AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.9.2022
COM(2022) 466 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil
1.RÉAMHRÁ
1.1. Cúlra
Glacadh Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (‘Treoir CLA’) an 5 Iúil 2017
. I gcás na mBallstát atá faoi cheangal aici
, cuirtear Treoir CLA in ionad Choinbhinsiún 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach agus a phrótacail a chosaint (‘Coinbhinsiún CLA’)
.
Glacadh Treoir CLA ar bhonn Airteagal 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus dá bhrí sin is cuid í d ionstraimí dlí an Limistéir Saoirse, Slándála agus Ceartais. Tá sé ina chuid de straitéis fhoriomlán frithchalaoise an Choimisiúin freisin
. Thairis sin, tá idirspleáchas láidir ann idir caomhnú luachanna coiteanna an Aontais a shonraítear in Airteagal 2 CAE agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Mar shampla, éilíonn an dara ceann go mbeidh na húdaráis bhreithiúnacha in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, gan cur isteach ón bhfeidhmeannas.
Le Treoir CLA, leagtar síos íoschaighdeáin chomhchoiteanna maidir le dlíthe coiriúla na mBallstát. Leis na caighdeáin choiteanna sin féachtar le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar shainmhínithe, ar smachtbhannaí agus ar thréimhsí teorann cionta coiriúla áirithe a dhéanann difear do na leasanna sin. Déanann an comhchuibhiú difear freisin do raon feidhme imscrúduithe agus ionchúiseamh a dhéanann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
, toisc go sainmhínítear inniúlacht ábhartha OIPE trí thagairt do Threoir CLA
, mar a chuirtear i bhfeidhm í leis an dlí náisiúnta.
Ós rud é go gceanglaítear le Treoir CLA ar na Ballstáit cionta a bhaineann le hioncam agus le caiteachas bhuiséad an Aontais araon a choiriúlú, déanann a trasuí difear ní hamháin d’acmhainní dílse an Aontais (dleachtanna custaim agus CBL) ach do na beartais shubstainteacha ina n‑úsáidtear caiteachas an Aontais chun na haidhmeanna beartais sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá trasuí ceart na Treorach ríthábhachtach ní amháin chun buiséad an Aontais a chosaint ach freisin do bheartais uile an Aontais a n‑úsáidtear airgead an Aontais ina leith, agus tá sé ábhartha go háirithe i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF).
a.Treoir CLA
Is iad seo a leanas na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4 de Threoir CLA (‘cionta CLA’):
(I)calaois, lena n‑áirítear cáin bhreisluacha (CBL) trasteorann lena mbaineann damáiste iomlán EUR 10 milliún ar a laghad;
(II)sciúradh airgid;
(III)éilliú gníomhach agus neamhghníomhach; agus
(IV)míleithreasú.
Le hAirteagal 5 de Threoir CLA, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an méid seo a leanas a choiriúlú: (i) gríosú, cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta sin; agus (ii) an iarracht ar chalaois agus míleithreasú a dhéanamh. Thairis sin, cuirtear iallach le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 9 de Threoir CLA ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dliteanas agus smachtbhannaí daoine dlítheanacha i leith aon cheann de na cionta coiriúla a dhéantar ar mhaithe leo:
(I)ag daoine a bhfuil príomhphost acu laistigh den duine dlítheanach; nó
(II)ag aon duine faoi údarás na ndaoine sin a bhfuil post ceannaireachta acu, mar gheall ar easpa maoirseachta nó rialaithe na ndaoine sin
Ina theannta sin, leagtar síos le hAirteagal 7 de Threoir CLA íosrialacha maidir le pionóis choiriúla ar dhaoine nádúrtha, lena n‑áirítear uas‑smachtbhannaí ceithre bliana ar a laghad as na cionta coiriúla lena mbaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach.
Thairis sin, le hAirteagal 11 de Threoir CLA cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
(I)a ndlínse ar chionta CLA a leagan síos i gcás ina ndéantar an cion ina iomláine nó go páirteach laistigh dá gcríoch nó i gcás inar náisiúnach dá gcuid an ciontóir, agus i gcás ina bhfuil an ciontóir faoi réir na Rialachán Foirne tráth an chiona choiriúil
; agus
(II)feidhmiú dlínse ar chionta CLA arna ndéanamh ar an gcoigríoch ag a náisiúnaigh faoi réir coinníollacha áirithe a sheachaint.
Ina theannta sin, le hAirteagal 12 de Threoir CLA cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
(I)íostréimhsí teorann a fhorordú ar feadh tréimhse ama leordhóthanach tar éis cionta CLA a dhéanamh chun go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin, agus beidh feidhm ag na híostréimhsí teorann maidir leis na cionta sin atá inphionóis le uas‑smachtbhanna 4 bliana príosúnachta ar a laghad; agus
(II)na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar pionóis a chur i bhfeidhm.
