An Bhruiséil,8.12.2022

COM(2022) 673 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

An Tríú hIonchas Aeir Ghlain


An Tríú hIonchas Aeir Ghlain

1.Réamhrá

Tá laghdú tagtha ar an truailliú aeir san Aontas Eorpach le deacáidí beaga anuas, de thoradh reachtaíocht ón Aontas maidir le haer glan agus gníomhaíocht chomhpháirteach a rinne an tAontas agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Ach is ábhar imní do shaoránaigh an Aontais fós í cáilíocht an aeir 1 .

Baineann cur chuige an Aontais i ndáil le cáilíocht an aeir a fheabhsú le gníomhaíocht a dhéanamh i dtrí réimse (nó ‘colúin’). Baineann an chéad cheann le caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar amach sa Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 2 . Baineann an dara ceann le socrú oibleagáidí náisiúnta um laghdú astaíochtaí faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta 3  i gcás na bpríomhthruailleán aeir trasteorann 4 . Baineann an tríú ceann le socrú na gcaighdeán astaíochtaí ar leibhéal an Aontais, agus iad a leagan síos sa reachtaíocht, i gcás príomhfhoinsí truaillithe, ó astaíochtaí feithiclí agus longa go foinsí fuinnimh agus an tionscal, chomh maith le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh coirí agus sorn.

Forbraíonn na trí cholún chun oiriúnú d’fhorbairtí beartas agus eolaíochta nua. Go háirithe, tar éis an tsainordaithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus uaillmhian an Aontais truailliú nialasach a bhaint amach do thimpeallacht saor ó thocsainí, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh le déanaí 5 . Leis an togra sin, cuirtear an tAontas ar chonair chun truailliú nialasach, maidir leis an aer, a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus socraítear leis caighdeáin eatramhacha 2030 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a thagann ar bhonn níos dlúithe leis na treoirlínte nuashonraithe maidir le cáilíocht an aeir arna n‑eisiúint ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le príomhthruailleáin aeir 6 .

A mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, déantar seiceálacha comhlíontachta maidir leis na gealltanais laghdaithe astaíochtaí náisiúnta le haghaidh 2020-2029 i ndáil leis na cúig thruailleán aeir trasteorann is díobhálaí. Rinneadh an chéad seiceáil comhlíontachta in 2022, tar éis do na Ballstáit fardail náisiúnta a chur isteach le sonraí maidir lena gcuid astaíochtaí truailleán ó 2020. Tugadh le fios leis sin go bhfuil i bhfad níos mó gníomhaíochta ag teastáil i 14 Bhallstát, chun astaíochtaí amóinia in earnáil na talmhaíochta a laghdú go háirithe 7 .

A mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ag a bhfoinse, chuir an Coimisiún togra i láthair le déanaí, ceann le haghaidh caighdeán Euro 7 nua, níos déine, maidir le hastaíochtaí i gcás mótarfheithiclí nua. Mhol sé níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha freisin 8 . Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar na pleananna straitéiseacha náisiúnta le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta nua le haghaidh 2023-2027 agus na scéimeanna a mholtar, scéimeanna lena bhféadfaí tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí maidir le laghdú amóinia.

Déanann an tríú heagrán den Ionchas Aeir Ghlain measúnú ar na hionchais maidir le baint amach chuspóirí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí faoi 2030 agus ina dhiaidh sin, i dtéarmaí laghdú astaíochtaí truailleán aeir agus an tionchar a thiocfadh as sin maidir le cáilíocht an aeir, leis an tsláinte, leis na héiceachórais agus leis an ngeilleagar. Maidir leis an anailís sin, cuireann sé leis an obair a rinneadh maidir leis an measúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 9 . Cuirtear san áireamh leis spriocanna an Aontais ó thaobh na haeráide faoin tionscnamh ‘Oiriúnach do 55’, i gcomhréir le tograí 2021 an Choimisiúin chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a bhaint amach faoi 2030 10 . Sa Tríú hIonchas Aeir Ghlain, tugtar suntas freisin d’impleachtaí na géarchéime fuinnimh reatha maidir le cáilíocht an aeir agus an truailliú aeir.

Maidir leis an Tríú hIonchas Aeir Ghlain, cuireann sé leis an tuarascáil Faireacháin agus Ionchais Truaillithe Nialasaigh 11  trí anailís a dhéanamh ar an ionchas a bhaineann leis an dá sprioc maidir le haer glan atá sa phlean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú 12 a bhaint amach. Baineann na spriocanna sin le tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte (léirithe mar bhásanna anabaí) a laghdú faoi bhreis agus 55 % san Aontas faoi 2030, agus na héiceachórais ina mbagraíonn an truailliú aeir ar an mbithéagsúlacht (i gcomparáid le leibhéil 2005) a laghdú faoi 25 %.

Ar deireadh, agus mar ullmhúchán don athbhreithniú ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta faoi 2025 13 , déanann an Tríú hIonchas Aeir Ghlain anailís ar roinnt gnéithe a d’fhéadfaí a chumhdach faoin athbhreithniú sin. Déanann sé iniúchadh, go háirithe, ar an éifeacht ar chomhlíontacht dá gcuirfí réimse astaíochtaí atá níos cuimsithí san áireamh, astaíochtaí nach gcuirtear san áireamh i seiceálacha comhlíontachta na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta faoi láthair cé gur astaíochtaí iad a imríonn tionchar soiléir ar cháilíocht an aeir. Áirítear leis sin ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe agus foinsí astaíochtaí áirithe in earnáil na talmhaíochta. Cuirtear i dtábhacht leis an tuarascáil freisin na comhthairbhí a bhaineann le laghdú astaíochtaí meatáin, ar truailleáin aeir agus gás ceaptha teasa láidir iad.

2.Staid na n‑astaíochtaí truailleán aeir agus cáilíocht an aeir agus dul chun cinn maidir le comhlíontacht

2.1.Staid reatha na n‑astaíochtaí truailleán aeir agus staid reatha cháilíocht an aeir

Le himeacht na mblianta, tá astaíochtaí na bpríomhthruailleán aeir laghdaithe ag an Aontas ach baineann luas na laghduithe éagsúla sin leis an gcineál truailleáin. Tá leibhéal na n‑astaíochtaí amóinia (NH3), a ngintear 94 % díobh san earnáil talmhaíochta, comhréidh, rud ar ábhar imní é, agus tá méadú tagtha orthu i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas.

Fíor1: Treocht in astaíochtaí AE‑27, 2000-2020 (% de leibhéil 2005)

Foinse: An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil

D’ainneoin laghdú foriomlán ar an truailliú aeir, tá leibhéil an tionchair ar an tsláinte agus ar éiceachórais de bharr an truaillithe achrannach fós. In 2020, nochtadh formhór na ndaoine a chónaíonn i gceantair uirbeacha san Aontas do thruailliú aeir ar leibhéal a dhéanann díobháil dá sláinte 14 . Measann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) gur é an truailliú aeir an riosca is mó don tsláinte chomhshaoil san Eoraip agus is riosca é a dhéanann difear ar shlí dhíréireach do ghrúpaí sóisialta íogaire leochaileacha 15 . Dá bharr sin, baineann fadhb an truaillithe aeir le cóir agus comhionannas freisin. Is féidir thart ar 238 000 bás anabaí a nascadh le mínábhar cáithníneach san Aontas, 49 000 ceann acu a nascadh le dé‑ocsaíd nítrigine agus 24 000 le géarnochtadh don ózón (tagann na huimhreacha seo, bunaithe ar shonraí a chonacthas, in ionad sonraí samhaltaithe, i ndáil le cáilíocht an aeir, ó mhodheolaíocht nuashonraithe arna forbairt ag EEA) 16 . Mheas EEA freisin go raibh leibhéil truaillithe a sháraigh an t‑ualach criticiúil le haghaidh eotrófaithe i mbreis agus 65 % de limistéar éiceachórais an Aontais in 2018 17 .

2.2.Dul chun cinn i dtreo comhlíontachta

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí 2020 arna gcur isteach ag Ballstáit in 2022 18 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chomhlíon 14 Bhallstát na gealltanais shocraithe laghdaithe i gcás truailleán amháin ar a laghad. In 11 cheann de na Ballstáit sin, is í an amóinia ceann de na truailleáin a astaítear an iomarca di. Ní mór do thíortha cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a fhorbairt agus iad a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad, toisc gurb iad an phríomh‑ionstraim rialachais chun gealltanais laghdaithe na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a bhaint amach. Ní mór do na Ballstáit uile a chuir a chéad chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir isteach faoi sprioc‑am tuairiscithe 2019 plean nuashonraithe a thuairisciú in 2023, ina mbeidh bearta chun a n‑astaíochtaí a laghdú. I gcás na mBallstát, a dtugann a gcéad chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir nó na sonraí is déanaí ina leith le fios nach gcomhlíonfaidh siad na gealltanais shocraithe laghdaithe, ní mór dóibhsean a mbearta chun astaíochtaí a laghdú a thabhairt cothrom le dáta freisin.

Maidir le sonraí astaíochtaí 2020 arna gcur isteach ag Ballstáit in 2022, léirítear leo freisin nach mór do roinnt Ballstát laghdú mór ar astaíochtaí roinnt truailleán a bhaint amach chun na gealltanais laghdaithe astaíochtaí is uaillmhianaí le haghaidh 2030 a chomhlíonadh. Léirítear in anailís EEA 19 go gcaithfidh astaíochtaí PM2.5 agus NOx titim faoi bhreis agus 30 % idir 2020 agus 2030 i seacht agus ocht mBallstát. Maidir le hastaíochtaí NMVOC agus amóinia, caithfidh 10 agus 11 Bhallstát a n‑astaíochtaí a laghdú faoi bhreis agus 10 % faoi 2030. Ciallaíonn sé sin nach mór dóibh beartais agus bearta breis níos déine agus níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm.

A mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, amhail Deireadh Fómhair 2022, osclaíodh 28 gcás sáraithe leanúnach de bharr sáruithe maidir leis na caighdeáin i ndáil le cáilíocht an aeir i 18 mBallstát. Deimhnítear le himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta nach raibh na pleananna maidir le cáilíocht an aeir leordhóthanach agus/nó gur glacadh beartais neamhdhóthanacha chun truailliú aeir a laghdú in go leor cásanna.

2.3.Naisc idir an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus cur chun feidhme leanúnach na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta

Mar bheart leantach i ndáil le gealltanas an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chuir an Coimisiún togra i láthair an 26 Deireadh Fómhair 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Ba é ab aidhm dó ailíniú iomlán a bhaint amach idir caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus moltaí EDS ar bhonn céimneach, chomh maith leis an gcreat rialála a fheabhsú agus na forálacha maidir le faireachán, samhaltú agus pleananna i ndáil le cáilíocht an aeir a neartú. Cuireann an t‑athbhreithniú leis na ceachtanna a foghlaimíodh i meastóireacht 2019 (‘seiceáil oiriúnaitheachta’) ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh.

