An Bhruiséil,28.9.2022

COM(2022) 490 final

2022/0299(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

Maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n‑áirithítear cuimsiú gníomhach

{SWD(2022) 313 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé fíor-riachtanach a áirithiú go mbeidh saol faoi dhínit ag gach duine san Aontas chun geilleagair agus sochaithe atá cothrom agus athléimneach a thógáil. Sna treoirlínte polaitiúla uaithi 1 , chuir Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, in iúl an mhian go ndéanfar iarracht san Eoraip cothrom sóisialta agus rathúnas sóisialta níos mó a bhaint amach. Leis an tionscnamh seo, comhlíontar uaillmhian agus tiomantas an Aontais geilleagair níos ionchuimsithí a chur chun cinn agus a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

In ainneoin beartais chun an bhochtaineacht a chomhrac agus feabhsuithe le 10 mbliana anuas, chuaigh baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta i bhfeidhm ar os cionn 95.4 milliún Eorpach in 2021. I roinnt mhaith Ballstát, tá méadú tagtha le 10 mbliana anuas ar an mbaol bochtaineachta i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá gan phost (nó nach mór gan phost) 2 , tá doimhne agus marthanacht na bochtaineachta imithe in olcas agus tá laghdú tagtha ar an tionchar a bhíonn ag aistrithe sóisialta ar laghdú na bochtaineachta. Go dtí 2020, lean an borradh a bhí faoi gheilleagar an Aontais, bhí an fhostaíocht ar an leibhéal is airde a taifeadadh riamh agus d’fhill an leibhéal dífhostaíochta ar na leibhéil a bhíodh ann roimh 2008. Tharla turraing eacnamaíoch de dheasca phaindéim COVID-19, áfach. Chuir an tAontas agus na Ballstáit dlús mór leis an gcosaint shóisialta, lenar soláthraíodh freagairt chuimsitheach ar na dúshláin shóisialta a tháinig chun cinn, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Dá ainneoin sin, bhí tionchar díréireach ag na bearta dianghlasála ar mhná agus ar dhaoine i staideanna leochaileacha, go háirithe i dtéarmaí ualach níos airde na hoibre neamhfhoirmiúla cúraim agus rochtain níos teoranta ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar sheirbhísí sóisialta ábhartha, agus chuir siad freisin leis na srianta a bhí ann cheana maidir le rochtain ar fhostaíocht.

Le déanaí, tar éis an ionsaithe neamhdhleathaigh gan údar a rinne an Rúis ar an Úcráin, tá an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus an t‑ardú ar an ráta boilscithe ag déanamh difear go háirithe do theaghlaigh ísealoncaim agus do theaghlaigh ar íseal-mheánioncam, toisc gurb iondúil gur níos airde atá sciar an ídithe fhuinnimh agus an tomhaltais bia ina n‑ioncaim fhoriomlána.

Tá ról lárnach ag an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus ag an gceart chun ioncaim íosta leordhóthanach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Luaitear i bPrionsabal 14 den Cholún ‘Tá an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol, agus ar rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin. I gcás na ndaoine siúd atá in ann obair a dhéanamh, ba cheart sochair ioncaim íosta a chur le chéile le dreasachtaí chun iad a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair’. An 4 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, plean ar chuir ceannairí an Aontais fáilte roimhe ag Cruinniú Mullaigh Porto an 8 Bealtaine 2021. Leag an Chomhairle Eorpach 3 síos príomhspriocanna i gcomhair 2030 i réimsí na bochtaineachta, na fostaíochta agus na scileanna. Faoi 2030, ba cheart laghdú 15 mhilliún ar a laghad a bhaint amach i leith líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, lena náirítear ar a laghad 5 mhilliún leanbh; ba cheart ar a laghad 78 % den phobal idir 20 agus 64 bliana d'aois a bheith fostaithe; ba cheart do 60 % de na daoine fásta uile páirt a ghlacadh san oiliúint gach bliain. I mí an Mheithimh 2022, chuir na Ballstáit i láthair a spriocanna náisiúnta chun tacú leis an uaillmhian sin.

Ról na mbeart sábháilteachta sóisialta

Cuidiú is ea bearta sábháilteachta sóisialta maidir le héagothromaíochtaí agus difríochtaí sóisialta laistigh de na Ballstáit a laghdú, maidir le feabhas a chur ar chóineasú sóisialta aníos, agus maidir le lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chur chun cinn ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh. Tá sé ina aidhm le bearta sábháilteachta sóisialta dea-cheaptha a ráthú go mbeidh leibhéal leordhóthanach acmhainní ag gach duine chun saol faoi dhínit a áirithiú agus chun bheith in ann páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta, lena n‑áirítear an margadh saothair. Tá tábhacht ar leith ag baint leo i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, eadhon teaghlaigh a bhfuil acmhainní airgeadaíochta agus acmhainní ábhartha neamhleora, neamh-thráthrialta nó neamhchinnte acu, ar acmhainní iad atá fíor-riachtanach dá sláinte agus dá bhfolláine agus i gcomhair cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Chun na críche sin, áirítear le bearta sábháilteachta sóisialta tacaíocht ioncaim agus sochair chomhchineáil agus seirbhísí éagsúla a sholáthraítear dóibh siúd atá i ngátar.

Is éard atá sa tacaíocht ioncaim raon sochar airgeadaíochta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais éagsúla. Féadfar a áireamh ar shochair airgeadaíochta den sórt sin, mar shampla, liúntas leanaí agus liúntas teaghlaigh, sochair chóiríochta, sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais, sochair sheanaoise nó sochair laistigh den fhostaíocht agus na sochair ioncaim íosta freisin.

Tá ról ar leith ag sochair ioncaim íosta 4 sa tacaíocht fhoriomlán ioncaim airgeadaíochta toisc go bhfuil sé d’aidhm leo an bhearna a líonadh chun leibhéal foriomlán áirithe ioncaim a bhaint amach i dteaghlach ar leith. Is sochair iad atá neamh-ranníocach, atá faoi réir tástáil acmhainne, agus ar rogha deiridh iad do theaghlaigh nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, nuair a bhíonn foinsí eile ioncaim nó sochar ídithe nó nuair nach leor iad chun saol faoi dhínit a áirithiú. Déantar iad a chomhlánú go ginearálta le cúnamh saincheaptha agus dreasachtaí i dtaobh rochtain ar an margadh saothair, bearta lena gcothaítear cuimsiú sóisialta agus soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán. Ar an gcaoi sin, ní uirlis éighníomhach iad scéimeanna ioncaim íosta – lena gcomhtháthaítear gach ceann de na trí shraith threisithe – ach gníomhaíonn siad, a mhéid is féidir, mar thúsphointe chun cuimsiú agus ionchais fostaíochta a fheabhsú.

Ach scéimeanna ioncaim íosta a bheith ceaptha go cuí, is féidir leo a bheith ina gcobhsaitheoirí uathoibríocha. Tráth a mbíonn cor chun donais eacnamaíoch ann, is féidir leo rannchuidiú le tacú le téarnamh inbhuanaithe, cuimsitheach, cuidiú leis an laghdú ar ioncaim teaghlaigh a mhaolú agus srian a chur leis na leibhéil daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta. Is féidir éifeacht chobhsaitheach a bheith acu freisin ar an éileamh foriomlán ar earraí agus ar sheirbhísí 5 . I scéimeanna dea-cheaptha ioncaim íosta, baintear amach an chothromaíocht cheart idir laghdú bochtaineachta, dreasachtaí oibre agus costais bhuiséadacha inbhuanaithe.

Ba cheart saol faoi dhínit a áirithiú le leibhéal foriomlán na tacaíochta ioncaim ach ba cheart gur fiú a bheith ag obair, agus ba cheart córais cosanta sóisialta a bheith inbhuanaithe ó thaobh na gné fioscaí de. Chomh maith leis an ioncam íosta, ní mór dreasachtaí leordhóthanacha a bheith ann chun dul isteach (in athuair) sa mhargadh saothair ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh, ionas go n‑imreofar a ról cobhsaíochta agus ionas go seachnófar éifeachtaí díobhálacha histéiréise a mbeadh leibhéil fostaíochta ní b’ísle ann dá ndeasca. Is féidir le hioncam íosta arna cheapadh go hiomchuí, mar aon le bearta éifeachtacha gníomhachtúcháin saothair, a bheith ina uirlis thábhachtach chun sprioc fostaíochta an Aontais i gcomhair 2030 a bhaint amach agus chun tacú freisin le gníomhachtú daoine fásta óga agus lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

Mar chuid dá mbearta sábháilteachta sóisialta agus de bhreis ar shochair airgeadaíochta, soláthraíonn na Ballstáit sochair chomhchineáil. Áirítear leo sin, mar shampla, tithíocht shóisialta, táillí laghdaithe ar sheirbhísí áirithe (e.g. iompar poiblí, gás, fuinneamh agus costais fóntais eile) nó tacaíocht spriocdhírithe chun na costais as póca a bhaineann le cúram leanaí nó cúram sláinte a chumhdach, lena n‑áirítear i gcúram sláinte máithreacha agus naíonán. Cé gur dócha go mbainfidh tairbhithe ioncaim íosta leas astu sin, ní i gcónaí a chomhtháthaítear iad le hioncam íosta iad agus ní bhaineann gach tairbhí ioncaim íosta leas astu. Léiríonn fianaise go bhfuil glacadh roinnt de na seirbhísí sin (e.g. cúram leanaí) níos ísle i gcás teaghlaigh ar ioncam íseal in ainneoin na tacaíochta breise a soláthraítear.

Cé go bhfuil bearta sábháilteachta sóisialta i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir, dul chun cinn míchothrom a rinneadh ó thaobh iad a bheith inrochtana agus leormhaith. Cé nach ionann an leagan amach ar fud na mBallstát, rud a léiríonn traidisiúin náisiúnta éagsúla agus struchtúr foriomlán na gcóras cosanta sóisialta, tá dúshláin chomhchosúla le sárú ag na Ballstáit, mar a léirítear san anailís thírshonrach agus sna moltaí tírshonracha a dhéantar ar bhonn athfhillteach faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. Ina theannta sin, cuireadh i dtábhacht sa phlé téamach faoin Modh Oscailte Comhordúcháin dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit go léir, go háirithe maidir le neamhghlacadh sochar agus maidir le tacaíocht a thabhairt do thairbhithe chun páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair agus chun iad féin a lánpháirtiú sa tsochaí.

Dúshláin

Is dúshlán é i mbeagnach gach Ballstát leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a áirithiú, lena náirítear mar gheall ar fhorbairtí i dtaobh pá. Is féidir an leordhóthanacht a thomhas trí ioncam foriomlán na dtairbhithe a chur i gcomparáid le tairseach náisiúnta na bochtaineachta 6 (mar léiriú ar an éifeacht i dtaobh mhaolú na bochtaineachta) agus le hioncam duine a thuilleann pá íseal 7 (mar léiriú ar na dreasachtaí airgeadais a bhaineann le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair). Cé go bhfuil éagsúlacht i gceist i measc teaghlach, torthaí comhchosúla a sholáthraíonn an dá tháscaire, rud a léiríonn go bhfuil an pá íseal gar do thairseach na bochtaineachta agus gur ar leibhéal níos ísle fós atá na sochair. In 2019, bhí an tioncam a bhí ag tairbhí tacaíochta ioncaim (duine singil) faoi bhun 80 % de thairseach na bochtaineachta in 22 Bhallstát, agus bhí an tioncam a bhí ag duine a thuilleann pá íseal ag tairseach na bochtaineachta nó os a cionn i ngach Ballstát. I gcás teaghlaigh a bhfuil leanaí acu, is iondúil go mbíonn leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim cuid mhaith níos airde (thart ar 10 go 20 pointe céatadáin ar an meán). 

De dheasca athbhreithniú neamh-mhinic ar an tacaíocht ioncaim, d’fhéadfadh sé nach gcoinneodh sochair suas le forbairtí pá, le harduithe ar chostais mhaireachtála, le praghsanna ná le boilsciú (go háirithe i gcás bia agus fuinnimh) agus, ar an gcaoi sin, go mbainfí arís dá leordhóthanacht. I líon mór Ballstát, níl bunú agus uasrátú leibhéal na sochar ioncaim íosta bunaithe ar mhodheolaíocht stóinsithe, ná ní nasctar a bhunú ná a uasrátú le luachanna nó táscairí tagartha a bhfuil staitisticí ina mbonn taca leo. I dtimpeall is an tríú cuid de na Ballstáit, cuirtear i bhfeidhm córais innéacsaithe uathoibríocha lena ndéantar méid na tacaíochta ioncaim a choigeartú ar bhonn tráthrialta chun athruithe ar na costais mhaireachtála a chur san áireamh. 

Is ar éigean a tháinig aon athrú, ar an meán, ar leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim san Aontas le 10 mbliana anuas, in ainneoin gur tháinig feabhas beag uirthi le blianta beaga anuas. Tugadh faoi deara roinnt cóineasaithe, go háirithe mar gheall ar scéimeanna nua ioncaim íosta a tugadh isteach i roinnt Ballstát. Ar an lámh eile, tháinig meath nach beag ar an leordhóthanacht ó bhí 2009 ann i roinnt Ballstát a raibh rátaí faoi bhun mheán an Aontais acu cheana féin 8 .

Baineann an dara dúshlán coiteann le cumhdach an ioncaim íosta: i gcás thart ar 20 % de na daoine nach bhfuil post acu agus atá i mbaol bochtaineachta, níl siad incháilithe chun aon tacaíocht ioncaim a fháil. Bíonn deacrachtaí ar leith ag grúpaí áirithe maidir le rochtain a bheith acu ar an tacaíocht sin. D’fhéadfadh ceanglais aoise (is airde an teorainn aoise ná 18 mbliana i gcúig Bhallstát, mar shampla) teorainn a chur ar an rochtain a bhíonn ag daoine fásta óga ar thacaíocht ioncaim. Cé gur teoranta an tionchar ar incháilitheacht a bhíonn ag srianta ar náisiúntacht 9 , is féidir leis na critéir a bhaineann le fad íosta an chónaithe dhlíthiúil (arna rialú i roinnt Ballstát, idir 1 bhliain amháin agus 10 mbliana) teorainn a chur leis an rochtain i gcás éilitheoirí nach náisiúnaigh iad. Thairis sin, is bacainní ar dhaoine gan dídean nó ar dhaoine imeallaithe atá ina gcónaí i limistéir dhíothacha (e.g. lonnaíochtaí Romach) iad na hoibleagáidí amhail seoladh buan nó cuntas bainc a bheith acu. 

