An Bhruiséil,18.5.2022

COM(2022) 233 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN gCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Fóirithint agus atógáil na hÚcráine















I.RÉAMHRÁ

Ionradh na Rúise ar an Úcráin, ionradh gan údar, gan spreagadh, is é is cúis le fulaingt uafásach daoine agus scrios ollmhór bailte agus pobal é. Tá saol agus slite beatha á gcailleadh, agus b’éigean do níos mó ná dhá mhilliún déag daoine a mbailte a fhágáil – agus beagnach sé mhilliún daoine a dtír dhúchais a fhágáil, ar leanaí iad leath acu – agus an tsábháilteacht á cuardach acu.

Agus iad i ngleic le ionsaí na Rúise, léirigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit dlúthpháirtíocht bhuan le daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin 1 agus thug siad tacaíocht láithreach do rialtas na hÚcráine chun a chuid feidhmeanna a choinneáil ar bun. Chuir an tAontas cúnamh éigeandála ar fáil chun tacú le hathléimneacht, chuir sé cúnamh daonnúil ar fáil, cabhair mhíleata agus tacaíocht eile. Tá comhordú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an oibríocht is mó dá chuid faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le haghaidh réimse leathan beart tacaíochta, lena n-áirítear in sna hearnálacha sláinte, fuinnimh, bia agus talmhaíochta, agus tá sé ag cur foscadán agus innealra ar fáil mar aon le trealamh leighis agus aslonnaithe. Chun tacú leis an Úcráin, tá bearta curtha chun cinn ag an gCoimisiún freisin chun trádáil a éascú, go háirithe dleachtanna allmhairiúcháin ar onnmhairí ón Úcráin a chur ar fionraí, agus lánaí dlúthpháirtíochta a bhunú chun cabhrú leis an Úcráin earraí talmhaíochta a onnmhairiú. Léiríodh an fháilte atá ag an Aontas tríd an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú, rud a thugann rochtain ar phoist, ar thithíocht, ar oideachas agus ar chúram sláinte ar fud an Aontais. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir, agus é ag obair i gcomhar leis na Ballstáit i gcur chuige Fhoireann na hEorpa.

Agus cogaíocht ar siúl ar fud na tíre ar fad, tá an staid eacnamaíoch imithe in olcas go tapa. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú idir 30 % agus 50 % ar OTI i mbliana agus laghdú thart ar idir 50 % agus 80 % ar ioncam cánach. Tá calafoirt Mheoid agus Mhara Duibhe na hÚcráine fós blocáilte le gníomhaíocht mhíleata na Rúise, rud a fhágann go bhfuil ioncam onnmhairiúcháin atá ag teastáil go géar, á bhaint den Úcráin. Meastar luach an damáiste ar fad a bheith sna céadta billiún euro cheana féin, le breis agus EUR 100 billiún de dhamáiste déanta don bhonneagar fisiceach amháin.

Tá gá le hiarracht mhór dhomhanda airgeadais chun tacú leis an Úcráin le linn an chogaidh seo, agus chun an tír a atógáil agus deiseanna nua a chur ar fáil dá saoránaigh. Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach príomhbhloic thógála na hiarrachta idirnáisiúnta seo a leagan amach anois, fiú agus ionsaí na Rúise ag dul ar aghaidh. Ina conclúidí i mí an Mhárta 2022, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach Ciste Dlúthpháirtíochta na hÚcráine a fhorbairt, agus iarradh ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh le cúnamh teicniúil a fhorbairt chun cabhrú leis an Úcráin na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme.

Chun atógáil a dhéanamh ar scála chomh mór seo ar mhór-roinn na hEorpa, tá gá le ceannaireacht láidir ón Aontas Eorpach, ceannaireacht a bheidh ag obair go réamhghníomhach i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá dlúthnasc idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach tríd an gComhaontú Comhlachais agus tríd an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. An 28 Feabhra 2022, rinne an Úcráin iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, agus chuir sí in iúl go láidir go ndéanfar an atógáil a nascadh le hathchóirithe agus í ar a conair Eorpach.

Leis an Teachtaireacht seo, leagtar amach freagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoinithe atá ag an Úcráin anois díreach agus ar an atógáil fhadtéarmach.

