AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.10.2022
COM(2022) 344 final/2
This document corrects document COM(2022) 344 final of 15.7.2022.
Concerns the GA language version.
Missing text in boxes has been corrected.
The text shall read as follows:
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Faireachán ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh
Tuarascáil Bhliantúil 2021
{SWD(2022) 194 final}
BROLLACH
I.AN COMHAONTÚ GLAS DON EORAIP
Aer agus uisce glan
Cosaint na bithéagsúlachta
Geilleagar ciorclach a chur chun cinn
Fuinneamh glan
Talmhaíocht inbhuanaithe
Iascaigh inbhuanaithe agus pleanáil spásúil mhuirí
Sláinte agus sábháilteacht bia
II.EORAIP ATÁ OIRIÚNACH DON AOIS DHIGITEACH
Teicneolaíocht a oibríonn do na daoine
Geilleagar digiteach atá cothrom agus iomaíoch
An geilleagar sonraí a chur chun cinn
Inrochtaineacht suíomh gréasáin agus feidhmchlár móibíleach
An chibearshlándáil agus cosaint ar chibearbhagairtí a neartú
Sochaí dhigiteach atá oscailte, daonlathach agus inbhuanaithe
Cosaint do thomhaltóirí agus do chuideachtaí
Faisnéis thrédhearcach faoi ghnólachtaí agus do ghnólachtaí
Córais iompair dhigiteacha
III.GEILLEAGAR A FHÓIREANN DO DHAOINE
Dálaí oibre
Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
Soghluaisteacht an lucht saothair
Comhordú na slándála sóisialta
Faisnéis agus cúnamh do dhaoine agus do ghnólachtaí
Rialáil níos fearr ar ghairmeacha agus aitheantas níos fearr do cháilíochtaí
Soláthar poiblí fónta agus íocaíochtaí moillithe a chomhrac
An margadh inmheánach fuinnimh
Cumhacht núicléach a choinneáil sábháilte
Soghluaisteacht agus iompar
Cánachas díreach
Cánachas indíreach
Custam
Iomaíocht
Seirbhísí airgeadais
Sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta
IV.ÁR NDÓIGH BHEATHA EORPACH A CHUR CHUN CINN AGUS AN DAONLATHAS EORPACH
An smacht reachta agus cearta bunúsacha
Saoránacht an Aontais Eorpaigh
Saorghluaiseacht daoine
Cearta lucht taistil le linn na paindéime
Iompar níos sábháilte
Comhionannas agus neamh‑idirdhealú
Ciníochas agus seineafóibe a chomhrac, fuathchaint san áireamh
Cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú
Comhar ceartais agus ráthaíochtaí aonair sa dlí coiriúil
Slándáil
An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann
Brollach
Tá an tuarascáil seo á foilsiú tráth a bhfuil dúshlán á thabhairt do dhaonlathas na hEorpa, ón taobh amuigh agus ón taobh istigh araon. Is iarracht é ionsaí na Rúise ar an Úcráin an smacht reachta a shárú leis an lámh láidir. Seasann an tAontas Eorpach go daingean ar thaobh na hÚcráine agus ar thaobh an daonlathais in ionad an uathlathais, toisc gurb é an smacht reachta is bonn le hord idirnáisiúnta atá cóir, síochánta.
Le comhrac na hÚcráine ar son na saoirse, meabhraítear dúinn luach ár ndaonlathais féin. Ní mór an daonlathas a chothú, a fheidhmiú agus a athnuachan gach lá ionas go mbeidh rath air. Sin é an cuspóir atá an Coimisiún Eorpach, faoi mo cheannaireacht, ag saothrú ar a dhícheall ó thús a shainordaithe.
Tá bearta stairiúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Tá na bearta sin bunaithe ar idirphlé le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit, in éineacht leis an tsochaí shibhialta. Úsáideann an Coimisiún a chumhachtaí forfheidhmiúcháin agus téann sé i muinín nósanna imeachta um shárú nuair is gá sin chun ár rialacha comhaontaithe a chosaint. Léirítear i dtuarascáil na bliana seo an chaoi ar lean an Coimisiún de dhlí an Aontais a chosaint le bliain anuas lena áirithiú go lántairbheoidh saoránaigh inár Margadh Aonair de chur chun feidhme príomhbheartas.
Is obair idir lámha i gcónaí é an daonlathas. Tá an Coimisiún tiomanta do chearta shaoránaigh an Aontais a chosaint, is cuma cá bhfuil cónaí orthu san Aontas seo againne. Is é an smacht reachta an gliú lena gceanglaítear an tAontas Eorpach le chéile. Tá sé ríthábhachtach i dtaobh chosaint na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe: an daonlathas, an tsaoirse, an comhionannas agus meas ar chearta an duine. Agus is é sin a d’fhormhuinigh gach ceann de na 27 mBallstát mar chuid den Aontas Eorpach, mar thíortha ceannasacha, agus mar phobail shaora.
Is mise le meas,
An Dr Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
I.An Comhaontú Glas don Eoraip
‘Is é Robert Schuman a dúirt: teastaíonn ón Eoraip anam, idéal, agus an toil pholaitiúil chun freastal ar an idéal sin. […] Agus le linn na géarchéime domhanda is tromchúisí dá raibh riamh ann, thograíomar gníomhú le chéile leis an gComhaontú Glas don Eoraip.’
– An tUachtarán von der Leyen san Aitheasc a thug sí faoi Staid an Aontais in 2021
Tá an domhan ag tabhairt aghaidh ar éigeandálaí aeráide agus bithéagsúlachta atá ina mbagairt ó thaobh an pláinéad seo againne a bheith ann. Tá rún daingean ag an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Is é an
Comhaontú Glas don Eoraip
plean an Choimisiúin chun dul i dtreo gan aon truailliú a bheith á dhéanamh ar an aer, ar an uisce ná ar an ithir, agus geilleagar an Aontais a athrú ó bhonn ionas go mbeidh sé ina gheilleagar nua-aimseartha atá tíosach ar acmhainní.Níl an t‑am againn a bheith idir dhá chomhairle: is é is aidhm d’iarrachtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin cur chun feidhme tapa a dhéanamh ar rialacha an Aontais lena gcuirfear an Comhaontú Glas i gcrích, agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm go dian.
Áirítear leis na cinntí ón gCoimisiún na Ballstáit a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
–
An Fhrainc
,
an Ungáir
agus
an tSlóivéin
maidir leis an gcóireáil a dhéanann siad ar fhuíolluisce.
–
an Ghréig
agus
an Phortaingéil
i leith droch‑cháilíocht aeir de bharr ardleibhéil dé-ocsaíde nítrigine (NO2);
-
an tSlóvaic
i leith ardtiúchan ábhair cháithnínigh (PM10);
-
an Rómáin
i leith oibriú neamhdhleathach gléasraí tionsclaíocha;
-
Éire
agus
an Iodáil
i leith sáruithe maidir le substaintí in uisce óil a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol don tsláinte;
-
an Spáinn
i leith cosaint neamhleor d’uiscí ar thruailliú de bharr níotráití;
Aer agus uisce glan
Tá truailliú an aeir i measc na bpríomhthosca a dhéanann difear do shláinte an duine. Tá cur chun feidhme iomlán
chaighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir
ríthábhachtach chun ár bhfolláine a chosaint go héifeachtach agus chun an comhshaol nádúrtha a chosaint.
Ina theannta sin, tá líon mór daoine fós neamhchosanta ar shubstaintí díobhálacha ina n‑uisce óil, rud atá contrártha do
rialacha an Aontais
. Agus ní dhéantar
fuíolluisce uirbeach
a bhailiú ná a chóireáil i gceart fós i roinnt céadta cathracha ar fud an Aontais.
Sheol an Coimisiún cásanna um shárú in aghaidh roinnt Ballstát agus lean sé leo a thuilleadh chun leibhéal iomchuí cóireála fuíolluisce a áirithiú.
Cosaint na bithéagsúlachta
Rinne an Coimisiún
an Bhulgáir
agus
an Ghearmáin
a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc gur mhainnigh siad a limistéir faoi chosaint Natura 2000 a chosaint agus a bhainistiú.
Rinneadh
an Ghearmáin
a tharchur freisin i leith gan cosaint leordhóthanach a thabhirt d’fhéarthailte ar mhórán bláthanna.
Agus rinneadh
Málta
a tharchur chuig an gCúirt i leith gaisteoireacht glasán faoi chosaint a údarú.
Is príomhchuspóirí faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoi
Straitéis Bhithéagsúlachta na hEorpa
iad an bhithéagsúlacht a chosaint agus díghrádú éiceachóras a aisiompú. Tá ról tábhachtach ag aisiriú foraoisí, ithreacha agus bogach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide freisin.
Geilleagar ciorclach a chur chun cinn
Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le
plean gníomhaíochta 2020 don gheilleagar ciorclach
, cuirtear laghdú agus aisghabháil dramhaíola chun cinn. Is é is aidhm dóibh caighdeáin bainistíochta dramhaíola an Aontais a chur chun feidhme ina n‑iomláine, chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú. I
mí na Samhna
agus i
mí na Nollag
2021, rinne an Coimisiún gníomhaíocht in aghaidh sé Bhallstát toisc gur mhainnigh siad comhlíonadh a dhéanamh ar an oibleagáid atá orthu – faoin
Treoir Réime Dramhaíola
agus faoin
Treoir maidir le Líonadh Talún
– feabhas a chur ar chóireáil dramhaíola sula gcuirtear chuig líonadh talún í. I gcás
na Rómáine
, chinn an Coimisiún í a tharchur ar ais chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc gur mhainnigh sí comhlíonadh iomlán a dhéanamh ar
bhreithiúnas níos luaithe ón gCúirt
.
Fuinneamh glan
Lean an Coimisiún ar aghaidh le cásanna um shárú in aghaidh
na Gréige
agus
na Rómáine
toisc nach ndearna siad trasuí iomlán ar
an Treoir leasaitheach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
.
Agus sheol sé nósanna imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát uile toisc gur mhainnigh siad an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a thrasuí go hiomlán faoin sprioc-am, an 30 Meitheamh 2021.
