An Bhruiséil,7.9.2022

COM(2022) 440 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir leis an straitéis Eorpach um chúram

{SWD(2022) 440 final}


“Oíche i ndiaidh a chéile [le linn na paindéime], siúd arís sinn os comhair na fuinneoige, nó ar thairseach an dorais, le bualadh bos a thabhairt dóibh siúd a bhí sa chéad líne catha. Ba léir dúinn ar fad a mhéid a bhíomar i dtuilleamaí na n‑oibreoirí sin. I dtuilleamaí na mban agus na bhfear a dhéanann a míle dícheall ar ár son, ainneoin iad a bheith ar thuarastal íseal, ar easpa cosanta, agus ar easpa slándála. B’fhéidir go bhfuil an bualadh bos féin síothlaithe beagán faoi seo, ach ní ceart ligean do dhíograis na mothúchán a dhul i léig. [...]

Dá réir sin, is mian linn straitéis nua Eorpach i leith cúram sláinte a thabhairt i gceist

ionas nach mbeidh fear ná bean ann nach rachaidh feabhas na gcúram féideartha chun sochair dóibh, fear ná bean nach í an chothromaíocht saoil ab fhearr a bheidh ar fáil dóibh uile.” 1

       Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

1.Réamhrá

Baineann an cúram linn uile. Is é a chruthaíonn an chreatlach a choinníonn ár sochaithe le chéile agus a thugann ár nglúine le chéile. Ar feadh ár saoil, beidh cúram ag teastáil uainn agus uathu siúd is gaire dúinn, sin nó cuirfimid cúram ar fáil.

Toisc naíolanna agus naíscoileanna a bheith dúnta go sealadach, agus an tionchar díréireach a bhí ag an bpaindéim ar dhaoine scothaosta, le paindéim COVID‑19 cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé seirbhísí cúraim foirmiúla láidre a bheith ann chun leanúnachas cúraim a áirithiú. Trína laigí struchtúracha a bhí ann cheana a nochtadh, léiríodh go soiléir leis an bpaindéim gur gá feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras cúraim atá againn. Bhí tionchar móraige freisin ó thaobh fadhbanna meabhairshláinte de agus ní mór aghaidh a thabhairt ar na riachtanais chúraim atá ann dá bharr. Tá sé sin uile ríthábhachtach go háirithe maidir le folláine na bhfaighteoirí cúraim agus na gcúramóirí, maidir le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus maidir le gnóthú na cothromaíochta oibre is saoil.

Tá buntáistí soiléire ag baint le seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán do chách, gan beann ar aois. Tá cúram de dhíth ar leanaí chun a scileanna agus a n‑inniúlachtaí cognaíocha, teanga agus fisiceacha a fhorbairt. Bíonn tionchar dearfach ag rannpháirtíocht san oideachas luath‑óige ar a bhforbairt, cuireann sé borradh faoina ndeiseanna fostaíochta níos faide anonn sa saol agus faoina gcumas saol agus gairmeacha sásúla a bheith acu agus cuidíonn sé le baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú. Dá réir sin, rannchuidíonn sé le timthriall an neamh‑chomhionannais agus na míbhuntáistí a bhriseadh. Le hoideachas agus le cúram na luath‑óige ar ardchaighdeán, cuirtear chun cinn stíleanna maireachtála sláintiúla agus gníomhacha go luath sa saol, rud ag a mbíonn tionchar dearfach ar fud shaol an duine fhásta go dtí an tseanaois. An tráth céanna, le cúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, cumhachtaítear daoine scothaosta trí chuidiú leo a neamhspleáchas a choinneáil ar bun agus maireachtáil faoi dhínit. Tá tábhacht ar leith leis sin i gcomhthéacs athrú déimeagrafach, agus saol níos faide agus saol níos sláintiúla ag muintir na hEorpa agus méadú as cuimse ag teacht ar an éileamh ar chúram. Le beartais maidir le haosú gníomhach, chomh maith le luath‑idirghabháil, cur chun cinn na sláinte agus cosc galar, is féidir tacú a thuilleadh le daoine maireachtáil go neamhspleách , go sláintiúil agus go gníomhach ar feadh tréimhse níos faide agus moill a chur ar thús na riachtanas cúraim.



D’ainneoin na mbuntáistí soiléire a bhaineann le seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán, níl siad inacmhainne, ar fáil ná inrochtana fós i gcás roinnt mhaith daoine. Tá thart ar aon trian de leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois agus beagnach 90 % de leanaí idir 3 bliana d’aois agus aois éigeantach scoile in oideachas agus i gcúram na luath‑óige, ach fós féin níl go leor tuismitheoirí in ann a leanaí a chlárú toisc nach bhfuil na seirbhísí ar fáil nó toisc go bhfuil siad róchostasach. Ar an gcaoi chéanna, i gcás beagnach leath de na daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine ag a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh, tá gá le cuidiú acu lena gcúram pearsanta nó lena ngníomhaíochtaí teaghlaigh, ar gá é nach bhfreastalaítear air. I roinnt mhaith cásanna, níl seirbhísí cúraim ar fáil nuair a bhíonn siad ag teastáil ó dhaoine agus san áit a mbíonn siad ag teastáil, agus is ann do liostaí feithimh fada agus nósanna imeachta troma. D’ainneoin ionchas saoil shláintiúil níos fearr a bheith acu ná mar a bhí riamh, de réir mar a théann daoine in aois is amhlaidh is airde an seans go bhforbróidh siad leochaileacht, breoiteacht nó míchumas, rud a chiallaíonn go mbeadh cúram fadtéarmach ag teastáil uathu. I gcás roinnt mhaith daoine faoi mhíchumas, le seirbhísí cúraim, tacaíocht do theaghlaigh agus cúnamh pearsanta nach bhfuil leordhóthanach, déantar dochar dá gceart chun maireachtáil go neamhspleách, ceart a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Bíonn tionchar díréireach ag seirbhísí cúraim nach bhfuil leordhóthanach ar mhná ós rud é go bhfuil freagrachtaí cúraim fhorlíontaigh nó neamhfhoirmiúil fós ag titim go príomha orthu agus déanann sé sin difear dá gcothromaíocht oibre is saoil agus dá roghanna obair ar íocaíocht a dhéanamh.

Is é an toradh a bhíonn air sin go dtógann mná neamhláithreachtaí fada le haghaidh saoire teaghlaigh, go laghdaíonn siad a n‑uaireanta oibre agus go n‑aistarraingíonn siad go luath ón margadh saothair. I gcás roinnt mhaith ban, bíonn níos lú deiseanna gairme agus pá agus pinsin níos ísle acu ná na deiseanna gairme, pá agus pinsin a bhíonn ag a bpiaraí fir. Ós rud é go maireann siad níos faide ar an meán ná fir, ach nach mbíonn a sláinte chomh maith céanna le sláinte na bhfear, teastaíonn cúram fadtéarmach níos déine uathu agus ar feadh tréimhsí níos faide. Ach is minic nach mbíonn siad in ann íoc as mar gheall ar neamh‑chomhionannais inscne i bpá agus i bpinsin a charntar thar a saolré.

Tá dálaí maithe oibre in earnáil an chúraim ríthábhachtach le haghaidh athléimneacht agus tharraingteacht na hearnála agus le haghaidh comhionannas inscne. Is mná iad 90 % den lucht saothair cúraim agus is minic a bhíonn poist fhorbhásacha ar phá íseal acu. Fiú má bhaineann le sé cúram a thabhairt dóibh siúd is gaire dúinn, is minic nach dtugtar luach ceart ar obair chúraim. Thairis sin, is minic nach mbíonn deiseanna ag oibrithe cúraim dul chun cinn gairme a dhéanamh agus níl an oiliúint atá ar fáil i gcomhréir lena riachtanais uas‑scilithe. Fágann ardleitheadúlacht na hoibre páirtaimseartha san earnáil cúraim go bhfuil go leor oibrithe ag tuilleamh ioncam míosúil atá níos ísle fós. I gcás roinnt grúpaí leochaileacha d’oibrithe cúraim, amhail cúramóirí cónaitheacha nó oibrithe tí, d’fhéadfadh dálaí oibre dúshaothraithe a bheith ann fiú. 

Tá costas eacnamaíoch ag baint le neamhdhóthanacht na gcóras cúraim agus déanann sé dochar d’acmhainneacht na hearnála poist a chruthú. Le hinfheistíocht i seirbhísí cúraim, cuidítear le níos mó ban dul isteach sa mhargadh saothair agus bíonn níos mó ioncaim ann le haghaidh buiséid phoiblí.

Leagtar amach clár oibre sa straitéis seo chun feabhas a chur ar staid na gcúramóirí agus na bhfaighteoirí cúraim araon. Iarrtar inti go gcuirfí borradh faoi rochtain ar sheirbhísí cúraim atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana agus go bhfeabhsófaí dálaí oibre agus cothromaíocht oibre is saoil le haghaidh cúramóirí. Leis sin, cuideofar le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le rochtain ar chúram ar ardchaighdeán agus inacmhainne a fhíorú agus rannchuideofar leis na príomhspriocanna maidir le fostaíocht agus laghdú na bochtaineachta do 2030 a bhaint amach ar fud an Aontais, ar dhíol sásaimh iad do cheannairí an Aontais ag cruinniú Mullaigh Porto i mí na Bealtaine 2021 agus arna bhformhuiniú ag an gComhairle Eorpach.

Tá dhá thogra le haghaidh Moltaí ón gComhairle i gcroílár na straitéise seo: maidir leis an athbhreithniú ar Spriocanna Barcelona um oideachas agus cúram na luathóige agus maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán. Soláthraítear leo creataí beartais le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Leis an dá thogra, cumhdaítear leordhóthanacht, infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim chomh maith le dálaí oibre na gcúramóirí. Leagtar amach sa Teachtaireacht seo gníomhaíochtaí tacaíochta breise ar an leibhéal Eorpach agus iarrtar inti go ndéanfaí beart ar an leibhéal náisiúnta 2 .

Freagraítear sa Straitéis do ghlaonna ó pháirtithe leasmhara éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Parlaimint na hEorpa 3 , an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, d’iarr siad uile go ndéanfaí gníomhaíocht an Aontais a threisiú sa réimse sin 4 . Cuireann sé leis an taithí a fuarthas le Spriocanna Barcelona le linn na tréimhse roimhe seo, go háirithe an easpa dul chun cinn maidir leis an sprioc a bhaint amach i roinnt Ballstát. Freagraítear sa Straitéis freisin don togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa 5 maidir leis an aistriú déimeagrafach ina niarrtar go mbeadh cúram fadtéarmach inacmhainne agus inrochtana ar ardchaighdeán ann, cúram lena bhfreastalaítear ar riachtanais na bhfaighteoirí cúraim agus na gcúramóirí araon agus chun cúram leanaí atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana a áirithiú ar fud an Aontais, ionas go mbeidh máithreacha agus aithreacha in ann a saol oibre agus a saol teaghlaigh a thabhairt chun réitigh go muiníneach.

