An Bhruiséil,15.11.2022

COM(2022) 638 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmíocht na tacaíochta le haghaidh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite a thugtar trí nósanna imeachta tairisceana san Aontas


1. Réamhrá

Beidh gá le húsáid luathaithe as giniúint fuinnimh in‑athnuaite ar leibhéal dáilte agus le tionscadail ar scála fóntais don aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Ba cheart go n‑éireoidh sé sin margadhbhunaithe de bharr an laghdú atá ag teacht ar chostais na dteicneolaíochtaí in‑athnuaite, ach go dtí seo tá tacaíocht phoiblí 1 de chineál éigin faighte ag formhór na dtionscadal. Is féidir le scéimeanna tacaíochta a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus iad struchtúrtha in dhá phríomhchatagóir – tacaíocht infheistíochta (amhail deontais infheistíochta, lascaine ar iasachtaí nó lacáistí) agus tacaíocht oibríochtúil (amhail scéimeanna teastais, taraifí nó préimheanna). Ar fud an Aontais Eorpaigh, cuirtear tacaíocht oibríochtúil i bhfeidhm ar bhonn níos forleithne, a leithdháiltear i gcás tionscadail ar scála fóntais is minice ar bhonn margaidh trí nósanna imeachta tairisceana iomaíocha (dá ngairtear tairiscintí nó ceantanna sa tuarascáil seo).

Aithnítear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 (ʻAn Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaiteʼ) an ról atá ag na scéimeanna tacaíochta dʼfhuinneamh in‑athnuaite atá bunaithe ar thairiscintí agus a bprionsabail. Ina theannta sin, tugtar tús áite freisin leis 2 na rialacha maidir le státchabhair do phróisis tairisceana iomaíocha amhail tairiscintí amhail an sásra iomchuí chun tacaíocht a leithdháileadh ar tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite.

Dʼfhonn tuiscint a fháil ar thionchar na scéimeanna tacaíochta tairisceana ó pheirspictíocht níos leithne, sainordaítear in Airteagal 4(8) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite don Choimisiún tuairisciú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na scéimeanna tacaíochta sin, arna dtomhas de réir seacht ngné feidhmíochta, eadhon: (i) laghdú costais a bhaint amach; (ii) feabhsú teicneolaíochta a bhaint amach; (iii) rátaí arda cur i gcrích a bhaint amach; (iv) rannpháirtíocht neamh‑idirdhealaitheach gníomhaithe beaga agus, más infheidhme, údarás áitiúil a sholáthar; (v) tionchar comhshaoil a theorannú; (vi) inghlacthacht áitiúil a áirithiú; (vii) slándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí a áirithiú.

Sa chomhthéacs sin, déantar anailís sa tuarascáil ar an gcaoi a bhfuil nósanna imeachta tairisceana, mar cheann de na cineálacha tacaíochta poiblí, ag cothú úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh mar chuid dʼaistriú níos leithne an chórais fuinnimh. Dá bhrí sin, is é fócas na tuarascála an chomparáid idir tairiscintí agus scéimeanna tacaíochta nach bhfuil bunaithe ar thairiscintí, seachas comparáid idir roghanna éagsúla dearaidh tairiscintí. Ina theannta sin, tugtar léargas sa tuarascáil ar an gcaoi a bhféadfadh na nósanna imeachta tairisceana teacht chun cinn amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhthéacs beartais fuinnimh atá ann faoi láthair, ar staid reatha na margaí fuinnimh agus ar na dúshláin is déanaí a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh i bhfoinsí in‑athnuaite.

Ba cheart go bhfeicfí conclúidí na tuarascála i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chomh maith le plean REPowerEU, a bhraitheann ar úsáid luathaithe fuinnimh in‑athnuaite ar mhórscála mar phríomhspreagadh do dhícharbónú an gheilleagair agus na hearnála leictreachais.

2. Modheolaíocht

Tá bunús modheolaíochta na tuarascála leagtha amach thart ar na seacht ngné dá dtagraítear in Airteagal 4(8) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, agus déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht na scéimeanna tacaíochta tairisceana a thomhas ina leith. Aistrítear na seacht ngné feidhmíochta sin ar dtús ina dtáscairí sonracha lena dtomhaistear na héifeachtaí nithiúla a bhaineann leis an nós imeachta tairisceana a chur i bhfeidhm 3 .

Is é an chéad chéim mhodheolaíoch eile feidhmíocht an nós imeachta tairisceana a chur i gcomparáid le frithfhíorasach, dʼfhonn an difríocht idir cásanna a mheas leis an nós imeachta tairisceana atá i bhfeidhm agus gan é. Úsáidtear na modhanna seo a leanas sa tuarascáil chun na héifeachtaí a mheas:

Úsáidtear an chéad chineál frithfhíorais – ʻcomparáid laistigh den tírʼ - do na tíortha sin ina bhfuil sonraí ar fáil faoin táscaire sular tugadh isteach an nós imeachta tairisceana agus ina dhiaidh sin. Is é seo an modh is úsáidí chun éifeachtaí gearrthéarmacha a aithint, go háirithe agus comparáid á déanamh idir an tréimhse sular tugadh isteach an scéim tairisceana agus an chéad tréimhse ina raibh éifeacht ag an scéim tairisceana. Dʼfhéadfadh an chomparáid sin tosca seachtracha eile a eisiamh a dʼfhéadfadh tionchar a bheith acu ar an táscaire a ndearnadh anailís air.

Leis an an dara cineál frithfhíorasach – an chomparáid trastíre – cuirtear an staid i dtír i gcomparáid le tír thagarmhairc atá cosúil leis. Sa chás sin, cuirtear difríocht na tíre a ndearnadh anailís uirthi roimhe seo i gcomparáid le feidhmíocht tagarmhairc i dtír eile, nár thug isteach scéimeanna tacaíochta tairisceana sa tréimhse chéanna, agus soláthrófar leis an difríocht idir an dá léiriú meastachán ar éifeacht na scéimeanna tairisceana.

Brathann an anailís sa tuarascáil seo ar cheithre phríomhfhoinse eolais: (i) bunachar sonraí ceant Aures II 4 ina gcuimsítear faisnéis faoi cheantanna (dátaí, babhtaí, teicneolaíocht, rialacha, cumais dámhachtana, praghsanna, etc.); (ii) sonraí atá ar fáil go poiblí ar shuíomhanna gréasáin na gceantálaithe (gníomhaireachtaí rialála náisiúnta den chuid is mó); (iii) tuarascálacha agus foilseacháin atá ar fáil go poiblí; (iv) sonraí arna gcur isteach ag na ceantálaithe a dʼfhreagair iarratais ar shonraí ón gCoimisiún. Is é an infhaighteacht sonraí an chúis le Ballstáit shonracha a chuimsiú nó gan iad a chuimsiú sna comparáidí agus sna ríomhanna sa tuarascáil.

Déantar anailís chainníochtúil sa tuarascáil chun an éifeacht ar thoisí feidhmíochta a thomhas nuair arbh fhéidir. Is amhlaidh an cás maidir leis na toisí feidhmíochta (i) go (iv). Rinneadh anailís cháilíochtúil agus úsáid á baint as staidéir cáis le haghaidh toisí (v) go (vii) chun na cleachtais ábhartha a chur i láthair sna Ballstáit i gcás nach féidir comparáidí a dhearadh (de bharr tosca saofa nó easpa sonraí).

Dʼeagraigh an Coimisiún ceardlann ar an 22 Aibreán 2022 inar tugadh deis do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar thorthaí dréacht‑staidéir a bhí mar bhonn leis an tuarascáil seo a ullmhú 5 . Bhí ionadaithe de chuid ceantálaithe agus rialálaithe ó na Ballstáit agus saineolaithe neamhspleácha i réimse an leictreachais in‑athnuaite agus na gceantanna rannpháirteach.

3. Measúnú ar na gnéithe

3.1. Laghduithe ar chostas

Déantar an ghné feidhmíochta ʻlaghdú costais a bhaint amachʼ de bhun Airteagal 4(8)(a) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a léiriú sa tuarascáil seo mar an laghdú ar mhéid an chostais tacaíochta do shuiteálacha fuinnimh in‑athnuaite ó thaobh an bhuiséid phoiblí de, rud a laghdaíonn an t‑ualach ar thomhaltóirí agus ar cháiníocóirí. Is é an táscaire chun an laghdú ar an gcostas tacaíochta a thomhas an praghas aonaid leictreachais a íoctar le táirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite ar MWh, a shainmhínítear mar an praghas a íoctar ón mbuiséad tairisceana leis an táirgeoir ar gach aonad leictreachais.

Sular tugadh tairiscintí isteach go forleathan, ba í an scéim tacaíochta ba choitianta an taraif ionfhotha, inar tairgíodh praghsanna ráthaithe do tháirgeoirí fuinnimh in‑athnuaite, arna leagan síos de ghnáth ag an rialtas nó ag an rialtóir. Bhí siad éifeachtach mar uirlis chun úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh a mhéadú, ach ní gá go raibh siad éifeachtúil ó thaobh an bhuiséid de. Bhí rátaí fóirdheontais bunaithe ar mheastacháin chostais agus bhí neamhshiméadracht na faisnéise idir forbróirí tionscadail agus iad siúd a bhí freagrach as praghsanna agus cainníochtaí a chinneadh suntasach i roinnt cásanna. Mar thoradh ar mhaoiniú na dtaraifí ionfhotha trí thobhaigh ar gach uile éileamh ar leictreachas (nó ar fho-alt sonrach), bhí ualach airgeadais ar go leor tomhaltóirí leictreachais. Mar thoradh air sin, pléadh agus ceistíodh cur chuige na dtaraifí ionfhotha do thionscadail ar mhórscála.

Dʼaistrigh na rialtais go nósanna imeachta tairisceana iomaíocha chun an leibhéal tacaíochta is gá a chinneadh, chun fíorchostas tionscadal a nochtadh, agus ar an gcaoi sin, chun an fóirdheontas is ísle is féidir a leithdháileadh dʼaonad fuinnimh. Leis an gcur chuige sin, féadfaidh díoltóirí iomadúla tairiscintí a thairiscint sa tairiscint, fad is a chomhlíonfaidh siad na sonraíochtaí tairisceana go léir. Tá an leibhéal iomaíochta ríthábhachtach agus an tionchar ar laghdú costas á mheas. Nuair a bhíonn líon na rannpháirtithe íseal, bíonn an brú iomaíoch ró‑lag chun tairgeoirí a spreagadh chun gach deighleog de shlabhra luach forbartha an tionscadail a bharrfheabhsú agus ní nochtann na praghsanna tairisceana a eascraíonn as fíorchostas na dtionscadal.

Fótavoltach gréine

Léiríonn an figiúr seo a leanas an t‑athrú céatadáin ar phraghsanna a baineadh amach mar thoradh ar cheantanna a thabhairt isteach. I gcás na dtíortha atá marcáilte le dath gorm, déantar an t‑athrú ar an bpraghas a ríomh mar an difríocht idir an praghas tacaíochta a íocadh ón mbuiséad le táirgeoirí (mar €/MWh) sa bhliain dheireanach den taraif atá socraithe ó thaobh riaracháin de agus an praghas tacaíochta a íocadh sa chéad bhliain de chur chun feidhme na dtairiscintí. I gcás na dtíortha a bhfuil dath glas orthu 6 , déantar comparáid idir an laghdú coibhneasta praghais don tréimhse chéanna agus an tagarmharc – an taraif atá socraithe go riaracháin san Ostair don tréimhse 2012-2019. Úsáidtear an Ostair mar thagarmharc toisc gurb í an t‑aon tír AE a chuir taraif i bhfeidhm ó thaobh riaracháin de ar feadh tréimhse sách fada, rud a fhágann go bhfuil tacar luachanna na taraife iontaofa chun comparáid láidir a dhéanamh. 