Tá sé ríthábhachtach córas fuinnimh an Aontais a dhícharbónú chun cuspóirí aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus an sprioc fhadtéarmach a bhaint amach i dtaobh a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. In 2021, leanadh ar aghaidh ag díriú gníomh forfheidhmiúcháin an Choimisiúin ar an bpacáiste
Fuinneamh Glan do gach Eorpach
a chur chun feidhme. Is é is aidhm do na rialacha sin an t‑aistriú fuinnimh a stiúradh i dtreo earnáil fuinnimh atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe, agus ina mbeidh tús áite ag tomhaltóirí.
Tá sé ríthábhachtach fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn chun ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach. Leagtar síos leis an
Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite
sprioc 32 % ar a laghad don Aontas le haghaidh 2030 maidir le fuinneamh in‑athnuaite, agus áirítear inti bearta chun forbairt chost‑éifeachtúil, inbhuanaithe ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a áirithiú.
Talmhaíocht inbhuanaithe
Is iad na cuspóirí atá le
comhbheartas talmhaíochta an Aontais
tacú le feirmeoirí agus táirgiúlacht talmhaíochta a fheabhsú, ionas go bhféadfar pobal na hEorpa a chothú le bia atá sábháilte, inacmhainne agus ar ardchaighdeán. Is é is aidhm don bheartas a áirithiú go mbeidh ioncam cothrom ag feirmeoirí na hEorpa. Ceapadh é freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil amhail an t‑athrú aeráide agus cailliúint bithéagsúlachta.
In 2021, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir
le hathchóiriú
ar an mbeartas, athchóiriú a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023. Leis sin, méadófar an méid a chuireann an beartas le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe an straitéis
ón bhfeirm go dtí an forc
agus an straitéis
bhithéagsúlachta
.
Lean an Coimisiún de chur i bhfeidhm críochnúil rialacha an chomhbheartais talmhaíochta a áirithiú (e.g. rialacha maidir le feirmeoireacht orgánach, úsáid inbhuanaithe talún feirme, foraoiseacht, tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht).
In 2021, cuireadh tús feidhme le
rialacha nua de chuid an Aontais
chun feirmeoirí na hEorpa a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála a bhíonn ar bun ag ceannaitheoirí móra i slabhra an tsoláthair bia. Chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
12 Bhallstát
toisc gur mhainnigh siad na rialacha sin a thrasuí sa dlí náisiúnta in am trátha. Thug ocht gcinn acu fógra ina dhiaidh sin go raibh trasuí iomlán déanta ar na rialacha, in 2021.
Iascaigh inbhuanaithe agus pleanáil spásúil mhuirí
Is é an príomhsprioc atá le comhbheartas iascaigh an Aontais Eorpaigh inbhuanaitheacht comhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú dár n‑iascairí agus dár bpobail chósta. Tá gach ceann de na trí ghné sin nasctha le chéile: ní féidir le hearnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bheith faoi bhláth gan stoic shláintiúla éisc agus gan caomhnú leordhóthanach a bheith á dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara. Trí rialacha an Aontais maidir le hiascaigh a fhorfheidhmiú, rannchuidítear le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i dtaobh cosaint éiceachóras nádúrtha agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn agus a mhéadú.
In 2021, díríodh gníomh forfheidhmiúcháin an Choimisiúin ar chur chun feidhme iomlán
na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír
. Faoin oibleagáid sin, ceanglaítear gabhálacha de speicis áirithe éisc a thabhairt ar bord soithí iascaireachta, iad a thaifeadadh, iad a thabhairt i dtír ar an gcladach agus iad a chomhaireamh os coinne cuótaí is infheidhme.
Tá taifeadadh cruinn ar ghabhálacha ina bhonn le bainistíocht éifeachtach iascaigh, le ró-iascaireacht a chosc agus le gabhálacha de thaisme a laghdú.
Thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh
na Beilge
,
na hÉireann
,.
na Fraince
,
na Spáinne
, agus
na hÍsiltíre
toisc nach ndearna siad faireachán agus forfheidhmiú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.
Baineann na cásanna sin freisin le neamhchomhlíonadh
rialacha an Aontais
chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.
Lean an Coimisiún ar aghaidh freisin le cás um shárú in aghaidh
Mhálta
toisc gur mhainnigh sé rialacha maidir leis an tuinnín gorm a chomhlíonadh.
Lean an Coimisiún freisin den idirphlé leis na Ballstáit chun laghdú a dhéanamh ar fho-ghabháil speiceas íogair, amhail deilfeanna agus muca mara, trí úsáid fuaimghaireas bactha a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar thuairisciú ar ghabhálacha speiceas a chuirtear ar ais san fharraige.
Rinne an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme
na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí
, go háirithe an oibleagáid pleananna spásúla muirí a bhunú. Tá sé ina aidhm leis na pleananna sin cuspóirí éagsúla éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh. Go háirithe, tá sé ina aidhm leo geilleagair inbhuanaithe aigéin agus chósta a bhaint amach agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní muirí, lena n‑áirítear maidir le forbairt fuinnimh amach ón gcósta. Chuir an Coimisiún tús le himeachtaí um shárú in aghaidh
na Gréige
,
na Cróite
,
na hIodáile
,
na Cipire
, agus
na Rómáine
toisc nár bhunaigh siad pleananna den sórt sin.
Ós rud é gur minic a théann éisc ar imirce fhada agus nach gcuireann teorainneacha náisiúnta srian leo, tá gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme laistigh d’uiscí an Aontais. Chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú maidir le cabhlaigh na mBallstát a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh
na Fraince
agus reáchtáil sé sraith babhtaí idirphlé choiscthigh le Ballstáit eile.
Sláinte agus sábháilteacht bia
Tá sé i gceist leis an reachtaíocht sa réimse seo áit níos sláintiúla agus níos sábháilte a dhéanamh den Eoraip. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh údaráis náisiúnta rialacha an Aontais chun feidhme go cuí agus go comhsheasmhach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Glacann an Coimisiún cur chuige ‘aon sláinte amháin’ maidir le hullmhacht agus cosc, lena gcomhtháthaítear sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil, chomh maith le sábháilteacht bia agus beatha. Aithnítear le ‘aon sláinte amháin’ go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine le sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil.
Bhí iniúchtaí fós ina bpríomhuirlis i dtaobh fhorfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus leas ainmhithe. Bhí siad tábhachtach freisin i dtaobh rialú cáilíochta i leith táirgí cógaisíochta agus feistí leighis.
Bhí áirithiú ceart othar chun cúram sláinte trasteorann a rochtain fós ina thosaíocht ag an gCoimisiún in 2021. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún de bheith ag éileamh go ndéanfaí an
Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann
a chur chun feidhme go hiomlán, agus é i mbun idirphléití leis na Ballstáit chun cur i bhfeidhm na Treorach a fheabhsú.
Tá caitheamh tobac fós ar an riosca sláinte is mó ar ceann é is féidir a sheachaint, agus is é an chúis is mó atá le bás anabaí san Aontas. Rannchuidíonn an
Treoir um Tháirgí Tobac
le caitheamh tobac a laghdú agus baintear amach torthaí dearfacha don tsláinte phoiblí dá barr. Áirithítear le rialacha na Treorach sin go gcuirfear an pobal ar an eolas faoi na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn ag tobac agus go mbeidh toirmeasc ar shainbhlasanna i gcás na bpríomhchatagóirí táirgí. In 2021, lean an Coimisiún dá chuid oibre chun an Treoir a fhorfheidhmiú go hiomlán: rinne sé seiceálacha comhréireachta ar na dlíthe náisiúnta lenar ndéantar an Treoir a thrasuí, bhí idirphléití aige leis na Ballstáit chun cur chun feidhme na Treorach a neartú agus d’fhoilsigh sé
tuarascáil
ar chur i bhfeidhm na Treorach.
II.Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach
‘Ní mór dúinn cromadh ar an obair agus ár gclaochlú digiteach a mhúnlú de réir ár rialacha agus ár luachanna féin.’
– An tUachtarán von der Leyen san Aitheasc a thug sí faoi Staid an Aontais in 2021
Tá saol daoine á athrú ag an teicneolaíocht dhigiteach. D’fhág paindéim COVID-19 gur tháinig athrú ó bhonn ar ról agus braistint an digitithe inár sochaithe agus gur cuireadh le luas an digitithe sin. Tá teicneolaíochtaí digiteacha lárnach maidir le hobair, foghlaim, siamsaíocht, bualadh le chéile, siopadóireacht agus rochtain ar gach rud idir sheirbhísí sláinte agus chultúr. Is ábhartha anois ná riamh é beartais dhigiteacha a shaothrú agus a fhorfheidhmiú ar cinn iad lena dtugtar cumhacht do dhaoine agus do ghnólachtaí chun glacadh go fonnmhar le todhchaí dhigiteach a bheidh dírithe ar an duine agus ina mbeifear faoi bhláth.
Teicneolaíocht a oibríonn do na daoine
Léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá feidhmiú cuí na huimhreach éigeandála Eorpaí 112, suíomh glaoiteora a shainaithint agus rochtain chothrom a áirithiú d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas. Níl sa chumarsáid éigeandála agus sa rochtain ar sheirbhísí cumarsáide éigeandála trí 112 ach cuid de na rudaí a rialaítear le
Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach 2020
.
Sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh
24 Bhallstát
mar i leith mainneachtain an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a thrasuí in am. Lean sé a thuilleadh leis na himeachtaí sin in aghaidh
20 Ballstát
níos déanaí in 2021.
Tá an Cód ar cheann de bhunchlocha an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, agus déantar nuachóiriú leis ar an gcreat rialála Eorpach don chumarsáid leictreonach, chun roghanna agus cearta tomhaltóirí a fheabhsú. Áirithítear leis conarthaí níos soiléire, cáilíocht seirbhísí agus margaí iomaíocha.
Is iad cuspóirí lárnacha an Chóid nascacht a chur chun cinn, mar aon le hinfheistíocht i líonraí fíor-ardacmhainne agus rochtain orthu. Chuaigh an sprioc-am chun na rialacha sa Chód a thrasuí i reachtaíocht náisiúnta in éag an 21 Nollaig 2020.
