An Bhruiséil,9.11.2022

COM(2022) 581 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Fhiadhúlra

{SWD(2022) 354 final} - {SWD(2022) 355 final}


Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra

An cúlra a thabhairt

Tréimhse ríthábhachtach a bheidh i mí na Nollag 2022 maidir leis an mbithéagsúlacht dhomhanda a chaomhnú. Tiocfaidh sínitheoirí an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD) le chéile i Montréal le haghaidh chur i gcrích 15ú comhdháil na bPáirtithe sa CBD. Ag an gcruinniú sin, féachfaidh na sínitheoirí leis na hiarrachtaí a dhéantar ar fud an domhain chun gníomhaíocht i leith stopadh agus aisiompú scrios leantach na bithéagsúlachta a shainaithint agus tiomantas a thabhairt don ghníomhaíocht sin. 1 mhí amháin roimhe sin, tiocfaidh na páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) le chéile i bPanama chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta lena n‑áiritheofar nach ndéanfar bagairt ar mharthanas na speiceas mar gheall ar thrádáil idirnáisiúnta in ainmhithe agus i bplandaí fiáine.

Cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí chun stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta is ea an comhrac i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra. Mar a chuir an tArdán Idir‑rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais i dtábhacht, tá úsáid inbhuanaithe an fhiadhúlra fíor‑riachtanach chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na nglún atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Is féidir cuidiú chun stop a chur le teacht chun cinn aon phaindéim nua tríd an bhfiadhúlra a úsáid ar bhonn inbhuanaithe, trí shlite beatha marthanacha a chur ar fáil do dhaoine áitiúla agus dúchasacha, agus trí rannchuidiú le hathbhunú agus cothabháil na bithéagsúlachta. Os a choinne sin, is bagairt ar an úsáid inbhuanaithe sin iad trádáil neamhdhleathach i speicis fhiáine nó trádáil nach rialaítear go héifeachtach 1 .

Maidir le creat iar‑2020 um an mbithéagsúlacht, atá le glacadh ag 15ú comhdháil na bpáirtithe leis an gCoinbhinsiún i mí na Nollag, tá coinne leis go socrófar ann aidhmeanna agus spriocanna coincréiteacha chun a áirithiú go ndéanfar saothrú, úsáid agus trádáil speiceas fiáin, speiceas talún agus speiceas fionnuisce agus mara ar bhonn dleathach agus inbhuanaithe. Beartaítear go rannchuideofar leis an bplean gníomhaíochta nuashonraithe sin an gealltanas siúd a thug an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát a chur chun feidhme go hiomlán.

Tá an trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra tromchúiseach agus forleathan i gcónaí. De réir Thuarascáil 2020 ar Choireacht i gcoinne an Fhiadhúlra ar fud an Domhain, arna tabhairt ag Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta, níl aon tír ar domhan nach n‑imrítear tionchar uirthi de bharr na gáinneála i gcoinne an fhiadhúlra agus tá éagsúlacht fhorleathan speiceas i gceist, idir eascanna, pangailiní agus rósadhmad 2 . Ó thosaigh paindéim COVID19 3 , thit méid na n‑urghabhálacha fiadhúlra gáinneáilte a rinne na húdaráis ar fud an domhain, ach ní ann d’aon fhianaise go bhfuil an gháinneáil féin á srianadh.

Spreagann trádáil neamhdhleathach speiceas cailliúint na bithéagsúlachta ar fud an domhain  4 . D’fhéadfaí daonraí na speiceas fiáin a lagú go mór de bharr a bheith á saothrú go neamhdhleathach, agus i roinnt cásanna d’fhéadfaí iad a dhíothú 5 . D’fhéadfaí tionchar a imirt freisin ar speicis nach bhfuil ina spriocanna díreacha ag an lucht gáinneála, de bhíthin foghabhála nó ídiú gnáthóige mar shampla. D’fhéadfadh éifeacht chascáideach teacht freisin as speicis bhuntaca a thógáil go neamhdhleathach as éiceachórais, rud a dhéanann difear do sheirbhísí éiceachórais, a scriosann linnte carbóin fíor‑riachtanacha agus a chuireann isteach ar shláinte agus cothromaíocht talaimh agus uisce 6 . Thairis sin, mar gheall ar speicis coimhthíocha gháinneáilte a scaoileadh isteach san fhiántas sna tíortha cinn scríbe, d’fhéadfaí cur isteach ar ghnáthóga áitiúla, rud a d’fhéadfadh tionchair mhillteacha a imirt ar speicis dhúchasacha.

Bíonn tionchair shocheacnamaíocha an‑scriosach ag an ngáinneáil ar fhiadhúlra freisin. Mar gheall ar thrádáil neamhdhleathach fhorleathan in ainmhithe fiáine d’fhéadfadh baol méadaithe a bheith ann go dtarchuirfí galair zónóiseacha (i.e. galair ar de thionscnamh ainmhithe iad agus a ionfhabhtaíonn daoine) a bhféadfadh impleachtaí millteacha a bheith acu ó thaobh na sláinte poiblí de. Is minic a choinnítear foirmeacha dleathacha agus inbhuanaithe ioncaim ó phobail áitiúla mar gheall ar scriosadh éiceachóras, rud a d’fhéadfadh tarlú de thoradh na póitseála agus na gáinneála. Áirítear ar na foirmeacha dleathacha agus inbhuanaithe sin turasóireacht atá bunaithe ar an dúlra, bainistíocht mhaith ar dhul sa tóir ar ainmhithe mar thrófaithe, agus trádáil inbhuanaithe san fhiadhúlra. Féadann trádáil san fhiadhúlra, má dhéantar bainistíocht mhaith uirthi, a bheith chun tairbhe caomhnú speiceas ar bhonn gníomhach, trí dhreasachtaí a chruthú do phobail áitiúla i ndáil le hacmhainní fiadhúlra ina dtimpeallacht féin a chosaint agus dálaí maireachtála leordhóthanacha agus inbhuanaithe a bhaint amach i gcomhthráth. Tá gáinneáil ar fhiadhúlra thar a bheith brabúsach ó thaobh geilleagair de , áfach.Is bagairt thromchúiseach ar shláinte an phobail é tarraingteacht na gáinneála ar an bhfiadhúlra – ós rud é go mbaineann baol íseal/ luaíocht ard do chineál na coire. Laghdaítear an smacht reachta agus na hinstitiúidí dlisteanacha mar gheall uirthi. Is chun tairbhe an éillithe an gháinneáil ar an bhfiadhúlra agus cuireann sé leis an éilliú chomh maith, agus is rud é lena dtacaítear go comhuaineach le gníomhaíochtaí breise coiriúla 7 . Tá fianaise shoiléir ann go bhfuil nasc idir gáinneáil ar an bhfiadhúlra, coireacht eagraithe (lena n‑áirítear gáinneáil ar airm) agus an sceimhlitheoireacht 8 .

