An Bhruiséil,24.3.2022

COM(2022) 139 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

Treochlár an Choimisiúin le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn


Is éard atá sa doiciméad reatha an fhreagairt ón gCoimisiún do na conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt, rud a glacadh an 14 Meitheamh 2021 agus inar iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún treochlár a chur i láthair le haghaidh na gcuspóirí agus na moltaí atá sna conclúidí a chur chun feidhme, agus tuairisc a thabhairt gach bliain ar an dul chun cinn arna bhaint amach. Is é an aidhm atá leis an treochlár seo le haghaidh ollstruchtúr airgeadais feabhsaithe tionchar, éifeachtúlacht agus infheictheacht an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt a leathnú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

-Stiúradh beartais láidir ón Aontas a dhearbhú,

-Comhordú feabhsaithe a chur chun cinn,

-Ollstruchtúr airgeadais níos cuimsithí a fhorbairt,

-Infheictheacht mhéadaithe agus tionchar méadaithe an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú i gcur chuige Fhoireann na hEorpa.

Dírítear ann ar na gníomhartha a thagann faoi shainchúram an Choimisiúin i gcomhar le hArdionadaí/Leas‑Uachtarán an Aontais. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo freisin staid cur chun feidhme na ngníomhartha sin amhail deireadh 2021.

1.AN GÁ LE FEABHAS A CHUR AR AN OLLSTRUCHTÚR AIRGEADAIS EORPACH

2.Comhthéacs

Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar an soláthraí is mó cúnaimh um fhorbairt ar domhan le blianta fada anuas, agus iad freagrach as thart ar 46% de chabhair dhomhanda in 2020 (EUR 66.8 billiún) 1 . Tá ról lárnach ag cúnamh ó AE maidir le rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú, le leochaileachtaí agus neamhchomhionannais a laghdú agus le cabhrú le tíortha comhpháirtíochta na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Ní leor acmhainní poiblí, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar mhéid na riachtanas síormhéadaitheach atá ann chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Mar thoradh air sin, bíonn an tAontas agus a Bhallstáit ag dul níos faide ná na cainéil thraidisiúnta chabhrach agus bíonn siad ag úsáid cúnamh oifigiúil um fhorbairt chun foinsí breise maoinithe a ghiniúint, go háirithe trí chaipiteal príobháideach a phlódú isteach. Mar sin, bíonn ag méadú ar a mhéid a bhíonn siad ag obair i gcomhpháirt le hinstitiúidí airgeadais agus ar a mhéid a bhíonn siad ag brath ar ionstraimí airgeadais nuálacha, agus iad ag úsáid cistí poiblí chun infheistíochtaí a ghiaráil, mar shampla trí mheascadh nó trí ráthaíochtaí.

Dá bhrí sin, d’éirigh an t‑ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt níos casta i gcaitheamh na mblianta mar gheall ar theacht chun cinn na n‑ionstraimí nua sin agus mar gheall ar an líon méadaitheach gníomhaithe atá i gceist leis, lena n‑áirítear an Coimisiún, an tArdionadaí/Leas‑Uachtarán, na Ballstáit den Aontas agus a gcuid institiúidí agus eagraíochtaí maoinithe forbraíochta náisiúnta, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF). Téann an Coimisiún i ndianteagmháil le raon éagsúil gníomhaithe airgeadais idirnáisiúnta freisin. Cé go n‑oibríonn gach ceann de na gníomhaithe sin i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, tá tosaíochtaí sonracha agus módúlachtaí sonracha idirghabhála acu, a bhfuil láidreachtaí difriúla agus buntáistí comparáideacha difriúla ag baint leo, go háirithe i ndáil le saineolas geografach, earnála nó airgeadais.

De dheasca phaindéim COVID19, is mó anois an phráinn a bhaineann le dul i ngleic le dúshláin forbartha agus, dá réir sin, is mó anois freisin an phráinn a bhaineann le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt. Géaraíodh ar riachtanais mhaoinithe agus imríodh tionchar ollmhór ar thíortha comhpháirtíochta an Aontais de dheasca na ndrochthorthaí eacnamaíocha a tháinig as paindéim COVID19, agus an dul chun cinn a rinneadh i gcaitheamh na mblianta i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach á aisiompú. In 2020 measadh an bhearna bhliantúil maoinithe le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha a bheith cothrom le EUR 3.7 trilliún 2 . Is mó anois ná riamh an gá le hinfheistíochtaí ollmhóra chun an bhearna maoinithe sin a dhúnadh. Is gá gach foinse cistithe (cistiú poiblí/príobháideach, cistiú intíre/idirnáisiúnta) agus athchóirithe éifeachtacha beartais a chur i bhfeidhm go héifeachtúil chun atógáil chun feabhais, gan aon duine a fhágáil ar gcúl. Mar sin, beidh ríthábhacht ag baint le maoiniú inbhuanaithe maidir le caipiteal príobháideach idirnáisiúnta agus intíre a shlógadh chun infheistíochtaí inbhuanaithe bonneagair a mhaoiniú.

Lena chois sin, mar gheall ar mhórdhúshláin gheopholaitiúla dhomhanda agus ar an ról méadaitheach atá ag deontóirí atá ag teacht chun cinn, teastaíonn ón Aontas cur chuige nua i leith a shamhail forbartha atá bunaithe ar luachanna agus atá dírithe ar an duine a chur chun cinn agus i leith leasanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain.

I bhfianaise na ndúshlán domhanda forbartha sin, is gá don ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt bheith níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí fós agus tionchar níos mó fós a imirt. Is mó anois ná riamh an gá le comhordú méadaithe trí chur chuige Fhoireann na hEorpa a ghlacadh chun gníomhartha ilroinnte a sheachaint agus chun sineirgí agus éifeachtúlachtaí níos fearr a áirithiú. Áirítear leis sin freisin leas níos fearr a bhaint as taithí sheanbhunaithe na ngníomhaithe éagsúla agus, i gcás inar féidir, acmhainní airgeadais a chomhthiomsú chun tionchar níos mó a imirt agus chun an infheistíocht earnála príobháidí a shlógadh ar bhealach níos fearr.

Ina theannta sin, tá ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt a bhfuil stiúradh beartais neartaithe aige ag teastáil go géar chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a threisiú agus is féidir leis ról ríthábhachtach a imirt maidir lenár n‑uaillmhianta geopholaitiúla a bhaint amach, go háirithe maidir lenár leasanna straitéiseacha agus ár luachanna a chur chun cinn ar fud an domhain. Is é an toradh ba cheart a bheith ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt comhlántacht níos fearr a chruthú idir cabhair, infheistíocht forbartha, an clár oibre don athchóiriú, agus taidhleoireacht. Is ar an mbealach sin, agus ar an mbealach sin amháin, is féidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt úsáid na n‑acmhainní cúnaimh oifigiúil um fhorbairt atá ann cheana a uasmhéadú, dlús a chur le sreabha airgeadais chuig na limistéir ina bhfuil na riachtanais is mó leo, an tionchar forbartha a mhéadú agus cur le hinfheictheacht na n‑iarrachtaí atá ar bun ag an Aontas ar fad agus ag a Bhallstáit chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. 

Leagtar amach sa doiciméad reatha roinnt gníomhartha a mbeartaíonn an Coimisiún iad a dhéanamh chun feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt. Léirítear sa tuarascáil freisin na bearta tábhachtacha a rinneadh cheana féin chun déanamh amhlaidh. Léiriú tábhachtach ar an timpeallacht nua ina leith sin is ea an straitéis um Thairseach Dhomhanda 3 a seoladh i mí na Nollag 2021 agus Pacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda idir an Afraic agus an Eoraip 4 , agus iad mar fhianaise ar éabhlóid eile sa dóigh a gcuirfidh an tAontas a ghníomhaíochtaí seachtracha i gcrích sna blianta atá romhainn. Agus cur chuige atá bunaithe ar luachanna taobh thiar di, is ionann an Tairseach Dhomhanda agus plean le haghaidh infheistíocht mhór a dhéanamh i bhforbairt bonneagair ar fud an domhain ar mhaithe le líonraí digiteacha, iompair agus fuinnimh a neartú trí thionscadail inbhuanaithe ardchaighdeáin. Tairgtear léi deimhneacht agus cothrom na Féinne d’infheisteoirí agus do ghnólachtaí, mar aon le hardleibhéil trédhearcachta agus caighdeán ar mhaithe le buantairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a sholáthar do dhaoine.

Lena chois sin, tá an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda 5 (agus buiséad iomlán EUR 79 billiún aici) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) 6 (EUR 14 billiún) a glacadh in 2021 ina neochairbhearta a mbeidh ról lárnach acu maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais reatha. Leis na hionstraimí sin, soláthraítear feabhsuithe móra i ndáil le simpliú agus i ndáil leis an stiúradh beartais straitéiseach ón Aontas agus soláthraítear dreasachtaí le haghaidh comhordú straitéiseach agus geopholaitiúil níos fearr a bhaint amach i measc gníomhaithe Eorpacha, agus méadú á dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann caipiteal a ghiaráil ón earnáil phríobháideach ar mhaithe le tionchar bunathraitheach a imirt ar an talamh.

Ar deireadh, i bhfianaise na bearna ollmhóire maoinithe le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tá an Coimisiún díreach tar éis glao ar iarratais a sheoladh d’fhonn Sainghrúpa Ardleibhéil a bhunú, rud a sholáthróidh moltaí don Choimisiún ar mhaithe le dlús eile a chur le sreabh an chaipitil phríobháidigh chuig tíortha ísealioncaim agus meánioncaim.

3.Díospóireachtaí athnuaite maidir le conas feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt

Tá díospóireachtaí maidir le conas feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt ar siúl le níos mó ná 10 mbliana anuas 7 ar leibhéil éagsúla agus i gcomhar le grúpaí difriúla geallsealbhóirí. In 2018 ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht dar teideal Towards a more efficient financial architecture for investment outside the European Union [‘I dtreo ollstruchtúr airgeadais níos éifeachtúla don infheistíocht lasmuigh den Aontas Eorpach ’] 8 , rud inar tarraingíodh aird ar roinnt de na heasnaimh atá ar an leagan amach atá ann cheana agus inar tugadh breac-chuntas ar roinnt beart tosaigh chun feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais.

