na teicneolaíochta nó na hintleachta saorga (9 %) agus imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna) (7 %). Rinne siad sin difear go háirithe d’obair ar chearta na mban agus cearta gnéis agus atáirgthe, cearta LGBTIQ, cearta na n‑imirceach agus na n‑iarrthóirí tearmainn agus d’obair cosanta comhshaoil.
Déanann dúshláin chomhchosúla difear do chosantóirí ceart, amhail NHRInna. Mar a thuairiscíonn FRA, ‘rinneadh bagairtí nó ciapadh (ó bhéal nó i scríbhinn, lena n‑áirítear ar líne) ar líon suntasach fostaithe i ndáil lena gcuid oibre dá NHRI’. I roinnt Ballstát, bhí bacainní roimh NHRInna ó thaobh a neamhspleáchais agus ó thaobh acmhainní leordhóthanacha a fháil agus a sainordú leathan a chomhlíonadh. Is amhlaidh sin freisin i gcás Ombudsman. Thuairiscigh comhlachtaí comhionannais freisin go bhfuil an timpeallacht ag éirí níos dúshlánaí mar gheall ar an gcomhdhearcadh sóisialta i dtaobh saincheisteanna comhionannais a bheith níos tanaí agus mar gheall ar ráitis idirdhealaitheacha neamhdhleathacha a bheith á meas mar ráitis atá inghlactha. Mar gheall ar bhrú seachtrach agus gan dóthain foirne a bheith acu, tuairiscíodh roinnt cásanna de chomhlachtaí comhionannais nach bhfuil neamhspleách ná éifeachtach.
|
3.1.Samplaí de bhealaí a gcosnaíonn Ballstáit an spás sibhialta
Is fíor‑riachtanach timpeallacht chumasúcháin chun go mbeidh ESSanna agus cosantóirí ceart in ann a gcuid oibre a dhéanamh agus a gceart chun saoirse comhlachais a choimirciú. I mórán Ballstát, tugtar tacaíocht agus spreagadh dóibh ina gcuid oibre agus cosnaítear le dlí iad. Le blianta beaga anuas, tháinig roinnt forbairtí dearfacha chun cinn ar fud an Aontais chun an timpeallacht chumasúcháin sin a chothú le haghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart, agus tá athruithe reachtacha agus institiúideacha á gcur chun feidhme ag Ballstáit áirithe. Tá an Chróit agus an Ghearmáin, mar shampla, ag ullmhú pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun feabhas a chur ar an staid ina bhfuil ESSanna. Sa tSlóivéin, is é is aidhm do dhlí maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha timpeallacht chumasúcháin a sholáthar do ESSanna. I mBallstáit eile, amhail an Bhulgáir agus an Liotuáin, cuirtear de chúram ar chomhlachtaí rialtais speisialta beartais a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta. San Fhionlainn, tá straitéis um an tsochaí shibhialta forbartha ag Bord Comhairleach an rialtais um Beartas Sochaí Sibhialta.
I roinnt Ballstát, áfach, léirigh ESSanna agus cosantóirí ceart imní go ndéanfadh reachtaíocht, maidir leis an ord poiblí nó an tslándáil phoiblí go háirithe, difear dá saoirse comhlachais, agus agraíodh an imní sin os comhair na gcúirteanna gcásanna áirithe. Is le dlíthe trédhearcachta
, frithsceimhlitheoireachta
agus frithsciúrtha airgid
a bhaineann constaicí breise a thuairiscigh páirtithe leasmhara. Ar chonstaicí eile a thuairiscigh an tsochaí shibhialta tá bearta athchomhairleacha, amhail iniúchtaí agus imscrúduithe cistiúcháin, agus constaicí maidir le rochtain ar chistiú.
Sa chuid is mó de na Ballstáit, níl aon nós imeachta speisialta i bhfeidhm chun bagairtí agus ionsuite a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu. Dá thoradh sin, imríonn ESSanna agus cosantóirí ceart ról fíor‑riachtanach iad féin ag déanamh faireachán agus tuairisciú ar an spás sibhialta. Tá doiciméadú déanta ag Lárionad Náisiúnta na Slóvaice um Chearta an Duine, mar shampla, ar bhagairtí, imeaglú, ciapadh agus srianta ar chearta dreamanna sa tsochaí shibhialta a oibríonn ar chosaint an chomhshaoil, cearta LGBTIQ agus cearta na mban, lena n‑áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe. San Fhionlainn, d’fhorbair ESS an uirlis ‘Le Chéile in aghaidh an Chiníochais’ chun sonraí a bhailiú maidir le bagairtí nó ionsuite ar ESSanna agus cosantóirí ceart. Ina theannta sin, déanann an t‑ardán taighde ar líne CIVICUS monitor rianú ar shaoirse sochaí sibhialta i 197 gcinn de thíortha agus críocha, agus bailíonn Civic Space Watch torthaí ó ghrúpaí san Eoraip maidir le dálaí sochaí sibhialta agus sainaithníonn sé treochtaí náisiúnta agus tras‑Eorpacha.
Chun aghaidh a thabhairt ar ionsaithe fisiceacha agus ionsaithe ar líne in aghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart sa Fhrainc, déanann an Aireacht Gnóthaí Baile faireachán ar thuarascálacha de ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéantar in aghaidh na ngrúpaí sin agus is féidir léi bearta iomchuí a chur i bhfeidhm tríd an tSeirbhís Cosanta atá aici. Tá tionscadail curtha chun feidhme ag Lucsamburg agus an Ísiltír a cheadaíonn do chosantóirí ceart eachtracha, atá faoi bhagairt nó faoi bhrú ina dtír féin, fanacht go sábháilte ar feadh suas le 3 mhí. Ghlac an tSualainn plean gníomhaíochta náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus fuath in aghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart, i measc dreamanna eile.
Oibríonn NHRInna agus comhlachtaí comhionannais chun timpeallacht shábháilte chumasúcháin a sholáthar do ESSanna ar an leibhéal náisiúnta freisin. Oibríonn NHRInna i ndlúthchomhar le ESSanna trína bheith á n‑oiliúint, mar shampla, agus ag cuidiú lena bhfothú acmhainneachta. Sa Ghréig, chuir an Coimisiún Náisiúnta um Chearta an Duine ar son togra reachtach a ghlacadh chun cosantóirí ceart a chosaint ar ionsaithe, bearta díoltais agus srianta ar a gcearta.
3.2.Tionscnaimh de chuid an Aontais chun an spás sibhialta a chosaint
Tá roinnt bearta déanta ag an Aontas chun ESSanna agus cosantóirí ceart a chosaint. Le huirlisí a forbraíodh chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chothú agus a chosaint, féachtar le timpeallacht chumasúcháin le haghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart a chothú agus a chosaint.
