AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2022
COM(2022) 494 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát
{SWD(2022) 323 final}
Teachtaireacht ón gCoimisiún
Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát
Tá ceapadh beartas atá fianaise-bhunaithe ríthábhachtach chun beartais rathúla agus inchreidteacht gníomhaíochtaí beartais a áirithiú. Go háirithe, le measúnuithe tionchair, is féidir roghanna eolasacha beartais a dhéanamh agus bíonn measúnuithe ar thionchar dáileach ina gcuidiú le tuiscint a fháil ar an gcaoi ar dócha go ndéanfaidh siad difear do chodanna éagsúla den daonra. Tá sé sin ábhartha go háirithe ós rud é go bhféachann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit le haistriú digiteach agus le haistriú glas a dhéanamh atá cóir ar bhonn sóisialta, agus go bhfuil dúshláin rompu a bhaineann leis an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála de dheasca chogadh ionsaithe na Rúise san Úcráin.
Bunchloch a rathúnais is ea geilleagar sóisialta margaidh uathúil na hEorpa. Ina treoirlínte polaitiúla, leag an tUachtarán von der Leyen béim ar a thábhachtaí atá sé nach bhfágfaí aon duine ar lár san aistriú digiteach agus san aistriú glas. Chuir sí i dtábhacht freisin rannchuidiú Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in 2017, ina leagtar amach 20 prionsabal le haghaidh Eoraip shóisialta láidir atá cóir agus ionchuimsitheach agus ina n‑áirithítear comhionannas deiseanna.
Ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto i mí na Bealtaine 2021, ba dhíol sásaimh do cheannairí an Aontais an sprioc maidir le 15 mhilliún duine ar a laghad a thabhairt slán as an mbochtaineacht agus as an eisiamh sóisialta faoi 2030, mar a chuir an Coimisiún i láthair i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe
. Bliain amháin tar éis an Chruinnithe Mullaigh Shóisialta, tá gealltanas tugtha ag Ballstáit an Aontais spriocanna náisiúnta a bhaint amach chun an sprioc sin a bhaint amach le chéile. I gcomhthráth leis sin, faoi chuimsiú an Phlean Gníomhaíochta, is é is aidhm do thionscnaimh nua ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le neamhionannais ioncaim a laghdú, lena n‑áirítear an treoir maidir le pá íosta agus an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le scéimeanna ioncaim íosta.
Tá leibhéal na bochtaineachta agus an neamhionannais ioncaim sách íseal san Aontas de réir caighdeáin idirnáisiúnta, agus tá laghdú tagtha ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta le deich mbliana anuas, cé gur tháinig méadú ar an neamhionannas ioncaim le haghaidh daoine ar ioncam níos ísle tar éis an chúlaithe eacnamaíochta idir 2008-2012. Leis an ngníomhaíocht a rinne an tAontas agus na rialtais náisiúnta (lena n‑áirítear scéimeanna tacaíochta fostaíochta agus cobhsaitheoirí uathoibríocha), maolaíodh buille socheacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 agus níor tháinig méadú breise ar an neamhionannas. Mar sin féin, bhí tionchar diúltach díréireach ag an bpaindéim ar mhná agus ar roinnt grúpaí amhail daoine óga, oibrithe ar bheagán oiliúna agus daoine faoi mhíchumas.
Cé go bhfuil an Eoraip ag teacht chuici féin ó phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear don chomhtháthú sóisialta mar gheall ar fhorbairtí reatha. Mar gheall ar ionradh gan údar agus gan chúis na Rúise ar an Úcráin, tá leibhéal ard neamhchinnteachta eacnamaíche ann, go háirithe maidir leis an soláthar fuinnimh agus praghsanna bia. Agus ráta ard boilscithe ann, tá an baol ann go ndéanfar staid na dteaghlach ar ioncam íseal agus na ngrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste a ghéarú, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag an neamhchinnteacht sa slabhra soláthair ar fhostaíocht in earnálacha áirithe.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair chun tionchar eacnamaíoch an chogaidh a mhaolú. Ionas go n‑éireoidh an Eoraip as breoslaí iontaise na Rúise a úsáid, tá roinnt roghanna curtha chun cinn i bPlean REPowerEU an Choimisiúin: fuinneamh a choigilt, soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, agus dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite lena chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, i dtionscal agus i nginiúint cumhachta. Is é is aidhm do phlean an Choimisiúin dar teideal ‘Gás a choigilt le haghaidh geimhreadh sábháilte’ dlús a chur le céimniú amach bhreoslaí iontaise na Rúise agus éileamh gáis an Aontais a laghdú agus aird ar leith á tabhairt ar thomhaltóirí leochaileacha an tráth céanna. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na tograí ón gCoimisiún le haghaidh idirghabháil éigeandála i margaí fuinnimh na hEorpa dul i ngleic leis na harduithe as cuimse a tháinig ar phraghsanna le déanaí agus an brú atá á chur ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí ar fud an Aontais mar gheall ar na harduithe sin a laghdú. Chun cur i gcoinne praghsanna bia agus fuinnimh a bhfuil méadú ag teacht orthu go tapa, ghlac na Ballstáit bearta arb é is aidhm dóibh tionchar an bhoilscithe ar theaghlaigh a mhaolú, go háirithe na teaghlaigh is leochailí.
