An Bhruiséil,14.3.2022

COM(2022) 106 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2020 MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME RIALACHÁN (CE) UIMH. 300/800 MAIDIR LE RIALACHA COMHCHOITEANNA i RÉIMSE SLÁNDÁLA NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA


RÉAMHRÁ

De réir Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 1 , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na mBallstát gach bliain, á gcur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis an tionchar a bheidh aige ar an aershlándáil a fheabhsú. Tá cúig chuid sa tuarascáil seo. Cumhdaítear leis an gcéad chuid gníomhaíochtaí cigireachta slándála eitlíochta, leis an dara cuid leasuithe ar an gcreat reachtach maidir le slándáil eitlíochta, leis an tríú cuid trialacha, staidéir agus tionscnaimh nua i réimse slándála na heitlíochta, leis an gceathrú cuid bagairtí agus an t-ionchas, agus ar deireadh, sa chúigiú cuid, léirítear an t-idirphlé idirnáisiúnta a bhfuil an Coimisiún ina bhun le comhlachtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

In 2020 lean an Coimisiún ar aghaidh de rialacha slándála eitlíochta a neartú, agus leagadh béim ar leith ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme na rialacha slándála eitlíochta reatha agus nua.

Maidir leis an tslándáil eitlíochta, bhí dhá chuspóir ag an gCoimisiún le linn phaindéim COVID-19: ar an gcéad dul síos, a áirithiú nach gcuirfear an tslándáil i mbaol, mar níorbh fhéidir déileáil le teagmhas slándála i dteannta leis an ngéarchéim sláinte agus eacnamaíoch. Ar an dara dul síos, bonn láidir a chruthú chun tús a chur le hoibríochtaí arís de réir a chéile agus muinín an phobail as an iompar a chothú arís, agus a áirithiú go bhfanfaidh an tsábháilteacht agus an tslándáil ar an leibhéal is airde ag an am céanna.

Níos faide anonn sa bhliain, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme 4 eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 go háirithe. Measadh gur gá bearta práinneacha a ghlacadh lena mbunaítear an bunús dlí iomchuí chun próiseas malartach agus brostaithe a chur chun feidhme maidir le bailíochtuithe slándála eitlíochta an Aontais le haghaidh oibreoirí an tslabhra soláthair atá ceaptha dul chuig an Aontas, oibreoirí a ndéanann an staid reatha difear dóibh, agus roinnt solúbthachta a chur ar fáil chun na ceanglais nua a chur chun feidhme i réimse na seiceálacha cúlra ar phearsanra eitlíochta sibhialta agus i réimse na cibearshlándála. Nós imeachta reachtach eile lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún, a tionscnaíodh i bhfómhar 2020, tugadh chun críche é i bhFeabhra 2021 5 . Leis an leasú sin cuireadh síneadh ama le hinfheidhmeacht an phróisis mhalartaigh agus bhrostaithe maidir le bailíochtuithe slándála eitlíochta an Aontais le haghaidh oibreoirí an tslabhra soláthair atá ceaptha dul chuig an Aontas, agus tugtar rialacha maidir le Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI) isteach sa reachtaíocht. Tá forálacha ann freisin chun bearta áirithe slándála eitlíochta a shoiléiriú, a chomhchuibhiú, a shimpliú agus a neartú.

Thairis sin, d’eisigh an Coimisiún treoir a bhí dírithe ar chúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus d’oibreoirí a ndearnadh difear dóibh de bharr na staide urghnáiche a bhí ann de thoradh na paindéime, lena n-áirítear i réimse an fhaireacháin ar chomhlíonadh.

Eisíodh nóta ginearálta i Márta 2020 maidir le gach modh iompair i dtaca le bearta eisceachtúla chun dul i ngleic leis an neamhábaltacht cloí le forálacha áirithe reachtaíocht an Aontais de thoradh na géarchéime. D’ullmhaigh an Coimisiún treoir oibríochtúil do phobal na slándála eitlíochta maidir le bearta slándála eitlíochta teagmhasacha agus malartacha i gcomhthéacs COVID-19. Ar deireadh, d’eisigh an Coimisiún freisin Treoirlínte COVID-19 maidir le seirbhísí agus nascacht iompair a athbhunú de réir a chéile 6 .

Bhí sé níos deacra ar an gCoimisiún Eorpach cigireachtaí a dhéanamh mar gheall ar shrianta soghluaisteachta le linn ghéarchéim COVID-19, ach in aon chás leanadh ar aghaidh de bheith á ndéanamh trí úsáid a bhaint as cineálacha nua cur chuige nua agus as teicnící tacaíochta cosúil le cianchigireachtaí bunaithe ar dhoiciméid.

An úsáid neamhdhleathach a bhaintear as córas aerárthaí gan foireann, nó dróin mar is fearr aithne orthu, mar veicteoir ionsaithe agus chun cur isteach ar oibríochtaí aerfoirt, tharraing sé sin aird na n-údarás agus na meán. Thug an Coimisiún tacaíocht do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) treoirlínte a fhorbairt maidir le teagmhais a bhaineann le dróin a bhainistiú in aerfoirt. Ina theannta sin, chothaigh an Coimisiún plé i measc na mBallstát inar díríodh ar iarmhairtí diúltacha na dteagmhas a bhaineann le dróin sa chóras eitlíochta.

Faoi mar a tharla blianta eile, lean an Coimisiún d’anailís a dhéanamh ar staid na bagartha i ndlúthchomhar leis na Ballstát, leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus leis na tíortha comhpháirtíochta, amhail na Stáit Aontaithe – go háirithe i dtaca le cineálacha cur chuige sceimhlitheoireachta nua a d‘fhéadfadh a bheith ann – agus d’fhorbair sé straitéisí maolaithe i gcás inarbh iomchuí bunaithe ar mheasúnuithe riosca rialta.

Lean an Coimisiún de bheith ag cur leis an tslándáil eitlíochta a fheabhsú ar fud an domhain, trína chomhar seanbhunaithe le ICAO agus trína thionscadal fothaithe acmhainneachta CASE-II don Afraic, don Áis agus don Mheánoirthear. Thairis sin, sholáthair an Coimisiún measúnuithe riosca a mhéid a bhaineann le heitilt os cionn limistéir choinbhleachta trí phróiseas measúnaithe rioscaí comhtháite an Aontais maidir le slándáil eitlíochta. Leis an bpróiseas cuirtear ar fáil an cumas chun rioscaí a mheasúnú agus tugtar tacaíocht don phróiseas cinnteoireachta (maolú riosca) i réimse na slándála aerlasta agus na gcaighdeán slándála eitlíochta.

CUID A hAON: CIGIREACHTAÍ

1.Ginearálta

Tá sé mar aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na slándála eitlíochta cosc a chur le cur isteach neamhdhleathach ar aerárthaí sibhialta chun daoine agus earraí a chosaint.

Cé go gceanglaítear ar na Ballstáit leis an Rialachán seo faireachán rialta a dhéanamh ar na haerfoirt, na hoibreoirí agus na heintitis eile a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm, agus go gceanglaítear orthu a áirithiú go mbraitear agus go gceartaítear teipeanna go tapa, is é an ról a thugann an reachtóir don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an cheanglais dhlíthiúil ag Ballstáit an Aontais/LEE 7 .

Chun an cuspóir faireacháin sin a chomhlíonadh, cumhdaítear le córas formhaoirseachta an Choimisiúin gníomhaíochtaí Bhallstáit an Aontais/LEE chun clár náisiúnta éifeachtach um shlándáil eitlíochta sibhialta agus clár náisiúnta éifeachtach um rialú cáilíochta ar shlándáil eitlíochta a chur i bhfeidhm.

Chuige sin, chuir an Coimisiún córas faireacháin ar chomhlíontacht dhá shraith ar bun, i.e. cigireachtaí an Choimisiúin a chomhlánaítear le measúnú ar thuarascálacha bliantúla na mBallstát féin ar ghníomhaíochtaí náisiúnta faireacháin (iniúchtaí, cigireachtaí agus tástálacha slándála).

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 éilítear ar an gCoimisiún cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm, chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tslándáil eitlíochta. Cumhdaítear an Eilvéis le clár an Aontais freisin, agus déanann Údarás Faireacháin CSTE (ESA) cigireacht ar an Iorua agus ar an Íoslainn de réir forálacha comhthreomhara.