Cé gur eilimint fhíor-riachtanach í an tástáil acmhainne chun spriocdhíriú iomchuí a áirithiú i gcás ioncaim íosta, d’fhéadfadh cumhdach neamhleor teacht as tástáil acmhainne freisin más rud é go bhfuil an tástáil sin ró-ghéar. Faoin tástáil acmhainne, scrúdaítear na hacmhainní – ioncam, sócmhainní, eastát réadach nó maoin shochorraithe – atá ag gach duine den teaghlach. I bhformhór na mBallstát, is ionann an tairseach a úsáidtear sa tástáil acmhainne agus leibhéal uasta an tsochair a sholáthraítear (agus úsáidtear na sochair ioncaim íosta chun ioncam an teaghlaigh a thabhairt aníos go dtí an leibhéal sin). I roinnt Ballstát, má shocraítear an tairseach ar leibhéal íseal, is féidir le tástáil acmhainne líon tábhachtach teaghlach ar ioncam íseal agus oibrithe atá bocht a eisiamh ó bheith incháilithe don ioncam íosta. Thairis sin, d’fhéadfadh cumhdach neamhiomlán eascairt as leagan amach ró-dhian a bheith ar an tástáil sócmhainní, rud a d’fhágfadh go mbeadh cásanna i gceist ina neisiafaí teaghlach ón ioncam íosta mar gheall ar áireamh díréireach ar shócmhainní ar luach íseal 10 .

Ar deireadh, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí sochair a dháileadh go leormhaith i measc daoine den teaghlach, toisc go bhfuil an ceart chun sochair a éileamh teoranta do cheann an teaghlaigh. I bhformhór na dtíortha, ní iondúil go meastar gur ceann teaghlaigh iad mná ach amháin más rud é nach bhfuil aon fhear fásta ina chónaí go buan sa teaghlach 11 . Níl ann ach cúpla Ballstát ina gceadaítear i gcásanna sonracha an ceart a bheith ag daoine aonair sa teaghlach na sochair a fháil, agus is ar leibhéal an teaghlaigh a chinntear an incháilitheacht go fóill. Cé nach gá go mbeadh ardú ar leibhéal foriomlán na sochar a fhaightear ar leibhéal an teaghlaigh i gceist leo, trí réitigh lena néascaítear do dhaoine aonair den teaghlach tacaíocht ioncaim a fháil is féidir rannchuidiú le comhionannas inscne agus neamhspleáchas eacnamaíoch a chur chun cinn, agus le slándáil ioncaim na mban agus na ndaoine fásta óga.

Sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beartaítear athchóirithe sna Ballstáit, sa chás inar sainaithníodh dúshláin maidir le leordhóthanacht agus cumhdach an phá íosta sna moltaí tírshonracha arna neisiúint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh 12 . Mar shampla, bíonn roinnt infheistíochtaí dírithe ar cháilíocht na seirbhísí sóisialta a leathnú nó a fheabhsú, ar bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus ar ghrúpaí leochaileacha a chuimsiú. Bíonn sé d’aidhm le roinnt Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta freisin cur le héifeachtacht agus leordhóthanacht sochar sóisialta, lena náirítear ioncam íosta.

Ar an tríú dul síos, dealraíonn sé go bhfuil neamhghlacadh an ioncaim íosta réasúnta ard i ngach Ballstát. Is iondúil nach nglacann idir 30 % agus 50 % den phobal incháilithe ioncam íosta sna meastacháin atá ar fáil ina leith sin. D’fhéadfadh tosca éagsúla a bheith ina mbonn leis sin, amhail easpa faisnéise, castacht ó thaobh rochtana de, easpa muiníne in institiúidí agus an bhraistint go bhfuil stiogma i gceist. Dealraíonn sé nach mbailíonn ach roinnt bheag Ballstát faisnéis faoin neamhghlacadh.

Ar an gceathrú dul síos, ní leor fós an comhordú idir beartais tacaíochta ioncaim agus dreasachtaí chun iad siúd atá in ann obair a dhéanamh a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Ba cheart bearta sábháilteachta sóisialta a cheapadh ar bhealach lena n‑áiritheofar dreasachtaí chun oibre. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh leagan amach na tacaíochta ioncaim dreasachtaí oibre a lagú ná gaistí bochtaineachta a chruthú (ná gaistí pá ísil do dhaoine atá ag obair agus a fhaigheann tacaíocht ioncaim). I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh dreasachtaí ísle ann chun dul i mbun oibre de dheasca rátaí arda aistarraingthe sochar ioncaim íosta (maidir le sochair fhorlíontacha freisin) nó de dheasca ardráta cánach imeallach éifeachtach. Cé gur léir gur cheart ioncam ón obair (ar leibhéal an phá íosta cheana féin) a bheith níos airde ná ioncam ó shochair, bíonn tionchar ag tosca eile freisin ar ráta aistrithe na bhfaighteoirí ioncaim íosta chuig an láthair oibre (rannpháirtíocht sa chomhairliúcháin faoi phoist nó bearta gníomhachtúcháin saincheaptha eile agus cáilíocht na rudaí sin, bearnaí maidir le scileanna, saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, cúram leanaí a bheith ar fáil, etc.).

Leis na beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena spreagtar an taistriú chuig an bhfostaíocht, áirítear foghlaim ar feadh an tsaoil, tacaíocht phearsantaithe agus treoir lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha, poist ardcháilíochta agus coinneáil post a chur chun cinn agus dul chun cinn a chumasú, i gcomhréir le coincheap na margaí saothair ionchuimsitheacha 13 . I roinnt mhaith Ballstát, áfach, níl na bearta sin curtha in oiriúint a ndóthain do na riachtanais aonair atá ag tairbhithe ioncaim íosta, ar minic arb iad na daoine is faide ón margadh saothair iad.

Cé gur ceanglas is ea an rannpháirtíocht i gcláir ghníomhachtúcháin i bhformhór na mBallstát, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bearta leormhaithe ar fáil fiú. Ní mór seirbhísí tacaíochta amhail comhairleoireacht, cóitseáil nó cúnamh chun post a chuardach a bheith ag gabháil le ceanglais ghníomhachtúcháin (agus smachtbhannaí gaolmhara) ionas go mbeidh siad níos éifeachtaí agus lena spreagadh go nglacfar le tairiscintí poist. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar dhaoine fásta óga atá lasmuigh den mhargadh saothair nó atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta. Chun iad a thabhairt ar ais chuig an oideachas, chuig an oiliúint nó chuig an margadh saothair laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir, ba cheart nasc a bheith idir fáil tacaíochta ioncaim agus bearta gníomhachtúcháin an-láidir lena dtugtar tacaíocht dóibh chun taithí oibre a fháil agus chun na scileanna cearta a fhorbairt le haghaidh saol oibre atá ag athrú, go háirithe na scileanna sin atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach.

Is iondúil go mbíonn torthaí dearfacha ar dhreasachtaí dearfacha chun dul i mbun fostaíochta, lena dtacaítear le haistriú forásach chuig an margadh saothair agus lena mbítear fós incháilithe i gcomhair ioncaim íosta ar feadh tréimhse áirithe le linn na fostaíochta. Is dúshlán freisin iad cáilíocht agus inbhuanaitheacht na bpost a thairgtear (i.e. poist ardcháilíochta fhadtéarmacha). Tá rannpháirtíocht i gcláir oibreacha poiblí éigeantach nó is í an chéad rogha í do na tairbhithe i dtuairim is an ceathrú cuid de na Ballstáit, in ainneoin gur gnách go meastar gur beag an tionchar, más tionchar ar bith, a bhíonn ag oibreacha poiblí i dtéarmaí tacú le haistrithe fadtéarmacha chuig an bhfostaíocht. Tá ról ag an ngeilleagar sóisialta i dtaobh deiseanna fostaíochta a éascú do thairbhithe ioncaim íosta. D’fhéadfadh fostaíocht sa gheilleagar sóisialta a bheith ina céim chun tosaigh i dtreo ceangal leis an margadh saothair oscailte.

Ar an gcúigiú dul síos, is gá rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán a áirithiú freisin. Cé nach féidir liosta uileghabhálach de sheirbhísí cumasúcháin a chur le chéile, is iondúil go n‑áirítear leo seirbhísí ginearálta cumasúcháin a sholáthraítear do chách, amhail oideachas agus cúram luath-óige, oiliúint agus oideachas, cúram sláinte, agus cúram fadtéarmach. Cuimsítear le catagóir shonrach de sheirbhísí cumasúcháin – seirbhísí cuimsithe shóisialta – seirbhísí lena dtugtar aghaidh ar fhadhbanna sonracha a bhíonn ag na daoine is faide ón margadh saothair chun cabhrú leo lánpháirtiú sa tsochaí agus san fhostaíocht. D’fhéadfadh obair shóisialta, comhairleoireacht, cóitseáil, meantóireacht, tacaíocht shíceolaíoch agus athshlánú a bheith san áireamh le seirbhísí cuimsithe shóisialta. Ina theannta sin, tá inrochtaineacht agus inacmhainneacht seirbhísí fíor-riachtanacha, amhail uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, seirbhísí airgeadais agus cumarsáid dhigiteach, ina réamhriachtanas bunúsach d’aon lánpháirtíocht shóisialta bhreise. Cé go bhfuil an chuid is mó de na seirbhísí sin ar fáil i bprionsabal don phobal ar fad, d’fhéadfadh sé go mbeadh fadhbanna ag baint le rochtain agus inacmhainneacht i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, go háirithe anois agus ardú ag teacht ar phraghsanna fuinnimh.

Mar gheall ar an méadú mór atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh, tá brú á chur ar theaghlaigh leochaileacha agus tá an baol ann go ndéanfar dochar sóisialta agus eacnamaíoch níos leithne dá bharr. Le linn na tréimhse suaite seo, rannchuidíonn bearta stuama sábháilteachta sóisialta le baol na bochtaineachta fuinnimh a mhaolú. Go háirithe, is féidir le hioncam íosta agus rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha rannchuidiú le maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag ardú praghsanna ar na daoine is leochailí, agus bearta struchtúracha eile á gcomhlánú acu an tráth céanna. I gcomparáid le bearta praghais, is gnách gur fearr is féidir díriú orthu siúd atá i ngátar le bearta tacaíochta ioncaim, agus is fearr a luíonn siad le coinneáil dreasachtaí chun tomhaltas fuinnimh a laghdú.

Ar an séú dul síos, bíonn roinnt bacainní casta ar chuimsiú le sárú ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus, dá bhrí sin, bíonn tacaíocht phearsantaithe de dhíth orthu. Bíonn fáil ar roinnt daoine ar bhonn gníomhach chun dul isteach (an athuair) sa mhargadh saothair. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt daoine eile in ann obair a dhéanamh (láithreach), amhail daoine faoi mhíchumas tromchúiseach nó daoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu, daoine nach bhfuil bunscileanna sóisialta acu, daoine gan dídean, nó iad siúd a thugann aire do leanaí óga nó do dhaoine fásta cleithiúnacha. I gcás na ndaoine sin, tá beartais cuimsithe shóisialta ríthábhachtach agus d’fhéadfadh sé a bheith níos éasca post a fháil ag céim níos déanaí dá mbarr. Chun tacaíocht phearsantaithe a sholáthar, déanann formhór na mBallstát measúnú ilghnéitheach ar riachtanais. I dtuairim is leath na dtíortha, déantar é sin i gcás na ndaoine uile a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, agus i ngrúpa níos lú Ballstát tá sé teoranta do ghrúpaí sonracha (e.g. daoine atá dífhostaithe ar feadh tréimhse ar leith) nó is ar bhonn lánroghnach a sholáthraítear é. Ní ach i gcás thart ar leath na mBallstát a dhéanann measúnú ilghnéitheach ar riachtanais, áfach, a chuirtear plean saincheaptha cuimsithe ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar an lánpháirtíocht shóisialta, agus, faoi dheireadh, ar an bhfostaíocht. Ós rud é gur dócha gur daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach iad sciar mór de thairbhithe an ioncaim íosta, déantar comhaontú maidir le lánpháirtiú i bpost a tháirgeadh dóibh, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú sa mhargadh saothair 14 .

Ar deireadh, fágann saincheisteanna rialachais go gcuirtear dúshlán roimh chur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar bhearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta. Áirítear ar na príomhbhacainní comhordú neamhleor idir eintitis éagsúla mar gheall ar chaighdeáin comhair a bheith in easnamh, easpa malartú faisnéise, ganntanas acmhainneachta oilte daonna agus acmhainní ísle, lena n‑áirítear bonneagar san fhostaíocht phoiblí agus i seirbhísí cumasúcháin. Tá dúshláin ag baint leis na teorainneacha sin freisin i dtaobh faireachán agus meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar an éifeachtacht – tá sásraí faireacháin thráthrialta i bhfeidhm ag thart ar leath na mBallstát, agus tá Ballstáit eile ann nár bunaíodh cleachtas den sórt sin iontu go fóill.

Tá a thuilleadh dúshláin struchtúracha romhainn, rud a fhágann go bhfuil gá le bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta. Mar gheall ar an dlús atá leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, tá an deis ann chun fás eacnamaíoch a spreagadh agus poist a chruthú. Trí bhearta sábháilteachta sóisialta atá stóinsithe, dea-cheaptha, is féidir cuidiú an acmhainneacht sin a bhaint amach go hiomlán trí thacú le haistrithe sa mhargadh saothair agus le rannpháirtíocht níos gníomhaí i gcás na ndaoine atá faoi mhíbhuntáiste. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh sé a bheith ina thoradh ar chumhdach neamhleor na sochar ranníocach (lena n‑áirítear sochair dhífhostaíochta agus pinsin amach anseo), de dheasca borradh a bheith faoin úsáid a bhaintear as fostaíocht neamhchaighdeánach, go mbeidh ualaí breise ar scéimeanna neamhranníocacha.