Foinse na sonraí: Bunachar sonraí ceant Aures II

Léaráid 1: Comparáid tras‑AE idir athruithe ar chostais tacaíochta do PV gréine.  

Ríomhtar an meánathrú ar an bpraghas, i.e. an t‑athrú ar chostais tacaíochta iomlána ag – 4.73%. Mar chonclúid ghinearálta, i bhformhór na dtíortha, mar thoradh ar thabhairt isteach na dtairiscintí bhí na praghsanna leictreachais aonaid níos ísle, agus dá bhrí sin bhí costais tacaíochta níos ísle agus níos lú ualaigh ar thomhaltóirí nó ar bhuiséad an Stáit don teicneolaíocht PV. Is iad na heisceachtaí an Iodáil (ceant PV ar mhionscála), an Ghréig, Málta, an Pholainn agus an tSlóivéin. Maidir leis na tíortha sin, is féidir an méadú ar phraghsanna a mhíniú le tosca seachtracha . Sa tSlóivéin, faoin gcóras taraife ionfhotha roimh an tairiscint, laghdaíodh na praghsanna a bhí leagtha síos leis an riarachán ag luas an‑tapa, rud a shroich leibhéal ró‑íseal do na táirgeoirí. Sa Pholainn, bhí córas teastas glas i bhfeidhm, áit ar tharla rósholáthar suntasach in 2015 (díreach roimh cheantanna a thabhairt isteach) ag ísliú praghsanna go suntasach an bhliain sin. Mínítear an méadú ar chostais tacaíochta do theicneolaíocht PV bheag san Iodáil toisc go gcuirtí an teicneolaíocht sin chur chun cinn ar bhealach níos fearr go stairiúil trí scéimeanna tacaíochta riaracháin mar gheall ar fhorbróirí tionscadail nach bhfuil chomh heolach sin, go háirithe roimh 2019. Sa Ghréig, ní raibh an leibhéal iomaíochta an‑ard (ach ró‑shuibscríobh beag) sa chéad tairiscint, rud a dʼfhág go mbʼfhéidir go raibh torthaí comhchosúla ann maidir le praghsanna taraife ionfhotha. Níor aithníodh tosca seachtracha comhchosúla don phríomhghrúpa tíortha ina bhfeictear laghdú ar na praghsanna.

Gaoth ar talamh

Déantar anailís chomhionann freisin le haghaidh tairisceana gaoithe ar talamh. Léirítear leis na torthaí gur tháinig laghdú ar na praghsanna tacaíochta a íoctar as an teicneolaíocht sin mar thoradh ar an scéim tairisceana a thabhairt isteach i gcás na dtíortha go léir a breithníodh san anailís, ach amháin i gcás na hÉireann, rud a dʼfhág gur tháinig laghdú 14.02% ar an meán ar na costais tacaíochta. In Éirinn bhí an chéad bhabhta ceant gann‑suibscríofa agus bʼfhéidir gurb é sin an chúis ba mhó leis an méadú ar phraghsanna.

Foinse na sonraí: Bunachar sonraí ceant Aures II

Léaráid 2: Comparáid tras‑AE idir athrú ar chostais tacaíochta do ghaoth ar talamh sa tréimhse 2010-2020. 

Gaoth amach ón gcósta

Cé is moite den Danmhairg agus den Ísiltír, bhí na tairiscintí chun tacú le suiteálacha gaoithe amach ón gcósta ann níos déanaí agus níl siad curtha i bhfeidhm ach i líon teoranta tíortha. I roinnt acu tá an tréimhse ama idir an tairiscint agus an tseanscéim tacaíochta suntasach (9 mbliana sa Fhrainc agus 5 bliana sa Ghearmáin), rud nach féidir comparáid láidir a dhéanamh air. Mar sin féin, tá an t‑athrú ar chostais tacaíochta sa Fhrainc agus sa Ghearmáin le feiceáil, le laghdú ó €115,5/MWh agus €140,3/MWh íoctha trí leibhéal tacaíochta dearbhaithe riaracháin go €60/MWh agus €46,6/MWh sa chéad tairiscint, faoi seach. I dtíortha eile tá samplaí ann de laghdú an‑mhór ar chostais tacaíochta trí thairiscintí nialasacha nó diúltacha. Dʼfhéadfadh tairiscintí diúltacha a bheith mar thoradh ar shamhail nua na Liotuáine um thairiscint gaoithe amach ón gcósta, chomh maith le tairiscint dheireanach na hÍsilítíre do dhá shuíomh ag Hollandse Kust West. Tá €375 milliún á íoc leis rialtas chun feirm ghaoithe 1GW a fhorbairt ag buaiteoir thairiscint ghaoithe amach ón gcósta na Danmhairge. Sna cásanna sin go léir, áfach, bhí ganntanas ann i dtéarmaí suíomhanna geografacha teoranta nó naisc leis an eangach, chomh maith le tacaíocht phoiblí do chostais nasctha agus bhonneagair i gcásanna áirithe, rud a spreag forbróirí an tionscadail chun a dtairiscint a ísliú.

Tionchar dhearadh na tairisceana ar laghdú costais

Cé nach é cuspóir na tuarascála anailís a dhéanamh ar na roghanna éagsúla dearaidh tairiscintí, ach seachas sin breathnú ar thacaíocht bunaithe ar thairiscintí le haghaidh foinsí in‑athnuaite i gcoitinne, is fiú an éifeacht a bhíonn ag rogha cineál tairisceana ar tháscaire an laghdaithe costais i gcás luaineacht ard i bpraghsanna an mhargaidh a lua.

San Aontas Eorpach, cuirtear trí phríomhchineál de scéimeanna tacaíochta tairisceana i bhfeidhm: préimh shleamhnáin aontaobhach, préimh shleamhnáin dhá thaobh (dá ngairtear ‘conradh difríochta ʼ) agus préimh sheasta 7 .

I gcás titim gan choinne i bpraghas an mhargaidh leictreachais, ó thaobh laghdú costais, is í an scéim préimhe seasta is fearr a fheidhmíonn. Faoin scéim sin, is iad na táirgeoirí a iompraíonn an riosca ar fad a bhaineann le praghsanna ísle, dá bhrí sin ní ghineann sé an t‑ualach iomarcach ar thomhaltóirí ná ar an mbuiséad. I scéimeanna préimhe sleamhnáin, dʼfhéadfadh costais tacaíochta a ardú go suntasach mar is gá an titim i bpraghas a chlúdach. Is féidir an riosca sin a mhaolú, áfach, má chuireann an ceantálaí teorainn le méid iomlán na tacaíochta íoctha.

Má éiríonn praghsanna ard gan choinne, is é an conradh difríochta is fearr a fheidhmíonn, toisc go seachnaíonn a oibleagáid aisíoca ioncaim iomarcacha do thionscadal a fuair tacaíocht phoiblí. Gineann sé freisin ioncam don stát. Tá ról na gconarthaí difríochta mar ionstraim chun na cíosanna infra-mhargacha a ghabháil i dtréimhsí ina bhfuil praghsanna arda léirithe cheana féin i gCumarsáid REPowerEU 8 . Sa scéim aontaobhach, níl aon ualach tacaíochta iomarcach ar an mbuiséad, ach gintear farasbarr ioncaim don tionscadal. Maidir leis an bpréimh sheasta, ní bhíonn aon chostais tacaíochta bhreise ann, cé gur féidir ró‑fhóirdheonú a bheith ann, nach é an leithdháileadh acmhainní is fearr é. Is féidir an éifeacht sin a mhaolú, áfach, trí chaidhp phraghais a thabhairt isteach i scéim préimhe seasta, nach n‑íoctar aon tacaíochtaí os a cionn.

Conclúidí do Ghné 1: Laghduithe ar chostas

·Soláthraítear leis na nósanna imeachta tairisceana an creat is gá chun leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite a chur in úsáid ar an gcostas is ísle is féidir, toisc go léirítear sna sonraí gur tharla an laghdú costais sa chuid is mó de na cásanna mar thoradh ar chur chun feidhme scéime tairisceana le haghaidh na dteicneolaíochtaí uile arna n‑imscrúdú.

·Maidir le PV gréine agus gaoth ar talamh, léirítear le fianaise má tá an iomaíocht sa cheant ard (i.e. leibhéal ró‑shuibscríofa níos mó ná 1.5 a bhaint amach), bíonn laghdú ar chostais tacaíochta níos airde ná na ceantanna sin nach mbíonn an iomaíocht chomh dian iontu. Is é sin le rá, baintear laghduithe costais amach le nósanna imeachta tairisceana má chruthaítear siad leibhéal leordhóthanach iomaíochta leo.

3.2. Feabhsú teicneolaíochta

Déantar an ghné feidhmíochta ʻfeabhsú teicneolaíochta a bhaint amachʼ de bhun Airteagal 4(8)(b) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a léiriú sa tuarascáil seo mar laghdú ar an gcostas a bhaineann le fuinneamh in‑athnuaite a tháirgeadh, tar éis teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite a fhorbairt.

Is é an táscaire chun an feabhas teicneolaíochta a baineadh amach a thomhas costas leibhéalta an leictreachais 9 . Tá an táscaire seo oiriúnach mar go gcuimsíonn sé an laghdú díreach ar chostais trí chaiteachas caipitil (CAPEX) agus an caiteachas oibríochtúil (OPEX), a eascraíonn as feabhas na dteicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite. <g id="393">Mar sin féin, tháinig laghdú suntasach ar LCOE idir 2010 agus 2020, go háirithe i gcás teicneolaíocht PV, mar thoradh ar fhorbairt teicneolaíochta domhanda, ní gá go mbeadh baint aige le tabhairt isteach tairiscintí, ach mar gheall ar thosca eile amhail éifeachtaí iarmharta, nuálaíocht, éileamh méadaithe ar fhuinneamh in‑athnuaite mar chuid de bhearta tacaíochta poiblí, coinníollacha maoinithe feabhsaithe amhail meánchostas ualaithe caipitil etc 10 . Chun na tosca seachtracha sin a chur san áireamh, cuirtear éabhlóid LCOE sna tíortha a ndearnadh anailís orthu i gcomparáid leis an bhfeidhmíocht i dtír thagarmhairc gan scéim tacaíochta bunaithe ar thairiscintí, chomh maith leis an bhfeidhmíocht dhomhanda don teicneolaíocht.

Gaoth ar talamh

Déantar achoimre sa tábla seo a leanas ar mheán‑athrú bliantúil LCOE. Sa cholún ‘Sa tírʼ, taispeánann an luach an chomparáid idir luach LCOE roimh an gcéad tairiscint a eagrú agus tar éis sin, i gcás ina meastar tréimhsí fada 3-5 bliana.

Sa bhreis ar an difríocht idir LCOE laistigh de na tíortha, agus chun tosca eile lena gcinntear costais atá neamhspleách ar an scéim tacaíochta feidhmí a bhreithniú, cuirtear comparáidí i láthair le dhá thagarmharc: An tSualainn agus an meán domhanda. Níor chuir an tSualainn scéimeanna tairisceana i bhfeidhm, ach dʼéirigh léi fós breisithe móra acmhainne a bhaint amach don ghaoth ar talamh trí scéim iomaíoch deimhnithe glas. Clúdaítear sna meánluachanna domhanda gach suiteáil beag beann ar an timpeallacht rialála, ar an suíomh nó ar thaithí na n‑infheisteoirí, lena n‑áirítear na tíortha a ndéantar anailís orthu. Cé gur léir nach frithfhíorasach é an meán domhanda toisc go bhfuil idir thíortha ceantálaithe agus thíortha nach tíortha ceantálaithe iad ann, is féidir leis feidhmiú mar thagarmharc oiriúnach toisc go mbeadh feidhmíocht na dtíortha ceantálaithe níos fearr ná an meánfheidhmíocht dá gcothófaí forbairt theicneolaíoch le tairiscintí.

