An Bhruiséil,23.5.2022

COM(2022) 630 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

An Bheilg, an Bhulgáir, An tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn

Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

An Bheilg, an Bhulgáir, An tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn

Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1.Réamhrá

1 Le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh leagtar síos an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar amach an nós imeachta sin a thuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, ar cuid é den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Tá gníomhaíocht bheartais chomhordaithe ó Earrach 2020 ar aghaidh tar éis tionchar phaindéim COVID-19 ar an ngeilleagar a mhaolú. Le gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe 2 an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis ó Mhárta 2020, maille leis an gcreat sealadach maidir le státchabhair, bhíothas in ann tacaíocht fhioscach mhórscála a chur ar fáil sna Ballstáit uile. An 23 Bealtaine 2022, mheas an Coimisiún go raibh na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir leis an gclásal ginearálta éalaithe a choinneáil ar bun in 2023 agus a dhíghníomhachtú amhail ón 2024 3 .

Moltaí beartais roimhe seo

4 An 20 Iúil 2020, mhol an Chomhairle do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021 chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, an geilleagar a chothabháil agus tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Moladh do na Ballstáit freisin, nuair is féidir é de réir na ndálaí eacnamaíocha é, dul i mbun beartais fhioscacha arb éard is aidhm dóibh staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus an infheistíocht á feabhsú san am céanna.

5 6 Bliain níos déanaí, an 18 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle moltaí maidir le beartais fhioscacha le haghaidh 2022. Is féidir achoimre a dhéanamh ar an treoraíocht sin mar seo a leanas. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil leibhéal íseal nó meánleibhéal fiachais acu staid fhabhrach fhioscach a shaothrú nó a choinneáil ar bun, agus ba cheart do na Ballstáit a bhfuil leibhéal ard fiachais acu an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh, agus beartas stuama fioscach á shaothrú acu ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit uile an infheistíocht arna maoiniú ar bhonn náisiúnta a chaomhnú. D'fhonn an tacaíocht don téarnamh a uasmhéadú gan bac a chur ar na conairí fioscacha a bheidh ann amach anseo agus gan ualach buan a chur ar an airgeadas poiblí, ba cheart smacht a choinneáil ar fhás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú ar bhonn náisiúnta, agus ba cheart do na Ballstáit a bhfuil fiachas ard acu é a theorannú. Mhol an Chomhairle do na Ballstáit freisin, nuair is féidir é de réir na ndálaí eacnamaíocha, dul i mbun beartais fhioscacha arb éard is aidhm dóibh staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma. An tráth céanna, ba cheart feabhas a chur ar an infheistíocht chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis. Ar an gcaoi chéanna, leis an Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro cuireadh in iúl gur cheart go mbeidh na beartais fhioscacha tacúil i gcónaí le linn 2021. Mhol an Chomhairle freisin do Bhallstáit an limistéir euro dul i mbun beartais fhioscacha arb éard is aidhm dóibh staideanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus an infheistíocht á feabhsú san am céanna.

7 An 5 Aibreán 2022, leis an Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro iarradh úsáid leanúnach agus beartais fhioscacha náisiúnta comhordaithe ó Bhallstát go chéile chun taca éifeachtach a chur faoi théarnamh cuimsitheach inbhuanaithe. Ba cheart do na Ballstáit staid fhioscach measartha tacúil a choinneáil ar fud an limistéir euro in 2022, agus buiséid náisiúnta agus an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit bearta fioscacha a iompú de réir a chéile i dtreo infheistíochtaí lena gcuirtear téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach chun cinn, a bheidh ag teacht leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, agus aird ar leith á tabhairt ar cháilíocht na mbeart buiséadach. Mar léiriú ar an leibhéal neamhchinnteachta, ba cheart do na Ballstáit an beartas fioscach a choinneáil solúbtha ionas go mbeifear in ann freagairt d’éabhlóid phaindéim COVID-19. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir beartais fhioscacha agus neart an téarnaimh á chur san áireamh, lena náirithítear an inbhuanaitheacht fhioscach agus lena bhfeabhsaítear infheistíochtaí, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le héagsúlachtaí a laghdú.

Na príomh-shonraí is bun agus is údar spreagtha leis an tuarascáil seo

De réir na sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat an 22 Aibreán 2022 8 , sháraigh na heasnaimh ghinearálta rialtais in 2021 luach tagartha 3 % de OTI de chuid an Chonartha i 14 Bhallstát: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Ostair, an tSlóivéin agus an tSlóvaic 9 . Soláthraíonn na heasnaimh iarbhír os cionn 3 % de OTI do 2021 fianaise prima facie ar easnaimh iomarcacha sna Ballstáit sin 10 , mar a shainmhínítear le hAirteagal 126 den Chonradh.

Bunaithe ar a gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, beartaítear go mbeidh easnaimh rialtais na Eastóine, na Liotuáine agus na Polainne ag sárú 3 % de OTI in 2022 (deimhnítear an farasbarr sin le réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún 11 ). Soláthraíonn na heasnaimh do 2022 a bheartaítear sna cláir sin fianaise prima facie ar easnaimh iomarcacha sna Ballstáit sin.

Sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, san Ungáir, san Ostair, sa tSlóivéin, sa tSlóvaic agus san Fhionlainn, sháraigh ollfhiachas ginearálta na rialtas i ndeireadh 2021 luach tagartha 60 % de OTI 12 . Tugann sonraí le haghaidh 2021 le tuiscint go ndearna an Ghearmáin, an Ghréig, an Ostair, agus an tSlóivéin an tagarmharc laghdaithe fiachais a urramú nó, i gcás na Spáinne, go ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach i dtreo é a chomhlíonadh. Ní dhearna an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, agus an Fhionlainn an tagarmharc laghdaithe fiachais a urramú in 2021. Sháraigh an tSlóvaic luach tagartha 60 % de OTI atá sa Chonradh i ndeireadh 2021, tar éis di cóimheas fiachais faoi bhun 60 % de OTI a thaifeadadh an bhliain roimhe sin. Soláthraítear leis sin fianaise prima facie ar easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar fiachais sna 6 Bhallstát sin (an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an tSlóvaic agus an Fhionlainn).

***

I bhfianaise an mhéid sin, d’ullmhaigh an Coimisiún an tuarascáil seo i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh. Déanann sé anailís ar chomhlíontacht na mBallstát leis na critéir easnaimh agus fiachais. Cuireann sé san áireamh na tosca ábhartha uile, lena n‑áirítear aird chuí ar an sleabhcadh eacnamaíoch a tharla de thoradh phaindéim COVID-19, ar an tionchar maicreacnamaíoch agus buiséadach de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil beartais na mBallstát i gcomhréir leis na Moltaí ón gComhairle.

13 Ina Theachtaireacht an 2 Márta 2022, d’fhógair an Coimisiún cheana nach molfadh sé go dtionscnófaí nósanna imeachta um easnamh iomarcach in earrach na bliana 2022, mar go leanfaidh paindéim COVID-19 uirthi i mbun tionchar neamhghnách maicreacnamaíoch agus fioscach a imirt lenar cruthaíodh, in éindí le hionradh na Rúise ar an Úcráin, éiginnteacht eisceachtúil, lena náirítear maidir le conair mhionsonraithe coigeartaithe fioscaigh a cheapadh. An tráth céanna, leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí easnaimh agus fiachais, agus déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar a ábhartha agus atá an moladh nósanna imeachta um easnamh iomarcach a thionscnamh i bhfómhar 2022.

Tábla 1: Staid na mBallstát i leith luachanna tagartha easnaimh agus fiachais an Chonartha

 

Easnamh iarbhír is mó () nó nach mó () ná 3 % de OTI in 2021

Easnaimh bheartaithe is mó () nó nach mó () ná 3 % de OTI in 2022

Cóimheas fiachais is mó () nó nach mó () ná 60 % de OTI i ndeireadh 2021

An Bheilg

An Bhulgáir

An tSeicia

An Ghearmáin

An Eastóin

An Ghréig

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

An Laitvia

An Liotuáin

An Ungáir

Málta

An Ostair

An Pholainn

An tSlóivéin

An tSlóvaic

An Fhionlainn

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Danmhairg

Éire

An Chróit

An Chipir

Lucsamburg

An Ísiltír

An Phortaingéil

An tSualainn

An Rómáin*

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat, réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún agus na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, 2022

2.Critéar easnaimh

An Bheilg, an Bhulgáir, An tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic, sháraigh siad an luach tagartha easnaimh in 2021 nó tá sé beartaithe acu é a shárú in 2022.

I gcás na mBallstát sin uile, maidir leis na heasnaimh a sháraíonn an luach tagartha in 2021, nó atá beartaithe é a shárú in 2022, is easnaimh eisceachtúla iad. In 2021, tháinig ann do na farasbairr seo mar gheall ar thionchar an tsleabhctha eacnamaíoch ar an airgeadas poiblí a gníomhachtaíodh le ráig phaindéim COVID-19, agus mar gheall ar an bhfreagairt chomhordaithe beartais fhioscaigh ó na Ballstáit. Bhí an tacaíocht chomhordaithe beartais fhioscaigh a tugadh in 2020 agus 2021 ríthábhachtach chun an téarnamh eacnamaíoch a chothabháil. In 2022, maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na bpraghsanna fuinnimh agus chun cúnamh daonnúil a sholáthar dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin i ndiaidh ionradh na Rúise, is bearta iad a rannchuidíonn freisin leis na heasnaimh arda atá beartaithe.

Bhí na heasnaimh rialtais os cionn agus gan a bheith i bhfoisceacht an luacha tagartha sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Ghearmáin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Laitvia, san Ungáir, i Málta, san Ostair, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic(féach Tábla 2).

San Eastóin, sa Liotuáin, agus sa Pholainn chonacthas easnaimh rialtais a bhí faoi bhun luach tagartha an Chonartha in 2021, ach sna tíortha sin tá easnaimh os cionn agus gan a bheith i bhfoisceacht 3 % de OTI beartaithe in 2022; deimhnítear é sin i réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún (dá ngairtear réamhaisnéis an Choimisiún anseo feasta).

Táthar ag tuar go dtitfidh na heasnaimh rialtais sa Bhulgáir, sa Ghearmáin, sa Ghréig, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ostair agus sa tSlóvaic faoi bhun 3 % de OTI in 2023 (is amhlaidh atá an cás cheana sa Ghearmáin in 2022). Dá bhrí sin, cé go bhfuil easnaimh na dtíortha sin tar éis a bheith os cionn 3 % de OTI ó 2020, meastar go mbeidh na heasnaimh a sháróidh an luach tagartha de chineál sealadach de réir bhrí an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Mar sin féin, baineann ardleibhéal éiginnteachta as an ngnách leis na réamh-mheastacháin easnaimh sin le haghaidh 2022 agus 2023.