Ar deireadh, is é is aidhm do Threoir CLA aisghabháil chistí an Aontais
as a mbaintear mí-úsáid a éascú trí bhíthin an dlí choiriúil
.
b.Trasuí, lena -áirítear imeachtaí um shárú
Chuaigh an spriocdháta chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta in éag an 6 Iúil 2019. I gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Threoir CLA, ceanglaíodh ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil ar chur chun feidhme a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle dhá bhliain tar éis an spriocdháta don trasuí. Glacadh leis an tuarascáil ábhartha i Meán Fómhair 2021. Tháinig an tuarascáil seo ar an gconclúid go bhfuil príomhfhorálacha Threoir CLA trasuite ag na Ballstáit go léir. Leag sé béim freisin, áfach, ar an ngá atá le trasuí na Treorach a fheabhsú, go háirithe chun trasuí comhsheasmhach na sainmhínithe ar chionta coiriúla agus dliteanas daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha -chomh maith le smachtbhannaí orthu - a áirithiú. Ar deireadh, leag an tuarascáil béim ar an ngá leis na forálacha maidir le feidhmiú dlínse agus tréimhsí teorann a thrasuí i gceart.
A mhéid a bhaineann leis na cionta coiriúla, i dtaca le calaois, áiríodh ar na saincheisteanna comhréireachta a aithníodh raon feidhme is cúinge fós den reachtaíocht náisiúnta. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, tá gné bhreise – ‘sárú dualgas’ - ag teastáil le haghaidh éilliú gníomhach agus neamhghníomhach araon. Cúngaíonn an ghné bhreise seo go mór raon feidhme sainmhínithe Threoir CLA ar éilliú agus braitheann a hionchúiseamh ar a leithéid de shárú dualgais a chruthú. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le míleithreasú, baineann saincheisteanna comhréireachta le trasuí níos cúinge an chiona seo nó easpa trasuite ar fad.
Maidir le dliteanas agus smachtbhannaí do dhaoine dlítheanacha, baineann na saincheisteanna comhréireachta leis an méid seo a leanas:
·easpa trasuí Airteagal 6(1) a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine a bhfuil post ceannaireachta acu laistigh den duine dlítheanach;
·ní chumhdaíonn siad ach gníomhartha coiriúla daoine a dhéantar laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an duine dhlítheanaigh; agus
·dliteanas corparáideach a eisiamh i gcás roinnt coireanna preideacáide.
I ndáil le hAirteagal 9, chuir an Coimisiún i bhfios go láidir nár cheart dliteanas corparáideach a chur ag brath ar chiontú deiridh duine nádúrtha, mar a dhéantar i mBallstát amháin, toisc go mbaineann sé sin an bonn ó smachtbhannaí ‘éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha’ a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha.
A mhéid a bhaineann le pionóis choiriúla ar dhaoine nádúrtha, aithníodh saincheisteanna comhréireachta sa cheathrú cuid de na Ballstáit. Tá forálacha i reachtaíocht roinnt Ballstát lenar féidir le daoine aonair dliteanas coiriúil nó forchur smachtbhannaí a sheachaint má thuairiscíonn siad an choir nó má aisíocann siad an damáiste a rinneadh do leasanna airgeadais an Aontais ag céimeanna éagsúla roimh imeachtaí coiriúla nó lena linn. D’fhéadfadh na forálacha sin smachtbhannaí a dhéanamh neamhéifeachtach agus cosc a chur orthu le bheith athchomhairleach. Ach bhain saincheisteanna comhréireachta eile le mainneachtain na reachtaíochta náisiúnta tairseach na smachtbhannaí a chomhlíonadh ar feadh ceithre bliana.
I ndáil le dlínse a shuí ar bhonn críochachais, bhain saincheist chomhréireachta áirithe leis an bhfíric go bhforchuireann Ballstáit áirithe an coinníoll nach féidir ionchúiseamh mar gheall ar chionta CLA a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach tuarascáil a dhéanamh san áit ina ndearnadh an cion coiriúil nó gearán a éileamh ón bpáirtí díobhálaithe (má tá gá le gearán den sórt sin d’ionchúiseamh faoi dhlí na tíre ina ndearnadh an cion). Saincheist trasuite ar leith maidir le tréimhsí teorann, baineann sí le tréimhse theorann a sholáthar chun breithiúnais a fhorghníomhú atá níos giorra ná na cúig bliana, rud a cheanglaítear le hAirteagal 12.
Gan dochar do ghníomhaíocht bhreise i gcoinne Ballstát eile, tar éis an chéad tuarascáil ar chur chun feidhme a ghlacadh, cuireadh Litreacha um Fhógra Foirmiúil chuig seacht mBallstát déag: chuig ocht mBallstát i Nollaig 2021
; chuig cúig Bhallstát eile i bhFeabhra 2022
; agus chuig ceithre Bhallstát eile i mBealtaine 2022. Tá na freagraí ar na Litreacha um Fhógra Foirmiúil a fuarthas go dtí seo á meas ag an gCoimisiún faoi láthair mar gheall ar ghníomhaíocht bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh.
1.2. Raon feidhme agus modheolaíocht an dara tuarascáil seo ar chur chun feidhme
I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Threoir CLA, tá an dara tuarascáil ar chur chun feidhme seo á glacadh ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh, maidir leis an gcuspóir ghinearálta cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú, ar an méid seo a leanas:
(a)
an iomchuí an tairseach CBL a léirítear in Airteagal 2(2);
(b)
an bhfuil na forálacha maidir le tréimhsí teorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach go leor;
(c)
an dtugtar aghaidh go héifeachtach i dTreoir CLA ar chásanna calaoise soláthair.
I gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Threoir CLA, déantar measúnú sa tuarascáil seo freisin ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar Threoir CLA, go háirithe chun foráil shonrach maidir le calaois soláthair a chur san áireamh.