Príomhról le bheith ag an Aontas Eorpach

Feidhmíonn an tAontas mar mhol le haghaidh gáinneáil ar an bhfiadhúlra a dhéantar ar fud an domhain 9 , agus tá príomhról aige sa chomhrac ina coinne. De réir na tuairisceoireachta ba é EUR 4.7 milliún luach íosta na trádála neamhdhleathaí san fhiadhúlra san Aontas in 2019 ach is dealraitheach go raibh sé i bhfad níos airde 10 .

Ar bhonn domhanda, dá bhrí sin, tá an tAontas chun tosaigh maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar an bhfiadhúlra a stiúradh. Mar gheall ar rialacháin an Aontais i dtaca leis an trádáil san fhiadhúlra is féidir leis níos mó a dhéanamh chun speicis atá i mbaol a chosaint ar shaothrú neamh‑inbhuanaithe ná mar atá i gceist leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Flora agus Fauna Fiáine i mBaol (CITES). Mar shampla, leis na rialacha de chuid an Aontais atá ann faoi láthair maidir le dul sa tóir ar ainmhithe mar thrófaithe, leathnaítear na hoibleagáidí i ndáil le ceadanna i leith speiceas – agus méadaítear an grinnscrúdú a dhéantar ar speicis – rud a fhágann go gcumhdaítear speicis le rialacha an Aontais nach bhfuil ar an liostú is déine de chuid CITES.

Is féidir leis an Aontas cur leis an taithí fhada atá aige ar gháinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac

Cuireann an plean gníomhaíochta nua le plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (2016-2020) a bhí ann roimhe 11 . Ba é toradh na meastóireachta ar phlean gníomhaíochta 2016 go bhfuil gáinneáil ar fhiadhúlra tagtha chun cinn ar an gclár oibre ó 2016 i leith mar shaincheist tosaíochta i measc raon leathan lucht ceaptha beartas, gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus páirtithe leasmhara, san Aontas agus ar fud an domhain. Tá an tAontas agus a chuid Ballstát tar éis na beartais forfheidhmithe a uas‑scálú, mar shampla trí imscrúduithe feabhsaithe trasteorann a dhéanamh a bhfuil Europol, Eurojust agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí rannpháirteach iontu ar bhonn gníomhach. Is é an toradh air sin go ndéantar breis urghabhálacha agus ionchúiseamh lena n‑áirítear trí ghníomhaíochtaí anArdáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT). Ina theannta sin mhéadaigh an Coimisiún Eorpach an tacaíocht a thugann sé do na húdaráis náisiúnta ábhartha agus do na líonraí Eorpacha de chleachtóirí forfheidhmithe maidir le dul i ngleic leis an gcoireacht chomhshaoil agus mhéadaigh sé an comhar idir é féin, na húdaráis sin agus na líonraí sin. Tá togra glactha ag an gCoimisiún freisin le haghaidh treoir nua ón Aontas maidir le cniogbheartaíocht i gcoinne na coireachta comhshaoil.

Bhí gníomhaíochtaí i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra i bhfóraim iltaobhacha á stiúradh ag an Aontas freisin, go háirithe faoi CITES. Chun go mbeidh toradh ar ghealltanas an Aontais gníomhaíocht bhreise a dhéanamh i gcoinne póitseáil eilifintí agus gáinneáil ar eibhear ar fud an domhain, rinne an tAontas a rialacha a nuashonrú a bhaineann le deireadh a chur leis an gcuid is mó de na foirmeacha de thrádáil in eabhar san Aontas.

Cuireadh líonraí taidhleoireachta an Aontais agus a chuid Ballstát in úsáid freisin agus tá siad rannpháirteach, ar bhonn gníomhach, in idirphlé déthaobhach agus réigiúnach. Agus ar ndóigh, ó 2016 i leith tá cistiú substaintiúil curtha ar fáil ag an Aontas le haghaidh fothú acmhainneachta agus gníomhaíocht idirnáisiúnta i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra lena n‑áirítear cistiú le haghaidh: (i) oibriú ar son pobail áitiúla thíortha tionscnaimh na gáinneála ar fhiadhúlra chun go mbeidh siad rannpháirteach; (ii) slite beatha malartacha agus foinsí ioncaim malartacha a chur ar fáil do na pobail áitiúla sin.

Dúshláin leantacha agus deiseanna nua

D’ainneoin na n‑iarrachtaí sin, tá strus tromchúiseach á chur i gcónaí ar an bhfiadhúlra, agus ar shlite beatha agus sláinte daoine chomh maith, de bharr gáinneáil ar fhiadhúlra, athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil le chéile. Tharla athruithe le himeacht ama ar na bealaí trádála agus ar chineál na speiceas a bhíonn á dtrádáil. Thairis sin, de bharr méadú in úsáid na n‑ardán ar líne le haghaidh trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlraagus de bharr úsáid ghaolmhar seirbhísí beartán beagcruthaíodh dúshláin nua i ndáil leis an gcineál sin coireachta a bhrath agus a imscrúdú, rud is cúis le réitigh nua agus acmhainní méadaithe a bheith de dhíth anois. Cé gur méadaíodh méid na ngabhálacha fiadhúlra gáinneáilte san Aontas ó 2016 i leith, ní hionann sin agus méadú comhréireach in ionchúisimh agus ciontuithe. Is saincheist mhór i gcónaí an easpa foirne speisialaithe, acmhainní agus oiliúna i gcuid mhaith de na Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tá feabhsú an chomhair indéanta freisin: (i) laistigh de Bhallstáit an Aontais; (ii) i measc Bhallstáit an Aontais; (iii) idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad; agus (iv) in éineacht le páirtithe leasmhara agus an tsochaí shibhialta.

An bealach ar aghaidh

Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta athbhreithnithe seo gníomhaíocht an Aontais i gcoinne gáinneáil fiadhúlra a threorú sa tréimhse go dtí 2027. Agus plean gníomhaíochta 2016 á leathnú leis, is é is aidhm don phlean athbhreithnithe freagairt do na dúshláin atá ann faoi láthair ar bhealach cuimsitheach. Cé go bhfuiltear ag díriú ar gháinneáil ar fhiadhúlra sa phlean gníomhaíochta, déantar naisc riachtanacha ann le Rialacháin an Aontais maidir le Trádáil san Fhiadhúlra agus le beartais ghaolmhara eile.

Tá cur chuige cuimsitheach de dhíth i leith aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar fhiadhúlra agus tá raon beart de dhíth chun an bhearna idir beartas trádála fiadhúlra agus beartas caomhnaithe fiadhúlra a líonadh, agus é d’aidhm ag an méid sin go léir gan ach trádáil inbhuanaithe san fhiadhúlra a cheadú.

Cuirtear taca faoin bplean gníomhaíochta leis na ceithre phríomhthosaíocht a leagtar amach thíos.

Tosaíocht 1:    Cosc a chur ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi 

Tosaíocht 2:    An creat dlíthiúil agus beartais i gcoinne    gáinneáil ar fhiadhúlra a neartú

Tosaíocht 3:        Rialacháin agus beartais a fhorfheidhmiú chun gáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac go héifeachtach

Tosaíocht 4:        Comhpháirtíocht dhomhanda na dtíortha tionscnaimh, tomhaltais agus idirthurais a neartú i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra

Gabhann roinnt cuspóirí le gach tosaíocht, agus sainaithníodh roinnt gníomhaíochtaí i ndáil le gach cuspóir. Níl na gníomhaíochtaí sin uileghabhálach agus is féidir iad a chomhlánú le bearta breise. Tá na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí gaolmhara mionsonraithe san Iarscríbhinn.

