An Bhruiséil,18.5.2022

COM(2022) 236 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais - plean gníomhaíochta


















1.Réamhrá

Le roinnt míonna anuas, tháinig ardú ar phraghsanna leictreachais san Eoraip go leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bhí ann le blianta beaga anuas. Tá an dinimic sin nasctha go dlúth leis an bpraghas ard atá ar ghás, rud a mhéadaíonn praghas an leictreachais a tháirgtear ó ghléasraí cumhachta gásadhainte, gléasraí a mbíonn gá leo go minic chun an t‑éileamh a shásamh. Thosaigh praghsanna ag ardú go tapa an samhradh seo caite nuair a d’fheabhsaigh an geilleagar domhanda tar éis maolú a theacht ar shrianta COVID-19. Ina dhiaidh sin, rinne ionradh na Rúise ar an Úcráin an staid sin níos measa.

Is tráchtearra fíor-riachtanach é an fuinneamh do theaghlaigh agus don tionscal. Tá freagairt shoiléir bheartais ag teastáil chuige sin. An tráth céanna, léiríonn an ghéarchéim atá ann faoi láthair a thábhachtaí atá sé uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe an spleáchas ar allmhairí gáis. Ní mór d’aon bheart leanúint d’aird a thabhairt ar chuspóir fadtéarmach na haeráidneodrachta agus éifeachtaí gaibhnithe a sheachaint.

Is féidir éifeachtaí suntasacha diúltacha, sóisialta, dáileacháin agus fostaíochta a bheith ag praghsanna arda gáis agus leictreachais. Bíonn teaghlaigh leochaileacha ar ioncam íseal thíos go mór leis nuair a bhíonn tionchar diúltach ag praghsanna gáis agus leictreachais araon ar bhuiséid na dteaghlach.

Dearadh an Bosca Uirlisí a chuir an Coimisiún i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021 chun cur chuige comhordaithe a cheadú chun iad siúd is mó atá i mbaol a chosaint agus chun bearta meántéarmacha a leagan amach le haghaidh córas fuinnimh dícharbónaithe athléimneach. 1

An 8 Márta 2022, leagadh amach sa Teachtaireacht REPowerEU 2 sraith beart chun an Bosca Uirlisí a neartú chun freagairt do phraghsanna fuinnimh atá ag ardú. Gheall an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar gach beart éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeacht ghabhála praghsanna gáis ar phraghsanna leictreachais a theorannú agus measúnú a dhéanamh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú.

Meabhraigh ionradh na Rúise ar an Úcráin go láidir na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag spleáchas straitéiseach na hEorpa ar allmhairí breoslaí iontaise (gás, ola agus gual) ó thríú tíortha ar mhargaí fuinnimh an Aontais agus ar chinnteacht an tsoláthair. Agus na teachtaireachtaí ón gCoimisiún mar bhunús leis, chomhaontaigh ceannairí an Aontais in Versailles an 10-11 Márta deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas na hEorpa ar allmhairí fuinnimh na Rúise, agus é sin a dhéanamh a luaithe is féidir, agus d’iarr siad ar an gCoimisiún plean a chur chun cinn faoi dheireadh mhí an Mhárta chun cinnteacht an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú le linn an chéad séasúir geimhridh eile.

An 23 Márta chuir an Coimisiún Teachtaireacht faoi bhráid na Comhairle Eorpaí agus na ninstitiúidí Eorpacha eile maidir le roghanna éigeandála gearrthéarmacha chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh 3 . An 24-25 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach de chúram ar an gCoimisiún teagmháil a dhéanamh go práinneach le páirtithe leasmhara fuinnimh, agus a phlé an gcuideodh na roghanna gearrthéarmacha arna leagan amach ag an gCoimisiún le praghas an gháis a laghdú agus le haghaidh a thabhairt ar a éifeacht ghabhála ar mhargaí leictreachais agus an chaoi a gcuideoidís a phlé. Thairis sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún ‘tograí a chur isteach lena dtugtar aghaidh go héifeachtach ar fhadhb na bpraghsanna iomarcacha leictreachais agus, ag an am céanna, sláine an Mhargaidh Aonair agus a chothrom iomaíochta a chaomhnú, dreasachtaí a choinneáil ar bun le haghaidh an aistrithe ghlais, slándáil an tsoláthair a chaomhnú agus costais dhíréireacha bhuiséadacha a sheachaint.

Is é is aidhm don Teachtaireacht sin:

·Bearta gearrthéarmacha breise a mholadh a rachadh níos faide ná an bosca uirlisí is féidir leis an Aontas nó na Ballstáit a dhéanamh in earnálacha an gháis agus an leictreachais chun dul i ngleic go héifeachtach leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar thomhaltóirí agus ar chuideachtaí.

·Bearta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint má tharlaíonn briseadh i soláthar ghás na Rúise.

·Bealach a leagan amach chun feidhmiú mhargadh leictreachais na hEorpa a bharrfheabhsú ionas go mbeidh sé níos ábalta ar luaineacht praghsanna a sheasamh amach anseo agus oiriúnach don chóras fuinnimh dícharbónaithe a bheidh ann amach anseo, le sciar méadaitheach d’fhoinsí inathnuaite i dtáirgeadh leictreachais.

2.Ionchais an Mhargaidh

Bhain praghsanna gáis agus leictreachais na leibhéil is airde riamh amach in 2021 agus chonacthas na praghsanna is airde riamh tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin sna chéad seachtainí de mhí an Mhárta 2022. Bhí praghsanna gáis, a bhí go stairiúil faoi bhun EUR 30/MWh, thart ar EUR 100/MWh le déanaí, agus ó am go chéile bhain siad buaicphointe níos mó ná EUR 200/MWh amach 4 . Dá bhrí sin, tháinig méadú suntasach freisin ar phraghsanna mórdhíola leictreachais le linn na tréimhse céanna, toisc gur minic an praghas i margaí cumhachta an Aontais a bheith á spreagadh ag gléasraí cumhachta gásadhainte. Mar shampla, bhí praghsanna cumhachta na Gearmáine, a bhí faoi bhun EUR 75/MWh go stairiúil, ar an meán thart ar EUR 180/MWh i mbliana go dtí seo, agus ó am go chéile bhí níos mó ná EUR 400/MWh orthu.

Tá gníomhaithe an mhargaidh ag súil 5 go bhfanfaidh na praghsanna fuinnimh ard don chuid eile de 2022 agus go dtí 2024-2025, ach ar bhonn níos lú. Meastar faoi láthair go mbeidh praghsanna gáis thart ar EUR 100/MWh go dtí deireadh an gheimhridh seo chugainn agus go bhfanfaidh siad go mór os cionn an mheáin fhadtéarmaigh i gcomhair na todhchaí is intuartha, agus go dtiocfaidh athrú dá réir ar phraghsanna leictreachais. Cuirtear san áirithe sa réamhaisnéis sin an éiginnteacht sa mhargadh i ngeall ar an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus an cogadh san Úcráin. D’fhéadfadh leibhéil níos airde fós i bpraghsanna gáis a bheith mar thoradh ar bhriseadh breise i soláthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas sna seachtainí nó sna míonna amach romhainn.

Sa ghearrthéarma, beidh coigeartuithe ar choinníollacha éilimh agus soláthair agus luaineacht praghsanna mar thoradh ar dheireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar allmhairí ghás nádúrtha na Rúise. Leanfaidh leibhéil na bpraghsanna de bheith ard le brú aníos mar thoradh ar éagsúlú. An tráth céanna, ba cheart don fhorbairt luathaithe ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus do bhearta suntasacha coigiltí fuinnimh/freagairt ar an éileamh mar a chuirtear i láthair sa phlean REPowerEU a bheith ina gcuidiú chun maolú ar na héifeachtaí sin agus rannchuidiú le praghsanna leictreachais a ísliú sa mheántéarma.

