An Bhruiséil,23.9.2022

COM(2022) 481 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

MAIDIR LE FEIDHMIÚ NA TREORACH I nDÁIL LE TRÉDHEARCACHT AN MHARGAIDH AONAIR Ó 2016 GO DTÍ 2020

{SWD(2022) 297 final}


Clár Ábhair

RÉAMHRÁ    

1.    Forbairtí 2016-2020    

1.1.    Feabhsúcháin ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt    

1.2.    Úsáid a bhaint as an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhthéacs ‘rialáil níos fearr’ agus i gcomhthéacs an aitheantais fhrithpháirtigh    

2.    Cur i bhfeidhm an nós imeachta um fhógra a thabhairt    

2.1    Éifeachtacht: forléargas ginearálta    

2.2    Úsáid an nós imeachta práinne    

2.3    Fógra a thabhairt maidir le ‘bearta fioscacha nó airgeadais’    

2.4    Obair leantach maidir le freagairtí ón gCoimisiún    

2.5    Obair leantach ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt    

2.6    Malartuithe struchtúrtha leis na Ballstáit, le tíortha LEE-CST, leis an Eilvéis agus leis an Tuirc    

2.7    Trédhearcacht    

3.    Conclúid    



Achoimre feidhmiúcháin

Déantar an tuarascáil seo a dhréachtú agus a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2015/1535 1 (‘an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair’). Déantar anailís inti ar thorthaí chur i bhfeidhm ceann de bhunchlocha an mhargaidh aonair ó 2016 go 2020: an nós imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair. Leagtar béim sa tuarascáil ar an rannchuidiú tábhachtach a chuireann an nós imeachta um fhógra a thabhairt le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le cur chun feidhme na dtreoirlínte agus an bhosca uirlisí maidir le Rialáil Níos Fearr 2 , chomh maith lena ról lárnach le linn phaindéim COVID-19.

Fógra a thabhairt don Choimisiún faoi rialacháin theicniúla náisiúnta sula nglacfar iad, is uirlis thábhachtach atá ansin fós maidir le dul i ngleic le teacht chun cinn bacainní ar an trádáil, d’fhonn iad a chosc.  Ina theannta sin is bealach maith atá ann fós chun a áirithiú go mbíonn comhar ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus i measc na mBallstát iad féin. Bíonn tábhacht ar leith ag baint leis sin agus imthosca criticiúla tagtha i gceist gan choinne, mar a bhí le linn phaindéim COVID-19. Chomh maith leis sin, tugtar fógra don Choimisiún faoi na rialacháin theicniúla agus déantar téacs deiridh na mbeart ar tugadh fógra ina leith a aistriú chuig 23 theanga oifigiúla de chuid an Aontais 3 .

Ina theannta sin, le cur chun feidhme na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, ceanglaítear ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar na fógraí go léir ar cúis imní iad maidir lena gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún aird ar leith ar bhearta a bhfuil an tionchar is mó acu ar an margadh aonair 4 .

 RÉAMHRÁ

Mar ‘inneall chun geilleagar an Aontais atá níos láidre agus níos cothroime a thógáil’, tá an margadh aonair ina phríomhchuid de shé thosaíocht an Choimisiúin le haghaidh 2019-2024 5 . Chuir an margadh aonair feabhas ar rathúnas agus ar dheiseanna do ghnólachtaí agus don phobal san Eoraip. Spreagann margadh aonair a fheidhmíonn go maith iomaíocht agus trádáil, feabhsaíonn sé éifeachtúlacht, ardaíonn sé cáilíocht agus cabhraíonn sé le praghsanna a laghdú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí 6 .

Mar chuid de phacáiste straitéise nua tionscail ón gCoimisiún, Márta 2020 7 , glacadh teachtaireacht maidir le bacainní 8 agus plean gníomhaíochta maidir le forfheidhmiú an mhargaidh aonair 9 chun an tiomaíochas a fheabhsú tuilleadh agus chun lánpháirtiú cuideachtaí de gach méid a éascú i slabhraí luacha an Aontais agus i slabhraí luacha domhanda. Tagraíonn gníomhaíocht 10 den phlean gníomhaíochta ón gCoimisiún maidir le forfheidhmiú an mhargaidh aonair don Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair. Sa chomhthéacs sin, ‘i gcomhréir leis an gcur chuige níos straitéisí maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin, tá cur chun feidhme na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair bunaithe ar cheithre ais:

(I)Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na dréachtrialacháin theicniúla go léir a bhaineann le hearraí agus le seirbhísí na sochaí faisnéise;

(II)déanann an Coimisiún obair leantach maidir leis na fógraí uile ina nardaítear imní maidir lena gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais;

(III)agus an obair leantach á déanamh aige, tugann an Coimisiún aird ar leith ar bhearta a bhfuil an tionchar is mó acu ar an margadh aonair;

(IV)déanann an Coimisiún faireachán ar reachtaíocht a bhí faoi réir freagartha ón gCoimisiún faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair agus, in éagmais coigeartuithe iomchuí, a dfhéadfadh a bheith ina cúis le himeachtaí um shárú.

Cuireann an Coimisiún béim shoiléir ar chosc agus ar fhorfheidhmiú i ndáil le cásanna a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar an margadh aonair ar bhonn eacnamaíoch nó ar bhealach éigin eile.

Is é is aidhm don Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní nua sa mhargadh aonair trí dhíriú ar thrédhearcacht, ar idirphlé, ar chosc agus ar rialáil níos fearr. Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach ar comhchéim leis an gCoimisiún sa nós imeachta seo. Tá rochtain ag geallsealbhóirí ar na rialacháin theicniúla náisiúnta atá á n‑ullmhú agus ar théacsanna deiridh na mbeart ar tugadh fógra ina leith, arna n‑aistriú go 23 theanga oifigiúil de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha réamh-mheas a dhéanamh go gcruthófar bacainní ar thrádáil agus go seachnófar ualaí riaracháin neamhriachtanacha agus costasacha a dhéanann difear dá ngnó.

Leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhair rialacháin theicniúla náisiúnta faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit scrúdú a dhéanamh, sula nglacfar iad, ar na rialacháin theicniúla a bhfuil sé beartaithe ag aon Bhallstát a thabhairt isteach le haghaidh táirgí (tionsclaíocha, talmhaíochta agus iascaigh) agus seirbhísí na sochaí faisnéise (féach Iarscríbhinn 1 a ghabhann le doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil seo). Tá feidhm ag an nós imeachta ar bhealach simplithe maidir le stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), leis an Eilvéis agus leis an Tuirc (féach Iarscríbhinn 4).

Tá ról lárnach ag an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair freisin i gcruinnithe idirphlé ‘eolas tíre leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí 10 . Tá na cruinnithe sin ina gcuid diarrachtaí straitéis an mhargaidh aonair chun cultúr comhlíontachta agus forfheidhmithe chliste a áirithiú 11 . Measann an Coimisiún gur deis atá sna cruinnithe sin don idirphlé le cur chun feidhme na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, leis an idirphlé faoin Treoir, in éineacht le táscairí eile, cuirtear ar chumas an Choimisiúin na hearnálacha ina bhfuil fadhbanna agus na fadhbanna struchtúracha sna Ballstáit a shainaithint ar bhealach níos fearr.

Is éard atá sa tuarascáil seo a dréachtaíodh agus a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair ná léargas ar a fheidhmiú ó 2016 go 2020 ar bhonn cáilíochtúil agus cainníochtúil araon.