A mhéid a bhaineann leis an nasc leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, áirítear sa togra faireachán a dhéanamh ar thruailleáin atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear amóinia, ag ‘ollsuíomhanna faireacháin’ i suíomhanna uirbeacha agus tuaithe. Comhlánóidh faireacháin ag suíomhanna uirbeacha faireachán éiceachórais amóinia faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, fad agus a bhainfidh faireachán ag suíomhanna tuaithe leis an bhfaireachán a bhunaítear de réir Airteagal 9 den Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Leis an togra seo, cuíchóirítear agus simplítear na ceanglais faireacháin don ózón freisin. Is é is aidhm don athbhreithniú éifeachtacht na bpleananna maidir le cáilíocht an aeir a mhéadú, lena n‑áirítear éileamh a dhéanamh go dtarraingeofaí pleananna maidir le cáilíocht an aeir suas sula dtiocfaidh na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir i bhfeidhm, i gcásanna ina sáraítear na caighdeáin sin roimh 2030, agus nuashonraithe tráthrialta ar phleananna maidir le cáilíocht an aeir a shainordú mura mbaineann siad comhlíontacht amach. Cothófar leis na hathruithe sin pleanáil réamhbhreathnaitheach maidir le cáilíocht an aeir, rud is féidir a chomhordú ar bhealach níos éifeachtaí le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir. Má dhéantar an tionchar ar éiceachórais agus cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a thuairisciú faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta féadfaidh sé tacaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla chun tionscnamh an truaillithe a shainaithint, ar ceanglas tábhachtach é i gcas pleananna éifeachtacha maidir le cáilíocht an aeir.

Nuair a chuirfear i bhfeidhm é, cuirfidh an togra seo i dtábhacht an gá atá ann go laghdódh Ballstáit a gcuid astaíochtaí i ndáil le truailleáin aeir tuilleadh chun na caighdeáin nua níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé le cur chun feidhme éifeachtach oibleagáidí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Maidir le tionchair caighdeáin níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir ar astaíochtaí truailleán aeir agus ar an tsláinte, rinneadh anailís ar éiceachórais agus a n‑iarmhairtí eacnamaíocha sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Cuireann an Tríú hIonchas Aeir Ghlain leis an anailís seo agus comhlánaíonn sé trí bhíthin roinnt forbairtí maidir le samhaltú agus beartais a chur leis (féach Iarscríbhinn) agus roinnt cásanna féideartha a réamh‑mheas don todhchaí.

3.Cur chun feidhme na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta

3.1.Athruithe ar chomhthéacs ábhartha reachtaíochta agus beartas

In Iúil 2021, ghlaca an Coimisiún pacáiste Oiriúnach do 55 de thograí reachtacha chun uaillmhian an Aontais i ndáil leis an aeráid a mhéadú. Mhéadaigh sé an sprioc chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chuig 55 % ar a laghad, faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Tá sé seo comhsheasmhach i ndáil le príomhsprioc an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Maidir le bearta na dtograí ‘Oiriúnach do 55’, beidh comhthairbhí ag baint leo i ndáil le cáilíocht an aeir trí astaíochtaí príomhthruailleán aeir (PM2.5, NOx agus SO2) a laghdú, i gcomparáid le beartais aeráide agus fuinnimh a aontaíodh roimhe seo (arbh é bonn an Dara Ionchais Aeir Ghlain é) 20 .

A mhéid a bhaineann le cúrsaí iompair, téann an togra le haghaidh caighdeán astaíochtaí Euro 7 i ngleic le hastaíochtaí as sceithphíopaí chomh maith le coscáin agus boinn i gcás feithiclí saothair throm agus feithiclí saothair éadroim. Leis na caighdeáin athbhreithnithe maidir le CO2 le haghaidh gluaisteán, caighdeáin a mholtar, toirmeascfar díol gluaisteán agus veaineanna a bhfuil inneall dócháin ó 2035 21 . Maidir le bearta eile san earnáil iompair, a nasctar le athrú iompraíochta agus gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil, níorbh fhéidir iad a léiriú sa samhaltú.

Ar deireadh, le rialacha nua a mholtar faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha neartófar na naisc le claochlú nuálaíochta agus tionsclaíochta, déanfar na rialacha maidir le coinníollacha ceada agus luachanna teorainneacha astaíochtaí a shocrú níos doichte, agus déanfar feabhas ar fhorfheidhmiú de réir mar a mhéadaítear leibhéal na faisnéise agus na rochtana atá ag an bpobal ar cheartas, chomh maith le rannpháirtíocht an phobail. Leathnaítear leo na suiteálacha a chumhdaítear agus, dá bhrí sin, cuirtear an tionscal eastóscach, gigeamhonarchana ceallraí agus feirmeacha móra eallaí san áireamh, chomh maith le tuilleadh feirmeacha muc agus éanlaithe clóis (lena léirítear 13 % d’fheirmeacha neamhchothaitheacha san Aontas, feirmeacha atá freagrach as 60 % den amóinia agus 43 % de na hastaíochtaí meatáin a thagann as beostoc an Aontais). Dá réir sin, áirítear sa bhunlíne den Tríú hIonchas Aeir Ghlain seo codanna de thogra na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a bhaineann leis an leathnú a mholtar chun tuilleadh feirmeacha beostoic a chumhdach 22 .

3.2.Ionchais maidir le baint amach na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí sa Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh sin

De réir thorthaí an Tríú hIonchais Aeir Ghlain, níl ach cúig Bhallstát 23 ar an mbealach ceart chun a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí uile a bhaint amach in 2030, faoi na bearta náisiúnta reatha agus reachtaíocht an Aontais ar choinníoll go nglactar agus go gcuirtear na tograí reachtacha thuas ón gCoimisiún chun feidhme (is é seo cás an bheartais ‘bunlíne’ 24 ). Ní mór do na Ballstáit eile uile bearta breise a dhéanamh chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh. Tá sé sin fíor i gcás astaíochtaí amóinia, astaíochtaí nach mór do 20 Ballstát a gcuid gníomhaíochta a mhéadú chun iad a laghdú faoi 2030. Léirítear i dTábla 1 na Ballstáit a réamhmheastar nach gcomhlíonfaidh a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí in aghaidh an truailleáin. Deimhnítear leis na torthaí samhaltúcháin réamhbhreathnaitheacha sin an treocht a chonacthas sna sonraí a ndearnadh EEA anailís orthu (féach Roinn 2.2).

Nuair a fhéachtar ar an samhaltú le haghaidh leibhéal astaíochtaí in 2025 agus ar cé acu atá nó nach bhfuil Ballstáit ar chonair líneach 25 chun na gealltanais laghdaithe níos uaillmhianaí a bhaint amach le haghaidh 2030, réamh‑mheastar nach bhfuil ach seacht mBallstát 26 ar an mbealach ceart chun na cúig thruailleán uile a laghdú go leordhóthanach. Ní mór do na Ballstáit eile beart a dhéanamh go tapa, go háirithe chun astaíochtaí amóinia a laghdú toisc go réamh‑mheastar nach mbeidh 19 mBallstát ar chonair líneach in 2025.

Feabhsaíonn na hionchais chomhlíontachta sa chás ina n‑aistríonn daonra an Aontais go réim bia leathveigeatóra 27 ar bhonn céimneach. Tá sé go maith ó thaobh astaíochtaí amóinia de go háirithe, agus naoi mBallstát eile ar an mbealach ceart chun na gealltanais laghdaithe a chomhlíonadh in 2030 i gcomparáid leis an mbunlíne, rud a fhágfaidh go mbainfidh 16 Bhallstát comhlíontacht amach 28 . Sa chás maidir le caighdeáin níos doichte ar fud an Aontais maidir le cáilíocht an aeir i gcás PM2.5 ar 10 µg/m3 i gcomhréir le togra an Choimisiúin (cás ‘caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir’), chomhlíonfadh dhá Bhallstát eile an gealltanas chun astaíochtaí amóinia a laghdú (rud lena mbainfí 18 mBallstát amach), agus chuirfeadh sé sin feabhas ar ionchais chomhlíontachta maidir le NMVOC agus PM2.5. Dá n‑úsáidfí na bearta teicniúla uile atá ar fáil 29 chuirfí ar chumas na mBallstát uile a ngealltanais i ndáil le 2030 a bhaint amach, seachas gealltanas amháin maidir le NOx.



Tábla 1: Na Ballstáit nach mbainfidh a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí amach, de réir réamh‑mheastacháin

Cás

Bliain

NH3

NMVOC

NOx

PM2.5

SO2

Bunlíne

2025

BG, CZ, DK, DE, EE, IE, ES, FR, CY, LV, LT, LU, HU, AT, PL, PT, RO, SK, SE

LT

LV, LT

HU, RO, SI

-

Bunlíne

2030

BE, BG, CZ, DK, DE, IE, ES, FR, HR, CY, LV, LT, LU, HU, NL, AT, PL, PT, RO, SK

ES, LT, HU, SI

MT

DK, ES, HU, SI

-

Caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir

2030

CZ, DK, DE, IE, CY, LV, LT, LU, AT

-

MT

-

-

Bearta teicniúla uile

2030

-

-

MT

-

-

Foinse: Féintiomsú bunaithe ar thorthaí samhaltúcháin IIASA (2022).

Nóta: I gcás 2025, déantar an measúnú in aghaidh na conaire laghdaithe líne, mar a mhínítear i bhFonóta 25. Is éard atá i gceist le ‘-’ ná go réamh‑mheastar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit uile na spriocanna.

3.3.An tionchar a bhaineann le feabhas a chur ar an réimse astaíochtaí a chumhdaítear maidir le baint amach na ngealltanas faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí

Cuirtear san áireamh leis an samhaltú atá mar bhonn taca faoin leagan seo den Ionchas Aeir Ghlain gnéithe nua arb é is aidhm dóibh na torthaí a thabhairt níos giorra do dhálaí fíorshaoil 30 .

Go háirithe, is féidir leis an samhaltú astaíochtaí ó ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe a chur san áireamh ar bhealach córasach do na príomh‑earnálacha ar fad. Is astaíochtaí iad seo a thosaíonn i bhfoirm gaile (laistigh den stoc simléir nó gar dó) a iompaíonn ina n‑ábhar cáithníneach nuair a scaoiltear iad isteach san aer comhthimpeallach. Tá sé tábhachtach na hastaíochtaí seo a chur san áireamh toisc go gcuireann siad le cáilíocht íseal an aeir a análaímid 31 . Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh ar bhealach córasach ná é sin a dhéanamh do na hearnálacha uile astaithe san am atá caite 32 , ach chuir torthaí nua 33 feabhas ar infhaighteacht sonraí. Tá sé seo tábhachtach don earnáil téite tís go háirithe, earnáil ina bhféadfadh leithead na gníomhaíochta a theastaítear chun fíorastaíochtaí a laghdú i roinnt Ballstát a athrú dá gcuirfí ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe san áireamh. D’fhéadfadh sé a athrú, dá bhrí sin, an scoilt i ndáil le laghduithe astaíochtaí idir earnálacha eacnamaíocha, rud a mhéadódh an sciar coibhneasta den téamh tís mar astaíochtaí.

