An Bhruiséil,28.9.2022

COM(2022) 486 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle

1.    RÉAMHRÁ

Le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle 1  leagtar amach an bunús dlí maidir le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (EASA) a chruthú, sainmhínítear inniúlachtaí EASA agus bunaítear raon feidhme cheanglais choiteanna na sábháilteachta eitlíochta. Cumhdaítear leis an rialachán na gnéithe atá dírithe ar fheidhmíocht chóras eitlíochta an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

Le hAirteagal 128(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear an chaoi le bunriachtanais an Rialacháin sin a chomhlíonadh.

I gcomhréir le hAirteagal 128(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, údaraítear an Coimisiún Eorpach le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in:

·Airteagal 19: aeracmhainneacht agus cosaint an chomhshaoil

·Airteagal 28: foireann eitilte

·Airteagal 32: oibríochtaí aeir

·Airteagal 39: aeradróim

·Airteagal 47: BAL/SAL

·Airteagal 54: rialtóirí aerthráchta

·Airteagal 58: aerárthaí gan foireann

·Airteagal 61: aerárthaí arna núsáid ag oibreoir tríú tír isteach go dtí an Aontas, laistigh den Aontas nó amach as an Aontas

·Airteagal 62(13): deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú

·Airteagal 68(3): glacadh le deimhniúchán tríú tír

·Airteagal 84(4): fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha

·Airteagal 105: cumhachtaí an Bhoird Achomhairc

·Airteagal 106: comhaltaí an Bhoird Achomhairc.

2.    BUNÚS DLÍ NA TUARASCÁLA

Ceanglaítear an tuarascáil seo a dhéanamh faoi Airteagal 128(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.

De réir an Airteagail sin, tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas i leith tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, agus dá bhrí sin roimh an 11 Nollaig 2022.

3.    AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

3.1.    An úsáid a bhaineann an Coimisiún Eorpach as tarmligean na cumhachta

D’úsáid an Coimisiún Eorpach an tarmligean cumhachta sna réimsí seo a leanas:

·2019

a)Córais aerárthaí gan foireann; agus

b)Cosaint an chomhshaoil

·2020

a)Aeracmhainneacht tosaigh;

b)Deimhniú píolótaí tríú tír;

c)Córais aerárthaí gan foireann;

d)Seirbhísí bainistíochta naprúin;

e)Comhscéim Eorpach um aicmiú riosca; agus

f)Sábháilteacht rúidbhealaigh agus sonraí aerloingseoireachta

·2021

a)Aeracmhainneacht tosaigh

b)Tagairtí d’fhorálacha ICAO i Rialachán (AE) 2018/1139;

·2022

a)Aeracmhainneacht tosaigh;

b)Oibríochtaí uile-aimsire

Ar dháta dréachtaithe na tuarascála seo, ghlac an Coimisiún 13 Rialachán Tarmligthe ó tháinig Airteagal 128(2) de Rialachán (AE) 2018/1139 i bhfeidhm an 11 Meán Fómhair 2018.

3.2.    Rialacháin Tharmligthe a glacadh

a)An 12 Márta 2019, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 2 . Sa Rialachán sin tá na ceanglais theicniúla maidir le haicmí an chórais aerárthaí gan foireann (UAS) agus ríomhshainaitheantas córas aerárthaí gan foireann agus na ceanglais theicniúla maidir le hoibreoirí tríú tír córas aerárthaí gan foireann. Go sonrach, sainmhínítear leis an Rialachán sin reachtaíocht nua an Aontais maidir le comhchuibhiú margaidh nach mór do UAS a oibrítear sa chatagóir ‘oscailte’ a chomhlíonadh agus na coinníollacha le haghaidh oibríochtaí UAS arna ndéanamh ag oibreoir tríú tír. Taispeántar comhlíontacht trí mharcáil CE agus aicme UAS a ghreamú de UAS nuair a chomhlíonann sé na buncheanglais theicniúla. Ba cheart don Rialachán sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach maidir le slándáil, príobháideachas, cosaint sonraí agus cosaint an chomhshaoil. Meastar go méadófar leibhéal sábháilteachta oibríochtaí UAS, go ndéanfar reachtaíocht a chomhchuibhiú i measc Bhallstáit an Aontais, agus go gcruthófar margadh san Aontas a laghdóidh costas UAS agus a cheadóidh oibríochtaí trasteorann.