Go háirithe, sa Tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, mar chuid dá cheathrú colún, lena gcumhdaítear srianta agus ceartúcháin institiúideacha, déantar measúnú ar staid an spáis shibhialta sna Ballstáit uile, aithnítear ‘go bhfuil ról lárnach ag an tsochaí shibhialta [freisin] i gcóras na srianta agus na gceartúchán’ agus déantar scrúdú inti ar fhorbairtí a bhaineann leis an gcreat lena gcumasaítear an tsochaí shibhialta. Le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta eisíodh moltaí do na Ballstáit, lena n‑áirítear moltaí maidir le staid an spáis shibhialta i roinnt cásanna.
Le tionscnamh frith‑SLAPP 2022 an Choimisiúin tugtar isteach bearta nithiúla chun gníomhaithe a ghabhann do rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí‑úsáideach agus rannchuideoidh sé dá bhrí sin le timpeallacht shábháilte chumasúcháin le haghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart.
Leis an togra le haghaidh treoir nua maidir le coireacht chomhshaoil, deimhnítear gur cheart go dtairbheodh daoine, lena n‑áirítear comhaltaí ESS, a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil den tacaíocht agus cúnamh is gá in aon imeacht coiriúil. Cumhdaítear cosantóirí comhshaoil freisin leis an treoir agus an moladh frith‑SLAPP atá beartaithe, i gcomhréir le ceanglais Choinbhinsiún Aarhus.
Cuirfidh an t-acht Eorpach um shaoirse na meánatá beartaithe feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh meáin chumarsáide tríd an trédhearcacht a mhéadú agus trí aghaidh a thabhairt ar shaobhadh margaidh, rud lena gcuirfear feabhas ar shaoirse agus iolrachas na meán i ngach Ballstát, agus ráthóidh sé go mbeidh na hiriseoirí agus na heagarthóirí in ann oibriú gan chur isteach. Ar an gcuma chéanna, is é is aidhm do mholadh an Choimisiúin maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile meán a áirithiú go n‑áiritheofar dálaí oibre níos sábháilte do ghairmithe meán, bídís ar líne nó as líne.
Arna spreagadh ag Parlaimint na hEorpa, tá an Coimisiún ag obair freisin ar thionscnamh reachtach maidir leis an aitheantas trasteorann ar chomhlachais san Aontas. Díreofar an tionscnamh sin ar ghníomhaíochtaí trasteorann comhlachas, á chur ar a gcumas dóibh tairbhiú den mhargadh aonair agus dá gcearta bunúsacha faoin gCairt.
I dteannta bearta dlíthiúla, cosnaíonn an Coimisiún ESSanna agus cosantóirí ceart trí ghníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh in aghaidh bearta a dhéanann difear dóibh atá contrártha do dhlí an Aontais, lena n‑áirítear an Chairt. Thionscain an Coimisiún dhá imeacht um shárú in aghaidh na hUngáire mar gheall ar dhlí maidir le cistiú eachtrach le haghaidh na sochaí sibhialta agus bille lena ndéantar cabhair d’iarrthóirí tearmainn a choiriúlú. Le breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) sa dá chás sin leagtar síos fasach in aghaidh reachtaíocht chomhchosúil agus cuirtear i dtábhacht príomhról na Cúirte chun an spás sibhialta agus cearta bunúsacha san Aontas a chosaint.
Gealltanas an Aontais i leith spás sibhialta a chosaint agus a chumasú, léirítear sin freisin ina ghníomhaíocht sheachtrach, lena n‑áirítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020‑2024). Tá cuntas air sin freisin i dtreoirlínte an Aontais maidir le cosantóirí chearta an duine.
Thacaigh an Coimisiún ó 2015 le sásraí chun na cosantóirí ceart daonna is mó atá i mbaol a chosaint. Trí dheontais bheaga, soláthraítear tacaíocht do chosantóirí chearta an duine trí chiste éigeandála an Aontais Eorpaigh do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol. Is éard is ProtectDefenders.eu ann comhghuaillíocht de ESSanna a oibríonn go hidirnáisiúnta chun iarrataí ar thacaíocht ó chosantóirí ceart daonna a fháil, a phróiseáil agus a fhreagairt. Soláthraíonn sé seirbhís bhuan sholúbtha chun tacaíocht a dhearadh, ó fhothú acmhainneachta agus comhairle dlí agus slándála go seirbhísí athshocraithe agus dídine. Leis an tSaoráid le haghaidh Ghéarchéimeanna Chearta an Duine soláthraítear deontais do ESSanna arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mairfidh gluaiseachtaí chearta an duine sna timpeallachtaí oibriúcháin is mó ina gcuirtear faoi chois iad.
Rinne an Coimisiún forbairt CSO Meter a chistiú freisin. Déantar measúnú leis sin ar oscailteacht na sochaí sibhialta i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir faoina Ionstraim Eorpach Chomharsanachta.
Chun an spás sibhialta a chosaint, d’fhorbair an tAontas dlúthchomhar agus idirphlé le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Go háirithe, baineann an tAontas lánúsáid as na caighdeáin agus as an eolas a d’fhorbair Comhairle na hEorpa agus a comhlachtaí faireacháin. Ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa trí ionstraim neamhcheangailteacha maidir leis an spás sibhialta. Déanann an Coiste Stiúrtha idir‑rialtasach um Chearta an Duine scrúdú ar an tionchar a imríonn reachtaíocht, beartais agus cleachtais náisiúnta ar ghníomhaíochtaí ESSanna agus cosantóirí ceart, agus sainaithníonn sé dea‑chleachtais chun an spás sibhialta a chur chun cinn agus a chosaint. Tagann Comhairle Saineolaithe ar an Dlí i ndáil le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha i ndiaidh moladh a cuireadh chun feidhme maidir le stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tugann comhairle maidir le conas an dlí agus an cleachtas náisiúnta a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha. Ina theannta sin, déanann an tArdán um Shábháilteacht Iriseoirí rianú ar ionsuithe in aghaidh iriseoirí, á léiriú cé acu gníomhaithe stáit nó neamhstáit a thionscain iad agus a thromchúisí atá na hionsuithe.
Is príomh‑chomhpháirtí é na Náisiúin Aontaithe freisin, go háirithe a shásraí faireacháin lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar ionsuithe, ciapadh, coiriúlú agus feachtais chlúmhillte a bhfuil difear déanta acu don tsochaí shibhialta ar fud an domhain le blianta anuas, lena n‑áirítear san Aontas.
Is ríthábhachtach freisin comhar leis an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR), ar oifig de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) í. Na gealltanais atá ag údaráis náisiúnta chun cosantóirí chearta an duine a chosaint, cuidíonn ODIHR leo iad a chomhlíonadh trí fhaireachán a dhéanamh ar a gcumas oibriú agus trí acmhainneacht a fhothú tríd an oideachas agus an oiliúint i gcearta an duine.