Geilleagar digiteach atá cothrom agus iomaíoch
Leis an
Treoir maidir le Cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach
agus leis an
Treoir maidir le cláir theilifíse agus raidió ar líne
, déantar rialacha cóipchirt an Aontais a nuachóiriú chun iad a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Fágann siad gur féidir cur leis na húsáidí digiteacha i bpríomhréimsí na sochaí agus éascaítear leo dáileadh clár raidió agus teilifíse ar fud an Aontais.
Rachaidh na rialacha nua chun tairbhe do thionscail chruthaitheacha agus do shaoránaigh araon, agus áiritheofar leo go mbeidh níos mó cothroime agus soiléireachta ann nuair a bheidh ábhar faoi chóipcheart á úsáid ar líne. Ghlac an Coimisiún treoirlínte chun tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an cheanglais nua atá ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne ceadúnas a lorg ó shealbhóirí ceart. Ba é an 7 Meitheamh 2021 an sprioc-am chun an dá threoir a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh
23 Bhallstát
toisc gur mhainnigh siad fógra a thabhairt i dtaobh an ndearna siad an Treoir maidir le cóipcheart a thrasuí go hiomlán. Agus chuir sé tús le cásanna um shárú in aghaidh
21 Bhallstát
i leith trasuí neamhiomlán na Treorach maidir le cláir theilifíse agus raidió ar líne.
An geilleagar sonraí a chur chun cinn
Tá acmhainneacht eacnamaíoch ollmhór ag baint le hathúsáid sonraí arna dtáirgeadh ag an earnáil phoiblí. Is é is aidhm don
Treoir maidir le Sonraí Oscailte
níos mó de na hacmhainní sonraí a tháirgeann agus a chistíonn an earnáil phoiblí a chur ar fáil lena n‑athúsáid.
An tráth céanna, spreagtar léi go ndéanfar forbairt ar réitigh nuálacha amhail feidhmchláir shoghluaisteachta. Feabhsaítear trédhearcacht dá barr trí rochtain a chur ar fáil ar shonraí taighde arna gcistiú go poiblí, agus tacaítear le teicneolaíochtaí nua, lena n‑áirítear an intleacht shaorga.
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh 19 mBallstát toisc nár thug siad fógra faoi thrasuí iomlán na rialacha in am. Faoi dheireadh 2021, bhí trasuí tugtha i gcrích ag 14 Bhallstát.
Inrochtaineacht suíomh gréasáin agus feidhmchlár móibíleach
Is é is aidhm don
Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin
suímh ghréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid chomhlachtaí na hearnála poiblí a bheith níos inrochtana do chách, agus go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas. Faoin Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit torthaí a ngníomhaíochtaí faireacháin agus forfheidhmiúcháin a thuairisciú gach 3 bliana. In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún na chéad
tuarascálacha
riamh ó na Ballstáit dá réir sin. Rinne na Ballstáit os cionn 10 000 suíomh gréasáin agus 300 feidhmchlár móibíleach a thástáil le linn na tréimhse sin.
An chibearshlándáil agus cosaint ar chibearbhagairtí a neartú
Le claochlú digiteach ár sochaí, leathnaíodh réimse na cibearbhagartha agus tháinig dúshláin nua ar an bhfód a dteastaíonn freagairtí oiriúnaithe, nuálacha ina leith. Tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na gcibearionsaithe agus tá ionsaithe, atá ag éirí níos sofaisticiúla de réir a chéile, ag teacht ó réimse leathan foinsí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Le hardleibhéal cosanta ar chibearbhagairtí seachtracha, neartaítear athléimneacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda.
Chun reachtaíocht an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin agus do bhagairtí atá ag athrú, tá
togra
nua glactha ag an gCoimisiún le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais. Tiocfaidh sé in ionad na treorach atá ann cheana, an
Treoir maidir le slándáil gréasán agus córas faisnéise
, atá ar an gcéad phíosa reachtaíochta uile-Aontais maidir leis an gcibearshlándáil. In 2021, chuir an Coimisiún clabhsúr ar chásanna um shárú in aghaidh na Beilge, na hUngáire agus na Rómáine toisc gur chomhlíon siad oibleagáidí sonracha faoin treoir sin.
Sochaí dhigiteach atá oscailte, daonlathach agus inbhuanaithe
Leis an
Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc
, rialaítear comhordú uile-Aontais na meán closamhairc go léir, idir ghnáthchraoltaí teilifíse agus seirbhísí ar éileamh. Is é is aidhm do na rialacha faoin Treoir sin creat rialála a bhunú a bheidh oiriúnach don ré dhigiteach, as a dtiocfaidh réimse closamhairc atá níos sábháilte, níos cothroime agus níos éagsúla. In 2021, lean an Coimisiún a thuilleadh le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
11
Bhallstát
i leith mainneachtain fógra a thabhairt faoi thrasuí iomlán na Treorach. An tráth céanna, chuir an Coimisiún clabhsúr ar nósanna imeachta um shárú in aghaidh naoi mBallstát a rinne an Treoir a thrasuí go hiomlán sa dlí náisiúnta.
Rinne an Coimisiún cás um shárú in aghaidh na hUngáire
a sheoladh
agus
lean sé leis
a thuilleadh, ar cás é maidir le rialacha náisiúnta lena bhféachtar le toirmeasc nó teorainn a chur le rochtain ar ábhar closamhairc lena léirítear ‘imeacht ó fhéinchéannacht a chomhfhreagraíonn do ghnéas tráth na breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht’ do mhionaoisigh.
Mheas an Coimisiún gur sháraigh an dlí roinnt rialacha de chuid an Aontais toisc go gcuirtear srianta gan údar i bhfeidhm leis lena ndéantar idirdhealú in aghaidh daoine bunaithe ar a ngnéaschlaonadh. Meastar go bhfuil an dlí díréireach freisin.
Tá neamhspleáchas na rialtóirí náisiúnta teileachumarsáide ríthábhachtach lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach agus go neamhchlaonta
rialacha an Aontais maidir le teileachumarsáid
. Lean an Coimisiún ar aghaidh le cás a bhí ar bun in aghaidh
na Polainne
as sárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais Eorpaigh lena gcosnaítear neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta na Polainne, an Oifig um Chumarsáid Leictreonach.
Tá feidhm ag rialacha teileachumarsáide an Aontais freisin maidir leis na coinníollacha faoina n‑úsáideann tíortha an Aontais speictream raidió. Is iad prionsabail na comhréireachta agus an neamh‑idirdhealaithe na príomhghnéithe. Chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú, chuir an Coimisiún tús le cás um shárú in aghaidh
na hUngáire
maidir le cearta speictrim raidió a shannadh agus lean sé a thuilleadh leis an gcás sin.
Mheas an Coimisiún go raibh an cinneadh ó Chomhairle Meán na hUngáire diúltú do chearta stáisiúin raidió a athnuachan díréireach agus neamh‑thrédhearcach, agus gur ar bhealach idirdhealaitheach a cuireadh i bhfeidhm dlí náisiúnta na hUngáire um na meáin.
Cosaint do thomhaltóirí agus do chuideachtaí
Ba cheart é a bheith éasca earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a cheannach ó aon Bhallstát den Aontas laistigh den mhargadh aonair, agus ba cheart tomhaltóirí a bheith cinnte faoina gcearta.
Leis an
Treoir maidir le hÁbhar Digiteach agus an Treoir maidir le hEarraí a Dhíol
, déantar na príomhrialacha maidir le dlí na gconarthaí do thomhaltóirí a ailíniú ar fud an Aontais. Leis na rialacha, cuirtear leis an deimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí agus do thrádálaithe araon agus áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí. Chuaigh an sprioc-am chun na treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta in éag an 1 Iúil 2021. Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh 20 Ballstát toisc nach ndearna siad na treoracha a thrasuí.
Faisnéis thrédhearcach faoi ghnólachtaí agus do ghnólachtaí
Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngnólachtaí trasteorann, tá sé ríthábhachtach rochtain éasca a bheith ann ar fhaisnéis faoi chuideachtaí i mBallstáit éagsúla. Faoi
reachtaíocht an Aontais
ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta gnólachtaí a nascadh le córas idirnasctha na gclár gnó (BRIS).
Déantar oibríochtaí trasteorann a éascú le BRIS agus fágann sé go bhfuil nósanna imeachta níos saoire do chuideachtaí agus nach dtógann siad an oiread ama orthu. Cuireann sé ar a gcumas do dhaoine aonair, gnólachtaí agus fiontraithe faisnéis a fháil faoi chuideachtaí. In 2021, chinn an Coimisiún
an Bhulgáir
a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc nach raibh sé nasctha le BRIS go fóill, agus chuir sé clabhsúr ar nósanna imeachta um shárú in aghaidh na hÉireann agus na Fraince, a raibh nascadh a gclár gnólachtaí le BRIS tugtha i gcrích acu.
Lean an Coimisiún ar aghaidh leis na nósanna imeachta um shárú a bhí ar bun cheana in aghaidh na mBallstát uile maidir le cur chun feidhme
na nIonad Ilfhreastail
. Is tairseacha ríomhrialtais iad sin lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse an fhaisnéis a theastaíonn uathu a fháil agus nósanna imeachta riaracháin a thabhairt i gcrích ar líne.
Tá iarrachtaí comhlíonta maidir le cur i bhfeidhm
na Treorach um Sheirbhísí
i gcroílár an digitithe agus an ríomhrialtais agus tá sé ina aidhm leo freisin tacú leis an obair faoin
bPointe Rochtana Aonair Dhigiteach
. Tá dul chun cinn substaintiúil déanta ag na Ballstáit ach ní hé an dul chun cinn céanna atá déanta acu uile.
Córais iompair dhigiteacha
Leis an digitiú, is féidir an t‑iompar a dhéanamh níos sábháilte, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Fágann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide go mbíonn deiseanna nua le tapú i leith gach modha iompair paisinéirí agus lasta. Thairis sin, is féidir seirbhísí nua a chruthú de bharr chomhtháthú na dteicneolaíochtaí atá ann cheana.