Trí na tosaíochtaí sin, maidir leis an bplean gníomhaíochta:

·dírítear ar chomhar agus comhordú ilghníomhaireachta chun coireacht fiadhúlra a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh go héifeachtach agus pionós éifeachtach a fhorchur ina leith 12 . Neartófar an comhar faoin bplean gníomhaíochta: (i) idir údaráis forfheidhmithe dlí de chuid Bhallstáit an Aontais; agus (ii) idir an tAontas, a chuid Ballstát agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

·spreagtar Ballstáit an Aontais agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad gáinneáil ar fhiadhúlra a láimhseáil mar choireacht thromchúiseach, agus acmhainneacht agus speisialtóireacht feadh an tslabhra forfheidhmithe a fhothú d’fhonn forchur pionós atá comhréireach agus athchomhairleach a normalú.

·saothraítear an gá atá le tionscnaimh nua reachtacha agus bheartais chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht an Aontais i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra láidir go leor amach anseo agus comhréireach i gcónaí leis an mbagairt a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra, agus saothraítear luach breise agus indéantacht na dtionscnamh sin.

·baintear leas as an móiminteam a ghabhann le glacadh na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha ionas go neartófar an ghníomhaíocht i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra ar líne. Mhéadaigh trádáil ar líne san fhiadhúlra le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur fusa le coirpigh oibriú gan an méid céanna baoil agus thar mhargadh níos leithne. Mar gheall ar an mborradh ginearálta atá tagtha ar r‑thráchtáil, méadaíodh méideanna an tráchta idirnáisiúnta i mbeartáin le blianta beaga anuas. De bhíthin ghlacadh na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha beidh uirlisí nua ag an Aontas agus ag údaráis na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le trádáil ar líne, lena n‑áirítear trádáil san fhiadhúlra. Neartófar scileanna agus inniúlachtaí údarás forfheidhmithe dlí, údarás custam agus údarás ábhartha eile. Spreagfar comhar leis an earnáil phríobháideach, amhail an comhar atá ar bun ag an gComhghuaillíocht um Fáil Réidh le Gáinneáil ar Fhiadhúlra ar Líne 13 nó le comhpháirtíocht ROUTES 14 . Forbrófar uirlisí nua chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra agus chun coireacht fiadhúlra a bhrath agus a imscrúdú. Áirítear ar na huirlisí sin bunachair sonraí, feidhmchláir mhóibíleacha, scanóirí, etc.

·leantar de gháinneáil ar fhiadhúlra a láimhseáil mar shaincheist dhomhanda, agus comhar idirnáisiúnta agus comhleanúnachas á n‑áirithiú idir an ghníomhaíocht i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra laistigh den Aontas agus tacaíocht leis an ngníomhaíocht i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra ar fud an domhain. Neartófar an comhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad trí mhalartuithe déthaobhacha, líonraí réigiúnacha, líonraí forfheidhmithe, comhaontuithe trádála, agus cláir iltaobhacha.

·méadaítear trédhearcacht i gcinnteoireacht ag an Aontas agus cuirtear comhpháirtíochtaí níos láidre chun cinn idir an tAontas agus a chuid Ballstát ar thaobh amháin agus idir eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an earnáil phríobháideach ar an taobh eile. Aithneofar rannchuidiú eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an earnáil phríobháideach leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta fiadhúlra agus éascófar an rannchuidiú sin, lena n‑áirítear trí pháirt a thabhairt do na heagraíochtaí sin agus don earnáil sin san idirphlé ar bheartais. 15 .



Acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna

Ní féidir aon dul chun cinn réadach a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na coireachta fiadhúlra mura bhfuil cistiúchán leordhóthanach ar fáil chun tacú leis na gníomhaíochtaí a ghabhann leis an gcomhrac sin, bídís ar siúl ar leibhéal an Aontais nó i mBallstáit an Aontais. Maidir le cistí a thiomnaítear d’fhaireachán a dhéanamh ar an trádáil san fhiadhúlra agus d’aghaidh a thabhairt ar choireacht fiadhúlra, tá an méid seo a leanas ríthábhachtach: (i) go ndéanfaí iad a shainaithint roimh ré; (ii) go gcuirfí ar fáil iad do na gníomhaithe cur chun feidhme is ábhartha; agus (iii) go n‑úsáidfí iad ar an mbealach is éifeachtaí agus is comhleanúnaí.

Ba cheart an trádáil san fhiadhúlra a chomhtháthú go hiomlán sna cistí Aontais ar ábhartha iad maidir le haghaidh a thabhairt ar: (i) slándáil agus coireacht eagraithe; (ii) an comhshaol; agus (iii) comhar idirnáisiúnta/comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Go háirithe, ba cheart an trádáil san fhiadhúlra a bheith mar thosaíocht faoi: EMPACT; an Ciste Slándála Inmheánaí; an clár LIFE; agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

Súil a choinneáil ar an dul chun cinn a dhéantar

Chun go ndéanfar dul chun cinn a thomhas go tráthrialta, sa chéad bhliain tar éis ghlacadh an phlean, cuirfidh an Coimisiún córas ar bun i gcomhar leis na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Áireofar sa chóras sásra tuairiscithe éadroim le haghaidh Bhallstáit an Aontais agus páirtithe leasmhara, rud a bheidh bunaithe ar na creataí tuairiscithe atá ann cheana. Sainaithneofar roinnt táscairí chun na torthaí a bhaintear amach a thomhas, a mhéid is féidir, i dtéarmaí tionchar foriomlán an phlean gníomhaíochta ar an trádáil san fhiadhúlra.

Conclúid

Le plean gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra neartaítear na huaillmhianta a bhí i bplean gníomhaíochta 2016, agus cuirtear i dtábhacht tiomantas leantach an Aontais don chomhrac i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra. Má dhéantar an plean gníomhaíochta a fhothú leis na hacmhainní iomchuí, beidh sé ina threoirphlean le haghaidh gníomhaíocht agus comhar atá uaillmhianach agus cuimsitheach – laistigh den Aontas agus ar fud an domhain – chun fáil réidh le trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra.

IARSCRÍBHINN – Tábla na ngníomhaíochtaí (2022-2027)

Tosaíocht 1 – Cosc a chur ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra trí aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá léi

Cuspóirí

Gníomhaithe

Gníomhaíochtaí

Amchlár táscach

1.An t‑éileamh atá ag tomhaltóirí ar fhiadhúlra a ndéantar trádáil neamhdhleathach ann a laghdú

COM, BS, líonraí de chleachtóirí agus de ghrúpaí saineolaithe de chuid an Aontais 16

·Cur chun feidhme éifeachtach Rún Chomhdháil 17.4 CITES maidir le straitéisí um laghdú ar éileamh chun an trádáil neamhdhleathach speiceas a chomhrac a liostaítear in CITES a chur chun cinn.