Sa chomhthéacs sin, is gá bearta sábháilteachta sóisialta agus ioncam íosta go háirithe a nuachóiriú agus a oiriúnú chun cuimsiú sóisialta a chothú agus chun tacú le daoine atá in ann obair a dhéanamh ina gconairí i dtreo fostaíocht ar ardchaighdeán.

Is ábhar imní don Aontas le fada an lá é bearta leormhaithe sábháilteachta sóisialta a chosaint ionas go mbeidh saol faoi dhínit ag daoine. In 1992, ghlac an Chomhairle Moladh 92/441/CEE maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta 15 , inar moladh mar chuspóir coiteann go mbunófaí leibhéal íosta ioncaim ráthaithe agus prionsabail agus treoirlínte chun an cuspóir sin a bhaint amach. Áiríodh le prionsabail ghinearálta an chreata infhaighteacht ghníomhach don obair nó don ghairmoiliúint i gcás daoine a bhfágann a naois, a sláinte agus a staid teaghlaigh go noireann sin dóibh, agus bearta lánpháirtíochta eacnamaíche agus sóisialta i gcás daoine eile. Athdhearbhaíodh agus treisíodh cuspóirí an Mholta sin le Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair 16 .

Ag aithint di a ábhartha atá freagairt bheartais ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2020 tús a chur le creat an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun tacú go héifeachtach le beartais na mBallstát maidir le cosaint ioncaim íosta náisiúnta agus chun na beartais sin a chomhlánú 17 . Sa Rún uaithi 18 , d’iarr Parlaimint na hEorpa ar na Ballstáit ioncam íosta leordhóthanach a thabhairt isteach, agus chuir sí i dtábhacht an ról atá ag cosaint ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac.

I bhfianaise an mhéid sin agus d’fhonn saol faoi dhínit a áirithiú ag gach céim den saol, is é is aidhm don Mholadh seo an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim agus rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha a chur chun cinn do dhaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chothú ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, mar a leagtar síos i bprionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ar an gcaoi sin, tá sé ina aidhm leis ardleibhéal fostaíochta a bhaint amach trí rannchuidiú go gníomhach le lánpháirtiú sa mhargadh saothair ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh. Tá na cuspóirí sin le baint amach gan dochar do chumhachtaí na mBallstát a gcórais cosanta sóisialta a eagrú.

Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an tionscnaimh:

(a)feabhas a chur ar leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim;

(b)cumhdach agus glacadh an ioncaim íosta a fheabhsú;

(c)rochtain ar mhargaí saothair ionchuimsitheacha a fheabhsú ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh;

(d)rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha a fheabhsú;

(e)tacaíocht phearsantaithe a chur chun cinn;

(f)cur le héifeachtacht rialachas na mbeart sábháilteachta sóisialta ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chomh maith le sásraí faireacháin agus tuairiscithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rannchuidíonn an togra le cur chun feidhme phrionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cuirfear chun cinn leis freisin prionsabail eile de chuid an Cholúin, amhail na prionsabail maidir le ‘tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht’, ‘coimirce shóisialta’, ‘rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha’, ‘oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil’ agus ‘comhdheiseanna’. Cuidiú a bheidh sa togra i dtaobh an phríomhsprioc a bhaint amach maidir le laghdú na bochtaineachta, agus a fo-sprioc maidir le bochtaineacht leanaí, a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus tacaíocht a bheidh ann i dtaobh bhaint amach na bpríomhspriocanna maidir le fostaíocht, chomh maith leis an bpríomhsprioc maidir le scileanna.

Cuirtear sa togra le Moladh 92/441/CEE ón gComhairle maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta. Tá an togra comhleanúnach leis na forálacha atá ann cheana agus tugtar isteach eilimintí nua leis i gcás inar measadh nach leor Moladh 92/441/CEE ón gComhairle agus gur ghá é a fhorbairt de réir athruithe sochaíocha. Ar mhaithe le simpliú, tá sé ina aidhm leis an togra seo moladh nua a chur in ionad Mholadh 92/441/CEE ón gComhairle, agus é á áirithiú an tráth céanna nach laghdófar an leibhéal cosanta atá faighte.

Leis an togra freisin, comhlánaítear Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún maidir le maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair. Is é is aidhm le straitéisí um chuimsiú gníomhach cuidiú na daoine atá in ann obair a dhéanamh a lánpháirtiú i bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta, agus dóthain acmhainní agus tacaíochta chun saol faoi dhínit a bheith acu a sholáthar dóibh siúd nach bhfuil in ann obair a dhéanamh. Cuireann an togra seo leis an taithí a fuarthas agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Mholta sin agus tugtar deis leis na heilimintí éagsúla de a fhorbairt a thuilleadh agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fós ann.

Leis an tionscnamh a bheartaítear, cuirtear leis an Moladh ó EIS maidir le Bunchosaint Shóisialta 19 agus comhlánaítear an Moladh sin, lena soláthraítear treoir do thíortha maidir le cumhdach cosanta sóisialta a leathnú trí thús áite a thabhairt do bhunchosaint shóisialta náisiúnta a bhunú a bhfuil rochtain acu siúd go léir atá i ngátar uirthi.

Le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus na mbeartas fostaíochta, cuireadh i dtábhacht na dúshláin struchtúracha a bhaineann le scéimeanna ioncaim íosta agus eilimintí gaolmhara amhail cuimsiú sóisialta agus gníomhachtú sa mhargadh saothair, agus fuair roinnt Ballstát moltaí tírshonracha ina leith sin. Leis an scórchlár sóisialta athbhreithnithe 20 , rianaítear feidhmíocht agus treochtaí sna Ballstáit, rud a chuireann ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha. I dtreoirlínte 2022 maidir le beartais fostaíochta na mBallstát, luaitear gur cheart, i gcórais cosanta sóisialta, sochair leordhóthanacha ioncaim íosta a áirithiú do na daoine uile nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí dhaoine a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena náirítear trí sheirbhísí sóisialta a sholáthar ar bhealach spriocdhírithe. Chun obair anailíseach a neartú, comhaontaíodh creat tagarmharcála sa Choiste um Chosaint Shóisialta agus léiríodh torthaí an chreata sin sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, sna tuarascálacha tíre agus sna moltaí tírshonracha.

Chun faisnéis chomhthéacsúil den sórt sin a bhailiú ar bhonn leanúnach agus foghlaim fhrithpháirteach agus malartú cleachtas a éascú faoin Modh Oscailte Comhordúcháin, d’fhág bunú líonra údarás náisiúnta atá freagrach as ioncaim íosta (MINET) go mbítear in ann idirphlé struchtúrtha tráthrialta a dhéanamh i measc na mBallstát.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhlánaíonn an tionscnamh roinnt tionscnamh eile de chuid an Aontais freisin agus tá sé comhsheasmhach leo.

Sa Mholadh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú sa mhargadh saothair 21 , moltar do na Ballstáit tacaíocht aonair a sholáthar do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus comhordú níos fearr ar sheirbhísí ábhartha a spreagadh. 

Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe 22 a áirithiú go rannchuideoidh gach duine acu le córais cosanta sóisialta atá éifeachtach, leormhaith agus trédhearcach agus go mbeidh rochtain fhoirmiúil acu ar na córais sin. Is é is aidhm dó go háirithe tacú le daoine atá i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta agus féinfhostaíochta ar daoine iad, mar gheall ar a stádas fostaíochta, nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach ag scéimeanna slándála sóisialta atá bunaithe ar ranníocaíochtaí, agus, dá dheasca sin, atá neamhchosanta ar éiginnteacht eacnamaíoch níos mó.

Leis an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach 23 , féachtar le creat a bhunú chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta agus chun cur leis an rochtain atá ag oibrithe ar chosaint pá íosta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht lucht oibre agus ar sháinn an phá ísil.

Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú 24 a áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de thréimhse 4 mhí i ndiaidh dóibh éirí dífhostaithe nó an toideachas foirmiúil a fhágáil, agus ar an gcaoi sin go seachnóidh siad an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta.

Sa Mholadh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 25 , iarrtar ar na Ballstáit rochtain éifeachtach, shaor in aisce a ráthú do leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta ar phríomhsheirbhísí atá ríthábhachtach dá bhforbairt agus dá bhfolláine, lena náirítear trí bhearta maidir le lánpháirtiú sa mhargadh saothair do thuismitheoirí agus trí thacaíocht ioncaim do theaghlaigh.

Sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht (EASE) 26 , cuirtear i dtábhacht pacáistí beartais comhleanúnacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena náirítear dreasachtaí fostaíochta agus aistrithe, uas-sciliú agus athsciliú, agus tacaíocht fheabhsaithe ó sheirbhísí poiblí fostaíochta.

Sa straitéis um chomhionannas inscne 2019-2025 27  aithnítear an céatadán níos airde de mhná, mná scothaosta go háirithe, atá thíos leis an mbochtaineacht, de dheasca bearnaí fostaíochta agus pá idir na hinscní, bearnaí a mbíonn bearna leathan pinsin ann mar thoradh orthu i ndiaidh a gcarntha ar feadh an tsaoil.

I gCreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 28 , iarrtar ar na Ballstáit il-idirdhealú struchtúrach i gcoinne na Romach a chomhrac, a áirithiú go dtiocfaidh formhór na Romach slán ón mbochtaineacht faoi 2030 agus bearta níos láidre a dhéanamh i réimsí idirghaolmhara na tacaíochta ioncaim, na fostaíochta, an chúraim sláinte agus na seirbhísí sóisialta, na tithíochta agus na seirbhísí fíor-riachtanacha.

Is é is aidhm don Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 29 a áirithiú, i measc nithe eile, gur féidir le daoine faoi mhíchumas cearta an duine a theachtadh, go mbeidh comhdheiseanna acu agus go mbeidh rochtain chomhionann acu chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, chomh maith le cosaint shóisialta leordhóthanach a bheith acu, agus ioncam leordhóthanach a áirithiú le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlaigh.

Sa Chlár Oibre Nua Scileanna don Eoraip 30 , leagtar amach plean cuimsitheach chun cothroime shóisialta a áirithiú agus chun rochtain ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach a éascú do gach duine, lena náirítear do na daoine is leochailí. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair 31 , a glacadh mar cheann de spriocanna insoláthartha an Chláir Oibre Scileanna, cuirtear ar a gcumas do dhaoine aonair páirt a ghlacadh in oiliúint atá ábhartha do mhargadh an tsaothair agus éascaítear an rochtain atá acu ar fhostaíocht nó a gcoinneáil san fhostaíocht. Le Blian Eorpach Scileanna 2023 atá beartaithe cuirfear béim bhreise ar na scileanna, ag gach céim den saol.

Tá Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives 32 [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] bunaithe ar phrionsabal inacmhainneacht na tithíochta athchóirithe agus ar an inrochtaineacht uirthi, rud a rannchuidíonn leis an sprioc atá ann tithíocht leormhaith a ráthú do dhaoine leochaileacha den phobal, go háirithe tríd an Moladh ón gCoimisiún maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh 33 .

Sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú 34 , leagtar amach treoir shonrach chun cuidiú leis na Ballstáit pacáistí beartais a chur chun feidhme lena náiritheofar aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta ar bhealach cuimsitheach, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha.

Faoin bPlean REPowerEU 35 iarrtar go mbeadh bearta spriocdhírithe ann chun luaineacht a íoslaghdú, chun praghsanna a choinneáil faoi smacht agus chun daoine aonair atá i mbaol bochtaineachta (fuinnimh), nó atá thíos leis sin, a chosaint chun tairbhí fadtéarmacha a áirithiú as aistriú cóir fuinnimh agus deireadh a chur le breoslaí iontaise na Rúise de réir a chéile go pras.

Le togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh 36 , féachtar le haghaidh a thabhairt ar na méaduithe ollmhóra ar phraghsanna fuinnimh trí ídiú leictreachais a laghdú sna Ballstáit agus trí bhrabúis eisceachtúla táirgeoirí fuinnimh a roinnt leo siúd is mó a bhfuil cabhair uathu, lena náirítear teaghlaigh leochaileacha.

Leis an bplean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta 37 , cuidítear rath a chur ar an ngeilleagar sóisialta, agus leas á bhaint as a acmhainneacht eacnamaíoch agus cruthaithe post, chomh maith lena rannchuidiú le téarnamh coir, cuimsitheach, agus leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach.

Rannchuidíonn an togra seo le cuspóirí Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

An moladh a bheartaítear, tá sé bunaithe ar Airteagal 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) mar bhunús dlí an nós imeachta in éineacht le hAirteagal 153(1) pointe (j) CFAE mar bhunús substaintiúil dlí.

Le hAirteagal 153(1)(j), ceadaítear don Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú i réimse chomhrac an eisiaimh shóisialta. Rannchuideoidh an togra leis an gcuspóir sin trí thacaíocht ioncaim a chur chun cinn ar leibhéal lenar féidir saol faoi dhínit a chaitheamh, mar aon le rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha agus bearta lena dtacaítear le lánpháirtiú sa mhargadh saothair ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh.

Tá úsáid bhunús substaintiúil Airteagal 153(1)(j) teoranta, ar an gcéad dul síos, ag Airteagal 153(2)(a), ós rud é nach gceadaítear leis ach bearta arna gceapadh chun comhar idir na Ballstáit a spreagadh, gan aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin.

Thairis sin, faoi Airteagal 153(4), ceanglaítear leis na forálacha uile arna nglacadh de bhun Airteagal 153 (i) nach ndéanfaidh an Moladh difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha dá gcórais cosanta sóisialta a shainiú; (ii) nach ndéanfaidh an Moladh difear mór do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as beartas fostaíochta agus cosanta sóisialta, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Ag tosú le Moladh 92/441/CEE ón gComhairle agus le Moladh 92/442/CEE ón gComhairle maidir le cuspóirí agus beartais cosanta sóisialta a chóineasú 38 , tá gníomhaíocht déanta ag an Aontas i réimse na cosanta sóisialta, ag tógáil ar an gcomhdhearcadh gur cheart doimhniú an mhargaidh aonair a chomhlánú le dlúthpháirtíocht shóisialta agus cóineasú idir na Ballstáit i dtaobh beartais cosanta sóisialta.