Meastar freisin go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide agus ag an digitiú ar dháileadh ioncaim agus ar neamhionannais. Leis an aistriú glas, d’fhéadfaí suas le 1 mhilliún post breise a chruthú faoi 2030 agus 2 mhilliún post breise a chruthú faoi 2050 mar aon leis an gcáilíocht poist a fheabhsú, ach d’fhéadfadh iarmhairtí éagsúla a bheith aige ar mhargadh an tsaothair ag brath ar an earnáil, an réigiún, leibhéal an uirbithe (uirbeach/tuaithe), na scileanna riachtanacha nó na cineálacha post. Is é atá i gceist leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ freagairt mheántéarmach an Aontais ar aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus déantar an ghné shóisialta a chomhtháthú ina cheapadh beartas ón tús leo. Chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach, dhréachtaigh na Ballstáit pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Tá siad tiomanta freisin do bheartas cuimsitheach a ghlacadh le haghaidh aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, leagtar amach treoir nithiúil do na Ballstáit maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta a bhaineann leis an aistriú, lena n‑áirítear trí anailís a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeart beartais, agus úsáid iomlán á baint as deiseanna cistiúcháin an tráth céanna. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún a fhís maidir le claochlú digiteach na hEorpa faoi 2030 i láthair agus mhol sé Compás Digiteach do Dheacáid Dhigiteach an Aontais. I measc na nithe a thagann chun cinn go minic ann tá bunscileanna digiteacha do chách agus an deis don lucht saothair scileanna speisialaithe sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a shealbhú, mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis an athsciliú agus leis an uas-sciliú ionas nach gcuirfear leis an mbearna dhigiteach idir oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe ardoilte.
Le suirbhéanna a rinneadh le déanaí, léirítear gurb é an t‑ábhar imní is mó atá ag muintir na hEorpa na neamhionannais shóisialta (agus fostaíocht, saincheisteanna comhshaoil agus an t‑athrú aeráide ina dhiaidh sin) agus go mbaineann an méadú is mó i dtéarmaí imní ar leibhéal an Aontais le hardú praghsanna/boilsciú agus leis an gcostas maireachtála. Fiú roimh an bpaindéim, theastaigh ó 80 % de shaoránaigh an Aontais go ndéanfadh a rialtais náisiúnta bearta breise chun neamhionannais ioncaim a laghdú
. D’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag neamhionannas ard ioncaim ar an bhfás eacnamaíoch agus d’fhéadfaí an comhtháthú sóisialta a chur i mbaol mar gheall air, rud a chuireann samhail an gheilleagair shóisialta margaidh i mbaol agus, dá bhrí sin, a dhéanann dochar do luachanna na hEorpa. Is ábhar imní atá ag dul i méid iad an neamhionannas ioncaim agus an easpa cothroime sóisialta ní hamháin do dhaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, ach d’fhormhór na ndaoine ar mheánioncam freisin.
Chun a áirithiú nach gcuirfidh na treochtaí fadtéarmacha agus na suaití gearrthéarmacha a ndéantar tuairisc orthu thuas leis an neamhionannas atá ann cheana, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar cháilíocht an cheaptha beartas trí mheasúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas agus na n‑athchóirithe atá ann cheana agus na mbeartas agus na n‑athchóirithe nua. Agus iad á gceapadh, tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar an tionchar a bheidh acu ar ghrúpaí socheacnamaíocha éagsúla agus ar limistéir gheografacha éagsúla. Tá gá leis sin chun beartais a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr agus na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith acu a mhaolú, chun spriocanna laghdaithe bochtaineachta 2030 a bhaint amach agus aistrithe atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cóir a áirithiú.
Tugtar treoir sa Teachtaireacht seo do na Ballstáit maidir leis an gcaoi is fearr chun measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh ar ioncam grúpaí socheacnamaíocha éagsúla agus iad a chur san áireamh ina bpróisis ceaptha beartas. Leagtar amach inti próiseas chun modheolaíochtaí atá ann cheana a fhorbairt a thuilleadh in éineacht leis na Ballstáit, agus cuirtear i láthair inti an tacaíocht is féidir leis an gCoimisiún a chur ar fáil do na Ballstáit.