Leanúnach

2.

·Gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí um laghdú ar éileamh atá spriocdhírithe go maith agus bunaithe ar eolaíocht shóisialta, ag díriú go háirithe ar iompar tomhaltóirí san Aontas a athrú. Tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí den sórt sin i margaí móra cinn scríbe eile. Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar an éileamh ar reiptílí, amfaibiaigh, éin, eascanna gloine, eilifint Afracacha, srónbheannaigh agus pangailiní a fhoinsítear as an bhfiántas agus cógais/forlíontaí a mbíonn plandaí fiáine a saothraíodh go neamhdhleathach iontu. Feasacht a mhúscailt i dtomhaltóirí ar an mbealach chun idirdhealú a dhéanamh idir trádáil dhleathach agus trádáil neamhdhleathach.

Ó 2023

3.

·Tionscnaimh a chur chun feidhme ar gach leibhéal, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, lena dtacaítear le slite beatha agus le húsáid inbhuanaithe fiadhúlra agus táirgí fiadhúlra, trí fhoinsiú dleathach agus inbhuanaithe táirgí fiadhúlra a spreagadh agus a éascú. Ba cheart a áireamh ar an méid sin cur chun cinn slabhraí soláthair, atá trédhearcach agus inrianaithe, le haghaidh táirgí 17 adhmaid agus táirgí fiadhúlra eile, agus cur chun cinn fhorfheidhmiú na gceanglas inrianaitheachta atá ann cheana, amhail na ceanglais atá in earnáil an iascaigh 18 .

Ó 2023

4.Rannpháirtíocht pobal dúchasach agus pobal áitiúil i mbainistíocht agus i gcaomhnú an fhiadhúlra a neartú, lena n‑áirítear trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh slite beatha inbhuanaithe a fhorbairt i dtíortha tionscnaimh

COM, BS

·Tionscnaimh ar an talamh amhail NaturAfrica, tionscnamh suaitheanta an Aontais a chur chun feidhme chun tacaíocht a thabhairt do chaomhnú na bithéagsúlachta san Afraic. Tacaíonn NaturAfrica le tírdhreacha atá ríthábhachtach ó thaobh caomhnú agus forbairt de. Cuideoidh sé sin chun poist a chruthú agus feabhas a chur ar shlándáil agus ar shlite beatha inbhuanaithe, agus caomhnófar na héiceachórais ríthábhachtacha agus an fiadhúlra ríthábhachtach atá riachtanach don uile ní i gcomhthráth.

Leanúnach

5.

·Cur chuige bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm maidir le caomhnú agus bainistíocht an fhiadhúlra, in éineacht le rannpháirtíocht pobal áitiúil agus pobal dúchasach (tríd an méid seo a leanas, mar shampla: (i) cur chuige bainistíochta acmhainní nádúrtha pobalbhunaithe; (ii) próisis toilithe shaoir, roimh ré agus fheasaigh a áirithiú; (iii) sásraí casaoide éifeachtacha; agus (iv) rochtain ráthaithe ar fhaisnéis).

Leanúnach

6.

·Rannpháirtíocht na mban agus daoine óga i mbainistíocht agus i gcaomhnú an fhiadhúlra a chur chun cinn, agus cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a áirithiú maidir leis an trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra a anailísiú agus a chomhrac.

Leanúnach

7.

·Aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an fiadhúlra agus an tslándáil trí ghníomhaíochtaí i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun: (i) cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn; (ii) an smacht reachta a neartú; agus (iii) comhar a spreagadh idir lucht forfheidhmithe dlí, údaráis áitiúla, comhpháirtithe caomhantais, pobail áitiúla, agus pobail dhúchasacha.

Leanúnach

8.Éilliú atá bainteach le gáinneáil ar fhiadhúlra a chosc agus a chomhrac ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, in éineacht leis na tíortha tionscnaimh, na tíortha trasdula agus na tíortha cinn scríbe

COM, BS

·Cur chun feidhme éifeachtach:

oRún Chomhdháil 17.6 CITES maidir le héilliú a thoirmeasc, a chosc, a bhrath agus a chomhrac a chur chun cinn go héifeachtach, ar éilliú é lena n‑éascaítear gníomhaíochtaí a dhéantar de shárú ar an gCoinbhinsiún; agus

oRún 75/311 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le dul i ngleic le gáinneáil aindleathach san fhiadhúlra, go háirithe mír 30 dá chuid,

ag cur san áireamh Prionsabail Ardleibhéil G20 maidir le hÉilliú a Chomhrac a Bhaineann le Trádáil Neamhdhleathach san Fhiadhúlra agus i dTáirgí Fiadhúlra.

Leanúnach

9.

·Bearta frithéillithe a chuíchóiriú i gcláir lena ndírítear ar neart a chur le hinniúlachtaí gníomhaithe ábhartha i gcoinne na coireachta fiadhúlra, laistigh den Aontas agus lasmuigh den Aontas araon (lena n‑áirítear i measc: oifigigh calafoirt agus aerfoirt; cuideachtaí iompair agus idirghabhálaithe airgeadais/earnáil an airgeadais; údaráis fhorfheidhmithe; agus údaráis riaracháin), i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus i ndlúthchomhar le hOifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC).

Ó 2023

10.Cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur san áireamh i gcomhthéacs thrádáil san fhiadhúlra a rialú i dtíortha tionscnaimh, trasdula agus cinn scríbe

COM, BS

·Scrúdú a dhéanamh ar leathadh na ngalar zónóiseach a bhaineann le trádáil in ainmhithe fiáine agus le táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe, amhail feoil dufaire.

Ó 2023

11.

·Bearta spriocdhírithe a chur chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí sin feadh na slabhraí soláthair, i gcomhréir le ceithre phrionsabail treoraíochta na Comhpháirtíochta Comhoibríche maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe a Dhéanamh ar an bhFiadhúlra 19 , lena n‑áirítear tionscadail amhail an tionscadal ‘Sábháilteacht feadh na hÁise le haghaidh an Chomhshaoil Domhanda’ atá cistithe ag an Aontas, arna chur chun feidhme ag UNODC, agus an clár um bainistíocht inbhuanaithe fiadhúlra arna chur chun feidhme ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe 20 .

Ó 2024



Tosaíocht 2 – An creat dlíthiúil agus beartais i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra a neartú

Cuspóirí

Gníomhaithe

Gníomhaíochtaí

Amchlár táscach

12.Creat a chur ar bun chun plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a chur chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais

BS,

COM

·Freagrachtaí soiléire a shainmhíniú agus a shannadh maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus comhordú idir na gníomhaithe ábhartha a áirithiú (mar shampla: (i) trí choistí idirghníomhaireachta nó meabhráin tuisceana a chruthú; (ii) trí phleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh; nó (iii) trí phointe fócasach náisiúnta a chur ar bun).

2023

13.