Mar achoimre, tugann an anailís tosaigh seo le tuiscint nach bhfuil an critéar easnaimh á chomhlíonadh ag 17 mBallstát sula gcuirtear san áireamh na tosca ábhartha de réir mar is iomchuí: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

Tábla 2: Comhardú ginearálta na rialtas

Céatadán de OTI

 

2018

2019

2020

2021

2022

2023

An Bheilg

-0.9

-2.0

-9.0

-5.5

-5.0

-4.4

An Bhulgáir

1.7

2.1

-4.0

-4.1

-3.7

-2.4

An tSeicia

0.9

0.3

-5.8

-5.9

-4.3

-3.9

An Ghearmáin

1.9

1.5

-4.3

-3.7

-2.5

-1.0

An Eastóin

-0.6

0.1

-5.6

-2.4

-4.4

-3.7

An Ghréig

0.9

1.1

-10.2

-7.4

-4.3

-1.0

An Spáinn

-2.6

-3.1

-10.3

-6.9

-4.9

-4.4

An Fhrainc

-2.3

-3.1

-8.9

-6.5

-4.6

-3.2

An Iodáil

-2.2

-1.5

-9.6

-7.2

-5.5

-4.3

An Laitvia

-0.8

-0.6

-4.5

-7.3

-7.2

-3.0

An Liotuáin

0.5

0.5

-7.3

-1.0

-4.6

-2.3

An Ungáir

-2.1

-2.1

-7.8

-6.8

-6.0

-4.9

Málta

2.1

0.6

-9.5

-8.0

-5.6

-4.6

An Ostair

0.2

0.6

-8.0

-5.9

-3.1

-1.5

An Pholainn

-0.2

-0.7

-6.9

-1.9

-4.0

-4.4

An tSlóivéin

0.7

0.4

-7.8

-5.2

-4.3

-3.4

An tSlóvaic

-1.0

-1.3

-5.5

-6.2

-3.6

-2.6

An Fhionlainn

-0.9

-0.9

-5.5

-2.6

-2.2

-1.7

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Danmhairg

0.8

4.1

-0.2

2.3

0.9

0.6

Éire

0.1

0.5

-5.1

-1.9

-0.5

0.4

An Chróit

0.0

0.2

-7.3

-2.9

-2.3

-1.8

An Chipir

-3.6

1.3

-5.8

-1.7

-0.3

-0.2

Lucsamburg

3.0

2.3

-3.4

0.9

-0.1

0.1

An Ísiltír

1.4

1.7

-3.7

-2.5

-2.7

-2.1

An Phortaingéil

-0.3

0.1

-5.8

-2.8

-1.9

-1.0

An tSualainn

0.8

0.6

-2.7

-0.2

-0.5

0.5

An Rómáin*

-2.8

-4.3

-9.3

-7.1

-7.5

-6.3

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat agus réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún 

3.Critéar fiachais

I measc na dtíortha a phléitear sa tuarascáil seo, ba mhó ná 60 % de OTI an t‑ollfhiachas ginearálta rialtais in 11 Bhallstát i ndeireadh 2021: An Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn (féach Tábla 3). I gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, tháinig laghdú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais sna Ballstáit sin uile seachas an Ghearmáin agus an tSlóvaic.

Léiríonn na sonraí gur urramaíodh an tagarmharc laghdaithe fiachais sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Ostair agus sa tSlóivéin in 2021 (féach Tábla 4). Ní dhearna an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir agus an Fhionlainn an tagarmharc a urramú. Déantar an tagarmharc laghdaithe fiachais a ríomh thar thréimhse trí bliana a d’fhéadfadh a bheith réamh-bhreathnaitheach (t-1 go t+1), siar-bhreathnaitheach (t-3 go t-1) agus arna choigeartú don timthriall 14 . Cé nach féidir ríomh fóinteach a dhéanamh ar an tagarmharc laghdaithe fiachais i gcás na Slóvaice, meastar cheana go dtiocfaidh laghdú ar a cóimheas fiachais go dtí faoi bhun 60 % de OTI in 2023. Maidir leis an Spáinn, atá faoi réir riail maidir le fiachas idirthréimhseach, rinne sí dul chun cinn leordhóthanach i dtreo an tagarmharc laghdaithe fiachais a bhaint amach in 2021, ós rud é go raibh an tathrú ar an gcomhardú struchtúrach os cionn an choigeartaithe struchtúraigh línigh íosta a cheanglaítear orthu (féach Tábla 5 agus nótaí a ghabhann leis).

Mar achoimre, tugann an anailís le tuiscint go bhfuil an critéar fiachais á chomhlíonadh ag na tíortha seo a leanas - an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Ostair, an tSlóivéin agus an tSlóvaic, fad is nach bhfuil sé á chomhlíonadh, sula gcuirtear san áireamh na tosca ábhartha, ag na tíortha seo a leanas an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir agus an Fhionlainn.

Agus é sin ráite, mar a tugadh faoi deara ina Theachtaireacht an 2 Márta 2022, measann an Coimisiún, laistigh dá mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go dtabharfaí le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach ró-éilitheach tús‑ualaithe ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach gá an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha eisceachtúla atá ann faoi láthair.

Tábla 3: Ollfhiachas ginearálta rialtais

Céatadán de OTI

 

2018

2019

2020

2021

2022

2023

An Bheilg

99.8

97.7

112.8

108.2

107.5

107.6

An Bhulgáir

22.1

20.0

24.7

25.1

25.3

25.6

An tSeicia

32.1

30.1

37.7

41.9

42.8

44.0

An Ghearmáin

61.2

58.9

68.7

69.3

66.4

64.5

An Eastóin

8.2

8.6

19.0

18.1

20.9

23.5

An Ghréig

186.4

180.7

206.3

193.3

185.7

180.4

An Spáinn

100.5

98.3

120.0

118.4

115.1

113.7

An Fhrainc

97.8

97.4

114.6

112.9

111.2

109.1

An Iodáil

134.4

134.1

155.3

150.8

147.9

146.8

An Laitvia

37.1

36.7

43.3

44.8

47.0

46.5

An Liotuáin

33.7

35.9

46.6

44.3

42.7

43.1

An Ungáir

69.1

65.5

79.6

76.8

76.4

76.1

Málta

43.7

40.7

53.4

57.0

58.5

59.5

An Ostair

74.1

70.6

83.3

82.8

80.0

77.5

An Pholainn

48.8

45.6

57.1

53.8

50.8

49.8

An tSlóivéin

70.3

65.6

79.8

74.7

74.1

72.7

An tSlóvaic

49.6

48.1

59.7

63.1

61.7

58.3

An Fhionlainn

59.8

59.6

69.0

65.8

65.9

66.6

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Danmhairg

34.0

33.6

42.1

36.7

34.9

33.9

Éire

63.1

57.2

58.4

56.0

50.3

45.5

An Chróit

73.3

71.1

87.3

79.8

75.3

73.1

An Chipir

98.4

91.1

115.0

103.6

93.9

88.8

Lucsamburg

20.8

22.3

24.8

24.4

24.7

25.1

An Ísiltír

52.4

48.5

54.3

52.1

51.4

50.9

An Phortaingéil

121.5

116.6

135.2

127.4

119.9

115.3

An tSualainn

38.9

34.9

39.6

36.7

33.8

30.5

An Rómáin*

34.7

35.3

47.2

48.8

50.9

52.6

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

Foinse: Eurostat agus réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún 

Tábla 4: Bearna chomh fada leis tagarmharc laghdaithe fiachas1

Ciallaíonn bearna dhiúltach go bhfuil an tagarmharc laghdaithe fiachais á chomhlíonadh

Céatadán de OTI

2018

2019

2020

2021

2022

2023

An Bheilg

0.1

-0.4

5.6

2.9

-0.1

2.9

An Ghearmáin

-6.4

Fiachas < 60 %

níl sé ar fáil2

-2.8

-3.1

-2.8

An Ghréig

An riail maidir le fiachas idirthréimhseach

5.0

-1.3

0.2

-1.3

An Fhrainc

An riail maidir le fiachas idirthréimhseach

1.4

0.9

1.4

An Iodáil

6.9

6.9

9.2

4.4

2.1

4.4

An Ungáir

-3.7

-5.3

3.6

0.3

-1.4

0.3

An Ostair

-5.8

-6.0

2.8

-2.3

-3.3

-2.3

An tSlóivéin

An riail maidir le fiachas idirthréimhseach

-7.2

1.9

-1.8

0.2

-1.8

An tSlóvaic

Fiachas < 60 %

níl sé ar fáil2

Fiachas < 60 %

An Fhionlainn

Fiachas < 60 %

níl sé ar fáil2

0.4

0.4

-0.2

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Chróit

-4.6

-3.8

-2.4

-5.5

-6.2

-5.5

An Chipir

An riail maidir le fiachas idirthréimhseach

-3.3

-5.3

-10.8

-10.6

-10.8

An Phortaingéil

An riail maidir le fiachas idirthréimhseach

-0.2

-5.5

-8.3

-5.5

Foinse: Réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus ríomhanna dílse.

1 I gcás na mBallstát a bhfuil fiachas acu is mó ná 60 % de OTI, déantar an tagarmharc laghdaithe fiachais a ríomh thar thréimhse trí bliana a d’fhéadfadh a bheith réamh-bhreathnaitheach (t-1 go t+1), siar-bhreathnaitheach (t-3 go t-1) agus arna choigeartú don timthriall. Léirítear sa tábla an difríocht idir cóimheas fiachais-OTI agus an tagarmharc fiachais. I gcás suim dhiúltach, comhlíonann an cóimheas fiachais-OTI an tagarmharc laghdaithe fiachais. Sa chás sin, tháinig laghdú ar an difreálach i leith an luacha tagartha thar thréimhse trí bliana (réamh-bhreathnaitheach nó siar-bhreathnaitheach) ar ráta meánach ar an laghad 1/20ú.

2 Ní bhaineann an tagarmharc laghdaithe fiachais le hábhar le linn na céad bliana nuair a thagann méadú ar fhiachas an Bhallstáit go dtí leibhéal os cionn 60 % de OTI de bhrí nach féidir ríomh fónta a dhéanamh ar thagarmhairc atá réamh-bhreathnaitheach ná siar-bhreathnaitheach.

Tábla 5: An riail maidir le fiachas idirthréimhseach a chomhlíonadh

 

Coigeartú Struchtúrach Líneach Íosta a Cheanglaítear
(MLSA)3

Athrú ar an gcomhardú struchtúrach3

Bearna chomh fada leis tagarmharc laghdaithe fiachas4

 

2018

2019

2020

2021

2019

2020

2021

2021

2022

2023

An Spáinn

Nós imeachta um easnamh iomarcach1

-1.3

-1.9

-5.5

-1.1

-0.4

0.4

n.r. 2

-5.6

1.5

Foinse: Réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún agus ríomhanna dílse.

1 Faoin nós imeachta um easnamh iomarcach

2 Choigeartaigh an Spáinn a heasnamh iomarcach in 2018 agus dá bhrí sin bhí san idirthréimhse go dtí deireadh 2021, i.e. ní mheastar an Spáinn ar bhonn an tagarmhairc laghdaithe fiachais, ach de réir an choigeartaithe struchtúraigh línigh íosta.

3 Is infheidhme le linn na hidirthréimhse trí bliana tar éis an t‑easnamh iomarcach a choigeartú, le haghaidh nósanna imeachta um easnaimh iomarcacha a bhí ar siúl i Samhain 2011. Le MLSA sainmhínítear an coigeartú struchtúrach bliantúil atá fós le déanamh le linn na hidirthréimhse, lena n‑áiritheofaí go ndéanfaidh na Ballstáit an tagarmharc laghdaithe fiachais a chomhlíonadh faoi dheireadh na dtrí bliana sin. Má bhíonn an t‑athrú ar an gcomhardú struchtúrach os cionn an leibhéil a cheanglaítear le MLSA, ansin tá an riail maidir le fiachas idirthréimhseach á comhlíonadh ag an mBallstát.