Tá an tuarascáil seo bunaithe go príomha ar an bhfaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún trína bhfógra maidir le bearta náisiúnta lena dtrasuitear Treoir CLA, agus dhiaidh sin malartuithe sistéamacha leis na Ballstáit, lena n‑áirítear iad siúd i gcomhthéacs na n‑imeachtaí leanúnacha um shárú.
Ina theannta sin, tá sé bunaithe ar staitisticí bliantúla maidir le cionta CLA, lena n‑áirítear gríosú, cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta sin agus iarracht a dhéanamh calaois nó míleithreasú a dhéanamh, arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit de bhun Airteagal 18(2). Baineann na staitisticí seo go háirithe le:
(a) líon na n‑imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, an líon a díbheadh, an líon a raibh éigiontú mar thoradh orthu, an líon a raibh ciontú mar thoradh orthu agus líon na n‑imeachtaí atá ar siúl i gcónaí; agus
(b) na suimeanna a gnóthaíodh tar éis imeachtaí coiriúla agus an damáiste a mheastar a bheith i gceist.
Mar sin féin, don bhliain 2021, ní bhfuair an Coimisiún staitisticí ach ón tríú cuid de na Ballstáit, agus ní bhfuair sé ach staitisticí neamhiomlána ó thríú cuid eile de na Ballstáit. I bhformhór na mBallstát, ní dhéantar staitisticí a bhailiú ar an leibhéal lárnach de ghnáth.
Ina theannta sin, ní chumhdaítear gach cion sna staitisticí a chuirtear isteach agus, go minic, baineann siad le cionta coiriúla is leithne fós seachas tagairt a dhéanamh do na cionta coiriúla ar leith a chumhdaítear i dTreoir CLA. Ina theannta sin, ní dhéanann sonraí na mBallstát idirdhealú idir cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó na mBallstát.
Thairis sin, níl aon sonraí ar leith ar fáil i bhformhór na mBallstát maidir le cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta sin agus maidir le hiarracht a dhéanamh calaois nó míleithreasú a dhéanamh.
Ina theannta sin, na sonraí maidir le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, a díbheadh, a raibh éigiontú mar thoradh orthu, a raibh ciontú mar thoradh orthu agus atá ar siúl, níl siad aonfhoirmeach ar fud na mBallstát.
Ar deireadh, an fhaisnéis maidir leis na méideanna a aisghabhadh agus an damáiste a measadh a rinneadh. níl sí ar fáil ach i líon teoranta Ballstát.
Soláthraíonn Tuarascáil Bhliantúil 2021 OIPE sonraí ábhartha – fiú amháin más teoranta iad - a bhaineann le 7 mí thosaigh de ghníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE. De réir na Tuarascála, bhain 31.8 % d’imscrúduithe OIPE le calaois neamhsholáthair amhrasta (313 imscrúdú) i bhfoirm ráitis nó doiciméid bhréagacha, mhíchearta nó neamhiomlána a úsáid nó a chur i láthair, rud a bhfuil mar éifeacht aige míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní ó bhuiséad an Aontais nó ó bhuiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann. Tá an cineál seo calaoise ar fáil go príomha i bhfóirdheontais talmhaíochta agus íocaíocht dhíreach, i bhforbairt tuaithe, i gcláir forbartha muirí agus iascaigh, i mbonneagar, i gcláir forbartha acmhainní daonna, i gcistí téarnaimh a bhaineann le Covid‑19, i seirbhísí oiliúna, i dtógáil, i dtaighde agus i nuálaíocht, i bhforbairt bonneagair áitiúil, i seirbhísí cúraim, i gcomhtháthú na hóige agus daoine dífhostaithe sa mhargadh saothair, i mbonneagar uisce agus i dtacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. I gcás fóirdheontais talmhaíochta go háirithe, déanann OIPE imscrúdú ar chalaois bunaithe ar ráitis bhréagacha, mhíchearta nó neamhiomlána, ar dhearbhuithe bréagacha maidir le méid na talún saothraithe agus/nó méid na mbeithíoch (‘eallach sí’), chomh maith le gníomhaíocht grúpaí coiriúla a chuireann doiciméid bhréagacha isteach ar son gnólachtaí feirmeoireachta bréige de gach cineál.
B’ionann calaois caiteachais soláthair agus 11.2 % d’imscrúduithe OIPE (110 cás). De ghnáth, rinneadh an chalaois trí úsáid nó cur i láthair ráiteas nó doiciméad atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán. Fuarthas an cineál seo calaoise go príomha i bhfóirdheontais le haghaidh na tógála, bonneagair dramhaíola agus fuíolluisce, i gcláir theicneolaíochta (dramhaíl ghlas, athchúrsáil) agus i gcláir forbartha acmhainní daonna.
I bhfianaise an mhéid theoranta faisnéise atá ar fáil, is deacair measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht fhorálacha Threoir CLA agus ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir ar an mbonn sin. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit na sonraí a bhailiú agus a thíolacadh go tráthúil, i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 18(2) de Threoir CLA.
