An Bhruiséil,1.9.2022

COM(2022) 433 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An Dara Tuarascáil Bhliantúil maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh

{SWD(2022) 219 final}


RÉAMHRÁ

Is í an Tuarascáil seo an dara Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Scagadh Infheistíochta Dírí Coigríche (IDC) (an ‘Rialachán maidir le Scagadh IDC’ nó an ‘Rialachán’).

Cumhdaíonn an Tuarascáil an bhliain 2021 1 agus soláthraíonn sí trédhearcacht maidir le hoibriú scagadh IDC san Aontas agus maidir le forbairtí ó thaobh sásraí náisiúnta um scagadh de. Cuireann sé le cuntasacht an Aontais i réimse nach féidir agus nach iomchuí, i bhfianaise na leasanna slándála atá i gceist, trédhearcacht a bheith ann maidir le hidirbhearta aonair.

Tá sé bunaithe ar thuarascálacha ó na 27 mBallstát agus ar fhoinsí eile, agus tá ceithre chaibidil ann:

·Caibidil 1 maidir le treochtaí agus figiúirí i dtaca le IDC san Aontas;

·Caibidil 2 maidir le forbairtí reachtacha sna Ballstáit;

·Caibidil 3 maidir le gníomhaíochtaí um scagadh IDC a dhéanann na Ballstáit;

·Caibidil 4 maidir le sásra comhair an Aontais um scagadh IDC.

Glactar an Tuarascáil Bhliantúil seo ag an am céanna leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir le Rialuithe ar Onnmhairiú Dé-Úsáide. Scagadh IDC agus Rialuithe ar Onnmhairiú, is uirlisí tábhachtacha le haghaidh rialuithe straitéiseacha trádála agus infheistíochta chun slándáil san Aontas a áirithiú.



CAIBIDIL 1 – INFHEISTÍOCHT DHÍREACH CHOIGRÍCHE ISTEACH SAN AONTAS EORPACH – TREOCHTAÍ AGUS FIGIÚIRÍ

In 2021 tháinig infheistíochtaí díreacha coigríche domhanda chucu féin tar éis an mhoillithe a bhí ann in 2020 de dheasca COVID-19. EUR 1.5 trilliún d’insreabhadh domhanda a bhí ann in 2021 (Figiúr 1), rud ba mhéadú +52 % ar an leibhéal a bhí ann in 2020 agus ba mhéadú +11 % ar an leibhéal a bhí ann in 2019 sula raibh COVID-19 ann.

Chuir an tAontas leis an téarnamh domhanda in 2021 agus bhí EUR 117 billiún IDC isteach ann, sin 8 % den leibhéal domhanda (27 % a bhí ann in 2019), agus laghdú 31 % ar an leibhéal a bhí ann in 2020 agus laghdú -68 % ar an leibhéal a bhí ann in 2019. Ba é ba chúis leis an toradh sin san Aontas na laghduithe ar IDC isteach in Éirinn, sa Ghearmáin agus i Lucsamburg, mar aon le díinfheistíochtaí san Ísiltír 2 .

Figiúr 1: Sreafaí IDC isteach Domhanda agus AE

Foinse: Sonraí OECD , a fuarthas 29 Aibreán 2022. Tagraíonn na sonraí do shreafaí IDC isteach.

In 2021, de bharr margaí láidre cothromais agus téarnamh ó thaobh muinín lucht gnó, tháinig méadú ar chumaisc agus éadálacha agus ar idirbhearta úrnua ar fud an domhain, ach níor tháinig san AE27 go fóill 3 (Figiúr 1) in ainneoin gur tháinig laghdú ar insreabhadh IDC comhiomlánaithe. Tháinig méadú +32 % agus +12 %, faoi seach, ar líon na néadálacha agus na ninfheistíochtaí i gcomparáid le 2020 4 .

Ach d’fhan éadálacha 9 % faoi bhun an leibhéil a bhí ann in 2019. I gcás infheistíochtaí úrnua, ba é -39 % an difear le hais na bliana roimh an bpaindéim.

Tá sreabhadh carnach na n‑idirbheart coigríche san AE27 ag dul i méid, rud a dheimhníonn oscailteacht thíortha an Aontais d’infheistíochtaí coigríche, in ainneoin an mhoillithe a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 (Figiúr 2), agus líon na n‑éadálacha agus na n‑infheistíochtaí úrnua, tháinig méadú orthu ionas gur 2 100 éadáil bhreise agus 3 200 infheistíocht úrnua bhreise a bhí ann in aghaidh na bliana ar an meán le 5 bliana anuas.

Figiúr 2: Líon carnach bliantúil na n‑idirbheart san AE27 2015-2021

 

Foinse: Ríomh JRC bunaithe ar shonraí ó Bureau van Dijk, a fuarthas an 22/02/2022. Comhfhreagraíonn sonraí do 2015 don sreabhadh IDC in 2015, agus comhfhreagraíonn na sonraí do na blianta ina dhiaidh sin do shuim charnach na sreafaí bliantúla.

Léiríonn sonraí bliain ar bhliain de réir dlínse gur tháinig méadú ar líon na gcomhaontuithe agus na dtionscadal i gcás fhormhór na dtíortha tionscnaimh in 2021 (Figiúr 3). Ba iad na Stáit Aontaithe an t‑infheisteoir coigríche ba mhó in 2021, agus b’infheistíocht as an tír sin ba chúis leis 32.3 % de na héadálacha uile agus 39.4 % de na hinfheistíochtaí úrnua, agus ba í an Ríocht Aontaithe a bhí sa dara háit (25.6 % agus 20.9 % faoi seach). Is eisceachtaí suntasacha iad an tSín agus an tSeapáin, tíortha atá fós faoi bhun an leibhéil ar a raibh siad in 2020. An tSín go háirithe, tír lenar bhain 2.3 % de na héadálacha coigríche nua in 2021 (síos ó 3.4 % in 2020) agus 6 % d’infheistíochtaí úrnua (síos ó 7.1 % in 2020), ní raibh borradh fúithi ó thaobh gníomhaíocht déanta comhaontuithe, cé gur fógraíodh roinnt cumasc agus éadálacha móra agus infheistíochtaí móra, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar luach na n‑infheistíochtaí Síneacha ionas gur EUR 9 mbilliún a bhí ann in 2021 (EUR 6.5 billiún a bhí ann in 2020).



Rialuithe diana caipitil na Síne agus comhchruinniú na ngníomhaíochtaí infheistíochta i bpríomhearnálacha tionscail, bhí tionchar diúltach acu sin ar dhéanamh comhaontuithe na Síne in 2021. 5 Cé gur sroicheadh, i gcás fhormhór na ndlínsí, na leibhéil éadálacha bunanna cothromais a bhí ann roimh COVID-19 in 2021, agus go raibh méadú ann ar na leibhéil a bhí ann in 2019 6 i gcás roinnt acu, bhí tionscadail infheistíochta úrnua fós faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 2019. Ba iad na tíortha eischósta 7 (133 thionscadal in 2021, suas ó 106 in 2019) agus an Rúis 8 (46 thionscadal in 2021, suas ó 20 in 2019) an taon eisceacht.

Figiúr 3: Líon na néadálacha bunanna cothromais* (ar chlé) agus na ninfheistíochtaí úrnua (ar dheis) in 2021 agus in 2020 – Sonraí de réir dlínse eachtrach (na deich ninfheisteoir is mó)

Foinse: Ríomh JRC bunaithe ar shonraí ó Bureau van Dijk, a fuarthas an 22/02/2022. Eischósta: Ionad Airgeadais Eischósta 9 . RoW: An chuid eile den domhan. (*) Éadálacha bunanna cothromais os cionn 10 % de chaipiteal den ghnólacht AE.