Coincheap na measúnuithe ar thionchar dáileach
Is próiseas é an measúnú tionchair ina mbailítear fianaise chun tacú le ceapadh beartas. Is é atá i gceist le measúnuithe ar thionchar dáileach anailís, atá cainníochtúil de ghnáth, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí dáileacha beartas (athchóirithe, infheistíochtaí, etc.) ar ioncam grúpaí éagsúla ar fud an daonra. Cuirtear faisnéis úsáideach ar fáil i measúnuithe ar thionchar dáileach agus bíonn siad ina gcuidiú leis an lucht ceaptha beartas rogha a dhéanamh idir roghanna éagsúla athchóirithe. Is féidir measúnuithe ar thionchar dáileach a bheith ina gcuidiú freisin chun an gá atá le bearta tionlacain a cheapadh chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag beartais áirithe a shainaithint agus chun faisnéis luachmhar a chur ar fáil chun na bearta sin a chalabrú.
Is féidir teicnící an mheasúnaithe ar thionchar dáileach a úsáid chun meastacháin chainníochtúla a fháil ar thionchar cánacha agus cosanta sóisialta agus athchóirithe ar chuimsiú sóisialta, agus chun léiriú a thabhairt freisin ar thionchar an athchóirithe ar sheirbhísí comhchineáil a chuirtear ar fáil go poiblí. Le linn phaindéim COVID-19, cuireadh i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le rochtain chomhionann ar sheirbhísí comhchineáil amhail cúram sláinte agus oideachas. Trí fhaireachán a dhéanamh ar éifeachtaí athdháileacha sochar comhchineáil, rannchuideofaí le leas a bhaint as a n‑acmhainneacht chun an bhochtaineacht a mhaolú agus a laghdú agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú le measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh níos cuimsithí.
Le measúnuithe ar thionchar dáileach, is féidir cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag beartais agus athchóirithe ar ioncam grúpaí éagsúla sula gcuirfear chun feidhme iad. Is féidir iad a bheith ina gcuidiú freisin le costas na n‑athchóirithe a shuí go mion (lena n‑áirítear trí roghanna éagsúla a mheas) agus le bearta ceartaitheacha a cheapadh. Na measúnuithe a dhéantar tar éis tús a chur le bearta a chur chun feidhme, bíonn siad ina rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar na bearta nuair atá sonraí ar fáil, lena léirítear cé acu is gá nó nach gá bearta breise a dhéanamh nó athchóirithe a cheartú. Is minic a dhéantar measúnuithe ar thionchar dáileach mar chuid d’ullmhúcháin bhuiséadacha, ach tá sé chomh tábhachtach céanna iad a dhéanamh chun athchóirithe a cheapadh a bhféadfadh sé nach mbeadh tionchar (díreach) acu ar bhuiséid phoiblí, ach a bhféadfadh tionchar níos mó a bheith acu ar ghrúpaí socheacnamaíocha áirithe. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, measúnuithe ar thionchar dáileach a chomhtháthú in anailísí níos leithne lena gcumhdaítear tionchar eacnamaíoch, tionchar sóisialta agus tionchar comhshaoil tionscnamh nua beartais.
Le measúnuithe ar thionchar dáileach, is féidir feabhas mór a chur ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí agus na mbeartas fioscach freisin. Tá brú mór ar an airgeadas poiblí de bharr phaindéim COVID-19 agus meastar go dtiocfaidh méadú ar chostais iasachtaíochta rialtais mar gheall ar normalú an bheartais airgeadaíochta de réir a chéile. Is féidir ath-leithdháiltí dea-chalabraithe caiteachais nó athruithe ar ioncam a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go gcoinneofar easnaimh sna buiséid phoiblí faoi smacht, ach ní féidir é sin a bheith inbhuanaithe ach amháin má dhéantar na hiarmhairtí dáileacháin a shainaithint agus a mheas go maith. Moltar cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 go ndéanfaí tionchar dáileach measta na mbeart a chur i láthair i ndréachtphleananna buiséadacha a chuireann Ballstáit an limistéir euro faoi bhráid an Choimisiúin, ach is annamh a chuirtear ar fáil é agus d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcleachtas a thuilleadh. I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, moltar i dTreoirlínte Fostaíochta 2022 go n‑úsáidfí measúnuithe ar thionchar dáileach chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta
.
Príomhghnéithe de mheasúnú ardchaigheáin ar thionchar dáileach
Is féidir príomhghnéithe measúnaithe de dhea-cháilíocht ar thionchar dáileach a shainaithint ar bhonn na ndea-chleachtas atá sna Ballstáit. Baineann siad sin lena n‑uainiú, leis na beartais a bhfuil anailís le déanamh orthu, leis na huirlisí (samhlacha agus sonraí) ba cheart a úsáid agus conas na torthaí a scaipeadh.
a.Cé agus cathain ba chóir measúnú ar thionchar dáileach a dhéanamh agus cén leibhéal gráinneachta?