Nuair a chuirtear astaíochtaí bunlíne lena chéile, i gcás ina gcuirtear agus nach gcuirtear ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe san áireamh sa tsamhail 34 , feictear athruithe suntasacha i roinnt Ballstát (an Ostair agus an Ghearmáin go háirithe). Nuair a chuirtear na tionchair ar leibhéal imdhealaithe go geografach feictear nach n‑athraíonn tiúchain PM2.5 mórán i bhformhór na hEorpa. Bíonn tionchar suntasach aige i roinnt limistéar, áfach, lena n‑áirítear roinnt ceantar ina bhfuil ról mór ag an téamh cónaitheach (e.g. an Fhionlainn agus an Eastóin, áiteanna a mbíonn na tiúchain íseal ar an iomlán), agus cuid den Eoraip Láir, e.g. an Ostair agus an Ghearmáin, áiteanna nach gcuireann ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe san áireamh ina gcuid sonraí náisiúnta maidir le hastaíochtaí PM2.5 de ghnáth 35 . Ní dhéanann na hathruithe seo difear d’ionchais aon cheann de na Ballstáit maidir lena ngealltanais laghdaithe astaíochtaí PM2.5 a chomhlíonadh, áfach.

Feabhas eile ar shamhaltú fíorastaíochtaí is ea astaíochtaí NOX agus NMVOC ón earnáil talmhaíochta a chur san áireamh. Níl na hastaíochtaí seo san áireamh sna seiceálacha comhlíontachta faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta 36 faoi láthair de bharr easpa sonraí leor‑iontaofa nuair a socraíodh na gealltanais. Mar gheall ar shonraí níos déanaí, ceadaítear úsáid na faisnéise sin sna samhlacha 37 . Athraítear leis seo an stádas comhlíontachta réamh‑mheasta i roinnt Ballstát. Nuair a áirítear astaíochtaí NOX ón earnáil talmhaíochta, téann na hionchais maidir le comhlíonadh ghealltanais laghdaithe 2030 in olcas, ó Bhallstát amháin (MT) nach mbeadh ar an mbealach ceart go seacht mBallstát (CZ, DK, HU, IE, LT, MT, RO). Nuair a áirítear astaíochtaí NMVOC ón earnáil talmhaíochta, téann na hionchais maidir leis an mbunlíne le haghaidh 2030 in olcais ó 4 Bhallstát (HU, LT, SI, ES) go 8 mBallstát (CZ, FR, HU, IE, LT, LU, SI, ES). Léirítear leis seo go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta i roinnt Ballstát chun leas iomlán a bhaint as maolú. Sa chás lena dtoimhdítear na caighdeáin níos doichte maidir le caighdeáin an aeir a moladh le déanaí, ní dhéantar an oiread difir do na hionchais maidir le comhlíonadh na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta nuair a áirítear na hastaíochtaí seo ón earnáil talmhaíochta.

Maidir leis na torthaí sin a bhaineann le hionadaíocht níos fearr ar ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe agus astaíochtaí talmhaíochta, d’fhéadfaidís cur leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta atá le déanamh faoi 2025.

4.Ionchais maidir leis na cuspóirí a bhaineann le haer saor ó thruailliú a bhaint amach

4.1.Spriocanna 2030 an Aontais i ndáil le haer glan sa phlean gníomhaíochta um thruailliú nialasach

Áirítear sa phlean um thruailliú nialasach dhá sprioc ar leibhéal an Aontais do 2030 maidir le haer glan:

1)tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte (léirithe mar bhásanna anabaí) a laghdú faoi bhreis agus 55 % i gcomparáid le figiúirí 2005;

2)limistéar éiceachórais an Aontais ina mbagraíonn an truailliú aeir ar an mbithéagsúlacht, léirithe mar limistéir éiceachórais atá os cionn ‘ualaigh chriticiúla’ de dheascadh nítrigine, a laghdú faoi 25 % (i gcomparáid le figiúirí 2005).

Sa chás maidir leis an mbunlíne, chomhlíonfadh an tAontas an an sprioc um thruailliú nialasach chun tionchair ar an tsláinte a laghdú den chuid is mó, le laghdú measta de 66 % ar líon na mbásanna anabaí idir 2005 agus 2030. Maidir le sprioc na n‑éiceachóras, áfach, ní chomhlíonfadh sé é sin go dtí 2040 38 , agus ní bhainfeadh sé ach laghdú 20 % amach i limistéir atá i mbaol idir 2005 agus 2030. Dá gcomhlíonfaí na caighdeáin nua maidir le cáilíocht an aeir, chuirfeadh sé chumas an Aontais an sprioc sin a bhaint amach in 2030 agus sholáthrófaí leis tairbhí sláinte agus bithéagsúlachta.

4.1.1.Sprioc maidir leis an tsláinte agus tionchair fhoriomlána ar an tsláinte ar fud na gcásanna

Tiúchan cúlra truailleán aeir agus neamhchosaint an daonra

Sa chás maidir leis an mbunlíne, titeann tiúchan le himeacht ama agus, faoi 2030, tá réamh‑mheasta nach sáróidh aon limistéar san Aontas 20 µg/m3 i gcás PM2.5. I limistéir mhóra, áfach, tá réamh‑mheasta go mbeidh leibhéil tiúchana truaillithe os cionn na leibhéal a mholtar faoi láthair i dtreoirlíne EDS maidir le cáilíocht an aeir, leibhéil de 5 µg/m3 in 2030 agus in 2050 fiú.

Nuair a aistrítear leibhéil tiúchana cúlra go tionchair ar shláinte dhaonra an Aontais, léirítear go dtiocfaidh ardú mór ar líon na ndaoine a bhainfidh leas as aer glan (Fíor 2) 39 . Cé gur feabhas suntasach a bheadh ann sin, tá gá le tuilleadh gealltanas beartas chun teorainn a chur leis na tionchair dhiúltacha ar an tsláinte de bharr nochtadh atá os cionn threoirlínte 2021 EDS don leath eile (nó thart air) de dhaonra an Aontais.

Maidir le haistriú go réim bia leathveigeatóra ar fud an Aontais, tá coinne le roinnt tairbhí maidir le nochtadh laghdaithe ar PM2.5 de bharr an laghdú ar na hastaíochtaí amóinia, a chuireann le cruthú ábhair cháithnínigh thánaistigh. I gcomparáid leis an mbunlíne, mhéadódh líon na ndaoine a bhfuil coinne leis go dtairbheoidh siad d’aer glan i gcomhréir le treoirlínte EDS faoi thart ar 5-7 milliún in 2030 agus faoi thart ar 10 milliún in 2050.

Tá torthaí na dtíortha aonair éagsúil, ach tá réamh‑mheasta go bhfeicfear i gcás gach ceann acu feabhas seasta i ndáil le tiúchain chúlra agus nochtadh an daonra a mbaineann leis (mar a phléitear tuilleadh in IIASA, 2022).

Fíor 2: Daonra AE‑27 nochtaithe do thiúchain éagsúla de PM2.5

Foinse: IIASA (2022)

Nóta: Léirítear le OPT10 an cás lena mbaineann ‘caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir’ (mar atá sa togra ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh), léirítear le MTFR an cás lena mbaineann ‘bearta teicniúla eile’, is é ZPAP an cás ina mbarrfheabhsaítear cúrsaí chun an sprioc um thruailliú nialasach maidir leis an éiceachóras a bhaint amach, agus léirítear le FlexDiet an cás maidir le réim bia leathveigeatóra.

I láthair na huaire, tá cónaí ar bheagán níos mó ná 50 % de dhaonra an Aontais i limistéir ina bhfuil leibhéil truaillithe NO2 faoi bhun threoirlínte EDS de 10 µg/m3. Réamh‑mheastar go mbeidh sé sin os cionn 75 % sna cásanna uile faoi 2030, agus go mbainfidh sé beagán os cionn 80 % amach má chuirtear na bearta teicniúla uile chun feidhme. Sna cásanna uile, réamh‑mheastar go mbeidh breis agus 95 % de dhaonra an Aontais ina chónaí i limistéir a bhfuil an truailliú faoi bhun an leibhéil NO2 a mholann EDS faoi 2050.

Básanna anabaí agus an sprioc um thruailliú nialasach a bhaint amach

Tá réamh‑mheasta go dtitfidh básanna anabaí 40 de bharr nochtadhPM2.5 faoi thart ar 60-75 %, i gcomparáid le figiúirí 2005, ar fud na gcásanna uile (lena n‑áirítear an bhunlíne) in 2030 agus 2050. Titfidh líon na mbásanna anabaí ar bhonn níos tapa má chomhlíontar caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir agus má dhéantar na bearta teicniúla uile 41 . Ar choinníoll go mbíonn na torthaí beartaithe ar na beartais uile a áirítear sa bhunlíne, tá an tAontas ar an mbealach ceart leis an sprioc um thruailliú nialasach maidir le sláinte a bhaint amach in 2030. Sa chás ina n‑aistreodh daonra an Aontais go réim bia leathveigeatóra, bheadh laghdú measta eile de 2 000 bás anabaí in aghaidh na bliana in 2030 mar thoradh air sin.

Fíor 3: Cásanna de bhásanna anabaí is féidir a nascadh leis an nochtadh do thiúchain iomlána PM2.5  in AE‑27, i míle cás in aghaidh na bliana

Foinse: IIASA (2022)

Nóta: Baineann an 55 % marcáilte leis an sprioc um thruailliú nialasach.

I ndearbh‑uimhreacha 42 , cé go léirítear leis an réamh‑mheastachán seo gur cheart feabhsuithe suntasacha a bhaint amach os cionn an cháis maidir leis an mbonnlíne, ciallaíonn sé go mbeidh thart ar 200 000 bás anabaí de bharr nochtadh do PM2.5 in 2030. Laghdófaí an figiúir seo go 177 000 in 2030 le caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir, agus bhainfí tuilleadh laghduithe amach dá ndéanfaí na bearta teicniúla uile 43 .