 Foinse: conarthaí lá roimh ré agus conarthaí réamhcheaptha ar phraghsanna TTF– S&P Global Platts

3.BeartaIdirghabhála Gearrthéarmacha

Mar thoradh ar shainordú Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 6 , rinne an Coimisiún for-rochtain spriocdhírithe agus bhailigh sé tuairimí ó raon leathan páirtithe leasmhara fuinnimh maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

Go háirithe, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara an 26 Aibreán ina raibh gníomhaithe margaidh, eagraíochtaí neamhrialtasacha, oibreoirí líonraí, an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus rialtóirí náisiúnta, meithleacha machnaimh agus acadóirí rannpháirteach (féach an iarscríbhinn le haghaidh sonraí). Cuireadh i dtábhacht sa chomhairliúchán go bhfuil cóineasú mór ann maidir le príomhphointí.

Ar an gcéad dul síos, tacaíodh le bearta sealadacha gearrthéarmacha a dhearadh chun iarmhairtí neamhbheartaithe ar chinnteacht an tsoláthair, ar dhícharbónú agus ar shláine mhargadh fuinnimh na hEorpa a sheachaint. Chuir na páirtithe leasmhara in iúl gurbh fhearr leo go mór an úsáid ba leithne is féidir a bhaint as an mBosca Uirlisí, agus béim ar leith á leagan ar bhearta a dhírítear go díreach ar thomhaltóirí teaghlaigh agus ar ghnólachtaí.

Ar an dara dul síos, léirigh an teagmháil leis na páirtithe leasmhara go raibh imní ann faoin mbaol go mbeadh saobhadh suntasach ann arna eascairt as idirghabhálacha a dhéanann difear go díreach d’fheidhmiú an mhargaidh mórdhíola. Measann páirtithe leasmhara fuinnimh go n‑áirithítear leis an bpraghasmhúnlú atá ann faoi láthair go mbaintear úsáid éifeachtúil as acmhainní, ag tosú leis an nglúin is saoire agus is lú truailliú, rud a éiríonn níos tábhachtaí de réir mar a éiríonn acmhainní gann.

Bhí imní ar na páirtithe leasmhara freisin go bhféadfadh sé go méadódh idirghabhálacha maidir le praghasmhúnlú an t‑éileamh ar ghás san Aontas, rud a bhainfeadh an bonn de chuspóirí an aistrithe fuinnimh agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a chuirfeadh cinnteacht soláthair an Aontais i mbaol. Le hidirghabhálacha gearrthéarmacha maidir le praghsanna, d’fhéadfaí deireadh a chur le spéis rannpháirtithe sa mhargadh fálú a dhéanamh in aghaidh an riosca go mbeadh praghsanna arda ann amach anseo.

Tá margaí fuinnimh na hEorpa anchomhtháite. Braitheann na Ballstáit ar na margaí idirnasctha dea-fheidhmiúla sin chun cinnteacht a soláthair a áirithiú agus chun costas foriomlán an chórais a laghdú. Mheas ACER gur thart ar EUR 34 bhilliún in aghaidh na bliana an meánghnóthachan bliantúil ón margadh leictreachais comhtháite do thomhaltóirí na hEorpa. 7 Tá tábhacht ar leith ag baint leis na gnóthachain leasa shóisialaigh sin le linn géarchéime toisc go neascraíonn coigiltí móra astu le haghaidh tomhaltóirí. De réir ACER, is ionann breis agus aon trian de na sochair iomlána a baineadh as trádáil trasteorann leictreachais san Eoraip in 2021 agus ráithe dheiridh 2021, tráth a raibh praghsanna leictreachais ar an leibhéal ab airde.

Chuir na páirtithe leasmhara i dtábhacht maidir le haon idirghabháil sna margaí fuinnimh nach mór chun croílár an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, eadhon leithdháileadh éifeachtúil acmhainní agus cinnteacht an tsoláthair tríd an trádáil agus an dlúthpháirtíocht. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí idirghabhálacha margaidh a bhaineann le praghsanna sa mhargadh mórdhíola a mheas d’ainneoin na míbhuntáistí suntasacha a bhaineann leo, agus an creat reachtach atá ann faoi láthair á fhágáil ar leataobh, chuir na páirtithe leasmhara in iúl gurbh fhearr leo idirghabháil a dhéanamh sna margaí gáis seachas sna margaí leictreachais. Aon uair a rinne siad idirghabhálacha den sórt sin a mheas, chuir na páirtithe leasmhara i dtábhacht go láidir go mbeadh sé tábhachtach measúnú cúramach a dhéanamh ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar an soláthar gáis chuig an Aontas, i ngeall ar nádúr domhanda an mhargaidh, go háirithe na margaí GNL, agus teorainneacha soiléire ama a chur in iúl maidir leis na hidirghabhálacha sin a dhearadh mar bhearta sealadacha. Sa tuarascáil chríochnaitheach uaidh 8 , a foilsíodh an 29 Aibreán 2022, breathnaíonn ACER ar bhearta eisceachtúla éagsúla freisin atá beartaithe i gcomhthéacs na staide éigeandála atá ann faoi láthair chomh maith le bearta struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann chun tomhaltóirí leictreachais a fhálú in aghaidh tréimhsí fada a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ina mbeadh praghsanna arda fuinnimh agus tugann sé rabhadh i gcoinne éifeachtaí saofa na nidirghabhálacha díreacha sa mhargadh mórdhíola i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair.

Tá éagsúlachtaí móra idir earnálacha leictreachais agus gáis na mBallstát bunaithe ar a staid eacnamaíoch, ar a struchtúr costais agus ar an margadh fuinnimh, ar an meascán giniúna agus ar na leibhéil idirnaisc chomh maith leis an suíomh geografach a bhfuil brí bhreise leis de dheasca chogadh na Rúise san Úcráin. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir leis na straitéisí is iomchuí chun freagairt ar ghéarchéim agus ní mór na cásanna náisiúnta agus áitiúla éagsúla a chur san áireamh.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit leanúint de bhearta an Bhosca Uirlisí a chur chun feidhme, ós rud é gurb iad na bearta sin an chéad líne ghníomhaíochta agus thacaíochta, agus an ceann is bunúsaí, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim ar leibhéal na dtomhaltóirí is mó a ndearna an ghéarchéim difear dóibh cheana. I gcomhréir leis na bearta a chuirtear i láthair sa Bhosca Uirlisí, d’fhéadfadh na Ballstáit, sa mhéid is nach ndearna siad sin cheana, bearta cúitimh atá teoranta ó thaobh ama de agus tacaíocht dhíreach d’úsáideoirí deiridh atá bocht ó thaobh fuinnimh de a sholáthar, lena náirítear grúpaí atá i mbaol. Bheadh éifeacht shoiléir ag laghduithe ar éileamh leictreachais freisin ar phraghsanna a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit laghduithe ar éileamh a dhreasú i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a mholtar sa Phlean de chuid an Aontais ‘Spáráil Fuinneamh’. 9 Is féidir le PPAnna fadtéarmacha a bheith ríthábhachtach chun praghsanna cobhsaí a áirithiú le haghaidh catagóirí áirithe tomhaltóirí.