In 2020, bhí ról ríthábhachtach ag an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair i mbainistiú phaindéim COVID-19 agus chuir sé le cur chuige comhordaithe i leith na géarchéime sláinte ar fud an Aontais. Chuir scaipeadh an víris isteach ar shlabhraí soláthair domhanda. Le linn na paindéime, cuireadh sláine an mhargaidh aonair agus, ar bhealach níos leithne, caomhnú na slabhraí táirgeachta agus dáileacháin a áirithíonn na soláthairtí riachtanacha dár gcórais sláinte i gcontúirt. Cuireadh creat ar fáil leis an Treoir lena gceadaítear do na Ballstáit gníomhú ar bhealach comhordaithe.

1.Forbairtí 2016-2020

Agus 3 553 fhógra faighte le linn na tréimhse 5 bliana 2016-2020 (féach Iarscríbhinn 3.1), léirigh an t‑idirphlé a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair leibhéal maith rannpháirtíochta ó na Ballstáit, a d’eisigh 243 thuairim mhionsonraithe agus 475 bharúil (féach Iarscríbhinn 3.6). Rinne an Coimisiún é sin mar aon le freagairtí ón gCoimisiún go minic maidir leis na rialacháin theicniúla ar tugadh fógra ina leith, go háirithe 212 thuairim mhionsonraithe agus 816 bharúil arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún (féach Iarscríbhinn 3.4). Baineann an líon is mó freagraí ón gCoimisiún agus ó Bhallstáit den Aontas Eorpach le talmhaíocht, iascaireacht agus earraí bia agus táirgí foirgníochta.

Le tabhairt isteach uirlisí nua TF le linn na tréimhse tagartha, mar a thuairiscítear sna míreanna thíos, éascaíodh rannpháirtíocht na n‑oibreoirí eacnamaíocha i nós imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair.

Tugann cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) léargas ar roinnt dúshlán léirmhínitheach a bhaineann leis an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair. Áiríodh orthu sin an sainmhíniú ar rialacháin theicniúla, aicmiú seirbhísí idirghabhála nua in earnálacha atá ag teacht chun cinn a bhaineann le samhlacha geilleagair chomhoibrithigh, an ceart rochtana ar dhoiciméid i ndáil le nós imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair agus an pionós as gan fógra a thabhairt 12 .

1.1.Feabhsúcháin ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt

Ceann de chuspóirí na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair is ea oibreoirí eacnamaíocha, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chur ar an eolas sula nglacfaidh na Ballstáit na rialacháin theicniúla atá beartaithe. Cuireann sé sin ar chumas na noibreoirí eacnamaíocha a gcuid tuairimí a chur in iúl agus a gcuid gníomhaíochtaí a oiriúnú in am trátha do rialacháin theicniúla amach anseo 13 . Léiríonn an líon ard rannchuidithe maidir le fógraí a sheolann geallsealbhóirí go ndéantar an ceart grinnscrúdaithe sin a fheidhmiú go forleathan agus go gcabhraíonn sé leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta bacainní ar thrádáil a bhrath.

In iarracht leanúnach i dtreo na trédhearcachta agus na héifeachtúlachta, doibrigh an Coimisiún in 2015 chun feidhm nua a fhorbairt ar láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil 14 . Cuireadh an fheidhm seo ar bun in 2016 agus tugann sé deis daon duine úsáid a bhaint as láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil chun nótaí a chur isteach maidir le haon fhógra a thugtar le linn na tréimhse neamhghníomhaíochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 6 den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair. Ó 2016-2020, fuair an Coimisiún 1 618 nóta tríd an bhfeidhm sin (144 in 2016, 421 in 2017, 175 in 2018, 281 in 2019 agus 597 in 2020).

1.2.Úsáid a bhaint as an nós imeachta um fhógra a thabhairt i gcomhthéacs ‘rialáil níos fearr’ agus i gcomhthéacs an aitheantais fhrithpháirtigh

Ina Theachtaireacht Rialáil níos fearr le haghaidh fáis agus post san Aontas 15 , thug an Coimisiún chun suntais go rannchuidíonn an sásra um rialú coisctheach a bunaíodh leis an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair le cáilíocht na rialachán náisiúnta maidir le táirgí agus seirbhísí na sochaí faisnéise a fheabhsú. Is é is aidhm don chomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt creat rialála níos soiléire a áirithiú doibreoirí eacnamaíocha.

Cuireann an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair le haitheantas frithpháirteach níos fearr freisin. Le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a thagann as cásdlí CBAE maidir le hAirteagail 34 go 36 CFAE, áirithítear rochtain ar an margadh d’earraí nach bhfuil, nó nach bhfuil ach go páirteach, faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ráthaítear leis gur féidir i bprionsabal aon earra a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile. Cuidíonn an measúnú a dhéantar ar rialacháin náisiúnta sula nglacfar iad leis an riosca a laghdú go n‑ardóidh na rialacha seo bacainní rialála gan údar ar thrádáil, go háirithe i bhfianaise phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Is amhlaidh atá toisc gur féidir leis an gCoimisiún: (i) téacs na gclásal margaidh aonair a cheartú i ndréachtaí ar thug na Ballstáit fógra ina leith faoin nós imeachta i ndáil leis an Treoir maidir le Trédhearcacht sa Mhargadh Aonair; agus (ii) a mholadh gur féidir leis na Ballstáit clásal an mhargaidh aonair a chur isteach i ndréachtbhearta náisiúnta ar tugadh fógra ina leith nuair atá sé ar iarraidh sna dréachtaí ar tugadh fógra ina leith.

2.Cur i bhfeidhm an nós imeachta um fhógra a thabhairt

2.1Éifeachtacht: forléargas ginearálta 

Méid na bhfógraí agus na n‑earnálacha atá i gceist

Ó 2016 go 2020, fuair an Coimisiún 3 553 fhógra (700 in 2016, 676 in 2017, 666 in 2018, 657 in 2019 agus 854 in 2020) 16 .

Tugadh difríochtaí móra faoi deara i líon na bhfógraí i measc na mBallstát, le níos mó ná 50 fógra in aghaidh na bliana ar an meán á ndéanamh ag cuid acu agus níos lú ná 10 bhfógra á gcur in iúl ag cuid eile acu in aghaidh na bliana (féach Iarscríbhinn 3.2). Cé gur féidir an bhearna seo a mhíniú go páirteach maidir leis an gcaoi a bhfuil an eagraíocht stáit struchtúrtha i dtíortha éagsúla (e.g. údaráis réigiúnacha/áitiúla a bhfuil cumhachtaí rialála acu a bheith ann), mar gheall ar easpa feasachta nó mar gheall ar leibhéal níos airde/níos ísle gníomhaíochta rialála, d’ardaigh an neamhréireacht leathan seo amhras maidir le cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh go hiomlán na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt. Léiríodh ó anailís nár thug beagnach gach Ballstát fógra maidir le dréachtrialacháin theicniúla in 2017, 2018 agus 2019 ná nár fhógair siad in athuair iad. Mar sin féin, bhí líon sách íseal dréachtaí nár tugadh fógra ina leith ag formhór mór na mBallstát, líon a bhí cothrom le 10 gcinn in aghaidh na bliana nó faoina bhun sin.