II.FAOISEAMH LÁITHREACH

Cumhdaítear leis an bhfreagairt ghearrthéarmach an tréimhse láithreach nuair nach féidir iarrachtaí atógála ar scála suntasach a bheartú go fóill. Tá cúnamh sa tréimhse sin dírithe go príomha ar an tacaíocht oibríochtúil is gá a thabhairt do rialtas na hÚcráine, agus í á comhlánú trí chúnamh éigeandála agus cabhair dhaonnúil a chur ar fáil.

Tacaíocht atá curtha ar fáil cheana

Is seanbhunaithe an tiomantas atá ag an Aontas chun tacú leis an Úcráin agus baineadh torthaí amach dá bharr. Thug an tAontas cúnamh suntasach airgeadais don Úcráin idir na blianta 2014 go 2021, cúnamh dar luach EUR 1.7 billiún i ndeontais faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, EUR 5.6 billiún faoi 5 chlár cúnaimh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, EUR 194 milliún i gcabhair dhaonnúil agus EUR 355 mhilliún ó ionstraimí beartais eachtraigh. Tugann an tAontas a thacaíocht don Úcráin le haghaidh forbairt beartas agus athchóirithe cuimsitheacha, le rannpháirtíocht láidir ó na Ballstáit ann i gcur chuige Fhoireann na hEorpa. I measc na gclár suaitheanta, tá cláir a bhaineann le dílárú, athchóiriú ar an riarachán poiblí agus beartais frith-éilithe.

Ón uair a thosaigh ionsaithe na Rúise, chuir an tAontas dlús lena thacaíocht, agus chuir sé tuairim is EUR 4.1 billiún ar fáil le haghaidh athléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine i bhfoirm cúnamh macra-airgeadais, tacaíocht bhuiséadach, cúnamh éigeandála, freagairt ar ghéarchéimeanna agus cabhair dhaonnúil. Tá bearta cúnaimh mhíleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána, dar luach EUR 1.5 billiún, curtha ar fáil don Úcráin freisin agus tá sé beartaithe EUR 500 milliún breise a chur ar fáil amach anseo.

Roimh an gcogadh agus lena linn, tá an tAontas ag obair go dlúth le hinstitiúidí airgeadais na hEorpa chun tacú leis an Úcráin. Ón mbliain 2014, tá is mó ná EUR 10 mbilliún slógtha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha in iasachtaí le haghaidh na hÚcráine. Le roinnt seachtainí anuas, tá EUR 668 milliún eisíoctha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta le buiséad na hÚcráine. Tá an tAontas ag obair i ndlúthchomhar leis an mBanc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, atá mar chomhpháirtithe lárnacha i hiarrachtaí na hÚcráine ó 2014 ann.

Faoiseamh gearrthéarmach

Mar thoradh ar an gcogadh, chlis ar an gcáin, ar an easpórtáil agus ar ioncaim eile, agus chuir sin leis an leithreasú neamhdhleathach a bhíothas a dhéanamh ar mhórscála ar shócmhainní agus ar earraí easpórtáilte, sócmhainní agus earraí in earnáil na talmhaíochta san áireamh, agus tháinig méadú as cuimse ar an gcaiteachas riachtanach san am céanna. Beidh gá le faoiseamh airgeadais gearrthéarmach chun seirbhísí bunúsacha a choinneáil ar bun, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla agus chun an bonneagar is riachtanaí atá scriosta anois a dheisiú. Tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ag meas go bhfuil luach tuairim is EUR 14.3 billiún (USD 15 billiún) ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine go dtí mí an Mheithimh 2 .

Tá riachtanais maoinithe rialtas na hÚcráine suntasach i gcónaí sa ghearrthéarma, chun an tír a chothú, chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil ar bun agus chun an strus ar chaipiteal daonna agus fisiceach a laghdú. Beidh gá le hiarracht chomhpháirteach idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis na riachtanais sin, iarracht a mbeidh an tAontas réidh chun a chion a dhéanamh.

Maidir leis an gCoimisiún, tá sé beartaithe aige a mholadh go ndéanfar cúnamh macra-airgeadais eisceachtúil nua a thabhairt don Úcráin sa bhliain 2022, i bhfoirm iasachtaí suas le EUR 9 billiún, iasachtaí a bheidh le comhlánú le tacaíocht ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta déthaobhacha agus iltaobhacha eile, lena n-áirítear i bhformaid G7. D’íocfaí é sin i dtráinsí ina mbeadh aibíochtaí fada agus rátaí úis lamháltais a bhuí leis an ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais.

Ionas go bhféadfar sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le ráthaíochtaí a chur ar fáil lena gcomhlánófar an soláthar a chuirtear i leataobh chun na críche sin in urrann ábhartha Chiste Coiteann Soláthairtí an Aontais. Le tacaíocht deontais ó bhuiséad an Aontais chun na híocaíochtaí úis gaolmhara a fhóirdheonú, déanfar deimhin de thacaíocht don Úcráin atá dea-chomhordaithe agus a bhfuil an-lamháltas ag gabháil léi.

III.ATÓGÁIL NA hÚCRÁINE

Chun an Úcráin a atógáil ina iomlán, beidh tacaíocht chuimsitheach ag teastáil chun an tír a thógáil arís i ndiaidh díobháil an chogaidh, chun bunsraith a chruthú do thír a bheidh saor rathúil, tír a bheidh fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus a bheidh comhtháite go maith sa gheilleagar Eorpach agus domhanda, agus chun tacú léi ar a conair Eorpach.

Ní mór don obair thógála cur le húinéireacht na hÚcráine, leis an dlúthchomhar agus leis an gcomhordú leis na tíortha agus na heagraíochtaí a thabharfaidh tacaíocht di, agus le comhpháirtíocht straitéiseach na hÚcráine leis an Aontas. Chun an atógáil a dhéanamh, beidh gá freisin acmhainní a chur ar fáil ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. An comhar idir piaraí agus na cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas Eorpach agus na comhpháirtíochtaí san Úcráin, déanfaidh siad an atógáil a shaibhriú agus cuirfidh siad dlús léi.

Is féidir ceithre mhórcholún den atógáil a bheartú cheana féin:

·Atógáil na tíre, go háirithe an bonneagar, seirbhísí sláinte, tithíocht agus scoileanna, chomh maith le hathléimneacht dhigiteach agus fuinnimh, i gcomhréir leis na beartais agus na caighdeáin Eorpacha is déanaí;

·Leanúint de nuachóiriú a dhéanamh ar an stát agus ar a chuid institiúidí chun dea-rialachas agus urraim don smacht reachta a áirithiú, trí thacaíocht maidir le cumas riaracháin agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

·Clár oibre struchtúrach agus rialála a chur chun feidhme arb é is aidhm dó comhtháthú eacnamaíoch agus sochaíoch na hÚcráine agus a muintire leis an Aontas a dhoimhniú i gcomhréir lena conair Eorpach;

·Tacú le téarnamh gheilleagar agus shochaí na hÚcráine trí iomaíochas eacnamaíoch a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach, trádáil inbhuanaithe, agus forbairt san earnáil phríobháideach a chur chun cinn, agus cur le haistriú glas agus digiteach na tíre ag an am céanna.

Beidh sé ríthábhachtach nasc soiléir a bhunú leis an gclár oibre leathan don athchóiriú chun go n-éireoidh leis an iarracht atógála. Le blianta beaga anuas tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin maidir leis an athchóiriú. Beidh sé tábhachtach na hathchóirithe sin a chomhdhlúthú agus dlús a chur leo a luaithe a chuirfear tús leis an iarracht iomlán atógála. Ba cheart an atógáil a bheith i gcomhréir le clár oibre glas agus digiteach na hEorpa; ba cheart an atógáil an athléimneacht a neartú agus prionsabail bhunúsacha an smachta reachta a urramú, lena n-áirítear maidir leis an bhfrith-éilliú, leis na breithiúna, leis an riarachán poiblí agus leis an dea-rialachas.

I bhfianaise mhéid an damáiste atá déanta ag an gcogadh go dtí seo, táthar ag meas go mbeidh riachtanais airgeadais suntasacha ag baint leis an atógáil agus d’fhéadfadh breis agus deich mbliana a bheith i gceist leis an iarracht atógála. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin, le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun na riachtanais atógála a mheas, ag féachaint ar an mbealach is fearr chun iad a chomhlíonadh.

Iarracht atógála, faoi stiúir na hÚcráine, leabaithe ina conair Eorpach

Ba cheart an iarracht atógála a chur i dtoll a chéile i bplean straitéiseach atógála (‘RebuildUkraine’), a bhfuil úinéireacht iomlán ag údaráis na hÚcráine ina leith 3 agus atá formhuinithe ag an Aontas agus ag comhpháirtithe idirnáisiúnta eile. Leis an bplean atógála ‘RebuildUkraine’ leagfaí amach na príomh-athchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá chun todhchaí rathúil agus inbhuanaithe a thógáil don Úcráin.

Tá sé curtha in iúl go soiléir ag Rialtas na hÚcráine go bhfuil sé ar intinn aige an plean atógála ‘RebuildUkraine’ a leabú i gcomhpháirtíocht straitéiseach leis an Aontas Eorpach. Is léiriú é sin ar an dlúthchaidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch atá bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais lena Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála agus an t-iarratas a rinne an Úcráin le déanaí ar bhallraíocht san Aontas. Beidh sé ríthábhachtach nasc soiléir a bhunú leis an gclár oibre leathan don athchóiriú chun go n-éireoidh leis an iarracht atógála, agus le hailíniú le acquis an Aontais.

Ardán atógála na hÚcráine

Ba cheart d’údaráis na hÚcráine an iarracht atógála a stiúradh i ndlúthchomhar leis an Aontas Eorpach agus le comhpháirtithe ríthábhachtacha eile, ar nós comhpháirtithe G7 agus G20 agus tríú tíortha eile, chomh maith le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Bhunófaí ‘ardán atógála na hÚcráine’, ardán comhordúcháin idirnáisiúnta, a bheadh faoi stiúir an Choimisiúin, agus a dhéanfadh ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh agus rialtas na hÚcráine. Thabharfadh an t-ardán na comhpháirtithe agus na heagraíochtaí tacaíochta le chéile, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, comhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha eile agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais. Is mar bhreathnóirí a bheadh Parlaimint na hÚcráine agus Parlaimint na hEorpa rannpháirteach. Ar an gcaoi sin, bheadh sé ina phointe iontrála uileghabhálach aonuaire le haghaidh gach gníomhaíocht a bhaineann le hatógáil na hÚcráine.

Cé gur cheart gur leis an Úcráin a bheadh úinéireacht an phlean atógála sin, ba cheart don ardán a bheith sa chomhlacht rialachais straitéisigh a formhuiníonn an plean straitéiseach atógála ard-leibhéal ‘RebuildUkraine’ agus áirithíonn go mbeadh an tacaíocht a thugtar i gcomhréir leis an bplean. Bunaithe ar an bplean sin, chinnfeadh an t-ardán na réimsí tosaíochta a roghnófaí don mhaoiniú agus na tionscadail shonracha lena gcuirfí na tosaíochtaí sin chun feidhme, is é an t-ardán a dhéanfadh comhordú ar na foinsí maoinithe agus ar a gceann scríbe chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint astu, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach do stát na hÚcráine, tacaíocht infheistíochta, ráthaíochtaí le haghaidh infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach, díriú ar earnálacha sonracha agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an phlean. Níor mhór tacaíocht a thabhairt d’acmhainn riaracháin agus cúnamh teicniúil a sholáthar don Úcráin chun an plean atógála ‘RebuildUkraine’ a dhréachtú agus a chur chun feidhme go héifeachtach.

Leis an ardán, ba cheart tacaíocht an Aontais chomh maith le tionscnaimh eile arna mbunú ag comhpháirtithe eile amhail Ciste Iontaobhais an Bhainc Dhomhanda nó an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a riartar a thabhairt le chéile faoi aon díon amháin, rud a áiritheoidh go roinnfear an saothar go rianúil idir na comhpháirtithe éagsúla, go seachnófar dúbláil agus go gcuirfear sineirgí chun cinn, lena n-áirítear trí thionscadail shonracha a chómhaoiniú go comhpháirteach.

Tacaíocht an Aontais

Tá an tAontas réidh chun cuid mhór d’iarrachtaí foriomlána an chomhphobail idirnáisiúnta chun an Úcráin a atógáil a chur ar fáil. Rachadh cur chuige comhpháirteach an Aontais maidir le hatógáil na hÚcráine chun leasa na mBallstát agus na hÚcráine, agus cabhróidh an cur chuige sin leis na dálaí a chruthú chun go mbeidh an Úcráin ina tír atá saor, daonlathach, rathúil agus inbhuanaithe mar chuid de theaghlach na hEorpa. Ina theannta sin, is iad sásraí airgeadais an Aontais is fearr a thugann na coimircí is fearr chun cistí a úsáid mar is ceart.

Is iad na sraitheanna seo a leanas a bheadh sa chreat maidir le rannchuidiú an Aontais le hatógáil na hÚcráine:

·An tSaoráid ‘RebuildUkraine’, ionstraim nua atá maoinithe ag an Aontas agus atá dírithe go sonrach ar mhaoiniú na hiarrachta atógála agus ar ailíniú gheilleagar na hÚcráine leis an Aontas;

·Tacaíocht ó chláir de chuid an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear cumasc agus ráthaíochtaí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

Tacaíochtaí don atógáil agus don athléimneacht – lena n-áirítear cabhair dhaonnúil, ar gá í a neartú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla, – ní mór iad a bheith fite fuaite ina chéile ar feadh roinnt blianta, chun aire a thabhairt do na codanna is leochailí den daonra, ar nós daoine atá easáitithe ina dtír féin, leanaí, íospartaigh an chogaidh lena n-áirítear íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus iad siúd nach féidir le seirbhísí sóisialta poiblí dul i dteagmháil leo.

An tSaoráid ‘RebuildUkraine’ i gcroílár thacaíocht an Aontais

Is í an tSaoráid ‘RebuildUkraine’ a bheadh ina príomhionstraim dlí le haghaidh thacaíocht an Aontais, trí bhíthin meascán deontas agus iasachtaí, don phlean atógála ‘RebuildUkraine’. Bheadh an tsaoráid sin leabaithe i mbuiséad an Aontais, rud a chinnteodh trédhearcacht, cuntasacht agus bainistíocht fhónta airgeadais an tionscnaimh seo. Chloífeadh an tSaoráid le clár oibre athchóirithe na hÚcráine faoi stiúir an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, í a chur chun feidhme d’fhonn cabhrú leis an Úcráin a geilleagar a athbhunú, le nasc soiléir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe. Thógfadh sí ar an taithí a fuarthas le infheistíochtaí agus athchóirithe laistigh den Aontas faoin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ach í curtha in oiriúint do na dúshláin nach raibh a leithéidí riamh ann a bhaineann leis an Úcráin a atógáil agus í a thionlacan ar a conair Eorpach.

Bheadh struchtúr rialachais sonrach ag an tSaoráid féin, rud a chinnteodh go mbeadh sí faoi úinéireacht iomlán na hÚcráine. D’áiritheodh sí go mbeadh infheistíochtaí – lena n-áirítear i mbonneagar straitéiseach digiteach, iompair agus fuinnimh – i gcomhréir le beartais aeráide agus comhshaoil an Aontais agus leis na caighdeáin a bhaineann leis na beartais sin. Chuideodh na hathchóirithe a bhaineann leis sin le geilleagar na hÚcráine a chomhtháthú tuilleadh sa mhargadh aonair chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó chun infheistíochtaí díreacha coigríche atá riachtanach a mhealladh, chun tacú le poist a chruthú agus chun ailíniú le dlí an Aontais agus comhlíonadh an dlí sin, rud a dhéanfar de réir a chéile, a éascú. Chuirfeadh sé béim shuntasach ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta, ar bhainistiú fónta airgeadais, agus freisin ar an díonadh frith-éillithe agus an díonadh frithchalaoise.

Acmhainní a chur ar fáil do thacaíocht an Aontais

Fad agus atá an cogadh fós ag dul ar aghaidh, ní fios go fóill cé na riachtanais fhoriomlána a bheidh ann maidir le hatógáil na hÚcráine. Beidh níos mó i gceist leo ná sócmhainní fisiceacha, lena n-áirítear bonneagar, a atógáil agus beidh gá le tacaíocht bhuiséadach do stát na hÚcráine. Ní féidir fad na tacaíochta sin a mheas i dtéarmaí beachta faoi láthair; beidh gá le tacaíocht a thabhairt, áfach sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Fiú amháin má chuirtear an tacaíocht i dteannta a chéile le ranníocaíochtaí ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile, tá leas straitéiseach ag an Aontas Eorpach a bheith i gceannas ar iarrachtaí atógála na hÚcráine. Ciallaíonn sé sin gur ón Aontas a thiocfadh an sciar is mó san iarracht airgeadais idirnáisiúnta iomlán. Ag an am céanna, le scála mór agus cineál cuimsitheach na hoibre atá i gceist chun tír a ndearnadh damáiste di de bharr cogaidh a atógáil, mar aon le tacaíocht dá conair Eorpach, tuigtear go mbeidh eisíocaíochtaí tábhachtacha ann ag an tús agus go leanfar leo thar thréimhse ama.

Na riachtanais sin nach féidir a thuar agus a chruthaítear i ngeall ar an gcogadh san Eoraip, is riachtanais iad atá i bhfad thar na hacmhainní atá ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, beidh gá le foinsí maoiniúcháin nua a shainaithint.

An struchtúr a thuairiscítear thuas, tá sé solúbtha a dhóthain chun freastal ar na foinsí maoiniúcháin nua sin. D’fhéadfaí na deontais bhreise a chuirfear ar fáil don Úcráin a mhaoiniú le ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit (agus ó thríú tíortha dá mba mhian leo déanamh amhlaidh) leis an tSaoráid agus le cláir de chuid an Aontais atá ann cheana, rud a d’fhágfadh go mbainfí tairbhe as sásraí airgeadais agus coimircí an Aontais chun úsáid chuí a bhaint as cistí, nó trí athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Leis na foinsí sin, d’fhéadfaí na hiasachtaí atá le tabhairt don Úcráin faoin tSaoráid a mhaoiniú freisin. Mar sin féin, ar na roghanna atá ann, i bhfianaise scála na n-iasachtaí is dócha a bheidh ag teastáil, tá na cistí a thiomsú le haghaidh na n-iasachtaí thar ceann an Aontais nó iad a thiomsú le ráthaíochtaí náisiúnta na mBallstát.

Sa chomhthéacs sin, is féidir a mheas an féidir sócmhainní reoite na Rúise a úsáid mar fhoinse maoinithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais, mar shampla tar éis imeachtaí coiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann le daoine aonair agus le cuideachtaí de chuid na Rúise nó na Bealarúise atá liostaithe san Aontas Eorpach.

IV.CONCLÚID

Cé go leanfar ar aghaidh leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta chun faoiseamh gearrthéarmach a thabhairt agus chun deireadh a chur le hionsaithe na Rúise, tá sé in am freisin féachaint chun cinn agus ullmhú don iarracht ollmhór atógála a thiocfaidh ina dhiaidh. Ní mór don Úcráin an iarracht sin a stiúradh, le tacaíocht láidir leanúnach ón Aontas Eorpach agus ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Leagtar amach sa teachtaireacht seo creat cuimsitheach le haghaidh na n-iarrachtaí sin, agus léirítear inti go soiléir na riachtanais a shainaithneoidh an Úcráin, creat a bheidh daingnithe go docht sna haistrithe glasa agus digiteacha agus i luachanna bunúsacha na hEorpa. Cabhróidh na hinfheistíochtaí sin leis an Úcráin, agus í ag teacht as léirscrios ionradh na Rúise, a bheith ina tír níos láidre agus níos athléimní. In am trátha, tacóidh na hinfheistíochtaí leis an Úcráin agus a conair Eorpach á saothrú aici.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach agus ar an gComhairle na smaointe a cuirtear chun cinn sa teachtaireacht seo a fhormhuiniú. Trí ‘RebuildUkraine’, tabharfaidh an tAontas Eorpach comhartha soiléir eile go bhfuil rún daingean aige chun seasamh leis an Úcráin tríd an gcogadh agus a hiarmhair, agus chun cuidiú le hÚcráin atá níos láidre a atógáil don chéad ghlúin eile.

(1)

Mar shampla, le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip, tugtar leachtacht láithreach do na Ballstáit mar aon le solúbthacht bhreise maidir le húsáid chistí an Aontais chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin.

(2)

Tá leibhéal ard éiginnteachta ann maidir le bearna mhaoinithe ar bith, ach d’oibrigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go dlúth le húdaráis na hÚcráine chun meastachán stóinsithe a dhéanamh ar a gcuid riachtanas, e.g., rinne Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Kristalina Georgieva tagairt dó ag Cruinnithe an Earraigh an 21 Aibreán 2022.

(3)

 Tá Comhairle Náisiúnta don Téarnamh curtha ar bun ag rialtas na hÚcráine, ar cuireadh de chúram uirthi plean a ullmhú do théarnamh agus d’fhorbairt na hÚcráine tar éis an chogaidh. Le bunú an phlean, cuirfear leis an gcomhar suntasach agus leis an acmhainneacht institiúideach a léirigh údaráis na hÚcráine ar gach leibhéal, bardais agus an tsochaí shibhialta (Rialachán maidir leis an gComhairle Náisiúnta um Théarnamh na hÚcráine ó Iarmhairtí Cogaidh, arna fhormheas ag Foraithne Uachtarán na hÚcráine dar dáta an 21 Aibreán 2022, Uimh, 266/2022). Ar thaobh an Aontais Eorpaigh, in 2014 bhunaigh an Coimisiún Eorpach Grúpa Tacaíochta don Úcráin chun tacú le hathchóirithe sa tír.