An Bhruiséil,24.5.2022

COM(2022) 301 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Tuarascáil ar Staid Schengen 2022



























TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Tuarascáil ar Staid Schengen 2022

Éacht stairiúil ó thaobh lánpháirtiú na hEorpa de is ea limistéar Schengen gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha (an ‘Limistéar Schengen’). Ó leagadh síos a bhunús in 1985, tá athrú mór tagtha ar shaol na milliún daoine ó lá go lá. Le tionscadal Schengen, tá deireadh curtha le bacainní, tá daoine tugtha níos gaire dá chéile agus tá geilleagair na hEorpa neartaithe. An luas a mbíonn daoine, earraí agus seirbhísí ag gluaiseacht laistigh den Aontas, cabhraíonn sé le hiomaíochas na hEorpa a chur chun cinn agus le poist agus fás a chruthú.

Le cruthú limistéar Schengen, táthar tar éis an mhór-roinn a aontú freisin trí limistéar gan teorainneacha a bhunú, rud a bhfuil luach siombalach leis do gach Eorpach. Tá tacaíocht ollmhór aige 1 . Is deacair do ghlúin uile de mhuintir na hEorpa a shamhlú go ndéanfaí seiceálacha teorann ar theorainneacha inmheánacha an Aontais. A bhuí le Schengen, is féidir le saoránaigh taisteal gan bhac idir na Ballstáit chun áiteanna nua a aimsiú, chun staidéar nó obair a dhéanamh. Ina theannta sin, is líonmhar iad na míbhuntáistí a bheadh ann mura mbeadh Schengen ann 2 , mar is léiríodh go rímhaith le linn phaindéim COVID-19 le déanaí.

Go deimhin, léirigh roinnt géarchéimeanna le blianta beaga anuas nach féidir talamh slán a dhéanamh den mhéid atá bainte amach. Thug limistéar Schengen aghaidh ar dhúshlán mór millteach den chéad uair in 2015, tráth a raibh géarchéim na himirce agus roinnt bagairtí tromchúiseacha eile ar an tslándáil ann. Le déanaí, tháinig dúshláin nua chun cinn leis an bpaindéim agus leis an líon mór daoine a tháinig isteach mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.

A bhuí le diongbháilteacht an Aontais agus na mBallstát agus leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, tá athléimneacht Schengen cruthaithe agus tháinig sé slán as na dúshláin sin agus riocht níos láidre air. Cé go bhfuil dúshláin fós ann, tá Schengen ag feidhmiú go maith tríd is tríd. Deimhnítear an méid sin leis na torthaí a bhí ar mheastóireachtaí rialta Schengen, meastóireachtaí nach léiríonn ach líon beag easpaí sistéamacha agus leis na huirlisí eile atá i bhfeidhm againn chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú limistéar Schengen agus ar na cumais náisiúnta maidir le rialú teorann sna Ballstáit.

Le blianta beaga anuas, bhí córas Schengen curtha faoi thástáil ag géarchéimeanna éagsúla, as ar eascair plé polaitiúil ad hoc faoi Schengen. Is léir anois níos mó ná riamh nár cheart talamh slán a dhéanamh de na héachtaí atá bainte amach ag Schengen. Leis na dúshláin uile a bhí ann le déanaí, leagtar béim ar an ngá atá le céimeanna cinntitheacha a ghlacadh chun struchtúr rialachais limistéar Schengen a fheabhsú chun dea-fheidhmiú an limistéir sin a chosaint. I mí na Samhna 2020 bhunaigh an Coimisiún Fóram Bliantúil Schengen agus é ina chéad chéim i dtreo díospóireacht pholaitiúil chuimsitheach a chothú a bheadh dírithe ar limistéar Schengen níos láidre a thógáil bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach. Le malartuithe polaitiúla ardleibhéil, deimhníodh go raibh gá le rialachas níos láidre le haghaidh Schengen, agus athdhearbhaíodh é sin ag an dara Fóram Schengen i mí na Bealtaine 2021.

Sa chomhthéacs sin, tá samhail nua rialachais forbartha ag an gCoimisiún do limistéar Schengen i bhfoirm ‘timthriall Schengen’ lena n‑áirithítear seiceáil sláinte rialta ar staid Schengen. Tar éis an phlé a rinneadh ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile in Lille, tosaíodh na smaointe sin a nochtadh agus tionóladh an chéad Chomhairle Schengen an 3 Márta 2022. Is tionscadal comhroinnte é Schengen agus tá gá le freagairt choiteann do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, chomh maith le tiomantas na mBallstát, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Leis an rialachán nua lena ndéantar athchóiriú ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, tá sé beartaithe cur leis an gcuspóir sin trí aithint phras na n‑easnamh agus nósanna imeachta leantacha éifeachtúla a áirithiú.

Tá an rialachas treisithe sin ríthábhachtach chun obair leantach a dhéanamh ar an gclár oibre uaillmhianach a leagadh amach do Schengen i Straitéis Schengen arna cur i láthair ag an Coimisiún i mí an Mheithimh 2021. Is gá an creat reachtach atreisithe a ghlacadh ar bhonn práinneach agus é a chur chun feidhme ionas go mbeidh limistéar Schengen níos láidre agus níos athléimní ann.

Sa tuarascáil sin Staid Schengen, sainaithnítear príomhghnéithe na samhla nua rialachais do limistéar Schengen, cuirtear san áireamh cur chun feidhme foriomlán Straitéis Schengen mar aon lena gnéithe aonair agus leagtar amach inti tosaíochtaí limistéar Schengen le haghaidh 2022/2023. Tugtar aghaidh inti freisin ar oibleagáidí dlíthiúla an Choimisiúin 3 tuairisciú a dhéanamh ar an staid maidir le heaspa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, torthaí meastóireachtaí Schengen, agus staid chur chun feidhme na moltaí. Samhail don todhchaí is ea an tuarascáil seo: mar an chéad chéim de thimthriall bliantúil Schengen, le gach Tuarascáil ar Staid Schengen a bheidh ann amach anseo ba cheart cleachtadh tuairiscithe bliantúil a sheoladh ina gcuirtear staid Schengen i láthair, agus ina sainaithnítear tosaíochtaí don bhliain dár gcionn agus é d’aidhm aici a áirithiú go ndéanfar plé ar an dul chun cinn a dhéanfar ag deireadh bliana ar leith. Ba cheart an tuarascáil ar Staid Schengen a bheith mar bhonn d’idirphlé polaitiúil, d’fhaireachán agus d’fhorfheidhmiú acquis Schengen.

1.Rialachas limistéar Schengen a neartú

Tá rialachas láidir struchtúrtha ag teastáil chun réimse a bhraitheann ar mhuinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát agus, ar deireadh, ar chreat dlíthiúil Schengen a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtúil. Tar éis an phlé a rinneadh ag an gcéad 4 Fhóram Schengen agus ag an dara 5 Fóram Schengen 6 agus chun Schengen a atreisiú go fadtéarmach, cuireadh samhail nua ar bun do rialachas Schengen. Ag an gcéad Chomhairle Schengen i mí an Mhárta 2022, d’athdhearbhaigh na Ballstáit an gá a bhí leis sin agus d’fhormhuinigh siad an timthriall Schengen a chuir an Coimisiún i láthair. Leis an timthriall sin, déantar foráil maidir le ‘seiceáil sláinte’ a dhéanamh go rialta ar staid Schengen, lena bhféadfar fadhbanna a shainaithint go luath chun freagracht chomhchoiteann a áirithiú agus glacadh beart iomchuí a chur chun cinn.

Is é túsphointe thimthriall bliantúil Schengen an tuarascáil bhliantúil ar Staid Schengen, trína dtionscnaíonn an Coimisiún an próiseas rialachais trí na príomhdhúshláin do limistéar Schengen agus na gníomhaíochtaí tosaíochta a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a shainaithint. Mar chuid de thimthriall Schengen, chun nuashonrú a dhéanamh ar staid Schengen, cuirfidh an Coimisiún baraiméadar Schengen i láthair go rialta 7 .

Leis an bplé idirinstitiúideach ag Fóram Schengen agus leis an bplé polaitiúil a dhéanfar i gComhairle Schengen 8  i mí an Mheithimh, soláthrófar an spreagadh polaitiúil is gá maidir leis na príomhshaincheisteanna straitéiseacha. Beidh gá le rannpháirtíocht gach duine chun na gníomhaíochtaí tosaíochta a chur chun feidhme. Le samhail rialachais Schengen, cuirtear creat ar fáil chun obair leantach chuí a áirithiú, le malartú rialta ar dhúshláin choiteanna, ar réitigh chomhordaithe agus ar chomhroinnt dea-chleachtas ionas go réiteofar an bealach chun na gníomhaíochtaí riachtanacha a chur chun feidhme go héifeachtach agus go tráthúil. Le linn na gcéimeanna deireanacha ag deireadh na bliana, díreofar an phlé ar fhaireachán a dhéanamh ar an gcaoi ar tugadh aghaidh ar na príomhdhúshláin a bhaineann le Schengen, lena náirítear treoir le haghaidh oibríochtaí a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’). Cabhróidh sé sin le tiomantas polaitiúil níos láidre a áirithiú maidir le rialachas Eorpach comhchoiteann limistéar Schengen agus leagfar amach na céimeanna is gá don chéad timthriall bliantúil eile.

An Mheicníocht nua Meastóireachta agus Faireacháin Schengen, a mhol an Coimisiún i mí an Mheithimh 2021 agus a ghlac an Chomhairle le déanaí, beidh ról ríthábhachtach aici sa mhúnla nua sin maidir le rialachas Schengen. Is é an príomhshásra a bheidh ann chun na dúshláin atá roimh na Ballstáit a shainaithint agus chun gníomhaíochtaí ceartaitheacha gasta a áirithiú. Cabhróidh sé sin chun nach mbeidh éifeachtaí iarmharta ann ar fud limistéar Schengen ina iomláine mar thoradh ar aon saincheist a bhaineann le cur chun feidhme, go háirithe i gcásanna ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann. Le cur chun feidhme pras an athchóirithe sin ráthófar go mbeidh ionstraim níos éifeachtúla, níos straitéisí agus níos solúbtha i limistéar Schengen chun dul i ngleic le dúshláin nua, chun freagairt do dhálaí athraithe, agus chun dul in oiriúint d’imthosca nua. Tá na bearta is gá á ndéanamh cheana féin ag an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é go tráthúil agus go héifeachtach.

Déanfaidh comhordaitheoir Schengen de chuid an Choimisiúin timthriall Schengen a stiúradh agus a chomhordú, i gcomhar leis na Ballstáit.

  9



Bosca 1. An Chéad Timthriall Schengen – Tosaíochtaí le haghaidh 2022/2023

Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí tosaíochta do limistéar Schengen:

1.Bainistiú neartaithe ar na teorainneacha seachtracha.

2.A áirithiú gur bearta ar rogha dheiridh iad na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a choinneofaí ar feadh tréimhse theoranta ama agus beidh bearta maolaithe ag gabháil leo, i gcás inar gá.

3.An tslándáil inmheánach a neartú trí chomhar póilíneachta atreisithe laistigh den Aontas.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá cur chun feidhme gasta na ngníomhaíochtaí tosaíochta seo a leanas fíor-riachtanach:

·An beartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na hEorpa a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

·Seiceálacha córasacha ar gach taistealaí ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú;

·An ailtireacht nua TF agus an idir-inoibritheacht le haghaidh bainistiú teorainneacha a chur chun feidhme in am faoi 2023;

·Sásra Nua Meastóireachta agus Faireacháin Schengen a chur i bhfeidhm;

·Cur chun feidhme iomlán sainorduithe Frontex agus Europol a áirithiú;

·Na córais náisiúnta um fhilleadh a fheabhsú;

·Leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil le haghaidh comhar póilíneachta trasteorann;

·Deireadh a chur le gach rialú ag teorainneacha inmheánacha fadtréimhseach.

Príomhthosaíocht eile chun feabhas a chur ar an gcreat reachtach is ea na tograí a chuireann an Coimisiún ar aghaidh a ghlacadh go tapa, lena n‑áirítear na tograí seo a leanas:

·Leasú ar Chód Teorainneacha Schengen.

·Tograí maidir le Comhar Póilíneachta.

·An togra maidir le scagadh.