Is féidir comhghaol a fheiceáil idir méid na mBallstát agus líon na bhfógraí in Iarscríbhinn 3.2 (Tábla 1), agus na Ballstáit is mó ag tabhairt an oiread is mó fógraí go ginearálta ná na Ballstáit bheaga agus mheánmhéide. Is féidir é seo a mhíniú i bpáirt le líon níos airde d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil oibleagáid orthu fógra a thabhairt maidir lena ndréachtrialacháin theicniúla. Ní mar sin atá i gcónaí, áfach: mar shampla, i gcásanna áirithe, thug Ballstáit mheánmhéide níos mó fógraí ná Ballstáit mhóra áirithe agus thug Ballstáit mhóra ag a bhfuil struchtúr láraithe níos mó fógraí ná Ballstáit ag a bhfuil struchtúr díláraithe.

Mar a tharla sa tréimhse tuairiscithe roimhe seo, bhain an líon is mó fógraí le linn na tréimhse 2016-2020 le hearnáil na foirgníochta, agus na fógraí i réimse nadtáirgí talmhaíochta, an iascaigh, an dobharshaothraithe agus earraí bia eile dá éis sin.

Rinneadh go leor fógraí freisin i réimse sheirbhísí na sochaí faisnéise, in earnáil an chomhshaoil agus in earnáil na gceimiceán (den chuid is mó maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistíocht, táirgí plaisteacha, leasacháin, táirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit nó neoinicitíonóidigh, caighdeáin astaíochtaí, táirgí cosmaideacha ina bhfuil micreaphlaistigh) agus iompar (e.g. ar fheithiclí leictreacha, trealamh speisialta le haghaidh feithiclí paisinéirí agus tacsaithe, mótair shneachta, ríomhscútair, longa agus árthaí áineasa, dróin) (féach Iarscríbhinn 3.3).

Saincheisteanna a ndíríonn an Coimisiún orthu ina fhreagairtí

Sna réimsí neamh-chomhchuibhithe, i.e. na réimsí sin ina bhfuil bearta náisiúnta in éagmais reachtaíocht thánaisteach faoi réir chomhlíonadh Airteagail 34 go 36 (saorghluaiseacht earraí) agus Airteagail 49 agus 56 (ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an tsochaí faisnéise) CFAE, beartaíodh freagairtí ón gCoimisiún chun aird na mBallstát a tharraingt ar bhacainní féideartha ar thrádáil nach bhfuil bonn cirt leo tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbeart agus ar chomhréireacht an bhirt i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Nuair a tháinig bearta náisiúnta faoi réimsí comhchuibhithe go páirteach nó go hiomlán, beartaíodh na freagairtí chun a áirithiú go raibh na bearta náisiúnta ag luí le reachtaíocht thánaisteach an Aontais.

·In 2016-2020, thug Ballstáit fógra do 765 dhréachtrialachán teicniúil i réimse na foirgníochta (131 in 2016, 181 in 2017, 139 in 2018, 158 in 2019 agus 156 in 2020 17 ). Bhain na dréachtaí seo le gach cineál táirge foirgníochta, lena náirítear struchtúir droichead agus struchtúir bóithre nithiúla, clúdaigh díonta claonta dfhoirgnimh, trealamh comhraicthe dóiteáin agus tarrthála, insliú teirmeach, ábhair shintéiseacha líonta, struchtúir choincréite, suiteálacha leictreacha ar struchtúir nithiúla agus iontu, agus ábhair mhiotalacha i dtadhall le huisce óil.

Go háirithe, scrúdaigh an Coimisiún dréachtrialacháin theicniúla lena leagtar síos ceanglais theicniúla bhreise nó tástálacha teicniúla breise le haghaidh táirgí foirgníochta ar tástálacha iad a chuireann bac ar shaorghluaiseacht táirgí atá lipéadaithe leis an marc CE. Scrúdaíodh na dréachtaí a fógraíodh go príomha faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú 18 .

Scrúdaigh an Coimisiún dréachtreachtaíocht lena dtoirmisctear foirnéisí ola iontaise agus foirnéisí gáis nádúrtha a shuiteáil i bhfoirgnimh nua ach amháin i gcás nach núsáideann foirnéisí ola agus gáis ach fuinneamh inathnuaite. Scrúdaíodh an dréacht a fógraíodh faoi Threoir 2009/142/CE maidir le fearais gháis 19 agus faoi Threoir 92/42/CEE maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí nua uisce te a úsáideann breoslaí leachtacha nó gásacha 20 .

Rinneadh rialacháin theicniúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mheasúnú faoi Threoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 21 , faoi Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneam 22 agus faoi Threoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos do tháirgí a bhaineann le fuinneamh 23 .

Rinne an Coimisiún measúnú freisin ar dhréachtreachtaíocht maidir leis na ceanglais do threalamh cumarsáide mótarbhealaí. Scrúdaíodh an dréacht ar tugadh fógra ina leith faoi Threoracha 1999/5/CE 24 , 2006/95/CE 25 agus 2004/108/CE 26 .

·Maidir le táirgí talmhaíochta, iascach, dobharshaothrú agus earraí bia eile, ó 2016 go 2020 thug Ballstáit fógra do 693 dhréachtrialachán theicniúla (145 in 2016, 106 in 2017, 146 in 2018, 161 in 2019 agus 135 in 2020 27 ). I measc na réimsí a phléitear sna dréachtaí seo bhí, mar shampla, ábhair a thagann i dteagmháil le hearraí bia, deochanna fuinnimh, tras-saillte i dtáirgí bia, fíon agus biotáille, marcanna cáilíochta le haghaidh earraí bia, folláine ainmhithe agus margú táirgí fionnaidh.

   Thug Ballstáit áirithe fógra um dhréachtrialacháin lena mbunaítear marcanna a nascann cáilíocht táirge lena thionscnamh. Scrúdaíodh na fógraí sin faoi fhorálacha CFAE maidir le saorghluaiseacht earraí agus Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia 28 .

   Le linn na tréimhse ábhartha, scrúdaigh an Coimisiún fógraí maidir le sláinteachas earraí bia agus deisigh sé tuairimí mionsonraithe agus barúlacha maidir lena gcomhlíonadh le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia 29 , le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch 30 agus le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine 31 .

   Bhain fógraí eile le lipéadú earraí bia. Rinne an Coimisiún measúnú ar a chomhoiriúnacht le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomaltóirí 32 , go háirithe i ndáil leis na forálacha maidir le dearbhuithe cothúcháin, nó maidir le forálacha earnáilsonracha eile maidir le faisnéis do thomhaltóirí 33 .

·In earnáil sheirbhísí na sochaí faisnéise, thug na Ballstáit fógra faoi 255 bheart (58 in 2016, 43 in 2017, 34 in 2018, 57 in 2019 agus 63 in 2020 34 ), agus formhór na bhfógraí faoi dhréachtreachtaíocht a dhéanann difear don ríomhthráchtáil, do na meáin shóisialta agus doibreoirí ardáin ar líne, do neodracht an idirlín agus iolrachas na meán, do bhréagnuacht agus dfhuathchaint ar líne, chomh maith le rialacha eile maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a thagann faoi raon feidhme Threoir 2000/31/CE (an Treoir maidir le ríomhthráchtáil) 35 agus rialacha a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2018/1808 (an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc) 36 .

