AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.11.2022
COM(2022) 643 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Dul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.11.2022
COM(2022) 643 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Dul chun cinn maidir le hiomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain
Clár Ábhar
1. Réamhrá
2. Iomaíochas foriomlán earnáil fuinnimh ghlain an Aontais
2.1 An cúlra a thabhairt: na forbairtí is déanaí
2.1.1 Praghsanna agus costais fuinnimh: treochtaí atá ann le déanaí
2.1.1 Slabhraí soláthair domhanda acmhainní agus ábhar: leochaileachtaí agus bristeacha
2.1.2 Tionchar COVID‑19 agus téarnamh
2.1.3 Caipiteal daonna & scileanna
2.2 Treochtaí taighde agus nuálaíochta
2.3 Timpeallacht iomaíoch dhomhanda an fhuinnimh ghlain
2.4 Timpeallacht an chistiúcháin nuálaíochta san Aontas
2.5 Tionchair athraithe shistéamaigh
3. Béim ar theicneolaíochtaí agus ar réitigh fuinnimh ghlain ríthábhachtacha
3.1. Fótavoltachas gréine
3.2. Gaoth ón talamh agus gaoth ar talamh
3.3. Teaschaidéil le haghaidh feidhmiúcháin tógála
3.4. Ceallraí
3.5. Táirgeadh hidrigine inathnuaite trí leictrealú uisce
3.6. Breoslaí inathnuaite
3.7. Teicneolaíochtaí cliste le haghaidh bainistíocht fuinnimh
3.8. Príomhthorthaí ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain eile
4. Conclúid
IARSCRÍBHINN I: Creat Modheolaíoch chun Measúnú a dhéanamh ar iomaíochas an Aontais
1.Réamhrá
Chuir an fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin isteach go mór ar chóras fuinnimh an domhain. Léiríodh leis róspleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus cuireadh i dtábhacht leis an gá le hathléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a fheabhsú, rud ar cuireadh dúshlán roimhe cheana le géarchéim COVID‑19 1 . D’fhág na praghsanna fuinnimh a bhí níos airde ná riamh agus riosca na nganntanas soláthair ar fud an Aontais go bhfuil sé níos práinne fós dlús a chur leis an aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach faoin gComhaontú Glas don Eoraip 2 agus córas fuinnimh atá níos sláine, níos inacmhainne, níos athléimní agus níos neamhspleáiche a áirithiú.
Sa bhliain 2022 tháinig an plean REPowerEU chun cinn 3 , eilimint ríthábhachtach de fhreagairt bheartais an Aontais ar an ngéarchéim nach bhfacthas riamh cheana. Is treochlár é an plean chun deireadh a chur a luaithe is féidir le spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh na Rúise trí bhearta maidir le caomhnú fuinnimh, éagsúlú na soláthairtí fuinnimh agus rolladh amach luathaithe an fhuinnimh inathnuaite.
Thairis sin, leis an Teachtaireacht ’Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ 4 , chuir an Coimisiún plean ar aghaidh chun laghdú 15 % a dhéanamh ar úsáid gáis san Aontas go dtí an t‑earrach seo chugainn. Ghlac an Chomhairle dhá rialachán maidir le stóráil agus chomhordaigh sí bearta laghdaithe éilimh le haghaidh gáis faoi seach 5 . I mí Mheán Fómhair 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh ’Rialachán maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh’ 6 chun tionchar praghsanna fuinnimh ar thomhaltóirí an Aontais a mhaolú, agus aghaidh á tabhairt an tráth céanna ar an luaineacht agus ar an éiginnteacht nach bhfacthas riamh cheana i margaí fuinnimh an Aontais agus i margaí fuinnimh domhanda. Go háirithe, ar an idirghabháil sin áirítear laghdú ar ídiú leictreachais, caidhp ioncaim le haghaidh giniúint cumhachta infrimeallach, agus ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach, shainordaitheach ó chuideachtaí breosla iontaise.
Chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach éileofar infheistíocht charnach bhreise EUR 210 billiún idir seo agus 2027 i dteannta na hinfheistíochta is gá cheana féin chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 7 . Leis an infheistíocht sin tacófar le cur in úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a uas‑scálú agus a bhrostú go mór (e.g. fótavoltachas gréine, gaoth, teaschaidéil, teicneolaíochtaí caomhnaithe fuinnimh, bithmheatán agus hidrigin inathnuaite), rud a bhfuil ríthábhacht leis chun dul i ngleic leis an bpráinn dhúbailte fuinnimh agus aeráide. Chun na dúshláin theicneolaíocha agus neamhtheicneolaíocha ghaolmhara a shárú éileofar freisin earnáil fuinnimh ghlain láidir agus iomaíoch de chuid an Aontais.
Leis an bplean REPowerEU deimhníodh an gealltanas chun sprioc fhadtéarmach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach maidir leis an Aontas a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050, agus chun an pacáiste ʻOiriúnach do 55’ a cuireadh i láthair in Iúil 2021 a chur chun feidhme go hiomlán 8 . Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach éileofar ar an Aontas réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite nuálacha a fhorbairt, a chur chun cinn agus a uas‑scálú. Chun go ndéanfar leath de na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leo faoi 2050 éileofar teicneolaíochtaí nach bhfuil réidh don mhargadh fós 9 , mar sin is comhchuid thar a bheith tábhachtach iad gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) chun ceannasacht theicneolaíoch agus iomaíochas domhanda an Aontais a mhéadú.
Laistigh den chreat sin, agus i gcomhréir le heagráin roimhe sin, leis an tríú tuarascáil bhliantúil seo ar an dul chun cinn maidir le hiomaíochas 10 cuirtear i láthair staid reatha agus réamh‑mheasta na himeartha le haghaidh teicneolaíochtaí agus réitigh difriúla fuinnimh ghlain agus ísealcharbóin 11 . Mapáiltear léi freisin na gnéithe taighde, nuálaíochta agus iomaíochais de chórasfuinnimh ghlain an Aontais ina iomláine 12 .
Bhí tábhacht le heagrán 2021 chun measúnú a dhéanamh ar théarnamh eacnamaíoch COVID‑19, toisc gur cuireadh i dtábhacht leis conas is féidir tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma le feabhsuithe ar iomaíochas.
Le tuarascáil na bliana seo ní mór glao an Aontais ar rolladh amach níos airde na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus tionchar na géarchéime fuinnimh ar an earnáil a chur san áireamh. Ina fhianaise sin, leis an tuarascáil tógtar ar na sonraí atá ar fáil chun léargais a sholáthar ar bhealaí chun iomaíochas an Aontais i slabhraí luacha fuinnimh straitéisigh a threisiú, agus leathadh theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain an Aontais á mhéadú freisin. An tráth céanna, fágann forbairtí geopholaitiúla, fuinnimh agus aeráide atá leanúnach agus atá ag athrú go tapa nach féidir an staid, nach bhfacthas riamh cheana, a léiriú go leordhóthanach i gcónaí leis na sonraí cainníochtúla is cothroime le dáta. Dá bhrí sin, leis an tuarascáil seo dírítear ar an dul chun cinn a rinneadh go deireadh 2021, ag tógáil ar na sonraí comhdhlúite a bhí ar fáil go dtí sin. Léiríodh sonraí níos déanaí nuair a bhí siad ar fáil agus i gcás ina raibh siad iontaofa. Mar sin féin, is gann iad na sonraí sin agus dá bhrí sin ní féidir tionchar na géarchéime fuinnimh reatha ar iomaíochas na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a léiriú go hiomlán leo. Aon uair is féidir, agus chun na dúshláin a bhí roimh an earnáil fuinnimh ghlain le déanaí agus a dtionchar ar an earnáil sin a chur san áireamh, leis an anailís tógtar ar na himpleachtaí atá sofheicthe cheana féin agus ar na measúnuithe cáilíochtúla le haghaidh na bliana 2022; mar sin féin ní féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar iomlán ach i dtuarascáil na bliana seo chugainn ar an dul chun cinn.
Is coincheap casta agus ilghnéitheach é an t‑iomaíochas nach féidir a shainiú le táscaire aonair 13 . Leis an tuarascáil seo dá bhrí sin déantar measúnú ar iomaíochas chóras fuinnimh ghlain an Aontais ina iomláine (Roinn 2), agus ar iomaíochas teicneolaíochtaí agus réiteach fuinnimh ghlain sonrach (Roinn 3) trí anailís a dhéanamh ar thacar sainithe táscairí (Iarscríbhinn I). Ón mbliain seo, déanfaidh Faireachlann Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain (CETO) an Choimisiúin an anailís fhianaisebhunaithe mhion atá mar bhonn taca faoin tuarascáil seo 14 .
Foilsítear an tuarascáil seo i gcomhréir le hAirteagal 35(1)(m) den Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide 15 agus tá sí ag gabháil leis an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh 16 .
2.Iomaíochas foriomlán earnáil fuinnimh ghlain an Aontais
2.1An cúlra a thabhairt: na forbairtí is déanaí
2.1.1Praghsanna agus costais fuinnimh: treochtaí atá ann le déanaí
Mar a luaitear i dtuarascálacha roimhe sin ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas, tá praghsanna leictreachais agus gáis tionsclaíocha níos airde san Aontas ná mar a bhí i bhformhór na dtíortha G20 nach Ballstáit den Aontas iad le 10 mbliana anuas. Le hionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin méadaíodh na praghsanna a bhí níos airde ná riamh cheana féin agus a breathnaíodh in 2021 san Aontas agus i mórán réigiúin eile den domhan. Bhí praghsanna gáis mórdhíola san Eoraip cúig huaire níos airde sa chéad ráithe de 2022 ná mar a bhí bliain roimhe sin agus i mí Lúnasa 2022 shroich siad pointe a bhí ard ó thaobh na staire de, sular thit siad chuig leibhéil níos ísle. Ós rud é gur minic gur socraitheoir praghsanna i margaí Eorpacha iad na gléasraí cumhachta gáis, tháinig treocht chomhchosúil as sin le haghaidh praghsanna leictreachais mórdhíola 17 . Rinneadh difear leo freisin do chostais mhonaraíochta le haghaidh earnálacha áirithe, go háirithe, tionscail dianfhuinnimh. Tá ag méadú ar phraghas tráchtearraí freisin. Leis an gcúigiú tuarascáil ar Phraghsanna agus Costais Fuinnimh 18 , rud atá le glacadh i ndeireadh 2022, soláthrófar sonraí cainníochtúla agus anailís a bheidh cothrom le dáta.
Tá bearta éagsúla déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit cheana féin ó 2021 chun cuidiú le tionchar na n‑ardphraghsanna fuinnimh a mhaolú 19 . Ar thogra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le hIdirghabháil Éigeandála chun Aghaidh a thabhairt ar Phraghsanna Arda Fuinnimh, arna chomhaontú ag an gComhairle i mí Mheán Fómhair 2022, áirítear uirlisí chun laghdú de thart ar 4 % a dhéanamh le linn an gheimhridh ar úsáid gáis chun cumhacht a ghiniúint, rud lena laghdófar brú ar phraghsanna, agus togra chun níos mó ná EUR 140 billiún a chruinniú le haghaidh na mBallstát chun cuidiú le tionchar ardphraghsanna fuinnimh ar thomhaltóirí a mhaolú 20 .
Cé go leanann tionchar na treochta sin ar shlabhra luacha na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain de bheith measctha, is féidir go léireofar leis sin feabhsú ar a n‑iomaíochas, go háirithe i gcomparáid le roghanna malartacha neamh‑inathnuaite 21 . Mar shampla, tá giniúint leictreachais fótavoltachais ghréine ar an bhfoinse giniúna is saoire cheana féin i ngrúpa tíortha a bhfuil a líon ag méadú. I dtáirgeadh hidrigine inathnuaite trí leictrealú uisce, áfach, tá costas leictreachais ar cheann de na príomhfhachtóirí lena ndéantar difear d’inmharthanacht eacnamaíoch leictrealóirí.
Figure 1 soláthraítear níos mó léargas ar chostais teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. Tugtar léargas leis ar ríomhanna meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh (LCOE) le haghaidh na bliana 2021 i gcás réimse dálaí ionadaíocha 22 ar fud an Aontais. Leis na torthaí léirítear go raibh cabhlaigh theicneolaíochta lena mbaineann costais inathraitheacha ísle (lena n‑áirítear costais oibriúcháin inathraitheacha agus costais bhreosla) fíorchost‑iomaíoch in 2021. Is i gcás giniúint cumhachta gréine agus gaoithe ag a bhfuil LCOE sa raon EUR/MWh 40 go 60 is láidre an toradh sin. Thairis sin, is cosúil go raibh an cabhlach Gástuirbín Comh‑Thimthrialla (CCGT) níos iomaíche ar an meán in 2021 ná giniúint ghualbhreoslaithe. Thairbhigh CCGT den seoladh roghnaithe le linn na chéad trí ráithe de 2021, cé nár tháinig an malartú breosla chun bheith tábhachtach ach sa cheathrú ráithe de 2021. Rinneadh foráil leis sin maidir le fachtóirí toillte i bhfad níos airde le haghaidh CCGT in 2021 23 . Le hardú na bpraghsanna gáis leanadh de bheith ag tacú leis an malartú ó ghás chuig gual le linn na chéad ráithe de 2022, d’ainneoin an mhéadaithe ar phraghsanna carbóin. Mar sin féin, leis na hardphraghsanna guail i dtús an dara ráithe de 2022 tosaíodh ar an mbearna a dhruidim, agus is é a tháinig as fógraí a thug Ballstáit áirithe le déanaí chun úsáid gléasraí gualbhreoslaithe a mhéadú ionchais go dtiocfaidh ardú breise ar phraghsanna guail sna míonna atá le teacht.
Fíor 1: Léargas ar mheánchostais iomlána táirgthe fuinnimh (LCOE) a bhaineann go sonrach le cabhlach teicneolaíochta le haghaidh na bliana 2021. Leis na barraí bánghorma taispeántar raon ar fud AE27. Seasann na línte gorma tiubha d’airmheán.
Foinse: Samhail ionsamhlúcháin METIS de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, 2022 24
Leis na praghsanna fuinnimh an‑ard gineadh gnóthachain airgeadais mhóra le haghaidh táirgeoirí leictreachais ag a bhfuil costais imeallacha níos ísle (e.g. iad sin a oibríonn sna hearnálacha fuinnimh gaoithe agus gréine). Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún rialachán maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh 25 , rud a comhaontaíodh go polaitiúil ag cruinniú urghnách na Comhairle Fuinnimh an 30 Meán Fómhair. Ar an rialachán sin áirítear caidhpeáil agus athdháileadh sealadach na n‑ioncam teicneolaíochtaí infrimeallacha chun deacrachtaí le haghaidh tomhaltóirí fuinnimh agus na sochaí go ginearálta a mhaolú. Áirítear air freisin ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach shainordaitheach ag a bhfuil feidhm maidir le brabúis gnólachtaí atá gníomhach sna hearnálacha amhola, gáis nádúrtha, guail agus scaglainne, ar ar tháinig méadú mór i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Tá an ghéarchéim reatha fuinnimh/breosla iontaise ar an meabhrúchán is déanaí dá bhfuil ann ar an ngá atá le hathrú ar pharaidím chun cobhsaíocht todhchaí a áirithiú.
Leis an bplean REPowerEU éilítear uas‑scálú agus brostú ollmhór fuinnimh inathnuaite i nginiúint cumhachta, tionscal, foirgnimh agus iompar – ní hamháin chun dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais, agus borradh a chur faoin aistriú glas, ach freisin chun praghsanna leictreachais a ísliú agus allmhairí breosla iontaise a laghdú le himeacht ama 26 . Ar na bearta áireofar borradh a chur faoin bhfuinneamh inathnuaite lena n‑éileofar bonneagar leictreachais a bheidh oiriúnach don fheidhm. Chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, is gá cur in úsáid fuinnimh inathnuaite a chomhcheangal le bearta caomhnaithe fuinnimh agus éifeachtúlachta fuinnimh 27 .
2.1.1Slabhraí soláthair domhanda acmhainní agus ábhar: leochaileachtaí agus bristeacha
I dteannta ábhair imní maidir le hiontaofacht na slabhraí soláthair atá ann cheana, agus go háirithe, soláthar an gháis nádúrtha, is é a tháinig as an bpaindéim COVID‑19 agus as an gcomhthéacs geopholaitiúil reatha bristeacha ar shlabhraí soláthair domhanda ábhar agus acmhainní áirithe, agus dá bhrí sin rinneadh difear leo don earnáil fuinnimh ghlain. Braitheann an tAontas go mór ar sholáthairtí ó thríú tíortha agus cothófar an t‑aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach le rochtain ar amhábhair. Leis na treochtaí a bhí ann le déanaí i slabhraí soláthair domhanda ábhar agus acmhainní, cuireadh i dtábhacht an phráinn chun athléimneacht an Aontais agus a shlándáil soláthair fuinnimh a neartú trí neamhspleáchas ábhar agus acmhainní, agus trí cheannasacht teicneolaíochta.
Tá infhaighteacht ábhar agus athléimneacht slabhraí soláthair ina réamhriachtanas chun REPowerEU a bhaint amach, toisc go bhfuil dlúthbhaint ag an éileamh méadaithe ar theicneolaíochtaí glana le héileamh níos airde ar acmhainní amhail miotail agus mianraí. Ar na teicneolaíochtaí atá ag brath go mór ar amhábhair allmhairithe, nó ar chomhpháirteanna ina bhfuil na hábhair sin tá gaoth (buanmhaighnéid, dúile tearc‑chré), fótavoltachas gréine (airgead, gearmáiniam, gailliam, indiam, caidmiam, miotal sileacain), agus ceallraí (cóbalt, litiam, graifít, mangainéis, nicil) 28 . Tuarann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) go bhfuil an t‑éileamh domhanda iomlán ar mhianraí, de bharr an rollta amach foinsí inathnuaite fuinnimh a fógraíodh, le méadú faoi dhó nó fiú cheithre fiú faoi 2040 29 .
Le praghsanna amhábhair atá ag méadú as éadan déantar difear do chostais na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. In 2021 tháinig méadú níos mó ná dhá oiread ar phraghsanna na dtráchtearraí is gá le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin, amhail litiam agus cóbalt, cé gur tháinig méadú 25 % go 40 %, nó mar sin, orthu sin le haghaidh copair agus alúmanaim 30 . An bhliain chéanna, aisiompaíodh an treocht a mhair 10 mbliana maidir le laghduithe costais le haghaidh tuirbíní gaoithe agus Modúil fótavoltachais gréine: i gcomparáid le 2020, tháinig méadú 9 % agus 16 % ar a bpraghsanna faoi seach. Beidh pacáistí ceallra 15 % ar a laghad níos costasaí in 2022 ná mar a bhí in 2021 31 .