Rinneadh an fhaisnéis a fuarthas ón mBallstát agus ó fhoinsí eile don chéad tuarascáil trasuite a chomhlánú le tuilleadh taighde seachtrach. Is é a bhí sa taighde sin:
·anailís níos doimhne ar thrasuí na mBallstát ar airteagail Threoir CLA maidir le tairseach CBL, calaois soláthair phoiblí agus tréimhsí teorann;
·bailiú sonraí breise maidir le himeachtaí coiriúla ábhartha agus an toradh a bhíonn orthu; agus
·agallaimh le príomhpháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear cleachtóirí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
2. POINTÍ MEASÚNAITHE SONRACHA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 18(4) DE THREOIR CLA
2.1. Tairseach CBL (Airteagal 2(2))
In Airteagal 2(2), leagtar síos tairseach d’infheidhmeacht na Treorach maidir le hioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL. Níl feidhm ag Treoir CLA ach amháin i gcásanna cionta tromchúiseacha i gcoinne comhchóras CBL. Ní mór cionta in aghaidh comhchóras CBL a mheas ina gcionta tromchúiseacha sna cásanna seo a leanas:
1.baineann siad le gníomhartha nó neamhghníomhartha calaoiseacha d’aon ghnó a leagtar síos in Airteagal 3(2)(d) de Threoir CLA;
2.tá siad nasctha le críoch dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas; agus
3.tá damáiste iomlán EUR 10 milliún ar a laghad i gceist leo.
Den chuid is mó, is é is aidhm don choincheap seo ná calaois timpealláin, calaois CBL trí thrádálaithe atá ar iarraidh, agus calaois CBL a rinneadh in eagraíocht choiriúil, a bhfuil na trí cinn acu ina mbagairtí tromchúiseacha ar chomhchóras CBL agus, ar an gcaoi sin, ar bhuiséad an Aontais.
Dochar
Is féidir cineálacha cur chuige na mBallstát maidir le méid an damáiste a dhéantar mar thoradh ar chalaois trasteorann CBL a chatagóiriú mar seo a leanas:
·Ballstáit a cheanglaíonn go sroichfeadh an damáiste EUR 10 milliún ar a laghad;
·Ballstáit a éilíonn tairseach atá níos ísle ná EUR 10 milliún;
·Ballstáit nach sainíonn tairseach airgeadais.
De bharr na tairsí EUR 10 milliún, ní chumhdaítear le Treoir CLA méid suntasach gníomhaíochta calaoisí a bhaineann le críoch dhá Bhallstát nó níos mó ach a bhfuil damáiste iomlán níos lú ná EUR 10 milliún ag baint léi (e.g. formhór na gcásanna smuigleála tobac agus sciúrtha díosail).
Tá an tairseach ar cheann de na tosca is tábhachtaí a théann i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí OIPE maidir le cásanna calaoise CBL. Go háirithe, tagann ceisteanna chun cinn arís agus arís eile maidir leis an damáiste iomlán a ríomh, ag brath ar léirmhínithe éagsúla na mBallstát ar an modh atá le cur i bhfeidhm (go háirithe ar cheart an damáiste a tharlaíonn i roinnt Ballstát a chomhiomlánú) agus an líon íosta tíortha atá i gceist (an bhfuil gá le dhá Bhallstát rannpháirteacha ar a laghad? Nó an leor dhá Bhallstát - nach gá dóibh a bheith rannpháirteach in OIPE?).
Ina theannta sin, tá líon níos mó cásanna ag na Ballstáit siúd a bhfuil geilleagair bheaga acu nach sroicheann méid na ndamáistí an tairseach EUR 10 milliún. D'fhéadfadh míchothromaíocht idir na Ballstáit a bheith mar thoradh air sin i líon na gcásanna atá OIPE inniúil chun dul sa tóir orthu.
Ina theannta sin, tá méid suntasach gníomhaíochta calaoisí ann i dtaobh CBL a bhaineann le críoch dhá Bhallstát nó níos mó ach a bhfuil damáiste iomlán níos lú ná EUR 10 milliún i gceist leo. Ní tairseach athchomhairleach atá ann ach oiread, toisc nach ndéileálann OIPE ach le calaois CBL den mhórscála, rud a d’fhágfadh, b’fhéidir, go ndéanfadh déantóirí na coire iarracht chun na dlínsí is laige a aimsiú agus éalú ó ghreim na n‑údarás náisiúnta agus OIPE.
Thairis sin, is minic nach mbíonn léargas iomlán ag na húdaráis inniúla a dhéanann imscrúduithe ar chineál na gníomhaíochta coiriúla ag an gcéim thosaigh den imscrúdú (i.e. an calaois timpealláin í agus, dá bhrí sin, go bhfuil baint aici le críoch dhá Bhallstát nó níos mó) agus an calaois í ar mhéid an damáiste atá i gceist. Ag fanacht go dtí go bhfuil an tairseach EUR 10 milliún sroichte, d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchar amach is amach ar an imscrúdú. Ar deireadh, d’fhéadfadh easpa soiléireachta a bheith ann mar thoradh ar an tairseach maidir le ar cheart d’údaráis náisiúnta nó do OIPE cás calaoise CBL a ghlacadh agus cathain ba ghá an cás a aistriú chuig OIPE.
Cuireann an chuid is mó de na Ballstáit a chuireann tairseach airgeadais i bhfeidhm cur chuige carnach i bhfeidhm i gcomhréir le haithris 4 a ghabhann le Treoir CLA, agus an damáiste a rinne an scéim calaoise CBL chéanna i roinnt Ballstát san iomlán á chur san áireamh. Ní dhéanann údaráis i mBallstáit áirithe an damáiste a ríomh ach ar bhonn gach Ballstáit ar leith, áfach.
Níl dóthain faisnéise agus sonraí ag an gCoimisiún faoi láthair, áfach, chun teacht ar thuairim chinntitheach ar an gceist seo, ar a ndéanfar athmhachnamh amach anseo.