Ina dteannta siúd, tá réamh‑mheasta go mbeidh nochtadh do NO2 ina chúis le thart ar 60 000 bás anabaí sa bhunlíne in 2030, agus ní bheidh mórán éagsúlacht ann i measc na gcásanna, ach laghdófaí é sin faoina leatha faoi 2050. Tá réamh‑mheasta go mbeidh nochtadh d’ózón trópaisféarach ina chúis le thart ar 50 000 bás anabaí sa bhunlíne in 2030.

4.1.2.An sprioc maidir leis an éiceachóras agus tionchar foriomlán ar an éiceachóras

Déanann an truailliú aeir difear don tsláinte éiceachórais de bharr aigéadú, eotrófú agus tionchar ar an ózón. Léirítear sna torthaí samhaltúcháin 44 feabhas suntasach a mhéid a bhaineann le haigéadú le himeacht ama: faoin gcás maidir leis an mbunlíne, bheadh níos lú ná 3 % de limistéar éiceachórais an Aontais faoi thionchar deasctha aigéid os cionn ualaigh chriticiúla faoi 2030, i gcomparáid le 15 % in 2005. Léirítear leis seo na tairbhí a bhaineann leis an laghdú suntasach ar astaíochtaí SO2, rud a baineadh amach le 10 nó 20 bliain anuas. Bheadh na tairbhí sin níos mó dá socrófaí caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir, dá ndéanfaí na bearta teicniúla uile, nó dá n‑aistreodh daonra an Aontais go réim bia leathveigeatóra.

Nuair a fhéachtar ar thionchar eotrófúcháin an truaillithe aeir 45 , tá an cás níos diúltaí. Tá sé sin nasctha leis an réamh‑mheas reatha nach mbainfidh an tAontas a sprioc maidir le héiceachóras saor ó thruailliú amach faoi na beartais bhunlíne amháin. Sa chás in, bheadh tionchar an eotrófúcháin fós le brath ag 68 % de limistéar éiceachórais an Aontais in 2030 (i gcomparáid le 86 % in 2005). Faoi na dálaí bunlíne céanna, dhéanfaí an‑difear do limistéir faoi chosaint in 2030 fós, agus bheadh 59 % de limistéir Natura 2000 faoi thionchar an eotrófúcháin. Dá socrófaí caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir nó dá ndéanfaí na bearta teicniúla uile, thitfeadh an sciar d’éiceachóras an Aontais a bheadh faoi thionchar eotrófúcháin go 61 % agus 56 % faoi seach, agus go 51 % agus 46 % i limistéir Natura 2000 faoi 2030.

Fíor 4: Limistéar éiceachórais in AE‑27 a sáraítear na hualaigh chriticiúla i gcás eotrófúcháin

Foinse: IIASA (2022)

Nóta: Léirítear leis an 25 % marcáilte an sprioc um thruailliú nialasach.

Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo maidir le heotrófú, an sprioc maidir le héiceachóras saor ó thruailliú a bhaint amach agus gealltanais laghdaithe astaíochtaí amóinia na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, beidh ar Bhallstáit bearta breis a chur i bhfeidhm chun srian a chur le hastaíochtaí amóinia ón earnáil talmhaíochta, toisc gurb é amóinia an truailleán aeir ag a bhfuil an tionchar is mó ar éiceachórais. Baineann an tacar is fearr beart chun an sprioc um thruailliú nialasach le bainistíocht agus cur i bhfeidhm níos éifeachtúla an aoiligh ó eallaigh, muca agus éanlaithe clóis agus leasacháin mhianracha chun astaíochtaí amóinia a laghdú.

Maidir leis na bearta seanbhunaithe seo (a léirítear as Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta mar bhearta éigeantacha nó deonacha) 46 , mhéadófaí leo go suntasach na hionchais a bhainfeadh le comhlíonadh ghealltanais laghdaithe astaíochtaí amóinia na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, agus réamh‑mheasfaí go gcaillfeadh líon níos lú Ballstát na gealltanais laghdaithe in 2030 (ó 20 go 7). Moltar go láidir do Bhallstáit cuir chun feidhme na mbeart seo a mhéadú trí bhíthin:

reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh ionas go mbeadh cleachtais talmhaíochta áirithe ceangailteach;

na cleachtais sin a chur chun cinn le feachtais chumarsáide agus ardaithe feasachta, lena n‑áirítear le comhairle feirme faoin gcomhbheartas talmhaíochta nua.

Anuas air sin, ba cheart do Bhallstáit cuimhneamh ar bhearta eile a ghlacadh chun bainistíocht cothaitheach a fheabhsú agus cailleadh cothaitheach as a n‑eascródh truailliú aeir, uisce agus ithreach a sheachaint agus cur chuige comhtháite i ndáil le nítrigine, ón earnáil talmhaíochta go háirithe, a ghlacadh. Tá sé seo i gcomhréir le is an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, an Treoir maidir le níotráití agus an plean gníomhaíochta bainistíochta comhtháite maidir le cothaithigh atá le teacht.

4.2.Tionchair eacnamaíocha

Is iomaí tionchar eacnamaíoch atá ag an truailliú aeir. Ní léirítear formhór mór na dtionchar sna margadhphraghsanna, go háirithe na héifeachtaí díreacha ar an tsláinte 47  atá ag an truailliú ach leis an damáiste d’éiceachórais (lena n‑áirítear limistéir thalmhaíochta agus foraoisí) agus le hábhair ón truailliú aeir, gintear costais freisin. Tá tionchar indíreach ag baint leis an truailliú aeir freisin, lena n‑áirítear roinnt iarmhairtí maicreacnamaíocha a léirítear i margadhphraghsanna. Ba cheart, dá bhrí sin, na costais a bhaineann le beartas maolaithe aeir a mheá i bhfianaise na dtairbhí a mbaineann leis na bearta sin don tsochaí, trí luach airgeadaíochta a cheangal leis na tairbhí sin 48 .

Sa chás maidir leis an mbunlíne, meastar go mbeidh na damáistí don tsláinte atá ann mar gheall ar leibhéal an truaillithe aeir os cionn threoirlínte EDS 49 idir EUR 114 bhilliún agus EUR 384 bhilliún in aghaidh na bliana in 2030. Meastar go dtitfidh siad go idir EUR 44 bhilliún agus EUR 169 mbilliún faoi 2050 50 , de réir mar a thagann laghdú ar nochtadh an daonra don truailliú aeir. Sna cásanna ina bhfuil caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir nó ina ndéantar na bearta teicniúla uile, réamh‑mheastar go dtitfidh na damáistí don tsláinte faoi 30 % ar a laghad i gcomparáid leis an mbunlíne, i gcás chreataí ama 2030 agus 2050 araon. Dá gcuirfí na bearta teicniúla uile atá ar fáil leis an athrú ar an réim bia, laghdófaí na damáistí don tsláinte chuig an luach is ísle.

Beidh costas eacnamaíoch damáistí don éiceachóras de bharr an truaillithe aeir 51 idir EUR 3.6 billiún agus EUR 10.8 billiún in 2030. Réamh‑mheastar go dtitfidh sé seo go beag go raon idir EUR 3.1 billiún agus EUR 9.2 billiún faoi 2050, gan ach laghdú beag a léiriú i limistéir Natura 2000 faoi réir eotrófú faoin mbunlíne. Thiocfadh feabhas suntasach ar an gcás, áfach, dá mbainfí triail as beartais níos uaillmhianaí maidir le haer glan. Meastar go mbeidh costas an damáiste do bharra agus d’fhoraoisí idir EUR 8.9 billiún agus EUR 8.7 billiún in 2030 faoi seach faoin mbunlíne, ag laghdú go fíorbheag sna cásanna níos uaillmhianaí maidir le haer glan. Go deimhin, déanann an t‑ózón an difear is mó do na héiceachórais sin, rud nach laghdaítear ach go hindíreach sna cásanna a thuartar.

Meastar go mbainfidh costas eacnamaíoch damáistí d’ábhair de bharr an truaillithe aeir idir EUR 676 mhilliún agus EUR 444 mhilliún amach in 2030 agus 2050, faoi seach, faoin gcás maidir leis an mbunlíne.

I gcomparáid le beartais reatha, réamh‑mheastar go ngineann na cásanna éagsúla leibhéil éagsúla tairbhí neamh‑mhargaidh agus leibhéil éagsúla costas breise do na bearta maolaithe truaillithe a bhfuil gá leo. Nuair a roghnaítear na cásanna níos uaillmhianaí maidir le haer glan (caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir a shocrú, na bearta teicniúla uile a dhéanamh nó na bearta is fearr chun spriocanna um thruailliú nialasach a bhaint amach bíonn glantairbhí díreacha ag gabháil leis sin tairbhí lúide na costais) i gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne 52 .

Chomh maith leis sin, bíonn éifeachtaí maicreacnamaíocha 53 a léirítear sa mhargadh ag gabháil le bearta rialaithe truaillithe aeir agus na héifeachtaí dearfacha atá acu ar cháilíocht an aeir. Gintear le bearta maolaithe truaillithe costas d’earnálacha áirithe agus deis ghnó d’earnálacha eile, fad a imríonn tionchar cháilíocht an aeir ar chúrsaí saothair agus táirgeacht barr agus ar an ngeilleagar ina iomláine dá bhrí sin. I bhfianaise toimhdí a rinneadh le déanaí maidir le héifeachtaí ar tháirgiúlacht oibre 54 , méadaítear leis na cásanna feabhsaithe uile maidir le haer glan OTI an Aontais in 2030 faoi 0,26 go 0,28 % i gcomparáid leis an gcás bunlíne, lena léirítear éifeachtaí eacnamaíocha dearfacha sáraitheacha beart maolaithe truaillithe.

Léirítear le dáileadh earnálach na n‑éifeachtaí nach mbeadh ach tionchar diúltach ar leibhéal íseal le brath san earnáil talmhaíochta dá ndéanfaí na bearta teicniúla uile in 2030 (thart ar 2 % níos measa faoin gcás maidir leis an mbunlíne, agus go háirithe san earnáil bheostoic). Sa chás a bhaineann le caighdeáin níos doichte maidir le cáilíocht an aeir, tá an glan‑éifeacht ar na hearnálacha uile (lena n‑áirítear an earnáil talmhaíochta) dearfach.

Fíor 5: Éifeachtaí maicreacnamaíocha na gcásanna maidir le beartas an aeir ghlain ar an margadh, in athrú céatadáin ar OTI an Aontais i gcomparáid leis an gcás i ndáil leis an mbunlíne

Foinse: IIASA (2022) bunaithe ar shamhaltú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, bunaithe ar thoimhdí ECFE maidir le tháirgeacht saothair, 2019.