Ag teacht sna sála ar an tuarascáil a d’fhoilsigh an Grúpa Ardleibhéil Saoithe 9 in 2019 agus ar an Staidéar féidearthachta 10 a rinneadh in 2021 maidir le roghanna le haghaidh treisiú leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach amach anseo don fhorbairt, cuireadh chun suntais sna Conclúidí ón gComhairle 11 i mí an Mheithimh 2021 a thábhachtaí atá sé leagan amach institiúideach reatha an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt a neartú agus a fheabhsú (Status Quo+) agus cuireadh i dtreis iontu ‘gur gá an tollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla, níos dírithe ar fhorbairt, níos comhleanúnaí agus níos infheicthe, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús áite don bheartas’ agus le leasanna straitéiseacha agus luachanna an Aontais.’ Chomhaontaigh an Chomhairle freisin gur cheart ollstruchtúr airgeadais an Aontais ‘a bheith bunaithe ar ollstruchtúr oscailte, comhoibríoch agus cuimsitheach, ag obair le bainc forbartha agus institiúidí airgeadais uile na hEorpa, ag tógáil ar a saineolas tíre, earnála nó airgeadais, a mbreisluach agus a nacmhainní faoi seach’.

Sna conclúidí uaithi, chuir an Chomhairle chun suntais an gá atá ann le ‘maoiniú inbhuanaithe ón earnáil phríobháideach a úsáid’. Cé nach raibh an earnáil phríobháideach i gcroílár straitéisí infheistíochta forbartha san am atá thart, is ag teacht chun cinn atá comhdhearcadh méadaitheach gur féidir léi rannchuidiú ríthábhachtach a dhéanamh maidir le forbairt a mhaoiniú (agus acmhainní teoranta earnála poiblí á gcomhlánú) agus maidir le fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chothú i dtíortha comhpháirtíochta.

D’iarr an Chomhairle ar BEI agus ar BEAF ‘leanúint dá gcomhordú a dhoimhniú go córasach ar an leibhéal straitéiseach agus teicniúil araon’, ‘comhordú a dhéanamh le hinstitiúidí airgeadais domhanda eile atá gníomhach ina dtíortha oibríochta’ agus ‘a gcuid buntáistí comparáideacha a neartú maidir le maoiniú forbartha, ilroinnt a sheachaint agus a dtionchar forbartha a uasmhéadú’. Rud ba ghinearálta fós, d’iarr an Chomhairle ar na gníomhaithe forbartha Eorpacha uile cur leis an gcomhoibriú eatarthu. 

D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún treochlár a chur i láthair chun feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt.I measc réimsí eile, tharraing an Chomhairle na réimsí seo a leanas anuas lena bhfeabhsú: comhordú agus stiúradh beartais ón gCoimisiún maidir le beartas forbartha an Aontais a chur chun feidhme, agus tuilleadh dreasachtaí á soláthar le haghaidh cómhaoiniú agus comhroinnt riosca; an ról atá ag Bord Straitéiseach CEFI+ a threisiú; rochtain a shimpliú ar mhaoiniú; cuimsitheacht a neartú; tacú le gníomhaithe beaga maidir lena gcolún‑mheasúnú; tacú le píblínte tionscadal a chruthú trí chúnamh teicniúil; cur chuige Fhoireann na hEorpa a neartú chun infheictheacht na rannpháirtíochta comhpháirtí a mhéadú.

4.Tionscnaimh atá faoi stiúir ag institiúidí comhpháirtíochta chun feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu

Cuimsíonn an t‑ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt roinnt gníomhaithe éagsúla (féach an Iarscríbhinn le haghaidh léarscáiliú sealadach).

Ar aon dul leis na díospóireachtaí a luaitear thuas, agus trí thógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh, tá gníomhaithe forbartha Eorpacha ag iarraidh an comhar eatarthu a neartú trí thionscnaimh dhifriúla. Chuaigh na Ballstáit, a gcuid banc agus a eagraíochtaí forbartha náisiúnta, agus institiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta i gcomhpháirt le chéile faoi líonraí difriúla de réir a raoin feidhme idirghabhála, a dtosaíochtaí straitéiseacha, a leasanna agus a riachtanas.

Tugtar geallsealbhóirí le chéile de réir a gcineáil/a raoin feidhme i roinnt tionscnamh, a bhfuil méideanna difriúla comhair ag baint leo:

·Comhlachas na nInstitiúidí Maoinithe Forbraíochta Eorpacha 12  (1992): a thugann le chéile institiúidí maoinithe forbraíochta (lena náirítear roinnt ball nach bhfuil san Aontas) a bhfuil sé mar shainordú acu tacú leis an earnáil phríobháideach. Bunaíodh cuideachta bhainistíochta le haghaidh institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha.

·An chomhpháirtíocht fheabhsaithe 13  (2016): atá comhdhéanta den Choimisiún, de thrí bhanc forbartha phoiblí agus de ghníomhaireacht forbartha amháin (a ndéantar colúnmheasúnú ar gach ceann díobh).

·Líonra na gCleachtóirí 14  (2007): atá comhdhéanta go príomha d’eagraíochtaí Eorpacha comhair um fhorbairt (lena náirítear roinnt ball nach bhfuil san Aontas) a ndéantar colúnmheasúnú orthu agus a dhíríonn ar fhothú acmhainneachta agus ar chúnamh teicniúil.

I gcomhthreo leis sin, is ann don mheabhrán tuisceana 2012 15 idir BEI agus BEIF agus an Coimisiún, rud as ar tháinig cruinnithe comhordúcháin tráthrialta idir na bainc. Ba leis an meabhrán tuisceana sin freisin a réitíodh an bealach le haghaidh ‘CreatChomhaontú um Chomhar Tionscadal’, rud a thug an dá bhanc i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2021 (féach thíos). 

Tugtar sa ghraf seo a leanas 16 léiriú amhairc sealadach neamhuileghabhálach ar na tionscnaimh chomhoibrithe atá faoi stiúir ag na Ballstáit agus ag institiúidí maoinithe forbraíochta faoi láthair:

 

Áirítear le tionscnaimh eile, mar shampla, an Tionscnamh um Spleáchas Frithpháirteach de chuid BEI, KfW agus AFD 17 agus an creat nós imeachta soláthair idir BEI agus BEAF. Rinne institiúidí comhpháirtíochta roinnt tionscnamh cómhaoinithe a sheoladh freisin 18 ..

Forbairtí i measc institiúidí maoinithe Eorpacha in 2021

I mí na Samhna 2021, thuairiscigh BEI agus BEAF go comhpháirteach don Chomhairle ar na gníomhartha a rinneadh de bhun na gConclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt 19 .

Ina theannta sin, tá BEI agus BEAF araon ag déanamh breithniú le déanaí ar threoshuímh straitéiseacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt:

·Tá BEAF ag déanamh breithniú ar leathnú beag féideartha a dhéanamh de réir a chéile ar a oibríochtaí do thíortha roghnaithe, rud ar cheart go ndéanfaí cinneadh air ag cruinniú bliantúil a Bhoird Gobharnóirí i mí na Bealtaine 2022.

·I gcás BEI, d’fhormheas a Bhord Stiúrthóirí cruthú brainse dhomhanda, ar a dtugtar EIB Global, do gach oibríocht lasmuigh den Aontas, rud a seoladh i mí Eanáir 2022.

D’fhéach institiúidí maoinithe le déanaí le comhordú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhéadú. Áirítear na nithe seo le samplaí le déanaí:

·Shínigh BEAF agus Comhlachas na nInstitiúidí Maoinithe Forbraíochta Eorpacha meabhrán tuisceana (Feabhra 2021) chun comhoibriú a mhéadú i measc institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha a bhfuil díriú láidir acu ar an earnáil phríobháideach, go háirithe trí chomhroinnt eolais agus trí chómhaoiniú.

·Sheol na baill den chomhpháirtíocht fheabhsaithe tionscnamh cómhaoinithe ar a dtugtar ‘ardán maoinithe Fhoireann na hEorpa’ (Bealtaine 2021), agus é mar chuspóir acu feabhas a chur ar an gcomhar éifeachtúil eatarthu, go háirithe trí nósanna imeachta coiteanna agus trí thionscadail choiteanna a bhunú. Mar chuid den ardán, sheol AECID, AFD, CDP agus KfW creat cómhaoinithe in 2022.

·Thug BEAF agus BEI ‘CreatChomhaontú um Chomhar Tionscadal’ i gcrích (Deireadh Fómhair 2021), rud lena soláthraítear creat le haghaidh comhar feabhsaithe ar thionscadail agus ardáin chómhaoinithe lasmuigh den Aontas Eorpach. Is é an aidhm atá leis an gcreat gach cineál struchtúr maoinithe fiachais atá ann san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí a chumhdach.

5.Iarrachtaí a rinne an Coimisiún roimhe seo chun feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt

Ar aon dul leis na díospóireachtaí thuasluaite, agus trí thógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh, thug an Coimisiún mórfheabhsuithe ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt isteach i gcaitheamh na mblianta. Céim thábhachtach chun tosaigh ina leith sin ba ea seoladh an Phlean Eorpaigh Infheistíochta Seachtraí 20 agus an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) 21 in 2016-2017, ar nithe iad lena gcuirtear le saoráidí measctha seanbhunaithe de chuid an Aontais 22 agus lena dtairgtear ráthaíocht bhuiséadach nua ón Aontas chun infheistíochtaí i dtíortha Afracacha agus i gComharsanacht an Aontais a chumhdach, agus leas á bhaint as an saineolas atá ag gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha chun cabhrú le hinfheistíocht earnála príobháidí a phlódú isteach bunaithe ar thrí cholún chomhlántacha.Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar ina dhea-shampla eile d’idirphlé agus comhar feabhsaithe, rud lena gcomhtháthaítear na tíortha is tairbhithe leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta.

Ba cheart tagairt ar leith a dhéanamh d’Ardán an Aontais um Meascadh sa Chomhar Eachtrach (EUBEC) 23 , rud a sheol an Coimisiún in 2012 chun barrfheabhsú a dhéanamh ar fheidhmiú na sásraí le haghaidh deontais agus iasachtaí a mheascadh i réimse na gníomhaíochta seachtraí.

Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún idirphlé ardleibhéil straitéiseach tráthrialta le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta (e.g. BEI, BEAF, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Banc Forbartha na hÁise agus an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach) chun cuspóirí comhpháirteacha polaitiúla agus beartais a phlé.

In 2015 sheol an Coimisiún an tionscnamh um chomhordú agus comhar feabhsaithe le BEI, le BEAF, le Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta d’fhonn giaráil agus ailíniú beartais a threisiú. Áirítear leis an tionscnamh tabhairt faoi mhisin chomhpháirteacha chuig tíortha sonracha Comharsanachta agus chuig tíortha sonracha an Mhéadaithe agus obair chomhpháirteach a sheoladh i bpríomhearnálacha amhail éifeachtúlacht fuinnimh agus infheistíocht aeráide.

