An Bhruiséil,23.5.2022

COM(2022) 616 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hIodáile agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cóineasaithe 2022 de chuid na hIodáile

{SWD(2022) 616 final} - {SWD(2022) 640 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hIodáile agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cóineasaithe 2022 de chuid na hIodáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú 1 , agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil le haghaidh chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochta, arb é atá i gceist leis spreagadh airgeadais a mhaoiníonn an tAontas. Cuidíonn sé leis an téarnamh eacnamaíoch agus le cur chun feidhme athchóirithe atá inbhuanaithe agus a spreagann fás agus infheistíocht, go háirithe chun an taistriú digiteach agus glas a chur chun cinn, agus neartaíonn sé athléimneacht agus fás ionchasach gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sé freisin le hairgeadais phoiblí inbhuanaithe a neartú agus le borradh a chur faoi fhás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Rinneadh uasmhéid na ranníocaíochta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a nuashonrú an [XX] Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

(2)An 24 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, rud a chur tús le Seimeastar Eorpach 2022 le haghaidh comhordú beartais eacnamaíoch. Thug sé aird chuí ar an ngealltanas comhpháirteach athdhearbhaithe ón gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto i mí na Bealtaine 2021 chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 a chur chun feidhme a thuilleadh. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí Shuirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe an 25 Márta 2022. An 24 Samhain 2021, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh inar shainaithin sé an Iodáil mar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinnathbhreithniú 4 ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 5 Aibreán 2022, chomh maith le togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach 2022 ar Fhostaíocht ina ndearnadh anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta agus phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, togra a ghlac an Chomhairle an 14 Márta 2022.

(3)Tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch i ngeall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin i ndiaidh na paindéime domhanda. Tá tionchar an ionraidh ar gheilleagair na mBallstát le sonrú trí ardú ar phraghsanna an fhuinnimh agus an bhia agus trí ionchais fáis níos laige. Is iad na teaghlaigh leochaileacha atá i mbochtaineacht fuinnimh is mó atá thíos le hardú phraghsanna an fhuinnimh. Ina theannta sin, tá sruth daoine isteach san Aontas nach bhfacthas a leithéid riamh agus iad ag teitheadh ón Úcráin. Sa chomhthéacs sin, an 4 Márta 2022, tionscnaíodh an Treoir um Chosaint Shealadach 5 den chéad uair, rud a thug an ceart chun fanacht go dleathach san Aontas mar aon le rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar an margadh saothair, agus ar chúram sláinte, tithíocht agus leas sóisialta do dhaoine easáitithe ón Úcráin.

(4)Agus aird á tabhairt ar an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, atosaíonn an Seimeastar Eorpach a chomhordú ginearálta maidir le beartas eacnamaíoch agus fostaíochta in 2022, agus é á fhorbairt i gcomhréir le riachtanais cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar a leagtar amach i Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe. Chun go mbainfear amach na cuspóirí um chomhordú beartais eacnamaíoch faoin Seimeastar Eorpach, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh chun feidhme, ós rud é go dtugann na pleananna aghaidh ar, ar a laghad, fothacar suntasach de na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh i dtimthrialla Sheimeastar 2019 agus 2020. Tá moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 chomh hábhartha céanna fós maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna nathbhreithniú, arna nuashonrú nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241, i dteannta aon mholadh tírshonrach a eisíodh suas go dtí dáta tíolactha an phlean mhodhnaithe.

(5)Tá an Clásal Éalaithe Ginearálta gníomhach ó Mhárta 2020 6 . Ina Theachtaireacht an 3 Márta 2021 7 , leag an Coimisiún amach a thuairim gur cheart an cinneadh maidir le clásal ginearálta éalaithe a dhíghníomhachtú nó a chur i bhfeidhm go leanúnach a dhéanamh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair, agus leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid leis an leibhéal réamhghéarchéime (deireadh2019) mar phríomhchritéar cainníochtúil. Mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre ar an taobh thíos den ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, is gá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a leathnú go gcuirfear síneadh le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis le linn 2023.

(6)I gcomhréir leis an gcur chuige sa tuairim ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 maidir le Clár Cobhsaíochta 2021, is fearr an seasamh fioscach a thomhas mar an tathrú ar chaiteachas príomha (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim), cé is moite de bhearta éigeandála sealadacha a bhaineann le COVID-19 ach lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) ón tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach 8 . Agus níos faide ná an staid fhioscach fhoriomlán, d’fhonn a mheas an bhfuil an beartas fioscach náisiúnta stuama agus an bhfuil a chomhdhéanamh fabhrach do théarnamh inbhuanaithe a bheidh comhsheasmhach leis na haistrithe glasa agus digiteacha, tabharfar aird freisin ar an éabhlóid ar phríomhchaiteachas reatha arna maoiniú go náisiúnta 9 (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le COVID-19 a áireamh) agus ar an infheistíocht.