5.Tionchar na dteagmhas geopholaitiúla le déanaí agus na géarchéime fuinnimh ar aer glan

Mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gan chúis gan údar, cuireadh isteach go mór ar chóras fuinnimh na hEorpa, agus bhí gairm ar ghníomhaíocht chomhchoiteann láithreach dá bharr. Ar an 18 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún i láthair an Plean REPowerEU 55 chun críoch a chur le spleáchas an Aontais ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis, rud a chuir le tograí ‘Oiriúnach do 55’ agus a bhí i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Cuireadh síos leis an bplean bearta breise lenar cuireadh infheistíochtaí cliste agus athchóirithe le cheile chun fuinneamh a shábháil go gasta do theaghlaigh, gnólachtaí agus don tionscal, agus chun an t‑aistriú go fuinneamh glan a ghéarú le spriocanna níos airde don fhuinneamh inathnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh 2030 56 .

Mar chuid den Tríú hIonchas Aeir Ghlain, tá réamhmheastacháin maidir le meascán fuinnimh an Aontais tástáilte ag an gCoimisiún, beart lena gcuimsítear, anuas ar na bearta a áirítear sa chás maidir leis an mbunlíne, na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le stop a chur le hallmhairí breoslaí iontaise ón Rúis de réir a chéile agus na príomhbhearta REPowerEU a fógraíodh an tráth sin 57 , chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an truailliú aeir.

Chomh maith leis sin, níos deireanaí i mbliana, chuir an Coimisiún síos bearta éigeandála chun ídiú fuinnimh a laghdú tuilleadh go gearrthéarmach 58 agus chun borradh a chur faoi fhorbairt ghasta riachtanach fuinnimh inathnuaite 59 . Ní chuirtear san áireamh sna réamh‑mheastacháin thuasluaite sin na bearta is deireanaí sin ná na hathruithe gasta a d’fhéadfadh titim amach, go háirithe athruithe iompraíochta agus cur in úsáid fuinnimh inathnuaite a ghéarú.

Ar bhonn na réamh‑mheastachán sin, atá ábhartha maidir le cáilíocht an aeir, tá laghdú réamh‑mheasta ar úsáid fhoriomlán an fhuinnimh san Aontas, laghdú mór ar úsáid an gháis nádúrtha, lena gcúiteofar méadú mór ar fhuinneamh inathnuaite agus hidrigin. I gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne, tá réamh‑mheasta go mbeidh ídiú bithmhaise soladaí sách cobhsaí in 2030, is é sin laghdú de bhreis agus 40 % in 2050. Dá gcuirfí borradh faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus dá spreagfaí infheistíocht i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite neamhdhócháin, bheadh comhthairbhí aeir ghlain mar thoradh air sin.

Tá coinne leis go gcuirfear fad le hacmhainní reatha guail mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh reatha, áfach, ag brath ar staid shonrach na mBallstát agus an meascán fuinnimh reatha atá acu, chomh maith le luas úsáide foinsí fuinnimh malartacha. Tá éifeacht mhalartach ar an aer glan ag athfhilleadh sealadach féideartha ar úsáid an ghuail. De bharr na n‑athruithe réamh‑mheasta seo i ndáil le meascán fuinnimh an Aontais, agus in éagmais gníomhaíochta beartas eile ón Aontas chun aer glan a bhaint amach, léirítear leis na réamh‑mheastacháin go rachadh cáilíocht an aeir in olcas do thart ar 2 % de dhaonra an Aontais faoi 2030 i gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne, agus ansin go dtiocfadh feabhas beag air i dtéarmaí an sciar de dhaonra an Aontais a bhainfeadh tairbhe as an aer glan faoi 2050, de bharr rolladh amach géaraithe tháirgeadh an fhuinnimh ghlain agus úsáid is ísle bithmhaise soladaí, ola agus gáis. Ar an iomlán, i gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne, meastar go bhfeicfí leis an gcás malartach seo líon básanna anabaí atá beagán níos airde in 2030, ach ansin go mbeadh laghdú níos mó ann faoi 2050, i gcomhréir leis na treochtaí a chonacthas do na leibhéil tiúchana truaillithe réamh‑mheasta.

éagsúlachtaí geografacha ag baint leis na tionchair seo ar fud an Aontais 60 . D’éileofaí ar an Aontas de bharr an tionchair dhiúltaigh mheántéarmaigh seo bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh ionas nach mbainfí de bhaint amach cuspóirí maidir le haer glan agus oibleagáidí dlíthiúla. Bheadh costas na ndamáistí sláinte agus ábhar gaolmhara beagán níos airde (3-4 % i gcás sláinte agus 14 % i gcás ábhar) in 2030 sa chás seo ná mar a bheadh sa chás maidir leis an mbunlíne, ach bheadh sé beagán níos ísle faoi 2050.

A mhéid a bhaineann le hionchais maidir le comhlíonadh na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, is é PM2.5 61 an príomhthruailleán atá le breithniú i ndáil le hathruithe ar an meascán fuinnimh. I gcomparáid le hionchais chomhlíontachta faoi bheartais reatha (Roinn 3.2), ní bheadh Ballstát amháin eile ar an mbealach ceart maidir le laghdú líneach in 2025 (DK), ach tá réamh‑mheasta nach gcomhlíonfaidh na ceithre Bhallstát chéanna atá sa chás maidir leis an mbunlíne a ghealltanas laghdaithe le haghaidh 2030 (DK, HU, SI, ES).

Ar an iomlán, glacadh an plean REPowerEU mar fhreagairt ar an ngá leis an aistriú chuig fuinneamh glan a ghéarú go mór agus chun neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa ar sholáthraithe neamh‑iontaofa agus breoslaí iontaise galacháin a mhéadú, agus is as seo a eascróidh tairbhí níos fadtéarmaí i ndáil le haer glan. Sa ghearrthéarma, áfach, mhéadófaí an truailliú aeir agus, dá réir sin, damáistí níos airde don tsláinte ná mar a mhéadófaí sa chás maidir leis an mbunlíne mar gheall ar an méadú réamh‑mheasta ar úsáid an ghuail chun an deireadh atá á chur le húsáid ghás na Rúise de réir a chéile a fhritháireamh, agus bheadh níos lú tairbhí maidir le haer glan ann de bharr úsáid an ghuail seo. Níl coinne leis go mbeidh éifeacht dhiúltach ag an tionchar diúltach ar aer glan sa ghearrthéarma ar na hionchais a bhaineann le comhlíonadh an sprioc sláinte maidir le truailliú nialasach di 2030 ar leibhéal an Aontais, áfach. Léirítear leis an samhaltú nach mbainfidh an tAontas a sprioc maidir leis an éiceachórais amach, mar atá sa chás maidir leis an mbunlíne, mura ndéantar bearta eile.

Mar gheall ar chúrsaí reatha ar na margaí fuinnimh chomh maith leis na hathruithe comhlachaithe ar an gcreat rialála, ba cheart a mheas gur torthaí táscacha atá sna torthaí uile seo. Seachas bearta féideartha sa todhchaí ar leibhéal an Aontais, tá go leor éiginnteachta maidir leis an mbealach a bhfreagróidh úsáideoirí fuinnimh ó Bhallstát go chéile don athrú ar phraghsanna fuinnimh. Dá mbeadh borradh faoi úsáid na bhfoinsí fuinnimh a bhíonn ar fáil ar phraghsanna saora (amhail adhmaid a bhailítear ag an duine féin, adhmaid a mbaineann cáilíocht breosla níos ísle leis) bheadh níos mó astaíochtaí de thruailleáin aeir mar thoradh air sin. Mar gheall ar an ngá a bhaineann le haistriú go foinsí fuinnimh a dtagann níos mó truailleán astu rinneadh maoluithe sealadach ó na caighdeáin astaíochtaí cheana, lena léirítear baol de cháilíocht aeir atá ag dul in olcas, baol nach mór measúnú a dhéanamh air ar an leibhéal náisiúnta chun iarracht a dhéanamh gan comhlíonadh an Aontais maidir le reachtaíocht aeir ghlain a chur i mbaol agus tionchar diúltach ar an tsláinte agus ar éiceachórais a sheachaint. Dá gcuirfí bearta struchtúracha i bhfeidhm ar bhonn níos tapa agus mar gheall ar chlaochlú neamh‑intuartha margaí fuinnimh, ghéarófaí an t‑aistriú chuig fuinneamh glan agus bheadh feabhas ar cháilíocht an aeir.

6.Idirghníomhaíocht le beartas aeráide – fócas ar mheatán agus carbón dubh

Maidir leis an measúnú ar an tionchar ar cháilíocht an aeir a bheidh ag bearta chun uaillmhian an Aontais i ndáil leis an aeráid a uas‑scálú, bearta a áirítear sa chás maidir leis an mbunlíne (pacáiste ‘Oiriúnach do 55’), chun an measúnú sin a chomhlánú, déanann an Coimisiún anailís sa Tríú hIonchas Aeir Ghlain seo ar shineirgí idir beartais aeráide agus aeir ghlain a bhaineann le forbairtí i ngníomhaithe gearrshaolacha fórsála aeráide.

Sainaithnítear sa Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Aeráide an nasc idir truailliú aeir ar thaobh amháin agus meatán agus carbón dubh, dhá phríomhghníomhaí ghearrshaolacha fórsála aeráide, ar an taobh eile. Ní mór do Bhallstáit astaíochtaí náisiúnta de charbón dubh a thuairisciú nuair a bhíonn na sonraí ar fáil, agus i láthair na huaire ní dhéanann ach dhá Bhallstát amhlaidh. Agus an Dearbhú ón gCoimisiúin maidir le meatán atá ag deireadh na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta á fhorbairt, fógraíodh le ‘straitéis an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí meatáin a laghdú’ 62 go ndéanfaidh an Coimisiún, mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta faoi 2025, scrúdú ar chuimsiú féideartha meatáin i measc na dtruailleán rialáilte.

Go deimhin, is gníomhaí láidir fórsála aeráide é meatán agus is réamhtheachtaí an truaillithe ózóin thrópaisféaraigh é, rud a mheastar a bheith freagrach as 24 000 bás anabaí san Aontas in 2020 63 . Tagann astaíochtaí antrapaigineacha meatáin san Aontas as an earnáil talmhaíochta (54 %), dramhaíl (27 %) agus fuinneamh (17 %) go príomha 64 .

Tá carbón dubh 65 , nó súiche, mar chuid de mhínábhar cáithníneach agus cuireann sé leis an tionchar diúltach ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Déantar é nuair nach ndóitear go hiomlán breoslaí iontaise agus adhmaid. Nuair a shúnn sé isteach solas agus teas san aeir, cuireann carbón dubh leis an athrú aeráide. Nuair a shil‑leagtar é ar an oighear agus ar an sneachta, laghdaíonn carbón dubh ailbéideacht an dromchla 66 , rud a chuireann le téamh, go háirithe i réigiúin Artacha an Aontais.