Eisíodh freagairtí eile ón gCoimisiún i ndáil le dréachtbhearta ar tugadh fógra ina leith maidir le rialacha i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise lena ndírítear ar shainaithint leictreonach agus ar sheirbhísí iontaoibhe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 910/2014 (Rialachán eIDAS’) 37 agus saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta mar a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1807 38 . Bhí fógraí ann freisin maidir le príobháideachas sonraí digiteacha, cibearshlándáil, coinneáil sonraí, ríomhshonrascadh, cóipcheart, teileachumarsáid agus cumarsáid leictreonach (lena náirítear 5 G), idirlíon níos sábháilte do pháistí, ríomhleabhair, cearrbhachas ar líne agus i roinnt cásanna a bhí nasctha, i dtéarmaí sainráite nó coimhdeacha, le saorghluaiseacht seirbhísí agus saoirse bunaíochta (Airteagail 49 agus 56 CFAE, chomh maith leis an Treoir um Sheirbhísí 39 ), le cearta tomhaltóirí faoi Threoir 2011/83/AE 40 , le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 41 , agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

·In earnáil na gceimiceán, fuair an Coimisiún 167 bhfógra (32 in 2016, 32 in 2017, 28 in 2018, 27 in 2019 agus 48 in 2020 42 ), maidir le réimsí amhail táirgí bithicíde, táirgí cosanta plandaí agus táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (‘REACH’) 43 , a ndearnadh scrúdú orthu den chuid is mó faoin Rialachán um Tháirgí Bithicídeacha 44 , Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh 45 agus atá faoi REACH.

·San earnáil chomhshaoil, scrúdaigh an Coimisiún 206 dhréachtbheart (55 in 2016, 39 in 2017, 28 in 2018, 33 in 2019 agus 51 in 2020 46 ). Bhain roinnt dréachtaí ar tugadh fógra ina leith le dramhaíl ó phacáistíocht agus le táirgí plaisteacha indiúscartha agus dardaigh siad fadhbanna comhoiriúnachta le Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht 47 (mar shampla i ndáil leis na ceanglais maidir le málaí plaisteacha éadroma a thoirmeasc) agus le Treoir (AE) 2019/904 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol 48 (mar shampla, i ndáil leis na sainmhínithe a bhaineann le ‘plaisteach’).

Leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt, cuireadh ar chumas an Choimisiúin freisin idirghabháil a dhéanamh in earnálacha ina raibh comhchuibhiú á bheartú nó ar siúl ar leibhéal an Aontais agus, dá bhrí sin, cuireadh cosc ar Bhallstáit bearta náisiúnta éagsúla a thabhairt isteach. De bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 6(4) den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a thugann fógra glacadh na ndréachtrialachán teicniúil ar tugadh fógra ina leith a chur siar go ceann 12 mhí ón dáta ar dtugadh fógra ina leith i réimsí an táirgthe orgánaigh plandaí, ainmhithe agus táirgí dobharshaothraithe agus earraí bia (fógra 2018/190/BG), táirgeadh orgánach feola coiníní (fógra 2018/219/E), táirgeadh gearg cuibhrithe orgánach (fógra 2018/666/F) agus táirgí plaisteacha indiúscartha (fógraí 2018/665/B agus 2019/9/UK).

Samplaí dearfacha a léiríonn tionchar na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair

Le linn na tréimhse tuairiscithe, cruthaíodh go raibh an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair éifeachtach i roinnt mhaith cásanna de réir mar a d’athdhréachtaigh na húdaráis náisiúnta na dréachtaí ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le moltaí ón gCoimisiún nó de réir mar a tharraing siad siar iad. Cás den chineál ba ea an fógra maidir le dréacht-fhoraithne lena gcuirtear oibleagáid ar thiománaithe gluaisteán a bhfuil cónaí orthu san Iodáil agus a bhfuil leanaí faoi bhun 4 bliana d’aois ar iompar acu feistí aláraim mheabhrúcháin do shuíochán gluaisteán ar leith a úsáid lena gcuirtear cosc ar mhionaoisigh a fhágáil san fheithicil. Ina thuairim mhionsonraithe, thug an Coimisiún le fios go raibh roinnt ceanglas den dréacht ar tugadh fógra ina leith i gcoimhlint le rialacha an Aontais um chomhchuibhiú agus le saorghluaiseacht earraí (Airteagail 34-36 CFAE). Tharla sé sin mar thoradh ar easpa fianaise maidir leis an méid seo a leanas: (i) comhréireacht an cheanglais a bhaineann leis an nós imeachta um fhormheas roimh ré le haghaidh feistí aláraim mheabhrúcháin do shuíocháin gluaisteán a mhonaraítear go dleathach i mBallstáit eile; agus (ii) an oibleagáid córas cumarsáide uathoibríoch a sholáthar do na feistí sin chun teachtaireachtaí a sheoladh nó glaonna a dhéanamh trí líonraí cumarsáide soghluaiste chuig trí uimhir fóin éagsúla ar a laghad. Leag an Coimisiún béim air go bhféadfadh an ‘nós imeachta um réamhúdarú’ lena gcuirtear oibleagáid ar ‘chomhlachtaí creidiúnaithe’ iarratas a dhéanamh ar aitheantas chuig Ard-Stiúrthóireacht na hIodáile do Mhótarfheithiclí a bheith i gcoimhlint leis an bprionsabal um shaorsholáthair seirbhísí laistigh den Aontas (Airteagal 56 CFAE). D’athdhréachtaigh údaráis na hIodáile an fhoraithne atá beartaithe de réir na mbarúlacha ón gCoimisiún, agus iad ag áirithiú go bhféadfadh an dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith an cuspóir maidir le sábháilteacht leanaí a ghnóthú.

Ar an gcaoi chéanna, in 2016, 2017 agus 2018, fuair an Coimisiún roinnt fógraí maidir le saintréithe agus trealamh sonrach aerárthaí gan foireann (dróin). Ina chuid freagraí, mheabhraigh an Coimisiún an próiseas comhchuibhithe atá ar siúl faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus diarr sé ar na Ballstáit lena mbaineann comhoibriú le chéile chun creat rialála de chuid an Aontais a bhunú a bheadh infheidhme maidir le haerárthaí gan foireann, lena náiritheofaí ardleibhéal sábháilteachta maidir le hoibriú aerárthaí den sórt sin agus lena bhféadfaí na rioscaí gaolmhara a bhaineann le sábháilteacht, cosaint an phríobháideachais agus sonraí pearsanta a bhainistiú. Chomhlíon na Ballstáit lena mbaineann na moltaí ón gCoimisiúin, mar a léiríodh iad sna barúlacha agus sna tuairimí mionsonraithe, nó tharraing siad siar na dréachtaí ar tugadh fógra ina leith 49 .