2.2. Tréimhsí teorann (Airteagal 12)
I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir CLA, ní mór do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann lena bhféadfar cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 de Threoir CLA a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a chinneadh go breithiúnach ar feadh tréimhse leordhóthanach tar éis na cionta coiriúla sin a dhéanamh, chun go bhféadfar dul i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.
Maidir le coireanna atá inphionóis le huas‑smachtbhanna ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, ní mór don tréimhse theorann a bheith cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion (Airteagal 12 (2)). Le hAirteagal 12(3), tugtar an rogha do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann níos giorra ná cúig bliana ach nach giorra ná trí bliana más féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó stop a chur léi i gcás gníomhartha sonraithe. Is féidir léirmhíniú fairsing a dhéanamh ar an téarma ‘gníomhartha sonraithe’. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit tréimhsí teorann níos giorra a ghlacadh (gan iad a bheith níos lú ná trí bliana ar a laghad in aon chás) i ndáil leis na cionta ar ina leith a éilítear le Treoir CLA uas‑smachtbhanna ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, a fhad is a dhéantar foráil maidir le cúiseanna le briseadh agus cur ar fionraí. Foráiltear leis an Treoir freisin do thréimhsí teorann i ndáil le hinfhorfheidhmitheacht pionós tar éis ciontú i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 (Airteagal 12(4)).
Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha maidir le tréimhsí teorann ‘éifeachtach go leor’ teastaíonn tuiscint ar cad is brí leis an gcoincheap seo ar dtús. Is féidir an tuiscint a bhaint as cásdlí na Cúirte Breithiúnais gur cheart don tréimhse theorann a bheith fada go leor chun forfheidhmiú éifeachtach athchomhairleach a áirithiú i gcásanna a bhaineann le cionta CLA. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur gá do thréimhsí teorann, de réir a gcineáil, cothromaíocht a aimsiú idir éifeachtacht agus an ceart bunúsach chun, inter alia, triail chóir a fháil. Tugann aithris 28 de Threoir CLA an méid sin ar aird go sainráite, agus sonraítear inti ‘féachann sí le lánurraim do na cearta sin agus na prionsabail sin a áirithiú agus ní mór iad a chur chun feidhme dá réir sin’. Ar ndóigh, ní hionann an méid a cheanglaítear le hAirteagal 18(4) agus measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na teorainneacha féin éifeachtach go leor, ach cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha a bhaineann leis na tréimhsí teorann éifeachtach go leor.
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh duine an cheist a chur ar bhealach eile ‘an bhfuil na forálacha a bhaineann le tréimhsí teorann dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach a dhóthain?’ mar seo ‘an bhfuil na forálacha a bhaineann le tréimhsí teorann dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach a ndóthain chun imscrúdú, ionchúiseamh, triail agus breithiúnas ceart a dhéanamh ar na cionta a chumhdaítear le hAirteagail 3, 4 agus 5 de Threoir CLA a áirithiú?’. Dá dtabharfaí an freagra gur lú an seans go ndéanfaí cionta CLA a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a phionósú i roinnt Ballstát ná i mBallstáit eile de bharr tréimhsí teorann a chur i bhfeidhm, d’fhéadfaí a mheas gur comhartha é sin nach bhfuil na forálacha éifeachtach go leor.
Mar sin féin, ní raibh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit Treoir CLA a thrasuí ach trí bliana sular scríobhadh an tuarascáil reatha. Is tréimhse níos giorra í ná na tréimhsí teorann dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir CLA. Dá bhrí sin, is deacair a rá ag an bpointe seo a mhéid a bhí éifeacht ag na forálacha i dTreoir CLA go hiarbhír maidir le tréimhsí teorann.
Ina theannta sin, mar a luadh thuas, níor sholáthair na Ballstáit ach sonraí staidrimh teoranta de bhun Airteagal 18(2). Dá bhrí sin, ní féidir ag an bpointe seo comparáid a dhéanamh idir líon na n‑imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, a díbheadh, a raibh éigiontú mar thoradh orthu, a raibh ciontú mar thoradh orthu i measc na mBallstát, agus ní féidir na torthaí sin a nascadh le fad na dtréimhsí teorann sna Ballstáit.
Dá bhrí sin, tá an measúnú sin bunaithe go príomha ar an staid dhlíthiúil sna Ballstáit (mar a léirítear ó na bearta náisiúnta lena dtrasuitear na forálacha maidir le tréimhsí teorann) agus ar an staid phraiticiúil sna Ballstáit.
I ndáil leis seo, féadfar a mheas gurb inmhianaithe síneadh a chur leis na tréimhsí teorann, mar gheall ar an méid mór ama a thógann imscrúduithe ar chionta CLA. D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé na blianta fada chun cionta áirithe a bhrath agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hiarrachtaí suntasacha imscrúdú a dhéanamh orthu mar gheall ar iad a bheith de chineál trasteorann.
Mar sin féin, ós rud é gur socraíodh na tréimhsí teorann dá bhforáiltear i dTreoir CLA, ar aon nós, ag teorainn níos ísle na dtréimhsí teorann dá bhforáiltear ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh cionta comhchosúla, tá éifeacht Threoir CLA ar na tréimhsí teorann ar an leibhéal náisiúnta go measartha beag.