Cé go bhfuil athchóirithe i réimse an ioncaim íosta glactha ag na Ballstáit uile, léiríonn an fhianaise go bhfuil deis feabhais ann i bhformhór na mBallstát ó thaobh aghaidh a thabhairt ar bhealach comhtháite ar na dúshláin a sainaithníodh. Le bearnaí i gcur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart i leith ioncam íosta agus i leith gníomhachtúchán sa mhargadh saothair, cuirtear leis na rioscaí i dtaobh leas na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh agus a dteaghlach, a mbíonn neamhchinnteacht eacnamaíoch níos mó ag goilleadh orthu, agus laghdaítear na leibhéil fostaíochta fhoriomlána sa gheilleagar. Is ann d’iarmhairtí diúltacha ar chothroime shóisialta agus ar fhás inbhuanaithe de dheasca na faidhbe a bhaineann le tacaíocht neamhleor ioncaim agus le rochtain neamhleor ar sheirbhísí tacaíochta do sciar mór den phobal. Eascraíonn creimeadh scileanna as neamhghníomhaíocht leanúnach agus as fanacht i bhfad ón margadh saothair, agus bíonn sé ina thoradh orthu go mbíonn an lucht saothair ar chaighdeán níos ísle agus nach mbíonn siad chomh táirgiúil. Is spreagadh láidir é sin don eisiamh sóisialta agus don bhochtaineacht agus is constaic é i dtaobh príomhspriocanna 2030 a bhaint amach. Mar a léirítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra, ní dócha go mbainfear amach an sprioc maidir le laghdú na bochtaineachta sna blianta amach romhainn mura neartaíonn na Ballstáit a gcórais cosanta sóisialta agus ionchuimsithe shóisialta, agus tá beartais níos éifeachtaí um ghníomhachtú sa mhargadh saothair de dhíth chun an sprioc fostaíochta a bhaint amach.

Ó tharla go mbaineann riosca le neamhghníomhaíocht (nó gníomhaíocht neamhleor), agus i bhfianaise na dtreochtaí a bhí ann roimhe seo agus na ndúshlán sóisialta atá amach romhainn agus na foghlama frithpháirtí a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát, is maith an riocht ina bhfuil an tAontas chun dlús a chur leis na hiarrachtaí agus a bheith ar thús cadhnaíochta, agus inniúlachtaí na mBallstát i réimse na cosanta sóisialta á n‑urramú an tráth céanna. Le gníomhaíocht an Aontais, is féidir a chuidiú lena áirithiú go mbogfaidh na Ballstáit uile sa treo céanna an tráth céanna, agus cóineasú aníos á chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, rud a fhágfaidh go mbeidh sochaithe níos cothroime agus níos comhtháite ann.

Comhréireacht

Tá na bearta a mholtar sa Mholadh seo comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú. Tacaíonn an togra le bearta sábháilteachta sóisialta agus le hioncam íosta atá ann cheana sna Ballstáit agus comhlánaíonn sé iarrachtaí na mBallstát maidir le heisiamh sóisialta a chomhrac agus maidir le lánpháirtiú daoine faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair. Leis an ngníomhaíocht a bheartaítear, urramaítear cleachtais na mBallstát agus éagsúlacht a gcóras cosanta sóisialta. Aithnítear léi go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann maidir leis an gcaoi a gcuirtear an Moladh chun feidhme mar gheall ar staideanna éagsúla náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus fágtar léi gur féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an Moladh i gcomhréir lena gcomhthéacs sonrach. Bhí príomhról ag an gcomhréireacht freisin maidir le roghnú na hionstraime a threorú.

An rogha ionstraime

Is togra le haghaidh Moladh ón gComhairle í an ionstraim, lena n‑urramaítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Cuireann sé le corpas dhlí an Aontais atá ann cheana agus tá sé i gcomhréir leis na cineálacha ionstraimí atá ar fáil do ghníomhaíocht an Aontais i réimsí na fostaíochta agus an bheartais shóisialta. Le Moladh ón gComhairle, soláthrófar treoir shonrach do na Ballstáit maidir le conair an athchóirithe, agus an tráth céanna fágfar faoi rogha na mBallstát é bearta a oiriúnú d’institiúidí náisiúnta agus do shamhlacha maidir le cur i bhfeidhm. Leagtar síos leis bearta atá le meas ag na Ballstáit agus soláthraítear leis bonn láidir le haghaidh comhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh sa réimse sin, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát sna réimsí ábhartha beartais. A luaithe a ghlacfar é, cuirfear an Moladh seo in ionad Mholadh 92/441/CEE ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 1999, chuir an Coimisiún isteach tuarascáil maidir le cur chun feidhme Mholadh 92/441/CEE ón gComhairle 39 . Deimhníodh sa tuarascáil ról fíor-riachtanach an ioncaim íosta mar shásra deiridh ó thaobh bearta sábháilteachta. Baineadh de thátal inti gur chuidigh an Moladh le heagrú agus spreagadh na díospóireachta idir na Ballstáit maidir le ról agus forbairt an ioncaim íosta agus gur cothaíodh cóineasú ar fud na mBallstát dá bharr. Luadh sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn ioncaim íosta; cé chomh fada agus a chumhdaítear na bunriachtanais leo agus conas atá siad nasctha le bearta eile tacaíochta sóisialta agus fostaíochta.

In 2013, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme Mholadh 2008/867/CE ón gCoimisiún 40 . Deimhníodh leis an measúnú bailíocht chur chuige an chuimsithe ghníomhaigh, ach aithníodh gur dul chun cinn réasúnta teoranta a rinneadh maidir lena chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Cuireadh i dtábhacht ann dúshláin shonracha a bhaineann leis na trí shnáithe maidir le cuimsiú gníomhach, amhail: (i) leibhéal íseal leordhóthanacha, easpa glactha agus cumhdach teoranta i ndáil le tacaíocht ioncaim, (ii) bochtaineacht lucht oibre agus dídhreasachtaí a d’fhéadfadh eascairt as córais chánach agus sochar agus (iii) fadhb maidir le rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta i roinnt Ballstát, go háirithe i gcás na Romach, imirceach, agus daoine faoi mhíchumas. Thairis sin, d’fhág dúshláin maidir le comhordúchán ar an leibhéal áitiúil agus inniúlachtaí scaipthe ar fud na leibhéal beartais gur cuireadh bac ar an gcur chun feidhme.

Rinneadh athbhreithniú eile in 2017 ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún a chur chun feidhme 41 . Cuireadh i dtábhacht i dtorthaí an mheasúnaithe sin bearta beartais comhtháite, cuimsitheacha a bheith ann i ndáil le daoine faoi mhíbhuntáiste. Iarradh iontu go ndíreofaí níos mó ar thacaíocht leormhaith do chuimsiú sóisialta daoine nach féidir leo a bheith ag obair agus cuireadh i dtábhacht an gá atá le dlúthchomhar i measc páirtithe leasmhara agus le rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe ábhartha uile.

Cuireadh torthaí na measúnuithe sin san áireamh agus an togra seo á ullmhú.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún comhairliúcháin le geallsealbhóirí thar dhá thréimhse. Idir an 14 Eanáir agus an 30 Samhain 2020, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (lena náirítear maidir le prionsabal 14) 42 , rud a chuidigh le cruth a chur ar an méid atá sa togra seo. Thairis sin, idir an 5 Eanáir agus an 5 Bealtaine in 2022, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin spriocdhírithe maidir leis an tionscnamh féin. Reáchtáladh na comhairliúcháin sin, ar dhíospóireachtaí téamacha iad den chuid ba mhó, leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta agus leis an gCoiste Fostaíochta, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, le Coiste na Réigiún, le daoine óga, le taighdeoirí agus leis an lucht acadúil. D’fhéadfadh na geallsealbhóirí uile páirt a ghlacadh sa ghlao ar fhianaise, ar cuireadh 75 aighneacht aonair agus 33 pháipéar seasaimh isteach ina leith, a tháinig go príomha ón tsochaí shibhialta, ó shaoránaigh, agus ó chomhlachais ghnó, ón lucht acadúil, ó cheardchumainn agus ó údaráis phoiblí.

Léirigh formhór na ngeallsealbhóirí tacaíocht i dtaobh tionscnamh de chuid an Aontais a dhíreofaí ar an gcreat atá ann faoi láthair a neartú. D’athdhearbhaigh a lán acu go bhfuil ioncaim íosta idirnasctha le bearta tacaíochta eile agus dá réir sin gur cheart caitheamh leo mar chuid de chórais cosanta sóisialta níos leithne, a cheaptar agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Go ginearálta, luadh Moladh ón gComhairle lena soláthraítear treoir ar leibhéal an Aontais, agus an cur chun feidhme á fhágáil faoi na Ballstáit, mar an ionstraim is oiriúnaí. D’athdhearbhaigh formhór na ngeallsealbhóirí a thábhachtaí atá cur chuige cumhachtaithe maidir le cuimsiú gníomhach, lena gcuimsítear tacaíocht ioncaim, margaí saothair uilecuimsitheacha, cuimsiú sóisialta agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta. Ionas go mbeidh an cur chuige éifeachtach, ba cheart do chóras rialachais leormhaith tacú le comhar i measc gníomhaithe éagsúla ar an leibhéal ingearach agus ar an leibhéal cothrománach. Chuige sin, d’athdhearbhaigh a lán geallsealbhóirí a thábhachtaí atá gníomhaithe áitiúla, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhíse agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus mhol siad go mbeadh na gníomhaithe sin ina gcuid de na córais rialachais. Maidir le leordhóthanacht, d’aontaigh formhór na ngeallsealbhóirí gur cheart leibhéal na tacaíochta ioncaim a shocrú ag tairseach náisiúnta na bochtaineachta nó os a cionn chun saol faoi dhínit a áirithiú. Chuir formhór na ngeallsealbhóirí in iúl go bhfuil gá le córais stóinsithe faireacháin chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Mholta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Áirítear an méid seo a leanas sa bhonn fianaise faoin tionscnamh:

·Tús-staidéar chun tacú leis an Doiciméad Inmheánach Oibre dar teideal Filling in the knowledge gaps and identifying strengths and challenges in the effectiveness of the EU Member States’ minimum income schemes [Na bearnaí eolais a líonadh agus sainaithint a dhéanamh ar láidreachtaí agus dúshláin maidir le héifeachtacht scéimeanna ioncaim íosta na mBallstát den Aontas Eorpach]. Ba é an aidhm a bhí leis an staidéar: (i) sonraí a bhailiú maidir le hioncam íosta náisiúnta ar fud an Aontais; (ii) láidreachtaí agus dúshláin a shainaithint i dtaobh éifeachtacht an ioncaim íosta; agus (iii) measúnú a dhéanamh ar thionchair beart éagsúil a dhírítear ar a néifeachtacht a fheabhsú, lena náirítear gníomhachtú agus rochtain ar sheirbhísí.

·Samhaltú ar an tionchar a bhí ag roghanna beartais roghnaithe maidir le tacaíocht leordhóthanach ioncaim a sholáthar, arna dhéanamh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

·Creat tagarmharcála maidir le hioncam íosta a comhaontaíodh sa Choiste um Chosaint Shóisialta inar sainaithníodh trí luamhán beartais is dóichí a dhéanfaidh difear d’fheidhmíocht an ioncaim íosta: (i) leordhóthanacht sochar, (ii) rialacha incháilitheachta agus glacadh sochar, agus (iii) bearta gníomhachtúcháin agus rochtain ar sheirbhísí. Sainaithníodh sa chreat rogha táscairí toraidh, feidhmíochta agus luamháin beartas, lena náirítear táscaire dúbailte maidir le leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim airgeadaíochta: (i) mar sciar den tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta sa Bhallstát lena mbaineann; agus (ii) mar sciar d’ioncam duine a thuilleann pá íseal, rud a shainmhínítear mar dhuine a thuilleann 50 % den mheánphá.

·Bunaithe ar an gcreat tagarmharcála, soláthraítear forléargas sa tuarascáil chomhpháirteach ón gCoiste um Chosaint Shóisialta agus ón gCoimisiún ar an staid atá ann faoi láthair maidir le hioncam íosta.

·An Monatóir ar Fheidhmíocht na Cosanta Sóisialta, ina sainaithnítear príomhthreochtaí sóisialta bliantúla ar cheart féachaint orthu ar fud an Aontais agus príomhdhúshláin shóisialta agus dea-thorthaí sóisialta laistigh de Bhallstáit aonair.

Measúnú tionchair

Leis an ionstraim a bheartaítear – Moladh ón gComhairle – tugtar dóthain saoirse do na Ballstáit a chinneadh conas is fearr is féidir cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach, agus cúinsí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla á gcur san áireamh. Ós rud é go bhfuil an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ag brath ar ghníomhaíochtaí nithiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, ní féidir measúnú tionchair iomlán a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ann sula ndéanfaidh na Ballstáit roghanna maidir le cur chun feidhme.

Áirítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo forléargas ar na dúshláin is tábhachtaí maidir le feidhmíocht an ioncaim íosta. Áirítear ann freisin anailís ar an tionchar a bheadh ag athchóirithe féideartha beartais ar laghdú na bochtaineachta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Rannchuideoidh an togra leis an gceart chun dínite (Airteagal 1 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an ‘Chairt’), chun sochair slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta, chun cúnaimh shóisialta agus cúnaimh tithíochta agus chun saol cuibhiúil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu (Airteagal 34 den Chairt).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tuairisceoidh na Ballstáit go tráthrialta don Choimisiún maidir leis an dul chun cinn i leith chur chun feidhme an Mholta seo. Bunaítear leis an Moladh freisin tréimhse chun an fhoráil a bhaineann le leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a chur chun feidhme go forásach faoi dheireadh 2030. Ba cheart na tuarascálacha ar an dul chun cinn a phlé laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Fostaíochta agus líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta maidir le rochtain ar mhargaí saothair ionchuimsitheacha.

Bunaithe ar na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn, déanfar tuarascálacha comhpháirteacha tráthrialta ón gCoiste um Chosaint Shóisialta agus ón gCoimisiún a sholáthar ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta freisin ar chur chun feidhme an Mholta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus eisíonn sé moltaí tírshonracha, de réir mar is iomchuí.

Tá sé ina aidhm ag an gCoimisiún freisin a bheith ag obair i gcomhar leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta chun a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat tagarmharcála maidir le scéimeanna ioncaim íosta chun tacú leis an bhfaireachán ar an Moladh seo agus chun cur leis an bhfáil atá ar tháscairí ábhartha agus lena inchomparáide atá siad.