Tíortha

Bliain an chéad cheant

Difríocht i meánráta athraithe LCOE

(roimh cheant agus le linn ceant)

Comparáid  

Sa tír

Sa tSualainn

Go domhanda

Go dtí an tSualainn

Go dtí an meán domhanda

An Iodáil

2012

-5,5%

-3,7%

2,0%

-1,8%

-7,5%

An Spáinn

2016

-2,7%

-5,7%

-5,5%

2,9%

2,7%

An Ghearmáin

2017

-7,4%

-7,0%

-7,5%

-0,5%

0,1%

An Danmhairg

2018

3,9%

0,0%

-5,6%

3,9%

9,5%

An Fhrainc

2018

-12,1%

0,0%

-5,6%

-12,1%

-6,5%

Meán

-

-4,8%

-3,3%

-4,4%

-1,5%

-0,4%

Foinse na sonraí: IRENA (2021)

Léaráid 3: Comparáidí idir meán‑athrú LCOE don ghaoth ar talamh

Léirítear sna sonraí go bhfuil an meánlaghdú LCOE sna tíortha ceantálaithe anailísithe (-4.8 %) níos airde ná tagarmharcanna na Sualainne agus ar fud an domhain (-3.3 %, -4.4 %), dá bhrí sin bhí na scéimeanna tairisceana beagán níos fearr ná na tagarmharcanna (meán). Mar sin féin, laghdaíonn luachanna LCOE sa tSualainn agus ar fud an domhain ar an luas tapa céanna, rud a chiallaíonn go bhfeabhsaítear an fhorbairt teicneolaíochta go neamhspleách ó scéim tacaíochta bunaithe ar thairiscintí.

Ina theannta sin, tá na héifeachtaí ar leibhéal na tíre éagsúil. Dʼéirigh thar barr leis na scéimeanna ceantála i gcóras deimhnithe glasa na Sualainne agus sa mheán domhanda san Iodáil agus sa Fhrainc araon, níor éirigh rómhaith leo sa Spáinn agus sa Danmhairg, agus bhain córas na Gearmáine éachtaí den chineál céanna leis na tagarmharcanna amach. Gan dochar do thosca eile, is é an míniú is sochreidte gur féidir le scéimeanna ceant rannchuidiú le laghduithe suntasacha ar chostais má tá costais ar leibhéal níos airde tráth a dtugtar isteach an tairiscint, cé nach bhfuil siad chomh héifeachtach i gcás teicneolaíochtaí atá níos aibí agus níos éifeachtaí.

Fótavoltach gréine

Déantar achoimre sa tábla seo a leanas, sa cholún ‘Sa tírʼ, ar an meánráta athraithe LCOE do PV gréine sular tugadh isteach na ceantanna do roinnt tíortha, ach níl an anailís chomh láidir ná mar atá sé maidir le gaoth ar talamh mar gheall ar easpa sonraí le haghaidh blianta sonracha 11 .

Tá na torthaí ar leibhéal na tíre an‑éagsúil i gcás na dtrí thír, agus is é an toradh atá orthu an difríocht sa mheán idir gar do nialas. Tugtar le fios sa tábla go bhfuil an difríocht idir na laghduithe costais a breathnaíodh roimh na scéimeanna ceantála agus lena linn ina feidhm den am ar tugadh isteach iad den chuid is mó: dá luaithe a tugadh isteach ceantanna, ba ea bʼairde cumas na tairisceana cur le laghdú LCOE. Mar sin féin, dʼfhéadfadh sé go bhfuil baint aige sin le patrúin ghinearálta forbartha costas, eadhon tháinig laghdú ar chostas na teicneolaíochta níos tapúla sa tréimhse idir 2012 agus 2015 ná mar a tháinig i ngach ceann de na ceithre thír nó ina dhiaidh sin.

Cuirtear patrún forbartha costas na dtíortha a ndearnadh anailís orthu i gcomparáid le dhá thagarmharc – i gcomparáid leis an meán domhanda agus le sampla ar leibhéal na tíre ina bhfuil luachanna LCOE ar fáil agus nár coinníodh aon thairiscint ar PV gréine. Níl a leithéid de shampla ar leibhéal na tíre san Aontas Eorpach, dá bhrí sin roghnaíodh tríú tír a bhfuil dul chun cinn teicneolaíoch inchomparáide inti maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Ar chúiseanna infhaighteacht sonraí, is é Poblacht na Cóiré an sampla is ábhartha mar thagarmharc.

Tíortha

Bliain an chéad cheant

Difríocht i meánráta athraithe LCOE

(roimh cheant agus le linn ceant)

Comparáid  
(difríocht sna difríochtaí)

Sa tír

Sa Chóiré

Go domhanda

Go dtí an Chóiré

Go dtí an meán domhanda

An Fhrainc

2012

-16,8%

8,1%

-3,8%

-24,9%

-13,0%

An Ghearmáin

2015

5,1%

5,8%

2,8%

-0,7%

2,2%

An Iodáil

2019

8,5%

1,9%

4,9%

6,7%

3,6%

Meán

-

-1,1%

5,3%

1,3%

-6,3%

-2,4%

Foinse na sonraí: IRENA (2021)

Léaráid 4: Comparáidí idir meán‑athrú LCOE le haghaidh PV

Taispeántar san anailís nach é treo na n‑éifeachtaí a athraíonn ach a méid. Bhí an fhorbairt costais sa Chóiré an‑difriúil i gcomparáid leis an Iodáil agus leis an bhFrainc (agus cosúil leis an nGearmáin), rud a fhágann go raibh na torthaí ar leibhéal tíre níos éagsúla fós. Léirítear leis an meánluach gur fearr a dʼfheidhmigh an scéim atá bunaithe ar thairiscintí ná tagarmharc na Cóiré (laghdú costais 6 % níos tapúla). I gcodarsnacht leis sin, bhí an fhorbairt ar chostais dhomhanda cosúil leis an toradh Eorpach ach léiríonn sí difríochtaí níos lú (níos gaire do náid) idir na tréimhsí roimh cheant agus lena linn. Baintear de thátal as sin gur féidir na difríochtaí breathnaithe a mhíniú go páirteach, ach ní go hiomlán, le treochtaí costais domhanda. Ar an meán, bhí feidhmíocht na nósanna imeachta tairisceana beagán níos fearr (laghdú costais níos tapúla) ná an meán domhanda, ach tagann an chonclúid seo as an laghdú láidir costais sa Fhrainc. Is díol suntais é go bhfuil (i) na tíortha a ndearnadh anailís orthu chomh maith sa mheánfhorbairt dhomhanda, agus (ii) go leor tíortha eile, inar thosaigh forbairt PV níos déanaí, dá bhrí sin is féidir laghduithe costais níos airde a bhaint amach. Thairis sin, mar gheall ar an éifeacht iarmharta agus ar thosca seachtracha eile, is féidir le laghduithe ar chostais a bhaintear amach i dtíortha ceantálaithe costais a laghdú i dtíortha nach tíortha ceantálaithe iad freisin.

Conclúidí do Ghné 2: Feabhsú teicneolaíochta

·Léirítear le forbairt LCOE mar thagarmharc dʼfheabhsú teicneolaíochta go bhféadfadh tionchar a bheith ag scéimeanna tacaíochta bunaithe ar thairiscintí ar fhorbairt na gcostas, ach go bhféadfadh tionchar níos láidre a bheith ag tosca ginearálta agus ag tosca a bhaineann go sonrach le tír faoi leith eile. Tá ról ríthábhachtach ag aibíocht na teicneolaíochta, na coinníollacha maoinithe, úsáid fhoriomlán na hacmhainne domhanda (agus an fhoghlaim ghaolmhar agus na tionchair ghaolmhara ar LCOE), chomh maith le seasamh na tíre ar an gcuar foghlama (breisithe acmhainne, taithí infheisteoirí) ina leith sin agus is féidir iad a mheas mar thiománaithe níos láidre ar mhaithe le feabhsú teicneolaíochta.

·Laghdaigh úsáid LCOE na teicneolaíochta gaoithe ar talamh níos tapúla (ar an meán) tar éis na tairiscintí a thabhairt isteach. Tá an chonclúid seo bailí, áfach, go príomha do na tíortha sin ina raibh na costais ard agus ag éirí marbhánta sular tugadh na tairiscintí isteach. Is féidir le cineálacha eile scéimeanna margadhbhunaithe an costas a laghdú go héifeachtach freisin (mar shampla, córas na ndeimhnithe glasa sa tSualainn).

·Díritear tairiscintí san Aontas den chuid is mó faoi láthair ar thrí theicneolaíocht, PV gréine, gaoth ar talamh, agus gaoth amach ón gcósta. Maidir le teicneolaíochtaí eile, tá tairiscintí réasúnta annamh, agus ní chuireann siad ach méid teoranta le feabhas teicneolaíochta a chur ar na teicneolaíochtaí sin.

3.3. Rátaí arda cur i gcrích

Déantar an ghné feidhmíochta ʻrátaí arda cur i gcríchʼ de bhun Airteagal 4(8)(c) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a léiriú sa tuarascáil seo mar mhéid iomlán na hacmhainne fuinnimh in‑athnuaite a cuireadh leis tar éis thabhairt isteach na dtairiscintí, i gcomparáid leis na méideanna acmhainne a cuireadh leis roimhe seo 12 .

Tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais go n‑oibríonn tíortha Eorpacha go leor cineálacha eile scéimeanna tacaíochta, amhail deontais infheistíochta, nó glanmhéadrú le haghaidh tionscadail teaghlaigh, rud a chiallaíonn gur féidir acmhainní a úsáid freisin, fiú in éagmais tacaíocht oibríochtúil. Ina theannta sin, dʼfhéadfadh sé go mbeadh tosca seachtracha ann a mbíonn tionchar acu ar luas na húsáide, amhail athrú ar an mbeartas. Déantar comparáid sa tábla seo a leanas ar mheánmhéid bliantúil na hacmhainne nua in‑athnuaite a chuirtear leis na tíortha roghnaithe sna tréimhsí roimh an tairiscint agus ina diaidh. Freagraíonn an chéad bhliain don dáta a bhfuiltear ag súil go dtosóidh tionscadail arna ndámhachtain sa tairiscint ag feidhmiú. Is é sin an spriocdháta cur i gcrích den chéad bhabhta tairisceana, ina roinntear an tacar sonraí sna tréimhsí réamhthairisceana agus iarthairisceana. Ní áirítear sa tábla ach scéimeanna tacaíochta a bhaineann le tacaíocht oibriúcháin do thionscadail nach tionscadail tís iad.