Mar shampla, i gcás iompar de bhóthar, áirithítear le
Seirbhís Dola Leictreonaigh na hEorpa
go bhfuil seirbhísí dolaí idir-inoibritheach ar fud na mbóithre san Aontas. Leis an tseirbhís sin, cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí bóithre dolaí a íoc go héasca ar fud an Aontais go léir gan ach conradh síntiúis amháin le soláthraí seirbhíse amháin agus aonad amháin ar bord.
Trí dheireadh a chur le nósanna imeachta anásta d’úsáideoirí ócáideacha agus trí oibríochtaí laethúla a éascú d’úsáideoirí bóithre, feabhsaítear sreabhadh tráchta agus laghdaítear an brú tráchta. Chun rialacha na seirbhíse dolaí a fhorfheidhmiú, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh
na Slóivéine
agus rinne sé bearta breise i nós imeachta in aghaidh
na hUngáire
.
Maidir le sábháilteacht eitlíochta, is ionann
seirbhísí nasctha sonraí
agus teachtaireachtaí idir aerárthaí agus an talamh lena gcomhlánaítear an chumarsáid ghutha a úsáidtear de ghnáth i rialú aerthráchta. Cuirtear feabhas dá mbarr ar éifeachtúlacht cumarsáide idir an píolóta agus an rialtóir, rud a mhéadaíonn acmhainn rialaithe aerthráchta.
Lean an Coimisiún a thuilleadh le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
sé Bhallstát
toisc gur mhainnigh siad seirbhísí nasctha sonraí a sholáthar agus a oibriú le haghaidh na n‑oibreoirí aerárthaí uile a bhíonn ag eitilt laistigh dá n‑aerspás. Chuir sé clabhsúr ar nósanna imeachta um shárú maidir leis an tsaincheist chéanna in aghaidh na Bulgáire, na Liotuáine agus na Fionlainne.
III.Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine
‘Níl duine inár measc nár thairbhe agus sochar dó an bhunchloch agus an dúshraith atá faoi gheilleagar sóisialta an mhargaidh san Eoraip. Agus ba cheart dúinn deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh an chéad ghlúin eile an todhchaí a mhúnlú di féin.’
– An tUachtarán von der Leyen san Aitheasc a thug sí faoi Staid an Aontais in 2021
Is ionann cónaí san Aontas sa lá atá inniu ann agus an ceart a bheith agat chun slí mhaireachtála atá sábháilte, cuibhiúil, agus an deis rath a bheith ort. A bhuí le geilleagar sóisialta margaidh an Aontais, tá cuid de na caighdeáin is airde maireachtála, na dálaí oibre is fearr agus an chosaint shóisialta is éifeachtaí ar domhan ag an Aontas.
Bíonn an iomarca cásanna fós ann, áfach, ina gcuirtear rialacha an mhargaidh aonair nó rialacha fostaíochta i bhfeidhm ar bhealach mícheart nó neamhiomlán. Tugtar aghaidh ar na heasnaimh sin le beartas forfheidhmiúcháin an Choimisiúin ionas go mbeidh na héifeachtaí iomlána a bheartaítear leo ag na rialacha sin.
Dálaí oibre
Tá dálaí oibre cothroma, díniteacha ina bpríomhghné de gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, ar fud na n‑earnálacha eacnamaíocha agus na mBallstát. Tá rialacha ag an Aontas maidir le huaireanta oibre, obair pháirtaimseartha agus obair téarma shocraithe, oibrithe sealadacha agus oibrithe a phostú – lena sainítear na ceanglais íosta a bhfuil feidhm acu ar fud an Aontais. In 2021, rinne an Coimisiún roinnt cinntí chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú.
Maidir le rialacha i dtaobh
obair téarma shocraithe
a chur i bhfeidhm, sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na hIodáile
maidir leis na dálaí oibre atá ag giúistísí oinigh. Rinne sé gníomhaíocht freisin in aghaidh
na Portaingéile
maidir leis na coinníollacha fostaíochta atá ag múinteoirí ar théarma socraithe. Chuir an Coimisiún tús le cás um shárú in aghaidh
na Spáinne
inar chuir sé i dtábhacht saincheisteanna comhréireachta le rialacha náisiúnta maidir
le hobair ghníomhaireachta shealadach
. Thairis sin, in earnáil an iascaigh mhara, d’iarr an Coimisiún ar
an gCipir
rialacha an Aontais maidir le cosaint oibrithe a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.
Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Danmhairge
agus lean sé a thuilleadh le nós imeachta a bhí ann cheana in aghaidh
na Cipire
toisc gur mhainnigh sí trasuí a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le hoibrithe a chosaint ar nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair.
Thairis sin, tar éis faisnéis a fháil i ngearán, chuir an Coimisiún tús le nós imeachta um shárú in aghaidh
na Gearmáine
i leith sárú líomhnaithe ar rialacha an Aontais chun sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint ag láithreáin tógála shealadacha agus soghluaiste.
Leanadh ar aghaidh ag díriú iarrachtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin ar rialacha an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde a thrasuí go tráthúil sa reachtaíocht náisiúnta. Chuir an Coimisiún clabhsúr ar 12 nós imeachta um shárú, toisc gur thrasuigh na Ballstáit
dhá
threoir
maidir le cosaint ar nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair, chomh maith le
rialacha a tugadh cothrom le dáta
. Na rialacha sin a tugadh cothrom le dáta, bhain siad le víreas SARS-CoV-2 a chur le liosta na n‑oibreán sa
Treoir maidir le hOibreáin Bhitheolaíocha
, rud a raibh an Coimisiún in ann clabhsúr a chur ar ceithre chás um shárú ina leith.
Chun comhréireacht na mbeart náisiúnta leis an
Treoir lena mbunaítear an ceathrú liosta de theorainnluachanna táscacha nochta ceirde
a áirithiú, sheol an Coimisiún idirphléití le sraith Ballstát. Tugadh cúig cinn díobh sin i gcrích go rathúil in 2021, agus tugadh rialacha náisiúnta i gcomhréir le rialacha an Aontais.
Soghluaisteacht an lucht saothair
Tá
saorghluaiseacht oibrithe
ar cheann de na saoirsí bunúsacha ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Dá bhrí sin, leagann an Coimisiún tábhacht ar leith ar fhorfheidhmiú na rialacha maidir leis sin. Le linn 2021, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, bhí dúshláin fós le sárú i dtaobh saorghluaiseacht oibrithe.
Chuir an Coimisiún tús le nós imeachta um shárú in aghaidh
na hIodáile
toisc gur mhainnigh sí comhlíonadh a dhéanamh ar dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe i ndáil le cúntóirí teanga iasachta (‘Lettori’) in ollscoileanna.
Cé go soláthraítear i ndlí na hIodáile creat inghlactha chun gairmeacha léachtóirí eachtracha a atógáil, níor chuir formhór na n‑ollscoileanna chun feidhme é.
De ghnáth, ní mór do gach Ballstát caitheamh le náisiúnaigh Ballstát eile mar a chaithfidís lena náisiúnaigh féin. Maidir le poist san earnáil phoiblí, tá sé contrártha do dhlí an Aontais oibrithe an Aontais a eisiamh go ginearálta ó phoist phoiblí bunaithe ar a leibhéal ordlathach, gan anailís a dhéanamh ar bhonn cás ar chás.
In 2021, lean an Coimisiún a thuilleadh le nós imeachta um shárú in aghaidh
na Gréige
i ndáil le poist ardleibhéil sa riarachán poiblí agus i roinnt eintitis phoiblí a shrianadh d’iarrthóirí a bhfuil náisiúntacht na Gréige acu.
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh 24 Bhallstát chun forálacha náisiúnta éagsúla a thabhairt i gcomhréir leis an
Treoir Forfheidhmithe maidir le hOibrithe a Phostú
.
Leis an treoir sin, atreisítear cur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha maidir le hoibrithe a phostú trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le calaois a chomhrac agus dul timpeall ar rialacha, rochtain ar fhaisnéis, agus comhar riaracháin idir na Ballstáit.
Le rialacha an Aontais maidir
le hoibrithe a phostú
, rialaítear cásanna ina seolann a fhostóir fostaí chun seirbhís a dhéanamh i mBallstát eile ar bhonn sealadach. Le
rialacha a tugadh cothrom le dáta
le déanaí, tugadh isteach feabhsuithe nach beag ar staid na n‑oibrithe ar postú agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe seirbhíse. Faoi na rialacha nua, i gcás na ngnéithe éigeantacha uile den luach saothair is infheidhme maidir le hoibrithe áitiúla, beidh feidhm acu freisin maidir le hoibrithe ar postú. Tar éis imeachtaí um shárú in aghaidh 14 Bhallstát maidir le trasuí na rialacha a tugadh cothrom le dáta, thug siad uile fógra maidir le trasuí iomlán in 2021.
Comhordú na slándála sóisialta
Faoi reachtaíocht an Aontais, déantar comhordú ar chórais slándála sóisialta náisiúnta na mBallstát lena ráthú gur féidir an ceart chun saorghluaiseachta daoine a fheidhmiú go héifeachtach. Ar an gcaoi sin, rannchuidíonn rialacha an Aontais le caighdeán feabhsaithe maireachtála agus coinníollacha feabhsaithe fostaíochta i gcás daoine a ghluaiseann laistigh den Aontas.
In 2021, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh
na Gearmáine
toisc gur mhainnigh sí comhlíonadh a dhéanamh ar na rialacha sin agus ar rialacha an Aontais maidir le
saorghluaiseacht oibrithe
. Bhí scéim nua liúntas teaghlaigh tugtha isteach ag Stát na Baváire sa Ghearmáin lenar foráladh do mhéideanna éagsúla sochar teaghlaigh de réir áit chónaithe linbh lena mbaineann laistigh den Aontas. Bhí cás comhchosúil maidir le córas innéacsaithe
na hOstaire
i leith sochair theaghlaigh tarchurtha chuig an gCúirt Bhreithiúnais cheana.