b)An 12 Márta 2019, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 3 . Baineann an Rialachán sin le fíorú comhlíontachta rioscabhunaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 4 (Cuid21) chun éifeachtacht, trédhearcacht agus intuarthacht an phróisis deimhniúcháin a fheabhsú. Áirítear ann critéir roghnúcháin áirithe chun gur féidir a chinneadh cé na taispeántais ar chomhlíontacht ba cheart do EASA a fhíorú. Ina theannta sin, foráiltear leis an Rialachán sin go bhféadfaidh eagraíochtaí táirgthe iarratas a chur faoi bhráid a núdarás inniúil ar dhíolúintí ó na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil le haghaidh innill shonracha nó le haghaidh aerárthaí sonracha. Tá féidearthacht na ndíolúintí sin bunaithe ar na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil atá in Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago. Ceartaítear leis an Rialachán sin freisin neamhréireachtaí áirithe idir Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 agus Rialachán (AE) 2018/1139 a mhéid a bhaineann le hábhar an bhoinn deimhnithe cineáil agus an próiseas fógartha.

c)An 28 Eanáir 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/570 5 . Baineann an Rialachán sin le leasú agus ceartú Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 (Cuid21) chun rialacha maidir le haeracmhainneacht leanúnach na naerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 6 . Go sonrach, ós rud é nach dtagraíonn na forálacha a bhaineann le deimhnithe aeracmhainneachta, formheasanna deartha deisiúcháin agus ceadanna eitilte, a leagtar síos in Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach d’Iarscríbhinn I (CuidM) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 chun a forálacha a oiriúnú do struchtúr nua na nIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

d)An 4 Márta 2020 7 , ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723. Baineann an Rialachán sin le glacadh le deimhnithe agus doiciméadacht eile lena bhfianaítear comhlíontacht le rialacha eitlíochta sibhialta arna neisiúint i gcomhréir le dlíthe tríú tír, agus leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1139 á áirithiú ag an am céanna, lena náirítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun an mhuinín is gá as córais rialála tríú tíortha a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. De réir Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 8 ina liostaítear na coinníollacha maidir le glacadh le ceadúnais ó thríú tíortha, féadfaidh na Ballstáit glacadh le ceadúnas píolóta arna eisiúint ag tríú tír faoi láthair (faoi choinníollacha áirithe) nó féadfaidh sealbhóir an cheadúnais tríú tír sin creidmheas a fháil agus iarratas á dhéanamh aige ar cheadúnas. Déantar an creidmheas sin a chinneadh faoi láthair bunaithe ar mholadh ó eagraíocht oiliúna fhormheasta. Leis an rialachán sin, tugtar isteach na ‘heagraíochtaí oiliúna dearbhaithe’ agus nuashonraítear na rialacha maidir le glacadh le ceadúnais ó thríú tíortha chun cead a thabhairt d’eagraíochtaí den sórt sin creidmheas a thabhairt do shealbhóirí ceadúnas tríú tír a dhéanann iarratas ar cheadúnas arna eisiúint faoi chreat dlíthiúil an Aontais.

e)An 27 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1058 9 . Leis an Rialachán sin, tugtar isteach dhá chás chaighdeánacha (STSanna) i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/947, lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir le hoibreoirí UAS tús a chur le hoibríocht tar éis dóibh dearbhú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Thairis sin, tugtar isteach leis dhá Chuid nua san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/945, lena náirítear na ceanglais theicniúla nach mór do UAS a chomhlíonadh chun go noibreofar iad sna STSanna, agus lena mbunaítear dhá aicme nua UAS — aicmí C5 agus C6. Tá na coinníollacha chun na STSanna a dhéanamh bunaithe ar thaithí inseirbhíse roinnt Ballstát agus bailíochtaíodh iad tríd an measúnú riosca ar oibríochtaí sonracha (SORA) a chur i bhfeidhm.