4 I gcás na mBallstát a bhfuil fiachas acu is mó ná 60 % de OTI, déantar an tagarmharc laghdaithe fiachais a ríomh thar thréimhse trí bliana a d’fhéadfadh a bheith réamh-bhreathnaitheach (t-1 go t+1), siar-bhreathnaitheach (t-3 go t-1) agus arna choigeartú don timthriall. Léirítear sa tábla an difríocht idir cóimheas fiachais-OTI agus an tagarmharc fiachais. I gcás suim dhiúltach, comhlíonann an cóimheas fiachais-OTI an tagarmharc laghdaithe fiachais. Sa chás sin, tagann laghdú ar an difreálach i leith an luacha tagartha thar thréimhse trí bliana (réamh-bhreathnaitheach nó siar-bhreathnaitheach) ar ráta meánach ar an laghad 1/20ú.

4.Tosca ábhartha

Le hAirteagal 126(3) den Chonradh déantar foráil nach mór don tuarascáil seo ‘a chur san áireamh freisin cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an t‑easnamh rialtais caiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n‑áirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit’.

Déantar na tosca sin a shoiléiriú a thuilleadh in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, lena bhforáiltear freisin gur gá aird chuí a thabhairt ar ‘aon toisc eile atá, i dtuairim an Bhallstáit lena mbaineann, ábhartha chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais agus ar tosca iad a bhfuil an Ballstát tar éis a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus an chuig an gCoimisiún’. Go háirithe, cuirtear in iúl leis an Airteagal sin gur féidir an suíomh meántéarmach fiachais a chur san áireamh mar thoisc ábhartha.

Dá bhrí sin, i dteannta na dtosca cothrománacha ábhartha (roinn 4.1), cuirtear tosca ábhartha a bhaineann le tíortha go sonrach san áireamh. Áirítear orthu sin an staid mheántéarmach eacnamaíoch, an riocht meántéarmach buiséadach (lena n‑áirítear an infheistíocht phoiblí), an suíomh meántéarmach fiachais, cé acu atá nó nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha ag fearadh ar an mBallstát, agus aon toisc ábhartha eile arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit.

Mar a shonraítear le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, a mhéid a bhaineann leis na critéir easnaimh a chomhlíonadh, féadfar na tosca ábhartha sin a chur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar easnaimh, ach amháin más rud é:

a)nach sáraíonn an cóimheas ollfhiachais rialtais-OTI luach tagartha 60 %, nó

b)i gcás ina sáraíonn amhlaidh, go sásaítear coinníoll dúbailte – i.e. go bhfanann an teasnamh gar don luach tagartha agus nach sáraíonn sé an luach tagartha ach ar bhonn sealadach.

As measc na mBallstát a sháraigh an luach tagartha easnaimh in 2021, nó a bheartaíonn an luach sin a shárú in 2022, níor sáraíodh an cóimheas fiachais luach tagartha 60 % i gcás seacht mBallstát: An Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta agus an Pholainn.

Sna 10 mBallstát eile a sháraigh an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI – i.e. an Bheilg, an Ghearmáin, an Gréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an tSlóivéin agus an tSlóvaic – sháraigh an cóimheas fiachas-OTI luach tagartha 60 % agus níor comhlíonadh an coinníoll dúbailte is gá chun go gcuirfear san áireamh tosca ábhartha. Níor fhan (agus ní mheastar go bhfanfaidh ) a n‑easnaimh i bhfoisceacht an luacha tagartha sna 10 mBallstát sin. I gcás na Beilge, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na hUngáire agus na Slóivéine, ní mheastar gur ar bhonn sealadach a shárófar an luach tagartha. Dá bhrí sin, i gcás na 10 mBallstát sin, ní féidir tosca ábhartha a chur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar easnaimh.

Maidir leis an sárú dealraitheach ar an gcritéar fiachas ag an mBeilg, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an Ungáir, agus ag an bhFionlainn, foráiltear le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 go gcuirfear tosca ábhartha san áireamh i gcónaí le linn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh ar bhonn na gcritéar fiachais, gan beann ar mhéid an tsáraithe.

Anseo thíos pléitear na tosca ábhartha áirithe fiú murar féidir iad a chur san áireamh le linn na gcéimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn na gcritéar easnaimh.

4.1.Tosca ábhartha cothrománacha

Príomh-thoisc atá le cur san áireamh i gcás na mBallstát uile a chumhdaítear sa tuarascáil seo is ea an tionchar eacnamaíoch agus buiséadach a d’imir paindéim COVID-19 agus an fhreagairt fhioscach ina leith. Mar thoradh ar an bpaindéim agus an sleabhcadh eacnamaíoch gaolmhar gníomhachtaíodh clásal ginearálta éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus eisíodh Moltaí ón gComhairle an 13 agus an 20 Iúil 2020 chun go ndéanfaidh Ballstáit 15 na bearta uile is gá chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, an geilleagar a chothabháil agus tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin.

Chruthaigh ráig phaindéim COVID-19 i Márta 2020 éigeandáil sláinte poiblí, ina bhfacthas meathlú géar sa ghníomhaíocht eacnamaíoch nár maolaíodh ach go páirteach de bharr éifeacht cobhsaitheoirí uathoibríocha. Thug na Ballstáit aghaidh ar an riachtanas a bhí ann dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte poiblí, tacú le teaghlaigh agus corparáidí, agus tacaíocht ghinearálta a thabhairt dá ngeilleagair. Anuas air sin ghlac na Ballstáit bearta suntasacha tacaíochta leachtachta agus ráthaíochtaí stáit 16 .

Thacaigh an tacaíocht beartais fioscaigh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le feabhsú na ndálaí eacnamaíocha in 2021. Bunaithe ar na sonraí is déanaí, meastar go raibh an tacaíocht fhioscach san Aontas in 2020-2021 17 a bheith ar leibhéal 11.6 % de OTI (agus ar leibhéal 11.9 % de OTI sa limistéar euro).

Maidir leis an staid fhioscach 18 san Aontas trí chéile – lena náirítear caiteachas poiblí arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais 19 – meastar é a bheith forleathnaitheach go dtí 0.1 % de OTI in 2020 agus 0.9 % in 2021.

Thairis sin, mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin ó mhí Feabhra 2022 tuigtear go bhfuil an t‑ionchas eacnamaíoch agus buiséadach do 2022 agus ina dhiaidh sin faoi réir éiginnteacht eacnamaíoch as an ngnáth. Chuir an t‑ionradh iallach ar na milliúin daoine teitheadh óna dtír chun na sábháilteachta, agus tacaíocht a lorg ar chórais shóisialta, oideachais agus sláinte na mBallstát. Bíonn tionchar freisin ag praghsanna fuinnimh, amhábhar agus bia atá i bhfad níos airde agus ag bristeacha soláthair níos mó ar na dálaí maicreacnamaíocha. Cuirtear brú ar an airgeadas poiblí mar thoradh ar na tosca sin uile maille le costas méadaithe an chaiteachais cosanta.

4.2.Tosca ábhartha tírshonracha

Soláthraítear measúnú sa roinn seo ar na tosca ábhartha tírshonracha. Áirítear ar na tosca sin an t‑ionchas maicreacnamaíoch meántéarmach, an riocht buiséadach meántéarmach (lena n‑áirítear an infheistíocht phoiblí; féach Tábla 6), an suíomh fiachais meántéarmach, cé acu atá nó nach bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha ag fearadh ar an mBallstát, agus aon toisc ábhartha eile arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

Cé go bhfuil faisnéis thábhachtach faoin suíomh maicreacnamaíoch meántéarmach ar áireamh sna ranna tírshonracha, lena náirítear maidir le rannchuidithe le fás, is féidir tuilleadh sonraí faoi na forbairtí maicreacnamaíocha a fháil sa réamhaisnéis ón gCoimisiún. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta buiséadacha agus maidir leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais i gcás gach Ballstáit a phléitear ina dhiaidh seo thíos ar áireamh sna Moltaí ón gCoimisiún le haghaidh Moltaí ón gComhairle lena soláthraítear Tuairimí maidir leis na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, 2022 agus sna Táblaí Staidrimh Fioscacha, agus i dTuarascálacha Tíre 2022. Rinneadh an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais a nuashonrú i gcomparáid le Tuarascáil Inbhuanaitheachta Fioscaí 2021 20 tríd an réamhaisnéis ón gCoimisiún a léiriú.

Tá athrú drámata curtha ag an gcogadh ar chúrsaí, trí bristeacha nua sa soláthar domhanda a thabhairt isteach, rud a chuireann borradh faoi bhrúnna praghsanna earraí agus a mhéadaíonn ar an éiginnteacht. De réir na réamhaisnéise ón gCoimisiún, meastar go dtiocfaidh moill ar OTI san Aontas ó leibhéal measta 5.4 % in 2021 go dtí 2.7 % in 2022 agus 2.3 % in 2023. Táthar ag tuar go mbeidh an boilsciú níos airde agus go bhfanfaidh sé ar leibhéal ard ar feadh tréimhse níos faide ná mar a measadh roimhe sin, mar thoradh ar mhéaduithe i bpraghsanna earraí agus brúnna leathnaithe praghsanna.

In 2021, tháinig laghdú ar an easnamh rialtais don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine go dtí 4.7 % de OTI agus 5.1 % faoi seach (ar laghdú thart ar 2 phointe céatadáin de OTI iad sa dá chás). Táthar ag tuar go leanfaidh sé air ag laghdú go dtí 3.6 % agus 3.7 % de OTI in 2022 don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine, agus go laghdóidh sé tuilleadh in 2023 go dtí 2.5 % de OTI.

Tharla an laghdú san easnamh in 2021 mar thoradh go príomha ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar scaoileadh cuid mhór den bheartas tacaíochta lánroghnach a gníomhachtaíodh chun éifeachtaí éigeandáil phaindéim COVID-19 a chomhrac. Thairis sin, bhí forbairtí ioncaim fabhrach in 2021. Is iad na Ballstáit, as na cinn a áirítear sa tuarascáil seo, nár tháinig laghdú ar an gcóimheas easnaimh iontu in 2021 an Bhulgáir, an tSeicia, an Laitvia agus an tSlóvaic, de bhrí gur coinníodh ar bun na bearta chun tacú leis an ngeilleagar le linn éigeandáil COVID-19. In 2022, as measc na mBallstát a áirítear sa tuarascáil seo, tuartar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas easnaimh san Eastóin, sa Liotuáin agus sa Pholainn, rud a léiríonn caiteachas breise den chuid is mó ar bhearta lena maolaítear tionchar na n‑arduithe i bpraghsanna fuinnimh agus costas na cabhrach do na daoine easáitithe ón Úcráin.

Faoi mar atá i gcás an treochta chun easnaimh a laghdú agus an téarnamh eacnamaíoch, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an ollfhiachas rialtais le linn an ionchais réamhaisnéise don Aontas Eorpach agus don limistéar euro ina iomláine. Thit cóimheas fiachas-OTI san Aontas ó 91.7 % in 2020 go dtí 89.7 % in 2021 (99.2 % agus 97.4 % don limistéar euro ina iomláine, faoi seach), agus táthar ag tuar go laghdóidh sé tuilleadh go dtí 87.1 % agus 85.2 % in 2022 agus 2023 (94.7 % agus 92.7 % don limistéar euro, faoi seach). As measc na mBallstát a áirítear sa tuarascáil seo, níor mhéadaigh an cóimheas ollfhiachais rialtais in 2021 le haghaidh na Bulgáire, na Seicia, na Gearmáine, na Laitvia, Mhálta agus na Slóvaice.