Ba cheart measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh roimh agus tar éis beartais ábhartha a chur chun feidhme. Tá tábhacht ar leith ag baint le measúnú ar thionchar dáileach a dhéanamh agus athchóirithe agus infheistíochtaí á gceapadh toisc go gcuireann sé ar a chumas don lucht ceaptha beartas tionchar na mbeartas atá beartaithe ar chineálacha éagsúla teaghlach a thomhas, fiú i gcásanna nach bhfuil an t‑athchóiriú beartaithe ar dtús chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí sóisialta (mar shampla i gcás athchóirithe ar thomhaltas fuinnimh). Le hanailísí iar-chur chun feidhme, is féidir meastóireacht a dhéanamh ar thionchar athchóirithe agus infheistíochtaí ar chineálacha éagsúla teaghlach ar feadh tréimhse áirithe ama tar éis an t‑athchóiriú a chur chun feidhme. Is féidir é sin a bheith ina chuidiú le forbairt a dhéanamh ar chéimeanna breise nó ar cheartúcháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar athchóirithe. Tá siad bunaithe ar shonraí crua, ach ní mór éifeachtaí na n‑athchóirithe a scaradh ó athruithe eile iontu. Bíonn anailísí inchreidte iar-chur chun feidhme ina gcuidiú le húinéireacht agus cáilíocht na measúnuithe a áirithiú roimh chur chun feidhme. Go hidéalach, ba cheart do na húdaráis measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.
Is dea-chleachtas é an éifeacht atá ag pacáiste iomlán athruithe beartais a chur i láthair toisc go bhféadfaí roinnt idirghníomhaíochtaí ina measc a chailleadh dá gcuirfí a n‑éifeacht i láthair ar leithligh. Is amhlaidh níos mó sin, ós rud é gur minic a chinntear athruithe buiséadacha mar phacáiste, agus roinnt beart á gcúiteamh le bearta eile. Is gá anailís aonair a dhéanamh freisin ar bhearta a bhfuil tionchar suntasach acu.
Trí dhul ar iontaoibh comhlachtaí neamhspleácha chun measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh, is féidir é sin a bheith ina chuidiú le hiad a dhéanamh níos inchreidte agus níos cruinne. A bhuí lena gcuid saineolais, is maith atá an saol acadúil nó institiúidí taighde in ann teicnící ardfhorbartha maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach a fhorbairt. Thairis sin, níl siad faoi réir na gcuspóirí polaitiúla céanna leis na riaracháin agus cinntí á meas acu, ar cinntí iad nár rannchuidigh siad leo i bhformhór cásanna. I gcás ina ndéanann institiúidí éagsúla torthaí a mhacasamhlú, is féidir é sin a bheith ina rannchuidiú le hanailís níos cuimsithí a dhéanamh, agus feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chreidiúnacht na hanailíse.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh go córasach roimh chur chun feidhme maidir le gach beartas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ioncam daoine; agus, a mhéid is féidir tar éis an chur chun feidhme, meastóireacht a dhéanamh ar thionchar iarbhír na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí;
- anailís a dhéanamh ar éifeachtaí comhcheangailte agus sonracha beartas;
- tacú le hinstitiúidí neamhspleácha chun measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh.
b.Cad iad na réimsí beartais ba cheart a roghnú chun measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh agus cén t‑achar ama ba cheart a bhreithniú?
Le measúnuithe ar thionchar dáileach, ba cheart réimsí beartais a chumhdach ag a mbíonn tionchar ar ioncam teaghlaigh agus ar a ndáileadh, a bhaineann le cánacha agus sochair airgeadaíochta de ghnáth. Le samhlacha caighdeánacha, is féidir tuairim a fháil faoin thionchar na n‑athchóirithe ar chánachas díreach traidisiúnta agus ar shochair airgeadaíochta, rudaí a ndírítear orthu i measúnuithe ar thionchar dáileach go ginearálta. Mar sin féin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh measúnú a dhéanamh ar thionchar na n‑athchóirithe i réimsí eile, amhail athchóirithe ar mhargadh an tsaothair nó athchóirithe pinsean, mar aon le cláir infheistíochta.
Is fiú measúnú a dhéanamh ar chánacha tomhaltais ós rud é go mbíonn tionchar cúlchéimnitheach acu go minic (ós rud é go gcaitheann teaghlaigh ar ioncam níos ísle níos mó dá n‑ioncam ar earraí agus ar sheirbhísí). Tá sé sin ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile mar gheall ar an ngá méadaitheach atá ann maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus ‘buiséadú glas’ a chleachtadh. Go hidéalach, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh freisin maidir le hathchóirithe ar cháin rachmais, athchóirithe a bhfuil tionchar mór acu ar dhinimic fhadtéarmach an neamhionannais, agus ar éifeacht na n‑athruithe ar shochair chomhchineáil, amhail sochair cúraim sláinte.