f)An 9 Meitheamh 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1234 10 . Leagtar síos leis an Rialachán sin ceanglais údaráis maidir le deimhniúchán agus formhaoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí bainistíochta naprúin, a gceanglais eagrúcháin, ceanglais oibríochtaí le haghaidh an naprúin, chomh maith le ceanglais oiliúna don phearsanra a bhfuil baint acu le seirbhísí bainistíochta naprúin a sholáthar. Is é is aidhm don Rialachán sin na ceanglais maidir le hoibríochtaí aeradróim a chur i gcrích trí oibríochtaí naprúin a chomhtháthú, agus ligean do sholáthraithe seirbhísí bainistíochta naprúin a gcuid seirbhísí a thairiscint in aeradróim éagsúla agus i mBallstáit éagsúla gan gá a bheith le níos mó ná deimhniú amháin.

g)An 6 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 11 . Bunaítear leis an Rialachán sin an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (ERCS) chun an riosca sábháilteachta a bhainfeadh le tarlú a chinneadh. Déantar foráil sa Rialachán maidir le dhá chéim, ceann amháin (céim 1) a bhaineann le luachanna an dá athróg a chinneadh: déine agus dóchúlacht agus an ceann eile (céim 2) maidir le scóráil an riosca sábháilteachta laistigh de mhaitrís ERCS bunaithe ar dhá luach shocraithe na nathróg. Tríd an Rialachán sin, meastar go néascóidh ERCS cur chuige comhtháite agus comhchuibhithe maidir le bainistíocht riosca ar fud chóras eitlíochta na hEorpa agus, dá bhrí sin, go gcuirfidh sé ar a gcumas d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht díriú ar iarrachtaí chun sábháilteacht a fheabhsú ar bhealach comhchuibhithe mar chuid den Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

h)An 8 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2148 12 . Leis an Rialachán sin, meastar go maolófar na rioscaí sábháilteachta a bhaineann le sábháilteacht an rúidbhealaigh, ó thaobh aeradróim de, ag díriú go príomha ar ionraí rúidbhealaigh a chosc agus ar mheasúnú agus tuairisciú ar riocht dhromchla an rúidbhealaigh. Tugtar aghaidh leis ar shaincheisteanna amhail imbhuailtí talún, cumraíocht an rúidbhealaigh, tarluithe a bhaineann le smionagar ábhair choimhthíoch chomh maith le cothabháil na gcosán rúidbhealaigh. Leis an rialachán sin, tugtar isteach ceanglais nua eagrúcháin agus oibríochtúla Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 13 , atá bunaithe ar fhorálacha ICAO atá in Iarscríbhinní 14 agus 15 go príomha, chomh maith le moltaí sábháilteachta a dhíríonn Ballstáit áirithe ar EASA. Thairis sin, moltar sa Rialachán sin leasuithe a dhéanamh ar an gcreat maidir le feithiclí a oibriú in aeradróim, lena náirítear tiománaithe a údarú agus feithiclí a oibríonn ar an limistéar ainlithe eitilte a chur i gcomhréir le réamhriachtanais sábháilteachta áirithe, chun sábháilteacht an rúidbhealaigh a áirithiú. Tá an togra le haghaidh ceanglas nua maidir le cumarsáid nasctha leis sin freisin, chomh maith le togra maidir le coisithe a rialú ag an aeradróm. Ina theannta sin, áirítear sa Rialachán sin na ceanglais uile is gá chun tacú le cur i bhfeidhm na Formáide Tuairiscithe Domhanda (GRF) nua maidir le riocht dhromchla an rúidbhealaigh, lena náirítear athruithe ar inneachar fhoirmeacha METAR agus SNOWTAM agus ar an aerthuarascáil speisialta. Leis an Rialachán, meastar go gcuirfear feabhas ar an tsábháilteacht trí líon na dtarluithe a bhaineann le sábháilteacht an rúidbhealaigh a laghdú ó thaobh aeradróim de, agus go gcuirfear feabhas ar chomhchuibhiú mar thoradh ar cheanglais choiteanna nua a thabhairt isteach nach ann dóibh faoi láthair. Áirithítear leis go ndéanfar creat rialála reatha an Aontais maidir le haeradróim a ailíniú le forálacha ábhartha ICAO a bhaineann le haeradróim in Iarscríbhinní 14 agus 15, PANSATM agus PANSAerodromes.

