An Bhruiséil,9.11.2022

COM(2022) 583 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh


1.Réamhrá

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún tús an athuair leis an díospóireacht phoiblí maidir leis an athbhreithniú ar creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, agus d’iarr sé ar institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus ar na príomhpháirtithe leasmhara go léir a bheith rannpháirteach. Phléigh saoránaigh agus raon leathan rannpháirtithe, lena n‑áirítear rialtais náisiúnta, parlaimintí, comhpháirtithe sóisialta, lucht acadúil agus institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, an tslí a n‑éilíonn na dúshláin eacnamaíocha atá agus a bheidh ann go ndéanfaí athchóirithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, trí bhíthin fóraim éagsúla, lena n‑áirítear cruinnithe tiomnaithe, ceardlanna agus suirbhé ar líne. ( 1 ) I ndiaidh pléití sa Chomhairle (ECOFIN), sa Ghrúpa Euro, sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus sa Choiste um Beartas Eacnamaíoch, cuireadh deis ar fáil do na Ballstáit chun machnamh a dhéanamh agus a dtuairimí a chur in iúl, maidir le príomhchuspóirí an chreata rialachais, feidhmiú an chreata rialachais agus dúshláin nua nach mór dul i ngleic leo.

Tá sé in am bogadh ar aghaidh ó dhíospóireacht go cinnteoireacht anois. Sa Teachtaireacht seo, leagtar amach treoirlínte an Choimisiúin maidir le hathchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, agus tugtar aghaidh ar na príomh‑shaincheisteanna eacnamaíocha agus beartais lena ndéanfar comhordú agus faireachas ar bheartas eacnamaíoch an Aontais a mhúnlú sna 10 mbliana atá romhainn. Agus na príomhábhair imní faoin gcreat atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, is é is aidhm do na treoirlínte sin inbhuanaitheacht fiachais a neartú agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile (féach Fíor 1), agus dá bharr sin ‘eolas a chur an athuair ar mheon Chonradh Maastricht gur le chéile a dhéantar an chobhsaíocht agus an fás a spreagadh, agus ar an dóigh sin amháin’, mar a dúirt an tUachtarán von der Leyen ina hAitheasc ar Staid an Aontais. ( 2 ) Straitéisí fioscacha stuama, agus infheistíochtaí agus athchóirithe a chuireann feabhas ar fhás inbhuanaithe, tá siad riachtanach agus treisíonn siad go frithpháirteach áirithiú na hinbhuanaitheachta fioscaí agus cumasú an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh i dtreo geilleagar aeráidneodrach. Leis an gcreat athchóirithe ba cheart dul i ngleic leis na dúshláin atá i réim agus rannchuidiú leis an Eoraip a dhéanamh níos athléimní, trí infheistíocht straitéiseacha a chothú ar feadh na mblianta amach romhainn agus trí ardchóimheasa fiachais a laghdú ar bhealach réadúil agus marthanach, de réir a chéile. Is príomhghnéithe de threoirlínte an Choimisiúin iad úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú agus gluaiseacht i dtreo fócas níos meántéarmaí, i gcomhar le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí.

Is é is cuspóir don athchóiriú ná faireachas eacnamaíoch éifeachtach a éascú, agus é leabaithe i gcreat comhchoiteann lena n‑áirithítear cóir chomhionann agus comhordú iltaobhach beartais. Ba cheart don chreat a bheith seasmhach in aghaidh dálaí eacnamaíocha athraitheacha agus éiginnteachta, agus ní mór leabhar rialacha láidir agus intuartha a bheith aige agus clásail éalaithe le haghaidh cúinsí eisceachtúla. Ba cheart dó cur chuige lánpháirtithe a shaothrú freisin ina gcomhlánaíonn uirlisí faireachais a chéile i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú go héifeachtach, beidh gá le brath níos fearr ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus fuinneamh an athchóirithe a choimeád ag imeacht, fad a gcuirfear níos mó béime ar fhorbairtí san Aontas agus sa limistéar Euro, agus ar chur chun feidhme beartas. Cuirfidh na treoirlínte sin leis an díospóireacht bhreise, go háirithe laistigh den Chomhairle agus le Parlaimint na hEorpa, d’fhonn teacht ar comhthoil leathan maidir le dearadh an chreata rialachais eacnamaíoch amach anseo.

Is mar a leanas a leagtar amach an Teachtaireacht. I Roinn 2, athluaitear an gá le creat rialachais éifeachtach, a lánpháirtíonn na gnéithe fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá i réim faoi láthair agus a bheidh go ceann tamall fada. In aghaidh an chúlra sin, cuirtear príomhghnéithe threoirlínte athchóirithe an Choimisiúin i láthair i Roinn 3. Forbraítear na príomhghnéithe sin i Roinn 4 trí thuilleadh mionsonraí a thabhairt faoi ghnéithe praiticiúla de na hathchóirithe atá beartaithe a dhéanamh ar fhaireachas fioscach agus maicreacnamaíoch. Tugtar achoimre ar na chéad chéimeanna eile agus tugtar an Teachtaireacht chun críche i Roinn 5.

Fíor 1: Struchtúr nua um rialachais

2.An gá le creat rialachais eacnamaíoch éifeachtach

2.1 I dtreo creat a threoraíonn na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shainaitheanta agus ar thosaíochtaí comhbheartas

Tá treoir tugtha ag creat rialachais eacnamaíoch an Aontais do na Ballstáit chun a gcuspóirí maidir le beartas eacnamaíoch agus fioscach a bhaint amach. Ó tháinig Conradh Maastricht ar an bhfód in 1992, chuidigh an creat le cóineasú maicreacnamaíoch a bhaint amach, le hairgeadas fónta poiblí a chosaint agus le dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. In éineacht le comhbheartas airgeadaíochta agus airgeadra comhchoiteann sa limistéar Euro, tá dálaí le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus fostaíocht níos airde do shaoránaigh den Aontas cruthaithe ag an gcreat.

Tá forbairt tagtha ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh le himeacht ama. Rinneadh athchóirithe, go ginearálta, chun freagra a thabhairt ar laigí sa chreat a nochtadh i dtráthanna de ghéarchéim eacnamaíoch, go príomha. Go háirithe, leis na pacáistí reachtacha ar a dtugtar an sé‑phaca agus an dé‑phaca, tugadh freagra ar na ceachtanna ón ngéarchéim airgeadais dhomhanda agus ó ghéarchéim fiachais cheannasaigh an limistéir Euro trí athdhearadh a dhéanamh ar fhaireachas fioscach, creataí buiséadacha náisiúnta a neartú, comhordú buiséadach sa limistéar Euro a atreisiú agus raon feidhme an fhaireachais eacnamaíoch a leathnú amach chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chur san áireamh. ( 3 )

Cé gur líon an creat bearnaí faireachais agus cé gur éirigh sé níos inoiriúnaithe do dhálaí eacnamaíocha, d’éirigh sé níos casta freisin agus ní buan gach ionstraim ná gach nós imeachta. Sa Teachtaireacht ó mhí Feabhra 2020 faoin athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch agus sa díospóireacht phoiblí ina dhiaidh (féach Iarscríbhinn 1) rinneadh tagairt don rath teoranta a bhí ag an gcreat um fhaireachas fioscach agus don ilchineálacht atá ag fás i suíomhanna fioscacha ar fud na mBallstát. Ní dhearnadh idirdhealú leordhóthanach sa chreat idir na Ballstáit d’ainneoin suíomhanna fioscacha éagsúla, rioscaí inbhuanaitheachta agus leochaileachtaí eile. D’fhan beartais náisiúnta fhioscacha comhthimthriallach go minic agus níor bhain Bhallstáit úsáid as dea‑thréimhsí eacnamaíocha chun maoláin fhioscacha a thógáil. Cuireadh bac ar chumas na mBallstát seasamh fioscach an limistéir Euro a stiúradh mar gheall ar an easpa beartas stuama i ndea‑thréimhsí agus d’fhan an cumas sin teoranta in éagmais acmhainne buiséadaí lárnaí a raibh gnéithe cobhsaithe aici. Níor éirigh comhdhéanamh an airgeadais phoiblí níos fabhraí don fhás agus níor thug rialtais náisiúnta tosaíocht do chaiteachas a chuireann feabhas ar fhás agus ar athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta. D’éirigh rialacha fioscacha an Aontais casta, bhí táscairí iolracha ann agus bhíothas ag brath ar athróga dobhraite, rud a bhain an bonn den trédhearcacht agus a chuir bac ar úinéireacht agus intuarthacht. D’ainneoin feabhsúchán ar chreata fioscacha náisiúnta, bhí éagsúlacht mhór i gceist lena n‑éifeachtacht ar fud na Ballstát. Maidir le faireachas ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, d’éirigh go maith leis an gcreat ó thaobh feasacht a ardú ar rioscaí níos leithne do chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ach níor ghin sé freagairtí leordhóthanacha ó thaobh beartais de. Níor cuireadh an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha (EIP) i ngníomh riamh. Ó cruthaíodh an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha (MIP), d’éirigh níos fearr leis an Aontas easnaimh sa chuntas reatha a laghdú ná mar ar éirigh leis barrachais sheasmhacha agus mhóra sa chuntas reatha a laghdú. Ní dhearnadh tástáil fós ar fhaireachas maidir le carnadh leochaileachtaí agus rioscaí nua a chosc, agus maidir leis an ngníomh beartais coisctheach leordhóthanach a chothú. Níor baineadh leas iomlán i gcónaí as naisc idir snáitheanna faireachais éagsúla.

2.2 Ceachtanna ó na géarchéimeanna a tharla le déanaí

Tá impleachtaí ag ceachtanna ón bhfreagairt bheartais ar na suaití eacnamaíocha a tharla le déanaí, go háirithe géarchéim COVID‑19, ar an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch. I mí an Mhárta 2020, cuireadh an clásal éalaithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (SGP) i ngníomh. Thug sé sin deis do Bhallstáit freagra a thabhairt ar ghéarchéim COVID‑19 trí thacaíocht mhór fhioscach a sholáthar dá ngeilleagair, ag imeacht go sealadach ó na ceanglais bhuiséadacha in SGP. ( 4 ) Bhí éifeacht mhór ag an bhfreagairt fhrith‑thimthriallach sin, in éineacht le bearta agus ionstraimí nua ar leibhéal an Aontais, agus líontáin sábhála shóisialta agus córais sláinte ar an leibhéal náisiúnta, chun damáiste eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime a mhaolú. Bhí na ceachtanna ó fhreagairt bheartais rathúil an Aontais ar an ngéarchéim, lena n‑áirítear an t‑idirghníomhú dearfach idir athchóirithe agus infheistíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), áisiúil don athbhreithniú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch. An tráth céanna, tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí mar thoradh ar an ngéarchéim, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais a laghdú go dtí leibhéil stuama ar bhealach marthanach lena gcothófaí an fás de réir a chéile. Cuidíonn stuamacht fhioscach i dtréimhsí d’fhás marthanach le maoláin fhioscacha a fhéadfaidh rialtais a úsáid chun tacaíocht fhioscach fhrith‑thimthriallach a sholáthar le linn géarchéimeanna, nuair a fhéadfaidh éifeachtacht faoi leith a bheith ag beartas fioscach. Féadfaidh infheistíocht in ullmhacht agus in athléimneacht drochthionchar eacnamaíoch géarchéimeanna a laghdú freisin. Thairis sin, leis an taithí a fuarthas roimh an ngéarchéim agus lena linn, dearbhaíodh na deacrachtaí a bhaineann le moltaí beartais a dhearadh ar bhonn táscairí dobhraite atá faoi réir ag athbhreithnithe a dhéantar go minic (amhail an ‘bhearna aschuir’ agus an ‘t‑iarmhéid struchtúrach’).