Tábla 6: Infheistíocht phoiblí

Céatadán de OTI

 

2018

2019

2020

2021

2022

2023

An Bheilg

2.6

2.6

2.7

2.7

2.8

2.8

An Bhulgáir

3.1

3.3

3.8

3.3

5.0

5.4

An tSeicia

4.1

4.4

4.9

4.7

4.9

5.2

An Ghearmáin

2.4

2.4

2.6

2.5

2.7

2.8

An Eastóin

5.3

5.0

5.8

5.7

6.3

6.8

An Ghréig

3.2

2.5

3.1

3.6

4.8

4.8

An Spáinn

2.1

2.1

2.6

2.7

2.7

2.6

An Fhrainc

3.4

3.7

3.7

3.6

3.6

3.6

An Iodáil

2.1

2.3

2.6

2.9

3.2

3.7

An Laitvia

5.6

5.1

5.7

5.2

6.1

5.8

An Liotuáin

3.2

3.1

4.1

3.2

3.7

3.3

An Ungáir

5.8

6.2

6.4

5.8

5.4

5.9

Málta

3.2

3.8

4.5

4.2

4.1

4.2

An Ostair

3.1

3.1

3.3

3.5

3.7

3.3

An Pholainn

4.7

4.3

4.5

4.1

4.2

3.9

An tSlóivéin

3.7

3.8

4.1

4.7

5.7

6.3

An tSlóvaic

3.7

3.6

3.5

3.2

4.2

5.1

An Fhionlainn

4.3

4.4

4.9

4.1

4.4

4.5

iontráil mheabhráin: Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo

An Danmhairg

3.4

3.2

3.6

3.5

3.5

3.8

Éire

2.0

2.3

2.3

2.0

2.3

2.3

An Chróit

3.5

4.3

5.6

4.8

5.3

5.7

An Chipir

4.9

2.5

2.8

2.7

2.7

2.6

Lucsamburg

3.9

4.1

4.7

4.0

4.1

4.2

An Ísiltír

3.4

3.4

3.6

3.3

3.3

3.4

An Phortaingéil

1.8

1.8

2.2

2.5

3.1

3.4

An tSualainn

4.9

4.9

5.0

4.8

4.8

4.8

An Rómáin*

2.7

3.5

4.6

4.2

5.9

6.0

(*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020.

 

Foinse: Eurostat agus réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún 

4.2.1.An Bheilg

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 5.7 % in 2020, tháinig fás 6.2 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 2 % air in 2022 agus fás 1.8 % in 2023. Is iad an tomhaltas príobháideach agus poiblí is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. In 2021 sháraigh an ghníomhaíocht eacnamaíoch an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9 % in 2020 go dtí 5.5 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 5 % agus 4.4 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 2.7 % de OTI in 2020, d’fhan an infheistíocht rialtais cobhsaí in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé go dtí 2.8 % de OTI in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomh-chomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 11.3 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Bheilg in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na Beilge, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -2.4 % de OTI 21 . Beartaíonn an Bheilg tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mholann an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 0.2 % de OTI air i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú neodrach don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá beartaithe ag an mBeilg an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 2.1 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.5 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Thairis sin, táthar ag tuar, maidir leis an méadú ar chaiteachas rialtais mar thoradh ar innéacsú uathoibríoch phá na hearnála poiblí agus na sochar sóisialta agus, go feadh méid níos lú, mar thoradh ar thomhaltas rialtais earraí agus seirbhísí níos airde, go rannchuideoidh siad leis an rannchuidiú forleathnaitheach leis an bpríomhchaiteachas reatha (glan) a mhaoinítear go náisiúnta. Bunaithe ar an réamhaisnéis ón gCoimisiún, ní mheaitseálann na bearta fritháirimh na bearta agus cúiseanna seo a spreagann caiteachas níos airde.

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 97.7 % i ndeireadh 2019 go dtí 112.8 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 108.2 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 107.5 % agus 107.6 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí arda sa mheántéarma 22 . De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, d’fhanfadh an cóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta thart ar leibhéal 108 % de OTI go dtí 2026. Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áfach, thosódh an cóimheas fiachais ar mhéadú go dtí leibhéal 117 % de OTI in 2032. Tá conair bhunlíne an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir na dtuartha stocastacha, lena hinsamhlaítear raon mór turraingí féideartha sealadacha i leith athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeidh an cóimheas fiachais níos airde in 2026 ná in 2021. Is ann do thosca eile atá ábhartha maidir le measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an fhiachais. Ar lámh amháin, ar na tosca maolaithe rioscaí áirítear fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe a bheith sách cobhsaí (le bonn mór éagsúlaithe infheisteoirí), an tollfhiachas rialtais a bheith arna ainmniú go hiomlán in euro agus costas iasachtaithe a bheith ar leibhéil níos ísle ná riamh. Ina theannta sin, mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach agus fadsaolach ar fhás OTI, ar rud é ba cheart inbhuanaitheacht an fhiachais a neartú. Ar an lámh eile, baineann na tosca méadaithe rioscaí le fiachas gearrthéarmach, le hollriachtanais mhaoiniúcháin atá ard agus a meastar a rachaidh in airde, leis an sciar mór den fhiachas rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí agus leis an easpa comhordaithe i measc na leibhéal rialtais éagsúla, agus roinnt de na heintitis chónasctha ag léiriú leochaileachtaí sonracha.

Tosca eile arna gcur ar aghaidh ag an mBallstát: An 9 Bealtaine 2022, sholáthair an Bheilg tosca ábhartha breise nár luadh go fóill. Eadhon, cuireann sí i dtábhacht go meastar go raibh méid na gcostas tacaíochta éigeandála agus atógála a bhain leis na tuilte a bhuail an tír in Iúil 2021 cothrom le 0.4 % de OTI in 2021 agus le 0.1 % de OTI in 2022. Déanann sí tagairt freisin d’athchóiriú ar an margadh saothair a glacadh le déanaí agus a fhéachann le feabhas a chur ar chúrsaí oiliúna agus scileanna, rud a fhágfaidh go mbeidh cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr ann, agus lena n‑éascófar aistrithe post-go-post, agus a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an ráta fostaíochta a ardú. Ar deireadh, luann sí rún an rialtais roinnt athchóirithe struchtúracha a shaothrú a d’fhéadfadh feabhas a chur ar staid an airgeadais phoiblí, lena n‑áirítear athchóiriú a dhéanamh ar na córais pinsean agus chánach, athbhreithnithe caiteachais a chur chun feidhme agus leibhéal na hinfheistíochta poiblí a ardú.

4.2.2.An Bhulgáir

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 4.4 % in 2020, tháinig fás 4.2 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 2.1 % air in 2022 agus fás 3.1 % in 2023. Is iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Tuartar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2022 ag filleadh ar an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 4 % in 2020 go dtí 4.1 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 3.7 % agus 2.4 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 3.8 % de OTI in 2020, laghdaigh an infheistíocht rialtais go dtí 3.3 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé go dtí 5 % de OTI in 2022, suim atá níos mó ná an t‑easnamh rialtas in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 14.9 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Bhulgáir in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na Bulgáire, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -3.4 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Tá beartaithe ag an mBulgáir tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 1.1 % de OTI air i gcomparáid le 2021 23 . Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú forleathnaitheach 1.1 % de OTI don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, beartaíonn an Bhulgáir an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 1.4 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.2 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI), agus tuartar freisin go rannchuideoidh leasuithe ar an gcóras pinsean (0.6 %) agus arduithe pá (0.3 % de OTI) le fás an ghlanchaiteachais reatha. Dá bhrí sin, ar bhonn mheastacháin reatha an Choimisiúin, níl smacht leordhóthanach á choinneáil ag an mBulgáir ar fhás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta in 2022.

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 20 % i ndeireadh 2019 go dtí 24.7 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 25.1 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 25.3 % agus 25.6 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí meánacha sa mheántéarma 24 . Mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach substaintiúil agus fadsaolach ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, ar rud é ba cheart rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an fhiachais a neartú.

Tosca eile arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-thosca a chuir an Bhulgáir chun cinn an 10 Bealtaine 2022.

4.2.3.An tSeicia

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 5.8 % in 2020, tháinig fás 3.3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 1.9 % air in 2022 agus fás 2.7 % air in 2023. Is iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Tuartar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ag filleadh ar an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 5.8 % in 2020 go dtí 5.9 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 4.3 % agus 3.9 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 4.9 % de OTI in 2020, laghdaigh an infheistíocht rialtais go dtí 4.7 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé go dtí 4.9 % de OTI in 2022, suim atá níos mó ná an t‑easnamh rialtas in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an spreagadh fioscach arna sholáthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 14.3 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an tSeicia in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na Seicia, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach neodrach ar an mórgóir ar leibhéal +0.1 % de OTI, fad agus gur mhol an Chomhairle staid thacúil. Beartaíonn an tSeicia tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 1.0 % de OTI air i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú crapthach 0.6 % de OTI don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, níl sé bheartaithe ag an tSeicia an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú crapthach 0.7 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa mhéid sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.03 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.4 % de OTI).

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 30.1 % i ndeireadh 2019 go dtí 37.7 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 41.9 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 42.8 % agus 44 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí meánacha sa mheántéarma 25 . Mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach substaintiúil agus fadsaolach ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, ar rud é ba cheart rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an fhiachais a neartú.

Tosca eile arna gcur chun cinn ag an mBallstát: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an tSeicia chun cinn an 11 Bealtaine 2022.

4.2.4.An Ghearmáin

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 4.6 % in 2020, tháinig fás 2.9 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 1.6 % air in 2022 agus fás 2.4 % air in 2023. Is iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Tuartar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ag filleadh ar an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 4.3 % in 2020 go dtí 3.7 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 2.5 % agus 1 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 2.6 % de OTI in 2020, laghdaigh an infheistíocht rialtais go dtí 2.5 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé go dtí 2.7 % de OTI in 2022, suim atá níos mó ná an t‑easnamh rialtas in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 11.8 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Ghearmáin in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na Gearmáine, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -1.6 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Tá beartaithe ag an nGearmáin tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go bhfanfaidh sé cobhsaí i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú forleathnaitheach 0.2 % de OTI don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá beartaithe ag an nGearmáin an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 1.5 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.7 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI), agus tuartar freisin go rannchuideoidh caiteachas breise ar an aistriú glas (0.2 % de OTI) le fás an ghlanchaiteachais reatha.

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 58.9 % i ndeireadh 2019 go dtí 68.7 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 69.3 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 66.4 % agus 64.5 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí ísle sa mheántéarma 26 . Mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach substaintiúil agus fadsaolach ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, ar rud é ba cheart rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an fhiachais a neartú.

Measúnú faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí ann sa Ghearmáin de réir bhrí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Baineann leochaileachtaí le barrachas mór leanúnach atá sa chuntas reatha, rud atá á léiriú san infheistíocht fhann i gcoibhneas le coigiltis, agus lena mbaineann ábharthacht trasteorann. Agus aghaidh á tabhairt ar an am atá amach romhainn, tugtar deis leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí, agus ar riachtanais infheistíochta agus athchóirithe.

