An Bhruiséil,28.7.2022

COM(2022) 386 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2020/521 i ndáil le le tacaíocht éigeandála a ghníomhachtú chun an caiteachas is gá a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19


Clár na nÁbhar

1.Réamhrá

2.An Ionstraim Tacaíocht Éigeandála a Ghníomhachtú

2.1.Ionstraim a rinneadh chun freagairt do ghéarchéim atá ag síorathrú

2.2.Rialachas agus cinnteoireacht

2.3.Buiséad agus cur chun feidhme

2.4. Cumarsáid agus comhordú

3.Aschuir agus torthaí

3.1.Gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin ESI

3.1.1. Pacáiste Soghluaisteachta

3.1.2. Saoráid le haghaidh táirgí riachtanacha a bhaineann leis an tsláinte

3.1.3. Cóireáil ar othair COVID-19 le plasma téarnaimh

3.1.4. Tástáil chliniciúil ar chógais ar athraíodh a gcuspóir chun cóireáil a chur ar othair SARS-COV-2

3.1.6. Tacaíocht i saoráidí fáiltithe sa Ghréig

3.1.7. Córais cheannródaíocha chun dul i ngleic go héifeachtach le scaipeadh an víris

3.1.8. Tagarmharc fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim: DDC AE

3.1.9. Ardán comhchoiteann malartaithe foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí

3.2.Feidhmiú agus Feidhmíocht

3.2.1.Iarracht gan fasach: vacsaíní a mhaoiniú san Aontas agus níos faide i gcéin

4.Luach breise a bhaineann le gníomhachtú rialachán ESI i gcomhthéacs phaindéim COVID 19

5.An bealach ar aghaidh



1.Réamhrá

D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go raibh COVID-19 ina phaindéim an 11 Márta 2020. Mar thoradh ar an bpaindéim, fuair líon mór daoine bás san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain agus ghlac na Ballstáit bearta eisceachtúla chun scaipeadh an víris a theorannú, rud a raibh iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta agus eacnamaíocha mar thoradh air. Cuireadh brú mór ar chórais náisiúnta cúraim sláinte agus i roinnt cásanna, tá sé mar sin fós: Bhí ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ard‑riachtanais phráinneacha maidir le feistí leighis, trealamh cosanta pearsanta, agus táirgí íocshláinte lena n‑áirítear cóireálacha agus vacsaíní COVID-19, leapacha ospidéil breise agus neartú an lucht saothair. Cé go bhfuil Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ag maolú na srianta de bharr na paindéime agus go bhfuil déine na breoiteachta de bharr athraitheach Omicron an víris mar aon le himdhíonacht feabhsaithe arna spreagadh ag vacsaíní - ag laghdú le cúpla mí anuas, tá an víreas fós ina bhagairt leanúnach agus d’fhéadfadh na brúnna breise ar sheirbhísí sláinte leanúint ar aghaidh le ráigeanna nua d’ionfhabhtuithe COVID-19.

Mar gheall ar scaipeadh tapa an víris san Earrach in 2020 agus an staid chriticiúil bhí gá le freagairt chuimsitheach AE chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim de mheon dlúthpháirtíochta. Ba léir roimh i bhfad nárbh leor na gníomhaíochtaí luatha a rinne na Ballstáit go neamhspleách le freastal ar riachtanais na saoránach agus bhí an baol ann go ndéanfaí damáiste níos leithne don mhargadh aonair leo.

Thángthas ar chomhthoil AE go gasta chun tacaíocht éigeandála bunaithe ar riachtanais a sholáthar chun an t‑angar daonna a chosc agus a mhaolú, agus chun dínit an duine a choimeád. Chuirfeadh an tacaíocht sin le hiarrachtaí na mBallstát. I mí Aibreáin 2020, d’aontaigh an Chomhairle an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (ESI) a ghníomhachtú. Leis an ESI éascaíodh tacaíocht dhíreach do na Ballstáit trí leas a bhaint as bearta spriocdhírithe ar bhonn straitéiseach agus ar bhealach comhordaithe.

Leis an ESI soláthraíodh bosca uirlisí leathan d’earnálacha cúraim sláinte na mBallstát chun tacú leis na córais cúraim sláinte náisiúnta agus chun iad a chomhlánú ina n‑iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim. Cuireadh ionstraim thapa sholúbtha éifeachtúil ar fáil leis chun géariarmhairtí láithreacha na paindéime a mhaolú.

Is é is aidhm don tuarascáil seo forléargas a thabhairt ar phríomhthionchar an ESI ó gníomhaíodh é i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, anailís a thabhairt ar na príomhdhúshláin a bhí ann, agus breac-chuntas a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe amach anseo.

2.An Ionstraim Tacaíocht Éigeandála a Ghníomhachtú

Bunaíodh an ESI in 2016 (Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 1 ) agus gníomhachtaíodh ar dtús é ar feadh tréimhse trí bliana mar fhreagairt ar phlódú isteach dídeanaithe agus imirceach san Aontas.

An 2 Aibreán 2020, mhol an Coimisiún an ESI 2 a ghníomhachtú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022. Rinneadh eolas dó leis an gcéad suirbhé maidir le riachtanais a bhaineann le géarchéim (measúnú ar riachtanais) a rinne ranna an Choimisiúin, lenar soláthraíodh an liosta neamhuileghabhálach de réimsí gníomhaíochta féideartha ESI atá cuimsithe ina thogra gníomhachtúcháin. I gcomhthráth leis sin, mhol an Coimisiún an Dréachtbhuiséad Leasaitheach gaolmhar 2/2020 agus rinne sé idirbheartaíocht ina leith leis an Údarás Buiséadach chun EUR 3 000 000 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 1 530 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus as sin EUR 2 700 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 1 380 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi cheannteideal 3 Slándáil agus Saoránacht chun soláthar tacaíochta éigeandála laistigh den Aontas a mhaoiniú tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.

An 14 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/521 ón gComhairle lena ngníomhachtaítear tacaíocht éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle agus lena leasaítear a fhorálacha chun an caiteachas ba ghá chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 a mhaoiniú. Glacadh le buiséad leasaitheach 2/2020 an 17 Aibreán 2020.

2.1.Ionstraim a rinneadh chun freagairt do ghéarchéim atá ag síorathrú

Dearadh gníomhachtú an ESI chun éascaíocht a dhéanamh ar fhreagairt chuimsitheach agus sholúbtha do riachtanais phráinneacha, athraitheacha agus éagsúla na mBallstát a tháinig chun cinn le linn na paindéime.

Go háirithe i luathchéim na géarchéime, chuir an easpa faisnéise faoi riachtanais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta/fonáisiúnta araon moill ar an bhfreagairt chomhchoiteann. Chun é sin a mhaolú, treisíodh obair Theach Imréitigh COVID-19 do threalamh leighis 3 , agus go háirithe torthaí shuirbhéanna agus réamhmheastacháin ar riachtanais a Bhallstát, chun clár gníomhaíochta don ionstraim a leagan síos. Rinneadh na riachtanais a thuairiscigh na Ballstáit a sheiceáil i gcoinne mhodheolaíocht eipidéimeolaíochta an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) chun dáileadh cothrom trealaimh agus táirgí lena ndeonú do na Ballstáit a áirithiú.

I gcomhréir leis an mbunús dlí, chomhoibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun an ionstraim a chur chun feidhme. Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an bplé a rinneadh i gcruinnithe Choiste na mBuanionadaithe (Coreper) agus i gcruinnithe maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR) chun ionchur a chur ar fáil maidir leis na réimsí gníomhaíochta féideartha, chomh maith leis na cruinnithe tiomnaithe le pointí teagmhála na mBallstát.