Dá bhrí sin, dá laghdófaí astaíochtaí meatáin agus carbóin dhubh, d’fhéadfadh tairbhí i dtéarmaí aeir ghlain agus i dtéarmaí mhaolú an athraithe aeráide a bhaint amach, rud lena méadófaí an cóimheas idir tairbhí agus costas a bhaineann leis an mbeart maolaithe.

Ar na cúiseanna sin, leis an samhaltú a rinneadh le haghaidh na tuarascála seo, rinneadh anailís ar éabhlóid na n‑astaíochtaí carbóin dhubh agus meatáin sna cásanna éagsúla. Léirítear leis go dtiocfadh laghdú suntasach (faoi 53 %) ar astaíochtaí bunlíne carbóin dhubh an Aontais idir 2020 agus 2030, de bharr rolladh amach céimneach na gceanglas éicidhearthóireachta le haghaidh fearas téite tís go príomha, an titim i mbithmhais agus an laghdú láidir ar úsáid an ghuail san earnáil sin. Baineann aon cheathrú den laghdú a bhainfí amach ón earnáil iompair, de thoradh caighdeáin Euro lena n‑áirítear feistiú scagairí éifeachtúla cáithníní go príomha.

D’fhéadfaí laghduithe níos fearr fós a bhaint amach (72 % faoi bhun leibhéal bunlíne 2020) dá ndéanfaí na bearta teicniúla uile. Sa chás maidir le fuinneamh malartach a ndearnadh measúnú air i Roinn 5, tá réamh‑mheasta go dtiocfaidh méadú beag ar astaíochtaí carbóin dhubh in 2030 (i gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne), de bharr úsáid mhéadaithe an bhreosla sholadaigh (gual, bithmhais) i réigiúin agus i mBallstáit áirithe.

Ar an dul céanna, faoi chás na tuarascála seo maidir leis an mbunlíne, tá réamh‑mheasta go dtitfidh astaíochtaí meatáin an Aontais faoi 19 % idir 2020 agus 2030 67 . In 2050, de thoradh an cháis thuasluaite maidir le réim bia leathveigeatóra, bheadh laghdú 11 % ar astaíochtaí meatáin an Aontais i gcomparáid leis an gcás maidir leis an mbunlíne.

Toisc go n‑iompraítear meatán ar scála leathsféarúil, áfach, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a chomhlánú le gníomhaíocht dhomhanda. I mí na Samhna 2021, chomhghair an tAontas, i gcomhpháirt leis na Stáit Aontaithe, an Gealltanas Meatáin Domhanda 68 , rud a chuir dlús leis an ngníomhaíocht. Cuirtear chun cinn leis gealltanas deonach chun astaíochtaí meatáin domhanda a laghdú faoi 30 % ar a laghad ó leibhéil 2020 faoi 2030. Ina theannta sin, soláthraíonn an Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin deiseanna chun sineirgí idir na creataí idirnáisiúnta maidir le haer glan agus an aeráid a iniúchadh. Go háirithe, san athbhreithniú ar Phrótacal Gothenburg (féach an chéad roinn eile), osclaíodh plé maidir le ról an mheatáin mar réamhtheachtaí ózóin agus, dá bhrí sin, mar thruailleán atá ábhartha maidir le beartais um aer glan.

Leis na caighdeáin níos doichte maidir le tiúchan ózóin a chuirtear i láthair sa togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, cuirtear i dtábhacht an gá chun astaíochtaí na réamhtheachtaithe ózóin uile a laghdú, lena n‑áirítear meatán, laistigh agus lasmuigh den Aontas.

7.An éirim trasteorann agus idirnáisiúnta

Tagann an truailliú aeir i dtír faoi leith ó fhoinsí iomadúla, astaíochtaí intíre go háirithe, chomh maith le hastaíochtaí a ghintear i dtíortha comharsanachta agus foinsí nádúrtha. I bhformhór na mBallstát, is iad foinsí intíre na príomhfhoinsí truaillithe agus, dá réir sin, is é laghdú na n‑astaíochtaí intíre an tosaíocht i ndáil le tiúchan cúlra truailleán aeir a laghdú. Is minic go mbíonn an sciar de thruailliú ó fhoinsí intíre níos airde sna Ballstáit is mó, áiteanna ar gá go mbeadh laghdú na bhfoinsí sin i leath den ghníomhaíocht a bhfuil gá léi.

An tráth céanna, deimhnítear leis an anailís go ngintear sciar suntasach de thiúchan cúlra PM2.5 i mBallstáit eile i bhformhór na mBallstát. Léirítear leis sin gné thrasteorann an truaillithe aeir, rud a thugann údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, toisc go mbíonn tionchar diúltach ag baint le truailliú aeir de thionscnamh intíre lasmuigh de theorainneacha Ballstáit 69 . Ar an dul céanna, dá laghdófaí truailliú aeir i gcomhréir le gealltanais na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, bhainfeadh tíortha eile tairbhe as. Anuas air sin, léirítear leis an anailís go dtagann cuid de thiúchan cúlra truailleán aeir ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad freisin, ar leibhéil éagsúla ag brath ar shuíomh geografach na mBallstát 70 . Le himeacht ama agus le déine mhéadaithe chásanna maolaithe truaillithe aeir an Aontais, tá réamh‑mheasta go dtitfidh an sciar den truailliú a thagann ó áiteanna lasmuigh den Aontas (de bharr gníomhaíocht bhreise laistigh den Aontas), rud a mhéadaíonn tábhacht choibhneasta foinsí lasmuigh den Aontas. Cuireann sé seo i dtábhacht an gá atá ann go ndéanfadh an tAontas beart níos láidre go déthaobhach (go háirithe i gcomhthéacs beartas aontachais agus comharsanachta, agus trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta níos láidre a thógáil freisin) chomh maith le fóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin.

Léirítear oibleagáidí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, go pointe áirithe, ar an leibhéal idirnáisiúnta leis an gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin agus Prótacal leasaithe Gothenburg. Tá méadú tagtha ar líon na dtíortha a bhfuil an Prótacal seo daingnithe acu le blianta beaga anuas, ach níl ach líon beag daingnithe déanta ag Páirtithe nach Ballstáit den Aontas iad. I measc na mBallstát den Aontas, níl seacht gcinn acu 71 ina bPáirtithe don Phrótacal leasaithe ach tá a fhormhór ag dul i dtreo an phróisis daigniúcháin.

Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an athbhreithniú leanúnach ar Phrótacal leasaithe Gothenburg i dtaobh obair an Choinbhinsiúin maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin. Tá an t‑athbhreithniú anois sna céimeanna deiridh agus cinnfidh na Páirtithe conas na conclúidí a chur i bhfeidhm amach anseo.

8.Conclúid

Léirítear leis an anailís a rinneadh don Tríú hIonchas Aeir Ghlain go réamh‑mheastar go leanfaidh astaíochtaí truailleán aeir orthu ag titim. Is dea‑scéala é seo do shaoránaigh den Aontas agus do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Le himeacht na 20 bliain seo caite, tá laghduithe substaintiúla bainte amach ag an Aontas i ndáil le hastaíochtaí cúig cinn de na príomhthruailleáin a rialaítear faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Eisceacht, ar ábhar imní é, na hastaíochtaí amóinia, áfach. Níl ach laghdú beag tagtha ar na hastaíochtaí agus níor bhain 11 Bhallstát a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí amóinia amach in 2020.

Maidir le hastaíochtaí amóinia, tá na hionchais maidir le comhlíonadh ghealltanais laghdaithe astaíochtaí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta gruama. Ní mór do na Ballstáit sin gníomhaíocht shuntasach sa bhreis a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a laghdú ag an bhfoinse trí dhea‑chleachtais talmhaíochta a chur chun cinn. De réir mar a léirítear leis an anailís, chuirfeadh aistriú céimneach go réim bia leathveigeatóra san Aontas feabhas ar hionchais chomhlíontachta, mar a dhéanfadh brú níos láidre ar leibhéal na mBallstát chun bearta talmhaíochta gaolmhara a dhéanamh faoin gcomhbheartas talmhaíochta 72 . Tá gníomhaíocht sa bhreis ag teastáil freisin chun srian a chur le hastaíochtaí PM2.5 agus NMVOC, ach níl réamh‑mheasta go gcaillfidh ach ceithre Bhallstát na gealltanais laghdaithe 2030 i gcás dhá cheann de na truailleáin seo faoi láthair.

Cuireann an Coimisiún i dtábhacht go bhfuil sé fíor-riachtanach gealltanais na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a chomhlíonadh ina n‑iomláine chun tionchar diúltach an truaillithe aeir ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a laghdú, i gcomhréir le huaillmhian an Aontais um thruailliú nialasach. In éineacht le beartais reatha agus beartais a mholtar, tá réamh‑mheasta go gcomhlíonfaidh an tAontas an sprioc um thruailliú nialasach a bhaineann leis an tsláinte, ach níl sé ar an mbealach ceart an sprioc a bhaineann leis an éiceachóras a chomhlíonadh in 2030. Cuirtear i dtábhacht leis seo an gá chun bearta eile a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a laghdú.

Chun a áirithiú go mbaintear na réamh‑mheastacháin a bhfuil coinne leo amach, tá sé tábhachtach go gcuirtear an reachtaíocht atá ann faoi láthair chun feidhme ina hiomláine 73 . Ar an mbonn céanna, tá sé tábhachtach go nglacann an Pharlaimint agus an Chomhairle na tograí beartas is déanaí atá déanta ag an gCoimisiún (agus bhí sé sin mar chuid de na toimhdí foluiteacha don Ionchas Aeir Ghlain) fad a choinnítear an leibhéal uaillmhéine a mholtar ar bun. Áirítear leis sin tograí maidir le caighdeáin astaíochtaí feithiclí, astaíochtaí tionscail (lena n‑áirítear raon feidhme na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a leathnú chun feirmeacha móra a cumhdach, rud a mheastar go mbeidh tionchar suntasach aige i dtreo astaíochtaí amóinia a laghdú) agus tionscnaimh faoi na tionscnaimh ‘Oiriúnach do 55’ agus ‘RePowerEU’.

A mhéid a bhaineann leis an bPlean REPowerEU, léirítear leis an anailís a chuirtear i láthair anseo go meastar rachaidh cáilíocht an aeir in olcas sa ghearrthéarma mar gheall ar an athfhilleadh ar úsáid an ghuail, de bharr an deireadh atá á chur le húsáid ghás na Rúise de réir a chéile, agus go n‑éilítear leis sin roinnt beart maolaithe (tá an rud céanna i gceist le bithmhais), cé go mbeidh tairbhí fadtéarmacha ag baint le rolladh amach géaraithe an fhuinnimh inathnuaite (fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine go háirithe). Sa chomhthéacs sin, beidh sé thar a bheith tábhachtach caighdeáin éicidhearthóireacht níos déine a mholadh le haghaidh coirí agus sorn breosla sholadaigh le linn an athbhreithnithe leanúnaigh. Tá gá chomh maith le géarmhonatóireacht fhorbairt na margaí fuinnimh ó thaobh aer glan de, toisc go bhféadfadh praghsanna ardaithe tomhaltóirí a chur ag aistriú go breoslaí atá níos saoire ach a chruthaíonn níos mó truailliú. Tá maoluithe sealadach ó na caighdeáin astaíochtaí feicthe cheana mar gheall ar an staid reatha, agus ní mór measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin i ndáil le cáilíocht an aeir agus ní mór faireachán a dhéanamh air, lena n‑áirítear ar an leibhéal náisiúnta.