In 2020, ag tús phaindéim COVID-19, ghlac nó dullmhaigh roinnt Ballstát bearta náisiúnta a raibh tionchar acu ar shaorghluaiseacht trealamh cosanta pearsanta amhail gloiní cosanta, maisc aghaidhe, lámhainní, forchótaí agus gúnaí máinliachta, agus saorghluaiseacht cógas. Leis na bearta sin, cuireadh cosc ar earraí riachtanacha den sórt sin dul a fhad leo siúd is mó a raibh gá acu leo, go háirithe gairmithe cúraim sláinte, foirne idirghabhála allamuigh agus othair i limistéir a bhí buailte ar fud na hEorpa. Mar thoradh orthu cruthaíodh éifeachtaí na ndúradán, agus rinne na Ballstáit bearta chun tionchar na mbeart a ghlac Ballstáit eile a mhaolú. In achar gearr, leathnaigh srianta go raon méadaitheach táirgí, ag tosú le trealamh cosanta pearsanta agus ansin cógais. Chuir bearta den sórt sin isteach ar shlabhraí lóistíochta agus dáileacháin agus spreag siad freagairtí stoc-charntha sa slabhra soláthair. I ndeireadh na dála, thug na bearta sin teorainneacha inmheánacha isteach arís ag tráth is mó a raibh gá le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Ghríosaigh an Coimisiún na Ballstáit chun fógra a thabhairt faoi bhearta den sórt sin trí shásra na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair agus thug sé treoir maidir le conas é sin a dhéanamh. Rinneadh na bearta ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún a mheas mar ábhar ardtosaíochta agus thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit na bearta sin a cheartú, bearta a dfhéadfadh bac a chur ar shaorghluaiseacht earraí bunriachtanacha sa mhargadh aonair 50 . Léirigh paindéim COVID-19 a ábhartha atá nósanna imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, an nós imeachta práinne (féach mír 2.2) san áireamh, agus is rud í óna bhfuarthas ceachtanna úsáideacha maidir le conas dul i ngleic amach anseo le héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag staideanna éigeandála ar an margadh aonair. I gcás inar tar éis ghlacadh na mbeart a tugadh fógra fúthu, mar a tharla i gcás tuairim agus 150 fógra a bhain le COVID-19 in 2020, d’fhág an sásra fógartha a chuirtear ar fáil leis an Treoir go bhféadfaí leas a bhaint as na tairbhí faisnéise agus athbhreithnithe piaraí fós le linn na géarchéime a bhuí le hardán cumarsáide an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil, áit a raibh na Ballstáit in ann eolas a chur ar na bearta COVID a bhí glactha ag Ballstáit eile.

Na bacainní is coitianta a dtugtar aghaidh orthu

Ceann de chuspóirí na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair is ea réimsí a bhrath ina dtagann bacainní athfhillteacha ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar chun cinn agus, mar thoradh air sin, an gá atá le hidirghabháil a dhéanamh le bearta comhchuibhithe a shainaithint, a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú 51 . Sa tréimhse atá faoi anailís, daithin an Coimisiún roinnt bacainní athfhillteacha sna dréachtbhearta ar tugadh fógra ina leith. Áiríodh orthu sin easpa chlásal an mhargaidh aonair, forálacha míthreoracha agus neamhshoiléire a dfhéadfaí a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm mar shrianta margaidh nó athrá ar fhorálacha rialacháin an Aontais, caighdeáin éigeantacha a eisiúint, agus modhanna tástála breise 52 .

Freagairtí

Leis an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair is féidir faisnéis a mhalartú go foirmiúil agus go struchtúrach idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus i measc na mBallstát, nuair a bhíonn dréachtaí ar tugadh fógra ina leith á measúnú. Cruthaítear déine an mhalartaithe faisnéise sin de bharr líon ard na bhfreagairtí a sheol an Coimisiún agus na Ballstáit ar na fógraí agus de bharr fhreagraí na mBallstát a thug an fógra agus malartú teachtaireachtaí ina dhiaidh sin (féach Iarscríbhinní 3.4, 3.5, 3.6 agus 3.8). Leis an malartú faisnéise seo, tugtar an deis do na Ballstáit a fháil amach an bhfuil na dréachtaí ar tugadh fógra ina leith ag luí le reachtaíocht an Aontais. Bhuail an Coimisiún le chéile go rialta ar leibhéal saineolaithe le linn na tréimhse tuairiscithe le hionadaithe ó na Ballstáit chun saincheisteanna atá fós gan réiteach a shoiléiriú, nuair is gá, agus d’iarr sé ar na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a shoiléiriú chun raon feidhme na rialachán teicniúil ar tugadh fógra ina leith a shoiléiriú.

Sa tréimhse a breithníodh, d’eisigh an Coimisiún 212 thuairim mhionsonraithe (60 in 2016, 34 in 2017, 40 in 2018, 38 in 2019 agus 40 in 2020), arb ionann iad agus 5.9% de líon iomlán na ndréachtaí ar thug na Ballstáit fógra ina leith le linn na tréimhse tuairiscithe. Ó thaobh na mBallstát de, d’eisigh siad 243 thuairim mhionsonraithe (78 in 2016, 44 in 2017, 38 in 2018, 30 in 2019 agus 53 in 2020). As an 1 291 bharúil a eisíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, eisíodh 816 acu ón gCoimisiún (154 in 2016, 189 in 2017, 184 in 2018, 155 in 2019 agus 134 in 2020) agus d’eisigh na Ballstáit 475 acu (118 in 2016, 74 in 2017, 77 in 2018, 64 in 2019 agus 142 in 2020) (féach Iarscríbhinní 3.4 agus 3.6). I gcúig chás, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit lena mbaineann glacadh na rialachán teicniúil ar tugadh fógra ina leith a chur siar go ceann bliana ón dáta a bhfuarthas iad, toisc gur fógraíodh obair chomhchuibhithe de chuid an Aontais nó go raibh obair den sórt sin ar siúl sa réimse a chumhdaítear leis na dréachtaí ar tugadh fógra ina leith (féach Iarscríbhinn 3.5).

Ag féachaint de réir earnála ar líon na bhfreagairtí (barúlacha, tuairimí mionsonraithe agus cinntí ón gCoimisiún maidir le glacadh dréachta a chur siar) a d’eisigh gach Ballstát agus an Coimisiún le linn na tréimhse tuairiscithe, is féidir linn léargas breise a fháil ar rannpháirtíocht na mBallstát san idirphlé a spreag na fógraí agus ar leasanna sonracha Ballstát áirithe a bhfuil a bhfreagairtí dírithe níos mó ar earnálacha sonracha (féach Iarscríbhinn 3.6, Tábla 6). Tá an Iodáil, an Spáinn, an Ostair agus an Pholainn i measc na mBallstát is gníomhaí. Léirítear ó anailís ar na freagairtí de réir Ballstáit agus earnála go bhfuil spéis ar leith ag an Ostair, an Spáinn agus an Iodáil in earnáil na talmhaíochta, an iascaigh agus na n‑earraí bia. Baineann formhór na bhfreagairtí a eisíodh ón gCoimisiún leis na hearnálacha foirgníochta agus talmhaíochta.

A bhuí le rochtain ar gach fógra agus ar na teachtaireachtaí a mhalartaítear laistigh den idirphlé, féadfaidh na Ballstáit an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair a úsáid chun tarraingt ar smaointe a gcomhpháirtithe. Is féidir iad sin a úsáid chun fadhbanna comhchoiteanna maidir le rialacháin theicniúla a réiteach agus chun tuiscint a fháil ar cathain a d’fhéadfadh dréacht-rialachán teicniúil dlí an Aontais Eorpaigh a shárú.

2.2Úsáid an nós imeachta práinne

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a dtogra le haghaidh an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 6(7) den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair a agairt más rud é, chun freagairt do chás práinneach agus neamh-intuartha, amhail tubaiste nádúrtha, eipidéim etc., go bhfuil oibleagáid orthu rialacháin theicniúla a ghlacadh láithreach agus nach bhfuil am acu fanacht ar feadh na tréimhse neamhghníomhaíochta 3 mhí chun dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile roimh ré. Má ghlacann an Coimisiún leis an nós imeachta práinne, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar na cúiseanna arna gcur i láthair ag an mBallstát lena mbaineann, ní bheidh feidhm ag an tréimhse neamhghníomhaíochta 3 mhí agus féadfar an beart a ghlacadh láithreach 53 . De ghnáth, tar éis don Choimisiún an fógra a fháil tógann sé roinnt laethanta oibre air a chinneadh cé acu a ghlacann sé leis na cúiseanna a chuir an Ballstát lena mbaineann i láthair nó nach nglacann, agus cé acu a cheadaíonn sé dó na rialacháin theicniúla a ghlacadh láithreach nó nach gceadaíonn.