(7)An 2 Márta 2022, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht lena gcuirtear treoir leathan ar fáil maidir le beartas fioscach in 2023, a raibh sé mar aidhm léi tacú le hullmhú Chláir na mBallstát um Chobhsaíocht agus um Chóineasú agus comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin 10 . Thug an Coimisiún dá aire go mbeadh sé iomchuí in 2023, bunaithe ar an ionchas maicreacnamaíoch a bhí ann i réamhaisnéis gheimhridh 2022, aistriú ó sheasamh fioscach comhiomláin tacaíochta in 2020-2022 go seasamh comhiomlán fioscach a bheadh neodrach tríd is tríd, ach a bheith réidh chun freagairt don staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn. D‘fhógair an Coimisiún gur cheart leanúint de dhifreáil a dhéanamh idir na moltaí fioscacha do 2023 ar fud na mBallstát agus iarmhairtí trastíortha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an treoir a chur san áireamh ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú. Gheall an Coimisiún go ndéanfaidh sé dlúthfhaireachán ar na forbairtí eacnamaíocha agus go nathróidh sé a threoir bheartais de réir mar is gá agus ar a dhéanaí ina phacáiste Seimeastair earraigh a bheidh ann i ndeireadh mhí na Bealtaine 2022.

(8)Maidir leis an treoir fhioscach a cuireadh ar fáil an 2 Márta 2022, cuirtear san áireamh sna moltaí fioscacha do 2023 an tionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, an éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí breise ar an taobh thíos, agus an boilsciú atá níos airde i gcomparáid leis an réamhaisnéis gheimhridh. I gcead do na breithnithe sin, ní mór don fhreagairt fhioscach infheistíocht phoiblí a leathnú i gcomhair an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus na slándála fuinnimh, agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach is leochailí a chothú chun tionchar ardú na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun an brú boilscithe a theorannú ó iarmhairtí dara babhta trí bhearta spriocdhírithe agus sealadacha; ní mór don bheartas fioscach leanúint de bheith ag dul in oiriúint do na cúinsí atá ag athrú go tapa, agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir tíortha ag brath ar a staid fhioscach agus eacnamaíoch, lena náirítear maidir le neamhchosaint na ndaoine easáitithe ón Úcráin don ghéarchéim agus do rabharta daoine easáitithe ón Úcráin.

(9)An 30 Aibreán 2021, chuir an Iodáil a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na hIodáile 11 . Scaoiltear na dtráthchodanna ar choinníoll cinnidh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, cinneadh go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Iodáil. Tuigtear gurb é atá i gceist le comhlíonadh sásúil, nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(10)An 27 Aibreán 2022, thíolaic an Iodáil a Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2022 agus a Clár Cobhsaíochta 2022 an 27 Aibreán 2022, i gcomhréir leis an spriocdháta atá leagtha síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Chun na naisc eatarthu a chur san áireamh, rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú ar thuairisciú leathbhliantúil na hIodáile ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach.

(11)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2022 maidir le is an Iodáil 12 an 23 Bealtaine 2022. Rinne sí measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an Iodáil maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle in 2019, 2020 agus 2021, agus bhreathnaigh sí ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta ag an Iodáil, ar bhunús an Scórchláir don Téarnamh agus don Athléimneacht. Ar bhonn na hanailíse sin, sa tuarascáil tíre, sainaithníodh bearnaí i ndáil leis na dúshláin sin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena náirítear iad siúd is toradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hIodáile ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh spriocanna ceannlíne an Aontais maidir leis an bhfostaíocht, na scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(12)Rinne an Coimisiún grinnathbhreithniú ar an Iodáil faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 agus d’fhoilsigh sé a thorthaí an 23 Bealtaine 2022 13 . Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha san Iodáil. Go háirithe, tá laigí fós os comhair na hIodáile a bhaineann le fiachas rialtais ard agus le fás lag ar an táirgiúlacht, i gcomhthéacs leochaileachtaí i margadh an tsaothair agus roinnt laigí san earnáil airgeadais.