2.2.Rialachas agus cinnteoireacht

Tá an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála bunaithe ar Airteagal 122(1) CFAE lena bhféadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch, go háirithe má tharlaíonn deacrachtaí móra maidir le táirgí áirithe a sholáthar.

Bhí ionstraimí eile de chuid an Aontais ann cheana féin chun freagairt do chineálacha éagsúla dúshlán inmheánach, e.g. na bearta dá bhforáiltear faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE, rescEU nó faoin gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach cógas agus trealaimh leighis. Mar sin féin, cé gur bhain an tAontas Eorpach tairbhe astu cheana féin, bhí na hionstraimí sin teoranta ó thaobh scála de agus níorbh leor an fhreagairt a bhféadfaí a thabhairt leo chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais eisceachtúla fhairsinge a tháinig chun cinn as an bpaindéim. Laistigh dá raon feidhme agus in imthosca eisceachtúla amháin, i gcás nárbh leor aon ionstraim eile a bhí ar fáil do na Ballstáit ná don Aontas, chomhlánaigh an ESI iarrachtaí na mBallstát agus dlúthchomhar agus comhairliúchán á gcoinneáil acu leo.

Chun comhordú straitéiseach na hionstraime a sholáthar, go háirithe maidir le socrú tosaíochta agus leithdháileadh cistithe, cruthaíodh socrú rialachais inmheánaigh sonrach. Áiríodh air sin Coiste Stiúrtha (“Coiste Stiúrtha an ESI”), arbh iad a phríomhchúraimí treoirlínte a chur ar fáil chun bearta straitéiseacha a áirithiú faoi chreat an ESI, tosaíochtaí a leagan síos agus an buiséad ábhartha a leithdháileadh, agus an dul chun cinn ar deireadh a mheas. Faoi chathaoirleacht na hArd‑Rúnaíochta (SG) – agus ón 15 Iúil 2021 na hArd‑Stiúrthóireachta um Shláinte agus na Sábháilteachta Bia (DG SANTE) – bhí sé comhdhéanta d’Ard‑Stiúrthóir an Bhuiséid (BUDG), den Ard‑Stiúrthóir um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (GROW), den Ard‑Stiúrthóir um Shláinte agus na Sábháilteachta Bia (SANTE), den Ard‑Stiúrthóir um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO), den Ard‑Stiúrthóir um Imirce agus Gnóthaí Baile (Home) agus d’Ard‑Stiúrthóir na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (CNECT).

Thacaigh Tascfhórsa an ESI le Coiste Stiúrtha an ESI, atá freagrach as an gclár oibre a dhréachtú agus as gníomhaíochtaí an Choiste Stiúrtha a chomhordú, a áirithiú go soláthrófaí a chinntí in am agus i dtráth agus go gcuirfí a ghníomhaíochtaí chun feidhme go héifeachtach. Le chéile, roghnaigh an Coiste Stiúrtha agus Tascfhórsa an ESI gníomhaíochtaí na dtairbhithe, de réir na riachtanas a bhí ag teacht chun cinn gach tráth den phaindéim, i ndiaidh dóibh bheith cinnte de nach raibh aon fhéidearthacht ann na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú trí shásraí agus cistí eile an Aontais Eorpaigh.

Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ar tugadh tús áite dóibh lena maoiniú a roghnú, bhí cuid den bhuiséad á chur chun feidhme le seirbhísí breise, trí chomhtharmligean nó trí thras‑fo-tharmligean (Ard‑Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT), Ard‑Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (MOVE), Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (ENV), an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), an an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), agus Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA)). Níor cuireadh aon ghníomhaíochtaí chun feidhme i réimse an Mhargaidh Inmheánaigh, na Tionsclaíochta, na Fiontraíochta agus FBManna.

Rinne an Coimisiún an ESI a bhainistiú go lárnach agus cuireadh chun feidhme é den chuid ba mhó trí bhainistíocht dhíreach (deontais (9%) agus soláthar (89%)), agus thart ar 2% den mhaoiniú á chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach trí Chónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge (IFRC), trí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus tríd an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM).

2.3.Buiséad agus cur chun feidhme

Nuair a ghníomhachtaíodh an ESI an 14 Aibreán 2020, d’údaraigh an tÚdarás Buiséadach EUR 2 700 000 000 chun na gníomhaíochtaí Tacaíochta Éigeandála a chur chun feidhme. Le Cinneadh C(2020) 2794 4 , thug an Coimisiún údarú chun gníomhaíochtaí tacaíochta éigeandála a mhaoiniú faoin Rialachán maidir leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.

I mí an Mheithimh 2020, d’fhaomh an Coimisiún 5 an comhaontú leis na Ballstáit maidir le vacsaíní Covid19 a fháil thar ceann na mBallstát agus chinn 6 sé cuid den mhaoiniú a bhí ar fáil faoin ESI a úsáid chun ceannach vacsaíní COVID-19 (tionscnamh dá ngairtear “Ionstraim um Vacsaíní”) a mhaoiniú agus i mí Iúil 2020 rinneadh cinneadh 7 práinneach an maoiniú a leithdháileadh ar an ngníomh sin a mhéadú.

I mí na Nollag 2020, cuireadh gníomhaíochtaí nua leis an ESI le Cinneadh C(2020)8800 8 , ag teacht le riachtanais a bhí ag teacht chun cinn i ndáil leis an ngéarchéim. Leis an gCinneadh deireanach a luadh rinneadh buiséad na ‘hIonstraime um Vacsaíní’ a oiriúnú freisin i ndiaidh ranníocaíochtaí ó na Ballstáit faoi Airteagal 4(2) den ESI, lena bhforáiltear go bhféadfaidh na Ballstáit agus deontóirí poiblí nó príobháideacha eile ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an ESI mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21 (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Bhí gá le hacmhainní breise toisc go raibh an tsolúbthacht uile a bhí ann faoi bhuiséad 2020 ídithe cheana féin.

Faoi dheireadh mhí na Nollag 2020, bhí EUR 750 milliún d’ioncam sannta seachtrach i gcomhthéacs an tionscnaimh vacsaíní ranníoctha ag na Ballstáit leis an Ionstraim. Dá bhrí sin, faoi dheireadh 2020, b’ionann an iomlán san "Ionstraim um Vacsaíní" agus EUR 2.9 billiún.

I bhfianaise na riachtanas a bhí ag teacht chun cinn a bhain leis na hathraithigh nua a bhí ag teacht chun cinn, cinneadh buiséad an ESI a threisiú agus leas a bhaint as le haghaidh bearta breise. Mhol an Coimisiún an ESI a neartú le EUR 231.7 milliún breise i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (EUR 75.5 milliún trí aistriú de chuid an Údaráis Bhuiséadaigh NOLL 5/2021 ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála) agus EUR 156.2 milliún tríd an Dréachtbhuiséad Leasaitheach 2/2021) chun gníomhaíochtaí nua a chlúdach. Cruthaíodh leis cúlchiste EUR 100 milliún do riachtanais a bhí ag teacht chun cinn. I ndiaidh dianidirbheartaíocht ar an rialachán idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, leithdháileadh an cúlchiste sin ina dhiaidh sin ar dheontais do na Ballstáit chun tacú le hinrochtaineacht ar thástáil dhiagnóiseach a cháilíonn chun Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a eisiúint 9 .