Tír agus teicneolaíocht

An chéad bhliain inar tugadh an cumas tairisceana chun críche

Meántréimhse bhliantúil bhreisithe réamhthairisceana (MW)

Meántréimhse bhliantúil bhreisithe acmhainne tar éis na tairisceana (MW)

Scéim tacaíochta oibriúcháin nach bhfuil bunaithe ar thairiscint roimhe seo

Athrú % (i gcomparáid leis na 3 bliana dheireanacha neamhthairisceana)

PV na Danmhairge

2018

99.7

131.3

Préimh ar sholáthar leictreachais

32%

Gaoth ar Talamh na Danmhairge

2020

196.7

136.0

Préimh ar sholáthar leictreachais

-31%

Gaoth ar Talamh na Fionlainne

2020

239.3

302.0

Taraif ar sholáthar leictreachais

26%

PV na Fraince

2014

1411.0

921.0

Taraif ar sholáthar leictreachais

-35%

PV na Gearmáine

2017

1323.0

3276.0

Taraif ar sholáthar leictreachais

148%

Gaoth ar Talamh na Gearmáine

2018

4549.0

1517.0

Taraif ar sholáthar leictreachais

-67%

PV na Gréige

2017

8.3

160.8

Taraif ar sholáthar leictreachais

1829%

Gaoth ar an Talamh na Gréige

2019

242.7

622.0

Taraif ar sholáthar leictreachais

156%

Gaoth ar Talamh na hIodáile

2015

594.7

105.2

Deimhniú glas

-82%

Gaoth ar Talamh na Liotuáine

2015

25.6

37.2

Taraif ionfhotha

45%

PV Lucsamburg

2020

12.7

35.0

Taraif ionfhotha

176%

PV na hÍsiltíre

2015

286.0

1534.3

Taraif ionfhotha

436%

Gaoth ar talamh na hÍsiltíre

2016

320.7

223.4

Taraif ionfhotha

-30%

PV na Polainne

2019

151.3

1687.0

Deimhniú glas

1015%

PV na Slóivéine

2018

9.7

6.7

Taraif ionfhotha

-31%

PV na Spáinne

2020

1420.0

2812.0

Ceann ar bith 13

98%

Gaoth ar Talamh na Spáinne

2019

179.0

1859.5

Ceann ar bith

939%

Foinse: a ríomh féin bunaithe ar IRENA (2021)

Léaráid 5: Comparáid idir meán‑acmhainneachtaí nua bliantúla sa tréimhse réamhthairisceana agus iarthairisceana

Sa tábla, cuirtear 17 gcás i láthair ina léirítear 11 athrú dearfach ar na cumais nua bhliantúla. Tá méid an fháis sin an‑mhór ina lán cásanna, rud a dʼfhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhá chás.

Ar an gcéad dul síos, tá tíortha ann nach raibh an teicneolaíocht ábhartha ar fáil nó nach raibh sí bunaithe go maith roimh an tréimhse tairisceana. Sna cásanna sin, is féidir a mhaíomh gurb í an scéim tacaíochta atá bunaithe ar thairiscintí an chéad deis dáiríre do tháirgeoirí tacaíocht a fháil agus tús a chur le húsáid leathanscála. Baineann an míniú sin go príomha le PV, toisc gur éirigh an teicneolaíocht aibí níos déanaí san Eoraip, agus dá bhrí sin bhí cur i bhfeidhm dhearadh na tairisceana ag teacht le haibíocht theicneolaíoch. Dhá shampla an‑mhaith is ea an Ísiltír agus an Pholainn, le haghaidh PV, áit a raibh breiseanna acmhainne nua íseal roimh an scéim tairisceana, agus chuir an scéim tairisceana dlús le forbairt teicneolaíochta. Sa Ghearmáin agus i Lucsamburg is féidir an méadú céanna ar acmhainn PV a thabhairt faoi deara, fiú le luach bonnlíne réamhthairisceana níos airde.

Ar an dara dul síos, tá roinnt tíortha ann ina raibh na breiseanna acmhainne an‑íseal sna blianta díreach sular tugadh isteach an tairiscint de bharr rialachán na tíre. Sna tíortha sin, is léir, fad a chuirtear tacaíocht ar fáil, go bhfuil méaduithe móra cumais le sonrú.

Tá roinnt mínithe ann maidir leis na cásanna ina laghdaítear na cumais nua i gcomparáid leis an tréimhse réamhthairisceana. Ar an gcéad dul síos, más féidir a mheas go bhfuil teicneolaíocht aibí i dtír ina bhfuil cumais oibriúcháin ard cheana féin, táthar ag súil le laghdú nádúrtha ar na cumais nua a chuirfear leis. I gcásanna den sórt sin dʼfhéadfadh sé go spreagfadh saincheisteanna infhaighteachta eangaí ceantálaithe chun na méideanna a thairgtear do na ceantanna a laghdú. Chomh maith leis sin, go príomha le haghaidh teicneolaíocht na gaoithe ar talamh, agus go leor cumais suiteáilte cheana féin sa tír, dʼfhéadfadh saincheisteanna úsáide a tharlaíonn mar gheall ar easpa áiteanna oiriúnacha, rud a dʼfhéadfadh teorainn shuntasach a chur le leathnú cumais. Ar deireadh, gné thábhachtach is ea i gcás inar thug taraifí ionfhotha tacaíocht shuntasach do thionscadail nua, go raibh úsáid sa scéim réamhthairisceana níos tapúla. Sna cásanna sin, dʼfhéadfadh sé gur chuir luach saothair níos ísle bunaithe ar thairiscintí níos lú dreasachta ar fáil do tháirgeoirí chun cumais nua fuinnimh in‑athnuaite a fhorbairt.

In 2021, feictear méadú mór ar acmhainní in‑athnuaite nua bunaithe ar chomhaontuithe ceannaithe cumhachta (PPAanna) 14 . Tá sé sin mar gheall i bpáirt ar aibíocht an mhargaidh PPA atá ag méadú chomh maith le praghsanna margaidh leictreachais atá ag méadú, rud a chruthaíonn éileamh méadaithe ar PPAanna ó cheannaitheoirí corparáideacha. Ina theannta sin, tá idirghníomhú idir infhaighteacht na scéimeanna tacaíochta poiblí agus an margadh do PPAanna. Mar shampla, mar thoradh ar chealú tairiscintí ilteicneolaíochta sa Liotuáin in 2020 agus sa Danmhairg in 2021 mar gheall ar rannpháirtíocht íseal, tháinig roinnt tionscadail PPA chun cinn chun acmhainn bhreise in‑athnuaite a úsáid, rud a thugann le tuiscint gur féidir le PPAanna a bheith níos tarraingtí agus bunaithe ar an margadh mar mhalairt ar scéimeanna tacaíochta poiblí. Ní féidir tionchair nithiúla chealú na scéimeanna tacaíochta ar mhargadh méadaithe PPA a dhearbhú trí anailís chainníochtúil de réir mar a thosaíonn PPAnna ag forbairt i líon beag tíortha AE le cúpla bliain anuas, agus gan ach sonraí an‑teoranta ar fáil orthu.

Conclúidí do Ghné 3: Rátaí arda cur i gcrích

·Cuireann tairiscintí go mór le cumas na dtionscadal gaoithe agus gréine a fhairsingiú, gan dochar do thosca seachtracha eile. Tá méadú ar acmhainn thréimhse iarcheantanna níos mó ná mar a bhí sular tugadh isteach tairiscintí i mórán de na scéimeanna Eorpacha.

·Tharla úsáid níos moille den chuid is mó i dtíortha ina raibh an teicneolaíocht ábhartha á cur i bhfeidhm go forleathan cheana féin, tráth a tugadh isteach na tairiscintí, ach tá an ráta laghdaithe sách beag fiú sna cásanna sin.

·I roinnt tíortha Eorpacha ar nós na Polainne nó na hÍsiltíre, mar thoradh ar cheant a thabhairt isteach go díreach cuireadh tús le teicneolaíocht in‑athnuaite ar leith a úsáid ar mhórscála (sa chás seo – PV gréine).

·Tagann méadú suntasach ar chumas ar conradh ag PPA – is ionann an fhorbairt an‑dearfach sin agus bealach malartach nó comhlántach chun tairiscintí a fháil, agus dʼfhéadfadh ceantanna gann‑ró‑suibscríofa a bheith mar thoradh air.

3.4. Rannpháirtíocht neamh‑idirdhealaitheach gníomhaithe beaga agus, más infheidhme, údarás áitiúil;

Déantar an ghné feidhmíochta ʻrannpháirtíocht neamh‑ idirdhealaitheach a chur ar fáil do ghníomhaithe beaga agus, i gcás inarb infheidhme, dʼúdaráis áitiúlaʼ de bhun Airteagal 4(8)(d) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a léiriú sa tuarascáil seo mar chumas gníomhaithe beaga páirt a ghlacadh i dtionscadail ar bhonn comhionann agus go ndámhfaí tairiscintí dóibh. Is é an táscaire chun an ghné sin a thomhas meánmhéid na dtionscadal nua a dámhadh trí thairiscintí, ag taispeáint conas a bhí dearadh tairiscintí in ann dreasachtaí den sórt sin a sholáthar go ndeachthas i ngleic leis na bacainní tosaigh a raibh tionchar acu ar ghníomhaithe beaga (e.g. easpa barainneachtaí scála, coinníollacha iasachta níos measa, costais tionscadail níos airde in aghaidh an aschuir fuinnimh, leibhéal níos ísle speisialtóireachta). Ós rud é nach bhfuil aon samplaí ar fáil dʼúdaráis áitiúla a ghlacann páirt sa tairiscint mar thairgeoirí, cumhdaítear i gCuid 3.6 gnéithe tairisceana a bhaineann le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara áitiúla sa chiall is leithne.

Cinntear leibhéal rannpháirtíochta gníomhaithe beaga agus tionscadal de réir na srianta ar mhéid an tionscadail, a chorpraítear i ndearadh na tairisceana. Dʼfhonn forbhreathnú a fháil, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir 4 chineál dearaidh tairisceana maidir le srianta mhéid an tionscadail:

·beag: áirítear leis sin tairiscintí a dhírítear ar thionscadail ar mhionscála a bhfuil toilleadh suas le 1 MW iontu do PV gréine agus 3 MW don ghaoth ar talamh;

·cothrom: áirítear leis sin tairiscintí lena n‑éascaítear rannpháirtíocht tionscadal ar mhionscála, go pointe áirithe ar a laghad (níos lú ná 1 MW do PV gréine agus 3 MW don ghaoth ar talamh), agus tionscadail mheánmhéide (suas le 50 MW) ar bhonn cothrom, i.e. iomaíocht eatarthu a cheadú, ach gan tionscadail an‑mhór a áireamh chun buntáistí praghais a thagann as barainneachtaí scála a sheachaint.

·catagóir mhéide: áirítear leis sin tairiscintí comhthreomhara arna n‑eagrú laistigh de bhliain amháin, i gcás ina ndírítear tairiscint amháin ar a laghad ar thionscadail mhionscála, agus go ndírítear tairiscint amháin ar thionscadail ar mhórscála, rud a fhágann nach bhfuil an dá chineál tionscadail in iomaíocht lena chéile.

·mór: áirítear leis sin tairiscintí nuair a eisiatar tionscadail ar mhionscála, nó nuair nach raibh aon uasteorainn ar acmhainn na dtairiscintí

Fótavoltach gréine

Léirítear i dtorthaí na hanailíse don tréimhse 2010-2020 gurb iad an Chróit, an Eastóin, an Fhrainc agus an Pholainn na tíortha ina mbeidh dearadh tairisceana ar siúl i roinnt blianta dírithe go díreach ar thionscadail ar mhionscála amháin. Bhí ceann amháin sa Chróit, agus san Eastóin eagraíodh dhá thairiscint phíolótacha le haghaidh tionscadail bheaga amháin, ach tá sé beartaithe ag an dá thír tairiscintí ar scála mór a thabhairt isteach go luath. Sa Pholainn, cuireadh tús leis an nós imeachta tairisceana le tairiscintí ar mhionscála in 2016 agus in 2017, ach i mblianta ina dhiaidh sin, eagraíodh tairiscintí móra i gcomhthráth freisin. Dhírigh tairiscintí luatha sa Fhrainc ar thionscadail ar scála beag freisin: sna blianta 2014 agus 2016 níor eagraíodh ach ceantanna den sórt sin. Tá meánmhéid na dtionscadal sna tairiscintí sin an‑íseal, idir 0.24 MW agus 0.65 MW.