·Creat tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun le haghaidh an phlean gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don chreat sin a bheith i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus na struchtúir atá ann cheana chun go seachnófar ualach breise riaracháin ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

2023/2024

14.

·Feidhm a bhaint as EMPACT mar phríomhionstraim chun plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra a chur chun feidhme, agus páirt a thabhairt do chomhordaitheoirí náisiúnta EMPACT i gcur chun feidhme an phlean gníomhaíochta.

Leanúnach

15.A áirithiú go mbeidh beartas an Aontais agus an beartas náisiúnta maidir le trádáil san fhiadhúlra agus gáinneáil ar fhiadhúlra cuimsitheach agus i gcomhréir leis na gealltanais, na caighdeáin agus an bhfianaise‑is‑fearr idirnáisiúnta.

COM, BS

·Tacú ar bhonn gníomhach le hinstitiúidí agus saineolaithe idirnáisiúnta agus oibriú leo chun taighde a ghabháil de láimh agus uirlisí treoraíochta agus sainaitheantais a fhorbairt/a nuashonrú (uirlisí teicniúla lena n‑áirítear treoirleabhair i ndáil le heolaíocht fhóiréinseach agus sainaitheantas) maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha a bhaineann leis an trádáil san fhiadhúlra.

Leanúnach

16.

·Smachtbhannaí atá comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach a thabhairt isteach agus a fhorchur le haghaidh coireacht fiadhúlra i gcomhréir leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Coireacht Chomhshaoil (a luaithe a ghlacfar í) agus faisnéis agus dea‑chleachtais a mhalartú chun comhsheasmhacht a áirithiú i gcur i bhfeidhm na smachtbhannaí sin.

Ó 2023

17.

·Na treoirlínte ón Aontas atá tugtha cothrom le dáta maidir leis an trádáil in eabhar a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus ar na torthaí.

Leanúnach

18.

·Grinnscrúdú níos fearr a dhéanamh ar allmhairí trófaithe fiaigh (trí, mar shampla,: (i) féachaint le síneadh a chur leis an gceanglas i ndáil le ceadúnas allmhairiúcháin le haghaidh trófaithe fiaigh a bhaineann le speicis bhreise a chumhdaítear le hIarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle; (ii) oibriú in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun an fhianaise atá ar fáil a thabhairt cothrom le dáta, ar fianaise í faoin tionchar a bhíonn ag fiach ainmhithe mar trófaithe ar an bhfiadhúlra; agus (iii) na tuairimí ón nGrúpa um Athbhreithniú a dhéanamh ar Theaglamaí Tíre‑Speiceas i ndáil le Trófaithe Fiaigh a Allmhairiú a dhéanamh níos trédhearcaí).

Ó 2023

19.

·Iniúchadh a dhéanamh ar an ngá atá leis na bearta atá ann cheana a athbhreithniú ó thaobh breisluach agus indéantacht de, nó an gá uirlisí nua a chruthú chun trádáil neamh‑inbhuanaithe san fhiadhúlra a laghdú (e.g. ‘liosta dearfach’ de speicis arbh fhéidir eiseamail díobh a thógtar as an bhfiántas a thrádáil agus a choinneáil mar pheataí; coir a dhéanamh den trádáil uile i bhfiadhúlra a foinsíodh go neamhdhleathach; nó a cheangal go ndéanfaí na hainmhithe agus na plandaí uile a thógtar go dtí an tAontas a chlárú).

Ó 2023

20.Páirt a thabhairt do na páirtithe leasmhara ábhartha, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i bhforbairt agus cur chun feidhme na gníomhaíochta i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra

COM, BS

·Cruinnithe páirtithe leasmhara a reáchtáil go tráthrialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear cruinnithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta; leis na húdaráis ábhartha forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha; leis an tsochaí shibhialta; leis an earnáil phríobháideach; leis an lucht acadúil; agus le rialtais náisiúnta.

Ó 2023

21.

·Seisiúin théamacha de chuid Ghrúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra a eagrú, le rannpháirtíocht grúpaí ábhartha na sochaí sibhialta, gnólachtaí agus lucht léinn.

Ó 2023

22.

·Tacú le laethanta gníomhaíochta ildisciplíneacha EMPACT a eagrú mar chuid de EMPACT.

Leanúnach

23.Dul i mbun oibre leis na hearnálacha gnó atá bainteach leis an trádáil san fhiadhúlra

COM, BS

·Seisiúin de Ghrúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra a eagrú in éineacht le hionadaithe ábhartha gnó chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha (e.g. cógais thraidisiúnta, peataí coimhthíocha/a foinsíodh ón bhfiadhúlra, tionscal na sócúlachta, turasóireacht fiaigh, adhmad, an tionscal iascaireachta agus tionscal an éisc, na dtáirgí agus na trádála, iompar, cuideachtaí cúiréireachta, agus trádáil ar líne).

Ó 2023

24.

·Comhar éifeachtach a áirithiú idir údaráis bainistíochta CITES agus na húdaráis náisiúnta riaracháin a bhfuil freagracht orthu as maoirseacht a dhéanamh ar na rialacha a leagtar amach faoin treoir atá beartaithe maidir le dícheall cuí in inbhuanaitheacht chorparáideach 21 agus as na rialacha sin a fhorfheidhmiú.

Ó 2023

25.

·Treoirlínte a fhorbairt maidir le conas ba cheart do ghnólachtaí a gcuid oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh faoin treoir a mholtar i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, a mhéid a bhaineann leis an trádáil san fhiadhúlra.

2024

Tosaíocht 3 –Rialacháin agus beartais a fhorfheidhmiú chun gáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac go héifeachtach

Cuspóirí

Gníomhaithe

Gníomhaíocht (gníomhaíochtaí)

Amchlár táscach

26.Ráta braite gníomhaíochtaí neamhdhleathacha laistigh den Aontas a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí tosaíochta

BS, COM, Europol

·A áirithiú go n‑áireofar freisin sa phróiseas forbartha i ndáil le measúnuithe ar bhagairt na coireachta tromchúisí eagraithe (SOCTAnna) measúnú ar an mbagairt ó gháinneáil ar fhiadhúlra freisin, bunaithe ar shonraí agus – i gcás inarb indéanta – ar mheasúnuithe náisiúnta ar bhagairtí arna soláthar ag na Ballstáit. Sonraí a chuíchóiriú maidir le trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra.

2023

27.

·Plé a dhéanamh go tráthrialta ar rioscaí tosaíochta (agus ar bheartais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin) i nGrúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra.

Leanúnach

28.

·Uirlisí agus modhanna den chéad scoth a fhorbairt agus a úsáid chun obair na n‑údarás forfheidhmithe dlí a éascú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i ndáil le fiadhúlra a bhrath, mar shampla feidhmchláir mhóibíleacha do bhaill foirne túslíne a áireamh. Dea‑chleachtais ag an nGrúpa Forfheidhmithe a thuairisciú.

Leanúnach

29.

·Córas r‑cheadúnaithe AE-CITES a chur chun feidhme chun: (i) trádáil dhleathach a éascú; (ii) comhroinnt sonraí a éascú; (iii) sainaithint ceadanna bréagacha a éascú; agus (iv) tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a spreagadh chun córais chomhoiriúnacha a fhorbairt.