4.Tacaíocht a thabhairt do ESSanna agus cosantóirí ceart
Is codanna dílse den cheart chun saoirse comhlachais iad an rochtain ar acmhainní airgeadais agus an tsaoirse chun iad a úsáid
. Teastaíonn acmhainní airgeadais leordhóthanacha ó ESSanna agus cosantóirí ceart chun a misin a dhéanamh go héifeachtach. Tuairiscíonn roinnt Ballstát gur mhéadaigh siad an tacaíocht airgeadais do ESSanna i gcoitinne
agus chun tionchar phaindéim COVID‑19 a chúiteamh leo
; tá na hiarrachtaí sin forlíonta go mór ag deontóirí idirnáisiúnta agus ag an Aontas le blianta beaga anuas. Bíonn ESSanna agus cosantóirí ceart ar fud an Aontais ag streachailt chun a ngníomhaíochtaí sonracha a chistiú, áfach, treocht ar chuir an phaindéim agus an ghéarchéim costais maireachtála atá ann faoi láthair chun donais
, go háirithe i gcás feidhmeanna abhcóideachta agus faire.
|
Aiseolas ón gcomhairliúchán
Sa chomhairliúchán a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú, shainaithin ESSanna agus cosantóirí ceart easpa cistiúcháin mar cheann de na príomhdhúshláin roimh a gcuid oibre agus thuairiscigh siad nach bhfuil ann, i mórán Ballstát, ach beagán deiseanna cistiúcháin, go háirithe le haghaidh obair maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha
.
Léirigh an comhairliúchán ar líne gur thuairiscigh beagnach leath de na heagraíochtaí (49 %) a d’fhreagair go raibh constaicí ann faoin gcreat maoiniúcháin. Go háirithe, thuairiscigh 40 % díobh go raibh bacainní roimh chistiú ann. Thagair céatadán níos lú de na heagraíochtaí (níos lú ná 15 %) do chonstaicí a bhaineann le stádais charthanachta, cistiú eachtrach, córais chánach, éilliú cuntasaíochta agus iniúchóireachta, agus srianta ar thiomsú airgid ar líne.
|
4.1.Samplaí de bhealaí a dtacaíonn Ballstáit le gníomhaithe na sochaí sibhialta
Is croífhoinse cistiúcháin agus acmhainní le haghaidh ESSanna agus cosantóirí ceart iad na Ballstáit. Déanann na Ballstáit uile cistiú poiblí le haghaidh ESSanna a eisíoc ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus tá cláir chistiúcháin éagsúla ar fáil. Soláthraítear tacaíocht d’fhothú acmhainneachta ESSanna le cistí ESS san Eastóin
, sa Laitvia
, sa Liotuáin
agus i Málta, mar shampla. San Fhionlainn, faigheann ESSanna cistiú stáit ó fhoinsí éagsúla, lena n‑áirítear ioncam ó chuideachta faoi úinéireacht stáit a oibríonn sa mhargadh cearrbhachais rialáilte
. I roinnt Ballstát, amhail an Danmhairg, an Ísiltír agus an tSualainn, tá cistiú poiblí ar fáil le haghaidh abhcóideacht ar son cearta bunúsacha
. Soláthraíonn roinnt Ballstát cistiú freisin chun costais riaracháin agus bonneagair ESSanna a chumhdach go méid áirithe.
Soláthraíonn roinnt Ballstát córais cánachais fhabhraigh le haghaidh deonacháin do ESSanna
freisin, lena spreagtar deonacháin phríobháideacha. Ceadaíonn an chuid is mó de na Ballstáit do ESSanna fóirdheontais, deontais agus deonacháin a fháil saor ó cháin. Mar shampla, san Iodáil, is féidir tabhartais do ESSanna a asbhaint ó cháin, agus sa tSeicia, tá ESSanna díolmhaithe ó cháin ioncaim, cáin ar bhóithre agus cáin eastáit réadaigh nuair a bhíonn na costais chun críocha eagrúcháin.
Fiú nuair a bhíonn cistiú ar fáil, tuairiscíonn ESSanna agus cosantóirí ceart gurb ann do chonstaicí roimh an gcistiú sin a fháil, lena n‑áirítear nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm nó tuairisciú agus critéir incháilitheachta atá casta, a bhfuil ualach ag baint leo agus nach mbíonn trédhearcach i gcónaí agus an t-éileamh mór a bhíonn ar an gcistiú atá ar fáil
. Dúshlán breise a thuairiscíonn ESSanna is ea cistiú tionscadail gearrthéarmach, a bhíonn ag gabháil de réir a chéile in ionad cistiú níos fadtéarmaí nó cistiú le haghaidh caiteachas riaracháin
.
Oibríonn roinnt Ballstát chun dul i ngleic leis na dúshláin sin maidir le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht cistiúcháin. Déanann siad iarracht dáileadh cóir a áirithiú trí chritéir thrédhearcacha agus trí ghlaonna ar thograí a fhoilsiú ionas go mbeidh rochtain go forleathan orthu. Sa Spáinn, mar shampla, áirithítear go ndáilfear cistí go cóir trí reachtaíocht
lena gceanglaítear go gcuirfear critéir mheasúnaithe ar fáil don phobal.
Tá pleananna ag an gcuid is mó de na Ballstáit freisin rochtain ar chistiú a shimpliú agus dlús a chur léi, lena n‑áirítear tríd an digitiú. Sa tSlóvaic agus sa Chróit, mar shampla, tá córais nua ar líne á gcruthú chun próisis riaracháin cistiúcháin phoiblí a shimpliú. An tráth céanna, sa tSlóivéin, tá rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna á n‑úsáid chun an córas cistiúcháin a shimpliú.
I roinnt Ballstát, rud a chruthaíonn tuilleadh bacainní is ea dáileadh cistiúcháin phoiblí a bhfuil polaitiú déanta air a eisiann ESSanna a cháineann an rialtas agus a théann chun tairbhe a heagraíochtaí ar a dtugtar eagraíochtaí neamhrialtasacha rialtas‑eagraithe
. D’fhéadfadh bacainní den sórt sin a bheith ina gcleachtais a chuireann bac ar ESSanna rochtain a fháil ar chistí poiblí trína ngníomhaíochtaí abhcóideachta a mheas a bheith ina ngníomhaíochtaí polaitiúla
, a dhéanann difear dá stádas díolmhaithe ó cháin
, agus rialacha maidir le deonacháin eachtracha
. Bíonn ar ESSanna a oibríonn i réimsí íogaire áirithe, amhail cearta LGBTIQ agus comhionannas inscne, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí abhcóideachta agus dlíthíochta straitéisí, dul i ngleic le bheith eisiata a thuilleadh ó chistiú poiblí.