Is féidir measúnuithe ar thionchar dáileach a úsáid i raon leathan réimsí beartais. Tá siad ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar thionchar athchóirithe atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar mheigithreochta, cuir i gcás an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach nó tionchar na ngéarchéimeanna a bhí ann le déanaí. Mar sin féin, tá éagsúlacht ann idir athchóirithe éagsúla sa mhéid is gur féidir anailís a dhéanamh orthu féin. Mar shampla, tá measúnuithe ar thionchar dáileach an-úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí athchóirithe a mbíonn tionchar acu ar ioncam teaghlach, amhail praghsáil carbóin agus úsáid ioncam carbóin nó liúntas téimh i gcás teaghlaigh ar ioncam íseal. Mar sin féin, is minic nach mbíonn sé chomh simplí tionchar na mbeart rialála nua a thomhas (e.g. chun feabhas a chur ar chaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh). Mar sin féin, le straitéisí measúnaithe iar-chur chun feidhme, is féidir léargas maith a fháil ar iarmhairtí dáileacháin na n‑athchóirithe sin.
I measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéantar roimh chur chun feidhme, ní hamháin gur cheart díriú ar an tionchar a bhíonn ag beartais nua agus ag beart nua ar thorthaí díreach tar éis a gcur chun feidhme, i.e. sa bhliain dár gcionn (staidreamh comparáideach), ach ba cheart peirspictíocht ilbhliantúil a ghlacadh freisin. Beartas incriminteach – athchóiriú pinsean, mar shampla – lena spreagtar athruithe de réir a chéile thar roinnt blianta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar an-mhór aige in aon bhliain amháin, ach go carnach d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gá a bheith le réamh-mheastacháin fhadtéarmacha chun tionchar iomlán na n‑athchóirithe a chur san áireamh i measúnuithe ar thionchar dáileach. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin peirspictíocht ilbhliantúil a ghlacadh agus treochtaí déimeagrafacha á gcur san áireamh. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha samhlacha dinimiciúla a úsáid.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cánacha díreacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus sochair shóisialta a chumhdach ina gcuid measúnuithe;
- i gcás inar féidir, anailís a dhéanamh ar éifeachtaí beartas eile, go háirithe cánacha indíreacha agus cánacha rachmais agus sochair chomhchineáil ábhartha, chun measúnú cuimsitheach ar thionchar dáileach maidir le bearta agus athchóirithe áirithe a chur i láthair;
- peirspictíocht ilbhliantúil a ghlacadh i measúnuithe ar thionchar maidir le beartais a dtiocfaidh a dtionchar iomlán chun cinn thar thréimhse ama níos faide.
c.Cad iad na huirlisí ba cheart a úsáid?
Tá samhlacha micr-ionsamhlúcháin fíor-riachtanach toisc go gcuireann siad ar a gcumas d’úsáideoirí de ghnáth meastachán a dhéanamh ar an nglanchostas buiséadach a bhaineann le hathruithe ar chánacha agus ar shochair, ar phatrún na ngnóthachan agus na gcaillteanas a thagann as athrú beartais agus ar thionchar na bpacáistí athchóirithe ar bhochtaineacht agus ar neamhionannas. Le samhlacha sárfhorbartha, is féidir meastachán a dhéanamh ar an tionchar de réir inscne, nó ar chritéir chomhionannais bhreise amhail míchumas nó cúlra mionlaigh, mar aon le measúnú a dhéanamh ar an athrú ar dhreasachtaí oibre agus ar fhreagairtí mhargadh an tsaothair d’athruithe beartais.
Is féidir tionchar a imirt ar iompraíocht daoine agus an timpeallacht mhaicreacnamaíoch a athrú le hathchóirithe ar chórais chánach agus sochar. Trí fhreagairtí iompraíochta, sonraí maicreacnamaíocha agus treochtaí déimeagrafacha a chur san áireamh i measúnuithe ar thionchar dáileach, is féidir a gcruinneas a mhéadú a thuilleadh.
Is féidir measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as samhail thírshonrach (i gcás 10 mBallstát faoi láthair), nó as samhail EUROMOD amháin (i gcás 4 Bhallstát faoi láthair), nó as an dá cheann (i gcás 12 Bhallstát faoi láthair). Samhail mhicr-ionsamhlúcháin sochair cánach is ea EUROMOD a choinníonn an Coimisiún ar bun agus atá ar fáil do na Ballstáit uile lena húsáid. Cumhdaítear léi príomhghnéithe an chánachais dhírigh, ranníocaíochtaí sóisialta agus sochar
. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach go háirithe do Bhallstáit a bhfuil taithí theoranta acu ar mheasúnú a dhéanamh ar thionchair dáileacháin
. Ceann de na buntáistí sainiúla a bhaineann le EUROMOD gur féidir ríomh a dhéanamh, ar bhealach inchomparáide ar fud na mBallstát, ar na héifeachtaí a bhíonn ag cánacha díreacha agus sochair dhíreacha ar ioncam teaghlaigh, ar bhochtaineacht agus ar neamhionannas ioncaim agus ar dhreasachtaí oibre. Na Ballstáit a bhfuil traidisiún seanbhunaithe acu maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh, is gnách leo úsáid a bhaint as samhlacha tírshonracha, lena mbaineann cur chuige níos saincheaptha.