2.Feabhas a chur ar sheirbhísí cúraim

Ba cheart seirbhísí cúraim a leathnú chun riachtanais chúraim atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh. Is gá an méadú a dhéanfar ar infhaighteacht na seirbhísí cúraim a bheith fite fuaite leis an bhfeabhas a chuirfear ar a gcáilíocht, ar a n‑inacmhainneacht agus ar a n‑inrochtaineacht.

Ní hamháin go gcuimsítear le cáilíocht bonneagar agus seirbhísí, ach cuimsítear léi freisin na hidirghníomhaíochtaí agus an caidreamh daonna idir cúramóirí agus na daoine a fhaigheann cúram.

Ní mór do na seirbhísí oideachais agus cúraim luath‑óige a bheith ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus neamhscartha chun tairbhí iomlána a chur ar fáil do gach leanbh. Ina theannta sin, tá cáilíocht ríthábhachtach chun muinín tuismitheoirí as seirbhísí a mhéadú agus chun a áirithiú go rannchuidíonn na seirbhísí sin le forbairt shláintiúil, mhothúchánach agus oideachasúil an linbh.

Le cúram fadtéarmach ar ardchaighdeán, cuirtear chun cinn folláine, dínit agus cearta bunúsacha na bhfaighteoirí cúraim, lena n‑áirítear trí leithlisiú, uaigneas agus a dtionchar fisiceachagus síceolaíoch a chosc agus a mhaolú. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tá gá le caighdeáin ar ardchaighdeán. Ba cheart feidhm chomhionann a bheith acu maidir le soláthraithe cúraim phoiblí agus phríobháidigh agus ba cheart dearbhú cáilíochta láidir, sásraí forfheidhmithe, cleachtais faireacháin agus creataí cuimsitheacha cáilíochta, rudaí a bhíonn in easnamh go minic, a bheith mar bhonn taca leo. Le socruithe cúraim nuálacha, amhail tithíocht chomhroinnte ina roinneann daoine ag a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh tacaíocht tí agus seirbhísí cúraim, chomh maith le tithíocht oiriúnaithe nó saoráidí tithíochta ilghlúine, is féidir teagmhálacha agus dlúthpháirtíocht idirghlúine a chothú agus tacú le maireachtáil neamhspleách agus le hidirghníomhaíochtaí sóisialta ag an am céanna, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar fholláine na ndaoine sin a bhfuil cúram agus comhtháthú sóisialta de dhíth orthu. Le socruithe cúraim arna gcur in oiriúint don athrú aeráide, is féidir freisin daoine leochaileacha, amhail daoine scothaosta, a chosaint ar dhálaí deacra meitéareolaíochta amhail tonnta teasa.

Is é an toradh a bhíonn ar fheabhas a chur ar inacmhainneacht na seirbhísí cúraim rochtain níos cothroime a bheith ar chúram. Tá costais arda ar cheann de na bacainní is mó ar thuismitheoirí a leanaí a chlárú in oideachas agus i gcúram na luath‑óige. Dúshlán eile don chúram fadtéarmach is ea an easpa inacmhainneachta, ós rud é go bhfuil easnaimh sa chumhdach cosanta sóisialta do chúram fadtéarmach agus go bhfuil sé teoranta go ginearálta, rud a fhágann nach bhfuil an cúram inacmhainne le haghaidh roinnt mhaith daoine. Ní bhaineann thart ar aon trian de theaghlaigh ag a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh úsáid as seirbhísí cúraim sa bhaile toisc nach féidir leo íoc astu agus bíonn costais arda neamh‑in‑aisíoctha i ndán do roinnt mhaith daoine ag a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh agus dá dteaghlach. Mar thoradh air sin, tá go leor daoine i mbaol bochtaineachta ioncaim agus i mbaol a bheith i gcruatan airgeadais má fhorbraíonn siad riachtanais cúraim fhadtéarmaigh.

Is é atá i gceist leis na seirbhísí cúraim a dhéanamh inrochtana, na daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu (agus a dteaghlach) a chumasú chun úsáid iarbhír a bhaint as na seirbhísí atá ar fáil agus na hacmhainní a thabhairt do na daoine sin ionas go mbeidh siad in ann sin a dhéanamh. Chuige sin, d’fhéadfadh sé gur ghá na saoráidí a oiriúnú chun rochtain fhisiceach a chumasú d’fhaighteoirí cúraim agus do chúramóirí faoi mhíchumas. Le gníomhaíochtaí faoin Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, rannchuideofar le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht an chúraim agus le tacaíocht a thabhairt do mhaireachtáil neamhspleách agus do chuimsiú sa phobal. Thairis sin, trí na seirbhísí a dhéanamh inrochtana, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cúram ag uaireanta neamhthipiciúla de réir patrúin éagsúla ama oibre, e.g. le haghaidh sealoibrithe nó oibrithe oíche. Is fachtóirí tábhachtacha freisin iad saoráidí cúraim a bheith ag achar réasúnta agus laistigh d’am éasca comaitéireachta chun rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim. Trí shaoráidí den sórt sin a bheith ag an ionad oibre nó gar dó, d’fhéadfaí dúshláin lóistíochta tuismitheoirí a laghdú, go háirithe i gcás poist ina bhfuil gá le láithreacht fhisiceach. Faoi dheireadh, níor cheart próisis clárúcháin riaracháin anásta, lena n‑áirítear i nósanna imeachta clárúcháin ar líne, a bheith ina mbacainn ar thuismitheoirí atá ag iarraidh a leanaí a chlárú in oideachas agus i gcúram na luath‑óige, lena n‑áirítear teaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh an nós imeachta iarratais róchasta maidir le sochair a bheith díréireach le ham agus le cumas na ndaoine a bhfuil cúram de dhíth orthu chun déileáil leis sin.

Tá ceantair agus réigiúin tuaithe agus iargúlta ina bhfuil dlús íseal daonra buailte go háirithe ag an easpa nó ag an nganntanas seirbhísí cúraim atá ar fáil, idir chúram luath‑óige agus oideachas luath‑óige chomh maith le cúram fadtéarmach, mar gheall ar achair fhada agus ar roghanna teoranta iompair phoiblí. Níl an rochtain ar roghanna cúraim fhadtéarmaigh ná éagsúlacht na roghanna sin leordhóthanach, rud a fhágann go bhfuil imní ann maidir le cothromas. Is é an rogha idir cúram neamhfhoirmiúil (arna gcur ar fáil ag baill teaghlaigh nó ag cairde de ghnáth, mná den chuid is mó) nó saoráidí cónaithe rogha thraidisiúnta na roghanna cúraim. Tá leathnú ag teacht ar roghanna eile amhail cúram sa bhaile agus cúram pobalbhunaithe ar fud an Aontais, ach ní leathnú cothrom é.

2.1. Oideachas agus cúram na luath‑óige

I bPrionsabal 11 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, aithnítear ceart an linbh chun oideachas agus cúram luathóige inacmhainne ar ardchaighdeán a fháil. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le córais oideachais agus cúraim luathóige ar ardchaighdeán 6 , tacaítear leis na Ballstáit ina niarrachtaí feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar chúram luathóige agus ar cháilíocht an oideachais agus an chúraim sin, agus moltar dóibh creat ardchaighdeáin a ghlacadh. Is creat beartais cuimsitheach nua de chuid an Aontais iad straitéis an Aontais um chearta an linbh 7 agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 8 chun cearta na leanaí uile a chosaint agus chun rochtain ar sheirbhísí bunúsacha a áirithiú do leanaí i gcúinsí leochaileacha nó ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Go sonrach, is é is aidhm don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a áirithiú go bhfuil rochtain shaor agus éifeachtach ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar oideachas agus ar chúram luathóige ar ardchaighdeán. Leis an Ráthaíocht, ceanglaítear ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a tharraingt suas chun na haidhmeanna sin a chur i bhfeidhm.

Mar chuid den Seimeastar Eorpach, déanann an tAontas faireachán ar an dul chun cinn maidir le hoideachas agus cúram luath‑óige, ar an nasc idir cúram leanaí agus rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ar an dul chun cinn maidir le cuimsiú sóisialta, go háirithe do leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Tacaíonn sé le hathchóirithe agus le hinfheistíocht na mBallstát trí chistí an Aontais.

In 2002, leag an Chomhairle Eorpach síos spriocanna Barcelona 9 , arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le dídhreasachtaí do mhná chun dul isteach sa mhargadh saothair trí sholáthar cúraim leanaí a mhéadú. Le 20 bliain anuas, rinneadh dul chun cinn mór agus baineadh amach na spriocanna tosaigh ar an meán ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tá difríochtaí móra fós ann ar fud na mBallstát agus níor bhain roinnt Ballstát na spriocanna amach, go háirithe don ghrúpa leanaí is óige agus do leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna Barcelona chun spriocanna nua atá uaillmhianach ach réalaíoch a leagan síos agus chun cóineasú aníos a spreagadh ar fud an Aontais, lena náirithítear dul chun cinn iarbhír sna Ballstáit agus sna réigiúin uile.

Graf 1: Ráta clárúcháin san oideachas agus sa chúram luath‑óige do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois (sprioc atá ann faoi láthair - 33 %, sonraí EU-SILC 2019)

Graf 2: Clárú san oideachas agus sa chúram luath‑óige do leanaí os cionn 3 bliana d’aois (sprioc atá ann faoi láthair - 90 %, sonraí EU-SILC 2019)

Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar spriocanna Barcelona, cuirtear gnéithe nua leis: 1) rannpháirtíocht na leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus 2) déine ama na rannpháirtíochta in oideachas agus i gcúram na luath‑óige (i.e. an líon uaireanta a bhfreastalaíonn leanaí in aghaidh na seachtaine).