Faisnéis agus cúnamh do dhaoine agus do ghnólachtaí
In 2021, ba thábhachtaí ná riamh é go bhféadfadh daoine aonair agus gnólachtaí leanúint de bheith ag brath ar na deiseanna atá le tapú sa mhargadh aonair agus go n‑oibreodh na Ballstáit agus an Coimisiún i ndlúthpháirt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an tsaorghluaiseacht. D’fhág iarmhairtí phaindéim COVID-19, amhail dúnadh teorainneacha, bristeacha sa slabhra soláthair agus srianta neamhchomhordaithe náisiúnta agus réigiúnacha, gur cuireadh i dtábhacht feidhmiú an mhargaidh aonair a chosaint.
Bhí tionchar na paindéime thar a bheith crua i réigiúin teorann go háirithe. Lean seirbhís réitigh fadhbanna an Aontais ar líne,
SOLVIT
, de bheith ag obair go rianúil ar feadh na paindéime chun cabhrú le gnólachtaí agus le daoine aonair a raibh deacrachtaí trasteorann acu a bhain le COVID-19 agus bhí ról tábhachtach aige maidir lena áirithiú go mbeadh an margadh aonair athléimneach i gcónaí.
Le huirlisí rialachais an mhargaidh aonair – amhail an tairseach
An Eoraip Agatsa
,
An Eoraip Agatsa — Comhairle
agus
SOLVIT
– cuirtear faisnéis shoiléir, cúnamh agus réiteach fadhbanna ar fáil do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann leis an margadh aonair agus leis an tsaorghluaiseacht. Leis na huirlisí sin, cuirtear ar a gcumas do na grúpaí sin leas iomlán a bhaint as a gcearta faoi dhlí an Aontais sa mhargadh aonair.
Ina theannta sin, cabhraíonn fianaise ó na huirlisí leis an gCoimisiún fadhbanna atá ann cheana a aithint agus a cheartú. In 2021, chuidigh SOLVIT le breis agus 2 400 duine agus gnólacht trí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhí acu, agus chuir An Eoraip Agatsa – Comhairle comhairle ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí faoina gcearta i leith an mhargaidh aonair níos mó ná 27 800 uair.
Rialáil níos fearr ar ghairmeacha agus aitheantas níos fearr do cháilíochtaí
Chuir an Coimisiún tús le cásanna um shárú in aghaidh
18 mBallstát
toisc gur mhainnigh siad an treoir maidir le tástáil chomhréireachta a chur chun feidhme i gceart, chun an éifeacht a bhí beartaithe ina leith a bhaint amach i gcás iarrthóirí cáilithe ar phoist.
Leis an
treoir maidir le tástáil chomhréireachta an Aontais
, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, i gcás aon cheanglais nua i leith gairmeacha rialáilte, go mbeidh siad riachtanach agus cothrom. Tá sé ina aidhm léi rialacha náisiúnta a sheachaint ar cinn anróiteacha iad a fhágann níos deacra é ar iarrthóirí cáilithe raon leathan gairmeacha a rochtain nó a chleachtadh.
A bhuí le
rialacha an Aontais maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla
, is fusa do ghairmithe seirbhísí a sholáthar ar fud na hEorpa, agus rathaítear cosaint níos fearr do thomhaltóirí agus do shaoránaigh an tráth céanna. Chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú, chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta in aghaidh
na Rómáine
, agus rinne sé obair leantach ar na cásanna um shárú in aghaidh
na hÉireann
,
na Cipire
agus
na Seicia
, agus chinn sé cás na Seicia a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. D’fhéadfadh an Coimisiún clabhsúr a chur ar chásanna um shárú in aghaidh ocht mBallstát toisc gur chuir siad chun feidhme i gceart an
treoir
a bhfuil feidhm aici ar fud gairmeacha.
Soláthar poiblí fónta agus íocaíochtaí moillithe a chomhrac
Chun cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí ar fud na hEorpa, leagtar síos le rialacha an Aontais caighdeáin íosta maidir leis an gcaoi a gceannaíonn údaráis phoiblí agus oibreoirí fóntais phoiblí áirithe earraí, oibreacha agus seirbhísí. D’fhorfheidhmigh an Coimisiún na rialacha comhchoiteanna sin in 2021, trí thús a chur le nósanna imeachta um shárú nó trí bheart eile a dhéanamh i gcásanna leanúnacha, in aghaidh
ocht
mBallstát
, lena n‑áirítear an cinneadh
an Pholainn
a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
Ceanglaítear le
rialacha an Aontais
freisin go n‑íocfaidh údaráis phoiblí gnólachtaí agus FBManna in am. Is rómhinic, áfach, nach n‑urramaítear an sprioc-am a comhaontaíodh i gcás íocaíochtaí san Aontas. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin, a chuaigh in olcas le linn phaindéim COVID-19, agus chun caillteanais do ghnólachtaí a chosc, go háirithe i gcás gnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna), chuir an Coimisiún tús le cásanna um shárú in aghaidh
na Beilge
,
na Gréige
agus
na hIodáile
, agus lean sé ar aghaidh le nósanna imeachta in aghaidh
na Spáinne
agus
na Slóvaice
agus i leith mainneachtain rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart.
An margadh inmheánach fuinnimh
Tá reachtaíocht an Aontais maidir leis an margadh fuinnimh ríthábhachtach chun deireadh a chur le bacainní ar mhalartú trasteorann leictreachais, chun praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú, chun soláthairtí fuinnimh a dhaingniú agus chun aistriú fuinnimh atá glan agus cothrom a bhaint amach.
Go háirithe, leagtar síos leis an
Treoir Leictreachais
príomhrialacha a bhaineann le heagrú agus feidhmiú earnáil leictreachais an Aontais Eorpaigh, d’fhonn margaí leictreachais a chruthú san Aontas ar cinn iad atá comhtháite, iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha, cothrom agus trédhearcach i ndáiríre.
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh 19 mBallstát toisc gur mhainnigh siad rialacha an Aontais maidir leis an margadh aonair leictreachais a thrasuí go hiomlán sa dlí náisiúnta faoi sprioc-am trasuí, an 31 Nollaig 2020.
In 2021, d’eisigh an Chúirt, i gcás um shárú a tharchuir an Coimisiún chuici roimhe sin maidir le comhlíonadh an Tríú Pacáiste le haghaidh Margadh Inmheánach Fuinnimh ó 2009 i gcás na Gearmáine,
breithiúnas
tábhachtach lena áirithiú gur féidir le húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh a gcúraimí uile a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, ar bhealach atá iomlán neamhspleách agus gan idirghabháil ó pháirtithe príobháideacha ná ón stát, faoi rialú na gcúirteanna náisiúnta agus Chúirteanna an Aontais amháin.
Cumhacht núicléach a choinneáil sábháilte
Is féidir ról dearfach a bheith ag fuinneamh núicléach maidir le spriocanna aeráide a bhaint amach agus slándáil fuinnimh a áirithiú, ar choinníoll go gcomhlíontar an leibhéal is airde sábháilteachta núicléiche agus cosanta ar radaíocht. Lean an Coimisiún ar aghaidh ag díriú ar chur chun feidhme éifeachtach chreat dlíthiúil Euratom maidir le sábháilteacht núicléach, oibrithe, othair agus an pobal i gcoitinne a chosaint ar radaíocht ianúcháin agus a chinntiú go láimhseáiltear dramhaíl radaighníomhach go sábháilte.
Sheol sé nósanna imeachta um shárú in aghaidh
cúig
Bhallstát
, agus lean sé a thuilleadh le nósanna imeachta a bhí ann cheana in aghaidh ceithre
Bhallstát
eile, agus é á iarraidh aige go ndéanfaí an
Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta
a thrasuí i gceart nó ina hiomláine. Díobh sin, níl ach cásanna in aghaidh na Gréige, na Laitvia agus Mhálta fós ar bun – cuireadh clabhsúr ar gach cás eile in 2021. Chuir an Coimisiún tús freisin le nósanna imeachta um shárú in aghaidh trí
Bhallstát
chun trasuí ceart
Threoir Euratom maidir le hUisce Óil
a áirithiú.
Thairis sin, rinne an Coimisiún obair leantach ar nósanna imeachta um shárú
in aghaidh
seacht
mBallstát
i ndáil leis an
Treoir maidir le Dramhaíl Radaighníomhach
, i leith an treoir a thrasuí ar bhealach mícheart nó i leith mainneachtain clár náisiúnta iomchuí a ghlacadh chun dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú.
Soghluaisteacht agus iompar
Sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Seicia
,
na Danmhairge
,
na Liotuáine
agus
na hUngáire
, agus lean sé a thuilleadh le imeachtaí in aghaidh
na Gréige, na Spáinne, Lucsamburg agus na hOstaire
toisc gur mhainnigh siad forálacha áirithe de chuid rialacha an Aontais lena mbunaítear Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a thrasuí i gceart.
Is modh iompair inbhuanaithe, cliste agus sábháilte é an t‑iarnród. Ach bailchríoch a chur ar an margadh aonair san earnáil iarnróid, beidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann lántairbhe a bhaint as léirscaoileadh an mhargaidh iarnróid. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar an
Treoir maidir leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid
a thrasuí i gceart i ndlíthe náisiúnta. Leis sin, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit gníomhartha a glacadh le tamall anuas mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid a thrasuí agus a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.
Is é is aidhm don treoir sin creat níos iomaíche a chruthú trí chumhdach a dhéanamh ar fhormhaoirseacht rialála agus ollstruchtúr airgeadais laistigh den earnáil iarnróid, ar chumhacht na rialtóirí náisiúnta, ar an gcreat le haghaidh infheistíochta san iarnród, agus ar rochtain chothrom, neamh‑idirdhealaitheach ar bhonneagar iarnróid agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród.
Le
colún margaidh an 4ú Pacáiste Iarnróid
, bunaítear an ceart ginearálta do ghnóthais iarnróid atá bunaithe i mBallstát amháin gach cineál seirbhísí do phaisinéirí a oibriú ar fud an Aontais. Meastar go bhfágfaidh sé go mbeidh rogha níos mó agus cáilíocht níos fearr seirbhísí iarnróid ag lucht taistil.
Chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Bulgáire
,
na Danmhairge, na Gearmáine, , agus na hÍsiltíre,
agus lean sé a thuilleadh le himeachtaí in aghaidh
na hOstaire
i leith rialacha an Aontais maidir le hoscailt an mhargaidh agus rialachas bonneagair a thrasuí ar bhealach mícheart.