An t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, an gá le slándáil fuinnimh a áirithiú, chomh maith le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, ( 5 ) agus an gá le cumais chosanta a fhorbairt, éileoidh siad sin uile ardleibhéil sheasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn. Tá na tosaíochtaí gnáchcomónta níos follasaí anois i ndiaidh ghéarchéim COVID‑19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Beidh gá le hardleibhéil infheistíochta chun aistriú dúbailte cóir (idir ghlas agus digiteach) a bhaint amach, chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a mhéadú (lena n‑áirítear trí uas‑sciliú agus athsciliú), chun comhtháthú críochach a mhéadú, chun spleáchais fuinnimh a laghdú, agus chun cumais chosanta a mhéadú, ar an leibhéal náisiúnta agus chun tacú le tosaíochtaí gnáchcomónta na hEorpa.. Laistigh den acmhainneacht theoranta atá aige, tá tacaíocht tugtha ag buiséad an Aontais do na hiarrachtaí sin, ós rud é gur cuspóirí gnáchcomónta do na Ballstáit uile iad an t‑aistriú dúbailte, athléimneacht, slándáil fuinnimh agus cosaint, agus ós rud é go bhfuil siad níos práinní fós i bhfianaise na géarchéime reatha. Éilítear infheistíocht ó chorparáidí agus ó theaghlaigh chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ach éilítear infheistíocht phoiblí níos airde freisin, le tacaíocht ó chomhdhéanamh maith airgeadas poiblí ardcháilíochta. Cuireann na beartais sin borradh faoi fhás féideartha, neartaíonn siad athléimneacht agus cuidíonn siad le suaitheadh diúltach an chogaidh a mhaolú. Ar deireadh, léiríonn siad tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus tá tacaíocht acu ó chláir arna maoiniú ag an Aontas, amhail maoiniú RRF a sholáthrófar go dtí 2026 agus cistiú faoin mbeartas comhtháthaithe.

Tá comhordú éifeachtach beartas criticiúil chun freagairt do ghéarchéimeanna. Na freagairtí beartais ar ghéarchéim COVID‑19, ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh a tharla dá bharr, léirigh siad an luach atá ag comhordú láidir beartas, lena n‑áirítear idir uirlisí éagsúla beartas agus cistiúcháin, agus idir leibhéal an Aontais agus na leibhéil náisiúnta. D’éascaigh gníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta freagairtí fioscacha náisiúnta. Bhí an t‑idirghníomhú idir beartas fioscach agus beartas airgeadaíochta criticiúil don fhreagairt mhaicreacnamaíoch éifeachtach ar an ngéarchéim, agus tá fós. Cruthaíodh spás le beartas airgeadaíochta chun tabhairt faoi na beartais fhioscacha náisiúnta riachtanacha, rud a chuidigh leis na héifeachtaí ar fhás eacnamaíoch agus ar chomhtháthú sóisialta a mhaolú. Rinneadh coigeartú sealadach ar roinnt creatdálaí, amhail rialacháin stuamachta na margaí airgeadais agus Creat Státchabhrach an Aontais. Cuireadh solúbthachtaí, lena n‑áirítear iad sin laistigh de bhuiséad an Aontais, i bhfeidhm go hiomlán. Chuidigh uirlisí nua ar leibhéal an Aontais, go háirithe an Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) faoin mBeartas Comhtháthaithe agus NextGenerationEU, lena n‑áirítear an Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACTEU) agus RRF. Le cur chun feidhme éifeachtach athchóirithe agus infheistíocht sna Pleananna um Théarnamh agus Athléimneacht (PTAnna), cuirtear deis uathúil ar fáil do na Ballstáit chun conair fáis níos airde a bhaint amach, dul i ngleic le leochaileachtaí eacnamaíocha agus sóisialta, feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí agus phríobháideach, athléimneacht a neartú agus dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, fad a bhainfear cuspóirí an Aontais amach. Níos déanaí fós, mar fhreagairt ar an suaitheadh sa mhargadh fuinnimh de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin agus fuinneamh a bheith á úsáid mar armán ag an Rúis, mhol an Coimisiún roinnt beart a thugann aghaidh ar phraghsanna arda fuinnimh agus slándáil an tsoláthair a áirithiú. Sheol an Coimisiún sraith tionscnamh freisin, lena n‑áirítear an plean REPowerEU, chun deireadh a chur le spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú, fuinneamh a shábháil agus dlús a chur leis an aistriú glas. ( 6 )

Ní mór don chreat athchóirithe cuidiú leis na Ballstáit dul i ngleic leis na dúshláin fhadtéarmacha atá roimh an Aontas freisin. Cruthaíonn treochtaí struchtúracha fadtéarmacha dúshlán suntasach le haghaidh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus fás inbhuanaithe i mBallstáit an Aontais. Áirítear sna treochtaí sin dúshláin dhéimeagrafacha agus an ghéarchéim aeráide, agus an dara ceann sin ag éirí níos follasaí an t‑am ar fad, i bhfoirm teagmhais adhaimsire atá ag éirí níos géire agus ag tarlú níos minice. Chun déileáil leis na dúshláin sin, beidh ar na Ballstáit gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a éascú agus beartais lena ndíreofar ar airgeadas fónta poiblí a áirithiú, lena n‑áirítear trí athchóiriú ar chórais phinsin.

3.I dtreo creat níos simplí agus níos éifeachtaí le níos mó úinéireachta

Sa roinn seo, cuirtear i láthair príomhghnéithe threoirlínte an Choimisiúin maidir le hathchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch (féach Fíor 2). Tá plé níos mionsonraí ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach le bunú agus cur chun feidhme an chreata athchóirithe bheartaithe i Roinn 4, ina bpléitear freisin an creat mar bhealach chun déileáil le Ballstáit an limistéir Euro ag a bhfuil deacrachtaí ó thaobh cobhsaíocht airgeadais, nó atá i gcontúirt na ndeacrachtaí sin.

3.1 Struchtúr athbhreithnithe um rialachais le béim níos mó ar an meántéarma

Féachann treoirlínte an Choimisiúin le struchtúr níos simplí agus níos comhtháite don fhaireachas macraifhioscach a shainmhíniú chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú agus chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Le go mbeidh an creat comhsheasmhach ar fud a chomhpháirteanna agus le go soláthróidh sé faireachas eacnamaíoch éifeachtach, is gá cuspóirí gach snáithe faireachais a shoiléiriú, beartais mhaicreacnamaíocha agus fhioscacha a chomhtháthú níos fearr agus ionstraimí a chur leis chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun cuspóirí nua a bhaint amach. Dá bhrí sin, i dteannta athbhreithniú a dhéanamh ar chreat fioscach an Aontais agus ar MIP, go háirithe trí chuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta a chomhtháthú in aon phlean meántéarmach iomlánaíoch amháin, iarrann treoirlínte an Choimisiúin go mbunófaí uirlis forfheidhmiúcháin nua um athchóirithe agus infheistíocht le húsáid san Aontas. D’áiritheodh an uirlis sin forfheidhmiú ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát atá mar bhonn taca faoi choigeartú fioscach níos céimsí (féach Roinn 4.1).

Níl aon athrú ar luachanna tagartha an Chonartha, eadhon 3 % d’easnamh buiséid OTI agus cóimheas fiachais‑OTI 60 %. Bunaítear na luachanna sin i bPrótacal Conartha agus dírítear san athbhreithniú ar a áirithiú go gcloítear leis na luachanna sin ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe trí dhíriú ar chonair iomchuí agus inchreidte chun fiachas a laghdú i dtreo 60 % de OTI, fad a áirithítear an tráth céanna go bhfuil an creat rialachais eacnamaíoch fabhrach d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach.

Fíor 2: Creat fioscach athbhreithnithe molta

3.2 Pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta mar chroílár an struchtúir nua um rialachais

Bheadh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta lena dtabharfaí gealltanais fhioscacha, athchóirithe agus infheistíochta gach Ballstáit le chéile laistigh de chreat comhchoiteann an Aontais, mar bhunús don chreat athbhreithnithe beartaithe. ( 7 ) Dhéanfadh sé sin comhsheasmhacht a áirithiú agus próisis agus nithe insoláthartha a chuíchóiriú, fad a d’aithneofaí go bhféadfaidh athchóirithe agus infheistíochtaí tionchar dearfach a imirt ar inbhuanaitheacht fhioscach. Leagfadh creat fioscach athbhreithnithe an Aontais amach na riachtanais lena áirithiú go gcuirfear cóimheas fiachais ar chonair síos nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama agus go gcoinneofar an t‑easnamh buiséid faoin luach tagartha OTI de 3 % sa mheántéarma. Chuirfeadh Ballstáit pleananna meántéarmacha i láthair ina leagfaí amach conairí fioscacha tír‑shonracha, chomh maith le gealltanais maidir le hinfheistíocht phoiblí agus athchóiriú tosaíochta lena n‑áireofar, agus iad curtha le chéile, laghdú marthanach de réir a chéile ar fhiachas agus fás cuimsitheach. D’éileofaí ar gach Ballstát dul i ngleic leis na tosaíochtaí arna sainaithint i moltaí tír‑shonracha (CSRanna) arna n‑eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart do na pleananna meántéarmacha tionscnaimh a chur chun tosaigh freisin atá i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a tháinig go díreach ó threoraíocht chomhaontaithe an Aontais agus le spriocanna lena n‑éilítear gníomhaíocht bheartais ag Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do phleananna a bheith comhsheasmhach leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (atá le hailíniú le spriocanna an Dlí Aeráide Eorpaigh), agus le Treochláir Náisiúnta na Deacáide Digití. Le linn shaolré RRF, bheadh gá le cros‑thagairtí do PTAnna chun comhsheasmhacht bheartais a áirithiú.

Leis an gcur chuige meántéarmach sin d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit, laistigh de chreat comhchoiteann an Aontais a bhfuil fás inbhuanaithe agus rioscaí d’inbhuanaitheacht fiachais mar bhonn coiteann leo. Bheadh creat comhchoiteann an Aontais den sórt sin ríthábhachtach chun cóir chomhionann idir na Ballstáit a áirithiú go trédhearcach. Ach cuspóir na hinbhuanaitheachta fiachais a úsáid mar thúsphointe d’fhaireachas fioscach an Aontais, léirítear cuspóir lárnach an Chonartha maidir le rialacha fioscacha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, eadhon ‘oll‑earráidí’, mar a thugtar orthu, i stiúradh beartais fhioscaigh a chosc, ós rud é go bhféadfaidh siad sin tionchar diúltach iarmhartach a imirt ar Bhallstáit eile agus ar an aontas airgeadaíochta ina iomláine. Éilíonn creat reatha an Aontais ar na Ballstáit uile iarrachtaí coigeartaithe comhchosúla a dhéanamh, go háirithe sa ghéag coisctheach, gan beann ar a shuíomh fiachais ná ar a rioscaí fioscacha. Tá difríochtaí móra ann, áfach, idir cóimheasa fiachais‑OTI agus forbairtí fiachais i measc na mBallstát. Tá fiachas an‑ard ag roinnt díobh, os cionn 90 % de OTI (agus os cionn 150 % de OTI in dá chás). Tá fiachas níos ísle ná 60 % de OTI ag cuid eile díobh. Ar deireadh, baineann suíomh meánach le go leor díobh, agus fiachas idir 60 % agus 90 % de OTI acu.

Le creat faireachais riosca‑bhunaithe, d’fhéadfaí an tagarmharc um laghdú fiachais atá ann faoi láthair a oiriúnú don chóimheas fiachas tír‑shonrach, agus choinneofaí easnaimh bhuiséid faoi bhun 3 % de OTI ar bhealach inchreidte. Tuigtear leis an tagarmharc um laghdú fiachais atá ann faoi láthair (an riail 1/20ú mar a thugtar air), sna cúinsí atá ann faoi láthair ina bhfuil ardchóimheasa fiachais i ndiaidh COVID‑19, iarracht fhioscach thús‑ualaithe, ró‑éilitheach a d’fhéadfadh fás a chur i mbaol agus atá comhthimthriallach. ( 8 ) Ba cheart a aithint nach bhféadfaidh na Ballstáit ag a bhfuil fiachais arda cloí leis an tagarmharc um laghdú fiachais 1/20ú atá ann faoi láthair, ós rud é go mbeadh tionchar an‑diúltach ag a gcóimheasa fiachais a laghdú chomh tapa sin ar an bhfás agus dá bharr sin, ar an inbhuanaitheacht fiachais féin. Dá bhrí sin, moltar gluaiseacht chuig creat faireachais a bheadh bunaithe níos mó ar riosca, a chuirfeadh inbhuanaitheacht fiachais ag a lár agus a dhéanfadh níos mó idirdhealaithe idir tíortha trína gcuid dúshlán maidir le fiachas poiblí a chur san áireamh, fad a gcloífí le creat comhchoiteann agus trédhearcach an Aontais a bheadh comhsheasmhach leis na luachanna tagartha 3 % de OTI agus 60 % de OTI sa Chonradh.

Ba cheart do phleananna náisiúnta meántéarmacha conair inbhuanaithe um laghdú fiachais a áirithiú, trí chomhdhlúthú de réir a chéile agus athchóirithe agus infheistíochtaí. Ba cheart do na Ballstáit pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha lena n‑áiritheofaí go gcuirfí nó go gcoinneofaí fiachas ar chonair inbhuanaithe faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe a chur i láthair, chomh maith le gealltanais maidir le hinfheistíocht phoiblí agus athchóiriú tosaíochta. Léiríonn an creat nach bhfuil aon chomhbhabhtáil idir athchóirithe agus infheistíocht agus coigeartú fioscach. Ba cheart d’fheabhas a chur ar cháilíocht an airgeadais phoiblí agus do chosaint na hinfheistíochta poiblí a bheith ina ngnéithe lárnacha de phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha, i bhfianaise ról fíor‑riachtanach na hinfheistíochta poiblí agus na n‑athchóirithe chun cur le fás féideartha agus chun dul i ngleic le dúshláin chórasacha ollmhóra amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach.