Chun tabhairt faoina obair chigireachta in 2020, bhí foireann de sheisear cigirí slándála eitlíochta lánaimseartha ag an gCoimisiún. Tugtar tacaíocht don obair chigireachta le buíon de thart ar 100 iniúchóir náisiúnta a ainmníonn na Ballstáit, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis, iniúchóirí a cháilíonn chun páirt a ghlacadh i gcigireachtaí an Choimisiúin trí oiliúint a chuireann an Coimisiún ar fáil. Ó bhí 2016 ann, tá cigirí ó ESA agus ón gComhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) ag obair go comhpháirteach sa phróiseas sin mar chigirí lánfheidhmiúla 8 . Mar gheall ar líon suntasach na n-iniúchóirí náisiúnta a ghlacann páirt i gcigireachtaí an Choimisiúin, déantar córas athbhreithnithe piaraí a áirithiú agus is féidir modheolaíochtaí agus dea-chleachtais a scaipeadh ar fud na mBallstát agus na dtíortha lena mbaineann. Tá cairt ina ndéantar achoimre ar ghníomhaíochtaí uile an Choimisiúin a bhaineann le faireachán ar chomhlíontacht agus ESA a rinneadh in 2020 in Iarscríbhinn 1.

Le Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún 9 , arna leasú, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cigireachtaí an Choimisiún a dhéanamh i réimse na slándála eitlíochta. Áirítear leis sin, inter alia, forálacha maidir le cáilíocht agus cumhachtaí chigirí an Choimisiúin.

An mhodheolaíocht a úsáidtear chun na cigireachtaí a dhéanamh, forbraíodh í i ndlúthchomhar le húdaráis slándála eitlíochta na mBallstát agus tá sí bunaithe ar fhíorú chur chun feidhme éifeachtach na mbeart slándála. Chun na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le cur i gcrích cigireachtaí a léirmhíniú ar bhealach comhchuibhithe, déanann aonad slándála Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE) lámhleabhair maidir le cigireachtaí aerfoirt agus lasta a tharraingt suas agus a choimeád. Tá leideanna agus treoir mhionsonraithe sna lámhleabhair sin freisin maidir leis na bearta slándála eitlíochta uile a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais. Ina theannta sin, tá sonraí ann maidir le gnéithe eagraíochtúla agus praiticiúla uile chigireachtaí an Choimisiúin. Faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh atá sna lámhleabhair sin agus ní chuirtear ar fáil iad ach do chigirí an Choimisiúin agus don údarás iomchuí i ngach Ballstát.

Déanann an Coimisiún cigireacht ar riaracháin slándála eitlíochta na mBallstát (na ‘húdaráis iomchuí’) agus ar roinnt aerfort, oibreoirí agus eintiteas a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm. Is é is aidhm do na cigireachtaí ar údaráis iomchuí a fhíorú cé acu atá na huirlisí is gá ag na Ballstáit – lena n-áirítear clár náisiúnta um rialú cáilíochta, na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní iomchuí – chun bheith ábalta reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais a chur chun feidhme go leormhaith. Is é is aidhm do na cigireachtaí ar aerfoirt a fhíorú an ndéanann an t-údarás iomchuí faireachán leormhaith ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart slándála eitlíochta agus an bhfuil siad ábalta easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus a cheartú go tapa. Sa dá chás, ní mór aon easnamh a shainaithníonn cigirí an Choimisiúin a cheartú laistigh de thréimhse ama a leagtar síos. Roinntear tuarascálacha cigireachta idir na Ballstáit.

In ainneoin na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19, lean an Coimisiún de chigireachtaí a dhéanamh ar riaracháin náisiúnta na mBallstát i gcomhréir lena straitéis chigireachta, trí úsáid a bhaint as modhanna ó chian. In 2020, rinne an Coimisiún 11 chigireacht chuimsitheacha lenar cumhdaíodh aerfoirt (lena n-áirítear aeriompróirí agus eintitis) chomh maith leis na húdaráis iomchuí i seacht mBallstát. Cuireadh ar athló na cigireachtaí aerfoirt uile a bhí sceidealaithe don tréimhse tar éis ráig na paindéime i Márta 2020 san Aontas.

Sceidealaigh an Coimisiún cruinniú de mheitheal chigireachta AVSEC le haghaidh Aibreán 2020, arbh é ab aidhm dó aiseolas ó chigireachtaí a thabhairt do na Ballstáit, trédhearcacht a chur chun cinn agus modheolaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a chomhchuibhiú. Ach níor mhór an cruinniú sin a chur ar ceal mar gheall ar ráig COVID-19. Mar chuid dá n-oiliúint thréimhsiúil, tionóladh iniúchóirí náisiúnta le haghaidh cruinniú bliantúil i nDeireadh Fómhair 2020, cruinniú a bhí ar siúl trí fhíschomhdháil.

1.1    Faireachán ilbhiantúil an Choimisiúin ar chomhlíontacht

Chun ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt don Choimisiún maidir le leibhéal comhlíontachta na mBallstát, úsáidtear cur chuige faireachán ilbhliantúil. Mar sin, faightear fianaise maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 agus a reachtaíocht chur chun feidhme ag gach Ballstát de réir timthriall dhá bhliain, trí bhíthin cigireacht ar a údarás iomchuí nó cigireacht ag ceann amháin dá aerfort ar a laghad. Ina theannta sin, faightear fianaise ar chur i bhfeidhm na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta de réir timthriall cúig bliana trí 15 %, ar a laghad, d’aerfoirt uile an Aontais a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a roghnú, lena n-áirítear an t-aerfort is mó i dtéarmaí líon na bpaisinéirí i ngach Ballstát.

De réir cheanglais an chreat-Rialacháin, is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann ag aerfoirt, ag aeriompróirí agus ag eintitis atá freagrach as slándáil. Na cigireachtaí a dhéanann an Coimisiún ag aerfoirt roghnaithe, is táscaire láidir iad ar leibhéal foriomlán comhlíontachta i ngach Ballstát.

Leagtar amach minicíocht agus raon feidhme chigireachtaí an Choimisiúin i straitéis AS MOVE maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chaighdeáin slándála eitlíochta an Aontais. Cuirtear san áireamh ann leibhéal na gníomhaíochta eitlíochta i ngach Ballstát, sampla ionadaíoch ar an gcineál oibríochtaí aerfoirt, caighdeán chur chun feidhme na rialachán slándála eitlíochta, torthaí ó na cigireachtaí a rinne an Coimisiún roimhe seo, measúnuithe ar thuarascálacha náisiúnta bliantúla ar rialú cáilíochta, teagmhais slándála (gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh), leibhéil bhagartha agus fachtóirí agus measúnuithe eile.

Ó bhí 2010 ann, tá an ráta comhlíontachta 10 a sainaithníodh le linn chigireachtaí an Choimisiúin thart ar 80 % (2010: 80 %, 2011: 80 %, 2012: 83 %, 2013: 80 %; 2014: 81 %, 2015: 80 %, 2016: 79 %, 2017: 81 %, 2018: 81 %, 2019: 81 %, 2020: 81 %). Ach níor cheart a thuiscint as an bhfigiúr sin atá réasúnta cobhsaí nár mhéadaigh na Ballstáit a gcuid iarrachtaí. Mar sin féin, tháinig méadú suntasach ar iarrachtaí na mBallstát i réimse na slándála eitlíochta de réir mar a tháinig méadú ar cheanglais i gcaitheamh na mblianta, go háirithe i réimsí amhail slándáil aerlasta, scagadh leachtanna, aerasól agus glóthach, nó úsáid na braite rianta pléascacha.

2.Cigireachtaí ar údaráis iomchuí náisiúnta

Lean an Coimisiún ar aghaidh lena shéú timthriall de chigireachtaí ar na húdaráis iomchuí in 2020. Ar an iomlán, tugadh faoi shé chigireacht ar údaráis iomchuí le linn na bliana.

Na heasnaimh is coitianta a aimsíodh, baineann siad le heasnaimh i gcur chun feidhme na gClár Náisiúnta um Rialú Cáilíochta. Braitheadh deacrachtaí maidir lena áirithiú go ndéanann aerfoirt, aeriompróirí agus eintitis rialáilte a bhfuil freagrachtaí slándála orthu cláir shlándála a thabhairt cothrom le dáta agus a choimeád i gcomhréir le rialacháin agus cinntí cur chun feidhme an Choimisiúin. Ina theannta sin, ní dhearna roinnt Ballstát faireachán chomh rialta is a rabhthas ag súil leis ar na haeriompróirí eachtracha agus ar roinnt eintiteas a bhfuil freagrachtaí slándála orthu. Níor chuir Ballstáit eile i bhfeidhm go hiomlán an mhodheolaíocht a theastaíonn le haghaidh cigireachtaí agus na gnéithe atá le cur san áireamh sa tuairisciú ar ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht. Ina theannta sin, níor bhain cuid de na Ballstáit amach na híosmhinicíochtaí le haghaidh iniúchtaí agus cigireachtaí slándála agus níor chinntigh siad i gcónaí go ndéanfaí na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú go tapa agus nach dtarlóidh siad arís. Mar sin féin, rinne formhór na mBallstát ar a ndearnadh cigireacht in 2020 na Cláir Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta a ailíniú le reachtaíocht an Aontais; thug siad na cumhachtaí forfheidhmiúcháin is gá dá n-údaráis iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar cheanglais uile an Rialacháin agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus iad a fhorfheidhmiú; d’áirithigh siad go raibh líon leordhóthanach iniúchóirí ar fáil chun gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a dhéanamh; agus chuir siad formhór na gceanglas a bhaineann le hoiliúint slándála chun feidhme.