Tháinig nuálaíocht thábhachtach chun cinn in 2020 freisin, faoi mar a thosaigh paindéim COVID19 ag cur féachaint ar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. D’fhág méid na géarchéime go raibh iarrachtaí, acmhainní agus saineolas comhcheangailte na ngníomhaithe Eorpacha uile ag teastáil. Chuir an tAontas cur chuige Fhoireann na hEorpa 24 chun tosaigh, a d’fhág go rabhthas in ann tacaíocht shubstaintiúil a thairiscint go comhchoiteann do thíortha comhpháirtíochta an Aontais, ar lena linn a soláthraíodh cabhair dhaonnúil dóibh, a tacaíodh lena gcórais sláinte, uisce agus sláintíochta agus a tugadh aghaidh ar na drochthorthaí socheacnamaíocha a tháinig chun cinn iontu. Agus cur chuige Fhoireann na hEorpa 25 á ghlacadh acu, léirigh freagairt an Aontais agus a Bhallstát do ghéarchéim COVID19 an scála agus an infheictheacht is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn siad le chéile. Ba cheart an comhoibriú láidir sin a bheith ina fhoinse inspioráide le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an tAontas agus a Bhallstáit agus iad ag déanamh comhar le tíortha comhpháirtíochta an Aontais.

6.TREOCHLÁR LE hAGHAIDH OLLSTRUCHTÚR AIRGEADAIS EORPACH FEABHSAITHE DON FHORBAIRT

7.Cuspóirí

Is é an aidhm atá leis an treochlár ón gCoimisiún feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt trí chur le cur chuige Fhoireann na hEorpa. Féachann an Coimisiún le hollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt atá níos éifeachtúla, níos comhordaithe, níos dírithe ar an mbeartas agus níos infheicthe agus a bhfuil tionchar níos mó aige a áirithiú. Tá ollstruchtúr airgeadais feabhsaithe den sórt sin ag teastáil chun tionscnaimh bhunathraitheacha a ghiniúint, chun borradh a chur faoi infheistíochtaí poiblí i dtíortha comhpháirtíochta agus chun a áirithiú go mbeidh acu an éifeacht chatalaíoch agus léiriúcháin is gá chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh, agus chun earnáil phríobháideach rathúil a chothú, ar nithe iad a bhfuil ríthábhacht ag baint leo maidir le fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chruthú.

Tá an treochlár bunaithe ar thorthaí an staidéir féidearthachta agus ar na moltaí atá sa tuarascáil ón nGrúpa Saoithe, ar an tuarascáil ghaolmhar ón gCoimisiún 26 agus ar pháipéir leathoifigiúla nó páipéir sheasaimh éagsúla a chuir institiúidí airgeadais isteach. Cuirtear ann freisin leis an rath aitheanta a bhí ar chur chuige Fhoireann na hEorpa agus ar na hiarrachtaí comhordúcháin atá ar bun i measc institiúidí airgeadais an Aontais.

Féachtar ann freisin ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt i mórchomhthéacs idirnáisiúnta, áit ar féidir le comhordú agus comhlántacht le geallsealbhóirí idirnáisiúnta rannchuidiú le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta.

Tá sé mar aidhm leis na feabhsuithe a mholtar na ceithre chuspóir seo a leanas a bhaint amach:

Stiúradh beartais láidir ón Aontas a dhearbhú

Tá stiúradh beartais níos láidre fós ón Aontas ag teastáil chun ollstruchtúr airgeadais Eorpach níos éifeachtaí don fhorbairt a bhaint amach. Is gá comhleanúnachas ghníomhaíochtaí na n‑institiúidí airgeadais le cuspóirí beartais sheachtraigh an Aontais a threisiú ar mhaithe le huasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha a imríonn gníomhaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus ar ailíniú na ngníomhaíochtaí sin le leasanna straitéiseacha an Aontais.

Comhordú feabhsaithe a chur chun cinn

Ba cheart an t‑ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a bheith bunaithe ar chomhordú méadaithe, áit a mbainfí leas as éagsúlacht a ghníomhaithe uile chun gur féidir torthaí ‘a sholáthar mar aon ní amháin’ agus cur le comhleanúnachas ghníomhartha an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta ar mhaithe le tuilleadh éifeachtúlachta agus tionchar forbartha níos bunathraithí a bhaint amach, agus infheisteoirí príobháideacha á bplódú isteach san am céanna.

Ollstruchtúr airgeadais níos cuimsithí a thógáil

Ba cheart an t‑ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a bheith cuimsitheach agus rannpháirtíocht a éascú as measc na n‑institiúidí maoinithe forbraíochta leasmhara uile, lena n‑áirítear comhpháirtithe beaga agus meánmhéide.

Infheictheacht mhéadaithe agus tionchar méadaithe a áirithiú do ghníomhartha an Aontais agus a Bhallstát trí chur chuige Fhoireann na hEorpa

Chun infheictheacht ghníomhartha an Aontais agus na mBallstát a mhéadú ar fud an domhain, is gá brandáil an Aontais a fheabhsú, lena n‑áirítear trí chur chuige Fhoireann na hEorpa a ghlacadh agus trí leas a bhaint as branda nuabhunaithe na Tairsí Domhanda. Is gá déanamh amhlaidh chun a áirithiú go mbeidh ról braite an Aontais ar domhan ag teacht le méid na tacaíochta a thugann sé. Fágann scairsheilbh mhór an Aontais in institiúidí maoinithe idirnáisiúnta go dteastaíonn ‘guth ag an Aontas’ atá níos comhleanúnaí agus níos comhsheasmhaí chun leasanna straitéiseacha an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtúla.

8.Bearta

Chun tacú leis na cuspóirí sin, mionsonraítear sa treochlár na bearta sonracha atá á gcur chun tosaigh ag an gCoimisiún chun na ceithre chuspóir a bhaint amach. Laghdaítear na bearta sin ina ngníomhartha sonracha a tháinig as an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile a glacadh le déanaí agus ina ngníomhartha breise lena dtacófar le feabhsuithe a dhéanamh i réimsí an stiúrtha beartais, an chomhordúcháin, na cuimsitheachta agus na hinfheictheachta faoi seach.

2.2.1    An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile

Treo beartais níos soiléire agus treoshuímh bheartais níos soiléire

Mar a luaitear thuas, tá treo beartais neartaithe agus treoshuímh bheartais neartaithe ag teastáil chun éifeachtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a uasmhéadú agus chun a áirithiú go ndéanfar rannchuidiú láidir le spriocanna agus cuspóirí polaitiúla foriomlána. Sna Rialacháin maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), leagtar amach na tosaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas tacú leo agus sonraítear spriocanna caiteachais le haghaidh réimsí sonracha amhail an aeráid, an imirce agus an teasáitiú éigeantach, agus an fhorbairt dhaonna. Sa Teachtaireacht maidir leis an Tairseach Dhomhanda 27 , soláthraíodh stiúradh breise maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda phráinneacha, idir an tathrú aeráide, an comhshaol a chosaint, an digitiú a neartú, an tslándáil sláinte a fheabhsú, iomaíochas an Aontais a mhéadú agus shlabhraí soláthair domhanda a dhaingniú. I bPacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda idir an Afraic agus an Eoraip 28 , a seoladh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Aontas na hAfraice i mí Feabhra 2022, sonraítear arís eile na tosaíochtaí le haghaidh rannpháirtíocht san Afraic chun tacú le téarnamh agus claochlú láidir, cuimsitheach, glas agus digiteach. Ar deireadh, is í Straitéis an Aontais maidir le Comhar sa réigiún IndChiúinAigéanach (Meán Fómhair 2021) an bunús le haghaidh infheistíocht i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. I gcás na Comharsanachta, tá sé mar aidhm leis na bunspriocanna inghnóthaithe nua do Chomhpháirtíocht an Oirthir agus leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt, mar aon leis an dá Phlean Eacnamaíocha agus Infheistíochta a ghabhann leo, téarnamh fadtéarmach na réigiún sin agus a gcóineasú eacnamaíoch leis an Aontas a spreagadh.

Cumhdaítear prionsabaltús áite don bheartas’ san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus in IPA III. Tugann sé sin le fios gur gá do gach gníomh seachtrach de chuid an Aontais – lena n‑áirítear iad sin a chumhdaítear le ráthaíochtaí buiséadacha ón Aontas – tacú leis na tosaíochtaí beartais arna gcomhaontú go comhpháirteach idir an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta, mar a shainítear sna doiciméid chlársceidealaithe ábhartha. Soláthraítear sna doiciméid chlársceidealaithe sin agus sna pleananna infheistíochta treo beartais soiléir le haghaidh gach gníomhaíochta comhair de chuid an Aontais. Ina theannta sin, rannchuidíonn an difreáil gheografach i measc gníomhaíochtaí comhair le tionchar forbartha níos mó a bhaint amach trí bhearta tacaíochta agus gníomhaíochtaí infheistíochta a thairiscint atá curtha in oiriúint do na tíortha agus na réigiúin is tairbhithe, rud a chuireann feabhas ar chur chuige straitéiseach comhsheasmhach an ollstruchtúir infheistíochta.

Agus an prionsabal ‘tús áite don bheartas’ á chur i bhfeidhm i gcomhthéacs CEFI+, déanann an Coimisiún agus an tArdionadaí/Leas‑Uachtarán comhchathaoirleacht ar Bhord Straitéiseach CEFI+, agus treo polaitiúil á sholáthar acu le haghaidh oibríochtaí atá le teacht. Tá ról níos suntasaí ag Bord Straitéiseach CEFI+ agus ag na Boird Oibríochtúla Réigiúnacha i gcás na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, áit a stiúrann siad oibríochtaí measctha agus ráthaíochtaí buiséadacha araon (lena n‑áirítear iad sin a bainistíodh go hindíreach roimhe seo faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh nó faoi Shaoráid Infheistíochta ACC). Ina theannta sin, leanann Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar le bheith ar an bpríomhchomhlacht maidir le tacaíocht agus infheistíochtaí a stiúradh ar fud na mBalcán Thiar trí chur chuige oscailte cuimsitheach Fhoireann na hEorpa a ghlacadh (laistigh den Eoraip agus lasmuigh di araon), ag obair dó i gcomhleanúnachas iomlán le Bord Straitéiseach CEFI+.



Treochlár:

I gcomhar leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-treo beartais soiléir a sholáthar sna doiciméid chlársceidealaithe agus sna Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta agus a áirithiú gurb ailínithe leis na tosaíochtaí a leagtar amach sna doiciméid chlársceidealaithe a bheidh gach gníomh infheistíochta a dhéanfaidh an tAontas faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus faoi IPA III;

-gach doiciméad clársceidealaithe a fhoilsiú, ionas go mbeidh tosaíochtaí beartais soiléir do na rannpháirtithe uile in ollstruchtúr airgeadais an Aontais don fhorbairt;

-a áirithiú go dtacóidh Bord Straitéiseach CEFI+ 29 le comhordú foriomlán, comhlántacht fhoriomlán agus comhleanúnachas foriomlán na noibríochtaí arna gcur chun feidhme faoi CEFI+;

-leanúint le dreasachtaí a sholáthar chun tosaíochtaí polaitiúla sonracha a spreagadh agus chun tionchar níos mó a bhaint amach, e.g. chun a áirithiú go spriocdhíreofar infheistíochtaí ar na réigiúin, na tíortha (lena náirítear na tíortha is lú forbairt agus réigiúin/tíortha tosaíochta eile, de réir mar is iomchuí), ar thosaíochtaí téamacha (e.g. an aeráid, nascacht…) nó na grúpaí sin (e.g. an óige, mná, imircigh…) ar tosaíocht pholaitiúil don Aontas iad.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

I gcomhar leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-gach clár táscach ilbhliantúil do bhreis agus 130 ceann de thíortha comhpháirtíochta agus de réigiúin chomhpháirtíochta agus na Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta a ghlacadh agus a fhoilsiú ar líne 30 ;

-treoshuímh straitéiseacha agus réimsí infheistíochta tosaigh (fuinneoga infheistíochta), lena náirítear Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa le haghaidh ráthaíochtaí CEFI+ a úsáid, a chur faoi bhráid Bhord Straitéiseach CEFI+ i mí na Samhna 2021, ar nithe iad lena dtreorófar institiúidí airgeadais agus iad ag ullmhú cláir bheartaithe infheistíochta. 

Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus tionscnaimh shuaitheanta agus an tairseach comhpháirtíochtaí

Agus é ag teastáil chun sineirgí agus éifeachtúlachtaí níos fearr a áirithiú, cuirfear comhordú Eorpach níos láidre chun cinn trí chlársceidealú comhpháirteach agus trí chur chun feidhme comhpháirteach. Níor cheart an comhordú gníomhach i measc na mBallstát agus a ninstitiúidí maoinithe forbraíochta a bheith teoranta do chistí an Aontais a úsáid agus ba cheart dóibh dul i gcomhar gníomhach ar bhonn córasach freisin, fiú amháin i gcás ina núsáidtear a nacmhainní dílse. Áirítear leis an gclársceidealú 31   ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach tacaíocht a sholáthar do Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus do thionscnaimh shuaitheanta (de réir na bPleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta, na Tairsí Domhanda agus Phacáiste Infheistíochta na hAfraice-na hEorpa), áit a noibríonn institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha le chéile chun athrú sistéamach a bhaint amach ar aon dul leis an bprionsabal ‘tús áite don bheartas’ agus le cuspóirí agus luachanna straitéiseacha an Aontais. I dTionscnaimh Fhoireann na hEorpa, nasctar cleachtaí clársceidealaithe agus ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais agus na mBallstát le chéile trí chur chuige comhordaithe straitéiseach a ghlacadh ar an talamh. Faoi thosaíochtaí beartais arna gcomhaontú go comhpháirteach i dtíortha sonracha agus i réigiúin shonracha den domhan, cuirtear chun cinn i dTionscnaimh Fhoireann na hEorpa gníomhartha comhordaithe a bhfuil tionchar bunathraitheach acu i dtíortha comhpháirtíochta/réigiúin chomhpháirtíochta, agus leas á bhaint as acmhainní comhcheangailte na rannpháirtithe uile. Tá Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa leabaithe go hiomlán i ndoiciméid chlársceidealaithe an Aontais, agus cuid shubstaintiúil de na buiséid ilbhliantúla tiomnaithe dóibh.

Ar aon dul leis an gcur chuige sin, is amhlaidh, i gcás na Comharsanachta agus na mBalcán Thiar, a leagtar amach sna Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta arna bhforbairt do gach réigiún tar éis dianchomhairliúchán le tíortha comhpháirtíochta agus leis na Ballstáit na príomhspriocanna agus na tionscnaimh shuaitheanta d’fhonn an tionchar uasta a bhaint amach sa réigiún. Rinneadh iad sin a leabú go hiomlán sna doiciméid chlársceidealaithe dhéthaobhaigh agus réigiúnaigh don Chomharsanacht agus i gCreat Clársceidealaithe IPA III.

Leagtar síos san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda an prionsabal um ollstruchtúr airgeadais oscailte comhoibríoch don fhorbairt.Bainfidh an Coimisiún leas as an taithí sheanbhunaithe atá ag institiúidí maoinithe forbraíochta incháilithe na mBallstát chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an saineolas leathan earnála agus geografach atá acu.

I dteannta na n‑uirlisí um fhorbairt institiúidí, lena gcumasaítear comhroinnt eolais idir riaracháin náisiúnta faoi chláir amhail TAIEX agus Nascadh, féachfaidh an Coimisiún le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theacht chun cinn comhpháirtíochtaí.

Treochlár:

I gcomhar leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-fabhar a thabhairt do thionscnaimh shuaitheanta agus do Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa nó do thograí atá bunaithe ar chur chuige Fhoireann na hEorpa (lena náirítear, mar shampla, cuibhreannais agus ardáin infheistíochta);

-iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann dreasachtaí a sholáthar faoi CEFI+ chun cur chun cinn a dhéanamh ar thograí comhpháirteacha arna gcur isteach ag roinnt institiúidí airgeadais a bhfuil leas coiteann acu sna cuspóirí beartais arna leagan síos a bhaint amach, go háirithe tograí comhpháirteacha ó institiúidí beaga, ó institiúidí nua nó ó institiúidí nach ndéantar colúnmheasúnú orthu (fad a dhéantar colúnmheasúnú ar an bpríomhinstitiúid);

-neartú a dhéanamh ar na huirlisí um fhorbairt institiúidí faoi TAIEX agus faoi Nascadh ar mhaithe le fothú acmhainneachta a threisiú i bpríomhréimsí an athchóirithe agus an ailínithe;

-trédhearcacht mhéadaithe a sholáthar ar Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa;

-tairseach comhpháirtíochtaí a sheoladh in 2022 chun gur féidir an téileamh ó thíortha comhpháirtíochta a mheaitseáil leis an tacaíocht atá ar fáil ó ghníomhaithe Eorpacha.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-tús a chur le Tionscnaimh éagsúla Fhoireann na hEorpa a dhearadh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda in éineacht leis na Ballstáit, le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta náisiúnta, le BEAF agus le BEI;

-na tionscnaimh shuaitheanta a taispeánadh mar chuid den Tairseach Dhomhanda agus de Phacáiste Infheistíochta na hAfraice-na hEorpa a roghnú i gcomhar leis na Ballstáit;

-tús a chur, i gcomhar leis na Ballstáit, le sásra comhpháirteach faireacháin agus tuairiscithe a fhorbairt maidir le ranníocaíochtaí airgeadais le Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus maidir le torthaí na dTionscnamh sin;

-fréamhshamhail tairsí comhpháirtíochtaí a chruthú, lena soláthraítear faisnéis thábhachtach faoi na hearraí agus na seirbhísí a thairgeann soláthraithe an Aontais agus na mBallstát agus iad ag gníomhú trí chur chuige Fhoireann na hEorpa. Cuirfear an tairseach i bhfeidhm i mí Aibreáin 2022.

I dtreo slógadh méadaithe infheistíochtaí príobháideacha

Fiú amháin sular tháinig paindéim COVID‑19 chun cinn, níor leor acmhainní poiblí in aon chor chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna ollmhór cistithe le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus bhí úsáid mhéadaitheach á baint as maoiniú forbraíochta chun na trilliúin a bhí ag teastáil a shlógadh. Mar gheall ar an ngéarchéim, ar an méadú ar riachtanais agus ar an laghdú ar acmhainní, tá sé níos práinní anois ná ag am ar bith riamh acmhainní breise a shlógadh chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta freastal ar a riachtanais airgeadais agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach go slógfadh an tAontas maoiniú earnála príobháidí chun cabhrú le téarnamh glas, inbhuanaithe agus cuimsitheach a mhaoiniú agus chun dlús a chur le dul chun cinn ar gach ceann de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is gá úsáid níos fearr a bhaint as maoiniú oifigiúil forbartha chun cabhrú le maoiniú príobháideach a phlódú isteach agus le margaí caipitil a ghiaráil chun tacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha. Maidir leis sin, tá ríthábhacht ag baint le maoiniú inbhuanaithe maidir le caipiteal príobháideach idirnáisiúnta agus intíre a shlógadh chun infheistíochtaí inbhuanaithe a mhaoiniú i dtíortha comhpháirtíochta. Treisíodh eite airgeadais na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus tuilleadh nirt á sholáthar d’ionstraimí airgeadais, go háirithe an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, rud lena gcumhdófar infheistíochtaí is fiú suas le EUR 53.4 billiún, lena n‑áirítear EUR 40 billiún in oibríochtaí CEFI+ don tréimhse 2021-2027, go háirithe chun cabhrú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a shlógadh. Leis an Tairseach Dhomhanda, imreoidh an Eoraip ról iomlán maidir leis an mbearna dhomhanda infheistíochta a chúngú agus maidir le hacmhainní a ghiaráil ar bhealach níos fearr chun tacú le maoiniú le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe trí iniúchadh a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag geallsealbhóirí eile, seachas na gníomhaithe traidisiúnta i réimse an mhaoinithe don fhorbairt inbhuanaithe.

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-féachaint le hinfheistíochtaí breise a ghiaráil a bhuí le deiseanna measctha agus neart méadaithe ráthaíochta CEFI+ agus tacú le hiarrachtaí a bhfuil mar aidhm leo ionstraimí airgeadais a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a mhéadú ó scála inár dtíortha comhpháirtíochta;

-forbairt a dhéanamh ar straitéis chuimsitheach 32 a bhfuil mar aidhm léi tacú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim dlús a chur le sreabh an chaipitil phríobháidigh intíre agus idirnáisiúnta i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus tairbhe á baint as an tacaíocht ó shainghrúpa ardleibhéil;

-iniúchadh a dhéanamh, i gcomhthéacs na straitéise um Thairseach Dhomhanda, ar an bhféidearthacht atá ann Saoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin Eorpach a bhunú chun na socruithe creidmheasa onnmhairiúcháin atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát a chomhlánú agus chun neart foriomlán an Aontais ina leith sin a mhéadú.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-an bealach a réiteach don ghlao atá le teacht ar iarratais faoi Ráthaíocht nua CEFI+, rud ina niarrfar tograí nuálacha, bunathraitheacha agus éifeachtacha a mbeidh ról lárnach acu maidir le cistiú breise a ghiaráil do thíortha comhpháirtíochta; 

-tús a chur leis an gcaibidlíocht ar na socruithe ráthaíochta maidir le fuinneog eisiach BEI le haghaidh iasachtú ceannasach agus iasachtú focheannasach neamhthráchtála agus maidir leis an dá fhuinneog thiomnaithe le haghaidh iasachtú focheannasach tráchtála agus iasachtú earnála príobháidí;

-fuinneog thiomnaithe Maoinithe Inbhuanaithe CEFI+ a mholadh do Bhord Straitéiseach CEFI+, ar fuinneog í a bhfuil mar aidhm léi tacú le hionstraimí airgeadais a bhaineann leis an inbhuanaitheacht - go háirithe bannaí glasa - chun caipiteal príobháideach a shlógadh ar scála mór, agus tionchar forbartha á bhaint amach san am céanna;

-tús a chur le huirlisí airgeadais an Aontais a léarscáiliú d’fhonn comhordú feabhsaithe ionstraimí an Aontais a chur chun cinn, lena náirítear naisc fhéideartha le creidmheasanna onnmhairiúcháin an Aontais;

-tús a chur le hiniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann Saoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin Eorpach a bhunú chun na socruithe creidmheasa onnmhairiúcháin atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát a chomhlánú agus chun neart foriomlán an Aontais a mhéadú sa réimse sin, rud a chabhródh le cothrom na Féinne a áirithiú do ghnólachtaí an Aontais i margaí tríú tír agus a d’éascódh a rannpháirtíocht i dtionscadail bhonneagair ansin.