(13)An 23 Bealtaine 2022, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE. Sa tuarascáil sin, pléadh staid bhuiséadach na hIodáile, ós rud é gur sháraigh a heasnamh ginearálta rialtais in 2021 luach tagartha an Chonartha maidir le OTI, agus gur sháraigh a fiachas ginearálta rialtais an 60 % de luach tagartha an Chonartha maidir le OTI agus nár urramaigh sé an tagarmharc maidir le laghdú an fhiachais. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh na critéir easnaimh agus fiachais. I gcomhréir le Teachtaireacht an 2 Márta 2022, mheas an Coimisiún, laistigh dá mheasúnú ar na fachtóirí ábhartha uile, go bhfágfadh comhlíonadh an tagarmhairc laghdaithe fiachais go mbeadh iarracht fhioscach túsardaithe ródhian ann a chuirfeadh an fás i mbaol. Dá bhrí sin, dar leis an gCoimisiún, ní gá an tagarmharc um laghdú fiachais a chomhlíonadh faoi na dálaí eacnamaíocha eisceachtúla atá ann faoi láthair. Mar a fógraíodh, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua maidir le heasnamh iomarcach a oscailt in earrach 2022 agus déanfaidh sé athmheasúnú ar a ábhartha atá sé a mholadh go gcuirfí tús le nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach i bhfómhar 2022.

(14)An 20 Iúil 2020, mhol an Chomhairle don Iodáil gach beart is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021, i gcomhréir leis an gclásal ginearálta éalaithe, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an bpaindéim, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Mhol sí freisin go saothrófaí beartais fhioscacha san Iodáil, nuair is féidir sin sna dálaí eacnamaíocha, arb é is aidhm dóibh seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht an fhiachais a áirithiú, agus an infheistíocht a fheabhsú ag an am céanna. In 2021, bunaithe ar shonraí a bhailíochtaigh Eurostat, tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtais na hIodáile ó 9.6 % de OTI in 2020 go 7.2 % in 2021. Thacaigh freagairt na hIodáile maidir leis an mbeartas fioscach leis an téarnamh eacnamaíoch in 2021, le bearta sealadacha éigeandála arb ionann iad agus 3.5 % den OTI (laghdú ó 4.4 % de OTI in 2020). Tá na bearta a ghlac an Iodáil in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020. Den chuid is mó, bhí na bearta buiséadacha lánroghnacha a ghlac an rialtas in 2020 agus 2021 sealadach nó comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh. Ag an am céanna, ní raibh roinnt de na bearta lánroghnacha a ghlac an rialtas le linn na tréimhse 2020 go 2021 sealadach ná comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh, bearta arb é a bhí iontu go príomha laghdú ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta i réigiúin bhochta, síneadh ar an gcreidmheas cánach ar ioncam fostaíochta agus liúntas teaghlaigh a thabhairt isteach. Bunaithe ar shonraí a bhailíochtaigh Eurostat, ba ionann fiachas ginearálta an rialtais agus 150.8 % de OTI in 2021.

(15)Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamhmheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta 2022 fabhrach in 2022 agus réadúil ina dhiaidh sin. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 3.1 % in 2022 agus 2.4 % in 2023. I gcomparáid leis sin, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún go dtiocfaidh fás iarbhír OTI níos ísle de 2.4 % in 2022 agus 1.9 % in 2023, de bharr réamhmheastacháin níos stuama don éileamh intíre den chuid is mó. Ina Chlár Cobhsaíochta 2022, tá an Rialtas ag súil go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh ceannlíne go 5.6 % den OTI in 2022, agus go 3.9 % in 2023 14 . Léiríonn an laghdú in 2022 go príomha an fás ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus leachtú fhormhór na mbeart éigeandála. De réir an Chláir, meastar go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI go dtí 147.0 % in 2022 agus go laghdóidh sé go 145.2 % in 2023. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún easnamh rialtais do 2022 agus 2023 de 5.5 % den OTI agus 4.3 % faoi seach. I gcomparáid le Clár Cobhsaíochta 2022, tá an teasnamh a thuartar sa réamhaisnéis ón gCoimisiún beagnach mar an gcéanna in 2022 ach níos airde in 2023, mar gheall ar fhás eacnamaíoch níos ísle den chuid is mó. Ag an am céanna, ní áirítear i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún na bearta tacaíochta breise do 2022 a fógraíodh sa Chlár, ós rud é nach raibh na mionsonraí ar fáil roimh an scoithdháta. I réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta rialtais níos airde idir 147.9 % in 2022 agus 146.8 % in 2023. Is é an teasnamh níos airde agus fás eacnamaíoch níos ísle is cúis leis an difríocht sin.

Bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2022 ón gCoimisiún, meastar go mbeidh fás aschuir ionchasach meántéarmach (meán 10 bliana) ag 0.4 %. Mar sin féin, ní áirítear leis an meastachán sin tionchar na n‑athchóirithe atá mar chuid den Phlean don Téarnamh agus don Athléimneacht agus lena bhféadfar borradh a chur faoi fhás ionchasach na hIodáile.