Thairis sin, bheadh na Ballstáit in ann a bheith tiomanta do shraith athchóirithe agus infheistíochta a chuideodh le fiachas a chur ar chonair inbhuanaithe agus dá bhrí sin a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn taca faoi thréimhse choigeartaithe níos faide agus conair choigeartaithe níos céimsí. Pléifear an chonair choigeartaithe, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí leis an gCoimisiún agus, ar mheasúnú deimhneach a bheith déanta orthu, glacfaidh an Chomhairle iad. Bheadh gá leis na pleananna a aistriú i mbuiséid náisiúnta don tréimhse choigeartaithe uile, agus ní fhéadfadh na Ballstáit an t‑athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean ach i ndiaidh tréimhse íosta 4 bliana. D’fhéadfaí fad a chur leis an íostréimhse choigeartaithe sin le bheith chomh fada céanna leis an reachtas náisiúnta, dá mba mhian leis na Ballstáit é. D’fhéadfaí an plean a athbhreithniú níos luaithe ná sin i gcás go n‑éireodh cur chun feidhme an phlean dodhéanta de dheasca cúinsí oibiachtúla, ach chaithfí an próiseas bailíochtaithe céanna a dhéanamh air. Dhéanfadh athbhreithnithe minice dochar do chreidiúnacht na bpleananna mar bhunús do bheartais stuama.

D’fheidhmeodh táscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais mar bhonn leis an gconair choigeartaithe a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh, agus dá bharr sin, leis an gcreat fioscach a shimpliú go suntasach agus le trédhearcacht a mhéadú. Trí phríomhchaiteachas glan arna mhaoiniú go náisiúnta, i.e. caiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnacha agus gan caiteachas úis ná caiteachas dífhostaíochta timthriallach san áireamh, a úsáid mar an táscaire oibriúcháin aonair le haghaidh faireachais, d’fhéadfaí cobhsaitheoirí uathoibríocha a oibriú, lena n‑áirítear luaineachtaí ioncaim agus caiteachais nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais. Dáiritheodh sé sin leibhéal níos airde de chobhsú maicreacnamaíoch. Cé go bhféadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as táscairí malartacha chun críoch buiséadach náisiúnta (e.g. iarmhéid struchtúrach), dhéanfaí an faireachas fioscach bliantúil ar leibhéal an Aontais agus úsáid á baint as an táscaire oibriúcháin aonair sin amháin, agus dá bhrí sin an chonair chaiteachais. Ba cheart an táscaire oibriúcháin aonair sin a shainmhíniú chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú. Ba cheart don chonair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh a áirithiú go gcuirtear nó go gcoinnítear fiachas ar chonair síos faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí, nó go bhfanann sé ar leibhéal stuama, fad a áirithítear go gcoinnítear an t‑easnamh buiséid faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma. ( 9 )

3.3 Comhaontú maidir leis na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta

Bheadh an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta ag croílár an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe agus mholfadh an Ballstát é ar bhonn chreat chomhchoiteann an Aontais. Leagfadh creat comhchoiteann fioscach athbhreithnithe an Aontais amach na riachtanais lena n‑áirithítear go gcuirfear cóimheas fiachais ar chonair síos nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama agus go gcoinneofar an t‑easnamh buiséid faoi bhun 3 % de OTI. Bhunófaí freisin, le creat comhchoiteann an Aontais, na critéir chun measúnú a dhéanamh ar na hathchóirithe agus ar an infheistíocht a bheadh mar bhonn taca faoi shíneadh féideartha ar an gconair choigeartaithe. Bheadh ar phleananna meántéarmacha na mBallstát creat comhchoiteann athbhreithnithe an Aontais a chomhlíonadh freisin.

Ar bhonn measúnú dearfach ón gCoimisiún, ghlacfadh an Chomhairle leis an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach, lena n‑áirítear a chonair fhioscach. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar an bplean in aghaidh chreat comhchoiteann athbhreithnithe an Aontais agus ní fhéadfadh sé measúnú dearfach ar phleananna struchtúracha fioscacha a sholáthar ach amháin má chuirtear fiachas ar chonair síos nó má fhanann sé ar leibhéal stuama, agus má choinnítear an t‑easnamh buiséid faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma. Le pléití iltaobhacha i gcoistí ábhartha na Comhairle, d’áiritheofaí trédhearcacht agus cuntasacht, agus d’fhormhuineodh an Chomhairle leordhóthanacht an phlean. Threiseodh an tsamhail sin úinéireacht náisiúnta. Threiseodh sé faireachas fioscach iltaobhach, bunaithe ar riachtanais chreat comhchoiteann athbhreithnithe an Aontais a chomhdhlúthú níos fearr i ndíospóireachtaí faoi bheartas intíre.

3.4 Cur chun feidhme an phlean náisiúnta mheántéarmaigh agus an fhaireacháin bhliantúil

Chun trédhearcacht a áirithiú agus chun faireacháin éifeachtach ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a éascú, chuirfeadh Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn isteach. I dteannta tuairisciú fioscach, thabharfaí mionsonraí faoi chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí arna gcumhdach leis na pleananna meántéarmacha sna tuarascálacha sin. ( 10 ) Bheadh siad mar bhonn faoi fhaireachas bliantúil ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle, lena n‑áirítear cinntí féideartha maidir le forfheidhmiú.

Cé go dtabharfaí raon feidhme níos mó do na Ballstáit chun a gconairí fioscacha a dhearadh, bheadh forfheidhmiú níos déine ag an Aontas mar bhonn taca faoi fhaireachas iltaobhach. Chuirfí feabhas ar fhorfheidhmiú i gcomparáid leis an gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair. Bheadh an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) gan athrú maidir le sáruithe ar an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI (‘EDP easnamh‑bhunaithe’, mar a thugtar air). Is gné sheanbhunaithe d’fhaireachas fioscach an Aontais é, atá éifeachtach ó thaobh tionchar a imirt ar iompraíocht fhioscach agus a bhfuil tuiscint mhaith ag lucht ceaptha beartas agus ag an bpobal i gcoitinne air, a bhuí dá shimplíocht. Dhéanfaí EDP le haghaidh sáruithe ar an gcritéar fiachais (EDP ‘fiachas‑bhunaithe’, mar a thugtar air) a neartú le haghaidh gníomhachtú agus aisghairme araon. Dhíreodh sé ar chásanna ina n‑imeofaí ón gconair fhioscach chomhaontaithe, a mbeadh gealltanas ina leith tugtha ag an mBallstát agus a bheadh formhuinithe ag an gComhairle. I gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil, leanfadh EDP mar réamhshocrú as imeachtaí ón gconair chomhaontaithe. I gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí measartha, d’fhéadfadh EDP leanúint as imeachtaí, i gcás gur mheasúnaíodh go dtagann ‘earráidí ollmhóra’ astu. Leathnófaí an raon smachtbhannaí, mar shampla trí smachtbhannaí clú a chur leo (féach Roinn 4.2).

Chruthófaí uirlis nua chun cur chun feidhme na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta a áirithiú. Faoin athchóiriú beartaithe, d’fhéadfadh na Ballstáit conair choigeartaithe níos céimsí a iarraidh trí shraith shonrach athchóirithe agus infheistíochtaí tosaíochta lena gcothaítear fás inbhuanaithe fadtéarmach a chur ar aghaidh, agus a chuidíonn, dá bhrí sin, le feabhas a chur ar dhinimicí fiachais (féach Roinn 4.1). I gcás nach gcuirfí na gealltanais sin i bhfeidhm, thiocfadh leasú ar an gconair choigeartaithe i dtreo conair níos déine as uirlis forfheidhmiúcháin nua. ( 11 ) De bharr an riosca ar leith go mbeadh tionchar diúltach iarmhartach laistigh d’aontas airgeadaíochta, bheadh sé indéanta smachtbhannaí airgeadais chur i bhfeidhm maidir le tíortha sa limistéar Euro i gcás neamh‑fhorfheidhmithe.

Chuideodh creata agus próisis náisiúnta le cuspóirí an phlean fhioscach‑struchtúraigh mheántéarmaigh a bhaint amach. D’imreodh institiúidí airgeadais neamhspleácha ról tábhachtach i ngach Ballstát maidir le measúnú a dhéanamh ar na toimhdí atá mar bhonn faoi na pleananna, sholáthróidís measúnú ar leordhóthanacht na bpleananna i ndáil le hinbhuanaitheacht fiachais agus spriocanna meántéarmacha tírshonracha, agus dhéanfaidís faireachán ar chomhlíonadh an phlean. Bheadh feabhsú ar leagan amach agus ar fheidhmíocht institiúidí fioscacha neamhspleácha i gceist leis sin. Is éard a thiocfadh as sin, díospóireacht níos mó ar an leibhéal náisiúnta agus dá bhrí sin, thabharfadh lucht polaitíochta níos mó tacaíochta don phlean meántéarmach agus bhraithfidís níos mó úinéireachta ina leith. Déanfaidh an Coimisiún athmhachnamh ar an sainordú agus ar ról an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh sa chomhthéacs sin.

3.5 Creat níos éifeachtaí chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath agus a chur ina gceart

Idirphlé níos fearr leis na Ballstáit, chun cur chun feidhme níos fearr a bhaint amach trí úinéireacht agus gealltanas a bheadh mar bhunchloch de threoirlínte an Choimisiúin do MIP. Bhainfí úinéireacht níos fearr i measc na mBallstát amach trí theacht ar chomhthuiscint idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar na dúshláin a sainaithníodh faoi MIP agus ar na beartais is gá chun dul i ngleic leo. Bheadh idirphlé i gceist leis sin, as a leanfadh gealltanas ó na Ballstáit maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a chur san áireamh chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ina bplean struchtúrach fioscach meántéarmach a chosc nó a chur ina gceart.

Thairis sin, ba cheart ról coisctheach MIP a neartú i dtimpeallacht mhaicreacnamaíoch a mbeadh riosca nua mar shaintréith aici. Dhéanfaí an chéad scagadh le haghaidh míchothromaíochtaí sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh (AMR) agus an measúnú ar cé acu atá míchothromaíochtaí ann sna hathbhreithnithe grinne (IDRanna) nó nach bhfuil, dhéanfaidís níos réamhbhreathnaitheacha d’fhonn míchothromaíochtaí a bheadh ag teacht chun cinn a bhrath agus dul i ngleic leo go luath. D’fhéadfadh sé go gcumhdófaí leis sin níos mó IDRanna a ullmhú dá gcuirfeadh athróga a bhaineann le sreabhadh treochtaí díobhálacha in iúl, rud a léireodh ardriosca maidir le carnadh míchothromaíochtaí. D’fhéadfadh teacht as sin freisin go dtiocfadh IDRanna ar an gconclúid níos minice nach bhfuil aon mhíchothromaíocht ann.

Leis an athchóiriú, laghdófaí an easpa gníomhaíochta a bhí mar shaintréith ag MIP tríd an measúnú ar mhíchothromaíochtaí a bhunú níos mó ar fhorbairt rioscaí agus ar chur chun feidhme beartais. Tuigtear leis sin gur gá béim níos mó a leagan ar fhorbairtí treochtaí lena bhfuil coinne go gcothófar iad agus ar na beartais a cuireadh chun feidhme chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé ar ceartaíodh míchothromaíochtaí nó nár ceartaíodh. Leanfadh díghéarú na mBallstát ó MIP as an gcur chuige sin, nuair a bheadh beartais chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí i bhfeidhm agus nuair a bheadh míchothromaíochtaí stoic á gceartú go leanúnach.

Ar deireadh, dhéanfaí sár‑iarracht leis an athchóiriú chun MIP a chruthú a dhíreodh go soiléir ar shaincheisteanna maicreacnamaíocha ag a bhfuil tionchar ar na Ballstáit agus, an tráth céanna, a dhéanfadh na gnéithe de mhíchothromaíochtaí a bhaineann go sonrach leis an Aontas agus leis an limistéar Euro níos feiceálaí. D’fhéadfadh sé sin aird a tharraingt ar leochaileachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Aontas agus don limistéar Euro ina iomláine, agus rannchuidiú na mBallstát faoi seach leis na leochaileachtaí sin. Chuideodh sé sin le tionchar iarmhartach a inmheánú agus bheadh sé mar lón eolais do mholtaí maidir leis an limistéar Euro.