Maidir le hiompar de bhóthar, d’iarr an Coimisiún ar
an bhFrainc
rialacha an mhargaidh inmheánaigh a chomhlíonadh agus chuir sé tús le himeachtaí um shárú maidir lena reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar thréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla laistigh d’fheithiclí tráchtála éadroma (e.g. veaineanna), rud ar sárú é
ar dhlí an Aontais
. D’iarr an Coimisiún ar
an Liotuáin
rialacha an Aontais maidir le meáchain uasta agus toisí uasta feithiclí áirithe bóthair a chur chun feidhme go cuí.
Maidir le hiompar muirí, sheol an Coimisiún nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Gearmáine, na Gréige
agus
na Cipire
, i leith cur chun feidhme mícheart a dhéanamh ar rialacha sábháilteachta agus comhshaoil an Aontais maidir le
trealamh muirí
.
I réimsí eile iompair, chuir an Coimisiún i gcoinne réimse éagsúil beart náisiúnta lena gcuirtear bac ar fheidhmiú iomlán an mhargaidh aonair. Mar shampla, chinn sé
an Danmhairg
a tharchur chuid an gCúirt Bhreithiúnais, i leith teorainn 25 uair an chloig a d’fhorchuir sí ar leoraithe i leith páirceáil i limistéir scíthe atá faoi úinéireacht an stáit, ós rud é go bhfágann sé sin go gcruthaítear bacainní ar
tharlóirí eachtracha atá i mbun oibríochtaí idirnáisiúnta
.
I gcás a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, d’iarr an Coimisiún ar
an Danmhairg
a áirithiú, i gcás na n‑oibríochtaí
cabatáiste
uile
i seirbhísí iompair arna soláthar le bus agus cóiste
agus ar de chineál sealadach iad, gur mar chinn shealadacha a chaithfear leo.
I réimse na seirbhísí calafoirt, tá sé i gceist le
rialacha an Aontais
cothrom iomaíochta a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibreoirí calafoirt, agus timpeallacht a chruthú atá níos fabhraí d’infheistíocht éifeachtúil phoiblí agus phríobháideach. Toisc nár chomhlíon siad oibleagáidí áirithe maidir le fógra a thabhairt, chuir an Coimisiún tús le cásanna um shárú in aghaidh
na Cróite, na hIodáile agus na Slóivéine
agus lean sé le himeachtaí a bhí ar bhun cheana in aghaidh
na Beilge, na Cipire agus na Portaingéile
.
Cánachas díreach
Rinne an Coimisiún gníomhaíocht in aghaidh
na Gearmáine
agus
na Seicia
i leith thrasuí neamhiomlán na Treorach in aghaidh cleachtais seachanta cánach lena ndéantar difear díreach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair.
Sheol an Coimisiún cásanna um shárú in aghaidh
na Bulgáire
agus
na Cipire
, agus lean sé a thuilleadh le cásanna in aghaidh
na Beilge
agus
Lucsamburg
, toisc gur mhainnigh siad forálacha áirithe den treoir a thrasuí nó a chur chun feidhme i gceart.
Ráthaítear leis an margadh aonair go mbeidh an tsaoirse ag saoránaigh agus gnólachtaí chun gluaiseacht, oibriú agus infheistiú thar theorainneacha náisiúnta. Ós rud é nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i réimse an chánachais dhírigh ailínithe ar fud an Aontais, áfach, is féidir leis na saoirsí sin bealaí a oscailt le haghaidh pleanáil ionsaitheach cánach agus seachaint cánach. Chun neamhchánachas neamhbheartaithe mar thoradh ar chleachtais den sórt sin a chosc, chomhaontaigh na Ballstáit, trí bhíthin roinnt treoracha, oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus a gcuid rialacha a chomhfhogasú.
Bhí gníomh forfheidhmiúcháin an Choimisiúin dírithe in 2021 ar a áirithiú go ndéanfar
rialacha a tugadh cothrom le dáta
in aghaidh seachaint cánach agus an
Treoir maidir le comhar riaracháin
a thrasuí go héifeachtach i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát.
Chuir an Coimisiún clabhsúr ar nósanna imeachta um shárú in aghaidh sé Bhallstát tar éis dóibh
rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach
a thrasuí. Ar an gcuma chéanna, thug naoi mBallstát isteach bearta leordhóthanacha trasuí isteach maidir le malartú uathoibríoch éigeantach faisnéise faoi shocruithe intuairiscithe trasteorann, agus chuir an Bheilg, an Ghréig, an Ungáir, an Rómáin agus an tSualainn ina gceart easnaimh ó thaobh thrasuí rialacha an Aontais maidir le sásraí
réitigh díospóidí
cánach.
Cánachas indíreach
Chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh seacht mBallstát toisc gur mhainnigh siad a mbearta náisiúnta a chur in iúl lena ndéantar na rialacha nua ríomhthráchtála CBL a thrasuí, agus rinne sé an chéad bheart eile ina chuid imeachtaí in aghaidh
na Cipire
.
Maidir le cánachas indíreach, déanann an tAontas an dlí maidir le CBL, dleachtanna máil agus cánachas gluaisteán a chomhordú agus a ailíniú. Le cur i bhfeidhm iomlán na rialacha, cuidítear a sheachaint go ndéanfar iomaíocht a shaobhadh ar an margadh aonair trí bhuntáiste éagórach cánach a thabhairt do ghnólachtaí i dtír amháin thar tíortha eile.
Leag an Coimisiún béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt i leith iarrachtaí na mBallstát na
rialacha nua ríomhthráchtála CBL
a chur chun feidhme, rialacha is infheidhme ón 1 Iúil 2021, agus faireachán a dhéanamh ar na hiarrachtaí sin. Leis na rialacha sin, cruthaítear timpeallacht ghnó níos cothroime do dhíoltóirí san Aontas agus simplítear na hoibleagáidí CBL atá ar thrádálaithe a bhfuil baint acu le díolachán trasteorann earraí agus seirbhísí ar líne le tomhaltóirí san Aontas.
Bhí gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin dírithe freisin ar bhearta fioscacha náisiúnta lena ndéantar an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh aonair. Mar shampla, rinne an Coimisiún gníomhaíocht in aghaidh chur i bhfeidhm mícheart na díolúine CBL ag
an nGréig
maidir le seirbhísí poist áirithe arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse uilíche Gréagach ‘ELTA’.
Ghníomhaigh an Coimisiún in aghaidh
na Liotuáine
toisc gur eisiaigh sí gnólachtaí áirithe ó thairbhe a bhaint as an scéim CBL do chuideachtaí beaga agus meánmhéide.
Chuir an Coimisiún tús le cás um shárú in aghaidh
na Gréige
agus lean sé a thuilleadh le himeachtaí in aghaidh
Mhálta
i leith a gcóireáil idirdhealaitheach cánach maidir le feithiclí athláimhe arna gceannach i mBallstáit eile de chuid an Aontais.
Rinne an Coimisiún obair leantach freisin maidir le hiarrataí ó shaoránaigh agus ó ghnólachtaí de chuid an Aontais aghaidh a thabhairt ar bhacainní tromchúiseacha trasteorann a eascraíonn as cánachas éagsúil a bhaineann le gluaisteáin, mar shampla an cás ina gceannaítear gluaisteán i mBallstát eile.
Custam
Bhí gníomhaíocht forfheidhmiúcháin an Choimisiúin i réimse an chustaim dírithe ar chur i bhfeidhm ceart, aonfhoirmeach
Chód Custaim an Aontais
, sraith rialacha agus nósanna imeachta custaim an Aontais dá chríoch chustaim.
Tosaíocht eile a bhí ann muirir idir tíortha Aontais a bhrath ar cinn iad a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu le dleachtanna custaim. Tá cosc orthu sin.
Lean an Coimisiún ar aghaidh leis na hidirphléití a bhí ar bun cheana le Ballstáit chun cásanna féideartha sáruithe a chur ina gceart agus chuir sé tús le hidirphlé nua maidir le cur chun feidhme a dhéanamh ar an
Ionad Ilfhreastail Allmhairithe
, tairseach leictreonach atá gnólachtaí in ann a úsáid ón 1 Iúil 2021 chun a n‑oibleagáidí ríomhthráchtála CBL maidir le ciandíolacháin earraí allmhairithe a chomhlíonadh.
Iomaíocht
Áirithítear le beartas iomaíochta an Choimisiúin gur fearr a fheidhmíonn margaí do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus don tsochaí. Ba cheart do chuideachtaí dul san iomaíocht ar théarmaí comhionanna agus ba cheart do thomhaltóirí tairbhiú de phraghsanna níos ísle, de rogha níos mó agus de cháilíocht níos fearr.
Tá ról tábhachtach ag údaráis iomaíochta sna Ballstáit maidir le rialacha iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú. Is é is aidhm do
Threoir ECN+
údaráis iomaíochta náisiúnta a chumhachtú chun an méid sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí. Chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh 22 Bhallstát toisc gur mhainnigh siad a chur in iúl in am, eadhon faoin 4 Feabhra 2021, go raibh bearta náisiúnta trasuí tugtha i gcrích.
Seirbhísí airgeadais
Sheol an Coimisiún 96 nós imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát toisc gur mhainnigh siad na bearta is gá a ghlacadh chun trasuí iomlán a dhéanamh ar na Treoracha, lena n‑aontaítear a thuilleadh an creat rialála d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta.
Is príomhcholún den mhargadh aonair iad seirbhísí airgeadais. Cumhdaítear le reachtaíocht an Aontais na hidirghabhálaithe airgeadais uile agus na margaí caipitil uile. Is gníomhaithe tábhachtacha de chuid chóras airgeadais an Aontais iad institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta. Áirithítear le rialacha an Aontais go bhfuil bainc agus gnólachtaí infheistíochta níos láidre fós agus go ndéantar maoirseacht níos fearr orthu, chun a n‑acmhainneacht a mhéadú i dtaobh tacú leis an téarnamh tar éis COVID.