Chomh maith le bearta an Bhosca Uirlisí, a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu, molann an Coimisiún thíos idirghabhálacha gearrthéarmacha breise sna margaí gáis agus leictreachais. Is féidir na bearta breise sealadacha sin uile a leathnú chun an chéad séasúr téimh eile a chumhdach.

a)Idirghabhálacha sa Mhargadh Gáis chun aghaidh a thabhairt ar Chúis na Géarchéime

Is iad na praghsanna arda gáis i ngeall ar an méadú ar an éileamh tar éis COVID-19 agus an éiginnteacht atá ann mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin is bunchúis leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Mar gheall ar an ról tábhachtach atá fós ag gás sa lá atá inniu ann maidir le giniúint cumhachta, beidh aimsiú bealaí nua chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda gáis ina chabhair freisin, dá bhrí sin, le haghaidh a thabhairt ar ar thit amach sna margaí leictreachais agus ar na himpleachtaí sóisialta agus fostaíochta a bhaineann leis chomh maith. Beidh tionchar mór ag méadú ar an soláthar ó laistigh agus lasmuigh den Aontas araon ina leith sin.

Chuir an Coimisiún agus na Ballstáit Ardán Fuinnimh an Aontais ar bun le déanaí a chuideoidh le soláthar fuinnimh a dhaingniú ar phraghsanna cothroma agus spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise a laghdú – agus deireadh a chur leis de réir a chéile ar deireadh thiar. Déanfaidh an tArdán éileamh ar ghás a chomhiomlánú san Aontas ar bhonn deonach chun soláthairtí iontaofa a mhealladh ó mhargaí domhanda agus chun maolú ar éifeachtaí ar phraghsanna. Beidh ról lárnach aige freisin chun leibhéal leordhóthanach stórála gáis a áirithiú. An tráth céanna, caithfidh sé iomaíocht a sheachaint idir na Ballstáit le haghaidh na soláthairtí céanna trína áirithiú go gcuirfidh tríú tíortha na coinníollacha céanna i bhfeidhm ar Bhallstáit éagsúla.

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na bpraghsanna arda ar thomhaltóirí, is féidir leis na Ballstáit, faoi láthair, síneadh a chur le rialú praghsanna miondíola ar ghás nádúrtha. Bíonn sé sin ábhartha go háirithe nuair a bhíonn ról ar leith ag gás i dtéamh agus i mbunábhar tionsclaíoch 10 . Níor mhór na méideanna a chumhdaítear le taraifí den sórt sin a theorannú ionas nach sárófaí toirt an tomhaltais gáis a bhí ag na tomhaltóirí lena mbaineann roimhe sin.

Cuidíonn bearta tacaíochta leachtachta éigeandála le faoiseamh a sholáthar do thrádálaithe tráchtearraí agus do chuideachtaí fuinnimh a mbíonn aghaidh á tabhairt acu faoi láthair ar ghlaonna arda ar éarlais ar a bpunann díorthach mar thoradh ar luaineacht mhór sa mhargadh. Má tá Státchabhair iontu, ní mór na hidirghabhálacha sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do na forálacha ar leith. Ní mór dóibh a bheith teoranta, comhréireach agus trédhearcach agus ní mór díriú orthu chun saobhadh iomarcach a sheachaint. Is féidir leis na Ballstáit an Creat Sealadach Géarchéime um Státchabhair a úsáid le haghaidh na mbeart spriocdhírithe atá acu. Ar deireadh, níor cheart do na bearta sin an bonn a bhaint den chóras smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis.

Is minic a fheictear luaineacht mhór sa trádáil i rith an lae ar na malartuithe gáis Eorpacha (e.g. TTF). Chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí saofa a d’fhéadfadh a bheith ar phraghasmhúnlú mar gheall ar aistrithe amhantracha a d’fhéadfadh a bheith ann, is féidir breathnú an athuair ar na teorainneacha a chuirtear i bhfeidhm ar an luaineacht ghearrthéarmach sin ina rialacha trádála inmheánaí.

b)Ullmhú i gcomhair Briseadh Iomlán i Soláthairtí Gáis na Rúise

Cé go raibh na hidirghabhálacha roimhe seo calabraithe chun aghaidh a thabhairt ar chás ina mbeadh praghsanna arda leanúnacha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sraith eile beart i gcás ina mbeadh mórbhriseadh tobann nó briseadh iomlán tobann i soláthairtí ghás na Rúise.

Chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh cinnteachta soláthair, tá ionstraimí i bhfeidhm ag an Aontas, amhail na sásraí náisiúnta dlúthpháirtíochta agus na pleananna éigeandála a forbraíodh faoin Rialachán maidir le Cinnteacht an tSoláthair, le bearta náisiúnta agus réigiúnacha araon, comhar neartaithe réigiúnach maidir le cinnteacht an tsoláthair agus na malartuithe rialta idir na Ballstáit agus an Coimisiún sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis. Tá na comhaontuithe dlúthpháirtíochta agus an sásra dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa Rialachán mar chuid de na rialacha atá ann cheana maidir le cinnteacht an tsoláthair freisin.

Mar sin féin, tá sé i gceist na sásraí dlúthpháirtíochta sin a chur i ngníomh i gcás éigeandáil náisiúnta cinnteachta soláthair. I gcás briseadh breise sa ghás a dhéanfadh difear do roinnt Ballstát an tráth céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta breise. D’fhéadfaí na huirlisí atá ann cheana a chomhlánú ar bhealach úsáideach le cur chuige comhordaithe chun tomhaltóirí riachtanacha nach bhfuil cosaint acu cheana féin faoin gcreat dlíthiúil agus na pleananna éigeandála atá ann faoi láthair a shainaithint. Molann an Coimisiún prionsabail choiteanna a bhunú i ndáil leis sin chun ullmhú do bhriseadh níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nach mbeadh na margaí gáis ábalta ar fhreastal ar an mbealach is fearr ar an soláthar agus ar an éileamh a thuilleadh agus ina bhféadfaí cuid den éileamh fíor-thábhachtach a fhágáil gan chomhlíonadh 11 . D’fhéadfadh sé go néileofaí leis sin laghdú ar an éileamh ar ghás fiú amháin sna Ballstáit nach mbeadh an tionchar díreach céanna orthu chun an soláthar d’fheidhmeanna riachtanacha nó d’earnálacha riachtanacha a áirithiú i mBallstáit a mbeadh tionchar níos dírí orthu. Níor mhór measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bheadh gá le hathruithe reachtacha chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit dlús a chur le glacadh na mbeart ullmhachta le haghaidh briseadh féideartha i soláthar ghás na Rúise.

D’fhéadfadh idirghabháil den sórt sin tús a chur leis an ngá le praghas riaracháin ar ghás a bhunú go comhuaineach, amhail praghas rialáilte uasta ar ghás nádúrtha a sheachadtar chuig tomhaltóirí agus cuideachtaí Eorpacha (caidhp phraghais AE) chun tréimhse éigeandála dearbhaithe de chuid an Aontais a chumhdach 12 . Bheadh an cineál sin idirghabhála maidir le praghsanna teoranta d’fhad na staide éigeandála ar fud an Aontais. Féidearthacht amháin is ea teorainn a chur le praghasmhúnlú le linn an bhriste sin trí chaidhp a chur ar an bpraghas ar mhalartuithe gáis Eorpacha, ach is féidir, i gcoitinne, caidhp den sórt sin a thabhairt isteach ar bhealaí éagsúla agus d’fhéadfaí idirghabháil a dhéanamh léi ar leibhéil éagsúla den slabhra luacha gáis.