Tá sé ina aidhm ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh mar fhreagairt ar an Moladh a bheartaítear, go háirithe maidir lena dtionchar ar laghdú na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, ar fhostaíocht a mhéadú agus ar scileanna a fheabhsú, agus tuairisciú don Chomhairle faoi 2032. Ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar thograí breise a dhéanamh.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Léirítear cuspóir an Mholta seo i mír 1.

I mír 2 tá sainmhínithe atá le cur i bhfeidhm chun críche an Mholta.

I mír 3, moltar do na Ballstáit bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a fhorbairt trí chur chuige comhtháite lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ioncaim, dreasachtaí agus tacaíocht chun (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus rochtain ar sheirbhísí.

I mír 4 go mír 7, moltar do na Ballstáit leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a áirithiú trí mhodheolaíocht thrédhearcach a shainiú chun leibhéal na tacaíochta ioncaim a shocrú agus a athbhreithniú, luachanna tagartha a mholadh chun an measúnú ar leordhóthanacht a threorú agus coigeartuithe bliantúla ar thacaíocht ioncaim a mholadh. Go sonrach, i mír 6 iarrtar ar na Ballstáit leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a bhaint amach de réir a chéile faoin 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí.

I mír 8, moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a iarraidh go ndéanfaí an tacaíocht ioncaim a sholáthar do dhaoine aonair den teaghlach, cé nach gá go mbeadh ardú ar leibhéal foriomlán na sochar a fhaigheann an teaghlach i gceist leis sin.

I mír 9, moltar do na Ballstáit cumhdach cuimsitheach a áirithiú i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu trí ioncam íosta, trí inter alia critéir incháilitheachta neamh-idirdhealaitheacha agus tástáil chomhréireach acmhainne;

I mír 10, moltar do na Ballstáit glacadh iomlán ioncaim íosta a spreagadh, lena n‑áirítear tríd an nós imeachta iarratais a shimpliú, bacainní riaracháin a laghdú agus faisnéis inrochtana a sholáthar do na faighteoirí féideartha;

I mír 11, moltar do na Ballstáit dreasachtaí iomchuí a áirithiú d’fhaighteoirí ioncaim íosta chun (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair, agus margaí saothair ionchuimsitheacha agus rátaí arda fostaíochta a áirithiú, lena n‑áirítear trí infheistíochtaí i gcaipiteal agus scileanna daonna, dreasachtaí chun oibre a chosaint, tacú le fostóirí agus deiseanna oibre a éascú in earnáil an gheilleagair shóisialta;

I mír 12, moltar do na Ballstáit rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus ar sheirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú trí leanúnachas na rochtana ar sheirbhísí fíor-riachtanacha (lena n‑áirítear fuinneamh) a chosaint agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain ar na seirbhísí;

I mír 13, moltar do na Ballstáit cineálacha cur chuige pearsantaithe a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní éagsúla ar chuimsiú sóisialta agus ar fhostaíocht a bhíonn ann i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

I míreanna 14 go 15, moltar do na Ballstáit córais éifeachtacha rialachais agus faireacháin a chur i bhfeidhm agus tuairisciú go rialta don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Mholta;

I mír 16 iarrtar ar an gCoimisiún a thuilleadh oibre a dhéanamh leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta maidir leis an gcreat tagarmharcála ar scéimeanna ioncaim íosta agus chun cur leis an bhfáil atá ar shonraí agus lena inchomparáide atá siad. Sa mhír sin freisin, moltar don Choimisiún agus don Choiste um Chosaint Shóisialta athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta agus tuairisciú don Chomhairle faoi 2032.

2022/0299 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

Maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n‑áirithítear cuimsiú gníomhach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (j), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)D’fhonn saol faoi dhínit a áirithiú ag gach céim den saol, is é is aidhm don Mholadh seo an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta a chomhrac agus ardleibhéil fostaíochta a shaothrú trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim agus rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha a chur chun cinn i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú na ndaoine atá in ann obair a dhéanamh sa mhargadh saothair a chothú.

(2)De bhun Airteagal 151 CFAE, is iad is cuspóirí don Aontas agus do na Ballstáit, i measc cuspóirí eile, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, le cosaint chuí shóisialta, agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac.

(3)In Airteagal 1 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt'), aithnítear agus urramaítear na teidlíochtaí ar shochair slándála sóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta. Foráiltear leis an gCairt freisin go bhfuil gach duine a chónaíonn agus a bhogann go dlíthiúil laistigh den Aontas i dteideal sochair slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta agus, chun an teisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, go naithníonn agus go nurramaíonn an tAontas an ceart chun cúnaimh shóisialta agus cúnaimh tithíochta lena áirithiú go mbeidh saol cuibhiúil ag na daoine uile nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

(4)I Moladh 92/441/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta 43 , iarrtar ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don cheart bunúsach atá ag duine acmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta leordhóthanach a bheith aige chun maireachtáil ar bhealach atá comhoiriúnach le dínit an duine mar chuid d’iarracht chuimsitheach, chomhsheasmhach chun an teisiamh sóisialta a chomhrac, agus moltar ann a gcórais cosanta sóisialta a oiriúnú, de réir mar is gá. I bhfianaise ábhar an Mholta seo, is iomchuí é a chur in ionad Mholadh 92/441/CEE.

(5)Leagtar amach i Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair 44 straitéis chuimsitheach chun éascaíocht a dhéanamh do lánpháirtiú na ndaoine atá in ann obair a dhéanamh i bhfostaíocht inbhuanaithe, ardcháilíochta agus chun acmhainní a sholáthar atá leordhóthanach chun maireachtáil faoi dhínit, mar aon le tacaíocht don rannpháirtíocht shóisialta, dóibh siúd nach bhfuil in ann obair a dhéanamh. An cur chuige comhtháite sin, bunaithe ar mheascán de thrí shnáithe beartais: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair ionchuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta, baineann tábhacht ar leith leis i gcás na ndaoine is faide ón margadh saothair nó na ndaoine atá eisiata ón tsochaí.

(6)I mí na Samhna 2017, d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena leagtar amach 20 prionsabal chun tacú le margaí saothair agus córais leasa chóra a bheidh dea-fheidhmiúil agus cothrom. Luaitear i bPrionsabal 14 ‘Tá an ceart ag cách nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin ar shochair leordhóthanacha ioncaim íosta a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh dínit acu ag gach céim den saol, agus ar rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin. I gcás na ndaoine siúd atá in ann obair a dhéanamh, ba cheart sochair ioncaim íosta a chur le chéile le dreasachtaí chun iad a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair’.

(7)Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 45 (‘an Plean Gníomhaíochta’) an uaillmhian i leith Aontas sóisialta láidir. I mí an Mheithimh 2021, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach, i gcomhréir le Dearbhú Porto 46 , roimh sprioc shóisialta an Aontais maidir leis an mbochtaineacht lenar cheart laghdú 15 mhilliún 47 ar a laghad a dhéanamh faoi 2030 ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, lena náirítear ar a laghad 5 mhilliún leanbh. D’fháiltigh an Chomhairle Eorpach freisin roimh na príomhspriocanna maidir le fostaíocht, faoinar cheart 78 % ar a laghad de na daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe, agus maidir le scileanna, faoinar cheart do 60 % ar a laghad de na daoine fásta páirt a ghlacadh in oiliúint gach bliain. I mí an Mheithimh 2022, chuir na Ballstáit a spriocanna náisiúnta i láthair. Le scórchlár sóisialta athbhreithnithe agus le creat tagarmharcála maidir le hioncam íosta, a chomhaontaigh an Coiste um Chosaint Shóisialta, neartaítear buntaca anailíseach an tSeimeastair Eorpaigh, na Tuarascála Comhpháirtí ar Fhostaíocht agus na moltaí tírshonracha.

(8)Cuirtear i dtábhacht i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus sna spriocanna tacaíochta a ghabhann leis nach mór don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe a bheith fite fuaite le díothú na bochtaineachta agus díothachtaí eile, laghdú ar neamhionannais agus le rochtain fheabhsaithe ar an tsláinte, ar an oideachas agus ar an bhfostaíocht.

(9)Sa Rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2017 48 , d’iarr Parlaimint na hEorpa ar na Ballstáit ioncam íosta leordhóthanach a thabhairt isteach, agus chuir sí i dtábhacht an ról atá ag cosaint ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac. Sna conclúidí uaithi an 12 Deireadh Fómhair 2020 49 , d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tús a chur le creat an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun tacú go héifeachtach le beartais na mBallstát maidir le cosaint ioncaim íosta náisiúnta agus chun na beartais sin a chomhlánú. Le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’iarr na saoránaigh creat coiteann de chuid an Aontais maidir le hioncam íosta 50 .

(10)Cuireann an Moladh sin le torthaí mheasúnuithe an Choimisiúin 51 lena ndéantar athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh i leith chur chun feidhme Mholadh 2008/867/CE ón gCoimisiún. Deimhníodh sna measúnuithe bailíocht chur chuige an chuimsithe ghníomhaigh, ach cuireadh i dtábhacht iontu dúshláin shonracha a bhaineann, i measc nithe eile, le leibhéal íseal leordhóthanachta, glacadh teoranta agus cumhdach cúng an ioncaim íosta, dídhreasachtaí féideartha a eascraíonn as córais chánach agus sochar agus fadhb maidir le rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta lena gcothaítear cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair. D’iarr siad freisin go ndíreofaí níos mó ar thacaíocht leormhaith do chuimsiú sóisialta daoine nach féidir leo a bheith ag obair.

(11)D’ainneoin roinnt dul chun cinn a rinneadh maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a laghdú san Aontas le 10 mbliana anuas, in 2021 bhí os cionn 95.4 milliún duine fós i mbaol agus ba mhó an baol a bhí ann i gcás na mban ná i gcás na bhfear. Cuirtear leis an imní de bharr an mhéadaithe ar an mbaol bochtaineachta i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá gan phost (nó nach mór gan phost) agus de bharr dul in olcas i dtaobh dhoimhneacht agus mharthanacht na bochtaineachta i roinnt mhaith Ballstát, mar aon le laghdú a bheith ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag aistrithe sóisialta ar laghdú na bochtaineachta. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun cabhrú leis na daoine is leochailí agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus é sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla.

(12)Is í an fhostaíocht ardcháilíochta inbhuanaithe an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta. An tráth céanna, ach a áirithiú go bhfuil níos mó daoine sa mhargadh saothair, rannchuidítear le maoiniú na gcóras cosanta sóisialta agus feabhsaítear a ninbhuanaitheacht airgeadais, rud a rannchuidíonn leis an gcothroime idirghlúine agus a chuireann an comhtháthú sóisialta chun cinn. Chun leibhéil fostaíochta níos airde a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach tacú le daoine ionas go néireoidh lena naistrithe sa mhargadh saothair.

(13)Ba thábhachtaí fós a d’éirigh na buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bearta sábháilteachta sóisialta atá leormhaith agus spriocdhírithe le linn na mbabhtaí dianghlasála a bhain le paindéim COVID-19. Bhí tionchar díréireach ag bearta imshrianta ar mhná agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar chúiseanna fisiceacha agus meabhairshláinte araon, ar oideachas agus ar sheirbhísí ábhartha, rud a chuir leis na srianta a bhí ann cheana maidir le rochtain ar fhostaíocht 52 . Leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim, cuireadh i dtábhacht freisin nach mór córais cosanta sóisialta a bheith ann atá leormhaith, cuimsitheach agus athléimneach agus ar ionstraimí coisctheacha iad a fhreagraíonn don suaitheadh chun tacú leis an téarnamh.

(14)Tá cruth á chur ar an Aontas fós ag treochtaí maicreacnamaíocha a bhaineann leis an domhandú, leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, leis an athrú déimeagrafach agus le patrúin athraitheacha oibre. Le bearta sábháilteachta sóisialta atá cuimsitheach, stóinsithe, lena náirithítear tacaíocht leordhóthanach ioncaim agus lena néascaítear aistrithe sa mhargadh saothair, lena náirítear tacaíocht don athsciliú agus don uas-sciliú, is féidir cuidiú lena áirithiú go mbeidh na próisis sin cóir, cuimsitheach. Is féidir le hathruithe ar phatrúin ghairme, in éineacht le borradh a bheith faoi chineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, é a fhágáil níos deacra ar dhaoine a bheith incháilithe chun rochtain a bheith acu ar chórais cosanta sóisialta árachasbhunaithe agus is féidir le héileamh méadaithe ar bhearta tacaíochta malartacha, amhail ioncam íosta, a bheith ina thoradh orthu. Thairis sin, tar éis ionsaí neamhdhleathach gan údar na Rúise ar an Úcráin, tá an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus, ina sheal, an méadú ar rátaí boilscithe, ag dul i bhfeidhm ar theaghlaigh ísealioncaim agus ar theaghlaigh ar íseal-mheánioncam. Is féidir bearta ioncaim a dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha agus tá siad comhoiriúnach le caomhnú dreasachtaí chun an téileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

(15)Dírítear sa Mholadh seo ar na ‘daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu’, rud a chiallaíonn daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh a bhfuil acmhainní airgeadaíochta agus acmhainní ábhartha neamhleora, neamh-thráthrialta nó neamhchinnte acu, ar acmhainní iad atá fíor-riachtanach dá sláinte agus dá bhfolláine agus chun páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sa saol sóisialta. Ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh, ní mór do bhearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair a éascú trí bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, trí thacaíocht a thabhairt don chuardach poist, trí oideachas agus trí oiliúint. I gcás gach duine atá i ngátar, lena náirítear daoine nach féidir leo a bheith ag obair, áirithítear leo tacaíocht leordhóthanach ioncaim agus seirbhísí cumasúcháin. Dá bhrí sin, ní uirlis éighníomhach iad bearta sábháilteachta sóisialta ach gníomhaíonn siad, a mhéid is féidir, mar thúsphointe don lánpháirtíocht shocheacnamaíoch agus don tsoghluaisteacht shóisialta aníos, rud a fheabhsaíonn an tionchuimsiú agus ionchais fostaíochta.