Cé go raibh dearcadh dearfach ag anailísithe i leith 2022, mar go raibh coinne leis go raibh an chuid is measa den phaindéim taobh thiar dúinn, tá na dóchais ag dul i léig go tapa mar gheall ar an timpeallacht éiginnte gnó a eascraíonn as an ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin gan chúis gan údar. Éifeachtaí eacnamaíocha an mhéadaithe ghéir ar chostas an fhuinnimh (a raibh éifeacht aige cheana féin roimh an ionradh) agus ar chostas na n‑amhábhar, agus méid na n‑iarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le cur isteach ar an slabhra soláthair, go háirithe i gcás amhábhair chriticiúla agus teicneolaíochtaí criticiúla, agus gníomhaíocht agus trádáil dhomhanda atá níos laige, nach ndearnadh measúnú iomlán orthu go fóill, beidh tionchar acu sin ar an bhfuinneamh atá i ndéanamh comhaontuithe san Aontas, agus dá bharr sin d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis leis an dearcadh i leith 2022, a bhí dearfach ar dtús, a athbhreithniú síos.



Líon na nidirbheart de réir spriocthír an Aontais, léirigh sé gur tháinig líon na nidirbheart coigríche chuige féin i gcoitinne in 2021 i gcomparáid le 2020 ( Figure 4). Ba í an Ghearmáin, arb é 16.4 % a sciar de na héadálacha uile a rinne infheisteoirí coigríche, an ceann scríbe ba mhó in 2021 agus tháinig méadú 20 % ar líon na nidirbheart inti i gcomparáid le 2020. Bhí an Spáinn, an Fhrainc agus an Ísiltír ina diaidh, agus ba é sciar a nidirbheart coigríche 13.8 %, 10.7 % agus 10.5 % faoi seach. Bhí rátaí fáis bliantúla dédhigiteacha iontu i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. In 2021, ba í an Spáinn an tír san Aontas ba mhó a fuair infheistíochtaí úrnua coigríche (22.2 % den mhéid iomlán) agus bhí an Fhrainc agus an Ghearmáin sa dara agus sa tríú háit (12.7 % agus 11.2 % faoi seach). An dá thír dheireanacha sin, in éineacht leis an Iodáil, i measc na ndeich dtír ba mhó a fuair infheistíochtaí úrnua, ba iad na trí thír sin amháin nach raibh borradh faoi thionscadail choigríche iontu in 2021, i gcomparáid le 2020 10 .

Figiúr 4: Líon na n‑éadálacha bunanna cothromais* (ar chlé) agus na n‑infheistíochtaí úrnua (ar dheis) in 2021 agus in 2020 – Sonraí de réir tír cinn scríbe (na deich bhfaighteoir is mó san Aontas)

Foinse: Ríomh JRC bunaithe ar shonraí ó Bureau van Dijk, a fuarthas an 22/02/2022. Seasann RoEU don chuid eile den Aontas. (*) Éadálacha bunanna cothromais os cionn 10 % de chaipiteal den ghnólacht AE.

Ach súil níos géire a chaitheamh ar na hearnálacha ar a bhfuil infheisteoirí coigríche ag díriú, is léir go bhfuil TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) agus Monaraíocht taobh thiar den bhorradh nua atá faoi idirbhearta coigríche san Aontas (Figiúr 5 11 ). Bhí TFC sa chéad áit i gcás éadálacha agus sa dara háit i gcás infheistíochtaí úrnua (i ndiaidh Miondíola) agus bhain 30 % de na héadálacha nua agus 15.4 % d’infheistíochtaí úrnua le TFC in 2021, ar méaduithe 34 % agus 15 % iad sin i gcomparáid le 2020, faoi seach. Bhí monaraíocht sa dara háit in 2021, agus bhain 25.9 % d’iomlán na néadálacha coigríche agus 12 % d’infheistíochtaí úrnua le monaraíocht, ar méaduithe +38 % agus +12 % iad, faoi seach, i gcomparáid leis an mbliain roimhe.

Bhí fuinneamh nua in idirbhearta coigríche sna príomhearnálacha uile i gcomparáid le 2020, agus sroicheadh, nó sáraíodh fiú, na leibhéil a bhí ann roimh COVID-19 i gcás roinnt catagóirí. I gcás éadálacha bunanna cothromais, sroicheadh leibhéil 2019 in TFC, i ngníomhaíochtaí Gairmiúla agus Eolaíochta agus i bhFoirgníocht, i measc earnálacha eile, agus bhí siad +27 %, +8.3 % agus +10 % níos airde in 2021 ná mar a bhí in 2019. Os a choinne sin, níl infheistíochtaí úrnua coigríche chomh hathléimneach sin nuair atá téarnamh ann.

Cé is moite den earnáil Fáilteachais, tá infheistíochtaí úrnua in 2021 faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 2019, cé go bhfuil siad ag ardú arís tar éis na titime a bhí ann in 2020.

Figiúr 5: Líon na n‑éadálacha (ar chlé) agus na n‑infheistíochtaí úrnua (ar dheis) in 2021 agus in 2020 – de réir earnáil NACE (na cúig chatagóir)

Foinse: Ríomh JRC bunaithe ar shonraí ó Bureau van Dijk, a fuarthas an 22/02/2022. Seasann GET do ghníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (Nace. Ath. 2, mír M), agus tá saoráidí T&F ann, i measc nithe eile. Seasann TFC d’Fhaisnéis agus Cumarsáid (Nace. Ath. 2, mír J).

Sonraí breise

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na figiúirí thuas ar fáil i Roinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo. Tá sonraí breise ann maidir le tionchar agus téarnamh in aghaidh an Bhallstáit agus na hearnála, maidir le tionscnamh na n‑infheisteoirí coigríche san Aontas, agus maidir le rannpháirtíocht stát eachtrach in infheisteoirí coigríche san Aontas.



CAIBIDIL 2 – FORBAIRTÍ REACHTACHA SNA BALLSTÁIT IN 2021

Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Scagadh IDC agus sásraí um scagadh IDC de chuid na mBallstát den Aontas

Cé nach gceanglaítear ar na Ballstáit le Rialachán an Aontais maidir le Scagadh IDC sásra náisiúnta um scagadh a bhunú 12 , leanann an Coimisiún Eorpach ag tabhairt spreagadh do na Ballstáit, ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil, sásraí náisiúnta um scagadh a ghlacadh, a oiriúnú agus a chur chun feidhme. Le déanaí, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit sásra lánfhorbartha um scagadh a bhunú i dTreoir 2020 do na Ballstáit maidir le conas scagadh IDC a úsáid nuair atá géarchéim sláinte poiblí ann agus nuair atá an geilleagar leochaileach san Aontas 13 , agus i dTreoir 2022 do na Ballstáit maidir le IDC ón Rúis agus ón mBealarúis 14 .

Tá an Coimisiún Eorpach ag cothú na forbartha sin go gníomhach sna Ballstáit uile, rud a éascaíonn dul chun cinn agus ailíniú na bpróiseas reachtach náisiúnta. Le linn 2021, thug an Coimisiún Eorpach cúnamh do na Ballstáit trí threoraíocht theicniúil agus beartais, cruinnithe teicniúla agus malartú faisnéise, lena n‑áirítear malartú dea-chleachtas.