Tá tábhacht ar leith leis na gnéithe nua sin do leanaí atá i gcúinsí leochaileacha nó ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus dá dteaghlach. Áirítear leis sin, go háirithe, leanaí faoi mhíchumas, leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, leanaí ó theaghlaigh gan dídean, leanaí Romach 10 agus leanaí ó ghrúpaí mionlaigh, leanaí ar de chúlra imirceach iad, leanaí is dídeanaithe agus leanaí atá ag teitheadh ó choinbhleacht armtha. Is é leas an linbh an rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luathóige a spreagadh i dtéarmaí a dtorthaí saoil a bheidh ann amach anseo, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh. An tráth céanna, d’fhéadfadh bacainní níos airde a bheith ar mháithreacha i dteaghlaigh ar ioncam íseal post a fháil má tá scileanna nó taithí ghairmiúil acu atá ar leibhéal íseal nó imithe i léig. Ina theannta sin, d’fhéadfadh díspreagthaí a bheith rompu freisin maidir le dul isteach i bhfostaíocht nó maidir le filleadh uirthi, amhail costais réasúnta ard a bhaineann le cúram leanaí agus dídhreasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ón gcóras sochair cánach. Dá bhrí sin, trí sciar níos airde leanaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal a spreagadh chun freastal ar oideachas agus ar chúram na luathóige, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar tairbheach ann freisin ar fhilleadh a máithreacha ar an obair.

Ba cheart oideachas agus cúram luath‑óige a sholáthar ar feadh líon leordhóthanach uaireanta chun é a chur ar a gcumas do thuismitheoirí, go háirithe do mháithreacha, páirt fhóinteach a ghlacadh in obair ar íocaíocht. Ní chuidíonn déine an‑íseal oideachais agus cúraim luath‑óige le ceangal láidir le margadh an tsaothair. Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar i soláthar an oideachais agus an chúraim luath‑óige sna Ballstáit agus an rannpháirtíocht fhoriomlán agus líon uaireanta an chúraim leanaí á mbreithniú, ós rud é go gcuirtear gnéithe éagsúla i dtábhacht leo.

Bealach amháin chun soláthar leordhóthanach oideachais agus cúraim luath‑óige a áirithiú is ea teidlíocht dhlíthiúil a bhunú ina leith, trína ráthaíonn údaráis phoiblí áit do gach leanbh a n‑éilíonn a dtuismitheoirí é. I bhformhór na mBallstát, is ann do theidlíocht dhlíthiúil den sórt sin, ach tá éagsúlacht mhór ann san aois tosaigh. Go hidéalach, níor cheart aon bhearna a bheith ann idir deireadh na saoire teaghlaigh ar íocaíocht leormhaith agus teidlíocht dhlíthiúil ar áit in oideachas agus i gcúram na luath‑óige.

Ní thagann deireadh le freagrachtaí cúraim do leanaí nuair a théann siad isteach sa bhunscoil. I gcás nach bhfuil uaireanta oibre na dtuismitheoirí comhoiriúnach le huaireanta scolaíochta, tá ról tábhachtach ag cúram lasmuigh den scoil atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán do leanaí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin seirbhísí tacaíochta eile, amhail cuidiú le hobair bhaile, go háirithe do leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. De bhreis air sin, ba cheart do leanaí a bheith in ann fás aníos, súgradh agus bualadh le leanaí eile i dtimpeallachtaí ina gcuirtear chun cinn stíl maireachtála atá sláintiúil ar gach aon slí.

In éineacht leis an straitéis seo, tá togra á chur chun cinn ag an gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar spriocanna Barcelona, ina n‑iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

- na spriocanna athbhreithnithe maidir le rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luath‑óige a chomhlíonadh faoi 2030: 50 % ar a laghad de leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois agus 96 % ar a laghad de leanaí ó 3 bliana d’aois go dtí an aois éigeantach bhunscoile, ba cheart dóibh páirt a ghlacadh in oideachas agus i gcúram na luath‑óige, agus beidh an dara sprioc sin i gcomhréir le sprioc an Limistéir Eorpaigh Oideachais;

- líon leordhóthanach uaireanta d’oideachas agus de chúram na luath‑óige a sholáthar chun gur féidir le tuismitheoirí páirt fhóinteach a ghlacadh in obair ar íocaíocht;

- an bhearna a dhúnadh idir freastal na leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar oideachas agus archúram na luath‑óige agus freastal an daonra foriomlán leanaí;

- bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar cháilíocht, ar inrochtaineacht agus ar inacmhainneacht oideachas agus chúram na luath‑óige atá cuimsitheach do gach leanbh agus teidlíocht dhlíthiúil a thabhairt isteach maidir le hoideachas agus le cúram na luath‑óige, agus infhaighteacht agus fad na saoire teaghlaigh ar íocaíocht leormhaith á gcur san áireamh;

- feabhas a chur ar dhálaí oibre na foirne in oideachas agus i gcúram na luath‑óige agus bearta á nglacadh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus chun an bhearna chúraim idir na hinscní a dhúnadh.

 

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- leanúint de bheith ag tacú go láidir leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí aonair athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme i réimse an oideachais agus an chúraim luath‑óige trí Chreat Straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena n‑áirítear chun inrochtaineacht, inacmhainneacht, cáilíocht agus cuimsitheacht an oideachais agus an chúraim luath‑óige agus forbairt na gcóras fónta faireacháin agus meastóireachta a áirithiú. Leanfaidh sé d’fhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus de ghníomhaíocht na mBallstát a threorú sa réimse seo tríd an Seimeastar Eorpach trí bhíthin anailís agus tacaíocht spriocdhírithe agus trí mhalartú an dea-chleachtais, an fhoghlaim fhrithpháirteach agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta teicniúla a chur chun cinn agus a éascú.

2.2. cúram fadtéarmach

Tá roinnt ionstraimí agus tionscnamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ina mbunchloch d’fhís straitéiseach chomhroinnte le haghaidh cúram fadtéarmach san Aontas. Aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha. Cumhdaítear ann ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta a cheaptar chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú. I bPrionsabal 18 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach an ceart ar rochtain ar chúram fadtéarmach atá ar ardchaighdeán agus inacmhainne, go háirithe cúram sa bhaile agus seirbhísí pobalbhunaithe. Cuidíonn an Coimisiún leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an chúraim fhadtéarmaigh trí obair anailíseach chomhpháirteach a dhéanamh, trí dhea-chleachtas a mhalartú agus trí fhoghlaim fhrithpháirteach. Déanann sé faireachán ar fhorbairtí beartais le linn an tSeimeastair Eorpaigh agus tacaíonn sé le hathchóirithe agus le hinfheistíocht trí chistiú ón Aontas. 

Tá gá le gníomhaíocht níos spriocdhírithe ón Aontas, áfach, chun athchóiriú beartais a spreagadh. Is minic nach mbíonn seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh i gcomhréir leis na riachtanais, nach mbíonn siad inacmhainne agus nach n‑urramaíonn siad ardleibhéil cháilíochta. Ina theannta sin, tá dúshláin mhóra fós ann maidir lena áirithiú go n‑urramófar prionsabail an chomhionannais, na saoirse rogha, an chirt chun maireachtáil go neamhspleách agus an toirmisc ar gach cineál leithscartha do dhaoine ag a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh. Tá dálaí oibre in earnáil an chúraim deacair agus tá an pá íseal, rud a mhíníonn an ganntanas foirne san earnáil go páirteach. Chun cuidiú leis na laigí struchtúracha sin a shárú, molann an Coimisiún moladh ón gComhairle ina leagtar amach creat beartais cuimsitheach chun infheistíocht agus athchóirithe a threorú le haghaidh cúram fadtéarmach agus roinnt bearta tacaíochta breise.

In éineacht leis an straitéis seo, tá togra á chur chun cinn ag an gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir leis an gcúram fadtéarmach, ina n‑iarrtar ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna maidir le cúram fadtéarmach. Go háirithe, déantar an méid seo a leanas leis an togra le haghaidh moladh:

- na Ballstáit a spreagadh chun an chosaint shóisialta le haghaidh cúram fadtéarmach a neartú agus feabhas a chur ar leordhóthanacht, ar infhaighteacht agus ar inrochtaineacht na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh;

- tacar prionsabal cáilíochta agus treoraíocht dearbhaithe cáilíochta a chur chun cinn, lena bhforbraítear obair a rinne an Coiste um Chosaint Shóisialta cheana sa réimse sin;

- a iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar dheiseanna uas‑scilithe agus athscilithe in earnáil an chúraim, agus an rannchuidiú mór a dhéanann cúramóirí neamhfhoirmiúla agus an gá a bhíonn acu le tacaíocht á gcur i dtábhacht;

- roinnt prionsabal maidir le rialachas fónta beartais agus maoiniú inbhuanaithe a leagan amach.

Tá gá le cur chuige straitéiseach agus comhtháite maidir le cúram. Is minic a bhíonn cuir chuige atá duinelárnach agus a chuidíonn leis an maireachtáil neamhspleách in easnamh, rud atá níos measa mar gheall ar chomhtháthú neamhleor idir cúram fadtéarmach agus cúram sláinte agus idir cúram neamhfhoirmiúil, cúram sa bhaile, cúram pobalbhunaithe agus cúram cónaithe. Is éard atá i gceist le duinelárnachas rogha seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le riachtanais daoine agus feabhas a chur ar an aistriú ó cúram institiúideach go cúram sa bhaile agus seirbhísí pobalbhunaithe. Le seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh atá comhtháite go maith le cúram sláinte agus a sholáthraíonn réitigh mhaithe cúraim, lena n‑áirítear le haghaidh daoine i gcúram maolaitheach, cuirtear feabhas ar an gcáilíocht saoil agus ar thorthaí sláinte agus is féidir costéifeachtúlacht a chothú agus cuidiú ag an am céanna leis an ualach ar ospidéil agus ar shaoráidí cúraim sláinte eile a laghdú. Le cúnamh spriocdhírithe ó shaineolaithe, is féidir cuidiú leis na Ballstáit cuir chuige chomhtháite maidir le cúram a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, cuir chuige a rachaidh chun tairbhe do chórais cúraim fhadtéarmaigh agus do chórais cúraim sláinte araon.

Leis an aistriú digiteach, cuirtear go leor deiseanna ar fáil freisin. Cé nach féidir an teicneolaíocht a chur in ionad idirghníomhaíocht dhaonnaagus nár cheart déanamh amhlaidh, idirghníomhaíocht dhaonna atá ag croílár na hoibre cúraim, le réitigh dhigiteacha nuálacha amhail teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, teicneolaíocht chúnta, teileachúram, teileashláinte, intleacht shaorga agus róbataic, is féidir feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí cúraim inacmhainne ar ardchaighdeán agus cabhrú leis an maireachtáil neamhspleách. Tá sé de chumas acu freisin táirgiúlacht saothair san earnáil a fheabhsú trí chúraimí áirithe tromshaothair nó guaiseacha de chuid oibrithe cúraim a dhéanamh, lena gcuirfear feabhas ar bhainistiú cáis agus ar shábháilteacht agus ar shláinte cheirde ag an obair, lena gcuideofar leis an gcianfhaireachán ar fhaighteoirí cúraim agus lena néascófar oiliúint agus earcú na noibrithe cúraim. Is gá go mbeidh infheistíocht i scileanna digiteacha ag gabháil leis na hinfheistíochtaí sna teicneolaíochtaí sin freisin, agus bacainní inrochtaineachta ar dhaoine faoi mhíchumas á mbaint agus feabhas á chur ar an nascacht i gceantair thuaithe agus iargúlta.