2.Dul chun cinn faoi Straitéis Schengen

Le Straitéis Schengen, leag an Coimisiún amach na bearta maidir le dea-fheidhmiú limistéar Schengen. Ó glacadh í i mí an Mheithimh 2021, tá an Coimisiún ag comhlíonadh a ghealltanas agus d’áirithigh sé go dtabharfar chun cinn go mear na huirlisí is bonn do limistéar Schengen. Na trí chrann taca ar a bhfuil limistéar Schengen bunaithe: bainistiú éifeachtach ar theorainneacha seachtracha, bearta lena gcúitítear easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha and rialachas stóinsithe, rinneadh na bearta sin go léir a neartú agus a fheistiú le huirlisí nuashonraithe chun iad a chur in oiriúint d’imthosca nua. Tá sé in am anois na tograí agus na gealltanais atá fós gan réiteach a chomhlíonadh, le rannpháirtíocht na mBallstát agus na páirtithe leasmhara eile, rud nach féidir déanamh dá uireasa chun an fhreagracht choiteann a áirithiú.

Is príomhthosaíocht i gcónaí í ceann de na córais bainistithe teorainneacha is forbartha ar domhan ó thaobh na teicneolaíochta de a chur chun feidhme. Le linn na bliana seo caite, chuir na Ballstáit, eu-LISA 10 agus an Coimisiún dlús lena niarrachtaí chun an ailtireacht nua TF agus an idir-inoibritheacht a chur chun feidhme i gcomhréir leis na hamlínte a comhaontaíodh. Anois tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na geallsealbhóirí uile na céimeanna is gá laistigh de raon feidhme a bhfreagrachtaí chun moilleanna nua a sheachaint, moilleanna a chuirfeadh an amlíne fhoriomlán 11 i mbaol chun an ailtireacht agus an idir-inoibritheacht iomlán nua a chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2023. Moilleanna ar sheachadtaí, pointí trasnaithe teorann drochfheistithe agus saincheisteanna cáilíochta, d’fhéadfadh siad éifeacht shlabhrúil a bheith acu ar chórais agus ar fheidhmiúlachtaí eile.

Rinneadh bearta tábhachtacha chun taisceadh agus próiseáil iarratas ar víosaí a nuachóiriú agus a dhéanamh níos éifeachtúla agus, ag an am céanna, slándáil limistéar Schengen a threisiú. Bíonn idir éifeachtúlacht agus sláine níos fearr ag an doiciméadacht dhigiteach. An 27 Aibreán 2022, chuir an Coimisiún Togra i láthair maidir le nósanna imeachta víosaí a dhigitiú.

I mí na Nollag 2021, ghlac an Coimisiún sraith tograí maidir le Schengen agus Comhar Póilíneachta. Beartaítear leis an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen 12 go mbeidh níos mó soiléireachta ann maidir leis na rialacha a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus le bearta malartacha a úsáid. Moltar ann freisin uirlisí coiteanna a bhunú chun teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla le linn géarchéimeanna, amhail in aghaidh géarchéime sláinte poiblí nó i gcás ina ndéantar imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil.

Comhlánaítear na bearta sin le tograí reachtacha chun slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh a neartú i gcomhréir le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála. Leis na tograí maidir le comhar póilíneachta 13 , soláthrófar creat dlíthiúil comhleanúnach de chuid an Aontais chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis atá i seilbh Ballstát eile chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Beidh comhar póilíneachta éifeachtach rianúil ina chuidiú chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú san Aontas, rud a chothóidh an tslándáil do gach duine atá ina chónaí i limistéar Schengen agus ag gluaiseacht ann. Leis na comhchaighdeáin maidir le patróil chomhpháirteacha, éascófar an obair idir póilíní atá rannpháirteach i gcríoch thíortha eile an Aontais agus iad ag gníomhú i gcríoch na dtíortha sin, agus cuirfear cultúr póilíneachta coiteann san Aontas chun cinn freisin. Má dhéantar dul chun cinn gasta maidir lena gcomhaontú, cuideofar le dea-fheidhmiú limistéar Schengen a áirithiú. Táthar ag súil go dtabharfar an próiseas caibidlíochta chun críche in 2023.

Is gá teorainneacha seachtracha slána chun slándáil a fheabhsú i limistéar nach bhfuil rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ann. Ó 2017 i leith, tá sé de cheangal ar na Ballstáit agus ar Thíortha Comhlachaithe Schengen seiceálacha córasacha a dhéanamh sna bunachair sonraí ábhartha ar gach duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais  14 , lena náirítear daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu. Is é a bhí i gceist leis an mbeart sin slándáil inmheánach an Aontais a neartú tar éis é a bheith faighte amach go raibh saoránaigh an Aontais i measc trodaithe eachtracha a d’fhill ar an Aontas Eorpach. Sa tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle déantar anailís ar chur chun feidhme agus ar thionchar na seiceálacha córasacha sin. Léirítear inti, leis na seiceálacha córasacha sna bunachair sonraí ábhartha ar dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, go líontar bearna rialála thábhachtach, in ainneoin na ndúshlán a bhíonn roimh na Ballstáit i gcur chun feidhme na rialacha sin. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus tacú leis na Ballstáit agus úsáid á baint as ‘dlí bog’, go háirithe an tathbhreithniú atá le déanamh ar an Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann 15 , a úsáideann údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha teorann á ndéanamh acu ar dhaoine.

Bosca 2. Garda Teorann agus Cósta Eorpach – Príomhfhorbairtí

·Tá dul chun cinn tábhachtach déanta chun Rialachán 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a chur i mbun oibríochta 16 .

·Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, tacaíonn Frontex leis na Ballstáit maidir leis na teorainneacha seachtracha a chosaint agus maidir le filltí trí bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Tá níos mó ná 6 000 oifigeach sa bhuanchór anois, agus sroichfidh sé a acmhainneacht iomlán de 10 000 oifigeach faoi 2027. Faoi láthair, déanann Frontex 2 000 oifigeach, ar an meán, a imscaradh gach lá ag na teorainneacha seachtracha talún, mara agus aeir agus chun tacú le filltí.

·Beidh sé d’aidhm ag timthriall nua beartais straitéisigh a ráthú go mbainfear úsáid éifeachtach agus chomhleanúnach as an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, ina dtabharfar le chéile níos mó ná 120 000 garda teorann agus cósta agus saineolaithe um fhilleadh na mBallstát agus de Frontex. Leis an gcreat sin, déanfar beartais agus uirlisí éagsúla a nascadh ar bhealach níos fearr agus beidh sé d’aidhm aige bealaí éalaithe a dhúnadh idir cosaint teorann, slándáil, filleadh agus imirce, agus ag an am céanna, cosaint na gceart bunúsach á áirithiú.

·Tar éis an chomhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a seoltar inniu, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an chéad bheartas straitéiseach ilbhliantúil maidir le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na hEorpa a ghlacadh faoi dheireadh 2022, ar beartas é atá le cur chun feidhme agus le comhlánú leis na straitéisí atá le glacadh ag Frontex agus ag na húdaráis náisiúnta.

·Cuirfear stiúradh straitéiseach breise ar fáil ag cruinniú ardleibhéil de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Le cruinnithe na Comhairle Schengen tugtar deis freisin plé a dhéanamh uair sa bhliain, ar an leibhéal polaitiúil, ar ábhair a bhaineann le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na Eorpa, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, lena náirítear Frontex.

·An 21 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún samhail le haghaidh socruithe oibre a bheidh le húsáid ag Frontex agus é ag comhoibriú le tríú tíortha agus samhail-chomhaontú stádais chun imscaradh foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh i dtríú tíortha a rialáil.

·I réimse an fhillte, tá dul chun cinn tábhachtach déanta ag Frontex freisin maidir lena acmhainneachtaí a fhorbairt chun tacú leis na Ballstáit maidir le filleadh agus athlánpháirtiú. Go háirithe, chuaigh LeasArdStiúrthóir um Fhilleadh agus Oibríochtaí i mbun oifige i mí Feabhra 2022 agus déanann sé formhaoirseacht ar Rannán Nua um Fhilleadh.

·Cuirtear tacaíocht fheabhsaithe ar fáil do na Ballstáit i réimse an fhillidh dheonaigh agus cuireadh Seirbhísí Comhpháirteacha um AthLánpháirtiú Frontex ar fáil chun tacaíocht athlánpháirtithe a sholáthar do na Ballstáit ó Aibreán 2022.

·Tá Frontex ag dul chun cinn maidir lena acmhainneachtaí oibríochtaí um fhilleadh a bhunú ar thionscnamh na Gníomhaireachta féin leis an gcéad eitilt rathúil a eagraíodh chun na hAlbáine i mí Eanáir 2022.

·Rinneadh athruithe struchtúracha tábhachtacha ar an nGníomhaireacht agus chuaigh triúr LeasStiúrthóirí Feidhmiúcháin i mbun oifige i mí na Samhna 2021, i mí Eanáir 2022 agus i mí Feabhra 2022 faoi seach.

·Cuireadh na príomhbhloic thógála ar fad i bhfeidhm maidir le córas faireacháin lánfheidhmiúil chun a áirithiú go ndéanfadh gníomhaíochtaí Frontex cearta bunúsacha a chomhlíonadh. Go háirithe, chuaigh Oifigeach nua um Chearta Bunúsacha agus LeasOifigeach um Chearta Bunúsacha i mbun dualgas i mí an Mheithimh 2021 agus i mí an Mhárta 2022 faoi seach. Tá 20 Monatóir ar Chearta Bunúsacha ag tacú lena gcuid oibre agus tiocfaidh méadú ar a líon sin go dtí 46 Monatóir faoi dheireadh an tsamhraidh.

·Comhlíonann Frontex cúram ríthábhachtach chun tacú leis na Ballstáit teorainneacha comhchoiteanna seachtracha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú. Chun leanúnachas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh go tapa leis an bpróiseas earcaíochta a mbeidh ceapachán Stiúrthóra Feidhmiúcháin nua mar thoradh air.

·Leanfaidh Bord Bainistíochta Frontex den fhormhaoirseacht ar bhainistíocht inmheánach agus ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a neartú tuilleadh. Ag an am céanna, i bhfianaise an tsainordaithe fheabhsaithe agus na nacmhainní atá treisithe go mór, ba cheart don Ghníomhaireacht a cuntasacht iomlán i leith institiúidí an Aontais a áirithiú. Mar ullmhúchán don mheastóireacht atá ar na bacáin ar fheidhmiú na Gníomhaireachta, seolfaidh an Coimisiún idirphlé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le rialachas na Gníomhaireachta.

3.Staid limistéar Schengen

3.1.An staid ag na teorainneacha seachtracha

Trasnaíonn na céadta milliún duine teorainneacha seachtracha an Aontais gach bliain, rud a fhágann gurb é an tAontas an ceann scríbe is fáiltí ar domhan. Faoi láthair, tá 1.3 billiún duine as 60 tír ar fud an domhain i dteideal taisteal chuig an Aontas Eorpach gan ceanglas víosa.

Cé go dtagann formhór mór na náisiúnach tríú tír chuig an Aontas ar bhealach údaraithe, is dúshlán i gcónaí í an imirce neamhrialta. In 2021, thuairiscigh Frontex 200 000 trasnú teorann neamhrialta. I rith na bliana sin, bhí líon na n‑imirceach neamhrialta sa Liotuáin, sa Pholainn agus sa Laitvia deich n‑uaire níos airde ná in 2020 mar gheall ar ionstraimiú imirceach chun críoch polaitiúil arna eagrú ag réimeas na Bealarúise. De bharr ghníomhaíocht dhiongbháilte chinntitheach an Aontais, áfach, tá an staid cobhsaithe anois agus tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag teacht ón mBealarúis.

Ó thaobh treochtaí de, ba é bealach na Meánmhara Láir, agus an Iodáil mar an príomhthír chinn scríbe, an bealach imirce ba mhó le haghaidh imirce neamhrialta chun an Aontais in 2021 (34 % de na trasnuithe teorann neamhrialta a tuairiscíodh). Lean an treocht sin ar aghaidh in 2022: an 8 Bealtaine 2022, tuairiscíodh gur tháinig beagnach 11 800 duine isteach ar an mbealach sin, laghdú 7.6 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Is é líon iomlán na dtrasnuithe teorann neamhrialta in 2022, an 8 Bealtaine, 11 797 chun na hIodáile agus gan ach ceann amháin go Málta. Bhí líon na ndaoine a tháinig chun na Spáinne trí bhealach na Meánmhara Thiar agus trí bhealach na hAfraice Thiar ard i gcónaí: an 8 Bealtaine 2022, taifeadadh 10 475 trasnú teorann neamhrialta, 32 % níos mó ná sa tréimhse chéanna in 2021. Cé gur tháinig laghdú ar líon na n‑imirceach a tháinig isteach ar mhórthír na Spáinne in 2022 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2021, tá méadú suntasach (53 %) tagtha ar líon na n‑imirceach a tháinig isteach sna hOileáin Chanáracha.