Dúshlán atá ag teacht chun cinn is ea a áirithiú nach é a chuirfear in ionad spleáchais ar bhreosla iontaise spleáchas ar amhábhair allmhairithe agus ar an saineolas teicneolaíoch lena bpróiseáil agus le haghaidh comhpháirteanna monaraíochta. Mar shampla, tá monaplacht ag an tSín nach mór sna dúile tearc‑chré atá ríthábhachtach le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bhaint agus a phróiseáil, i dteannta suíomh láidir ar an margadh laistigh dá slabhra táirgeachta.
Trí chuid atá i gceist le dúshlán an spleáchais ar acmhainní. Ar an gcéad dul síos, tá iomaíochas méadaithe roimh an Aontas chun rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla de réir mar a mhéadaíonn tíortha eile a n‑iarrachtaí féin chun cur lena n‑inniúlachtaí agus srian féideartha a chur lena n‑onnmhairí. Déantar leath den 30 Amhábhar Criticiúil atá liostaithe ag an Aontas 32 a allmhairiú i gcionta os cionn 80 % i dtoirt, rud atá ina ábhar imní ar leith ós rud é go bhfuil an soláthar comhchruinnithe i bhfíorbheagán tíortha.
Ar an dara dul síos, d’ainneoin an dul chun cinn shuntasaigh a rinneadh ó thaobh rátaí an gheilleagair chiorclaigh agus na hathchúrsála (déantar athchúrsáil ar níos mó ná 50 % de mhiotail áirithe 33 anois, lena gcumhdaítear níos mó ná 25 % dá n‑ídiú 34 ), ní bheidh amhábhair thánaisteacha iontu féin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar éileamh atá ard – agus atá fós ag fás. Tá dúshláin bhreise ag gabháil le hamhábhair thánaisteacha freisin (e.g. costais athchúrsála níos airde le haghaidh ábhair áirithe, féidearthacht theicniúil agus infhaighteacht neamh‑leordhóthanach cóimeálacha deireadh ré). Mar sin féin, cuirfear feabhas ar eacnamaíocht na hathchúrsála de réir mar a mhéadaíonn costas ábhar príomhfhoinsithe agus toirt na gcóimeálacha deireadh ré atá ar fáil. Dá bhrí sin, beidh amhábhair thánaisteacha ina bhfoinse thábhachtach soláthair tar éis 2030 - ar choinníoll go dtosaítear ar an infheistíocht is gá láithreach. Tá an‑tábhacht freisin le dearadh in‑athchúrsáilteachta nuálach.
Ar an tríú dul síos, tá poitéinseal teoiriciúil ann idir 5 agus 55 % de riachtanais na hEorpa a chumhdach in 2030 trí amhábhair a úscadh as ithreacha na hEorpa 35 . Mar sin féin, tá bacainní roimh chumais mianadóireachta intíre a chothú de dheasca nósanna imeachta ceadaithe fada agus ábhair imní chomhshaoil, toilleadh scagtha neamh‑leordhóthanach agus easpa lucht saothair oilte agus saineolais. Tá an togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Ceallraí 36 ina shampla de thionscnamh suaitheanta lena gcuideofar leis an Eoraip teacht chun bheith ina ceannaire i ngeilleagar ciorclach na gceallraí – ag tosú le mianadóireacht inbhuanaithe agus ag críochnú le hathchúrsáil.
De dheasca ganntanas acmhainní, amhail acmhainní talún agus uisce – cibé acu chun grianfhuinneamh, fuinneamh gaoithe nó bithfhuinneamh a lonnú, nó le haghaidh leictrealú uisce chun hidrigin inathnuaite a tháirgeadh – d’fhéadfaí cur in úsáid breise na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain ar an leibhéal inmhianaithe san Aontas a shrianadh. Ach ilúsáidí an spáis sin amhail agrafhótavoltachas a éascú (lena gcomhcheanglaítear táirgeadh fótavoltachais talmhaíochta agus fótavoltachais gréine) agus láithreáin sa phleanáil spásúil mhuirí a ainmniú le haghaidh gníomhaíochtaí comhuaineacha amhail iascaigh agus fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta, is féidir cuidiú leis na srianta sin a shárú. An tráth céanna, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit infhaighteacht uisce san áireamh agus an meascán fuinnimh á dhearadh.
Beidh ríthábhacht le cur chuige éifeachtach maidir le spleáchas an Aontais, ar allmhairí na n‑amhábhar a éilítear chun teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a mhonarú, chun iomaíochas todhchaí na hearnála a áirithiú (ó thaobh costas, ceannasacht teicneolaíochta agus athléimneachta) agus chun an t‑aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach a bhaint amach. D’fhoilsigh an Coimisiún plean gníomhaíochta in 2020 37 chun riosca soláthair a mhaolú. Áiríodh air sin gníomhaíochtaí chun foinsiú lasmuigh den Aontas a éagsúlú (e.g. trí chomhpháirtíochtaí amhábhar straitéiseacha); an geilleagar ciorclach a chothú (e.g. trí éicidhearthóireacht, T&N nó infhaighteacht na n‑amhábhar criticiúil a mhapáil sa mhianach uirbeach nó fuíoll); agus poitéinseal intíre a chumasú (e.g. ag úsáid theicneolaíocht fhaire na cruinne). I dteannta soláthar a dhaingniú, is féidir gur gá don Aontas freisin cur le cúlchistí straitéiseacha i gcás ina mbeidh an soláthar i mbaol. Dá bhrí sin, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh an 14 Meán Fómhair 2022.
2.1.2Tionchar COVID‑19 agus téarnamh
Bhí tionchar eacnamaíoch measctha COVID‑19 ina mhórbhagairt ar earnáil fuinnimh ghlain an Aontais in 2020‑2021.
Ar thaobh amháin, le láimhdeachas EUR 163 bhilliún in 2020 agus oll‑bhreisluach (OBL) EUR 70 billiún, tháinig méadú 9 % agus 8 % faoi seach ar thionscal fuinnimh inathnuaite an Aontais i gcomparáid le figiúirí 2019. Ar an bhforiomlán, ghin sé thart ar cheithre huaire níos mó breisluacha in aghaidh an euro láimhdeachais 38 ná mar a gineadh sa tionscal breosla iontaise, agus nach mór 70 % níos mó ná earnáil monaraíochta fhoriomlán an Aontais 39 . Mar sin féin, chuaigh an cóimheas sin in olcas de bheagán in 2020, rud a léirigh sceitheadh méadaithe (e.g. i bhfoirm allmhairí).
In 2021, tháinig méadú mór ar mhonarú an Aontais 40 d’fhormhór na dteicneolaíochtaí agus na réiteach fuinnimh ghlain , rud a d’aisiompaigh an treocht a bhí ann in 2020. Bhí togha bliana ag an Aontas ó thaobh táirgeadh ceallraí agus méadú faoi cheithre ag teacht ar luach an táirgthe i gcomparáid le luachanna 2020 de réir mar a tháinig níos mó toillte ar líne. Tháinig fás 30 % ar tháirgeadh teaschaidéal, gaoithe agus fótavoltachais gréine in 2021 (bhí an bhliain ab fhearr riamh ag teaschaidéil; tháinig borradh faoi tháirgeadh gaoithe arís go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim; agus le fótavoltachas gréine aisiompaíodh an treocht mheathlaitheach a bhí ann ó 2011). Tháinig fás 40 % ar tháirgeadh bithbhreoslaí, bithdhíosal go príomha, agus mhéadaigh sé go forleathan ar fud na mBallstát, cé gur tháinig méadú 5 % ar tháirgeadh bithfhuinnimh (e.g. millíní, iarmhair stáirse agus sliseanna adhmaid). Tháinig ardú 50 % nach mór ar tháirgeadh hidrigine 41 de réir mar a mhéadaigh an Ísiltír a táirgeacht níos mó ná dhá oiread in 2021.
Leis an méadú comhuaineach ar phraghsanna a thosaigh in 2021 is féidir mar sin féin go dtabharfar léargas ródhearfach ar fhás táirgeachta. Ina theannta sin, i dteicneolaíochtaí áirithe méadaíodh allmhairí chun freastal ar an éileamh méadaitheach san Aontas. Mar shampla, bhí 2021 ar an mbliain ina raibh an méadú coibhneasta ba mhó in easnamh trádála an Aontais i dteaschaidéil (EUR 390 milliún in 2021 i gcomparáid le EUR 40 milliún in 2020, agus bhí 2020 ar an gcéad bhliain inar iompaigh barrachas trádála an Aontais ina easnamh), agus bithbhreoslaí ina dhiaidh sin (EUR 2.3 billiún in 2021; EUR 1.4 billiún in 2020) agus fótavoltachais ghréine (EUR 9.2 billiún in 2021; EUR 6.1 billiún in 2020). Mar sin féin, choinnigh an tAontas comhardú trádála dearfach ar bun sa teicneolaíocht fuinnimh gaoithe (EUR 2.6 billiún in 2021; EUR 2 bhilliún in 2020) agus i dteicneolaíocht hidreachumhachta, d’ainneoin treocht laghdaitheach a breathnaíodh ó 2015 (EUR 211 mhilliún in 2021; EUR 232 mhilliún in 2020).
Tá beartais téarnaimh eacnamaíoch an Aontais amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) laistigh de NextGenerationEU 42 , ina bpríomhspreagthóir chun infheistíochtaí a athdhíriú agus a fheabhsú san earnáil fuinnimh ghlain. I mí Dheireadh Fómhair 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú 43 maidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach 44 chun caibidil REPowerEU thiomnaithe a chur i bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) na mBallstát chun príomhinfheistíochtaí agus príomh‑athchóirithe a mhaoiniú lena gcuideofar leis na cuspóirí REPowerEU a bhaint amach 45 .
Sháraigh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a mhol na Ballstáit ina RRPanna na spriocanna aeráide agus caiteachais dhigitigh araon go dtí seo (37 % agus 20 % ar a laghad de chaiteachas RRP faoi seach) 46 . Sna 26 47 RRP a d’fhormheas an Coimisiún faoin 8 Meán Fómhair 2022, tiomnaíodh bearta arbh fhiú thart ar EUR 200 billiún iad don aistriú aeráide agus tiomnaíodh EUR 128 mbilliún ar an gclaochlú digiteach 48 , sin é 40 % agus 26 % de leithdháileadh iomlán na mBallstát sin (deontais agus iasachtaí) faoi seach.
Fíor 2: T&F&N i ngníomhaíochtaí glasa in RRPanna mar sciar (ais ar chlé) agus dearbhmhéid (ais ar dheis). Tugtar an déine T&F in aghaidh OTI (ais ar dheis) freisin chun comparáid a dhéanamh.
Foinse: JRC bunaithe ar shonraí DG ECFIN
Ar na 25 RRP a d’fhormheas an Chomhairle an 8 Meán Fómhair 2022 áirítear bearta a bhaineann le T&N le haghaidh buiséad iomlán EUR 47 milliún 49 (lena n‑áirítear infheistíochtaí téamacha agus cothrománacha araon 50 ). Laistigh den fhigiúr sin, leithdháileadh EUR 14.9 billiún ar infheistíochtaí i dTaighde, Forbairt agus Nuálaíocht (T&F&N) i ngníomhaíochtaí glasa ( Figure 2 ).
2.1.3Caipiteal daonna & scileanna
Leis na sonraí is déanaí maidir le caipiteal daonna domhanda, léirítear cé gurb amhlaidh a bhí an earnáil fuinnimh ghlain athléimneach le linn phaindéim COVID‑19, gur tháinig méadú ar bhearnaí scileanna agus ar ghanntanais in 2021 agus tá coinne leis go leanfaidh siad ar aghaidh in 2022.
Shroich fostaíocht in earnáil fuinnimh ghlain an Aontais go ginearálta 51 1.8 milliún in 2019, agus meánfhás bliantúil 3 % ann ó 2015 52 , sin é 1 % d’fhostaíocht iomlán an Aontais. I gcomparáid leis sin, tháinig fás 1 % in aghaidh na bliana ar an meán ar fhostaíocht sa gheilleagar foriomlán 53 , cé gur tháinig meath 2 % ar fhostaíocht sa tionscal fuinnimh iontaise le 10 mbliana anuas 54 . Rangaíodh an tSín sa chéad áit ar domhan in 2020 (39 %) agus an tAontas ina dhiaidh sin (11 %) 55 san fhostaíocht dhomhanda san earnáil ʻFuinnimh Inathnuaite’, rud lena raibh 12 mhilliún post san iomlán i gceist 56 .
D’athraigh comhdhéanamh na bpost in earnáil fuinnimh ghlain an Aontais go ginearálta ar bhealaí éagsúla 57 . Tá an tionscal teaschaidéil 58 ag dul thar na hearnálacha bithbhreoslaí soladacha 59 agus fuinnimh gaoithe, mar an fostóir is mó. Is é is cúis leis sin go príomha an méadú ar shuiteáil teaschaidéal. Is dócha go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh leis an bplean REPowerEU agus leis na tairiscintí táirge nua atá ar fáil le haghaidh na hearnála athchóiriúcháin 60 . Ina theannta sin, tá an earnáil fuinnimh ghlain 20 % níos táirgiúla ná an geilleagar foriomlán ar an meán. Ó 2015, bhí méadú níos tapúla ag teacht ar tháirgiúlacht oibre san earnáil fuinnimh ghlain (2.5 % go bliantúil) ná mar a bhí sa gheilleagar foriomlán (1.8 % go bliantúil). Bhí an méadú sin faoi stiúir na hearnála leictrea‑shoghluaisteachta (5 % go bliantúil) agus foinsí inathnuaite fuinnimh (4 % go bliantúil), agus breathnaíodh treochtaí difriúla de réir na dteicneolaíochtaí.
Mar sin féin, maidir le nach mór 30 % de ghnólachtaí de chuid an Aontais ag a bhfuil baint le monarú trealaimh leictrigh 61 bhí ganntanais saothair acu in 2022, ganntanais a shroich leibhéil a bhí níos airde ná na leibhéil in 2018 fiú. Is é is cúis leis sin go príomha an téarnamh eacnamaíoch foriomlán ón bpaindéim comhcheangailte le moille na hearnála fuinnimh ghlain chun na hacmhainneachtaí scileanna a éilítear leis an aistriú éiceolaíoch agus digiteach a chothú 62 . Agus ganntanais ábhar roimh os cionn 70 % de ghnólachtaí de chuid an Aontais ag a bhfuil baint le monarú trealaimh leictrigh in 2022, léirítear leis na treochtaí sin an méadú atá ag teacht ar riosca na mbristeacha ar an slabhra soláthair fuinnimh ghlain ( Figure 3 ).
Fíor 3: Ganntanais saothair agus ábhair a bhain do mhonaróirí trealaimh leictrigh de chuid an Aontais agus d’earnáil monaraíochta iomlán an Aontais [%].
Foinse: JRC bunaithe ar shonraí Suirbhé Gnó ó DG ECFIN 63
Leis an bplean REPowerEU éilítear iarrachtaí méadaithe chun na ganntanais sa lucht saothair oilte a shárú i ndeighleoga éagsúla den teicneolaíocht fuinnimh ghlain. Chuige sin agus ag tógáil ar na gníomhaíochtaí atá ann cheana laistigh den Aontas 64 , leis an bplean fógraítear tacaíocht le haghaidh scileanna trí ERASMUS+ 65 agus tríd an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan 66 . Le straitéis an Aontais um an ngrianfhuinneamh moltar gníomhaíochtaí sonracha freisin 67 . Ghlac an Fóram Tionsclaíoch um Fhuinneamh Glan (CEIF) 2022 an Dearbhú Comhpháirteach maidir le Scileanna 68 , lenar gealladh bearta coincréiteacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais a sainaithníodh sa lucht saothair oilte 69 . In 2022, ghlac an Chomhairle moladh freisin lena n‑iarrtar ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar na gnéithe fostaíochta agus sóisialta de bheartais aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil 70 . Mhol an Coimisiún Eorpach an 12 Deireadh Fómhair 2022 Bliain Eorpach na Scileanna a dhéanamh de 2023 chun go mbeidh an tAontas níos tarraingtí le haghaidh oibrithe oilte 71 .
Leanann míchothromaíochtaí inscne de bheith ann i lucht saothair earnáil an fhuinnimh agus sa taighde agus sa nuálaíocht fuinnimh, cé go bhfuil sonraí comhsheasmhacha agus leanúnacha atá imdhealaithe ó thaobh inscne de in easnamh den chuid is mó 72 . Gannionadaíocht na mban i gcinnteoireacht na gcuideachtaí fuinnimh agus san ardoideachas i bhforéimsí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM), léirítear sin i sciar níos ísle d’iarratais paitinne ó aireagóirí ban (gan ach 20 % sna ranganna paitinne uile in 2021 73 agus beagán os cionn 15 % le haghaidh teicneolaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide 74 ), i sciar níos lú de ghnólachtaí nuathionscanta atáa bunaithe nó comhbhunaithe ag mná (níos lú ná 15 % san Aontas in 2021) 75 agus i méideanna níos ísle de chaipiteal infheistithe i gcuideachtaí faoi stiúir na mban (gan ach 2 % i ngnólachtaí nuathionscanta ar mná ar fad na daoine iontu agus 9 % i bhfoirne measctha san Aontas in 2021 76 ).
Tá dlús á chur ag an Aontas lena iarrachtaí chun éiceachóras cothrom agus comhionann a áirithiú. Ar na tionscnaimh áirítear an straitéis maidir le comhionannas inscne le haghaidh 2020‑2025 77 , an tionscnamh Women TechEU a seoladh in 2022 78 , na critéir incháilitheachta nua a áirítear faoin gclár Fís Eorpach 79 , agus na spriocbhearta coincréiteacha sa Chlár Oibre Nua um Nuálaíocht 2022 80 . Tríd an mbearna idir na hinscní a dhruidim ní hamháin go gcuideofar le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin post agus scileanna an Aontais chun an t‑aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach a bhaint amach, ach tacófar freisin le cuimsiú na mban sna réimsí oibre sin agus le haghaidh a thabhairt, dá réir sin, ar dhúshláin shochaíocha.