Is féidir anailís chainníochtúil a chomhlánú le breithnithe níos cáilíochtúla chun na grúpaí is dócha a mbeidh tionchar ag sraith beartas orthu a shainaithint.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- samhail mhicr-ionsamhlúcháin a úsáid lena ndéantar meastachán ar éifeachtaí athruithe beartais ar ioncam teaghlach ar fud an dáilte ioncaim, mar aon leis na héifeachtaí atá acu ar bhochtaineacht agus ar neamhionannas ioncaim;
- a samhlacha a fhorbairt a thuilleadh trí úsáid a bhaint as ardteicnící ina n‑ionchorpraítear freagairtí iompraíochta agus sonraí maicreacnamaíocha;
- anailís chainníochtúil a chomhlánú le hanailís cháilíochtúil, chun an breithniú ar thionchair dáileacháin i gceapadh beartas a ghinearálú.
d.Cad iad na sonraí ba cheart a úsáid?
Tá gá le sonraí cuimsitheacha agus tráthúla chun measúnú maith ar thionchar dáileach a dhéanamh. Le sonraí suirbhé – cuir i gcás Staidreamh an Aontais Eorpaigh ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC)
– soláthraítear faisnéis mhionsonraithe shochdhéimeagrafach agus ioncaim, atá ríthábhachtach maidir le cáilíocht measúnaithe ar thionchar dáileach. Mar sin féin, bíonn aga moille ann de ghnáth idir an uair a dhéantar suirbhé agus an uair a bhíonn na torthaí ar fáil. Is féidir na bearnaí a líonadh le sonraí riaracháin, le faisnéis níos cruinne agus, i bhformhór na gcásanna, le faisnéis níos tráthúla, le méid samplach níos mó agus le níos mó sonraí geografacha. Trí shuirbhé a chomhcheangal le taifid riaracháin ar ioncam, ar leas agus ar chánachas, is féidir feabhas mór a chur ar cháilíocht measúnaithe ar thionchar dáileach. Leis sin, is féidir raon feidhme an tsamhaltúcháin a leathnú agus, an tráth céanna, an fhaisnéis mhionsonraithe shocheacnamaíoch a choinneáil ó shuirbhéanna.
Ní mór tuilleadh a dhéanamh chun sonraí riaracháin náisiúnta a chur ar fáil ar bhealach níos éasca
. Is acmhainn luachmhar iad sonraí riaracháin anaithnidithe (neamhshampláilte) chun anailís bheacht a dhéanamh ar mheasúnú ar thionchar dáileach. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí éagsúla agus do thaighdeoirí neamhspleácha a bheith in ann rochtain a fháil ar na sonraí sin ar bhealach trédhearcach. Tá sé tábhachtach freisin a chur i dtábhacht an ról ríthábhachtach atá ag na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta maidir le suirbhéanna tráthúla, cuimsitheacha agus mionsonraithe a sholáthar mar aon le sonraí eile is féidir a úsáid chun anailís a dhéanamh ar mheasúnú ar thionchar dáileach.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- sonraí suirbhé agus sonraí riaracháin a chomhcheangal agus measúnuithe ar thionchar dáileach á dhéanamh;
- sonraí riaracháin a chur ar fáil níos éasca do chomhlachtaí poiblí agus do thaighdeoirí araon.
e.Cad iad na táscairí ba cheart a roghnú?
Trí úsáid a bhaint as méadracht chomhchoiteann, cuirtear é ar a chumas don lucht ceaptha beartas comparáid níos fearr a dhéanamh idir na torthaí, agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn bearta nua éagsúla. Go hidéalach, ba cheart tionchar na nithe seo a leanas a mheas i dtorthaí ó mheasúnuithe ar thionchar dáileach: 1) an dáileadh ioncaim
; 2) an leibhéal neamhionannais, trína bheith ag brath ar roinnt príomhtháscairí (amhail an cóimheas idir cúigilí ioncaim S80/S20)
; 3) an leibhéal bochtaineachta, trí úsáid a bhaint as príomhtháscairí gaolmhara amhail ráta riosca na bochtaineachta agus bearna choibhneasta airmheánach riosca na bochtaineachta
.