Cé gur tháinig laghdú leanúnach ar an mbrú imirce sa Ghréig, tháinig méadú suntasach (méadú 123 %) ar líon na ndaoine a tháinig isteach sa Chipir in 2021, i gcomparáid le 2020. In 2022, an 8 Bealtaine, tuairiscíodh gur tháinig 3 031 imirceach isteach sa Ghréig (méadú 24 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna 2021) agus tháinig 6 755 isteach sa Chipir (méadú 142 %).

Tháinig méadú freisin ar an mbrú ar bhealach na mBalcán Thiar, áit ar tuairiscíodh 19 029 trasnú teorann neamhrialta sa chéad trí mhí de 2022, méadú 125 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin.

Tá méadú tagtha ar líon na n‑imirceach neamhrialta a tháinig isteach san Aontas ón Afganastáin ó ghabháil an Taliban ar an tír i mí Lúnasa 2021 ach d’fhan siad ar leibhéil mheasartha.

De réir Europol 17 , níos mó ná 90 % de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas, baineann siad leas as smuigléirí, bíodh sé sin le linn codanna dá naistear nó don aistear ar fad. Ní chomhlíonann dhá thrian díobh na critéir le go mbronnfar cosaint idirnáisiúnta orthu ag an gcéad chéim agus caithfear iad a chur ar ais sa deireadh.



Bosca 3. Ionsaí na Rúise ar an Úcráin – an t‑easáitiú daoine is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann agus freagairt láithreach an Aontais

Ó thús ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin, tá thart ar 6 milliún duine tagtha isteach san Aontas Eorpach ón Úcráin agus ón Moldóiv, agus is náisiúnaigh tríú tír nach náisiúnach de chuid na hÚcráine iad 200 000 díobh sin. Úcránaigh a bhfuil pas bithmhéadrach acu, is taistealaithe saor ó víosa iad agus is minic a thagann siad chun a bheith in éindí lena dteaghlaigh agus lena gcairde i mBallstáit éagsúla.

D’éirigh leis an Aontas na hiarmhairtí ollmhóra a bhainistiú go héifeachtach trí bheith ag brath ar bhearta laistigh agus lasmuigh de acquis Schengen:

·I bhfianaise na staide eisceachtúla ag teorainneacha an Aontais leis an Úcráin, chuir an Coimisiún treoirlínte oibríochtúla 18 chun cinn a raibh sé d’aidhm acu cabhrú le gardaí teorann na mBallstát bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar líon na ndaoine a thagann isteach ag na teorainneacha, agus ardleibhéal slándála a choinneáil ag an am céanna.

·An 4 Márta 2022, ar thogra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle d’aon toil den chéad uair an cinneadh cur chun feidhme 19 lena dtugtar isteach cosaint shealadach 20 mar gheall ar mhórphlódú isteach daoine atá ag teitheadh ón Úcráin mar thoradh ar an gcogadh.

·Treisíodh an ghníomhaíocht a dhéanann Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce (an ‘Líonra’) 21 chun malartú leanúnach faisnéise a áirithiú mar aon le freagairt chomhordaithe ar na dúshláin a eascraíonn as na himeachtaí sin.

·Chuir an Coimisiún an tArdán Dlúthpháirtíochta ar bun freisin, inar tugadh le chéile Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe Schengen, Gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, le rannpháirtíocht na hÚcráine agus na Moldóive, chun comhordú a dhéanamh ar thacaíocht do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do na tíortha a fhaigheann iad.

·Ag an gComhairle Urghnách den Cheartais agus Gnóthaí Baile an 28 Márta, chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta 10 phointe i láthair 22 , plean a comhaontaíodh roimh ré le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, chun comhordú Eorpach níos láidre a éascú maidir le fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine.

·Chuir gníomhaireachtaí an Aontais tacaíocht nithiúil ar fáil go gasta:

oRinne Frontex foireann bhreise a imscaradh láithreach chuig teorainneacha an Aontais agus na hÚcráine faoi chuimsiú na Comhoibríochta Terra 23  atá ann cheana agus tar éis iarrataí a fháil ó na Ballstáit freisin. Amhail ón 27 Aibreán 2022, tá 297 Buanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh imscartha ag teorainneacha seachtracha oirthear an Aontais (lena náirítear an Úcráin, an Mholdóiv, an Rúis agus an Bhealarúis). Chabhraigh Frontex freisin le 718 náisiúnach tríú tír a bhí ag teitheadh ó chogadh chun filleadh go sábháilte ar a dtíortha tionscnaimh.

oTá Frontex ag tacú go gníomhach ar an láthair leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údaráis na Moldóive ar an láthair chun aghaidh a thabhairt ar an dá dhúshlán atá ann maidir le rialáil a dhéanamh ar insreabhadh na gcéadta míle dídeanaí atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus ar an eissreabhadh a tharlóidh ina dhiaidh sin. Tar éis Comhaontú Stádais leis an Moldóiv a thabhairt i gcrích níos tapúla ná riamh, ón 27 Aibreán i leith, déantar 70 oifigigh Bhuanchóir an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh sa Mholdóiv.

oTá saineolaithe Europol agus aoi-oifigigh a imscartar ag teorainneacha seachtracha an Aontais ag tacú leis na Ballstáit, ag treisiú seiceálacha tánaisteacha slándála chomh maith le hanailís a dhéanamh ar fhaisnéis choiriúil ionas gur féidir leo tacú le himscrúduithe agus léargas iomlán d’fhaisnéis choiriúil agus anailís chomhdhlúite ar shonraí a chur ar fáil.

oThug an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha cuairt ar na Ballstáit uile a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin agus leis an Moldóiv, agus í ag breathnú agus ag déanamh anailíse ar an staid maidir le cearta bunúsacha ag pointí trasnaithe teorann agus ag ionaid chlárúcháin/fháiltithe.

·Mar thoradh ar an togra ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle an téascú víosaí idir an tAontas agus an Rúis a chur ar fionraí i bpáirt ón 25 Feabhra 2022.

Ar an iomlán, tá limistéar Schengen atá saor ó theorainneacha tar éis deis ar leith a thabhairt don Eoraip freagairt go comhleanúnach do na dúshláin, rud a thugann deis dóibh siúd atá ar a dteitheadh tairbhe a bhaint as cosaint sa tír is oiriúnaí dóibh agus dhéanann tairiscintí agus aistrithe dlúthpháirtíochta ó na Ballstáit túslíne go dtí Ballstáit eile a éascú.

3.2.An staid ag na teorainneacha seachtracha

Ó mhí Mheán Fómhair 2015 i leith, tugadh isteach seiceálacha teorann ag na teorainneacha inmheánacha os cionn 280 uair. Tá trí phríomhúdar ann ar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn sealadach i limistéar Schengen: 1. iad siúd a athbhunaíodh i gcomhar le géarchéim na ndídeanaithe 2015 mar gheall ar ghluaiseachtaí tánaisteacha, 2. iad siúd a athbhunaíodh chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht, agus 3. iad siúd a tugadh isteach chun leathadh COVID-19 a theorannú.

Thar na blianta, choinnigh an Coimisiún dlúthidirphlé polaitiúil agus teicniúil leis na Ballstáit sin a bhfuil rialuithe fadtéarmacha acu ag teorainneacha inmheánacha, d’fhonn an cás a thuiscint, agus féachaint ar roghanna le haghaidh bearta sonracha malartacha. In 2017, mhol an Coimisiún na rialacha is infheidhme a mhodhnú, ag tógáil ar Mholtaí an Choimisiúin 24 a glacadh an bhliain chéanna d’fhonn an bealach a réiteach chun deireadh a chur leis na rialuithe fadmharthanacha ag teorainneacha inmheánacha. Níorbh leor an tacaíocht a fuair an togra sin sa Chomhairle, áfach. Agus a mhachnamh á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bplé sin agus bunaithe ar chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara 25 , chuir sé leasuithe nua ar Chód Teorainneacha Schengen i láthair i mí na Nollag 2021, ag teacht in ionad a thogra roimhe sin. Sna leasuithe spriocdhírithe atá beartaithe, baintear leas as na ceachtanna a foghlaimíodh agus as an taithí a fuarthas le linn phaindéim COVID-19, lena dtugtar aghaidh ar na hábhair imní a chuir na Ballstáit in iúl agus limistéar Schengen a choinneáil ar bun, limistéar inar cheart aon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí.

Sa rialú a rinneadh le déanaí i gCásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20 26 chuir an Chúirt Bhreithiúnais i bhfios go láidir, maidir leis an bhféidearthacht rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, mar bheart eisceachtúil, nach mór í a léirmhíniú go beacht 27 . Chuir an Coimisiún agus an Chomhairle tús le pléití leis na Ballstáit maidir le himpleachtaí an bhreithiúnais. Idir an dá linn, tá athmheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na fógraí is déanaí maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i bhfianaise an bhreithiúnais sin.

Bosca 4. Tionchar COVID-19

Léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil gá le creat cobhsaí le haghaidh comhordú agus cinnteoireacht ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de limistéar Schengen i gcásanna géarchéime. Ag tús na paindéime, d’athbhunaigh formhór na mBallstát rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, gan comhordú coiteann eatarthu féin ag teacht i bhfeidhm go dtí níos faide anonn, agus bhí tréimhsí ann nuair a bhí feidhmiú cuí an Mhargaidh Aonair curtha i mbaol. Mar fhreagairt de sin, d’iarr an Coimisiún ar an gComhairle cinneadh comhordaithe a dhéanamh 28 maidir le srianta taistil i ndáil le taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha isteach i limistéar Schengen. Lean Ballstáit uile an Aontais (cé is moite d’Éirinn) agus Tíortha Comhlachaithe Schengen uile an iarraidh sin agus áiríodh í ina dhiaidh sin i Moladh ón gComhairle 29 . Chuir na Ballstáit an Moladh seo i bhfeidhm ar bhealaí anéagsúla, áfach, rud a chuir feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol. Chabhraigh na bearta comhordúcháin ad hoc a chuir an Coimisiún i bhfeidhm le dhá bhliain anuas chun an ghéarchéim a bhainistiú ar bhealach níos ordúla. D’oibrigh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit freisin chun a riachtanais a shainaithint ionas go dtabharfaí aghaidh ar an bpaindéim go héifeachtach, go háirithe i gcomhthéacs Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna ón gComhairle (IPCR). Léirigh an ghéarchéim freisin, áfach, go bhfuil gá le creat dlíthiúil sonrach le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin ag na teorainneacha seachtracha i gcás aon chás comhchosúil a bheidh ann amach anseo agus is cuid den togra ón gCoimisiún le haghaidh leasú ar Chód Teorainneacha Schengen é sin, togra a glacadh i mí na Nollag 2021. Bhí tionchar ag na cúinsí paindéime freisin ar phleanáil agus ar chur chun feidhme phróiseas meastóireachta agus faireacháin Schengen, go háirithe i réimse an chomhbheartais víosaí.

3.3.Limistéar Schengen a thabhairt i gcrích

Ó 2011 i leith, tá an Coimisiún ag moladh go gníomhach go ndéanfaí Schengen a chur i gcrích, agus ag tathant na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh gan mhoill chun go bhféadfaidh na Ballstáit sin den Aontas nach bhfuil fós páirteach sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith páirteach ann. Cuirfidh sé sin leis an tslándáil san Aontas ina iomláine.

