AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.3.2022
COM(2022) 83 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN
I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach:
ár Samhail Fáis Eorpach
1.Réamhrá
Tá claochlú, nach bhfacthas a leithéid riamh, i dtreo todhchaí chothrom ghlas agus dhigiteach ag teacht ar an ngeilleagar Eorpach i gcomhthéacs éiginnteachtaí ollmhóra a bhaineann leis an ionchas domhanda agus leis an ionchas slándála. Ó earrach 2021, tá an geilleagar tagtha aniar go láidir ó phaindéim COVID-19. Tá téarnamh iomlán tagtha ar na leibhéil, a bhuí freisin leis na bearta tacaíochta eisceachtúla a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis an bpaindéim agus leis an bhfreagairt bheartais ón Aontas, cuireadh dlús leis an aistriú dúbailte i ngeilleagar an Aontais agus cuireadh an gá athléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú i dtábhacht. Ina theannta sin, tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ag baint an bhoinn den tslándáil agus den chobhsaíocht Eorpach agus dhomhanda agus cuireann sé roinnt dúshláin phráinneacha os comhair an Aontais.
Léiríonn an comhthéacs geopholaitiúil atá ag dul in olcas go gasta gur gá a bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta agus gur gá ár gclár oibre fadtéarmach maidir leis an bhfás inbhuanaithe a atreisiú. Anois níos mó ná riamh, ba cheart don Aontas a chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a ghiaráil chun dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna le chéile agus chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn, chomh maith le hord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha agus le hiltaobhachas éifeachtach. Léiríonn freagairt chomhordaithe an Aontais agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta ar ionradh na hÚcráine conas is féidir leis an Aontas a bheith ag obair chun na cuspóirí sin a bhaint amach. An tráth céanna, tá foinsí nua rioscaí agus éiginnteachta tagtha chun cinn agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu. Cé gur léirigh formhór na gcuideachtaí agus na slabhraí soláthair leibhéal ard athléimneachta agus inoiriúnaitheachta le linn na paindéime, nocht an téarnamh agus na forbairtí deireanacha i dtaca le hionradh na hÚcráine roinnt laigí, lena n-áirítear laigí san earnáil fuinnimh, ar gá dul i ngleic leo chun ár slí bheatha Eorpach a chosaint, an fás a choinneáil ar bun agus an athléimneacht a fheabhsú san fhadtéarma. Níor cheart dúinn ligean d’eachtraí na seachtainí deireanacha ná do dhul in olcas gasta an chomhthéacs gheopholaitiúil ár n-aird a bhaint den mhéid sin. A mhalairt ar fad, is deimhniú iad gur gá dlús a chur leis an gclaochlú eacnamaíoch atá ar bun.
Tá comhaontú ginearálta ann faoi thosaíochtaí na samhla fáis eacnamaíoch Eorpaí, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus faoin ngá athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais a fheabhsú. Cuireann na tosaíochtaí sin, i dteannta a chéile, le cuspóir na hinbhuanaitheachta iomaíche. Chun ár gcuspóirí a bhaint amach, tá athruithe struchtúracha ag teastáil ar gheilleagar an Aontais, lena n-áirítear athruithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Cuideoidh an t-aistriú i dtreo samhail eacnamaíoch inbhuanaithe, athléimneach agus chuimsitheach, rud is féidir a bhaint amach trí theicneolaíochtaí agus scileanna digiteacha agus glasa a scaipeadh agus a chur chun úsáide go forleathan, le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá os comhair na hEorpa, le feabhas a chur ar a stádas mar cheannaire domhanda agus lena neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an méid sin sa chomhthéacs atá inniu ann. An tráth céanna, ní mór dúinn cothroime ár samhla eacnamaíche a áirithiú agus cosaint a thabhairt do na daoine is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil na hacmhainní ná na scileanna acu chun tairbhe iomlán a bhaint as. Ní éireoidh le claochlú an gheilleagair Eorpaigh ach amháin má bhíonn sé cóir agus cuimsitheach agus más féidir le gach duine leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an aistriú dúbailte.