(16)Áirítear le bearta sábháilteachta sóisialta raon sochar airgeadaíochta agus sochar comhchineáil lena soláthraítear tacaíocht ioncaim agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha. Cuid thábhachtach den tacaíocht ioncaim is ea sochair ioncaim íosta, a shainmhínítear iad mar shochair airgeadaíochta neamhranníocacha den rogha dheiridh arb é is aidhm leo an bhearna a líonadh chun leibhéal foriomlán áirithe ioncaim a bhaint amach i dteaghlach ar leith nuair a ídítear foinsí eile ioncaim nó sochar nó nuair nach leordhóthanach iad na foinsí sin chun saol faoi dhínit a áirithiú. D’fhéadfadh sé go náireofaí le tacaíocht ioncaim freisin sochair airgeadaíochta eile amhail liúntas leanaí agus liúntas teaghlaigh, sochair chóiríochta, sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais, sochair sheanaoise nó sochair laistigh den fhostaíocht. Féadfar cur le pinsin íosta agus ioncam leis an tacaíocht ioncaim freisin.

(17)Is príomheilimint de straitéisí chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh é an tioncam íosta agus is féidir leis feidhmiú mar chobhsaitheoir uathoibríoch. In aimsir na géarchéime eacnamaíche, is féidir leis rannchuidiú le tacú le téarnamh inbhuanaithe, cuimsitheach, cuidiú le maolú a dhéanamh ar an laghdú ar ioncaim teaghlaigh, agus na leibhéil daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta a shrianadh. Ina gcás siúd atá in ann obair a dhéanamh, cuimsítear leis an ioncam íosta dreasachtaí leormhaithe agus coinníollacht shaincheaptha, chomhréireach chun (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair. An tráth céanna, ba cheart ioncam íosta a cheapadh in éineacht le dreasachtaí oibre chun éifeachtaí histéiréise sa mhargadh saothair a sheachaint agus chun tacú le leibhéil arda fostaíochta.

(18)Le sochair chomhchineáil, is féidir tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar do dhaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun éascaíocht a dhéanamh dá rochtain ar sheirbhísí sonracha amhail oideachas agus cúram luath-óige, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 53 , cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, tithíocht shóisialta, fostaíocht agus oiliúint.

(19)Ach níos mó a dhéanamh chun bearta sábháilteachta sóisialta atá comhtháite, stóinsithe a chur chun feidhme, ní hé amháin go bhfuil acmhainneacht ann chun na torthaí sóisialta agus sláinte a fheabhsú dóibh siúd is faide ón margadh saothair, ach tá acmhainneacht ann freisin chun tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha marthanacha a sholáthar don Aontas, chun borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun sochaithe a bheith níos cothroime, níos comhtháite agus níos athléimní. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine ar ioncam íseal ar an gcóras cosanta sóisialta árachasbhunaithe chun cabhrú leo cearta cosanta sóisialta a bheith acu, go háirithe trí fhostaíocht ardcháilíochta a éascú, agus chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar tacaíochta ioncaim faoi na scéimeanna faoi seach. Ba cheart do na bearta sábháilteachta sóisialta sin cuidiú freisin chun rochtain ar chúram sláinte agus ar bhia sláintiúil a mhéadú dóibh siúd atá thíos leis an mbochtaineacht. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le cur le héifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcóras cosanta sóisialta, lena náirítear maidir le tacú leis an rochtain ar an margadh saothair ina iomláine ionas nach mbeidh daoine i ngreim ag an mbochtaineacht ná nach mbeidh orthu a bheith ag brath ar ioncam íosta san fhadtréimhse.

(20)Cé go bhfuil bearta sábháilteachta sóisialta i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir, dul chun cinn míchothrom a rinneadh ó thaobh iad a bheith inrochtana agus leormhaith. Tá éagsúlacht sa leagan amach ar fud na mBallstát, rud a léiríonn traidisiúin náisiúnta éagsúla agus struchtúr foriomlán na gcóras cosanta sóisialta, ach is dúshláin chomhchosúla atá le sárú ag na Ballstáit. Cé gur tharla cóineasú éigin, ní raibh na hathchóirithe a glacadh go dtí seo leordhóthanach i gcónaí nó bhíothas mall á gcur chun feidhme, mar a léirítear sna moltaí tírshonracha ábhartha atá ann le fada a eisíodh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Beartaítear sna pleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí sna Ballstáit lena mbaineann chun éifeachtacht, leagan amach agus athléimneacht a gcóras cosanta sóisialta a neartú, lena náirítear trí fheabhas a chur ar leagan amach an ioncaim íosta agus trí chóineasú aníos a áirithiú ó thaobh a leordhóthanachta agus an chumhdaigh atá aige. Dírítear le roinnt infheistíochtaí freisin ar an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus ar fheabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha i gcás na dteaghlach leochaileach.

(21)Meastar go bhfuil tacaíocht ioncaim leordhóthanach nuair a áirithítear saol faoi dhínit léi ag gach céim den saol. Tá gá le modheolaíocht fhónta thrédhearcach chun tacaíocht ioncaim a shocrú agus a choigeartú go tráthrialta, modheolaíocht a bheidh bunaithe ar tháscairí ábhartha agus lena gcuirtear san áireamh riachtanais shonracha teaghlaigh, chun leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim foriomláine a áirithiú. Is féidir cuidiú leis an measúnú leordhóthanachta a threorú le luachanna tagartha, amhail an tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta nó modheolaíochtaí atá bunaithe ar chiseán earraí agus seirbhísí arna sainiú go náisiúnta lena léirítear an costas maireachtála i mBallstát ar leith nó i réigiún. Is féidir leordhóthanacht a thagarmharcáil freisin i gcoinne ioncam ón obair, amhail ioncam duine a thuilleann pá íseal nó pá íosta. Cé gur léir gur cheart ioncam ón obair (ar leibhéal an phá íosta cheana féin) a bheith níos airde ná ioncam ó shochair, níl aon fhianaise ann go nimrítear mórthionchar ar an meán ar an dóchúlacht go naimseofar post i gcás daoine a fhaigheann tacaíocht ioncaim íosta. I bhfianaise na néagothromaíochtaí ó thaobh na leordhóthanachta de ar fud na dtíortha, ba cheart do na Ballstáit leibhéil leordhóthanacha den tacaíocht fhoriomlán ioncaim a bhaint amach ar bhealach forásach. Ní mór buntáistí a choinneáil i gcomhréir leis an mboilsciú (go háirithe i gcás bia agus fuinnimh), le harduithe ar chostais mhaireachtála agus le cora i dtaobh pá.

(22)D’fhéadfadh critéir incháilitheachta maidir le hioncam íosta a bheith ina mbacainn ar rochtain i gcás grúpaí áirithe. I bprionsabal, cumhdaítear leanaí mar chuid den teaghlach. D’fhéadfadh sé go ndéantar rochtain a theorannú i gcás daoine fásta óga, áfach, de bharr na tairsí aoise os cionn 18 mbliana a leagtar síos d’éilitheoirí. Is féidir le srianta a bhaineann le fad íosta an chónaithe dhlíthiúil teorainn a chur le rochtain i gcás neamhnáisiúnach, agus de cheal seoladh buan bíonn sé deacair ar dhaoine gan dídean nó ar dhaoine atá ina gcónaí i limistéir dhíothacha (e.g. i lonnaíochtaí Romach) leas a bhaint as ioncam íosta. Cé gur eilimint fhíor-riachtanach í an tástáil acmhainne lena áirithiú go ndíreofar ioncam íosta go hiomchuí, d’fhéadfadh cumhdach neamhleor a bheith i gceist freisin nuair is ar leibhéal íseal a shocraítear tairseach le haghaidh luach uasta iomlán an ioncaim agus na sócmhainní le linn tástáil acmhainne, rud a d’fhágfadh roinnt teaghlach as an áireamh fiú más rud é go bhfuil siad bocht.

(23)Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa chumhdach ioncaim íosta agus ba cheart leanúnachas an chumhdaigh thar chéimeanna éagsúla saoil a áirithiú trí chritéir rochtana atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm. Níor cheart aois, seoladh buan a bheith ann ná an ceanglas maidir le tréimhse chónaí dhlíthiúil a mbaineann fad díréireach léi a bheith ina mbacainn ar an rochtain ar ioncam íosta. Ba cheart na tairseacha don tástáil acmhainne a bheith ag luí le saol faoi dhínit i gcás teaghlaigh de chineálacha agus méideanna éagsúla i mBallstát ar leith. Ba cheart caitheamh go comhréireach le tuilleamh íseal ón obair (amhail ioncam aonuaire nó ioncam neamh-thráthrialta) sa tástáil acmhainne ar bhealach lena gcosnaítear dreasachtaí chun oibre agus nach neisiann éilitheoirí ó shochair (a d’fhéadfadh a bheith níos ísle) a tharraingt. Is gá rochtain ar ioncam íosta a dheonú go pras agus ba cheart an teidlíocht a bheith neamhtheoranta ar choinníoll go leanfaidh na héilitheoirí de na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh, faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla.

(24)Tráth a mbíonn cor chun donais eacnamaíoch ann, is féidir ról tábhachtach a bheith ag an tsolúbthacht i leagan amach an ioncaim íosta, lena náirítear trí rochtain shimplithe ar bhonn sealadach, chun na hiarmhairtí sóisialta díobhálacha a mhaolú agus ról cobhsaíochta a imirt sa gheilleagar. Is mar rogha dheiridh amháin is ceart leas a bhaint as bearta comhdhlúthaithe fhioscaigh a fhágann go laghdaítear leibhéil chosanta seachas feabhas a chur ar éifeachtacht na scéimeanna, agus measúnú tionchair dáileacháin ag gabháil leo chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí díobhálacha ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

(25)D’fhéadfadh sé tarlú, mar thoradh ar ualach riaracháin díréireach, easpa feasachta agus eagla roimh aithisiú nó idirdhealú, nach niarrann daoine atá incháilithe chun ioncam íosta a fháil rochtain ar an ioncam sin. D’fhéadfaí cur le glacadh an ioncaim íosta trí scéimeanna ilroinnte a sheachaint, trí inrochtaineacht fhoriomlán agus simplíocht na nósanna imeachta iarratais a áirithiú agus trí thacaíocht riaracháin a chur ar fáil do na héilitheoirí ionchasacha. Tá gá le bearta breise lena áirithiú go nglacfaidh teaghlaigh aontuismitheora, ar iondúil mná a bheith i gceannas orthu, an tioncam íosta. Ina theannta sin, ba cheart iarrachtaí for-rochtana a dhíriú go háirithe ar limistéir atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus ar na teaghlaigh is imeallaithe, lena náirítear na Romaigh. Is féidir le rochtain íseal ar uirlisí digiteacha nó easpa scileanna i dtaobh a núsáide a bheith ina mbacainn ar rochtain éifeachtach freisin, lena náirítear i gcás daoine faoi mhíchumas. Ach faireachán agus anailís thráthrialta a dhéanamh ar shonraí ábhartha, is féidir cuidiú le teacht ar thuiscint ar na cúiseanna atá leis an neamhghlacadh agus feabhas a chur ar an bhfreagairt bheartais.

(26)Cé gur ar leibhéal an teaghlaigh a dhéantar tástáil acmhainne, is minic nach gcuirtear san áireamh léi an staid ina bhfuil daoine aonair laistigh den teaghlach , roinnt neamhchothrom a d’fhéadfadh a bheith á déanamh ar ioncaim theaghlaigh ná an fonn a bheith neamhspleách. Bíonn tionchar ar leith aige sin ar mhná toisc gur dóchúla go mbeidh ioncam níos ísle acu, go mbeidh pá níos ísle acu agus go mbeidh níos mó freagrachtaí orthu ó thaobh cúraim. Cé nach gá go mbeadh ardú ar leibhéal foriomlán na sochar a fhaigheann an teaghlach i gceist leo, is féidir le réitigh lena néascaítear do dhaoine aonair den teaghlach tacaíocht ioncaim a fháil cur le comhionannas inscne agus le neamhspleáchas eacnamaíoch agus slándáil ioncaim i gcás ban agus daoine fásta óga.

(27)Tá sé tábhachtach margaí saothair ionchuimsitheacha a bhfuil rochtain ag cách orthu a neartú chun spleáchas fadtéarmach ar thacaíocht ioncaim a mhaolú. Le ceanglais ghníomhachtaithe agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair is féidir a spreagadh go ndéanfar níos mó iarrachtaí poist a chuardach agus go nglacfar le níos mó tairiscintí poist, nuair a áirítear seirbhísí tacaíochta amhail comhairleoireacht, cóitseáil agus cúnamh maidir le cuardach poist agus bearta chun cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú. I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú 54 , ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine óga atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta trína dtabhairt ar ais chuig an oideachas, an oiliúint nó sa mhargadh saothair laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir, agus ba cheart tacaíocht ioncaim a nascadh le bearta gníomhachtúcháin atá an-láidir. I gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta do Dhaoine faoi Mhíchumas, ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar riachtanais na ndaoine atá faoi mhíchumas. Is féidir tacú leis an aistriú chuig an bhfostaíocht trí dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe, trí thacaíocht agus treoir phearsantaithe lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha, trí phoist ardcháilíochta a áirithiú, trí choinneáil post a chur chun cinn agus tríd an dul chun cinn a chumasú i ngach aoisghrúpa. Le hathbhreithnithe tráthrialta ar dhreasachtaí agus ar dhídhreasachtaí a eascraíonn as córais chánach agus sochar, is féidir deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht ioncaim nuair a théitear i mbun fostaíochta nó is féidir leis an bhféidearthacht í a chomhcheangal le tuilleamh cur le hioncam indiúscartha an teaghlaigh, agus ar an gcaoi sin rannchuidítear le tairbhe airgid a bhaint as an obair, le bochtaineacht lucht oibre a laghdú agus le fostaíocht fhoirmiúil a dhreasú. An tráth céanna, ní mór sochair laistigh den fhostaíocht a cheapadh go cúramach chun gaistí pá íseal a sheachaint.

(28)D’fhéadfadh fostaíocht sa gheilleagar sóisialta a bheith ina céim chun tosaigh i dtreo earnálacha eile den mhargadh saothair. Ba cheart tacú le héascú an aistrithe chuig an bhfostaíocht trí bhearta tiomnaithe a chur ar fáil d’fhostóirí, mar aon le dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe i gcás inar gá sin.