Creat dlíthiúil feabhsaithe agus nósanna imeachta feabhsaithe chun torthaí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí

Rinneadh creat dlíthiúil an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach a chuíchóiriú go mór tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus beidh ríthábhacht ag baint leis an gcreat sin maidir le hollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt a sholáthar. Leis an Rialachán, tugtar roinnt ionstraimí agus módúlachtaí maoinithe (a raibh sásraí rialachais difriúla agus bunúis dlí dhifriúla acu sa tréimhse chlársceidealaithe roimhe 33 ) le chéile faoin aon chreat dlíthiúil agus sásra rialachais amháin. Rinneadh gníomhartha seachtracha a ilroinnt mar thoradh ar an leagan amach roimhe, a d’fhág go raibh sé deacair sineirgí agus comhleanúnachas ionstraimí airgeadais a áirithiú. Leis an gcreat nua, simplítear cur chun feidhme na tacaíochta infheistíochta trí shraith chomhleanúnach rialacha, nósanna imeachta agus cleachtas rialachais a sholáthar, rud a thugann cothrom na Féinne d’institiúidí maoinithe forbraíochta déthaobhacha agus iltaobhacha. Tá an Coimisiún ag obair ar roinnt tionscnamh nua freisin chun go mbeidh sé níos éasca d’institiúidí comhpháirtíochta iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoi CEFI+, rud a thacóidh le cuspóirí cuimsitheachta.

Ina theannta sin, bunaítear leis an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda córas bainistíochta riosca atá neamhspleách, neamhchlaon, cuimsitheach agus trédhearcach tríd an nGrúpa Measúnaithe Teicniúil maidir leis an Ráthaíocht Plus (GTAG+), rud atá ar oscailt do shaineolaithe ó institiúidí comhpháirtíochta agus ó Bhallstáit leasmhara agus atá á eagrú agus á stiúradh ag an gCoimisiún. Cuirfear modheolaíochtaí measúnaithe riosca agus luach saothair i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach fuinneog infheistíochta. Cothóidh GTAG+ tuiscint choiteann i measc institiúidí airgeadais ar an modheolaíocht measúnaithe riosca agus ar na toimhdí bunúsacha atá mar bhonn léi, rud a chuirfidh feabhas ar an trédhearcacht fhoriomlán agus ansin ar éifeachtúlacht an phróisis bainistíochta riosca. 

Ar deireadh, áirítear leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus le IPA III forálacha le haghaidh faireachán agus tuairisciú treisithe. Trí fhaireachán a dhéanamh ar thorthaí bunaithe ar fhianaise agus ar mheastóireachtaí, is féidir go dtacófar freisin le cumarsáid agus le hinfheictheacht de réir na dtosaíochtaí arna sainaithint sna pleananna straitéiseacha ar leibhéal na tíre, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda.

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-creat rialála nua a bhunú, rud a mbeidh sraith chomhleanúnach shimplithe rialacha agus nósanna imeachta aige chun tacaíocht a éascú d’infheistíochtaí;

-acmhainn fheabhsaithe bainistíochta riosca (an Grúpa Measúnaithe Teicniúil maidir leis an Ráthaíocht Plus (GTAG+)) a bhunú, bunaithe ar chórais agus modheolaíochtaí atá oscailte agus trédhearcach d’institiúidí airgeadais comhpháirtíochta;

-faireachán a dhéanamh ar gharspriocanna agus torthaí a oibríochtaí infheistíochta, de réir a Chórais Faireacháin Feidhmíochta faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (atá mar chuid den mhórchreat faireacháin agus meastóireachta faoin Ionstraim sin) agus de réir Chreat Feidhmíochta IPA III.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda a ghlacadh i mí an Mheithimh, rud lena simplítear na rialacha agus, ar an mbealach sin, lena néascaítear cur chun feidhme na tacaíochta infheistíochta trí ráthaíocht CEFI+;

-struchtúir iomchuí a bhunú le haghaidh bainistíocht riosca, ar struchtúir iad a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

oAonad Bainistíochta Riosca, a ghníomhaíonn mar GTAG+ agus a bhfuil freagracht fhoriomlán air as a áirithiú go ndéantar bainistíocht riosca fhónta neamhspleách ar CEFI+;

oSainghrúpa Ráthaíochta neamhspleách cuimsitheach, rud ar cuid de GTAG+ é, a bhféadfaidh saineolaithe riosca ó institiúidí airgeadais agus ó Bhallstáit leasmhara páirt a ghlacadh ann agus atá i gceannas ar mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar phróifíl riosca na gclár ráthaíochta aonair;

-Córas Faireacháin Feidhmíochta na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda a sheoladh 34 .

Cé go bhfuil an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda i gcroílár na bhfeabhsuithe ar an ollstruchtúr airgeadais reatha, cuirfidh an Coimisiún gníomhartha breise chun feidhme chun tionchar níos láidre a bhaint amach agus chun stiúradh beartais, comhordú, cuimsitheacht agus infheictheacht a fheabhsú.

2.2.2    Bearta chun stiúradh beartais láidir ón Aontas a dhearbhú

Cuirtear i láthair sa roinn seo gníomhartha breise a bhfuil mar aidhm leo an ‘stiúradh beartais ón Aontas’ a neartú agus atá de bhreis ar na gníomhartha sin a luaitear sa roinn a bhaineann leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile.

Labhairt d’aon ghuth in institiúidí maoinithe iltaobhacha

Laistigh den Aontas Eorpach, a mhéid a bhaineann le foirmíochtaí na Comhairle, tá an Coimisiún agus an tArdionadaí/Leas‑Uachtarán i bhfách leis an iarraidh a chuir roinnt Ballstát in iúl gur cheart dhá chumraíocht ábhartha a bheith i gceist le díospóireachtaí na Comhairle ar mhaoiniú forbraíochta, is iad sin: Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE - foirmíocht forbartha). D’áiritheodh sé sin go gcuirfí san áireamh na gnéithe ábhartha uile de shaincheisteanna a bhaineann le maoiniú forbraíochta (inbhuanaitheacht airgeadais, beartas eachtrach agus an tionchar forbartha) agus chabhródh sé le seasamh de chuid an Aontais a fhorbairt. Is féidir leis sin cabhrú le comhsheasamh amháin a chur in iúl in institiúidí airgeadais iltaobhacha. Tá sé sin níos tábhachtaí fós i bhfianaise sheoladh na Tairsí Domhanda, rud a bhfuil mar aidhm leis a áirithiú go nglacfar cur chuige cothrománach i leith tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a chur chun feidhme trí thacaíocht d’infheistíocht i dtríú tíortha – ar tacaíocht í a chumhdaíonn cúnamh um fhorbairt agus cúnamh nach cúnamh um fhorbairt araon.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is gá a áirithiú go gcuirfear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais in iúl ar bhealach éifeachtúil, comhordaithe agus comhleanúnach sna fóraim agus sna comhlachtaí ina ndéantar ionadaíocht do roinnt gníomhaithe Eorpacha éagsúla. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit labhairt d’aon ghuth chun a dtionchar agus a ngiaráil a uasmhéadú. Ba cheart don Aontas leanúint le comhpháirtíochtaí a chothú le raon éagsúil institiúidí maoinithe Eorpacha agus idirnáisiúnta ar chlár oibre leathan don athchóiriú agus ar phríomhthosaíochtaí polaitiúla. Mar an gcéanna, ba cheart comhsheasaimh a lorg ar na pleananna straitéiseacha ó na bainc forbartha iltaobhacha uile a bhfuil na Ballstáit den Aontas mar scairshealbhóirí iontu.

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar na deiseanna atá ann le haghaidh comhordú idir an tAontas agus a Bhallstáit chun a áirithiú go gcuirfear luachanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais chun cinn, mar aon le comhsheasaimh a fhorbairt i measc institiúidí maoinithe idirnáisiúnta agus iltaobhacha.Chuige sin, bainfidh an Coimisiún leas as an eispéireas atá ann cheana i gcomhordú a dhéanamh le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Eorpacha ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus ag BEAF.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-ionchur a sholáthar roimh chruinnithe Boird, agus cruinnithe comhordúcháin a thionól le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Aontais ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda, ag BEAF agus ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta faoi seach, agus comhsheasaimh á lorg ar a lán saincheisteanna.

2.2.3    Bearta chun comhordú feabhsaithe a chur chun cinn

Cuirtear i láthair sa roinn seo gníomhartha breise a bhfuil mar aidhm leo comhordú a neartú idir geallsealbhóirí an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt agus atá de bhreis ar na gníomhartha sin a luadh cheana féin sa roinn a bhaineann leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile.

Comhordú neartaithe ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach

Ar aon dul leis an díriú neartaithe ar chur chuige geografach, is gá sainiúlachtaí tíre nó réigiúnacha (lena n‑áirítear, mar shampla, saincheisteanna inbhuanaitheachta fiachais) a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh ar na tionscadail a chumhdófar trí ionstraimí airgeadais, ar an gcineál infheistíochtaí a bheidh ag teastáil agus ar an institiúid airgeadais/na hinstitiúidí airgeadais a dtabharfar ról di/dóibh. Beidh sé ríthábhachtach, mar sin, comhordú níos dlúithe a chur chun cinn ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach. 

Agus iad ag cur leis an saineolas áitiúil atá acu, ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais ról lárnach a bheith acu maidir le tionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus gníomhaíochtaí eile comhair chomhpháirtigh a mhúnlú i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais agus maidir le tacú le hathchóirithe sonracha beartais. Rud sonrach, ba cheart do ghníomhaithe forbartha Eorpacha agus d’institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha brath ar bhealach níos fairsinge ar Thoscaireachtaí an Aontais agus iad ag forbairt píblínte tionscadal infheistíochta a d’fhéadfadh tionchar forbartha bunathraitheach a imirt. Treiseofar clársceidealú comhpháirteach agus cur chun feidhme comhpháirteach le comhpháirtithe Eorpacha ar leibhéal na tíre mar thoradh ar idirphlé réamhtheachtach idir toscaireachtaí an Aontais agus príomhghníomhaithe forbartha freisin.