(16)In 2022, chuir an rialtas deireadh le formhór na mbeart a glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim COVID-19, sa chaoi is go meastar go dtiocfaidh laghdú ar na bearta sealadacha tacaíochta éigeandála ó 3.5 % d’OTI in 2021 go 1.1 % in 2022. Tá tionchar ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a chomhrac ar an easnamh rialtais, rud a mheastar i réamhaisnéis earrach 2022 ón gCoimisiún ag 0.5 % de OTI in 2022 agus a cuireadh deireadh leo de réir a chéile in 2023 15 . Is éard atá sna bearta sin den chuid is mó aistrithe sóisialta chuig teaghlaigh níos boichte, ciorruithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh agus fóirdheontais chuig cuideachtaí fuinnimh. Fógraíodh na bearta sin mar bhearta sealadacha. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh praghsanna an fhuinnimh fós ard in 2023, d’fhéadfaí leanúint le cuid de na bearta sin. Níl roinnt de na bearta sin spriocdhírithe, go háirithe na ciorruithe ginearálta i gcánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh (CBL agus tobhaigh sheasta). Tá tionchar freisin ag na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin ar an easnamh rialtais, rud atá tuartha sa réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún ag 0.1 % de OTI in 2022 agus 2023 16 .

(17)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle gur cheart don Iodáil 17  an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a úsáid in 2022 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh agus beartas fioscach stuama á shaothrú aici ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart go gcaomhnódh sí an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Mhol an Chomhairle don Iodáil freisin teorainn a chur le fás an chaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta. Mhol sí freisin go saothródh an Iodáil, nuair is féidir sin sna dálaí eacnamaíocha, beartas fioscach arb é ab aidhm dó seasaimh fhioscacha mheántéarmacha stuama a bhaint amach agus an inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma, agus ag an am céanna, feabhas a chur ar an infheistíocht chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis.

(18)In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena náirítear an fhaisnéis a ionchorpraítear i gClár Cobhsaíochta 2022 na hIodáile, meastar go mbeidh an seasamh fioscach ag tacú leis an seasamh fioscach ag -2.7 % den OTI 18 . Tá sé beartaithe ag an Iodáil leanúint de thacaíocht a thabhairt don téarnamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.9 % den OTI ar an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus le cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2021. Réamhmheastar go soláthróidh infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach don staid fhioscach de 0.3 pointe céatadáin in 2022 19 . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Iodáil an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Réamhmheastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 ranníocaíocht leathnaithe de 1.3 pointe céatadáin don seasamh fioscach foriomlán. Áirítear leis an rannchuidiú suntasach leathnaithe sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0.2 % den OTI) 20 chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0.1 % den OTI). Léiríonn an fás ar chaiteachas reatha freisin caiteachas níos airde ar chúiteamh d’fhostaithe san earnáil rialtais, i ngeall ar athnuachan conarthaí poiblí don tréimhse 2019-2021, a ndéanfar cuid shuntasach díobh (is ionann agus ¼% den OTI) a thaifeadadh in 2022, agus buiséadaítear acmhainní breise don earnáil cúraim sláinte freisin (0.1 % den OTI). Ó thaobh an ioncaim de, réamhmheastar go gcuirfidh an laghdú ar chánacha ioncaim phearsanta agus an laghdú ar cháin réigiúnach ar ghníomhaíochtaí táirgiúla (0.4 % den OTI) leis an seasamh fioscach leathnaithe. Dá bhrí sin, ar bhonn meastacháin reatha an Choimisiúin, ní chuireann an Iodáil teorainn leordhóthanach le fás an ghlanchaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta in 2022.

(19)In 2023, tuartar go mbeidh an seasamh fioscach i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún ag -1.2 % de OTI ar thoimhde gan athrú beartais 21 . Meastar go leanfaidh an Iodáil d’úsáid a bhaint as na deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2023 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh. Meastar go dtiocfaidh méadú 0.7 pointe céatadáin OTI ar an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile de chuid an Aontais i gcomparáid le 2022. Réamhmheastar go gcuirfidh infheistíocht atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach ar fáil don staid fhioscach de 0.2 pointe céatadáin in 2023 22 . Ag an am céanna, meastar go gcuirfidh fás an chaiteachais phríomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023 rannchuidiú neodrach den chuid is mó ón -0.2 pointe céatadáin leis an seasamh fioscach foriomlán. Áirítear leis sin an tionchar ó dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta lena dtugtar aghaidh ar phraghsanna méadaithe fuinnimh (0.5 % de OTI). Ag an am céanna, i ngeall ar a ninnéacsú le ráta boilscithe na bliana roimhe sin, agus i ngeall ar acmhainní breise arna mbuiséadú don earnáil cúraim sláinte (0.1 % den OTI), nach ndéantar a mheaitseáil le bearta fritháirimh, meastar go gcuirfidh méadú ar aistrithe sóisialta (0.4 % den OTI) le bearta fritháirimh. Dá bhrí sin, braitheann ranníocaíocht an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta, ranníocaíocht atá neodrach go ginearálta, ar dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh mar atá beartaithe faoi láthair.