Rinneadh foráil le Cinneadh C(2021)2347 10  29 Márta 2021 go ndéanfaí an leasú don chlúdach buiséadach domhanda a fhorchoimeádtar do gach líne de bhuiséad ginearálta an Aontais agus go ndéanfaí gach modh cur chun feidhme trí chinntí ón gCoiste Stiúrtha ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Chinneadh C(2020)2794. Chomh maith leis sin, cuireadh síneadh leis le tréimhse bhailíochta an Chinnidh um Maoiniú go dtí deireadh thréimhse ghníomhachtúcháin an ESI, i bhfianaise an ghá a bhí leis an tacaíocht éigeandála a neartú le tuilleadh gníomhaíochtaí agus buiséad gaolmhar in 2021.

Chuaigh an ESI in éag an 31 Eanáir 2022 agus dá bhrí sin níor iarradh aon leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh 2022.

Le linn an aithisc ar Staid an Aontais an 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go ndeonófaí 200 milliún dáileog vacsaíne eile do thíortha ar ioncam íseal. Atreoraíodh na leithreasuithe nár úsáideadh faoi ranníocaíocht eisceachtúil na mBallstát in 2020 (ar chomhaontú an Bhallstáit faoi seach) i dtreo na ngníomhaíochta nua sin. Comhlánaíodh le maoiniú an ESI 11 maoiniú na gníomhaíochta sin tríd an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI).

Ina dhiaidh sin, an 12 Bealtaine 2022, le linn an Dara Cruinnithe Mullaigh Dhomhanda ar COVID-19, d’fhógair an tUachtarán go raibh sé ar intinn aici dlús a chur le rolladh amach agus glacadh vacsaíní agus uirlisí eile COVID-19 i dtíortha ísealioncaim.

Cuireadh an rún seo le chéile agus an t‑athrú suntasach ar staid soláthair agus éilimh vacsaíní COVID-19 a bhí ann le míonna anuas á chur san áireamh. Mar sin féin, níor freastalaíodh go hiomlán fós ar an dúshlán a bhaineann leis an soláthar a mheaitseáil le hacmhainneacht ionsúcháin thíortha na ndáileog a tugadh, i ngeall go minic ar chórais sláinte a bhíonn lag ó thaobh struchtúir de agus ar rochtain íseal ar chúram sláinte i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, cinneadh go n‑athdhíreofaí an ghníomhaíocht chun tacú ar bhealach níos fearr le tíortha ísealioncaim agus ar thíortha íseal-mheánioncaim chun vacsaíniú COVID-19 a rolladh amach agus chun riachtanais eile atá nasctha lena bhfreagairt ar COVID-19 a chlúdach, eadhon ábhar cúnta, diagnóisic, teiripic agus neartú córas sláinte gaolmhar. Níor tháinig aon athrú ar an gcuspóir tosaigh maidir leis an vacsaíniú domhanda a threisiú chun cur le himdhíonadh domhanda lena gcosnófaí an tAontas Eorpach freisin ar athraithigh eile a thiocfadh chun cinn in áiteanna eile.

Ar deireadh, ón EUR 750 milliún in ioncam sannta seachtrach ó ranníocaíochtaí na mBallstát, níor caitheadh EUR 27 milliún de i ndiaidh freagraí diúltacha a fháil ó na Ballstáit lena tugadh le fios gur dhiúltaigh siad d’úsáid a ranníocaíochta i gcomhair gníomhaíochtaí beartaithe at bhí difriúil leis na APAnna bunaidh le haghaidh vacsaíní.

Dáileoga vacsaíní a dheonú agus iad a athdhíol ar phraghas íoctha le tríú tíortha

Síníodh ocht gComhaontú Réamhcheannaigh (APAnna) faoin ESI idir an Coimisiún agus na conraitheoirí. Tá forálacha iontu maidir le dáileoga vacsaíní a athdhíol ag na Ballstáit -i ngach APA seachas ceann amháin, i gcás inar féidir leis an gCoimisiún athdhíol a dhéanamh freisin - agus maidir le tabhartais do thríú tíortha i ngach APA seachas ceann amháin, i gcás nach féidir tabhartas a thabhairt ach do na Ballstáit amháin.

Cuimsíodh sna APAnna maoiniú roimh ré ó AE chun infheistíochtaí riachtanacha a dhí‑rioscú chun luas agus scála dhéantúsaíocht na vacsaíní rathúla a mhéadú. Dá réir sin, sholáthródh leis na APAnna an ceart – nó faoi chúinsí sonracha an oibleagáid – do Bhallstáit rannpháirteacha líon sonrach dáileoga vacsaíní a cheannach i dtréimhse ama ar leith agus ar phraghas ar leith. Maidir leis an APA deireanach (2021), áfach, ní bhfuarthas an maoiniú ina leith tríd an ESI ach bhí sé maoinithe go hiomlán ag na Ballstáit.

I bhfianaise "meon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit” a leagtar amach in Airteagal 122(1) CFAE, d’fhéadfaí treo chistí an ESI i gcomhair tríú tíortha a léiriú mar “bearta atá iomchuí don staid eacnamaíoch” de réir bhrí an Airteagail sin. I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún an cur chuige maidir le heaspa méideanna inaisíoctha i gcás tabhartas nó athdhíola gan buntáiste eacnamaíoch faoi bhráid Bhoird Stiúrtha um Vacsaíní (na Ballstáit) i mí na Nollag 2021. Dá réir sin, i mí Feabhra 2022, ghlac an Coimisiún an cinneadh maidir le heaspa méideanna 12 infhaighte faoin ESI i gcás dáileoga vacsaín COVID-19 arna dtabhairt ag na Ballstáit do thíortha tíortha nó arna nathdhíol ag na Ballstáit le tríú tíortha gan buntáiste eacnamaíoch. Baintear de thátal as an gcinneadh sin nár cheart go mbeadh aon mhéideanna infhaighte ann de réir bhrí Airteagal 98 den Rialachán Airgeadais i gcás tabhartas agus díolacháin ar phraghas íoctha ag na Ballstáit.

Dáileoga vacsaíní a athdhíol le buntáiste eacnamaíoch

Maidir leis an athdhíol a rinne na Ballstáit ar phraghas lena n‑áirítear ranníocaíocht an ESI, cuireadh in iúl do na Ballstáit freisin go n‑aisghóthódh an Coimisiún cistí an ESI i gcás athdhíol dáileog vacsaín le tríú tíortha ar phraghas iomlán. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit eolas a thabhairt maidir leis an athdhíol sin. Faoin 12 Bealtaine 2022, d’aisíoc na Ballstáit suim dar luach EUR 22 milliún, ach tá an próiseas fós ar siúl.

2.4.     Cumarsáid agus comhordú

Ó gníomhachtaíodh an ESI, rinne an Coimisiún a dhícheall na forbairtí tábhachtacha uile a thuairisciú a bhaineann le faomhadh agus cur chun feidhme na mbeart arna gcruthú leis an ionstraim. Chun na críche sin, cruthaíodh suíomh gréasáin tiomnaithe Tá an suíomh gréasáin oifigiúil á thabhairt cothrom le dáta go rialta trí chur i bhfeidhm na hionstraime 13 .

Ina theannta sin, lean an Coimisiún de chumarsáid rialta a dhéanamh leis na Ballstáit maidir lena gcuid riachtanas agus maidir leis an dóigh a raibh siad sin á gcur san áireamh sa chlársceidealú, agus iad á gcoinneáil ar an eolas maidir le staid na ngníomhaíochtaí a bhí le maoiniú faoin ionstraim. Rinneadh é sin trí fhaisnéis i scríbhinn, trí Coreper agus trí chruinnithe de chuid na Freagartha Comhtháite Polaitiúla ar Ghéarchéimeanna (IPCR), agus trí chruinnithe tiomnaithe le pointí teagmhála na mBallstát. Bhí an Coiste Slándála Sláinte, an Líonra r-Shláinte agus an Coiste um Chosaint Shibhialta rannpháirteach go rialta freisin. Cuireadh Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin faoi na cistí breise ó na Ballstáit, faoi athdhíol vacsaíní agus faoi leithdháileadh na ndeontas do Bhallstáit chun tacú le cur chun feidhme Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais

Mar gheall ar an gcomhar sin agus ar mhalartú tuairimí bhíothas ábalta na gníomhaíochtaí a chur in ord tosaíochta, in éagmais cuspóirí sonracha sa bhonn dlíthiúil.