As 3 553 fhógra san iomlán, rinne na Ballstáit 346 iarraidh an nós imeachta práinne a chur i bhfeidhm ar dhréachtaí ar tugadh fógra ina leith (51 in 2016, 34 in 2017, 35 in 2018, 39 in 2019 agus 187 in 2020) 54 . Diúltaíodh don nós imeachta práinne a úsáid i gcásanna nach raibh an bonn cirt leordhóthanach nó go raibh sé bunaithe ar fhorais eacnamaíocha amháin nó ar mhoilleanna riaracháin náisiúnta amháin, agus i gcásanna nár léiríodh aon imthosca nárbh fhéidir a thuar. Measadh go raibh údar maith leis an nós imeachta práinne in 283 chás (41 in 2016, 28 in 2017, 21 in 2018, 29 in 2019 agus 164 in 2020). Bhain na cásanna sin go háirithe le substaintí síceatrópacha, rialú támhshuanach, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, arm tine, ionfhabhtú beach, táirgí bithicídeacha, toirmeasc ar tháirgí atá díobhálach don tsláinte, earraí piriteicniúla, cógais (cógais chriticiúla/substaintí criticiúla atá riachtanach chun cóireáil a chur ar othair a bhfuil COVID-19 orthu), trealamh cosanta, maisc, feistí leighis agus feistí leighis in vitro, díghalráin agus alcóil atá ag teastáil chun iad a tháirgeadh (féach Iarscríbhinn 3.7).

2.3Fógra a thabhairt maidir le ‘bearta fioscacha nó airgeadais

Faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le ‘bearta fioscacha agus airgeadais’, i.e. rialacháin theicniúla atá nasctha le bearta fioscacha nó airgeadais a dhéanann difear do thomhaltas táirgí nó seirbhísí trí chomhlíonadh na rialachán teicniúil sin a spreagadh. Is é sainiúlacht beart den sórt sin nach bhfuil feidhm ag an tréimhse neamhghníomhaíochta (Airteagal 7(4) den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair).

Le linn na tréimhse 2016-2020, thug na Ballstáit fógra faoi 149 ndréachtbheart amhail ‘bearta fioscacha nó airgeadais’ (44 in 2016, 48 in 2017, 26 in 2018, 31 in 2019 agus 45 in 2020) 55 .

2.4Obair leantach maidir le freagairtí ón gCoimisiún

Faoi Airteagal 6(2) den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar an ngníomhaíocht a bheartaíonn siad a dhéanamh mar fhreagairt ar thuairim mhionsonraithe.

Ó 2016 go 2020, bhí an cóimheas idir líon na bhfreagraí a thug na Ballstáit ar thuairimí mionsonraithe an Choimisiúin agus líon na dtuairimí mionsonraithe arna n‑eisiúint ón gCoimisiún sásúil, ach d’fhéadfaí é a fheabhsú tuilleadh (meánlíon 87% le linn na tréimhse). B’ionann freagairtí sásúla na mBallstát agus 45% de na freagraí ar an meán (féach Iarscríbhinn 3.8).

Le linn na tréimhse a breithníodh, tharraing na Ballstáit siar 217 56 ndréachtrialachán theicniúla. In 30 cás (4 in 2016, 13 in 2017, 9 in 2018, 2 in 2019 agus 2 in 2020) tharla an aistarraingt tar éis don Choimisiún tuairim mhionsonraithe a ghlacadh. I measc na gcúiseanna leis na haistarraingtí tá: (i) an Ballstát atá ag tabhairt fógra faoi athruithe substaintiúla ar an dréachtrialachán teicniúil, lenar ceanglaíodh fógra nua a thabhairt (Airteagal 5(1) den Treoir); agus (ii) cinneadh simplí na núdarás náisiúnta gan dul ar aghaidh le glacadh an dréachtrialacháin theicniúil. I gcás dréachtrialachán teicniúil eile ar tugadh fógra ina leith, tá an tidirphlé fós ar siúl.

2.5Obair leantach ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt 

I gcás na gcásanna sin nár baineadh na sáruithe féideartha ar dhlí mhargadh inmheánach an Aontais trí bhíthin an nós imeachta um fhógra a thabhairt, rinne an Coimisiún tuilleadh imscrúduithe (e.g. ar tháirgí cosanta plandaí, toitíní leictreonacha, tobac). Rinne an Coimisiún imscrúduithe freisin ar sháruithe líomhnaithe na mBallstát ar an oibleagáid fógra a thabhairt, mar shampla, i ndáil le rialacha maidir le tacsaiméadair, buidéil ghloine le haghaidh fíona agus biotáillí, trealamh fógraíochta, dramhaíl, cearrbhachas, meaisíní cearrbhachais, astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe, táirgí plaisteacha, troscán, geilleagar comhoibríoch, etc. I gcásanna den sórt sin, chuir an Coimisiún an pointe teagmhála náisiúnta lena mbaineann don Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann leis an oibleagáid um fhógra a thabhairt a shárú agus mheabhraigh sé an oibleagáid fógra a thabhairt.

2.6Malartuithe struchtúrtha leis na Ballstáit, le tíortha LEE-CST, leis an Eilvéis agus leis an Tuirc

Chothaigh cruinnithe rialta an Bhuanchoiste um Rialacháin Theicniúla malartú torthúil tuairimí maidir le pointí leasa ghinearálta agus maidir le gnéithe sonracha den nós imeachta um fhógra a thabhairt.

Maidir leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt, is ábhar imní ar leith na pléití i gcomhthéacs chruinnithe Bhuanchoiste na Rialachán Teicniúil:

·an nós imeachta práinne faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair;

·rochtain ar dhoiciméid an Choimisiúin agus ar fhógraí rúnda;

·an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt i leith fhógraí na hEilvéise agus fhógraí LEE;

·an oibleagáid atá ar na Ballstáit téacs deiridh rialacháin theicniúil ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún;

·forbairtí ar dhlí-eolaíocht CBAE a bhaineann leis an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair; agus

·feidhmiú shásra an ionaid ilfhreastail.

Bunaithe ar iarrataí ó na Ballstáit nó ar thionscnamh ón gCoimisiún, rinne an Coimisiún cuir i láthair i mBuanchoiste na Rialachán Teicniúil chun soiléiriú a thabhairt maidir le roinnt bacainní athfhillteacha nó maidir le píosaí nua de reachtaíocht AE. Bhain na cuir i láthair leis an méid seo a leanas:

·Treoir (AE) 2019/904 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol;

·an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí 2006/123/CE (AE) 2018/1807 maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas;

·an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679;

·na Treoracha um Shábháilteacht ar Bhóithre 2014/45/AE 57 , 2014/46/AE 58 agus 2014/47/AE 59 ;

·srianta ar mhicreachoirníní ar leibhéal an Aontais;

·Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus maidir le dramhaíl ó phacáistíocht;

·clásal an mhargaidh aonair agus Airteagail 34-36 CFAE.