Tacaíonn an Coimisiún le raon leathan taighde agus nuálaíochta maidir le huirlisí digiteacha le haghaidh maireachtáil ghníomhach shláintiúil agus maidir le cúram atá comhtháite agus duinelárnach. Le beartais Eorpacha, cuirtear chun cinn an taistriú digiteach lena náirítear digitiú na seirbhísí poiblí trí Dheacáid Dhigiteachna hEorpa agus seirbhísí poiblí digiteacha atá cuimsitheach agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Is é is aidhm don togra chun Spás Eorpach Sonraí Sláinte 11 a bhunú daoine aonair a chumhachtú chun a gcuid sonraí sláinte féin a roinnt le soláthraithe cúraim sláinte dá rogha féin chun cúram sláinte níos fearr a chur ar fáil. Cé gurb ann do roinnt cleachtais rathúla agus go bhfuil nuálaíocht san earnáil seo ag méadú go seasta, is gá creat cumasúcháin a chur i bhfeidhm chun cuidiú le dea-chleachtas a aistriú d’fhonn úsáid na teicneolaíochta nuálaí agus na réiteach digiteach don chúram a mhéadú.

Is féidir le comhar idirnáisiúnta tacú le hathchóirithe beartais freisin. Mar gheall ar phaindéim COVID‑19 agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha, tá tosaíocht á tabhairt don chúram fadtéarmach ar an gclár oibre beartais domhanda. Le saineolas atá ar fáil go hidirnáisiúnta, is féidir forbairt beartas fianaisebhunaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a neartú freisin. Sa ‘Ghlao Domhanda ar Ghníomhaíocht le haghaidh téarnamh duinelárnach ó ghéarchéim COVID‑19 atá cuimsitheach, inbhuanaithe agus athléimneach’ ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) 2021, cuireadh i dtábhacht na deiseanna móra le haghaidh obair chuibhiúil sa gheilleagar cúraim. Cuireadh i dtábhacht ann gur gáinfheistíocht a dhéanamh in earnáil an chúraim, aghaidh a thabhairt ar shaincheist na heaspa acmhainní agus feabhas a chur ar dhálaí oibre. Le hobair EIS ar chosaint shóisialta agus ar dhálaí oibre le haghaidh oibrithe cúraim, lena n‑áirítear oibrithe tí agus cúramóirí cónaitheacha, soláthraítear dea-bhonn anailíseach do na dúshláin san earnáil ar fud an domhain agus do na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. Ina theannta sin, tá cúram comhtháite agus cúram fadtéarmach i gcroílár na ngníomhaíochtaí arna gcur i bhfeidhm ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) faoi Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe d’Aosú Folláin. Le dlúthchomhar idir na Ballstáit, is féidir cuidiú le tionchar na dtionscnamh sin a mhéadú agus leis an Aontas a shuí ionas go mbeidh sé in ann ról níos lárnaí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha dhomhanda. Le hobair anailíseach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún, maidir le héifeachtacht na cosanta sóisialta a thomhas, is féidir cuidiú le ceapadh fónta beartas a threorú freisin maidir le cosaint shóisialta a mhéadú le haghaidh cúram fadtéarmach.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- tacaíocht theicniúil dhíreach ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit faoi thionscadal suaitheanta “I dtreo cúram comhtháite duinelárnach”. Is é is aidhm don tacaíocht sin athchóirithe a éascú i gcomhréir leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán. Leis an tionscnamh suaitheanta, cuideofar leis na Ballstáit, má iarrtar sin, athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an comhordú idir cúram sláinte, cúram sóisialta agus cúram fadtéarmach agus comhtháthú na leibhéal éagsúil de sholáthar cúraim a neartú, tríd an duine a chur i gcroílár na seirbhísí chun rochtain níos fearr ar chúram agus cáilíocht níos fearr cúraim a áirithiú ag gach céim den saol;

- mol eolais a mhaoiniú, faoin gcomhpháirtíocht Fís Eorpach darb ainm ‘Córais sláinte agus chúraim a chlaochlú’ atá ar na bacáin, le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha agus/nó réitigh dhigiteacha i soláthar sláinte agus cúraim. Tacóidh an mol leis an measúnú ar dhea-chleachtais agus le hinaistritheacht na ndea-chleachtas sin agus gníomhóidh sé mar fhóram tógála pobail agus malartaithe. Mar chomhlánú air sin, cuirfear cistiú ar fáil faoin gclár Fís Eorpach agus faoin gclár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh taighde agus nuálaíochta maidir le cúram duinelárnach agus glacadh réiteach digiteach;

- comhpháirtíocht straitéiseach a bhunú leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun tacaíocht thírshonrach a sholáthar chun bearta beartais maidir le cúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí sheirbhísí cúraim comhtháite. Déanfar iad sin a chomhlánú le stór eolais rochtana oscailte agus tacaíocht do mhalartuithe idirdhisciplíneacha páirtithe leasmhara.

Iarrann an Coimisiún:

- ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar an tsochaí shibhialta leas a bhaint as acmhainneacht na réiteach digiteach agus iad a phríomhshruthú agus beartais agus cistiú gaolmhar le haghaidh cúraim á gceapadh, á gcur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh orthu.

3. Earnáil an chúraim a dhéanamh níos athléimní agus níos cothroime ó thaobh inscne de

3.1. Feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim

Tá acmhainneacht ard in earnáil an chúraim tuilleadh post a chruthú, mar gheall ar aosú an daonra go háirithe. Ba ghá breis agus 1.6 milliún oibrí cúraim fhadtéarmaigh a chur leis faoi 2050 chun cumhdach cúraim fhadtéarmaigh a choimeád ar an leibhéal céanna. Chun freagairt ar an éileamh ar chúram atá ag méadú, ní hamháin gur gá don earnáil foireann a choinneáil ach is gá di tuilleadh oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu a mhealladh.

Graf 3: Líon na n‑oibrithe cúraim fhadtéarmaigh (coibhéis lánaimseartha) in aghaidh gach 100 duine atá 65+ d’aois, 2019

Foinse: Suirbhé AE ar an bhFórsa Saothair 2019, in: Barslund, M., et al., 2021.

 ganntanais lucht saothair ag éirí níos suntasaí san Aontas, áfach, lena n‑áirítear i dtéarnamh mhargadh an tsaothair tar éis na paindéime. Léirítear leo dúshláin struchtúracha amhail aosú, an dá aistriú maidir le digitiú agus dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, drochdhálaí oibre i roinnt earnálacha agus gairmeacha, agus ganntanais scileanna. Le ganntanais lucht saothair, déantar difear d’earnáil an chúraim go háirithe mar gheall ar dhálaí oibre a bhíonn deacair go minic agus pá íseal.

Ós rud é go bhfuil an earnáil cúraim ar cheann de na hearnálacha is leithscartha ó thaobh inscne de, trí lucht saothair níos éagsúla a mhealladh, go háirithe tuilleadh fear a earcú, is féidir leithscaradh i margadh an tsaothair a laghdú agus steiréitíopaí inscne a chomhrac ar gach leibhéal cúraim. Cé go bhfuil acmhainneacht níos airde i gceantair thuaithe maidir le poist a chruthú, áit a bhfuil daonraí níos sine ar an meán, tá ganntanais lucht saothair níos suntasaí sna háiteanna sin freisin, ós rud é nach bhfuil an oiread sin daoine den daonra in aois oibre agus gur gnách le mná, go háirithe, an áit a fhágáil 12 .

Le dálaí oibre agus pá níos fearr, le tacaíocht ó idirphlé sóisialta láidir, oideachas agus oiliúint, beidh poist chúraim níos tarraingtí. Ba cheart d’oibrithe cúraim fhadtéarmaigh agus d’oibrithe oideachais agus cúraim na luath‑óige a bheith in ann a gcearta sóisialta agus saothair a fheidhmiú go héifeachtach, gan beann ar an gcineál fostaíochta atá acu nó cibé acu gur fostaithe nó oibrithe féinfhostaithe iad, lena n‑áirítear na daoine sin a oibríonn trí ardáin dhigiteacha saothair. Trí dheiseanna forbartha gairme a chur ar fáil d’oibrithe cúraim trí athsciliú agus trí uas‑sciliú, cuidítear le hathléimneacht na hearnála a mhéadú in aghaidh suaití gan choinne, amhail paindéim COVID‑19, agus cuidítear leis na hoibrithe dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha. Le dálaí oibre níos fearr, cuideofar freisin le níos mó daoine a mhealladh chuig an ngairm, lena n‑áirítear fir, agus ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar an gcothromaíocht inscne san earnáil.

Tá oibrithe cúraim ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais chúraim na sochaí, ach ní chuirtear an luach is ceart ar a gcuid oibre. Léiríodh le paindéim COVID19 go raibh neamhréir idir leibhéal an phá agus luach intreach na hoibre cúraim. Ina theannta sin, d’fhéadfadh pá íseal a bheith nasctha le steiréitíopaí inscne lena meastar gurb ionann na scileanna boga a theastaíonn le haghaidh cúraim, amhail cumarsáid, ionbhá nó comhar, agus na scileanna a thiocfadh go nádúrtha le mná agus nach naithnítear i gceart i luach eacnamaíoch a gcuid oibre 13 . Le dúshláin a bhaineann le hinacmhainneacht cúraim, is féidir brú anuas a chur ar phá. I bhfianaise chion mór na mban atá ag obair san earnáil, trí phá a mhéadú, d’fhéadfaí rannchuidiú leis an mbearna fhoriomlán phá idir na hinscní a laghdú, agus, dá bhrí sin, leis an mbearna phinsin a laghdú freisin.

Tá gá le próisis idirphlé shóisialta níos fearr in earnáil an chúraim ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is earnáil eacnamaíoch mhór iad na seirbhísí sóisialta, lena n‑áirítear oideachas agus cúram na luath‑óige agus cúram fadtéarmach. Ach, ar chúiseanna éagsúla, lena n‑áirítear leitheadúlacht na fostaíochta neamhrialta san earnáil sin, ní dhéanann próisis idirphlé shóisialta i roinnt Ballstát ionadaíocht ar chuid mhaith de lucht saothair an chúraim fhadtéarmaigh. D’fhéadfadh sé sin fáinne fí a chruthú, fáinne fí inarb iad rátaí arda athraithei measc oibrithe cúraim an toradh ar dhálaí oibre neamhfhabhracha agus ar phá íseal, rud a fhágann go mbíonn ionadaíocht níos ísle ag oibrithe agus go mbíonn easpa brú ann chun feabhas a chur ar dhálaí oibre. Le hidirphlé sóisialta éifeachtach agus cómhargáil, lena n‑áirítear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is féidir cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an lucht saothair in earnáil an chúraim.