Ar an mbonn is tábhachtaí, d’éascódh caighdeáin níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir, mar a cuireadh chun cinn ag an gCoimisiún ina thogra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh le déanaí, cur chun feidhme na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Chuirfeadh sé sin feabhas mór ar ionchais chomhlíontachta 2030 (ach fós féin tá réamh‑mheasta go gcaillfeadh an iomarca Ballstát a ngealltanais laghdaithe amóinia). Chomh maith leis sin thiocfadh laghduithe eile ar thionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte agus ar an éiceachóras as sin agus ghinfí brabúis mhaicreacnamaíocha, i gcomhréir leis an anailís atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú molta ar na caighdeáin maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh.



Iarscríbhinn: Príomhdhifríochtaí modheolaíochta leis an Dara hIonchas Aeir Ghlain agus leis an obair anailíseach atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir

Nuashonruithe ón Dara hIonchas Aeir Ghlain

Léirítear leis an gcás maidir leis an mbunlíne beartais is déanaí an Aontais a glacadh agus a moladh.

Modheolaíocht nuashonraithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tsláinte. Mar gheall ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí, áirítear leis anois roinnt tionchar nua ar ghalracht. Déantar anailís íogaireachta chun fánaí éagsúla na bhfeidhmeanna freagartha tiúchana ar leibhéil ísle tiúchana a léiriú.

Modheolaíocht nuashonraithe chun an tionchar ar an tsláinte a luacháil. Cuirtear na luachanna céanna, a bhfuil luach airgid orthu, a úsáidtear sa Dara hIonchas Aeir Ghlain i bhfeidhm, ach ní chuirtear ach tionchar os cionn threoirleibhéil 2021 EDS san áireamh sa chuid maidir le luach airgid (sa Dara hIonchas Aeir Ghlain cuireadh luach airgid ar an tionchar ar na leibhéil uile). Cumasaítear don anailís leis seo díriú ar an meastachán a bhfuil luach airgid ag baint leis ar na damáistí a bhaineann den chuid is mó le gné antrapaigineach an truaillithe. Áirítear leis freisin cúpla tionchar galrachta breise.

Nuashonruithe breise ó rinneadh an obair anailíseach atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh

Tá difríochtaí modheolaíochta ann de bharr uainiú difriúil na hoibre samhaltúcháin don dá thionscnamh agus chun críocha éagsúla. Maidir leis an obair atá mar bhonn taca faoi athbhreithniú na dTreoracha, bhí an fócas ar athruithe coibhneasta idir cásanna sna spriocbhlianta 2030 agus 2050 agus iad ag díriú ar thionchair áitiúla, ach déantar anailís freisin san Ionchas Aeir Ghlain ar athruithe le himeacht ama agus le cur chuige geografach níos gairbhe.

Úsáid samhlacha éagsúla agus réamh‑mheastachán éagsúil daonraí do roinnt codanna den anailís. Maidir le hanailís an Dara hIonchais Aeir Ghlain, braitheann sé go príomha ar an tsamhail ‘GAINS’ lena dtoimhdítear daonra seasmhach chun meastachán a dhéanamh ar an tionchar ar an tsláinte chun na roghanna céanna ó thaobh na modheolaíochta de a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na sprice um thruailliú nialasach mar a úsáideadh le socrú na sprice. Maidir leis an obair atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, i gcás tiúchana truailleán agus tionchair ghaolmhara, úsáidtear an tsamhail ‘uEMEP’ le réiteach níos airde geografach.

Ar an gcúis chéanna, chun measúnú a dhéanamh ar an sprioc um thruailliú nialasach, féachann sé ar an tionchar ar an tsláinte iomlán ó astaíochtaí antrapaigineacha PM2.5 (ach féachann an measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh ar na cásanna is féidir a cheangal le nochtadh os cionn threoirleibhéal EDS de 5 µg/m3 ach lena n‑áirítear foinsí nádúrtha).

Áirítear sa chás maidir leis an mbunlíne gnéithe talmhaíochta na Treorach athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a mholtar.

Rinneadh an cás maidir leis an mbunlíne a choigeartú tar éis an chomhairliúcháin leis na Ballstáit chun léiriú níos fearr a thabhairt ar bheartais, bearta agus fardail astaíochtaí náisiúnta.

Comhéifeachtaí aistrithe atmaisféaracha nuashonraithe a úsáid, as a bhféadfadh patrúin dáilte spásúlachta éagsúla teacht.

Bunachar sonraí nuashonraithe 2021 maidir le hualaigh chriticiúla le haghaidh éiceachóras arna soláthar ag Ionad Comhordaithe um Éifeachtaí an Choinbhinsiúin maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin a úsáid.

Anuas ar na nuashonruithe modheolaíochta seo, déantar anailís ar chásanna eile sa Tríú hIonchas Aeir Ghlain, ag léiriú go háirithe na hathruithe ar an meascán fuinnimh de bharr an chogaidh in aghaidh na hÚcráine agus an Plean REPowerEU agus aistriú go réim bia leathveigeatóra.

Mar gheall ar na héagsúlachtaí seo sa mhodheolaíocht, d’fhéadfadh torthaí éagsúla a bheadh ann idir an Tríú hIonchas Aeir Ghlain agus an anailís atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh i gcásanna áirithe.