4.2.Tacaíocht an Aontais do ghníomhaithe na sochaí sibhialta
4.2.1.An clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (an clár Cearta agus Luachanna)
Bhí ESSanna agus cosantóirí ceart i gcónaí ina measc siúd a thairbhigh de chláir chistiúcháin an Choimisiúin, agus forlíonadh iarrachtaí na mBallstát dá réir. Agus buiséad EUR 1,55 billiún ag an gclár Cearta agus Luachanna le haghaidh 2021-2027, is é an ciste um chearta bunúsacha é is mó riamh laistigh den Aontas. Is é is cuspóir dó na cearta agus na luachanna a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais, sa Chairt agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn trí thacaíocht a thabhairt do ESSanna agus páirtithe leasmhara eile ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta.
|
Aiseolas ón gcomhairliúchán
D’fháiltigh ESSanna agus cosantóirí ceart roimh an gclár Cearta agus Luachanna mar fhorbairt dhearfach. Léirítear le comhairliúcháin go raibh an chuid is mó de ESSanna ar an eolas faoin gclár, fiú murarbh ionann a méid eolais
. Rinne 28 % de na freagróirí ar chomhairliúcháin na tuarascála seo iarratas ar chistiú faoin gclár Cearta agus Luachanna, agus beartaíonn 39 % díobh iarratas a dhéanamh.
|
Tá snáitheanna cistiúcháin éagsúla sa chlár Cearta agus Luachanna. Leis an snáithe nua luachanna an Aontais, tacaítear le ESSanna, cosantóirí ceart agus páirtithe leasmhara eile a chuireann cultúr luachanna chun cinn san Aontas atá bunaithe ar chearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta. Tá cistiú ar fáil le haghaidh fothú acmhainneachta agus ardú feasachta maidir leis an gCairt, agus le haghaidh gníomhaíochtaí a neartaíonn an t‑eolas atá ag cleachtóirí, gairmithe dlí, ESSanna agus comhlachtaí neamhspleácha um chearta an duine chun dlíthíocht a dhéanamh go héifeachtach ar leibhéil náisiúnta agus Eorpacha, agus chun rochtain ar an gceartas agus ar fhorfheidhmiú na gceart a fheabhsú trí oiliúint a dhéanamh, eolas a chomhroinnt agus dea‑chleachtais a mhalartú. Méadófar go mór an cistiú le haghaidh fothú acmhainneachta agus dlíthíochta faoi chlár oibre 2023-2024.
Mar dheis nua faoi shnáithe luachanna an Aontais, roghnaigh an Coimisiún idirghabhálaithe ESS trí ghlao oscailte ar thograí. Soláthróidh na comhlachtaí sin tacaíocht airgeadais do na ESSanna trí scéim athdheonaithe (trína gcuirtear deontais ón Aontas ar aghaidh) chun inniúlacht an‑chuid ESSanna pobalbhunaithe a fhothú, a chuireann luachanna an Aontais chun cinn agus a chosnaíonn iad.. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag tacú le creat‑chomhpháirtithe, amhail líonraí Eorpacha, ESSanna atá gníomhach ar leibhéal an Aontais, agus meithleacha machnaimh Eorpacha atá gníomhach i réimse luachanna an Aontais
. Tacaíonn an Coimisiún go háirithe le ENNHRI agus le han‑chuid líonraí ESS, amhail an tAontas um Shaoirsí Sibhialta, An Lárionad Eorpach um an Dlí Seachbhrabúsach (ENCL) agus an Fóram Sibhialta Eorpach, ar líonraí iad uile a oibríonn chun spás sibhialta cumasúcháin a chruthú agus a choinneáil ar bun.
Tá rochtain ag ESSanna ar chistiú suntasach faoi na snáithe eile de chlár CERV freisin - , comhionannas, cearta agus comhionannas inscne, an comhrac in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe agus an fhoréigin in aghaidh leanaí (Daphne), agus rannpháirtíocht saoránach, clár inarb iad ESSanna beagnach leath na dtairbhithe. Soláthraíodh thart ar EUR 91,8 milliún i gcistiú trí chlár CERV in 2021. Méadaíodh é sin go dtí thart ar EUR 200 milliún in 2022
.
Maidir le tréimhse chistiúcháin 2021-2027, ceapadh córas bainistíochta riosca le haghaidh gach céim de thimthriall an tionscadail. Maidir le gach glao ar thograí agus ar feadh thimthriall uile an tionscadail, ní mór luachanna an Aontais a urramú. Déantar gach iarratasóir agus gach tairbhí a scagadh go tráthrialta ag na céimeanna iarratais, meastóireachta agus cur chun feidhme, ag féachaint ar a gcomhlíontacht le luachanna an Aontais.
Cistiú ón Aontas chun tacú le ESSanna le linn chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine
Tá tairbhithe an Chláir Cearta agus Luachanna (CERV) in ann freagairt do riachtanais phráinneacha na ndaoine atá thíos leis de bharr chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, go háirithe trí shonraí a bhailiú agus faireachán a dhéanamh, feasacht a ardú, agus trí abhcóideacht, treoraíocht agus cabhair a thabhairt d’íospartaigh. Nuair a thosaigh cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, bhí cuid mhaith de ghlaonna ar thograí 2022 oscailte cheana, agus tugadh an deis d’iarratasóirí a gcuid tograí a chur in oiriúint do na riachtanais a bhí ag eascairt as an gcogadh. Cuireadh síneadh le sprioc‑amanna le haghaidh glaonna áirithe a chur isteach freisin. Chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn, d’fhorbair cuid de na creat‑chomhpháirtithe atá ag fáil cistiúcháin gníomhaíochtaí amhail feachtais ar na meáin shóisialta, soláthar tacaíochta síceolaíche, nó oiliúint do mheantóirí a oibríonn go deonach. Ó 2023 ar aghaidh, tosóidh na creat‑chomhpháirtithe ag athdheonú cistí dá n‑eagraíochtaí comhaltais ar an leibhéal áitiúil, rud lenar féidir díriú ar ghníomhaíocht níos sonraí chun freagairt don ghéarchéim sin.
4.2.2.Tacaíocht faoi chláir eile de chuid an Aontais
Tugann an tAontas tacaíocht shuntasach don tsochaí shibhialta trí chuid mhaith clár eile de chuid an Aontais, le cois CERV. Leis an gclár Ceartais áirithítear rochtain éifeachtach ar an gceartas don phobal trí thacú le hoiliúint bhreithiúnach agus dámhtar deontais ESS chun tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le húdaráis bhreithiúnacha
, amhail tionscadail oiliúna trasteorann maidir le dlí an Aontais le haghaidh cleachtóirí an cheartais. Leis na cláir chistiúcháin taighde agus nuálaíochta, Fís 2020 agus an clár a lean é, Fís Eorpach freisin, tugtar tacaíocht do ESSanna agus cosantóirí ceart i roinnt réimsí téamacha
.
Déantar tionscadail a chistiú tríd an gclár Erasmus+ ar clár é lena gcuirtear cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais chun cinn. Tugtar tacaíocht airgeadais struchtúrach (deontais oibriúcháin) trí Erasmus+ do ESSanna Eorpacha atá gníomhach in oideachas agus oiliúint don óige agus ó 2021 i leith tá deontais gníomhaíochta bliantúla á moladh aige freisin. Ar deireadh, leis an gclár maidir le cumhachtú na sochaí sibhialta tugtar cistiú le haghaidh oiliúint na sochaí sibhialta ionas go gcruthóidh siad insintí chun an t‑antoisceachas foréigneach a chomhrac
.
I ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, tá cleachtais seanbhunaithe curtha ar bun aige maidir leis an tsochaí shibhialta a chistiú, a bheith rannpháirteach léi, agus chun na dúshláin atá os a comhair a shainaithint trí chláir théamacha agus gheografacha. Le hionstraimí geografacha, amhail an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI‑An Eoraip Dhomhanda), soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe do ESSanna trí imchlúdaigh réigiúnacha agus náisiúnta (‘cláirna Saoráide Comharsanachta um Shochaí Shibhialta’) chun inniúlachtaí ESSanna a neartú, idirphlé Stát‑ESSanna a neartú agus spás sibhialta oscailte a chur chun cinn. Is iad na ESSanna is mó a fhaigheann tacaíocht ón gclár téamach le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisinagus ón gclár téamach le haghaidh chearta an duine agus an daonlathais faoi NDICI‑An Eoraip Dhomhanda.
5.ESSanna agus cosantóirí ceart a chumhachtú
Tá an tsochaí shibhialta ina comhpháirtí gníomhach agus neamhspleách i gcóras an Aontais um chearta bunúsacha. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit aitheantas a thabhairt do róil ESSanna agus cosantóirí gceart, a chur ar a gcumas dóibh dul i mbun gnímh agus a dhéanamh cinnte gurb ann do na dálaí inar féidir leo rannpháirt bhríoch a ghlacadh i gcinnteoireacht agus inar féidir leo beartais náisiúnta agus beartais an Aontais a théann chun tairbhe ár ndaonlathais a chur chun feidhme. Tá cumhachtú den sórt sin ríthábhachtach chun go mbeidh spás sibhialta bríomhar ann agus chun go mbeidh sé indéanta ag ESSanna agus cosantóirí ceart cuidiú chun beartais náisiúnta agus beartais an Aontais a mhúnlú. Cuireann roinnt páirtithe leasmhara in iúl, áfach go mbíonn deacrachtaí ag ESSanna agus cosantóirí ceart rochtain a fháil ar chomhairliúcháin agus ar idirphlé le páirtithe leasmhara i roinnt Ballstáit. Ní bhíonn faisnéis faoi chomhairliúcháin oscailte ar fáil i gcónaí ná treoirlínte soiléire maidir le rochtain a fháil orthu.
|
Aiseolas ón gcomhairliúchán
Sa chomhairliúchán a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú, thuairiscigh níos mó ná leath de na heagraíochtaí (53 %) gur cuireadh bac orthu maidir le ‘rannpháirtíocht agus comhar le húdaráis’. Ba iad na dúshláin ba mhó sa réimse sin na bacainní lenar cuireadh srian ar rochtain ag na heagraíochtaí ar chomhairliúcháin agus ar rannpháirtíocht sa chinnteoireacht (45 %) agus ar rochtain ar fhaisnéis agus doiciméid (42 %). Ina theannta sin, dúirt cuid mhaith eagraíochtaí (30 %) gur cuireadh bacainní rompu, ar bhonn níos ginearálta, i ndáil le hidirphlé sibhialta. De réir thorthaí FRA, ní dhéantar ionadaíocht leordhóthanach i gcomhairliúcháin ar mhionlaigh ná ar ghrúpaí leochaileacha ach oiread.
|
5.1.Samplaí den chaoi ina gcumhachtaíonn na Ballstáit gníomhaithe ar son na sochaí sibhialta
Tá sé fíor‑riachtanach deis a thabhairt do ESSanna agus cosantóirí ceart chun go n‑ullmhófar reachtaíocht agus beartais, go gcuirfear chun feidhme iad agus go ndéanfar faireachán orthu. Tá sásraí comhairliúcháin cruthaithe ag roinnt Ballstát chun a áirithiú go mbeidh ESSanna agus cosantóirí ceart in ann rannpháirt a ghlacadh agus an deis a bheith acu an difear a d’fhéadfadh beartais a dhéanamh dóibh, dá gcomhaltaí, nó do chearta bunúsacha ar bhonn níos ginearálta a mheas.
Bailíonn an‑chuid Ballstát ionchur ó ESSanna agus cosantóirí ceart trí chomhairliúcháin phoiblí oscailte. Mar shampla, bíonn comhairliúchán poiblí oscailte agus éisteacht phoiblí ar bun sa Spáinn sula ndéantar reachtaíocht a dhréachtú, a bhféadann ESSanna a gcuid eolais agus a mbarúlacha a chomhroinnt lena linn. Mar an gcéanna, déanann mórán Ballstát rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a éascú trí ardáin chomhairliúcháin ar líne lena soláthraítear faisnéis faoi chomhairliúcháin leanúnacha. Tugadh tacaíocht san Ostaird’ullmhúchán an phlean náisiúnta straitéisigh maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta trí phróiseas ina raibh gach duine in ann faisnéis a fháil agus rannchuidiú leis an bplean.
I roinnt mhaith Ballstát, mar gheall ar rialacha ginearálta maidir le measúnuithe tionchair reachtacha a chur i gcrích, bítear ábalta measúnú a dhéanamh ar thionchar togra reachtaigh ar an tsochaí sibhialta. I roinnt Ballstát, tá an reachtóir faoi oibleagáid sin a dhéanamh. Sa Ghearmáin, mar shampla, ní mór measúnú a dhéanamh ar na tionchair rialála uile a bhíonn ag na dréachtaí reachtacha a ullmhaíonn an rialtas cónaidhme, lena n‑áirítear an tionchar a bhíonn acu ar an spás sibhialta. Sa Laitvia, déantar tionchair tograí maidir le cearta an duine, luachanna daonlathacha agus forbairt na sochaí sibhialta a mheasúnú mar thionchair chothrománacha.
Tá struchtúir bhuana idirphlé fíor‑riachtanach chun tacú le forbairt na sochaí sibhialta. Tugann roinnt Ballstát rannpháirt do ESSanna agus cosantóirí ceart trí ardáin agus líonraí tiomnaithe, rud lena dtugtar sásra oifigiúil dóibh chun cuidiú le reachtaíocht agus beartais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Déanann an Chomhairle le haghaidh ENRanna plé mar shampla sa tSeicia ar shaincheisteanna tábhachtacha faoi obair ESS agus ghlac sí páirt i gcruthú na straitéise le haghaidh comhar idir lucht an riaracháin phoiblí agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá modheolaíocht á forbairt chun go n‑éascófar a rannpháirtíocht tuilleadh. SanFhionlainn, cruthaíodh an Bord Comhairleach le haghaidh Beartas don tSochaí Shibhialta chun idirghníomhaíocht a chur chun cinn idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta. In Éirinn, is féidir le húdaráis áitiúla nasc a dhéanamh le grúpaí pobail, lena n‑áirítear ESSanna, trí líonra rannpháirtíochta poiblí. Tá sé d’aidhm ag an líonra sin go príomha ligean do na comhaltaí a gcuid tuairimí a chur in iúl laistigh de na struchtúir oifigiúla um chinnteoireacht ar an leibhéal áitiúil.