Braitheann claochlú ár ngeilleagair ar dhá cholún atá ar chomhthábhacht lena chéile: infheistíochtaí agus athchóirithe. Beidh sé ríthábhachtach infheistíochtaí agus athchóirithe uaillmhianacha a threisíonn a chéile a chur chun feidhme chun an t-aistriú a chur i gcrích. Ar thaobh amháin, tá an infheistíocht ríthábhachtach le haghaidh fás marthanach inbhuanaithe agus is réamhriachtanas í chun dlús a chur leis an aistriú glas digiteach. Ar an taobh eile, ba cheart go mbeadh ár struchtúir eacnamaíocha agus an creat rialála ina dtaca leis an gclaochlú eacnamaíoch agus go gcabhróidís leis an infheistíocht. Tá gá le hathchóirithe ar gach leibhéal, chun bacainní sonracha infheistíochta a bhaint, chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargaí na dtáirgí agus an tsaothair, chun patrúin táirgthe agus tomhaltais a mhodhnú agus chun an athléimneacht shocheacnamaíoch a neartú.
D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór na huirlisí go léir atá ann cheana a shlógadh ar bhealach comhleanúnach. Tá gá le gníomhú láithreach bonn chun ár n-uaillmhianta a thabhairt i gcrích agus an neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 agus deiseanna na deacáide digití a thapú, agus an athléimneacht eacnamaíoch, chríochach agus shóisialta á bhfeabhsú an tráth céanna. Tiocfaidh claochlú mór ar earnálacha agus ar réigiúin iomlána, rud a fhágfaidh go ndéanfar ath-leithdháileadh ar an lucht saothair agus go n-athrófar na riachtanais maidir le scileanna. Athrófar na patrúin tomhaltais freisin. Mar gheall ar scála na riachtanas infheistíochta, beidh rannpháirtíocht na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon ag teastáil, agus caithfidh bunús na n-infheistíochtaí a bheith ón earnáil phríobháideach.
Cuireann Next Generation EU, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), agus buiséad an Aontais, borradh a bhfuil géarghá leis faoin téarnamh. Mhaolaigh úsáid ghasta ionstraimí AE nua, lena n-áirítear an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus an Tionscnamh Infheistíochta um Théarnamh ón gCoróinvíreas (CRII) tionchair na géarchéime. Rannchuidíonn RRF leis an téarnamh trí thacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí sna Ballstáit trí dheontais agus iasachtaí. Cé gur ionstraim shealadach é RRF, a bhuí leis an mbéim a chuireann sé ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí atá inbhuanaithe agus lena neartaítear an fás, beidh tionchar fadtéarmach aige. Ní mór leanúint le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, le himeacht ama. Ós rud é gur ón earnáil phríobháideach a thiocfaidh an sciar is mó de na hinfheistíochtaí lena maoinítear an t-aistriú dúbailte agus lena gcuirfear leis an athléimneacht, ba cheart na hinfheistíochtaí poiblí a spriocdhíriú go maith agus infheistíochtaí príobháideacha a bhrú isteach leo. Tá machnamh leanúnach á dhéanamh ar an mbealach is fearr chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus, ag an am céanna, laghdú ar ardleibhéil fiachais phoiblí a áirithiú lena gcothófar an fás.
Ba cheart go dtacódh ár gcreat agus ár rialacha le cuspóirí an Aontais agus go gcruthóidís na dreasachtaí cearta le haghaidh teaghlaigh agus gnólachtaí. Sa chomhthéacs sin, beidh sé tábhachtach dul chun cinn a dhéanamh ar an gclár oibre don athchóiriú ar leibhéal an Aontais agus na tograí ón gCoimisiún faoin bpacáiste ‘oiriúnach do 55’ a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan mhoill, chomh maith leis na tograí is bonn le clár oibre digiteach an Aontais. Tá siad sin ríthábhachtach chun cuspóirí Chomhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.