Le roinnt míonna anuas, rinneadh céimeanna tábhachtacha polaitiúla. I mí na Nollag 2021, d’aithin an Chomhairle 30 gur chomhlíon an Chróit na coinníollacha is gá chun gach cuid de acquis Schengen a chur i bhfeidhm. Is faoin gComhairle atá sé anois dréachtChinneadh 31 a chur síos maidir le deireadh a chur leis na rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha agus dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Thairis sin, tá an Rómáin agus an Bhulgáir ag fanacht ar an gCinneadh ón gComhairle, fad a leanfaidh siad d’acquis Schengen a chur i bhfeidhm go gníomhach, go háirithe i ndáil le teorainneacha seachtracha leis an Úcráin a bhainistiú. Dheimhnigh an gCoimisiún ó 2011 go bhfuil na coinníollacha is gá á gcomhlíonadh ag an mBulgáir agus ag an Rómáin le bheith páirteach in Schengen. Rinne an dá Bhallstát, i gcomhthéacs an tSásra athchóirithe Meastóireachta agus Faireacháin Schengen, dearbhú comhpháirteach 32 chuig an gComhairle inar leagadh béim ar a dtiomantas acquis Schengen a chur i bhfeidhm i gceart agus rannchuidiú le feidhmiú cuí an limistéir gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Chun bunús a thabhairt maidir leis an ngealltanas sin agus chun muinín fhrithpháirteach a neartú, d’iarr siad ar fhoireann atá faoi chomhordú an Choimisiúin, measúnú a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar chur i bhfeidhm na bhforbairtí is déanaí ar acquis Schengen ó rinneadh na meastóireachtaí in 2011, ag díriú ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus ar chomhar póilíneachta. Tá an Coimisiún réidh chun na measúnuithe deonacha sin a chomhordú agus a chur chun feidhme. Iarrann an Coimisiún arís ar an gComhairle na céimeanna is gá a ghlacadh chun limistéar Schengen a chomhdhlúthú tríd an gcinneadh a ghlacadh chun cur ar chumas na Bulgáire, na Cróite agus na Rómáine a bheith rannpháirteach go foirmiúil ann 33 .

Tá próiseas meastóireachta Schengen ar bun don Chipir freisin chun measúnú a dhéanamh ar a hullmhacht chun dul isteach i limistéar Schengen. An 3 Bealtaine 2022, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, ghlac Parlaimint na hEorpa le tromlach mór an tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen sa Chipir. Ag an gcéad chéim eile, meastar go nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh sa dara leath de 2022 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquisSchengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen sa Chipir, agus déanfar meastóireacht ar oibriú an chórais ina dhiaidh sin.

4.Tosaíochtaí a eascraíonn as meastóireachtaí Schengen

Mar aon le rialachas láidir, tá limistéar Schengen a fheidhmíonn go maith ag brath ar acquis Schengen a beith curtha chun feidhme i gceart agus go tráthúil. Áirithítear leis na rialacha sin go gcuirfidh na Ballstáit uile critéir aonfhoirmeacha i bhfeidhm maidir le rialuithe ar dhul isteach agus ar imeacht ag an teorainn sheachtrach choiteann, go bhforbróidh siad an comhar idir gardaí teorann, údaráis phóilíneachta náisiúnta agus údaráis bhreithiúnacha, go n‑úsáidfidh siad córais mhalartaithe faisnéise leordhóthanacha agus go gcuirfidh siad beartas coiteann um fhilleadh chun feidhme. Áirithítear leo coinníollacha iontrála comhchuibhithe agus comhbheartas víosaí chun ardleibhéal slándála inmheánaí agus an fhéidearthacht taisteal gan a bheith faoi réir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a choinneáil ar bun. I bhfianaise líon mór na sonraí pearsanta a phróiseáiltear, tá ról lárnach ag urramú na gceanglas cosanta sonraí. Ní hamháin go ndéanann cur chun feidhme ceart na rialacha sin uile slándáil saoránach a choimirciú i limistéar nach bhfuil teorainneacha inmheánacha ann, ach cruthaítear sineirgí freisin idir na húdaráis náisiúnta.

Le tacaíocht airgeadais faoi chistiú an Aontais (an Ciste Slándála Inmheánaí, an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht) freisin, éascaítear cur chun feidhme ceart acquis Schengen. Féachann an Coimisiún lena áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag na Ballstáit chun na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo agus a eascraíonn as meastóireachtaí Schengen a chur chun feidhme. Agus amlíne na meastóireachtaí á cur san áireamh, moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, acmhainní riachtanacha a chur i leataobh faoina gcláir náisiúnta ionas go dtabharfar tosaíocht do na heasnaimh a sainaithnítear sna tuarascálacha meastóireachta, go háirithe i gcás ina sainaithnítear easnaimh thromchúiseacha.

Cé gur léiríodh i meastóireachtaí Schengen le blianta beaga anuas go gcuireann na Ballstáit acquis Schengen chun feidhme mar is ceart go ginearálta, tá easnaimh agus gníomhaíochtaí áirithe fós ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu mar thosaíochtaí. Níor cheart breathnú ar easnaimh ina n‑aonar ach ina n‑idirghníomhú le réimsí éagsúla a chumhdaítear faoi Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen agus an cumas atá iontu an bonn a bhaint de limistéar Schengen. Tá roinnt de na heasnaimh sin de chineál cothrománach i réimsí éagsúla beartais agus, de bharr na himpleachtaí iomadúla a bhaineann leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar níos mó acu ar dhea-fheidhmiú limistéar Schengen.

Sa chéad timthriall meastóireachta de Mheastóireachtaí Schengen (2015-2019), aithníodh easnaimh thromchúiseacha i ndeich meastóireacht i dtrí réimse 34 agus sa tréimhse 2020-2021 – cás amháin eile sa cheathrú réimse beartais 35 . Baineann na heasnaimh thromchúiseacha sin i gcásanna áirithe le heasnaimh a chuireann feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol nó i gcásanna eile bíonn riosca tromchúiseach do chearta bunúsacha ag baint leo. I gcás ina sainaithnítear easnaimh thromchúiseacha, déantar dlúthfhaireachán ar na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun feidhme go gasta, lena náirítear trí athchuairteanna a dhéanamh. Leis an meicníocht athchóirithe um Meastóireacht agus Faireachán Schengen, beidh córas faireacháin níos stóinsithe ann a chuirfidh dlús leis an bpróiseas iomlán, go háirithe nuair a shainaithnítear easnaimh thromchúiseacha, dá bhforáiltear nós imeachta mear sonrach ina leith.

4.1. Teorainneacha Seachtracha a Bhainistiú

Ní mór teorainneacha seachtracha a chosaint agus a bhainistiú go héifeachtúil, chun a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán cearta na ndaoine atá ag lorg cosanta. Ní mór do thrasnuithe rianúla na dteorainneacha teacht in éindí le leibhéal ard slándála a áirithiú. Is éard atá sna rialacha nósanna imeachta seiceála teorann atá éifeachtúil agus dírithe ar shlándáil a bheidh bunaithe ar fhaisnéis réamhtheachta chuimsitheach agus ar bhunachair shonraí ábhartha a chuardach chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha córasacha ar gach duine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit freisin sásra cuimsitheach a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha agus ar fhaireachas éifeachtach teorann chun feasacht staide iomlán a áirithiú agus chun foráil a dhéanamh do fhreagairt leordhóthanach, lena n‑áirítear beatha daoine a shábháil ar muir.

Dúshlán ar leith is ea ionstraimiú na nimirceach chun críoch polaitiúil, agus tá tograí tiomnaithe curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún ina leith i mí na Nollag 2021, mar fhreagairt ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach: an leasú ar Chód Teorainneacha Schengen lena bhforáiltear maidir le sainmhíniú ar ionstraimiú imirce 36 agus ionstraim nua lena dtugtar aghaidh ar chásanna ionstraimíochta i réimse na himirce agus an tearmainn 37 . Le glacadh na dtograí sin, táthar ag súil go gcuirfear creat daingean ar fáil do chásanna ionstraimíochta amach anseo agus go bhfágfaidh sé nach gá dul i muinín bearta ad hoc faoi Airteagal 78(3) CFAE 38 .

Is freagracht chomhroinnte é an Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na hEorpaidir na Ballstáit uile agus na Tíortha Comhlachaithe Schengen, institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tá ról lárnach ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, agus na húdaráis náisiúnta ábhartha agus Frontex á dtabhairt le chéile. Is féidir le heasnaimh i dteorainn sheachtrach tíre amháin difear a dhéanamh do na Ballstáit uile agus feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol dá bharr. Dá bhrí sin, ní mór bainistiú teorainneacha na mBallstát a chomhtháthú chun bainistiú teorainneacha éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe a bhunú ag teorainneacha seachtracha an Aontais.    

Is léir ó mheastóireachtaí Schengen go ndearna na Ballstáit infheistíocht shuntasach le blianta beaga anuas chun na teorainneacha seachtracha a chosaint ar bhealach níos fearr, rud a d’fhág go raibh feabhsuithe le feiceáil le linn an dara timthriall meastóireachta (a thosaigh in 2020) agus go raibh leibhéal leordhóthanach bainistithe teorainneacha seachtracha ann go ginearálta. Sainaithníodh sna mheastóireachtaí easnaimh áirithe, áfach, arb é ceann acu sin, i gcoitinne, easpa rialachais agus pleanála inniúlachtaí náisiúnta atá straitéiseach leordhóthanach maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha. Is é an toradh atá air sin comhar idirinstitiúideach laghdaithe, forluí inniúlachtaí idir údaráis éagsúla teorainneacha seachtracha agus leithdháileadh acmhainní scaipthe. Baineann sé sin go háirithe le pleanáil fhadtéarmach acmhainní daonna agus oiliúna, chomh maith le húsáid chórasach córas faisnéise le haghaidh rialú teorann, lena n‑áirítear leibhéal íseal nascachta i roinnt de na suíomhanna chun seiceálacha córasacha sna bunachair sonraí ábhartha a áirithiú. Is ábhar imní é an éagsúlacht maidir le cur i gcrích agus caighdeán na n‑anailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta sna Ballstáit.

Maidir le rialú ag teorainneacha (seiceálacha teorann agus faireachas teorann), léiríodh sna meastóireachtaí Schengen gur leordhóthanach, i gcoitinne, cur i bhfeidhm acquis Schengen ag na Ballstáit. Tarraingíodh aird freisin i meastóireacht Schengen ar dhea-chleachtais agus ar ghníomhaíochtaí nuálacha arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit chun critéir Schengen a chur chun feidhme go héifeachtúil. D’ainneoin an dul chun cinn atá sásúil ar an iomlán, tá easnaimh athfhillteacha maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha agus tá nósanna imeachta easnamhacha maidir le seiceáil teorann ag roinnt pointí trasnaithe teorann. I bhformhór na mBallstát, déantar rialú teorann i gcomhréir le hanailís chuimsitheach riosca; mar sin féin, tá easnaimh fós ann sa chaoi a ndéanann roinnt Ballstát an tsamhail Eorpach d’anailís riosca maidir le rialú teorann 39 a chur chun feidhme, rud is cúis le feasacht neamhleor ar dhálaí, le pleanáil acmhainní atá scaipthe agus le gníomhaíochtaí oibríochtúla uireasacha.

Ag pointí trasnaithe teorann áirithe, ní dhéantar seiceálacha teorann go córasach ná ní dhéantar iad ag an gcaighdeán cuí. Baineann sé sin, den chuid is mó, le heaspa acmhainní daonna, easpa gardaí teorann a bhfuil oiliúint chuí orthu agus easpa nascachta le bunachair sonraí, rud a chuireann cosc ar sheiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha, lena n‑áirítear Córas Faisnéise Schengen agus bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid Taistil atá Goidte nó Caillte (SLTD), a chur i gcrích ar bhealach aonfhoirmeach córasach, rud a fhágann go bhfuil bearnaí móra slándála ann. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhagairt ar bheartas poiblí, ar shlándáil inmheánach, ar shláinte phoiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit agus an Aontais ina iomláine.

Is measa fós an méid sin toisc nach ndéantar an Treoir maidir le Dliteanas an Iompróra 40 agus an Treoir maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí 41 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go leordhóthanach i roinnt Ballstát. D’fhonn inimirce neamhrialta a chomhrac agus rialuithe éifeachtacha teorann a áirithiú, ní mór d’aeriompróirí faisnéis a tharchur, arna iarraidh sin ag na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha, faoi dheireadh na seiceála isteach, ar faisnéis í a bhaineann le paisinéirí a bheidh á niompar acu chuig pointe trasnaithe teorann údaraithe trína rachaidh na daoine sin isteach i gcríoch Ballstáit. Nuair nach ndéantar é sin, ní bhíonn an fhaisnéis uile is gá ar fáil do ghardaí teorann chun rialuithe teorann leordhóthanacha a dhéanamh. Tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí faoi dheireadh 2022 42 chun bearnaí a tháinig chun solais freisin ó mheastóireacht 2020 a dhúnadh agus chun na coinníollacha maidir le cur chun feidhme leordhóthanach a áirithiú.

pictiúr de dhálaí náisiúnta ilroinnte ag roinnt Ballstát, tá cumas braite laghdaithe agus acmhainneachtaí freagartha teoranta acu go háirithe ag teorainneacha mara agus talún, agus is easpa córas faireachais teorann comhtháite, easpa comhordaithe agus comhair idir a núdaráis náisiúnta rialaithe teorann, chomh maith le cur chun feidhme scaipthe an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) 43 , is cúis leis sin, rudaí a dhéanann difear do cháilíocht an rialaithe teorann. D’fhéadfadh na heasnaimh sin éifeachtúlacht oibríochtúil i dtaca le bainistiú teorainneacha seachtracha agus cumas freagartha a laghdú, rud a chuirfeadh limistéar Schengen i mbaol. Tá sé sin fíor go háirithe ag teorainneacha mara agus talún, de dheasca acmhainní teoranta agus córais faireachais teorann chomhtháite teoranta, rud a dhéanann difear do cháilíocht an rialaithe teorann. D’fhéadfadh na heasnaimh sin éifeachtúlacht oibríochtúil i dtaca le bainistiú teorainneacha seachtracha agus cumas freagartha a laghdú, rud a chuirfeadh limistéar Schengen i mbaol.