(20)I gClár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 3.3 % de OTI in 2024 agus go 2.8 % faoi 2025. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go rachaidh easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % den OTI faoi 2025. Sna réamhmheastacháin sin, glactar leis go dtiocfaidh laghdú thart ar 3 bpointe céatadáin den OTI ar an gcaiteachas iomlán agus laghdú tuairim is 2 bpointe céatadáin den OTI ar an ioncam iomlán idir 2023 agus 2025. De réir an Chláir, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar chóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI faoi 2025, go sonrach go dtí 143.4 % in 2024 agus go 141.4 % in 2025. Bunaithe ar anailís an Choimisiúin, is cosúil go bhfuil na rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht an fhiachais ard sa mheántéarma.

(21)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le hIarscríbhinn V, critéar 2.2 a ghabhann leis, cuimsíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta tacar suntasach athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Cuidíonn siad sin chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fad, nó le fothacar suntasach díobh, a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a dhírigh an Comhairle ar an Iodáil sa Seimeastar Eorpach in 2019 agus 2020, mar aon le haon mholadh tírshonrach a eisíodh suas le dáta glactha an phlean. Go háirithe, d’fhéadfadh cur chun feidhme éifeachtach agus gasta an phlean athruithe struchtúracha marthanacha a spreagadh agus dá bhrí sin beidh tionchar buan aige ar gheilleagar agus ar shochaí na hIodáile. Táthar ag súil go dtabharfar aghaidh ar bhacainní seanbhunaithe ar fhás eacnamaíoch le raon leathan athchóirithe i bpríomhréimsí beartais. Go háirithe, tá athchóirithe sa phlean arb é is aidhm dóibh athruithe struchtúracha a chothú ar fheidhmiú an riaracháin phoiblí agus an chórais bhreithiúnaigh agus an timpeallacht ghnó ina iomláine a fheabhsú. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe in earnálacha an oideachais, fhorbairt na scileanna agus an taighde, d’fhéadfaí feabhas a chur ar chaipiteal daonna agus ar chumais taighde san fhadtéarma. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe i margadh an tsaothair chun ionchais fostaíochta a fheabhsú, go háirithe i gcás daoine óga agus na mban, d’fhéadfaí an soláthar saothair a ardú, rochtain chomhionann ar scileanna a chur ar fáil, agus tacú, ar deireadh, le fás eacnamaíoch. Táthar ag súil go gcuirfidh athchóirithe in earnálacha amhail earnáil an iompair agus an bhainistithe uisce feabhas struchtúrach ar an éifeachtúlacht eacnamaíoch, inter alia, trí úsáid níos córasaí a bhaint as nósanna imeachta iomaíocha chun conarthaí seirbhísí a shannadh.

(22)Táthar ag súil go gcuideoidh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Baineann 37.5 % de leithdháileadh iomlán an phlean le bearta a thacaíonn leis na cuspóirí aeráide sa Iodáil, agus baineann 25 % de leithdháileadh iomlán an phlean le bearta a thacaíonn le cuspóirí digiteacha. Cur chun feidhme iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, sin rud a chuideoidh leis an Iodáil téarnamh go tapa ó iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus a hathléimneacht á neartú san am céanna. Tá sé tábhachtach i gcónaí rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile ar bhonn córasach ar mhaithe le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta mar aon le bearta eacnamaíocha agus fostaíochta a théann níos faide ná an plean, chun seilbh leathanroinnte ar an gclár oibre beartais foriomlán a áirithiú.

(23)Thíolaic an Iodáil na doiciméid chlárúcháin don bheartas comhtháthaithe an 17 Eanáir 2021 don Chomhaontú Comhpháirtíochta 23 agus chuir sí a céad chláir faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021, cuirfidh an Iodáil san áireamh na moltaí tírshonracha i gclársceidealú chistí an bheartais comhtháthaithe le haghaidh 2021-2027. Is réamhriachtanas é sin chun éifeachtacht na tacaíochta airgeadais atá le fáil ó chistí an bheartais chomhtháthaithe a fheabhsú agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta sin, agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir na cistí sin agus ionstraimí agus cistí eile de chuid an Aontais á gcur chun cinn san am céanna. Braitheann cur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar aon le cláir an bheartais chomhtháthaithe ar dheireadh a chur le bacainní ar infheistíochtaí chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach agus ar fhorbairt chríochach chothrom.

(24)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise roimh an Iodáil maidir leis an gcóras cánachais. Le beartais chun éifeachtúlacht an chórais chánach a mhéadú, is féidir aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha atá ann le fada an lá. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, chuirfeadh córas cánach lena gcothófaí fás níos éifeachtúla le fiachas ard an rialtais a laghdú, chuideodh sé le fás na táirgiúlachta, agus thacódh sé le poist a chruthú, go háirithe do mhná.