Cuireadh cóir speisialta do thionscadail ar mhionscála faoin rogha ‘catagóir mhéideʼ i bhfeidhm i mórán tíortha – an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, Lucsamburg agus an Pholainn. Ina theannta sin, dʼúsáid an Ísiltír ceant de chineál dinimiciúil cloig ardaithí, le buaicphraghsanna éagsúla do mhéideanna éagsúla tionscadail PV gréine. Dá bhrí sin, i gcás PV gréine, is féidir an réiteach sin ina n - eagraítear tairiscintí comhthreomhara laistigh de bhliain amháin, a bhfuil ceann amháin acu dírithe ar thionscadal ar scála beag, a mheas mar a bheith coitianta ach ní uilíoch san Eoraip. Is gnách le catagóiriú méide meánmhéid an tionscadail a choinneáil níos gaire do mhionscála, toisc go mbíonn meánmhéideanna idir 0.38 MW (an Iodáil) agus 5.45 MW (an Danmhairg).

Gaoth ar talamh

Níl rogha na dtairiscintí atá i bhfabhar tionscadail ar mhionscála chomh coitianta sin i gcás gaoithe ar talamh ná mar atá i gcás PV gréine – is iad an Eastóin in 2020 agus an Pholainn go dtí 2018 amháin a dʼeagraigh iad. Tá meánmhéid an dá thír níos lú ná 1 MW sna tréimhsí ama gaolmhara seo.

Maidir leis na trí chineál dearaidh eile, tá na torthaí an‑ilchineálach ar fud na hEorpa, rud a fhágann go mbronntar meánmhéideanna an‑éagsúil orthu. Sainaithníodh na méideanna tionscadail is lú san Eastóin, le níos lú ná 0.5 MW, ach freisin sa tréimhse ábhartha bhí baint ag luachanna ísle leis an Iodáil, leis an tSlóivéin agus leis an Ísiltír. Léirítear sna torthaí sin gur réiteach inmharthana iad feidhmeanna gaoithe ar talamh ar scála beag don mheascán fuinnimh Eorpach.

Cuirtear i láthair sa tábla thíos torthaí uile-AE maidir le meánmhéid na dtionscadal a dámhadh faoi na ceithre chur chuige i leith dearadh tairiscintí agus ceadaítear na conclúidí seo a leanas leo, agus comhdhéanamh an‑difriúil na roghanna dearaidh tairisceana idir PV gréine agus gaoth ar talamh á chur san áireamh. Ar an gcéad dul síos, tá tairiscintí ann cheana atá dírithe ar chóir fhabhrach gaoithe ar scála beag. Ar an dara dul síos, is é an toradh a bhíonn ar réiteach na catagóire méide ar an meán meánmhéid tionscadail níos ísle i gcomparáid leis an réiteach ‘cothromaitheʼ. Ar an tríú dul síos, mura bhfuil an uasteorainn acmhainne ann, agus mura gcuirtear catagóirí méide i bhfeidhm, is gnách go mbaineann tionscadail an‑mhór le torthaí na gceantanna den chuid is mó.

Meánmhéid (MW)

Fótavoltach gréine

Meánmhéid (MW)

Gaoth ar talamh

BEAG

0.47

0.59

COTHROMAITHE

2.61

12.78

CATAGÓIR MHÉIDE

1.88

10.55

MÓR

40.85

43.83

Foinse: Féin‑ríomh bunaithe ar IRENA (2021)

Léaráid 7. Meánmhéid na dtionscadal a bronnadh san Aontas faoi na ceithre rogha dearaidh le haghaidh PV gréine agus gaoith ar talamh

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go dtagann titim shuntasach ar éifeachtúlacht praghsanna leis an teorainn ar mhéid na dtairiscintí, rud atá amhlaidh freisin mar gheall ar bharainneachtaí scála, rochtain ar shuíomh níos fearr, maoiniú agus tosca eile. Is gnách go mbíonn an costas tacaíochta sa chatagóir bheag níos airde ná sa chatagóir mhór, mar a thaispeántar sa tábla seo a leanas:

Tír agus Teicneolaíocht

Bliain an cheant a imscrúdaíodh

Meánphraghas buaite sa chatagóir bheag (EUR_2019/MWh)

Meánphraghas buaite sa chatagóir mhór (EUR_2019/MWh)

Difríocht praghais idir an dá chatagóir

PV na Fraince

2020

62.0

52.4

7.6

PV na Gréige

2018

79.4

64.6

14.8

PV na hUngáire

2020

62.8

48.4

14.4

PV na hIodáile

2020

91.9

68.2

23.7

PV na Polainne

2020

57.3

49.9

7.4

Gaoth ar Talamh na hIodáile

2020

134.8

68.3

66.5

Gaoth ar Talamh na Liotuáine

2013

111.0

76.4

34.6

Gaoth ar Talamh na Polainne

2018

83.7

46.6

37.1

Foinse: Bunachar sonraí ceant Aures II

Léaráid 8: Is é an toradh a bhíonn ar chomparáid a dhéanamh idir ceantanna ar mhionscála agus ceantanna ar mhórscála go mbronntar meánphraghsanna orthu.

Taispeántar sna torthaí go bhfuil phraghas suntasach le tairiscintí ar leith ar mhionscála, sa chuid is mó de na cásanna níos mó ná 10 EUR/MWh, ach amháin sa Pholainn agus sa Fhrainc. Tá an bónas praghais seo i bhfad níos mó do ghaoth ar talamh (30–40 EUR/MWh) ná do PV gréine (thart ar 11 EUR/MWh ar an meán). Dá bhrí sin, trí shonraíochtaí tairisceana a thabhairt isteach ar son tionscadail ar scála beag, íocfar ualach breise airgeadais leis na tionscadail a bhronnfar.

Conclúidí do Ghné 4: Rannpháirtíocht neamh‑idirdhealaitheach gníomhaithe beaga

·Eagraíonn (dʼeagraigh) níos mó ná leath de thíortha na hEorpa (tairiscintí do thionscadail PV gréine ar scála beag, trínar féidir a mheas gur réiteach forleathan (ach ní go huilíoch) é tabhairt isteach na gcatagóirí méide do thionscadail PV gréine.

·I gcás na dtairiscintí sin nach leagtar síos uasteorainn acmhainne iontu ná nach ndéantar ciseáin éagsúla a dheighilt bunaithe ar a méid, is é an claonadh ginearálta go mbíonn tionchar an‑mhór ag tionscadail ar scála mór ar na tairiscintí, rud a thugann níos lú seans do thionscadail bheaga iad a bhuachan, de bharr barainneachtaí scála go príomha.

·I gcomparáid le tacar teorainneacha méide uasta, is cosúil gur bealach níos éifeachtaí é catagóirí méide chun rannpháirtíocht tionscadal beag a fheabhsú agus dá bhrí sin – gníomhaithe beaga.

·Nuair a chuirtear réiteach catagóire méide i bhfeidhm, titeann éifeachtacht praghsanna go mór. Chomh maith leis sin, toisc go roinntear na tionscadail rannpháirteacha bunaithe ar mhéid, féadfar déine na hiomaíochta a laghdú freisin.

3.5. Tionchar ar an gcomhshaol

Tá dúshlán ag baint leis an ngné feidhmíochta ʻtionchar comhshaoil a theorannúʼ de bhun Airteagal 4(8)(e) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite sa mhéid nach léir an nasc teoiriciúil idir leithdháileadh tacaíochta ceantbhunaithe a chur chun feidhme agus an tionchar ar an gcomhshaol a theorannú. Ní é an príomhchinntitheach maidir le tionchar ar an gcomhshaol cibé an bhfuil an leithdháileadh tacaíochta bunaithe ar phróiseas riaracháin, ar an margadh nó ar phróiseas atá bunaithe ar thairiscintí, ach cad é an tionchar atá ag cumais fuinnimh in‑athnuaite, e.g. trí ghnáthghléasraí cumhachta a ionadú agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa (ʻGCTʼ) a laghdú, a bhraitheann ar go leor tosca eile, amhail rialáil shonrach chomhshaoil agus suíomh na suiteála. Dʼfhéadfadh réimse tionchar a bheith ag tionscadail fuinnimh in‑athnuaite ar chuspóirí comhshaoil eile, amhail ithir, uisce, aer agus truailliú ó thorann, nó gnáthóga. Dá bhrí sin, déantar anailís ar an ngné sin trí chás‑staidéir ina léirítear roinnt gnéithe deartha ar leith a bhaineann leis an tionchar níos leithne atá ag na tionscadail fuinnimh in‑athnuaite ar an gcomhshaol. Is féidir le gnéithe deartha den sórt sin nach mbaineann le ‘príomhchuspóiríʼ birt tacaíochta suas le 30 % dʼualú na gcritéar roghnúcháin go léir i dtairiscint a chruthú, de réir na rialacha maidir le státchabhair 15 , agus, ar an gcaoi sin, is luamhán tábhachtach iad chun rannchuidiú le cuspóirí sonracha beartais (e.g. geilleagar ciorclach a bhfuil critéir maidir le hin‑athchúrsáilteacht ag gabháil leis, nó critéir eile maidir le hinbhuanaitheacht). Ní mór na critéir sin a dhearadh go cúramach, áfach, ionas nach mbeidh éifeachtaí caomhnaitheacha ann nach bhfuil ag teacht le beartais AE ná le rialacha EDT.

Staidéar cáis - an Iodáil

Chuir an Iodáil scéim tairisceana i bhfeidhm idir 2019 agus 2021 le seacht mbabhta ceant ar leith. Cruthaíodh ciseáin éagsúla bunaithe ar mhéid na dtionscadal pleanáilte (tairseach 1 MW) agus na dteicneolaíochtaí.

I gcás gléasraí beaga cumhachta hidrileictrí (níos lú ná 1 MW), thug na critéir tairisceana deis do ghléasra cumhachta hidrileictrí a chomhlíonann liosta coinníollacha comhshaoil maidir le bainistíocht uisce a rangú go hard sa tairiscint neamhspleách ar an bpraghas a thairgtear. I ngach babhta tairisceana (seachas an ceann deireanach) tharla ró‑shuibscríobh sna ceantanna, agus dá bhrí sin baineadh amach aidhm amháin den tairiscint, toisc gur bhuaigh tionscadail a bhí níos fearr do cháilíocht an uisce. Ar an taobh eile, chruthaigh an dearadh tairisceana dreasacht dhiúltach i dtéarmaí tairiscintí neamhiomaíocha, ós rud é gurbh iad na tionscadail sin a chomhlíon na coinníollacha riachtanacha ag buachan go cinnte, agus dá bhrí sin thairg gach tionscadal den sórt sin buaicphraghas an cheant.

Maidir le gléasraí PV gréine (níos lú ná 1 MW), bhí catagóir ar leith de thionscadail sa tairiscint ina bhfuil painéil ghréine dín suiteáilte in áit aispeiste nó sclátaí. Ina theannta sin, fuair na tionscadail seo préimh 10 EUR/MWh i gcomparáid le cineálacha eile tionscadal beag PV. Taispeánann torthaí na n‑acmhainneachtaí a bronnadh sna babhtaí tairisceana suim atá ag méadú i gcónaí sna tionscadail PV gréine ar scála beag (8 MW sa chéad bhabhta, méadaithe go 110 MW sa seachtú babhta). Sa chatagóir speisialta PV seo, áfach, bhí na méideanna a thairg an rialtas sa bhabhta tairisceana an‑ard, rud a dʼfhág go raibh na babhtaí ceant ar fad gann‑suibscríofa, rud a dʼfhág go raibh na praghsanna a tairgeadh an‑ghar don buaicphraghas. Ina theannta sin, tá iompar oiriúnaitheach na dtairgeoirí inaitheanta, i gcás inar thairg tairgeoirí praghas 0.4 % níos ísle sa chéad bhabhta i gcomparáid leis an uasteorainn, agus gur laghdaigh sé sin go 0.01 % sa chúigiú babhta, rud a fhágann gur fo-optamach an tairiscint i dtéarmaí cost‑éifeachtúlachta.

Dá bhrí sin, sa chás sin, bhain tairiscintí a dhírigh ar thionscadail a raibh tionchar sonrach neamh‑GHG (gás ceaptha teasa) maidir le laghdú ar an gcomhshaol acu a gcuspóirí amach ach níor chuir siad an iomaíocht agus fionnachtain na bpraghsanna chun cinn.