Tugann roinnt Ballstát rannpháirt do ESSanna agus cosantóirí ceart trí ardáin agus líonraí atá tiomanta do chearta bunúsacha grúpaí sonracha a chosaint. Sa Ghréig mar shampla, bíonn ESSanna rannpháirteach sa Chomhairle Náisiúnta in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe agus téann siad i gcomhar le hOifig an Rapóirtéara Náisiúnta maidir le saincheisteanna gáinneála ar dhaoine. Sa Spáinn, bíonn ESSanna rannpháirteach i gComhairle Rannpháirtíochta na mBan, a dhéanann obair chun comhionannas agus neamh‑idirdhealú a chaomhnú. Bíonn ESSanna rannpháirteach sa Chomhairle Náisiúnta maidir le Míchumas freisin agus glacann siad páirt sa Chomhairle um Chóir Chomhionann le haghaidh Daoine agus Neamh‑idirdhealú ar bhonn a mBunaidh Chiníoch nó Eitnigh a chur chun cinn. Sa Phortaingéil, soláthraíonn an Chomhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta fóram le haghaidh idirphlé a dhéanamh ar shaincheisteanna socheacnamaíocha idir na comhpháirtithe sóisialta agus na ESSanna.
Bíonn Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRInna) agus comhlachtaí um chomhionannas i dteagmháil le ESSanna go tráthrialta agus ar bhonn leantach agus gníomhaíonn siad mar nasc idir iad siúd agus leibhéil éagsúla rialtais. Tugann siad rannpháirt do ESSanna i gcomhairliúcháin, coistí comhairleacha, comhthionscnaimh agus imeachtaí idirphlé. Tá ESSanna ionchorpraithe ina gcuid comhlachtaí rialaithe ag formhór na gcomhlachtaí comhionannais. Cé go labhraíonn roinnt NHRInna agus comhlachtaí comhionannais faoin dea‑chomhar leis na húdaráis, tá dúshláin ann i gcónaí maidir le comhairliúcháin thráthúla agus thrédhearcacha, maidir le faisnéis a sholáthar agus maidir le bheith rannpháirteach go córasach neamhspleách ar a dtionscnamh féin. Maidir le NHRI creidiúnaithe, níl aon cheann curtha ar bun i gcomhréir le Prionsabail Pháras de chuid na Náisiún Aontaithe ag ceithre Bhallstát go fóill.
5.2.Gníomhaíocht an Aontais chun an tsochaí shibhialta a chumhachtú
I gConarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh aithnítear a thábhachtaí atá rannpháirtíocht agus idirphlé ag an tsochaí sibhialta. In Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ceanglaítear ar institiúidí an Aontais deis a thabhairt do shaoránaigh agus comhlachais ionadaíochta barúlacha a chur in iúl i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais agus na barúlacha sin a mhalartú go poiblí. Leis an Airteagal sin cuirtear leis an oibleagáid atá ar na hinstitiúidí idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta a choinneáil ar bun le comhlachais ionadaíochta agus leis an tsochaí shibhialta agus comhairliúcháin leathana a dhéanamh maidir le tionscnaimh nua. Le hAirteagal 15(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tá sé d’oibleagáid ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach atá chomh hoscailte agus is féidir chun dea‑rialachas a chur chun cinn agus chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú.
Aithnítear sa Chairt na cearta um an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 11) agus an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais (Airteagal 12). I gcomhréir le dlí‑eolaíocht na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, tá sé dearbhaithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) gurb ionann an ceart chun saoirse comhlachais agus ceann de bhunúis fíor‑riachtanacha sochaí daonlathaí agus iolraí toisc go gcuireann sí ar a gcumas do shaoránaigh gníomhú i gcomhpháirt i réimsí leasa choitinn agus, trí sin a dhéanamh, go rannchuidíonn sí le feidhmiú ceart an tsaoil phoiblí
.
Léirítear i bhfeidhmiú an Aontais agus ina bheartais an t‑aitheantas a thugtar do phríomhról an spáis shibhialta.
Rannpháirtíocht i gceapadh beartas
Ó bhí 2015 ann, éilítear leis an gclár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr go ndéanfar machnamh, tráth a ullmhaítear tionscnaimh reachtacha, ar na tionchair a bhíonn ar chearta bunúsacha, mar aon le tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil freisin, ar bhonn níos ginearálta. Leis an gclár oibre sin éilítear ar institiúidí an Aontais measúnú a dhéanamh sna comhaid choincréiteacha ar an mbealach is fearr chun cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, agus tugtar deis do ESSanna agus cosantóirí ceart freisin chun an bealach a chuirtear an tionchar a imrítear ar chearta bunúsacha féideartha san áireamh i reachtóireacht an Aontais a fheiceáil. Trí chomhairliúchán agus sásraí idirphlé cuirtear ar a gcumas freisin do ESSanna agus do chosantóirí ceart a gcuid barúlacha a chur i láthair maidir le reachtaíocht agus beartas an Aontais ar feadh an timthrialla beartais ó chéad ullmhúchán an tionscnaimh go dtí an chaibidlíocht idir na comhreachtóirí, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
|
Sásraí foirmiúla comhairliúcháin agus gearáin
Leis an mbosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr deimhnítear a thábhachtaí atá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta, i gceapadh beartas ag an Aontas. Trí dhul i gcomhairle le páirtithe leasmhara léirítear leis sin cuid shuntasach den cheapadh beartais ar bhonn fianaise agus cuirtear le dlisteanacht an phróisis ceaptha beartas ar bhonn rí‑luachmhar mar gheall air.
Is é tairseach ‘Cloisimis Uait’ an pointe iontrála le haghaidh an ionchuir uile a ghabhann le tograí reachtacha, le meastóireacht, le seiceálacha oiriúnachta agus le cumarsáid. Cuirtear ar chumas na bpáirtithe leasmhara uile, mar gheall uirthi, rannchuidiú le tionscnaimh sula nglactar iad agus tar éis a nglactha. Is féidir sin a dhéanamh trí aiseolas ginearálta a sholáthar nó barúlacha agus eolas a roinnt i gcomhairliúchán poiblí oscailte. Le bailiú aiseolais tugtar an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a roinnt maidir le doiciméad sonrach (‘glao ar fhianaise’ de ghnáth).
Mar chuid den chomhairliúchán poiblí cuirtear ceisteanna ar an bpobal, chomh maith le ceisteanna speisialaithe, i gcás inarb ábhartha, do shaineolaithe ESS, gnólachtaí, údaráis phoiblí, an lucht acadúil etc. Féadfaidh freagróirí a n‑ionchur a fhorlíonadh le hionchur scríofa, amhail páipéir sheasaimh. Is féidir freagraí a thabhairt in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Féadfaidh ionadaithe ESSanna agus chosantóirí na gceart gearáin fhoirmiúla a thaisceadh leis an gCoimisiún freisin nuair a bhíonn amhras orthu faoi dhlí an Aontais a bheith briste ag údaráis Bhallstáit. I ndiaidh dó measúnú a dhéanamh ar an ngearán, cinneann an Coimisiún cé acu a thionscnóidh nó nach dtionscnóidh sé imeachtaí um shárú.