Chun leas iomlán a bhaint as na sineirgí idir MIP agus an creat fioscach, foráiltear roinnt nasc san athbhreithniú. Ar an gcéad dul síos, i gcás na mBallstát a aithnítear go bhfuil míchothromaíochtaí acu, bheadh orthu athchóirithe agus infheistíochtaí a chur san áireamh sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha chun na míchothromaíochtaí sin a chur ina gceart. Ar an dara dul síos, in cás neamh‑fhorfheidhmiú an n‑athchóirithe agus na hinfheistíochta atá mar bhonn taca faoi thréimhse choigeartaithe níos faide, le haghaidh tíortha a raibh míchothromaíochtaí iomarcacha acu, bhreithneofaí EIP a sheoladh.. Ar deireadh, má sheoltar EIP, d’iarrfaí ar an mBallstát plean struchtúrach fioscach athbhreithnithe a chur i láthair, a d’fheidhmeodh, dá bhrí sin, mar an plean gníomhaíochta ceartaithí dá ndéantar foráil faoi láthair i dlí an Aontais.( 12

4.Conas a d’fheidhmeodh an creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe sa chleachtas?

Ag tógáil ar na príomhghnéithe a leagtar amach sa roinn roimhe seo, tugtar aghaidh sa roinn seo ar roinnt saincheisteanna sonracha a bhaineann le feidhmiú chreat comhchoiteann fioscach athbhreithnithe an Aontais. Baineann na saincheisteanna sin le: na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chur ar bun agus a chomhaontú; measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtorthaí fioscacha leis an gconair chaiteachais fhormhuinithe; agus cur i gceart míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a shainaithint agus faireachán a dhéanamh air sin. Cumhdaítear sa roinn seo freisin an creat lena rialaítear cúnamh airgeadais, i.e. an creat do na Ballstáit ag a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ó thaobh cobhsaíocht airgeadais, nó atá i gcontúirt na ndeacrachtaí sin.

4.1 Conas an plean a chur ar bun agus a chomhaontú?

An plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur isteach, measúnú a dhéanamh air, é a fhormhuiniú agus é a athbhreithniú

Mar chuid den chreat comhchoiteann, chuirfeadh an Coimisiún conair choigeartaithe ilbhliantúil thagartha, i dtéarmaí phríomhchaiteachais ghlain lena gcumhdófaí 4 bliana ar a laghad, ar aghaidh i gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil nó measartha. Bheadh an chonair choigeartaithe thagartha bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais, rud a chiallaíonn gur cheart di a áirithiú, i gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshláin fhioscacha shubstaintiúla agus mheasartha, go bhfanfadh fiachas ar chonair shochreidte síos i ndiaidh na tréimhse coigeartaithe, fiú in éagmais bearta fioscacha breise, agus go gcoinneofaí an t‑easnamh faoi bhun na tairsí 3 % de OTI (féach Bosca 1 chun tuilleadh mionsonraí a fháil). I gcás gach Ballstáit, d’fhéadfaí an chonair chaiteachais ilbhliantúil lena gcuirfí fiachas ar chonair síos a aistriú isteach, dá bharr sin, sa leibhéal comhfhreagrach den iarmhéid príomha struchtúrach a bheadh le baint amach ag deireadh na tréimhse 4 bliana. Chuirfeadh an Coimisiún ar fáil go poiblí an anailís ar inbhuanaitheacht fiachais( 13 ), an chonair choigeartaithe ilbhliantúil thagartha, agus an leibhéal comhfhreagrach den iarmhéid príomha struchtúrach a bheadh le baint amach ag deireadh na tréimhse coigeartaithe 4 bliana. Leis na gnéithe sin, sholáthrófaí tagairt chomhchoiteann chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna a bheartódh na Ballstáit.

Agus an chonair choigeartaithe thagartha lena gcumhdófaí ar a laghad 4 bliana á cur ar aghaidh aige, chuirfeadh an Coimisiún an creat comhchoiteann a leanas i bhfeidhm:

·I gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil, ba cheart don chonair ghlan‑chaiteachais thagartha na nithe a leanas a áirithiú faoi fhís an phlean (4 bliana); i) go bhfuil an chonair fhiachais 10 mbliana ar bheartais neamh‑athraithe ar chonair síos atá sochreidte agus leanúnach agus ii) go gcoinnítear an t‑easnamh faoin luach tagartha 3 % de OTI ar bheartais neamh‑athraithe le linn na tréimhse 10 mbliana céanna.

·I gcás na mBallstát ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí measartha, ba cheart don chonair ghlan‑chaiteachais thagartha a áirithiú, i) 3 bliana ar a mhéad i ndiaidh fhís an phlean, go bhfuil an chonair fhiachais 10 mbliana ar bheartais neamh‑athraithe ar chonair síos atá sochreidte agus leanúnach; agus ii) faoi fhís an phlean, go gcoinnítear an t‑easnamh faoin luach tagartha 3 % de OTI le linn na tréimhse 10 mbliana céanna.

Chun sochreidteacht a mheasúnú, d’úsáidfeadh an Coimisiún tástálacha struis agus anailís stocastach, ag ionsamhlú suaití coitianta a bhaineann le rátaí úis gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, fás ainmniúil OTI, iarmhéid príomhbhuiséid agus rátaí malartaithe ainmniúla. Chuirfí an anailís sin ar fáil go poiblí in éineacht leis an gconair ghlan‑chaiteachais thagartha. Chuirfeadh an Coimisiún an mhodheolaíocht agus na sonraí foluiteacha ar fáil freisin.

Agus measúnú á dhéanamh ar an bplean, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar má áirítear go hinchreidte go gcoinnítear an t‑easnamh faoi bhun 3 % OTI in imeacht 10 mbliana.

I gcás na mBallstát a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí íseal acu, ba cheart an t‑easnamh a choinneáil ar bun thíos faoin luach tagartha sin ar bheartais neamh‑athraithe in imeacht 10 mbliana 3 bliana ar a mhéad i ndiaidh fhís an phlean.

Mar chéim ina dhiaidh sin, chuirfeadh gach Ballstát plean struchtúrach fioscach isteach chun go ndéanfadh an Coimisiún measúnú air agus go bhformhuineoidh an Chomhairle é. Léireofaí sna pleananna an chonair fhioscach mheántéarmach, chomh maith le gealltanais athchóirithe agus infheistíochta. Shocrófaí an chonair choigeartaithe fhioscach i dtéarmaí príomhchaiteachais ghlain, i.e. caiteachas glan ar bhearta ioncaim lán‑roghnaigh agus gan caiteachas úis chomh maith le caiteachas dífhostaíochta timthriallaí. D’aistreofaí an chonair fhioscach mheántéarmach go dtí na huasteorainneacha caiteachais bhliantúil comhfhreagracha. I gcás na mBallstát a aithnítear go bhfuil míchothromaíochtaí acu faoi MIP, bheadh athchóirithe agus infheistíochtaí sna pleananna chun na míchothromaíochtaí sin a chothromú. Thiocfadh idirphlé teicniúil cuimsitheach leis an gCoimisiún roimh thaisceadh an phlean. Dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar an bplean meántéarmach ar bhealach comhtháite, ag glacadh an idirghníomhaithe idir an chonair fhioscach, agus athchóirithe agus infheistíochtaí. Tharlódh an measúnú ar bhonn chreat measúnaithe coiteann an Aontais agus modheolaíochtaí trédhearcacha, ag coinneáil na féidearthachta d’fhaisnéis bhreise a lorg nó plean athbhreithnithe a iarraidh.

D’fhéadfadh an Ballstát síneadh de 3 bliana ar an uasmhéid ar an tréimhse choigeartaithe a iarraidh agus amhlaidh a fháil, ar choinníoll go gcuireann sí roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí a thacaíonn le fás inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht fiachais mar bhonn taca faoina phlean. D’fhéadfadh na Ballstáit conair choigeartaithe níos céimsí a mholadh, ar choinníoll go bhfuil roinnt gealltanais athchóirithe agus infheistíochta mar bhonn taca faoi. Dhéanfaí measúnú ar na gealltanais sin trí chreat measúnaithe coiteann an Aontais (féach ar an bhforoinn a leanas). Bheadh orthu tacú le hinbhuanaitheacht fiachais agus freagra a thabhairt ar thosaíochtaí agus spriocanna coiteanna an Aontais, chomh maith lena áirithiú go dtugann an plean struchtúrach fioscach aghaidh ar gach CSR ábhartha nó ar fhothacar suntasach de CSRanna ábhartha. Chuirfí athchóirithe agus infheistíocht ábhartha in PTAnna san áireamh go cuí le linn shaolré RRF.

Mar chéim ina dhiaidh sin, ghlacfadh an Chomhairle leis an bplean ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin. I ndiaidh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bplean meántéarmach, ar bhonn creat measúnaithe coiteann, ghlacfadh an Chomhairle leis an bplean nó mholfadh sí go gcuirfeadh an Ballstát plean athraithe isteach arís. I gcás nach mbeadh comhaontú ann idir an Ballstát agus an Coimisiún, d’úsáidfeadh an Coimisiún agus an Chomhairle an chonair ghlan‑chaiteachais thagartha ilbhliantúil chun críche faireachais agus forfheidhmithe fhioscaigh.

Mar chéim dheiridh, chuirfeadh an Ballstát an plean chun feidhme, le faireachán bliantúil ón gCoimisiún agus ón gComhairle faoin Seimeastar Eorpach. Ba cheart don phlean náisiúnta mar a fhorfheidhmíonn an Chomhairle na buiséid náisiúnta bhliantúla a dhearbhú le haghaidh tréimhse nach lú ná 4 bliana. Ní fhéadfaí an chonair fhioscach chomhaontaithe a athmheas roimh an tréimhse seo ach sa chás go n‑éiríonn cur chun feidhme an phlean dodhéanta de dheasca cúinsí réadacha. Bheadh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar aon athbhreithniú a mhol an Ballstát agus bheadh ar an gComhairle é a ghlacadh, mar atá an cás le haghaidh an phlean féin.

I gcás na mBallstát a dhealrófaí a bheith i gcás míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus an plean meántéarmach i láthair cheana féin, ní dhéanfaí an plean, mar riail, a athoscailt chun an cur chuige beartais a ionchorprú chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin. Thosófaí idirphlé polasaithe leis an mBallstát chun na bearta a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin a aithint. Chuirfeadh an Ballstát iad sin in iúl i litir agus dhéanfaí iad a ionchorprú sa phlean meántéarmach ar deireadh nuair a thugtar cothrom le dáta é, ar bhonn an phróisis measúnaithe agus dearbhaithe a thuairiscítear thuas (Bosca 2).

Fíor 3: Forbhreathnú ar an bpróiseas

Creat measúnaithe comhchoiteann don phlean meántéarmach

Sa chéim dheartha, dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar má tá an chonair choigeartaithe fhioscach ilbhliantúil a mhol na Ballstáit comhsheasmhach lena áirithiú go gcuirtear nó go gcoinnítear fiachas ar chonair síos roimh dheireadh na tréimhse coigeartaithe ar a dhéanaí nó má fhanann sé ar leibhéil chuí agus go gcoinnítear an t‑easnamh faoi bhun 3 % OTI sa mheántéarma. Bheadh an chonair choigeartaithe thagartha mar bhonn coiteann le haghaidh an phlé agus le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin ar na pleananna. Ba cheart go gcinnteodh an chonair choigeartaithe thagartha freisin go gcoinnítear an t‑easnamh faoi bun 3 % de luach tagartha OTI sa mheántéarma. I gcás na mBallstát atá in EDP cheana féin nuair a chuirtear an plean isteach, dhéanfadh an Coimisiún measúnú ar má tá an plean comhsheasmhach le moltaí agus cinntí ábhartha na Comhairle.

Má tá síneadh 3 bliana ar a mhéad iarrtha ag Ballstát ar an tréimhse choigeartaithe, dhéanfaí measúnú dearfach ar iarraidh den sórt sin ar eagla go bhfuil gealltanais athchóirithe agus infheistíochta iomchuí agus amtheoranta mar bhonn taca faoin gconair choigeartaithe níos faide sin. Bheadh coinne leis go soláthródh na Ballstáit doiciméadeacht ghrinn agus thrédhearcach a thugann anailís chainníochtúil ar na costais ghearrthéarmacha – dá mbeadh a leithéid ann – agus ar an tionchar buiséadach agus an tionchar fáis fhéideartha a thagann ó na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iarraidh den sórt sin, d’úsáidfeadh an Coimisiún na critéir seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta a chuir na Ballstáit chun tosaigh. Ba cheart dóibh:

·fás a spreagadh agus tacú le hinbhuanaitheacht fhioscach.

·aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, lena n‑áirítear na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (ailínithe le spriocanna Dhlí Aeráide an Aontais), ( 14 ) agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus cinnte a dhéanamh go dtugann an plean struchtúrach fioscach aghaidh ar gach CSR ábhartha nó ar fhothacar suntasach de CSRanna ábhartha, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, moltaí a eisíodh faoi MIP.

·a bheith mionsonraithe go leordhóthanach, tús‑ualaithe, amtheoranta agus infhíoraithe.

·a áirithiú gur féidir aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí infheistíochta tírshonracha gan leanúint ar aghaidh go dtí gearrtha infheistíochta in áiteanna eile thar an bhfís phleanála.

Ar bhonn mheasúnú dearfach an Choimisiúin, ghlacfadh an Chomhairle an chonair choigeartaithe shínithe agus na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoin gconair seo.

Sa chleachtas, bheadh na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas tábhachtach le plean meántéarmach na mBallstát a fhoirmiú agus le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin air:

·Leagfadh an plean amach toimhdí agus réamh‑mheastacháin faoi ruthag athróg ábhartha macraifhioscach. Chumhdódh sé sin an chonair mhaicreacnamaíoch agus fhioscach le haghaidh na tréimhse coigeartaithe a chumhdaíonn an plean agus síneadh gan aon athrú beartais na réamh‑mheastachán a leanann le haghaidh na 10 mbliana ina dhiaidh. Ba cheart go mbeidh na réamh‑mheastacháin fiachais ar bheartas neamhathraithe atá le bheith cumhdaithe sa phlean comhsheasmhach leis na réamh‑mheastacháin inchomparáide ón gCoimisiún (féach Bosca 1 le haghaidh tuilleadh sonraí).

·An plean de chuid Ballstáit a iarrann tréimhse choigeartaithe níos faide, ní mór dó doiciméadacht ghrinn agus thrédhearcach á áireamh, ina soláthrófaí fianaise ar conas a thacaíonn an tsraith gealltanais athchóirithe agus infheistíochta le fás inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht fhioscach chomh maith le hanailís chainníochtúil ar an tionchar buiséadach meántéarmach agus an tionchar fáis fhéideartha a thagann ón tsraith athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoin tréimhse choigeartaithe níos faide araon.

·D’áireofaí sa phlean an caiteachas réamh‑mheasta arna maoiniú ag deontais RRF, cistí beartas comhtháthaithe agus aistrithe eile de chuid an Aontais. Bheadh gá le ceanglais eile sonraí agus tuairiscithe, le haghaidh an phlean mheántéarmaigh féin agus le haghaidh na tuarascála bliantúla ar dhul chun cinn, ag tosú ó na ceanglais atá ann faoi láthair le haghaidh na gClár Cobhsaíochta agus Cóineasaithe agus na gClár Athchóirithe Náisiúnta, ach le fís níos faide.

·D’aistreofaí an chonair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh go dtí uasteorainneacha caiteachais bliantúla in imeacht na tréimhse coigeartaithe a bheidh le comhlíonadh i ndáil le caiteachas maoinithe go náisiúnta, agus d’áireofaí caiteachas réamh‑mheasta sa phlean arna maoiniú ag RRF, cistí beartas comhtháthaithe agus aistrithe eile de chuid an Aontais. Shocrófaí an chonair ar bhealach chun cinnte a dhéanamh go gcomhlíonfaí cuid shuntasach de na riachtanais chomhdhlúthaithe laistigh den tréimhse choigeartaithe agus gan iad a bheith fágtha do rialtais sa todhchaí. Dhéanfadh faireachas fioscach bliantúil agus in‑bhliana faireachán ar fhorbairtí chun mion‑bhotúin bhliantúla a chuirfeadh le dialltaí móra ón gconair a sheachaint.

4.2 Conas comhlíontacht na dtorthaí struchtúracha fioscacha a mheasúnú?

Prionsabail le haghaidh comhlíontacht a mheasúnú

Dhéanfaí faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha in aghaidh chomhlíonadh na conair glanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle. Cé go leanfaí ar aghaidh le faireachán agus forfheidhmiú a bheith bunaithe ar an timthriall faireachais bhliantúil agus in‑bhliana, le ról áirithe le haghaidh tuarascálacha bliantúla, bheadh fócas an fhaireachais ar chinnte a dhéanamh go gclóitear leis an bplean meántéarmach. Bheadh ar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta fanacht laistigh den chnair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh. Cionn is go ligfí le húsáid an phríomhchaiteachais ghlain mar thásc oibriúcháin aonair le haghaidh faireachais d’oibriú cobhsaitheoirí uathoibríocha, ní bheadh údar ag aon dialladh ón gconair de bharr dálaí timthriallacha (cionn is go n‑eascródh as sin an riosca go gcuirfí i bhfeidhm é go neamhshiméadrach i ndroch‑amanna agus dhéanfadh sin dochar do choigeartú agus inbhuanaitheacht fiachais dá dheasca sin). Mar aon leis sin, cé go mbeadh na Ballstáit fós saor chun tabhairt faoi athchóirithe nó infheistíochtaí breise, ní bheadh athoscailt den chonair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh i gceist.  

Tá clásail éalaithe láidre ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí eisceachtúla nuair nach bhféadfadh cloí go réalaíoch leis an gconair choigeartaithe. Ligfí le dian‑chloí leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh don bheartas fioscach a bheith frith‑thimthriallach, ag tógáil maoláin fhioscacha i ndea‑amanna agus ag ligin don fhrithghníomhú beartais riachtanach i droch‑amanna. ( 15 ) Mar sin féin, le haghaidh mór‑shuaití don limistéar Euro nó don Aontas Eorpach ar an iomlán, choinneofaí clásal éalaithe ginearálta chun dul i ngleic le géar‑shleabhcadh eacnamaíoch ag ligean do dhialladh sealadach ón gconair fhioscach. Ina theannta sin, ligfí le clásal cúinsí eisceachtúla do dhialltaí sealadacha ón gconair fhioscach mheántéarmach i gcás cúinsí eisceachtúla lasmuigh de smacht an rialtais a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí de chuid Ballstáit aonair. D'éileofaí leis sin go rachadh méid uile an tsuaite thar raon ‘normalach’ (e.g., ba cheart smaoineamh ar chostais na dtubaistí nádúrtha laistigh de bhandaleithid). D’éileofaí toil na Comhairle le haghaidh spreagadh agus shíneadh na gclásal ginearálta agus tírshonrach. 

Chun úinéireacht agus trédhearcacht a mhéadú ar an leibhéal náisiúnta, d’fhéadfadh institiúidí fioscacha neamhspleácha ról a imirt i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta chun tacú le rialtais náisiúnta. D’fhéadfadh institiúidí fioscacha neamhspleácha measúnú ex-ante a sholáthar ar leordhóthanacht na bpleananna chomh maith lena dtuartha foluiteacha, rud a chuideodh leis an rialtas náisiúnta i gcéim an deartha. Mhéadófaí úinéireacht na bpleananna leis sin ar an leibhéal náisiúnta agus neartófaí trédhearcacht freisin roimh fhormhuiniú an phlean ag leibhéal an Aontais. Thairis sin, d’fhéadfadh institiúidí fioscacha neamhspleácha forfheidhmiú a neartú ar an leibhéal náisiúnta trí bheith freagrach as measúnú a sholáthar ar chomhlíontacht ex-post le holltorthaí buiséid leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh agus, nuair is infheidhme, measúnú ar bhailíocht na mínithe maidir le dialltaí ón gconair. D’fhéadfadh an Coimisiún agus an Chomhairle, atá i gceannas ar fhaireachas an Aontais, measúnú na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha a chur san áireamh ach choinneodh an chumhacht chun an cinneadh críochnaitheach a mholadh agus a ghlacadh.

Forfheidhmiú comhlíontachta leis an gconair fhioscach mheántéarmach agus oscailt EDPanna

Forfheidhmiú níos láidre ex-post a bheadh mar an chontrapháirt a bhfuil gá léi de chreat faireachais riosca‑bhunaithe a sholáthraíonn tuilleadh solúbthachta do na Ballstáit chun a gconair choigeartaithe féin a shocrú. Dhéanfaí measúnú ar chomhlíontacht agus forfheidhmiú ar bhonn leanúnach, go háirithe bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn agus fógraí shonraí EDP. I gcás Bhallstát an limistéir Euro, dhéanfadh an Coimisiún measúnú freisin ar chomhlíontacht na ndréachtphleananna buiséid leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh. Ní bheadh gá le moltaí fioscacha bliantúla níos mó i gcás na mBallstát a chomhlíonann a bpleananna meántéarmacha. An tráth céanna, d’fhéadfadh an Coimisiún/an Chomhairle moltaí a eisiúint le luathrabhaidh sula mbaintear amach na dálaí chun EDP a oscailt, is é sin le rá, má fheiceann siad rioscaí láidre de 3 % de luach íosta OTI a bhriseadh nó i gcás dialltaí ón gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh nach n‑eascraíonn oscailt EDP aisti.

Choinneofaí an EDP easnamh‑bhunaithe, agus neartófaí an EDP fiachas‑bhunaithe agus bheadh sé ansin mar uirlis ríthábhachtach chun comhlíontacht leanúnach a fhorfheidhmiú leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh. Bheadh na rialacha atá ann cheana maidir le hoscailt agus clabhsúr EDP easnamh‑bhunaithe gan athrú. Ghníomhachtófaí an próiseas le haghaidh sheoladh EDP fiachas‑bhunaithe faoi na rialacha athchóirithe nuair a imíonn Ballstát a bhfuil fiachas os cionn 60 % de OTI ón gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh agus a leagtar amach sa phlean fioscach meántéarmach a d’fhormhuinigh an Chomhairle. I gcás den sórt sin, d’ullmhódh an Coimisiún ‘tuarascáil Airteagal 126(3)’ mar a thugtar air a dhéanann measúnú ar thosca ábhartha, mar a fhoráiltear sa Chonradh. I gcás Ballstáit ag a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí shubstaintiúil, bheadh oscailt EDP mar réamhshocrú de thoradh ar dhialladh ón mbealach comhaontaithe. Bheadh an chonair faoi EDP i bprionsabal ar an gceann a d’fhormhuinigh an Chomhairle ar dtús. I gcás nach bhfuil an chonair bhunaidh sin indéanta mar gheall ar chúinsí oibiachtúla, d’fhéadfadh an Coimisiún conair leasaithe a mholadh don Chomhairle faoi EDP. Chomh maith leis sin, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na hathchóirithe agus an infheistíocht atá mar bhonn taca faoi chonair choigeartaithe níos céimsí, dhéanfaí athbhreithniú ar bhealach níos sriantaí ar an gconair choigeartaithe mar thoradh ar uirlis forfheidhmiúcháin nua. Bhainfeadh an Coimisiún úsáid as cuntais rialaithe barúlacha le haghaidh gach Ballstáit chun taifead a choinneáil ar dhialltaí carnacha ón gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh le himeacht ama. Láidreodh sin cuimhne mheántéarmach an chórais agus sheachnófaí dialltaí beaga a d’fhéadfadh sa deireadh a bheith ina ndialltaí móra.

Threiseofaí sásraí forfheidhmithe: 

·Bheadh úsáid éifeachtach smachtbhannaí airgeadais dí‑shrianta trína méideanna a ísliú. 

·Dhéanfaí smachtbhannaí clú a fheabhsú. D’fhéadfaí, mar shampla, go mbeidh de cheangal ar Airí na mBallstát atá in EDP freisin na bearta chun moltaí EDP a chomhlíonadh a chur i láthair i bParlaimint na hEorpa.

·coinníollacht mhaicreacnamaíoch ann le haghaidh cistí struchtúracha agus RRF agus chuirfí i bhfeidhm iad leis an meon céanna. D’fhéadfaí maoiniú an Aontais a chur ar fionraí freisin nuair nach ndearna na Ballstáit aon ghníomhaíocht éifeachtach chun a n‑easnamh iomarcach a cheartú.

Ba ghá coinníollacha soiléire a chomhlíonadh chun EDPanna a aisghairm. Ba ghá leis an aisghairm go bhfanfadh an t‑easnamh faoi bhun 3 % de OTI ar bhealach inchreidte (i gcomhréir leis na forálacha reatha) agus, i gcás EDPanna fiachas‑bhunaithe, go léiríonn an Ballstát comhlíontacht mharthanach leis an gconair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil a comhaontaíodh ar feadh 3 bliana, lena náirithítear gur i laghad atá an fiachas ag dul go daingean ar bhealach inchreidte ag deireadh na tréimhse coigeartaithe.