2.2Treochtaí taighde agus nuálaíochta
De dheasca an éagobhsaíocht chomhshaoil, gheopholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta a bheith ag dul i méid ar domhan éilítear beartas T&N solúbtha de chuid an Aontais lenar féidir freagairt go héifeachtach dostaid ghéarchéime agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a áirithiú an tráth céanna.
Le beartas T&N de chuid an Aontais múnlaítear treo na nuálaíochta agus punann na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. Tá an clár T&N is mó ar domhan, Fís Eorpach (agus a bhuiséad EUR 95.5 billiún tiomnaithe do T&N in 2021‑2027), agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais (e.g. an ciste nuálaíochta agus cistiú an bheartais comhtháthaithe) beartaithe chun éiceachóras T&N an Aontais a neartú agus cuidiú le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach 81 . I dteannta iarrachtaí comhpháirteacha agus comhordaithe ar fud na mBallstát (go háirithe tríd an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET)) 82 , le gníomhaíochtaí T&N méadaítear athléimneacht earnáil fuinnimh ghlain an Aontais.
Mhéadaigh formhór Bhallstáit an Aontais a n‑infheistíochtaí T&N poiblí i dtosaíochtaí Aontas Fuinnimh an Aontais in 2020 83 , 84 , agus tuairiscíodh níos mó ná EUR 4 bhilliún go dtí seo. Tá coinne leis go mbeidh na figiúirí iomlána críochnaitheacha le haghaidh 2020 inchomparáide le luachanna roimh an ngéarchéim airgeadais i ndearbhthéarmaí. Mar sin féin, nuair a dhéantar iad a thomhas mar chion den Olltáirgeacht Intíre (OTI), fanann infheistíocht in T&N poiblí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, faoi bhun leibhéil 2014 ( Figure 4 ).
Fíor 4: Infheistíochtaí T&N fuinnimh ghlain poiblí i mBallstáit an Aontais mar sciar de OTI ó bhí Fís 2020 ina tús 85 .
Foinse: JRC bunaithe ar IEA 86 agus ar a obair féin 87 .
In 2020, le cistí Fhís 2020 lena dtacaítear le tosaíochtaí T&N an Aontais Fuinnimh cuireadh EUR 2 bhilliún le ranníocaíochtaí chláir náisiúnta na mBallstát. Cé go bhfanann ranníocaíochtaí náisiúnta iontu féin íseal i measc geilleagair náisiúnta, agus cistí Fhís 2020 á n‑áireamh, rangaíodh an tAontas sa dara háit i measc mórgheilleagar in infheistíocht T&N fuinnimh ghlain phoiblí in 2020 ( Figure 5 ) 88 , ó thaobh dearbhchaiteachais de (EUR 6.6 billiún, agus SAM chun tosaigh ag EUR 8 mbilliún) agus mar sciar de OTI (0.046 %, agus an tSeapáin chun tosaigh le 0.058 %, ach díreach chun tosaigh ar SAM agus an Chóiré Theas 89 ).
De réir measúnuithe domhanda, tá an méid a infheistíonn an earnáil chorparáideach ar an meán in T&N fuinnimh ghlain cothrom le trí hoiread ar a laghad an méid a infheistíonn an earnáil rialtais ann 90 . Infheistíocht ó earnáil gnó an Aontais, is é sin 80 % de chaiteachas T&N de chuid thosaíochtaí T&N an Aontais Fuinnimh. In 2019, bhí infheistíocht T&N phríobháideach mheasta san Aontas cothrom le 0.17 % de OTI ( Figure 5 ), agus 11 % de chaiteachas T&F iomlán na hearnála gnó agus fiontair. Le meastacháin i dtaobh an Aontais léirítear go raibh infheistíocht i ndearbhthéarmaí (EUR 18‑22 bhilliún in aghaidh na bliana) inchomparáide le SAM agus leis an tSeapáin ó 2014. Ó thaobh an chéatadáin de OTI, áfach, d’ainneoin infheistíocht an Aontais a bheith níos mó ná SAM, is lú infheistíocht an Aontais ná mórgheilleagair iomaíocha eile (an tSeapáin, an Chóiré Theas agus an tSín).
Fíor 5: Maoiniú T&N poiblí agus príobháideach i dtosaíochtaí T&N an Aontais Fuinnimh i mórgheilleagair mar sciar de OTI
Foinse: JRC bunaithe ar IEA 91 , MI 92 , a n‑obair féin.
Ó 2014, mhéadaigh leath Bhallstáit an Aontais a ngníomhaíocht paitinnithe i gcomhréir le tosaíochtaí T&N an Aontais Fuinnimh, agus seaimpíní nuálaíochta glaise amhail an Ghearmáin agus an Danmhairg ag feidhmiú go láidir ó thaobh dearbhuimhreacha de agus sa sciar de phaitinní glasa araon ina bpunann nuálaíochta fhoriomlán. Lean an tAontas de bheith ar an bpríomhiarratasóir paitinne domhanda i réimsí na haeráide agus an chomhshaoil (23 %), an fhuinnimh (22 %) agus an iompair (28 %).
Ar fud an domhain, bhí aghaidh á tabhairt ar theicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin i mbeagán níos lú foilseacháin eolaíocha in 2020 ná mar a bhí in 2016‑2019. San Aontas, mhéadaigh an líon sin de bheagán in 2016‑2019 (i gcomparáid leis an meán domhanda), agus tháinig meath níos mó air in 2020. Sholáthair an tAontas beagán os cionn 16 % d’ailt eolaíocha ar fud an domhain, ach is amhlaidh a lean sé de níos mó ná leath an mheánlín dhomhanda d’fhoilseacháin a tháirgeadh in aghaidh an duine den daonra 93 .
Is ann don treocht sin go príomha mar gheall ar an líon méadaitheach foilseachán eolaíoch i réimsí eile agus ós rud é gur cosúil nach bhfuil ceannas ag geilleagair ardioncaim a thuilleadh in ábhair a bhaineann le fuinneamh glan agus le nuálaíocht 94 . Bhí an tAontas chun tosaigh i dtaighde fuinnimh 10 mbliana ó shin, ach brúdh an tAontas siar sa dara háit mar gheall ar an bhfeabhsú ollmhór ar chainníocht agus ar cháilíocht aischur na Síne sa taighde fuinnimh. Tá taighdeoirí de chuid na Síne chun tosaigh a mhéid a bhaineann leis na foilseacháin is mó a luaitear maidir le fuinneamh (agus sciar 39 % acu) 95 . Mar sin féin, téann eolaithe de chuid an Aontais i gcomhar agus foilsíonn siad ábhair fuinnimh ghlain go hidirnáisiúnta, go leibhéal atá i bhfad os cionn an mheáin dhomhanda agus tá leibhéal níos airde comhair idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha san Aontas. Bhí clár réime T&N Fhís 2020, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an seachtú clár réime le haghaidh T&N rangaithe i measc an 20 príomhscéim cistiúcháin dhomhanda a aithnítear lena dtacaítear le heolaíocht fuinnimh ghlain sa tréimhse 2016‑2020 96 .
An gá chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar ghníomhaíocht T&N fuinnimh ghlain phoiblí agus phríobháideach agus ar an measúnú cainníochtúil ar iomaíochas, cuireadh i dtábhacht san eagrán deiridh den tuarascáil é 97 agus tá a ríthábhacht imithe i dtreis ó shin. Idir an t‑athbhreithniú ar Phlean SET agus an nuashonrú atá beartaithe ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) 98 atá le déanamh faoi Mheitheamh 2024 99 , tá an móiminteam á chruthú leo sin araon chun an t‑idirphlé, maidir le T&N fuinnimh ghlain agus le hiomaíochas, idir an tAontas agus a Bhallstáit a threisiú.
2.3Timpeallacht iomaíoch dhomhanda an fhuinnimh ghlain
Ar fud an domhain, is é a tháinig as an ngealltanas práinneach chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh forbairt mórán réiteach fuinnimh ghlain, idir theicneolaíochtaí nideoige agus thionscal domhanda agus shlabhraí luacha idirnáisiúnta. Maidir le margaí domhanda meastar gur fiú EUR 24 thrilliún iad i gcás fuinnimh inathnuaite agus EUR 33 thrilliún iad i gcás éifeachtúlachta fuinnimh faoi 2050 100 .
Le ceannaireacht an Aontais san eolaíocht, lena bhonn tionsclaíoch láidir agus lena chreatdálaí fuinnimh ghlain uaillmhianacha, soláthraítear bonn teicneolaíochta maith le haghaidh na forbartha margaidh atá réamh‑mheasta ó thaobh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain éagsúla de. Choinnigh an tAontas a sheasamh maith ar bun i bpaitinní faoi chosaint idirnáisiúnta ó 2014, agus deimhnítear leis sin dá réir sin an treocht a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil na bliana seo caite 101 . Tá níos mó aireagáin ardluacha sa tSeapáin, agus sa tSeapáin amháin, ná mar atá san Aontas 102 , is é atá chun tosaigh i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, agus in éineacht leis an tSeapáin tá an tAontas chun tosaigh san éifeachtúlacht fuinnimh, a bhuí go príomha le speisialtóireacht an Aontais in ábhair agus i dteicneolaíochtaí le haghaidh foirgneamh. Le sonraí paitinnithe an Aontais léirítear a cheannaireacht freisin i mbreoslaí inathnuaite; ceallraí agus leictrea‑shoghluaisteacht; agus teicneolaíochtaí gabhála, stórála agus úsáide carbóin.
Tá coinne leis go dtarlóidh formhór na n‑infheistíochtaí nua i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain lasmuigh den Aontas agus déantar na hamhábhair is gá a thrádáil go hidirnáisiúnta 103 . Fágann sin go bhfuil láithreacht agus feidhmíocht láidir an Aontais i slabhraí luacha domhanda agus a rochtain ar mhargaí tríú tír fíor‑riachtanach. Leis an méadú ar bhearta a rinne rialtais tríú tír (agus bacainní roimh rochtain ar an margadh, ceanglais maidir le hábhair logánta agus bearta nó cleachtais idirdhealaitheacha eile á dtabhairt isteach), is féidir trádáil idirnáisiúnta agus dinimic infheistíochta a shaobhadh mar sin féin. Is féidir go mbeidh tionchar diúltach ag na bearta sin ar phoist, fás agus bonn cánach an Aontais, agus an bonn a bhaint de na tairbhí a bhainfeadh an tAontas de ghnáth as bheith ina phríomhthionscnóir sa réimse sin. Cruthaítear riosca soiléir maidir le ʻéilliú’ leo freisin de dheasca gur féidir tríú tíortha eile a spreagadh leo freisin chun bearta comhchosúla a dhéanamh lena gcruthaítear neamhéifeachtúlachtaí i slabhraí luacha idirnáisiúnta agus lena ndéantar difear ar bhonn níos fadtéarmaí do dhreasachtaí chun infheistiú san earnáil. Leis sin mhéadófaí costais le haghaidh an aistrithe fhoriomláin agus d’fhéadfaí gealltanas leanúnach an phobail i gcoitinne a lagú maidir le dícharbónú domhanda.
Tá ábhar imní ann freisin agus tá sé ag dul i méid ar fud an domhain maidir le tionchar an cheannais teicneolaíochta a bhfuil an stát agus fóirdheontas ina dtaca leis; margaí dúnta; rialacha cosanta intleachtúla (IP) difriúla; beartais nuálaíochta agus iomaíochais san earnáil go háirithe iad sin a chuireann an tSín chun feidhme, chomh maith le tríú tíortha eile. Leis an ngéarchéim gheopholaitiúil reatha rinneadh difear freisin d’iomaíocht sa mhargadh fuinnimh ghlain domhanda, agus beidh le feiceáil conas a d’fhéadfaí tionchar diúltach a bheith ag bearta náisiúnta nua maidir le dlús a chur le rolladh amach intíre na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain (e.g. acht SAM maidir le laghdú boilscithe 104 ) ar an timpeallacht fuinnimh ghlain iomaíoch dhomhanda.
Laistigh den chreat sin, le comhar idirnáisiúnta in T&N ní hamháin go gcuirfear tuilleadh dlúis leis an aistriú fuinnimh ghlain, ach cuirfear in aghaidh briseadh ar an margadh fuinnimh domhanda freisin. Le cláir agus le beartais de chuid an Aontais, amhail Fís Eorpach agus Erasmus+, tacaíodh go comhsheasmhach le comhar T&N le comhpháirtithe domhanda iontaofa. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le The global approach to research and innovation [An cur chuige domhanda maidir le taighde agus nuálaíocht] 105 soláthraítear creat feabhsaithe chun comhar idirnáisiúnta a fhorbairt. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ʻRannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú’ 106 beartaítear géarú ar an gcomhar sin agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt chun tacú leis an aistriú glas maidir le hábhair ríthábhachtacha amhail hidrigin inathnuaite agus ísealcharbóin agus rochtain ar amhábhair agus nuálaíocht. Ina theannta sin, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún A new ERA for research and innovation [Ré nua le haghaidh taighde agus nuálaíochta] 107 éilítear go ndéantar na prionsabail threoracha maidir le luachshocrú eolais a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt. Tá coinne leis go mbeidh cód cleachtais le haghaidh úsáid chliste IP ann faoi dheireadh 2022 108 . Tá an Coimisiún ag cuidiú le comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le fuinneamh, nuálaíocht agus teicneolaíocht trí leanúint de bheith páirteach sa tionscnamh Mission Innovation 109 agus sa Chomhdháil Aireachta um Fhuinneamh Glan. Thairis sin, le straitéis nua an Aontais maidir le cónascadh domhanda, Global Gateway 110 , an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ʻAthbhreithniú ar an mbeartas trádála’ 111 agus leis an gComhpháirtíocht Idirnáisiúnta leis an Afraic Theas um Aistriú Fuinnimh Cóir 112 cuirtear i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta agus le caidreamh trádála a dhoimhniú chun iomaíochas na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a ghiaráil i sineirge le hoscailteacht agus le tarraingteacht mhargadh aonair an Aontais.
Ní mór comhar taighde idirnáisiúnta, aistriú teicneolaíochta, beartas trádála agus taidhleoireacht fuinnimh a chur ag obair i dteannta a chéile chun trádáil agus infheistíocht neamhshaofa a áirithiú sna teicneolaíochtaí, sna seirbhísí agus sna hamhábhair is gá le haghaidh an aistrithe laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Beidh ar an Aontas freisin a phoitéinseal a shaothrú a thuilleadh chun nuálaíocht a uas‑scálú chun go seachnófar an riosca go méadófar a spleáchas ar mhórgheilleagair eile le haghaidh teicneolaíochtaí allmhairithe is gá san aistriú fuinnimh agus in ailtireacht nua an chórais fuinnimh.
2.4Timpeallacht an chistiúcháin nuálaíochta san Aontas 113
Le réitigh teicneolaíochta aeráide 114 cothaítear iomaíochas agus ceannasacht teicneolaíochta an Aontais. In éineacht le glacadh teicneolaíochtaí giniúna níos aibí, beidh ról ríthábhachtach acu chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 115 .
Le 6 bliana anuas mheall réimse theicneolaíocht aeráide an Aontais méid méadaitheach infheistíochta caipitil fiontair (VC) 116 atá ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht. Is féidir go n‑éilíonn teicneolaíocht aeráide agaí fada roimh aibíocht a bhaint amach, mar sin tá gá ríthábhachtach le méid suntasach caipitil ar fud saolréanna cistiúcháin gnólachtaí nuathionscanta; infheistíochtaí in T&N 117 ; gníomhaíocht rialtais chun dí‑rioscú a dhéanamh ar fhorbairt na réiteach teicneolaíochta aeráide, agus spreagadh breise le haghaidh rannpháirtíocht na hearnála príobháidí.
Ar fud an domhain, le hinfheistíocht caipitil fiontair i réimse na haeráide léiríodh athléimneacht iontach i leith na paindéime, agus leibhéil níos airde infheistíochtaí ann cheana in 2020 (EUR 20.2 billiún) agus buaiceanna nua ar an leibhéal is airde riamh in 2021 (EUR 40.5 billiún, méadú 100 % i gcomparáid le 2020 118 ). Laistigh den fhigiúr sin, gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta aeráide, agus gnólachtaí atá ag méadú, atá bunaithe san Aontas, mheall siad EUR 6.2 billiún d’infheistíocht caipitil fiontair in 2021, níos mó ná dhá oiread leibhéal 2020 119 . Is é 15.4 % d’infheistíocht caipitil fiontair teicneolaíochta aeráide dhomhanda atá i gceist leis sin. Bhí 2021 ar an gcéad bhliain freisin ina raibh infheistíochtaí ag céim níos déanaí i dteicneolaíocht aeráide bunaithe san Aontas níos airde ná mar a bhí sa tSín 120 . Mar sin féin, shroich infheistíocht luathchéime buaiceanna nua in SAM agus sa tSín in 2021 ach bhain sí buaic amach san Aontas ( Figure 6 ).
Fíor 6: Infheistíochtaí caipitil fiontair i ngnólachtaí teicneolaíochta aeráide nuathionscanta agus i ngnólachtaí teicneolaíochta aeráide atá ag méadú
Foinse: Mionsaothrú JRC bunaithe ar shonraí PitchBook.
Maidir leis an réimse fuinnimh is é 22 % d’infheistíochtaí caipitil fiontair teicneolaíochta aeráide domhanda a bhí i gceist leis in 2021 (maidir le giniúint fuinnimh ghlain 121 agus le teicneolaíochtaí eangaí 122 is é 13.2 % agus 8.7 % de sin faoi seach a bhí i gceist). Agus na leibhéil nach mór ceithre huaire níos airde (x 3.8) ná mar a bhí in 2020 123 , fanann an réimse fuinnimh taobh thiar den réimse Soghluaisteachta agus Iompair (46 %), ach den chéad uair riamh chuaigh sé thar an réimse Bia agus Úsáide talún (19.6 %).
San Aontas, le hinfheistíochtaí caipitil fiontair i ngnólachtaí fuinnimh deimhníodh an fás marthanach a bhí ann le 4 bliana anuas (méadú 60 % i gcomparáid le 2020). D’ainneoin na feidhmíochta maithe sin, laghdaigh sciar coibhneasta infheistíochtaí caipitil fiontair an Aontais i bhfuinnimh faoina leath in 2021. Agus 10 % d’infheistíocht caipitil fiontair ag an Aontas i ngnólachtaí fuinnimh, tá an tAontas rangaithe sa tríú háit i bhfad ar gcúl ar SAM (62 %) agus an tSín (13.3 %), a thaispeáin leibhéil infheistíochta shármhaithe araon in 2021 faoi stiúir mór‑idirbheart i nginiúint fuinnimh ghlain.