(29)Tá gá freisin le seirbhísí cuimsithe sóisialta, mar shampla obair shóisialta, comhairleoireacht, cóitseáil, meantóireacht, tacaíocht shíceolaíoch agus scéimeanna athshlánaithe éagsúla, agus bearta lena néascaítear rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin nó ar sheirbhísí fíor-riachtanacha eile chun bearta stuama sábháilteachta sóisialta a bhunú. Ba cheart leanúint freisin le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí, i gcomhréir leis an gCreat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta 55 , agus chun leanúnachas na rochtana ar sheirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú. Ba cheart neartú a dhéanamh freisin ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní airgeadais agus neamhairgeadais a chuireann isteach ar rochtain chomhionann, uilíoch ar sheirbhísí.

(30)Le tacaíocht níos pearsantaithe lena ndírítear ar shainaithint a dhéanamh ar riachtanais chasta a bhíonn ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus ag a dteaghlaigh, agus ar aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, is féidir rannchuidiú go mór lena lánpháirtíocht rathúil shóisialta agus eacnamaíoch. Ba cheart plean saincheaptha maidir le cuimsiú, lena gcumhdaítear daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu as teaghlach ar leith (ar bhonn aonair nó ar bhonn comhpháirteach), a bheith ina thoradh ar mheasúnú ar riachtanais, plean lena gcinnfear an cineál tacaíochta is gá agus na cuspóirí comhaontaithe. Ba cheart a áireamh leis an tacaíocht bearta cuimsithe sóisialta in ord iomchuí nó bearta beartais gníomhacha maidir leis an margadh saothair, ag brath ar an staid aonair agus ar an infhaighteacht chun oibre, agus cothromaíocht idir dreasachtaí dearfacha agus ceanglais ghníomhachtúcháin á háirithiú an tráth céanna 56 . Na comhaontuithe maidir le lánpháirtiú i bpost arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair 57 , is féidir freastal ar an gcuspóir sin leo freisin agus, dá bhrí sin, féadfar iad a athbhreithniú más gá chun sraith níos leithne seirbhísí cumasúcháin a chur san áireamh freisin chun daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a lánpháirtiú.

(31)Tá sásraí rialachais éifeachtacha ríthábhachtach chun bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart do riar na sochar agus an soláthar seirbhísí leas a bhaint as na huirlisí a chuirtear ar fáil leis an aistriú digiteach, agus eisiamh de bharr na bearna digití á sheachaint an tráth céanna. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun dlúthchomhordú agus ailíniú na scéimeanna agus na sochar atá ann cheana a áirithiú, chomh maith lena gcomhordú le beartais eile. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar neartú a dhéanamh ar chumas oibríochtúil na ninstitiúidí uile lena mbaineann. Le malartú sonraí agus comhar níos dlúithe ar fud leibhéil éagsúla rialachais agus seirbhísí, lena náirítear trí chomhaontuithe foirmiúla nó ionaid ilfhreastail, déantar tacaíocht níos comhtháite a éascú. Le faireachán iontaofa agus meastóireacht thráthrialta ar thionchar beartas, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, is féidir rannchuidiú le héifeachtúlacht mhéadaithe, le ceapadh beartas eolasach agus le trédhearcacht na gcóras náisiúnta a fheabhsú.

(32)Le foghlaim fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais mar aon le hobair anailíseach chun a thuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar chreat tagarmharcála an Aontais atá ann cheana maidir le hioncam íosta, lena náirítear trí chur leis an bhfáil atá ar tháscairí ábhartha agus lena inchomparáide atá siad agus le rialtacht sonraí, ba cheart tacú leis na Ballstáit athchóirithe náisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme.

(33)Tá cistí de chuid an Aontais ar fáil chun tacú le cur chun feidhme an Mholta seo. Laistigh de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus 58 , ba cheart do gach Ballstát 25 % ar a laghad de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a leithdháileadh chun an teisiamh sóisialta a chomhrac. Is féidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus InvestEU tacú freisin le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta a chumasú, amhail tithíocht shóisialta agus oideachas agus cúram luath-óige, chomh maith le trealamh agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta. Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaítear cheana leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a cheapadh agus a chur chun feidhme i réimse an ioncaim íosta.

(34)Ní féidir cur chun feidhme an Mholta seo a úsáid chun an leibhéal cosanta faoin reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana a ísliú ná mar a leagtar amach i Moladh 92/441/CEE. Iarrtar ar na Ballstáit forálacha níos fabhraí ná na forálacha a mholtar anseo a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun.

(35)Tá inbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí agus cistiú leordhóthanach an ioncaim íosta fíor-riachtanach dá nathléimneacht, dá néifeachtúlacht agus dá néifeachtacht. Níor cheart do chur chun feidhme an Mholta seo difear mór a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais chórais cosanta sóisialta na mBallstát.

(36)Is uirlis úsáideach é an measúnú ar thionchar dáileach chun tionchar beart buiséadach agus athchóirithe agus ninfheistíochtaí eile ar ghrúpaí ioncaim éagsúla a ghabháil, lena náirítear an tionchar ar na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an measúnú ar thionchar dáileach cur le ceapadh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí athchóirithe cánach agus sochar, lena náirithítear nach bhfágfar aon duine ar lár. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún tugtar treoir do na Ballstáit maidir leis an gcaoi is fearr leis an measúnú ar thionchar dáileach a leabú ina bpróisis ceaptha beartas 59 .

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH

CUSPÓIR

(1)D’fhonn saol faoi dhínit a áirithiú ag gach céim den saol, is é is aidhm don Mholadh seo an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta a chomhrac trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim, go háirithe ioncam íosta, agus rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha a chur chun cinn i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú na ndaoine atá in ann obair a dhéanamh sa mhargadh saothair a chothú, i gcomhréir leis an gcur chuige um ionchuimsiú gníomhach.

SAINMHÍNITHE

(2)Chun críche an Mholta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu’ daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh a bhfuil acmhainní airgeadaíochta agus ábhartha neamhleora, neamh-thráthrialta nó neamhchinnte acu, ar acmhainní iad atá fíor-riachtanach dá sláinte agus dá bhfolláine agus chun páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta;

(b)ciallaíonn ‘tacaíocht ioncaim’ iomlán gach cineáil sochar airgeadaíochta a sholáthraítear don teaghlach, lena náirítear sochair ioncaim íosta;

(c)ciallaíonn ‘ioncam íosta’ bearta sábháilteachta neamhranníocacha, atá faoi réir tástáil acmhainne, a fheidhmítear faoi chórais cosanta sóisialta;

(d)ciallaíonn ‘cumhdach’ an teidlíocht chun páirt a ghlacadh in ioncam íosta mar a shainmhínítear é sa reachtaíocht náisiúnta;

(e)ciallaíonn ‘glacadh’ cion na ndaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu atá i dteideal a bheith rannpháirteach in ioncam íosta agus a ghlacann páirt ann iarbhír;

(f)ciallaíonn ‘seirbhísí cumasúcháin’ seirbhísí lena ndírítear ar riachtanais shonracha atá ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu lena áirithiú go mbeidh siad in ann lánpháirtiú sa tsochaí agus, i gcás inarb ábhartha, sa mhargadh saothair, lena náirítear seirbhísí cuimsithe sóisialta, mar shampla obair shóisialta, comhairleoireacht, cóitseáil, meantóireacht, tacaíocht shíceolaíoch, agus seirbhísí athshlánaithe agus seirbhísí ginearálta cumasúcháin eile, lena náirítear oideachas agus cúram luath-óige, cúram sláinte, cúram fadtéarmach, oideachas agus oiliúint, agus tithíocht;

(g)áirítear le ‘seirbhísí fíor-riachtanacha’ uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, seirbhísí airgeadais agus cumarsáid dhigiteach;

(h)ciallaíonn ‘rochtain éifeachtach ar sheirbhísí’ staid ina bhfuil seirbhísí ábhartha ar fáil go héasca, ina bhfuil siad inacmhainne, inrochtana, ar ardchaighdeán, á soláthar go tráthúil agus ina bhfuil rochtain chomhionann ag na húsáideoirí ionchasacha orthu, agus ina bhfuil siad ar an eolas gur ann dóibh agus faoi theidlíochtaí chun iad a úsáid;

(i)ciallaíonn ‘plean cuimsithe’ comhaontú nó sraith comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, arb é is aidhm leo a gcuimsiú sóisialta a chothú agus, ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, a lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chothú.

LEORDHÓTHANACHT NA TACAÍOCHTA IONCAIM

(3)Moltar do na Ballstáit bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a fhorbairt lena ráthófar saol faoi dhínit ag gach céim den saol, lena gcomhcheanglófar tacaíocht leordhóthanach ioncaim – lena náirítear sochair ioncaim íosta agus sochair airgeadaíochta eile ag gabháil leo – agus sochair chomhchineáil, agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha.

(4)Chun tacaíocht leordhóthanach ioncaim a áirithiú, moltar do na Ballstáit leibhéal na tacaíochta ioncaim a shocrú trí mhodheolaíocht thrédhearcach, stóinsithe a shaineofar sa reachtaíocht agus a mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach inti. Ba cheart a chur san áireamh sa mhodheolaíocht foinsí ioncaim foriomlána, riachtanais shonracha agus staideanna faoi mhíbhuntáiste na dteaghlach, ioncam duine a thuilleann pá íseal nó pá íosta, caighdeáin mhaireachtála agus cumhacht ceannaigh, leibhéil praghsanna agus a gcuid forbairtí gaolmhara.

(5)Agus cosaint á tabhairt do dhreasachtaí chun daoine atá in ann obair a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair, ba cheart é a bheith ina thoradh ar an tacaíocht ioncaim go ndéanfar ioncam daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéadú de réir a chéile, go dtí leibhéal atá comhionann ar a laghad le ceann amháin acu seo a leanas:

(a)an tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta; nó

(b)an luach airgeadúil atá ag earraí agus seirbhísí fíor-riachtanacha, lena náirítear cothú leormhaith, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí fíor-riachtanacha, de réir na sainmhínithe náisiúnta; nó

(c)leibhéil eile atá inchomparáide leis na leibhéil dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b), arna mbunú leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

(6)Moltar do na Ballstáit an leibhéal leordhóthanach tacaíochta ioncaim dá bhforáiltear i mír (5) a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á cosaint acu an tráth céanna.

(7)Moltar do na Ballstáit athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar leibhéal na tacaíochta ioncaim agus, i gcás inarb ábhartha, é a choigeartú ionas go mbeidh sé fós leordhóthanach, agus sochair chomhchineáil a chur san áireamh ag an am céanna.

(8)D’fhonn comhionannas inscne, slándáil ioncaim agus neamhspleáchas eacnamaíoch ban, daoine fásta óga agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, moltar do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar a iarraidh gur do dhaoine aonair den teaghlach a sholáthrófar an tacaíocht ioncaim.

CUMHDACH AN IONCAIM ÍOSTA

(9)Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar na daoine uile nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu leis an ioncam íosta a leagtar síos sa dlí, lena sainítear an méid seo a leanas:

(a)critéir incháilitheachta thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, lena gcosnaítear rochtain éifeachtach ar ioncam íosta do dhaoine fásta óga agus beag beann ar sheoladh buan a bheith ag daoine, agus é á áirithiú an tráth céanna go bhfuil fad an chónaithe dhlíthiúil comhréireach;

(b)tairseacha tástála acmhainne lena léirítear an caighdeán maireachtála i mBallstát i gcás cineálacha agus méideanna éagsúla teaghlach agus lena gcuirtear san áireamh ar bhealach comhréireach na cineálacha eile ioncaim (agus sócmhainní) atá ag an teaghlach;

(c)an tam is gá chun an tiarratas a phróiseáil, agus é á áirithiú an tráth céanna go neiseofar an cinneadh laistigh de 30 lá óna chur isteach;

(d)leanúnachas na rochtana ar ioncam íosta fad is a chomhlíonfaidh daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu na critéir incháilitheachta, le hathbhreithnithe incháilitheachta tráthrialta;

(e)nósanna imeachta gearáin agus achomhairc atá simplí, tapa, neamhchlaonta agus saor in aisce, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcuirfear daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin agus go mbeidh rochtain éifeachtach acu orthu;

(f)sásraí lena náirithítear go mbeidh an tioncam íosta freagrúil do ghéarchéimeanna socheacnamaíocha, mar shampla trí na critéir incháilitheachta a mhaolú go sealadach nó trí shíneadh ama a chur le fad na sochar.

GLACADH AN IONCAIM ÍOSTA

(10)Moltar do na Ballstáit glacadh iomlán an ioncaim íosta a spreagadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)an tualach riaracháin a laghdú, lena náirítear trí na nósanna imeachta iarratais a shimpliú agus treoir céim ar chéim a áirithiú dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu, agus aird á tabhairt an tráth céanna ar an bhfáil atá ar uirlisí digiteacha agus neamhdhigiteacha;

(b)rochtain a áirithiú ar fhaisnéis atá áisiúil don úsáideoir, saor in aisce, agus cothrom le dáta maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le hioncam íosta;

(c)teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh le daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun feasacht a mhúscailt agus chun glacadh a spreagadh, go háirithe i gcás teaghlaigh aontuismitheora, lena náirítear trí pháirt a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

(d)bearta a dhéanamh chun stiogmatú agus claontacht neamh-chomhfhiosach a bhaineann leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac;

(e)measúnú tráthrialta a dhéanamh ar neamhghlacadh an ioncaim íosta agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhearta gaolmhara gníomhachtúcháin sa mhargadh saothair, na bacainní a shainaithint agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur i bhfeidhm.