Roinn roinnt Ballstát a ndea-chleachtais i ndáil le fógraí faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair leis an mBuanchoiste.

Tionóladh cruinnithe déthaobhacha i go leor Ballstát freisin mar chuid de na misin ‘eolas tíre’. Bhí na cruinnithe sin dírithe ar riachtanais shonracha an mhargaidh aonair i ngach Ballstát trí idirphlé díreach idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, chomh maith le trí bhíthin cruinnithe leis na geallsealbhóirí náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún cuairt ar roinnt príomhchathracha an Aontais Eorpaigh 60 agus dfhreastail sé ar chruinnithe le húdaráis na mBallstát agus le geallsealbhóirí náisiúnta. Baineann na príomhfhadhbanna i ndáil le cur chun feidhme na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair ar an leibhéal náisiúnta mar a sainaithníodh trí na misin sin leis an leibhéal íseal fógraí (e.g. sa Rómáin, sa Liotuáin agus sa Phortaingéil), leis an acmhainn riaracháin (e.g. sa Bhulgáir) nó saincheisteanna comhordúcháin (e.g. san Iodáil, sa Spáinn agus sa Ghearmáin) agus le heolas teoranta ar an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair ag riaracháin náisiúnta.

I gcaitheamh na tréimhse tagartha, phléigh an Coimisiún cur i bhfeidhm na Treorach sna cruinnithe idirphlé comhlíonta leis na Ballstáit, cruinnithe a chuirtear i gcrích tar éis an ghealltanais maidir le straitéis an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, thug an Coimisiún seimineáir theicniúla ad hoc go rialta do na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt.

Chuir an Tuirc feabhas ar a rannpháirtíocht sa nós imeachta um fhógra a thabhairt le linn na tréimhse tagartha.

2.7Trédhearcacht

2.7.1 Iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid arna n‑eisiúint faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair

Idir 2016 agus 2020 fuair an Coimisiún 531 61 iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid a eisíodh i gcomhthéacs na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair. Bhain formhór na niarrataí le tuairimí mionsonraithe agus barúlacha a thug an Coimisiún. I gcomhréir leis na forbairtí is déanaí i gcásdlí CJEU (féach Iarscríbhinn 2, Cás C-331/15 P, France v Schlyter), nochtadh formhór na ndoiciméad.

2.7.2 Rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí

Gné bhunúsach den nós imeachta um fhógra a thabhairt is ea an trédhearcacht. Áirithíonn láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil, atá ar fáil go poiblí, go gcuirtear geallsealbhóirí ar an eolas i gcónaí faoi na dréachtrialacháin theicniúla uile atá á n‑ullmhú ag na Ballstáit agus go dtarlaíonn idirphlé idir geallsealbhóirí agus an Coimisiún, a bhuí leis an bhfeidhm lena gcumasaítear do gheallsealbhóirí aighneachtaí a chur isteach maidir le dréachtrialacháin theicniúla. Mar a luadh cheana, idir 2016 agus 2020, fuair an Coimisiún 1 618 ranníocaíocht tríd an bhfeidhmiúlacht sin. Le linn na tréimhse tagartha, thosaigh an Coimisiún ag aistriú théacsanna deiridh na mbeart ar tugadh fógra ina leith go teangacha uile an Aontais. Tá aistriúcháin na dtéacsanna deiridh ar fáil ar láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil agus soláthraítear leo trédhearcacht bhreise.

Deimhnítear an rath a bhí ar láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil ó na huimhreacha:

·Faoi dheireadh 2020, bhí 6 467 síntiúsóir gníomhach ar liosta seachadta an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil, i gcomparáid le 5 196 ag deireadh 2015, agus ba mhéadú 25% é sin thar an tréimhse tuairiscithe 5 bliana.

·Le linn na tréimhse a breithníodh, rinneadh 871 744 chuardach trí láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil (151 202 in 2016, 134 737 in 2017, 152 158 in 2018, 197 341 in 2019 agus 236 306 in 2020), agus rinneadh 174 349 gcuardach in aghaidh na bliana ar an meán 62 .

·Mhéadaigh rochtain ar fhógraí ó úsáideoirí freisin, ó 1 203 299 dteagmhas faoi dheireadh 2015 go dtí 7 394 991 faoi dheireadh 2020, arb ionann é agus méadú sonrach 514.6% le linn na tréimhse tagartha iomlán 2016-2020 i gcomparáid le deireadh 2015.

3.Conclúid

Le linn na tréimhse 2016-2020, deimhníodh éifeachtacht nós imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair an athuair i dtéarmaí trédhearcachta, comhair riaracháin agus bacainní teicniúla sa mhargadh aonair a chosc. Laghdaigh cur chuige coisctheach agus líonraithe an nós imeachta um fhógra a thabhairt an riosca go bhféadfadh gníomhaíochtaí rialála náisiúnta bacainní teicniúla a chruthú ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí na sochaí faisnéise. Chuige sin, trí bhorradh a chur faoi rannpháirtíocht na mBallstát i nós imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair, i dtéarmaí na bhfógraí a sheoltar agus na bhfreagairtí ar dhréachtaí a dtugann Ballstáit eile fógra ina leith, léirítear úinéireacht chomhpháirteach an mhargaidh aonair, rud atá ina phríomhchuspóir ag an gCoimisiún. In 2020, le linn phaindéim COVID-19, d’áirithigh nós imeachta na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair gur lean bearta náisiúnta leis an bpríomhchuspóir chun sláinte agus saol an duine a chosaint i gcomhréir le rialacha an mhargaidh aonair. Thacaigh an Treoir agus a córas um fhógra a thabhairt leis na Ballstáit i ndáil leis sin trí thrédhearcacht, sineirgí agus, ar deireadh, dlúthpháirtíocht Eorpach a áirithiú.

Cruthaítear tábhacht na Treorach tríd an spéis mhéadaitheach atá ag geallsealbhóirí sa nós imeachta um hfógra a thabhairt agus líon na ranníocaíochtaí a dhéanann siad trí láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil le linn na tréimhse thagartha. Léiríonn an spéis mhéadaitheach seo an iarracht chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht láithreán gréasáin an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil a fheabhsú.

Tá sé dearbhaithe freisin ag an nós imeachta um fhógra a thabhairt go bhfuil sé úsáideach réimsí a shainaithint ina bhfuil gá le comhchuibhiú breise ar leibhéal an Aontais, amhail comhchuibhiú ar lipéadú pacáistithe chun dramhaíl a dhiúscairt. Leanfar leis na hiarrachtaí chun creat dlíthiúil soiléir a áirithiú doibreoirí eacnamaíocha, arb é is aidhm dóibh iomaíochas fhiontair na hEorpa san Aontas agus thar lear a fheabhsú, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na naisc idir an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus an nós imeachta a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) 63 .

Tá an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas riachtanach chun an tírdhreach feabhsaithe seo a fhorbairt chun an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair a chur chun feidhme. Chun lánacmhainneacht na Treorach a bhaint amach, leanfaidh an Coimisiún de rannpháirtíocht na mBallstát a dhreasú, trí fhógra a thabhairt faoi dhréachtrialacháin theicniúla náisiúnta agus trí fhreagairt do dhréachtaí a chuireann Ballstáit eile in iúl. Ina fhreagraí, cuirfidh an Coimisiún béim ar leith ar ábhair a bhfuil tábhacht shuntasach leo don mhargadh aonair agus ar na hábhair sin a fhónann go háirithe chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar bhaic a shainaithnítear i gcomhthéacs an téarnaimh agus na n‑aistrithe glasa agus digiteacha. Beidh obair leantach iomchuí ar fhreagairtí ón gCoimisiún mar thoradh ar an bhfócas níos mó seo ionas go ndéanfar gníomh éifeachtach chun cosc a chur ar bhacainní féideartha a chur i bhfeidhm.