Ina theannta sin, tá sainordú ag an Ombudsman Eorpach gearáin ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí a imscrúdú i gcás drochriarachán institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n‑áirítear i gcás ina sáraítear cearta bunúsacha.
|
Is comhpháirtithe an‑tábhachtach in ullmhúchán thionscnaimh an Aontaisiad gníomhaithe na sochaí sibhialta. Sampla de sin is ea an ról a bhí ag ESSanna le déanaí i gcur chuige an Aontais i leith intleacht shaorga (AI) duine‑lárnach agus iontaofa a chruthú. Rannchuidigh breis agus 160 ESS leis an gcomhairliúchán poiblí faoin bPáipéar bán maidir le AI. Sholáthair siad ionchur luachmhar don togra le haghaidh rialachán maidir le AI
, lena ndírítear ar mhargadh aonair a chruthú le haghaidh AI iontaofa atá sábháilte agus ina n‑urramófar cearta bunúsacha.
Áirítear ar shamplaí eile a bhí ann le déanaí an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí in inbhuanaitheacht chorparáideach, an pacáiste frith-SLAPPanna (cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail), an togra le haghaidh bhunú an spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte, an moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus oibreoirí eile sna meáin
agus an tionscnamh reachtach chun neart a chur le ról agus cumhachtaí comhlachtaí comhionannais. Tá comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta ina gcuid lárnach d’ullmhúchán agus cur chun feidhme comhaontuithe trádála de chuid an Aontais freisin. Chruthaigh an Coimisiún an Grúpa Saineolaithe ar bhonn barúlacha imirceach i réimse na himirce, an tearmainn agus an imeasctha, de chomhdhéanamh ionadaithe ar an tsochaí shibhialta a bhfuil an saineolas ábhartha acu, chun comhairle a sholáthar maidir le beartais imirce.
Leis an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ Comhionannas de chuid an Aontais Eorpaigh bunaítear comhairliúchán leanúnach le ESSanna maidir lena cur chun feidhme. Tugtar rannpháirt do ESSanna i gcuid mhaith gníomhaíochtaí den Straitéis sin, lena n‑áirítear rannpháirt san idirphlé leis na Ballstáit. Leagtar béim mhór ar rannpháirtíocht ag gach céim den phróiseas ceaptha beartas i gcreat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, go háirithe rannpháirtíocht shochaí sibhialta na Romach.
Cistí an Aontais a chur chun feidhme
Faoi Rialachán na bhForálacha Coitianta (CPR) is féidir cúraimí a leagan, le hiontaoibh, ar ESSanna agus cosantóirí ceart. Faoin reachtaíocht sin, ní mór do na Ballstáit sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur i gcomhréir le forálacha ábhartha na Cairte a cheapfar agus a chuirfear chun feidhme cláir atá á gcistiú ag an Aontas. Is cuid den choinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte é sin (an ‘coinníoll cumasúcháin cothrománach’). Foráiltear ann freisin do ‘chomhpháirtíocht’ le roinnt comhlachtaí réigiúnacha, áitiúla agus sochaí sibhialta, amhail comhlachtaí um chearta bunúsacha. Tabharfaidh na Ballstáit rannpháirt do na comhlachtaí sin i rith ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na gclár, lena n‑áirítear rannpháirtíocht ar choiste a bheidh i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme clár cistiúcháin, coiste a mbeidh ionadaíocht chothrom na gcomhpháirtithe lena mbaineann á háirithiú ann.
Tá socruithe á ndéanamh i gcónaí ag na Ballstáit chun go mbeidh ESSanna rannpháirteach i gcur chun feidhme an choinníll cumasúcháin chothrománaigh. Ní mór dóibh, i gcás inarb ábhartha, acmhainní iomchuí ó na cistí a leithdháileadh d’fhothú acmhainneacht riaracháin na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna).
Sa Danmhairg mar shampla, áiríodh ESSanna agus NHRInna i gcomhairliúcháin dhéthaobhacha agus phoiblí a d’eagraigh údarás bainistíochta na gclár ESS. Bíonn siad rannpháirteach freisin san fhaireachán ar chur chun feidhme na gclár uile. Sa Rómáin, tá coistí faireacháin bunaithe ag údaráis bhainistíochta gach cláir agus áirítear ESSanna iontu le haghaidh na gclár uile. Sa tSeicia, áirítear ESSanna i measc na gcomhlachtaí a dhéanann na cistí CPR a ullmhú agus a chur chun feidhme agus a dhéanann faireachán orthu. Cuirtear ar a gcumas dóibh leis sin tionchar a imirt ar inneachar na gclár agus ar ghlaonna ar chistiú agus chun a bheith rannpháirteach sa mheastóireacht agus san fhaireachán, lena n‑áirítear comhlíontacht na n‑oibríochtaí leis an gCairt.
Idirphlé struchtúrach feabhsaithe
Chomh maith le comhairliúcháin, tá roinnt sásraí idirphlésaincheaptha cruthaithe ag an gCoimisiún chun páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear ESSanna agus cosantóirí ceart a chumasú chun rannchuidiú ar bhonn tráthrialta le ceapadh beartas agus cur chun feidhme i réimsí sonracha. Is trí fhóraim agus ardáin, mar shampla, a bhíonn idirphlé struchtúrach na sochaí sibhialta ar siúl, a gcumhdaítear leo réimsí beartais leathana amhail Fóram Buan na Sochaí Sibhialta um Frithchiníochas, an tArdán um an Míchumas, an Fóram Eorpach um Inimirce, agus Ardán Beartais Sláinte an Aontais. Cuireadh Líonra an Aontais Eorpaigh um Chearta an Linbh ar bun chun tacú le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh uirthi. Seoladh an tArdán le haghaidh Íospartaigh in 2020 chun idirphlé a éascú mar aon le malartú dea‑chleachtais agus faisnéise i measc comhaltaí, a dtagann dhá thrian díobh ón tsochaí shibhialta
.
Tá idirphlé bunaithe ag an Aontas ar ábhair níos sonraí freisin, mar shampla Fóram na Sochaí Sibhialta maidir le Comhionannas LGBTIQ, an tArdán Eorpach um Chuimsiú na Romach agusFaireachán Sibhialta na Romach 2025, Fóram na Sochaí Sibhialta maidir le Drugaíagus Ardán Shochaí Shibhialta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Dhaoine. Le Fóram na Sochaí Sibhialta maidir le frith‑Sheimíteachas a Chomhrac tugtar ionadaithe ón gCoimisiún agus na pobail Ghiúdacha, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile le chéile chun naisc a chruthú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as éifeacht na gníomhaíochta comhpháirtí. Mar shínitheoirí leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus mar chomhaltaí de thascfhórsa buan an Chóid, soláthraíonn ESSanna sainchomhairle maidir le tuiscint níos fearr a fháil ar insintí bréagaisnéise atá ag teacht chun cinn nó ar phríomhnithe insoláthartha a fhorbairt, amhail táscairí i ndáil le héifeacht an Chóid maidir le bréagaisnéis san Aontas a thomhas.