D’ainneoin na dinimice cistiúcháin caipitil fiontair dearfaí san Aontas agus tarraingt teicneolaíochta aeráide bunaithe san Aontas le haghaidh infheisteoirí caipitil fiontair, de dheasca bacainní struchtúracha agus dúshláin shochaíocha 124 tá gnólachtaí teicneolaíochta aeráide atá ag méadú agus atá bunaithe san Aontas fós á gcoinneáil siar i gcomparáid le mórgheilleagair eile. Mar sin féin, le tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe soláthraítear creat chun infheistíocht mharthanach a éascú agus sainítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil. Ina theannta sin, leathnaigh beartas nuálaíochta an Aontais le blianta beaga anuas agus d’athraigh an timpeallacht institiúideach leis sin 125 .
Le colún III d’Fhís Eorpach maidir leis an ʻEoraip Nuálach’ soláthraíodh uirlisí chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna). Sa chomhthéacs sin, is í an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE), lena buiséad EUR 10.1 billiún idir 2021 agus 2027, clár nuálaíochta suaitheanta an Aontais chun teicneolaíochtaí fionnachtana agus nuálaíochtaí ceannródaíocha a shainaithint, a fhorbairt agus a uas‑scálú. Tacaíonn Fís Eorpach freisin le tionscnamh na nÉiceachóras Nuálaíochta Eorpach agus leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Thóg EIT InnoEnergy an t‑éiceachóras nuálaíochta fuinnimh inbhuanaithe is mó ar domhan agus tá sé chun tosaigh freisin sa ghluaiseacht i dtreo Aontas dícharbónaithe faoi 2050 trí cheannaireacht trí shlabhra luacha thionsclaíocha (an Chomhghuaillíocht Eorpach Ceallraí, an Lárionad Eorpach um Luasghéarú Hidrigine Glaise agus an Tionscnamh Gréine Eorpach).
A mhéid a bhaineann le cláir chistiúcháin an Aontais, tá an Ciste don Nuálaíocht ar cheann de na cláir is mó ar domhan 126 chun teicneolaíochtaí nuálacha glana a thaispeáint agus chun iad a chur in úsáid ar scála tionsclaíoch. Tá an clár InvestEU ina ghné mhór de phlean téarnaimh an Aontais, lena dtacaítear le rochtain ar mhaoiniú le haghaidh FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe agus fiontair eile agus lena dtacaítear le hinfhaighteacht an mhaoinithe sin. Leis an mbeartas comhtháthaithe soláthraítear infheistíochtaí mórscála agus fadtéarmacha, go háirithe le haghaidh FBManna, i slabhraí luacha nuálaíochta agus tionsclaíocha chun borradh a chur faoi fhorbairt teicneolaíochtaí inathnuaite agus ísealcharbóin agus samhlacha gnó. Thairis sin, tacaíonn an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI), go héifeachtach leis an bhforbairt teicneolaíochta doimhne a bhfuil gá ag an Aontas léi chun a spriocanna inbhuanaitheachta a bhaint amach. Is é is aidhm do chláir chistiúcháin eile, amhail an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste Aeráide Sóisialta atá beartaithe 127 , cuidiú le hioncaim a threorú ó bheartais aeráide mar thacaíocht leis an aistriú fuinnimh.
Is é is aidhm do na cláir sin agus do thionscnaimh eile de chuid an Aontais, amhail aontas na margaí caipitil (CMU) 128 infheisteoirí príobháideacha a shlógadh a thuilleadh chun gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta aeráide agus doimhne 129 a chistiú. Mar shampla, tá an chomhpháirtíocht cheannródaíoch idir an Coimisiún Eorpach agus Breakthrough Energy Catalyst 130 ina sampla eile den bhealach chun borradh a chur faoi infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí aeráide criticiúla lena dtugtar na hearnálacha poiblí agus príobháideacha le chéile.
Trí shineirgí a chruthú idir cláir agus ionstraimí de chuid an Aontais agus comhtháthú a mhéadú idir éiceachórais nuálaíochta áitiúla an Aontais is féidir cuidiú leis an Aontas teacht chun bheith ina cheannaire domhanda sa teicneolaíocht aeráide, agus an bhearna uas‑scálaithe idir an tAontas agus mórgheilleagair eile á druidim dá réir sin trína bhuanna éagsúla, a shócmhainní intleachtúla agus a chumais thionsclaíocha a ghiaráil. Le Scórchlár Eorpach Nuálaíochta 2022 131 cuirtear i dtábhacht an tábhacht atá le héiceachóras nuálaíochta uile‑Eorpach a bhunú, agus tá Teachtaireacht 2022 ón gCoimisiún ʻan Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht’ 132 ina bheart chun tosaigh cheana féin toisc gurb é is aidhm di láidreachtaí éiceachóras nuálaíochta an Aontais a ghiaráil 133 .
2.5Tionchair athraithe shistéamaigh
Chun an t‑aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach agus an Comhaontú Glas don Eoraip agus cuspóirí ʻOiriúnach do 55’ a bhaint amach, is gá d’earnáil fuinnimh ghlain an Aontais dlús a chur le haistriú paraidíme atá ar bun cheana féin: an gá chun an smaointeoireacht neamh‑chomhtháite a bhriseadh síos idir earnálacha agus comhar a neartú i réimsí cothrománacha (e.g. ról criticiúil na n‑amhábhar, digitiú an chórais fuinnimh agus idirghníomhú teicneolaíochtaí difriúla i bpróisis thionsclaíocha, foirgnimh aonair, agus cathracha). Ar na samplaí den chlaochlú sistéamach sin áirítear: teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bhaineann le foirgnimh; digitiú an chórais fuinnimh; agus comhar idir pobail fuinnimh agus an leibhéal fonáisiúnta.
Teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bhaineann le foirgnimh: le suiteálacha fótavoltachais gréine éigeantacha ar dhíonta agus le méadú faoi dhó an ráta reatha a bhaineann le teaschaidéil aonair a chur in úsáid 134 cuideofar le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Chun na spriocanna sin a bhaint amach éileofar freisin ar an earnáil tógála tacar leathan de réitigh chomhlántacha a chomhtháthú le haghaidh foirgnimh nua, amhail modhanna insliúcháin agus córais rialúcháin éifeachtúla, ach bearta atá tíosach ar acmhainní freisin. Ba cheart an méid sin a bheith fite fuaite leis an ráta athchóiriúcháin a mhéadú agus leis an athchóiriú domhain a chothú. Gné thábhachtach eile is ea stóráil fuinnimh ar an láthair (ceallraí) chun sciartha níos airde de theaschaidéil a chumasú agus buaiceanna foircneacha i nginiúint leictreachais agus i dtarchur/dáileadh a sheachaint. I dteannta infhaighteacht táirgí, tá scileanna suiteála agus seirbhísí oibriúcháin le haghaidh na dteicneolaíochtaí difriúla ríthábhachtach le haghaidh earnálacha fuinnimh ghlain an Aontais agus a iomaíochais.
Digitiú an chórais fuinnimh: tá an digitiú ag leathnú go heaspónantúil: tá méadú faoi thrí tagtha ar thrácht idirlín le 5 bliana anuas amháin, agus is amhlaidh a cruthaíodh thart ar 90 % de na sonraí sa domhan inniu le 2 bhliain anuas 135 . Le dílárú fuinnimh - ar an leibhéal giniúna agus trí na milliúin fearas cliste nasctha, teaschaidéal agus gluaisteán leictreach chomh maith leis sin - tá an córas fuinnimh áitiúil á chlaochlú. Le measúnú le haghaidh Hamburg (an Ghearmáin) léiríodh poitéinseal coigiltis costais suntasach: trí EUR 2 mhilliún a infheistiú in athluchtú cliste chun buaicéileamh a laghdú is féidir go seachnófar an gá chun EUR 20 milliún a infheistiú le haghaidh threisiú na n‑eangach ba ghá chun freastal ar sciar 9 % d’fheithiclí leictreacha sa chathair 136 . Gan bainistíocht chliste a dhéanamh ar riachtanais fuinnimh áitiúla, le teorainneacha toillte i líonraí dáileacháin is féidir an claochlú fuinnimh ghlain a mhoilliú. Mar sin féin, le réitigh dhigiteacha áirithe féadfar ídiú fuinnimh agus astaíochtaí GCT a mhéadú gan bearta éifeachtúlachta iomchuí, amhail dramhaíl teasa a aisghabháil ó lárionaid sonraí.
Comhar idir pobail fuinnimh agus an leibhéal fonáisiúnta: ghlac dhá mhilliún saoránach Eorpach ar a laghad páirt i níos mó ná 8 400 pobal fuinnimh agus rinne siad níos mó ná 13 000 tionscadal ón mbliain 2000 137 . Is binse tástála agus raon feidhme tábhachtach iad pobail fuinnimh le haghaidh teicneolaíochtaí agus réitigh fuinnimh ghlain. Meastar go bhfuil na toilltí fuinnimh inathnuaite iomlána atá suiteáilte ag pobail fuinnimh san Eoraip cothrom le GW 6.3 ar a laghad faoi láthair (i.e. thart ar 1‑2 % den toilleadh suiteáilte ar an leibhéal náisiúnta). Is é fótavoltachas gréine an chuid is mó den toilleadh suiteáilte. Tagann gaoth ar talamh sa chéad áit eile. Trí shamhlacha rannpháirtíochta a fhorbairt le haghaidh níos mó teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, spriocdhírithe go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal, is féidir forbairt níos mó pobail fuinnimh a spreagadh ar fud an Aontais agus, an tráth céanna, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh.
Tá ríthábhacht leis an idirghníomhaíocht a fheabhsú ar fud réimsí cothrománacha, agus na hidirthuilleamaíochtaí á gcur san áireamh idir earnálacha difriúla ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon, chun dlús a chur le cur in úsáid agus le huas‑scálú teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus chun iomaíochas an Aontais a neartú sa mhargadh fuinnimh ghlain domhanda 138 .
3.Béim ar theicneolaíochtaí agus ar réitigh fuinnimh ghlain ríthábhachtacha
Leis an roinn seo cuirtear i láthair an measúnú iomaíochais ar réimse teicneolaíochtaí agus réiteach fuinnimh ghlain atá ríthábhachtach le haghaidh giniúint fuinnimh, stóráil fuinnimh agus comhtháthú córais fuinnimh. Soláthraítear léargas léi freisin ar conas atá an teicneolaíocht agus an margadh ag teacht chun cinn chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus REPowerEU a chomhlíonadh. Leis an roinn seo áirítear anailís ar fhótavoltachas gréine, gaoth, teaschaidéil le haghaidh feidhmiúcháin tógála, ceallraí, táirgeadh hidrigine trí leictrealú, breoslaí inathnuaite agus bonneagar digiteach. Soláthraítear forbhreathnú léi freisin ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile 139 . Rinneadh an anailís fhianaisebhunaithe sin – bunaithe ar na táscairí a liostaítear in Iarscríbhinn I – faoi chuimsiú Fhaireachlann Theicneolaíocht Fuinnimh Ghlain inmheánach an Choimisiúin (CETO), arna forghníomhú ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Tá na tuarascálacha doimhne a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht le fáil ar shuíomh gréasáin CETO 140 .
3.1. Fótavoltachas gréine 141
Tá fótavoltachas gréine ar an teicneolaíocht giniúna cumhachta is mó fás ar domhan le 10 mbliana anuas. Leis na cásanna uile i dtreo córas fuinnimh aeráidneodrach 142 tugtar ról lárnach d’fhótavoltachas. Leis an teachtaireacht straitéise grianfhuinnimh Eorpach is déanaí 143 éilítear thart ar 450 GWac de thoilleadh córais fhótavoltaigh nua idir 2021 agus 2030. I bhfianaise na treochta reatha a bhaineann le toilleadh DC a shuiteáil atá 1.25 go 1.3 oiread thoilleadh AC chun úsáid an nasctha eangaí a optamú 144 , d’fhágfadh sin go mbeadh an toilleadh fótavoltachais ainmniúil iomlán san Aontas cothrom le thart ar 720 GWp. Le straitéis an Aontais um an ngrianfhuinneamh tugtar aghaidh ar na scrogaill agus ar na bacainní príomha roimh infheistíocht d’fhonn dlús a chur le cur in úsáid, slándáil an tsoláthair a áirithiú agus tairbhí socheacnamaíocha an fhuinnimh fótavoltachais a mhéadú ar fud an tslabhra luacha 145 . An Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Fótavoltachais Gréine Eorpach, ceann de na tionscnaimh choincréiteacha de straitéis an Aontais um an ngrianfhuinneamh, d’fhormhuinigh an Coimisiún go foirmiúil í i nDeireadh Fómhair 2022, agus is é is aidhm di teicneolaíochtaí monaraíochta táirgí agus comhpháirteanna nuálacha fótavoltacha gréine a uas‑scálú 146 .
Anailís teicneolaíochta: Mhéadaigh meánéifeachtúlacht modúl cillbhunaithe sileacain ó 15.1 % in 2011 go 20.9 % in 2021 147 . Is amhlaidh an cás a bhuí le húsáid sliseog atá gearrtha níos mó agus griancheall níos éifeachtúla, lena n‑áirítear dearaí ceall ilchumair. Tá saineolas ar leith ag an Eoraip agus is í atá chun tosaigh sa teicneolaíocht pearóivscítí faoina bhfuil gealladh, ar lena haghaidh atá cuideachtaí éagsúla de chuid an Aontais amhail Evolar (an tSualainn), Saule Technologies (an Pholainn) agus Solaronix (an Fhrainc) ag cur línte táirgthe ar bun.
Is é is aidhm do straitéis gréine an Aontais 148 an treocht mheathlaitheach a breathnaíodh i gcistiú poiblí agus príobháideach sa tionscal fótavoltachais a aisiompú 149 . Leanann an tAontas mar sin féin de bheith ina nuálaí láidir sa réimse, agus líon suntasach foilseachán agus iarratais paitinne taifeadta aige in 2017‑2019. Tagann an Ghearmáin féin sa chúigiú háit ar domhan maidir le haireagáin ardluacha san fhótavoltachas a phaitinniú.
Anailís slabhra luacha: Le sonraí táirgthe agus le tionscadail infheistíochta nua araon deimhnítear ceannas na hÁise, agus go háirithe na Síne, sa timpeallacht monaraíochta fótavoltachais. Tá toilleadh monaraíochta breise uile an pholaishileacain de 80 000 t a fógraíodh i dtús 2021 (atá le cur le toilleadh iomlán ~650 000 t in 2020), chomh maith leis an 118 000 t atá á thógáil cheana, á thógáil sa tSín 150 . Is iad grianchealla sileacain, a tháirgtear sa tSín den chuid is mó, atá i gceist le níos mó ná 95 % den táirgeadh domhanda. Mar sin féin coinníonn an tAontas sciar suntasach i ndeighleoga trealaimh táirgeachta (50 %) agus monaraíochta inbhéartóra (15 %) an tslabhra luacha fótavoltachais.
Anailís mhargaidh dhomhanda: Tháinig méadú 19 % in 2021 ar infheistíocht dhomhanda i nginiúint gréine nua agus shroich sí USD 205 bhilliún (EUR 242.5 billiún 151 ). Mar sin féin, in 2021 tháinig meath breise ar chomhardú trádála an Aontais, toisc gur tháinig méadú ar a allmhairí cé gur lean a onnmhairí de bheith cobhsaí, rud ar 13 % d’onnmhairí domhanda a bhí i gceist leis. Is é a tháinig as costais ábhair níos airde i mórán earnálacha tionsclaíochta in 2021 agus 2022 méadú eisceachtúil nach bhfacthas riamh cheana ar chostais táirgthe le haghaidh ceall agus modúl, rud a aisiompaíonn treocht laghdaithe costais a mhair 10 mbliana. Mar sin féin, cuireadh feabhas breise ar iomaíochas an fhótavoltachais i gcomparáid le foinsí leictreachais neamh‑inathnuaite 152 . Dá bhrí sin, an líon tíortha ina bhfuil giniúint leictreachais fhótavoltaigh ar an bhfoinse is saoire, tá sé ag fás. Le méaduithe ar phraghsanna breosla iontaise de dheasca tubaistí nádúrtha, timpistí nó coinbhleachtaí idirnáisiúnta, ní féidir ach an treocht sin a threisiú.
Mar chonclúid, leis na sonraí is déanaí atá ar fáil le haghaidh 2021 agus 2022 deimhnítear an treocht a breathnaíodh roimhe sin 153 . Dheimhnigh an tAontas a sheasamh mar cheann de na margaí is mó le haghaidh fótavoltachais agus mar nuálaí láidir go háirithe i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna fótavoltachais atá ag teacht chun cinn (amhail agrafhótavoltachas, fótavoltachas comhtháite san fhoirgneamh agus fótavoltachas snámhach). Mar sin féin, tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairí ón Áise le haghaidh comhpháirteanna ríthábhachtacha éagsúla (sliseoga, tinní, cealla agus modúil), agus ní choinníonn sé láithreacht shuntasach ach sna deighleoga trealaimh táirgthe agus monaraíochta inbhéartóra (a bhfuil scrogall rompu faoi láthair de dheasca an ghanntanais sliseanna 154 ). Scrogaill bhreise de dheasca teorainneacha inacmhainneachta (go háirithe le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal agus FBManna), amanna feithimh i bhfad rófhada (e.g. nasctha le suiteálaithe fótavoltachais nach bhfuil sách oilte), tá tionchar acu cheana féin ar mhórchur in úsáid fótavoltachais. Leis na bearta agus na gníomhaíochtaí suaitheanta a fógraíodh i straitéis an Aontais um an ngrianfhuinneamh soláthraítear na príomhdheiseanna chun infheistiú i sócmhainní fótavoltachais agus acmhainneachtaí monaraíochta fótavoltachais a fhorbairt san Aontas, chomh maith le héagsúlú allmhairí. Go comhthreomhar, d’fhág dul chun cinn teicniúil leanúnach i dtreo dearaí cille agus próisis mhonaraíochta níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe gur féidir feabhas breise a chur ar iomaíochas teicneolaíochtaí fótavoltachais i gcomparáid le foinsí fuinnimh neamh‑inathnuaite – cé gur ardaigh costais amhábhair. Leis na heilimintí sin neartaítear an cás gnó chun borradh a chur faoi tháirgeadh agus faoi chur in úsáid san Aontas, lena n‑áirítear feidhmeanna nuálacha.