2023/2024

30.

·An córas r‑cheadúnaithe AE‑CITES a nascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim (CSW‑CERTEX AE) (modúl lárnach Thimpeallacht Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custaim) chun seiceálacha r‑cheadúnaithe AE‑CITES ag údaráis chustaim an Aontais a éascú, agus mar sin feabhas a chur ar fhorfheidhmiú forálacha CITES ag na teorainneacha.

2024

31.

·Breithniú a dhéanamh maidir leis an oibleagáid marcála a mhéadú i ndáil le speicis bheo a chumhdaítear le hIarscríbhinn B de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle.

2024

32.A áirithiú go mbeidh an saineolas earnála atá riachtanach ag na húdaráis fhorfheidhmithe dlí (lena n‑áirítear údaráis fhorfheidhmithe an dlí choiriúil agus na cúirteanna) chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil fiadhúlra

COM, BS, Europol, CEPOL, Eurojust, EJTN, ERA

·Seisiúin in oiliúint trasghairme agus trasteorann a eagrú le haghaidh údaráis fhorfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha, agus breithiúna coiriúla i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear oiliúint spriocdhírithe maidir le: (i) conas feabhas a chur ar cháilíocht na n‑imscrúduithe ar shreabha airgeadais; (ii) conas díriú ar gháinneáil ar fhiadhúlra ar líne; agus (iii) conas úsáid níos fearr a bhaint as modhanna fóiréinseacha nua‑aimseartha.

Ó 2023

33.

·Oiliúint maidir le coireacht fiadhúlra a chomhtháthú isteach i gcuraclaim náisiúnta na n‑acadamh/na scoileanna oiliúna is ábhartha.

2025

34.

·Sonraí, ábhair oiliúna agus cásdlí a chomhroinnt i measc na mBallstát, ag úsáid uirlisí amhail bunachar sonraí cásdlí de chuid Líonra Eorpach na n‑Ionchúisitheoirí le haghaidh an Chomhshaoil, Malartán Faisnéise an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil san Fhiadhúlra (TWIX), etc.

Leanúnach

35.

·Dul i mbun dlúthchomhair leis na heagraíochtaí, na comhlachais, agus na líonraí ábhartha, agus rannchuidiú le tionscadail a bhfuil sé d’aidhm leo dul i ngleic le coireanna comhshaoil agus iad a ionchúiseamh 22 .

Leanúnach

36.

·Oiliúint idir piaraí a chur chun cinn agus tacú léi.

Leanúnach

37.

·An méid seo a leanas a spreagadh agus tacú leis: (i) speisialtóireacht comhlachtaí forfheidhmithe dlí, comhlachtaí breithiúnacha, agus údaráis inniúla eile ar an leibhéal náisiúnta; agus (ii) comhthiomsú acmhainní, mar shampla trí aonaid thiomnaithe forfheidhmithe fiadhúlra a chur ar bun laistigh de na gníomhaireachtaí ábhartha forfheidhmithe dlí uile.

Ó 2023/2024

38.

·Údaráis inniúla forfheidhmithe dlí a spreagadh chun go dtacóidh siad le himeachtaí coiriúla arna stiúradh ag póilíní/ionchúisitheoirí, chun go mbeidh siad rannpháirteach iontu agus chun go soláthróidh siad a gcuid saineolais.

Leanúnach

39.

·Rochtain don phobal ar chásdlí agus ar dhoiciméid cúirte ar líne a chur chun cinn agus cásanna a bhíonn i mbéal an phobail a phoibliú (agus aird chuí á tabhairt do chosaint sonraí agus cearta príobháideachais) agus dhá aidhm i gceist leis sin eadhon daoine a chur ó ghníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh agus dea‑chleachtais a chur chun cinn san fhorfheidhmiú.

Ó 2024

40.Feabhas a chur ar chomhar, ar chomhordú, ar chumarsáid agus ar shreabha sonraí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu

COM, BS, gníomhaireachtaí an Aontais

·Cainéil chumarsáide a chur ar bun laistigh de na Ballstát idir: (i) údaráis náisiúnta riaracháin/earnála; (ii) údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí; agus (iii) custaim.

2024

41.

·Cur chuige coiteann a áirithiú i ndáil le faisnéis oibríochtúil faoi choireanna fiadhúlra a bhailiú atá cruinn agus iomlán. Comhleanúnachas a áirithiú, a mhéid is féidir, le bailiú sonraí staidrimh maidir le himeachtaí coiriúla comhshaoil (lena n‑áirítear coireacht fiadhúlra) ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí (póilíní, ionchúisitheoirí).

2024

42.

·Faisnéis oibríochtúil agus straitéiseach faoi choireacht fiadhúlra a chomhroinnt go córasach le Europol tríd an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) chun an méid seo a leanas a áirithiú faoi na sonraí riachtanacha uile arb ionann iad agus pictiúr réadúil de leibhéal na bagartha a bhaineann le coireacht chomhshaoil: (i) go gcuirfear ar fáil iad do Europol; agus (ii) go gcuirfear san áireamh iad sa Mheasúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe san Aontas Eorpach.

Leanúnach

43.

·Ar an leibhéal náisiúnta, foirmeacha faisnéise faoi riosca a eisiúint a bheidh le comhroinnt trí Chóras Custam an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht Riosca le haghaidh tráchtearraí fiadhúlra chun feabhas a chur ar phróifíliú rioscaí i ndáil le seiceálacha custam/malartú faisnéise le hoifigigh túslíne um fhorfheidhmiú de chuid an Aontais.

Leanúnach

44.

·Comhar éifeachtach agus faisnéis chomhroinnte a áirithiú idir údaráis ábhartha CITES, lárionaid náisiúnta Europol, Eurojust, OLAF agus Meitheal Europol i ndáil le Coireacht Fiadhúlra.

Leanúnach

45.

·Comhar tráthrialta agus struchtúrtha agus comhroinnt faisnéise a chur ar bun idir Grúpa an Aontais Eorpaigh um Fhorfheidhmiú i ndáil le Trádáil san Fhiadhúlra agus na gníomhaithe ábhartha, faoi EMPACT.

Ó 2023

46.

·Oibríochtaí comhpháirteacha a dhéanamh go tráthrialta a mbainfidh comhar trasteorann le Ballstáit an Aontais, leis an gCoimisiún Eorpach (OLAF), agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais amhail Eurojust, Frontex, Europol, agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach leo. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin a bheith ina gcuid de chur chun feidhme pleananna gníomhaíochta oibríochtúla EMPACT.

Leanúnach

47.

·Tacaíocht oibríochtúil/bhreithiúnach a iarraidh ar Europol/Eurojust go córasach maidir le cásanna a bhaineann le coireacht fiadhúlra thromchúiseach agus eagraithe.