Ní thugann sé sin le fios go bhfuil forálacha ábhartha Threoir CLA neamhéifeachtach iontu féin. Ar a laghad, áirithíonn forálacha na Treorach íosleibhéal áirithe, rud a thugann deimhneacht dhlíthiúil, trí chosaint ar laghduithe ar thréimhsí teorann ina dhiaidh sin in aon Bhallstát ar bith.
2.3.Calaois Soláthair Phoiblí (Airteagal 3 (2)(b))
Sonraítear in Airteagal 3 de Threoir CLA nach mór do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i gcalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais nuair a dhéantar d’aon ghnó í. Chun na críche sin, leagtar amach ann ceithre chatagóir iompair ar calaois iad a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais. Baineann na ceithre chatagóir seo le gníomhartha nó le neamhghníomhartha maidir le:
(I)caiteachas nach mbaineann le soláthar (Airteagal 3 (2)(a));
(II)caiteachas a bhaineann le soláthar (Airteagal 3 (2)(b));
(III)ioncam seachas ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL (Airteagal 3 (2)(c)); agus
(IV)ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL (Airteagal 3 (2)(d)).
a.An coincheap ‘caiteachas a bhaineann le soláthar’
Ní dhéantar an coincheap ‘caiteachas a bhaineann le soláthar’ a shainiú a thuilleadh in Airteagal 3(2)(b) de Threoir CLA, áfach. Ní dhéantar foráil in aithris 6 maidir leis an méid seo a leanas: ‘Chun críocha na Treorach seo, is é is caiteachas a bhaineann le soláthar ann aon chaiteachas i ndáil leis na conarthaí poiblí arna gcinneadh le hAirteagal 101(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’. Is léir ón taighde seachtrach a rinneadh don Choimisiún, i roinnt cásanna, gurb é an toradh a bhí air sin go ndearnadh léirmhíniú míchruinn ar an dlí, sa chiall nach n‑áirítear i raon feidhme Airteagal 3(2)(b) na cásanna ar an leibhéal náisiúnta ina leithdháileann gníomhaireachtaí/riaracháin náisiúnta cistí an Aontais i gconarthaí le gníomhaithe náisiúnta/príobháideacha.
Ós rud é nach bhfuil Rialachán Uimh. 966/2012 i bhfeidhm a thuilleadh, tá an tagairt dó le léamh mar ‘arna chinneadh le hAirteagal 2(51) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046’. Leanann sé ó Airteagal 2(51) de Rialachán 2018/1046 go gcumhdaíonn caiteachas a bhaineann le soláthar aon chaiteachas i ndáil le conarthaí poiblí amhail conarthaí tógála, conarthaí soláthair, conarthaí oibreacha, nó conarthaí seirbhíse idir oibreoirí eacnamaíocha agus údarás conarthach an Aontais.
Agus forálacha Airteagal 325 CFAE, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, á gcur san áireamh, agus go háirithe brí na foclaíochta ‘aon ghníomhaíocht neamhdhleathach’ (rud nach féidir, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a léiriú ar bhealach sriantach), tá sé le meas go dtagann calaois soláthair arna déanamh ag údaráis náisiúnta agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais faoi raon feidhme Threoir CLA.
b.Tionchar an cheanglais ‘ar a laghad nuair a dhéantar é chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir an chiona nó do dhuine eile trí chaillteanas a chruthú do leas airgeadais an Aontais’
Foráiltear le hAirteagal 3(2)(b) de Threoir CLA do na cionta calaoise soláthair seo a leanas:
1.ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n‑éifeacht míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní as buiséad an Aontais nó as buiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann;
2.neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó
3.sraonadh cistí den sórt sin nó sócmhainní den sórt sin chun críoch eile seachas na críocha ar ina leith a deonaíodh iad i dtosach báire, lena ndéantar dochar do leasanna airgeadais an Aontais.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go liostaítear cionta comhchosúla i ndáil le calaois nach mbaineann le soláthar in Airteagal 3(2)(a). Maidir leis na cionta faoi Airteagal 3(2)(a) agus 3(2)(b), is gá rún (de réir Airteagal 3(1)) agus gníomh nó neamhghníomh a bheith ann. Mar sin féin, tá cáilíocht bhreise in Airteagal 3(2)(b): ‘ar a laghad nuair a dhéantar é chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir an chiona nó do dhuine eile trí chaillteanas a chruthú do leas airgeadais an Aontais’. Tá an nasc cúisíoch le caillteanas do leasanna airgeadais an Aontais an‑fhollasach, toisc go bhfuil an Treoir dírithe ar chomhchuibhiú na cosanta trí dhlí choiriúil ar na leasanna airgeadais seo agus, mar sin, ar an tslí ina ndéileáiltear le cionta CLA. Is é sin le rá go dtagann calaois soláthair faoi raon feidhme na Treorach ar an gcoinníoll go gcailltear leasanna airgeadais an Aontais dá bharr.
Féadfaidh an ceanglas seo an tairseach a ardú go suntasach chun cásanna calaoise soláthair a ionchúiseamh i gcomparáid le cásanna nach cásanna soláthair iad. Mar sin féin, ní mór na focail ‘ar a laghad’, a chur san áireamh freisin. D'fhág siad corrlach lánrogha ag na Ballstáit maidir le sainmhíniú ar chalaois soláthair.