3.Aschuir agus torthaí

3.1.    Gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin ESI

I gcomhréir le réimse leathan na n‑idirghabhálacha féideartha dá bhforáiltear leis an mbunús dlí agus leis an réasúnaíocht bunaithe ar riachtanas, maoiníodh réimse gníomhaíochtaí a roghnaíodh go straitéiseach faoin ESI. Léiríodh leo sin na riachtanais a léirigh na Ballstáit le linn na gcomhairliúchán agus bhí siad dírithe ar fhreagairt agus ar ullmhacht mhéadaithe, agus tionchar tapa, spriocdhírithe agus inláimhsithe lena raibh an breisluach AE ba mhó agus b’fhéidir á sholáthar.

Tá an Comhaontú Réamhcheannaigh, Deimhniú Digiteach Covid an Aontais, cruthú an phacáiste soghluaisteachta chun iompar táirgí leighis, pearsanra nó othair a éascú agus táirgí sláintíochta riachtanacha a fháil ar chuid de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a bunaíodh leis an ESI. Tá eolas faoi liosta iomlán na ngníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin ESI agus a mbuiséid leithdháilte choibhneasta ar fáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.

   3.1.1. Pacáiste Soghluaisteachta

Faoin bPacáiste Soghluaisteachta (ESI-MP), arna chomhordú ag Ard‑Stiúrthóireacht ECHO, seoladh na gníomhaíochtaí seo a leanas trí chéad chuireadh chun iarratais a chur faoi bhráid na mBallstát mí an Mheithimh 2020:

·Iompar lasta (e.g. trealamh cosanta pearsanta, trealamh leighis agus trealamh a bhaineann le vacsaíniú, agus teiripic) chuig an Aontas Eorpach ó thríú tíortha agus laistigh den Aontas Eorpach. 

·Othair a aistriú laistigh den Aontas Eorpach agus ón Aontas Eorpach chuig tríú tíortha (ó Bhallstát chuig Ballstát nó tríú tír a glacann othair); agus 

·Pearsanra agus foirne leighis a iompar, laistigh den Aontas Eorpach agus isteach san Aontas Eorpach ó thríú tíortha, chomh maith le tacaíocht oibríochtúil do chumais shoghluaiste freagartha leighis. 

Ó mhí Aibreáin 2020 i leith, tacaíodh le níos mó ná 2 000 oibríocht trí aeriompar, trí iompar de thalamh nó trí mhuiriompar chun trealamh leighis a iompar agus chun thart ar 515 oibrí sláinte agus 135 othar a iompar trí 78 tionscadal (60 ceann a bhain le hoibríochtaí lasta agus 18 gcinn a bhaineann le hothair agus foirne leighis a aistriú) agus síníodh 73 comhaontú deontais. Ar an iomlán, maoiníodh oibríochtaí lasta le níos mó ná EUR 164 milliún agus dámhadh EUR 9 milliún go dtí seo do na Ballstáit chun foirne leighis a iompar agus chun othair a aistriú.

   3.1.2. Saoráid le haghaidh táirgí riachtanacha a bhaineann leis an tsláinte

De dheasca an ESI, bhí rochtain ag gach Ballstát ar an druga teiripeach Remdesivir, (thart ar 34 000 cúrsa cóireála) an chéad leigheas arna údarú ag AE chun COVID-19 a chóireáil agus an fhianaise eolaíoch is fearr a bhí ar fáil ag an am, cé gur cuireadh ina choinne sin ina dhiaidh sin, agus ag tráth nach raibh conarthaí náisiúnta leis an táirgeoir aonair á dtairiscint.

Faoin tsaoráid sin freisin, bhí an tAontas ábalta breis agus 23 milliún mearthástáil antaiginí agus 10 milliún masc a fháil agus a dheonú do na Ballstáit leasmhara faoin ionstraim.

D’éirigh go han‑mhaith leis an ngníomhaíocht maidir le hoiliúint i ndianscileanna cúraim a sholáthar chun an acmhainn a bhí ar fáil chun tacú le baill foirne rialta an Aonaid Dianchúraim aire a thabhairt d’othair COVID -19 a mhéadú. Le comhoibriú an Chumainn Eorpaigh um Leigheas Dianchúraim (ESICM), cuireadh oiliúint ar níos mó ná 17 000 gairmí i 24 Ballstát AE móide an Ríocht Aontaithe, in 717 ospidéal idir Lúnasa 2020 agus Bealtaine 2021. Deimhníodh 5 696 dochtúir leighis agus 6 400 altra cláraithe.

I ndiaidh rath an tionscnaimh, fuair an Coimisiún iarratais ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le leas a bhaint as an gcóras bunaithe agus as an ardán oiliúna. Dá bhrí sin, síníodh comhaontú sannta lena socraítear aistriú na gceart ón CE go ESICM. Mar thoradh air sin, d’oscail ESICM C19_SPACE le haghaidh oiliúna do gach gairmí sláinte a bhfuil suim acu ann agus faoi Mhárta 2022 bhí an clár curtha i gcrích cheana ag 700 úsáideoir eile. I mí an Mhárta 2022 shínigh ESICM conradh le EDS chun an clár oiliúna C19_SPACE a sheachadadh i sé theanga na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) agus osclófar é sa dara ráithe in 2022.

   3.1.3. Cóireáil ar othair COVID-19 le plasma téarnaimh

Maidir le cóireáil ar othair COVID -19 le plasma téarnaimh, maoiníodh 20 tionscadal ar fud 13 Bhallstát agus sa Ríocht Aontaithe as an maoiniú. Bhí sé dírithe ar chumas na seirbhísí fola poiblí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha plasma a bhailiú ó dheontóirí a tháinig slán ó COVID-19, a bhain le 150 ionad bailithe.

Caitheadh thart ar EUR 22.5 milliún den EUR 35 milliún a leithdháileadh: chun 299 meaisín aifiréise fuilphlasma a cheannach nó a léasú, an acmhainn stórála plasma a mhéadú trí 145 reoiteoir ísealteochta a cheannach, agus chun trealamh/troscán agus níos mó ná 70 000 trealamh bailiúcháin a cheannach. Ina theannta sin, osclaíodh 35 ionad bailiúcháin nua agus bhí na tairbhithe eile ábalta a n‑acmhainn bailiúcháin a mhéadú. De réir na dtuarascálacha deiridh a cuireadh ar fáil, bhailigh na tairbhithe 165 444 aonad de phlasma téarnaimh. Beidh tairbhe thánaisteach fhadtéarmach leis an méadú ar chumas na haifiréise fuilphlasma , is é sin go gcuideoidh sé le haghaidh a thabhairt ar spleáchas suntasach AE ar na Stáit Aontaithe le haghaidh soláthar leordhóthanach tabhartas plasma chun táirgí íocshláinte riachtanacha a mhonarú.