i)An 21 Nollaig 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 14 . Leis an Rialachán sin, tugtar aghaidh ar na rioscaí sábháilteachta a bhaineann le feiniméin aosaithe i struchtúir eitleán mór. Áirítear ar na rioscaí strustuirse dhearadh an bhunchineáil, damáiste strustuirse forleithne (WFD), creimeadh, strustuirse athruithe agus deisiúchán, agus oibriú leanúnach agus leibhéil neamhshábháilte de scoilteadh strustuirse ann. Maidir le Sealbhóirí Formheasa Dearaidh, nó iarratasóirí ar Dheimhnithe Cineáil, Deimhnithe Cineáil Forlíontacha, athruithe ar dhearadh agus formheasanna deisiúcháin, meastar go náiritheofar leis an Rialachán sin go soláthróidh siad na sonraí, na nósanna imeachta, na treoracha agus na lámhleabhair is gá a bhaineann le clistí sa struchtúr aosaithe mar gheall ar chreimeadh agus strustuirse agus go gcuirfear ar fáil iad dóibh siúd ar gá dóibh na nithe sin a chomhlíonadh (oibreoirí). Leis an Rialachán sin, meastar freisin go maolófar na rioscaí a bhaineann le héiginnteacht stádas na dtreoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach (ICA) agus, dá bhrí sin, nach mbeifear in ann na rialacha a léirmhíniú, rud a chruthódh difríochtaí in úsáid ICA agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí sábháilteachta. Chun an méid sin a bhaint amach, soiléirítear leis an Rialachán sin gur cuid den deimhniú cineáil é ICA agus déantar na ceanglais a bhaineann le coimeád taifead, lámhleabhair agus ICA sna fochodanna éagsúla a chumasc in aon cheanglas amháin (i bhFochuid A). Leis an Rialachán sin, meastar go gcuirfear feabhas ar chomhchuibhiú ICA i measc Shealbhóirí Formheasa Dearaidh i ndáil le sainaithint, formheas, formáidiú agus infhaighteacht ICA do na húsáideoirí deiridh agus chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta sin a mhaolú do na loingis eitleán mór atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

j)An 7 Aibreán 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1087 15 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 16 . Leis an dá Rialachán sin, déantar creat rialála an Aontais a ailíniú le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta ICAO (SARPanna) atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. I mí Feabhra 2019, mhol Coiste ICAO um Eitlíocht agus Cosaint an Chomhshaoil (CAEP) feabhsuithe agus nuashonruithe ar SARPanna atá ann faoi láthair maidir le torann, astaíochtaí innill aerárthaí, agus astaíochtaí CO2 eitleán, lena náirítear leibhéil rialála nua maidir le hastaíochtaí ábhair cháithnínigh do-ghalaithe le haghaidh innill aerárthaí. Ghlac Comhairle ICAO na leasuithe deiridh an 11 Márta 2020 17 . Dá bhrí sin, leasaítear leis na Rialacháin sin Airteagal 9 ‘Bunriachtanais’ de Rialachán (AE) 2018/1139, Airteagal 9 ‘Eagraíochtaí táirgthe’ de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún agus Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann leis. Leis na Rialacháin sin, meastar go náiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta comhshaoil agus go dtabharfar cothrom iomaíochta do na gníomhaithe uile san earnáil eitlíochta.