Tá urraim do chearta bunúsacha agus go háirithe do phrionsabal an non‑refoulement ina phrionsabal lárnach i mbainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais. In 2020, thosaigh breathnóirí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ag glacadh páirte i meastóireachtaí Schengen i réimse na dteorainneacha seachtracha. Chuidigh siad le heasnaimh a shainaithint agus le moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhsúcháin. Is cúis imní i gcónaí iad líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha. Tá measúnuithe éifeachtacha ar gach sárú líomhnaithe riachtanach chomh maith le himscrúduithe gasta neamhspleách i gcas inar ábhartha, chun a áirithiú go gcosnófar cearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha. Is dea-chleachtas iad sásraí faireacháin neamhspleácha ar chearta bunúsacha ina leith sin, agus leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tacú leo agus á maoiniú. Is gné é urraim do chearta bunúsacha a chumhdaítear le Meicníocht nua Meastóireachta agus Faireacháin Schengen, rud a áiritheoidh go nglacfar bearta chun aon easnamh a chosc agus aghaidh a thabhairt air.

Bosca 5. Tosaíochtaí do bhainistiú teorainneacha seachtracha na hEorpa

·Bainistiú Comhtháite Teorainneacha na hEorpa a chur chun feidhme go héifeachtúil;

·Úsáid na hanailíse riosca maidir le rialú teorann a mhéadú agus torthaí an mheasúnaithe leochaileachta a chomhtháthú go hiomlán i bpleanáil agus in oibríochtaí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

·Feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann trí nósanna imeachta atá bunaithe ar fhaisnéis a chur i bhfeidhm agus dlús a chur le faisnéise réamhtheachta a úsáid trí chórais faisnéise le haghaidh rialú teorann a chur chun feidhme, lena náirítear glacadh an togra ag an gCoimisiúin le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí;

·Córais náisiúnta um fhaireachas comhtháite ar theorainneacha agus an comhar idirghníomhaireachta a neartú;

·Córais oiliúna náisiúnta fhónta maidir le rialú ag teorainneacha a chur chun feidhme 44 ;

·Sásraí faireacháin náisiúnta do chearta bunúsacha a chur chun feidhme.

4.2. Beartas Víosaí

Ní féidir le limistéar Schengen feidhmiú go héifeachtúil gan comhbheartas víosaí. Is uirlis é chun iontráil cuairteoirí dlíthiúla a éascú, mar shampla turasóirí agus daoine a bhíonn ag taisteal ar ghnó, agus san am céanna rioscaí slándála agus riosca imirce neamhrialta chuig an Aontas a chosc. Leis an gCód Víosaí 45 bunaítear nósanna imeachta agus coinníollacha comhchuibhithe maidir le hiarratais ar víosaí a phróiseáil agus víosaí a eisiúint, agus áirithítear leis an gCóras Faisnéise Víosaí 46 i dtaca le consalachtaí, gardaí teorann, údaráis forghníomhú an dlí, údaráis inimirce agus údaráis ábhartha eile, go bhfuil rochtain acu ar shonraí iarratasóirí ar víosaí.

Mar thoradh ar na srianta taistil a bhain le paindéim COVID-19, tháinig laghdú ollmhór ar iarratais ar víosaí Schengen. Roimh an bpaindéim, fuair consalachtaí na Stát a bhí rannpháirteach i limistéar Schengen 16 mhilliún iarratas ar víosaí in 2018 agus 17 milliún iarratas in 2019, ach tháinig laghdú ar líon na n‑iarratas go 3 milliún in 2020 agus 2.5 milliún in 2021.

Chuir an paindéim srianta freisin ar mheastóireachtaí Schengen a dhéanamh sa réimse beartais sin ós rud é go ndéantar na meastóireachtaí sin ag consalachtaí na mBallstát i dtríú tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu. Ní rabhthas in ann ach dhá mheastóireacht a dhéanamh in 2020 agus in 2021. Mar sin féin, bhí dul chun cinn maith déanta ag a lán Ballstát maidir le cur chun feidhme na pleananna gníomhaíochta a bhí acu a bhain le meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin. Cuireadh i gcrích 12 phlean gníomhaíochta le dhá bhliain anuas, agus ciallaíonn sé sin gur réitíodh go rathúil líon suntasach de na heasnaimh a sainaithníodh.

Den chuid is mó cuireann na Ballstáit an comhbheartas víosa chun feidhme go leordhóthanach, le cinntí a bhfuil údar maith leo, ar an iomlán, i dtaobh ar cheart víosaí a eisiúint nó a dhiúltú. Roinnt de na príomhábhair imní, baineann siad leis na nithe seo a leanas:

·Tá difríochtaí fós idir cleachtais na mBallstát nuair a chinntear bailíocht víosaí nó na doiciméid tacaíochta a iarrtar, in ainneoin na rialacha maidir le bailíocht víosa a ghlac an Coimisiún, rialacha a chumhdaítear sa Chód Víosaí agus i liostaí comhchuibhithe na ndoiciméad tacaíochta atá ceangailteach de réir dlí.

·Oiliúint neamhleor agus ganntanais foirne a bhfuil earráidí nós imeachta mar thoradh orthu.

·Baintear úsáid fhorleathan as soláthraithe seirbhíse seachtracha, ach ní leor an faireachán a dhéantar ar a gcuid gníomhaíochtaí.

·Is beag úsáid a bhaintear as an gCóras Faisnéise Víosaí toisc nach bhfuil cáilíocht na sonraí a chuirtear isteach ann leordhóthanach in amanna, toisc nach gcuirtear na córais láimhseála cásanna náisiúnta in oiriúint i gcónaí do shreabhadh oibre an Chóid Víosaí agus an Chórais Faisnéise Víosaí, agus toisc easpa oiliúna TF agus an fheasacht teoranta ar fheidhmiúlachtaí áirithe an chórais agus ar na tairbhí a bhaineann leis.

Mar chuid den phróiseas faireacháin ar mheastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, tá an Coimisiún tar éis iarraidh arís agus arís eile ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus cuireadh tacaíocht leordhóthanach airgeadais ar fáil faoin gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha de chuid na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (2021-27) chun tacú le gníomhaíochtaí ábhartha.

An 27 Aibreán 2022 chuir an Coimisiún Togra i láthair i dtaca le nósanna imeachta maidir le víosaí a dhigitiú chun taisceadh agus próiseáil iarratas ar víosaí a nuachóiriú agus a dhéanamh níos éifeachtúla agus, ag an am céanna, slándáil limistéar Schengen a threisiú. An lá céanna, mhol an Coimisiún deireadh a chur leis an gceanglas víosa do náisiúnaigh Chuáit agus Chatar. Sna míonna atá le teacht, déanfaidh sé meastóireacht ar an gCód Víosaí athbhreithnithe a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2020. Leanfaidh sé de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar thríú tíortha ar tugadh rochtain gan víosa ar an Aontas dóibh, go háirithe tríd an tuarascáil maidir leis an sásra fionraíochta víosaí 47 agus leanfaidh sé freisin de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis na Stáit Aontaithe chun cómhalartacht iomlán maidir le tarscaoileadh víosaí a bhaint amach do na Ballstáit eile, eadhon an Bhulgáir, an Chipir agus an Rómáin. Ina theannta sin, tá an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, ag coinneáil súil ghéar ar na cláir um shaoránacht trí infheistíocht atá á reáchtáil ag tríú tíortha gan ceanglas víosaí toisc gur féidir le tairbhithe na scéimeanna sin rochtain saor in aisce a fháil ar limistéar Schengen. Le déanaí, ar thogra ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle na ceanglais díolúine víosa do shealbhóirí pasanna Vanuatú a eisíodh tar éis 2015 a chur ar fionraí go sealadach mar gheall ar rioscaí a bhaineann lena Clár um Shaoránacht trí Infheistíocht 48 . Beidh ar na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar le eu-LISA agus leis an gCoimisiún chun a gcórais TF um próiseáil víosaí a uasghrádú chun a bheith in oiriúint leis an uasghrádú ar an gCóras Faisnéise Víosaí. Atosófar meastóireachtaí Schengen sa réimse beartais sin i mí an Mheithimh 2022 agus aird chuí á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ag teacht chun cinn.

Bosca 6. Tosaíochtaí don bheartas víosaí

·Dul chun cinn gasta ar an gcaibidlíocht faoin togra maidir le nósanna imeachta víosaí a dhigitiú

·Dul chun cinn gasta ar an gcaibidlíocht faoin togra maidir le díolúine víosa do Chuáit agus do Chatar.

·Cur chun feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí athbhreithnithe a ullmhú

·Dlús a chur leis an bhfaireachán a dhéantar ar thríú tíortha a bhfuil rochtain gan víosa acu ar an Aontas

·Dlús a chur leis an bhfaireachán ar scéimeanna saoránachta agus cónaithe le haghaidh infheisteoirí atá á reáchtáil ag tríú tíortha i gcomhréir le Moladh C/2022/2028 49 .

·Atosú mheastóireachtaí Schengen ó Mheitheamh 2022.

4.3. Filleadh daoine nach bhfuil aon cheart dlíthiúil fanachta acu

An dlús a chuirtear leis na hiarrachtaí chun an imirce neamhrialta chuig an Aontas a laghdú agus chun na teorainneacha seachtracha a chosaint níos fearr, ba cheart dóibh a bheith fite fuaite leis na bearta a dhéantar chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát a fhilleadh go héifeachtach. Gach bliain, ordaítear do thart ar 400 000 náisiúnach tríú tír imeacht, ach ní dhéantar ach 140 000 (líon níos ísle ná sin in 2020 freisin de bharr na mbeart sriantach a bhí i bhfeidhm chun leathadh na paindéime a chosc) de na daoine lena mbaineann a fhilleadh go héifeachtach chuig tríú tír, agus as sin tuairim agus 45 % díobh a fhilleann ar bhonn deonach. Gné thábhachtach den obair chun córas fillte an Aontais a bhunú í feabhas a chur ar éifeachtacht chórais na mBallstát maidir le filleadh, ar córas é a leagtar amach sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann lena gcomhcheanglaítear struchtúir níos láidre laistigh den Aontas, go háirithe creat dlí treisithe leis an Treoir um Fhilleadh athmhúnlaithe, agus comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha. Ina theannta sin, i gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um fhilleadh deonach agus ath‑lánpháirtiú a glacadh i mí Aibreáin 2021, tá cur chuige níos aonfhoirmí agus níos comhordaithe á fhorbairt i measc na mBallstát chun leas iomlán a bhaint as an bhfilleadh deonach agus an ath‑lánpháirtiú agus is é is aidhm dó borradh a chur faoi éifeachtacht agus inbhuanaitheacht chóras coiteann an Aontais maidir le filleadh ar mhaithe le comhthairbhe na bhfillí, an Aontais agus na dtríú tíortha.

Tá feabhsuithe sa réimse sin léirithe i meastóireachtaí Schengen agus is fearr ailínithe anois reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta na mBallstát le ceanglais na Treorach um Fhilleadh. Tá feabhsuithe fós le déanamh, áfach, chun a áirithiú go n‑urramófar cearta bunúsacha go hiomlán. Sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i mBallstát amháin de dheasca na gcoinníollacha coinneála neamhleora agus easpa coimircí nóis imeachta.