3.2.Gaoth ón talamh agus gaoth ar talamh 155
Tá ról lárnach ag fuinneamh gaoithe i mbeartas aeráide agus fuinnimh an Aontais, ós rud é go bhfuil sé fíor‑riachtanach dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh gaoithe chun na cuspóirí a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Oiriúnach do 55 agus REPowerEU a bhaint amach. Le REPowerEU éilítear go ndéanfar toilltí fuinnimh gaoithe a shuiteáil ar bhealach níos tapúla, agus 510 GW de ghaoth le suiteáil faoi 2030 156 , agus réamh‑mheastar go gcomhfhreagróidh an méid sin do sciar 31 % de thoilltí táirgthe cumhachta suiteáilte de chuid an Aontais 157 .
Bhí an tAontas ina cheannaire domhanda in T&N fuinnimh gaoithe ó 2014, agus ba é EUR 883 mhilliún sa tréimhse 2014‑2021 a chaiteachas poiblí, agus is amhlaidh a óstálann sé faoi láthair 38 % de na cuideachtaí nuálaíochta uile, agus an comhthiomsú is mó de ghnólachtaí nuathionscanta agus corparáidí nuálaíochta. In 2021, áfach, ní raibh ach 11 GW d’fhuinneamh gaoithe (10 GW de ghaoth ar talamh; 1 GW d’fhuinneamh gaoithe easchósta) suiteáilte san Aontas, agus tá peirspictíochtaí le haghaidh 2022 fós faoi bhun an luais is gá chun spriocanna REPowerEU a bhaint amach. Tá an tSín chun tosaigh faoi láthair ó thaobh suiteálacha fuinnimh gaoithe carnacha, agus toilleadh 338 GW ann, de bharr rátaí cur in úsáid méadaithe in 2021 go príomha. Sa bhliain chéanna, shroich an tAontas thart ar 190 GW de thoilleadh suiteáilte carnach.
Chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, beidh sé ríthábhachtach dlús a chur le cur in úsáid fuinnimh gaoithe agus chuige sin beidh gá le píblínte infheistíochta soiléire agus le cuspóirí polaitiúla a aistriú ina mbearta cur chun feidhme iarbhír, lena n‑áirítear gealltanais a chomhlíonadh chun ceadú le haghaidh feirmeacha gaoithe a éascú.
Anailís teicneolaíochta: Bhí an toilleadh iomlán suiteáilte gaoithe ar talamh cothrom le 769 GW in 2021, rud atá nach mór trí huaire níos airde ná 10 mbliana roimhe sin 158 , agus 72 GW de thoilleadh suiteáilte in 2021 amháin. Bhí 2021 ar an mbliain ab fhearr riamh freisin le haghaidh gaoth ón talamh, agus 21 GW de thoilleadh nua suiteáilte go domhanda, níos mó ná trí oiread na bliana ab fhearr roimhe sin, 2020. Ba é 55 GW an toilleadh suiteáilte domhanda iomlán in 2021 159 . Is í an tSín a bhí chun tosaigh sa mhéadú ar an toilleadh suiteáilte domhanda agus 30.6 GW de thoilleadh gaoithe ar talamh agus 16.9 GW de thoilleadh gaoithe ón talamh suiteáilte in 2021.
I ndeireadh 2021, bhí toilleadh gaoithe suiteáilte iomlán ar talamh an Aontais cothrom le 173 GW agus bhí a thoilleadh gaoithe suiteáilte iomlán ón talamh cothrom le thart ar 16 GW. Bhí an toilleadh gaoithe iomlán comhionann le thart ar 14 % d’ídiú leictreachais iomlán an Aontais. Chonacthas an dara rannchuidiú bliantúil ba mhó in 2021 freisin ón toilleadh gaoithe ar talamh san Aontas ó 2010 (cur in úsáid bliantúil 10 GW 160 ). Mar sin féin, níor cuireadh ach 1 GW de ghaoth ón talamh in úsáid san Aontas in 2021 161 . Cuireann gníomhaithe tionscail deonú ceadanna i dtábhacht mar cheann de na príomhscrogaill roimh chur in úsáid leanúnach agus ollmhór fuinnimh gaoithe, de dheasca go bhfuil sé ina chúis le moilleanna agus le níos lú tionscadail a bheith curtha i gcrích. Dá réir sin, cuirtear brú leis sin ar bhrabúsacht an tslabhra soláthair. Rinne an Coimisiún tograí dlíthiúla agus thug sé treoraíocht chun dlús a chur le ceadú mar chuid den phacáiste REPowerEU.
Anailís slabhra luacha: D’fhorbair an earnáil fuinnimh gaoithe ina tionscal domhanda agus thart ar 800 saoráid monaraíochta inti. Tá an chuid is mó díobh sin sa tSín (45 %) agus san Eoraip (31 %) 162 . D’fhan an tAontas chun tosaigh ó thaobh paitinní ardluacha de i dteicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe: bhí a sciar d’aireagáin ardluacha in 2017‑2019 cothrom le 59 %. Leanann monaróirí tuirbíní de chuid an Aontais de bheith chun tosaigh ó thaobh cáilíochta, forbairt theicneolaíoch agus infheistíochta in T&N de. Tá cumais mhonaraíochta arda ag tionscal gaoithe an Aontais freisin le haghaidh comhpháirteanna ard‑bhreisluacha (e.g. túir, giarbhoscaí agus lanna) agus le haghaidh gairis ar féidir le hearnálacha tionscail eile iad a úsáid freisin (e.g. gineadóirí, tiontairí cumhachta agus córais rialaithe). Den chuid is mó, foinsíonn slabhra luacha monaraíochta an Aontais le haghaidh gaoth ón talamh a chomhpháirteanna ó mhonaróirí de chuid an Aontais. Le haghaidh gaoth ar talamh, i gcodarsnacht leis sin, foinsíonn monaróirí buntrealaimh (OEManna) an Aontais a gcomhpháirteanna ó mhórán soláthróirí eachtracha difriúla.
Tá cuid mhór de na hamhábhair le haghaidh gineadóirí allmhairithe den chuid is mó ón tSín. Deacrachtaí ionchasacha chun méadú a dhéanamh ar aischur táirgthe amhábhar chun spriocanna 2030 a bhaint amach, d’fhéadfaidís a bheith ina ndúshláin le haghaidh thionscal gaoithe an Aontais. Tá an méadú ar phraghsanna acmhainní in 2021 agus éiginnteachtaí soláthair ina mbacainn freisin. D’ardaigh an tionscal ábhair imní chomhshaoil freisin maidir le hathchúrsáil lann comhábhair. Dá bhrí sin, tá cláir thaighde náisiúnta agus cláir thaighde de chuid an Aontais araon i bhfuinneamh gaoithe dírithe ar bhonn méadaitheach ar chiorclaíocht.
Anailís mhargaidh dhomhanda: Is amhlaidh a choinnigh an tAontas, le 10 mbliana anuas, comhardú trádála dearfach ar bun leis an gcuid eile den domhan, a théann ó EUR 1.8 billiún agus EUR 2.8 billiún. Mar sin féin, ó 2018, bhí comharduithe trádála diúltacha ag an Aontas leis an tSín agus leis an India. Chuaigh OEManna de chuid na Síne thar a gcontrapháirteanna de chuid an Aontais ó thaobh an sciar margaidh dhomhanda de den chéad uair in 2020. Mar sin féin, óstálann príomh‑mhargaí an Aontais líon substaintiúil monaróirí intíre 163 .
Mar chonclúid, leanann earnáil gaoithe an Aontais de bheith ina ceannaire domhanda ó thaobh T&N agus paitinní ardluacha de. Is amhlaidh atá an cás a bhuí leis an toilleadh monaraíochta, leis an lucht saothair agus leis na scileanna atá ar fáil dó. Mar sin féin, beidh ar an tionscal ráta bliantúil reatha na suiteála toillte a mhéadú níos mó ná dhá oiread san Aontas chun spriocanna 2030 a bhaint amach.
Le cur chun feidhme na Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite 164 , leis an togra is déanaí lena leasú 165 chomh maith leis an moladh agus leis an treoraíocht faoi seach ón gCoimisiún ó 2022 166 , tá coinne leis go sárófar na príomhbhacainní ceada roimh chur in úsáid. Le réamhtháscaire soiléir ar phleananna suiteála gaoithe na mBallstát beifear in ann acmhainneachtaí todhchaí a ullmhú go tráthúil freisin. Go comhthreomhar, le T&N maidir le ciorclaíocht cuirfear an tionscal chun tosaigh trí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní chomhshaoil agus bristeacha ar an soláthar, agus feabhas á chur dá réir sin ar iomaíochas earnáil fuinnimh gaoithe an Aontais.
3.3.Teaschaidéil le haghaidh feidhmiúcháin tógála
Ar leibhéal an Aontais, tacaítear ar bhonn méadaitheach le teaschaidéil faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an phacáiste Oiriúnach do 55 agus an phlean REPowerEU 167 . Leis an bplean REPowerEU éilítear an ráta cur in úsáid de theaschaidéil aonair, atá ann faoi láthair, a mhéadú faoi dhó, arb é a thiocfadh as sin cur in úsáid iomlán de 10 milliún teaschaidéal sna chéad 5 bliana atá romhainn agus de 30 milliún teaschaidéal faoi 2030, agus dhéanfaí an méid sin a mheaitseáil le huas‑scálú thoilleadh monaraíochta an Aontais. Éilítear leis freisin cur in úsáid níos tapúla ar theaschaidéil mhóra i líonraí téimh agus fuaraithe ceantair. Le cur in úsáid comhpháirteach forleathan fótavoltachais dín (agus grianfhuinnimh) agus teaschaidéal araon, agus rialuithe cliste ag freagairt do lód eangaí agus comharthaí praghais, rannchuideofaí le dícharbónú teasa agus laghdófaí dúshláin comhtháthaithe eangaí.
Anailís teicneolaíochta: Is táirgí atá ar fáil ar bhonn tráchtála iad teaschaidéil le haghaidh feidhmiúcháin tógála. Is féidir iad a aicmiú de réir na foinse óna n‑úscann siad fuinneamh teirmeach (aer, uisce nó talamh), an meán a n‑aistríonn siad teas chuige (aer nó uisce), a gcríoch (téamh nó fuarú spáis, téamh uisce tí) agus a ndeighleoga den mhargadh (foirgnimh thráchtála nó chónaithe, agus líonraí).
A mhéid a bhaineann le teaschaidéil a úsáidtear go príomha le haghaidh téamh spáis agus uisce sláintíoch, shroich an stoc suiteáilte a tomhaiseadh le haghaidh na hearnála sin nach mór 17 milliún aonad san Eoraip i ndeireadh 2021, cé gur shroich díolacháin 2.18 milliún aonad in 2021, ráta fáis bliantúil iolraithe 17 % le 5 bliana anuas, agus 20 % le 3 bliana anuas 168 .
Tá gníomhaíochtaí T&N le haghaidh teaschaidéil aonair faoi stiúir an éilimh ar aonaid atá níos éifeachtúla, níos dlúithe agus níos ciúine; raonta oibriúcháin teochta comhthimpeallaí níos mó; digitiú le haghaidh comhtháthú optamach le heangacha fuinnimh; agus giniúint agus stóráil fuinnimh áitiúil. Tá siad faoi stiúir rialacháin de chuid an Aontais atá ag teacht chun cinn freisin le haghaidh níos mó éifeachtúlacht fuinnimh agus tionchar comhshaoil saolré níos ísle, lena n‑áirítear ciorclaíocht ábhar agus cuisneáin poitéinsil acmhainneachta téimh dhomhanda (GWP) ísle. Le T&N maidir le teaschaidéil tráchtála, mar shampla, tugtar aghaidh ar sholáthar comhuaineach teasa agus fuachta a chomhtháthú le teirmeastóráil.
Tá seasamh T&N an Aontais láidir agus ag dul i bhfeabhas. Is é atá chun tosaigh i bpaitinní le haghaidh teaschaidéil ʻtéamh go príomha’ le haghaidh feidhmiúcháin tógála. In 2017‑2019, comhdaíodh 48 % de phaitinní le haghaidh ʻaireagáin ardluacha’ san Aontas, agus an tSeapáin (12 %), na Stáit Aontaithe (8 %), an Chóiré (7 %) agus an tSín (5 %) ina dhiaidh sin 169 . In 2014‑2022, le Fís 2020 soláthraíodh méid iomlán EUR 277 milliún i gcistiú le haghaidh tionscadail maidir le teaschaidéil le haghaidh feidhmiúcháin tógála.
Anailís slabhra luacha: Bhí láimhdeachas EUR 41 bhilliún le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta, suiteála agus cothabhála teaschaidéal san Aontas in 2020, agus d’fhás sé de réir meánráta 21 % le 3 bliana anuas. Bhí 318 800 post díreach agus indíreach ann in 2020, meánfhás bliantúil 18 % le 3 bliana anuas. Ar na sonraí sin áirítear na cineálacha teaschaidéal uile, lena n‑áirítear teaschaidéil aer go haer a úsáidtear le haghaidh fuarú agus/nó téimh 170 .
Níl gá le hamhábhair chriticiúla chun teaschaidéil a tháirgeadh, ach déantar difear dóibh le ganntanas domhanda reatha leathsheoltóirí.
Anailís mhargaidh dhomhanda: San Aontas, is é atá i gceist leis an slabhra luacha teaschaidéil ʻtéamh go príomha’ mórán FBManna agus beagán mórghníomhaithe. Tá méadú ag teacht ar chion na dteaschaidéal a allmhairítear agus shroich an t‑easnamh trádála EUR 390 in 2021, i gcomparáid leis an mbarrachas EUR 202 mhilliún a taifeadadh 5 bliana roimhe sin 171 . Tháinig méadú faoi dhó ar allmhairí ón tSín in 2021 agus shroich siad EUR 530 milliún.
Mar chonclúid, tá cur in úsáid na dteaschaidéal ag dul ar aghaidh go gasta cheana féin, ach is gá tuilleadh dlúis a chur leis chun cuspóirí REPowerEU a chomhlíonadh. Is gá do sholáthróirí atá bunaithe san Aontas táirgeadh a ardú chun bheith páirteach in éileamh méadaitheach an Aontais ar theaschaidéil. Áitíonn comhlachais tionscail áirithe go moilleofaí an t‑ardú le haghaidh feidhmeanna sonracha le céimniú amach níos tapúla ar chuisneáin GWP arda, ach go bhfuil na dátaí toirmisc sa togra chun an rialachán maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe a leasú 172 deartha chun am leordhóthanach a thabhairt don tionscal oiriúnú. Is féidir go moilleofar cur in úsáid san Aontas de dheasca easpa suiteálaithe oilte agus réamhchostas ard.
Tá ardán ʻLuasaire Teaschaidéil’ á éileamh ag an tionscal lena dtabharfaí an Coimisiún, na Ballstáit agus an earnáil féin le chéile. Bheadh de thaca ag an ardán comharthaí beartais soiléire agus marthanacha lena gcruthófaí muinín i bpleanáil fhadtéarmach; lena n‑áiritheofaí creat rialála fabhrach; lena mbrúfaí síos costais trí níos mó comhair agus T&N; agus lena bhforbrófaí comhshocrú um scileanna atá dírithe ar theaschaidéil. Mar chuid den phlean REPowerEU, tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí na mBallstát chun a n‑acmhainní poiblí a chomhthiomsú trí thionscadail ionchasacha thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) atá dírithe ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha agus ar nuálaíocht feadh an tslabhra luacha teaschaidéal; agus chun comhpháirtíocht scileanna mórscála a bhunú faoin gcomhshocrú um scileanna.
3.4.Ceallraí
Beidh ról ríthábhachtach ag ceallraí chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus an plean REPowerEU a chur chun feidhme 173 , toisc gur féidir laghdú a dhéanamh leo ar spleáchas ar allmhairí breosla san iompar agus a áirithiú, chomh maith leis sin, go mbainfear lánúsáid as leictreachas inathnuaite agus go laghdófar ciorrúcháin. Tá coinne leis go mbeidh os cionn 50 milliún feithicil leictreach ag oibriú ar bhóithre an Aontais faoi 2030 174 (agus 1.5 TWh ar a laghad de cheallraí acu) agus níos mó ná 80 GW/160 GWh de cheallraí suite ann 175 . Tá an tAontas ag dul i dtreo gluaisteáin nua astaíochtaí nialasacha de réir a chéile faoi 2035, i gcomhréir leis an gcuspóir a bhaineann le flít gluaisteán iomlán de chuid an Aontais de 270 milliún feithicil a bheith ann agus ar cheart dóibh a bheith ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha (de chineál leictreach den chuid is mó) faoi 2050. Tá leictrea‑shoghluaisteacht ar an bpríomhspreagthóir le haghaidh an éilimh ar cheallraí. Tá ionchas ann go mbeidh ceannas ag ceallraí ian litiam ar an margadh i bhfad i ndiaidh 2030, ach tá teicneolaíochtaí eile á bhforbairt go comhuaineach.
Anailís teicneolaíochta: D’ainneoin bristeacha ar sholáthar sliseanna agus maignéisiam, shroich cur in úsáid teicneolaíochta ceallra san Aontas buaiceanna stairiúla: Díoladh 1.7 milliún feithicil leictreach nua in 2021, rud a shroich 18 % den mhargadh (i gcomparáid le 3 % in 2019 agus 10.5 % in 2020 176 ) agus an tSín á sárú aige (16 %). Bhí díolacháin feithiclí leictreacha náisiúnta idir 1.3 % sa Chipir agus 45 % sa tSualainn. Tá margadh ceallra shuite an Aontais ag fás go gasta freisin agus táthar á thuar go sroichfidh sé 8GW/13.7GWh faoi dheireadh 2022 177 . Mar sin féin, tá gá le tuilleadh dlúis chun laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar phlandaí buactha gáis, i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU.
In 2021, tháinig titim 6 % ar an meánphraghas ceallra chuig thart ar EUR/kWh 116 178 sa mhargadh domhanda agus chuig thart ar EUR/kWh 150 i margadh an Aontais. Leis sin leanann treocht fhadtéarmach ar aghaidh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil praghsanna ag ardú in 2022 mar gheall ar shuaití ar thaobh an tsoláthair, tá an treocht ag aisiompú anois (mar shampla, in earrach 2022 tháinig méadú 974 % ar phraghas na carbónáite litiam i gcomparáid le 2021 179 ). Beidh pacáistí ceallra 15 % ar a laghad níos costasaí in 2022 ná mar a bhí in 2021 180 . Bhí an costas córais ar fheidhmeanna ian litiam ar scála eangaí cothrom le EUR/kWh 350 in 2021 181 agus, le haghaidh córais stórála baile, bhí an costas thart ar dhá oiread an mhéid sin.