Forfheidhmiú comhlíontachta le gealltanais athchóirithe agus infheistíochta

Dhéanfaí faireachán bliantúil ar chomhlíontacht leis na gealltanais fhormhuinithe athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi chonair fhioscach níos céimsí i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. D’fhonn faireachán ceart a áirithiú, ba cheart go mbeadh dóthain mionsonraí sa phlean náisiúnta meántéarmach chomh maith le hamlíne chun na gealltanais fhormhuinithe athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme. Thuairisceodh na Ballstáit ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngealltanas sin ina gcuid tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn mar aon le tuarascáil ar an ngníomhaíocht bheartais a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar CSRanna.

Chruthófaí uirlis nua leis na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi chonair choigeartaithe níos céimsí a fhorfheidhmiú. Dá mainneodh Ballstát a chuid gealltanas athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme, chumhachtófaí leis an uirlis an tAontas chun conair ghlanchaiteachais phríomhúil ilbhliantúil athbhreithnithe a iarraidh (ar bhealach níos sriantaí agus ardcháilíocht airgeadais phoiblí a áirithiú) agus (i gcás Bhallstáit an limistéir Euro) smachtbhannaí airgeadais a fhorchur freisin.

4.3 Conas is fearr forbairt míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a shainaithint agus a mheasúnú?

Bheadh comhchinneadh maidir le straitéis beartais chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí, trí idirphlé agus tiomantas feabhsaithe, mar bhunchloch an MIP athchóirithe.

·Ar an gcuma chéanna leis an gconair choigeartaithe fhioscach, bheadh an cur chuige beartais chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú bunaithe ar úinéireacht fheabhsaithe, tar éis idirphlé leis an gCoimisiún ar bhonn IDR an Choimisiúin agus, i gcás inarb infheidhme, CSRanna. Bheadh gealltanais mar thoradh air sin sa phlean struchtúrach fioscach meántéarmach, agus cuirfear a chur chun feidhme san áireamh san anailís ar fhorbairt na míchothromaíochtaí.

·Mar a tharlaíonn faoi fhaireachas fioscach, bheadh próiseas faireacháin agus forfheidhmithe treisithe á bheartú le haghaidh MIP. Dá bhrí sin, bheadh EIP go fóill ar an uirlis chun gníomhaíocht bheartais a fhorfheidhmiú sna Ballstáit a bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha acu, lena n‑áirítear míchothromaíochtaí a chuireann feidhmiú iomchuí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i mbaol, nó a d’fhéadfadh é a chur i mbaol, nuair nach bhfuil an ghníomhaíocht iomchuí á déanamh ag na Ballstáit sin.

·Chun comhsheasmhacht fhoriomlán leis na gealltanais a glacadh sa phlean struchtúrach fioscach meántéarmach a áirithiú, dá seolfaí EIP bheadh mar thoradh air sin athoscailt an phlean fhioscach‑struchtúraigh ar bhonn plean athchóirithe arna chur isteach ag an mBallstát, a bheadh mar an plean gníomhaíochta ceartaithí faoi EIP. Le plean aonair den sórt sin d’fhéadfadh próiseas faireacháin macraifhioscach níos comhleanúnaí agus níos comhtháthaithe a bheith ann.

·D’fhonn an fócas maicreacnamaíoch agus gné an limistéir Euro/an Aontais a atreisiú, dhéanfaí scórchlár MIP a chomhlánú le luachanna don Aontas agus don limistéar Euro le haghaidh gach táscaire. Cumhdófar dúshláin shistéamacha, go háirithe i ndáil le hathrú aeráide, an comhshaol agus an t‑aistriú fuinnimh, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus tagairt a dhéanamh dóibh in AMR agus IDR nuair atá nasc soiléir acu le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

·D’fhonn brath riosca luath a bheidh dírithe níos fearr ar an todhchaí a cheadú, beidh gá ag MIP athchóirithe tuilleadh airde a thabhairt ar athróga a bhaineann le sreabhadh ar feadh phríomhchéimeanna fhaireachas MIP. Chuirfeadh AMR níos mó béime ar cé acu go bhfuiltear ag tuar go leanfar le treochtaí agus a dtionchar measta sna Ballstáit a roghnaíodh le haghaidh IDR. Leis sin, bheadh IDRanna níos minice nuair a bhreathnaítear forbairtí treochtaí díobhálacha fiú mura léirítear iad ina n‑iomláine i míchothromaíochtaí stoic. Bheadh an measúnú ar cé acu a bhfuil míchothromaíochtaí ann bunaithe fós ar thrí chritéar: tromchúise, forbairt agus an fhreagairt beartais. Thabharfaí seasamh níos mó sa mheasúnú, áfach, do na critéir forbartha agus freagartha beartais ón mBallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chuidiú leis an támhaí a bhraitear a bheith ann maidir le haicmiú míchothromaíochtaí a laghdú.

·Chun dinimic MIP a mhéadú, bheadh díghéarú na mBallstát atá in MIP bunaithe ar chritéir shoiléire. D’fhéadfaí a áireamh le critéir den sórt sin, mar shampla, gur caolaíodh na míchothromaíochtaí ar feadh 2 bhliain ar a laghad agus go dtacaíonn na sreafaí leis an ionchas i leith laghdú breise leordhóthanach; ba cheart go mbeadh feabhsuithe leanúnacha le léiriú sna réamhaisnéisí, agus ní mór na gealltanais bheartais lena n‑áirítear iad siúd a shonraítear sa phlean struchtúrach fioscach náisiúnta, a chur chun feidhme. D’fhéadfaí IDRanna níos giorra a ullmhú nuair atá míchothromaíochtaí á gceartú agus foráil a dhéanamh maidir le tuarascálacha iomlána gach 3 bliana, de ghnáth, mura rud é go bhfeiceann an Coimisiún gá le haghaidh anailís den sórt sin idir an dá linn.

4.4 Faireachas iarchláir dírithe agus cuíchóirithe

Bhí measúnú ar an bhfaireachas iarchláir san athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch. Measadh sa Teachtaireacht ó mhí Feabhra 2020 go ginearálta go raibh rath ar an gcreat faireachais ar na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu maidir le cobhsaíocht airgeadais agus go raibh roinnt feabhsuithe mar thoradh air. Mar sin féin, leagadh béim ar a thábhachtaí atá úinéireacht náisiúnta leordhóthanach clár a choinneáil agus go mbíonn saincheisteanna trédhearcachta agus cuntasachta fós ann freisin.( 16

Ba cheart solúbthacht an fhaireachais fheabhsaithe mar uirlis réitigh géarchéime a chaomhnú. Tá sé cruthaithe ag faireachas feabhsaithe gur ionstraim sholúbtha atá ann tar éis dó a bheith úsáidte go rathúil ag deireadh an Chláir Choigeartaithe Mhaicreacnamaíoch don Ghréig, ó 2018 go dtí 2022. Ceadaíodh obair leantach éifeachtach leis i dtaca le gealltanais athchóirithe chun go bhféadfar aistriú i dtreo faireachas iarchláir ina diaidh. Tá luach an fhaireachais fheabhsaithe mar bheart luath‑idirghabhála chomh tábhachtach céanna fós, áfach, chun cás a chosc i mBallstát de chuid an limistéir Euro go rachfaí in olcas chomh fada leis an bpointe go bhfuil gá ann le Clár Coigeartaithe Maicreacnamaíoch.

Ba cheart go dtabharfaí cuspóirí soiléire d’fhaireachas iarchláir agus a dhéine nasctha leis na cuspóirí sin. Dhíreodh faireachas iarchláir ar: (i) measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht aisíocaíochta tríd an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais a mheas; (ii) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe neamhchríochnaithe ar cuireadh tús leo faoin gclár coigeartaithe; agus (iii) measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá ann le bearta ceartaithe i gcomhthéacs ábhar imní maidir le hacmhainneacht aisíocaíochta nó rochtain leanúnach ar an margadh. D’fhorbródh déine an fhaireachais iarchláir le himeacht ama mar aon leis an athrú ar fhócas agus leis an measúnú ar rioscaí. Cé go mbeadh na blianta tosaigh níos déine mar go mbíonn an faireachas freisin ar chur chun feidhme athchóirithe neamhchríochnaithe ar cuireadh tús leo faoin gclár coigeartaithe, thiocfadh laghdú ar an ngné sin le himeacht ama de réir mar a chuirtear athchóirithe chun feidhme. Dá réir sin, de ‘ghnáth’, dhíreodh faireachas iarchláir ar mheasúnú a dhéanamh ar acmhainneacht aisíocaíochta tríd an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais a mheas agus d’fhéadfaí é a chuíchóiriú nuair a mheastar gur íseal na rioscaí aisíocaíochta, agus trí chomhtháthú níos fearr le huirlisí faireachais eile. Dá rachadh an staid eacnamaíoch, fhioscach nó airgeadais in olcas, le cur chuige den sórt sin dhéanfaí foráil maidir le méadú athnuaite i dtaca le déine an fhaireachais iarchláir a rachadh i mbun na hoibre chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá ann le bearta ceartaitheacha.

5.Conclúidí

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo príomhghnéithe chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais. Freagraíonn príomheilimintí na Teachtaireachta seo don ghá atá ann le creat athchóirithe atá oiriúnach do dhúshláin na deacáide seo. Éilítear rialacha fioscacha a cheadaíonn infheistíocht straitéiseach agus inbhuanaitheacht fhioscach a chosaint le haghaidh an mhaoinithe is gá don aistriú cóir chuig geilleagar digiteach agus glas, aeráidneodrach agus cóimheasa fiachais‑OTI níos airde.

Is tosaíocht phráinneach í ag an bpointe cinniúnach reatha le haghaidh gheilleagar na hEorpa comhaontú gasta a bhaint amach maidir le rialacha fioscacha an Aontais agus gnéithe eile den chreat rialachais eacnamaíoch a athchóiriú. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún comhthoil a bhaint amach maidir le hathchóiriú an chreata rialachais eacnamaíoch roimh phróisis bhuiséadacha na mBallstát le haghaidh 2024. I bhfianaise na ndúshlán atá ag dul i méid a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic leo, tá gá ann le comhordú láidir beartais bhuiséadaigh agus struchtúraigh chomh maith le faireachas éifeachtach eacnamaíoch agus fioscach. Tá an tábhacht a bhaineann le hairgeadas fónta poiblí atá in ann freagairt ar bhealach comhordaithe do na dúshláin atá i réim agus do thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais a bhaint amach ag éirí níos mó i bhfianaise na ngéarchéimeanna le déanaí agus géarchéimeanna atá ag dul ar aghaidh. Chuirfeadh sé sin margaí airgeadais ar a suaimhneas maidir le stóinseacht institiúideach an limistéir Euro, a bhíonn ag brath ar airgeadas poiblí inbhuanaithe agus ar míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus ar dhul i ngleic léi i ngach Ballstát. Bheadh feidhmiú rialacha fioscacha inchreidte agus faireachas ar rioscaí maidir le cobhsaíocht mhacra‑airgeadais mar chabhair do ECB a spriocanna a bhaint amach, go háirithe agus é ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán a bhaineann lena shainordú a thabhairt i gcrích maidir le cobhsaíocht praghsanna a choinneáil agus ilroinnt airgeadais a sheachaint sa limistéar Euro.

Bheadh athrú reachtach de dhíth le hathchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. D’fhéadfaí an creat a shoiléiriú agus a shimpliú ach an reachtaíocht bhunúsach a leasú. Sholáthródh sé ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla chun creat athchóirithe a oibriú, le páirteachas riachtanach na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa. Chun an t‑athrú reachtach is gá a chomhaontú, leanfaí an gnáthnós imeachta reachtach lena mbíonn sa chuid is mó de ghnéithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa páirteach ar bhonn cothrom.

D’fhéadfaí an chuid is mó de chuspóirí an athchóirithe bheartaithe ar MIP a shaothrú laistigh de na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. Go háirithe, maidir le cur chuige níos réamhbhreathnaithí a shaothrú chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí agus coigeartú na gcritéar a leanadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann agus iad a aicmiú agus a gceartú, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh laistigh den chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair.