Tosca eile arna gcur ar aghaidh ag na Ballstáit: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Ghearmáin ar aghaidh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.5.An Eastóin

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 3 % in 2020, tháinig fás 8.3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 1 % air in 2022 agus fás 2.4 % air in 2023. Is iad an tomhaltas príobháideach agus glanonnmhairí is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. In 2021 sháraigh an ghníomhaíocht eacnamaíoch an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5.6 % in 2020 go dtí 2.4 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 4.4 % agus 3.7 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 5.8 % de OTI in 2020, laghdaigh an infheistíocht rialtais go dtí 5.7 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé go dtí 6.3 % de OTI in 2022, suim atá níos mó ná an t‑easnamh rialtas in 2021 agus in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 11.5 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Eastóin in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na hEastóine, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -2.4 % de OTI, mar a mholann an Chomhairle. Beartaíonn an Eastóin tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 0.1 % de OTI air i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú forleathnaitheach 0.6 % de OTI don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá beartaithe ag an Eastóin an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 1.4 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.5 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.4 % de OTI).

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 8.6 % i ndeireadh 2019 go dtí 19 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 18.1 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 20.9 % agus 23.5 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí ísle sa mheántéarma 27 . Mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach substaintiúil agus fadsaolach ar fhás OTI sna blianta amach romhainn, ar rud é ba cheart rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an fhiachais a neartú.

Tosca eile arna gcur ar aghaidh ag an mBallstát: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Eastóin ar aghaidh an 6 Bealtaine 2022.

4.2.6.An Ghréig

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 9 % in 2020, tháinig fás 8.3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.5 % air in 2022 agus fás 3.1 % air in 2023. Is iad an infheistíocht agus an tomhaltas príobháideach is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Tuartar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2022 ag filleadh ar an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 10.2 % in 2020 go dtí 7.4 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 4.3 % agus 1 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 3.1 % de OTI in 2020, mhéadaigh an infheistíocht rialtais go dtí 3.6 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go méadóidh sé a thuilleadh go dtí 4.8 % de OTI in 2022, suim atá níos mó ná an t‑easnamh rialtas in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 26.4 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Ghréig in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a corpraíodh i gClár Cobhsaíochta na Gréige, 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -3.3 % de OTI. Tá beartaithe ag an nGréig tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 0.2 % de OTI air i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú forleathnaitheach 0.8 % don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá beartaithe ag an nGréig an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 2.2 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.6 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI), agus tuartar freisin go rannchuideoidh an caiteachas méadaithe ar phinsin agus ar shochair shóisialta (0.6 % de OTI) le fás an ghlan-chaiteachais reatha. Bunaithe ar an réamhaisnéis ón gCoimisiún, ní mheaitseálann na bearta fritháirimh na bearta seo go hiomlán.

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 180.7 % i ndeireadh 2019 go dtí 206.3 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 193.3 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 185.7 % agus 180.4 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Tá an Ghréig faoi fhaireachas feabhsaithe 28 . Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí arda sa mheántéarma 29 . De réir an réamhmheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh meath ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta le linn na tréimhse go dtí thart ar 131 % de OTI in 2032. Tá conair an fhiachais go mór faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir na dtuartha stocastacha, lena hinsamhlaítear raon mór turraingí féideartha sealadacha i leith athróga maicreacnamaíocha, is dócha nach dtiocfaidh an fiachas chun cobhsaíochta faoin mbliain 2026 agus baineann ardéiginnteacht leis an mbunlíne. Is ann do thosca eile atá ábhartha maidir le measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an fhiachais. Ar lámh amháin, ar na tosca maolaithe riosca atá ann tá an sciar mór fiachais atá i seilbh iasachtóirí oifigiúla ar leibhéil ísle úis, agus struchtúr rífhada aibíochta an fhiachais i gcomparáid le piarthíortha. Anuas air sin, rannchuidíonn ainmniú airgeadra an fhiachais agus costas maoinithe a bheith ar leibhéil níos ísle ná riamh chun rioscaí a mhaolú. Ina theannta sin, mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach agus fadsaolach ar fhás OTI, ar rud é ba cheart inbhuanaitheacht an fhiachais a neartú. Ar an lámh eile, baineann na tosca méadaithe rioscaí leis na ráthaíochtaí stáit a eisíodh le déanaí, agus é sin i gcomhthéacs éigeandáil COVID-19 freisin. Is ann do rioscaí fioscacha freisin mar thoradh ar rioscaí suntasacha dliteanas teagmhasach a eascraíonn as an sciar ard iasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil na baincéireachta agus mar thoradh ar an gcostas a bhaineann le cásanna dlí atá ar feitheamh in aghaidh an stáit.

Measúnú faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí iomarcacha ann sa Ghréig de réir bhrí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Baineann leochaileachtaí le hollfhiachas ard rialtais, athchothromú seachtrach neamhiomlán agus iasachtaí arda neamhthuillmheacha i gcomhthéacs fás féideartha íseal agus ardleibhéal dífhostaíochta. Agus aghaidh á tabhairt ar an am atá amach romhainn, tugtar deis leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí, agus ar riachtanais infheistíochta agus athchóirithe.

Tosca eile arna gcur ar aghaidh ag an mBallstát: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Ghréig ar aghaidh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.7.An Spáinn

Staid mheántéarmach eacnamaíoch: Tar éis chrapadh 10.8 % in 2020, tháinig fás 5.1 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 4 % air in 2022 agus fás 3.4 % air in 2023. Is iad glanonnmhairí agus an infheistíocht is cúis go príomha leis an bhfás in 2022. Tuartar go mbeidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ag filleadh ar an leibhéal bliantúil a baineadh amach in 2019.

Riocht meántéarmach buiséadach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 10.3 % in 2020 go dtí 6.9 % de OTI in 2021. Tuartar go mbeidh sé ar leibhéal 4.9 % agus 4.4 % de OTI in 2022 agus 2023, faoi seach. Tar éis dó méadú go dtí 2.6 % de OTI in 2020, mhéadaigh an infheistíocht rialtais go dtí 2.7 % de OTI in 2021 agus táthar ag tuar go bhfanfaidh sé cobhsaí in 2022. Maidir le tacaíocht fhioscach – arna tomhas de réir an athruithe charnaigh bhliantúil sa phríomhchomhardú in 2020 agus 2021 i gcomparáid le 2019 móide an ríog fhioscach arna soláthar ag cistí an Aontais – meastar í a bheith ar leibhéal 12.8 % de OTI, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tá na bearta a rinne an Spáinn in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a corpraíodh ina Clár Cobhsaíochta 2022, tuartar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ar leibhéal -2.2 % de OTI. Tá beartaithe ag an Spáinn tacaíocht leanúnach a sholáthar don téarnamh trí úsáid a baint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an rannchuidiú dearfach don ghníomhaíocht eacnamaíoch a thug caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, tuartar go dtiocfaidh méadú 0.9 % de OTI air i gcomparáid le 2021. Táthar ag tuar go soláthróidh an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta rannchuidiú forleathnaitheach 0.4 % don staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá beartaithe ag an Spáinn an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, táthar ag tuar, maidir leis an bhfás sa phríomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, go soláthróidh sé rannchuidiú forleathnaitheach 1.2 % don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear sa rannchuidiú suntasach forleathnaitheach sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.3 % de OTI) chomh maith leis an gcostas a bhaineann le coimirce shealadach a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI), fad agus go dtuartar go ndéanfaidh an méadú níos airde ar phraghsanna tomhaltóirí i gcomparáid le díbhoilsceoir OTI difear don rannchuidiú forleathnaitheach a ghabhann leis an príomhchaiteachas reatha a mhaoinítear go náisiúnta in 2022 trí chaiteachas ar thomhaltas rialtais earraí agus seirbhísí a mhéadú. Bunaithe ar an réamhaisnéis ón gCoimisiún, ní mheaitseálann na bearta fritháirimh na bearta seo go hiomlán.

Suíomh meántéarmach fiachais: Mhéadaigh an tollfhiachas rialtais ó 98.3 % i ndeireadh 2019 go dtí 120 % de OTI i ndeireadh 2020. Bhí sé ar leibhéal 118.4 % de OTI i ndeireadh 2021 agus tuartar é a bheith ar leibhéal 115.1 % agus 113.7 % de OTI i ndeireadh 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léiríonn an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais rioscaí arda sa mheántéarma 30 . De réir an réamhmheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta go dtí thart ar 116 % de OTI in 2032. Tá conair an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir na dtuartha stocastacha, lena hinsamhlaítear raon mór turraingí féideartha sealadacha i leith athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeidh an cóimheas fiachais níos airde in 2026 ná in 2021. Is ann do thosca eile atá ábhartha maidir le measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an fhiachais. Ar lámh amháin, ar na tosca maolaithe rioscaí áirítear fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe a bheith sách cobhsaí (le bonn mór éagsúlaithe infheisteoirí), ainmniú airgeadra an fhiachais agus costas iasachtaithe a bheith ar leibhéil níos ísle ná riamh. Ina theannta sin, mar thoradh ar chur chun feidhme athchóirithe faoi Next Generation EU go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go mbeidh tionchar dearfach agus fadsaolach ar fhás OTI, ar rud é ba cheart inbhuanaitheacht an fhiachais a neartú. Ar an lámh eile, baineann na tosca méadaithe rioscaí leis an sciar d’fhiachas gearrthéarmach, leis na ráthaíochtaí stáit a deonaíodh do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn éigeandáil COVID-19, agus le dliteanais theagmhasacha atá ceangailte le hearnáil na baincéireachta. Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar ollriachtanais mhaoiniúcháin.

Measúnú faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí ann sa Spáinn de réir bhrí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Baineann leochaileachtaí le hollfhiachas ard rialtais, agus fiachas ard seachtrach agus príobháideach, i gcomhthéacs ardleibhéal dífhostaíochta, agus baineann ábharthacht trasteorann leo. Agus aghaidh á tabhairt ar an am atá amach romhainn, tugtar deis leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí, agus ar riachtanais infheistíochta agus athchóirithe.