Mar sin féin, in ainneoin an chomhair rialta sin agus roinnt cosúlachtaí tábhachtacha idir na sásraí náisiúnta um scagadh, tá éagsúlachtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit ó thaobh cad is scagadh foirmiúil ar IDC ann, na tréimhsí ama is infheidhme, cumhdach earnálacha, ceanglais maidir le fógra, agus gnéithe eile. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún Eorpach fós tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’ailíniú na sásraí náisiúnta um scagadh, agus tá coinne aige leis go mbeidh sásra náisiúnta um scagadh IDC i bhfeidhm ag na 27 mBallstát den Aontas go luath.

Tá sásra náisiúnta um scagadh ag teastáil sna 27 mBallstát chun an tAontas a chosaint ar infheistíochtaí coigríche ó thríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. Áiritheoidh sé sin go ndéanfaidh na 27 mBallstát agus an Coimisiún Eorpach scagadh ar IDC ábhartha, agus ar an gcaoi sin cosnófar slándáil chomhchoiteann na mBallstát agus an Aontais, chomh maith le slándáil an Mhargaidh Aontais agus an leibhéal an‑ard comhtháthaithe eacnamaíoch atá ann dá bharr.

Forbhreathnú ar na Ballstáit ag a bhfuil sásra um scagadh nó atá i mbun sásra den sórt sin a bhunú

An phaindéim dhomhanda agus an cur isteach a rinneadh le déanaí ar shlabhraí soláthair domhanda, tharraing siad aird ar cé chomh criticiúil is atá roinnt príomhthionscal, cosúil le cúram sláinte agus fuinneamh. Dá bhrí sin, ghlac go leor Ballstát den Aontas sásraí nua náisiúnta um scagadh, sin nó rinne siad na sásraí atá ann cheana a nuashonrú agus a leathnú. In 2021, ghlac trí Bhallstát sásra nua um scagadh agus leasaigh sé Bhallstát an sásra atá acu cheana. Faoi dheireadh 2021, bhí tús curtha cheana féin ag seacht mBallstát le próisis chomhairleacha nó reachtacha chun sásra náisiúnta um scagadh a bhunú. Ar an iomlán, in 2021, bhí reachtaíocht um scagadh IDC ar bun ag dhá thrian de na Ballstáit uile den Aontas. Tá Scagadh IDC ag bailiú nirt de réir a chéile san Aontas.

Tá forbhreathnú sa léarscáil thíos ar an status quo reachtach sna Ballstáit den Aontas.

Forbairtí sna Ballstáit den Aontas in 2021 – Sásraí um scagadh IDC

Go dtí seo, tá an méid seo a leanas déanta ag 25 as 27 mBallstát den Aontas:

·sásra náisiúnta um scagadh IDC a chur ar bun; nó

·sásra nua náisiúnta um scagadh IDC a ghlacadh; nó

·leasú a dhéanamh ar shásra atá ann cheana; nó

·tús a chur le próiseas comhairleach nó reachtach a raibh coinne leis go ndéanfar sásra nua a ghlacadh, nó go ndéanfar leasú ar cheann atá ann reatha, dá bharr.

Tá forbhreathnú sa tábla seo a leanas ar an staid reachtach agus ar fhorbairtí in 2021 sna 27 mBallstát 15 .

Sásra náisiúnta um scagadh IDC i bhfeidhm

An Ostair, an Fhionlainn, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn

Leasú déanta ar shásra atá ann cheana

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin

Próiseas comhairleach nó reachtach ann a raibh coinne leis go ndéanfaí nuashonrú ar shásra atá ann cheana dá bharr

An Ísiltír, an Rómáin

Sásra nua náisiúnta um scagadh IDC glactha

An tSeicia, an Danmhairg, an tSlóvaic

Próiseas comhairleach nó reachtach ann a raibh coinne leis go ndéanfaí sásra nua a ghlacadh dá bharr

An Bheilg, an Chróit, an Eastóin, an Ghréig, Éire, Lucsamburg, an tSualainn

Níl aon tionscnamh a thuairiscítear go poiblí ar siúl

An Bhulgáir, an Chipir

Bhain formhór na leasuithe ar reachtaíocht náisiúnta le trí ábhar: uasghrádú a dhéanamh ar nósanna imeachta um scagadh, earnálacha cumhdaithe a leathnú, agus síneadh a chur le bailíocht sásraí náisiúnta. Mar shampla, d’ísligh an Fhrainc an tairseach ag a ndéantar scagadh ar infheistíochtaí de chuid infheisteoirí neamhAE agus ceanglaíonn sí ar infheisteoirí freisin an Fógra an Aontais ‘Foirm B’ 16 a chur isteach in éineacht le doiciméid eile. Thug an Ghearmáin isteach roinnt athruithe nós imeachta (e.g. 16 chásghrúpa nua 17 a thabhairt isteach, cásghrúpaí a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn/teicneolaíochtaí íogaire), chuir sí tairseacha nua i bhfeidhm ar éadáil caipitil agus cearta vótála a bhfuil fógra ag teastáil ina leith, agus thug sí isteach ceanglais nua d’infheisteoirí. Leathnaigh an Iodáil infheidhmeacht an tsásra um scagadh atá aici faoi láthair. I measc nithe eile, leathnaigh an Laitvia cumhacht na núdarás náisiúnta tuilleadh faisnéise a iarraidh ó infheisteoirí. I measc nithe eile, mhodhnaigh an Liotuáin a liosta d’fhiontair agus de bhonneagar straitéiseach a mheasann sí a bheith tábhachtach. Chuir an Ungáir gníomhaíochtaí breise lena reachtaíocht, gníomhaíochtaí a bhaineann le sprioc-chuideachtaí a bhfuil fógra maidir le hidirbhearta beartaithe ag teastáil ina leith. Ar deireadh, thug roinnt Ballstát eile le fios go bhfuil leasuithe ar na sásraí atá acu cheana á bpleanáil acu faoi láthair.

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo, tá faisnéis níos mionsonraithe maidir le forbairtí reachtacha i reachtaíocht náisiúnta um scagadh de chuid na mBallstát. Ina theannta sin, coinníonn an Coimisiún Eorpach liosta de nuashonruithe reachtacha náisiúnta 18 .



CAIBIDIL 3 – GNÍOMHAÍOCHTAÍ UM SCAGADH IDC A DHÉANANN NA BALLSTÁIT

Leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC, bunaítear sásra comhair maidir le scagadh IDC i measc an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát. Ach, na Ballstáit ina ndéantar an infheistíocht, is iad a dhéanann an cinneadh maidir le cé acu na hinfheistíochtaí a scagtar, a fhormheastar, a thugtar coinníollacha ina leith, nó a choisctear. Sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit maidir le cásanna a ndearnadh scagadh orthu in 2021 faoina reachtaíocht agus faoina sásraí um scagadh, is ar na sonraí sin a bhraitheann an chaibidil sin, agus comhchruinnítear na sonraí sin inti.

Ar an iomlán, fuarthas líon suntasach iarrataí ar údaruithe in 2021 ar an leibhéal náisiúnta 19 . De bhun Airteagal 5 den Rialachán, lena neagraítear a noibleagáid tuairisciúcháin, thuairiscigh na Ballstáit 1 563 iarraidh ar údarú agus cás ex officio in 2021 20 .

Figiúr 6 - Gníomhaíocht um Scagadh IDC a dhéanann na Ballstáit

 

Foinse: Tuairisciú ó na Ballstáit.