3.Cigireachtaí tosaigh ag aerfoirt

Rinneadh cúig chigireacht tosaigh ar aerfoirt le linn 2020. Cumhdaíodh na caibidlí uile i gcomhréir leis na réimsí slándála is infheidhme i gceithre cinn de na chigireachtaí aerfoirt sin, agus dhírigh cigireacht aerfoirt amháin ar lasta agus ar phost chomh maith le forálacha lena mbaineann maidir le trealamh slándála. Ba é 81 % céatadán foriomlán na gcroíbheart a measadh a bheith comhlíontach in 2020, arb é sin an céatadán céanna a bhí ann in 2019. 11

Tar éis an t-aonú bliain déag de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a chur chun feidhme, léiríonn torthaí na cigireachta na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis iomchuí agus ag an tionscal. Rinneadh formhór na gceanglas slándála a eascraíonn as an reachtaíocht uaillmhianach sin a chur chun feidhme i gceart; bhí an leibhéal comhlíontachta sna réimsí is tábhachtaí den tslándáil eitlíochta fós cobhsaí ag thart ar 80 %. Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas breise a chur ar éifeachtacht chur chun feidhme roinnt beart.

Eascraíonn formhór na n-easnamh a aimsíodh as saincheisteanna a bhaineann leis an ngné dhaonna. Tharla siad sin den chuid den mhó i gcur chun feidhme praiticiúil réimsí áirithe ina bhfuil na ceanglais dlí nua nó inar tháinig athrú suntasach orthu le déanaí. Go háirithe, i gcás roinnt forálacha a bhaineann le rialú rochtana agus scagadh bagáiste cábáin, beidh ar na húdaráis iomchuí, ar pháirtithe leasmhara an tionscail agus ar an gCoimisiún iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí ghníomhaíochtaí náisiúnta rialaithe cáilíochta a mhéadú sna réimsí lena mbaineann.

In 2020, tháinig feabhsuithe soiléire ar rialuithe slándála ar sholáthairtí aerfoirt agus bhí ardleibhéil chomhlíontachta ann arís maidir le scagadh agus cosaint seiceáilte isteach, soláthairtí eitilte, oiliúint agus trealamh slándála. Leanann sé sin na torthaí measartha maith a bhí ann sna blianta roimhe seo, ach tháinig feabhas breise orthu de bharr feasacht mhéadaithe agus taithí phraiticiúil ar an reachtaíocht chur chun feidhme athbhreithnithe, reachtaíocht lenar soláthraíodh níos mó soiléireachta agus comhsheasmhachta sna bearta.

4.Cigireachtaí leantacha

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún, arna leasú, déanann an Coimisiún líon teoranta cigireachtaí leantacha go rialta. Déantar cigireachtaí den sórt sin a sceidealú nuair a shainaithnítear roinnt easnamh tromchúiseach le linn na cigireachta tosaigh, ach déantar iad ar bhonn randamach freisin chun a fhíorú go bhfuil na cumhachtaí is gá ag na húdaráis iomchuí chun ceartú easnamh a éileamh laistigh de thréimhsí a leagtar síos. Ní dhearnadh aon ghníomhaíocht den sórt sin i rith 2020 mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

5.Measúnú thuarascálacha bliantúla na mBallstát ar RIALÚ CÁILÍOCHTA

Le pointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 12 , ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na bearta a glacadh chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le staid na slándála eitlíochta ag aerfoirt atá lonnaithe ina gcríoch. Beidh inneachar na tuarascála i gcomhréir le Foscríbhinn III trí úsáid a bhaint as teimpléad a sholáthraíonn an Coimisiún.

Leis an measúnú ar na tuarascálacha sin, chomh maith le cigireachtaí rialta an Choimisiúin, cuirtear uirlis ar fáil don Choimisiún chun súil ghéar a choinneáil ar chur chun feidhme na mbeart láidir náisiúnta um rialú cáilíochta. Dá réir sin, is féidir easnaimh i ngach Ballstát a bhrath agus a cheartú go tapa.

Áirítear sa mheasúnú anailís ar fhaireachán rialta ar aerfoirt, ar aeriompróirí agus ar eintitis eile a bhfuil freagrachtaí slándála eitlíochta orthu, chomh maith le líon na laethanta a chaitheann na hiniúchóirí sa réimse, raon feidhme agus minicíochtaí an mheascáin oiriúnaigh de ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht, leibhéil náisiúnta chomhlíontachta, gníomhaíochtaí leantacha agus úsáid cumhachtaí forfheidhmiúcháin.

De réir tuarascálacha bliantúla 2020 a chuir na Ballstáit isteach, maidir le chumas na mBallstát a ngnáthghníomhaíochtaí rialaithe cáilíochta a dhéantar ar an láthair in aerfoirt agus ag suíomhanna oibreoirí eile a dhéanamh, bhí tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar an gcumas sin le linn na bliana 2020.

I Márta 2020, d’eisigh an Coimisiún nóta ginearálta inar leagadh amach bearta eisceachtúla chun dul i ngleic leis an neamhábaltacht forálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh. Leis sin tugadh cead do na Ballstáit bearta teagmhasacha a dhéanamh freisin maidir le gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht i gcás ina raibh bac nó tionchar mór ar fheidhmiú na ngníomhaíochtaí sin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime. Go ginearálta, bhí tionchar ag na héifeachtaí diúltacha agus na srianta a bhain le COVID-19 ar na Ballstáit uile. Mar sin féin, de réir mar a d’fhorbair an phaindéim ar bhealach éagsúil ar fud an Aontais, ar luas difriúil agus le tionchair éagsúla a bhí ag brath ar an mBallstát (i gcásanna áirithe laistigh den Bhallstát céanna, fiú), bhí staideanna beagán difriúil roimh na 27 mBallstát ó thaobh ama agus dhéine na dteorainneacha sin de. Tháinig laghdú suntasach ar oibríochtaí eitlíochta sibhialta (líon na bpaisinéirí agus líon na ngluaiseachtaí aerárthaí), agus dá bharr sin rinneadh roinnt gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a athphleanáil, a chealú nó a athdhearadh. I mBealtaine 2020, chuir an Coimisiún liosta gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht 13 faoi bhráid na mBallstát a bheadh le déanamh mar rogha ar iniúchtaí, cigireachtaí agus tástálacha traidisiúnta, nó a bheadh comhtháite iontu, i gcás nach bhféadfaí iad sin a dhéanamh go hiomlán ná go páirteach mar gheall ar an bpaindéim. Chuir an Coimisiún uirlis maidir le fógra a thabhairt ar fáil do na Ballstáit atá le húsáid chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chur san áireamh i gcomhthéacs na tuarascála bliantúla a chuireann siad isteach do 2020.

Dá bhrí sin, an measúnú a rinneadh an Coimisiún le haghaidh thuarascálacha bliantúla 2020, díríodh leis ar na gnáthuirlisí rialaithe cáilíochta a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur chun feidhme, mar aon le meastóireacht agus ualú na ngníomhaíochtaí malartacha agus breise thuasluaite a rinneadh le linn na tréimhse dianghlasála is déine. Thug an Coimisiún dá aire, cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a n-oibleagáidí rialaithe cáilíochta a chomhlíonadh ina n-iomláine agus úsáid á baint acu as an ngnáthmhodheolaíocht agus as na gnáthuirlisí, bhain a bhformhór úsáid shuntasach as na gníomhaíochtaí breise malartacha faireacháin ar chomhlíontacht, rud a chuidigh le feidhmíocht shásúil a bhaint amach i dtéarmaí líon na laethanta a chaith na hiniúchóirí agus líon iarbhír na n-oibreoirí a ndearnadh faireachán orthu.

Mar gheall an staid nach bhfacthas a leithéid riamh, agus ar na réitigh agus na huirlisí thuasluaite atá in úsáid ag na Ballstáit, aithníodh sa mheasúnú a rinneadh ar na tuarascálacha bliantúla na hiarrachtaí atá fós le déanamh ag na Ballstáit uile chun a gcóras slándála eitlíochta a choinneáil faoi athbhreithniú leanúnach trí mheasúnuithe deisce agus, i gcás inar féidir, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe ar an láthair.

Níor léiríodh sa mheasúnú foriomlán aon easnamh ná laige ar ghá obair leantach a dhéanamh ina leith: cheap an Coimisiún gur leor freagairt na mBallstát agus na hiarrachtaí a tháinig aisti. Ós rud é gur lean éifeachtaí na paindéime ar aghaidh le linn 2021, breathnóidh an Coimisiún feabhas a chur ar an gcóras malartach gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht i bhfianaise mheasúnú na dtuarascálacha bliantúla do 2021.