Anailís slabhra luacha: Is amhlaidh a rinne monaróirí de chuid na hÁise a bhí bunaithe san Aontas (an Ungáir agus an Pholainn) nach mór an olltáirgeacht ceallraí ian litiam uile de chuid an Aontais fós in 2021. Fágann cruthú gigeamhonarchana nua go bhfuil an tAontas (an Ghearmáin agus an tSualainn go háirithe) ar an mbealach chun dul i dtábhacht de réir a chéile ar an margadh. Tháirg Northvolt na Sualainne a chéad chill ceallra le 100 % nicil, mangainéis agus cóbalt athchúrsáilte i ndeireadh 2021, agus thosaigh sé ar sheachadtaí tráchtála in 2022. Luann sé go bhfuil próiseas athchúrsála an‑éifeachtúil aige agus suas le 95 % de mhiotail cheallra á athshlánú aige 182 .
Tá coinne leis go sroichfidh an tAontas os cionn 75 GWh 183 d’acmhainneacht táirgeachta shuiteáilte faoi dheireadh 2022 (i gcomparáid le 44 GWh i lár 2021). Leis na tionscadail atá ar bun faoi láthair léirítear go bhfuil an tAontas ar an mbóthar chun freastal ar 69 % den éileamh ar cheallraí faoi 2025 agus ar 89 % de sin faoi 2030 184 . Is amhlaidh atá an cás ar an iomlán a bhuí le tionscnaimh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí 185 .
Leanann an deighleog amhábhar réamhtheachtach de bheith ar an deighleog is lú athléimneacht sa slabhra luacha ceallra. D’ainneoin tionscnaimh éagsúla ón Aontas, mhéadaigh an bhearna sholáthair le haghaidh amhábhair cheallra in 2021 186 . Den chuid is mó is amhlaidh a sheoltar ceallraí spíonta chuig an Áise fós lena n‑athchúrsáil 187 .
Tá dul chun cinn gasta á dhéanamh ag an Aontas sa teicneolaíocht ian litiam (go háirithe an snáithe NMC is airde feidhmíochta 188 ), ach níl dul chun cinn sách tapa á dhéanamh aige i dteicneolaíochtaí ceallra shuite bunaithe ar amhábhair fhlúirseacha (e.g. sreabhcheallraí agus ceallraí ian sóidiam – agus tá poitéinseal maith feithiclí leictreacha ag ceallraí ian sóidiam i bhfianaise forbairtí sa tSín i measc fachtóirí eile). Tá an tAontas níos moille freisin chun glacadh le teicneolaíocht Fosfáite Iarainn Litiam (ian) (LFP) níos saoire atá in úsáid ar bhonn méadaitheach san Áise agus nach bhfuil chomh spleách sin ar amhábhair chriticiúla.
Anailís mhargaidh dhomhanda: Rialaíonn an tSín 80 % de thoilleadh scagtha amhábhair cheallra ian litiam an domhain, 77 % den acmhainneacht táirgeachta cille agus 60 % de thoilleadh monaraíochta na comhpháirte ceallra 189 . Lean easnamh trádála an Aontais i gceallraí ian litiam de bheith ag fás in 2021 agus shroich sé EUR 5.3 billiún 190 (méadú 25 % i gcomparáid le 2020). Déanann an tAontas 19 % a bheag nó a mhór den táirgeadh feithiclí leictreacha domhanda 191 , ach tá fíorbheagán den slabhra soláthair réamhtheachtach aige (cé is moite de phróiseáil cóbailt). Tá táirgeadh agus cur in úsáid busanna leictreacha san Aontas (bhí 7 356 bhus leictreacha i gcúrsaíocht i ndeireadh 2021) neamhshuntasach i gcomparáid leis an tSín, ag a bhfuil os cionn 90 % den stoc domhanda de 670 000 bus leictreach 192 .
Mar chonclúid, tá an cumas teicneolaíochta a bhfuil géarghá leis i stóráil níos saoire/i stóráil níos fadtéarmaí á ardú ar bhonn méadaitheach ag an Aontas (e.g. teicneolaíochtaí le haghaidh ian sóidiam; sincbhunaithe; sreabhcheallraí) agus tá sé láidir ó thaobh táirgí deiridh (go háirithe táirgeadh agus cur in úsáid feithiclí leictreacha, cé is moite de dheighleog na mbusanna leictreacha). Tá sé ag breith suas freisin sa mhonaraíocht ceall a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht ian litiam agus tá sé ar an mbealach chun bheith nach mór neamhthuilleamaíoch i dtáirgeadh ceallraí faoi 2030. Fadhb mharthanach is ea an easpa amhábhar agus táirgeachta ardábhar intíre d’ainneoin tionscnaimh leanúnacha atá ann faoi láthair. Is é is aidhm don Aontas a iarracht a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ó úscadh chuig scagadh, ó phróiseáil chuig athchúrsáil leis an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a fógraíodh mar shampla.
3.5. Táirgeadh hidrigine inathnuaite trí leictrealú uisce
Tá 193 an‑phoitéinseal ag hidrigin inathnuaite chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais. Is féidir í a úsáid mar bhreosla le haghaidh earnálacha ar deacair iad a leictriú (e.g. iompar fadachair agus tromshaothair); mar amhábhar ceimiceach (e.g. leasacháin agus ceimiceáin eile); agus i bpróisis thionsclaíocha (e.g. táirgeadh cruach nó stroighne). Táthar á thuar go mbeidh i gceist le hidrigin agus lena díorthaigh 12 % den mheascán fuinnimh dhomhanda in 2050 194 , ach níl i gceist le hidrigin inathnuaite a úsáideann leictrealú uisce ach 0.1 % de tháirgeacht fhoriomlán an Aontais faoi láthair.
Le REPowerEU neartaíodh cuspóirí beartais straitéis hidrigine 2020 a thuilleadh 195 , agus spriocanna 2030 le haghaidh hidrigin inathnuaite agus ísealcharbóin á socrú chuig 10 Mt de tháirgeacht intíre agus chuig 10 Mt d’allmhairí (i bhfoirm amóinia go páirteach). Le cur ar bun Bainc Eorpaigh Hidrigine cuirfear dlús le táirgeadh agus le húsáid hidrigine inathnuaite agus cuideofar le forbairt a dhéanamh ar na bonneagair is gá ar bhealach comhordaithe 196 .
Thug an Coimisiún agus príomh‑mhonaróirí leictrealóra de chuid an Aontais gealltanas go méadóidís toilleadh monaraíochta faoi dheich chuig 17.5 GW in aischur hidrigine faoi 2025 197 . Ina theannta sin, le RRPanna na mBallstát leithdháiltear thart ar EUR 10.6 billiún ar theicneolaíochtaí hidrigine agus d’fhormheas an Coimisiún dhá IPCEI in 2022 (mí Iúil agus mí Mheáin Fómhair), le haghaidh EUR 5.4 agus EUR 5.2 billiún d’infheistíochtaí, agus 15 agus 13 Bhallstát bainteach leis sin faoi seach.
Anailís teicneolaíochta: As toilleadh domhanda 300 MW in 2020 198 , is í an Eoraip (lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe agus tíortha CSTE) a bhí i gceist le 135 MW de thoilleadh suiteáilte in 2021. Is iad leictrealóirí Scannáin Prótónmhalartúcháin (PEM) agus alcaileacha atá i gceist le 55 % agus le 44 % den toilleadh suiteáilte a chuirtear in úsáid ar an gcríoch Eorpach faoi seach (lena n‑áirítear CSTE agus an Ríocht Aontaithe) 199 .
Tá meánchostais iomlán táirgthe fuinnimh ar an bpríomhfhachtóir ag a bhfuil tionchar ar inmharthanacht eacnamaíoch na n‑infheistíochtaí leictrealóirí agus tá na praghsanna ardaitheacha leictreachais ar cheann de na príomhdhúshláin le haghaidh inmharthanacht eacnamaíoch táirgeacht iomaíoch hidrigine leictrealóra.
Athraíonn an costas ar tháirgeadh hidrigine Eorpach lena n‑úsáidtear foinsí inathnuaite idir airmheán (2020) EUR/kgH2 6.8 (táirgeadh bunaithe ar fhótavoltachas gréine) agus airmheán EUR/kgH2 5.5 (táirgeadh bunaithe ar ghaoth) 200 . Tá ionchas ann go dtitfidh costais leictrealóirí de bharr leictrealú ardteochta: ó 2130 EUR/kW in 2020 chuig 520 EUR/kW in 2030. Tá spriocanna costais 2030 le haghaidh PEM agus leictrealóirí alcaileacha cothrom le EUR/kW 500 agus 300 faoi seach 201 .
Anailís slabhra luacha: Meastar go bhfuil toilleadh monaraíochta 2021 le haghaidh leictrealóirí uisce cothrom le 2.5 GW/y san Eoraip 202 . Measadh go raibh an toilleadh monaraíochta domhanda cothrom le thart ar 6‑7 GW/y (thart ar dhá thrian ina leictrealóirí alcaileacha agus aon trian PEM le haghaidh margaí Eorpacha agus domhanda araon) 203 .
Tá méideanna monaraíochta san Eoraip níos ísle ná mar atá sa tSín agus sna Stáit Aontaithe. Meastar go bhfuil leath thoilleadh monaraíochta leictrealaithe alcailigh an domhain ag cuideachtaí de chuid na Síne, agus go bhfuil formhór mhonaraíocht leictrealaithe PEM an domhain ag cuideachtaí de chuid Mheiriceá. Tá an Eoraip chun tosaigh i dtéarmaí líon na gcuideachtaí monaraíochta agus leictrealú na hOcsaíde Soladaí agus tá sí ag brath ar thíortha amhail an tSín, an Rúis agus an Afraic Theas chun na hamhábhair chriticiúla is gá a sholáthar, agus níl sí in ann ach 1‑3 % díobh a fhoinsiú ar bhonn intíre 204 .
Le hídiú uisce (atá thart ar 17 l/kgH2 faoi láthair) atá bainteach le rolladh amach níos mó táirgeadh hidrigine inathnuaite méadófar strus ar acmhainní fionnuisce, mar sin ba cheart do shuíomhanna leictrealóra nua an Treoir Réime maidir le hUisce a chomhlíonadh 205 mar choimirce freisin in aghaidh scrogaill táirgeachta uisce.
Anailís mhargaidh dhomhanda: Ní dhéantar ach 0.2 % den éileamh hidrigine (neamh‑inathnuaite) bliantúil iomlán Eorpach ar 8.4 M tona a sholáthar trí thrádáil idirnáisiúnta 206 . Cé gur fíor nár baineadh amach trádáil hidrigine idirnáisiúnta fós, tá deiseanna trádála suntasacha ann i soláthar todhchaí na hidrigine inathnuaite le haghaidh an Aontais mar a shainaithnítear sa phlean REPowerEU.
Mar chonclúid, gan córais chóimeála níos mó, breis uathoibrithe agus barainneachtaí scála, ní féidir leis an Aontas dul in iomaíocht leis an tSín sa teicneolaíocht alcaileach.
Faoi láthair tá ardphraghsanna leictreachais agus spleáchas ar allmhairí amhábhar criticiúil comhchruinnithe i mbeagán soláthróirí ina laigí bunúsacha ar shlabhraí luacha leictrealóirí an Aontais. Tá gá le comhaontuithe comhair fadtéarmacha. Tá gá freisin le taighde tiomnaithe ar roghanna malartacha ar na tearcmhiotail agus ar na hamhábhair chriticiúla eile lena bhfuil gá faoi láthair le haghaidh leictrealú uisce. Thairis sin, tá rath fadtéarmach ag brath ar sholáthar uisce inbhuanaithe agus ar thoilleadh athchúrsála leordhóthanach san Aontas chomh maith le cur chuige cuimsitheach chun an t‑éileamh agus an soláthar a tharraingt. Tá ríthábhacht le tacaíocht creataí rialála agus cistiúcháin de chuid an Aontais, chomh maith le hinfheistíochtaí móra tríd an gcistiú téarnaimh, IPCEInna, an beartas comhtháthaithe, Fís Eorpach, an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan 207 agus an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh iomaíochas thionscal hidrigine inathnuaite an Aontais.
3.6.Breoslaí inathnuaite
Is féidir le teicneolaíochtaí breosla inathnuaite rannchuidiú go suntasach sa ghearrthéarma le dícharbónú iompair, agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus le héagsúlú fuinnimh a áirithiú. Leis an bplean REPowerEU 208 aithnítear, go háirithe, bithmheatán 209 , mar bheith ríthábhachtach chun soláthairtí gáis an Aontais a éagsúlú trí tháirgeacht an bhithmheatáin a mhéadú dhá oiread os cionn sprioc 2030 de chuid an Aontais, agus dá réir sin an bithmheatán á chur ar bharr na dtosaíochtaí fuinnimh inathnuaite.
Leis na tograí reachtacha ʻOiriúnach do 55’ 210 thabharfaí isteach éileamh suntasach ar fhuinneamh inathnuaite san earnáil iompair in 2030, rud atá i bhfad os cionn na spriocanna le haghaidh na scaireanna de bhithbhreoslaí forbartha agus de bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar síos i dtogra athbhreithnithe RED II 211 . Is é is cúis leis sin sprioc an choigiltis gáis ceaptha teasa (GCT) de 13 % san iompar (rud nach dócha a chomhlíonfar le leictriúchán amháin), agus na spriocanna coigiltis GCT níos airde de 40 % agus 61 % sna tograí athbhreithnithe le haghaidh an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill 212 agus na Treorach maidir le Trádáil Astaíochtaí 213 faoi seach (má tá siad le comhlíonadh le rannchuidithe comhionanna ó iompar). Leis an bplean REPowerEU beartaítear na cainníochtaí breosla inathnuaite is gá a mhéadú a thuilleadh. Contrártha don iompar ar bóthar, a bhfuil coinne leis go mbeidh a dhícharbónú ag brath cuid mhór ar leictreachas agus ar hidrigin, 214 leis na tograí RefuelEU Aviation agus FuelEU Maritime tuartar go ndéanfar 5 % agus 6.5 % d’ídiú iomlán breosla eitlíochta agus loingseoireachta an Aontais sna hearnálacha eitlíochta agus muirí a sholáthar le breoslaí inathnuaite 215 , 216 .
Anailís teicneolaíochta: Is ann do chonairí tráchtála (e.g. bith‑dhíghrádú anaeróbach chuig bithmheatán, ola phlandúil hidriginithe agus táirgeadh eatánóil ligniceallalósaigh), ach is beag toilleadh suiteáilte atá ann (0.43 Mt/y) agus tá an táirgeadh pleanáilte teoranta (1.85 Mt/y). Léiríodh réimse teicneolaíochtaí nuálacha (e.g. gású bithmhaise chuig breoslaí sintéiseacha Fischer‑Tropsch, breoslaí pirealúdhíorthaithe agus táirgeadh bithmheatánóil) sa timpeallacht thionsclaíoch agus tá siad réidh le bheith faoi lánseol. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh le teicneolaíochtaí áirithe den chéad ghlúin eile. Díríonn an tAontas a ghníomhaíochtaí ar bhithbhreoslaí forbartha, bunaithe go príomha ar dhramhaíl neamh‑athchúrsáilte agus ar iarmhair, agus déanann sé a thacaíocht a theorannú le haghaidh bithbhreoslaí bunaithe ar bhia agus bunábhar.
Teicneolaíochtaí le haghaidh breoslaí sintéiseacha inathnuaite eile (grianbhreoslaí, breoslaí miocróbacha den dara glúin agus breoslaí miocralga), tá siad fós ar scála na saotharlainne den chuid is mó. Fiú le haghaidh leictribhreoslaí, níl na teicneolaíochtaí is forbartha ina dteicneolaíochtaí tráchtála fós de dheasca na ndúshlán teicneolaíoch atá ann fós, na n‑ardchostas leictrealaithe, na n‑ardchaillteanas tiontúcháin (50 %) agus na n‑ardchostas iompair agus dáileacháin atá ann faoi láthair 217 .
Anailís slabhra luacha: Is é an príomhdhúshlán atá roimh ghlacadh bithbhreoslaí forbartha sa mhargadh a n‑iomaíochas leis na bithbhreoslaí traidisiúnta atá ann cheana agus a dhíorthaíonn ó bharraí bia. Meastar go bhfuil costas bithbhreoslaí forbartha cothrom le 1.5 go 3 huaire an mhargadhphraghais ar bhithbhreoslaí traidisiúnta amhail bithdhíosal agus bitheatánól (socraithe ag 50‑100 EUR/MWh). Tá ardchaiteachais chaipitil ag bithbhreoslaí forbartha freisin (suas le EUR 500 milliún le haghaidh gléasra aonair) agus tá siad nasctha le hinfhaighteacht bunábhair bithmhaise inbhuanaithe. Tá poitéinseal suntasach ann costais chaipitil a ghearradh faoi 25‑50 % agus costais bhunábhair a ghearradh faoi 10‑20 %, eadhon trí T&N, cur in úsáid mórscála agus comhphróiseáil sna gléasraí atá ann cheana.
Bhí cistiú bithbhreoslaí caipitil fiontair T&N phríobháidigh cothrom le 218 EUR 250 milliún ar an meán in aghaidh na bliana in 2010‑2021. Bhí ceannas ag SAM agus ag Ceanada (cé go bhfuil sainmhínithe difriúla acu ar bhithbhreoslaí), cé nach raibh sciar an Aontais ach cothrom le 6 % le 5 bliana anuas. Mar sin féin, tá an tAontas chun tosaigh agus dhá oiread na bpaitinní ardluacha atá ag SAM aige. Tá an chuid is mó de phaitinní nuálaíochta ísle ag an tSín agus tá méadú ag teacht ar líon na n‑iarratas ar phaitinn de chuid an Aontais in SAM agus sa tSín.
Anailís mhargaidh dhomhanda: Tá thart ar 7 % den fhiúchas margaidh bithbhreosla domhanda ag an Aontas (i.e. thart ar EUR 105 bhilliún in 2020) agus gintear sin den chuid is mó ó bhithdhíosal den chéad ghlúin. Bhain an láimhdeachas buaic amach ag EUR 14.4 billiún in 2018 219 agus gineadh an chuid is mó de sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sa Spáinn. Cruthaíodh 250 000 post díreach agus indíreach feadh an tslabhra luacha san Aontas. Is san Aontas atá 29 % de chuideachtaí nuálaíochta an domhain freisin, cé go bhfuil an chuid is mó díobh ag SAM agus ag an tSeapáin.