Is léir go bhfuil treocht ann i dtreo níos mó cásanna a scagadh go foirmiúil. Go deimhin, as na 1 563 iarraidh ar údarú agus cás ex officio, rinneadh scagadh foirmiúil ar thart ar 29 % de na cásanna. Is cosúil gur méadú é sin ar sciar na gcásanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu in 2020 21 . D’fhéadfadh sé gurb é is cúis leis sin an aird níos mó atá á tabhairt ag údaráis náisiúnta ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith ‘criticiúil’, chomh maith le hathrú ar threochtaí infheistíochtaí foriomlána. Measadh nach raibh thart ar 71 % de na hiarratais uile incháilithe, sin nó ní raibh scagadh foirmiúil ag teastáil ina leith mar gur léir nach mbeadh tionchar acu ar an tslándáil agus ar an ord poiblí.

Tá líon na n‑iarrataí ar údarú scaipthe go han‑mhíchothrom ar fud Bhallstáit an Aontais freisin. Go deimhin, thart ar 70 % de na hiarrataí uile ar údarú agus de na cásanna ex officio in 2021, bhain siad le ceithre Bhallstát.

As na cásanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu in 2021, agus ar thuairiscigh na Ballstáit cinneadh ina leith 22 , údaraíodh an tromlach (73 %) gan aon choinníoll, rud a fhágann gur formheasadh an tidirbheart gan aon bheart breise a cheangal ar an infheisteoir.

Ach bhí formheas le coinníollacha nó le bearta maolaitheacha i gceist le 23 % de na cinntí. Sna cásanna sin, rinne na húdaráis náisiúnta gníomhaíochtaí, ráthaíochtaí agus gealltanais áirithe a chaibidliú leis na hinfheisteoirí sula ndearna siad an infheistíocht dhíreach choigríche atá beartaithe a fhormheas.

Ar deireadh, chuir údaráis náisiúnta bac ar idirbhearta i ndeireadh na dála in 1 % de na cásanna uile a cinneadh, agus i gcás 3 % eile, tharraing na páirtithe siar an t‑idirbheart.

Figiúr 7 – Cinntí faoinar tugadh fógra maidir le cásanna IDC

Foinse: Tuairisciú ó na Ballstáit.

Mar achoimre, tá na príomhcheachtanna seo a leanas le foghlaim ó na torthaí thuas:

·I gcomparáid le 2020, mheas na Ballstáit go raibh na hiarrataí a fuarthas in 2021 níos íogaire, mar tháinig méadú ar sciar na gcásanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu.

·Tá na hiarratais ar údarú scaipthe go míchothrom ar fud na mBallstát den Aontas, agus fuarthas 70 % de na hiarrataí uile a fuarthas i gceithre thír. 86.5 % a bhí ann sa chéad tuarascáil bhliantúil. Léiríonn sé sin gur éagsúlaíodh scagadh i measc na mBallstát.

·Le linn 2021, údaraíodh tromlach na nidirbheart, i gcás inar tuairiscíodh cinneadh, gan aon choinníoll (73 % i gcomparáid le 79 % sa chéad tuarascáil).

·Bhí bearta maolaitheacha i gceist le 23 % de na cásanna (is méadú suntasach é sin i gcomparáid leis an tuarascáil deiridh, nuair a bhí 12 % ann).

·Níor chuir na Ballstáit bac ach ar 1 % de na hidirbhearta (i gcomparáid le méid beagáinín níos mó roimhe sin, i.e. 2 % sa chéad tuarascáil), rud a dheimhníonn go bhfuil an tAontas fós oscailte d’infheistíochtaí díreacha coigríche agus nach dhiúltaíonn na Ballstáit ach na cásanna ar bagairtí antromchúiseacha iad don tslándáil agus don ord poiblí.



CAIBIDIL 4 – SÁSRA COMHAIR AN AONTAIS UM SCAGADH IDC

1.Fógraí agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar faoin Rialachán maidir le Scagadh IDC

I gCaibidil 3 tugadh achoimre ar leibhéal na gníomhaíochta um scagadh ar an leibhéal náisiúnta. Cumhdaíonn sé na hinfheistíochtaí a thaifeadadh ar an leibhéal náisiúnta a chomhlíon na coinníollacha le bheith faoi réir scagtha faoin Rialachán IDC.

In 2021, chuir 13 Bhallstát san iomlán 414 fógra isteach 23 , de bhun Airteagal 6 den Rialachán maidir le Scagadh IDC, i gcomparáid le 11 Bhallstát le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcéad tuarascáil bhliantúil maidir le scagadh IDC 24 . Fuarthas níos mó ná 85 % de na fógraí sin ó chúig Bhallstát, is iad sin an Ostair, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Spáinn. Bhí éagsúlacht mhór sna hidirbhearta ó thaobh earnálacha na spriocanna infheistíochta, tionscnaimh an infheisteora deiridh agus luach an idirbhirt.

Ba iad na cúig earnáil ina raibh an líon ab airde idirbheart TFC, Monaraíocht, Gníomhaíochtaí Airgeadais 25 , Mórdhíol agus Miondíol, agus Foirgníocht 26 (sa chéad tuarascáil bhliantúil, rinneadh ‘Foirgníocht’ a ionchorprú sa chatagóir ‘Eile’). Na chéad trí earnáil, ba iad na cinn chéanna a bhí sa chéad tuarascáil bhliantúil, ach tá siad in ord éagsúil anois.

Figiúr 8 – Na príomhearnálacha ar díríodh orthu, ar an iomlán, in 2021 27

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

Ag féachaint ar luach na nidirbheart, bhí luach 28 níos lú ná 29 EUR 500 milliún ag formhór na nidirbheart, ach bhain an pháirt is mó (34 %) le hidirbhearta os cionn EUR 500 milliún.

Figiúr 9 – Luach ar leith in aghaidh idirbheart IDC ar tugadh fógra ina leith in 2021 30

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

Léiríonn na hidirbhearta ar tugadh fógra ina leith raon leathan ó thaobh luachanna de, agus ba é an luach trádála is ísle EUR 1 billiún agus ba é thart ar EUR 29-31 billiún an luach ab airde.

Foráiltear sa Rialachán maidir le Scagadh IDC go ndéanfar measúnú ar idirbhearta IDC in dhá chéim fhéideartha: Déantar measúnú ar na hidirbhearta uile a thugtar fógra ina leith mar chuid de Chéim 1, agus ní théann ach líon teoranta díobh ar aghaidh go Céim 2. Measúnú níos mionsonraithe ar chásanna atá i gceist le Céim 2, cásanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i níos mó ná aon Bhallstát amháin, nó a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach cásanna Chéim 2 a thabhairt chun críche i ndeireadh na dála, agus tuairim a eisiúint maidir leis an gcás atá i gceist.



As na 414 chás ar tugadh fógra ina leith, dhún an Coimisiún Eorpach 86 % díobh i gCéim 1, agus chuaigh 11 % (14 % sa tuarascáil roimhe sin) ar aghaidh go Céim 2, agus iarradh ar an mBallstát a thugann fógra tuilleadh faisnéise a chur ar fáil. Bhí 3 % de na cásanna sin fós ar siúl ar scoithdháta na tuarascála seo, i.e. níor dúnadh iad go fóill i gCéim 1 ná i gCéim 2 31 . 