Leanúnach

48. Aghaidh a thabhairt go córasach ar na naisc idir gáinneáil ar fhiadhúlra agus coireacht eagraithe, go háirithe tríd an ngníomhaíocht neartaithe chun díriú ar shreabha airgeadais aindleathacha

COM, BS, Europol, Eurojust

·Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun a n‑inniúlacht a neartú maidir le: (i) na struchtúir choiriúla eagraithe a dhíchóimeáil a bhaineann le gáinneáil ar fhiadhúlra; agus (ii) imscrúdú a dhéanamh ar shreabha airgeadais i gcomhthéacs na coireachta fiadhúlra. Ba cheart oiliúint agus múscailt feasachta ar shaintréitheacht agus rioscaí na coireachta a áireamh sa tacaíocht sin 23 .

Ó 2023

49.

·I gcomhréir le straitéis an Aontais chun dul i ngleic le coireacht eagraithe 2021-2025, imscrúduithe airgeadais a sheoladh go córasach i ndáil le himscrúduithe ar choireacht eagraithe agus, a luaithe a chuirfidh lucht na timpeallachta airgeadais in iúl gur ann do shócmhainní coiriúla, imscrúduithe agus nósanna imeachta a sheoladh go córasach ar aisghabháil sócmhainní.

Leanúnach

50.

·Leanúint le géarú an chomhraic i gcoinne sciúradh sreafaí airgeadais a eascraíonn as gáinneáil ar fhiadhúlra trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/1673 maidir leis an dlí coiriúil a úsáid chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin.

Leanúnach

51.

·Feasacht a mhúscailt faoi conas is féidir, de bhíthin na treorach maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní 24 (tar éis glacadh agus teacht i bhfeidhm na treorach sin) agus de bhíthin Threoir (AE) 2019/1153 lena leagtar síos rialacha lena n‑éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, 25 iad a úsáid chun gáinneáil ar fhiadhúlra a chomhrac.

Ó 2023/2024

52.

·Coigistiú córasach na bhfáltas ó gháinneáil fiadhúlra i gcásanna coiriúla a ghéarú, ag múscailt feasachta i measc oifigigh forfheidhmithe ar na huirlisí coigistithe, ar beart athchomhairleach iad, atá ar fáil. Úsáid na sócmhainní coigistithe a spreagadh chun go rannchuideofar le bearta caomhnaithe agus leis an gcomhrac i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra.

Ó 2023

53.An iarracht a mhéadú chun dul i ngleic leis na gnéithe ar líne den gháinneáil ar fhiadhúlra, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme agus oibriú le hardáin ar líne

COM, BS

·Moltaí Rún Chomhdháil 11.3 ó CITES maidir le coireacht fiadhúlra atá nasctha leis an idirlíon, míreanna 12 agus 13, a chur chun feidhme.

Ó 2023

54.

·Comhar éifeachtach a áirithiú idir bainistíocht CITES agus údaráis fhorfheidhmithe agus comhordaitheoirí seirbhísí digiteacha faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha 26 , lena n‑áirítear trí acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun go ndéanfar obair leantach maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhraitear (e.g. trí thascfhórsaí idirlín a chur ar bun chun tacú le bainistíocht CITES agus le húdaráis fhorfheidhmithe).

Ó 2022

55.

·Comhordú a áirithiú idir forfheidhmiú ag CITES agus grúpaí saineolaithe agus an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha.

Ó 2024

56.

·Treoirlínte a fhorbairt a bhaineann go sonrach leis an Aontas, ar treoirlínte iad maidir leis an trádáil i speicis fhiáine ar líne, i gcomhréir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. 

2025

57.Feabhas a chur ar rochtain ar chúram le haghaidh ainmhithe nó plandaí beo a ghabhtar nó a choigistítear

BS, COM

·Treoirlínte CITES a leanúint maidir le diúscairt ainmhithe beo a choigistítear, de réir mar atá i Rún Chomhdháil 17.8 CITES maidir le diúscairt eiseamal de speicis atá ar liosta CITES a bhí á dtrádáil go neamhdhleathach agus a coigistíodh, ag áirithiú go mbreithnítear go leordhóthanach na roghanna uile maidir le diúscairt/cúram agus go bhfuil údar cuí leis na cinntí críochnaitheacha a dhéantar.

Ó 2023

58.

·Líonraí de lárionaid speisialaithe tarrthála a mhéadú ar an leibhéal náisiúnta agus faisnéis a chomhroinnt faoi na lárionaid ar leibhéal an Aontais.

2025

59.

·Comhar a chur chun cinn idir na húdaráis ábhartha chun go laghdófar moill gan ghá ar imscrúduithe agus dlíthíocht chun go laghdófar díobháil bhreise don eiseamal gáinneáilte.

Leanúnach

60.

·Iarrachtaí a mhéadú, i gcás inarb iomchuí, chun eiseamail bheo a ghabhtar a chur ar ais san fhiántas go héifeachtach.

Leanúnach



Tosaíocht 4 – An chomhpháirtíocht dhomhanda de na tíortha tionscnaimh, na tíortha is tomhaltóirí agus na tíortha idirthurais a neartú i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra

Cuspóirí

Gníomhaithe

Gníomhaíocht (gníomhaíochtaí) chun tosaigh

Amchlár táscach

61.Próifíl an chomhraic i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra a ardú ar fud an domhain

COM, HRVP, BS

·Gáinneáil ar fhiadhúlra a áireamh go tráthrialta ar chlár oibre cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha ardleibhéil.

Leanúnach

62.

·Leanúint den idirphlé le tíortha agus réigiúin tosaíochta ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil, lena n‑áirítear mar chuid de Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí agus de chomhpháirtíochtaí foraoise.

Leanúnach

63.

·A áirithiú go bpléifear le gáinneáil ar fhiadhúlra mar choir thromchúiseach, lena n‑áirítear trí straitéis an Aontais i leith dul i ngleic le coireacht eagraithe 2021-2025 a chur chun feidhme, agus trí ghlacadh prótacail a chur chun cinn lena gcumhdaítear gáinneáil ar fhiadhúlra faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.

Ó 2023

64.A áirithiú go dtacaítear le gníomhaíochtaí i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlrale beartais trádála agus ionstraimí an Aontais

COM, BS

·Gáinneáil ar fhiadhúlra a áireamh ar chlár oibre in: (i) idirphlé trádála le príomhchomhpháirtithe; agus (ii) ar Choiste na hEagraíochta Domhanda ar Thrádáil agus an Comhshaol.

Leanúnach

65.

·Gealltanais uaillmhianacha a mholadh le haghaidh comhaontuithe saorthrádála amach anseo, lena n‑áirítear mar chuid de thacaíocht leanúnach an Aontais chun an Limistéar Saorthrádála Mór‑roinne a neartú.

Leanúnach

66.Inniúlacht tíortha tábhachtacha tionscnaimh, trasdula agus margaidh lasmuigh den Aontas a neartú chun an gháinneáil fiadhúlra a chomhrac agus feabhas a chur ar an gcomhar maidir le forfheidhmiú idir na Ballstáit, gníomhaithe forfheidhmithe an Aontais agus tíortha tábhachtacha nach Ballstáit den Aontas iad

COM, BS, Europol

·Oiliúint a chur ar ghníomhairí forfheidhmithe fiadhúlra an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta agus na hionstraimí atá ar fáil chun na críche sin.