Sheol an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach fhoirmiúil chuig na Ballstáit, agus leagadh béim inti, nuair ba ghá, ar mholtaí maidir leis an gcaoi a ndéanfar na hiarrachtaí náisiúnta a fheabhsú nó a oiriúnú ar bhealach níos fearr.

6.Measúnuithe ar aerfoirt tríú tíortha

I gcaitheamh na bliana, de bharr imthosca eisceachtúla, ní dhearnadh aon mheasúnú ar aerfoirt Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi chuimsiú an tSocraithe Oibre le Riarachán Slándála Stáit Aontaithe Mheiriceá a bunaíodh faoin gComhaontú Aeriompair idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá 14 . I gcomhthéacs socruithe i leith Rialú Slándála Aonair idir an Coimisiún agus tríú tíortha, agus ar chúiseanna comhchosúla, níorbh fhéidir measúnuithe a dhéanamh. De ghnáth, déantar iad chun cros-seiceáil a dhéanamh go bhfuil bearta slándála áirithe fós á gcur chun feidhme ar chaighdeán comhchosúil le cur chun feidhme reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais.

7.Comhaid oscailte, cásanna Airteagal 15 agus imeachtaí dlí

Fanfaidh comhaid chigireachtaí ar oscailt go dtí go mbeidh an Coimisiún sásta go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí curtha chun feidhme. Braitheann an t-achar a bhíonn comhad ar oscailt mar sin ar dhea-chomhar an Bhallstáit lena mbaineann. Bhíothas in ann cúig chomhad cigireachta déag (aon chomhad déag a bhaineann le cigireachtaí aerfoirt agus ceithre chomhad a bhaineann le cigireachtaí ar údaráis iomchuí) a dhúnadh in 2020. Ar an iomlán, comhaid chigireachta a bhain le seacht n-údarás iomchuí agus le seacht n-aerfort, bhí siad fós ar oscailt ag deireadh na bliana.

Easnaimh a sainaithníodh i gcur chun feidhme beart slándála ag aerfort, má mheastar go bhfuil siad tromchúiseach go leor chun tionchar suntasach a bheith acu ar leibhéal foriomlán na slándála eitlíochta sibhialta san Aontas, gníomhachtóidh an Coimisiún Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear gach údarás iomchuí eile ar an eolas maidir leis an staid agus go mbeadh gá le bearta cúitimh a mheas i leith eitiltí ón aerfort i gceist. Níor tionscnaíodh cás Airteagal 15 ar bith in 2020, ach seoladh litir réamhrabhaidh amháin chuig Ballstát inar iarradh air na bearta cúitimh iomchuí a ghlacadh, ar feitheamh an easnamh lena mbaineann a cheartú go hiomlán.

Gan beann ar cé acu a chuirtear Airteagal 15 i bhfeidhm nó nach gcuirtear, is beart eile atá ar fáil don Choimisiún, go háirithe i gcásanna nach gceartaítear easnaimh ar feadh tréimhse fhada nó go dtarlaíonn siad arís, imeachtaí um shárú a thionscnamh. In 2020, seoladh imeacht amháin um shárú. D’fhéadfaí imeacht um shárú eile a dhúnadh sa tréimhse chéanna.

CUID A DÓ: AN CREAT REACHTACH AGUS UIRLISÍ FORLÍONTACHA

1.An creat reachtach

Tá an eitlíocht shibhialta fós ina sprioc tharraingteach do ghrúpaí sceimhlitheoireachta agus ní mór bearta cosanta comhréireacha rioscabhunaithe a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis an mbagairt sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún agus na Ballstáit de shíor ag coigeartú na mbeart maolaithe chun an leibhéal is airde slándála a bhaint amach agus éifeachtaí díobhálacha ar na hoibríochtaí á n-íoslaghdú an tráth céanna.

Tugadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún cothrom le dáta i mí Eanáir 2020 15 a mhéid a bhaineann le formheas trealaimh shlándála eitlíochta sibhialta agus le liosta na dtríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta. I mí an Mheithimh 2020, tar éis ráig phaindéim COVID-19, rinneadh an Rialachán a mhodhnú arís 16 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hathainmniú na n-aerlínte, na n-oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála le haghaidh lasta agus post a thagann ó thríú tíortha, chomh maith le ceanglais áirithe rialála a chur siar i réimse na cibearshlándála, na seiceálacha cúlra, na gcaighdeán maidir le trealamh córas braite pléascaigh, agus an trealaimh braite rianta pléascach.

I mí an Mhárta 2020 d’eisigh an Coimisiún nóta ginearálta le haghaidh gach modha iompair maidir le bearta eisceachtúla chun dul i ngleic leis an neamhábaltacht forálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh de dheasca na géarchéime. Bhí baint faoi leith ag an méid sin le slándáil na heitlíochta ó thaobh bailíocht deimhniúcháin, oiliúintí, cártaí aitheantais aerfoirt agus cártaí aitheantais foirne a shíneadh, ó thaobh eintitis rialaithe nó aitheanta a athfhormheas, ó thaobh an fhaireacháin ar an gcomhlíontacht agus ó thaobh gníomhaíochtaí eile ar chuir an staid urghnách a d’eascair ón bpaindéim sin isteach orthu nó a ndearna sí difear mór dóibh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí i réimse an fhaireacháin ar an gcomhlíontacht. D’ullmhaigh an Coimisiún treoraíocht oibríochtúil do lucht shlándáil na heitlíochta freisin maidir le bearta teagmhasacha agus malartacha i réimse shlándáil na heitlíochta i gcomhthéacs COVID-19. Is é is aidhm don treoraíocht sin cuidiú leis na h-oibreoirí braitheoireachta, na paisinéirí agus an fhoireann a chosaint, agus cuspóirí slándála eitlíochta á gcaomhnú an tráth céanna, chomh maith leis na bearta teagmhasacha agus malartacha a chomhchuibhiú. Mar fhreagairt ar an bpaindéim, d’eisigh an Coimisiún Treoirlínte COVID-19 freisin maidir le seirbhísí agus nascacht iompair a athbhunú de réir a chéile 17 .

2.Bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair

Ón 1 Meitheamh 2010, is é bunachar sonraí na ngníomhairí rialaithe agus na gcoinsíneoirí aitheanta 18 an phríomhuirlis agus an t-aon uirlis dhlíthiúil amháin atá le ceadú nuair a ghlactar le coinsíneachtaí ó ghníomhaire rialaithe eile nó ó choinsíneoir aitheanta. Ó gníomhaíodh é, cuireadh an méid seo a leanas leis: liosta na n-aeriompróirí a údaraítear lasta agus post a iompar isteach san Aontas Eorpach ó aerfoirt tríú tíortha (ACC3) agus a gcuid soláthraithe seirbhísí ar an talamh sa tríú tír (RA3 agus KC3), liosta na mbailíochtóirí slándála eitlíochta AE atá formheasta ag na Ballstáit, na Soláthróirí Rialaithe AE a sheachadann soláthairtí lónadóireachta agus soláthairtí eile chuig aerfoirt agus chuig aerlínte, agus ar deireadh, liosta aerfoirt an Aontais a chuireann Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 i bhfeidhm. An leathnú sin ar raon feidhme an bhunachair sonraí, is údar é lena athainmniú le ‘Bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair’ 19 , ainm a chuirfidh fairsinge a fheidhme in iúl níos fearr. Faoi dheireadh 2020, bhí 14,000 taifead sa bhunachar sonraí maidir le gníomhairí rialta, coinsíneoirí aitheanta, bailíochtóirí neamhspleácha, aerlínte ACC3, soláthróirí rialaithe, agus gníomhairí rialaithe agus coinsíneoirí aitheanta tríú tíortha. Comhlíonadh a spriocráta inúsáidteachta, mar atá, 99.5 %, go leanúnach in 2020 freisin. Tá leagan nua den bhunachar sonraí seo á chur i gcrích agus táthar ag súil leis go ngníomhachtófar é go hiomlán ag deireadh 2021.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún bunaíodh an córas Eorpach formheasta le haghaidh trealamh slándála eitlíochta sibhialta, ar a dtugtar an ‘Stampa AE’, atá infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2020. Leis an Rialachán seo déantar comhchuibhiú ar fhormheas an trealaimh slándála eitlíochta, rud a bhí faoi fhreagracht gach Ballstáit roimhe sin. Tá an córas nua bunaithe ar phróiseas meastóireachta comhchoiteann na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta, próiseas a bhí ar bun cheana. Ceanglaítear lena chur i bhfeidhm go ndéantar gach trealamh slándála eitlíochta formheasta a chur leis an mbunachar sonraí 20 agus a liostú ann, agus is ón mbunachar sonraí freisin is féidir an mharcáil ‘Stampa AE’, nach mór a ghreamú ar an trealamh, a íoslódáil. Tháinig an chuid sin den bhunachar sonraí nua i bhfeidhm i mí na Nollag 2020.