Tá ceithre threoir ann a bhfuil leas ar leith ag institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta iontu, agus ar dhírigh an Coimisiún a chuid iarrachtaí forfheidhmiúcháin in 2021: an
Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil V
, an
Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc II
, an
Treoir maidir le Bannaí faoi Chumhdach
agus an
Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta
. Tá sé tábhachtach na treoracha sin a chur chun feidhme go tráthúil agus ina n‑iomláine chun an margadh aonair i seirbhísí airgeadais a thabhairt chun críche agus chun an córas airgeadais a choinneáil stóinsithe a dhóthain chun teacht slán as iarmhairtí na paindéime.
Sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta
Maidir le trasuí déanach nó mícheart sa dlí náisiúnta i gcás rialacha an Aontais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (Treoracha
2015/849
,
2018/843
agus
2019/2177
), rinne an Coimisiún bearta foirmiúla in 41 chás um shárú, lena n‑áirítear clabhsúr a chur ar 19 gcás.
Tá sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina mbagairt thromchúiseach ar shláine gheilleagar agus chóras airgeadais an Aontais agus ar shlándáil shaoránaigh na hEorpa. Leanadh de na sreabha airgeadais aindleathacha sin le linn phaindéim COVID-19. Tá reachtaíocht an Aontais ceaptha chun cosc a chur ar mhí-úsáid an mhargaidh airgeadais chun na gcríoch sin.
In 2021, dhírigh an Coimisiún ar fhorfheidhmiú a dhéanamh ar an 4ú agus an
5ú
treoir maidir le frithsciúradh airgid, chomh maith leis na rialacha a bhaineann le
ról nua don Údarás Baincéireachta Eorpach
i dtaca le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.
IV.Ár nDóigh Bheatha Eorpach a Chur Chun Cinn agus an Daonlathas Eorpach
‘Sochaithe atá bunaithe ar an daonlathas, sochaithe a chothaíonn luachanna coiteanna, is sochaithe iad a bhfuil bunsraith láidir fúthu. Is sochaithe iad a gcuireann na daoine iontaoibh iontu. Sin mar a thagann smaointe nua chun cinn, sin mar a thagann athrú sa saol, sin mar a chloítear an éagóir.’
– An tUachtarán von der Leyen san Aitheasc a thug sí faoi Staid an Aontais in 2021
I
mí an Mhárta 2021
, chinn an Coimisiún an Pholainn a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais mar gheall ar dhlí nua maidir leis na breithiúna lena ndéantar difear do neamhspleáchas na mbreithiúna. Sa chás sin, d’iarr an Coimisiún bearta eatramhacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint, bearta a dheonaigh Leas‑Uachtarán na Cúirte an 14 Iúil 2021,
lena n‑ordaítear
don Pholainn roinnt d’fhorálacha an dlí a chur ar fionraí.
I
gcás
eile a bhaineann le réimeas araíonachta na Polainne do bhreithiúna, i
mí Mheán Fómhair 2021
lean an Coimisiún a thuilleadh le himeachtaí um shárú i bhfianaise mhainneachtain na Polainne
breithiúnas
ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021 a chur chun feidhme sa chás sin.
I
mí na Nollag 2021
, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh na Polainne maidir le Binse Bunreachtúil na Polainne agus maidir lena chásdlí lena ndéantar dochar do dhearbhphrionsabail bhunúsacha de chuid dhlíchóras an Aontais.
Tá an tAontas bunaithe ar luachanna coiteanna atá fréamhaithe i gConarthaí agus i ndlíthe an Aontais, agus atá faoi choimirce ag breithiúnais na Cúirte Breithiúnais. Tá an smacht reachta i gcroílár na luachanna sin. Fágann sé sin go gcuireann bagairtí ar an smacht reachta dúshlán bhunús dlí, polaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais. Dá bhrí sin, tá cosaint an smachta reachta ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin, lena n‑áirítear freisin comhionannas, caoinfhulaingt agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Ghníomhaigh an Coimisiún freisin in 2021 chun tomhaltóirí a chosaint agus chun saorghluaiseacht daoine a áirithiú, saorghluaiseacht ar cuireadh a dhúshlán de bharr phaindéim COVID-19.
An smacht reachta agus cearta bunúsacha
Baineann an Coimisiún úsáid as roinnt
uirlisí
chun an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas. Foilsíonn sé
tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta
ina gcuireann sé i láthair cora dearfacha agus diúltacha ar fud na mBallstát. Is í an tuarascáil bunchloch
shásra an smachta reachta
, timthriall bliantúil chun an smacht reachta a chur chun cinn agus lena chosc go dtiocfaidh fadhbanna chun cinn nó go rachaidh siad in olcas.
Ó mhí Eanáir 2021 i leith, tá an
rialachán coinníollachta
i bhfeidhm, chun buiséad an Aontais a chosaint ar dhifear a bheith á dhéanamh dó de bharr sáruithe ar an smacht reachta.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht a dhéanamh freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta trí imeachtaí um shárú.
In 2021, rinne an Coimisiún gníomhaíocht in aghaidh na hUngáire i leith neamhchomhlíonadh
rialaithe
ón gCúirt Bhreithiúnais i ndáil le dlí na hUngáire maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha ag a bhfuil cistiú eachtrach. Chinn an Chúirt gur shárú é an dlí ar rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht caipitil agus cearta bunúsacha chun sonraí pearsanta a chosaint agus chun saoirse comhlachais, arna gcosaint ag
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
.
Saoránacht an Aontais Eorpaigh
I mí an Mheithimh 2021, rinne an Coimisiún
a thuilleadh beart
sna nósanna imeachta um shárú in aghaidh na Cipire agus Mhálta maidir lena scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, ar a dtugtar scéimeanna ‘pas órga’ freisin. Faoi na scéimeanna, cuirtear saoránacht ar fáil mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe gan fíornasc leis an mBallstát eadóirseachta. Measann an Coimisiún gurb amhlaidh, trí na scéimeanna sin a bhunú agus a fheidhmiú, go bhfuil an dá Bhallstát ag mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh ar a n‑oibleagáidí faoi phrionsabal an ‘comhar dílis’ agus faoi choincheap shaoránacht an Aontais, mar a leagtar síos sna Conarthaí.
Saorghluaiseacht daoine
Lean an Coimisiún dá chuid oibre chun saorthaisteal a éascú do shaoránaigh an Aontais ar fud an Aontais le linn phaindéim COVID-19.
Mar thionscnamh bunchloiche, chuir an Coimisiún i bhfeidhm, i gcomhar leis na Ballstáit,
Deimhniú Digiteach COVID an Aontais
. Rinne an Coimisiún faireachán mar ábhar tosaíochta ar chur chun feidhme an deimhnithe ag na Ballstáit agus ar an gcur chuige comhordaithe i leith srianta taistil.
An 18 Deireadh Fómhair 2021,
thuairiscigh an Coimisiún ar chur chun feidhme
an deimhnithe ar fud an Aontais. Faoi dheireadh 2021, bhí níos mó ná 1 bhilliún deimhniú eisithe ag na Ballstáit.
Cearta lucht taistil le linn na paindéime
Chun cosaint a thabhairt don cheart atá ag lucht taistil aisíocaíocht a fháil laistigh de 14 lá má chuirtear a saoire láneagraithe ar ceal mar gheall ar imthosca dosheachanta, urghnácha, lean an Coimisiún a thuilleadh le himeachtaí um shárú in aghaidh ceithre Bhallstát. Cé gur tharchuir sé
an tSlóvaic
chuig an gCúirt Bhreithiúnais, bhí sé in ann clabhsúr a chur ar chásanna in aghaidh trí Bhallstát toisc gur aisghair siad na rialacha náisiúnta sáraitheacha.
Tar éis thús COVID-19, bhí a lán lucht taistil ann nach bhfuair aisíocaíochtaí i gcomhréir le
rialacha an Aontais maidir le taisteal láneagraithe
. Ghlac roinnt Ballstát rialacha náisiúnta lenar ceadaíodh d’eagraithe taistil láneagraithe aisíocaíocht a chur siar nó dearbháin éigeantacha a eisiúint ina ionad sin. Mar thoradh ar an idirphlé leis an gCoimisiún, rinneadh a lán de na bearta sin a aisiompú go tapa.
I mí Feabhra 2021, ghlac an Coimisiún
tuarascáil
maidir le cur i bhfeidhm
Threoir 2015 maidir le Taisteal Láneagraithe
. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil dúshláin áirithe a tháinig chun cinn roimh thús na paindéime agus ina dhiaidh agus tá sí ina bonn eolais don athbhreithniú a bheartaítear a dhéanamh ar an Treoir.
Iompar níos sábháilte
Bíonn saoránaigh na hEorpa ag súil le hardchaighdeáin sábháilteachta agus slándála ar gach cóir iompair. Is é is aidhm do bheartais an Aontais na caighdeáin sin a choinneáil ar bun agus a fhorbairt agus a áirithiú go ndéantar iad a ailíniú go hiomlán ar fud an Aontais.
Is gné lárnach de chur chun cinn an iompair mhuirí í an tsábháilteacht. Agus é á chur san áireamh aige go bhfuil ról tábhachtach fós ag gníomhaíocht an duine i dtionóiscí muirí, dhírigh an Coimisiún ar fhorfheidhmiú a dhéanamh ar
rialacha an Aontais maidir le leibhéal íosta oiliúna do mharaithe
. Sheol sé nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na hÍsiltíre
agus
na Polainne
, agus lean sé a thuilleadh le cás in aghaidh
na Spáinne
sa réimse sin.
In earnáil an aeir, rinne an Coimisiún beart eile sna nósanna imeachta in aghaidh
na hOstaire, na Cipire agus na Gréige
toisc gur mhainnigh siad comhlacht ‘cultúr cóir’ a ainmniú. Áiritheoidh comhlacht den sórt sin, i gcás daoine aonair
a thuairisceoidh tarluithe a bhaineann le sábháilteacht i réimse na heitlíochta sibhialta
, nach ngearrfaidh a bhfostóirí ná a n‑údaráis náisiúnta pionós orthu. D’iarr an Coimisiún freisin ar
an mBeilg
rialacha an Aontais
a chur chun feidhme go cuí sa réimse ceadúnaithe eitiltí. De réir na rialacha sin, ní mór don údarás inniúil eitlíochta pearsanra leordhóthanach a bheith aige chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ní mór do na baill foirne a bheith cáilithe freisin chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh agus ní mór dóibh an t‑eolas agus an taithí is gá a bheith acu agus an oiliúint is gá a bheith orthu.