Staidéar cáis – an Ísiltír

Chuir an Ísiltír tairiscintí i bhfeidhm bunaithe ar phraghas amháin, ach bhí ceanglais réamhcháilíochta san áireamh iontu, lena n‑áirítear measúnú iomlán ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh tairiscintí atá sainiúil don láithreán. Áirithítear leis sin go gcuirfear impleachtaí comhshaoil an tionscadail san áireamh sula ndéanfar cinneadh faoin tairgeoir bronnta, agus go mbeidh rannpháirtíocht phoiblí ex-ante sa chinnteoireacht.

Ní thugtar le fios san fhianaise go bhfuil tionchar ag critéar comhshaoil, a cuireadh i bhfeidhm roimh an tairiscint, ar an bpraghas. I gcás na hÍsiltíre ina bhfuil an measúnú tionchair timpeallachta éigeantach ex-ante, tá an praghas a dhámhtar níos ísle ná mar atá sé i dtíortha eile (inchomparáide) nach bhfuil. Deimhnítear leis sin gur féidir laghdú suntasach ar chostais a bhaint amach go fóill, fiú i gcás tairiscintí a chuireann tionchar comhshaoil na dtionscadal san áireamh.

Ina theannta sin, léiríonn an taithí san Ísiltír go gcuireann ceanglais réamhcháiliúcháin chomhshaoil cosc ar an riosca go mbeidh moill ann maidir le coimisiúnú tionscadal, agus go mbeidh tionchar dearfach acu ar an ráta réadaithe. Mar sin féin, i dtíortha ina bhfuil an próiseas riaracháin fada, dʼfhéadfadh sé go bhfágfadh an ceanglas ex-ante um údarú comhshaoil go mbeadh an tairiscint róchasta agus go gcruthófaí riosca go mbeadh gannchlárú ann.

Staidéar cáis – An Spáinn

In 2020, dʼfhaomh an Spáinn sraith rialachán maidir leis na nósanna imeachta tairisceana dʼfhuinneamh in‑athnuaite. Áirítear leis sin oibleagáid ar thairgeoirí i dtairiscint plean straitéiseach a chur isteach leis na meastacháin ar thionchar an tionscadail ar an slabhra luacha tionsclaíoch, a dhéantar a phoibliú ar láithreán gréasáin na hAireachta um Aistriú Éiceolaíochta agus Dúshlán Déimeagrafach. Ní mór go n‑áireofaí sa phlean straitéiseach straitéis an gheilleagair chiorclaigh maidir le cóireáil trealaimh ag deireadh a shaolré agus anailís ar an lorg carbóin le linn shaolré na saoráidí, lena n‑áirítear monarú agus iompar an phríomhthrealaimh a úsáidtear. Is é an aidhm leis an gceanglais sin critéir réamhcháiliúcháin a fhorchur nach n‑éascaítear leo ach tionscadail a bhfuil a slabhraí soláthair ag teacht le caighdeán astaíochtaí réamhshainithe páirt a ghlacadh iontu. Dá thoradh sin, iarrtar ar thairgeoirí an cumas a léiriú chun an tionscadal a fhorbairt ar aon dul leis na ʻseachtrachtaíʼ comhshaoil, ag baint amach an t‑uasmhéid éifeachtachta acmhainní agus barr feabhais oibríochtúil ar feadh an slabhra luacha ar fad, rud a chruthóidh tionchar dearfach sa deireadh, mar thoradh ar fhorbairt agus tógáil plandaí.

Conclúidí do Ghné 5: Tionchar ar an gcomhshaol

·Níl cur chun feidhme gnéithe breise comhshaoil trí ghnéithe deartha sa tairiscint coitianta i gceantanna Eorpacha.

·Taispeántar le samplaí san Iodáil agus san Ísiltír cásanna dearfacha nuair a sholáthraítear le nósanna imeachta tairisceana ceanglas soiléir réamhcháiliúcháin nó gnéithe deartha eile lena n‑áirithítear go gcuirtear na himpleachtaí comhshaoil san áireamh sula ndéanfar an cinneadh deiridh maidir le dámhachtain na dtionscadal. Is é an toradh a bhíonn ar fhorbairt sainchritéar agus meáchan meastóireachta mar phríomhchritéir dhámhachtana éifeachtacht an chur i bhfeidhm a fheabhsú. Mar sin féin, i gcás dearadh míchuí tairisceana, dʼfhéadfadh go mbeadh torthaí fo-optamacha mar thoradh ar na critéir bhreise i dtéarmaí costéifeachtúlachta.

·Dʼfhéadfadh éifeachtaí breise nach mbaineann leis an gcomhshaol sa nós imeachta tairisceana a bheith mar thoradh ar na critéir agus na dearaí réamhcháilithe sin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail laghdú ar an éifeachtúlacht costais (an Iodáil) nó rátaí féideartha treisithe cur i gcrích (an Ísiltír).

3.6. Inghlacthacht áitiúil

Tuigtear gurb é an ghné feidhmíochta ʻinghlacthacht áitiúil a theorannúʼ de bhun Airteagal 4(8)(f) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite faomhadh an phobail maidir le fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn ar leibhéal an phobail áitiúil. I measc samplaí de dhúshláin a ardaítear i gcoinne feirmeacha gaoithe tá truailliú torainn a bhraitear, dochar a dʼfhéadfadh tarlú don fhiadhúlra áitiúil mar thoradh ar na tuirbíní agus an tionchar ar an tírdhreach. Is minic a fhaigheann cónaitheoirí atá ina gcónaí in aice le gléasraí bithgháis saintréithe fisiceacha ar leith, amhail boladh ó ghléasraí bithgháis. I gcás na gréine, áirítear leis na hábhair imní an tionchar diúltach ar thírdhreacha. Tá samplaí de roghanna deartha tairisceana ann ar féidir leo na dúshláin a bhaineann le hinghlacthacht áitiúil a mhaolú trí, mar shampla, chomhroinnt na dtairbhí a bhaineann le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite leis na pobail áitiúla a chur chun cinn. Is féidir iad seo a fheiceáil i gcomhthéacs na n‑dea-chleachtas maidir le glacadh agus rannpháirtíocht an phobail, a bhfuil cur síos orthu i dTreoir an Choimisiúin maidir le nósanna imeachta deonaithe ceadanna a bhrostú 16 .

Cuirtear critéir réamhcháilíochta a bhaineann le suíomh i bhfeidhm sa Pholainn anois i gcás gléasraí cumhachta gaoithe, i gcás go ndearbhaíonn bardais go bhfuil siad toilteanach an bonneagar fuinnimh gaoithe a óstáil. Sa chás sin, is ionann an ghné deartha agus rannpháirtíocht ex-ante na rialtas áitiúil chun cinntí a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí amach anseo i bhfuinneamh gaoithe ar talamh i gcomhairle leis an daonra. Sa Spáinn, áirítear leis an oibleagáid atá ar thairgeoir plean straitéiseach a thíolacadh, dá dtagraítear sna gnéithe roimhe seo, meastacháin ar an tionchar ar fhostaíocht áitiúil agus ar na deiseanna forbartha gnó áitiúil.

Roghnaigh údaráis tairisceana na Gearmáine, na hÉireann agus na Fraince rialacha a dhearadh a fheabhsaíonn inghlacthacht áitiúil trí chóir fhabhrach a thabhairt do phobail fuinnimh.

I gcás na Gearmáine, cothaíodh leis na coinníollacha fabhracha a samhlaíodh san Acht um Fhuinneamh In‑athnuaite roimhe seo tionscadail úinéireachta pobalbhunaithe agus sna chéad trí bhabhta go dtí mí na Samhna 2017 bronnadh os cionn 90 % de mhéid iomlán ceant 2 890 MW ar thionscadail pobal fuinnimh. Tar éis dhá bhliain, áfach, ní bhfuair ach 167 MW de na tionscadail acmhainneachta gaoithe a bronnadh cead tógála. Ina theannta sin, níor bronnadh cuid mhór den acmhainn ach ar thriúr forbróirí iltionscadal gairmiúla a chomhoibrigh le daoine nádúrtha i thart ar 60 tionscadal a raibh 1 GW san iomlán iontu, agus a choinnigh go foirmiúil tromlach na gceart vótála do na saoránaigh. Tar éis deireadh a chur leis na ceanglais maidir le tairiscintí trópaiceacha, tháinig laghdú suntasach ar sciar na dtionscadal pobail i dtairiscintí ó 71-88 % de mhéid na dtairiscintí in 2017 go dtí níos lú ná 16 % ag deireadh 2018.

Tá cóir fhabhrach do phobail fuinnimh deartha freisin in Éirinn, i gcás go bhfuil catagóir ar leith ag na tairiscintí chun rannpháirtíocht na bpobal fuinnimh a éascú. Sainmhínítear an ciseán ad hoc sin in éineacht le tairseacha méide a thabhairt isteach, agus is é an aidhm atá leis sin idirdhealú gníomhaithe áirithe a sheachaint. As na 82 thionscadal fuinnimh in‑athnuaite a bronnadh tar éis don rialtas torthaí na chéad tairisceana a fhormheas, tá seacht gcinn acu á gcur i bhfeidhm ag pobail fuinnimh (cúig cinn do thionscadal pobail fuinnimh gréine agus dhá thionscadal pobail gaoithe ar talamh). Mar thoradh air sin, chuaigh forbróirí nua gairmiúla tionscadail i mbun oibre ar an leibhéal áitiúil agus bhí siad rannpháirteach go gníomhach i gcruthú na dtionscadal sin.

In 2016 sa Fhrainc, tugadh isteach ʻbónasʼ rannpháirtíochta saoránach ar leith, agus é mar aidhm glacadh an phobail a mhéadú. Le bheith incháilithe don bhónas, léirigh tairgeoirí rannpháirtíocht áitiúil trí dhá shamhail úinéireachta éagsúla: (i) an méid caipitil i seilbh saoránach; nó (ii) rannpháirtíocht na saoránach i maoiniú foriomlán an tionscadail. Is éard atá sa bhónas íocaíocht bhreise 0.1 nó 0.3 cent/kWh sa bhreis ar an gcostas tacaíochta, arna chinneadh sa tairiscint, a chuirtear ar fáil thar thréimhse iomlán 20 bliain an chonartha. Chuir 36 % de gach tionscadal dámhadh, ar an meán, isteach ar an mbónas ó 2016 i leith thar gach babhta tairisceana. Léirítear leis an taithí gur éirigh leis an mbónas forbróirí tionscadail a ghríosú i dtreo struchtúir scairshealbhóireachta níos rannpháirtí. Rinneadh rannpháirtíocht daoine nádúrtha i dtionscadail fuinnimh in‑athnuaite a mhaoiniú ag forbróirí gairmiúla tionscadal sa Fhrainc trí ardáin tiomnaithe slua-mhaoinithe. Idir 2014 agus 2017, tháinig méadú ó EUR 120,000 go EUR 20.5 milliún ar na cistí ó shaoránaigh a úsáideadh le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite trí na hardáin sin. Mar sin féin, tháinig roinnt dúshlán chun cinn chomh maith. Ba iad forbróirí tionscadal a bhain úsáid as an mbónas den chuid ba mhó chun cur leis an seans go mbuafadh siad i mbabhtaí tairisceana an‑iomaíoch. Cruthaíonn critéar incháilitheachta an bhónais, ar dá réir is gá do shaoránaigh a bpríomháit chónaithe a bheith acu sa limistéar céanna nó ar an teorainn chéanna le suíomh an tionscadail, dúshláin i réigiúin ina bhfuil dlús daonra níos ísle. Is gnách nach léirítear gníomhaithe an Chomhphobail ach go hindíreach i bhfoirm chomhiomlánaithe sa rialachas agus ní bhíonn forbróirí tionscadal faoi cheangal leis na critéir incháilitheachta ach chun an bónas rannpháirtíochta saoránach a fháil go ceann trí bliana ó dháta an choimisiúnaithe.