3.Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe (PLACI)

Maidir leis an aerlasta, lean an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun an chéad chéim de chur i bhfeidhm na hanailíse ar an réamhfhaisnéis lasta réamhluchtaithe (PLACI) a ullmhú. Rinneadh an chéad chéim sin, ina raibh ceanglais maidir le coinsíneachtaí poist agus coinsíneachtaí beartán mearsheachadta, a ghníomhachtú an 15 Márta 2021. Cuireadh forálacha nua le reachtaíocht an Aontais 21 i réimsí an chustaim agus na heitlíochta sibhialta araon.

De réir na gceanglas, ní mór do na hOibreoirí Eacnamaíocha atá freagrach as earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais i gcoinsíneachtaí poist nó i gcoinsíneachtaí mearsheachadta sonraí (na heilimintí réamhfhógra 7+1 ón dearbhú iontrála achomair custaim) maidir le gach lastas a sheoltar d’aer go dtí an tAontas a chur faoi bhráid údaráis chustaim an Aontais go leictreonach (trí Chóras Rialaithe Allmhairí ICS2), agus tá an ghníomhaireacht chustaim ag an gcéad phointe iontrála san Aontas le hanailís a dhéanamh ar na sonraí sin chun críocha shlándáil na heitlíochta sibhialta. Beidh na ceanglais chéanna infheidhme ón 1 Márta 2023 maidir le gach coinsíneacht aerlasta.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta maolaithe slándála eitlíochta sonracha a chur chun feidhme de thoradh na hanailíse riosca PLACI. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha atá páirteach i slabhra soláthair isteach an Aontais na bearta sin a chur i bhfeidhm (go díreach nó go hindíreach trína soláthraithe seirbhíse talún agus/nó, ar deireadh, tríd an aeriompróir) sula luchtaítear an choinsíneacht ar bord eitilte atá ag imeacht go dtí an tAontas. D’fhéadfadh iarrataí ar fhaisnéise bhreise, iarrataí ar bhraitheoireacht i gcomhréir le caighdeáin ardriosca, nó diúltú an lastas a luchtú ar aerárthach a bheith i gceist leis na bearta sin (mar a ghlactar leis ar fud an domhain in ICAO agus san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim). Tá feidhm ag ceanglais PLACI maidir le gach suíomh tríú tír ar fud an domhain, lena n-áirítear na suíomhanna sin ina ndíolmhaítear aerlínte agus oibreoirí lastais ó chlár ACC 3 an Aontais.

D’eagraigh an Coimisiún ceardlann chomhpháirteach i mí na Samhna 2020 le húdaráis slándála eitlíochta agus le húdaráis chustaim náisiúnta chun an tuiscint agus comhchuibhiú na ngníomhaíochtaí a chothú ar mhaithe le cur chun feidhme rianúil PLACI AE. Leanadh den chomhar leis an lucht custaim sa chomhthéacs domhanda freisin le ICAO agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim.

CUID A TRÍ: TRIALACHA, STAIDÉIR AGUS TIONSCNAIMH NUA

1.Trialacha

Déantar ‘triail’ de réir bhrí reachtaíocht slándála eitlíochta an Aontais nuair a chomhaontaíonn Ballstát leis an gCoimisiún go n-úsáidfidh sé meán nó modh áirithe nach n-aithnítear faoi théarmaí na reachtaíochta in ionad ceann de na rialuithe slándála aitheanta, ar feadh tréimhse teoranta ama, ar choinníoll nach n-imreoidh an triail sin tionchar diúltach ar na leibhéil slándála fhoriomlána. Níl feidhm ag an téarma, ina chiall dhlíthiúil, nuair a dhéanann Ballstát nó eintiteas meastóireacht ar rialú slándála nua a chuirtear chun úsáide sa bhreis ar rialú nó rialuithe a chumhdaítear leis an reachtaíocht cheana féin.

Ní dhearnadh ná níor tionscnaíodh aon triail le linn 2020.

2.Staidéir, Tuarascálacha agus Comhdhálacha

Cé nárbh fhéidir imeachtaí fisiciúla a eagrú le linn an chuid is mó de 2020, i mí na Samhna 2020 d’eagraigh an Coimisiún an chéad chruinniú fíorúil den Mheitheal um Chibearshlándáil Eitlíochta 22 , inar tugadh le chéile na húdaráis Bhallstáit atá freagrach as slándáil na heitlíochta agus as cur chun feidhme na Treorach maidir le Cibearshlándáil 23 , chomh maith le páirtithe leasmhara. Measann an Coimisiún gur féidir tairbhe mhór a bhaint as an gcomhairle laistigh de mheitheal den sórt sin agus as an taithí agus na dea-chleachtais a roinnt ann chun an timpeallacht chasta rialála arb í cibearshlándáil na heitlíochta í a chur chun feidhme agus tuilleadh feabhais a chur uirthi. Tá suim mhór ann freisin a áirithiú go gcuirfear sainiúlachtaí na hearnála eitlíochta san áireamh agus go bhfeicfear conas a fhéadfaidh iarrachtaí de réir earnála agus iarrachtaí cothrománacha a bheith ag comhlánú a chéile, sin gan dúbailt iarrachtaí agus gan ualach míchuí a chur ar údaráis riaracháin agus ar an tionscal.

I mí na Nollag 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún bosca uirlisí le haghaidh na cibearshlándála san iompar 24 , arb é is aidhm dó an fheasacht ar chibear-rioscaí agus ar an gcibearshláinteachas a mhéadú agus an ullmhacht a chothú in earnáil an iompair. Sa bhosca uirlisí sin moltar cleachtais chun roinnt de na cibearbhagairtí 25 a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’earnáil an iompair a mhaolú. Tá ardleibhéal ann freisin, ina soláthraítear faisnéis a mbainfidh gairmithe slándála agus cibearshlándála in eagraíochtaí iompair feidhm faoi leith aisti. Tugann an t-ardleibhéal sin treoraíocht chun cibearbhagairtí a shainaithint, chun cosaint orthu, chun iad a bhrath agus chun iad a fhreagairt.

3.Tionscnaimh Nua

Rinneadh tuilleadh dul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt i réimse na slándála eitlíochta. Go háirithe, rinneadh obair chun caighdeáin bhraite a mhionsaothrú le haghaidh an trealaimh slándála chun dul i ngleic le bagairtí nua, substaintí ceimiceacha go háirithe. Chuige sin, tá comhar den scoth i bhfeidhm leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile. Mar sin féin, lagaigh géarchéim COVID-19 an comhar sin freisin, ós rud é gur gá, le haghaidh na gníomhaíochta sin, faisnéis rúnaicmithe a mhalartú i dtimpeallacht shlán, agus níorbh fhéidir cruinnithe fisiceacha a eagrú.

In 2020 chuir an Coimisiún tús le plé maidir le straitéis nua ‘AVSEC’, plé arbh é an cuspóir a bhí leis machnamh a dhéanamh ar fhís straitéiseach le haghaidh thodhchaí shlándáil na heitlíochta. Cé gur chuir na tosaíochtaí a bhain le paindéim COVID-19 moill ar an obair, tosaíodh arís uirthi le teann fuinnimh in 2021. Áirítear leis sin ionchur ó shruthanna oibre éagsúla i réimsí na slándála rioscabhunaithe, an chultúir slándála agus an chur chuige iomlánaíoch, na nuálaíochta agus na gcaighdeán slándála eitlíochta. Is rún don Choimisiún bailchríoch a chur ar an obair sin faoi dheireadh 2021 le moltaí le haghaidh bealach chun cinn, ó thaobh gníomhaíochtaí agus cinntí coincréiteacha a d’fhéadfaí a dhéanamh.