Bíonn éagsúlacht mhór ann ó thaobh na faisnéise bhreise a iarrann an Coimisiún Eorpach agus Céim 2 á hoscailt aige, rud a bhraitheann ar an idirbheart sonrach agus ar mhionsonraí agus cáilíocht na faisnéise a thacaíonn leis an bhfógra 32 .

Figiúr 10 – Cásanna a dúnadh i gCéim 1 agus i gCéim 2 agus cásanna atá ar siúl

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

De ghnáth áirítear ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas san fhaisnéis a iarrtar: sonraí maidir le táirgí agus/nó seirbhísí na sprioc-chuideachta; aicmiú féideartha dé-úsáide aon táirge lena mbaineann; custaiméirí, soláthróirí malartacha agus sciartha den mhargadh; tionchar an infheisteora ar an sprioc-chuideachta tar éis an idirbhirt; punann maoine intleachtúla agus gníomhaíochtaí T&D na sprioc-chuideachta; agus saintréithe sainiúla breise an infheisteora agus a straitéise. Iarrtar an fhaisnéis sin chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chriticiúlacht na sprice nó na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr an infheisteora.

Ba iad na príomhearnálacha a bhí i gceist i gcásanna Chéim 2 Monaraíocht, TFC agus Gníomhaíochtaí Airgeadais. Bhain 76 % de na cásanna Chéim 2 uile le Monaraíocht agus TFC. Tháinig méadú suntasach go leor ar earnáil TFC, ó 17 % sa tuarascáil roimhe seo go dtí 32 % sa cheann seo.



Figiúr 11 - Príomhearnálacha ar díríodh orthu i gCéim 2 i gcásanna 2021 33

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

Maidir leis an earnáil is mó – monaraíocht – cumhdaíonn sí bonneagair agus/nó teicneolaíochtaí criticiúla, i.e. cosaint, aeraspás, fuinneamh, sláinte (lena n‑áirítear an chógaisíocht) agus trealamh leathsheoltóra. Baineann beagnach leath de na fógraí san earnáil sin le cosaint agus aeraspás (45 %).

Figiúr 12 - Fo-earnálacha monaraíochta i gCéim 2 i gcásanna 2021

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit

Bhain 47 gcás Chéim 2 le naoi mBallstát 34 . Maidir leis na cásanna Chéim 2 uile, ba é 22 lá féilire (i gcomparáid le 31 lá féilire sa chéad tuarascáil) an mheántréimhse ama a thóg sé ar Bhallstáit an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil, agus bhí an raon idir 3 agus 101 lá (i gcomparáid le 2 lá féilire go 101 lá féilire sa chéad tuarascáil).

Ní leagtar síos amlínte beachta sa Rialachán IDC ar laistigh díobh is gá do na Ballstáit freagairt, ach cuirtear amlínte an Rialacháin ar fionraí go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis iomlán.

Maidir le tionscnamh an infheisteora deiridh, sna 414 cás a cuireadh in iúl don Choimisiún Eorpach in 2021, ba iad na cúig phríomhthír tionscnaimh na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an tSín, Oileáin Cayman agus Ceanada. Bhain níos lú ná 1.5 % de na cásanna leis an Rúis agus bhain 0.2 % leis an mBealarúis.

Figiúr 13 – Tionscnamh Infheisteoirí Deiridh i gcásanna 2021

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

As na cásanna uile ar tugadh fógra ina leith in 2021, idirbhearta il-dlínse IDC a bhí in 28 % díobh (i gcomparáid le 29 % sa chéad tuarascáil), mar gur bhain siad le roinnt Ballstát (nó gur thug roinnt Ballstát fógra ina leith) 35 . Ba iad na príomhearnálacha arbh ábhar fógraí den sórt sin iad TFC, Monaraíocht, Mórdhíol agus Miondíol, agus Gníomhaíocht Airgeadais.

Tábla - Idirbhearta il-dlínse IDC agus na príomhearnálacha

TFC 39 %

Monaraíocht 20 %

Mórdhíol agus miondíol 11 %

Gníomhaíochtaí airgeadais 9 %

Eile 32 %

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit

Cé is moite de na cásanna uile a fógraíodh de bhun Airteagal 6 den Rialachán, níor bhain an Coimisiún Eorpach úsáid as Airteagal 7 den Rialachán in 2021 (ach rinne sé amhlaidh roimhe sin, mar a luadh sa chéad tuarascáil). Le hAirteagal 7 ceadaítear don Choimisiún Eorpach scagadh a dhéanamh ex officio ar infheistíochtaí a bhfuil sé ar an eolas fúthu in éineacht le Ballstát, is cuma cé acu atá sásra um scagadh dá chuid féin ag an mBallstát sin nó nach bhfuil.

Maidir le tuairimí ón gCoimisiún a ghlacadh, de bhun Airteagail 6, 7 nó 8 den Rialachán, is tuairimí rúnda i gcónaí iad sin de bhun Airteagal 10 den Rialachán. Dá bhrí sin, ní féidir aon fhaisnéis a fhoilsiú maidir le tuairimí aonair sa tuarascáil seo.

Eisíodh tuairimí i níos lú ná 3 % de na cásanna uile ar tugadh fógra ina leith (an figiúr céanna bhí sa chéad tuarascáil bhliantúil), agus ní eisítear iad ach amháin nuair is gá sin agus má cheanglaítear sin de réir imthosca an cháis, go sonrach an phróifíl riosca a bhaineann leis an infheisteoir agus an chriticiúlacht a bhaineann le sprioc infheistíochta. Nuair a eisítear iad, bíonn aon bheart maolaitheach a mholtar comhréireach agus sonrach i dtaca leis na rioscaí agus leis an gcriticiúlacht a shainaithnítear.

D‘fhéadfadh sé gurb é a bheadh i dtuairimí ón gCoimisiún faisnéis ábhartha a roinnt le Ballstát a bhfuil scagadh á dhéanamh aige, agus d’fhéadfadh sé go molfaí bearta maolaitheacha féideartha iontu freisin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta.

Ar deireadh thiar, is faoin mBallstát ina ndéanfar an infheistíocht a bheidh sé cinneadh a dhéanamh faoin idirbheart, agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon tuairim ón gCoimisiún.

Tagtar ar na príomhchonclúidí céanna i bhfianaise na sonraí thuas is a bhí ann sa chéad tuarascáil bhliantúil.

Ar an gcéad dul síos, tá próiseáil na gcásanna trí shásra comhair an Aontais ag feidhmiú go maith go fóill. As na 414 cás ar tugadh fógra ina leith in 2021, dúnadh an tromlach mór (86 %) i gCéim 1, i.e. go han‑tapa, agus níor dúnadh ach 11 % de na cásanna fógartha (i gcomparáid le 14 % sa tréimhse a cumhdaíodh sa tuarascáil roimhe sin) i gCéim 2, ní raibh tuairim ón gCoimisiún ann ach i gcás níos lú ná 3 % de na cásanna.

Ar an dara dul síos, tá scagadh i measc na mBallstát ag éirí níos éagsúlaithe. Go deimhin, thart ar 70 % de na hiarratais uile a fuarthas in 2021, bhain siad le ceithre Bhallstát, ach 86.5 % a bhí san fhigiúr sin sa chéad tuarascáil bhliantúil.

Ar an tríú dul síos, cé go ndéantar measúnú tapa ar fhormhór na gcásanna i gCéim 1, laistigh den 15 lá féilire a leagtar síos, tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh fhad na gcásanna a théann isteach i gCéim 2 i bhfianaise an ama a theastaíonn ó na Ballstáit freagraí a thabhairt ar iarraidh ón gCoimisiún ar fhaisnéis bhreise, agus is minic a bhíonn siad ag brath ar an infheisteoir maidir leis an bhfaisnéis a iarradh.