Tosca eile arna gcur chun cinn ag an mBallstát: Cumhdaíonn an anailís a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo na príomhthosca a chuir an Spáinn ar aghaidh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.8.an Fhrainc

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 7.9 % in 2020, tháinig fás 7 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.1 % air in 2022 agus fás 1.8 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Meastar go bhfillfidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2022 ar an leibhéal a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 8.9 % in 2020 go 6.5 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 4.6 % agus 3.2 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis don infheistíocht rialtais fanacht ag 3.7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 3.6 % de OTI in 2021 agus meastar go bhfanfaidh sí cobhsaí in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 10.4 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Fhrainc in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -1.7 % de OTI. Tá sé beartaithe ag an bhFrainc tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh laghdú 0.2 pointe céatadáin OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Is éard is cúis leis an laghdú sin in 2022 an tacaíocht airgeadais tús-ualaithe ó RRF in 2021. Meastar go rannchuideoidh an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta leis an staid fhioscach ar bhealach neodrach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFrainc an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 1.6 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.5 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Áirítear ar na bearta eile caiteachais reatha na bearta a cuireadh chun tosaigh in “Plan de résilience économique et sociale”chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha na coinbhleachta san Úcráin, amhail fóirdheontais dhíreacha le haghaidh earnálacha ad hoc (0.1 % de OTI), agus an méadú ar phá na státseirbhíseach (0.1 % de OTI). Ar thaobh an ioncaim, meastar go rannchuideoidh an laghdú ar an ráta cánach ioncaim (0.1 % de OTI) agus ar na cánacha tithíochta (0.1 % den OTI) leis an staid fhioscach mhéadaitheach. Maidir leis an méadú níos mó ar phraghsanna tomhaltóirí i gcomparáid leis an díbhoilsceoir OTI, meastar go ndéanfaidh sé difear do rannchuidiú méadaitheach an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022 tríd an tomhaltas poiblí agus sochair shóisialta a mhéadú. I bhfianaise na réamhaisnéise ón gCoimisiún, ní mhaolaítear go hiomlán leis na bearta fritháirimh na bearta sin ná na cúiseanna sin leis an gcaiteachas níos airde.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 97.4 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 114.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 112.9 % de OTI a bhí san ollfhiachas rialtais ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 111.2 % agus 109.1 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma 31 . De réir an réamh-mheastacháin bunlíne 10 mbliana, chobhsódh an cóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta tríd is tríd sna 10 mbliana atá romhainn, agus d’fhanfadh sé ar leibhéal ard. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena nionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2026 ná mar a bhí sé in 2021. Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, áirítear ar na himthosca maolaithe rioscaí an aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe atá réasúnta cobhsaí (agus bonn mór éagsúlaithe infheisteoirí fúthu) agus costais iasachtaíochta atá níos ísle ná riamh. Thairis sin, meastar go mbeidh tionchar dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI, rud a threiseodh an inbhuanaitheacht fiachais. Ar an taobh eile, baineann imthosca méadaithe rioscaí leis an sciar fiachais ghearrthéarmaigh, an méadú a mheastar a bheidh ann ar ollriachtanais mhaoiniúcháin sa mheántéarma agus leis na rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena náirítear trí ráthaíochtaí rialtais arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí ann i gcás na Fraince de réir bhrí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Baineann na leochaileachtaí le hollfhiachas ard rialtais agus iomaíochas lag, nithe a bhfuil ábharthacht trasteorann leo, i gcomhthéacs fás íseal táirgiúlachta. Agus aghaidh á tabhairt ar an am atá amach romhainn, soláthraítear deis leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí, ar an infheistíocht agus ar riachtanais athchóirithe.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2022, sholáthair an Fhrainc imthosca ábhartha eile nár luadh thuas ar fáil, eadhon, áitíonn rialtas na Fraince go mbeifear in ann an caiteachas poiblí a rialú go héifeachtach agus go bhfillfear ar an airgeadas poiblí comhardaithe diaidh ar ndiaidh ón mbliain 2023 ar aghaidh leis na hathchóirithe a glacadh le déanaí ar an gcreat rialachais um airgeadais phoiblí, lena n‑áirítear riail maidir le caiteachas ilbhliantúil a thabhairt isteach agus freagrachtaí feabhsaithe le haghaidh chomhairle fhioscach na Fraince.

4.2.9.an Iodáil

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 9 % in 2020, tháinig fás 6.6 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 2.4 % air in 2022 agus fás 1.9 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Meastar go bhfillfidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023 ar an leibhéal a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9.6 % in 2020 go 7.2 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 5.5 % agus 4.3 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis don infheistíocht rialtais méadú go 2.6 % de OTI in 2020, tháinig méadú uirthi go 2.9 % de OTI in 2021 agus meastar go méadóidh sí a thuilleadh go 3.2 % de OTI in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 14.1 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Iodáil in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na hIodáile 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag - 2.7 % de OTI. Tá sé beartaithe ag an Iodáil tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.9 % de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Iodáil an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Maidir leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022, meastar go soláthrófar rannchuidiú méadaitheach de 1.3 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach leis an bhfás sin. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.2 % de OTI) 32 mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Leis an bhfás ar chaiteachas reatha, léirítear freisin an caiteachas níos airde ar chúiteamh fhostaithe na hearnála rialtais, mar gheall ar athnuachan conarthaí poiblí le haghaidh na tréimhse 2019-2021, a gclárófar cuid mhór de (arb ionann í agus ¼ % de OTI) in 2022, agus déantar foráil sa bhuiséad maidir le hacmhainní breise don earnáil sláinte freisin (0.1 % de OTI). Ar thaobh an ioncaim, meastar go rannchuideoidh an laghdú ar chánacha ioncaim phearsanta agus ar an gcáin réigiúnach ar ghníomhaíochtaí táirgiúla (0.4 % de OTI) leis an staid fhioscach mhéadaitheach. Dá bhrí sin, ar bhonn na meastachán reatha ón gCoimisiún, ní chuireann an Iodáil teorainn leormhaith leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 134.1 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 155.3 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 150.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 147.9 % agus 146.8 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma 33 . De réir an réamh-mheastacháin bunlíne 10 mbliana, chobhsódh an cóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta sna 5 bliana atá romhainn. Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áfach, thosódh an cóimheas fiachais ag ardú go dtí tuairim is 155 % de OTI in 2032. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena nionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2026 ná mar a bhí sé in 2021. Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, áirítear ar na himthosca maolaithe rioscaí an aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe atá réasúnta cobhsaí (agus bonn mór éagsúlaithe infheisteoirí fúthu) agus costais iasachtaíochta atá níos ísle ná riamh. Thairis sin, meastar go mbeidh tionchar dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI, rud a threiseodh an inbhuanaitheacht fiachais. Ar an taobh eile, baineann imthosca méadaithe rioscaí leis an sciar fiachais ghearrthéarmaigh, na rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena náirítear trí ráthaíochtaí rialtais arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann. Meastar go méadóidh ollriachtanais mhaoiniúcháin sa mheántéarma.

Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: Tá míchothromaíochtaí iomarcacha ann i gcás na hIodáile de réir bhrí an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha. Baineann na leochaileachtaí le hollfhiachas ard rialtais agus le fás íseal táirgiúlachta, i gcomhthéacs laigí sa mhargadh saothair agus roinnt laigí sna margaí airgeadais, nithe a bhfuil ábharthacht trasteorann leo. Agus aghaidh á tabhairt ar an am atá amach romhainn, soláthraítear deis leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí, ar an infheistíocht agus ar riachtanais athchóirithe.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 11 Bealtaine 2022, sholáthair an Iodáil imthosca ábhartha breise nár luadh thuas, eadhon chuir na húdaráis i dtábhacht gur éirigh leis na hidirghabhálacha fritimthriallacha beartais fhioscaigh an geilleagar a chobhsú, agus go raibh easnaimh níos ísle ann in 2020-2021 ná mar a measadh; gur éirigh leis an méadú mór ar dhliteanais rialtais cosaint a thabhairt do chláir chomhardaithe na hearnála príobháidí; go bhfuil stoc na ndliteanas teagmhasach réasúnta íseal fiú tar éis an mhéadaithe arbh é géarchéim COVID-19 ba shiocair leis; go raibh tionchar teoranta ag an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta ar an ngeilleagar go fóill, ach go meastar go mbeidh feabhas ann tar éis chur chun feidhme iomlán na mbeart a chuimsítear sa Phlean.

4.2.10.an Laitvia

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 3.8 % in 2020, tháinig fás 4.5 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 2 % air in 2022 agus fás 2.9 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n-áirítear an infheistíocht: Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 4.5 % in 2020 go 7.3 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 7.2 % agus 3 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 5.7 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 5.2 % de OTI in 2021 agus meastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 6.1 % de OTI in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 13.9 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Laitvia in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na Laitvia 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -3.3 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Tá sé beartaithe ag an Laitvia tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.8 % de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Laitvia an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 1.5 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.8 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.3 % de OTI). Tríd is tríd, coimeádann an Laitvia smacht ar fhás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022, toisc go bhfuil rannchuidiú mór méadaitheach an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022 ann mar gheall go príomha ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh agus mar gheall ar na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 36.7 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 43.3 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 44.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 47 % agus 46.5 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí ísle ann sa mheántéarma 34 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir an Laitvia chun tosaigh an 5 Bealtaine 2022.

4.2.11.an Liotuáin

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 0.1 % in 2020, tháinig fás 5 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 1.7 % air in 2022 agus fás 2.6 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 7.3 % in 2020 go 1 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 4.6 % agus 2.3 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4.1 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 3.2 % de OTI in 2021 agus meastar go dtiocfaidh méadú uirthi arís go 3.7 % de OTI in 2022, agus mar sin beidh an infheistíocht níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2021. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 12.6 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Liotuáin in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na Liotuáine 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag ‑4.2 % de OTI mar a mhol an Chomhairle. Tá sé beartaithe ag an Liotuáin tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.5 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Liotuáin infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 3.2 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (1.2 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.2 % de OTI, agus meastar go gcuirfidh tacaíocht bhreise le haghaidh teaghlaigh íseal-ioncaim, (méadú breise ar phinsin, ar shochair linbh, ar chúnamh sóisialta, ar íosleibhéal an ioncaim neamh-inchánach) i measc bearta eile 0.4 % de OTI leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha. Dá bhrí sin, ar bhonn na meastachán reatha ón gCoimisiún, ní chuireann an Liotuáin an fás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi rialú leormhaith in 2022.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 35.9 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 46.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 44.3 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 42.7 % agus 43.1 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí ísle ann sa mheántéarma 35 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir an Liotuáin chun tosaigh an 5 Bealtaine 2022.

4.2.12.an Ungáir

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4.5 % in 2020, tháinig fás 7.1 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.6 % air in 2022 agus fás 2.6 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus glan-onnmhairí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 7.8 % in 2020 go 6.8 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 6 % agus 4.9 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 6.4 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 5.8 % de OTI in 2021 agus meastar gurb é 5.4 % de OTI a bheidh inti in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 15.1 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Ungáir in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár na hUngáire um Chóineasú 2022, meastar gur staid fhioscach neodrach a bheidh ann tríd is tríd ag -0.1 % de OTI, cé gur mhol an Chomhairle staid fhioscach thacúil a bheith ann. Tá sé beartaithe ag an Ungáir tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh laghdú 1.0 pointe céatadáin OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021 mar gheall ar an moilliú a mheastar a bheidh ar ionsú na gcistí ón Aontas 36 . Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.2 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ungáir an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 0.4 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Cuimsítear leis sin tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.1 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.2 % de OTI). Rannchuidíonn roinnt bearta lánroghnacha leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta freisin (glan ar bhearta nua ioncaim), amhail tabhairt ar ais an 13ú íocaíocht mhíosúil phinsin, sochair phá le haghaidh oifigigh forfheidhmithe dlí agus oifigigh airm, laghdú ar ranníocaíochtaí leasa sóisialta agus ar thobhach oiliúna na bhfostóirí. 

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 65.5 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 79.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 76.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 76.4 % agus 76.1 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma 37 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir an Ungáir chun tosaigh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.13.Málta

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 8.3 % in 2020, tháinig fás 9.4 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 4.2 % air in 2022 agus fás 4 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus poiblí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 9.5 % in 2020 go 8 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 5.6 % agus 4.6 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4.5 % de OTI in 2020, tháinig laghdú uirthi go 4.2 % de OTI in 2021 agus meastar gurb é 4.1 % de OTI a bheidh inti in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 21.8 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne Málta in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta Mhálta 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -1.5 % de OTI mar a mhol an Chomhairle. Tá sé beartaithe ag Málta tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú craptha de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, níl sé beartaithe ag Málta an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 1.6 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.5 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Thairis sin, dheonaigh an rialtas tacaíocht airgeadais do theaghlaigh (0.3 % de OTI), mhéadaigh sochair pinsin ranníocaigh agus neamhranníocaigh sa bhreis ar an gcoigeartú costais maireachtála (0.2 % de OTI) agus d’fhan ráta fáis an tomhaltais láithrigh (glan ar bhearta) láidir (0.4 % de OTI).