k)An 10 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 18 . Bunaítear leis an Rialachán sin creat córais bainistíochta sábháilteachta maidir le dearadh agus táirgeadh (Cuid 21) chomh maith le heagraíochtaí cothabhála (Cuid145), agus is iad sin an dá réimse nach bhfuil Iarscríbhinn 19 ICAO trasuite go fóill ina dtaobh i gcreat rialála an Aontais. Ina theannta sin, le hIarscríbhinn II ‘Bunriachtanais maidir le haeracmhainneacht’ a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, glaoitear go sainráite ar eagraíochtaí deartha, táirgthe agus cothabhála córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, lena náirítear bainistíocht rioscaí sábháilteachta, agus féachaint leis an gcóras a fheabhsú go leanúnach le tacaíocht ó chóras tuairiscithe tarluithe a bhunófar fosta. Tríd an gcreat córas bainistíochta sin a bhunú, cuirfear feabhas ar shábháilteacht eitlíochta trí a) beartais agus cuspóirí sábháilteachta a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha a bhunú, b) guaiseacha a shainaithint go córasach agus córas bainistíochta riosca; c) córais dearbhaithe sábháilteachta, agus aird á tabhairt ar fheidhmíocht sábháilteachta eagraíochtaí; agus d) cur chun cinn sábháilteachta agus cumarsáid. Tá an Rialachán sin i gcomhréir le coincheap rialála an chórais bainistíochta arna bhunú le haghaidh réimsí eile, amhail Oibríochtaí Aeir nó Aeradróim, nó le haghaidh eagraíochtaí um bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí (CuidCAMO). Trí fhorálacha an chórais bainistíochta a ailíniú i ngach réimse eitlíochta, áiritheofar gur féidir leis na heagraíochtaí nach mór dóibh ceanglais éagsúla córais bainistíochta a chomhlíonadh i réimsí éagsúla, áiritheofar gur féidir leo córas bainistíochta amháin a chur chun feidhme, agus gur féidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann formhaoirseacht ar eagraíochtaí éagsúla i réimsí éagsúla a gcuid gníomhaíochtaí formhaoirseachta a phleanáil agus a eagrú ar bhonn na bprionsabal rialála céanna.

l)An 14 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/208 19 . Is é is cuspóir don Rialachán sin creat rialála eitlíochta an Aontais is infheidhme maidir le hoibríochtaí uile-aimsire (AWOnna) agus oiliúint na foirne eitilte a nuachóiriú chun an leibhéal is airde sábháilteachta a áirithiú agus, an tráth céanna, gnóthachain éifeachtúlachta a chumasú bunaithe ar an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí. A mhéid a bhaineann le AWOnna, socraítear leis an Rialachán sin an chothromaíocht iomchuí idir prionsabail atá bunaithe ar fheidhmíocht agus prionsabail shaintreoracha ag brath ar chineál na noibríochtaí aeir. Níl na rialacha spleách ar an teicneolaíocht agus d’fhéadfaidís freastal ar athruithe amach anseo. Tugtar aghaidh leis ar na disciplíní ábhartha uile agus nuashonraítear na rialacha a bhaineann le AWO i réimsí na noibríochtaí aeir, an aerchriú agus na naeradróm, ar bhealach comhordaithe. A mhéid a bhaineann le hoiliúint na foirne eitilte, cuirtear feabhas leis an Rialachán sin ar oiliúint shainordaitheach an chriú agus ar na ceanglais seiceála atá ann cheana le haghaidh oibreoirí aeir. Tugtar aghaidh leis ar oiliúint agus ar sheiceáil tosaigh agus thréimhsiúil, na coinníollacha le haghaidh oibriú ar níos mó ná aon chineál nó leagan aerárthaigh amháin, glacadh le hoiliúint agus le seiceáil na noibreoirí neamhthráchtála roimhe sin, agus oibríochtaí ilphíolóta i héileacaptair dheimhnithe aonphíolóta. Leis an Rialachán sin, meastar go méadófar an tsábháilteacht ar bhealach costéifeachtach agus go gcoinneofar an tsábháilteacht ar bun, go laghdófar an tualach rialála, go méadófar an chostéifeachtúlacht, go gcuirfear feabhas ar chomhchuibhiú maidir le AWOnna (e.g. leis an Údarás Feidearálach Eitlíochta), agus go ndéanfar Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPanna) ICAO a thrasuí a mhéid is féidir.