Le tionscnaimh eile de chuid an Aontais, rannchuidítear le feabhas a chur ar staid na noibrithe cúraim. Tá acmhainneacht ard ag an gClár Oibre Scileanna don Eoraip 14 , go háirithe trí chomhpháirtíochtaí an Chomhshocraithe um Scileanna, chun tacú le huassciliú agus le hathsciliú san earnáil cúraim. Téann dlí an Aontais maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha 15 agus maidir le pá íosta chun tairbhe do chúramóirí ar fud an Aontais. I gcreat straitéiseach an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair le haghaidh 2021-2027 16 , leagtar amach gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe. Tar éis an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta 17 , gheall na Ballstáit an rochtain ar chórais cosanta sóisialta a leathnú d’oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, lena náirítear daoine atá ag obair go páirtaimseartha. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún chun cinn tograí reachtacha maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin 18 agus maidir le trédhearcacht pá a neartú 19 , ar tograí iad, nuair a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad, a d’fhéadfadh rannchuidiú le dálaí oibre níos fearr san earnáil.

Mar sin féin, leis na tuarascálacha a rinneadh le déanaí agus le paindéim COVID‑19, cuireadh i dtábhacht na dálaí deacra oibre in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh. Is minic a bhíonn oibrithe cúraim nochta do rioscaí sláinte fisiceacha agus síceolaíocha. Fadhb a bhíonn ann go minic is ea iompraíocht shóisialta dhúshlánach, lena n‑áirítear foréigean ó bhéal agus foréigean fisiceach, bulaíocht agus gnéaschiapadh, go háirithe le haghaidh oibrithe cúraim fhadtéarmaigh. Tá méadú ag teacht ar an ról atá ag conarthaí neamhghnácha agus leathnú seasta na hoibre ardáin san earnáil cúraim. Tá dúshláin ag baint leis sin, amhail rochtain theoranta a bheith ag oibrithe ar chosaint shóisialta, ar chearta saothair agus ar shláinte agus ar shábháilteacht cheirde leordhóthanach. Is gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar bhearnaí forfheidhmithe i gcreat dlíthiúil an Aontais maidir le dálaí oibre in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh. Le Coinbhinsiún EIS 190, in éineacht le Moladh 206 a ghabhann leis, soláthraítear creat idirnáisiúnta chun foréigean agus ciapadh i saol na hoibre a chosc, a leigheas agus a dhíothú. Thairis sin, i bhfianaise gur soláthraithe tábhachtacha de sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh iad gníomhaithe an gheilleagair shóisialta agus i bhfianaise a samhla rialachais rannpháirtigh, tá deisann taighde níos doimhne a dhéanamh ar rannchuidiú an gheilleagair shóisialta le feabhas a chur ar dhálaí oibre san earnáil cúraim.

Bíonn oibrithe tí, ar mná iad go leor acu agus ar de chúlra imirceach iad go minic, faoi réir roinnt de na dálaí oibre is boichte i lucht saothair an chúraim fhadtéarmaigh. Is minic a oibríonn siad neamhdhearbhaithe nó mar dhaoine féinfhostaithe bréagacha agus a thuilleann siad pá an‑íseal, agus diúltaítear cearta bunúsacha saothair dóibh uaireanta, amhail tréimhsí scíthe agus pá leordhóthanach. Le Coinbhinsiún EIS 189, soláthraítear caighdeáin maidir le dálaí oibre cuibhiúla d’oibrithe tí, lena n‑áirítear cúramóirí cónaitheacha, ach tá an daingniú tite ar gcúl, agus ní dhearna ach ocht mBallstát de chuid an Aontais amhlaidh.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, leanúint de na módúlachtaí a fhiosrú chun idirphlé sóisialta nua earnála a bhunú do sheirbhísí sóisialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh;

- méadú ar thacaíocht d’fhothú acmhainneachta le haghaidh idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta san earnáil cúraim a mholadh trí ghlaonna idirphlé shóisialta ar thograí agus trí chistiú ó Chiste Sóisialta na hEorpa+;

- tionscadail a chistiú faoin gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna chun critéir a shainaithint chun measúnú a dhéanamh ar luach sóisialta agus eacnamaíoch na hoibre in earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear san earnáil cúraim;

- athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chaighdeáin an Aontais lena rialaítear dálaí oibre, lena n‑áirítear le haghaidh cúramóirí cónaitheacha, i gcomhar le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh. Leis an athbhreithniú, cuirfear leis an anailís atá le teacht ar shábháilteacht agus ar shláinte cheirde don earnáil sláinte agus d’earnáil an chúraim fhadtéarmaigh. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe san áireamh i ndíospóireachtaí agus tacóidh siad le forfheidhmiú níos fearr ar an leibhéal náisiúnta, arna dtacú, b’fhéidir, ag treoraíocht maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh;

- na féidearthachtaí uile a úsáid chun taighde a chistiú faoi Fhís Eorpach maidir le dálaí oibre sa gheilleagar sóisialta, lena n‑áirítear san earnáil cúraim.

Iarrann an Coimisiún:

- ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta idirphlé sóisialta éifeachtach a chothú agus comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích le haghaidh na hearnála acúraim d’fhonn dálaí oibre cothroma agus pá leordhóthanach a sholáthar d’oibrithe cúraim;

- ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú acquis an Aontais i dtaca le dlí an tsaothair dálaí oibre san earnáil cúraim agus Coinbhinsiún EIS 189 maidir le hoibrithe tí a dhaingniú agus a chur chun feidhme. Iarann sé freisin ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun staid shonrach na n‑oibrithe tí agus na gcúramóirí cónaitheacha a chur ar bhonn foirmiúil agus a rialú;

- ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar rioscaí san ionad oibre a bhaineann le foréigean agus ciapadh san earnáil cúraim agus an Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh, cinneadh lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún EIS 190 maidir le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre a dhaingniú.

D’fhéadfadh an imirce dhleathach a bheith ina príomhleigheas ar na ganntanais lucht saothair. Sa lá atá inniu ann cheana féin, tá go leor daoine ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad ag obair san earnáil cúraim. Ach is minic a oibríonn oibrithe cúraim imirceacha agus iad neamhdhearbhaithe nó a oibíonn siad i ndálaí forbhásacha. Leis an teachtaireacht ‘Scileanna agus Tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach’ 20 , cuirtear i dtábhacht go bhféadfaí, le bealaí inbhuanaithe agus dlíthiúla le haghaidh imirce ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun dul ag obair san earnáil cúraim, deis a thabhairt d’oibrithe cúraim imirceacha tús a chur le gairm san Aontas agus do thíortha an Aontais chun cuidiú leis an éileamh atá acu ar phoist a shásamh. D’fhéadfadh na deiseanna sin a bheith luachmhar freisin do dhaoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise san Úcráin, go háirithe oibrithe cúraim a bhfuil taithí acu, ar mian leo fostaíocht a lorg agus iad ina gcónaí san Aontas. Is gá measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuideodh nó nach gcuideodh uirlisí an Aontais le feabhas a chur ar ligean isteach oibrithe cúraim imirceacha san Aontas agus ar cá mhéad a chuideodh siad leis sin, chun leas frithpháirteach na mBallstát agus na dtíortha tionscnaimh uile, agus earcú eiticiúil imirceach á áirithiú ag an am céanna.

Le deiseanna uas‑scilithe agus athscilithe, cuirfear feabhas ar tharraingteacht agus ar cháilíocht na hoibre cúraim. Chun cáilíocht fheabhsaithe a bhaint amach i soláthar an chúraim, chomh maith leis an ráta athraithe foirne a laghdú, beidh sé riachtanach a áirithiú go mbeidh gach cineál foirne cúraim in ann páirt a ghlacadh in oideachas agus in oiliúint tosaigh ar ardchaighdeán, agus i gcláir forbartha gairmiúla leanúnaí le linn a ngairmeacha freisin. Tá meánleibhéal cáilíochtaí ag formhór na n‑oibrithe cúraim fhadtéarmaigh agus bíonn na scileanna a theastaíonn ag síorathrú agus tá siad ag éirí níos casta de réir a chéile. Tá gá le hoibrithe ag a bhfuil scileanna boga, scileanna digiteacha agus saineolas san earnáil (e.g. maidir le cineálacha áirithe galar amhail galar Alzheimer nó galair ainsealacha, nó maidir le diagnóisic nó modhanna cóireála, mar shampla trí theileachúram).

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- faoi dheireadh 2022, staidéar a sheoladh lena mapálfar coinníollacha iontrála agus cearta na n‑oibrithe cúraim fhadtéarmaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad atá ann faoi láthair sna Ballstáit. Fiosróidh an Coimisiún freisin an bhreisluach agus an fhéidearthacht maidir le scéimeanna ar leibhéal an Aontais a fhorbairt chun oibrithe cúraim a mhealladh, agus an ghné eiticiúil de na scéimeanna sin á cur san áireamh, mar a leagtar amach sa tionscnamh ‘Scileanna agus buanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach’. D’fhéadfaí comhpháirtíochtaí tallainne a fhorbairt freisin le haghaidh roinnt earnálacha eacnamaíocha, lena n‑áirítear cúram fadtéarmach, ar bhonn éilimh, agus na rioscaí a bhaineann le himirce daoine oilte á gcur san áireamh ag an am céanna;

- na deiseanna atá ar fáil do bhaill foirne oideachas agus chúram na luath‑óige faoi na cláir Erasmus+ a chur chun cinn chun a n‑inniúlachtaí gairmiúla a fhorbairt go leanúnach trí chláir oideachais agus cúraim luath‑óige, modhanna nuálacha teagaisc agus ábhar nua a dhearadh chun tacú le foghlaim leanaí;

- bunú comhpháirtíochta scileanna faoin gComhshocrú um Scileanna le haghaidh earnáil an chúraim fhadtéarmaigh a chur chun cinn. Ba cheart scileanna digiteacha agus forbairt curaclaim chomhfhreagraigh oiliúna agus oideachais a áireamh sa chomhpháirtíocht, i gcomhthéacs an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip agus ba cheart di cur le sineirgí le comhpháirtíochtaí mórscála in earnálacha ábhartha (e.g. cúram sláinte, seirbhísí gaireachta agus seirbhísí sóisialta). Le glaonna faoin gclár Erasmus+, tacófar le comhar earnála maidir le cúram fadtéarmach (e.g. Comhghuaillíocht le haghaidh comhar earnála maidir le scileanna);

- gníomhaíocht shonrach a dhéanamh maidir le scileanna digiteacha sna hearnálacha sláinte agus cúraim faoin gClár Digiteach trí ghlaonna ar thograí le haghaidh cúrsaí Máistreachta agus oiliúint ghearrthéarmach a sheoladh agus faoin gclár oibre EU4Health trí dheiseanna oiliúna forbartha gairmiúla a sholáthar d’oibrithe sláinte, lena n‑áirítear altraí;

- faisnéis scileanna a thabhairt ar aghaidh maidir le riachtanais agus treochtaí scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo le haghaidh earnáil an chúraim fhadtéarmaigh, i ndlúthchomhar le CEDEFOP. Leis an obair sin, ba cheart cur leis an Uirlis nuálach Anailíse Ar Líne le haghaidh na hEorpa maidir le Folúntais Scileanna de chuid CEDEFOP agus leis an tsraith straitéisí d’fhaisnéis faoin margadh saothair.