Ina theannta sin, maidir le héifeachtacht na gcóras um fhilleadh, ní eisíonn gach Ballstát cinntí um fhilleadh ar bhealach córasach do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart dlíthiúil fanachta acu. Tá cleachtais éagsúla ann maidir le toirmisc ar theacht isteach nach n‑eisítear ar bhealach córasach i gcás nach gcomhlíonann náisiúnaigh tríú tír an oibleagáid um fhilleadh, rud a chuireann teorainn lena n‑éifeacht dhíspreagthach.

Is dúshlán fós é cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus tá tionchar ag an teorainn ar an gcomhar maidir le hathligean isteach tríú tíortha air sin freisin. D’ainneoin na ndúshlán seachtrach sin, tá constaicí laistigh de na córais náisiúnta, constaicí a léiríodh i meastóireachtaí Schengen a chuireann bac ar éifeachtacht chórais na mBallstát maidir le filleadh. Ina theannta sin, ní mór feabhas a chur ar bhailiú sonraí i réimse an fhillte chun gur féidir ceapadh beartas, cur chun feidhme agus meastóireacht níos fearr a dhéanamh. Baineann na príomh‑shaincheisteanna a sainaithníodh i roinnt Ballstát leis an méid seo a leanas:

·Acmhainní teoranta/neamhleora atá tiomnaithe don fhilleadh, ó thaobh pearsanra agus bonneagair de.

·Easpa faireacháin nó faireachán neamhéifeachtach ar chur chun feidhme cinntí um fhilleadh, lena náirítear trí chórais bainistithe cásanna um fhilleadh TF.

·Infhaighteacht theoranta agus úsáid theoranta na gclár um fhilleadh deonach agus um athlánpháirtiú (lena náirítear i ndáil le comhairleoireacht faoin bhfilleadh).

·Úsáid theoranta a bhaint as roghanna malartacha ar choinneáil chun éalú a chosc agus easpa acmhainneachta speisialaithe coinneála leordhóthanaí.

Tá an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha maidir le filleadh chun feidhme ina n‑iomláine agus chun obair leantach a dhéanamh de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta um shárú. Tá béim ar leith á leagan ar chur chun feidhme na nósanna imeachta um fhilleadh, amhail cinntí um fhilleadh a eisiúint agus iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach, chomh maith le cearta na n‑imirceach a urramú– leanaí agus daoine leochaileacha go háirithe – ag gach céim den phróiseas um fhilleadh.

An 2 Márta 2022, cheap an Coimisiún an chéad Chomhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh. Déanfaidh an Comhordaitheoir um Fhilleadh gnéithe de bheartas an Aontais um fhilleadh a thabhairt le chéile, ag tógáil ar thaithí dhearfach na mBallstát maidir le filltí a bhainistiú agus maidir le cur chun feidhme rianúil idirnasctha an phróisis um fhilleadh a éascú. Tá an Coimisiún i mbun an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh a chur ar bun, rud a thacóidh leis an gComhordaitheoir um Fhilleadh an comhar praiticiúil a éascú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Frontex agus a bheidh mar spás iontaofa le haghaidh malartú cuiditheach agus idirphlé ar ardleibhéal maidir le ceisteanna a bhaineann leis an bhfilleadh.

Bosca 7. Tosaíochtaí don bheartas víosaí.

·Glacadh gasta an chreata dhlíthiúil athnuaite maidir le filleadh atá bunaithe ar an Treoir athmhúnlaithe um Fhilleadh.

·Filleadh deonach agus athlánpháirtiú a chur chun cinn mar chuid lárnach de chóras coiteann an Aontais um fhilleadh, i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le filleadh deonach agus athlánpháirtiú.

·Leas iomlán a bhaint as an tacaíocht oibríochtúil agus phraiticiúil is féidir le Frontex a chur ar fáil sa réimse sin.

4.4. Comhar póilíneachta 50

I limistéar gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, tá comhar láidir póilíneachta idir na Ballstáit fíor-riachtanach chun slándáil agus muinín a áirithiú laistigh de limistéar Schengen, agus i réigiúin teorann go háirithe. De réir ‘Measúnú an Aontais Eorpaigh ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe’ (SOCTA AE) arna fhoilsiú ag Europol in 2021, tá beagnach 70 % de na líonraí coiriúla eagraithe gníomhach i níos mó ná trí Bhallstát. Ní mór do phóilíní a bheith in ann comhoibriú go héifeachtach, go tapa agus go córasach ar fud an Aontais chun an choireacht thrasnáisiúnta a chomhrac.

Sna meastóireachtaí Schengen a rinneadh go dtí seo i réimse an chomhair phóilíneachta, tugadh chun suntais, cé go bhfuil na Ballstáit comhlíontach go ginearálta ó thaobh an dlí de le acquis Schengen, cuirtear bac ar úsáid phraiticiúil a bhaint as cuid de na huirlisí comhair póilíneachta trasteorann atá ar fáil do na Ballstáit.

Maidir le comhar trasteorann póilíneachta, mar a leagtar amach é sa Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta, tá sé níos casta mar gheall ar chomhlachtaí póilíneachta éagsúla a bheith ann in go leor Ballstát, e.g. póilíní a bhfuil stádas míleata acu, póilíní a bhfuil stádas sibhialta acu, póilíní náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla. Tá sé ríthábhachtach go neagródh gach Ballstát a chomhordú inmheánach sa chaoi is gur féidir leis na seirbhísí ábhartha uile páirt a ghlacadh i gcomhar póilíneachta trasteorann agus idirnáisiúnta. Chuige sin, tá seirbhís amháin ainmnithe ag beagnach gach Ballstát mar Ionad Teagmhála Aonair 51 atá inniúil maidir le gach comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise trasteorann agus idirnáisiúnta. An easpa comhtháthaithe agus an easpa oiliúna saincheaptha do na baill foirne, is rudaí iad atá ag cur isteach ar Phointí Aonair Teagmhála, atá ina gclocha coirnéil maidir leis an gcomhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí agus malartú faisnéise oibríochtúil, agus dá bhrí sin, tá teorainn á cur leis an tairbhe a bhaineann leis an méadú mór ar mhalartú faisnéise le blianta beaga anuas.

Chun go mbeidh comhar éifeachtúil trasteorann ann, beidh gá le modhanna cumarsáide idir-inoibritheacha agus le rochtain mhóibíleach ar bhunachair sonraí ábhartha i gcomhréir leis na coimircí is gá. Ba cheart córais theicniúla a úsáidtear go náisiúnta a bheith ar fáil chun faisnéis trasteorann a mhalartú ar bhealach slán, lena n‑áirítear córas ríomhphoist slán chomh maith le córais cumarsáide raidió slána, go háirithe i gcás tóra teo. Mar thoradh ar an easpa uirlisí teicniúla leordhóthanacha, i bhformhór na mBallstát, téann oifigigh phóilíneachta i muinín uirlisí cumarsáide raidió neamhdhaingean nó fóin phóca chun teagmháil a dhéanamh lena seirbhísí comhordaithe ábhartha le haghaidh seiceálacha cúlra. Tá riosca ann go dteipfeadh ar an gcumarsáid (rud a tharlaíonn go minic i gceantair shléibhtiúla) agus go mbeidh míthuiscintí ann (e.g. i gcás saincheisteanna traslitrithe). Bíonn na rioscaí céanna i gceist i gcás nach mbíonn rochtain shoghluaiste leordhóthanach ar bhunachair shonraí ag póilíní ar an láthair. Nuair a dhéanann oifigigh phóilíneachta seiceáil ar dhuine le linn patróil chomhpháirtigh nó le linn gníomhaíochtaí comhpháirteacha spriocdhírithe sna réigiúin teorann, ní mór rochtain láithreach agus leordhóthanach a bheith acu ar a mbunachair shonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil cead acu a rochtain faoin dlí náisiúnta. Mura dtaispeántar i gceart an fhaisnéis atá ar fáil nó na gníomhaíochtaí atá le déanamh, d’fhéadfadh coirpigh a bhfuiltear sa tóir orthu, mar shampla, dul ar aghaidh trí roinnt tíortha i ngan a fhios. Chomh maith le póilíní ar an láthair, ní mór d’imscrúdaitheoirí rochtain níos dírí a bheith acu ar bhunachair sonraí idirnáisiúnta ábhartha freisin. Agus formhór na gcoirpeach ag obair thar theorainneacha, tá sé ríthábhachtach naisc idirnáisiúnta a bhrath go luath chun go n‑éireoidh le himscrúdú coiriúil.

Ar deireadh, tá éagsúlachtaí suntasacha ann ar fud an Aontais maidir lena mhéid a éascaítear gníomhaíochtaí trasteorann oibríochtúla póilíní (amhail tóireacha te nó faireachas trasteorann). Cé go gceadaíonn roinnt tíortha rochtain fhrithpháirteach ar bhunachair sonraí forfheidhmithe dlí a chéile (lena n‑áirítear Gardaí Custaim agus Gardaí Teorann), cuireann tíortha eile teorainneacha geografacha nó ama atá róchúng i bhfeidhm ar thóireacha te nó ní cheadaíonn siad d’oifigigh phóilíneachta eachtracha amhrasta a ghabháil ar a gcríoch le linn tóir the.

Is cuid d’acquis Schengen iad araon an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a Chur Chun Feidhme (CISA) 52 ina leagtar amach bunphrionsabail le haghaidh comhar póilíneachta, agus Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón tSualainn lena simplítear an malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí. Le forálacha an Choinbhinsiúin cuirtear solúbthacht shuntasach ar fáil do pháirtithe stáit maidir leis an mbealach a roghnaíonn siad é a chur chun feidhme. Go praiticiúil, úsáidtear comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha go córasach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an mbunlíne chomhchoiteann sin 53 . Tá thart ar 60 comhaontú den sórt sin idir Ballstáit an Aontais faoi láthair.

Dúshlán mór i réimse an chomhair phóilíneachta is ea go bhfuil an creat reachtach ilroinnte agus fágann sé solúbthacht leathan ag na Ballstáit ar an mbealach a roghnaíonn siad é a chur chun feidhme. Is é is aidhm do na tograí maidir le comhar póilíneachta 54 aghaidh a thabhairt ar an méid sin agus an comhar póilíneachta a neartú trí bhealaí soiléire agus amchláir shoiléire a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú agus ról níos láidre a thabhairt do Europol. Is díol sásaimh don Choimisiún an dul chun cinn atá déanta ag an gComhairle, a bhfuil sé d’aidhm aici a cur chuige ginearálta maidir leis an Treoir agus an Rialachán a ghlacadh i mí an Mheithimh 2022, chomh maith leis an Moladh maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta a fhormhuiniú. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí tús a chur fós leis na cruinnithe tríthaobhacha maidir leis na tograí sin i mbliana agus táthar ag súil leis go nglacfar na tograí ina dhiaidh sin roimh dheireadh 2023.

Tá sé ríthábhachtach leanúint de bheith ag forbairt na nuirlisí atá i lámha na núdarás póilíneachta. Le húsáid Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí agus le malartú na réamhfhaisnéise sin, i gcomhar le Taifid Ainmneacha Paisinéirí, cuireadh torthaí nithiúla ar fáil cheana féin sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí. Tá tionscnamh reachtach nua á ullmhú chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí chun críoch fhorfheidhmiú an dlí freisin trí dheimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus trí bhearnaí a líonadh a tháinig chun solais ó mheastóireacht 2020 ar an Treoir maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí 55 , agus ag an am céanna foráil a dhéanamh maidir leis na cosaintí is gá. Tá sé beartaithe é a chur i láthair faoi dheireadh 2022.

Bosca 8. Tosaíochtaí don chomhar póilíneachta. 

·Glacadh gasta na dtograí maidir le Comhar Póilíneachta, agus cur chun feidhme an Mholta maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta a mheastar a ghlacfaidh an Chomhairle i mí an Mheithimh.

·Faoi dheireadh 2022, go nglacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh beart reachtach nua maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí chun a úsáid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí a neartú.

·Bealaí comhair idirnáisiúnta a chomhtháthú tuilleadh, córais bainistithe cásanna a fheabhsú agus próisis a uathoibriú sna Pointí Teagmhála Aonair (SPOC).

·Rochtain éifeachtúil agus dhíreach ar bhunachair sonraí náisiúnta, idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais forfheidhmithe an dlí do bhaill foirne na bPointí Teagmhála Aonair, d’imscrúdaitheoirí agus d’oifigigh phóilíneachta ar an láthair a mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.

·Rochtain éifeachtúil shoghluaiste ar bhunachair shonraí (idir)náisiúnta do phóilíní ar an láthair, go háirithe i réigiúin teorann.