Ar an gceathrú dul síos, na príomhearnálacha atá i gceist (TFC, Monaraíocht, Gníomhaíochtaí Airgeadais, agus Mórdhíol agus Miondíol) agus tionscnamh an infheisteora deiridh (Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an tSín, Oileáin Cayman agus Ceanada) i gcásanna ar tugadh fógra ina leith faoin Rialachán, léiríonn siad sin den chuid is mó na treochtaí infheistíochta foriomlána a gcuirtear síos orthu i gCaibidil 1 den tuarascáil bhliantúil seo agus i Roinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi maidir le príomhearnálacha agus tionscnamh an infheisteora deiridh.

Ar an gcúigiú dul síos, bhain líon suntasach cásanna ar thug na Ballstáit fógra ina leith le ceann amháin nó níos mó de na tosca atá le breathnú a liostaítear in Airteagal 4 den Rialachán. Áirítear leis sin go háirithe bonneagar criticiúil, teicneolaíocht agus ítimí dé-úsáide, agus rochtain ar fhaisnéis íogair, chomh maith le húinéireacht, rialú nó tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rialtas ar an infheisteoir coigríche.

2.Infheistíocht dhíreach choigríche ón Rúis agus ón mBealarúis i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le tacaíocht ghníomhach ón mBealarúis, in 2022 tá an tAontas Eorpach ag glacadh pacáistí móra láidre de bhearta sriantacha (‘smachtbhannaí’) i gcoinne an dá thír. Dearadh na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise chun an bonn a bhaint de chumas na Creimile an cogadh a mhaoiniú, costais shoiléire eacnamaíocha agus pholaitiúla a fhorchur ar scothaicme pholaitiúil na Rúise atá freagrach as an ionradh agus chun bonn eacnamaíoch na tíre a laghdú. I bhfianaise na tacaíochta ábhartha ón mBealarúis d’ionradh na Rúise, ghlac an tAontas smachbhannaí breise i gcoinne na Bealarúise. Tá na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise ceaptha chun go mbeidh an tionchar céanna acu is atá ag na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.

Cé gur ionstraimí dlí ar leith iad scagadh agus smachtbhannaí IDC, agus cuspóir éagsúil ag gach ceann acu mar aon le bealach éagsúil oibriúcháin, i ngeall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine tá gá le níos mó airde ar infheistíochtaí díreacha na Rúise agus na Bealarúise laistigh den Aontas. Tá níos mó i gceist leis sin ná hinfheistíochtaí a dhéanann daoine nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí. Sna cúinsí reatha, aon infheistíocht – a bhaineann go díreach nó go hindíreach le duine nó le heintitis a bhfuil baint aige, nó atá faoi rialú, nó faoi réir tionchair, rialtas na Rúise nó rialtas na Bealarúise – i sócmhainní criticiúla san Aontas, tá baol níos airde ann go bhféadfadh sí a bheith ina bagairt don tslándáil nó don ord poiblí sna Ballstáit.

I bhfianaise an mhéid sin, i mí Aibreáin 2022 ghlac an Coimisiún Eorpach Treoir 36 do na Ballstáit maidir le IDC ón Rúis agus ón mBealarúis, chun a áirithiú go dtabharfar aird ar leith ar infheistíochtaí i sócmhainní criticiúla an Aontais ó eintitis nó ó dhaoine a bhfuil baint acu ar bhealach éigin le rialtais na Rúise nó na Bealarúise.

3.Bearta a glacadh ón 1 Eanáir 2021 agus a mbeidh ar siúl tráth is faide anonn

Is é atá sa tuarascáil seo comhdhlúthú beartais Eorpaigh, rud atá riachtanach do chosaint na slándála agus an oird phoiblí san Aontas. Go deimhin, trí shásraí um scagadh IDC de chuid na mBallstát a chruthú agus a fheabhsú go leanúnach, trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar shásra comhair an Aontais le linn 2021, agus tríd an gcomhar IDC le tíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear le Stáit Aontaithe Mheiriceá trí Mheitheal na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta maidir le IDC, bhí an tAontas in ann bunsraitheanna chóras an Aontais um scagadh a chomhdhlúthú. Tá an tAontas Eorpach – díreach os cionn bliain go leith tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin – ina ghníomhaí seanbhunaithe réamhghníomhach i réimse scagadh IDC cheana.

Deimhnítear sa tuarascáil breisluach soiléir an Rialacháin maidir le IDC agus an tsásra comhair. Tá sé cruthaithe gur uirlis luachmhar agus éifeachtach é. Níor tuairiscíodh aon sceitheadh maidir le fógraí, tuairimí nó gníomhaíocht eile faoin Rialachán. Láimhseáil agus cosaint iomchuí aon fhaisnéise a chuirtear isteach chun críche Airteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán, tá siad ríthábhachtach chun an mhuinín is gá a áirithiú idir na páirtithe uile lena mbaineann, i.e. na páirtithe in idirbheart, an Ballstát a thugann fógra, na 26 Bhallstát eile agus an Coimisiún Eorpach.

Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin a éascú agus chun leibhéal níos airde comhréireachta agus iomláine a áirithiú maidir le fógraí a chuireann na Ballstáit isteach, de bhun Airteagal 6 den Rialachán, chuir an Coimisiún leaganacha nuashonraithe den fhoirm fógra ar fáil d’infheisteoirí. Chuir sé doiciméad le haghaidh Ceisteanna Coitianta ar fáil freisin (i mí an Mheithimh 2021).

Maidir le dea-chleachtais, tá an Coimisiún Eorpach ag leanúint de mhalartuithe idir na Ballstáit a éascú, tar éis dó an chéad chruinniú ar an láthair a eagrú le hionadaithe ó na Ballstáit uile i mí an Mhárta 2022, tar éis malartuithe fíorúla a bheith ar siúl le linn na paindéime. Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfaí, ar an iomlán, tuilleadh feabhais a dhéanamh, go háirithe i réimsí a shainaithníonn na Ballstáit. Ach chomhaontaigh na hionadaithe uile go bhfuil feidhmiú na hionstraime agus an tsásra an‑sásúil agus go bhfuil breisluach ard ann dá mbarr – ó thaobh na gcinntí a dhéanann na húdaráis náisiúnta faoi na hidirbhearta atá i gceist agus ó thaobh leas an Aontais Eorpaigh (tionscadail nó cláir) a chosaint.

Tá an Coimisiún Eorpach ag súil go láidir go nglacfaidh agus go neartóidh tuilleadh Ballstát reachtaíocht náisiúnta um scagadh IDC agus sásraí gaolmhara maidir le hinfheistíochtaí coigríche a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. Cuireadh an dearcadh sin in iúl roinnt uaireanta cheana, go sonrach i dTreoir 2020 do na Ballstáit maidir le conas scagadh IDC a úsáid in aimsir géarchéime sláinte poiblí agus leochaileachta eacnamaíche san Aontas 37 – agus le déanaí i dTreoir do na Ballstáit maidir le IDC ón Rúis agus ón mBealarúis 38 . Ba cheart go mbeadh sásra den sórt sin i bhfeidhm ag na 27 mBallstát, luath nó mall, agus ar an gcaoi sin ba cheart go rannchuideodh sé go díreach leis an gcuspóir slándála coitinne. Mar thoradh ar an méadú ar líon na mBallstát ag a bhfuil sásra náisiúnta um scagadh IDC, ba cheart dlús a chur leis an gcomhar faoin Rialachán maidir le Scagadh IDC. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil an timpeallacht eacnamaíoch cinnte, is deacra líon agus nádúr na bhfógraí a bheidh ann amach anseo a thuar.