ROCHTAIN AR MHARGAÍ SAOTHAIR IONCHUIMSITHEACHA

(11)D’fhonn rátaí arda fostaíochta agus margaí saothair ionchuimsitheacha a chur chun cinn, moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gníomhachtú sa mhargadh saothair, deireadh a chur le bacainní ar dhul i mbun fostaíochta nó fanacht san fhostaíocht, tacú le daoine atá in ann a bheith ag obair ina gconairí i dtreo fostaíocht ardcháilíochta, dreasachtaí chun oibre a áirithiú, dul i ngleic le bochtaineacht lucht oibre agus le deighilt an mhargaidh saothair, fostaíocht fhoirmiúil a dhreasú, obair neamhdhearbhaithe a chomhrac agus deiseanna oibre a éascú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a áirithiú go soláthraítear leis na ceanglais ghníomhachtúcháin dreasachtaí leordhóthanacha chun dul isteach sa mhargadh saothair nó dul ar ais ann, agus go mbeidh siad forchéimnitheach agus comhréireach; ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine fásta óga chun iad a dhíriú ar ais chuig an oideachas, an oiliúint nó chuig an margadh saothair laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir;

(b)infheistíocht i gcaipiteal daonna a fheabhsú trí bheartais chuimsitheacha oideachais agus oiliúna, lena dtacaítear leis an uas-sciliú agus an athsciliú, go háirithe ina dtaobh iad siúd a bhfuil scileanna ísle nó scileanna atá as dáta acu, lena náirítear trí chomhar leis na comhpháirtithe sóisialta;

(c)foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht tacaíocht ioncaim a chur le chéile le tuilleamh ón obair, deireadh a chur de réir a chéile le tacaíocht ioncaim nó an ceart chun tacaíochta ioncaim a choinneáil le linn tréimhsí promhaidh nó tréimhsí oiliúna agus le linn tréimhsí gearra nó treallacha oibre;

(d)athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí a eascraíonn as córais chánach agus sochar;

(e)tacú le deiseanna oibre in earnáil an gheilleagair shóisialta, lena náirítear trí thaithí oibre phraiticiúil a sholáthar;

(f)an taistriú chuig an bhfostaíocht a éascú trí bhearta a chur ar fáil d’fhostóirí, amhail dreasachtaí earcaíochta, tacaíocht socrúcháin nó iarshocrúcháin, meantóireacht, comhairleoireacht, coinneáil post agus dul chun cinn a chur chun cinn.

ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ CUMASÚCHÁIN AGUS SEIRBHÍSÍ FÍOR-RIACHTANACHA

(12)Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)rochtain éifeachtach chothrom ar sheirbhísí cumasúcháin, lena náirítear i gcomhréir le prionsabail cháilíochta a shainítear sa Chreat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta;

(b)leanúnachas na rochtana éifeachtaí ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, lena náirítear fuinneamh, a chosaint;

(c)aghaidh a thabhairt ar bhacainní airgeadais agus neamhairgeadais ar rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha.

TACAÍOCHT PHEARSANTAITHE

(13)D’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní éagsúla ar chuimsiú sóisialta a bhíonn le sárú ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, agus, ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, bacainní ar fhostaíocht, moltar do na Ballstáit cur chuige pearsantaithe a fhorbairt agus soláthar seirbhíse a chomhordú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)measúnú iltoiseach ar riachtanais a dhéanamh lena scrúdaítear bacainní ar chuimsiú sóisialta agus ar fhostaíocht, sainaithint a dhéanamh ar na seirbhísí cumasúcháin agus na seirbhísí fíor-riachtanacha is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin agus an tacaíocht is gá a chinneadh;

(b)ar an mbonn sin, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis rochtain a fháil ar ioncam íosta, plean cuimsithe a chur le chéile inar cheart

(1)cuspóirí comhpháirteacha agus amlínte a shainiú;

(2)pacáiste tacaíochta arna chur in oiriúint do riachtanais aonair a leagan amach, ina mbeidh bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair agus/nó bearta lena gcothaítear cuimsiú sóisialta;

(3)bainisteoir cáis a shannadh a áiritheoidh tacaíocht leanúnach, a eagróidh tarchuir thráthúla chuig seirbhísí ábhartha agus a dhéanfaidh maoirseacht thráthrialta ar an dul chun cinn maidir leis an bplean cuimsithe a chur chun feidhme;

(c)i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus atá dífhostaithe go fadtéarmach, an comhaontú maidir le lánpháirtiú post atá ann cheana a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, é a oiriúnú i gcomhréir leis an Moladh maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair 60 chun é a chomhlánú le heilimintí den phlean cuimsithe dá dtagraítear i bpointe (b).

RIALACHAS, FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

(14)D’fhonn bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)bearnaí agus forluí idir sochair agus scéimeanna éagsúla agus a nilroinnt a sheachaint chun foráil a dhéanamh maidir le pacáiste comhleanúnach tacaíochta ioncaim, beart gníomhachtúcháin agus seirbhísí cumasúcháin;

(b)neartú a dhéanamh ar chumas oibríochtúil na núdarás atá i gceannas ar thacaíocht ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus soláthraithe seirbhísí cumasúcháin agus an comhar eatarthu a fheabhsú, lena náirítear trí chomhroinnt sonraí agus trí shamhlacha seirbhíse comhtháite breise a chur chun cinn;

(c)geallsealbhóirí ábhartha a chumhachtú, amhail údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, d’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach a bheith acu i leagan amach agus i gcur chun feidhme scéimeanna ioncaim íosta agus san fhaireachán agus meastóireacht ar na scéimeanna sin;

(d)maoiniú leordhóthanach beart sábháilteachta sóisialta a áirithiú ar bhealach atá comhleanúnach le hinbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí.

(15)Chun bonn eolais níos fearr a chur faoi cheapadh beartas, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme a dhéantar ar bheartais tacaíochta ioncaim, go háirithe ioncam íosta, agus ar bhearta gníomhachtúcháin gaolmhara sa mhargadh saothair, ar an rochtain ar sheirbhísí, lena náirítear trí chur leis an bhfáil atá ar shonraí ábhartha ar gach leibhéal rialachais agus lena gcáilíocht agus trí mheastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh, agus coigeartuithe a dhéanamh chun cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir;

(b)sásraí a fhorbairt, agus rialacha cosanta sonraí á nurramú, lena bhféadfar obair leantach a dhéanamh i leith daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu maidir lena gcuimsiú sóisialta nó maidir lena naistriú chuig fostaíocht;

(c)tuairisciú don Choimisiún gach 3 bliana i ndáil leis an dul chun cinn maidir leis an Moladh seo a chur chun feidhme; ba cheart torthaí agus moltaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a chumhdach sa chéad tuarascáil.

(16)Is díol sásaimh don Chomhairle é go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)a bheith ag obair i gcomhpháirt leis na Ballstáit ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta chun an creat tagarmharcála maidir le hioncam íosta a mhionsaothrú a thuilleadh agus chun cur leis an bhfáil atá ar tháscairí agus sonraí ábhartha agus lena inchomparáide atá siad;

(b)foghlaim fhrithpháirteach agus scaipeadh torthaí agus dea-chleachtas i measc na mBallstát a atreisiú;

(c)ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 15, pointe (c) agus laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta, athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Moladh seo a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Fostaíochta agus le líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta maidir leis an rochtain ar mhargaí saothair ionchuimsitheacha;

(d)faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an Moladh seo a chur chun feidhme i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus moltaí tírshonracha a dhéanamh leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí;

(e)machnamh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an Moladh seo, go háirithe maidir lena thionchar ar laghdú na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, ar leibhéil fostaíochta a mhéadú agus ar rannpháirtíocht san oiliúint a fheabhsú, agus tuairisciú don Chomhairle faoi 2032.

(17)Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh 92/441/CEE.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     political-guidelines-next-commission_en_0.pdf (europa.eu)
(2)    Daoine idir 0-59 mbliana d’aois, a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh ina ndearna daoine fásta in aois oibre (18-59) níos lú ná 20 % den mhéid oibre a d’fhéadfaidís a dhéanamh le bliain anuas.
(3)    Ní hionann sochair ioncaim íosta agus ioncam bunúsach uilíoch, a bhfuil tacaíocht ioncaim neamhchoinníollach do chách i gceist leis, gan tástáil acmhainne ná ceanglas i dtaobh obair a dhéanamh.
(4)    Parlaimint na hEorpa 2010: Staidéar dar teideal The Role of Social Protection as Economic Stabiliser: Lessons from the Current Crisis [Ról na Cosanta Sóisialta mar Chobhsaitheoir Eacnamaíoch: Ceachtanna ón nGéarchéim atá ann faoi láthair].
(5)    Arna thomhas de réir ráta riosca na bochtaineachta (60 % de choibhéis an ioncaim airmheánaigh teaghlaigh tar éis aistrithe sóisialta).
(6)    Laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le creat tagarmharcála i réimse na sochar ioncaim íosta don phobal in aois oibre. Sainaithníodh trí phríomhluamhán beartais ar cinn iad a d’fhéadfadh an difear is mó a dhéanamh dá bhfeidhmíocht: (1) leordhóthanacht sochar, (2) rialacha incháilitheachta agus glacadh sochar, agus (3) gníomhachtú agus rochtain ar sheirbhísí. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le dhá tháscaire chun leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim in airgead tirim a thomhas: (i) mar sciar den tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta sa Bhallstát lena mbaineann; agus (ii) mar sciar d’ioncam duine a thuilleann pá íseal, a shainmhínítear é mar dhuine a thuilleann 50 % den mheánphá. Úsáidtear ioncam an duine a thuilleann pá íseal mar athróg ionadach le haghaidh pá íosta, toisc nach ann do phá íosta i ngach tír.
(7)    An Coiste Comhpháirteach um Chosaint Shóisialta – Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir le hIoncam Íosta (cairt 27).
(8)    I ngach Ballstát, tá saoránaigh náisiúnta agus saoránaigh de chuid Ballstát eile den Aontas Eorpach (ag brath ar rialacha ginearálta maidir le cónaí dlíthiúil a bhaint amach) incháilithe d’ioncam íosta.
(9)    Amhail maoin ar luach íseal a fuarthas le hoidhreacht nó sócmhainní inaistrithe, coigilteas, etc. ar luach íseal
(10)    Foinse: https://eige.europa.eu/thesaurus/terms/1126
(11)    Sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Chróit, sa Spáinn, sa Rómáin agus sa Bhulgáir.
(12)    Féach Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair.
(13)    Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016).
(14)    Moladh 92/441/CEE ón gComhairle maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta (IO L 245, 26.8.1992).
(15)    Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307, 18.11.2008).
(16)    Conclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 ‘Cosaint Ioncaim Íosta a Neartú chun an Bhochtaineacht agus an tEisiamh Sóisialta a Chomhrac le linn Phaindéim COVID-19 agus ina Diaidh’.
(17)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cosaint ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac (2016/2270(INI)).
(18)    Moladh ó EIS maidir le Bunchosaint Shóisialta, 2012 (Uimh. 202).
(19)     Táscairí scórchláir shóisialta – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta – Eurostat (europa.eu)
(20)    Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016).
(21)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019).
(22)    Déan tagairt don Treoir nuair a fhoilseofar í
(23)    Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad an Mholta ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020).
(24)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021).
(25)    Moladh (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021).
(26)     EUR-Lex - 52020DC0152 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(27)    Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021).
(28)    https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8376&furtherPubs=yes
(29)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [An Clár Oibre Eorpach Scileanna don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] COM/2020/274 final.
(30)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022).
(31)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil], COM(2020) 662 final.
(32)    Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020).
(33)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 247, 27.6.2022).
(34)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU, COM(2022)230 final.
(35)    Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, COM(2022) 473 final.
(36)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal ‘Building an economy that works for people: an action plan for the social economy: an action plan for the social economy’[Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], COM(2021) 778 final.
(37)    Moladh 92/442/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1992 maidir le cuspóirí agus beartais cosanta sóisialta a chóineasú (Uimh. L 245/49).
(38)    Report from the Commission to the Council, the European Parliament, the Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the implementation of the Recommendation 91/441/EEC of 24 June 1992 on common criteria concerning sufficient resources and social assistance in social protection systems [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme Mholadh 91/441/CEE an 24 Meitheamh 1992 maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta] (COM(1998) 774 final).
(39)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Follow-up on the implementation by the Member States of the 2008 European Commission recommendation on active inclusion of people excluded from the labour market – Towards a social investment approach [Obair leantach ar an gcur chun feidhme a rinne na Ballstáit ar an Moladh a rinne an Coimisiún Eorpach in 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair – I dtreo cur chuige infheistíochta sóisialta], SWD(2013) 39 final.
(40)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Mholta a rinne an Coimisiún in 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair, SWD(2017) 257 final.
(41)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta], SWD(2021)46 final.
(42)    Moladh 92/441/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta (IO L 245, 26.8.1992).
(43)    Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307, 18.11.2008).
(44)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta], (COM/2021/102 final).
(45)    https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2021/05/08/the-porto-declaration/
(46)    I gcomparáid le 2019.
(47)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cosaint ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac (2016/2270(INI)).
(48)    Conclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 ‘Cosaint Ioncaim Íosta a Neartú chun an Bhochtaineacht agus an tEisiamh Sóisialta a Chomhrac le linn Phaindéim COVID-19 agus ina Diaidh’.
(49)    Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tuarascáil maidir leis an toradh deiridh, Bealtaine 2022, lch. 58.
(50)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Follow-up on the implementation by the Member States of the 2008 European Commission recommendation on active inclusion of people excluded from the labour market – Towards a social investment approach [Obair leantach ar an gcur chun feidhme a rinne na Ballstáit ar an Moladh a rinne an Coimisiún Eorpach in 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair – I dtreo cur chuige infheistíochta sóisialta], SWD(2013) 39 final. Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Mholta a rinne an Coimisiún in 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair, SWD(2017) 257 final.
(51)    Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022.
(52)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021).
(53)    Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad an Mholta ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020).
(54)    A voluntary European Quality Framework for Social Services [Creat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta], SPC/2010/10 final.
(55)    Léiríonn an fhianaise go mbíonn méadú ar fhostaíocht ina thoradh ar chuardach poist níos gníomhaí, ach níl aon fhianaise ann ar thionchar dearfach den chineál céanna a bheith ag rialacha níos déine maidir le smachtbhannaí. Féach: OECD, Does Demanding Activation Work? A Comparative Analysis of the Effects of Unemployment Benefit Conditionality on Employment in 21 Advanced Economies, 1980–2012 [ECFE: An Oibríonn sé Gníomhachtú a Éileamh? Anailís Chomparáideach ar Éifeachtaí ar Fhostaíocht de bharr Coinníollacht i leith Sochar Dífhostaíochta in 21 Ardgheilleagar, 1980–2012].
(56)    Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016).
(57)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, IO L 231, 30.6.2021.
(58)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Better assessing the distributional assessment of Member States [Measúnú níos fearr a dhéanamh ar an measúnú ar thionchar dáileach i leith bheartais na mBallstát] (ar na bacáin).