(1)    Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.
(2)    Plean gníomhaíochta chun an timpeallacht rialála a fheabhsú, COM(2002) 278. Féach freisin Rialáil Níos Fearr le haghaidh Fáis agus Post san Aontas Eorpach, COM(2005) 97; Clár Liospóin an Chomhphobail a chur chun feidhme: Straitéis chun an timpeallacht rialála a shimpliú, COM(2005) 535; Dearcadh straitéiseach ar Rialáil Níos Fearr san Aontas Eorpach, COM(2006) 689; An dara hathbhreithniú straitéiseach ar Rialáil Níos Fearr san Aontas Eorpach, COM(2008) 32; An tríú hathbhreithniú straitéiseach ar Rialáil Níos Fearr san Aontas Eorpach, COM(2009) 15; Rialáil Chliste san Aontas Eorpach, COM(2010) 543 agus Rialáil Níos Fearr: Delivering better results for a stronger Union [Torthaí níos fearr a bhaint amach le haghaidh Aontas níos láidre], COM(2016) 615.
(3)      Níl aistriúchán Gaeilge ar fáil.
(4)       https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/communication-enforcement-implementation-single-market-rules_en_0.pdf  
(5)      https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/internal-market_en
(6)      https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/fs_20_427
(7)      https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_20_416
(8)      https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2020%3A0093%3AFIN
(9)      Féach fonóta 4.
(10)

     Is é atá san idirphlé ‘eolas tíre‘ cruinnithe struchtúrtha leis na húdaráis náisiúnta atá páirteach sa nós imeachta um fhógra a thabhairt i ngach Ballstát den Aontas agus le geallsealbhóirí náisiúnta.

(11)      Féach an mhír ‘Cultúr comhlíontachta agus forfheidhmithe chliste a áirithiú chun cabhrú le fíor-Mhargadh Aonair a chur i gcrích’ den straitéis don mhargadh aonair, http://ec.europa.eu/growth/single-market/strategy_ga.
(12)      Féach Iarscríbhinn 2 le haghaidh tuilleadh sonraí i ndáil le cásdlí CBAE ar an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair in 2016-2020.
(13)      Féach Aithris 7 den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair.
(14)       http://ec.europa.eu/growth/tools-databases/tris/en/
(15)      Féach supra, fonóta 2.
(16)      Féach Iarscríbhinn 3.1. Ní áirítear leis na figiúirí sin fógraí ó thíortha CSTE ar sínitheoirí iad de Chomhaontú LEE (an Iorua, Lichtinstéin agus an Íoslainn), ná fógraí ón Tuirc ná ón Eilvéis. Sa tréimhse tuairiscithe, fuair an Coimisiún 232 fhógra ó na tíortha sin (124 ó thíortha CSTE/LEE, 74 ón Tuirc agus 34 ón Eilvéis). Féach Iarscríbhinn 4 le haghaidh tuilleadh eolais faoi na fógraí seo.
(17)      Féach Iarscríbhinn 3.3.
(18)      Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena naisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle, IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.
(19)      Treoir 2009/142/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha, IO L 330, 16.12.2009, lch. 10.
(20)      Treoir 92/42/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí uisce te nua arna lasadh le breoslaí leachtacha nó gásacha, IO L 167, 22.6.1992, lch. 17.
(21)      Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena naisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE, IO L 315, 14.11.2012, lch. 1.
(22)      Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, IO L 153, 18.6.2010, lch. 13.
(23)      Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú, IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.
(24)      Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus maidir le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta, IO L 91, 7.4.1999, lch. 10.
(25)

     Treoir 2006/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach atá ceaptha lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe, IO L 374, 27.12.2006, lch. 10.

(26)

     Treoir 2004/108/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, IO L 390, 31.12.2004, lch. 24.

(27)      Féach Iarscríbhinn 3.3.
(28)      Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(29)      Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia, IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.
(30)      Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch, IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.
(31)      Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha le caitheamh ag an duine, IO L 139, 30.4.2004, lch. 206. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(32)      Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún, IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.
(33)      Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle, IO L 354, 28.12.2013, lch. 1.
(34)      Féach Iarscríbhinn 3.3.
(35)

     Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(36)

     Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.

(37)      Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE, IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.
(38)      Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach, IO L 303, 28.11.2018, lch. 59.
(39)      Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.
(40)      Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.
(41)      Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(42)      Féach Iarscríbhinn 3.3.
(43)      Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún, IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(44)      Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(45)      Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle, IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(46)      Féach Iarscríbhinn 3.3.
(47)      Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, IO L 365, 31.12.1994, lch. 10.
(48)

     Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol, IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

(49)      Féach Iarscríbhinn 3.9 le haghaidh samplaí breise.
(50)      Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro – Coordinated economic response to the COVID-19 Outbreak, COM(2020) 112. [Freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112.]
(51)      Féach Aithris 15 den Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair.
(52)      Féach Iarscríbhinn 3.11 le haghaidh sonraí breise maidir leis na bacainní is coitianta a baineadh.
(53)      Féach Iarscríbhinn 1 le haghaidh tuilleadh sonraí faoin nós imeachta práinne.
(54)      Féach Iarscríbhinn 3.7.
(55)      Féach Iarscríbhinn 1 le haghaidh tuilleadh sonraí faoi ‘bearta fioscacha nó airgeadais’.
(56)      Sonraí a eachtarshuíodh an 14 Iúil 2021.
(57)      Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena naisghairtear Treoir 2009/40/CE, IO L 127, 29.4.2014, lch. 51.
(58)      Treoir 2014/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir leis na doiciméid chlárúcháin d'fheithiclí, IO L 127, 29.4.2014, lch. 129.
(59)      Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena naisghairtear Treoir 2000/30/CE, IO L 127, 29.4.2014, lch. 134.
(60)      Thug an Coimisiún cuairt ar an mBulgáir, an Spáinn, an Pholainn, an Rómáin, an Iodáil, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Phortaingéil, Éire agus an Liotuáin.
(61)

     Ós rud é nach raibh aon deis ann an tAonad ceannais a ionchódú chun rochtain a fháil ar iarrataí ar dhoiciméid i mbunachair sonraí ón gCoimisiún le linn na tréimhse idir an 1.1.2018 agus an 1.10.2018, tá na figiúirí a bhaineann leis an tréimhse sin bunaithe ar ionsamhlú agus úsáid á baint as meánchéatadán na niarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a shanntar don Aonad atá i gceannas ar bhainistiú na Treorach maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair le haghaidh na mblianta 2016, 2017 agus 2019.

(62) Féach Iarscríbhinn 5.
(63)      Le linn na tréimhse lena mbaineann, chuir Ballstáit den Aontas Eorpach, na Ballstáit CSTE ar sínitheoirí iad le Comhaontú LEE, an Eilvéis agus an Tuirc faoi deara go raibh 363 fhógra i mbunachar sonraí an Chórais Faisnéise um Rialáil Theicniúil faoi réir fhógra a thabhairt don EDT faoin gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.