Sular glacadh na gníomhartha tarmligthe uile dá dtagraítear thuas, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit agus ó ionadaithe Pharlaimint na hEorpa.

NÓTA: An 2 Meitheamh 2022, glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1358 an 2 Meitheamh 2022 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais níos comhréirí a chur chun feidhme maidir le haerárthaí a úsáidtear le haghaidh eitlíocht spóirt agus áineasa (Cuid 21 Éadrom) agus tá sé faoi ghrinnscrúdú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar feadh 2 mhí. Leis an Rialachán sin, déantar foráil maidir le cur chuige níos éadroime maidir le deimhniúchán aerárthaí eitlíochta ginearálta, agus tugtar isteach an fhéidearthacht dearbhú comhlíontachta dearaidh a chur isteach mar rogha mhalartach ar dheimhniúchán. Déantar foráil ann freisin maidir leis an bhféidearthacht cumais deartha agus táirgthe a léiriú trí dhearbhú, seachas trí fhormheas, agus maidir le gníomhaíochtaí táirgthe ísealriosca áirithe, ní gá cumais táirgthe a thaispeáint ar chor ar bith. Meastar go n‑ísleofar na bacainní ar theacht isteach sa chóras rialála Eorpach agus, an tráth céanna, go gcoinneofar an tsábháilteacht eitlíochta ar bun agus go gceadófar cineálacha nua aerárthaí a fhorbairt ar bhealach níos éasca.

4.    CONCLÚID AGUS IONCHAS DON TODHCHAÍ

D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtú chun na Rialacháin Tharmligthe sin go léir a ghlacadh agus é mar chuspóir acu aershábháilteacht a fheabhsú ar fud beagnach gach réimse oibríochtúil a shainordaítear le Rialachán (AE) 2018/1139.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an Tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a chumhachtaí tarmligthe a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/1139 a chur chun feidhme a thuilleadh amach anseo.

(1)

IO L 212, 22.8.2018, lch. 1

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1).

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le fíorú comhlíontachta rioscabhunaithe a áireamh in Iarscríbhinn I agus cur chun feidhme na gceanglas maidir le cosaint an chomhshaoil (IO L 146, 5.6.2019, lch. 116).

(4)

Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/570 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le hailíniú rialacha maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n‑aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 (IO L 132, 27.4.2020, lch. 1).

(6)

Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(7)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniú píolótaí tríú tír a ghlacadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 (IO L 170, 2.6.2020, lch. 1).

(8)

Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

(9)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1058 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le dhá aicme nua de chórais aerárthaí gan foireann a thabhairt isteach (IO L 232, 20.7.2020, lch. 1).

(10)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1234 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú ó eagraíochtaí atá freagrach as seirbhísí bainistíochta naprúin a sholáthar (IO L 282, 31.8.2020, lch. 1).

(11)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (IO L 416, 11.12.2020, lch. 1).

(12)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2148 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann le sábháilteacht an rúidbhealaigh agus sonraí aerloingseoireachta (IO L 428, 18.12.2020, lch. 10).

(13)

Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).

(14)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin, IO L 145, 28.4.2021, lch. 1

(15)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1087 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta IO L 236, 5.7.2021, lch. 1

(16)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta, IO L 236, 5.7.2021, lch. 3

(17)

Ag an gcúigiú cruinniú dá 219ú Seisiún.

(18)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag eagraíochtaí deartha agus táirgthe, agus le nósanna imeachta a gcuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm iad, agus lena gceartaítear an Rialachán sin, IO L 33, 15.2.2022, lch. 7

(19)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/208 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i dtaca le hoibríochtaí uile-aimsire, IO L 35, 17.2.2022, lch. 1