Comhionannas agus neamh‑idirdhealú
Déanann an Coimisiún a dhícheall Aontas an Chomhionannais a bhaint amach – Aontas ina mbeidh comhionannas iomlán ann idir fir agus mná, buachaillí agus cailíní, gona n‑éagsúlachtaí.
I mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún i láthair
tuarascáil
maidir le cur i bhfeidhm
na Treorach maidir le Comhionannas Ciníocha
agus
na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta
.
I gcás amháin, sheol an Coimisiún nós imeachta um shárú in aghaidh
na hUngáire
lena áirithiú go gcomhlíonfar na cearta chun tuairimí a nochtadh agus chun neamh‑idirdhealú i gcur chun feidhme na
Treorach maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha
. Bhí an cás bunaithe ar leabhar do leanaí ina gcuirtear i láthair daoine LGBTIQ, ina raibh sé d’oibleagáid ar an bhfoilsitheoir séanadh a chur san áireamh go léirítear cineálacha ‘iompar a imíonn ó róil thraidisiúnta inscne’. Mheas an Coimisiún go raibh sé sin contrártha le dlí an Aontais, lena n‑áirítear
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
.
Sheol an Coimisiún freisin nós imeachta um shárú in aghaidh
na Polainne
i leith prionsabal an chomhair dhílis faoi na Conarthaí a shárú, toisc gur mhainnigh sí freagra iomlán, iomchuí a thabhairt ar an bhfiosrúchán ón gCoimisiún maidir le cineál agus tionchar na rún maidir le ‘criosanna atá saor ó ídeolaíocht LGBTI’ a ghlac roinnt réigiún agus bardas sa Pholainn.
Ciníochas agus seineafóibe a chomhrac, fuathchaint san áireamh
Lean an Coimisiún den chiníochas agus an tseineafóibe a chomhrac trína chuid oibre forfheidhmiúcháin in 2021. Is é is aidhm don
Chinneadh Réime maidir leis an gciníochas agus an tseineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil
a áirithiú go ngearrfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar fud an Aontais i leith léirithe tromchúiseacha ciníochais agus seineafóibe, amhail gríosú poiblí chun foréigin nó fuatha, agus coireanna fuatha.
Chuir an Coimisiún tús le cásanna um shárú in aghaidh 11 Bhallstát toisc nach ndearna siad trasuí iomlán, cruinn ar an gCinneadh Réime.
Cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú
Is ceart bunúsach é cosaint sonraí, a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Lean an Coimisiún ar aghaidh ag déanamh faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta cosanta sonraí sna Ballstáit.
Rinne an Coimisiún obair leantach i ndáil le
breithiúnas
ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Feabhra 2021 lenar forchuireadh pionóis airgeadais ar
an Spáinn
i leith mainneachtain trasuí a dhéanamh ar an treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí.
Rinne sé measúnú ar mar a chomhlíonann an reachtaíocht náisiúnta an
Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
agus an
Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí
, agus é ag leanúint le nósanna imeachta um shárú nuair ba ghá sin.Déanann údaráis náisiúnta cosanta sonraí faireachán agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha cosanta sonraí sna Ballstáit, agus feidhmíonn siad a gcumhachtaí go neamhspleách. In 2021, chuir an Coimisiún tús le himeacht um shárú in aghaidh
na Beilge
lena áirithiú go mbeidh Údarás Cosanta Sonraí na Beilge lán‑neamhspleách. Chuir an Coimisiún clabhsúr ar imeachtaí um shárú in aghaidh na Gearmáine agus na Slóivéine nuair a rinne siad trasuí ar an treoir maidir le forfheidhmiú an dlí.
Comhar ceartais agus ráthaíochtaí aonair sa dlí coiriúil
Maidir le comhar idir na Ballstáit sa cheartas coiriúil, lean an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar mar a chomhlíon na Ballstáit
rialacha an Aontais maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach
, agus sheol sé nósanna imeachta um shárú in aghaidh 15 Bhallstát.
Chun dlí an Aontais maidir le
malartú faisnéise faoi thaifid choiriúla
ar fud an Aontais a fhorfheidhmiú, chuir an Coimisiún tús le
cúig chás um shárú
i leith chur i bhfeidhm mícheart cheanglais an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla.
Leanadh den fhaireachán a rinne an Coimisiún ar chur chun feidhme na
Treorach maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais
. Ar bhonn tuarascáil cur chun feidhme a glacadh i mí Mheán Fómhair 2021, chuir sé tús le himeachtaí um shárú in aghaidh ocht mBallstát i leith neamhchomhréireacht beart náisiúnta trasuí leis an treoir sin.
Lean an Coimisiún freisin d’fhaireachán a dhéanamh ar thrasuí
na dtreoracha maidir le cearta nós imeachta
. Lean sé le himeachtaí um shárú in aghaidh 18 mBallstát i leith trasuí páirteach nó mícheart na
Treorach maidir leis an gceart chun dlíodóra
. Cuireadh tús le himeachtaí um shárú freisin in aghaidh
na Beilge
,
na Portaingéile
,
na Laitvia
agus
na Sualainne
maidir leis an g
ceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin
, agus in aghaidh
na Bulgáire
,
na hÉireann
,
na Laitvia
agus
na Portaingéile
maidir leis an g
ceart chun faisnéise
in imeachtaí coiriúla. Chuir an Coimisiún tús freisin le cásanna um shárú in aghaidh
na hEastóine
,
na Fionlainne
agus
na Polainne
toisc gur mhainnigh siad trasuí iomlán a dhéanamh ar
rialacha an Aontais maidir le toimhde na neamhchiontachta a neartú
.
Slándáil
Le rialacha an Aontais chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, déantar coir d’iompar amhail oiliúint agus taisteal i gcomhair na sceimhlitheoireachta, chomh maith le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chuir an Coimisiún tús le 22 chás um shárú i leith thrasuí mícheart na
Treorach maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac
.
Sheol an Coimisiún freisin nósanna imeachta um shárú in aghaidh seacht mBallstát i leith thrasuí mícheart na
Treorach maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise
.
Ní hamháin go bhfuil an tslándáil ina bonn don tsábháilteacht phearsanta, ach cosnaítear cearta bunúsacha léi freisin. Is bunús í don mhuinín agus don fhuinneamh inár ngeilleagar, inár sochaí agus inár ndaonlathas. Is é is aidhm do
Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála
cur le hathléimneacht ár sochaithe in aghaidh na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus an radacaithe;chomh maith le dul i ngleic leis na rioscaí don tslándáil sa ré dhigiteach.
I dtaca le sraith rialacha an Aontais maidir le hairm thine, bhí an Coimisiún in ann clabhsúr a chur ar 34 chás um shárú nuair a thug na Ballstáit i gcrích a dtrasuí sa reachtaíocht náisiúnta. Chinn sé, áfach,
Lucsamburg
a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc nach ndearna sé trasuí ar an
Treoir maidir le hAirm Thine
.
I réimse na ndrugaí, chuir na Ballstáit uile i gcrích trasuí ar
rialacha an Aontais
maidir le substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar ‘dhruga’; féadadh, dá bhrí sin, clabhsúr a chur ar nósanna imeachta um shárú. Lean an Coimisiún a thuilleadh lena chás um shárú in aghaidh
na hUngáire
toisc gur mhainnigh sí cloí le
seasamh an Aontais
(ceangailteach ar na Ballstáit) maidir le sceidealú idirnáisiúnta cannabais agus substaintí gaolmhara ag Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha.
An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann
Cumhdaítear le beartas imirce an Choimisiúin gach gné den imirce, lena n‑áirítear bainistiú teorainneacha, beartas víosaí, imirce neamhrialta, tearmann agus imirce dhleathach. Tá cur chun feidhme comhsheasmhach, éifeachtach, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha an duine aonair, criticiúil chun go n‑éireoidh leis an mbeartas. In 2021, lean an Coimisiún dá chuid oibre ar chur chun feidhme
an Chomhshocraithe nua maidir le hImirce agus Tearmann
.
Chun rialacha tearmainn an Aontais a fhorfheidhmiú, tharchuir an Coimisiún
an Ungáir
chuig an gCúirt Bhreithiúnais toisc gur mhainnigh sí
breithiúnas
níos luaithe a chomhlíonadh. Ní raibh an Ungáir tar éis aghaidh a thabhairt ar roinnt gnéithe di, amhail rochtain éifeachtach ar an nós imeachta tearmainn a áirithiú agus soiléiriú a dhéanamh ar choinníollacha an chirt chun fanacht ar an gcríoch, i gcás achomharc sa nós imeachta tearmainn.
I gcás eile, chinn an Coimisiún
an Ungáir
a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i leith srian neamhdhleathach a chur ar an rochtain ar an nós imeachta tearmainn, de shárú ar an
Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn
.
Chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Liotuáine
agus
na Slóivéine
, agus rinne sé an chéad bheart eile sa chás in aghaidh
Mhálta
, i leith thrasuí mícheart na
Treorach maidir le Cónaí Fadtéarmach
. Chuir an Coimisiún tús freisin le nósanna imeachta um shárú in aghaidh
na Bulgáire
agus
na Gearmáine
i leith mainneachtain leas a bhaint as an bhformáid nua le haghaidh cártaí ceada cónaithe do náisiúnaigh nach de chuid an Aontais iad, mar a leagtar síos le
rialacha an Aontais
.
Rialaigh
an Chúirt Bhreithiúnais i bhfabhar an Choimisiúin i gcás in aghaidh
na hUngáire
maidir leis na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú. Chinn an Chúirt gur sháraigh reachtaíocht na hUngáire
rialacha an Aontais
trí choir a dhéanamh de ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le hiarratais ar thearmann. Cinneadh freisin gur fhág rialacha na hUngáire gur cuireadh srian neamhdhleathach ar an gceart chun tearmainn, de shárú ar
dhlí an Aontais
.