Ó 2023

67.

·Inniúlacht a fhothú agus oiliúint eolaíoch agus theicniúil a sholáthar do ghníomhaireachtaí ábhartha forfheidhmithe, ionchúisitheoirí agus breithiúna i dtíortha tábhachtacha nach Ballstáit den Aontas iad a ndéanann trádáil neamhdhleathach sa fhiadhúlra difear dóibh, lena n‑áirítear uasghrádú a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla náisiúnta, chun comhar imscrúdaitheach trasteorann agus comhar idir breithiúna náisiúnta a chumasú.

Leanúnach

68.

·Teagmhálacha déthaobhacha a spreagadh, agus oiliúint agus malartuithe idir piaraí. Tacaíocht a thabhairt do líonraí réigiúnacha idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil lasmuigh den Eoraip amhail líonra Jaguar i Meiriceá Laidineach nó líonra TWIX san Afraic 27 , agus iad a spreagadh chun dul i mbun comhair lena gcontrapháirteanna Eorpacha.

Leanúnach

69.

·A bheith rannpháirteach in obair iad siúd a leanas agus tacaíocht a thabhairt i leith a gcuid oibre: (i) na líonraí domhanda ábhartha, amhail an Cuibhreannas Idirnáisiúnta um Choireacht Fiadhúlra a Chomhrac (ICCWC 28 ) agus an Líonra Idirnáisiúnta le haghaidh Comhlíontacht agus Forfheidhmiú (INECE); agus (ii) eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta, amhail an Chomhghuaillíocht um Fáil Réidh le Gáinneáil ar Fhiadhúlra ar Líne.

Leanúnach

(1)

     IPBES, Achoimre le haghaidh lucht ceaptha beartas ar an measúnú téamach ar úsáid inbhuanaithe speiceas fiáin a rinne an tArdán Idir‑rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, 2022.

(2)

   UNODC, Tuarascáil ar Choireacht i gcoinne an Fhiadhúlra ar fud an Domhain, 2020.

(3)

     TRAFFIC, Forbhreathnú ar urghabhálacha san Aontas Eorpach in 2020 d’fhiadhúlra a liostaíodh in CITES, 2022.

(4)

     IPBES, Achoimre le haghaidh lucht ceaptha beartas ar an tuarascáil mheasúnachta dhomhanda ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais ón Ardán Idir‑Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, Ardrúnaíocht IPBES, Bonn, An Ghearmáin, 2019.

(5)

     Maxwell, S. et al., Biodiversity: the ravages of guns, nets and bulldozers, Nature, 536, lgh. 143-145, 2016.

(6)

     UNODC, Global Programme for Combating Wildlife and Forest Crime, Tuarascáil Bhliantúil, 2021.

(7)

     An Coimisiún Eorpach, An Ard‑Stiúrthóireacht um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt, Staidéar ar an idirghníomhaíocht idir an tslándáil agus caomhnú an fhiadhúlra san Afraic Fho‑Shahárach: tuarascáil achoimre An Coimisiún Eorpach, 2019.

(8)

     UNOCD, Tuarascáil ar Choireacht i gcoinne an Fhiadhúlra ar fud an Domhain, 2020.

(9)

   Europol, Environmental Crime in the age of Climate Change, 2022.

(10)

     TRAFFIC, Forbhreathnú ar urghabhálacha san Aontas Eorpach d’fhiadhúlra a liostaítear in CITES, Mí Eanáir 2019- Mí na Nollag 2019, 2020.

(11)

     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra, COM/2016/087 final.

(12)

   Baineann an gá sin leis an gcomhar agus leis an gcomhordú leo seo a leanas: bainistíocht CITES; údaráis forfheidhmithe agus eolaíocha; gníomhairí custaim; na póilíní; ionchúisitheoirí poiblí; na breithiúna; údaráis sláinte; údaráis leasa ainmhithe agus tréidliachta; aonaid faisnéise airgeadais; aireachtaí gnóthaí eachtracha; agus misin taidhleoireachta i measc rudaí eile.

(13)

   Féach an Chomhghuaillíocht um Fáil Réidh le Gáinneáil ar Fhiadhúlra ar Líne .

(14)

   Féach Welcome to Reducing Opportunities for Unlawful Transport of Endangered Species (routespartnership.org).

(15)

   Tá na pointí uile a dtugtar tuairisc orthu sa mhír seo ina gcuspóirí bunúsacha ag EMPACT freisin, ar tionscnamh é sin atá á chur ar aghaidh ag Ballstáit an Aontais chun bagairtí a bhaineann le coireacht eagraithe agus thromchúiseach idirnáisiúnta a aithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu. Bíonn EMPACT i réim ar feadh timthriallta 4 bliana, agus is ardán ildisciplíneach comhair é ar a bhfuil na Ballstáit, á dtacú ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais. Tá tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe eile poiblí agus príobháideacha comhlachaithe leis an ardán freisin. 

(16)

   Líonra Eorpach na nIonchúisitheoirí le haghaidh an Chomhshaoil, Líonra an Aontais Eorpaigh um Chur i nGníomh agus um Fhorfheidhmiú Dhlí na Timpeallachta, Fóram an Aontais Eorpaigh de Bhreithiúna le haghaidh an Chomhshaoil, agus líonraí réigiúnacha, mar shampla.

(17)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas chomh maith leis sin agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, COM/2021/706 final.

(18)

 Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‑aisghairtear (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006.

(19)

Féach Comhpháirtíocht Chomhoibríoch maidir le Bainistíocht Inbhuanaithe a Dhéanamh ar an bhFiadhúlra (fao.org) .

(20)

Féach Bainistíocht Inbhuanaithe an Fhiadhúlra, Tairseach na Tacaíochta Beartais agus an Rialachais agus Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, (fao.org) .

(21)

   Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, COM/2022/71 final.

(22)

   Lena n‑áirítear Fóram an Aontais Eorpaigh de Bhreithiúna le haghaidh an Chomhshaoil, Líonra Eorpach na nIonchúisitheoirí le haghaidh an Chomhshaoil, Líonra an Aontais Eorpaigh um Chur i nGníomh agus um Fhorfheidhmiú Dhlí na Timpeallachta, An Gréasán Neamhfhoirmiúil um Chur i gCoinne Coirpeacht Chomhshaoil, EnviCrimeNet, agus an tionscadal Ionchúiseamh Rathúil na Coireachta Fiadhúlra san Eoraip.

(23)

   E.g. uirlisí amhail an Wildlife Trade Financial Toolkit, https://themisservices.co.uk/iwt .

(24)

      Féach an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, COM/2020/825 final.

(25)

     Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n‑éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB, PE/64/2019/REV/1 ón gComhairle.

(26)

     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, COM/2020/825 final.

(27)

   E.g. AFRICA-TWIX .

(28)

     De chomhdhéanamh Interpol, Rúnaíocht CITES, na hEagraíochta Domhanda Custaim, UNODC agus an Bhainc Dhomhanda.