Lasmuigh d’ionstraimí airgeadais, agus chun borradh a chur faoi fhothú acmhainneachta i dtíortha comhpháirtíochta, cuirfear feabhas ar chúnamh teicniúil freisin, lena n‑áirítear trí shaineolas earnáil phoiblí na hEorpa a shlógadh, go háirithe chun tacú le hathchóirithe riaracháin agus rialála i dtíortha comhpháirtíochta agus chun na tíortha sin a spreagadh cloí le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta.

Treochlár:

I gcomhordú leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-an ról atá ag Toscaireachtaí an Aontais mar chomhordaitheoirí/pointí fócasacha a neartú tuilleadh chun díospóireachtaí réamhtheachtacha a éascú leis na Ballstáit, lena ninstitiúidí maoinithe agus le geallsealbhóirí eile ar an talamh agus chun comhar a threisiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

-iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann saoráidí cúnaimh theicniúil a bhunú, ar saoráidí iad a chuirfidh institiúidí maoinithe forbraíochta difriúla chun feidhme, ag obair dóibh i gcomhar le chéile, i gcás inar féidir, chun tacú le tionscadail atá iontaofa ó thaobh brabúis de a dhearadh i dtíortha atá i mbéal forbartha agus le timpeallacht fhabhrach earnála príobháidí a chruthú;

-cruinnithe comhordúcháin tráthrialta a eagrú ar an leibhéal réigiúnach/ar an leibhéal foréigiúnach/ar leibhéal na tíre, agus Toscaireachtaí an Aontais agus institiúidí agus ceanncheathrúna/príomhchathracha maoinithe forbraíochta ábhartha páirteach iontu;

-leanúint le misin chomhpháirteacha agus laethanta tíre a eagrú i roinnt réigiún.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-méadú a dhéanamh ar an leibhéal caidrimh idir Toscaireachtaí an Aontais agus institiúidí airgeadais, lena náirítear trí chomhairliúcháin le linn na céime clársceidealaithe agus trí iarrachtaí coiteanna a dhéanamh píblínte tionscadal atá iontaofa ó thaobh brabúis de a chruthú;

-cruinnithe comhordúcháin tráthrialta a thionól le hinstitiúidí maoinithe (agus Toscaireachtaí an Aontais) de réir réigiún/tíortha, ar lena linn a cumhdaíodh tosaíochtaí beartais, idirphlé beartais ar athchóirithe i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta, agus athbhreithnithe píblíne ar oibríochtaí measctha agus ráthaíochta (rud dá bhforáiltear i ngach comhaontú ráthaíochta);

-seoladh a dhéanamh ar an gcomhpháirt cúnaimh theicniúil de Shaoráid Infheistíochta Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, ar saoráid nua í;

-tús a chur le feachtas oiliúna do bhaill foirne Thoscaireachtaí an Aontais ar mhaithe le díospóireachtaí ar CEFI+ a leabú isteach ina gcuid oibre i gcoitinne;

-misin chomhpháirteacha agus laethanta tíre a eagrú i roinnt tíortha Afracacha (e.g. Tóga, an Cósta Eabhair) agus i réigiúin na Comharsanachta (go háirithe san Oirthear) agus an Mhéadaithe;

-na chéad chruinnithe a thionól i gcomhthéacs Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar le haghaidh CEFI+ a chur chun feidhme. 

Idirphlé agus comhar leathnaithe le hinstitiúidí airgeadais nach bhfuil san Eoraip

Chun rannpháirtíocht dhomhanda rathúil a bhaint amach, ní mór don Aontas idirphlé agus comhar a leathnú chuig bainc forbartha nach bhfuil san Aontas agus comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a dhoimhniú le geallsealbhóirí nach bhfuil san Aontas freisin.

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-idirphlé ardleibhéil a thionól le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta nach bhfuil san Aontas, amhail an tidirphlé Iniúchta Dhomhain le Grúpa an Bhainc Dhomhanda, nó cruinnithe ardleibhéil eile a thionól leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, le Banc Forbartha na hAfraice, le Banc Forbartha na hÁise nó leis an mBanc Forbartha Idir-Mheiriceánach;

-iniúchadh a dhéanamh ar réimsí féideartha comhair le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta idirnáisiúnta eile (e.g. an Ciste Nordach Forbraíochta, an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht agus an Grúpa Comhordúcháin Arabach, i measc institiúidí eile).

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-leanúint leis an idirphlé le hinstitiúidí airgeadais eile, seachas iad sin a ndearnadh colúnmheasúnú orthu cheana féin, lenar áiríodh Banque OuestAfricaine de Développement, Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar, Banc Forbartha na hÁise, an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht, an Grúpa Comhordúcháin Arabach, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch, Banc Forbartha Mhuir Chairib, an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach agus Banc Forbartha Mheiriceá Laidinigh.

2.2.4    Bearta chun ollstruchtúr airgeadais níos cuimsithí a fhorbairt

Cuirtear i láthair sa roinn seo gníomhartha breise a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar chuimsitheacht san ollstruchtúr airgeadais don fhorbairt agus atá de bhreis ar na gníomhartha sin a luadh cheana féin sa roinn a bhaineann leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile.

Is é uaillmhian an Choimisiúin córas cuimsitheach comhtháite a bhaint amach, áit ar féidir leis na gníomhaithe uile a n‑uirlisí agus a saineolas a úsáid chun borradh a chur faoi chistiú poiblí, infheisteoirí príobháideacha a mhealladh agus fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil a fheabhsú.

A bhuí le sreabh níos fearr faisnéise agus le malartuithe tráthrialta, mar a mholtar sa roinn comhordúcháin, cabhrófar leis an mbealach a réiteach le haghaidh cuimsitheacht a mhéadú, á áirithiú go mbeidh na Ballstáit uile agus a ngníomhaithe forbartha ar an eolas faoi na roghanna infheistíochta atá ar fáil agus go n‑úsáidfear an meascán is éifeachtúla d’uirlisí agus de ghníomhaithe chun tionchar níos mó a bhaint amach ar an talamh.

Díospóireachtaí cuimsitheacha a áirithiú ar gach leibhéal

Déanfaidh na geallsealbhóirí uile – go háirithe an Coimisiún, ionadaithe forbartha do na Ballstáit, institiúidí airgeadais iltaobhacha agus déthaobhacha Eorpacha agus eagraíochtaí comhair um fhorbairt – a machnamh go tráthrialta ar an dul chun cinn arna dhéanamh ar fheabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt. Áiritheoidh sé sin cuimsitheacht mhéadaithe trí gach ionadaí forbartha do na Ballstáit, gach institiúid airgeadais iltaobhach agus dhéthaobhach Eorpach agus gach eagraíocht comhair um fhorbairt a thabhairt le chéile in éineacht leis an gCoimisiún. 

Anuas ar mhachnamh ardleibhéil a dhéanamh agus díospóireachtaí stiúrtha a thionól, is gá comhordú cuimsitheach a neartú ar an leibhéal teicniúil maidir le saincheisteanna cothrománacha freisin.

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-a áirithiú go bpléifear gnéithe straitéiseacha a bhaineann leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt le linn cruinnithe de chuid ArdStiúrthóirí Forbartha an Aontais, ar fóram cuimsitheach é 35 , agus go ndéanfar amhlaidh chomh minic agus is gá agus uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus, ar an mbealach céanna, a áirithiú go bpléifear saincheisteanna teicniúla le linn cruinnithe teicniúla cuimsitheacha (e.g. simpliú a dhéanamh ar fhoirmeacha iarratais ar chistiú CEFI+ 36 , socruithe comhair, cómhaoiniú, straitéisí comhchuibhithe, nósanna imeachta um spleáchas agus aitheantas frithpháirteach, agus nithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais, etc.).

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne seirbhísí an Choimisiúin na nithe seo a leanas:

-na hathruithe a theastaíonn chun an tollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a athdhearadh agus a fheabhsú a phlé le hArdStiúrthóirí an Aontais um Fhorbairt ag an gcruinniú dá gcuid an 5 Deireadh Fómhair;

-seisiún teicniúil a thionól le hinstitiúidí airgeadais comhpháirtíochta an 9 Nollaig 2021, ar lena linn a díríodh ar phróiseas iarratais Ráthaíocht CEFI+, i measc nithe eile.

Tacaíocht fheabhsaithe i leith colún‑mheasúnuithe

Is an‑mhór ag an gCoimisiún an deis atá ag gach institiúid airgeadais Eorpach a ról a imirt san ollstruchtúr airgeadais don fhorbairt. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gá colún‑mheasúnú a dhéanamh mar réamhriachtanas chun páirt a ghlacadh in infheistíochtaí comhpháirteacha (amhail Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa) agus, mar a luaitear thuas, go ndéanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar an bhféidearthacht atá ann dreasachtaí a sholáthar chun fabhar a thabhairt do thograí comhpháirteacha a dhéantar i gcomhar le heintitis Eorpacha nach ndéantar colún‑mheasúnú orthu (fad a dhéantar colún‑mheasúnú ar an bpríomheintiteas).

Treochlár:

Déanfaidh an Coimisiún an ní seo a leanas:

-leanúint le cúnamh agus comhairle mhodheolaíoch a thabhairt d’institiúidí airgeadais Eorpacha atá ag dul faoin bpróiseas colúnmheasúnaithe.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

Rinne an Coimisiún an ní seo a leanas:

-comhairle mhodheolaíoch a thabhairt do sheacht ninstitiúid maoinithe forbraíochta Eorpacha atá ag dul faoi cholúnmheasúnuithe comhlántacha agus do dhá institiúid maoinithe forbraíochta is iarratasóirí nua, lenar áiríodh trí chruinnithe faisnéise tiomnaithe agus seiceálacha incháilitheachta d’iarratasóirí nua.

2.2.5    Bearta chun infheictheacht agus tionchar an Aontais a mhéadú

Cuirtear i láthair sa roinn seo gníomhartha breise a bhfuil mar aidhm leo cumarsáid agus infheictheacht fhoriomlán an Aontais a neartú agus atá de bhreis ar na gníomhartha sin a luadh cheana féin sa roinn a bhaineann leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda agus doiciméid straitéiseacha eile.

Feabhas a chur ar iarrachtaí cumarsáide trí chur chuige Fhoireann na hEorpa

Chun infheictheacht ghníomhartha forbartha an Aontais agus na mBallstát a mhéadú ar fud an domhain agus ar bhonn áitiúil araon, agus chun a áirithiú go bhféachfar ar an Eoraip mar ghníomhaí domhanda a bhfuil a thionchar ag teacht lena thábhachtaí atá an idirghabháil airgeadais uaidh, tá sé ríthábhachtach go rachadh gníomhaithe an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt i bpáirt le chéile agus cumarsáid á déanamh acu.