Bheadh sé de bhuntáiste ag caidhp phraghais mar sin de chuid an Aontais i gcás mórbhriste teorainn a chur leis na héifeachtaí díobhálacha ar phraghsanna a bhainfeadh leis an mbriseadh le haghaidh tomhaltóirí, cuideachtaí agus soláthraithe seirbhísí bunriachtanacha ar leibhéil réamhbhunaithe. Níor mhór a áirithiú, áfach, nach mbainfeadh caidhp phraghais den sórt sin arna tabhairt isteach de chumas an Aontais soláthairtí píblíne agus GNL a mhealladh ó sholáthraithe malartacha, rud a bheadh ríthábhachtach i gcás mar sin toisc go dtiocfadh tuilleadh claochlaithe ar staid an ghanntanais mar thoradh ar aon laghdú nó teorannú ar bhealaí eile soláthair i gcás éigeandála. Le caidhp den sórt sin, chuirfí teorainn uathoibríoch freisin leis an bhféidearthacht go mbeadh laghduithe praghasbhunaithe ar an éileamh ar ghás, rud a d’imreodh tionchar diúltach ar an gcothromaíocht idir soláthar agus éileamh. Dá ndéanfaí iad a chúiteamh agus mura mbeadh ciorrú mór ag gabháil léi, d’fhéadfadh sé gur ghá méideanna suntasacha a mhaoiniú mar gheall ar an gcineál sin idirghabhála.

c)Idirghabhálacha sa Mhargadh Leictreachais

Cé go ndearnadh leis na bearta roimhe seo idirghabháil sa mhargadh gáis mar bhunchúis le fadhb na bpraghsanna arda, tá bearta breise ann freisin is féidir a chur i bhfeidhm ar an margadh mórdhíola leictreachais, agus comhthéacsanna náisiúnta agus áitiúla á gcur san áireamh:

·Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ‘Cinnteacht an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne fuinnimh: Roghanna maidir le bearta láithreacha agus ullmhúchán a dhéanamh don gheimhreadh seo chugainn’, measann an Coimisiún gur féidir bonn cirt a bheith le bearta cánachais nó rialála arb é is aidhm dóibh cíosanna fo-imeallacha gineadóirí leictreachais bonnualaigh áirithe a eascraíonn as an ngéarchéim atá ann faoi láthair a bhaint. Is féidir le hioncam cuidiú le maoiniú a dhéanamh ar bhearta spriocdhírithe sealadacha a thacaíonn le teaghlaigh leochaileacha, go háirithe iad siúd atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh, agus gnólachtaí. Ba cheart na bearta sin a bheith neamhidirdhealaitheach agus deartha i gcomhréir leis an treoir a thugtar in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Teachtaireacht REPowerEU. Mar sin féin, i bhfianaise ionchas na bpraghsanna leictreachais sna míonna atá romhainn, agus an ghá atá le bearta faoisimh do thomhaltóirí a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse níos faide, measann an Coimisiún gur féidir síneadh a chur leis na bearta sin go dtí tar éis an 30 Meitheamh 2022 chun an chéad séasúr téimh eile a chumhdach.

·Ar an dara dul síos, sa bhreis ar na bearta a leagtar amach cheana in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Teachtaireacht REPowerEU atá fós infheidhme, tá sé inghlactha síneadh sealadach a chur le praghsanna miondíola rialáilte chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a chumhdach freisin. Ba ghá teorainn a bheith leis an síneadh sin i dtéarmaí na gcainníochtaí a chumhdaítear ionas nach spreagfaí méadú ar thomhaltas.  

·Ar an tríú dul síos, déanann roinnt Ballstát bearta náisiúnta sealadacha a mheas chun costas an gháis a úsáidtear chun cumhacht a ghiniúint a fhóirdheonú (e.g. praghas tagartha a thabhairt isteach ar ghás a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh) d’fhonn praghsanna ar an margadh leictreachais a ísliú. Ba cheart na bearta sin a dhearadh ar bhealach a bheadh i gcomhréir le Conarthaí an Aontais, go háirithe maidir leis an easpa srianta ar onnmhairí trasteorann, le reachtaíocht earnála agus le rialacha maidir le Státchabhair agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith lena bhformheas. Tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist leis na bearta sin, ag brath ar a ndearadh. Ba cheart na bearta sin a theorannú go docht ó thaobh ama de agus ba cheart iad a chur in oiriúint do réigiúin ina bhfuil toilleadh idirnaisc anteoranta, tionchar mór ag gás ar shocrú praghsanna agus tomhaltóirí atá neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna mórdhíola leictreachais. Chomh maith leis sin, ba cheart a sheachaint leis na bearta pionós a ghearradh ar rannpháirtithe sa mhargadh a d’áirithigh a gcuid leictreachais le conarthaí réamhcheaptha. Iarrtar ar na Ballstáit a chinneann bearta den sórt sin a thabhairt isteach dul i gcomhairle, inter alia, leis na comharsana agus leis na páirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh agus an tomhaltas breise gáis agus an méadú ar astaíochtaí CO2 a eascraíonn as an idirghabháil a chinneadh agus faireachán a dhéanamh orthu.

·Ar deireadh, d’fhéadfadh méadú mór ar chíosanna ó phlódú a bheith ann mar thoradh ar an méadú ar na sreafaí trádála ar fud na gcriosanna tairisceana mar gheall ar na difríochtaí i bpraghsanna idir na criosanna sin a bhaineann leis an ngéarchéim. Ní mór na hioncaim sin ó phlódú, mar a thugtar orthu, a úsáid mar thosaíocht chun an acmhainn líonra a áirithiú. Is féidir na hioncaim sin a úsáid go heisceachtúil i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta éigeandála atá dírithe ar thomhaltóirí, go háirithe teaghlaigh leochaileacha agus iad siúd atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus gnólachtaí, faoi rialú na núdarás rialála.

Ina theannta sin, chun dlús a chur le húsáid na freagartha ar éileamh a mhéid is féidir, molann an Coimisiún an Treoir maidir le Leictreachas a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras, go háirithe na forálacha lena dtacaítear le tomhaltóirí gníomhacha agus leis an bhfreagairt ar éileamh. Tá tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún le plé leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go comhchoiteann ar na dúshláin a bhaineann leis an bpróiseas cur chun feidhme sin.

4.Dearadh Margaidh Leictreachais atá slán i bhfad na haimsire

a.Na Conclúidí ón gComhairle Eorpach agus Tuarascáil ACER

D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún aon tionscnamh is gá a chur chun cinn i dtaca le dearadh an mhargaidh leictreachais, agus an tuarascáil deiridh ó ACER 13 , a foilsíodh an 29 Aibreán 2022, á cur san áireamh.

Is é tátal thuarascáil ACER go bhfuil buntáistí móra ag baint le prionsabail bhunúsacha an mhaoinithe a rinneadh ar dhearadh mhargadh leictreachais na hEorpa do thomhaltóirí Eorpacha agus iarrtar ar na Ballstáit aon rialachán agus riail a bhaineann leis an margadh agus atá ar feitheamh a chur chun feidhme go pras. An tráth céanna, léirítear sa tuarascáil roinnt bealaí inar féidir dearadh an mhargaidh atá ann faoi láthair a chomhlánú agus a fheabhsú ionas go mbeidh sé slán i bhfad na haimsire agus oiriúnach le haghaidh meascán leictreachais atá dícharbónaithe ina iomláine.

Aithníonn ACER sraith dúshlán atá romhainn, go háirithe an gá le dlús a chur le hinfheistíochtaí i nginiúint in‑athnuaite, chun soláthar íseal carbóin agus freagairt ar éileamh a áirithiú i gcás nach mbeidh fáil ar tháirgeadh in‑athnuaite athraitheach, chun dul i ngleic le luaineacht praghsanna atá ag dul i méid agus chun solúbthacht an chórais cumhachta a fheabhsú.