Maidir le bealaí le haghaidh forbairtí a dhéanamh amach anseo, sheol an Coimisiún Eorpach staidéar maidir leis an sásra comhair IDC in 2021. Is é is cuspóir dó measúnú a dhéanamh ar an nasc idir an scagadh a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach, agus aon saincheist shuntasach éifeachtúlachta nó éifeachtachta a shainaithint i bhfianaise spriocanna beartais an Rialacháin maidir le Scagadh IDC 39 . Cuirfidh an staidéar le machnamh an Choimisiúin ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le hathbhreithniú ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC in 2023. Tá coinne leis go dtabharfar an staidéar chun críche i samhradh 2022.

(1)

   Chumhdaigh an chéad tuarascáil bhliantúil tréimhse níos giorra, i.e. ón 11 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Mar sin, tá forluí ann idir an tuarascáil seo lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 go dtí an 30 Meitheamh freisin.

(2)

ECFE, FDI IN FIGURES , Aibreán 2022.

(3)

Pitchbook, Global M&A report , 2021.

(4)

GLUAIS: Úsáidimid an téarma infheisteoir coigríche chun eintitis nach eintitis AE iad (cuideachtaí nó daoine) a aithint, eintitis a fhaigheann bunanna cothromais nó a chuireann tús le tionscadail infheistíochta úrnua (i mbeagán focal: ‘infheistíochtaí úrnua’) san Aontas. Úsáidtear na téarmaí coigríche agus neamh‑AE go hidirmhalartach. Tríd an téacs aithneofar leis an téarma éadálacha bunanna cothromais a fhaightear i gcuideachtaí AE, bíodh cumaisc agus éadálacha i gceist nó bunanna faoi bhun 50 % agus os cionn 10 % den chaipiteal, agus leis an téarma idirbhearta déanfar tagairt do shuim na n‑éadálacha agus na n‑infheistíochtaí úrnua. Tagraíonn idirbhearta coigríche d’oibríochtaí ina bhfuil úinéir deiridh lasmuigh den Aontas ag an infheisteoir. Is éard atá san úinéir deiridh eintiteas ar leis, go díreach nó go hindíreach, 50.01 faoin gcéad ar a laghad de scaireanna an infheisteora dhírigh.

(5)

Féach an anailís ar infheistíochtaí Síneacha, Rhodium (2022).

(6)

Is amhlaidh atá i gcás, mar shampla, na Stát Aontaithe, na dTíortha Eischósta, Cheanada agus na hIorua.

(7)

Is iad na príomhthíortha eischósta de réir an líon cumasc agus éadálacha nó infheistíochtaí úrnua (in ord aibítre): Beirmiúda, Ógh‑Oileáin na Breataine, Oileáin Cayman, Oileán Mhuirís agus Oileáin Mhuir nIocht na Ríochta Aontaithe. Le haghaidh liosta iomlán na nIonad Airgeadais Eischósta, féach e.g. Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Obair Leantach ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fáilte a chur roimh infheistíocht dhíreach choigríche agus leasanna fíor-riachtanacha á gcosaint san am céanna – SWD(2019) 108 final – an 13 Márta 2019.

(8)

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi ‘Scairsheilbh na Rúise san Eoraip (AE27)’ sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis.

(9)

Féach fonóta 7.

(10)

An borradh nua faoi infheistíochtaí úrnua atá le feiceáil sa ghrúpa an Chuid eile den Aontas, is iad an Ungáir, an tSeicia agus an Ghréig atá taobh thiar de. Bhí 2.4 % de na hinfheistíochtaí úrnua coigríche uile san Aontas in 2021 san Ungáir, ar méadú 38 % é ar 2020. Bhí 1.5 % de na hinfheistíochtaí úrnua coigríche uile in 2021 sa tSeicia, ar méadú +50 % é ar 2020, agus bhí 1.4 % de na hinfheistíochtaí uile sa Ghréig, ar méadú +63 % é.

(11)

Tagraíonn na catagóirí a úsáidtear do Struchtúr Leathan NACE Ath. 2, féach: https://ec.europa.eu/eurostat/web/nace-rev2 .

(12)

Ach le hAirteagal 3 den Rialachán maidir le Scagadh IDC, leagtar amach oibleagáid go n‑áiritheoidh aon Bhallstát den Aontas ag a bhfuil sásra um scagadh IDC na nithe seo a leanas maidir le sásra den sórt sin:

• go mbíonn tréimhsí ama sainithe aige;

• go bhfuil sé trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach;

• go gceadaíonn sé aon bharúil ó Bhallstát eile a chur san áireamh, chomh maith leis an tuairim ón gCoimisiún;

• go gceadaíonn sé do na páirtithe ábhartha sásamh a lorg i dtaca le cinneadh diúltach ó údarás um scagadh;

• go gcoinníonn sé bearta ar bun chun cosc a chur le dul timpeall ar shásraí um scagadh IDC agus ar chinntí gaolmhara.

(13)

Treoir do na Ballstáit maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus saorghluaiseacht chaipitil ó thríú tíortha, agus do chosaint shócmhainní straitéiseacha na hEorpa, roimh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/452 (Rialachán maidir le Scagadh IDC), IOAE C 99I, 26.3.2020, lgh. 1-5: ‘(...) iarrann an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

- Úsáid iomlán a bhaint as na sásraí um scagadh IDC atá acu cheana féin anois chun na rioscaí atá ann do bhonneagair chriticiúla sláinte, do sholáthar ionchur criticiúil, agus d’earnálacha criticiúla eile, mar a fhoráiltear i gcreat dlíthiúil an Aontais, a chur san áireamh ina n‑iomláine;

- I gcás na mBallstát sin nach bhfuil sásra um scagadh acu faoi láthair, nó nach gcumhdaítear na hidirbhearta uile lena sásraí um scagadh, sásra lánfhorbartha um scagadh a bhunú agus, idir an dá linn, úsáid a bhaint as na roghanna uile eile atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina gcruthófar, de bharr éadáil nó rialú gnó, bonneagair nó teicneolaíochta áirithe, riosca don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas, lena n‑áirítear riosca do bhonneagair chriticiúla sláinte agus do sholáthar ionchur criticiúil.

(14)

Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoir do na Ballstáit a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche ón Rúis agus ón mBealarúis i bhfianaise an ionsaithe i gcoinne na hÚcráine agus na bearta sriantacha arna leagadh síos sna Rialacháin ón gComhairle le déanaí maidir le smachtbhannaí, IOAE C 151 I, 6.4.2022, lgh. 1-12.

(15)

Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin lena ngabhann le haghaidh tuilleadh sonraí.

(16)

Is moladh do na Ballstáit í foirm fógra an Aontais maidir le conas is féidir idirbhearta a chur in iúl do shásra comhair an Aontais.

(17)

I reachtaíocht na Gearmáine, tugtar tuairisc ar earnálacha le cásghrúpaí. Dá réir sin, an gnólacht a bhaineann le hidirbheart, má bhaineann sé le haon cheann de na hearnálacha sin, ní mór d’infheisteoirí fógra a thabhairt d’údaráis faoin idirbheart agus beidh forghníomhú an idirbhirt (‘dúnadh’) neamhbhailí go dtí go bhformheasfaidh údaráis na Gearmáine é.