CUID A CEATHAIR: TEAGMHAIS BHAGARTHA AGUS AN tIONCHAS

Ag féachaint d’fhorbairtí idirnáisiúnta le déanaí freisin, tá an sceimhlitheoireacht jiohádach idirnáisiúnta fós ina bagairt mhór ar an Aontas agus ní mór faireachán cúramach a dhéanamh uirthi 26 . D’ainneoin iarrachtaí domhanda foinsí maoinithe na sceimhlitheoireachta a theorannú, tá cúlchistí móra airgid thirim 27 fós ar fáil d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta chun a gcuid gníomhaíochtaí agus a gcuid bolscaireachta a mhaoiniú, agus d’fhéadfadh an t-aeriompar a bheith ina sprioc fós, lena n-áirítear iarrachtaí córais slándála na n-aerlínte a fhuadach 28 nó teicnící nuálacha ceilte pléascán a fhorbairt. Tá measúnú leanúnach á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar bhagairtí eile a d’fhéadfadh a bheith ann amhail bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, na ceimiceáin go háirithe. Ní mór aird ar leith a thabhairt fós ar bhagairtí ón taobh istigh agus ar an sceimhlitheoireacht bhaile i bhfianaise an radacaithe ar líne atá fós ar siúl, agus i bhfianaise dhearcadh na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a d’fhillfeadh ar an Eoraip. An tráth céanna, tá bagairtí eile agus modhanna ionsaithe eile ag teacht chun cinn. Cuireann na ladrainn deiseanna nua ar fáil do gheilleagar na hEorpa agus tá formhór mór na n-oibríochtaí ladrann dlisteanach agus beidh go fóill. Mar sin féin, dá bhfaigheadh gníomhaithe mailíseacha éagsúla ladrainn, bheidís in inmhe leas a bhaint astu chun faireachas a dhéanamh, chun cur isteach ar oibríochtaí bonneagair chriticiúil nó chun ionsaithe a dhéanamh ar spriocanna ardluacha. Is dócha go dtiocfaidh fás ar a leithéid de ‘bhagairt ladrann’ de réir mar a thagann fás ar sholáthar na ladrann agus de réir mar a éiríonn siad níos inacmhainne agus níos cumasaí. Tá an Coimisiún ag tacú leis na Ballstáit cur i gcoinne mí-úsáid den sórt sin trí mheascán beart, lena n-áirítear an reachtaíocht agus an treoraíocht araon. Tá bearta nithiúla déanta ag an gCoimisiún sa réimse sin ó ghlac sé creat rialála an 22 Aibreán 2021 maidir le coincheap Eorpach le haghaidh bhainistíocht na tráchta gan foireann (U-Spás) 29 , lenar cheart go mbeadh sé níos éasca do na húdaráis ladrainn chomhoibríocha a aithint san aer ó ladrainn neamh-chomhoibríocha a d’fhéadfadh a bheith mailíseach. Ina theannta sin, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2019/945 30 , maidir le ladrainn tomhaltóirí atá ceaptha lena n-úsáid gan réamh-fhormheas, go ndearfar iad le feidhm ionsuite a chraolfaidh cláruimhir an oibreora agus suíomh an ladrainn go huathoibríoch ionas go bhféadfaidh gléasanna móibíleacha iad a ghlacadh, rud a chuirfidh ar chumas na n-údarás forfheidhmithe agus an phobail i gcoitinne thart faoin ladrann rochtain éasca a bheith acu ar an bhfaisnéis sin (fiú lasmuigh d’aerspás U-Spás) agus, dá bhrí sin, go gcuirfear iompar freagrach ó na píolótaí chun cinn agus go laghdófar na féidearthachtaí na ladrainn sin a úsáid ar bhealach ceilte anaithnid chun críoch neamhdhleathach nó mailíseach 31 . Ina theannta sin, chun tacú leis na húdaráis a bhíonn ag déileáil le ladrainn neamh-chomhoibríocha, tá an Coimisiún ag tacú le cineálacha éagsúla ábhar treoraíochta a fhorbairt, tá sé ag maoiniú tionscadail agus staidéir nuálacha frithladrann, agus tá sé ag cruthú nasc idir earnálacha éagsúla atá bainteach (e.g. forfheidhmiú an dlí, an eitlíocht, an bonneagar criticiúil, na príosúin, an custam/na teorainneacha, an chosaint phearsanta, na hollimeachtaí) agus páirtithe leasmhara. Tá Clár Eorpach le haghaidh tástáil ar chórais in aghaidh na gcóras aerárthach gan foireann seolta ag an gCoimisiún freisin. Is é is aidhm don tionscnamh seo cur chuige Eorpach níos comhordaithe a éascú i leith thástáil na dteicneolaíochtaí frithladrann éagsúla. I mí an Mhárta 2021, d’eisigh EASA – le tacaíocht ón gCoimisiún – treoraíocht chun cabhrú le hoibreoirí eitlíochta agus leis na húdaráis náisiúnta teagmhais ladrann a bhainistiú ag na haerfoirt agus timpeall orthu. Beidh cur i gcoinne na bagartha a bhaineann le ladrainn neamh-chomhoibríocha ina chuid dhílis den ‘Straitéis Ladrann 2.0’, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún í a ghlacadh in 2022.

Maidir le gach réimse iompair, lena n-áirítear an eitlíocht, lean an Coimisiún, in éineacht leis na gníomhaireachtaí ábhartha, d’idirphlé leanúnach faoi na bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí de chineál hibrideach, leis na Ballstáit agus leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, le lucht tionscail agus le páirtithe leasmhara eile. Déantar sin chun cur leis an eolas agus leis an gcumas chun na bagairtí sin a fhreagairt, agus bainistíocht éifeachtach á déanamh ar an riosca.

Lean an Coimisiún den fhaireachán tráthrialta a dhéanann sé ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn i réimsí éagsúla 32 , lena n-áirítear bagairtí hibrideacha, chun an bhonnlíne slándála eitlíochta (AVSEC) a chur in oiriúint. Lean an Coimisiún freisin de bheith ag áirithiú ardleibhéal cosanta le haghaidh na heitlíochta sibhialta ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, le tacaíocht ó chóras iniúchta slándála eitlíochta an Choimisiúin, i gcomhréir leis an reachtaíocht AE is infheidhme 33 . Sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus sna fóraim idirnáisiúnta, thug an Coimisiún a thacaíocht agus a dhlúthchomhar do ICAO agus do thríú tíortha chun an staid bhagartha agus riosca dhomhanda a shainaithint.

Faoin gCóras Foláirimh maidir le Limistéir Choinbhleachta, rinneadh measúnuithe riosca comhchoiteanna ar bhonn rialta, le roinnt teorainneacha praiticiúla de thoradh phaindéim COVID-19, faoi stiúir an ghrúpa chomhtháite AE measúnaithe ar an riosca i ndáil le slándáil eitlíochta. Is é is aidhm don chleachtas sin faisnéis a roinnt go tráthúil maidir leis an measúnú ar na rioscaí a eascraíonn as limistéir choinbhleachta. Tacaíonn torthaí an ghrúpa chomhtháite AE measúnaithe ar an riosca i ndáil le slándáil eitlíochta leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le bearta maolaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n-áirítear Bileog Eolais Limistéir Choinbhleachta (CZIB) nó nótaí faisnéise ó EASA a eisiúint.

CUID A CÚIG: IDIRPHLÉ IDIRNÁISIÚNTA

1.    Ginearálta

Bíonn an Coimisiún i dteagmháil le comhlachtaí idirnáisiúnta agus le príomh-chomhpháirtithe trádála agus glacann sé páirt i gcruinnithe idirnáisiúnta gaolmhara, amhail cruinniú bliantúil Phainéal Slándála Eitlíochta ICAO. Oibríonn sé leis na Ballstáit chun seasaimh chomhordaithe AE a áirithiú. Tionóltar idirphlé déthaobhach le tríú tíortha áirithe, amhail an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, Singeapór, etc. Cuireann sé sin ar a chumas don Choimisiúin tuiscint mhaith agus ardleibhéal muiníne a chothú le tíortha atá ar aon intinn leis faoin gcur chuige maidir le slándáil na heitlíochta.

2.    Comhlachtaí idirnáisiúnta

Ghlac an tAontas páirt ghníomhach, mar bhreathnóir, i gcruinniú bliantúil Phainéal Slándála Eitlíochta ICAO (AVSECP/31) a tionóladh i Montréal an 14-17 Nollaig 2020. Chuir an tAontas Páipéar Faisnéise isteach maidir leis an gcur chun feidhme atá á dhéanamh ag an Aontas ar an gClár Réamhfhaisnéise Lasta Réamhluchtaithe (PLACI). Ag meas na ndúshlán a d’fhéadfadh a bheith ag aerfoirt maidir le forálacha áirithe d’Iarscríbhinn 17 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a chur chun feidhme le linn ghéarchéim COVID-19, mheabhraigh an Painéal gur gá leanúint de chúnamh a thabhairt don tionscal chun bearta slándála a chur chun feidhme ach chuir sé i dtábhacht freisin nár cheart an tslándáil eitlíochta a chur i mbaol. Saincheist thábhachtach a pléadh le linn chruinniú an Phainéil ab ea na gnéithe slándála a bhaineann le hiompar vacsaín COVID-19. Rinne Meitheal an Phainéil um Shlándáil an Aerlasta treoraíocht a fhorbairt maidir leis an tsaincheist sin agus foilsíodh í i Litir Stáit ICAO 34 maidir le ‘Dáileachán Vacsaíní COVID-19 agus Slándáil an Aerlasta’. Is é is aidhm do na treoirlínte ICAO sin cuidiú le stáit agus leis an tionscal bearta slándála eitlíochta a chur i bhfeidhm agus sreabhadh rianúil na vacsaíní tríd an slabhra soláthair ar fad agus chuig an gceann scríbe deiridh á éascú an tráth céanna. Tar éis an Phainéil tionóladh Siompóisiam Slándála (fíorúil) dar teideal ‘Improving security culture by connecting the dots’ [Feabhas a chur ar an gcultúr slándála trí rudaí a mheas le chéile], lenar cuireadh tús oifigiúil le 2021 mar ‘Year of Aviation Security Culture’ [Bhliain Chultúr na Slándála Eitlíochta].