Iarrann an Coimisiún:

- ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta beart a dhéanamh chun uas‑sciliú agus athsciliú na n‑oibrithe cúraim a éascú i gcomhréir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip agus lena ghníomhaíochtaí, go háirithe an Comhshocrú um Scileanna.

3.2. Cothromaíocht níos fearr idir freagrachtaí oibre agus cúraim

Trí infheistíocht a dhéanamh san earnáil cúraim, chuideofaí lena áirithiú gur rogha seachas riachtanas é an cúram neamhfhoirmiúil. Tá luach ard sochaíoch agus eacnamaíoch ag baint le cúram a thabhairt do dhaoine muinteartha. Mar shampla, meastar go bhfuil luach uaireanta an chloig de chúram fadtéarmach a chuireann cúramóirí neamhfhoirmiúla ar fáil thart ar 2.5 % de OTI an Aontais níos airde ná an caiteachas poiblí ar chúram fadtéarmach. Thairis sin, ba cheart rogha a bheith ag daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu faoin méid is mian leo cúram a chomhcheangal le hobair ar íocaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith acu ar sheirbhísí a chuireann ar a gcumas a bhfreagrachtaí cúraim a réiteach lena saol gairmiúil.

Tá iarmhairtí móra ag soláthar cúraim do chúramóirí neamhfhoirmiúla, lena náirítear éifeachtaí diúltacha ar an ioncam atá acu faoi láthair agus ar an ioncam a bheidh acu amach anseo agus ar a meabhairshláinte. Soláthraíonn mná an chuid is mó den chúram agus is minic go ndéanann siad a bpatrúin oibre a chur in oiriúint do fhreagrachtaí cúraim mar thoradh air sin, lena náirítear trí shosanna gairme a ghlacadh, trí bheith ag obair go páirtaimseartha, nó tríd an margadh saothair a fhágáil go hiomlán agus roimh am. Is dúshlán é seo do thuismitheoirí aonair go háirithe, ar mná iad formhór mór acu. Bíonn ualach dúbailte ar roinnt daoine a thugann aire do leanaí agus do bhaill teaghlaigh chleithiúnacha eile ag an am céanna. Roimh an bpaindéim in 2019, thug thart ar aon trian (32,6 %) de mhná idir 25 agus 49 mbliana d’aois lasmuigh den lucht saothair le fios gurb iad freagrachtaí cúraim an phríomhchúis nár lorg siad fostaíocht, i gcomparáid le 7,6 % d’fhir neamhghníomhacha.

Tá seirbhísí cúraim riachtanach chun é chur ar chumas do dhaoine dualgais oibre agus chúraim a chomhcheangal, ach ní leor iad astu féin. Is é sin an fáth a luaitear, i bprionsabal 9 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go bhfuil an ceart ag tuismitheoirí agus ag daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu ar laethanta saoire oiriúnacha, ar shocruithe oibre solúbtha agus ar rochtain ar sheirbhísí cúraim. Le bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil, ba cheart cuidiú le hoibrithe chun a bhfreagrachtaí cúraim a chothromú leis an obair, agus is féidir le liúntais chúraim cúiteamh páirteach a dhéanamh ar na huaireanta cúraim a chuirtear ar fáil. Le rochtain mhéadaithe ar shaoire speisialta agus agus ar shaoire teaghlaigh agus ar shocruithe solúbtha maidir le ham oibre, amhail obair pháirtaimseartha, teilea-obair agus fleisc-am, is féidir cuidiú le hoibrithe feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil atá acu.

Ceann de na bunchúiseanna atá leis an difríocht san am a chaitheann mná agus fir ar obair chúraim gan íocaíocht is ea steiréitíopaí maidir le róil agus freagrachtaí na mban agus na bhfear sna réimsí príobháideacha agus gairmiúla. Ní féidir dul i ngleic leis sin ach amháin trí chur chuige claochlaitheach a ghlacadh arb é is aidhm dó athluacháil a dhéanamh ar obair chúraim agus dul i ngleic le steiréitíopaí ionas go mbraitear go bhfuil an cumas céanna ag fir agus ag mná cúram a sholáthar, agus a bheith ina ngairmithe nó ina gceannairí san earnáil cúraim. 

An Coimisiún Eorpach — An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Tionchar ar fhostaíocht na mban a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna Barcelona do chúram leanaí (GENDERMOD), Meán Fómhair 2022.

Leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil 21 , a raibh ar na Ballstáit í a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi mhí Lúnasa 2022, cothaítear comhroinnt níos cothroime freagrachtaí cúraim. Tugtar isteach leis cearta neamhinaistrithe ar shaoire teaghlaigh agus ar shocruithe solúbtha ama oibre do mhná agus d’fhir araon. Tá sé deartha go sonrach chun glacadh na gceart sin ag fir a spreagadh. Luaitear sa Treoir freisin nár cheart caitheamh le cúramóirí a fheidhmíonn na cearta sin ar bhealach mífhabhrach ná idirdhealú a dhéanamh ina naghaidh san ionad oibre. Ní mór d’oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a bheith ar an eolas faoi na cearta nua a dheonaítear leis an Treoir agus ní mór fostóirí a spreagadh chun beartais atá fabhrach don chothromaíocht oibre is saoil a chur i bhfeidhm freisin i bhfianaise ghlacadh na socruithe oibre (teilea-oibre) nua a eascraíonn as imthosca COVID19.

Is minic gur gann agus míchothrom a bhíonn rochtain ar sheirbhísí agus ar bhearta leordhóthanacha tacaíochta do chúramóirí neamhfhoirmiúla amhail comhairleoireacht, tacaíocht shíceolaíoch nó cúram faoisimh. Ní fhaigheann go leor cúramóirí neamhfhoirmiúla oiliúint chuí maidir le cúram a thabhairt do chleithiúnaí, rud arb é is toradh air uaireanta go mbíonn mothúcháin ró‑ualaigh nó fadhbanna meabhairshláinte ann fiú (e.g. traochadh). I gcás cúramóirí neamhfhoirmiúla scothaosta go háirithe, is féidir le freagrachtaí cúraim a bheith dúshlánach agus dochar a dhéanamh dá maireachtáil shláintiúil féin. Tá deis ann dea-chleachtas a chothú maidir le tacaíocht a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla, mar shampla trí leas a bhaint as saineolas na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Is féidir le beartais chun cúram neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil, mar shampla trí chonarthaí seirbhíse le húdaráis phoiblí, dul chun tairbhe do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus dá gcleithiúnaithe agus is féidir leo cuidiú le cúram níos fearr a aithint agus a luacháil.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- faireachán a dhéanamh ar ghlacadh na gceart nua a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, lena n‑áirítear tríd an gcreat faireacháin arna tharraingt suas ag an gCoiste Fostaíochta agus ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta maidir le glacadh saoire teaghlaigh agus socruithe solúbtha ama oibre ag mná agus ag fir a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu;

- feachtas ardaithe feasachta a sheoladh maidir leis na cearta nua a dheonaítear leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil;

- comhroinnt mhíchothrom na hoibre cúraim gan íocaíocht a chumhdach ina fheachtas cumarsáide atá ar na bacáin maidir le steiréitíopaí inscne a chomhrac;

- oibriú le EQUINET chun bearta a shainaithint chun dul i ngleic le cóir neamhfhabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann sna Ballstáit d’oibrithe a ghlacann saoire teaghlaigh, lena n‑áirítear trí chomhar idir comhlachtaí comhionannais agus gníomhaithe eile;

- tacú le scéimeanna lena gcuirtear chun cinn cleachtais atá fabhrach do theaghlaigh i gcuideachtaí, lena spreagtar mná agus fir araon chun leas a bhaint as na cearta nua agus lena gcuirtear chun cinn ról na bhfear i bhfreagrachtaí cúraim agus teaghlaigh faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

- úsáid agus for-rochtain níos fearr uirlisí agus ábhar oiliúna EDS a éascú maidir leis na bearta tacaíochta atá ar fáil do chúramóirí neamhfhoirmiúla.

Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

- steiréitíopaí inscne a chomhrac agus comhroinnt níos cothroime freagrachtaí cúraim idir mná agus fir a chur chun cinn;

- bearta tacaíochta a cheapadh do chúramóirí neamhfhoirmiúla, e.g. comhairleoireacht, tacaíocht shíceolaíoch, cúram faoisimh agus/nó tacaíocht airgeadais leormhaith, rud nach ndíspreagfaidh rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, in éineacht le beartais chun cúram neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil.

4. Infheistíocht a dhéanamh i gcúram

Tá éagsúlachtaí móra idir na Ballstáit maidir le caiteachas poiblí ar chúram. Is léiriú é sin ar chuir chuige éagsúla maidir le heagrú, cáilíocht agus luacháil na hoibre cúraim agus, i gcás cúram fadtéarmach, ar an meáchan éagsúil a thugtar do sholáthar cúraim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

Meastar gurb é an cúram fadtéarmach an mhír caiteachais phoiblí a bhaineann le haosú is tapúla fáis, agus tuartar go dtiocfaidh méadú uirthi go 2,5 % de OTI faoi 2050, agus éagsúlachtaí suntasacha ann ar fud na mBallstát 22 .