D’fhéadfadh aschur ábhartha eile a bheith ann freisin, ag brath ar an staid náisiúnta agus ar na sonraí atá ar fáil. Sin é an fáth a ndéantar measúnuithe ar thionchar dáileach go minic chun measúnú a dhéanamh ar thionchar athchóirithe ar ghrúpaí éagsúla arna ndifreáil de réir aoise agus inscne (le haghaidh buiséadú inscne freisin
) agus de réir cineál teaghlaigh (cuir i gcás teaghlaigh in aois oibre, teaghlaigh in aois scoir, teaghlaigh aontuismitheora, daoine fásta singile agus lánúineacha, ag a bhfuil leanaí agus gan leanaí). D’fhéadfadh sé gurbh fhiú anailísí eile a dhéanamh, cuir i gcás iad siúd atá dírithe ar dhaoine de bhunadh imirceach, ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar aon ghrúpa eile atá faoi mhíbhuntáiste, mar aon le grúpaí arna ndifreáil de réir leibhéal an uirbithe nó de réir an réigiúin.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
-a áirithiú go gcuirtear i láthair i measúnuithe ar thionchar dáileach an éifeacht atá ag beartais ar ghrúpaí éagsúla feadh an dáilte ioncaim (amhail deicílí ioncaim) mar aon leis na leibhéil neamhionannais agus táscairí bochtaineachta;
-a mhéid is féidir, na torthaí a chur i láthair arna miondealú de réir aoise, inscne agus grúpaí socheacnamaíocha sonracha.
f.Conas measúnuithe ar thionchar dáileach a scaipeadh?
Tríd an anailís ar na tionchair ar ghrúpaí ioncaim éagsúla a fhoilsiú, méadaítear trédhearcacht an cheaptha beartas. Fágann sé gur féidir grinnscrúdú breise a dhéanamh ar thionchar na mbeart atá beartaithe agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar cháilíocht na díospóireachta poiblí agus muinín sna próisis chinnteoireachta a fheabhsú. Le leibhéal trédhearcachta níos airde maidir leis an tionchar a bhíonn ag athchóirithe, is féidir a bheith ag súil leis go nglacfar bearta lena laghdófar nó lena ndíothófar an tionchar diúltach ar an mbochtaineacht nó ar leathnú an neamhionannais. Chomh maith leis sin, is féidir é a bheith ina chuidiú le braistintí bréagacha faoi éifeacht deiridh na mbeartas a bhréagnú trí shoiléireacht a thabhairt maidir le grúpaí is tairbhí. Mar shampla, is bealach maith iad dréachtphleananna buiséadacha chun tionchar na mbeart beartais gaolmhar ar chodanna éagsúla den daonra a chur i láthair.
Nuair a dhéanann comhlachtaí riaracháin measúnuithe ar thionchar dáileach a chur faoi bhráid an phobail ar bhealach inrochtana, cothaítear díospóireacht phoiblí agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú chun go nglacfar le bearta agus le hathchóirithe. Ba cheart measúnuithe ar thionchar dáileach a chur i láthair i ndoiciméid bhuiséadacha a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu (e.g. dréachtphleananna buiséadacha) agus in aon chineál doiciméid eile a ghabhann le ceapadh, cur chun feidhme agus measúnú athchóirithe agus infheistíochtaí, amhail measúnuithe tionchair (comhtháite). Ar an mbealach sin, cé is moite de chinntí níos fianaise-bhunaithe a chumasú, is féidir léargas níos inchreidte a thabhairt le measúnuithe ar thionchar dáileach chun bonn eolais a chur faoin díospóireacht phoiblí maidir le héifeachtaí athchóirithe beartais, lena n‑áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.
Chun suim na meán agus an phobail a chothú, ní mór a mheas go bhfuil torthaí ó mheasúnuithe ar thionchar dáileach iontaofa agus réasúnta éasca le tuiscint. Dá bhrí sin, ba cheart cur i láthair maidir leis na príomhchinntí samhaltúcháin is bun leis an anailís a bheith ag gabháil le foilsiú measúnuithe ar thionchar dáileach. Is féidir cur i láthair ar thorthaí ó mheasúnuithe ar thionchar dáileach atá beartaithe ag amanna áirithe (e.g. gach bliain) a bheith ina chuidiú toisc go dtugtar le fios leis sin go gcuirtear torthaí in iúl go córasach. D’fhéadfadh sé go measfaí torthaí ó mheasúnuithe ar thionchar dáileach a bheith níos iontaofa agus níos inchreidte má dhéanann taighdeoirí neamhspleácha an anailís, nó más féidir leo an anailís a fhíorú. Trí mhacasamhlú na hanailíse a éascú, is féidir creidiúnacht a fheabhsú le foilsiú na dtoimhdí samhaltúcháin, na gcinntí samhaltúcháin agus na sonraí samhaltúcháin.
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- torthaí ó mheasúnuithe ar thionchar dáileach a chur i láthair i ndoiciméid phoiblí ar bhealach lenar féidir leis an bpobal i gcoitinne iad a thuiscint;
- rochtain phoiblí ar na samhlacha foluiteacha, ar na toimhdí foluiteacha agus ar na sonraí foluiteacha a éascú, ionas gur féidir na torthaí a mhacasamhlú.