Tá an tsochaí shibhialta ina comhpháirtí tábhachtach ag an Aontas freisin i gcur chun cinn cultúr smacht reachta níos láidre. Le linn do na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta a bheith á n‑ullmhú ag an gCoimisiún, reáchtálann sé cruinnithe le páirtithe leasmhara, amhail líonraí Eorpacha, ESSanna náisiúnta agus Eorpacha, agus eagraíochtaí gairmiúla. Soláthraíonn ESSanna agus cosantóirí ceart ionchur scríofa freisin le haghaidh na dtuarascálacha. Is fíor‑riachtanach sin ionas go ndéanfar measúnú feasach ar na réimsí a chumhdaítear leis na tuarascálacha, eadhon na córais bhreithiúnacha, na córais frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse na meán, agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha eile.
Bíonn idirphlé tráthrialta ar siúl ag an tsochaí shibhialta agus ag grúpaí comhairleacha baile freisin maidir le saincheisteanna um thrádáil AE, agus cuidíonn grúpaí idirphlé shibhialta leis an gCoimisiún chun idirphlé tráthrialta a choinneáil ar bun maidir le saincheisteanna uile an chomhbheartais talmhaíochta . Coinníonn an Coimisiún idirphlé struchtúrach ar bun freisin leis na ESSanna atá gníomhach i réimsí an mhíchumais, an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta agus le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.
Is ionann Fóram bliantúil AE‑Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENR) maidir le Cearta an Duineagus deis shuntasach le haghaidh malartú leis an tsochaí shibhialta agus cosantóirí ceart trí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ar fóram é a eagraíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an Coimisiún agus scáthghrúpa na sochaí sibhialta an ‘Gréasán um Chearta an Duine agus um an Daonlathas (HRDN)’. Bailíonn na céadta ESSanna, cosantóirí chearta an duine agus ionadaithe ó na Náisiúin Aontaithe agus ó institiúidí an Aontais Eorpaigh ag an imeacht sin chun idirphlé a dhéanamh ar na saincheisteanna is práinní maidir le cearta an duine.
Is é an Fóram Beartais um Fhorbairt (FBF)príomhardán an Aontais le haghaidh idirphlé struchtúrach idir an tAontas agus líonraí ESSanna maidir le saincheisteanna forbartha, lena n‑áirítear idirphlé maidir le saincheisteanna i ndáil le timpeallacht chumasaithe le haghaidh na sochaí sibhialta i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais.
Ar leibhéal thíortha comhpháirtíochta an Aontais, is é creat na tacaíochta don tsochaí shibhialta 110 Treochláir Thíortha le haghaidh ESSanna; Straitéisí an Aontais agus Bhallstáit an Aontais le haghaidh rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta, ina léirítear príomhthosaíochtaí an Aontais, lena n‑áirítear díriú níos fearr ar thacaíocht le haghaidh timpeallacht chumasaithe don tsochaí shibhialta. San idirphlé ar bheartas ar leibhéal na dtíortha, dírítear freisin i nglúin nua na dTreochlár ar chuimsiú na sochaí sibhialta, lena n‑áirítear cuimsiú na mban agus na hóige agus eagraíochtaí áitiúla.
6.Conclúid
Tá an tsochaí sibhialta ina cuid fíor‑riachtanach dár ndaonlathais agus tá sí ríthábhachtach ó thaobh na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe a chur i gcleachtas. Tá ESSanna agus cosantóirí ceart ina gcomhpháirtithe rí‑luachmhara maidir le cearta bunúsacha a chruthú i ndáiríre i saol an duine. Tá neart den scoth agus athléimneacht as cuimse léirithe acu go leanúnach i ndálaí a bhíonn thar a bheith dúshlánach, go háirithe le linn na ngéarchéimeanna a tharla le déanaí.
Dá bhrí sin is gá do na Ballstáit agus don Aontas iarracht leantach agus chomhpháirteach a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh ESSanna agus cosantóirí ceart in ann oibriú i dtimpeallacht chumasaithe mar chomhpháirtithe tábhachtacha i ndáil lenár ndaonlathais a chosaint, lena n‑áirítear ar uathlathaithe eachtracha a dhíríonn ar ár dtíortha féin.
Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil bearta á ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an Aontas, ar leibhéil éagsúla, chun na gníomhaithe sa tsochaí shibhialta a chosaint, chun tacú leo agus chun iad a chumhachtú. Léirítear inti freisin an raon deiseanna atá ag ESSanna agus cosantóirí ceart, mar chomhpháirtithe luachmhara na gcinnteoirí, chun a gcuid barúlacha a chur in iúl maidir le reachtaíocht agus ceapadh beartas. An tráth céanna, is ann do roinnt mhaith dúshlán i gcónaí.
Mar a chuir na ESSanna, Parlaimint na hEorpa, agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
i dtábhacht, is gá dlús a chur leis an obair i leith spás sibhialta a chumasú agus a chumhachtú trí bhearta coincréiteacha agus spriocdhírithe a dhéanamh atá saincheaptha le haghaidh shaintréithe sonracha na ESSanna agus na gcosantóirí ceart. D’fhéadfadh sé, ar ndóigh, gurb éagsúil na dúshláin atá os comhair ESSanna agus cosantóirí ceart, agus na freagairtí is gá, de réir na staide náisiúnta agus an ábhair. Ba cheart an cuspóir coiteann céanna a bheith ag an Aontas i gcónaí áfach: ESSanna agus cosantóirí ceart a chosaint, tacú leo agus iad a chumhachtú.
Is mór ag an gCoimisiún an rannpháirtíocht láidir agus an t‑ionchur láidir ó ghníomhaithe na sochaí sibhialta, ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ó na Ballstáit, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha chomh maith, in ullmhú na tuarascála seo. Soláthraítear leis an méid sin bunús maith chun obair bhreise a dhéanamh ar an ábhar.
Spreagann an Coimisiún institiúidí eile de chuid an Aontais, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara chun feidhm a bhaint as an tuarascáil seo ar mhaithe le hidirphlé a dhéanamh ar thorthaí na tuarascála agus idirphlé a fhorbairt maidir le spás sibhialta san Aontas. Go háirithe, spreagann an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun idirphlé tiomnaithe a bheith acu maidir le torthaí na tuarascála. Chun tacú leis an díospóireacht sin, seolfaidh an Coimisiún idirphlé spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara trí shraith seimineár téamach maidir leis an spás sibhialta a chosaint, ag díriú ar an gcaoi inar féidir leis an Aontas a ról a fhorbairt chun go gcosnóidh sé ESSanna agus cosantóirí ceart, go dtacóidh sé leo agus go ndéanfaidh sé iad a chumhachtú ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a shainaithnítear sa tuarascáil seo. D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh sna seimineáir sin ar théamaí amhail an spás sibhialta digiteach a chosaint, conas cistiú ón Aontas agus cistiú náisiúnta a dhíriú níos fearr chun tacú le ESSanna agus cosantóirí ceart, agus na bealaí chun an spás sibhialta a chumhachtú chun dlús a chur faoinár n‑athléimneacht dhaonlathach. Cuirfear toradh na díospóireachta sin i láthair agus déanfar idirphlé air ag cruinniú comhchéime ardleibhéil Eorpach in 2023.