(25)Is ard an tualach cánach atá ar an saothar san Iodáil agus tá neamhleanúnachais ghéara i bpróifíl na rátaí cánach imeallacha éifeachtacha ar an ioncam pearsanta. Ag deireadh 2021, rinne an Iodáil bearta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, go háirithe trí liúntas linbh uilíoch a thabhairt isteach agus na cánacha ar an ioncam pearsanta a laghdú. Meastar go dtiocfaidh méadú measartha ar an soláthar saothair leis na bearta sin, go háirithe i gcás na mban. Tá an ding chánach a ghearrtar ar an saothar fós anard ar gach leibhéal ioncaim i gcomparáid le Ballstáit eile den Aontas. Ag an am céanna, ní bhaintear dóthain úsáide as foinsí eile ioncaim, nach ndéanann an oiread céanna dochair don fhás, agus mar sin d’fhéadfaí an tualach cánach ar an saothar a laghdú tuilleadh ar bhealach a bheadh neodrach ó thaobh an bhuiséid de. Tá na luachanna cadastrúla, a úsáidtear mar bhonn chun an cháin mhaoine a ríomh, as dáta den chuid is mó. Tá líon mór caiteachais chánacha ann agus raon feidhme leathan acu, cás CBL san áireamh, agus ba cheart beart a dhéanamh chun iad a shruthlíniú. Ar deireadh, in ainneoin na nioncam measartha ard ó chánacha fuinnimh san Iodáil, ní dhéantar an taistriú chuig teicneolaíochtaí níos glaine a chur chun cinn go leordhóthanach trína gceapadh, sin mar thoradh ar an úsáid fhorleathan a bhaintear as fóirdheontais atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de freisin. Cumhdaítear na gnéithe éagsúla sin leis an dlí cumasaithe don athchóiriú cánach, a thíolaic an rialtas ag deireadh 2021, dlí a bheadh le cur chun feidhme trí bhíthin foraitheanta reachtacha tar éis a ghlactha.

(26)Mar fhreagairt ar an sainordú ó Cheannairí Stáit nó Rialtais a leagtar amach i nDearbhú Versailles, is é is aidhm don phlean REPowerEU deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Chuige sin, tá na tionscadail, na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is oiriúnaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais á sainaithint i gcomhphlé leis na Ballstáit. Is é is aidhm do na bearta sin, spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus imeacht ó bhreoslaí iontaise a allmhairiú ón Rúis.

(27)Tá an Iodáil ag brath go mór ar allmhairí fuinnimh ón Rúis, gás go háirithe, agus iompórtáladh 43 % dá gás ón Rúis (faoi bhun mheán 44 % an Aontais) agus 42 % den ghás ina meascán fuinnimh. Tá spleáchas amhola ar an Rúis níos ísle, ag 11 %, níos ísle ná meán AE de 26 % (is ionann an ola agus 32 % de mheascán fuinnimh na hIodáile) 24 . Cé nach bhfuil fadhbanna móra ag an Iodáil maidir le cinnteacht an tsoláthair gáis nádúrtha sa ghearrthéarma, i bhfianaise a hacmhainne stórála suntasaí agus na naisc phíblíne leis an Afraic Thuaidh agus leis an Asarbaiseáin, d’fhéadfadh sé go mbeadh dúshláin ag baint le hionradh na Rúise ar an Úcráin sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá deis ag an Iodáil scrogaill a shárú chun cur leis an acmhainn tarchurtha fuinnimh laistigh den tír agus le tíortha comharsanachta araon. Moltar infheistíochtaí nua bonneagair agus líonraí a bhaineann leis an ngás a bheith slán a bhfad na haimsire i gcás inar féidir, d’fhonn a ninbhuanaitheacht fhadtéarmach a éascú trína nathúsáid le haghaidh breoslaí inbhuanaithe amach anseo. Tá an Iodáil ag éagsúlú a meascáin fuinnimh faoi láthair trí sciar na bhfoinsí inathnuaite a mhéadú, go háirithe a bhuí leis an ngrian, leis an ngaoth, leis an hidrigin agus leis an mbithmheatán inbhuanaithe. Mar sin féin, i bhfianaise na ndúshlán a d’fhéadfadh teacht as an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, is féidir dlús a chur le leathadh amach na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite a leagtar síos sa Phlean Náisiúnta Aeráide Fuinnimh (NECP) agus cur leis an leathadh amach sin. Tá deis ag an Iodáil leanúint de bhearta a dhéanamh chun údarú tionscadal fuinnimh inathnuaite a éascú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach leor cuspóirí na hIodáile ó thaobh éifeachtúlachta fuinnimh de chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ná chun uaillmhianta phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chomhlíonadh. Braitheann straitéis éifeachtúlachta fuinnimh na hearnála foirgníochta den chuid is mó ar bhearta sealadacha agus ba cheart í a chomhlánú le straitéis mheántéarmach agus fhadtéarmach, lena náirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh níos láidre i ngnólachtaí, go háirithe sa tionscal. Ina theannta sin, is gá dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair, lena náirítear trí luas a chur le pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a chur i bhfeidhm, agus príomhthionscadail iompair iarnróid, rothaíochta agus iompair phoiblí a chur chun cinn. Beidh gá le huaillmhian bhreise maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an fuinneamh inathnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbeidh an Iodáil i gcomhréir leis na cuspóirí ‘Oiriúnach do 55’. 