Infheistíocht shóisialta is ea tacaíocht phoiblí don earnáil cúraim a thugann go leor torthaí do dhaoine aonair, don tsochaí agus don gheilleagar, i gcomhthráth le gníomhaíocht maidir le maoiniú inbhuanaithe. Leis an infheistíocht i gcúram a mhéadú, bíonn tionchar dearfach ar fhorbairt leanaí agus ar fholláine agus ar dhínit na bhfaighteoirí cúraim, rannchuidítear le cothroime shóisialta agus comhionannas inscne agus cuirtear chun cinn rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus cruthú post. Léirítear i dtaighde a rinneadh le déanaí 23 gur féidir le hinfheistíocht i gcúram ranníocaíochtaí breise cánach agus slándála sóisialta a ghiniúint ó phoist a chruthaítear agus ó rannpháirtíocht mhéadaithe na mban i margadh an tsaothair freisin. Ar an iomlán, thiocfadh méadú ar ioncam cánach ó thuilleamh agus ó fhostaíocht mhéadaithe, rud a laghdódh an ceanglas iomlán cistiúcháina bhaineann le bearta beartais cúraim ó 3 faoin gcéad de OTI (roimh chánacha) go 2 faoin gcéad glan de OTI (tar éis cánacha) 24 . Measann EIS go bhfuil an ráta ag a bhféadfaidh na Ballstáit infheistíochtaí san earnáil cúraim a fhorchúiteamh thart ar 55 % ar an meán, ag brath go háirithe ar an méid infheistíochta is gá, ar an éileamh ar shaothar sa Bhallstát lena mbaineann agus ar an leibhéal cánachais.

Trí leas a bhaint as acmhainneacht na mbeart luath‑idirghabhála agus coisc, is féidir rannchuidiú le hinbhuanaitheacht fhioscach na mbuiséad poiblí. Tá acmhainneacht mhór i gcur chun cinn na sláinte, i gcosc galar, i gcúram sláinte tráthúil agus ar ardchaighdeán, chomh maith le beartais maireachtála sláintiúla, chun an gá le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach a chur siar nó a laghdú agus, ag an am céanna, aosú sa bhaile a chumasú chomh fada agus is féidir.

Thairis sin, mar gheall ar an easpa infheistíochta i gcúram fadtéarmach agus i gcosc, tá baol ann go n‑aistreofaí na costais chuig pinsin, cúnamh sóisialta agus buiséid cúraim sláinte. Leis an tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ agus le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, tugtar aghaidh ar an gcosc, ar an gcóireáil agus ar an gcúram ar ghalair neamhtheagmhálacha chun a áirithiú gur féidir le hothair saol fada sásúil a bheith acu agus go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin atá roimh theaghlaigh agus roimh chúramóirí.

Is féidir feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhioscach na seirbhísí cúraim trína gcostéifeachtúlacht a áirithiú. Is féidir feabhas a chur ar chostéifeachtúlacht trí chreat rialachais comhleanúnach agus comhtháite a chruthú, faireachán leanúnach a dhéanamh agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainní atá ar fáil spriocdhírithe go maith agus, i gcás cúram fadtéarmach, le tacaíocht don mhaireachtáil neamhspleách agus a áirithiú go mbeidh seirbhísí ag teacht le riachtanais an duine aonair. Chun é sin a bhaint amach, is féidir tairbhe a bhaint as mapáil an bhonneagair agus na seirbhísí atá ar fáil agus as anailís ar bhearnaí a bhunú, agus neamhionannais chríochacha agus dúshláin dhéimeagrafacha á gcur san áireamh ag an am céanna. Le réitigh chúraim atá nuálach agus comhtháite agus le húsáid eiticiúil na dteicneolaíochtaí nua i gcúram, is féidir cuidiú freisin le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhioscach na gcóras cúraim fhadtéarmaigh agus cúraim sláinte.

Tá sásraí maoinithe cobhsaí agus inbhuanaithe de dhíth ar sholáthraithe cúraim agus tá timpeallachtaí rialála soiléire agus cumasúcháin de dhíth orthu. I bhfianaise na feidhme sóisialta soiléire atá acu, is earra poiblí iad seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh. Nuair a sholáthraíonn údaráis agus comhlachais phoiblí seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, meastar gur seirbhísí sóisialta leasa ghinearálta iad go príomha. Ba cheart infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i gcúram fadtéarmach a dhéanamh i dtimpeallacht shoiléir rialála, ina bhfuil caighdeáin ar ardchaighdeán, ina gcuirtear san áireamh luach sóisialta na seirbhísí cúraim agus gur gá cearta bunúsacha daoine a bhfuil cúram de dhíth orthu agus dálaí oibre agus pá cothrom d’fhoireann cúraim a chaomhnú. Is féidir le tacaíocht níos láidre do sholáthraithe cúraim réigiúnacha agus áitiúla poist a chruthú agus pobail áitiúla a chumhachtú.

Tugann gníomhaithe an gheilleagair shóisialta breisluach do sholáthar seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán mar gheall ar a gcur chuige duinelárnach agus ar athinfheistiú brabús ina misean agus ina bpobail áitiúla. Mar a iarradh sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta 25 , le creataí beartais agus dlíthiúla ba cheart an timpeallacht cheart a chruthú don gheilleagar sóisialta chun a rannchuidiú le seirbhísí cúraim a bharrfheabhsú. Le húsáid córasach an tsoláthair phoiblí atá freagrach go sóisialta, d’fhéadfaí borradh a chur faoi acmhainneacht an gheilleagair shóisialta chun rannchuidiú le caighdeáin ar ardchaighdeán i gcúram agus dálaí oibre cothroma a sholáthar. Sa tuarascáil atá le teacht ón ngrúpa ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus na stát leasa san Aontas, cuirfear ar fáil léargas breise ar mhaoiniú inbhuanaithe agus ar ról na seirbhísí sóisialta sna stáit leasa.

Is gá infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú ar an leibhéal náisiúnta, agus is féidir é sin a chomhlánú le cistiú ón Aontas. Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as deiseanna cistiúcháin ón Aontas amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), lena n‑áirítear a snáithe fostaíochta agus nuálaíochta sóisialta, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, an clár Fís Eorpach nó an clár don Eoraip Dhigiteach. Ina theannta sin, is féidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta athchóirithe agus infheistíochtaí incháilithe a mhaoiniú i gcomhthéacs an téarnaimh ó phaindéim COVID‑19. Is féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíocht freisin. An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit beartais a shaothrú a chabhródh le cistiú inbhuanaithe seirbhísí cúraim atá comhleanúnach le hinbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí.

Sa chlárthréimhse 2014-2020, thacaigh Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) le roinnt gníomhaíochtaí a bhaineann le cúram fadtéarmach, idir athsciliú agus uas‑sciliú an lucht saothair, rochtain agus cumhdach a leathnú, tacú le seirbhísí comhtháite cúraim agus maireachtáil neamhspleách, agus aosú gníomhach agus sláintiúil. Leithdháileadh acmhainní CSE freisin ar thionscadail réigiúnacha agus áitiúla chun soláthar cúraim leanaí a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann do leanaí faoi mhíbhuntáiste, cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí rochtain a fháil ar an margadh saothair agus iarrachtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí fostaíochta idir fir agus mná.

Tá an clársceidealú don tréimhse 2021-2027 ar siúl faoi láthair, agus tá rochtain ar CFRE agus ar CSE+ ag brath ar chreataí beartais straitéiseacha náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann le haghaidh sláinte agus cúram fadtéarmach.

Leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, tugtar deis do na Ballstáit cistiú CSE+ a ghiaráil chun rochtain ar oideachas agus ar chúram na luath‑óige a neartú. Is féidir é a úsáid freisin chun tacú le cáilíocht an tsoláthair i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus chun feabhas a chur ar chuimsiú leanaí faoi mhíchumas, leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus leanaí ó phobail imeallaithe.

Leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), ar bhonn na fianaise agus na bhfíoras ábhartha a dtugtar tuairisc orthu san Fhís Fhadtéarmach do cheantair thuaithe, tugtar an deis do na Ballstáit freisin tacú le cúram leanaí faoin tuath agus le cúram fadtéarmach.

Cé gurb é is príomhaidhm don Chiste um Aistriú Cóir tacú le hinfheistíocht chun tionchar an aistrithe aeráide a mhaolú, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh gníomhaíochtaí i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta a bheith i bpleananna críochacha um aistriú cóir, lena n‑áirítear infheistíochtaí i mbonneagar chun críocha ionad oiliúna, saoráidí cúraim leanaí agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh mar a léirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear deiseanna móra ar fáil do na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí san athléimneacht shóisialta a chistiú. Bhain roinnt mhaith Ballstát 26 leas as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta d’earnáil an chúraim fhadtéarmaigh. Samplaí d’athchóirithe faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta is ea córas cúraim fhadtéarmaigh a neartú agus athrú ar an tsamhail tacaíochta agus cúraim fhadtéarmaigh a chur chun cinn, acmhainní daonna agus acmhainneacht bonneagair a mhéadú chun seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, oiliúint, athsciliú agus uassciliú gairmithe cúraim fhadtéarmaigh a sholáthar. Táthar ag súil freisin, le hathchóirithe breise, go bhfeabhsófar soláthar cúraim fhadtéarmaigh trí sheirbhísí sóisialta a nuachóiriú nó a leathnú, lena náirítear seirbhísí pobalbhunaithe, agus trí thacú le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach fhioscach na gcóras cúraim fhadtéarmaigh. Ar na 25 phlean a glacadh ón 20 Iúil 2022 faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá athchóirithe agus infheistíochtaí i réimse oideachas agus cúram na luathóige san áireamh in 12 díobh, athchóirithe agus infheistíochtaí dar luach thart ar EUR 7,9 billiún san iomlán 27 . Meastar go méadóidh na hinfheistíochtaí sin rátaí rannpháirtíochta, go háirithe i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste, rud a laghdóidh neamhionannas. Tacaítear leis na bearta sin freisin le hathchóirithe arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar rochtain, ar chuimsitheacht agus ar cháilíocht oideachas agus chúram na luathóige.

 Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

- maoiniú agus infheistíochtaí leordhóthanacha agus inbhuanaithe i gcórais chúraim ar ardchaighdeán a áirithiú, lena n‑áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

- beartais a shaothrú a chabhróidh le cistiú inbhuanaithe seirbhísí cúraim atá comhleanúnach le hinbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí;

- infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i seirbhísí cúraim a chur chun cinn, agus ag an am céanna timpeallacht shoiléir rialála a áirithiú, timpeallacht ina gcuirtear san áireamh luach sóisialta na seirbhísí cúraim agus gur gá cearta bunúsacha daoine a chaomhnú;

- úsáid a bhaint as cistiú atá ar fáil cheana ón Aontas chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán, go háirithe cúram pobalbhunaithe agus cúram sa bhaile;

úsáid a bhaint as cistiú atá ar fáil cheana ón Aontas chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí oideachais agus cúraim luath‑óige atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a áirithiú, lena n‑áirítear in ionaid oibre na dtuismitheoirí, do gach leanbh, go háirithe do leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta agus do ghrúpaí imeallaithe amhail Romaigh, leanaí ar de chúlra imirceach iad, leanaí faoi mhíchumas, agus leanaí nach bhfuil cúram tuismitheora acu. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit rochtain shaor agus éifeachtach a ráthú do leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar oideachas agus ar chúram na luath‑óige, mar a leagtar amach sa Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.