Níl an earnáil bithbhreoslaí forbartha ach ag teacht chun cinn. Tá an líon gléasraí tráchtála fós sách íseal agus tá trádáil idirnáisiúnta an‑teoranta. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda agus 19 gcinn de na 24 ghléasra bithbhreoslaí forbartha tráchtála oibríochtúla aige. Tá an chuid is mó ag an tSualainn agus ag an bhFionlainn (12 díobh eatarthu) 220 .
Is féidir na bithbhreoslaí uile a thrádáil go hidirnáisiúnta. Tá trádáil idirnáisiúnta níos ísle ná mar atá le haghaidh a macasamhlacha iontaise, agus is ar éigean is ann di le haghaidh bithbhreoslaí forbartha. Bhí méadú seasta ag teacht ar allmhairí bithbhreosla an Aontais ó 2014. Bhí easnamh trádála bithbhreosla is mó ná EUR 2 bhilliún aige in 2021, agus allmhairí ag teacht go príomha ón Airgintín, ón tSín agus ón Malaeisia. Tá an Ísiltír agus an Ghearmáin ar na táirgeoirí agus ar na honnmhaireoirí bithbhreosla domhanda is mó san Aontas.
Mar chonclúid, cé go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta shuiteáilte agus bheartaithe le haghaidh breoslaí inathnuaite le haghaidh 2030 ag an íosleibhéal agus go bhfuil poitéinseal bithbhreoslaí forbartha ó bhunábhar inbhuanaithe san Aontas teoranta, is féidir leis an earnáil sin mar sin féin rannchuidiú leis na spriocanna coigiltis astaíochta GCT in ʻOiriúnach do 55’ agus aon aga leictriúcháin iompair a chumhdach. Ní mór rioscaí teicniúla agus eacnamaíocha áirithe a shárú fós chun poitéinseal iomlán breoslaí inathnuaite a shaothrú san iompar. Tá costas na mbreoslaí inathnuaite uile agus, go háirithe, na mbreoslaí sintéiseacha, fós ard toisc go mbraitheann siad ar fhuinneamh inathnuaite agus ar phraghsanna hidrigine. Mar sin féin, tá bithbhreoslaí forbartha ag brath ar acmhainní bithmhaise inbhuanaithe áitiúla agus ar shlabhraí soláthair gairide lena gcruthaítear líon mór post do dhaoine oilte, lena laghdaítear bochtaineacht fuinnimh agus lena spreagtar iomaíochas tionsclaíoch. Is léir gurb é an tAontas an ceannaire margaidh i ngléasraí bithbhreoslaí forbartha tráchtála oibríochtúla agus i nuálaíochtaí ardluacha. Faoi láthair tá cuideachtaí de chuid an Aontais i measc na 10 gcuideachta is fearr ar domhan ach tá an baol ann go gcaillfidh siad a gceannaireacht theicneolaíoch de dheasca easpa an chistiúcháin phríobháidigh. Dá bhrí sin, cé is moite den fhuinneamh a tháirgtear ar bhonn intíre, ba cheart poitéinseal onnmhairiúcháin na dteicneolaíochtaí Eorpacha foluiteacha a mheas freisin.
3.7.Teicneolaíochtaí cliste le haghaidh bainistíocht fuinnimh
Le ceapadh beartas de chuid an Aontais agus le ceapadh beartas náisiúnta is léir gur aithníodh tábhacht na n‑eangach leictreachais cliste le blianta beaga anuas. Le straitéis 2020 ón Aontas um chomhtháthú córas fuinnimh 221 aithníodh tábhacht na n‑eangach cliste chun cuspóirí bheartais fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Le Rialachán athbhreithnithe 2022 maidir le Bonneagar Tras‑Eorpach Fuinnimh 222 tagraítear do chur in úsáid leictreachais cliste mar réimse tosaíochta téamach 223 . Ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna), aithníonn na Ballstáit poitéinseal na réiteach digiteach chun clisteacht na n‑eangach leictreachais a uasghrádú 224 . Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le leictriú na heangaí agus lena déanamh níos cliste, ach tá gá le níos mó chun an bonneagar leictreachais a threisiú chun an plean REPowerEU a chur chun feidhme. Ar na dúshláin tá laghdú, comhroinnt sonraí idir gníomhaithe difriúla, solúbthacht, idir‑inoibritheacht agus ullmhacht teicneolaíochta. Le plean gníomhaíochta an Aontais um dhigitiú an chórais fuinnimh 225 cuirtear i láthair sraith beart chun na bacainní sin a shárú.
I bhfianaise líon mór agus réimse leathan na dteicneolaíochtaí fuinnimh cliste, leis an roinn seo dírítear ar mheasúnú a chur i láthair ar na forbairtí margaidh agus teicneolaíocha ábhartha le haghaidh trí phríomhtheicneolaíocht amháin: i) ard‑infreastruchtúr méadraithe; ii) córais bainistíochta fuinnimh baile; agus iii) athluchtú feithiclí leictreacha cliste.
I)Ard‑infreastruchtúr Méadraithe (AMI)
Le córais AMI 226 tairgtear mórán buntáistí le haghaidh soláthraithe seirbhíse fuinnimh agus tomhaltóirí, lena n‑áirítear billí leictreachais laghdaithe trí bhainistíocht ídithe níos fearr; inbhreathnaitheacht eangaí níos fearr agus dá bhrí sin bainistíocht éartha níos fearr; costais laghdaithe le haghaidh nuashonruithe eangaí de bharr bainistíocht níos fearr ar bhuaiceanna leictreachais; agus rialú tomhaltóirí níos fearr trí úsáid a bhaint as ardbhonneagar custaiméara (ie. feidhmchláir chliste agus tairseacha gréasáin) 227 .
Tá dul chun cinn á dhéanamh ar rolladh amach córas méadrúcháin chliste san Aontas, cé gur gá tuilleadh dlúis a chur leis sin. In 2020, ní raibh ach 43 % de thomhaltóirí feistithe le méadar leictreachais chliste (rud a chomhfhreagraíonn do thart ar 123 mhilliún aonad san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe) 228 . Athraíonn na feidhmiúlachtaí atá á dtairiscint le AMI: i bhformhór na dtíortha, tairgtear faisnéis mhionsonraithe leo trí chomhéadan méadair maidir le sonraí ídiúcháin (e.g. leibhéal/dáta/am ídiúcháin) agus/nó faisnéis maidir le sonraí ídiúcháin carnacha.
Chun poitéinseal iomlán AMI a shaothrú is gá tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh le córais bainistíochta fuinnimh baile agus fearas chliste (lena n‑áirítear athluchtú feithiclí leictreacha cliste) agus le seirbhísí fuinnimh nua chomh maith leis sin.
II)Córas bainistíochta fuinnimh baile (HEMS)
Le rolladh amach méadaitheach fearas cliste 229 léirítear gur cheart do HEMS teacht chun bheith ina mhol le haghaidh comhiomlánú, optamú agus seachtrú sonraí chuig tríú páirtithe (e.g. bróicéirí fuinnimh agus soláthraithe seirbhíse). Tá cód iompair á ullmhú ag an gCoimisiún le haghaidh monaróirí fearas cliste fuinnimh, lena saineofar na ceanglais idir‑inoibritheachta agus na prionsabail le haghaidh comhroinnt sonraí idir fearais; córais uathoibrithe baile agus foirgnimh; Luchtairí feithiclí leictreacha; comhbhailitheoirí; agus oibreoirí córais dáileacháin 230 .
Faoi láthair cuimsíonn réitigh bainistíochta fuinnimh baile feidhmeanna faireacháin fuinnimh dírithe ar an gcustaiméir agus ardáin bogearraí lipéid bháin le haghaidh custaiméirí fóntais, rudaí is féidir a rolladh amach ina dhiaidh sin chuig úsáideoirí deiridh.I dteannta cuideachtaí ʻtraidisiúnta’ ag a bhfuil cuntas teiste i bhfuinneamh agus/nó leictreonaic 231 , dáileann cuideachtaí bogearraí móra amhail Google, Apple agus Cisco táirgí HEMS anois 232 . Leis an treocht sin cuirtear i dtábhacht an ról méadaitheach atá ag innealtóireacht bogearraí i ngairis Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT).
Tá coinne leis go dtiocfaidh fás suntasach ar an éileamh ar HEMS sna blianta atá le teacht. Mar shampla, tá coinne leis go bhfásfaidh margadh na Gearmáine, arb é sin an margadh HEMS náisiúnta is mó san Aontas, chuig nach mór USD 460 milliún (EUR 544 mhilliún 233 ) faoi 2027, agus d’fhéadfadh ráta fáis bliantúil iolraithe (CAGR) 20.3 % a bheith ag an margadh HEMS de chuid na Fraince idir 2021 agus 2027 234 . Léirítear treochtaí domhanda leis sin. Bhí margadh HEMS domhanda measta ag USD 2.1 billiún in 2021 (EUR 2.5 billiún 235 ), agus d’fhéadfadh sé fás chuig USD 6 bhilliún (EUR 7 mbilliún 236 ) faoi 2027 (agus CARG 16.5 % ann le linn 2022‑2027) 237 . Ag an gcéim sin, áfach, ní léir cé acu a bheidh nó nach mbeidh HEMS ina chuidiú ach ag tomhaltóirí chun a n‑ídiú agus a gcompord a optamú nó cé acu a chumasófar nó nach gcumasófar leo freisin freagairt don éileamh agus solúbthacht ar scála.
III)Athluchtú feithiclí leictreacha cliste
Beidh athluchtú feithiclí leictreacha cliste ríthábhachtach chun sineirgí a uasmhéadú idir feithiclí leictreacha, giniúint fuinnimh inathnuaite agus seirbhísí eangaí. Fágann luas rolladh amach na bhfeithiclí leictreacha nach bhfuil coinne leis go gcruthóidh feithiclí leictreacha géarchéim cumhachta éilimh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma 238 , ach d’fhéadfaidís an cuar lóid a athmhúnlú 239 . Is féidir le tionchar an athluchtaithe feithiclí leictreacha cliste a bheith níos mó i réigiúin agus i gceantair áitiúla ina dtagann comhchruinniú feithiclí leictreacha ard le chéile le bonneagar eangaí nach bhfuil chomh láidir sin. Le teicnící athluchtaithe feithiclí leictreacha cliste is féidir seirbhísí cothromúcháin a sholáthar le haghaidh na heangaí agus ciorrú inathnuaite a laghdú, rud a laghdaíonn dá réir sin an gá le huasghráduithe eangaí.
Le hathluchtú cliste áirítear réimse roghanna praghsála agus athluchtaithe theicniúil, agus is ann do thrí chineál fhoirm de: ó fheithiclí aontreocha go heangach (V1G), ó fheithiclí déthreocha go heangach (V2G), agus feithicil go baile nó foirgneamh (V2H‑B). Ar na príomhghníomhaithe sa mhargadh athluchtaithe feithiclí leictreacha cliste áirítear ABB (an tSualainn/an Eilvéis), Bosch Automotive Service Solutions Inc. (an Ghearmáin), Schneider Electric (an Fhrainc), GreenFlux agus Alfen N.V. (an Ísiltír), Virta (an Fhionlainn), Driivz agus Tesla (SAM).
Is léir go bhfuil borradh faoin margadh athluchtaithe feithiclí leictreacha cliste domhanda, agus luach measta USD 1.52 billiún (EUR 1.77 billiún 240 ) air in 2020 agus ráta fáis bliantúil iolraithe (CAGR) 32.42 % ann idir 2021 agus 2031 241 . Mar sin féin, murab ionann is réitigh V1G níos aibí, níor shroich V2G ná V2H‑B céim leathan an imlonnaithe margaidh, cé go bhfuil an líon tionscadal píolótach agus tionscadal taispeántais ag fás.
Beidh dhá dhúshlán ag baint le bonneagar athluchtaithe cliste ar scála a rolladh amach: ar an gcéad dul síos, ní mór caighdeánú comhéadan cumarsáide i measc pointí athluchtaithe, feithiclí leictreacha agus na heangaí dáileacháin a chomhdhlúthú; ar an dara dul síos, is gá freastal ar éileamh méadaitheach ar amhábhair 242 .
Tá coinne leis go ndéanfaidh córais AMI, HEMS agus athluchtú cliste feithiclí leictreacha tuilleadh dul chun cinn. Bhí cur in úsáid córas AMI níos moille ná mar a beartaíodh ar dtús. Is gá tuilleadh comhtháthaithe le HEMS agus fearais chliste chun leas iomlán a bhaint as na deiseanna a bhaineann le córais AMI. Is é ba cheart teacht as láithreacht mhéadaitheach fearas cliste méadú suntasach ar éileamh ar HEMS. Ba cheart an margadh domhanda le haghaidh athluchtú feithiclí leictreacha cliste a bheith faoi lánseol freisin, ach is gá dúshláin a shárú.
3.8. Príomhthorthaí ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain eile
Leis na ranna thuas dírítear ar na teicneolaíochtaí agus ar na réitigh fuinnimh ghlain sin ar a ndearnadh anailís in 2021 243 . Déantar na príomhréitigh fuinnimh ghlain eile a chuirtear i láthair sa roinn seo a chumhdach sna tuarascálacha CETO tionlacain 244 . Tá na teicneolaíochtaí sin ag céimeanna forbartha difriúla agus tá siad ag teacht chun cinn i gcomhthéacsanna éagsúla. Fágann sin go bhfuil a thacair féin de dhúshláin agus de dheiseanna iomaíochais ag gach ceann acu.
Hidreachumhacht 245 , mar shampla, cuireadh in úsáid go substaintiúil í ar fud an Aontais. Bhí toilleadh suiteáilte cothrom le 151 GW in 2021, méadú + 6 GW i gcomparáid le 2011, rud a chomhfhreagraíonn do thart ar 12 % de ghlanghiniúint leictreachais an Aontais. Is é 44 GW de hidreachumhacht phumpáilte an Aontais an toilleadh stórála leictreachais uile de chuid an Aontais nach mór agus áirithítear leis sin solúbthacht chuig an eangach leictreach agus an toilleadh stórála uisce. Agus cabhlach aosaithe ann, tá athchóiriú inbhuanaithe ar an toilleadh hidreachumhachta atá ann cheana ag dul i dtábhacht go seasta, chomh maith le deis chun a fhágáil go mbeidh an cabhlach hidreachumhachta níos athléimní maidir le hathruithe aeráide agus margaidh. Tá an tAontas ina cheannaire in T&N, agus 33 % de na haireagáin ardluacha uile aige go domhanda (2017‑2019) agus 28 % de na cuideachtaí nuálacha uile á óstáil aige. I margadh atá ag leathnú go domhanda, bhí 50 % de na honnmhairí domhanda uile i hidreachumhacht aige freisin, suas go luach EUR 1 bhilliún in 2019‑2021. Mar sin féin, chun a phoitéinseal iomlán a shaothrú beidh ar an Aontas dúshláin a shárú, dúshláin atá nasctha le glacadh sóisialta agus le tionchair chomhshaoil suiteálacha agus taiscumar nua. Imríonn éifeachtaí an athraithe aeráide tionchar ar bhealaí éagsúla ar hidreachumhacht san Eoraip freisin agus is féidir go mbeidh ról ag taiscumair hidreachumhachta chun cuid de na héifeachtaí sin a mhaolú. Tá sé fíor‑riachtanach na tairbhí breise (lastall de ghiniúint fuinnimh) atá le taiscumair hidreachumhachta ilchuspóireacha a aithint agus níos mó teicneolaíochtaí agus bearta inbhuanaithe (i.e. nach bhfuil tionchar chomh mór sin acu) hidreachumhachta a dhreasú.
Tá líon méadaitheach cur in úsáid fuinnimh aigéin 246 ag tarlú. San fhadtéarma, i bhfianaise an phoitéinsil acmhainne, is féidir le fuinneamh aigéin rannchuidiú le suas le 10 % de riachtanais fuinnimh an Aontais. Le straitéis 2020 ón Aontas um fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta 247 beartaíodh spriocanna sonracha toillte le haghaidh fuinneamh aigéin agus an cuspóir fadtéarmach 40 GW ar a laghad ann faoi 2050. Tá cuideachtaí de chuid an Aontais chun tosaigh san earnáil fuinnimh aigéin agus formhór na gcuideachtaí á n‑óstáil i dtíortha an Aontais. Tá ag méadú ar chur in úsáid laistigh agus lasmuigh den Aontas ó thaobh toilleadh suiteáilte de. Is amhlaidh atá gairis aonair ag rannchuidiú cheana leis an eangach ar feadh tréimhsí níos faide 248 . Mar sin féin, tá gá le laghduithe costais leanúnacha agus le hinbhuanaitheacht áirithithe chun go mbunófar teicneolaíochtaí fuinnimh toinne agus taoide sa mhargadh leictreachais agus chun go mbeidh siad iomaíoch le foinsí inathnuaite fuinnimh eile. Tá gá le tuilleadh cistiúcháin atá tiomnaithe do thástáil agus le glacadh an mhargaidh freisin chun go bhféadfar iad a chur in úsáid ar mhórscála.
Fuinneamh 249 geoiteirmeach , bhí fás le brath ann le haghaidh gléasraí cumhachta agus le haghaidh téamh agus fuarú ceantair araon, cé go raibh sé le brath ar ráta mall i gcomparáid le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain eile. In 2021, rinneadh dhá ghléasra cumhachta geoiteirmí bhreise a choimisiúnú sa Ghearmáin, agus toilleadh 1 MWe agus 5 MWe iontu 250 - agus, dá réir sin, toilleadh iomlán an Aontais á thabhairt chuig 0.877 GWe – cé go raibh an toilleadh suiteáilte domhanda iomlán cothrom le thart ar 14.4 GWe. In 2021, shroich an toilleadh téimh agus fuaraithe ceantair geoiteirmeach suiteáilte iomlán 2.2 GWth san Aontas, agus níos mó ná 262 chóras ann. Tá an fás is mó ag tarlú san Fhrainc, san Ísiltír agus sa Pholainn. Tá dúshláin nuálaíochta éagsúla roimh chórais gheoiteirmeacha fheabhsaithe (EGS) fós lena n‑éileofar tuilleadh T&N. Tá sé ríthábhachtach an riosca a bhaineann le hinfheistiú i dtionscadail fuinnimh gheoiteirmigh a ísliú chun leas a bhaint as poitéinseal ollmhór an fhuinnimh gheoiteirmigh. San Aontas, baineann na príomhdhúshláin le costéifeachtúlacht agus le feidhmíocht chomhshaoil.