Mar fhreagairt ar na dúshláin sin, shainaithin ACER roinnt roghanna. Ar an gcéad dul síos, chuideodh margaí iomaíocha fadtéarmacha le ‘hurraíocht’ in aghaidh rioscaí. Mar sin féin, tá an leachtacht atá acu faoi láthair i bhformhór na margaí íseal (is beag tairiscint atá acu ar cheannach nó díol), agus tá na táirgí a thairgtear teoranta (suas le 2 bhliain go 3 bliana chun cinn i roinnt margaí seachas i gcás comhaontuithe ceannaigh cumhachta inathnuaite). Ar an dara dul síos, is féidir le huirlisí eile rannchuidiú leis na hinfheistíochtaí is gá a chinntiú, amhail scéimeanna tacaíochta d’fhoinsí inathnuaite nó acmhainní solúbtha eile, lena náirítear freagairt ar éileamh agus stóráil. D’fhéadfaí comhaontuithe ceannaigh cumhachta tráchtála a chur chun cinn agus a éascú, trína noscailt do ghníomhaithe beaga thar chuideachtaí atá comhtháite go hingearach, trí chonarthaí trasteorann a chumasú agus trí scéimeanna Státchabhrach a dhearadh, i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair i gcás inarb infheidhme, chun go rachadh ráthaíochtaí airgeadais 14 i ngleic le riosca contrapháirtí 15 . D’fhéadfaí na hionstraimí tacaíochta poiblí agus tráchtála sin a chomhcheangal. Ar an tríú dul síos, thacódh comhordú feabhsaithe maidir le cinntí infheistíochta, lena náirítear infheistíocht thar theorainneacha idir na Ballstáit, leis an Aontas chun a spriocanna a bhaint amach. Is rogha ‘gan aiféala’ é comhtháthú margaidh a dhoimhniú (ar fud na margaí leictreachais go léir) chun comhordú ar leibhéal an Aontais a neartú a thuilleadh agus chun níos mó tairbhí a bhaint amach.

b.Leasuithe ar an Margadh a d’fhéadfadh a bheith ann

Bunaithe ar chonclúidí thuarascáil ACER agus ar a mhalartuithe le páirtithe leasmhara, shainaithin an Coimisiún sraith saincheisteanna ar cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu d’fhonn a fháil amach an bhfuil gá le haon chéim reachtach nó treoir riachtanach ag na Ballstáit chun feidhmiú dhearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú. Baineann na saincheisteanna le ceisteanna amhail an méid seo a leanas:

·conas tomhaltóirí deiridh a chosaint agus leictreachas inacmhainne a sholáthar sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon;

·conas athléimneacht an mhargaidh leictreachais agus an chórais leictreachais a áirithiú, go háirithe chun déileáil le méideanna arda foinsí inathnuaite fuinnimh malartacha agus struchtúr táirgthe níos díláraithe; agus

·conas tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach.

Thabharfaí aghaidh ar na réimsí seo a leanas sa phróiseas sin.

Leictreachas mar cheart bunúsach ag tomhaltóirí leochaileacha

Aithnítear i reachtaíocht an Aontais 16 gur seirbhísí riachtanacha iad téamh, fuarú agus soilsiú leordhóthanach, agus fuinneamh chun fearais a chumhachtú. Áirítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta 17 fuinneamh i measc na seirbhísí riachtanacha a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu. Agus praghsanna fuinnimh ar leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo, is dócha go dtiocfaidh méadú ar líon na saoránach a bhfuil bochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu, agus féadfaidh iad siúd nach naicmítear mar dhaoine i mbochtaineacht fuinnimh fiú caighdeáin mhaireachtála níos ísle a bheith acu.

Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Praghsanna Fuinnimh i mí Dheireadh Fómhair, bhunaigh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe maidir le Tomhaltóirí Leochaileacha agus Daoine i mBochtaineacht Fuinnimh, áit ar mhalartaigh na Ballstáit dea-chleachtas cheana féin maidir le conas tacú le tomhaltóirí agus conas iad a chosaint sna cúinsí atá ann faoi láthair. D’fhéadfaí a áireamh i ndearadh an mhargaidh leictreachais bealaí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach ar an bhfuinneamh atá de dhíth air, lena n‑áirítear a áirithiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí áirithe ar íosleibhéal éilimh ar leictreachas ar phraghas réasúnta, gan beann ar an staid sna margaí leictreachais.

Tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna arda agus ar luaineacht iomarcach

Bealach amháin chun maolú ar an mbaol go dtiocfaidh méaduithe ar phraghsanna cumhachta amach anseo is ea fálú a dhéanamh. Is é an bealach is simplí le fálú a dhéanamh teacht ar chomhaontú soláthair ar phraghas seasta. Tá margaí seanbhunaithe ar fud an Aontais inar féidir leictreachas a thrádáil lena sheachadadh ar ball. Mar sin féin, tá leachtacht in easnamh ar roinnt de na margaí sin, eadhon i gcás conarthaí ina bhfuil dáta níos faide anonn, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hidirghabhálacha rialála chun leachtacht a fheabhsú sna réamh‑mhargaí cumhachta.

Léirigh an ghéarchéim atá ann faoi láthair na buntáistí a bhaineann le hionstraimí margadhbhunaithe chun tomhaltóirí a chosaint ar phraghasriosca. Is iondúil go mbíonn gealltanas conarthach ó ghineadóir i gceist leis na hionstraimí sin chun leictreachas a chur ar fáil do chatagóirí áirithe tomhaltóirí ar choinníollacha réamhbhunaithe a luaithe a bhaineann gnáthphraghas an mhargaidh leibhéal áirithe amach. Dá bhrí sin, déantar foráil leo maidir le hárachas conarthach in aghaidh praghasriosca. Mar aon le haon chineál árachais, ar ndóigh, tagann an laghdú ar an bpraghasriosca i bhforléirithe den sórt sin ar chostas. D’úsáid roinnt Ballstát na cineálacha sin conarthaí cheana mar chuid de na sásraí acmhainneachta a úsáideann siad chun cinnteacht an tsoláthair leictreachais a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, tugadh roghanna iontaofachta ar na conarthaí. Mhol acadóirí le déanaí conradh malartach ar a dtugtar roghanna inacmhainneachta, nár dearadh chun tomhaltóirí a chosaint ar arduithe tobanna gearrthéarmacha ar phraghsanna ach chun iad a chosaint ar phraghsanna arda leanúnacha.

Tar éis an mhéadaithe thapa ar phraghsanna mórdhíola cumhachta, dearbhaíodh roinnt soláthróirí ina bhféimheach agus ní raibh siad in ann a n‑oibleagáidí soláthair a chomhlíonadh. Chiallaigh sé sin go raibh ar chustaiméirí soláthróirí nua a roghnú ar ghearrfhógra agus gur mhinic nach raibh siad in ann ach téarmaí nach raibh chomh fabhrach sin a chaibidliú. Maidir le ceanglais ar sholáthraithe cuid dá n‑oibleagáidí soláthair a fhálú agus ceanglais rialála eile chun a áirithiú go bhfuil soláthróirí sách láidir chun géarchéimeanna amach anseo a sheasamh, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí iad chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí dul i muinín a gcuid soláthróirí agus nach n‑íocfaidh siad níos mó as an soláthar leictreachais ná mar a d’aontaigh siad ar dtús. D’fhéadfaí a cheangal ar sholáthróirí freisin tairiscintí ar phraghas seasta a bheith ar fáil ina bpunann ar an gcaoi chéanna leis na ceanglais atá ann cheana conarthaí dinimiciúla a thairiscint do chustaiméirí.