(1)     https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2660
(2)      Treoir 2004/107/CE i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach - agus - Treoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip.
(3)    Treoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú.
(4)    Dé‑ocsaídí sulfair (SO2), ocsaídí nítrigine (NOx), amóinia (NH3), comhdhúile soghalaithe orgánacha neamh‑mheatáin (NMVOC) agus mínábhar cáithníneach (PM2.5).
(5)    COM(2022) 542.
(6)    EDS (2021) WHO Global Air Quality Guidelines [Treoirlínte EDS maidir le Cáilíocht Dhomhanda an Aeir] .
(7)     https://environment.ec.europa.eu/topics/air/reducing-emissions-air-pollutants/emissions-inventories_en#review-of-national-emission-inventories
(8)    COM (2022) 586 (Euro 7) agus COM(2022) 156 (Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha). Tá siad sin (chomh maith le tograí eile an Choimisiúin dá dtagraítear sa tuarascáil seo) faoi réir plé idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa agus tá siad faoi réir athruithe, dá bhrí sin.
(9)    SWD/2022/545 final.
(10)     https://ec.europa.eu/clima/eu-action/european-green-deal/delivering-european-green-deal_en
(11)    COM(2022) 674.
(12)    COM (2021) 400 final.
(13)    De réir Airteagal 13 den Treoir.
(14)     https://www.eea.europa.eu/publications/air-quality-in-europe-2021/air-quality-status-briefing-2021
(15)     Tuarascáil EEA Uimh. 22/2018 .
(16)    EEA (2022) Health impact of air pollution in Europe 2022 [Tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte san Eoraip, 2022]. Tá an meastachán sin bunaithe ar fhaireachán ar thiúchan an truaillithe aeir agus ní áirítear ann ach básanna anabaí is féidir a nascadh leis an truailliú aeir atá os cionn threoirleibhéal EDS maidir le cáilíocht an aeir, rud atá éagsúil le meastacháin eile i Roinn 4 a thagann as torthaí samhaltúcháin in Klimont et al., ‘Support to the development of the third Clean Air Outlook’, IIASA, 2022 [IIASA 2022], agus lena léirítear na tionchair uile (lena n‑áirítear treoirleibhéal EDS thíos), chun bheith comhsheasmhach le hanailís a rinneadh roimhe seo le haghaidh Ionchas Aeir Ghlain.
(17)     Tuarascáil EEA Uimh. 9/2020 .
(18)    Tá aga moille de 2 bhliain le tuairisciú na bhfardal astaíochtaí agus, dá bhrí sin, rinneadh seiceálacha comhlíontachta ar oibleagáidí 2020-29 in 2022 den chéad uair.
(19)     https://www.eea.europa.eu/publications/national-emission-reduction-commitments-directive-2022 ; tá na figiúir sin bunaithe ar shonraí Ballstát agus ní ar na sonraí a sheiceáil agus a athbhreithnigh an Coimisiún ina dhiaidh sin.
(20)    Léirítear leis na torthaí sa chás ‘MIX’ sa mheasúnú tionchair ar an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 (SWD(2020) 176 final) go laghdódh an pacáiste astaíochtaí de PM2.5, NOx agus SO2 faoi 4 %, 7 % agus 17 % faoi seach in 2030 i gcomparáid leis an gcás maidir le beartais aeráide agus fuinnimh a aontaíodh roimhe seo.
(21)    COM/2021/556 final; Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach i mí Dheireadh Fómhair 2022.
(22)    Maidir leis an anailís íogaireachta a rinneadh le haghaidh an mheasúnúcháin tionchair atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, cuireadh san áireamh leis tuilleadh gnéithe den togra i ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha trí thoimhde a dhéanamh go mbeidh laghdú 20 % ar astaíochtaí PM2.5, SO2 agus NOx ó shuiteálacha tionsclaíocha a thagann faoi raon feidhme na Treorach leasaithe maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh in 2030, i gcomparáid leis na leibhéil astaíochtaí le haghaidh 2030 sa chroí‑bhunlíne. Tá na torthaí sách cobhsaí agus ní eascraíonn astu ach athruithe an‑bheag ar leibhéil tiúchana PM2.5 agus NOx. Is é SO2 an truailleán a ndéanfaidh an difear is dearfaí dó, tá tuartha go dtitfidh astaíochtaí iomlána an Aontais faoi 10 % in 2030 i gcomparáid leis an mbunlíne, ach ní athródh an t‑athrú sin an dea‑chomhlíontacht réamh‑mheasta maidir le gealltanais laghdaithe na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta i gcás an truailleáin seo.
(23)    EE, EL, IT, FI, SE.
(24)      Chun tuairisc ar na cásanna uile a luaitear sa tuarascáil seo a fháil, féach Roinn 3 de IIASA (2022). Tagann na torthaí uile a chuirtear i láthair anseo ón tsamhail ‘GAINS’ ( https://gains.iiasa.ac.at/gains )
(25)    De réir Airteagal 4(2) den Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, cinntear leibhéil tháscacha astaíochtaí 2025 le conair líneach laghdaithe atá bunaithe idir na leibhéil astaíochtaí a shainítear leis na gealltanais laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2020 agus na leibhéil astaíochtaí a shainítear leis na gealltanais laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2030. Dá réir sin, déantar an measúnú in aghaidh leibhéal uasta astaíochtaí a cheadaítear arb é meán na leibhéal uasta a cheadaítear a thagann as gealltanais laghdaithe astaíochtaí 2020-29 agus 2030 é.
(26)    BE, EL, HR, IT, MT, NL FI.
(27)    I bhfianaise cás arna fhorbairt ag JRC maidir le cur chun feidhme i ndáil le samhail CAPRI, dá ndéanfaí toimhde go nglactar réim bia bunaithe ar iomlán na riachtanas fuinnimh daonna de 2500 kcal/lá (tar éis dramhaíola) mar a leagtar amach sa togra ‘EAT‑Lancet Commission’ (Willet et al., Food in the Anthropocene: the EAT–Lancet Commission on healthy diets from sustainable food systems , The Lancet Iml. 393(10170), 2019). Cuirtear an t‑aistriú chuig réim bia leathveigeatóra chun feidhme sa tsamhail ‘GAINS’ ó 2020 agus tagann méadú air ar bhonn céimneach i dtreo cur chun feidhme iomlán in 2050.
(28)    Tá réamh‑mheasta nach mbainfidh AT, BG, HR, CY, CZ, DE, HU, IE, LT, LU, RO a ngealltanais laghdaithe amach.
(29)    Cás ‘an laghdú uasta is indéanta go teicniúil’, dá ngairtear ‘bearta teicniúla uile’.
(30)      Chun tuairisc ar an gcreat samhaltúcháin agus an measúnú ar na tionchair uile a luaitear sa tuarascáil seo a fháil, féach IIASA (2022).
(31)    Maidir leis an téamh tís go háirithe, meastar go léirítear le hastaíochtaí ó ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe thart ar an leibhéal céanna a léirítear le hastaíochtaí inscagtha, an chuid a chuirtear san áireamh is minice. Féach tuarascáil IIASA (iarscríbhinn) chun mionsonraí a fháil.
(32)    Maidir le fardail astaíochtaí arna gcur isteach ag Ballstáit, ní bhítear in ann iad a chur i gcomparáid lena chéile i gcónaí i ndáil leis an ábhar seo, de bharr easpa comhaontaithe eolaíoch maidir le modhanna chun ábhar cáithníneach in‑chomhdhlúthaithe ón earnáil téite a chur san áireamh go háirithe (astaíochtaí dócháin cónaitheacha). Tá an topaic seo faoi chaibidil faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin ( https://emep.int/publ/reports/2020/emep_mscw_technical_report_4_2020.pdf ).
(33)    Tacar fachtóirí astaíochta comhsheasmhacha le haghaidh na hearnála téite arna tháirgeadh i staidéar na Comhairle na nAirí Nordacha (Simpson et al., Revising PM2.5 emissions from residential combustion, 2005-2019; Implications for air quality concentrations and trends , Comhairle na nAirí Nordacha, 2022).
(34)    Bhí sé seo faoi réir comhairliúchán le Ballstáit.
(35)    Áirítear in IIASA (2022) léarscáileanna éagsúla lena gcuirtear i gcomparáid tiúchain PM2.5 in 2015 a mheastar sa tsamhail ‘GAINS’ sa socrú caighdeán ag úsáid an tacar nua comhsheasmhach d’fhachtóirí astaíochtaí ó Simpson et al. (2022). Léirítear leo go bhfuil ann do limistéir ina laghdaíonn na tiúchain shamhaltaithe beagán nuair a úsáidtear tacar comhsheasmhach d’fhachtóirí astaíochtaí.
(36)    Airteagal 4(3)(d) den Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta.
(37)    Maidir leis na toimhdí i ndáil le hastaíochtaí NOx agus NMVOC ón earnáil talmhaíochta a áireamh in GAINS, pléadh iad le linn an chomhairliúcháin leis na Ballstáit.
(38)    Nuair a dhéantar anailís ar an éifeacht a bhainfeadh le dul i dtreo réime bia leathveigeatóra san Aontas (rud as a dtiocfadh laghdú ar astaíochtaí amóinia), bhainfí an sprioc amach faoi 2035.
(39)      Tagann na torthaí seo le measúnú tionchair AAQD a bheag nó a mhór.
(40)    Ní hamháin go mbaineann tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte leis an mbásmhaireacht ach áirítear leis an ngalracht freisin. Rinneadh anailís ar na tionchair agus saothraítear airgead astu chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch chomh maith leis na tairbhí a bhaineann le truailliú aeir níos ísle (féach Roinn 4.2).
(41)    Tá an toradh seo neamhspleách ar na toimhdí maidir le forbairt an daonra (cibé acu más gan athrú a bheidh sé, mar a thuairiscítear anseo, nó más síor‑athraitheach a bheidh sé) agus tá sé neamhspleách ar na toimhdí a úsáidtear maidir leis an tionchar ar an tsláinte.
(42)    Úsáid a bhaint as an gcur chuige modheolaíochta a úsáideadh sa Dara hIonchas Aeir Ghlain, arbh é ba bhunús do shocrú na spriocanna um thruailliú nialasach.
(43)    Tá na huimhreacha sin éagsúil leis na huimhreacha a chuirtear i láthair sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (féach Iarscríbhinn 1).
(44)    I bhfianaise bunachar sonraí maidir leis an Ualach Criticiúil in 2022 (an tIonad Comhordaithe um Éifeachtaí na Meithle um Éifeachtaí faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin) agus na comhéifeachtaí gabhdóra foinse is déanaí a cuireadh chun feidhme i samhail ‘GAINS’ (féach IIASA, 2022).
(45)    Measúnaithe mar limistéar éiceachóras ina sáraíonn an deascadh nítrigine na hualaigh chriticiúla.
(46)    Iarscríbhinn III, cuid 2.
(47)    Is ionann damáistí básmhaireachta agus idir 70 % agus 91 % de luach comhiomlán na ndamáistí sláinte, agus baineann an chuid eile le tionchair ar bhásmhaireacht. Léirítear leis an raon má luacháiltear an bhásmhaireacht ag úsáid luach bliana saoil nó luach saoil staidrimh.
(48)    Chun tuairisc ar an modheolaíocht atá mar bhonn taca faoi na tionchair uile sa roinn seo, féach IIASA (2022).
(49)    Faoi bhun leibhéil na dtreoirlínte, baineann sciar níos mó den truailliú le foinsí nádúrtha.
(50)    Léirítear leis an raon má luacháiltear an bhásmhaireacht ag úsáid luach bliana saoil nó luach saoil staidrimh; léirítear na luachanna in aghaidh na bliana, i bpraghsanna 2015.
(51)    Meastar na tionchair sin le cailleadh seirbhísí éiceachórais i limistéir Natura 2000 amháin de bharr eotrófú. Gannmheastar leo, dá bhrí sin, an cailleadh iomlán i seirbhísí éiceachórais.
(52)    Tá seasamh glantairbhí lasmuigh de bhearta maolaithe fíorláidir i measc na gcásanna íogaireachta (méadrachtaí le haghaidh luachála básmhaireachta, leibhéil nochta truaillithe aeir, etc.).
(53)      Ríomh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh na héifeachtaí sin ag úsáid na samhla GEM‑E3 ( https://joint-research-centre.ec.europa.eu/gem-e3_en ). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Roinn 4.4.5 de IIASA (2022).
(54)    Dechezleprêtre, A., Rivers, N., & Stadler, B. The economic cost of air pollution: Evidence from Europe. Páipéir Oibre Rannán Eacnamaíochta ECFE, 2019.
(55)    COM(2022) 230
(56)      Mhol an Coimisiún go méadófaí sprioc 2030 le haghaidh fuinneamh inathnuaite go 45 % agus go méadófaí an sprioc maidir le héifeachtúlacht fuinnimh go 13 %.
(57)      In COM (2022) 230 agus SWD (2022) 230.
(58)      COM (2022) 360 agus Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle.
(59)      COM (2022) 591.
(60)    Ba iad an Bhulgáir, an Ostair, an Pholainn agus an Rómáin a ndéanfadh tiúchan níos airde de thruailleáin an difear is mó dóibh. Níl na hathruithe measta níos mó ná méadú de 1.5 µg/m3 de leibhéil tiúchana PM2.5, áfach.
(61)    Tá SO2 ábhartha freisin ach níl aon athrú ann maidir leis na hionchais chomhlíontachta mar gheall ar an bhfarasbarr mór a bhfuil coinne leis maidir le comhlíonadh na mBallstát i ndáil le gealltanais laghdaithe SO2.
(62)    COM(2020) 663 final.
(63)    EEA (2022)
(64)      Sonraí ó aighneacht fardail an Aontais le UNFCCC an 27 Bealtaine 2022 (lena n‑áirítear earnáil na húsáide talún).
(65)      Fuarthas codanna den tuairisc seo ón gComhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain (https://www.ccacoalition.org).
(66)    An cumas solas na gréine a fhrithchaitheadh.
(67)      Déantar meastachán i bPlean Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis an Meatán (2022), faoin nGealltanas Meatáin Domhanda, go mbeidh laghdú thart ar 23 % ar astaíochtaí idir 2020 agus 2030 ina gcás maidir le beartas (https://www.ccacoalition.org/en/resources/national-methane-action-plans).
(68)     https://www.globalmethanepledge.org/
(69)      Féadtar éifeachtúlacht an fhaireacháin ar thruailleáin thrasteorann a fheabhsú go mór trí bhíthin sonraí spáis agus seirbhísí an Aontais.
(70)    Bhainfeadh Ballstáit is lú agus is iargúlta an tairbhe is mó de na laghduithe i dtíortha comharsanachta nach Ballstáit den Aontas iad, chomh maith le hastaíochtaí níos ísle ón loingseoireacht idirnáisiúnta (an ní deireanach sin go háirithe i gcás na n‑oileán).
(71)

     An Bheilg, Éire, an Ghréig, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, an Ungáir.

(72)      Chinn go leor Ballstát go dtabharfaidís aghaidh ar astaíochtaí amóinia ina bPleananna Straitéiseacha CBT agus/nó le reachtaíocht náisiúnta.
(73)      Le tacaíocht ón Aontas san áireamh, amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ( https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/find-funding/eu-funding-programmes/technical-support-instrument/technical-support-instrument-tsi_en ) agus tionscnaimh Taighde agus Nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas a bhaineann le cosaint agus feabhsú truaillithe aeir ( https://research-and-innovation.ec.europa.eu/document/c9d4c0b5-f85e-4599-986d-e6b2438229fc_en )