I ndáil leis sin, teastaíonn fianaise ó roinnt Ballstát go bhfuil caillteanas ar leas airgeadais an Aontais mar choinníoll don ionchúiseamh. Éilíonn roinnt Ballstát go ndéanfar an gnóthachan neamhdhleathach a shainaithint do dhéantóir na coire nó do dhuine eile, ach ní chuireann siad an nasc cúisíoch leis an gcaillteanas san áireamh. Mar sin féin, déanann formhór na mBallstát coiriúlú ar aon ghníomh nó neamhghníomh intinniúil cionta a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) nó déanann siad iad a thrasuí trí fhorálacha náisiúnta is leithne fós i gcomhréir le Treoir CLA. Ina theannta sin, ní dhéanann líon mór Ballstát aon idirdhealú idir leas airgeadais an Aontais agus leas airgeadais náisiúnta.
Dá bhrí sin, bíonn éagsúlacht shuntasach ann i measc na mBallstát maidir le fairsinge an tsainmhínithe ar chalaois soláthair, agus dá réir sin, ar na ceanglais fianaise nach mór a chomhlíonadh chun cionta den sórt sin a ionchúiseamh. D'fhéadfadh sé go mbeadh cosaint mhíchothrom ar leasanna an Aontais mar thoradh ar na difríochtaí sin, i gcás nach bhfuil gníomhaíochtaí calaoiseacha áirithe á n‑imscrúdú ná á n‑ionchúiseamh i mBallstáit áirithe, agus iad á n‑imscrúdú agus á n‑ionchúiseamh i mBallstáit eile ag an am céanna.
3. CONCLÚIDÍ
Glacadh Treoir CLA leis an aidhm cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú. Soláthraíonn an Treoir breisluach trí na nithe seo a leanas a shocrú: (i) íosrialacha coiteanna chun cionta coiriúla a shainiú; agus (ii) smachtbhannaí chun calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.
Tá príomhfhorálacha Threoir CLA trasuite ag na Ballstáit go léir. Is gá, áfach, trasuí na Treorach a fheabhsú, go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar na sainmhínithe ar chionta coiriúla agus dliteanas daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha agus pionóis ina leith a thrasuí go comhsheasmhach. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na forálacha maidir le feidhmiú dlínse agus tréimhsí teorann a thrasuí i gceart. Mar thoradh air sin, cuireadh tús le himeachtaí sáraithe i gcoinne 17 mBallstát go dtí seo.
Is é príomhfhócas an dara tuarascáil trasuite seo measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a)
an bhfuil tairseach CBL a léirítear in Airteagal 2(2) iomchuí;
(b)
an bhfuil na forálacha maidir le tréimhsí teorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach go leor;
(c)
an dtugtar aghaidh go héifeachtach i dTreoir CLA ar chásanna calaoise soláthair.
Bhí an tuarascáil sin bunaithe go príomha ar an bhfaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, lena n‑áirítear staidreamh bliantúil maidir le cionta CLA a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 18(2). Mar a luadh, áfach, ní leor an bonn fianaise chun teacht ar chonclúidí cinntitheacha leis na staitisticí atá tíolactha ag na Ballstáit faoi láthair. Thairis sin, níl faisnéis maidir leis na méideanna a gnóthaíodh agus an damáiste a measadh a rinneadh ar fáil ach i líon teoranta Ballstát. Sa chomhthéacs sin, is deacair measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht fhorálacha Threoir CLA agus ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir ar an mbonn sin.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit na sonraí a bhailiú agus a thíolacadh go tráthúil, i gcomhréir leis na ceanglais in Airteagal 18(2) de Threoir CLA. I gcás inar gá, is féidir leis an gCoimisiún tuilleadh treorach a thabhairt maidir leis an gcaoi ar cheart do na Ballstáit staitisticí a thuairisciú. D'fhéadfadh sé freisin iarraidh shaincheaptha a chur faoi bhráid na mBallstát nach bhfuil sonraí iomlána agus cuimsitheacha curtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 18(2).
calaois CBL
Maidir le tairseach CBL mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) de Threoir CLA, cuireadh gné an damáiste san áireamh. Fuarthas amach, mar gheall ar thairseach EUR 10 milliún, go bhfuil méid suntasach gníomhaíochta calaoisí nach gcumhdaítear le Treoir CLA. Ina theannta sin, tá líon níos mó cásanna ag na Ballstáit siúd a bhfuil geilleagair bheaga acu nach sroicheann méid na ndamáistí an tairseach EUR 10 milliún. Lasmuigh de sin, tá méid suntasach gníomhaíochta calaoisí ann i dtaobh CBL a bhaineann le críoch dhá Bhallstát nó níos mó ach a bhfuil damáiste iomlán níos lú ná EUR 10 milliún i gceist leo. De bhreis air seo, is minic nach mbíonn léargas iomlán ag na húdaráis inniúla imscrúdaithe ar chineál na gníomhaíochta coiriúla ag an chéim thosaigh den imscrúdú. Ag fanacht go dtí go bhfuil an tairseach EUR 10 milliún sroichte, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar díobhálach ar an imscrúdú. Ar deireadh, d’fhéadfadh easpa soiléireachta a bheith ann mar thoradh ar an tairseach maidir le ar cheart d’údaráis náisiúnta nó do OIPE cás calaoise CBL a ghlacadh agus cathain ba ghá an cás a aistriú chuig OIPE.