Infheistíochtaí in acmhainn dhocht agus acmhainn ísealcharbóin a áirithiú

Chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú go fadtéarmach agus chun cinnteacht a sholáthar d’infheisteoirí, ní mór tuilleadh measúnaithe a dhéanamh féachaint an gá sásraí acmhainneachta a bheith ina ngné fhadtéarmach den chóras leictreachais agus cén chiall a bheadh lena gcomhtháthú sa mhargadh leictreachais. Ba ghá na sásraí sin a dhearadh chun infheistíochtaí a áirithiú in acmhainn dhocht in‑athnuaite agus acmhainn ísealcharbóin i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Leis na sásraí acmhainneachta sin, d’fhéadfaí roinnt de na sásraí inacmhainneachta conarthacha dá dtagraítear thuas a chomhtháthú freisin.

Léirigh an ghéarchéim freisin, i gcás ina dtugtar tacaíocht phoiblí don ghiniúint, mar a tharlaíonn go minic i gcás foinsí in‑athnuaite fuinnimh, nach mór an tacaíocht sin a dhearadh chun infheistíocht a áirithiú agus torthaí iomarcacha á seachaint le haghaidh infheisteoirí i dtréimhsí ina mbíonn praghsanna an mhargaidh ard. Úsáideadh conarthaí difríochta dhá threo, faoina bhfaigheann an t‑oibreoir breisiú nuair a bhíonn praghsanna an mhargaidh íseal agus a thugann sé ar ais nuair a bhíonn siad ard, i roinnt Ballstát chun an aidhm sin a bhaint amach. Is féidir le conarthaí difríochta dea-dheartha rannchuidiú le praghasmhúnlú an leictreachais a dhéanamh níos neamhspleáiche ar chostas an gháis nádúrtha agus d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach brath ar an tsamhail sin mar réamhshocrú le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh agus infheistíochtaí poiblí eile sa ghiniúint (amhail don ghiniúint núicléach).

An fhreagairt ar éileamh agus an tsolúbthacht a fheabhsú chun buaicphraghsanna a laghdú

Cuireann acmhainní nó bonneagar lena dtugtar níos mó solúbthachta, amhail freagairt ar an éileamh agus stóráil, ar a gcumas do thomhaltóirí freagairt ar phraghsanna, agus níos mó á thomhailt acu nuair a bhíonn breis giniúna ar fáil agus a dtomhaltas á laghdú nuair a bhíonn soláthairtí gann. Laghdaíonn sé sin na costais fhoriomlána agus cuireann sé ar a gcumas dóibh a gcostais a bhainistiú agus cuidíonn sé go héifeachtach sciartha arda d’fhuinneamh in‑athnuaite inathraitheach a chomhtháthú. D’fhéadfaí infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí solúbtha den sórt sin, lena n‑áirítear eangacha cliste a rolladh amach i gcomhréir leis an Treoir maidir le Leictreachas, a mhaoiniú faoi chistí an Aontais agus féadfar an gá atá le sásraí acmhainneachta níos traidisiúnta a laghdú, ar sásraí iad lena maoinítear giniúint ghásadhainte nó giniúint iontaise eile go minic.

Leis an bPlean Gníomhaíochta um Dhigitiú Fuinnimh a beartaíodh lena ghlacadh i mí Mheán Fómhair, molfar bearta chun feabhas a chur ar mhalartú sonraí agus ar idir-inoibritheacht, agus chun tacú le huirlisí digiteacha a fhorbairt le haghaidh tomhaltóirí. Beidh sé níos éasca mar gheall air sin ar thomhaltóirí a gcuid solúbthachta a dhéanamh cobhsaí, mar shampla trí fhreagairt ar chomharthaí praghais nó trína dtomhaltas a chur in oiriúint dá dtáirgeadh baile (e.g. ó phainéil fhótavoltacha ar a ndíonta). Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin dlús a chur le forbairt agus glacadh cóid ghréasáin nua a bheidh dírithe ar fhreagairt ar éileamh.

Trí thomhaltóirí a chumhachtú ar bhealach níos fearr, tá sé tábhachtach freisin scéimeanna comhchoiteanna agus aonair uathídithe leictreachais a chur chun cinn mar a leagtar béim orthu i Straitéis Ghréine an Aontais 18 chun giniúint an ghrianfhuinnimh san Aontas a mhéadú sna blianta amach romhainn.

Bonneagar leictreachais agus gáis

Tá infheistíochtaí i mbonneagar an leictreachais ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an acmhainneacht trasteorann a mhéadú i réigiúin inar gá sin chun saorshreabhadh leictreachais idir na Ballstáit a chumasú.

I gcreat rialála náisiúnta a lán Ballstát is cosúil nach ndreasaítear ná nach n‑aithnítear go sainráite nuálaíocht sa bhonneagar leictreachais agus sa bhonneagar gáis. Is saincheist é sin go háirithe i gcás ina bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an dul chun cinn atá déanta mar gheall ar chur chuige nuálach. Thairis sin, dealraíonn sé go gcuireann creata rialála náisiúnta a lán Ballstát bacainní roimh nuálaíocht maidir leis an mbonneagar leictreachais agus gáis. Mar shampla, uaireanta ní bhíonn forálacha sonracha acu a bhaineann leis an nuálaíocht nó deartar iad ar bhealach ina leagtar amach claonadh i dtreo réitigh a bhunaítear ar chaiteachas caipitiúil in ionad réitigh bunaithe ar chaiteachas oibriúcháin nó a dhíspreagann infheistíochtaí ó OCTanna i ngeall ar an riosca ard a mheastar a bheith ag baint leis an tionscadal agus ar phionóis dhiana i gcás nach mbaintear sprioc-amanna amach. Ba cheart do na Ballstáit na bacainní sin ar an nuálaíocht a bhaint agus creataí rialála atá dírithe ar an nuálaíocht a fhorbairt ina n‑ionad, agus breoslaí iontaise bunaithe ar shócmhainní tréigthe á seachaint an tráth céanna.

Costais agus brabúis amhantair a laghdú trí bhíthin praghsáil suímh

Saincheist eile a d’aithin ACER is ea an gá le níos mó airde a thabhairt ar chomharthaí suímh i ndearadh an mhargaidh Eorpaigh. Is éard atá i gceist leis sin praghsanna margaidh éagsúla a chruthú in áiteanna éagsúla chun cothromaíocht áitiúil an tsoláthair agus an éilimh agus an fháil atá ar tharchur a léiriú. I staidéar a rinneadh in 2019, sainaithníodh laghdú 4 % ar chostais mar thoradh ar phraghsáil suímh a thabhairt isteach san Eoraip 19 . Dá mhéad a thagann méadú ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh sa mheascán fuinnimh, táthar ag súil go mbeidh na tairbhí sin níos tábhachtaí dá bharr. I staidéar ó 2020 meastar go mbeidh costais chórais 10 % níos airde in 2040 in éagmais praghsanna suímh 20 . Déanfar tuilleadh anailíse ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag sásraí chun comharthaí praghais suímh a neartú.

Faireachas margaidh agus trédhearcacht

Dearadh Rialachán 1227/2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola 21 (Rialachán ar a dtugtar REMIT) níos mó ná 10 mbliana ó shin lena áirithiú gur féidir le tomhaltóirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh muinín a bheith acu as sláine na margaí leictreachais agus gáis, go léireoidh praghsanna idirghníomhú cothrom iomaíoch idir an soláthar agus an téileamh, agus nach féidir aon bhrabúis a ghnóthú as drochúsáid mhargaidh.

Cé nach raibh aon fhianaise ann gur drochúsáid mhargaidh a bhí mar chúis leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá sé an‑tábhachtach i dtréimhsí ina bhfuil praghsanna arda agus luaineacht sa mhargadh go n‑áiritheofaí creat atá cothrom le dáta agus láidir mar chosaint ar an mí‑úsáid sin. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar chreat REMIT chun an fhéidearthacht a thaiscéaladh go bhféadfaí maolú ar na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh ar bhealach níos éifeachtaí trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh agus ar cháilíocht agus bailiú sonraí margaidh, agus trí fhorfheidhmiú níos fearr a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chomh maith.