3.    Tríú tíortha

Bíonn an Coimisiún i mbun plé ghníomhaigh le roinnt comhpháirtithe idirnáisiúnta i réimse na slándála eitlíochta ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, agus iad ag comhoibriú ar chomhaid thábhachtacha agus ag comhordú gníomhaíochtaí sa chomhthéacs domhanda.

Leis na Stáit Aontaithe, mar shampla, is é is aidhm don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil an Iompair idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe (TSCG) an comhar a chothú i roinnt réimsí leasa fhrithpháirtigh. Áirithíonn sé feidhmiú leanúnach na socruithe i dtaca le Rialú Slándála Aonair agus aitheantas frithpháirteach chórais aerlasta agus poist an Aontais agus na Stát Aontaithe faoi seach. Spárálann na tionscnaimh sin am, costais agus castacht oibríochtúil do na hoibreoirí aeriompair. Tionóladh an 30ú cruinniú de Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil an Iompair idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe (TSCG) an 3 Nollaig 2020 i bhformáid fhíorúil mar gheall ar na srianta taistil a bhí i bhfeidhm. Ar ábhair an chruinnithe bhí, go háirithe, plé faoi fhorbairtí COVID-19 agus faoi na ceisteanna atá ann faoi láthair maidir leis an gcomhar sa tslándáil eitlíochta faoi láthair.

Toisc gur ar leibhéal domhanda atá na bagairtí agus na rioscaí, bíonn an Coimisiún, Riarachán Slándála Iompair na Stát Aontaithe (TSA) agus comhpháirtithe eile i mbun comhairliúchán agus cuidíonn siad le chéile chun gníomhaíochtaí a shainaithint agus a chomhordú, lena n-áirítear bearta breise a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun bagairtí sonracha atá ag teacht chun cinn a mhaolú. Áirithítear leis an gcur chuige sin go mbíonn aon tionchar ar oibreoirí agus ar phaisinéirí chomh beag agus is féidir.

I gcomhréir le dlí an Aontais, tá comhaontuithe bunaithe ag an gCoimisiún lena n-aithnítear na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm i roinnt tríú tíortha, nó i roinnt aerfort i dtríú tíortha, mar chaighdeáin atá coibhéiseach le caighdeáin an Aontais chun an sprioc le Rialú Slándála Aonair (OSS) a chur chun cinn i gcás na n-eitiltí uile idir an tAontas agus na tríú tíortha sin. Aithnítear an choibhéis agus OSS faoi láthair i gcás na Stát Aontaithe, Cheanada, Shingeapór, Mhontainéagró, na Seirbia, na Ríochta Aontaithe agus Iosrael (i gcás bagáiste boilg amháin), i measc tíortha eile. Leanann an Coimisiún de bheith i dteagmháil le hIosrael agus leis an tSeapáin maidir le socruithe OSS. Mar gheall ar an bpaindéim, áfach, is beag dul chun cinn a rinneadh in 2020. I gcás Iosrael, tá cuairt theicniúil ó shaineolaithe slándála eitlíochta an Aontais beartaithe chun measúnú a dhéanamh ar choibhéis na mbeart maidir leis an mbraitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin ag Aerfort Ben Gurion a luaithe agus is féidir ag féachaint do staid COVID-19. Maidir leis an tSeapáin, tá plé teicniúil á dhéanamh ag an gCoimisiún chun comparáid a dhéanamh idir reachtaíocht slándála eitlíochta an dá thír mar chéad chéim.

I bhfianaise tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach (a beartaíodh le haghaidh dheireadh mhí an Mhárta 2019 ar dtús, ach a cuireadh siar dá éis sin go dtí an 31 Eanáir 2020, le hidirthréimhse i bhfeidhm ó shin go deireadh 2020), ghlac an Coimisiún bearta teagmhasacha chun a áirithiú go leanfar go réidh leis an bpróiseas Rialaithe Slándála Aonair do phaisinéirí, bagáiste agus lasta a thagann isteach ón Ríocht Aontaithe agus iad ag aistriú ag aerfoirt Eorpacha. Tar éis don Ríocht Aontaithe a dheimhniú go foirmiúil go gcoinneodh sí a rialacháin agus a caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta i gcoibhéis le reachtaíocht an Aontais tar éis dháta an tarraingt siar as an Aontas, leasaigh an Coimisiún an reachtaíocht cur chun feidhme 35 agus tugadh forálacha isteach lena gceadaítear Rialú Slándála Aonair ón Ríocht Aontaithe ón lá tar éis an lae a scor na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu sa Ríocht Aontaithe. Tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 tar éis dheireadh na hidirthréimhse, rud a thugann sochair shuntasacha d’aerfoirt, d’aerlínte agus do phaisinéirí. Rinneadh gníomhaithe a bhí faoi fhreagracht na Ríochta Aontaithe roimhe sin i dtríú tíortha agus a bhí páirteach sa slabhra soláthair slán le haghaidh aerlasta (ACC3, RA3 agus KC3) a athleagan ar na Ballstáit a bhí fágtha.

Maidir le fothú na hacmhainneachta, tosaíodh oibríochtaí an tionscadail ‘Slándáil na hEitlíochta Sibhialta san Afraic, san Áise agus sa Mheánoirthear’ (CASE II) sa dara ráithe de 2020 36 . Tá sé maoinithe go hiomlán ag an Aontas agus is é ECAC a chuireann i bhfeidhm é. Is é cuspóir foriomlán CASE II bagairt na sceimhlitheoireachta ar an eitlíocht shibhialta a chomhrac tríd an gcomhpháirtíocht le Stáit sna trí réigiún, chun córais slándála na heitlíochta sibhialta sna Stáit Chomhpháirtíochta a neartú 37 .

CONCLÚIDÍ

I gcomparáid leis na blianta roimhe, bliain an-difriúil a bhí in 2020 ós rud é gur imir COVID-19 tionchar mór ar an ngníomhaíocht uile is gnách don Choimisiún agus do na Ballstáit. B’éigean a lán reachtaíochta agus treoraíochta breise a ullmhú. Cuireadh gnáthghníomhaíochtaí iniúchta ar fionraí agus cuireadh modhanna malartacha ina n-ionad. Níorbh fhéidir ach cruinnithe fíorúla a eagrú agus is ar éigean is féidir leis sin a bheith chomh táirgiúil le cruinnithe fisiciúla. Rinneadh difear don chomhar idirnáisiúnta freisin ar an gcúis chéanna. Le linn na géarchéime, áfach, ba é túsphointe an Choimisiúin nach féidir leibhéal na slándála eitlíochta a chur i mbaol, fiú nuair atáthar ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin nua a bhaineann le lucht saothair laghdaithe agus le srianta airgeadais.

Maidir leis an todhchaí, tá síormhachnamh á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcaoi a bhféadfaí an creat atá ann faoi láthair don tslándáil eitlíochta a fheabhsú a thuilleadh tríd an éifeachtúlacht, an inbhuanaitheacht, an tsolúbthacht agus na cumais a bheadh bunaithe a thuilleadh ar an riosca a mhéadú chun freagairt ar bhagairtí a thagann chun cinn, gan baint ar bhealach ar bith den ardleibhéal slándála eitlíochta a baineadh amach go dtí seo.