   3.1.4. Tástáil chliniciúil ar chógais ar athraíodh a gcuspóir chun cóireáil a chur ar othair SARS-COV-2

Maidir le trialacha cliniciúla chun cógais ar athraíodh a gcuspóir a thástáil, seoladh glao chuig cúig thairbhí de chuid mhaoiniú Fís 2020 chun iarratas a dhéanamh. Ba é a bhí beartaithe ná glúin sonraí cliniciúla a fhorbairt chun tacú leis an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh cógais atá ann cheana a bhfuil a gcuspóir le hathrú chun cóireáil a chur ar othair COVID-19. Ba é an cuspóir deiridh acmhainn na mBallstát a mhéadú chun déileáil leis an éileamh ar chógais agus ar theiripí, chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha in ábhair do dhaoine chun COVID -19 a chóireáil; agus a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag gach Ballstát ar tháirgí leighis riachtanacha chun COVID-19 a chóireáil, lena n‑áirítear cóireálacha nua agus cóireálacha ar athraíodh a gcuspóir. Ar an drochuair, ní raibh aon torthaí leordhóthanacha ann.

Fuair iarratasóir amháin deontas EUR 1 mhilliún chun triail chliniciúil a dhéanamh leis an tsubstaint Ralocsaiféin chun staidéar a dhéanamh ar a húsáid chun teacht chun chinn COVID-19 i dtreo dianghalar criticiúil a chosc. Maidir leis an triail chliniciúil féin, bhí roinnt fadhbanna oibríochtúla os comhair na cuideachta agus mar thoradh air sin, rinneadh an ghníomhaíocht a fhadú (beagán) chun an líon tuartha rannpháirtithe a earcú. Feidhmíonn torthaí na trialach mar chruthúnas coincheapa maidir le úsáid ralocsaiféine. Diúltaíodh do thrí iarratas eile toisc nár tháinig siad faoi raon feidhme an ghlao agus toisc nach raibh feidhm ag ceann amháin acu.

3.1.5. Cumas tástála méadaithe

Ag obair leis na brainsí náisiúnta de Chónaidhm Idirnáisiúnta na Croise Deirge, áirithíodh leis an ionstraim go gcuirfí dlús leis an acmhainn tástála ar fud seacht mBallstát a léirigh a spéis. Idir Iúil 2020 agus Meán Fómhair 2021, cuireadh oiliúint ar 9 222 oibrí deonach agus gairmí i dteicnící tástála, bunaíodh 1 795 foireann tástála móibílí agus rinneadh 1 263 309 tástáil.

   3.1.6. Tacaíocht i saoráidí fáiltithe sa Ghréig

Ba ghníomhaíocht chomhlántach í an ghníomhaíocht chun cumais leighis a sholáthar do na háiseanna fáiltithe agus dá bpobail óstaigh sa Ghréig agus rinneadh forbairt uirthi leis na ceachtanna a foghlaimíodh trí infheistíocht struchtúrach a sholáthar chun cumas na n‑ospidéal áitiúil agus an cumas laistigh de na hionaid fáiltithe a mhéadú, agus é sin dírithe ar na dúshláin ar leith i ndáil le paindéim COVID-19. Leis an bhfócas ar infheistíochtaí struchtúracha méadaíodh inbhuanaitheacht na gníomhaíochta, i gcomhréir leis na moltaí meastóireachta. Rinneadh measúnú comhpháirteach ar riachtanais, ag baint úsáid as cur chuige ó bhun aníos leis na hospidéil áitiúla agus leis na comhpháirtithe sláinte sa Ghréig, agus le roghnú na gcomhpháirtithe don deontas áirithítear rannpháirtíocht áitiúil agus saineolas ábhartha. Is í an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce a chuir an ghníomhaíocht chun feidhme agus mairfidh sí go dtí an 30 Meitheamh 2022, i gcás go bhfuiltear ag súil go dtabharfar na próisis soláthair ábhartha uile chun críche agus go gcuirfear ar fáil d’Údaráis na Gréige iad. Ar deireadh, ceapadh an ghníomhaíocht chun cur leis an maoiniú i gcomhair cúram sláinte i gcóras fáiltithe imirce na Gréige faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.

   3.1.7. Córais cheannródaíocha chun dul i ngleic go héifeachtach le scaipeadh an víris

Maoiníodh soláthar 305 róbat díghalraithe UV d’ospidéil i ngach ceann de na 27 Ballstát ón ionstraim, lenar soláthraíodh réitigh nuálacha, éifeachtúla agus éifeachtacha chun sábháilteacht timpeallachtaí cúraim sláinte agus a mbaill foirne a áirithiú.

Bhí córas monatóireachta fuíolluisce AE nó saintréithriú práinneach athraitheach Omicron SARS/CoV2 ina ngníomhaíochtaí breise freisin a maoiníodh ón ionstraim sin, gníomhaíochtaí nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm murach sin.

Maoiníodh ón ionstraim freisin saintréithriú bitheolaíoch, imdhíoneolaíoch agus eipidéimeolaíoch athraitheach Omicron SARS-CoV-2. Le saintréithriú Omicron soláthraíodh go leor breisluacha chun bearta sláinte poiblí éifeachtacha a chur chun feidhme mar gur chuir sé leis an tuiscint ar nimhneacht, ar phataigineacht, agus ar ghnéithe imdhíoneolaíocha an athraithigh

Tríd an ionstraim, bhí an tAontas ábalta réitigh ar dhúshláin choiteanna eile a sholáthar, amhail forbairt na hidir-inoibritheachta idir aipeanna náisiúnta um rianú teagmhálaithe. Chuaigh an córas beo i mí Dheireadh Fómhair 2020.

3.1.8. Tagarmharc fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim: DDC AE

Bhí bunú creata maidir le heisiúint, deimhniú agus glacadh coiteann deimhnithe idir-inoibritheacha um vacsaíniú, tástáil agus téarnamh Covid ar cheann de na rudaí ba mhó ar éirigh leis an Aontas Eorpach leo chun soghluaisteacht na saoránach a éascú agus chun cur le hathoscailt seirbhísí agus taistil.

Leis an ionstraim, maoiníodh deontais do 24 Bhallstát leasmhara as córais a fhorbairt chun Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais (DDC AE) a eisiúint agus a fhíorú mar chruthúnas ar vacsaíniú, téarnamh nó tástáil dhiúltach, idir an 29 Márta agus an 31 Nollaig 2021. Is é tairseach DDC AE, arna forbairt agus arna coinneáil ar bun ag an gCoimisiún Eorpach, bunchloch chóras DDC AE. Tá an tairseach ríthábhachtach do chreat iontaobhais DDC AE, toisc go n‑úsáidtear é chun faisnéis a roinnt maidir le sínithe digiteacha, rialacha gnó, tacair luachanna agus liostaí cúlghairme. Maoiníodh forbairt thairseach DDC AE tríd an ionstraim freisin. Ina theannta sin, thacaigh deontais do 18 mBallstát leasmhara le hinrochtaineacht tástálacha chun an Deimhniú Digiteach Covid a sholáthar, don tréimhse 1 Meitheamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.

3.1.9. Ardán comhchoiteann malartaithe foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí

Maoiníodh an t‑ardán comhchoiteann malartaithe foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí (lena n‑áirítear an Treoirthionscadal), is é sin an t‑ardán malartaithe ePLF ón ionstraim chomh maith. Soláthraíodh an deis an ardán sin cumais rianaithe teagmhálaithe na mBallstát maidir le taisteal trasteorann a neartú trí ardán tiomnaithe chun sonraí roghnacha paisinéirí a mhalartú agus a phróiseáil idir na Ballstáit.