Conclúidí do Ghné 6: Inghlacthacht áitiúil

·Féadfaidh na nósanna imeachta tairisceana an creat is gá a sholáthar chun inghlacthacht áitiúil a áirithiú, go háirithe nuair a thugtar cóir fhabhrach do thairgeoirí áirithe roinneann na tairbhí a bhaineann le húsáid RES le pobail áitiúla agus nuair nach mbíonn buntáiste idirdhealaitheach don inneachar áitiúil mar thoradh ar an gcóir sin. Féadfaidh breisluach suntasach a bheith mar thoradh ar thionscadail a bhfuil baint éifeachtach ag gníomhaithe áitiúla leo i dtéarmaí glacadh áitiúil agus rochtain ar chaipiteal príobháideach breise, rud a mbíonn níos mó rannpháirtíochta (agus infheistíochtaí) ag saoránaigh mar thoradh air. Is féidir le rannpháirtíocht áitiúil an próiseas fála talún a éascú agus ar an gcaoi sin an chéim dhúshlánach réamhfhorbartha a mhaolú (cead a thabhairt).

·Léiríonn taithí ar fud an Aontais go nglacann tionscadail chomhphobail fuinnimh páirt i gceantanna má chuirtear cóir fhabhrach éigin ar fáil. Mar sin féin, níl an taithí leis na rialacha speisialta dearfach i gcónaí. Léiríodh le samplaí sa Ghearmáin go bhféadfaí forbróirí traidisiúnta a lipéadú go saorga mar thionscadal pobail ach rialacha fabhracha nach bhfuil dea-dheartha a chur ar fáil.

·Cé gur dócha go mbeidh éifeachtaí saofa ag dearadh na gceanglas maidir le tairiscintí boga (réamhcháiliú nach bhfuil chomh dian céanna) do thionscadail ar mhionscála sa chiseán tairisceana foriomlán, tá an taithí le ciseán tairisceana ar leith a dhírítear go sonrach ar rannpháirtíocht catagóire áirithe a éascú dearfach go leor.

·Dreasacht chun glacadh an phobail le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a mhéadú sa chiall is leithne is ea an bónas rannpháirtíochta don tionscadal maidir le rannpháirtíocht na saoránach sa mhaoiniú agus i rialachas an tionscadail.

3.7. Slándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí.

Déantar an ghné dheireanach feidhmíochta ʻslándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí a áirithiúʼ de bhun Airteagal 4(8)(g) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a léirmhíniú mar thionchar na dtairiscintí ar chobhsaíocht an chórais fuinnimh a choinneáil, giniúint agus éileamh a chothromú trí inathraitheacht giniúna ó fhoinsí in‑athnuaite atá le comhtháthú san eangach a chur san áireamh.

Arís, is beag an bhaint atá ag an ngné seo le tionchar na tairisceana, ach tá sí bainteach le tosca seachtracha. Mar sin féin, léirítear le cúpla cás‑staidéar samplaí den chaoi a léirítear cinnteacht an tsoláthair agus comhtháthú na heangaí i ndearadh na dtairiscintí chun úsáid acmhainní nua in‑athnuaite a éascú, agus chun a gcomhtháthú éifeachtach isteach sa chóras a éascú freisin. Lasmuigh de na cás‑staidéir, níl sé coitianta san Aontas cumhacht sholúbtha a dhreasú trí thairiscintí ar fhoinsí in‑athnuaite ina ndéantar giniúint a fhorlíonadh le teicneolaíocht stórála.

Staidéar cáis – An Phortaingéil

Dearadh tairiscint PV gréine sa Phortaingéil in 2019 le gnéithe ar leith atá dírithe ar na sócmhainní a aimsiú mar a bhféadfaidís brú tráchta sa chóras a mhaolú. Sa 12 bhabhta tairisceana i ndiaidh a chéile, bhí táirgeoirí ionchasacha in iomaíocht le haghaidh chearta na hacmhainne nasctha eangaí in áiteanna seasta éagsúla sa Phortaingéil. Go héifeachtach, thacaigh an tairiscint sin le gléasraí PV gréine trí acmhainní nasctha ganna a leithdháileadh seachas luach saothair as leictreachas in‑athnuaite a tháirgeadh.

Bhí ró‑éileamh mór ar an tairiscint le haghaidh beagnach gach ceann de na baisceanna, agus bhí na tairiscintí íseal go mór faoi bhun phraghsanna an mhargaidh, rud a dʼfhág go raibh oibleagáidí aisíoctha ar na táirgeoirí. Maidir leis an acmhainn nasctha eangaí 1400 MW a tairgeadh, rinneadh tairiscintí 10.19 GW san iomlán, agus bronnadh acmhainn 1150 MW. Bhí an bhearna idir an acmhainn a tairgeadh agus a bronnadh ann mar gheall nach bhfuarthas aon tairiscint sa cheant i gcás beart amháin, agus i gcás beart eile, níor cuireadh isteach ach tairiscint amháin. Léirítear leis sin, in ainneoin ró‑shuibscríobh mór ar an meán, nach raibh tairgeoirí toilteanach tairiscint a dhéanamh ar shuíomhanna nach bhfuil tarraingteach mar gheall ar acmhainneacht íseal in‑athnuaite. Léirítear le cás den sórt sin míbhuntáiste tábhachtach a bhaineann le ceantanna suíomhoiriúnaithe, i gcás ina bhféadfadh torthaí suibscríofa a bheith mar thoradh ar roghnú míchuí na suíomhanna, agus i gcás an‑mhór ach réalaíoch – i dtairiscintí a cuireadh isteach.

Ar an taobh eile, le samhail na Portaingéile éascaítear leithdháileadh optamach na giniúna maidir leis an acmhainn eangaí atá ann cheana. I gcóras ina bhfuil ganntanas pointí nasctha atá ar fáil, moltar sa scéim tairisceana atá sainiúil don chrios go bhféadfadh gné deartha den sórt sin a bheith ina bhealach úrnua chun íoslaghdú costas a spreagadh agus chun méideanna móra fuinnimh in‑athnuaite inathraithe a chomhtháthú, agus bonneagar tarchurtha srianta á bharrfheabhsú. Sa sampla seo, ní hé is aidhm do ghléasraí cumhachta in‑athnuaite tacaíocht a fháil sa bhreis ar phraghas an mhargaidh, ach do na táirgeoirí a bheith san iomaíocht i gcomhair leithdháileadh acmhainní a bhfuil ceangal gann líonra leo.

Staidéar cáis – an Ghearmáin

Thug an Ghearmáin dearadh sonrach tairisceana isteach chun dul i ngleic leis an nasc eangaí a bhaineann le foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Cuirtear suíomh na ngléasraí cumhachta san áireamh sa chóras chun na buaiteoirí sa tairiscint a dhámhachtain. Sainmhínítear sna tairiscintí limistéir leathnaithe líonra tarchurtha tiomnaithe atá thar a bheith ró‑ualaithe agus a dteastaíonn uasghrádú breise ar an eangach uathu. Sna limistéir sin, socraítear uasmhéid leictreachais in‑athnuaite de réir tionscadail ghaoithe, trínar féidir tionscadail gaoithe nua amach ón gcósta nó ar talamh a bhronntar i dtairiscintí a ailíniú le pleananna forbartha eangaí tarchurtha na Gearmáine. Ina theannta sin, gearrtar pionós ar thairiscintí do thionscadail atá lonnaithe i gceann de na limistéir ró‑ualaithe sin trí phréimh fhíorúil a chur lena bpraghsanna tairisceana, rud a fhágann nach bhfuil siad iomaíoch sa tairiscint.

Leis an dara cineál tairisceana, tugtar isteach ciseán tiomnaithe do thionscadail lena gcomhcheanglaítear giniúint agus stóráil fuinnimh in‑athnuaite. Sa Ghearmáin, reáchtáladh an chéad bhabhta tairisceana den chineál sin in 2021, ag bronnadh 258 MW dʼacmhainne ar 18 dtionscadal do ghléasraí PV gréine a bhfuil stóráil fuinnimh acu. Rinneadh ró‑shuibscríobh ar an tairiscint, le 43 tairiscint le haghaidh toirt iomlán 509 MW. Préimh sheasta ionfhotha a bhí sa scéim luach saothair, rud a chiallaíonn gur cheart an praghas a chur isteach mar thacaíocht sa bhreis ar an bpraghas margaidh. Bhí na tairiscintí i bhfad níos ísle ná praghas uasteorainn na tairisceana (75 EUR/MWh) trína raibh na tairiscintí a bronnadh idir 43 agus 45 EUR/MWh ar an meán. Mar sin féin, ó thaobh tairiscintí préimhe seasta ionfhotha i gcás go raibh meánphraghas 2 EUR/MWh mar thoradh ar thairiscint den sórt sin sa Danmhairg in 2019, léirítear leis na luachanna i sampla na Gearmáine an costas tacaíochta i bhfad níos airde do thionscadail hibrideacha lena gcomhcheanglaítear giniúint agus stóráil.

Conclúidí do Ghné 7: Slándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí.

·Níl cur i bhfeidhm comhtháthú breise eangaí agus gnéithe breise slándála soláthair trí ghnéithe breise dearaidh den tairiscint coitianta san Aontas.

·Níl foráil i nósanna imeachta tairisceana san Aontas do phíblíne le haghaidh tionscadal lena gcomhcheanglaítear táirgeadh agus stóráil fuinnimh in‑athnuaite.

·Eagraítear tairiscintí in‑athnuaite ar fud an Aontais ar bhealach traidisiúnta chun tacaíocht praghsanna a shannadh do ghiniúint leictreachais ó ghléasraí cumhachta in‑athnuaite, ach tá comharthaí ann go bhféadfadh an réasúnaíocht sin athrú. Sna scéimeanna crios‑shonracha sa Ghearmáin agus i gcás na Portaingéile tugtar le fios go dtosóidh táirgeoirí ag dul san iomaíocht chun an deis a thapú chun ceangal a dhéanamh, trí bhonneagar eangaí tarchurtha agus dáileacháin srianta a bharrfheabhsú. Breathnaítear claonadh den chineál céanna san earnáil amach ón gcósta.

·Tógann leathnú eangach ama agus is féidir le gnéithe deartha suímh i dtairiscint cabhrú lena chinntiú, cé go bhfuil an líonra á leathnú, nach bhfuil nasc na n‑acmhainní in‑athnuaite stoptha ag bonneagar líonra srianta. Dʼfhéadfadh riachtanais shoiléire réamhcháilíochta lena gcinntítear rochtain ar eangach comhordú níos fearr a éascú idir tógáil tionscadal agus an leathnú na heangaí a theastaíonn, ach i gcásanna áirithe dʼfhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le hiomaíocht níos lú.

·Ó thaobh an chórais de, dʼfhéadfadh an scéim cheant crios‑sonrach a bheith ina bhealach nuálach chun íoslaghdú costas a spreagadh chun méideanna móra dʼfhoinsí in‑athnuaite athraitheacha a chomhtháthú sa chóras, go háirithe i dtíortha ina bhfuil ganntanas pointí nasctha ar fáil. I gceant den sórt sin, áfach, dʼfhéadfadh sé a bheith riachtanach machnamh a dhéanamh freisin ar phraghsáil leictreachais suímh chun forbairt tionscadail a spreagadh sna suíomhanna is úsáidí agus ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de.