Conas a bhraitheann an Coimisiún ar an measúnú ar thionchar dáileach agus conas a thacaíonn sé leis na Ballstáit
Le blianta beaga anuas, tá feabhas leanúnach tagtha ar iomrá an Choimisiúin maidir le ceapadh beartas atá fianaise-bhunaithe. Leanfaidh sé de mheasúnú córasach a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a chuid gníomhaíochtaí beartais chun ardcháilíocht na reachtaíochta atá beartaithe a áirithiú, mar atá beartaithe ina chóras maidir le ‘rialáil níos fearr’
/
.
Leanfaidh an Coimisiún de mheasúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh chun tosaíocht níos mó a thabhairt do bhreithnithe dáileacháin atá ábhartha maidir le ceapadh athchóirithe agus infheistíochtaí. Baineann an Coimisiún úsáid as EUROMOD go rialta chun measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh i gcás athchóirithe roghnaithe sna Ballstáit. Cuirtear an anailís a eascraíonn astu i láthair sna tuarascálacha tíre ar measúnuithe beartais iad mar chuid den Seimeastar Eorpach, an creat le haghaidh faireachas comhtháite agus comhordú comhtháite ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta ar fud an Aontais Eorpaigh.
Tacóidh an Coimisiún a thuilleadh leis na Ballstáit chun a gcleachtais maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach a chur ar bun nó a fhorbairt. Cuirfear an tacaíocht sin ar fáil trí shamhail EUROMOD a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh. Cuireann an Coimisiún an tsamhail ar fáil do na Ballstáit agus tugann sé cothrom le dáta í gach bliain. Cuireann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde réimse cúrsaí oiliúna ar fáil maidir le EUROMOD, lena n‑áirítear cúrsaí maidir le conas measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh. Is féidir leis na Ballstáit cúnamh breise a iarraidh freisin chun cleachtais maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach a fhorbairt faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil
.
Tacóidh an Coimisiún a thuilleadh leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach trí ionadaithe ó na Ballstáit a thabhairt le chéile, ar ionadaithe iad a bhfuil baint ghníomhach acu le measúnuithe ar thionchar dáileach i riaracháin náisiúnta nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil measúnuithe ar thionchar dáileach chomh forleathan sin iontu, ionadaithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena ndéanamh amach anseo. Cumhdaítear gnéithe éagsúla a bhaineann le measúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh sa phlé a dhéantar le linn imeachtaí foghlama frithpháirtí, rud lena gcumasaítear an malartú dea-chleachtas. Ós rud é go bhfuil cleachtais na mBallstát maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach an-éagsúil óna chéile, is léir go bhfuil breisluach ag baint le foghlaim ó thaithí a chéile, agus leas á bhaint as dea-chleachtais is féidir a chur in oiriúint do chomhthéacsanna tírshonracha.
Mar chuid den phróiseas foghlama frithpháirtí leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar úsáid measúnuithe ar thionchar dáileach, i ndréachtphleananna buiséadacha nó i gcomhthéacsanna eile, agus déanfaidh sé an Coiste um Chosaint Shóisialta agus an Coiste Fostaíochta, comhlachtaí comhairleacha na Comhairle Fostaíochta agus Gnóthaí Sóisialta, agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch, comhlacht comhairleach na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais a chur ar an eolas.
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
- leanúint de mheasúnuithe ar thionchar dáileach a dhéanamh, lena n‑áirítear mar chuid den Seimeastar Eorpach;
- tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit chun a gcleachtais maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach a chur ar bun nó a fhorbairt (lena n‑áirítear trí thacú leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach agus le malartú dea-chleachtas agus trí shamhail mhicr-ionsamhaltúcháin EUROMOD a chur ar fáil agus a fhorbairt a thuilleadh);
- faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as measúnuithe ar thionchar dáileach.
Conclúid
Leis an meascán de threochtaí fadtéarmacha éagsúla agus de shuaití gearrthéarmacha éagsúla a ndéantar cur síos orthu sa Teachtaireacht seo, cuirtear i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aird níos mó a thabhairt ar bhreithnithe dáileacháin agus athchóirithe agus infheistíochtaí á gceapadh. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit an treoir a tugadh a leanúint chun cur leis an úsáid a bhaintear as a gcleachtais maidir le measúnuithe ar thionchar dáileach agus feabhas a chur orthu. Ba cheart na hanailísí a thiocfaidh as sin a bheith ina léiriú inchreidte ar an tionchar a bhíonn ag beartais ar ghrúpaí socheacnamaíocha éagsúla agus ba cheart iad a chur ar fáil don phobal i gcoitinne chun cáilíocht na díospóireachta beartais a fheabhsú. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis na Ballstáit trí chúnamh a thabhairt maidir le modheolaíochtaí i dtaca le measúnuithe ar thionchar dáileach a fheabhsú, trí fhaireachán a dhéanamh ar na cleachtais atá ann cheana agus trí fhóram a chur ar fáil chun tuairimí a mhalartú maidir le conas measúnuithe ar thionchar dáileach a fheabhsú a thuilleadh.