5.Conclúid

Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle Eorpach na bearta gearrthéarmacha a fhormhuiniú chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda a mholtar sa Teachtaireacht seo. Iarrann sé freisin ar na Ballstáit, i gcomhréir le [reference to chapeau communication], dlús a chur le bearta ullmhachta i gcomhair briseadh i soláthar gáis na Rúise.

Agus é ag breathnú níos faide chun cinn ná an gearrthéarma, measann an Coimisiún, bunaithe ar thuarascáil ACER agus ar a theagmháil le páirtithe leasmhara, go gcuirtear margadh éifeachtúil dea-chomhtháite ar fáil leis an dearadh atá ar an margadh leictreachais faoi láthair, rud a fhágann gur féidir leis an Eoraip leas iomlán a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha ar fad a bhaineann le margadh aonair fuinnimh, rud a áirithíonn cinnteacht an tsoláthair agus a choinníonn an próiseas dícharbónaithe ar bun. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht maidir leis an margadh leictreachais chun feidhme ina hiomláine, go háirithe chun taraifí a léiríonn na costais a áirithiú agus deireadh a chur le bacainní ar úsáid acmhainní solúbtha, rud a fhágfaidh gur féidir leictreachas inathnuaite athraitheach a chomhtháthú agus go gcuirfear feabhas ar sholúbthacht na heangaí chun comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú. Cuireann an Coimisiún i dtábhacht an gá atá le dlús a chur le cur chun feidhme an phlean REPowerEU chun dlús a chur le céimniú amach ghás na Rúise agus infheistíocht a dhéanamh i gcóras fuinnimh athléimneach. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí a ullmhú agus a chur chun feidhme chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise ón Rúis, inter alia, tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

Mar sin féin, tá réimsí ann ina bhfuil gá le coigeartuithe ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais chun an timpeallacht fuinnimh agus an meascán giniúna amach anseo, teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn agus forbairtí geopholaitiúla a chur san áireamh, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim atá ann faoi láthair. Ba cheart do na coigeartuithe sin rannchuidiú le feidhmiú dhearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú agus é a dhéanamh níos oiriúnaí chun dícharbónú costéifeachtach a spreagadh in earnáil an leictreachais, praghsanna inacmhainne a sholáthar do thomhaltóirí agus cur lena chumas luaineacht praghsanna a sheasamh. Sainaithníodh sa Teachtaireacht seo sraith saincheisteanna ina bhfuil an chosúlacht go bhfuil údar cuí leis na coigeartuithe sin. Agus é ag cur leis an réamhobair sin, seolfaidh an Coimisiún próiseas measúnaithe tionchair agus oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit agus le raon leathan páirtithe leasmhara éagsúla agus údarás rialála náisiúnta chun dearadh an mhargaidh leictreachais agus, i gcás inar gá, a chreat reachtach a choigeartú.

Iarscríbhinn: forléargas mionsonraithe ar ionchur na bpáirtithe leasmhara

 

Táirgeoirí leictreachais

Tosaíocht mhór acu is ea tacaíocht spriocdhírithe le haghaidh na dtomhaltóirí a bhfuil an gá is mó acu léi. Measann siad go bhfuil fadhbanna móra ag baint le hidirghabhálacha ar bith maidir le praghsanna sna margaí mórdhíola leictreachais ar na cúiseanna seo a leanas: (i) ní bheidís spriocdhírithe ar na tomhaltóirí is mó a mbeadh tacaíocht de dhíth orthu; (ii) chuirfidís isteach ar dhinimic an mhargaidh agus chuirfidís feidhmiú an mhargaidh i mbaol agus (iii) shaobhfaidís comharthaí margaidh le haghaidh infheisteoirí.

Dhéanfadh cánachas ar fháltais rannpháirtithe áirithe sa mhargadh dochar don timpeallacht infheistíochta trí mhuinín na n‑infheisteoirí a scriosadh; dá gcuirfí i bhfeidhm iad, níor cheart bearta mar sin a dhéanamh ach mar ‘rogha dheireanach’ agus mar réiteach de chineál sealadach amháin.

 

Ionadaithe tomhaltóirí deiridh leictreachais

Leag siad béim ar an ngá tacaíocht airgeadais a thabhairt don tomhaltóir, agus éifeachtúlacht fuinnimh á dreasú an tráth céanna. Ba cheart gníomhaíochtaí eile amhail suiteáil painéal fótavoltach nó teaschaidéal a éascú. D’áitigh siad creat reachtach na margaí leictreachais a chur chun feidhme (an Rialachán agus an Treoir maidir le Leictreachas 2019), ionas go bhféadfaidh táirgeoirí is tomhaltóirí a bheith ann. Mheabhraigh ionadaithe na bpobal fuinnimh áitiúil a thábhachtaí atá sé dlús a chur le pleanáil fuinnimh áitiúil agus acmhainní áitiúla a úsáid. D’iarr ionadaithe tomhaltóirí leictreachais thionsclaíoch go mbainfí úsáid níos láidre as uirlisí Státchabhrach, agus go dtabharfaí aghaidh ar na torthaí móra ó ghineadóirí trí bhearta fioscacha. Bheadh freagairt ar an éileamh, imscaradh méadar cliste agus margaí fadtéarmacha leachtacha mar chuid freisin den réiteach ar na praghsanna arda fuinnimh.

 

Malartuithe cumhachta leictreachais

Tá siad i gcoinne idirghabhálacha maidir le praghsanna sna margaí mórdhíola leictreachais. Chuir siad i dtábhacht gur cheart caidhpeanna praghais a sheachaint toisc go mbaineann siad an bonn de phraghasmhúnlú agus go gcuireann siad bac ar chumas na margaí fuinnimh soláthar slán inacmhainne leictreachais a chur ar fáil. Thug siad rabhadh go ndéanann caidhpeanna praghais den sórt sin dochar don mhargadh fadtéarmach, mar go gcaillfeadh rannpháirtithe sa mhargadh an dreasacht iad féin a fhálú in aghaidh praghsanna arda. Mheabhraigh siad an ról lárnach atá ag cúpláil an mhargaidh leictreachais i dtaca le margadh aonair fuinnimh a thógáil, ar cheart é a chaomhnú toisc go n‑áirithítear leis úsáid éifeachtúil na n‑acmhainní.

 

Ionadaithe ar fhreagairt ar éileamh leictreachais

Meabhraigh siad acmhainneacht láidir na freagartha ar éileamh tríd an mbuaicéileamh ar leictreachas a laghdú, rud a laghdaíonn buaicphraghsanna. Chuir siad in iúl gurb í an tacaíocht dhíreach do thomhaltóirí agus an Státchabhair, má dhéantar iad a ailíniú le cuspóirí dícharbónaithe, an réiteach is éifeachtúla. Thairis sin, d’áitigh siad deireadh a chur le bacainní ar fhorbairt na freagartha ar an éileamh chun creat reachtach an Aontais maidir le margaí leictreachais a chur chun feidhme (an Rialachán agus an Treoir maidir le Leictreachas 2019).

 

Ionadaithe ar stóráil leictreachais

Thug siad le fios go bhfuil an baol ann go mbeadh éifeachtaí fadtéarmacha saofa ar an margadh ag idirghabhálacha maidir le praghsanna (amhail caidhpeanna praghais) agus go ndéanfaí dochar do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. Mheabhraigh siad an gá atá le creat reachtach an Aontais maidir le margaí leictreachais a chur chun feidhme (an Rialachán agus an Treoir maidir le Leictreachas 2019) agus le dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail in‑athnuaite lena gcumasófar stóráil.