I bhfianaise na dtreoirlínte seo agus na bpléití ina dhiaidh sin, breithneoidh an Coimisiún tograí reachtacha a chur síos. Soláthróidh sé treoraíocht do bheartas fioscach arís le haghaidh na tréimhse amach romhainn sa chéad ráithe de 2023. Éascófar leis an treoraíocht sin comhordú na mbeartas fioscach agus ullmhú chláir na mBallstát um chobhsaíocht agus um chóineasú le haghaidh 2024 agus ar aghaidh. Sa treoraíocht léireofar an staid eacnamaíoch, staid shonrach gach Ballstáit agus na treoirlínte a leagtar síos sa Teachtaireacht seo ar choinníoll go mbainfear amach méid leordhóthanach cóineasaithe ar fud na mBallstát faoin am sin. In earrach 2023, tiocfaidh treoraíocht trí CSRanna.



Bosca 1: An critéar inbhuanaitheachta fiachais

Chun an chonair choigeartaithe thagartha a chinneadh lena n‑áirithítear cóineasú fiachais go leibhéil stuama, bhainfeadh an Coimisiún úsáid as modheolaíocht sheanbhunaithe thrédhearcach ag tarraingt óna chreat um anailís inbhuanaitheachta fiachais (DSA), agus a comhaontaíodh leis na Ballstáit. I gcás na mBallstát a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil rompu chuirfeadh an Coimisiún conair choigeartaithe thagartha ar aghaidh lena n‑áiritheofar, tar éis dóibh an plean a chur chun feidhme go hiomlán, go mbeadh fiachas i ngach Ballstát fós ag laghdú de réir a chéile tar éis na tréimhse coigeartaithe ar bhonn conair 10 mbliana agus ag glacadh leis nach mbeadh athrú ar na beartais tar éis na tréimhse coigeartaithe. Tá an chonair choigeartaithe thagartha sin bainteach le leibhéal den iarmhéid príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartaithe ina n‑áirithíonn go mbíonn conair shochreidte ann chun fiachas a laghdú de réir a chéile. I gcás na mBallstát a bhfuil dúshlán fiachais measartha rompu, ní bheadh an chonair thagartha chomh dian céanna.

Is sraith straitéisí anailíseach sheanbhunaithe é creat an Choimisiúin um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais chun rioscaí inbhuanaitheachta fiachais a mheas. Áirítear ann réamh‑mheastachán bunlíne don chonair fiachais thar 10 mbliana i dteannta le réamh‑mheastacháin fiachais chinnteachaíocha bhreise agus réamh‑mheastacháin mhalartacha d’athróga fioscacha, maicreacnamaíocha agus airgeadais mar bhonn taca aige chomh maith le hanailís stocastach chun éiginnteacht mhaicreacnamaíoch ghinearálta a ghabháil. Tá an bhunlíne don chreat um anailís inbhuanaitheachta fiachais bunaithe ar réamh‑mheastachán gan athrú beartais fhioscaigh nuair nach ndéantar aon bheart fioscach sa bhreis a ionchorprú thar thréimhse an phlean agus nach n‑imrítear tionchar ar phríomhchaiteachas ach amháin ag athruithe i gcostais a bhaineann le haosú mar a bhí réamh‑mheasta sa Tuarascáil Chomhpháirteach Choimisiúin – Chomhairle ar Aosú is déanaí. Tá fás fíor‑OTI i gcomhréir leis na réamh‑mheastacháin mheántéarmacha is déanaí de chuid an Choimisiúin ag baint úsáid as an modheolaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann san Aontas agus tionchar na hinfheistíochta faoin bpacáiste NextGenerationEU á chur san áireamh. Cóineasaítear rátaí boilscithe agus úis go hionchais mhargadhbhunaithe. I gcás na réamh‑mheastachán cinnteachaíoch, bíonn an measúnú riosca ag bráth ar leibhéal réamh‑mheasta an fhiachais, conair an fhiachais agus inchreidteacht na staide fioscaí spriocdhírithe (agus spás do ghníomhaíocht cheartaitheach más gá). I gcás na réamh‑mheastachán stocastach, bíonn an measúnú riosca bunaithe ar an dóchúlacht nach gcobhsófar fiachas thar 5 bliana agus ar mhéid na neamhchinnteachta maicreacnamaíche. () Ar an mbonn sin, san anailís seo, rangaítear tíortha ina dtrí chatagóir fhoriomlána riosca: íseal, meánach agus ard. Léiríonn catagóir riosca ard go bhfuil dúshláin fiachais phoiblí shubstaintiúla (inbhuanaitheachta) ann a gcaithfear dul i ngleic leo le beartais fhioscacha agus mhaicreacnamaíocha.

I gcás Ballstáit a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil nó measartha aige, le conair choigeartaithe atá i gcomhréir leis an gcóineasú fiachais go leibhéil stuama, ba cheart a áirithiú go gcuirfí an fiachas ar chonair shochreidte chun fiachas a laghdú de réir a chéile ar bhonn 10 mbliana tar éis fhís an phlean. B’amhlaidh an cás i gcás na mBallstát a bhfuil dúshlán fiachais phoiblí substaintiúil acu dá mbeadh an chonair fiachais 10 mbliana thar fhís an phlean ar chonair atá sochreidte agus ag laghdú go leanúnach. B’amhlaidh an cás i gcás na mBallstát a bhfuil dúshlán measartha acu dá mbeadh, 3 bliana ar a mhéad tar éis fhís an phlean, an chonair fiachais 10 mbliana ar chonair a bhí sochreidte agus ag laghdú go leanúnach. Ba cheart na coinníollacha seo a chomhlíonadh ar bheartais neamh‑athraithe tar éis an plean meántéarmach a chur chun feidhme, i.e. in éagmais bearta beartais fhioscaigh úra thar an tréimhse choigeartaithe, agus chun rioscaí réalaíocha a chur san áireamh, faoi shraith chaighdeánach de chásanna díobhálacha mar a mheastar i gcreat an Choimisiúin um anailís inbhuanaitheachta fiachais. Faoi dheireadh, ba cheart go mbeadh dóchúlacht íseal go leor ann go méadófar fiachas sna 5 bliana tar éis fhís an phlean.

Leagfaí amach toimhdí agus réamh‑mheastacháin ar chonair na n‑athróg macraifhioscach ábhartha sa phlean do thréimhse 10 mbliana tar éis na tréimhse cumhdaithe ag an bplean. Chumhdódh sé sin an chonair mhaicreacnamaíoch agus fhioscach don tréimhse cumhdaithe ag an bplean agus an síneadh gan athrú beartais de na réamh‑mheastacháin do na 10 mbliana ina dhiaidh (féach Tábla 1).

Tábla 1: Tréimhse ama na réamh‑mheastachán agus an chritéir measúnaithe

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: D’fhéadfaí an tréimhse choigeartaithe 4 bliana a shíneadh go heisceachtúil suas le 7 mbliana chun infheistíochtaí agus athchóirithe móra a éascú.

(1) Tá tuilleadh sonraí maidir leis an modheolaíocht le fáil in Tuarascáil maidir le hInbhuanaitheacht Fhioscach 2021 .


Bosca 2: An fhreagairt bheartais ar mhíchothromaíochtaí nua faoi MIP

Comhaontú an phlean náisiúnta mheántéarmaigh agus MIP

Díreach i ndiaidh míchothromaíochtaí a shainaithint in IDR (agus CSRanna MIP‑shonrach a d’fhéadfaí a fhoilsiú mar threoraíocht), bheartófaí leis an MIP athchóirithe idirphlé leis an mBallstát. Tharlódh sé sin i rith an tsamhraidh agus an fhómhair. Bheadh sé mar aidhm tuiscint chomhchoiteann maidir leis na dúshláin a thógáil agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shainaithint lena bhféadfaí míchothromaíochtaí a cheartú (Fíor 1).

Ar bhonn an idirphlé sin, dhéanfadh an Coimisiún agus an Ballstát cur chuige beartais a chomhaontú go comhpháirteach chun míchothromaíochtaí a cheartú, i gcomhréir leis an gcur chuige PTA. Dhéanfaí an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí a ionchorprú sa phlean náisiúnta meántéarmach nuair a chomhaontófaí an plean. D’fhéadfadh sé go n‑áireofaí sa phlean náisiúnta meántéarmach crostagairtí do bhearta atá in PTA cheana chomh maith le hinfheistíochtaí ábhartha maoinithe ag cláir Beartais Chomhtháthaithe, chun forbhreathnú cuimsitheach a thabhairt ar ghealltanais na mBallstát.

Fíor 1: Amlíne le haghaidh na freagartha beartais ar mhíchothromaíocht le plean náisiúnta meántéarmach nua a aimsiú 

Tagtar ar fhoinse nua míchothromaíochta le linn shaolré an phlean náisiúnta mheántéarmaigh

Má thagtar ar fhoinse nua míchothromaíochtaí nuair atá an plean náisiúnta meántéarmach i bhfeidhm cheana, tar éis na leochaileachtaí sin a shainaithint in CSR faoi thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, de ghnáth, ní athosclófar an plean náisiúnta meántéarmach atá i bhfeidhm ach chuirfí tús le hidirphlé beartais leis na Ballstáit chun comhthuiscint a bhaint amach maidir le míchothromaíochtaí agus na bearta is gá dul i ngleic leo. Cuirfidh an Ballstát an cur chuige beartais comhaontaithe chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí lena n‑áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí, in iúl trí litir chuig an gCoimisiún agus an Chomhairle agus pléifear é sna coistí. Féadfar an clár oibre beartais a chur san áireamh ina dhiaidh sin: (i) i bplean náisiúnta meántéarmach nua (mura réiteofar é le linn shaolré an bhunphlean); NÓ (ii) i bplean náisiúnta meántéarmach leasaithe (mura bhfuil an plean a bhí ann cheana indéanta a thuilleadh). Más rud é go bhfuil na míchothromaíochtaí iomarcach agus go n‑éilíonn siad athrú beartais fhioscaigh láithreach chomh maith le hathchóirithe ríthábhachtacha, sheolfaí EIP, d’athosclófaí an plean agus bheadh sé ina phlean gníomhaíochta ceartaithí.

Iarscríbhinn 1: Uainiú fhaireachas an Aontais

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Féadfaidh difríochtaí a bheith sna cláir ama chun pleananna úra a chur isteach (tar éis thús an CCF athbhreithnithe) ag brath ar thimthriallta institiúideacha na mBallstát.

* I bhFómhar T, beidh measúnú ex ante ar an Dréachtphlean Buiséadach don bhliain T+1.

** In Earrach T, ní féidir measúnú ex post ar thorthaí fioscacha a bheith ann fós mar léiríonn bliain T tús chur chun feidhme an phlean.



Iarscríbhinn 2 – Toradh na díospóireachta poiblí ( 17 )

Tar éis athsheoladh an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch i mí Dheireadh Fómhair 2021, ( 18 ) chuir páirtithe leasmhara leis an díospóireacht trí shuirbhé poiblí ar líne. Thug páirtithe leasmhara freagairtí ar 11 cheist oscailte ar ghnéithe éagsúla de rialachas eacnamaíoch an Aontais. Fuair an suirbhé 225 fhreagairt bhailí ó fhreagróirí i 25 thír. Rinne an Coimisiúin achoimre ar na tátail a bhí acu i dtuarascáil a foilsíodh i mí an Mhárta 2022. ( 19 ) Ní raibh na saintréithe céanna ag rannpháirtithe an tsuirbhé agus a bhíonn ag daonra an Aontais agus, mar sin, ní féidir na freagairtí a léirmhíniú mar fhreagairtí a bheadh ionadaíoch do ghnáth‑thuairim shaoránaigh agus pháirtithe leasmhara uile an Aontais. Is ábhar luachmhar é réimse agus doimhneacht an ionchuir, áfach. Léirigh go leor rannpháirtithe an tuairim gur cheart don chreat rialachas fás a chothú i mbealach níos fearr, níos mó airde a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta, agus gur cheart dó tacú le tosaíochtaí beartais don aistriú glas agus don aistriú digiteach. D’aithin formhór na bhfreagróirí an gá atá leis an gcreat fioscach chun tacú le hathléimneacht gheilleagair an Aontais maidir le suaití agus gur cheart d’inbhuanaitheacht fiachais fanacht mar chuspóir lárnach de chuid rialacha fioscacha an Aontais, cé gur cheart don chonair choigeartaithe i dtreo fiachas rialtais níos ísle a bheith réalaíoch agus tarlú de réir a chéile. Chuir go leor freagróirí béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhreasú mar ghné riachtanach den chreat rialachais eacnamaíoch. Aithníodh go raibh infheistíocht ghlas i dteideal aird ar leith mar gheall ar dhúshláin dhomhanda aeráide agus chomhshaoil, agus bhí comhairle ag roinnt freagróirí gan caitheamh go fabhrach le caiteachas infheistíochta i bhfaireachas fioscach. D’éiligh rannpháirtithe simpliú, trédhearcacht agus úinéireacht náisiúnta níos láidre freisin. Bhí ag go leor rannpháirtithe den tuairim gur spreagadh maith í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta don chreat rialachais maidir le húinéireacht náisiúnta a chothú agus athchóirithe a chur chun cinn trí dhreasachtaí dearfacha. Tugann roinnt rannpháirtithe tacaíocht do chomhlíontacht agus forfheidhmiú níos láidre don chreat faireachais. D’iarr roinnt rannpháirtithe sineirgí sa bhreis idir CCF agus an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha mar go dtiocfadh leis feabhas a chur ar an gcumas fás a chothú in airgeadas poiblí agus baint amach réimse cuspóirí beartais ag an am céanna.  