Agus deontóirí nua ag teacht chun cinn, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann méid na tacaíochta Eorpaí do thíortha comhpháirtíochta a thaispeáint go cruinn. Chun an tacaíocht fhoriomlán arna slógadh ag an Aontas agus ag a Bhallstáit a chur in iúl go héifeachtúil, beidh sé riachtanach an ganntanas sonraí inchomparáide atá ar fáil i measc na mBallstát agus institiúidí airgeadais Eorpacha a shárú.

Beidh cur chuige Fhoireann na hEorpa ina chuid lárnach d’iarrachtaí cumarsáide straitéisí agus daonlathais phoiblí an Aontais, ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach. Maidir leis sin, is féidir le Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa deis úsáideach infheicthe a sholáthar chun iarrachtaí cumarsáide a mhúnlú. I gcás na Comharsanachta agus na mBalcán Thiar, beidh an insint dírithe ar na Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta a úsáid mar phríomhuirlisí le haghaidh torthaí a bhaint amach trí chur chuige Fhoireann na hEorpa.

Treochlár:

I gcomhar leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann creat comhpháirteach a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta le haghaidh oibríochtaí maoinithe forbraíochta an Aontais agus na mBallstát ar fud an domhain a thuairisciú ar bhonn bliantúil ar mhaithe le figiúirí comhiomlána comhdhlúite agus inchomparáide faoi mhaoiniú forbraíochta ón Aontas agus ó na Ballstáit, agus éachtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an mhaoinithe forbraíochta, a chur i láthair chun tacú le tosaíochtaí cumarsáide straitéisí; 

-pleananna cumarsáide straitéisí tíre a ullmhú i dtíortha comhpháirtíochta, ar pleananna iad ina dtabharfar gníomhaíochtaí cumarsáide straitéisí agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta poiblí le chéile chun líonra fadtéarmach a fhorbairt agus a mbeidh mar aidhm leo luachanna agus prionsabail an Aontais agus scála agus scóip na rannpháirtíochta Eorpaí a thaispeáint do spriocphobail áitiúla;

-tuilleadh treorach cumarsáide agus ábhar cumarsáide a sholáthar do Thoscaireachtaí an Aontais, do na Ballstáit agus d’institiúidí airgeadais Eorpacha maidir leis na bearta de chur chuige Fhoireann na hEorpa is féidir leo a úsáid ina ngníomhaíochtaí cumarsáide (e.g. scéalta faoin rath a bhain an tAontas agus na Ballstáit amach agus iad ag gníomhú trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, ar scéalta iad ina léirítear cén fáth a ngníomhaímid agus cé na nithe a seasaimid ar a son (an ghné áitiúil, luachanna coiteanna, cur chuige atá dírithe ar an duine);

-i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais rannpháirteacha an Aontais agus leis na Ballstáit rannpháirteacha, comhordú a dhéanamh ar fhógairt oibríochtaí nua trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, agus iad á bhfógairt trí nuacht (preaseisiúintí nó cainéil meán sóisialta) agus, i gcás inarb oiriúnach, trí rannpháirtíocht chomhpháirteach i searmanais sínithe na noibríochtaí a chuirtear ar áireamh i bpunanna a chumhdaítear le Ráthaíocht CEFI+;

-láithreacht shoiléir gréasáin a fhorbairt do na tionscadail uile arna gcistiú ag an Aontas ina núsáidtear maoiniú cumaiscthe, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh teicniúil.

Tuarascáil ar dhul chun cinn 2021:

I gcomhar leis an Ardionadaí/Leas‑Uachtarán, rinne an Coimisiún na nithe seo a leanas:

-feabhas a chur ar chomhordú sa chumarsáid, lenar áiríodh trí na nithe seo a leanas:

omisean comhpháirteach ó oifigigh ardleibhéil de chuid an Choimisiúin agus ó bhainc forbartha phoiblí chuig Tóga i mí na Samhna 2021;

oTionscnaimh Fhoireann na hEorpa a fhógairt i láthair ionadaithe don Aontas agus do gach Ballstát rannpháirteach (e.g. Tionscnaimh Fhoireann na hEorpa maidir le monaraíocht vacsaíní agus maidir le hInfheistiú i nGnólachtaí Óga san Afraic, Tionscnamh Glas Fhoireann na hEorpa atá á sheoladh i gcomhpháirt leis an Áise Thoir Theas agus tionscnamh domhanda Dhaonlathas Fhoireann na hEorpa);

osearmanais sínithe a sheoladh i láthair ionadaithe don Aontas, do na Ballstáit agus d’institiúidí maoinithe (mar shampla, an tSaoráid Bhainistíochta Uisce agus Acmhainní Nádúrtha le haghaidh cosc ar thuilte i gcathair Dien Bien Phu i Vítneam);

-treoir agus teimpléid maidir le cumarsáid straitéiseach agus daonlathas poiblí a sholáthar do Thoscaireachtaí an Aontais chun tacú leo na pleananna straitéiseacha uathu a bheachtú;

oathbhreithniú a dhéanamh ar a thírdhreach gréasáin ar fad maidir le comhar forbartha chun a áirithiú go léireofaí cur chuige Fhoireann na hEorpa agus tionchar Thionscnaimh Fhoireann na hEorpa go hiomlán ar an suíomh gréasáin seachtrach.

9.CONCLÚID

Teastaíonn gníomhaíocht thapa, chomhordaithe agus uaillmhianach chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt agus go soláthróidh sé an tionchar inmhianaithe don Aontas agus dá chomhpháirtithe araon.

Léirigh freagairt Fhoireann na hEorpa do ghéarchéim COVID‑19 go mbíonn an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na mBallstát níos láidre nuair a oibríonn siad le chéile agus nuair a shaothraíonn siad cuspóirí coiteanna. Is gá don ollstruchtúr airgeadais cur leis an gcur chuige sin chun a áirithiú go ndéanfaidh comhpháirtithe airgeadais agus geallsealbhóirí ábhartha faisnéis a chomhroinnt go tráthúil agus go n‑oibreoidh siad le chéile le linn na gcéimeanna uile, idir chúnamh teicniúil a sholáthar, thionscadail a thionscnamh, thionscadail a réamh‑bhreithmheas agus mheastóireacht a dhéanamh ar thionscadail, agus iad ag cur leis an saineolas tíre, earnála nó airgeadais atá acu faoi seach. Beidh a gcuid gníomhaíochta bunaithe ar chuspóirí coiteanna, ag gníomhú dóibh faoi stiúradh polaitiúil láidir ón Aontas. Soláthróidh sé sin infheictheacht agus aitheantas don ról atá ag an Aontas mar phríomh‑chomhpháirtí idirnáisiúnta freisin.

Tá ríthábhacht ag baint le rannpháirtíocht ghníomhach agus iarrachtaí na gcomhpháirtithe uile lena mbaineann maidir le barrfheabhsú a dhéanamh ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt, feabhas a chur ar chomhar, tionchar a uasmhéadú, agus a áirithiú go naithneofar an tAontas go cuí mar imreoir domhanda fíor-riachtanach. Tá an Coimisiún agus an tArdionadaí/LeasUachtarán réidh le ról lárnach a imirt ina leith sin i ndlúthchomhpháirt le gach geallsealbhóir Eorpach agus tá roinnt de na gníomhartha molta le haghaidh feabhais uaidh á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún cheana féin.

Iarscríbhinn: Gníomhaithe an ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh don fhorbairt

Ballstáit

Bainc Forbartha Phoiblí

Institiúidí Maoinithe Forbraíochta

Gníomhaireacht Forbartha

An Ostair

AWS

OeEB

ADA

An Bheilg

BIO

Enabel

An Bhulgáir

 

 

An Ard‑Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Domhanda - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Chróit

 

 

An Ard‑Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Comhar um Fhorbairt - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha

An Chipir

 

 

An Aireacht Gnóthaí Eachtracha

Poblacht na Seice

 

National Development Bank (NDB) 

CzechAid

An Danmhairg

 

IFU

Danida - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Ciste Nordach Forbraíochta (NDF)

An Banc Nordach Infheistíochta (NIB)

An Eastóin

 

NIB

An Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Fhionlainn

 

Finnfund

Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne

NDF

NIB

An Fhrainc

AFD

Proparco

AFD

 

Expertise France - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Ghearmáin

KfW

DEG

GIZ

An Ghréig

 

 

Hellenic Aid - an Ard‑Stiúrthóireacht um Chomhar Idirnáisiúnta um Fhorbairt - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Ungáir

 

EXIM Hungary

An Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Hungary Helps Agency - faoi chomhordú ag Oifig an Phríomh‑Aire

Éire

 

 

Cúnamh Éireann – an Roinn Gnóthaí Eachtracha

An Iodáil

CDP

SIMEST

AICS

Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIodáile

An Laitvia

 

NIB

An Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Liotuáin

 

NIB

CPMA

Lucsamburg

 

 

LuxDev

Málta

 

 

An Aireacht Ghnóthaí Eachtracha agus Eorpacha

An Ísiltír

 

FMO

SNV

Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hÍsiltíre

An Pholainn

 

 

PolishAid - an Roinn um Chomhar um Fhorbairt - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Phortaingéil

 

SOFID

Camões

An Rómáin 

 

 

RoAid

An tSlóvaic

EXIMBANKA SR 

SAIDC - SlovakAid

An tSlóivéin

 

An Roinn um Chomhar um Fhorbairt agus Cabhair Dhaonnúil - an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Spáinn

 

COFIDES

AE

CID

FIIAPP

An tSualainn

 

Swedfund

SIDA

NDF

NIB

Tíortha nach Ballstáit den Aontas iad

An Iorua

 

NIB

NORAD

Norfund

An Eilvéis

 

SIFEM

SDC

An Ríocht Aontaithe

 

CDC

DFID (FCDO)

An Chomhairle Bhriotanach

Baill den chomhpháirtíocht fheabhsaithe

Baill de Chomhlachas na nInstitiúidí Maoinithe Forbraíochta Eorpacha

Baill de Líonra na gCleachtóirí

Bainc forbartha iltaobhacha: an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF)

Bainc dhomhanda/réigiúnacha/idirnáisiúnta: Grúpa an Bhainc Dhomhanda (WBG), Banc Forbartha na hAfraice (AfDB), Banc Forbartha na hÁise (ADB), an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach (IDB), etc.

(1)

 An Coimisiún Eorpach (2021), Team Europe increased Official Development Assistance to €66.8 billion as the world's leading donor in 2020 [Mhéadaigh Foireann na hEorpa Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt go €66.8 billiún, agus í ar an deontóir is mó ar domhan in 2020], 13 Aibreán 2021 .

(2)

OECD (2020), Global Outlook on Financing for Sustainable Development 2021: A New Way to Invest for People and Planet [An tIonchas Domhanda maidir le Maoiniú don Fhorbairt Inbhuanaithe 2021: Bealach Nua chun Infheistiú do Dhaoine agus don Phláinéad], OECD Publishing, Páras.