Chun feidhmiú an ardáin a éascú, bunaíodh an t‑ardán sin le gníomhartha cur chun feidhme a rinneadh i mí na Bealtaine agus i mí Iúil 2021, sonraíodh na hoibreoirí agus léiríodh an t‑íoslíon sonraí a bhí le bailiú trí PLFanna náisiúnta lena áirithiú go sainaithneofaí na paisinéirí go léir a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta agus leagadh amach an gá le hardán malartaithe tiomnaithe atá éifeachtach ó thaobh rianú teagmhálaithe trasteorann. Sonraítear sna gníomhartha go gcuirfear deireadh leis an malartú sonraí i ndiaidh an 31 Bealtaine 2022 nó go dtí go ndearbhóidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, de réir na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann mar gheall ar SARS-CoV-2.

I ndiaidh teacht chun cinn an athraithigh Omicron i bhfómhar 2021, chuir an Coimisiún dréachtbhearta chun cinn chun bailiú foirmeacha aimsithe paisinéirí (PLFanna) agus an nasc le hardán malartaithe PLF a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit go léir. Ach chuir roinnt Ballstát i gcoinne an tionscnaimh go láidir agus níor leanadh leis.

Ó mhí Aibreáin 2022 i leith, bhí cúig thír nasctha le hardán malartaithe ePLF, is iad sin an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin agus an Spáinn. I ndiaidh dhul in éag na gcinntí ábhartha cur chun feidhme an 31 Bealtaine 2022, ní féidir sonraí a mhalartú faoi láthair. Cuireadh teorainn le malartú teachtaireachtaí ag baint úsáid as an ardán PLF. Tá an Coimisiún agus an ECDC ag obair ó earrach 2022 ar thionscadal lena gcomhtháthaítear an t‑ardán malartaithe PLF agus an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), i bhfianaise na riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.  

3.2.    Feidhmiú agus Feidhmíocht

Cruthaíodh éifeachtacht an ESI i gcomhthéacs acmhainní a shlógadh go tapa i ndáil leis na riachtanas a sainaithníodh i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, d’éirigh leis freagairt go héifeachtach do riachtanais phráinneacha, riachtanais atá ag athrú agus riachtanais éagsúla na mBallstát agus iad ag freagairt don ghéarchéim. Leis an tsolúbthacht a chumhdaítear sa bhunús dlí agus leis an sainordú a tugadh don Choimisiún chun an maoiniú a bhainistiú go lárnach, i gcomhar leis na Ballstáit, bhíothas ábalta tús áite a thabhairt do na gníomhaíochtaí comhchoiteanna sin lena bhféadfaí idirghabhálacha agus torthaí níos tráthúla a chruthú nach bhféadfadh na Ballstáit a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar.

Tá cur i ngníomh airgeadais na hionstraime – i gcomhthéacs gealltanas agus íocaíochtaí araon – ar an mbóthar ceart. B’ionann an ráta cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in 2020 agus in 2021 agus 100% a mhéid a bhaineann leis na creidmheasanna buiséid dar luach EUR 2.9 billiún a bhí ar fáil. As an EUR 750 milliún in ioncam sannta seachtrach ó ranníocaíochtaí na mBallstát, níor caitheadh EUR 27 milliún i ndiaidh freagraí diúltacha a fháil ó na Ballstáit, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí sin a úsáid sa tionscnamh roinnte vacsaíní do thíortha ísealioncaim seachas sin.

Tá an ionstraim uathúil faoi roinnt dearcthaí. Úsáideadh é i dtimpeallacht a bhí ag athrú go tapa ina raibh neamhchinnteacht faoi chineál an víris, faoin bhfreagairt leighis chuí, agus faoin soláthar agus faoin éileamh araon. Ag an am céanna, áfach, bhí de thoradh éifeachtach air maidir le freagairt go tapa nuair ba ghá, mar shampla, trí fhrithbhearta leighis (Remdesivir, mearthástálacha antaiginí, etc.) a sholáthar mar thacaíocht do riachtanais na mBallstát. Ar deireadh, mar gheall ar fhairsinge an raoin feidhme agus na hidirghabhálacha féideartha theastaigh ceapadh speisialaithe beartas i gcomhthéacs cás eipidéimeolaíoch atá ag síorathrú. Tá an méid sin le moladh go háirithe nuair a chuirtear inniúlachtaí tacaíochta an Aontais Eorpaigh sa réimse sláinte san áireamh.

3.2.1.    Iarracht gan fasach: vacsaíní a mhaoiniú san Aontas agus níos faide i gcéin

Bhí fócas mór an chláir (thart ar 70% den mhaoiniú) ar an tionscnamh vacsaíní. De dheasca sin bhíothas ábalta comhaontuithe réamhcheannaigh le cuideachtaí cógaisíochta a bhí ag forbairt iarrthóirí vacsaín COVID-19 a thabhairt chun críche go luath, chun an infheistíocht riachtanach a sholáthar chun forbairt eolaíoch na vacsaíní sin a luathú agus, i gcomhthráth, na cumais táirgthe a theastaigh chun iad a tháirgeadh de réir scála ba ghá a fhorbairt.

Mar thoradh air sin, fuarthas 2.2 billiún dáileog de vacsaíní COVID-19 do Bhallstáit trí shocruithe a maoiníodh le maoiniú ESI 14 . Leis an ionstraim soláthraíodh na forais airgeadais chun na Ballstáit a spreagadh chun cur chuige comhpháirteach a ghlacadh sa réimse seo. Mar thoradh air sin, tugadh rochtain léi do Bhallstáit ar phunann níos leithne iarrthóirí vacsaíní. Go deimhin, is beag tionchar a bheadh ag go leor Ballstát aonair chun oibriú le forbróirí vacsaíní chun soláthairtí a fháil. Leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach, méadaíodh na deiseanna a bhí ag na Ballstáit rochtain a fháil ar pé vacsaíní is iarrthóirí a néireodh leo sa deireadh.

Leis maoiniú an ESI freisin, cruthaíodh tacaíocht níos mó d’iarrthóirí vacsaíní ná mar a chruthófaí faoi shocrú aonair. I bhfocail eile, áirithíodh leis an gcur chuige a éascaíodh leis an ESI go raibh na vacsaíní rathúla réidh níos luaithe ná mar a bheadh murach sin, agus ar scála níos mó - agus go raibh siad ar fáil do gach Ballstát ar bhonn comhionann. Leis an gcur chuige comhpháirteach sin méadaíodh an chumhacht ceannaigh a thairgeann infheistíocht an Aontais chun praghsanna a laghdú agus coinníollacha conarthacha a fháil maidir le saincheisteanna amhail méadú dliteanais agus méadú acmhainne lena maolófar rioscaí na mBallstát amach anseo.

Ag an am céanna, bhí a fhios i gcónaí gur infheistíochtaí rioscúla de réir a gcineáil iad na APAnna a maoiníodh leis an ionstraim. Cé gur dhear an Coimisiún punann conarthaí leis na hiarrthóirí ba mhó a raibh gealladh fúthu thar réimse leathan teicneolaíochtaí, ní raibh aon ráthaíocht ann go n‑éireodh le vacsaíní aonair san Aontas agus go ndéanfaí iad a údarú san Aontas Eorpach. Bhí an Straitéis Vacsaíní bunaithe ar an tuiscint go raibh seans maith ann go n‑éireodh le ceann amháin ar a laghad de na hiarrthóirí vacsaíne. Laghdaíodh an riosca tuilleadh de bharr forálacha sna hAPAnna lenar ceanglaíodh go n‑aisíocfaí cuid d’infheistíocht AE nár úsáideadh in aon chás den sórt sin.