(1)      Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).
(3)      Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann formheas trealaimh shlándála eitlíochta sibhialta chomh maith le tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta (IO L 21, 27.1.2020, lch. 1).
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1998, Rialachán (AE) 2019/103 agus Rialachán (AE) 2019/1583 a mhéid a bhaineann le hathainmniú aerlínte, oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála ar lasta agus ar phost a thagann ó thríú tíortha, agus a mhéid a bhaineann le cur ar athló ceanglas rialála áirithe i réimse na cibearshlándála, na seiceálacha cúlra, na gcaighdeán maidir le trealamh córas braite pléascán, agus an trealaimh braite rianta pléascacha, mar gheall ar phaindéim COVID-19 (IO L 208, 1.7.2020, lch. 43).
(5)      Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 58, 19.2.2021, lch. 23).
(6)      Teachtaireacht ón gCoimisiún: Treoirlínte maidir le seirbhísí agus nascacht iompair a athbhunú de réir a chéile – COVID-19 (IO C 169, 15.5.2020, lch. 17).
(7)      Tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus an Eilvéis.
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/472 ón gCoimisiún an 31 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 a mhéid a bhaineann le sainmhíniú an téarma ‘cigire an Choimisiúin’ (IO L 85, 1.4.2016, lch. 28).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (IO L 23, 27.1.2010, lch. 1).
(10)    Chun inchomparáideacht a áirithiú agus meastóireacht a dhéanamh ar leibhéil chomhlíontachta le himeacht ama, úsáideann an Coimisiún modh ríofa le haghaidh a tháscaire comhlíontachta, modh nach gcuirtear ach na príomhcheanglais slándála is minice ar a ndéantar cigireacht san áireamh ann. Cumhdaíonn siad na ceanglais a bhaineann le slándáil aerfoirt, slándáil aerárthaí, slándáil paisinéirí agus bagáiste cábáin agus slándáil seiceáilte isteach. Cuirtear na bearta slándála i gcnuasaigh de shraitheanna ceanglas slándála atá nasctha go díreach le chéile agus déantar iad a mheas ina n-iomláine. Cuirtear fachtóir ualúcháin seasta, a léiríonn an leibhéal cur chun feidhme in aghaidh an chnuasaigh, i bhfeidhm ansin mar seo a leanas:    Dá réir sin, is ionann an táscaire comhlíontachta foriomlán i mbliain ar leith agus suim na bhfachtóirí ualaithe roinnte ar líon na sraitheanna ceanglas aicmithe atá nasctha go díreach.
(11)    Féach caibidil 1.1.
(12)    Arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta (IO L 7, 12.1.2010, lch. 3).
(13)    Cuimsítear, inter alia, i measúnú agus in athbhreithniú an chláir náisiúnta slándála (NASP, NSTP agus NQCP), cláir slándála aerlínte, oibreoirí aerfoirt agus eintitis eile, gníomhaíochtaí oiliúna agus deimhniúcháin ar líne, athbhreithniú ar mheasúnuithe riosca náisiúnta, cigireachtaí deisce, anailís ar threochtaí, etc.
(14)    IO L 134, 25.5.2007, lch. 4.
(15)      Féach fonóta 3.
(16)      Féach fonóta 4.
(17)      Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal: Guidelines on the progressive restoration of transport services and connectivity [Treoirlínte maidir le seirbhísí agus nascacht iompair a athbhunú de réir a chéile] – COVID-19 (IO C 169, 15.5.2020, lch. 17).
(18)    Is é an Coimisiún a bhunaigh an bunachar sonraí sin, agus tá sainordú ar ghníomhaithe sa slabhra soláthair é a úsáid de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún agus de bhun Chinneadh C(2015) 8005.
(19)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1116/2013 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 185/2010 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha áirithe slándála eitlíochta a shoiléiriú, a chomhchuibhiú agus a shimpliú (IO L 299, 9.11.2013, lch. 1).
(20)     https://ksda.ec.europa.eu/  
(21)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 58, 19.2.2021, lch. 23); Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/877 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 203, 26.6.2020, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/893 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 206, 30.6.2020, lch. 8).
(22)    Ba cheann de phríomhthorthaí na ceardlainne cibearshlándála a d’eagraigh seirbhísí an Choimisiúin (AS MOVE agus AS CNECT) i mí na Samhna 2019 é an moladh Meitheal um Chibearshlándáil Eitlíochta a bhunú.
(23)      Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(24)    Ar fáil anseo (i 23 theanga): https://transport.ec.europa.eu/transport-themes/security-safety/cybersecurity_en
(25)      Eadhon scaipeadh na mbogearraí mailíseacha, an diúltú seirbhíse, an rochtain neamhúdaraithe agus an ghoid, agus mí-ionramháil na mbogearraí.
(26)      I bPlean Gníomhaíochta Frithsceimhlitheoireachta an Aontais, sainaithnítear réimsí gníomhaíochta ina bhféadfadh an tAontas gona Bhallstáit na hionstraimí atá ann cheana a ullmhú agus a shlógadh in am trátha chun na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil inmheánach san Aontas, ar rioscaí iad a eascraíonn as na Talaban a ghabháil na cumhachta san Afganastáin i mí Mheán Fómhair 2021, a thuar agus aghaidh a thabhairt orthu, féach: https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12315-2021-INIT/en/pdf
(27)      https://home.treasury.gov/news/press-releases/jy0532
(28)      https://www.justice.gov/opa/pr/kenyan-national-indicted-conspiring-hijack-aircraft-behalf-al-qaeda-affiliated-terrorist
(29)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (IO L 139, 23.4.2021, lch. 161); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán cur chun feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile san aerspás U-spáis arna ainmniú san aerspás rialaithe (IO L 139, 23.4.2021, lch. 184); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 a mhéid a bhaineann le ceanglais d’eitlíocht foireannaithe a oibríonn san aerspás U-spáis (IO L 139, 23.4.2021, lch. 187).
(30)      Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1).
(31)      Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le ladrainn tomhaltóirí ar mó ná 250 gram a meáchan agus beidh sé infheidhme go hiomlán ón 1 Eanáir 2024.
(32)      Mar shampla, maidir le gairis phléascacha sheiftithe, úsáid na ladrann, an chibearshlándáil, lasta agus post, etc.
(33)    Mar a shonraítear i gCuid 1, in 2020 rinne an Coimisiún 11 cigireachtaí cuimsitheacha inar cumhdaíodh aerfoirt, aeriompróirí agus eintitis chomh maith le húdaráis iomchuí i seacht mBallstát. Rinneadh é sin de réir a straitéise iniúchta ag baint úsáide as modhanna cianda.
(34)      AS 8/7-21/6 an 27 Eanáir 2021.
(35)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 maidir le tríú tíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta sibhialta (IO L 73, 15.3.2019, lch. 98).
(36)      Tá CASE II ina chomharba ar an Tionscadal Slándála Eitlíochta Sibhialta san Afraic agus ar Leithinis na hAraibe (CASE), tionscadal a seoladh go luath in 2016 go ceann tréimhse ceithre bliana. Maireann Tionscadal CASE II ceithre bliana freisin agus is é EUR 8 milliún an buiséad atá leithdháilte ag an gCoimisiún le haghaidh na tréimhse foriomláine. Gné nua de CASE II, i gcomparáid le CASE I, is ea an Áise a bheith san áireamh.
(37)

     Roghnaítear na Stáit Chomhpháirtíochta ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail tiomantas/cumas Stáit ar leith tairbhe iomlán a bhaint as na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a sholáthraíonn an Tionscadal, nó easpa dúblála a d’fhéadfadh a bheith ann le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta eile, bídís sin déthaobhach nó iltaobhach.


An Bhruiséil,14.3.2022

COM(2022) 106 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2020 MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME RIALACHÁN (CE) UIMH. 300/800 MAIDIR LE RIALACHA COMHCHOITEANNA i RÉIMSE SLÁNDÁLA NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA


Iarscríbhinn 1

Cigireachtaí an Choimisiúin ar údaráis iomchuí agus ar aerfoirt amhail 31.12.2020 (cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

An Stát

Líon na gcigireachtaí  
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha)  
an tréimhse ó 01/2020 go 12/2020

Líon na gcigireachtaí  
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha)  
ó bhí 2004 ann

An Ostair

0

17

An Bheilg

0

20

An Bhulgáir

0

14

An Chróit

0

8

An Chipir

0

11

Poblacht na Seice

0

14

An Danmhairg

2

20

An Eastóin

0

10

An Fhionlainn

0

17

An Fhrainc

1

34

An Ghearmáin

0

33

An Ghréig

0

24

An Ungáir

0

12

Éire

0

17

An Iodáil

2

32

An Laitvia

0

9

An Liotuáin

1

11

Lucsamburg

0

11

Málta

0

8

An Ísiltír

2

18

An Pholainn

0

19

An Phortaingéil

0

19

An Rómáin

0

12

Poblacht na Slóvaice

0

10

An tSlóivéin

0

9

An Spáinn

0

32

An tSualainn

2

24

Stát nach Ballstát den Aontas é: An Eilvéis

1

13

IOMLÁN

11

478



Cigireachtaí Údarás Faireacháin CSTE ar údaráis iomchuí agus ar aerfoirt amhail 31.12.2020 (cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

An Stát

Líon na gcigireachtaí  
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha)

an tréimhse ó 01/2020 go 12/2020

Líon iomlán na gcigireachtaí 
(cigireachtaí tosaigh agus leantacha) 
ó bhí 2004 ann

An Íoslainn

1

17

An Iorua

2

59

IOMLÁN

3

76



Iarscríbhinn 2

Reachtaíocht fhorlíontach a glacadh i rith 2020:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le formheas trealaimh slándála eitlíochta sibhialta chomh maith le tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta (IO L 21, 27.1.2020, lch. 1).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1998, Rialachán (AE) 2019/103 agus Rialachán (AE) 2019/1583 a mhéid a bhaineann le hathainmniú aerlínte, oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála ar lasta agus ar phost a thagann ó thríú tíortha, agus a mhéid a bhaineann le cur ar athló ceanglas rialála áirithe i réimse na cibearshlándála, na seiceálacha cúlra, na gcaighdeán maidir le trealamh córas braite pléascán, agus an trealaimh braite rianta pléascacha, mar gheall ar phaindéim COVID-19 (IO L 208, 1.7.2020, lch. 43).

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4241 final ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020, lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 132 a mhéid a bhaineann le cur ar athló roinnt ceanglais rialála i réimse na seiceálacha cúlra mar gheall ar phaindéim COVID-19 (TEORANTA – ní reachtaíocht phoiblí í seo, faoinar tugadh fógra go díreach do na Ballstáit).