5. feabhas a chur ar an mbonn fianaise agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn

Tá sonraí iontaofa inchomparáide fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh. Áirítear leis sin leibhéal leordhóthanach sonraí a áirithiú sna sonraí tagartha maidir le rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luath‑óige, e.g. le miondealú de réir grúpaí nó catagóirí aoise ar leith. Thairis sin, chun an bonn fianaise a neartú, tá gá le sonraí níos fearr maidir le cineál agus iarmhairtí an tsoláthair cúraim neamhfhoirmiúil, i.e. chun neamhionannais inscne, socruithe maidir le ham oibre agus glacadh saoire teaghlaigh a shainaithint.

D’ainneoin roinnt dul chun cinn maidir le táscairí coiteanna cúraim fhadtéarmaigh a fhorbairt i ndáil le rochtain agus maoiniú, tá an staidreamh maidir le cúram fadtéarmach fós tearcfhorbartha. Tá sonraí riaracháin inchomparáide in easnamh iontu e.g. maidir le caiteachas agus soláthar cúraim. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh oibre chun bailiú sonraí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a chomhchuibhiú. Ina theannta sin, trí chur chuige dian córasach a ghlacadh chun na riachtanais náisiúnta atá ag teacht chun cinn maidir le cúram fadtéarmach a thuar, cuideofar leis na Ballstáit pleanáil roimh ré. D’ainneoin na fianaise go bhfuil sé níos deacra rochtain a fháil ar chúram i gceantair thuaithe agus iargúlta, tá sonraí maidir le neamhionannais chríochacha i soláthar cúraim fhadtéarmaigh gann; tá gá le tuilleadh fianaise maidir le príomhchúiseanna leis na neamhionannais sin agus maidir le freagairtí éifeachtacha beartais.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- oibriú chun feabhas a chur ar bhailiú agus ar anailísiú sonraí a bhaineann le cúram, go háirithe trí thuairisciú ar rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luath‑óige a mhéadú, i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfidh sé dlús freisin leis an gcomhar straitéiseach le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECFE agus EIS, agus le malartuithe le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, eadhon an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus Eurofound. I gcás inarb indéanta agus inarb ábhartha, ba cheart sonraí a imdhealú de réir inscne, aoise, míchumais agus cúlra eitneach;

- le hionchur ó líonra Eurydice EACEA agus ó EIGE, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an obair a dhéantar chun táscairí a fhorbairt agus anailís a dhéanamh orthu chun oideachas agus cúram na luath‑óige a rianú. Cuirfidh an obair sin leis an obair atá déanta cheana féin mar fhreagairt ar na Moltaí maidir le hOideachas agus Cúram na Luath‑Óige agus maidir leis an Ráthaíocht do Leanaí;

- tascfhórsa a chruthú maidir le staidreamh cúraim fhadtéarmaigh chun feabhas a chur ar an mbonn fianaise maidir le cúram fadtéarmach. Cabhróidh an obair sin le faireachán agus forbairt a dhéanamh ar tháscairí coiteanna an Aontais Eorpaigh maidir le cúram fadtéarmach, arna gcomhaontú ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta;

- réamh‑mheastacháin mhionsonraithe a fhorbairt maidir leis an éileamh ar sheirbhísí sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh san Aontas (ag tógáil ar réamh‑mheastacháin fhadtéarmacha daonra atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach), chun cabhrú le pleanáil acmhainní;

- taighde a mhaoiniú trí ghlao ar thograí faoin gclár Fís Eorpach maidir le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais chríochacha i gcúram agus maidir le taighde ar fhorbairt réiteach comhtháite cúraim, lena n‑áirítear uirlisí digiteacha agus teileachúram;

- tacú leis na Ballstáit fianaise a roinnt maidir le soláthar cúraim i gceantair thuaithe tríd an bhFaireachlann um an Tuath arna bunú faoin bPlean Gníomhaíochta Tuaithe 28 agus faoin líonra comhbheartais talmhaíochta.

Iarrann an Coimisiún:

- ar ghníomhaireachtaí an Aontais, amhail EIGE, sonraí a bhailiú go rialta, táscairí a fhorbairt agus anailísí a dhéanamh ar an mbearna chúraim idir na hinscní, ar an mbearna phá idir na hinscní, agus ar úsáid ama in obair íoctha agus neamhíoctha, ar ghníomhaíochtaí aonair agus sóisialta a dhéanann mná agus fir a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu agus ar shocruithe oibre ar feadh a saoil oibre;

- ar na Ballstáit sonraí a bhailiú, arna miondealú de réir inscne, aoise agus gnéithe eile den úsáid ama (trí shuirbhéanna ar úsáid ama a dhéantar i gcomhthéacs Suirbhéanna Comhchuibhithe ar Úsáid Ama san Eoraip, más féidir), maidir le glacadh saoire teaghlaigh agus maidir le socruithe solúbtha ama oibre.

Chun an straitéis Eorpach um chúram a chur chun feidhme go rathúil, tá gá le gealltanas comhroinnte ó na páirtithe leasmhara uile. Agus an straitéis seo á cur chun cinn aige, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, go háirithe le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, le Coiste na Réigiún agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta, le gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

- faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais maidir le hoideachas agus cúram na luath‑óige agus maidir leis an gcúram fadtéarmach, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna Barcelona i gcomhthéacs phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, agus machnamh a dhéanamh ar mholtaí tírshonracha a chur chun cinn nuair is iomchuí;

- na deiseanna atá ag na páirtithe leasmhara uile maidir lena dtaithí a roinnt agus foghlaim óna chéile a leathnú, trí chláir foghlama frithpháirtí maidir le gach gné den chúram.

Iarrann an Coimisiún:

- ar na Ballstáit na dálaí a chruthú lena gcuirfear ar a gcumas do sholáthraithe cúraim, lena n‑áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta, ról gníomhach a bheith acu i gceapadh agus i soláthar seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán agus feabhas a chur ar dhálaí oibre san earnáil agus tacú le hiarrachtaí na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cúraim;

- ar na Ballstáit na moltaí ón gComhairle atá beartaithe a chomhaontú agus a chur chun feidhme go pras maidir leis an athbhreithniú ar spriocanna Barcelona i dtaca le hoideachas agus cúram na luath‑óige agus i dtaca lerochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar ardchaighdeán. 

6. Conclúid

Leis an gcaoi a gcuirimid luach ar chúram, ba cheart a léiriú an chaoi ar mian linn luach a chur ar leanaí, ar dhaoine scothaosta, ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar chúramóirí.

Bunchloch de chur chuige an Aontais maidir le beartais shóisialta is ea an straitéis seo chun cuidiú le hoiriúnú d’athrú déimeagrafach, deireadh a chur le neamhionannais leanúnacha inscne agus neamhionannais eile, leas a bhaint as acmhainneacht na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, agus athléimneacht i gcoinne suaití seachtracha móra a mhéadú. Dearadh é chun dul chun tairbhe do dhaoine de gach aois a bhfuil cúram de dhíth orthu trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar chúram inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán. Baineann sé le maireachtáil faoi dhínit, le cearta an duine a chosaint, gan aon duine a fhágáil ar lár agus deiseanna a chur ar fáil do shaol agus d’ionchais ghairme níos fearr, arb é cnámh droma ár ndóighe beatha Eorpaí é.

Trí fheabhas a chur ar an earnáil cúraim, cuidítear lena áirithiú gur féidir le mná agus fir araon páirt a ghlacadh san obair agus sa tsochaí ar bhonn cothrom, agus iad ag tabhairt aire dá ndaoine muinteartha. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbainfidh oibrithe cúraim tairbhe as dálaí oibre níos fearr, rud a d’fhágfadh go mbeadh an earnáil níos athléimní agus níos tarraingtí agus go gcuideodh sé le poist nua a chruthú chun freastal ar an méadú ar an éileamh.

Iarrann an Coimisiún ar institiúidí an Aontais, ar na Ballstáit, ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar an tsochaí shibhialta, ar chomhpháirtithe sóisialta, agus ar pháirtithe leasmhara eile an straitéis seo a fhormhuiniú agus rannchuidiú lena cur chun feidhme.

(1)

Aitheasc ar Staid an Aontais, an 15 Meán Fómhair 2021.

(2)

Le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (SWD(2022) 441), soláthraítear fianaise atá mar bhonn agus mar thaca ag na príomhdhúshláin san earnáil agus samplaí sonracha maidir leis an gcaoi chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, arna spreagadh ag bearta arna nglacadh ar fud Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

(3)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach ar chúram (2021/2253(INI))

(4)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin (2022) 440.

(5)

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022, Togra 15.

(6)

Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019, IO C 189, 5.6.2019.

(7)

COM(2021)142 final

(8)

Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021, IO C 223, 22.6.21.

(9)

Comhairle Eorpach Barcelona, 15 agus 16 Márta 2002. (2002), SN 100/1/02 REV 1 

(10)

COM(2020) 620 final, 7.10.2020, IO 2021C 93/01.

(11)

COM(2022)197 final

(12)

Féach SWD(2021) 167final

(13)

Féach SWD(2021) 41 final.

(14)

COM/2020/274 final.

(15)

Féach Treoir (AE) 2019/1152 an 20.6.2019.

(16)

COM/2021/323 final.

(17)

2019/C 387/01.

(18)

Féach COM/2021/762 final.

(19)

Féach COM/2021/93 final.

(20)

COM/2022/657 final.

(21)

Treoir (AE) 2019/1158, IO 2019, L 188

(22)

An Coimisiún Eorpach agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch, 2021, Tuarascáil 2021 maidir le hAosú — réamh-mheastacháin eacnamaíocha agus bhuiséadacha do na 27 mBallstát den Aontas Eorpach (2019-2070).

(23)

Tuarascáil na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS)- Cúram ag an obair - Infheistíocht a dhéanamh i saoire agus seirbhísí cúraim le haghaidh saol oibre níos cothroime ó thaobh inscne de, 2022.

(24)

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS). 2022. Insamhlóir Infheistíochta um Beartas Cúraim EIS (an Ghinéiv, le teacht).

(25)

COM/2021/778 final.

(26)

 Féach SWD (2022) 441.

(27)

AT, BE, CY, CZ, DE, EL, ES, HR, IT, LT, RO, SK.

(28)

COM (2021) 345 final.