Ranníocadh EUR 461 milliún ó ionstraim an ESI chun tacú le freagairt COVID-19 agus leis na hiarrachtaí vacsaínithe domhanda i dtíortha ísealioncaim agus íseal-mheánioncaim – gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme in 2022. Tá an tacaíocht sin i gcomhair rolladh amach vacsaínithe COVID-19 dírithe ar an gcuspóir tosaigh vacsaíniú domhanda a threisiú chun cur le himdhíonadh domhanda a chosnódh an tAontas Eorpach freisin ar theacht chun cinn athraitheach eile.

4.Luach breise a bhaineann le gníomhachtú rialachán ESI i gcomhthéacs phaindéim COVID 19

Dearadh an ESI chun freagairt do dhianiarmhairtí daonnúla a thagann chun cinn de dheasca géarchéimeanna. In 2016-2018, chuir sé ar chumas an Aontais tacaíocht chuí thráthúil a chur ar fáil do dhídeanaithe agus d’imircigh sa Ghréig, agus in 2020, chuir sé ar chumas an Aontais tacú go díreach le córais cúraim sláinte Bhallstáit AE ina n‑iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. I bhfianaise chomhthéacs sonrach agus fhócas sonrach chuspóirí an chéad ghníomhachtaithe, tá ábharthacht thorthaí na meastóireachta leis an gclár reatha teoranta.

Sa tréimhse ó mhí Feabhra 2020 agus ó mhí Eanáir 2022, cuireadh ionstraim thapa, sholúbtha agus éifeachtúil ar fáil leis an ESI chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a úsáid chun géariarmhairtí láithreacha a chosc agus a mhaolú i mBallstát amháin nó níos mó agus chun tacú ar bhealach comhordaithe leis na riachtanais i ndáil le paindéim COVID-19.

Bhí comhlántacht agus sineirgí le sásraí eile ina thástáil thábhachtach i roghnú na ngníomhaíochtaí. Mar shampla, ní raibh aon ionstraim AE eile ar fáil chun Réamhchomhaontuithe Ceannaigh le forbróirí vacsaíní a mhaoiniú: gan an maoiniú ón ESI agus bunús dlí an ESI, bheadh sé i bhfad níos deacra cur chuige comhpháirteach a fhorbairt, agus bheadh an‑seans ann go mbeadh difríochtaí móra idir na Ballstáit maidir le rochtain ar vacsaíní sábháilte éifeachtacha COVID-19. Thairis sin, maidir le tacaíocht do na háiseanna leighis sa Ghréig, ní raibh an raon feidhm dlíthiúil le haon ionstraim eile chun maoiniú a chur ar fáil chun feabhas a chur ar acmhainn fhoriomlán an bhonneagair áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na bpobal óstaigh agus ar riachtanais na bpobal sin sna lárionaid fáiltithe. Soláthraíodh gníomhaíochtaí amhail tabhartais dhíreacha róbat díghalraithe UV i gcomhpháirtíocht leis na gníomhaithe áitiúla is tairbhithe, ar leibhéal na n‑ospidéal aonair. Cuireadh an ghníomhaíocht chun an cumas tástála a mhéadú chun feidhme trí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, atá ag obair trína bhrainsí náisiúnta agus réigiúnacha chun tástáil mhéadaithe logánaithe a sholáthar.

Leis an ESI cuireadh go díreach agus ina hiomláine (EUR 3.7 billiún) le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3: sláinte mhaith agus folláine. D’admhaigh na Náisiúin Aontaithe (NA) go bhfuil angar daonna á scaipeadh le COVID-19, go bhfuil an geilleagar domhanda á dhícobhsú leis agus go bhfuil saol na mbilliún duine ar fud na cruinne á gcur bun os cionn leis, agus go bhfuil cor cinniúnach maidir le hullmhacht d’éigeandálaí sláinte á sholáthar leis an bpaindéim. Tacaíonn an ESI, a úsáidtear mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte, leis an bhfreagairt uile-rialtais agus uile-shochaí a theastaíonn, rud a thagann le réiteach na n‑oibrithe sláinte túslíne.

Leis an ESI soláthraíodh trealamh leighis d’oibrithe sláinte go luath sa ghéarchéim, agus soláthraíodh an teiripic chun cóireáil a chur ar bheagnach 35 000 othar ina dhiaidh sin leis. Cuireadh mearthástálacha antaiginí ar fáil leis agus thacaigh sé freisin leis na Ballstáit le níos mó tástálacha a dhéanamh. Cuireadh acmhainní tástála méadaithe ar fáil leis agus cuireadh infhaighteacht cóireálacha ar nós plasma téarnaimh chun cinn leis. Soláthraíodh réitigh leis chun tacú le hidir-inoibritheacht aipeanna rianaithe agus rabhaidh trasteorann, rud a chuidíonn le slabhra ionfhabhtuithe an choróinvíris a bhriseadh agus le beatha daoine a shábháil. Níos tábhachtaí fós, cuireadh dlús le forbairt vacsaíní agus fuarthas rochtain ar chúpla billiún dáileog de vacsaíní do Bhallstáit AE agus – trí COVAX - don domhan mór mar gheall air.

Thacaigh an ESI le Ballstáit AE chun córas Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais (DDC AE) a chruthú agus a threisiú. Agus 60 tír nasctha ar fud an domhain, ba é DDC AE an córas domhanda is mó de dheimhnithe digiteacha idir-inoibritheacha COVID-19, rud a éascaíonn idir-inoibritheacht i measc na dtíortha go léir atá nasctha, ní leis an Aontas Eorpaigh agus laistigh de amháin. Mar a tuairiscíodh i staidéar Bruegel 15 , chuidigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais 16 le glacadh na vacsaíní a mhéadú, rud a chuir cosc ar na mílte básanna agus a chuir feabhas ar fheidhmíocht an tsláinte poiblí agus eacnamaíoch, ag cur coisc ar caillteanais a chosnódh na billiúin euro.

Bhí na Foirmeacha digiteacha Aimsithe Paisinéirí ríthábhachtach chun malartú éifeachtach sonraí paisinéirí idir na Ballstáit a éascú agus ba cheart iad a chaomhnú agus tuilleadh simplithe agus feabhsuithe orthu a spreagadh. Mar gheall air sin d’fhéadfadh an t‑ardán a bheith ann ar fuireachas agus é a chur i ngníomh ar bhealach níos éasca i gcás go mbeadh gá leis, ní hamháin do phaindéim COVID-19, ach do ghalair trasteorann fhéideartha eile.

Go hachomair, bhí an ESI ríthábhachtach chun freagairt don phaindéim agus chun í a chomhrac agus ní bheadh aon sásra eile de chuid AE ar a gconlán féin ná fiú i gcomhcheangal le sásraí eile ábalta é sin a dhéanamh. Bhí sé ríthábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh agus chun a ráthú go raibh rochtain ag gach ceann acu ar na táirgí agus ar na cógais chéanna ag an am céanna agus a chomhoibrigh agus a d’fhreagair mar fhíor-Aontas Sláinte i dtéarmaí praiticiúla, fiú in éagmais reachtaíochta sonraí.

5.An bealach ar aghaidh

Bhí cineál agus iarmhairtí ráig COVID-19 in 2020 ar mhórscála agus trasnáisiúnta agus dá bhrí sin theastaigh freagairt chuimsitheach ina leith. Bhí na bearta arna dtuar faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU, an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas chun Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a úsáid ag cuidiú go páirteach le haghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí reatha. Mar sin féin, teastaigh freagairt níos láidre a thabhairt ar scála agus ar raon feidhme an dúshláin, a bheadh dírithe go sonrach earnáil cúraim sláinte AE. Sin é an fáth ar mhol an Coimisiún an ESI a úsáid chun bosca uirlisí níos leithne a thabhairt don Aontas Eorpach i gcomhréir le mórscála phaindéim reatha COVID-19. Mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal AE, bhíothas ábalta aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim reatha gus freagairt cheart ina diaidh a áirithiú. Do shaoránaigh AE, ba léiriú soiléir é an ESI ar dhlúthpháirtíocht, rud a chruthaíonn gur féidir leis an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhaonnúla phráinneacha in iarracht chomhchoiteann.