D’éiligh roinnt rannpháirtithe sa díospóireacht phoiblí cumas fioscach buan lárnach. ( 20 ) D’fhéadfadh a leithéid d’uirlis dul i ngleic le dúshláin níos fadtéarmaí trí earraí poiblí coitianta a sholáthar a threiseodh fás inbhuanaithe agus a chabhródh le boilsciú a chosc agus/nó feabhas a chur ar chobhsúchán maicreacnamaíoch. I dTuarascáil an Chúigear Uachtarán in 2015, sainaithníodh prionsabail threoracha iontaofa dá dhearadh, go háirithe nár cheart go dtarlódh aistrithe buana idir tíortha dá bharr, ba cheart go gcoimeádfadh sé na dreasachtaí i leith ceapadh beartais fhioscaigh iontaofa ar bhonn náisiúnta, agus ba cheart go ndéanfadh á fhorbairt laistigh de chreat an Aontais Eorpaigh. Mar a moladh sa díospóireacht phoiblí, d’fhéadfadh cumas fioscach lárnach don Aontas nó am limistéir euro samplaí a baineadh amach go rathúil le roinnt blianta anuas a chur san áireamh (i.e., an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).

Bhí sraith plé de réir téamaí leis na Ballstáit ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch sa díospóireacht freisin. Dhírigh na pléití sin ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí, an gá atá ann le hinfheistíocht a chur chun cinn, comhthimthriallacht an bheartais fhioscaigh, forfheidhmiú agus rialachas i dtaca le rialacha fioscacha an Aontais, an idirghníomhaíocht idir creataí an Aontais agus creataí náisiúnta, ábharthacht agus éifeachtacht MIP agus an gá atá ann é a chothabháil dírithe ar dhúshláin mhaicreacnamaíocha, agus na ceachtanna le foghlaim ó RRF. Pléadh freisin na himpleachtaí fadtéarmacha a d’fhéadfadh a theacht as Ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir le hathléimneacht agus slándáil. Pléadh gné an limistéir Euro den rialachas eacnamaíoch, agus MIP go háirithe, ag Meitheal an Ghrúpa Euro.

Bhí na pléití dírithe ar phríomhcheisteanna a shainaithint le dul i ngleic leo i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe. Tá gnéithe áirithe comhthola tagtha chun cinn, go háirithe sna pléití leis na Ballstáit. Tugtar breac‑chuntas ar chuid acu cheana, go háirithe orthu siúd a bhaineann leis an gcreat fioscach i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 2 Márta 2022. ( 21 ) Is iad sin a leanas:

Tá inbhuanaitheacht fiachais phoiblí a áirithiú agus fás inbhuanaithe a chothú trí infheistíocht agus athchóirithe fite fuaite ina chéile agus tá siad fíorthábhachtach le haghaidh rath chreat fioscach an Aontais.

Dealraíonn sé gur bealach maith é níos mó airde a dhíriú ar an meántéarma i bhfaireachas fioscach an Aontais.

Is féidir léargais a tharraingt ó dhearadh rialachas agus oibriú RRF.

Is príomhchuspóirí iad simpliú, úinéireacht náisiúnta níos láidre agus forfheidhmiú níos fearr.

Tharraing na pléití aird ar phríomhcheisteanna ar féidir dul i ngleic leo i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe i dtaca le MIP:

Ba cheart go mbeadh éifeachtacht MIP a mhéadú ina phríomhthosaíocht. Féadfar é sin a bhaint amach tríd an mbéim ar a phríomhchuspóir a mhéadú, is iad sin cosc a chur ar rioscaí a bhaineann le cobhsaíocht mhacra‑airgeadais iompú ina míchothromaíochtaí agus gníomhaíocht bheartais a chothú, ag cur feidhmiú an Aontais agus an limistéar Euro ina iomláine san áireamh. D’éascódh fócas níos soiléire cumarsáid maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus an fhreagairt bheartais is gá a shainaithint, agus d’fheabhsófaí sofheictheacht an nós imeachta.

Leis na géarchéimeanna le déanaí agus an leibhéal méadaithe éiginnteachta, cuirtear i dtábhacht an gá atá ann le cumas MIP a fheabhsú maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí chur chuige níos réamhbhreathnaithí a úsáid a bheadh in ann freagairt bheartais a spreagadh go luath.

Tá sé ríthábhachtach úinéireacht a áirithiú chun tarraingt MIP a mhéadú. Dá bhrí sin, ní mór idirphlé feabhsaithe leis na Ballstáit a bheith ann ar féidir leis cur le taithí RRF. Ach EIP a dhéanamh níos oibríochtúla, thacófaí le tarraingt mhéadaithe freisin.

I gcomhthráth leis sin, rinne an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa machnamh ar conas geilleagar, ceartas sóisialta agus poist an Aontais a bheadh níos láidre a thógáil. ( 22 ) Moltar go dtreiseoidh an tAontas a iomaíochas agus a athléimneacht agus go gcuirfidh sé chun cinn infheistíochtaí dírithe ar an todhchaí a bheadh dírithe ar na haistrithe glasa agus digiteacha le gné láidir shóisialta agus inscne, ag cur na samplaí den Aontas Eorpach don Chéad Ghlúin Eile agus den ionstraim SURE san áireamh. De réir na Comhdhála, is gá don Aontas tionchar sóisialta agus eacnamaíoch an chogaidh in aghaidh na hÚcráine a chur san áireamh chomh maith leis an nasc atá ann idir rialachas eacnamaíoch an Aontais agus an comhthéacs geopholaitiúil nua.

(1)

() I mí an Mhárta 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil achomair maidir leis na freagraí ar an suirbhé ar líne. An Coimisiún Eorpach (2022), ‘ Online public consultation on the review of the EU economic governance framework: summary of responses ’ [Comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais: achoimre ar fhreagraí], SWD(2022) 104 final an 28 Márta 2022.

(2)

() Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an 14 Meán Fómhair 2022.

(3)

() Tá tuairisc iomlán ar na hathchóirithe sé‑phaca agus dé‑phaca le fáil i mBosca 1 den doiciméad ón gCoimisiún Eorpach (2020), ‘ Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch’ , COM(2020) 55 final den 5 Feabhra 2020. Tá liosta den reachtaíocht thánaisteach fholuiteach le fáil i bhFonóta 1 (Leathanach 1) den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an teachtaireacht sin (An Coimisiún Eorpach (2020), ‘ Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch ’, SWD(2020) 210 final den 5 Feabhra 2020).

(4)

() Tá plé níos doimhne ar an bhfreagairt ar ghéarchéim COVID‑19 agus ar impleachtaí na géarchéime sin maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch le fáil i ndoiciméad an Choimisiúin Eorpaigh (2021), ‘ Geilleagar an Aontais i ndiaidh phaindéim COVID‑19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch ’, COM(2021) 662 final an 19 Deireadh Fómhair 2021.

(5)

() Is féidir teacht ar threoraíocht do na Ballstáit faoin tslí is fearr le measúnuithe tionchair dáileacháin a dhéanamh ar bheartais nua, rud atá tábhachtach chun méadú ar an neamhionannas atá ann faoi láthair a sheachaint, i ndoiciméad an Choimisiúin Eorpaigh (2022), ‘ Better assessing the distributional impact of Member States’ policies ’ [‘Measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar dáileacháin atá ag beartais na mBallstát’], COM(2022) 494 final an 23 Meán Fómhair 2022.

(6)

()    An Coimisiún Eorpach (2022), ‘ REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe ,’ COM (2022) 108 final an 8 Márta 2022.

(7)

() Dhéanfadh na pleananna struchtúracha fioscacha na Cláir Chobhsaíochta agus Chóineasaithe reatha a chomhcheangal leis na Cláir Athchóirithe Náisiúnta. 

(8)

() Maidir leis an tagarmharc sin, féach Airteagal 2(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach (IO L 209 de 2.8.1997, lch. 6).

(9)

() Bainfidh an Coimisiún úsáid as a chreat anailíse ar inbhuanaitheacht fiachais ós rud é gur sraith straitéisí anailíseach sheanbhunaithe é chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht fiachais (féach Bosca 1).

(10)

() Cuirfear idirghníomhaíochtaí ábhartha le PTAnna san áireamh le linn shaolré RRF.

(11)

() Beidh gá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhódúlachtaí beachta agus ar bhonn dlíthiúil na hionstraime seo.

(12)

() Chun an plean gníomhaíochta ceartaithí a fheiceáil, féach Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306 an 23.11.2011, lch. 25).

(13)

() D’úsáidfí an anailís ar inbhuanaitheacht fiachais mar uirlis um measúnú riosca i ndearadh na bpleananna agus sin amháin, ní i gcur chun feidhme na bpleananna.

(14)

() Curtha faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Beartais na Deich mBliana Digiteacha 2030, 9 mí i ndiaidh an dáta a chuaigh sé i bhfeidhm (lena bhfuil coinne in Eanáir 2023).

(15)

() Aithníodh an chomhlántacht idir cloí le beartas fioscach riail‑bhunaithe agus an gá le comhordú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla sna critéir incháilitheachta le haghaidh ghníomhachtú na hIonstraime Cosanta Traiseolta (TPI) de chuid ECB, cionn is go bhfuil comhlíontacht na mBallstát le creat fioscach an Aontais ar cheann de na critéir a chuirfidh Comhairle Rialála ECB san áireamh agus iad ag cinneadh faoi TPI a ghníomhachtú.

(16)

() Ón tráth sin i leith, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gurb amhlaidh, cé gur uirlis iomchuí é an faireachas iarchláir, gur cuireadh bac ar a chuid éifeachtúlachta mar gheall ar chuspóirí doiléire agus cuíchóiriú agus fócas neamhleor ina chur chun feidhme, agus chuir sí roinnt moltaí faoi bhráid an Choimisiúin machnamh a dhéanamh ar dhul i ngleic le heasnaimh den sórt sin i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch.

(17)

() Bhí ionchur úsáideach ag institiúidí eile an Aontais sa díospóireacht phoiblí ar an gcreat rialachais eacnamaíoch. Mar fhreagairt ar iarraidh thiomnaithe ó iar‑Uachtarán an Choimisiúin Jean‑Claude Juncker, mar shampla, d’fhoilsigh an Bord Fioscach Eorpach i mí Mheán Fómhair 2019 a ‘ Mheasúnú ar Rialacha Buiséadacha an Aontais agus béim ar an reachtaíocht sé‑phaca agus dé‑phaca . An 8 Iúil 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa (agus FPE Margarida Marques ag feidhmiú mar Rapóirtéir) Rún ‘ ar an athbhreithniú ar an gcreat reachtach maicreacnamaíoch ar mhaithe le tionchar níos fearr ar fhíorgheilleagar na hEorpa agus trédhearcacht níos fearr sa chinnteoireacht agus cuntasacht dhaonlathach ’. D’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha agus Coiste Eorpach na Réigiún araon tuairimí ar an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch, i mí na Nollag 2020 agus i mí Feabhra 2021 faoi seach.

(18)

An Coimisiún Eorpach (2021), ‘ Geilleagar an Aontais tar éis COVID‑19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch ’, COM(2021) 662 final an 19 Deireadh Fómhair 2021.

(19)

() Coimisiún Eorpach (2022), ‘ Athbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch – Tuarascáil Achomair ar an gcomhairliúchán poiblí ’, Doiciméad Inmheánach Oibre (2022) 104 final an 28 Márta 2022.

(20)

() An Bord Fioscach Eorpach 2020; ECB, Páipéar Ócáidiúil 273, Meán Fómhair 2021; ECFE, Suirbhéanna Eacnamaíocha an limistéir Euro, Meán Fómhair 2021; CAI, Páipéar Roinne Uimh. 2022/014, Meán Fómhair 2022.

(21)

() An Coimisiún Eorpach (2022), ‘ Treoraíocht bheartais fhioscaigh le haghaidh 2023 ’, COM (2022) 85 final an 2 Márta 2022.

(22)

() An Coimisiún Eorpach (2022), ‘ Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa’ , COM(2022) 404 final an 17 Meitheamh 2022.