·Dʼfhéadfadh sé go n‑éireodh le dreasachtaí (lena n‑áirítear bónas/pionós do thairiscintí atá lonnaithe i limistéir ina bhfuil acmhainní eangaí ar fáil/nach bhfuil go leor acmhainní ar fáil, cuótaí acmhainne uasta) i réimsí áirithe chun comhchruinniú tionscadal i limistéir ina bhfuil mórán acmhainní ach a dʼfhéadfadh a bheith deacair a nascadh a sheachaint.

4. Conclúidí críochnaitheacha

Is é an chonclúid ghinearálta is tábhachtaí den tuarascáil gur léir go raibh rath ar an Aontas Eorpach maidir le tairiscintí a thabhairt isteach le haghaidh foinsí in‑athnuaite. Léirítear san anailís ar na gnéithe feidhmíochta gur laghdaíodh leis na tairiscintí an costas tacaíochta go suntasach i mórán Ballstát i gcomparáid le scéimeanna riaracháin, gur feabhsaíodh úsáid na n‑acmhainní in‑athnuaite agus gur soláthraíodh creat láidir le haghaidh feabhsuithe theicneolaíochat.

Is cosúil gur léir gurb é an laghdú costais an ghné inar tugadh an buntáiste is mó do thairiscintí le haghaidh foinsí in‑athnuaite. Dʼaistrigh déantóirí beartais ó tharaifí ionsuite riaracháin a thairiscint go córais tairiscintí iomaíocha chun an leibhéal tacaíochta is gá a fháil, agus dá bhrí sin leithdháileadh an fhóirdheontais is ísle is féidir le haghaidh táirge fuinnimh nó acmhainneachta. Ba é an toradh a bhí ar fhórsaí an mhargaidh a thabhairt isteach trí nósanna imeachta tairisceana gur feabhsaíodh praghsanna agus gur cuireadh brú orthu na costais tionscadail a laghdú, rud a dʼfhág go raibh costais tacaíochta níos ísle ann agus gur laghdaíodh an t‑ualach ar thomhaltóirí agus ar bhuiséad an stáit.

Baineadh torthaí dearfacha amach leis na tairiscintí i dtéarmaí breisithe acmhainne, agus i dtéarmaí ráta arda cur i gcrích na dtionscadal a bronnadh, gan dochar do thosca breise. I roinnt tíortha, ba é tabhairt isteach na dtairiscintí an beart rialála a spreag úsáid fhorleathan roinnt teicneolaíochtaí in‑athnuaite, agus i gcás go leor tíortha chuir na tairiscintí le húsáid fuinnimh in‑athnuaite níos tapúla.

Maidir le forbairt teicneolaíochta, níl ról na dtairiscintí chomh soiléir céanna. Soláthraíodh creat láidir leo le haghaidh feabhsuithe go háirithe do na tíortha sin nach raibh an teicneolaíocht aibí tráth ar tugadh isteach na tairiscintí. Mar sin féin, is cosúil gurb iad na tosca seachtracha a bhaineann le treochtaí teicneolaíochta domhanda an phríomhthoisc maidir le forbairt theicneolaíoch foinsí in‑athnuaite fuinnimh.

I roinnt tíortha, éascaíodh rannpháirtíocht gníomhaithe beaga trí ghnéithe deartha tairisceana ar leith. I gcás ina dtugtar isteach tairseacha do thionscadail ar mhionscála, áfach, laghdaíonn costéifeachtúlacht na tairisceana agus feictear leibhéil níos airde costais tacaíochta.

Is féidir a áirithiú le tiriscintí go gcuirfear impleachtaí comhshaoil seachas laghdú astaíochtaí san áireamh sula ndéanfar na cinntí deiridh maidir le bronnadh na dtionscadal. Dá bhrí sin, is féidir leo cur le cuspóirí comhshaoil éagsúla a bhaint amach. Dʼfhéadfadh éifeachtaí a bheith ag tairiscintí freisin i dtéarmaí glacadh an phobail le foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus cinnteacht an tsoláthair. Is féidir le nósanna imeachta iomaíocha cur le spriocanna na dtrí ghné dheireanacha sin trí ghnéithe deartha tairiscintí sonracha lena dtugtar isteach critéir roghnúcháin bhreise. Mar sin féin, is féidir tátal ginearálta a bhaint as go mbíonn comhbhabhtáil ann go minic idir na gnéithe deartha a tugadh isteach agus éifeachtúlacht praghsanna.

Ag féachaint chun cinn, ar bhonn na fianaise ó chur i gcrích tairiscintí san am atá caite, is féidir a bheith ag súil go mbeidh roinnt dúshlán agus aistrithe sa todhchaí ag baint le scéimeanna tairisceana. Taispeántar sna torthaí is déanaí ó thairiscintí maidir le PV gréine agus maidir le gaoth ar talamh go bhfuil praghsanna ceangail an‑dlúth, i gcásanna áirithe faoi bhun na bpraghsanna mórdhíola ionchais fadtéarmacha, go háirithe nuair a bhíonn na praghsanna mórdhíola cuid mhaith níos airde ná mar a bheifí ag súil leis. Tugann sé sin údar maith le préimh shleamhnaithe dhéthaobhach a roghnú mar rogha maidir le dearadh tairiscintí, go háirithe i gcás teicneolaíochtaí aibí atá gar do staid, nó ag staid cheana féin, nach bhfuil aon tacaíocht phoiblí ag teastáil ina leith. Ós rud é gur eagraíodh tairiscintí ar dtús mar ionstraim chun tacaíocht a dheonú, dʼfhéadfadh a ról ísliú. Tá fianaise ag teacht chun cinn go bhfuil PPAanna ag teacht chun bheith ina mbealach tarraingteach dʼfhorbairt atá bunaithe ar an margadh do thionscadail fuinnimh in‑athnuaite. Beidh impleachtaí aige sin do dhearadh ceantanna, a bhféadfadh rannpháirtíocht níos ísle a bheith i gceist leo, go háirithe i margaí ina bhfuil an phíblíne tionscadal le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite measartha beag. Fágann sé sin nach mór na scéimeanna tairisceana a oiriúnú chun go mbeidh siad ina dtionscadail a mhaoinítear (i bpáirt) trí PPAnna ina gcomhlánú ar thionscadail in‑athnuaite nó chun go mbeidh siad siméadrach leo.

Fiú mura mbeadh na tairiscintí chomh hábhartha céanna ó thaobh tacaíocht airgeadais de, choinneoidís, áfach, a ról straitéiseach mar ionstraim chun acmhainní ganna a eisíoc go héifeachtach. Is léir ó shamplaí amhail ceantanna na Portaingéile ina leithdháiltear acmhainní a bhaineann leis an eangach, gur féidir an próiseas tairisceana a athshainiú agus a nascadh le comhtháthú na heangaí seachas lena sprioc bhunaidh tacaíocht oibríochtúil a leithdháileadh.

Feicimid linn an tionchar breise a bheadh ag scéimeanna tacaíochta tairisceana mar ionstraim chun úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chothú agus, ar an gcaoi sin, ná rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais san Eoraip agus le cur chun feidhme phlean REPowerEU, mar aon le héifeachtaí beachta na dtreochtaí is déanaí le haghaidh tairiscintí, agus dhéanfaí cur síos ar an tionchar sin sa chéad tuarascáil eile ón gCoimisiún de bhun Airteagal 8(4) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite.

(1)

In 2018, fuair 62 % den leictreachas in-athnuaite a táirgeadh tacaíocht, de réir tuarascáil CEER ʻStatus Review of Renewable Support Schemes in Europe for 2018 and 2019ʼ, 28 Meitheamh 2021.

(2)

Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2014-2020 (2014/C 200/01) agus Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (2022/C 80/01).

(3)

Agus anailís á déanamh ar éifeachtaí na dtairiscintí faoin táscaire sonrach, tugtar aird ar leith ar thosca seachtracha a dhícháiliú, a mhéid is féidir, nach mbaineann leis an scéim tacaíochta, a dʼfhéadfadh tionchar díreach nó indíreach a bheith acu ar an dtáscaire. Samplaí de thosca den sórt sin is ea rialáil earnála, forbairt theicneolaíoch agus treochtaí maicreacnamaíocha.

(4)

 Bunachar sonraí Aures, ar fáil faoi: http://aures2project.eu/auction-database/ .

(5)

“Study on the performance of support for electricity from renewable sources granted by means of tendering procedures in the Union” [DOI 10.2833/93256; ISBN 978-92-76-58625-8], arna ullmhú ag MRC Consultants and Transaction Advisers agus REKKK Energiapiaci Tanacsado Kft. Tá an staidéar seo faoi chonradh ag an gCoimisiún Eorpach.

(6)

Maidir leis an Ungáireagus leis an Iodáil, áirítear sa tábla ceantanna a dhírigh ar mhéid éagsúil de thionscadail PV gréine.

(7)

Sa chóras préimhe aontaobhach, má tá praghas an mhargaidh faoi bhun phraghas ceangail an cheant, faigheann táirgeoirí tacaíocht a chlúdaíonn an t-easnamh, agus má tá praghas an mhargaidh níos airde, is féidir leo an t-ioncam barrachais a choinneáil. Feidhmíonn an phréimh dhéthaobhach ar bhealach comhchosúil, ach ní mór don táirgeoir farasbarr ioncaim a aisíoc. Sa scéim phréimhe seasta, faigheann táirgeoirí méid seasta dʼfharasbarr ioncaim sa bhreis ar an bpraghas margaidh.

(8)

REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, COM(2022) 108 final, 8.3.2022.

(9)

Is é an LCOE meánchostas reatha na giniúna leictreachais do ghléasra giniúna thar a shaolré, ina gcuimsítear suim na gcostas infheistíochta, oibriúcháin agus cothabhála ar fad thar a shaolré roinnte ar an bhfuinneamh iomlán leictreach a tháirgtear thar a shaolré. Is é an luach lascainithe le WACC (costas ualaithe meánchaipitil) dʼfhonn an luach reatha a fháil.

(10)

De réir IRENA (IRENA, Renewable Power Generation Costs for 2020, Irena, Abu Dhabi, 2021 https://www.irena.org/publications/2021/Jun/Renewable-Power-Costs-in-2020 )), tháinig laghdú 83 % ar chostas PV thar an tréimhse seo ar fud an domhain (laghdú bliaintúil 16 % ar an meán), agus tháinig laghdú 47 % ar chostas na gaoithe ar talamh (laghdú bliaintúil 6 % ar an meán).

(11)

Tosaíonn bunachar sonraí IRENA (2021) ag 2010 don PV agus níl sonraí ann do 2012 don Fhrainc, nuair a tionóladh an chéad cheant sa tír. Maidir leis an Spáinn, níl sonraí LCOE ar fáil le haghaidh 2016, 2017 agus 2018, agus sonraíodh sna ceantanna in 2017, mar sin, nach féidir comparáid a dhéanamh ach ar na leibhéil praghsanna roimh an gceant agus i ndiaidh an cheant, ach ní ar na rátaí laghdaithe.

(12)

Rachadh léirmhíniú ar rátaí arda cur i gcrích mar sciar de thionscadail i dtairiscint atá curtha i gcrích go hiomlán agus in am thar raon feidhme na tuarascála, toisc go mbraitheann sé ar ghnéithe dhearadh na tairisceana (e.g. an córas pionóis, ceanglais réamhcháilithe etc.) agus dá bhrí sin ar rogha na tairisceana a dteastódh comparáid eatarthu ina leith.

(13)

Bhí taraif ionfhotha i bhfeidhm sa Spáinn, ach cuireadh ar fionraí í ionas nach bhféadfaí aon tionscadail nua a thógáil laistigh den scéim.

(14)

In 2021, bʼionann acmhainn chonarthach iomlán an PPA san Eoraip agus 6.7 GW, agus is iad an Spáinn, an tSualainn agus an Ghearmáin ceannairí an mhargaidh.

(15)

Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022, (2022/C 80/01) lch. 50.

(16)

 SWD/2022/0149 final, 18.5.2022.