 

Oibreoirí eangach leictreachais

D’fháiltigh siad roimh an mbosca uirlisí de bhearta a bhí sa Teachtaireacht ón gCoimisiún mí Dheireadh Fómhair 2021. Mheabhraigh siad gur gá measúnú críochnúil a dhéanamh ar thionchar na mbeart éigeandála agus bunghnéithe fheidhmiú an mhargaidh a choinneáil ar bun.

 

An tionscal gáis

Cuireadh tacaíocht in iúl maidir le tús áite a thabhairt do thacaíocht dhíreach a sholáthar do thomhaltóirí. Léiríodh imní faoi idirghabhálacha sa mhargadh mórdhíola gáis agus faoi chaidhpeanna praghais a thabhairt isteach sna margaí mórdhíola gáis. Measadh go gcuirfidís bac ar iomaíochas an Aontais agus ar a chumas méideanna a mhealladh sa mhargadh gáis. Chuir siad in iúl freisin sceipteachas maidir le hidirghabháil sa mhargadh gáis a bhaineann le méideanna agus praghsanna idirbheartaithe, trína chur in iúl gur gné lárnach de mhargadh gáis iomaíoch san Aontas é ceannach, rud a bhféadfadh gníomhaíocht chomhchoiteann cur isteach air. Ba cheart éagsúlú gáis a bheith ina chuid den réiteach, lena n‑áirítear táirgeadh gáis intíre.

 

Oibreoirí eangach gáis

Thug sé léargas oibríochtúil ar an staid le haghaidh gheimhreadh 2022-2023, ag tabhairt le fios go n‑úsáidtear na foinsí gáis uile ag a n‑acmhainní uasta. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur réiteach indéanta a bheadh ann uasmhéadú a dhéanamh ar líonadh na stórála, rud a spreagfadh athrú, áfach, ar shreafaí gáis laistigh den Eoraip, agus d’fhéadfadh sé go mba ghá dul i ngleic le scrogaill.

 

Trádálaithe fuinnimh

Tá siad i gcoinne idirghabhálacha náisiúnta sna margaí mórdhíola leictreachais mar go mbainfidís an bonn den trádáil trasteorann agus d’éifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh. I ndáil leis sin, ba cheart tabhairt isteach caidhpeanna praghais a sheachaint. B’fhearr leo go mór bearta lena ndírítear ar thomhaltóirí miondíola. Éilíonn siad comhordú maidir leis an éileamh ar ghás a bhainistiú.

Soláthraithe teicneolaíochta

Chuir siad i dtábhacht an gá atá le tuilleadh infheistíochta a mhéid a bhaineann le bonneagair agus digitiú, lena gcumasófar forbairt seirbhísí nua fuinnimh.

 

Meithleacha Machnaimh

Chomhaontaigh siad gur gá ligean do na margaí mórdhíola leictreachais agus gáis oibriú. Dhéanfadh aon idirghabháil maidir le praghsanna dochar d’iomaíochas na margaí mórdhíola agus d’úsáid éifeachtúil na n‑acmhainní fuinnimh chomh maith agus d’fhéadfadh gá breise a bheith le bearta riaracháin amach anseo.

Le hidirghabháil rialála lena dteorannófaí torthaí rannpháirtithe áirithe sa mhargadh, mhéadófaí na ceanglais maidir le biseach riosca, rud a chruthódh costais fuinnimh níos airde.

Luaitear an digitiú, forbairt na freagartha ar an éileamh, imscaradh méadar cliste agus comhtháthú breise mhargadh leictreachais na hEorpa mar ghnéithe bunúsacha fadtéarmacha chun an dearadh margaidh atá ann faoi láthair a fheabhsú.

 

Eagraíochtaí neamhrialtasacha

Thug siad rabhadh go bhféadfadh na bearta a moladh sna roghanna spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise (amhail caidhpeanna praghais) a mhéadú.

B’fhearr leo go mór roghanna lena soláthraítear tacaíocht dhíreach do thomhaltóirí.

 

Lucht léinn

Tá drogall ginearálta orthu idirghabháil a dhéanamh maidir le praghasmhúnlú, go háirithe ar an margadh mórdhíola leictreachais. B’fhearr leo go mór tacaíocht dhíreach a sholáthar do thomhaltóirí chun billí fuinnimh a laghdú.

Tugadh faoi deara go mbeadh ar idirghabháil maidir le praghsanna agus méideanna gáis brath ar phlean dlúthpháirtíochta Eorpach le haghaidh ciorruithe comhordaithe laistigh den Aontas.

(1)

COM(2021) 660 final

(2)

COM(2022) 108 final

(3)

COM(2022) 138 final

(4)

Cinntear praghas an mhargaidh ar leictreachas ar bhonn an aonaid ghiniúna imeallaigh.

(5)

  Anailís ar chuar réamhcheaptha TTF ón 29/4/2022, foinse: S&P Global Platts

(6)

Sa chruinniú an 24 agus an 25 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach de chúram ar an gCoimisiún, mar ábhar práinne, teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara fuinnimh, agus a phlé an gcuideodh na roghanna gearrthéarmacha sin le praghas an gháis a laghdú agus le haghaidh a thabhairt ar a éifeacht ghabhála ar mhargaí leictreachais agus an chaoi a gcuideoidís a phlé, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh. Féach na conclúidí ón gComhairle Eorpach: https://www.consilium.europa.eu/en/documents‑publications/public-register/public-register-search/results/?DocumentNumber=1%2F22&SubjectMatters=CONCL  

(7)

Measúnú Críochnaitheach ACER ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais, mí Aibreáin 2022, lch 21.

(8)

  ACER (2022). An Measúnú Críochnaitheach ar Dhearadh Mhargadh Mórdhíola Leictreachais an Aontais.

(9)

(add. Reference). Moltar cur chuige ina bhfuil dhá ghné sa Phlean de chuid an Aontais ‘Spáráil Fuinneamh’, cur chuige lena ndírítear ar choigiltí fuinnimh gearrthéarmacha a bhaint amach trí athruithe ar iompraíocht agus trí dhlús a chur le bearta éifeachtúlachta fuinnimh sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus iad a neartú.

(10)

Ba cheart a thuiscint go n‑áirítear úsáideoirí tionsclaíocha freisin sa mhargadh gáis miondíola.

(11)

COM(2022)230

(12)

Dearbhaíonn an Coimisiún an méid sin ar iarratas ó dhá Bhallstát ar a laghad agus féadfar é a dhearbhú freisin arna iarraidh sin ag Ballstát amháin.

(13)

  ACER (2022). An Measúnú Críochnaitheach ar Dhearadh Mhargadh Mórdhíola Leictreachais an Aontais.

(14)

Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022, C/2022/481

(15)

[Include Reference to permitting recommendation]

(16)

 Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE, féach aithris 59 atá nasctha le hAirteagail 5, 28 agus 29.

(17)

 D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta in 2017 ag Cruinniú Mullaigh Göteborg. Leagtar amach 20 prionsabal sa Cholún. Luaitear an méid seo a leanas i bprionsabal Uimh. 20: ‘Tá an ceart ag cách ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán; cuimsíonn sin seirbhísí uisce, sláintíochta, fuinnimh, iompair, airgeadais agus cumarsáide digití. Cuirfear tacaíocht don rochtain ar sheirbhísí den sórt sin ar fáil dóibh siúd atá ina ngátar.’

(18)

 (add ref. XXX)

(19)

 Tractebel, 2019. Praghsáil nódach i margadh inmheánach leictreachais na hEorpa..

(20)

NERA, 2020. Tairbhe Chostais ó Athchóiriú Rochtana: Tuarascáil Samhaltaithe.

(21)

IO L 326, 8.12.2011, lgh. 1–16.