·Idir-inoibritheacht uirlisí cumarsáide raidió.

4.5. Córas Faisnéise Schengen

Is é Córas Faisnéise Schengen (SIS) an príomhbheart cúiteach maidir le deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha mar go dtugann sé tacaíocht riachtanach don bheartas imirce agus slándála ar fud limistéar Schengen agus ag a theorainneacha seachtracha.

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar thábhacht SIS don tslándáil agus do bhainistiú teorainneacha san Eoraip. Cé go raibh tionchar ag géarchéim COVID-19 ar úsáid SIS mar gheall ar an laghdú ar chúrsaí taistil a bhain leis agus an laghdú ar líon na seiceálacha teorann a rinneadh le linn na tréimhse sin, tá úsáid an chórais san Eoraip ag dul i méid de réir a chéile anois ag deireadh 2021 sroicheadh buaicphointe 90 milliún foláireamh 56 a bhí curtha isteach i mbunachar sonraí Chóras Faisnéise Schengen ag na Ballstáit 57 . Faoi mhí na Nollag 2019, díreach sular thosaigh an paindéim, shroich líon na gcuardach i gCóras Faisnéise Schengen an leibhéal ab airde riamh, 6.6 billiún, agus bhí an leibhéal ab airde riamh de 283 713 amas ann 58 (níos mó ná dúbailt an méid de 128 598 amas a bhí ann in 2014). In 2021, rinneadh níos mó ná 7 mbilliún cuardach in SIS, 59  agus bhí 222 967 amas ann, rud a chuidigh le réiteach a fháil ar an líon sin cásanna i dtíortha Eorpacha a bhaineann úsáid as an gcóras.

Bunaithe ar mheastóireachtaí Schengen a rinneadh, is féidir a bhaint de thátal as go bhfuil Córas Faisnéise Schengen curtha chun feidhme ag na Ballstáit go ginearálta agus go bhfuil siad á úsáid go héifeachtach agus go haonfhoirmeach. Cé gur sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i gcur chun feidhme Chóras Faisnéise Schengen i roinnt Ballstát, tá na tíortha sin ag obair go dúthrachtach agus go gníomhach chun réiteach a fháil ar na heasnaimh.

Tháinig easnaimh áirithe athfhillteacha chun cinn le linn na meastóireachtaí:

·Ní chuireann na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile isteach i gCóras Faisnéise Schengen. Mar shampla, ní chuirtear méarloirg agus grianghraif i gceangal i gcónaí, fiú má bhíonn na sonraí sin ar fáil ar leibhéal na tíre. I gcásanna áirithe is é is cúis leis sin easpa uirlisí teicniúla nó easpa nósanna imeachta éigeantacha ar leibhéal na tíre lena gceanglaítear ar na húdaráis a eisíonn an foláireamh na sonraí sin a chur leis an bhfoláireamh nuair a bhíonn siad ar fáil.

·Ní thaispeántar gach faisnéis atá ar fáil i bhfoláireamh Chóras Faisnéise Schengen (grianghraif duine mar shampla) do na húsáideoirí deiridh, i.e. póilíní, gardaí teorann agus úsáideoirí eile nuair a dhéanann siad an córas a cheadú. Fágann sin go bhfuil sé deacair an duine is ábhar don fholáireamh a shainaithint i gceart agus an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh.

·I roinnt Ballstát, tá easpa dul chun cinn déanta maidir le huirlisí nua a úsáid, amhail feidhmiúlacht chuardaigh méarlorg SIS. Tá iarmhairtí tábhachtacha aige sin, a bhfuil bearnaí slándála mar thoradh orthu.

·Tá ‘Biúrónna SIRENE’, na struchtúir riaracháin a bhaineann le malartú faisnéise forlíontach ar fholáirimh Chóras Faisnéise Schengen, i gcroílár oibríocht Chóras Faisnéise Schengen ach ní i gcónaí a bhíonn dóthain pearsanra agus acmhainní teicniúla acu, lena náirítear uirlisí uathoibríocha agus comhtháite sreafa oibre, chun cur ar a gcumas an fhaisnéis sin a mhalartú go héifeachtach.

·Le hathneartú teoranta acmhainní daonna agus teicniúla i mBiúrónna SIRENE, is minic a bhíonn barr a gcumais ó thaobh acmhainní de sroichte ag na struchtúir sin. Tá cáilíocht agus luas an mhalartaithe faisnéise agus an chomhair oibríochtúil idir oifigí ríthábhachtach san obair leantach i dtaca le hamais chun a áirithiú, mar shampla, go ndéanfar daoine atá ar iarraidh agus daoine leochaileacha a chosaint.

·Tá roinnt Ballstát ann nár nasc a gcórais Uathaitheanta Uimhirphlátaí le Córas Faisnéise Schengen rud a fhágann go ndéantar an tslándáil fhoriomlán laistigh de Schengen agus ag na teorainneacha seachtracha a theorannú.

Bosca 9. Tosaíochtaí do Chóras Faisnéise Schengen.

·Cur chun feidhme gasta Chóras Faisnéise Schengen athnuaite a luaithe is féidir, lena náireofar catagóirí nua foláirimh agus as a dtiocfaidh feidhmiúlachtaí nua, rud a chuirfidh tuilleadh le héifeachtacht Chóras Faisnéise Schengen.

·An fhoireann chuí a sholáthar agus feabhas a chur ar na hacmhainní i mBiúrónna SIRENE na mBallstát leis an tsreafa oibre a uathoibriú chun líon ard na namas isteach a phróiseáil agus chun cáilíocht an mhalartaithe faisnéise agus an chomhair agus an luas a bhaineann leo a áirithiú.

·Lánúsáid a bhaint as feidhmiúlacht chuardaigh méarlorg Chóras Faisnéise Schengen.

4.6. Cosaint sonraí

Cuid thábhachtach eile de acquis Schengen is ea na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Na forálacha sonracha maidir le cosaint sonraí pearsanta in acquis Chóras Faisnéise Schengen agus an Chórais Faisnéise Víosaí agus, amach anseo, forálacha na gcóras faisnéise nua (Córas Dul Isteach/Imeachta, ETIAS, idir-inoibritheacht), na forálacha sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 60 dá ndéantar crostagairtí in acquis na gcóras sin agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí (LED 61 ), sin iad na príomhcheanglais reachtacha is infheidhme sa réimse sin.

Is cosaint riachtanach í measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le SIS agus VIS, i gcomhthéacs na gceanglas maidir le cosaint sonraí.

Cé nár sainaithníodh aon easnaimh thromchúiseacha le linn mheastóireacht Schengen agus nach mór measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngníomhartha is infheidhme dhlí an Aontais i gcásanna aonair ar bhonn cás ar chás, tá roinnt saincheisteanna athfhillteacha fós ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu:

·Tá easpa acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ag roinnt údarás náisiúnta cosanta sonraí (DPAnna), rud a chuireann bac orthu a gcuid cúraimí uile maidir leis an gCóras Faisnéise Schengen agus leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chur i gcrích.

·Tá riosca ann go mbeidh cuid de na húdaráis cosanta sonraí faoi réir tionchar seachtrach ar a gcuid oibre, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas.

·Níor tugadh cumhachtaí ceartaitheacha éifeachtacha do gach údarás cosanta sonraí a mhéid a bhaineann le húdaráis forfheidhmithe dlí.

·I roinnt Ballstát, measadh gur ghá cigireachtaí níos minice agus níos cuimsithí a bheith á ndéanamh ag na húdaráis cosanta sonraí chun a gcúram a chomhlíonadh maidir le faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil shonraí Chóras Faisnéise Schengen agus Chóras Faisnéise Víosaí.

·Is minic nach gcomhlíonann na húdaráis cosanta sonraí an ceanglas atá orthu iniúchtaí a dhéanamh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí i gCóras Faisnéise Schengen agus i gCóras Faisnéise Víosaí gach ceithre bliana ar a laghad.

·Is minic freisin gur gá feabhas a chur ar fhaisnéis faoi chearta an duine is ábhar do na sonraí i ndáil le Córas Faisnéise Schengen agus Córas Faisnéise Víosaí agus maidir leis an nós imeachta chun na cearta sin a úsáid.

·I gcásanna áirithe, níl an tréimhse a choimeádtar logaí ó na cuardaigh sna córais faisnéise ag teacht le acquis Schengen fós.

·Go minic, níl aon fhéininiúchóireacht réamhghníomhach ar chomhlíonadh cosanta sonraí á déanamh ag rialaitheoirí sonraí, lena náirítear gan aon athbhreithniú rialta a dhéanamh ar logaí.

·Ar deireadh, ní sholáthraítear i gcónaí oiliúint rialta agus leanúnach maidir le cosaint sonraí agus le slándáil sonraí do gach ball foirne oibríochtúil a bhfuil rochtain acu ar na córais faisnéise.

Bosca 10. Tosaíochtaí do chosaint sonraí. 

·Ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na húdaráis cosanta sonraí ionas go bhféadfadh siad a gcuid cúraimí uile maidir le Córas Faisnéise Schengen agus Córas Faisnéise Víosaí a chur i gcrích.

·Ba cheart do na húdaráis cosanta sonraí a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar oibríochtaí próiseála sonraí i gCóras Faisnéise Schengen agus i gCóras Faisnéise Víosaí ar a laghad gach ceithre bliana.

·Ba cheart d’údaráis inniúla Chóras Faisnéise Schengen agus Chóras Faisnéise Víosaí obair leantach a dhéanamh maidir leis na moltaí, go háirithe maidir le féininiúchóireacht agus oiliúint.

·Le linn chur chun feidhme na gcóras faisnéise nua um rialú teorann (Córas Dul Isteach/Imeachta, ETIAS, idir-inoibritheacht), glacfaidh na heintitis fhreagracha uile go hiomlán leis an gcur chuige príobháideachais trí dhearadh. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhtháthú go hiomlán agus go nurramófar iad ó thús úsáid na gcóras sin. 

5.Na chéad chéimeanna eile

Cé gur fearr atáimid in ann freagairt do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, níl aon reachtaíocht ná creat ach chomh maith lena gcur chun feidhme éifeachtach tráthúil.

Dearbhaíodh i meastóireachtaí Schengen a rinneadh le blianta beaga anuas go bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme go leordhóthanach ag na Ballstáit sna réimsí éagsúla beartais agus go bhfuil an éifeacht inmhianaithe bheartaithe bainte amach ag an Sásra. Sainaithníodh laigí nó easnaimh, áfach, agus tá gá fós le dul chun cinn i réimsí áirithe. Sainaithnítear sa tuarascáil seo na príomhréimsí tosaíochta a bhfuil feabhsuithe práinneacha ag teastáil ina leith agus cuirtear i dtábhacht go bhfuil gá leis na huirlisí uile atá ar fáil a chur chun feidhme go gasta agus go leordhóthanach.

Le Timthriall Schengen, tá rialachas láidir agus treisithe, ag limistéar Schengen anois a chinntíonn stiúradh polaitiúil chun go gcuirfear reachtaíocht chun feidhme go leordhóthanach agus go ndéanfar faireachán rialta uirthi. Tar éis na chéad chéimeanna i gcur chun feidhme an timthrialla, is gá leanúint d’iarrachtaí comhpháirteacha agus comhúinéireacht an phróisis ag na Ballstáit, ag institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ráthú ar an mbealach i dtreo an chéad timthrialla bhliantúil eile in 2023.

Tá sé ríthábhachtach leanúint de bheith ag obair i dtreo bainistiú comhtháite teorainneacha na hEorpa iomlán éifeachtach, ina dtabharfar le chéile na gníomhaithe ábhartha uile ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. I limistéar gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh dlúthchomhar póilíneachta ann idir na Ballstáit mar aon le cur chun feidhme éifeachtach na gcóras faisnéise ar mhórscála, go háirithe Córas Faisnéise Schengen, chomh maith le beartais éifeachtacha maidir le filleadh agus víosaí.

Thairis sin, tá sé ríthábhachtach gan fócas a chailliúint ar chur chun feidhme iomlán na hailtireachta nua TF faoi dheireadh 2023. Tá an tAontas Eorpach tar éis ceann de na córais bainistithe teorainneacha is forbartha ar domhan ó thaobh na teicneolaíochta de a dhearadh agus ní mór dúinn an tionscadal uaillmhianach seo a chur i gcrích in am.