(3)

 Joint Communication to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee, the Committee of the Regions and the EIB on The Global Gateway [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta dar teideal An Tairseach Dhomhanda], 01 Nollaig 2021, JOIN(2021) 30 final.

(4)

An Coimisiún Eorpach (2022), An tAontas Eorpach-An Afraic: Pacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda , 18 Feabhra 2022.

(5)

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lgh. 1-78).

(6)

Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).

(7)

Féach, mar shampla, Camdessus, M (2010), European Investment Bank’s external mandate 2007‐2013 Mid‐Term Review - ‘Report and recommendations of the Steering Committee of ‘wise persons’’ [Athbhreithniú Meántéarma ar shainordú seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 2017-2013 - Tuarascáil agus moltaí ón gCoiste Stiúrtha ‘saoithe’], EIB Publishing, Lucsamburg.

(8)

 Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council and the EIB on Towards a more efficient financial architecture for investment outside the European Union [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta dar teideal ‘I dtreo ollstruchtúr airgeadais níos éifeachtúla don infheistíocht lasmuigh den Aontas Eorpach’], 12 Meán Fómhair 2018, COM(2018) 644 final.

(9)

An Grúpa Ardleibhéil Saoithe um an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt (2019), Europe in the world – The future of the European financial architecture for development [An Eoraip ar domhan – A bhfuil i ndán don ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt], Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil.

(10)

Nóta ó Ardrúnaíocht na Comhairle chuig Toscaireachtaí an Aontais dar teideal Feasibility study on options for strengthening the future European financial architecture for development – Executive Summary [Staidéar féidearthachta ar roghanna le haghaidh an t-ollstruchtúr airgeadais Eorpach amach anseo don fhorbairt a neartú – Achoimre Feidhmiúcháin], 14 Aibreán 2021, GSC(2021) 6961/1/21 REV 1.

(11)

 Conclúidí ón gComhairle maidir le Feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt , 14 Meitheamh 2021, GSC(2021) 9462/1/21 REV 1.

   Féach freisin Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a neartú , 5 Nollaig 2019 , GSC( 2019 ) 14434 / 19 .

(12)

15 bhall: Bio (BE), CDC (UK), COFIDES (ES), DEG (DE), Finnfund (FI), FMO (NL), IFU (DK), Norfund (NO), OeEB (AT), Proparco (FR), SBI/BMI (BE), SIFEM (CH), Sace Simest (IT), SOFID (PT), Swedfund (SE).

(13)

AFD, KfW, CDP, AECID agus an Coimisiún Eorpach.

(14)

 Baill: ADA (AT), AECID (ES), AICS (IT), AFD (FR), An Chomhairle Bhriotanach (UK), Camoes (PT), CPVA (LT), CzechAid (CZ), Enabel (BE), Expertise France (FR), FIIAPP (ES), GIZ (DE), LuxDev (LU), SlovakAid (SK), Sida (SE), SNV (NL), RoAid (RO); Comhlaigh: Danida (DK), FCDO (UK), MFA (EE), agus MFA (NL); Breathnóir: an Coimisiún. Soláthraíonn Líonra na gCleachtóirí aiseolas ar bheartais ó thaobh cleachtóirí de.

(15)

  Meabhrán tuisceana idir an Coimisiún Eorpach, BEI agus BEAF (2012) i ndáil le Comhar lasmuigh den Aontas Eorpach , an Bhruiséil.

(16)

 Féach an iarscríbhinn le haghaidh liosta iomlán.

(17)

BEI, KfW agus AFD - oibríochtaí a chómhaoiniú agus acmhainní a chomhthiomsú le haghaidh breithmheas agus faireachán a dhéanamh ar thionscadail, le haghaidh comhroinnt faisnéise agus le haghaidh comhairliúcháin.

(18)

Amhail an Interact Climate Change Facility’, a n-áirítear iad seo a leanas lena chuid scairshealbhóirí faoi láthair: AFD, BEI, CDC, DEG, PROPARCO, BIO, Finnfund, COFIDES, Norfund, OeEB, SIFEM, Swedfund, agus ‘European Financing Partners’, a bhfuil BEI agus 13 institiúid maoinithe forbraíochta de chuid an Aontais mar scairshealbhóirí ann: BIO, CDC, COFIDES, DEG, Finnfund, FMO, IFU, PROPARCO, Norfund, SBI-BMI, Swedfund, SIFEM agus OeEB nó an Friendship Facility (PROPARCO - an Fhrainc, FMO - an Ísiltír, agus DEG - an Ghearmáin).

(19)

 Nóta ó Ardrúnaíocht na Comhairle chuig Toscaireachtaí an Aontais dar teideal European Financial Architecture for Development – EIB-EBRD Joint Report [An tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt – Tuarascáil Chomhpháirteach ó BEI-BEAF], 25 Samhain 2021, GSC(2021) 14398/21.

(20)

Leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí, tugtar trí cholún chomhlántacha (maoiniú chun acmhainní breise a ghiaráil trí mheascadh agus trí ráthaíocht CEFI, cúnamh teicniúil, agus an timpeallacht infheistíochta) le chéile i gcur chuige cuimsitheach amháin. Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig BEI dar teideal Strengthening European Investments for jobs and growth: Towards a second phase of the European Fund for Strategic Investments and a new European External Investment Plan [Infheistíochtaí Eorpacha a neartú le haghaidh fostaíochta agus fáis: I dtreo an dara céim den Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus Plean Eorpach nua Infheistíochta Seachtraí] , 14 Meán Fómhair 2016, COM(2016) 581 final.

(21)

Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2017, lch. 1).

(22)

Saoráidí réigiúnacha: Ardán Infheistíochta na hAfraice, Saoráid Infheistíochta Mhuir Chairib, an tSaoráid Infheistíochta don Aigéan Ciúin, Saoráid Infheistíochta na hÁise, an tSaoráid Infheistíochta don Áise Láir, Saoráid Infheistíochta Mheiriceá Laidinigh, Ardán Infheistíochta na Comharsanachta agus Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar. Ó thaobh cúrsaí téamacha: agriFI agus electriFI, ar tionscnaimh um maoiniú talmhaíochta agus leictriúcháin iad.

(23)

An Coimisiún Eorpach (2019), Ardán an Aontais um Meascadh sa Chomhar Eachtrach .

(24)

Agus cur chuige ‘Fhoireann na hEorpa’ á ghlacadh, baintear leas as ranníocaíochtaí ón Aontas Eorpach agus comhcheanglaítear na hacmhainní arna slógadh ag na Ballstáit den Aontas agus ag institiúidí airgeadais an Aontais, agus inniúlachtaí agus nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais, lena n-áirítear na rialacha vótála, arna mbunú le Conarthaí an Aontais á n-urramú san am céanna. Bíonn cur chuige Fhoireann na hEorpa ag brath ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar institiúidí maoinithe na mBallstát, lena n-áirítear bainc forbartha náisiúnta agus gníomhaireachtaí cur chun feidhme náisiúnta, ar BEI agus ar BEAF. Cuirtear é chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais freisin, lena n-áirítear trí thoscaireachtaí an Aontais, ar mhaithe le comhordú ón Aontas a éascú ar an talamh.

(25)

Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal the Global EU response to COVID-19 [Freagairt dhomhanda an Aontais do COVID-19], 8 Aibreán 2020, JOIN(2020) 11 final.

(26)

  Report from the Commission to the Council on the recommendations of the high-level group of wise persons on the European financial architecture for development [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir leis na moltaí ón ngrúpa ardleibhéil saoithe maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt], 31 Eanáir 2020, COM(2020) 43 final.

(27)

 Joint Communication to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee, the Committee of the Regions and the EIB [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta] ar An Tairseach Dhomhanda , 1 Nollaig 2021, JOIN(2021) 30 final.

(28)

An Coimisiún Eorpach (2022), An tAontas Eorpach-An Afraic: Pacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda , 18 Feabhra 2022.

(29)

Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do gheallsealbhóirí eile, i gcás inarb iomchuí.

(30)

Féach anseo: https://ec.europa.eu/international-partnerships/global-europe-programming_en , https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/funding-and-technical-assistance/neighbourhood-development-and-international-cooperation-instrument-global-europe-ndici-global-europe_en agus https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/enlargement-policy/overview-instrument-pre-accession-assistance_en  

(31)

Cé acu is clársceidealú comhpháirteach nó clársceidealú déthaobhach atá i gceist. Trí chlársceidealú comhpháirteach, comhaontaíonn an tAontas agus na Ballstáit ar fhreagairt chomhpháirteach ón Aontas agus óna Bhallstáit don straitéis forbartha ón tír chomhpháirtíochta/réigiún comhpháirtíochta, rud a sholáthraíonn deis láithreach chun comhordú, éifeachtúlacht agus tionchar a mhéadú.

(32)

 Mar a fógraíodh sa Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú , a foilsíodh an 6 Iúil 2021.

(33)

Sa chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020, cuireadh an ceannteideal ‘An Eoraip Dhomhanda’ chun feidhme trí roinnt ionstraimí maoinithe. Áirítear leo:

• Rialachán (AE) 2015/322 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme;

• Rialachán (AE) 230/2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin;

• Rialachán (AE) 232/2014 lena mbunaítear ionstraim Eorpach chomharsanachta;

• Rialachán (AE) 233/2014 lena mbunaítear an ionstraim maidir le comhar um fhorbairt;

• Rialachán (AE) 234/2014 lena mbunaítear an ionstraim um chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha;

• Rialachán (AE) 235/2014 lena mbunaítear an ionstraim Eorpach don daonlathas agus do chearta an duine;

• Rialachán (AE) 2017/1601 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe, Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíocht CEFI;

• Cinneadh (AE) 2018/412 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh);

• Rialachán (AE) 2018/409 lena leasaítear Rialachán 480/2009 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

(34)

 Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Launching the Global Europe Performance Monitoring System containing a Revised Global Europe Results Framework [Córas Faireacháin Feidhmíochta na hEorpa Domhanda a Sheoladh ina bhfuil Creat Athbhreithnithe Torthaí don Eoraip Dhomhanda], 25 Eanáir 2022, SWD(2022) 22 final.

(35)

 Cuimsíonn an fóram na hArd-Stiúrthóirí atá i gceannas ar an bhforbairt ó gach Ballstát, na hArd-Stiúrthóirí ábhartha um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú agus um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta de chuid an Choimisiúin, agus Ard-Rúnaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí. I bhformáid mhéadaithe Fhoireann na hEorpa, cuimsíonn sé freisin an lucht ardbhainistíochta ó ghníomhaireachtaí forbartha na mBallstát, ó institiúidí airgeadais na mBallstát, ó BEI agus ó BEAF.

(36)

 Ba cheart prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh go fóill sna cineálacha simplithe maoinithe agus, go háirithe, ba cheart prionsabail na barainneachta agus na héifeachtúlachta a chomhlíonadh agus cistiú dúbailte a chosc.