(28)Cé go mbeidh costais shuntasacha athstruchtúrúcháin i roinnt earnálacha mar thoradh ar an dlús atá curtha leis an aistriú chuig neodracht aeráide agus ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, féadfaidh an Iodáil leas a bhaint as an Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun tionchar socheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú sna réigiúin is mó atá buailte. Ina theannta sin, is féidir leis an Iodáil leas a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus an comhtháthú sóisialta a neartú.

(29)I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, rinne an Chomhairle scrúdú ar Chlár Cóineasaithe 2022 agus léirítear a tuairim 25 i moladh (1) thíos.

(30)I bhfianaise na nidirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena náirítear trína bplean téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. Maidir leis an Iodáil, léirítear é sin go háirithe i moltaí (1) agus (2) thíos.

(31)I bhfianaise ghrinnathbhreithniú an Choimisiún agus an mheasúnaithe sin, rinne an Comhairle scrúdú ar Chlár 2022 um Athchóiriú Náisiúnta agus ar Chlár Cóineasaithe 2022. Léirítear a moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moltaí (1) agus (2) thíos. Cuidíonn moltaí (1) agus (2) freisin le cur chun feidhme an Mholta maidir leis an limistéar euro, go háirithe an chéad, an dara agus an ceathrú moladh maidir leis an limistéar euro. Cuidíonn na beartais fhioscacha dá dtagraítear i moladh (1), inter alia, le haghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí a bhaineann le fiachas ard rialtais. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (2), inter alia, aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí a bhaineann le fiachas ard rialtais agus ar dhinimicí táirgiúlachta atá lag i bhfad, i gcomhthéacs mhargadh an tsaothair agus ilroinnt in earnáil na baincéireachta.

AG MOLADH LEIS SEO go nglacfadh an Iodáil gníomhaíocht in 2022 agus 2023 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.In 2023, beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe trí theorainn a chur leis an bhfás ar chaiteachas reatha arna mhaoiniú go náisiúnta faoi bhun fhás an aschuir a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma, agus tacaíocht shealadach spriocdhírithe do na teaghlaigh agus do na gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin á cur san áireamh. A bheith réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint do chúinsí a thagann chun cinn. Infheistíocht phoiblí a mhéadú le haghaidh an aistrithe ghlais agus dhigitigh agus le haghaidh na slándála fuinnimh, lena náirítear trí leas a bhaint as RRF, as RePowerEU agus as cistí eile de chuid an Aontais. Don tréimhse tar éis 2023, beartas fioscach a shaothrú a bheidh dírithe ar riochtaí fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus laghdú inchreidte, céimnitheach ar an bhfiachas a áirithiú maille le hinbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma trí chomhdhlúthú, trí infheistíocht agus trí athchóirithe de réir a chéile. Chun cánacha ar shaothar a laghdú tuilleadh agus chun éifeachtúlacht an chórais a mhéadú, an dlí cumasaithe maidir leis an athchóiriú cánach a ghlacadh agus a chur chun feidhme go hiomchuí, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí cánach imeallacha éifeachtacha, trí na luachanna cadastrúla a ailíniú leis na luachanna margaidh atá ann faoi láthair, trí na caiteachais chánach, i gcás CBL freisin, chomh maith le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol, a chuíchóiriú agus a laghdú, agus an chothroime á háirithiú ag an am céanna, agus trí chastacht an chóid chánach a laghdú.

2.Dul ar aghaidh le cur chun feidhme a plean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na clocha míle agus na spriocanna a chuimsítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. An chaibidlíocht leis an gCoimisiún maidir le doiciméid chlársceidealaithe an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027 a chur i gcrích go tapa d’fhonn tús a chur lena gcur chun feidhme;