(18)

Tá liosta na sásraí um scagadh ar thug na Ballstáit fógra ina leith ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2019/june/tradoc_157946.pdf  

(19)

Níor thuairiscigh roinnt Ballstát aon chás faoina reachtaíocht um scagadh. Chomh maith leis sin, thuairiscigh Ballstát amháin figiúr ginearálta maidir le líon na n‑iarrataí ar údarú agus dhá fhigiúr (pháirteacha) maidir le torthaí. Chuir Ballstát eile in iúl líon i bhfad níos lú cásanna a ndearnadh scagadh orthu in 2021 - i gcomparáid leis an líon a cuireadh in iúl don chéad tuarascáil - mar rinne sé réamh‑mheasúnú ar chomhaid sular tháinig a reachtaíocht i bhfeidhm. Thuairiscigh roinnt Ballstát freisin go ndearnadh ‘comhairliúcháin’ maidir le hincháilitheacht na gcásanna, a chuirtear san áireamh sa líon sin.

(20)

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil nósanna imeachta éagsúla um scagadh i bhfeidhm ag na Ballstáit, rud a fhágann go mbraitheann na cásanna a thuairiscítear ar nósanna imeachta intíre (raon feidhme, seiceáil incháilitheachta roimh ré nó níos déanaí, etc.). Mar shampla, dearbhaíonn roinnt Ballstát nach bhfuil cásanna incháilithe sula dtugtar faoi nós imeachta foirmiúil um scagadh, ach déanann roinnt eile cásanna a scagadh go foirmiúil ar dtús agus dearbhaíonn siad ansin nach bhfuil siad incháilithe. Mar sin, is é is aidhm do na graif agus do na huimhreacha a thuairiscítear sa chaibidil seo gníomhaíochtaí um scagadh de chuid na mBallstát a léiriú go cruinn de réir mar a thuairiscíonn siad iad, beag beann ar a gcóras intíre.

(21)

20 % a bhí ann sa chéad tuarascáil bhliantúil don bhliain iomlán 2020.

(22)

As iomlán na gcásanna tuairiscithe a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu, baineadh roinnt cásanna chun na sonraí i bhFigiúr 7 a tháirgeadh. Go deimhin, thuairiscigh na Ballstáit toradh na gcinntí in 68.5 % de na cásanna. Thairis sin, rinneadh roinnt cásanna a thabhairt anonn go dtí 2022 agus dá bhrí sin níorbh eol a dtoradh in 2021. Chomh maith leis sin, thuairiscigh Ballstát amháin na cásanna a baineadh, Ballstát nár chuir in iúl ach dhá cheann de cheithre thoradh fhéideartha sna cásanna sin.

(23)

   Áirítear leis sin 5 chás a fógraíodh roimh ré in 2020 ach a láimhseáladh in 2021.

(24)

     Féach https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2021/november/tradoc_159935.pdf

(25)

     Cuimsíonn gníomhaíochtaí airgeadais gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag sealúchais, cistí nó gníomhaithe comhchosúla san earnáil airgeadais (nó atá inchurtha ina leith), arb é is aidhm dóibh bun sonrach (cothromais) nó rialú a fháil i sprioc-chuideachta.

(26)

     Sa chéad tuarascáil bhliantúil, ba iad Monaraíocht, TFC agus Mórdhíol agus Miondíol a bhí ann, a catagóiríodh faoi na cóid NACE C, J agus G faoi seach.

(27)

     Ós rud é gur féidir roinnt earnálacha (i.e. cóid NACE) a chuimsiú le cásanna, tá an tiomlán sa ghraf níos airde ná líon iomlán na gcásanna ar tugadh fógra ina leith in 2021. Cuimsíonn an chatagóir ‘eile’ na hearnálacha uile eile faoi bhun 4 %, mar shampla soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe; iompar agus stóráil.

(28)

     Baineann an luach, nuair is ann dó, leis an sprioc-chuideachta, a d’fhéadfadh a bheith ina fochuideachta atá bunaithe san Aontas de chuid sprioc chorparáideach níos mó.

(29)

     Sa chéad tuarascáil bhliantúil, bhí luach níos ísle ag formhór na nidirbheart, i.e. laistigh den raon EUR 10-100 milliún, agus bhí an luach ab airde ag idirbhearta in earnáil TFC ó thaobh comhaontuithe de, agus bhí an raon luachanna is ísle ann i gcás idirbhearta na hearnála ‘Gníomhaíochtaí seirbhíse eile’.

(30)

     Áirítear le N/B bánáin, sonraí nach bhfuil ar fáil/nach bhfuil nochta agus an freagra ‘ní bhaineann le hábhar’.

(31)

     Ón 31 Nollaig 2021, as na 414 cás ar tugadh fógra ina leith, bhí 11 díobh fós ar siúl ar scoithdháta na tuarascála seo.

(32)

     An fhoirm fógra le haghaidh faisnéise ó infheisteoir chun críocha fógra a thabhairt de bhun Airteagal 6 den Rialachán, agus doiciméad nuashonraithe Ceisteanna Coitianta, áirithíonn siad go soláthraítear méid áirithe aonfhoirmeachta agus íosleibhéal faisnéise faoin infheisteoir agus faoin sprioc infheistíochta i bhfógraí faoin Rialachán. Tá an dá dhoiciméad ar fáil ag http://trade.ec.europa.eu/doclib/press/index.cfm?id=2006

(33)

Féach fonóta 25.

(34)

Sa chéad tuarascáil, bhain 36 chás Chéim 2 le sé Bhallstát.

(35)

     Sa chomhthéacs sin, tagraíonn ‘idirbhearta il-dlínse IDC’ d’idirbhearta IDC i gcás inar grúpa corparáideach é an sprioc infheistíochta a bhfuil láithreacht aige i níos mó ná Ballstát amháin (agus, b’fhéidir, i dtríú tíortha freisin), e.g. trí mheán fochuideachtaí i níos mó ná Ballstát amháin. Ag brath ar na himthosca, agus ag brath freisin ar shaintréithe an tsásra um scagadh sna Ballstáit ábhartha, tugann níos mó ná Ballstát amháin fógra faoi chomhaontuithe den sórt sin, cé gurb annamh a dhéantar iad ar bhealach comhordaithe agus sioncronaithe.

(36)

Féach fonóta 14.

(37)

Féach fonóta 13.

(38)

Féach fonóta 14.

(39)

Is iad cuspóirí sonracha an staidéir (i) forbhreathnú a chur ar fáil ar reachtaíocht reatha na mBallstát a bhfuil sásra um scagadh acu faoi láthair; (ii) athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a rialaíonn an reachtaíocht náisiúnta agus an Rialachán maidir le Scagadh IDC an idirghníomhaíocht idir na húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún Eorpach laistigh den sásra comhair a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC; (iii) aon fhadhb shuntasach a shainaithint i gcóras reatha na ndlíthe náisiúnta agus sa Rialachán maidir le Scagadh IDC a bhféadfadh torthaí nach mbeadh chomh héifeachtach agus/nó chomh héifeachtúil céanna a bheith mar thoradh orthu i bhfianaise spriocanna beartais an Rialacháin um Scagadh IDC, agus, (iv) an gá atá ann an t‑ualach riaracháin atá ar infheisteoirí agus ar pháirtithe leasmhara eile a choinneáil comhréireach leis na spriocanna beartais agus le hábhair imní a bhaineann leis an tslándáil nó leis an ord poiblí.