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 40.7 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 53.4 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 57 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 58.5 % agus 59.5 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma 38 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir Málta chun tosaigh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.14.an Ostair

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 6.7 % in 2020, tháinig fás 4.5 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.9 % air in 2022 agus fás 1.9 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus glan-onnmhairí ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Meastar go bhfillfidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2022 ar an leibhéal a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 8 % in 2020 go 5.9 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 3.1 % agus 1.5 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 3.3 % de OTI 2020, tháinig méadú uirthi go 3.5 % de OTI in 2021 agus meastar go méadóidh sí a thuilleadh go 3.7 % de OTI in 2022, agus beidh an dara méadú sin níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 15.9 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Ostair in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na hOstaire 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -1.2 % de OTI mar a mhol an Chomhairle. Tá sé beartaithe ag an Ostair tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.1 pointe céatadáin OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais in 2022 i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ostair an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 0.5 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Áirítear air sin tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.4 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.3 % de OTI).

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 70.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 83.3 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 82.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 80 % agus 77.5 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma 39 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir an Ostair chun tosaigh an 3 Bealtaine 2022.

4.2.15.an Pholainn

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 2.2 % in 2020, tháinig fás 5.9 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.7 % air in 2022 agus fás 3 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 6.9 % in 2020 go 1.9 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 4.0 % agus 4.4 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4.5 % de OTI 2020, tháinig laghdú uirthi go 4.1 % de OTI in 2021 agus meastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4.2 % de OTI, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2021 agus in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 10.5 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Pholainn in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár na Polainne 2022 um Chóineasú, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -3.4 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle. Tá sé beartaithe ag an bPolainn tacaíocht a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.1 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021 40 . Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.3 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bPolainn an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 2.7 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (1.0 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.6 % de OTI), agus meastar go gcuirfidh liúntas nua cúraim le haghaidh leanaí óga (Caipiteal Cúraim Teaghlaigh) leis an bhfás ar ghlanchaiteachas reatha (0.1 % de OTI). Ar thaobh an ioncaim, meastar go rannchuideoidh an laghdú ar an ráta cánach ioncaim faoi Mhargadh na Polainne (0.7 % de OTI) agus an laghdú ar na rátaí cánach corparáide (0.1 % den OTI) leis an staid fhioscach mhéadaitheach. Maidir leis an méadú níos mó ar phraghsanna tomhaltóirí i gcomparáid leis an díbhoilsceoir OTI, meastar go ndéanfaidh sé difear do rannchuidiú méadaitheach an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022, tríd an gcaiteachas ar thomhaltas earraí agus seirbhísí an rialtais a mhéadú.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 45.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 57.1 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 53.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 50.8 % agus 49.8 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma 41 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 9 Bealtaine 2022, sholáthair an Pholainn imthosca ábhartha breise nár luadh thuas, eadhon go meastar gurb é 3.7 % de OTI a bheidh san easnamh rialtais in 2023, d’ainneoin méadú atá beartaithe ar an gcaiteachas míleata (a chláraítear go páirteach mar infheistíochtaí poiblí), i gcomhréir leis an Acht an 11 Márta 2022 maidir le cosaint na tíre dúchais, go 3.0 % de OTI ó 2.2 % de OTI in 2022.

4.2.16.an tSlóivéin

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4.2 % in 2020, tháinig fás 8.1 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 3.7 % air in 2022 agus fás 3.1 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 7.8 % in 2020 go 5.2 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 4.3 % agus 3.4 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis don infheistíocht rialtais méadú go 4.1 % de OTI 2020, tháinig méadú uirthi go 4.7 % de OTI in 2021 agus meastar go méadóidh sí a thuilleadh go 5.7 % de OTI in 2022, agus beidh an dara méadú sin níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 15.8 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an tSlóivéin in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear ina Clár Cobhsaíochta 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -2.6 % de OTI. Tá sé beartaithe ag an tSlóivéin tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.9 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú méadaitheach de 1.6 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Sa rannchuidiú mór méadaitheach sin, tá tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.4 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Maidir leis an méadú níos mó ar phraghsanna tomhaltóirí i gcomparáid leis an díbhoilsceoir OTI, meastar go ndéanfaidh sé difear do rannchuidiú méadaitheach an chaiteachais reatha phríomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta in 2022, tríd an gcaiteachas ar thomhaltas earraí agus seirbhísí an rialtais a mhéadú, mar aon leis an gcaiteachas ar shochair shóisialta mar thoradh ar an innéacsú agus an caiteachas ar an bpá poiblí mar thoradh ar an mbrú pá méadaitheach.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 65.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 79.8 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 74.7 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 74.1 % agus 72.7 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma 42 . De réir an réamh-mheastacháin bunlíne 10 mbliana, chobhsódh an cóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta sna 5 bliana atá romhainn. Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áfach, thosódh an cóimheas fiachais ag ardú go dtí tuairim is 83 % de OTI in 2032. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena nionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, is dócha go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2026 ná mar a bhí sé in 2021. Thairis sin, bheadh gá le hiarracht comhdhlúthaithe 4½ pointe céatadáin de OTI chun an fiachas a laghdú go 60 % de OTI i gceann 15 mbliana. Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, áirítear ar na himthosca maolaithe rioscaí an aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe atá réasúnta cobhsaí, ainmníocht airgeadra an fhiachais agus costais iasachtaíochta atá níos ísle ná riamh. Thairis sin, meastar go mbeidh tionchar dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI, rud a threiseodh an inbhuanaitheacht fiachais. Ar an taobh eile, baineann imthosca méadaithe rioscaí leis an sciar den fhiachas atá ar seilbh ag neamhchónaitheoirí, caiteachas breise níos airde ar chúram fadtéarmach mar thoradh ar acht a glacadh le déanaí um chúram fadtéarmach agus rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena náirítear trí ráthaíochtaí rialtais measartha mór arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na príomh-imthosca a chuir an tSlóivéin chun tosaigh an 9 Bealtaine 2022.

4.2.17.an tSlóvaic

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 4.4 % in 2020, tháinig fás 3 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 2.3 % air in 2022 agus fás 3.6 % air in 2023. Ba iad an infheistíocht agus an tomhaltas príobháideach ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Meastar go bhfillfidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2022 ar an leibhéal a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 5.5 % in 2020 go 6.2 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 3.6 % agus 2.6 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an laghdaithe ar an infheistíocht rialtais go 3.5 % de OTI 2020, tháinig laghdú uirthi go 3.2 % de OTI in 2021 agus meastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4.2 % de OTI in 2022, agus beidh an infheistíocht níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 11.9 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an tSlóvaic in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

Sa bhliain 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na Slóvaice 2022, meastar gur staid fhioscach chraptha a bheidh ann tríd is tríd ag +0.3 % de OTI, cé gur mhol an Chomhairle staid fhioscach thacúil a bheith ann. Tá sé beartaithe ag an tSlóvaic tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.7 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.4 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an tSlóvaic an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú craptha de 1.6 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Áirítear leis sin tionchar breise na gcostas a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI). Mar gheall ar innéacsú moillithe leis an mboilsciú, tá an ráta fáis a bhaineann le caiteachais mhóra rialtais amhail sochair shóisialta seachas sochair chomhchineáil nó cúiteamh fostaithe, tá sé níos ísle ná an boilsciú in 2022 agus rannchuidíonn siad leis an staid chraptha.

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 48.1 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 59.7 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 63.1 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 61.7 % agus 58.3 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma 43 . De réir an réamh-mheastacháin bunlíne 10 mbliana, laghdódh cóimheas ollfhiachais rialtais ginearálta sna 5 bliana atá amach romhainn go 54 % in 2026. Ón mbliain 2027 ar aghaidh, áfach, thosódh an cóimheas fiachais ag ardú go dtí tuairim is 61 % de OTI in 2032. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena nionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, baineann éiginnteacht mhór leis na réamh-mheastacháin. Tá imthosca eile ábhartha le haghaidh measúnú foriomlán ar an inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, áirítear ar na himthosca maolaithe rioscaí an aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas, ainmníocht airgeadra an fhiachais, an sciar theoranta d’fhiachas poiblí gearrthéarmach agus costais iasachtaíochta atá níos ísle ná riamh. Thairis sin, meastar go mbeidh tionchar dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI, rud a threiseodh an inbhuanaitheacht fiachais. Ar an taobh eile, baineann imthosca méadaithe rioscaí leis an sciar ard den fhiachas atá ar seilbh ag neamhchónaitheoirí, an suíomh diúltach glaninfheistíochta idirnáisiúnta agus rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn ón earnáil phríobháideach, lena náirítear trí ráthaíochtaí rialtais measartha mór arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 6 Bealtaine 2022, sholáthair an tSlóvaic imthosca ábhartha eile nár luadh thuas, eadhon maidir le tionchar tobhaigh mhéadaithe chuig buiséad an Aontais mar gheall ar neamhrialtachtaí san imréiteach custam (0.5 % de OTI). Luann an tSlóvaic freisin, seachas an t‑easnamh príomha atá ann i láthair na huaire, carnadh breise sócmhainní airgeadais (2.2 % de OTI), agus meastar gurb é 12 % de OTI is luach do na sócmhainní sin, méid atá i bhfad os cionn aon luach a chonacthas cheana.

4.2.18.an Fhionlainn

An staid mhaicreacnamaíoch mheántéarmach: Tar éis crapadh 2.3 % in 2020, tháinig fás 3.5 % ar an ngeilleagar in 2021 agus meastar go dtiocfaidh fás 1.6 % air in 2022 agus fás 1.7 % air in 2023. Ba iad an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht ba mhó ba chúis leis an bhfás in 2022. Bhí an leibhéal gníomhaíochta eacnamaí in 2021 ní ba mhó ná an leibhéal bliantúil a bhí ann in 2019.

An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht: Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5.5 % in 2020 go 2.6 % de OTI in 2021. Meastar gurb é 2.2 % agus 1.7 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 4.9 % de OTI 2020, tháinig laghdú uirthi go 4.1 % de OTI in 2021 agus meastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4.4 % de OTI in 2022, agus beidh an infheistíocht níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2021 agus in 2022. Maidir leis an tacaíocht fhioscach – mar a thomhaistear leis an athrú carnach bliantúil ar an bpríomhchomhardú in 2020 agus in 2021 i gcomparáid le 2019 mar aon leis an ríog fhioscach arna soláthar le cistí an Aontais – meastar gurb é 7.1 % de OTI atá inti, lena n‑áirítear bearta buiséadacha lánroghnacha agus oibriú na gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Bhí na bearta a rinne an Fhionlainn in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020.