3.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus allmhairiú fuinnimh a éagsúlú. Scrogaill a shárú chun acmhainn an tarchurtha inmheánaigh gáis a mhéadú, idirnaisc leictreachais a fhorbairt, dlús a chur le húsáid acmhainní breise fuinnimh inathnuaite agus bearta a ghlacadh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus chun soghluaisteacht inbhuanaithe a chur chun cinn.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, IO L 71, 4.3.2022, lch. 1
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le gníomhachtú chlásal ginearálta éalaithe
an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, an Bhruiséil, 20.3.2020, COM(2020) 123 final.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle bliain amháin ó bhris amach COVID-19: Freagairt don bheartas fioscach, an Bhruiséil, 3.3.2021, COM(2021) 105 final.
(8)    Is meastacháin ón gCoimisiún iad na meastacháin ar an staid fhioscach agus a chomhpháirteanna sa mholadh seo bunaithe ar na toimhdí is bunús le réamhaisnéis earraigh 2022 an Choimisiúin. Sna meastacháin ón gCoimisiún ar fhás ionchasach meántéarmach, ní áirítear tionchar dearfach na nathchóirithe atá mar chuid den Phlean don Téarnamh agus don Athléimneacht agus lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás féideartha.
(9)    Ní mhaoinítear iad le deontais ón tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht ná le cistí eile de chuid an Aontais.
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle: Treoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2023, an Bhruiséil, 2.3.2022, COM(2022) 85 final.
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Iodáil (ST 10160/21; ST 10160/21 ADD 1 REV 2)
(12)    SWD(2022) 616 final.
(13)    SWD(2022) 635 final.
(14)    Tá na meastacháin a léirítear san aithris seo bunaithe ar na réamhmheastacháin bhuiséadacha mhionsonraithe arna dtarchur ag an Iodáil le Clár Cobhsaíochta 2022. Cé is moite de na figiúirí foriomlána d’easnamh agus d’fhiachas rialtais, ní chuirtear an pacáiste fioscach a fógraíodh i mí na Bealtaine 2022 san áireamh sna réamhmheastacháin a tharchuir an Iodáil. Áiríodh sa phacáiste sin, a glacadh an 2 Bealtaine 2022, bearta tacaíochta breise in 2022 chomh maith le níos mó acmhainní do thionscadail infheistíochta arna maoiniú go náisiúnta i 2022 agus sna blianta atá le teacht.
(15)    Is ionann na figiúirí agus leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin a rinneadh ó fhómhar 2021, lena náirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le – i gcás inarb ábhartha – bearta caiteachais chaipitil.
(16)    Glactar leis go sroichfidh líon iomlán na ndaoine easáitithe ón Úcráin go dtí an tAontas Eorpach 6 milliún de réir a chéile faoi dheireadh 2022, agus meastar a ndáileadh geografach bunaithe ar mhéid an diaspóra atá ann cheana, ar dhaonra coibhneasta an Bhallstáit ghlactha, agus ar dháileadh iarbhír na ndaoine easáitithe ón Úcráin ar fud an Aontais ó mhí an Mhárta 2022. I gcás costais bhuiséadacha in aghaidh an duine, tá na meastacháin bunaithe ar shamhail mhicreashamhlú Euromod Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, agus an dá aistriú airgid á gcur san áireamh a bhféadfadh daoine a bheith incháilithe dóibh chomh maith le sochair chomhchineáil, amhail oideachas agus cúram sláinte.
(17)    Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na hIodáile, IO C 304, 29.7.2022, lch. 53.
(18)    Freagraíonn comhartha diúltach (dearfach) den táscaire do bharrachas (easnamh) fáis ar chaiteachas príomhúil i gcomparáid le fás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach fairsing (crapthach).
(19)    Réamhmheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht leathnaithe de 0.3 pointe céatadáin de OTI. Is é is míniú air sin deontais infheistíochta ón rialtas, arna maoiniú freisin le hiasachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le forálacha breise le haghaidh ráthaíochtaí rialtais do FBManna.
(20)    In 2021, bhí bearta i bhfeidhm cheana san Iodáil chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, arb ionann é agus 0.3 % den OTI. Is éard a bhí sna bearta sin den chuid is mó laghduithe ar thobhaigh sheasta agus rátaí CBL ar bhillí leictreachais agus gáis nádúrtha agus méadú ar an mbónas sóisialta le haghaidh billí leictreachais agus gáis nádúrtha.
(21)    Freagraíonn comhartha diúltach (dearfach) den táscaire do bharrachas (easnamh) fáis ar chaiteachas príomhúil i gcomparáid le is an bhfás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach fairsing (crapthach).
(22)    Réamhmheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile atá maoinithe go náisiúnta ranníocaíocht neodrach 0.0 pointe céatadáin de OTI.
(23)    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí. IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.
(24)    Eurostat (2020), sciar allmhairí na Rúise os cionn allmhairí iomlána gáis nádúrtha, amhola. Maidir le meán na 27 mBallstát, tá iomlán na nallmhairí bunaithe ar allmhairí ó lasmuigh de AE27. I gcás na hIodáile, áirítear trádáil laistigh den AE ar iomlán na nallmhairí. Ní áirítear táirgí ola scagtha leis an amhola.
(25)    Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle.