AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.4.2022
COM(2022) 173 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an dul chun cinn a rinneadh chun Treoir 2009/71/Euratom lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht na suiteálacha núicléacha arna leasú le Treoir 2014/87/Euratom a chur chun feidhme
{SWD(2022) 107 final}
I.
RÉAMHRÁ
Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht na suiteálacha núicléacha, céim mhór ab ea í i dtreo creat sábháilteachta núicléiche atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach laistigh den Aontas Eorpach.
I ndiaidh thimpiste núicléach Fukushima in 2011, le Treoir 2014/87/Euratom ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (gairtear ‘an Treoir’ anseo feasta ar Threoir 2009, arna leasú in 2014) neartaíodh creat dlíthiúil sábháilteachta núicléiche an Aontais mar fhreagairt ar shainordú a thug an Chomhairle Eorpach. Leis an Treoir, daingníodh na forálacha a bhí ann cheana agus tugadh isteach ceanglais nua lena ndírítear ar neamhspleáchas rialála agus ar chuspóir sábháilteachta núicléiche ardleibhéil uile-Aontais darb aidhm:
-Cumhachtaí agus neamhspleáchas na n‑údarás rialála inniúil a neartú, mar shampla trí bhíthin forálacha maidir le hacmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha nó trí choinbhleachtaí leasa a chosc agus a réiteach.
-Timpistí a chosc agus, i gcás timpistí, a n‑iarmhairtí a mhaolú agus scaoileadh radaighníomhach luath agus mór a sheachaint.
Ina theannta sin, cumhdaítear na nithe seo a leanas leis na leasuithe:
-An trédhearcacht a mhéadú trí fhaisnéis phoiblí, ó na húdaráis rialála agus ó na sealbhóirí ceadúnais, a sholáthar maidir le gnáthdhálaí oibríochta, teagmhais agus timpistí agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar idir rialaitheoirí.
-Deiseanna rannpháirtíochta poiblí a sholáthar maidir leis an gcinnteoireacht a bhaineann le suiteálacha núicléacha a cheadúnú.
-An cuspóir sábháilteachta núicléiche a chur chun feidhme trí dhomhainchosaint agus trí bhearta chun cultúr sábháilteachta núicléiche éifeachtach a chur chun cinn agus a fheabhsú.
-Measúnú suiteáil-sonrach tosaigh a dhéanamh a fhorlíontar le hAthbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta, gach 10 mbliana ar a laghad.
-Ceanglais shonracha a achtú maidir le bainistiú timpiste agus le hullmhacht agus freagairt ar an láthair i gcás éigeandála.
-Córas Eorpach Athbhreithnithe Téamacha Piaraí a bhunú, athbhreithnithe a dhéantar gach 6 bliana ar a laghad.
Leis an Treoir, ceanglaíodh ar na Ballstáit an dara babhta de thuarascálacha náisiúnta, arbh é an ceann deiridh é, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 22 Iúil 2020; chomhlíon na Ballstáit uile an oibleagáid sin faoi dheireadh 2020. An dara Tuarascáil seo ar Dhul Chun Cinn don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa, glacann an Coimisiún í de bhonn Airteagal 9(2) den Treoir.
Leis an dara tuarascáil seo ar dhul chun cinn, a rinneadh breis agus 10 mbliana tar éis thimpiste núicléach Fukushima, aithnítear an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit chun an Treoir a chur chun feidhme. An tráth céanna, sainaithnítear réimsí léi nár baineadh amach go hiomlán i leith na mórathruithe sa chreat rialála agus cleachtais a beartaíodh leis an Treoir. Tá feabhsuithe breise sna réimsí sin inmhianaithe agus chuige sin, leis an tuarascáil reatha, cuirtear roinnt barúlacha i láthair atá dírithe ar na Ballstáit (ranna II agus III maidir le rialachas sábháilteachta núicléiche agus sábháilteacht suiteálacha núicléacha, faoi seach), ar torthaí iad ar na dea-chleachtais agus na dúshláin a sainaithníodh sa mheastóireacht agus ar barúlacha iad a fhreagraíonn do réimsí téamacha na Treorach agus lenar tugadh aird chuí ar shonraíochtaí náisiúnta. Agus na barúlacha sin á gcur san áireamh, leis an tuarascáil seo déantar príomh‑mholtaí sonracha (roinn IV maidir le conclúidí agus an bealach chun cinn) i gcásanna ina bhfuil deis gníomhaíocht a dhéanamh amach anseo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun feabhas leanúnach a chur ar an tsábháilteacht núicléach san Aontas.
Tá an tuarascáil ag brath go príomha ar mheasúnú a rinne seirbhísí an Choimisiúin ar thuarascálacha náisiúnta 2020. Mar sin féin, chun léargas leathan ar shábháilteacht núicléach san Aontas a áirithiú, cuirtear foinsí breise san áireamh sa tuarascáil freisin, go háirithe bearta náisiúnta a rinne na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí; torthaí na measúnuithe cuimsitheacha riosca agus sábháilteachta (‘Tástálacha Struis an Aontais’) a rinneadh ar ghléasraí cumhachta núicléiche san Aontas agus torthaí an chéad Athbhreithnithe Théamaigh Piaraí; torthaí athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta; saincheisteanna a tharraing saoránaigh an Aontais agus institiúidí eile an Aontais anuas trí bhíthin gearán, achainíocha agus ceisteanna; torthaí staidéar coimisiúnaithe.
Gabhann Doiciméad Inmheánach Oibre leis an tuarascáil agus tugann sé tacaíocht di. Mionsonraítear ann na measúnuithe téamacha ar na cuir chuige náisiúnta a cuireadh i gcrích (agus atá comhtháthaithe sa tuarascáil) agus tugtar forbhreathnú ar na cineálacha suiteálacha núicléacha, mar a thuairiscigh na Ballstáit iad.
II.
RIALACHAS SÁBHÁILTEACHTA NÚICLÉICHE (Airteagail 4, 5, 7 agus 8 den Treoir)
2.1.CREAT REACHTACH, RIALÁLA AGUS EAGRAÍOCHTÚIL NÁISIÚNTA (Airteagal 4)
Tá creataí náisiúnta ag na Ballstáit uile chun na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir a dhéanamh, creataí a bhfuil éagsúlacht mhór raon feidhme agus leibhéil sonraí ag baint leo, ag brath ar na próifílí núicléacha náisiúnta.
Le hathbhreithniú ar leithdháileadh na bhfreagrachtaí léirítear go gcomhchruinnítear na hinniúlachtaí sábháilteachta núicléiche in aon údarás rialála amháin i dtromlach na mBallstát, ach go gcomhroinntear croí‑inniúlachtaí rialála (ceapadh rialacha, ceadúnú, measúnú, iniúchadh agus forfheidhmiú) ar níos mó ná eintiteas amháin i roinnt eile acu. Thairis sin, oibríonn na rialaitheoirí i gcomhar le haireachtaí agus údaráis eile, agus téann siad i gcomhar le húdaráis réigiúnacha nó áitiúla chomh maith. Mar sin féin, níl leithdháileadh soiléir na bhfreagrachtaí sábháilteachta núicléiche idir na comhlachtaí náisiúnta éagsúla iomlán follasach i roinnt tuarascálacha náisiúnta.
Tá ceanglais sábháilteachta núicléiche náisiúnta ag na Ballstáit, ceanglais neamhspleácha nó ceanglais atá nasctha le forálacha cosanta ar radaíocht. I bhformhór na gcásanna, tá na ceanglais sin ionchorpraithe i ngníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, cé go mbíonn ról go hiondúil ag ionstraimí ina dhiaidh sin, nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí (e.g. moltaí, treoirlínte), i mionsonraí breise agus treoraíocht chur chun feidhme a sholáthar. Go ginearálta, leis na ceanglais sin tugtar aghaidh ar chéimeanna uile shaolré na suiteálacha núicléacha mar a cheanglaítear leis an Treoir.
Tá córais cheadúnaithe ag na Ballstáit uile agus toirmeasc ar shuiteálacha núicléacha a oibriú gan cheadúnas. Ní hionann na próisis cheadúnaithe ó thír go tír agus baineann na príomhdhifríochtaí le ról an údaráis rialála, leis na cineálacha doiciméad is gá don iarratas agus leis na céimeanna den tsaolré a chumhdaítear leis an gceadúnas/leis na ceadúnais. Tugtar tuairisc freisin ar na nósanna imeachta maidir le ceadúnais a mhodhnú agus a athnuachan.
Tá córais rialaithe rialála ag na Ballstáit a chuireann na húdaráis rialála i gcrích ar bhonn leanúnach agus iad á dtacú ag nósanna imeachta, straitéisí, pleananna agus socruithe leantacha. Tá an faireachán sin á dtacú ag sásraí forfheidhmithe lena dtugtar aghaidh ar sháruithe a shainaithnítear. Mar aon le rialaitheoirí, d’fhéadfadh comhlachtaí forfheidhmithe dlí eile a bheith rannpháirteach ann. A mhéid a bhaineann le smachtbhannaí, leanann formhór na mBallstát cur chuige grádaithe, ó rabhadh a thabhairt go ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm, nó fíneálacha nó smachtbhannaí coiriúla fiú, ag brath ar a thromchúisí atá an sárú.
Barúlacha
·I gcás ina bhfuil roinnt údarás rannpháirteach i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú cheanglais na Treorach, chuirfeadh leithdháileadh freagrachtaí atá soiléir, cuíchóirithe agus dea-dhoiciméadaithe feabhas ar shoiléireacht maidir le comhroinnt na gcúraimí chun aon easnamh nó dúbailt mhíchuí a sheachaint.
·Le comhar treisithe i measc údaráis rialála maidir le cleachtais cheadúnaithe, cé nach gceanglaítear é go sonrach leis an Treoir, d’fhéadfaí tairbhí a chur ar fáil do chách trí chomóntachtaí féideartha a shainaithint chun comhsheasmhacht agus an úsáid is fearr acmhainní a chur chun cinn.
2.2.
ÚDARÁS RIALÁLA INNIÚIL (Airteagal 5)
Údarás Rialála láidir a bhfuil neamhspleáchas éifeachtach aige ó thionchar míchuí sa chinnteoireacht rialála, is ceanglas bunúsach é chun ardleibhéal sábháilteachta núicléiche a bhaint amach. Leis an Treoir, ceanglaítear go n‑áirithítear neamhspleáchas rialála trí bhíthin deighilt feidhmeanna, éagmais treoracha seachtracha, cinntí daingne agus trédhearcacha, acmhainní airgeadais agus daonna iomchuí, agus seachaint coinbhleachtaí leasa.
Ní hionann stádas dlíthiúil agus struchtúr na n‑údarás rialála ó Bhallstáit go Ballstáit, a sainaithníodh trí phríomhscéim eagraíochtúla ina dtaobh, eadhon rialaitheoirí ina n‑údaráis neamhspleácha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus bealaigh thuairiscithe leis an Rialtas/leis an Uachtarán/leis an bPríomh‑Aire acu; rialaitheoirí ina n‑údaráis neamhspleácha atá á maoirsiú ag Aireacht nach bhfuil baint aici le fuinneamh núicléach a chur chun cinn nó a úsáid; agus rialaitheoirí ina gcodanna dílse d’Aireacht nach bhfuil baint aici le fuinneamh núicléach a chur chun cinn nó a úsáid, a bhfuil sainordú beacht acu agus freagrachtaí ar leith orthu. Leis an méid thuas, is léir maidir leis na Ballstáit a roghnaigh an chéad scéim go bhfeictear dóibh na tairbhí ní hamháin as deighilt feidhmeanna, ach as deighilt dhlíthiúil ó aon struchtúr rialtais chomh maith.
An éagmais treoracha, is toradh í ar thoirmisc shainráite sa chomhthéacs sin nó, go hindíreach, is toradh í a eascraíonn as an ollstruchtúr rialála foriomlán.
Bunaítear na cinntí rialála ar fhorálacha sábháilteachta núicléiche lena n‑ionchorpraítear ceanglais idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí oibriúcháin. Áirítear trédhearcacht trí bhíthin raidhse leathan uirlisí cumarsáide, amhail suíomhanna gréasáin; tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí; foilsiú doiciméad a bhaineann le sábháilteacht, amhail cinntí rialála agus tuarascálacha cigireachta; na meáin shóisialta; preaseisiúintí; cruinnithe le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis áitiúla, agus comhairliúcháin phoiblí.
I dtaobh acmhainní airgeadais na rialaitheoirí, sainaithnítear dhá phríomhshamhail mhaoiniúcháin, ceann amháin ag brath ar bhuiséad stáit, agus an ceann eile ag brath ar mheascán de chistí buiséid agus aisghabháil costas tabhaithe ó oibreoirí. Den chuid is mó, is le linn chéim phleanála na riachtanas agus le linn chur chun feidhme neamhspleách na gcistí cionroinnte a bhíonn na rialaitheoirí rannpháirteach. Tá formhór na mBallstát ag brath ar na nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta ginearálta. I roinnt cásanna, sonraítear féidearthachtaí maidir le hacmhainní breise a iarraidh nó clásail sholúbthachta. Tuairiscítear trédhearcacht ar an gcaiteachas buiséid i roinnt cásanna trí bhíthin foilsiú tuarascálacha bliantúla nó conclúidí iniúchta. Mar sin féin, is líon beag Ballstát a leagann síos forálacha sonracha lena gceanglaítear go bhfuil na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear iomchuí chun na dualgais rialála a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá gá le hobair leantach ar an tsaincheist sin chun cur chun feidhme éifeachtach fhorálacha na Treorach a áirithiú.
Maidir le hacmhainní daonna na rialaitheoirí, de ghnáth bíonn príomhról ag rialaitheoirí i meastóireacht a dhéanamh ar a riachtanais féin agus, más gá, in acmhainní breise a iarraidh. Maidir le cáilíochtaí foirne, sainaithníodh roinnt treochtaí coitinn amhail coinníollacha oideachais agus saineolais tráth na hearcaíochta, oiliúint tosaigh le haghaidh nuatheachtaithe, agus oiliúint leanúnach trí bhíthin meascán d’fhoinsí inmheánacha agus d’fhoinsí seachtracha. De ghnáth, úsáidtear saineolas seachtrach chun tacú le cinntí rialála. Cuireann roinnt Ballstát i dtábhacht na deacrachtaí atá acu foireann cháilithe agus/nó leordhóthanach a mhealladh agus a choinneáil. Mar an gcéanna leis na hacmhainní airgeadais, d’fhéadfaí na ceanglais maidir le líon leordhóthanach foirne, a bhfuil cáilíochtaí agus oiliúint iomchuí orthu, a bheith ag na rialaitheoirí a shonrú níos fearr i roinnt Ballstát agus b'fhiú obair leantach bhreise a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas sin. Le tarraingteacht mhéadaithe na gcoinníollacha fostaíochta sna húdaráis rialála a chur chun cinn, d’fhéadfaí feabhas a chur ar chúrsaí maidir le foireann a bhfuil cáilíochtaí agus saineolas iomchuí acu a earcú agus a choinneáil.
I dtaobh na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a réiteach, ar an mórgóir cumhdaíonn na Ballstáit iad sna bearta creata ginearálta atá ann le haghaidh gach státseirbhíseach. Cé gur ghlac roinnt Ballstát ceanglais níos sonraí atá infheidhme maidir leis na húdaráis rialála, tá éagsúlachtaí ann maidir le feidhm dhlíthiúil agus leibhéal mionsonraithe na gceanglas sin. Go háirithe, i roinnt mhaith cásanna ní thugtar aghaidh dhíreach sna rialacha tiomnaithe ar uainíocht foirne, a bhfuil freagracht feidhmiúcháin orthu, idir an tionscal núicléach agus na rialaitheoirí ná ar úsáid saineolais sheachtraigh.
Maidir le scaipeadh faisnéise a bhaineann le sábháilteacht núicléach ag na húdaráis rialála gan imréiteach ó chomhlachtaí eile, mínítear é go soiléir sa reachtaíocht náisiúnta nó tá sé intuigthe ón leagan amach institiúideach.
Maidir lena gcúraimí rialála príomha, tá na rialaitheoirí rannpháirteach, ar bhealach difriúil, i gceanglais sábháilteachta núicléiche náisiúnta a fhoirmliú, ag brath ar ollstruchtúr an chórais náisiúnta dlí. Tá na rialaitheoirí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas sin ar an láthair trína gcumhachtaí a fheidhmiú chun measúnuithe rialála agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh.
Barúlacha
·I gcás nach ann dóibh go fóill, bheadh údaráis rialála atá ina n‑eintitis dhlítheanacha neamhspleácha, atá deighilte go dlíthiúil ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, ina chéim bhreise chun neamhspleáchas rialála a neartú.
·Chuirfí lena n‑inniúlachtaí rialála ach forálacha dlíthiúla sonracha a bheith ann lena gceanglófaí go mbeadh acmhainní airgeadais agus daonna (sa dara cás, ó thaobh líon foirne agus ó thaobh cáilíochtaí de) leordhóthanacha agus tiomnaithe ar fáil ag na rialaitheoirí, forálacha arna dtacú ag sásraí, critéir agus nósanna imeachta éifeachtacha. D’fhéadfaí neartú breise a dhéanamh ar bhearta den sórt sin trí bhíthin sásraí solúbthachta lena bhféadfadh rialaitheoirí acmhainní breise a fháil i gcás ualach oibre breise nó i gcás imthosca gan choinne, amhail freagairtí ar eachtraí sábháilteachta núicléiche nó éigeandálaí neamhnúicléacha.
·Chuirfí le trédhearcacht agus neamhspleáchas na n‑údarás rialála ach ceanglais dhlíthiúla a bheith ann lena sainmhíneofaí, maidir le daoine a bhfuil freagrachtaí feidhmiúcháin orthu laistigh de na rialaitheoirí, na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na fáthanna maidir lena gceapadh, lena gcur ar fionraí agus lena mbriseadh as a bpost.
Maidir le daoine a bhfuil freagrachtaí feidhmiúcháin acu sna rialaitheoirí, d’fhéadfaí athmheas a dhéanamh maidir lena gceapadh ina n‑ionadaithe in eintitis bhainistíochta nó mhaoirseachta na gceadúnaithe; má choinnítear cuir chuige den sórt sin, rachaidh tacar rialacha tiomnaithe lena gcumhdófar coinbhleachtaí leasa chun tairbhe dóibh.
·Chabhrófaí le neamhspleáchas agus cuntasacht na rialaitheoirí a neartú i dtaobh cinnteoireachta ach rialacha agus nósanna imeachta sonracha a bheith ann maidir le coinbhleacht leasa, agus iad curtha in oiriúint do na húdaráis rialála, chun aghaidh a thabhairt ar uainíocht foirne a bhfuil freagracht feidhmiúcháin orthu idir an tionscal núicléach agus na rialaitheoirí (sa dá threo) agus úsáid saineolais sheachtraigh, mar shampla.
2.3.
SAINEOLAS AGUS SCILEANNA I SÁBHÁILTEACHT NÚICLÉACH (Airteagal 7)
Leagann na Ballstáit síos ceanglais maidir le hoideachais agus oiliúint go príomha le haghaidh na n‑údarás rialála agus na gceadúnaithe (lena n‑áirítear conraitheoirí agus fochonraitheoirí) trí bhíthin cláir oiliúna inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta; áirítear leis sin an téama a bhaineann le freagairt ar an láthair i gcás éigeandála. Cuireann roinnt Ballstát i dtábhacht an dúshláin a bhaineann le dul in aois agus dul ar scor lucht saothair reatha an tionscail núicléiche agus na deacrachtaí a bhaineann le baill foirne nua a earcú; tá réitigh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin á lorg, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus forbairt curaclam ollscoile.
Barúil
·I gcomhthéacs dhul in aois an lucht saothair sa réimse núicléach, rannchuideofaí le heolas a bhaineann le sábháilteacht núicléach a chaomhnú agus a aistriú ach pleanáil acmhainní daonna chórasach fadtéarmach a chur chun feidhme, pleanáil arna spreagadh ag meastóireacht ar riachtanais reatha an chláir núicléach agus ar na riachtanais a bheidh aige feasta, arna tacú ag gníomhaíochtaí chun daoine cumasacha nua a choinneáil agus a mhealladh agus ag comhpháirtíochtaí oideachais agus oiliúna.
2.4.
TRÉDHEARCACHT (Airteagal 8)
I bhformhór na gcásanna, d’achtaigh Ballstáit forálacha dlíthiúla sonracha, lena gcuirtear ar chumas na n‑údarás rialála agus na gceadúnaithe faisnéis a bhaineann le sábháilteacht núicléach a scaipeadh, mar chomhlánú ar an reachtaíocht ghinearálta maidir leis an gceart i dtaobh saor-rochtain ar fhaisnéis.
Úsáideann an dá ghníomhaí raon leathan modhanna chun faisnéis a scaipeadh, i gcás gnáthdhálaí oibríochta agus i gcás teagmhas nó timpistí araon, trí úsáid socruithe náisiúnta arna gcomhlánú ag comhaontuithe comhair idirnáisiúnta, réigiúnacha agus déthaobhacha.
Tá roinnt údarás rialála rannpháirteach i gcomhar rialála feabhsaithe, amhail gníomhaíochtaí trasteorann, comhchigireachtaí, idirmhalartuithe pearsanra, rannpháirtíocht fhrithpháirteach saineolaithe i ngníomhaíochtaí pleanála éigeandála náisiúnta, gníomhaíochtaí comhchoiteanna oiliúna.
Na Ballstáit uile a bhfuil suiteálacha núicléacha acu, tá nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun dul i gcomhairle leis an bpobal le linn na bpríomhchéimeanna ceadúnaithe, go háirithe maidir le lonnú, tógáil agus díchoimisiúnú. Mar sin féin, de ghnáth, déantar na comhairliúcháin sin i gcomhthéacs reachtaíocht chomhshaoil an Aontais maidir le Measúnuithe ar an Tionchar ar an gComhshaol nó i gcomhthéacs conarthaí 'comhshaoil’ idirnáisiúnta, amhail Coinbhinsiún Espoo agus Coinbhinsiún Aarhus. Dá bharr sin, is féidir éiginnteacht a bheith ann maidir le cumhdach gach gné atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de. Déanann líon beag Ballstát comhairliúcháin phoiblí a bhaineann le sábháilteacht núicléach go sonrach, lena n‑áirítear comhairliúcháin i ndáil le mórathruithe oibríochta nó i ndáil le cinntí maidir le hoibriú fadtéarmach.
D’fhorbair na Ballstáit módúlachtaí comhairliúcháin éagsúla, mar shampla, fógraí sa phreas lena iarrtar freagraí laistigh de spriocanna soiléire, achoimrí neamhtheicniúla, éisteachtaí poiblí, painéil saineolaithe neamhspleácha, eagraíochtaí atá tiomnaithe chun faisnéis a sholáthar don phobal agus tuarascálacha maidir leis an gcaoi ar cuireadh barúlacha an phobail san áireamh.
Barúlacha
·D’fhéadfaí rannchuidiú tuilleadh le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas na mbeart rialála, lena n‑áirítear i gcás teagmhas agus timpistí, ach an comhar idir na húdaráis rialála a fheabhsú, go háirithe idir tíortha comharsanacha, trí, inter alia, chleachtaí comhpháirteacha rialta a eagrú lena gcumhdófaí malartú faisnéise agus socruithe oibríochta.
·D’fhéadfaí éifeachtacht rannpháirtíochta an phobail maidir le cúrsaí sábháilteachta núicléiche a neartú ach próiseas comhairliúcháin phoiblí neamhspleách a bheith ann maidir le ceadúnú suiteálacha núicléacha ó thaobh na sábháilteachta núicléiche de.
III.
SÁBHÁILTEACHT SUITEÁLACHA NÚICLÉACHA (Airteagail 6, 8a – 8e den Treoir)
3.1.
SEALBHÓIRÍ CEADÚNAIS (Airteagal 6)
Cé go ndeimhníonn na Ballstáit uile a bhfuil suiteálacha núicléacha acu go sanntar lena gcreataí náisiúnta an phríomhfhreagracht maidir le sábháilteacht núicléach chuig an gceadúnaí, soláthraítear níos lú mionsonraí a mhéid a bhaineann le freagracht an cheadúnaithe maidir le gníomhaíochtaí conraitheoirí agus fochonraitheoirí, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht suiteála núicléiche.
Na Ballstáit a bhfuil suiteálacha núicléacha acu, tá próisis éagsúla i bhfeidhm acu chun go ndéanfaidh ceadúnaithe measúnú rialta ar shábháilteacht agus chun go gcuirfidh siad feabhas leanúnach uirthi, mar shampla trí bhíthin cigireacht agus cothabháil chórasach a dhéanamh ar threalamh a bhaineann le sábháilteacht, Athbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta a chur chun feidhme gach 10 mbliana, meastóireacht chórasach a dhéanamh ar eachtraí, aiseolas ar thaithí oibriúcháin, athbhreithniú rialála, agus faireachán ar chomhlíonadh. Tá cur i bhfeidhm phrionsabail na domhainchosanta ina chuid dhílis den taispeántas sábháilteachta. Cur chun feidhme leibhéil tagartha an Chomhlachais Eorpaigh Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach; torthaí ó athbhreithnithe piaraí Eorpacha (Tástálacha Struis an Aontais agus Athbhreithnithe Téamacha Piaraí), athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta (e.g. Comhlachas Domhanda na nOibreoirí Núicléacha, Gnéithe Sábháilteachta a bhaineann le hOibriú Fadtéarmach), déantar tagairt dóibh freisin i roinnt de na tuarascálacha.
Leagann roinnt Ballstát amach treoracha rialála dírithe ar na ceadúnaithe, lena gcumhdaítear téamaí gaolmhara amhail fíorú coinníollacha gléasra, bainistíocht aosaithe comhpháirteanna, Athbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta, measúnuithe sábháilteachta dóchúlaíocha agus cinnteachaíocha, Timpistí Lasmuigh den Toise, guaiseacha inmheánacha agus guaiseacha seachtracha, chomh maith le rioscaí maidir le damáiste don chroíleacán agus scaoileadh substaintí radaighníomhacha. Mar sin féin, tá éagsúlachtaí modheolaíochta ann.
I dtaobh acmhainní airgeadais agus daonna na gceadúnaithe, is ilghnéitheach na bearta a ghlac na Ballstáit agus áirítear leo seiceálacha maidir le hinmharthanacht airgeadais na gceadúnaithe sula mbronntar an ceadúnas agus go tráthrialta; sainmhíniú ar fheidhmeanna ríthábhachtacha sábháilteachta agus ar an leibhéal oideachais agus oiliúna is gá; coinníollacha ceadúnais sonracha maidir le hacmhainní daonna agus airgeadais araon; ceanglais maidir le córais bhainistíochta na gceadúnaithe; athbhreithniú ar athruithe foirne / eagraíochtúla a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tsábháilteacht; ceanglais maidir le conraitheoirí. Chuir roinnt Ballstát in iúl go gcuireann siad acmhainní airgeadais ar leataobh chun gach céim den tsaolré shuiteála a chumhdach.
Barúlacha
·Sholáthrófaí soiléireacht maidir leis an gcuntasacht agus an fhreagracht i dtaobh sábháilteachta agus chuirfí feabhas ar chur chun feidhme na sábháilteachta ar an láthair nuair a bhíonn conraitheoireacht ann ach sainmhíniú soiléir a dhéanamh ar fhreagracht na gceadúnaithe maidir le gníomhaíochtaí conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhaineann leo.
·Bheadh sé tairbheach taithí a roinnt i measc údaráis rialála maidir le cleachtais náisiúnta i dtaobh measúnuithe sábháilteachta a dhéanamh agus i dtaobh treoracha rialála atá bunaithe ar dhea-chleachtais a fhorbairt.
·Ach faisnéis agus taithí a mhalartú idir na húdaráis rialála maidir lena gcuir chuige chun leordhóthanacht acmhainní airgeadais na gceadúnaithe a sheiceáil, chabhrófaí lena n‑acmhainneachtaí measúnaithe i dtaobh an téama sin a mhéadú.
3.2.
CUSPÓIR SÁBHÁILTEACHTA NÚICLÉICHE AGUS A CHUR CHUN FEIDHME
(Airteagail 8a agus 8b)
I bhfianaise an dul chun cinn teicniúil a baineadh amach ar an leibhéal idirnáisiúnta trí bhíthin fhorálacha na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) agus an Chomhlachais Eorpaigh Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach agus ag freagairt do na ceachtanna a foghlaimíodh ó thimpiste núicléach Fukushima agus ó Thástálacha Struis an Aontais, ceanglaítear leis an gcuspóir sábháilteachta núicléiche go ndeartar, go lonnaítear, go dtógtar, go gcoimisiúnaítear, go n‑oibrítear agus go ndíchoimisiúnaítear suiteálacha núicléacha chun go gcoisctear timpistí agus, i gcás timpistí, chun go maolófar a n‑iarmhairtí agus go seachnófar scaoileadh radaighníomhach luath agus mór. Tá feidhm iomlán ag an gcuspóir sin maidir le gach suiteáil núicléach nua agus ní mór é a úsáid mar thagairt i dtaobh suiteálacha atá ann cheana, trí fheabhsuithe sábháilteachta atá réasúnta infheidhmithe a chur chun feidhme go tráthúil. Cultúr sábháilteachta núicléiche éifeachtach ar thaobh na rialaitheoirí agus ar thaobh na gceadúnaithe, chomh maithe le domhainchosaint, tá siad bunúsach i gcur chun feidhme an chuspóra agus, ar an gcaoi sin, in ardleibhéal sábháilteachta núicléiche agus feabhas leanúnach ar an leibhéal sábháilteachta sin a bhaint amach.
Ar an mórgóir, ghlac na Ballstáit a bhfuil suiteálacha núicléacha acu na ceanglais a fhreagraíonn don chuspóir sábháilteachta núicléiche ar leibhéal ard, agus aithris á déanamh acu ar fhoclaíocht na Treorach. Mar sin féin, ní hionann cuir chuige cur chun feidhme na mBallstát, a bhfuil roinnt cásanna ina measc ina dtacaítear le cur chun feidhme le rialacháin níos mionsonraithe agus treoraíocht rialála lena leagtar síos léiriú cainníochtúil na dtéarmaí nó lena sainítear critéir rialála lena léiriú. Roinnt tíortha - go háirithe iad siúd atá ag tabhairt faoi ghléasraí chumhachta núicléiche a thógáil, tagraíonn siad do thrasuí, i rialacháin náisiúnta, na gcuspóirí sábháilteachta le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche nua arna leagadh síos ag an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach, ina n‑iarrtar go sainráite ‘cur as an áireamh praiticiúil’ maidir le timpistí leá croíleacáin a mbeadh scaoileadh luath nó mór mar thoradh orthu.
Tá éagsúlachtaí sna cuir chuige i leith cosc timpistí a léiriú agus a chainníochtú agus scaoileadh luath agus mór a sheachaint. Cé go ndíríonn roinnt tíortha ar sheichimh thimpiste a mbeadh scaoileadh luath nó mór mar thoradh orthu a sheachaint, déanann roinnt eile acu tagairt don scaoileadh radaighníomhach iarmhartach a sheachaint. Úsáideann roinnt eile acu leaganacha i bhfad níos sine den choincheap maidir le cur as an áireamh praiticiúil, lenar díríodh go príomha ar scaoileadh luath‑mór. I dtéarmaí cainníochtaithe, sainmhíníonn roinnt Ballstát critéir i dtéarmaí na dteorainneacha scaoilte radaighníomhaigh, siúd gur gá i gcás roinnt eile acu anailís lena léirítear go gcomhlíontar na critéir riosca agus na teorainneacha dáileoige raideolaíche iarmhartaí. Ó thaobh theicníc an dlí de, i roinnt cásanna, cuimsítear na forálacha ábhartha lena dtrasuitear an cuspóir sábháilteachta núicléiche i líon mór ionstraimí éagsúla, rud a chruthaíonn bloghadh a bhfuil tionchar aige ar shoiléireacht agus deimhneacht maidir leis an gcaoi ar cheart an cuspóir a chur i bhfeidhm go náisiúnta.
Maidir leis an nglúin nua imoibreoirí cumhachta atá á gceadúnú faoi láthair lena dtógáil san Aontas, de réir thuarascálacha na mBallstát, dearadh iad le riar láidir gnéithe sábháilteachta chun timpistí tromchúiseacha a chosc agus chun a n‑iarmhairtí a mhaolú agus, ar an gcaoi sin, chun scaoileadh mór radaighníomhach a sheachaint.
Maidir leis na breis agus 100 imoibreoir cumhachta atá ann cheana, cuireann na Ballstáit in iúl gur sainaithníodh feabhsuithe sábháilteachta atá réasúnta infheidhmithe agus cuireadh chun feidhme iad, mar a cheanglaítear leis an Treoir. Áirítear i samplaí na mbeart, úsáid córas sábháilteachta i mbuncar, gléasanna éighníomhacha athchuingrithe hidrigine, aerála coimeádta scagtha, agus nósanna imeachta maidir le bainistiú timpiste. Trí threalamh feistithe breise agus trealamh soghluaiste breise a úsáid agus bearta nós imeachta atá bunaithe ar thorthaí Thástálacha Struis an Aontais, agus mar thoradh ar Athbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta a rinneadh le déanaí, tá méadú breise fós déanta ar dhaingne na suiteálacha.
Míníonn roinnt Ballstát nach bhfuil sé indéanta critéir chuimsitheacha agus shoiléire a cheapadh chun feabhsuithe sábháilteachta atá réasúnta infheidhmithe a chinneadh, agus nach mór meastóireacht a dhéanamh ar fheabhsuithe den sórt sin agus ar a dtráthúlacht ar bhonn cás ar chás. Níor roghnaigh ach líon beag Ballstát dul níos faide agus ceanglais nó treoraíocht rialála níos mionsonraithe a fhorbairt, lena n‑ionchorpraíodh ar an mórgóir spriocanna cainníochtúla nó critéir dheartha. Dá bhrí sin, maidir le héagsúlachtaí i gcuir chuige na mBallstát i leith feabhsuithe sábháilteachta a chur chun feidhme, agus forbairt chuir chuige níos córasaí chun measúnú a dhéanamh ar cad is réasúnta infheidhmithe ann, d’fhéadfadh siad a bheith ina dtéamaí le haghaidh tuilleadh oibre.
Bearta domhainchosanta agus íoslaghdú thionchair na nguaiseacha nádúrtha seachtracha foircneacha agus na nguaiseacha neamhbheartaithe de dhéanamh an duine, cuirtear iad chun feidhme de réir na gcaighdeán agus na treoraíochta arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus ag an gComhlachas Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach, agus tá feidhm ag coincheap níos forbartha maidir le himoibreoirí nua.
An dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Thástálacha Struis iar-Fukushima an Aontais
Thart ar 11 mbliana tar éis thimpiste Fukushima tá roinnt Ballstáit ann nach bhfuil cur i gcrích a bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta iar-Fukishima tuairiscithe acu go fóill. Baineann cuid de na gníomhaíochtaí oscailte le feabhsuithe móra sábháilteachta e.g. lárionad rialaithe éigeandála, bearta breise fuaraithe, róbhrú coimeádta a chosc, soláthar cumhachta éigeandála, treisiú seismeach, saoráid stórála breosla spíonta. Rinne na Ballstáit lena mbaineann tuarascáil do Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach ag deireadh 2021 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh chun na gníomhaíochtaí atá fós le réiteach a réiteach. Eiseoidh Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach tuarascáil stádais in 2022.
Barúlacha
·Ach an chomhthuiscint i measc údaráis rialála a mhéadú ar na modhanna chun seachaint scaoilte luaith agus mhóir a léiriú trí na cuir chuige náisiúnta éagsúla a roinnt le chéile, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú maidir le cuir chuige chainníochtúla agus cháilíochtúla lena léirítear seachaint scaoilte den sórt sin, á dhíriú ar an gcéad dul síos ar chritéir inghlacthachta raideolaíocha, rannchuideofaí le cur chun feidhme comhsheasmhach an chuspóra sábháilteachta núicléiche.
·Ach taithí a mhalartú i measc údaráis rialála maidir le cosúlachtaí agus éagsúlachtaí na n‑anailísí cás ar chás i leith chur i bhfeidhm an chuspóra sábháilteachta núicléiche, á dhíriú ar an gcinnteoireacht le haghaidh feabhsuithe sábháilteachta atá réasúnta infheidhmithe a shainaithint, neartófaí comhsheasmhacht agus trédhearcacht na gcur chuige rialála. Leis na malartuithe sin, d’fhéadfaí a chur san áireamh na cuir chuige náisiúnta chun feabhsuithe sábháilteachta a chur chun feidhme mar fhreagairt ar thorthaí Thástálacha Struis an Aontais.
·Ach córais bhainistíochta shonracha le haghaidh na n‑údarás rialála a fhorbairt agus a chur ar bhonn foirmiúil, i dteannta chórais na gceadúnaithe, rannchuideofaí le feabhas a chur ar chultúr sábháilteachta na rialaitheoirí.
3.3.
MEASÚNUITHE TOSAIGH AGUS ATHBHREITHNITHE TRÉIMHSIÚLA SÁBHÁILTEACHTA (Airteagal 8c)
A mhéid a bhaineann leis an measúnú tosaigh, cuireann formhór na mBallstát eolas ar fáil maidir leis na heilimintí nach mór a sholáthar sna tuarascálacha anailísí sábháilteachta a bhaineann le hiarratas ceadúnais tógála nó oibriúcháin.
Maidir leis na hAthbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta, tuairiscíonn na Ballstáit uile a bhfuil suiteálacha núicléacha acu go ndéantar athbhreithnithe 10 mbliana go córasach, agus caighdeáin nua/athbhreithnithe, agus forbairtí teicniúla agus eolaíocha á gcur san áireamh leo. Soláthraíonn roinnt Ballstát samplaí de bhearta a ghlacadh ag stáisiúin chumhachta núicléiche, lena n‑áirítear domhainchosaint a threisiú. Cé go luaitear in go leor cásanna na gnéithe sábháilteachta a leagtar síos i gcaighdeáin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus i leibhéil tagartha an Chomhlachais Eorpaigh Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach, ní sholáthraítear mórán sonraí ar mhodheolaíocht an phróisis athbhreithnithe, agus, go háirithithe, maidir leis an gcaoi a n‑úsáidtear an cuspóir sábháilteachta mar thagairt chun feabhsuithe sábháilteachta a shainaithint, lena n‑áirítear i gcomhthéacs oibrithe fhadtéarmaigh. Is beag Ballstát a thuairiscíonn ar bhearta a glacadh ag suiteálacha eile, amhail imoibreoirí taighde.
Barúil
·Ach faisnéis a mhalartú i measc údaráis rialála ar na cleachtais rialála a bhaineann le raon feidhme agus modheolaíochtaí na nAthbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta 10 mbliana, agus go sonrach maidir leis an gcaoi lena gcuirtear an cuspóir sábháilteachta núicléiche san áireamh go córasach, chuirfí feabhas ar éifeachtacht na bpróiseas náisiúnta agus mhéadófaí an chomhsheasmhacht idir na cuir chuige náisiúnta.
3.4.
ULLMHACHT AGUS FREAGAIRT AR AN LÁTHAIR I gCÁS ÉIGEANDÁLA (Airteagail 6(e) agus 8d)
Chuir na Ballstáit i dtábhacht go gcumhdaítear gach modh oibriúcháin agus timpiste leis na nósanna imeachta ullmhachta agus freagartha i gcás éigeandála. Cuireadh roinnt bearta i bhfeidhm maidir le staideanna éigeandála i ndiaidh thimpiste núicléach Fukushima, amhail acmhainneachtaí breise chun dul i ngleic le heachtraí nádúrtha guaiseacha a mbeadh lándorchú stáisiúin agus/nó caillteanas fuaraithe mar thoradh orthu, prótacail lena n‑eagraítear cúnamh frithpháirteach idir aonaid ar an láthair céanna nó foirne mearfhreagartha. Mar sin féin, ní thuairiscíonn gach Ballstáit go sonrach ar an gcaoi a dtugann siad aghaidh ar staideanna a dhéanann difear do roinnt aonad ag an am céanna, rud a bhí ina phríomhcheacht de bharr thimpiste núicléach Fukushima.
Tuairiscíonn na tíortha freisin, maidir lena bpleananna éigeandála ar an láthair chomh maithe lena gcomhordú agus lena gcomhsheasmhacht le socruithe náisiúnta ullmhachta agus freagartha i gcás éigeandála lasmuigh den láthair, go ndéanann na húdaráis ábhartha iad a thástáil agus a fhíorú go tráthrialta chun leormhaitheas na gcomhéadan, oiriúnacht an trealaimh éigeandála agus an iomarcaíocht ina leith, inniúlacht na foirne agus éifeachtacht na freagartha a áirithiú.
Barúil
·Ach tuilleadh forbartha a dhéanamh ar nósanna imeachta agus socruithe ullmhachta agus freagartha i gcás éigeandála, agus láithreacha ilaonaid á gcur san áireamh, dhéanfaí freagairt ar cheann de na ceachtanna a foghlaimíodh de bharr thimpiste núicléach Fukushima.
3.5.
ATHBHREITHNITHE PIARAÍ (Airteagal 8e)
An ceanglas maidir le hathbhreithniú piaraí idirnáisiúnta ar an gcreat náisiúnta agus ar an údarás rialála a lorg gach 10 mbliana, cuireadh tús leis an gceanglas sin ón spriocdháta chun Treoir 2009 a thrasuí i.e. 22 Iúil 2011 agus aontaíodh go gcuirfí chun feidhme é trí Sheirbhís Chomhtháite um Athbhreithniú Rialála na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, a dtugann an Coimisiún tacaíocht airgeadais di. Sa tréimhse 10 mbliana go dtí an 22 Iúil 2021 bhí, ar a laghad, misean tosaigh Seirbhíse Comhtháite um Athbhreithniú Rialála ceaptha a bheith déanta ag na Ballstáit uile. Faoi mhí an Mhárta 2022 bhí misean Seirbhíse Comhtháite um Athbhreithniú Rialála ina dtír féin ag gach Ballstát, cé gur chuir dhá Bhallstát a misean tosaigh Seirbhíse Comhtháite um Athbhreithniú Rialála siar ó 2020 go 2021 agus 2022 faoi seach de dheasca phaindéim COVID-19. Thairis sin, d’eagraigh beagnach gach Ballstát - seachas trí cinn acu - misin leantacha Seirbhíse Comhtháite um Athbhreithniú Rialála, a mholtar a dhéanamh tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis an mhisin tosaigh. Cé go bhfoilsítear na tuarascálacha athbhreithnithe piaraí go córasach ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, ní chuirtear iad i bhfios don Choimisiún ar bhealach comhsheasmhach. De thoradh na 28 misean Seirbhíse Comhtháite um Athbhreithniú Rialála a rinneadh ó 2015-2019 i mBallstáit an Aontais, bhí moltaí, comhairlí agus dea-chleachtais maidir le téamaí - amhail comhordú agus comhar i measc na n‑údarás, soláthar foirne agus inniúlacht na gcomhlachtaí rialála, córas bainistíochta an chomhlachta rialála a bhunú. Léirigh misin leantacha dul chun cinn maith i gcur chun feidhme na moltaí agus na gcomhairlí, rud a thaispeánann an luach atá le cur chuige an athbhreithnithe piaraí ó thaobh an leibhéal sábháilteachta núicléiche foriomlán a mhéadú.
Maidir le hAthbhreithnithe Téamacha Piaraí, shainaithin Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach bainistíocht aosaithe na stáisiún cumhachta núicléiche agus na n‑imoibreoirí móra taighde mar ábhar don chéad Athbhreithniú Téamach Piaraí a rinneadh in 2017-2018. Ghlac 16 Bhallstát ón Aontas chomh maith leis an Iorua, an Eilvéis agus an Úcráin páirt sa chleachtadh; bhí deiseanna ag an bpobal freisin a bheith rannpháirteach. Tharraing Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach suas Plean Gníomhaíochta
lena leagadh amach an obair leantacha ba ghá, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal na Ballstáit aonair araon. Dá réir sin, d’fhoilsigh na Ballstáit a bPleananna Ghníomhaíochta Náisiúnta um Athbhreithniú Téamach Piaraí faoi mhí Mheán Fómhair 2019, agus thug siad na pleananna sin cothrom le dáta in 2021, agus tugadh tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh sa tuarascáil achomair ó Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach i mí na Samhna 2021.. Tá an chead nuashonrú eile ar na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta le déanamh faoi dheireadh 2023, agus tuarascáil achomair ó Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach le déanamh ina dhiaidh sin faoi mhí na Bealtaine 2024. Le torthaí agus moltaí an Athbhreithnithe Théamaigh Piaraí, tugadh aghaidh ar chláir bhainistíochta aosaithe na gceadúnaithe agus go sonrach ar na tionchair aosaithe ar árthaigh bhrú imoibreora, ar cháblaí leictreacha, ar phíbobair cheilte agus ar fhoirgnimh coimeádta coincréite.
Roghnaigh Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach cosaint dóiteáin mar thopaic don dara Athbhreithniú Téamach Piaraí atá le déanamh in 2023-2024. Ba cheart na Téarmaí Tagartha agus na Sonraíochtaí Teicniúla a ghlacadh sa chéad leath de 2022.
Barúlacha
·Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh, neartófaí éifeachtacht an phróisis athbhreithnithe piaraí ach feabhas a chur ar chleachtadh an Athbhreithnithe Théamaigh Piaraí tríd an gcomhsheasmhacht a mhéadú i ndáil le torthaí teicniúla a shainaithint agus trí moltaí dúshlánacha a cheapadh chun dul i ngleic le barúlacha an athbhreithnithe piaraí.
·Tá rannpháirtíocht na mBallstáit nach bhfuil suiteálacha ábhartha acu sa phróiseas Athbhreithnithe Théamaigh Piaraí fíor-riachtanach, de bhrí gur ábhar uile-AE í an tsábháilteacht núicléach agus nach gcuireann teorainneacha náisiúnta srian leis an tionchar atá aici.
IV.
CONCLÚIDÍ AGUS AN BEALACH CHUN CINN
Is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil, tríd is tríd, leibhéal maith cur chun feidhme i dtaobh cheanglais na Treorach cé go bhféadfadh sé a bheith níos fearr, mar a thuairiscítear sna ranna roimhe seo sa tuarascáil seo agus mar a dtugtar achoimre orthu thíos.
Dul chun cinn follasach
Tá feabhas curtha ag na Ballstáit ar a socruithe reachtacha, eagraíochtúla agus rialála i ndáil le sábháilteacht núicléach trí neartú a dhéanamh ar an rialáil sábháilteachta núicléiche, agus trí bhearta a chur chun feidhme chun timpistí ag a suiteálacha núicléacha a chosc agus a mhaolú. Treisíodh neamhspleáchas agus cumhachtaí na n‑údarás rialála. Cuireadh feabhas ar an trédhearcacht i ndáil le hábhair shábháilteachta núicléiche, mar a léirítear i socruithe faisnéise agus comhair na mBallstát.
Tairbhíonn tógáil imoibreoirí nua san Aontas de ghnéithe deartha níos láidre arb é is aidhm dóibh timpistí tromchúiseacha a chosc agus a dtionchair a mhaolú, agus tá na stáisiúin chumhachta núicléiche atá ann cheana, arb iad tromlach na suiteálacha núicléacha oibriúcháin san Aontas iad, faoi réir feabhsuithe leanúnacha sábháilteachta, mar a cheanglaítear leis an Treoir. Ar an leibhéal náisiúnta, tá suiteálacha núicléacha faoi réir Athbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta arb é is aidhm dóibh an tsábháilteacht núicléach a mheasúnú, a fhíorú agus a fheabhsú le linn a saolré.
An chéad Athbhreithniú Téamach Piaraí, a bhí dírithe ar bhainistíocht aosaithe na n‑imoibreoirí, léirigh sé na tairbhí a bhaineann le comhar chun eolas a chomhroinnt agus dea-chleachtais a mhalartú. Léirigh na Ballstáit tiomantas freisin chun athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta ar a gcreata náisiúnta a lorg.
Chun freagairt do na ceachtanna a foghlaimíodh ó thimpiste núicléach Fukushima agus ó Thástálacha Struis an Aontais, ar an mórgóir, tá feabhsuithe móra sábháilteachta curtha chun feidhme ag na Ballstáit. Mar sin féin, thart ar 10 mbliana tar éis thimpiste Fukushima, níl cur chun feidhme roinnt feabhsuithe sábháilteachta curtha i gcrích go fóill ag roinnt Ballstát; dá bhrí sin, ba cheart na feabhsuithe sin atá fós le déanamh a chur chun feidhme mar ábhar tosaíochta.
Na dúshláin atá romhainn
Cé go ndearnadh feabhsuithe sábháilteachta núicléiche sna Ballstáit de thoradh na Treorach, d’fhéadfaí feabhas a chur ar a cur chun feidhme i roinnt príomhréimsí, i gcomhréir leis na barúlacha a cuireadh i láthair i ranna II agus III den Tuarascáil.
Go sonrach, le cineál ard‑leibhéil fhorálacha na Treoracha fágtar faoi na Ballstáit iad a léirmhíniú, agus bíonn cuir chuige rialála éagsúla dá bharr sin i sainaithint na bhfeabhsuithe sábháilteachta is gá. Thairbheodh sábháilteacht núicléach san Aontas de chur i bhfeidhm níos comhleanúnaí ar an gcuspóir sábháilteachta núicléiche, bunaithe ar chur chuige níos córasaí chun measúnú a dhéanamh ar cad is réasúnta infheidhmithe ann. D'fhéadfaí feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir cuir chuige náisiúnta agus ar éifeachtacht na gcur chuige náisiúnta ach cur chun feidhme níos comhleanúnaí a dhéanamh ar na measúnuithe sábháilteachta, agus go háirithe ar na hAthbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta, lena n‑áirítear i gcomhthéacs oibrithe fhadtéarmaigh.
D’fhéadfaí feabhas a chur freisin ar neamhspleáchas éifeachtach an údaráis rialála inniúla ó thionchar míchuí ina chinnteoireacht rialála ach feabhas a chur ar éifeachtacht na socruithe náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair i roinnt réimsí, amhail deighilt feidhmeanna, acmhainní airgeadais agus daonna, agus coinbhleachtaí leasa. D'fhéadfaí rannpháirtíocht an phobail a neartú sa phróiseas cinnteoireachta i ndáil leis na céimeanna ábhartha de shaolré suiteálacha núicléacha, chomh maith le forálacha a bhaineann leis an gcultúr sábháilteachta a thabhairt isteach go foirmiúil i ndoiciméadú na gcóras bainistíochta i roinnt údarás rialála. Ba cheart tuilleadh a dhéanamh freisin chun inbhuanaitheacht agus forbairt saineolais agus scileanna sa tsábháilteacht núicléach a áirithiú.
Moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí amach anseo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh
Chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus comhsheasmhacht na gcur chuige náisiúnta, is féidir tacú le roinnt de na barúlacha a chuirtear i láthair i ranna II agus III den tuarascáil trí bhíthin gníomhaíocht níos comhordaithe agus níos comhoibríche ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar mhalartú struchtúrtha tuairimí agus taithí.
Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na moltaí a mholtar do na Ballstáit a dhéanamh chun oibriú i gcomhar le chéile ar mhaithe le cuir chuige choiteanna a fhorbairt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:
-Feabhas a chur ar neamhspleáchas na n‑údarás rialála ó thionchar míchuí ina gcinnteoireacht rialála trí shraith treoirphrionsabal coiteann a fhorbairt mar bhunús le gnéithe fíor-riachtanacha, amhail:
odeighilt éifeachtach ó aon chomhlacht nó eagraíocht atá bainteach le fuinneamh núicléach a chur chun cinn nó a úsáid;
oleithdháiltí buiséid tiomnaithe agus iomchuí;
olíon iomchuí foirne a bhfuil cáilíochtaí, taithí agus saineolas acu, agus caomhnú eolais;
ocoinbhleachtaí leasa a chosc agus a réiteach.
-Acmhainneachtaí na sealbhóirí ceadúnais a neartú chun a phríomhfhreagracht maidir le sábháilteacht núicléach a fheidhmiú trí shraith treoirphrionsabal coiteann a fhorbairt mar bhunús le gnéithe fíor-riachtanacha, amhail:
ocaomhnú eolais agus foireann cháilithe a mhealladh;
oleordhóthanacht acmhainní airgeadais;
obainistíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gconraitheoirí agus na bhfochonraitheoirí.
-Cultúr sábháilteachta núicléiche éifeachtach a chur chun cinn agus a fheabhsú trí mhalartú faisnéise ar bheartais agus socruithe náisiúnta agus trí dhea-chleachtais a fhorbairt, go háirithe i dtaobh chultúr sábháilteachta na rialaitheoirí féin agus a gcóras bainistíochta.
-An trédhearcacht a neartú trí threoirlínte a tharraingt suas ar rannpháirtíocht éifeachtach an phobail sa phróiseas cinnteoireachta a bhaineann le céimeanna ábhartha de shaolré na suiteálacha núicléacha, ó thaobh na sábháilteachta núicléiche de.
-Tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme an chuspóra sábháilteachta núicléiche trí na bealaí seo a leanas:
oforbairt a dhéanamh ar chomhthuiscint i ndáil leis an mbonn teicniúil atá leis agus a chur i bhfeidhm i gcleachtas, lena n‑áirítear, go háirithe, cuir chuige cur chun feidhme chun scaoileadh radaighníomhach ‘luath’ agus ‘mór’ a sheachaint, agus feabhsuithe sábháilteachta atá réasúnta infheidhmithe a chinneadh le haghaidh suiteálacha atá ann cheana, suiteálacha atá á sainaithint níos minice i gcomhair oibriú fadtéarmach.
ofeabhas a chur ar mheasúnuithe sábháilteachta a chur chun feidhme, go háirithe Athbhreithnithe Tréimhsiúla Sábháilteachta, trí threoraíocht a fhorbairt ar raon feidhme agus modheolaíochtaí an phróisis; ba cheart aghaidh a thabhairt leis ar úsáid chórasach an chuspóra sábháilteachta núicléiche mar thagairt.
-Feabhas a chur ar éifeachtacht chleachtadh an Athbhreithnithe Théamaigh Piaraí tríd an gcomhsheasmhacht a mhéadú i ndáil le torthaí teicniúla a shainaithint agus moltaí dúshlánacha a fháisceadh chun dul i ngleic le barúlacha an athbhreithnithe piaraí.
Iarrfaidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát agus a n‑údarás rialála, faoi chuimsiú Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach, chomh maith le tuairimí ceadúnaithe agus páirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta, chun próisis agus tráthchláir choincréiteacha a shainaithint chun tús a chur leis na gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais, a luaitear thuas. Mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin tosaigh seo, éascóidh an Coimisiún cur chun feidhme na moltaí sin, lena n‑áirítear trí cheardlanna, comhdhálacha, cruinnithe agus staidéir a eagrú. Cuirfidh an Coimisiún tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle san áireamh sa phróiseas sin.
I bhfianaise na réimsí inar sainaithníodh tuilleadh gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, moltar do na Ballstáit tuilleadh tuairiscithe a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Treorach. Leis sin, chuirfí feabhas ar thuiscint na saoránach ar shaincheisteanna reatha sábháilteachta núicléiche, spreagfaí suim agus rannpháirtíocht an phobail, agus mhéadófaí muinín an phobail maidir le freagrachtaí agus gníomhaíochtaí na gceadúnaithe agus na n‑údarás sábháilteachta náisiúnta.
I gcomhréir le prionsabail rialála níos fearr an Aontais, beartaíonn an Coimisiún meastóireacht chaighdeánach a dhéanamh ar an Treoir, in am agus i dtráth, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’éirigh leis a spriocanna a bhaint amach nó ar an deis atá ann chun an creat reachtach a athchóiriú amach anseo chun feabhas a chur ar a éifeachtacht, a ábharthacht nó a chur i bhfeidhm comhleanúnach, lena gcuirfear san áireamh freisin an dul chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí a mholtar sa tuarascáil seo.