Díriú grianteasa agus teas 251 (CSP), is féidir leis rannchuidiú go substaintiúil le giniúint leictreachais i suíomhanna ina bhfuil grianrú díreach ard, ach níor baineadh leas ach as codán dá phoitéinseal go dtí seo. In 2021, bhí an toilleadh suiteáilte domhanda cothrom le thart ar 6.5 GW, agus 2.4 GW suiteáilte san Aontas. Is ann do mhargadh mór de chuid an Aontais freisin le haghaidh teas le haghaidh próiseas tionsclaíoch, ar féidir leas a bhaint as go páirteach le córais dírithe grianteasa. Is fearr a d’fhéadfadh an tAontas aghaidh a thabhairt ar iomaíocht idirnáisiúnta dá ndéanfaí an poitéinseal sin le haghaidh cumhachta agus teas le haghaidh próisis a iniúchadh i dteannta bearta airgeadais agus tacaíochta eile. Tá tábhacht ar leith leis sin ós rud é go bhfuil eagraíochtaí de chuid na Síne ag teacht chun cinn mar fhorbróirí tionscadail CSP idirnáisiúnta, réimse ina raibh cuideachtaí de chuid an Aontais ina gceannairí go traidisiúnta. Le CSP léiríodh dul chun cinn suntasach ó thaobh laghdú costais agus chun é féin a bhunú mar rogha iontaofa. Tá ról ceannasach ag eagraíochtaí Eorpacha i dtaighde agus i bhforbairt theicneolaíoch. Tá taighdeoirí de chuid an Aontais ina bpríomhfhoilsitheoirí páipéar eolaíoch agus ina n‑údair ar phaitinní ardluacha lena méadaítear éifeachtúlacht agus lena laghdaítear costas, mar a leagtar amach i bplean cur chun feidhme CSP an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) 252 . Beidh ról lárnach ag T&N ansin agus leanfar de thacaíocht choincréiteach a sholáthar ar leibhéal an Aontais mar a fhógraítear i straitéis nua an Aontais um an ngrianfhuinneamh.
Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (CCUS), cuireadh dlús leis an dul chun cinn le blianta beaga anuas, ach, mar sin féin, níl ach líon beag suiteálacha ag oibriú san Aontas. Tá an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír ina gceannairí san infheistíocht T&N phoiblí agus phríobháideach agus i bpríomhchuideachtaí paitinnithe. Tá bacainní leanúnacha áirithe roimh fhorbairt CCUS, a mhéid a bhaineann ar an mórgóir le cur chun feidhme rialála 253 , eacnamaíocht, riosca agus éiginnteachtaí agus glacadh an phobail. Roghnaíodh 11 tionscadal CCS agus CCU mhórscála le haghaidh tacaíocht de chuid an Aontais ón gCiste don Nuálaíocht.
Is é Bithfhuinneamh 254 nach mór 60 % 255 den soláthar fuinnimh inathnuaite san Aontas faoi láthair. Leanann bithfhuinneamh de bheith tábhachtach le haghaidh aistriú earnálacha fuinnimh éagsúla de chuid na mBallstát, toisc go gcuidíonn sé le dícharbónú an gheilleagair agus slándáil fuinnimh agus éagsúlú á méadú an tráth céanna. Fágann méadú réamh‑mheasta na bithmhaise go bhfuil sé tábhachtach go n‑áiritheoidh an tAontas go bhfoinsítear agus go n‑úsáidtear bithfhuinneamh go hinbhuanaithe, agus go seachnaítear tionchair dhiúltacha ar bhithéagsúlacht agus linn agus stoic charbóin. Le togra athbhreithnithe na Treorach maidir le Fuinneamh Inathnuaite áirítear critéir inbhuanaitheachta níos láidre le haghaidh bithfhuinnimh agus tugtar isteach ceanglas ar na Ballstáit chun an prionsabal cascáideach a chur i bhfeidhm ina scéimeanna tacaíochta airgeadais. Le bithmheatán a tháirgtear go hinbhuanaithe, bunaithe ar dhramhaíl orgánach agus iarmhair, go háirithe, is féidir rannchuidiú leis an sprioc REPowerEU a bhaineann le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú. An oibleagáid chun dramhaíl orgánach a bhailiú ar leithligh faoi 2024, is deis mhór í sin le haghaidh na táirgeachta bithgháis inbhuanaithe sna blianta atá le teacht. Le bithfhuinneamh soláthraítear giniúint cumhachta sholúbtha, agus an eangach leictreachais á comhardú agus tá príomhról aige chun scaireanna arda d’fhuinneamh inathnuaite athraitheach, amhail fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh, a chumasú sna heangacha leictreachais.
Le Fuinneamh núicléach, agus 103 imoibreoir cumhachta (101 GWe) san Aontas in 2022, gintear thart ar an gceathrú cuid de leictreachas an Aontais agus soláthraítear thart ar 40 % de leictreachas ísealcharbóin an Aontais 256 .Le cois foinsí inathnuaite fuinnimh, áirítear cumhacht núicléach i bplean fadtéarmach straitéiseach an Aontais um gheilleagar aeráidneodrach faoi 2050. Leis an bplean REPowerEU aithnítear a thuilleadh ról na hidrigine núicléach‑bhunaithe chun gás nádúrtha a ionadú i dtáirgeadh hidrigine inathnuaite. Tá rannchuidiú ionchasach an fhuinnimh núicléach leis an meascán fuinnimh ísealcharbóin todhchaí ag brath ar thaighde agus ar nuálaíocht, arb é is aidhm dóibh teicneolaíochtaí núicléacha atá níos sábháilte agus níos glaine fós a bhaint amach (teicneolaíochtaí traidisiúnta agus ardteicneolaíochtaí araon). Léirigh fóntais agus eagraíochtaí taighde éagsúla ó sheacht mBallstát den Aontas ar a laghad spéis in Imoibreoirí núicléacha nua atá Níos Lú agus atá Modúlach 257 (SMRanna) agus iad á nascadh le leictreachas dícharbónaithe agus táirgeadh fuinnimh neamhleictrigh amhail téamh tionsclaíoch agus ceantair agus táirgeadh hidrigine. Tá próiseas á thiomáint ag gníomhaithe tionsclaíocha agus stáit leasmhara de chuid an Aontais i dtreo samhail thionsclaíoch Eorpach le haghaidh cur in úsáid SMR go luath sna 2030idí.
4. Conclúid
Tá forbairt agus cur in úsáid gasta teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain dúchasacha san Aontas ríthábhachtach chun freagairt atá costéifeachtach, neamhdhíobhálach don aeráid agus cothrom ó thaobh na sochaí a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair.
Mar fhreagairt ar phraghsanna fuinnimh nach bhfacthas riamh cheana, chuir an tAontas tacar beart ar aghaidh go gasta lena gcosnófar tomhaltóirí agus gnólachtaí, lena n‑áirítear teaghlaigh leochaileacha agus gníomhaithe tionscail teicneolaíochta fuinnimh ghlain, agus baint amach spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus 2050 á háirithiú an tráth céanna.
Go comhthreomhar, ba cheart don Aontas leanúint dá iarrachtaí chun a spleáchas ar amhábhair a laghdú, agus a fhoinsiú amhábhar a éagsúlú go héifeachtach, ós rud é go ndéantar difearmór d’iomaíochas teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain lena bpraghsanna atá ag méadú as éadan. Is é is aidhm don Ghníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a fógraíodh 258 rannchuidiú chun na huaillmhianta sin a bhaint amach. Is gá don Aontas freisin comhar idirnáisiúnta a dhoimhniú, agus ganntanas an fhórsa oibre oilte a shárú i ndeighleoga teicneolaíochta fuinnimh ghlain éagsúla, agus timpeallacht ina bhfuil cothromaíocht inscne, agus atá comhionann, á háirithiú an tráth céanna freisin. Beart i dtreo an mhéadaithe ar oibrithe oilte is ea an togra chun Bliain Eorpach na Scileanna a dhéanamh de 2023.
Tá an‑tábhacht le níos mó infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i dtaighde agus i nuálaíocht fuinnimh ghlain, le huas‑scálú agus le cur in úsáid inacmhainne. Tá ról ríthábhachtach ag creataí rialála agus airgeadais an Aontais sa chás sin. I dteannta chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua um Nuálaíocht, tá ríthábhacht le cláir chistiúcháin de chuid an Aontais, comhar feabhsaithe idir na Ballstáit agus faireachán leanúnach ar ghníomhaíochtaí T&N náisiúnta, chun éiceachóras T&N de chuid an Aontais ag a bhfuil tionchar a dhearadh, agus chun an bhearna a dhruidim idir taighde agus nuálaíocht agus glacadh margaidh, agus iomaíochas an Aontais á threisiú dá réir sin.
Leis an tuarascáil seo deimhnítear 259 gur lean an tAontas de bheith chun tosaigh i dtaighde fuinnimh ghlain, agus go bhfuil infheistíocht T&N ag fás go seasta (cé go bhfuil sí ag fás faoi bhun na leibhéal roimh an ngéarchéim airgeadais). Ar an leibhéal domhanda, leanann an tAontas de bheith ina cheannaire in aireagáin ʻghlasa’ agus i bpaitinní ardluacha, agus é ar an bpríomhiarratasóir paitinne domhanda sna réimsí aeráide agus comhshaoil (23 %), fuinnimh (22 %) agus iompair (28 %). Thit sciar domhanda an Aontais d’fhoilseacháin eolaíocha, ach téann eolaithe de chuid an Aontais i gcomhar agus foilsíonn siad ábhair fuinnimh ghlain ar bhonn idirnáisiúnta ar ráta atá i bhfad os cionn an mheáin dhomhanda. Ina theannta sin, léiríonn an tAontas leibhéal níos airde de chomhar príobháideach poiblí.
Lean láimhdeachas agus oll‑bhreisluach earnáil fuinnimh inathnuaite an Aontais de bheith ag méadú ó 2019, agus le táirgeadh an Aontais maidir le formhór na dteicneolaíochtaí agus na réiteach fuinnimh ghlain léiríodh an treocht chéanna in 2021. Cé gur choinnigh an tAontas comhardú trádála dearfach ar bun i roinnt teicneolaíochtaí, amhail gaoth, mhéadaigh a easnamh trádála le haghaidh cinn eile, amhail teaschaidéil, bithbhreoslaí agus fótavoltachas gréine. Is é is cúis leis an treocht fhoriomlán sin go páirteach éileamh méadaitheach an Aontais ar na teicneolaíochtaí sin.
Maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain sonracha, léirítear leis an tuarascáil go leanann earnáil gaoithe an Aontais de bheith ina ceannaire domhanda in T&N agus i bpaitinní ardluacha in 2022, agus go gcoinníonn sí comhardú trádála dearfach ar bun. Tá iomaíocht ghéar ann fós, áfach, agus beidh ar an tionscal gaoithe an comhthéacs neamhfhabhrach atá ann faoi láthair a shárú freisin de dheasca an éilimh dhomhanda mhéadaithigh ar ábhair thearc‑chré agus ar bhristeacha ar an slabhra soláthair. Beidh ar an earnáil an toilleadh suiteáilte bliantúil dá cuid atá ann faoi láthair a dhúbailt chun spriocanna REPowerEU a bhaint amach. Dheimhnigh an tAontas a sheasamh freisin in 2022 mar cheann de na margaí is mó le haghaidh fótavoltachais agus mar nuálaí láidir freisin, go háirithei dteicneolaíochtaí fótavoltachais atá ag teacht chun cinn. Ó thaobh an tslabhra soláthair, tá an tAontas fós ag titim chun deiridh ar an Áise, agus tá spleáchas láidir aige ar chomhpháirteanna ríthábhachtacha éagsúla. Le réitigh nuálacha agus dul chun cinn teicneolaíoch leanúnach tairgtear deiseanna breise le haghaidh cur in úsáid san Aontas.
Tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas le haghaidh teicneolaíochtaí éagsúla. Is gá dúshláin éagsúla a shárú fós chun leas iomlán a bhaint astu. Beidh ar an earnáil teaschaidéal dlús a chur lena cur in úsáid atá ag fás go tapa cheana féin agus inacmhainneacht córas a áirithiú (go háirithe le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal agus FBManna), agus beidh ar sholáthróirí de chuid an Aontais an táirgeacht a ardú chun a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun i gcomparáid le tríú tíortha. Maidir le táirgeadh ceallraí, tá an tAontas ar an mbóthar chun neamhthuilleamaíocht a bhaint amach nach mór faoi 2030, ach tá dúshláin roimhe fós de dheasca easpa amhábhair foinsithe ar bhonn intíre agus acmhainneacht táirgeachta ardábhar. Tá gá le tuilleadh airde chun acmhainneacht athchúrsála a mhéadú agus cumas teicneolaíoch a bhunú i stóráil níos saoire/stóráil níos fadtéarmaí. Maidir le táirgeadh hidrigine trí leictrealú tairbhíonn an tAontas dá chur chuige cuimsitheach láidir chun éileamh agus soláthar a tharraingt. Athraíonn seasamh shlabhra luacha an Aontais (e.g. tá sé chun tosaigh i leictrealú Ocsaíde Soladaí, ach ní théann sé in iomaíocht i dteicneolaíocht alcaileach). Tá méaduithe as éadan ar phraghsanna leictreachais agus spleáchas ar amhábhair chriticiúla ar cheann de na príomhdhúshláin. Is léir gurb é an tAontas an ceannaire margaidh i ngléasraí tráchtála oibríochtúla breoslaí inathnuaite agus nuálaíochtaí ardluacha. Cé gur teoranta táirgeadh suiteáilte agus beartaithe le haghaidh 2030, le breoslaí inathnuaite is féidir rannchuidiú leis na spriocanna coigiltis ʻOiriúnach do 55’ uile, má thugtar aghaidh ar rioscaí teicniúla agus eacnamaíocha áirithe. Beidh nuálaíocht i mbonneagar fuinnimh dhigitigh an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh an eangach leictreachais oiriúnach don chóras fuinnimh todhchaí. Tá borradh faoin éileamh ar HEMS agus ar athluchtú feithiclí leictreacha agus tá coinne leis go dtiocfaidh fás air sin agus tá rolladh amach córais méadraithe chliste ag dul ar aghaidh san Aontas (cé go bhfuil sé ag dul ar aghaidh ar luas níos moille ná mar a bhí beartaithe).
Ar an bhforiomlán, d’ainneoin na dtreochtaí dearfacha faoina bhfuil gealladh agus a breathnaíodh in éiceachóras nuálaíochta an Aontais, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha agus ar dhúshláin shochaíocha lena bhfuil gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, ar gnólachtaí teicneolaíochta aeráide iad atá bunaithe sa Aontas, á gcoinneáil siar níos mó ná mar atá i mórgheilleagair eile. Chun a phoitéinseal a shaothrú chun teacht chun bheith ina cheannaire domhanda sna réimsí teicneolaíochta aeráide agus teicneolaíochta doimhne, is gá don Aontas a bhuanna, a shócmhainní intleachta agus a chumais thionsclaíocha éagsúla a ghiaráil, agus a áirithiú go nglacfaidh infheisteoirí príobháideacha páirt ar bhealach níos gníomhaí i gcistiú gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta aeráide agus teicneolaíochta aeráide doimhne.
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hearnála fuinnimh ghlain agus forbróidh sé a mhodheolaíocht agus a bhailiú sonraí a thuilleadh i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh an Coimisiún a mhodheolaíocht fianaisebhunaithe cothrom le dáta le haghaidh eagráin todhchaí den Tuarascáil ar an Dul chun Cinn maidir le hIomaíochas. Déanfar eolas do chinntí beartais leis sin agus cuideofar lena áirithiú go mbeidh an tAontas iomaíoch, tíosach ar acmhainní, athléimneach, neamhspleách agus aeráidneodrach faoi 2050.
260 IARSCRÍBHINN I: Creat Modheolaíoch chun Measúnú a dhéanamh ar iomaíochas an Aontais
Cuid 1: Iomaíochas Foriomlán earnáil fuinnimh ghlain an Aontais |
Cuid 2: Teicneolaíochtaí agus réitigh fuinnimh ghlain |
||
Anailís mhaicreacnamaíoch
|
1. Anailís teicneolaíochta Staid reatha agus ionchas |
2. Anailís slabhra luacha ar an earnáil teicneolaíochta fuinnimh |
3. Anailís mhargaidh dhomhanda |
Na forbairtí is déanaí -praghsanna agus costais fuinnimh: treochtaí atá ann le déanaí -dúshláin inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain; spleáchas amhábhair (chriticiúil) earnáil fuinnimh ghlain an Aontais agus tionchair ar iomaíochas an Aontais. -tionchar COVID‑19 agus Téarnamh -Caipiteal daonna agus Scileanna |
An toilleadh suiteáilte, giniúint/táirgeadh (inniu agus in 2050) |
Láimhdeachas |
Trádáil (allmhairí, onnmhairí) |
Treochtaí taighde agus nuálaíochta -infheistíochtaí T&N poiblí agus Príobháideacha -paitinniú agus Paitinní ardluacha san Aontas agus in aghaidh an Bhallstáit |
Costas / Meánchostais Iomlána Táirgthe Fuinnimh (LCoE) 261 (inniu agus in 2050) |
Fás oll‑bhreisluacha Bliantúil, % d’athrú |
Ceannairí margaidh dhomhanda vs. ceannairí margaidh an Aontais (sciar den mhargadh) |
Timpeallacht iomaíoch dhomhanda an fhuinnimh ghlain |
Cistiú T&N poiblí (na Ballstáit agus an tAontas) |
An líon cuideachtaí sa slabhra soláthair, lena n‑áirítear ceannairí margaidh an Aontais |
Éifeachtúlacht acmhainne agus spleáchas 262 |
Timpeallacht an chistiúcháin nuálaíochta san Aontas (in aghaidh mórgheilleagar) |
Cistiú T&N príobháideach |
Fostaíocht sa deighleog slabhra luacha |
|
Ról athraithe shistéamaigh ar an earnáil fuinnimh ghlain (e.g. digitiú, foirgnimh, pobail fuinnimh agus comhar fonáisiúnta) |
Treochtaí paitinnithe (lena n‑áirítear paitinní ardluacha) |
Déine fuinnimh / táirgiúlacht oibre |
|
Leibhéal na bhfoilseachán eolaíoch
|
Táirgeadh pobail Luachanna táirgthe bliantúla |