Tá sé ríthábhachtach acmhainní agus oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme agus á fhorfheidhmiú acu chun a áirithiú go gcuirfear ár ngealltanais dhlíthiúla chun feidhme go héifeachtach sa chleachtas. Sa chomhthéacs sin, tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí an Aontais agus tá sé tábhachtach a áirithiú go mbaintear úsáid iomlán as a sainorduithe.

Ar deireadh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na moltaí a sainaithníodh i meastóireachtaí Schengen a chur chun feidhme go gasta agus go héifeachtach.

Le húinéireacht pholaitiúil mhéadaithe atá bunaithe ar idirphlé agus faireachán rialta, áiritheofar cur chun feidhme na dtosaíochtaí do limistéar Schengen. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach agus na bearta leantacha is gá a dhéanamh.

I ndáil leis sin, iarrann an Coimisiún ar Chomhairle Schengen i mí an Mheithimh tacú leis na príomhghnéithe de shamhail nua rialachais Schengen agus leis na tosaíochtaí le haghaidh 2022-2023 mar a leagtar amach sa tuarascáil seo iad. Beidh ról lárnach ag an gCoimisiún sa phróiseas sin ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon, agus tabharfaidh sé tuairisc ar an dul chun cinn a dhéanfar agus ar na gníomhaíochtaí leantacha ag deireadh an timthrialla bhliantúil.

(1)

Eorabharaiméadar Gheimhridh 2021/2022.

(2)

  https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/581383/EPRS_STU%282016%29581383_EN.pdf  

(3)

Tugtar aghaidh sa tuarascáil sin ar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar an gCoimisiún tuairisciú a chur ar fáil de bhun Airteagal 20 de Rialachán 1053/2013 ón gComhairle lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus de bhun Airteagal 33 de Chód Teorainneacha Schengen (Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha). Tá sé d’aidhm aici freisin foráil a dhéanamh maidir leis an nasc le tuarascála comhchosúil eile, ar tuarascála iad a rinneadh go dtí seo maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le staid Schengen, an Teachtaireacht Ar Ais chuig Schengen, na tuarascálacha rialta ar chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce, na tuarascálacha maidir le hImirce agus Tearmann, an tuarascáil maidir le Seiceálacha córasacha, an tuarascáil nó na tuarascálacha maidir le hIdir-inoibritheacht, tuarascáil ar dhul chun cinn an Aontais Slándála.

(4)

30 Samhain 2020.

(5)

17 Bealtaine 2021.

(6)

Bhunaigh an Coimisiún Fóram Schengen chun comhar frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach níos nithiúla a spreagadh lena ndírítear ar mhóiminteam polaitiúil a spreagadh tríd an méid a baineadh amach agus na constaicí a bhí ann a mheas agus tríd an mbealach chun cinn a leagan amach do Schengen.

(7)

Chuir an Coimisiún Baraiméadar Schengen i láthair ag an gcéad Chomhairle Schengen i mí an Mhárta 2022.

(8)

Is tionscnamh í Comhairle Schengen de chuid Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bunaíodh faoi chuimsiú na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i bhformáid an Choiste Mheasctha (i.e. ina mbíonn Tíortha Comhlachaithe Schengen, an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin rannpháirteach freisin) agus atá tiomanta do phlé a dhéanamh ar shaincheisteanna ardleibhéil polaitiúla a bhaineann le Schengen, agus na gníomhaithe ábhartha uile a thabhairt chuig an bplé, go háirithe na Gníomhaireachtaí.

(9)

Ón mbliain 2023 ar aghaidh, seolfar Timthriall Schengen i mí Feabhra nuair a ghlacfar an Tuarascáil ar Staid Schengen.

(10)

Is é eu-LISA an Ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bhainistíonn oibríochtaí chórais faisnéise mhórscála, a riarann cúrsaí a bhaineann le saoirse, ceartas agus slándáil.

(11)

Beartaítear go dtiocfaidh Córas Faisnéise Schengen (SIS) athnuaite i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2022 agus glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta beacht le haghaidh chur i bhfeidhm iomlán na Rialachán nua a luaithe a chomhlíonfar na ceanglais (Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2018/1862); Cuireadh siar teacht i bhfeidhm an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) go dtí mí na Samhna 2022. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) i mbun oibríochta i mí na Bealtaine 2023.

(12)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, COM(2021) 891, 14.12.2021.

(13)

Cumhdaítear leo Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta (COM/2021/780 final), Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát (COM/2021/782 final), agus an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú uathoibríoch sonraí le haghaidh comhar póilíneachta (COM/2021/784 final).

(14)

Rialachán (AE) 2017/458 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le hathneartú seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha ag teorainneacha seachtracha, IO L 74, 18.3.2017, lgh. 1–7.

(15)

C(2019) 7131 final, 8.10.2019.

(16)

Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624, IO L 295, 14.11.2019.

(17)

  Facilitation of Illegal Immigration | Europol (europa.eu)

(18)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022XC0304(10)&from=EN  

(19)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.

(20)

Tugann cosaint shealadach an ceart do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh cead cónaithe a fháil, rochtain a fháil ar chóiríocht oiriúnach, ar an margadh saothair, ar chúram leighis, ar leas sóisialta, ar oideachas agus ar dheiseanna do theaghlaigh teacht le chéile arís i gcásanna áirithe, gan dochar don cheart chun rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn.

(21)

Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce.

(22)

https://ec.europa.eu/home-affairs/10-point‑plan‑stronger-european‑coordination‑welcoming-people-fleeing-war-ukraine_ga  

(23)

Tá Comhoibríocht Terra 2022 eagraithe ag Frontex ar fud 12 Ballstát de chuid an Aontais agus cumhdaítear léi 62 pointe trasnaithe teorann. San iomlán, tugann breis is 450 oifigeach an bhuanchóir ó 28 tír de chuid an Aontais agus tíortha Schengen tacaíocht d’údaráis náisiúnta le bainistiú teorainneacha. Is é is aidhm don oibríocht rialú teorann ag teorainneacha talún an Aontais a neartú, cabhrú le tíortha coireacht trasteorann a chomhrac agus slándáil inmheánach an Aontais a neartú.

(24)

Moladh (AE) 2017/820 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2017 maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha agus le comhar póilíneachta i limistéar Schengen, C(2017) 3349, IO L 122, 13.5.2017, lgh. 79-83, agus Moladh (AE) 2017/1804 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha Chód Teorainneacha Schengen i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i limistéar Schengen a athbhunú ar bhonn sealadach a chur chun feidhme, C(2017) 6560, IO L 259, 7.10.2017, lgh. 25-27.

(25)

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a ghabhann le togra COM(2021) 891, reáchtáladh comhairliúchán le páirtithe leasmhara idir Samhain 2020 agus Feabhra 2021 agus cuimsíodh, go príomha, páirtithe leasmhara spriocdhírithe trí bhíthin Fóram Schengen agus ceardlanna téamacha arna roinnt de réir an ábhair agus na bpáirtithe leasmhara a bhí i gceist. Áiríodh ann Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, iompróirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

(26)

Baineann an breithiúnas le dlíthiúlacht faduithe ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha thar na teorainneacha ama a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen agus tugann sé soiléirithe tábhachtacha ina leith sin.

(27)

Féach pointe 69 de bhreithiúnas C-368/20.

(28)

COM(2020) 115 final.

(29)

Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin, 30.06.2020.

(30)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis na coinníollacha is gá a chomhlíonadh chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine sa Chróit.

(31)

Ní mór an Cinneadh seo a bheith glactha d’aontoil ag na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit a chuireann na forálacha ábhartha i bhfeidhm cheana féin agus ag na Ballstáit aontach freisin.

(32)

SUMMARY RECORD PERMANENT REPRESENTATIVES COMMITTEE [TAIFEAD ACHOMAIR COISTE NA mBUANIONADAITHE] 28 Feabhra, 2 agus 4 Márta 2022 https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7304-2022-INIT/en/pdf faoi phointe 26.

(33)

De réir mar a cheanglaítear leis na hIonstraimí Aontachais faoi seach, glacfaidh an Chomhairle a cinneadh, ag gníomhú di d’aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

(34)

Tuarascáil ar Fheidhmiú an tSásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an Chéad Chlár Meastóireachta Ilbhliantúil (2015-2019) (COM(2020) 779 final) agus an measúnú tionchair a rinneadh in ullmhúchán an Togra lena n‑athchóirítear sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen (SWD/2021/119 final).

(35)

Sa chéad timthriall meastóireachta, sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha i ndeich meastóireacht i dtrí réimse: bainistiú teorainneacha seachtracha (an Ghréig, an Íoslainn, an Spáinn agus an tSualainn); comhbheartas víosaí (an Fhionlainn agus an Ísiltír); Córas Faisnéise Schengen (an Bheilg, an Fhrainc, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe). Don tréimhse 2020-2021, shainaithin sí easnaimh thromchúiseacha sa réimse maidir le filleadh don Ghréig.

(36)

COM(2021) 891.

(37)

COM(2021) 890.

(38)

An 1 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a raibh sé d’aidhm aige tacú leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na bearta agus an tacaíocht oibríochtúil is gá chun bainistiú a dhéanamh ar bhealach ordúil agus díniteach ar theacht na ndaoine atá á n‑ ionstraimiú ag an mBealarúis, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

(39)

An Chomhshamhail le haghaidh Anailís Chomhtháite Riosca https://frontex.europa.eu/we-know/situational-awareness‑and‑monitoring/ciram/  

(40)

Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme.

(41)

Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl.

(42)

Féach Iarscríbhinn I a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2022, COM(2021) 645 an 19.10.2021.

(43)

Is creat atá sa Chóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) le haghaidh malartú faisnéise agus le haghaidh an comhair idir na Ballstáit agus Frontex chun feasacht ar dhálaí éagsúla a fheabhsú agus chun an acmhainn freagartha a mhéadú ag na teorainneacha seachtracha.

(44)

Is é an Croíchuraclam Coiteann d’Oiliúint Bhunúsach an Gharda Teorann agus Cósta san Aontas an t‑aon churaclam amháin lena mbunaítear na croíchaighdeáin foghlama maidir le leibhéal oibríochtúil gardála teorann i mBallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá an Coimisiún agus Frontex tar éis na Ballstáit a spreagadh ar bhonn leanúnach chun leas a bhaint as.

(45)

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(46)

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(47)

Ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain maidir le comhlíonadh leanúnach na gceanglas díolúine víosa ag na tíortha sin a bhfuair a náisiúnaigh rochtain gan víosa níos lú ná seacht mbliana ó shin, tar éis dialóg rathúil maidir le léirscaoileadh víosaí a bheith déanta (Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Seirbia, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive, an Úcráin). An 4 Lúnasa 2021 glacadh an ceathrú tuarascáil maidir leis an sásra Fionraíochta Víosaí (COM(2021) 602).

(48)

EU 2022/366.

(49)

C(2022) 724 final.

(50)

Beidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis ‘an comhar póilíneachta’, lena n‑áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (Airteagal 87 CFAE).

(51)

Is éard a chiallaíonn an Pointe Teagmhála Aonair (SPOC) an comhlacht lárnach náisiúnta atá freagrach as comhar póilíneachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme.

(52)

Airteagail 39 go 47 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a Chur Chun Feidhme.

(53)

Airteagal 39(5) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme.

(54)

Cumhdaítear leo Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta (COM/2021/780 final), Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát (COM/2021/782 final), agus an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú uathoibríoch sonraí le haghaidh comhar póilíneachta (COM/2021/784 final).

(55)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32004L0082&from=EN  

(56)

Ciallaíonn ‘foláireamh’ tacar sonraí a chuirtear isteach i gCóras Faisnéise Schengen a ligeann do na húdaráis inniúla duine nó ábhar a shainaithint d’fhonn gníomhaíocht shonrach a dhéanamh.

(57)

Is méadú é sin beagnach 20 milliún foláireamh breise i gcomparáid le sonraí ó cheithre bliana ó shin (71 milliún faoi mhí na Nollag 2016).

(58)

Ciallaíonn ‘amas’ aon mheaitseáil a chomhlíonann na critéir seo a leanas: (a) bhí an t‑amas a dhearbhaithe: (i) ag an úsáideoir deiridh; nó (ii) ag an údarás inniúil i gcás inár bunaíodh an mheaitseáil lena mbaineann ar chomparáid idir na sonraí bithmhéadracha, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta; agus (b) go n‑iarradh gníomhaíochtaí breise.

(59)

Rinneadh 6.6 billiún cuardach in SIS in 2019 agus 7.0 mbilliún cuardach in 2021.

(60)

Rialachán (AE) 2016/679, IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(61)

Treoir (AE) 2016/680, IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.