Ina theannta sin, cé go gcuireann formhór na mBallstát san áireamh an damáiste iomlán a rinneadh i roinnt Ballstát i dteannta a chéile tríd an scéim chéanna calaoise CBL (cur chuige carnach) i gcomhréir le haithris 4 de Threoir CLA, ríomhann cuid acu an damáiste in aghaidh an Bhallstáit. Ina theannta sin, i measc na mBallstát sin a chuireann an modh carnach i bhfeidhm, ní mheasann cuid acu ach an damáiste a dhéantar sna Ballstáit sin a chuaigh isteach in OIPE. Is fíordheacair na cleachtais sin a thabhairt chun réitigh le foclaíocht aithris 4 de Threoir CLA.
Leis na teorainneacha thuas maidir leis an méid agus leis an mbealach chun an tairseach airgeadais a shainiú, ardaítear amhras i dtaobh an bhfuil an tairseach éifeachtach agus athchomhairleach a dóthain chun calaois thromchúiseach i gcoinne comhchóras CBL a chomhrac. D’fhéadfaí cuimhneamh ar an tairseach a laghdú agus foráil a dhéanamh maidir le critéir mhalartacha chun tromchúis na coire a mheas i gcomhthéacs athbhreithnithe ar Threoir CLA amach anseo.
Mar sin féin, cé nach bhfuil go leor sonraí ann ag an bpointe seo maidir le cur i bhfeidhm thairseach EUR 10 milliún go praiticiúil chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an mhéid, ba cheart, i gcás inar gá, treoir leordhóthanach a thabhairt maidir le modh ríofa na tairsí.
Soláthar Poiblí
Ní áirítear le Treoir CLA aon sainmhíniú ar chaiteachas a bhaineann le soláthar. Cé gur féidir intinn an reachtóra a dhéanamh amach ó fhorálacha eile de Threoir CLA, d’fhéadfadh leibhéal áirithe éiginnteachta maidir le raon feidhme an tsainmhínithe ar chalaois soláthair a bheith mar thoradh ar an gcrostagairt atá ann faoi láthair do mhír reachtaíochta eile de chuid an Aontais sna haithrisí, nuair a bhíonn údaráis chonarthacha náisiúnta a bhainistíonn cistí an Aontais i gceist.
Ina theannta sin, mar a dúradh roimhe seo, socraítear le friotal tosaigh Airteagal 3(2)(b) cáilíocht speisialta le haghaidh rúin (i gcomparáid le cionta CLA eile) agus luaitear ann gur cheart coir a dhéanamh de chalaois soláthair ‘ar a laghad’ nuair a dhéantar é chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir na coire nó do dhuine eile trí chaillteanas a chruthú do leas airgeadais an Aontais. Maidir leis an gcorrlach léirmhínithe a fhágtar do na Ballstáit i ndáil leis an ngné intinniúil a bhfuil na téarmaí ‘ar a laghad’ inti, d’fhéadfadh sé go leanfadh saincheisteanna maidir le cosaint mhíchothrom leasanna an Aontais as siocair nach bhféadfaí gníomhaíochtaí calaoiseacha áirithe a imscrúdú ná a ionchúiseamh i mBallstáit áirithe (mar gheall ar easpa rún cruthaithe), d’ainneoin iad a bheith á n‑ imscrúdú agus á n‑ionchúiseamh i mBallstáit eile.
D’fhéadfaí cuimhneamh ar leasuithe ar aithris (6) lena soiléirítear go dtagann soláthar a bhfuil údaráis chonarthacha náisiúnta a bhainistíonn cistí an Aontais páirteach ann faoi raon feidhme na Treorach freisin agus ar leasuithe ar Airteagal 3(2)(b), lena léirítear an ceanglas is leithne fós maidir le rún i dtaobh na gcionta calaoise CLA eile, i.e. ‘cionta a dhéantar d’aon ghnó’, mar chuid d’athbhreithniú ar Threoir CLA amach anseo.
Tréimhsí Teorann
Maidir le cásanna trasteorann, féadfaidh saincheisteanna breise eascairt as easpa aonfhoirmeachta na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le tréimhsí teorann, rud as a leanann cásanna ina bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht chalaoiseach chéanna tairbhe a bhaint as córais éagsúla, ag brath ar na Ballstáit ina ndéantar a gcás a ionchúiseamh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil an t‑íoscheanglas dá bhforáiltear i dTreoir CLA leordhóthanach chun gur féidir imscrúdú, ionchúiseamh, triail, cinneadh breithiúnach agus forfheidhmiú pionós maidir le gach cion CLA a chur i gcrích ar bhealach aonfhoirmeach i ngach Ballstát i ndáil le tréimhsí teorann.
Níl go leor ama imithe thart ó theacht i bhfeidhm Threoir CLA, áfach, le gur féidir leis na tréimhsí teorann arna bhforordú le hAirteagal 12 dul in éag i ndáil le coir atá clúdaithe ag Treoir CLA.
Ina theannta sin, níl aon fhianaise nithiúil ann ag an bpointe seo gur lú an seans go ndéanfar cionta CLA a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a phionósú i roinnt Ballstát ná i mBallstáit eile, mar gheall ar thréimhsí teorann a bheith róghearr.
I gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir CLA, leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na Ballstáit á comhlíonadh agus déanfaidh sé gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh a forálacha á gcomhlíonadh ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún dlús lena chomhphlé leis na húdaráis náisiúnta maidir leis na modhanna chun bailiú sonraí a fheabhsú ionas go mbeidh sé in ann measúnú níos eolaí a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir CLA.