Chuaigh gníomhachtú na hionstraime in éag ar an 31 Eanáir 2022 agus tá na gníomhaíochtaí a bhaineann léi á dtabhairt chun críche ag an gCoimisiún.

Níl sé beartaithe faoi láthair leanúint ar aghaidh leis, é a leathnú ná é a úsáid arís don phaindéim reatha.

Mar gheall ar 24 mí a chaitheamh ar chur chun feidhme, féadfar ionstraimí dlí eile a úsáid, faoi Aontas Sláinte na hEorpa, chun inniúlacht an Aontais Eorpaigh maidir le bagairtí sláinte trasteorann a threisiú agus chun inniúlachtaí agus raon feidhme an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a threisiú.

Agus forbairt á déanamh ar bhreisluach idirghabhálacha an ESI, bunaíodh HERA i mí Dheireadh Fómhair 2021 mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin chun an bealach chun tosaigh a threorú i dtreo rioscaí a réamh‑mheas agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn comhpháirteach. Tá sainordú ag HERA measúnú a dhéanamh ar bhagairtí sláinte, faisnéis a bhailiú agus T&F faoi fhrithbhearta leighis agus faoi theicneolaíochtaí gaolmhara a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhargaidh, neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i dtáirgeadh frithbheart leighis a threisiú, agus eolas agus scileanna sa réimse a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh. Beidh maoiniú ar fáil do HERA an Choimisiúin ó fhoinsí éagsúla lena n‑áirítear an buiséad méadaithe don Chlár AE4health, Fís Eorpach agus RescEU, lena n‑áirítear maoiniú éigeandála a ghníomhachtú i gcás géarchéim sláinte.

Mar thoradh ar an ESI a chur chun feidhme is féidir an bealach chun tosaigh a mhúnlú i dtreo ullmhacht agus freagairt níos fearr amach anseo.

Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair ar thogra le haghaidh Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair chun Margadh Aonair a fheidhmíonn go maith, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus breis trédhearcachta agus comhordaithe le linn géarchéimeanna a áirithiú. Déanfar an ionstraim nua a ailíniú le tionscnaimh bheartais ábhartha, amhail Údarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) a bhunú, agus leis an bplean teagmhasach iompair agus soghluaisteachta a glacadh. Tá sé beartaithe an togra a ghlacadh i Ráithe 3 2022.

(1) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32016R0369&from=EN
(2) https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/about_the_european_commission/eu_budget/com175final_-_en_-_proposal_council_regulation_activating_esi.pdf
(3) https://ec.europa.eu/info/live-work-travel-eu/coronavirus-response/emergency-support-instrument/covid-19-clearing-house-medical-equipment_ga
(4) Cinneadh C(2020) 2794 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2020 maidir le Tacaíocht Éigeandála a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle.
(5) Cinneadh C(2020) 4192 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh C (2020) 2794 maidir leis an gcomhaontú leis na Ballstáit maidir le vacsaíní Covid-19 a fháil thar ceann na mBallstát agus nósanna imeachta gaolmhara a fhaomhadh.
(6) Cinneadh C(2020) 4193 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh C (2020) 2794 maidir leis an Ionstraim um Vacsaíní a mhaoiniú.
(7)

   Cinneadh C(2020)5162 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh C (2020) 2794 maidir le gníomhaíochtaí breise a mhaoiniú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus maidir leis an méadú ar an mbuiséad don Ionstraim um Vacsaíní.

(8) Cinneadh C(2020)8800 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh C(2020)2794 maidir le gníomhaíochtaí breise a mhaoiniú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus maidir leis an méadú ar an mbuiséad don Ionstraim um Vacsaíní maidir le tabhartais ó na Ballstáit.
(9) Cinneadh C(2021)4791 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh C(2020)2794 maidir le gníomhaíochtaí breise a mhaoiniú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus maidir leis an méadú ar an mbuiséad don Ionstraim um Vacsaíní maidir le tabhartais ó na Ballstáit.
(10) Cinneadh C(2021)2347 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh C(2020)2794 maidir le gníomhaíochtaí breise a mhaoiniú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.
(11) Cinneadh C(2021)10001 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2021 maidir le gníomhaíochtaí breise a mhaoiniú faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála.
(12) Cinneadh C(2022) 698 ón gCoimisiún
(13)     https://ec.europa.eu/info/live-work-travel-eu/coronavirus-response/emergency-support-instrument_en#general
(14) Ar an iomlán, síníodh conarthaí le haghaidh 4.6 billiún dáileog; ach bhí Comhaontuithe Réamhcheannaigh agus Comhaontuithe Ceannaigh araon san áireamh leis sin. Thairis sin, níor éirigh le gach monaróir vacsaíní údarú margaíochta coinníollach a fháil le haghaidh vacsaíní.
(15)     Éifeacht deimhnithe COVID ar ghlacadh vacsaíní, ar an tsláinte phoiblí, agus ar an ngeilleagar | Bruegel
(16) Bhí feidhm ag Rialachán AE maidir le Deimhnithe Digiteacha COVID i dtosach go dtí an 30 Meitheamh 2022 agus cuireadh síneadh bliana leis, go dtí an 30 Meitheamh 2023.

An Bhruiséil,28.7.2022

COM(2022) 386 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2020/521 i ndáil le le tacaíocht éigeandála a ghníomhachtú chun an caiteachas is gá a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19


IARSCRÍBHINN

Cionroinnt bhuiséadach an ESI (buiséad ginearálta an Aontais agus ioncam sannta seachtrach)

Leithdháileadh (milliún EUR)

An t-iomlán: 3 677.6

Pacáiste soghluaisteachta

175.3

Saoráid le haghaidh táirgí riachtanacha a bhaineann leis an tsláinte (i.e. maisc, Remdesivir, oiliúint ar ghairmithe cúraim sláinte i ndianscileanna cúraim, mearthástálacha antaiginí)

201.97

Uirlis vacsaíní

2 553.79

Cóireáil ar othair COVID-19 (plasma téarnaimh)

35.15

Tástáil chliniciúil ar chógais ar athraíodh a gcuspóir

1.0

Cumas tástála méadaithe

35.47

Idir-inoibritheacht aipeanna rianaithe:

Tairseach chónasctha

Tacaíocht do na Ballstáit

13.02

Róbait díghalraithe UV d’ospidéil

12.0

Cumais leighis do na háiseanna fáiltithe agus dá bpobail óstaigh sa Ghréig

25.37

Ardán comhchoiteann malartaithe foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí (PLF) (lena n-áirítear an Treoirthionscadal)

2.8

Deimhnithe Digiteacha Coivd an Aontais (DDC AE)

37.1

Córas faireacháin fuíolluisce AE

21.2

Tástálacha inacmhainne laistigh de raon feidhme an Rialacháin maidir le Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais

94.6

Tacaíocht do fhreagairt Covid-19 agus d’iarrachtaí vacsaínithe domhanda i dtíortha ísealioncaim agus meán-ísealioncaim

461.4

Deimhnithe Digiteacha COVID-19/Glasa bréagacha a chúlghairm agus DDC AE a choimeád

7.0

Saintréithriú an athraithigh Omicron

0.5