In 2022, i bhfianaise réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n‑áirítear an fhaisnéis a chuimsítear i gClár Cobhsaíochta na Fionlainne 2022, meastar gur staid fhioscach thacúil a bheidh ann ag -0.6 % de OTI. Tá sé beartaithe ag an bhFionlainn tacaíocht leanúnach a thabhairt don téarnamh trí úsáid a bhaint as RRF chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.2 pointe céatadáin de OTI ar an rannchuidiú dearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch caiteachais a mhaoinítear le deontais RRF agus cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Maidir leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta, meastar go soláthrófar léi rannchuidiú méadaitheach de 0.2 pointe céatadáin leis an staid fhioscach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an bhFionlainn infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. An tráth céanna, meastar go soláthrófar leis an bhfás ar an gcaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 rannchuidiú atá neodrach ar an iomlán de 0.1 pointe céatadáin leis an staid fhoriomlán fhioscach. Cuimsítear leis sin tionchar breise na mbeart a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.1 % de OTI) mar aon leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % de OTI).

An suíomh fiachais meántéarmach: Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 59.6 % de OTI ag deireadh na bliana 2019 go 69 % de OTI ag deireadh na bliana 2020. Ba é 65.8 % de OTI a bhí ann ag deireadh na bliana 2021 agus meastar gurb é 65.9 % agus 66.6 % de OTI a bheidh ann ag deireadh na mblianta 2022 agus 2023, faoi seach. Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma 44 . Meastar go mbeidh tionchar mór dearfach marthanach ag cur chun feidhme na nathchóirithe faoi Next Generation EU, go háirithe RRF, ar fhás OTI sna blianta atá amach romhainn, rud a rannchuideodh leis an inbhuanaitheacht fiachais a threisiú.

Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: An 6 Bealtaine 2022, sholáthair an Fhionlainn imthosca ábhartha breise nár luadh thuas, eadhon maidir le suíomh láidir i dtaobh glansócmhainní.

5.Conclúidí

I gcás na 17 mBallstát a sháraíonn an luach tagartha easnaimh an Chonartha in 2021 nó a bhfuil sé beartaithe acu é a shárú in 2022 (i.e. na Ballstáit uile a breithníodh faoin tuarascáil seo seachas an Fhionlainn), bhí an t‑easnamh os cionn 3 % de OTI agus ní raibh sé gar don mhéid sin. Maidir leis an mbarrachas os cionn an luacha tagartha atá sa Chonradh, meastar é a bheith eisceachtúil mar a shainmhínítear sa Chonradh. Maidir leis an mBeilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn agus an tSlóivéin, ní mheastar gur rud sealadach é an barrachas os cionn an luacha tagartha.

Ar an iomlán, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí 45 , tugtar le fios leis an anailís nach gcomhlíonann an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin an tSlóvaic an critéar easnaimh mar a shainmhínítear sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/1997 é.

Maidir leis na Ballstáit a sháraigh an luach tagartha fiachais de 60 % de OTI ag deireadh na bliana 2021, níor urramaigh an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir ná an Fhionlainn an tagarmharc laghdaithe fiachais. I gcás na Slóvaice, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go níos lú ná 60 % de OTI in 2023.

Ar an iomlán, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, tugtar le fios leis an anailís go gcomhlíonann an tSlóvaic an critéar fiachais mar a shainmhínítear sa Chonradh agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/1997 é. Ní chomhlíonann an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir ná an Fhionlainn an critéar fiachais. 

Ina ainneoin sin, measann an Coimisiún, laistigh dá mheasúnú ar na tosca ábhartha uile, go dtabharfaí le tuiscint le comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach ró‑éilitheach tús‑ualaithe ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach gá an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha eisceachtúla atá ann faoi láthair.

Tá tionchar ollmhór maicreacnamaíoch fioscach ag paindéim COVID-19 fós, rud a chruthaíonn, in éineacht le hionradh na Rúise ar an Úcráin, éiginnteacht as cuimse, lena n‑áirítear i ndáil le conair mhionsonraithe a cheapadh don bheartas fioscach. Ar na forais sin, ní mholann an Coimisiún aon nós imeachta um easnamh iomarcach nua a oscailt ag an bpointe seo. Leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar fhiachas agus ar fhorbairtí easnaimh agus déanfaidh an Coimisiún measúnú athuair i bhfómhar na bliana 2022 ar a ábhartha atá sé a mholadh go n‑osclófaí nósanna imeachta um easnamh iomarcach.

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, arna leasú.
(2)    Maidir leis an gclásal, a leagtar amach in Airteagail 5(1), 6(3), 9(1) agus 10(3) de Rialachán (CE) 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1) agus in Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) 1467/97, déanann sé éascaíocht ar chomhardú beartas buiséadach tráth géarchor chun donais eacnamaíoch. Ní chuirtear nósanna imeachta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta ar fionraí leis. Mar sin féin, le gníomhachtú an chlásail tugadh solúbthacht do Bhallstáit chun déileáil leis an éigeandáil atá ann faoi láthair, trína cheadú go n‑imeofaí go sealadach ón gconair choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh de chuid gach Ballstáit, ar choinníoll nach gcuireann sé i mbaol an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma.
(3)    COM(2022) 600 final.
(4)    Moltaí ón gComhairle an 20 Iúil 2020 (2020/C 282/01 go 2020/C 282/27), IO C 282, 26.8.2020, lgh. 1-182.
(5)    Moltaí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 (2021/C 304/01 go 2021/C 304/28, IO C 304, 29.7.2021, lgh. 1-134). I gcás na Rómáine ghlac an Chomhairle, an lá céanna, Moladh d'fhonn deireadh a chur leis an easnamh iomarcach rialtais a bhí ann (2021/C 304/24, 29.7.2021 lgh. 111-115).
(6)    Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, IO C 283, 15.7.2021, lch. 1.
(7)    Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, IO C 153, 7.4.2022, lch. 1.
(8)    Táscairí Euro Eurostat 46/2022 an 22 Aibreán 2022.
(9)    Sháraigh easnamh rialtais na Rómáine 3 % de OTI in 2021 freisin. Mar sin féin, ní chumhdaítear an Rómáin sa tuarascáil seo ós rud é go bhfuil sí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach ó eisíodh an Cinneadh ón gComhairle an 3 Aibreán 2020.
(10)    Sna cásanna seo beartaítear go mbeidh na heasnaimh do 2022 os cionn 3 % de OTI freisin.
(11)    Mura sonraítear a mhalairt, is é réamhaisnéis an earraigh, 2022 ón gCoimisiún foinse na bhfigiúirí a sholáthraítear sa tuarascáil seo. Tuilleadh faisnéis i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh, 2022: https://ec.europa.eu/info/system/files/economy-finance/ip173_en.pdf
(12)    Sa Chróit, sa Chipir agus sa Phortaingéil bhí an t‑ollfhiachas rialtais os cionn 60 % de OTI freisin i ndeireadh 2021. Mar sin féin, ní phléitear na Ballstáit sin sa tuarascáil seo mar go raibh a n‑easnaimh ghinearálta rialtais in 2021 agus 2022 (agus go dtuartar go bhfanfaidh siad) faoi bhun 3 % de OTI agus go ndearna siad an tagarmharc laghdaithe fiachais a urramú in 2021.
(13)    COM(2022) 85 final.
(14)    Más rud é, in aon cheann de na blianta, go mbíonn an cóimheas fiachais faoi bhun 60 % de OTI, ní féidir ríomh fóinteach a dhéanamh ar an tagarmharc. Is amhlaidh atá an cás nuair a thrasnaíonn Ballstáit an luach tagartha ón taobh thíos go dtí os cionn 60 % de OTI, go háirithe i gcás na Slóvaice.
(15)    Ní bhaineann Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2020 ach le Ballstáit an limistéir euro.
(16)    Maidir leis na bearta tacaíochta leachtachta sin, go háirithe ráthaíochtaí poiblí ag tacú le sreafa creidmheasa, ní bhíonn tionchar díreach buiséadach acu mura rud é go ndéanfar, agus go dtí go ndéanfar, iad a agairt.
(17)    Féadfar an tacaíocht fhioscach in 2020-2021 a thomhas trí bhíthin an athraithe charnaigh bhliantúil ar an príomhchomhardú in 2020 agus 2021 le hais 2019, móide an spreagadh fioscach arna sholáthar trí cistí an Aontais.
(18)    Ar lorg an chur chuige sa Mholadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021, faoi láthair is é an tomhas is fearr ar an staid fhioscach an t‑athrú ar an bpríomh-chaiteachas (glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha), gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le héigeandáil COVID-19 san áireamh ach lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú ag tacaíocht neamh-iníoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach. Seachas an staid fhioscach fhoriomlán a bhreithniú, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an beartas fioscach náisiúnta stuama agus atá nó nach bhfuil a chomhdhéanamh in oiriúint i gcomhair téarnamh inbhuanaithe atá ar aon dul leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tugtar aird freisin ar éabhlóid an phríomhchaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le héigeandáil COVID-19 san áireamh) agus ar an infheistíocht.
(19)          Gan bearta sealadacha éigeandála COVID-19 san áireamh.
(20)    Tuarascáil Inbhuanaitheachta Fioscaí 2021 (Aibreán 2022), European Economy-Institutional Papers 171.
(21)    Más comhartha diúltach (dearfach) atá ag gabháil leis an táscaire freagraíonn sé sin d’fharasbarr (d’easnamh) i bhfás an phríomhchaiteachais i gcomparáid leis an bhfás eacnamaíoch meántéarmach, lena gcuirtear in iúl beartas fioscach forleathnaitheach (crapthach).
(22)    SWD(2022) 602 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(23)    An 7 Aibreán 2022, ghlac an Coimisiún measúnú dearfach i leith Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Bulgáire.
(24)    SWD(2022) 603 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(25)    SWD(2022) 605 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(26)    SWD(2022) 607 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(27)    SWD(2022) 608 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(28)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/216 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 maidir le faireachas feabhsaithe a fhadú don Ghréig (IO L  37, 18.2.2022 , lch. 34).  
(29)    SWD(2022) 609 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(30)    SWD(2022) 610 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(31)    SWD(2022) 612 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(32)    In 2021, bhí bearta i bhfeidhm cheana san Iodáil chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus ar thionchar sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, bearta a raibh 0.3 % de OTI i gceist leo. Is éard a bhí sna bearta sin go príomha laghduithe ar thobhaigh sheasta agus ar rátaí CBL ar bhillí leictreachais agus ar bhillí gáis agus méadú ar an mbónas sóisialta le haghaidh billí leictreachais agus gáis nádúrtha.
(33)    SWD(2022) 616 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(34)    SWD(2022) 619 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(35)    SWD(2022) 617 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(36)    Is réamh-mheastacháin ón gCoimisiún iad seo. Ní dhearna an Coimisiún measúnú ar an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh na hUngáire go fóill.
(37)    SWD(2022) 614 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(38)    SWD(2022) 620 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(39)    SWD(2022) 601 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(40)    Is réamh-mheastacháin ón gCoimisiún iad seo. Ní dhearna an Coimisiún measúnú ar an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh na Polainne go fóill.
(41)    SWD(2022) 622 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(42)    SWD(2022) 626 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(43)    SWD(2022) 627 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(44)    SWD(2022) 611 final, Iarscríbhinn maidir le hAnailís ar Inbhuanaitheacht an Fhiachais.
(45)    Mínítear le Roinn 4 na coinníollacha is gá a bheith ann chun imthosca ábhartha a chur san áireamh sna céimeanna a dhéantar roimh chinneadh a dhéanamh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn an chritéir easnaimh. Cuirfear na himthosca ábhartha san áireamh i gcónaí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir fiachais.