Is é an Margadh Aonair an tsócmhainn eacnamaíoch is luachmhaire san Eoraip agus is é is príomhfhoinse athléimneachta di. Cuireann sé cinnteacht, scála agus túsphointe domhanda ar fáil do chuideachtaí Eorpacha, agus cuireann sé táirgí ardchaighdeáin ar fáil go forleathan do na tomhaltóirí. Léirigh an phaindéim go mbíonn gach duine thíos leis mura bhfeidhmíonn an Margadh Aonair: na tomhaltóirí, an tionscal agus na seirbhísí, na cuideachtaí móra agus, ina dteannta sin, an iliomad FBManna sa slabhra soláthair. Sin é an fáth a leanann an Coimisiún de bheith ag obair chun leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair, chun na bacainní atá ann cheana a bhaint agus chun a athléimneacht a mhéadú trí mhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí a bheith níos ullmhaithe i gcás géarchéimeanna amach anseo, machnamh a bhaineann le saorghluaiseacht na n-earraí a áirithiú freisin. Ní mór dúinn slabhraí soláthair athléimneacha a áirithiú, rud a chosnóidh an lóistíocht agus slándáil an tsoláthair do roinnt príomhearnálacha den gheilleagar freisin, tríd an soláthar a éagsúlú agus tríd an infheistíocht sa nuálaíocht agus in acmhainneachtaí nua. Tá sé tábhachtach freisin aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus ar chibearbhagairtí. D’fhonn infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh níos gasta, beidh gá le gníomhaíocht mheáite chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích agus chun dul chun cinn gasta a dhéanamh maidir le hAontas na Margaí Caipitil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí maidir leis an maoiniú inbhuanaithe. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach an Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua a chur i ngníomh. Beidh beartais eile freisin ag rannchuidiú leis na cuspóirí leathana, lena n-áirítear an cánachas, an beartas trádála, agus an creat rialachais eacnamaíoch.
Tá sé d’aidhm ag an Teachtaireacht seo cur le plé neamhfhoirmiúil na gceannairí faoin tsamhail fáis eacnamaíoch Eorpaí. Leagann sí béim ar a thábhachtaí atá cur chun feidhme iomlán na mbeart a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais, gníomhaíocht chomhordaithe ó na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear an tAontas, na Ballstáit agus an earnáil phríobháideach, agus cur chun cinn na bpríomhinfheistíochtaí agus na bpríomhathchóirithe is gá le haghaidh fás agus folláine inbhuanaithe fadtéarmach do shaoránaigh uile an Aontais. Ós dúshláin dhomhanda na dúshláin atá romhainn, beidh fíor-riachtanas le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Beidh sé tábhachtach freisin go mbeidh ní hamháin na Ballstáit ach gníomhaithe príobháideacha freisin ag obair sa treo céanna.
2.Infheistiú i dtodhchaí na hEorpa
D’fhulaing an caiteachas infheistíochta san Aontas tar éis na géarchéime airgeadais. Tar éis na géarchéime airgeadais, tháinig laghdú 15 % ar an bhfíorinfheistíocht san Aontas i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann in 2007 agus d’fhan sí i bhfad faoi bhun a treocht stairiúla ar feadh roinnt blianta. Thosaigh an infheistíocht phríobháideach mar chion de OTI ag téarnamh de réir a chéile ó 2014. Thosaigh an infheistíocht phoiblí ag téarnamh, ach go mall, in 2016 agus is ar éigean a bhí sí ar chomhchéim leis na leibhéil dímheasa. Dá leanfaí leis na leibhéil ísle infheistíochta poiblí sin, thiocfadh meath de réir a chéile ar an stoc caipitil phoiblí.
Graf 1: Ollinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach san AE (% de OTI) – painéal ar chlé; agus glaninfheistíocht phoiblí don Aontas agus do chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile (% de OTI) – painéal ar dheis
Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin. Sainmhínítear an infheistíocht mar fhoirmiú caipitil sheasta.
Cé gur thit an infheistíocht sa chéad leath de 2020 de réir mar a theip ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, beidh tacaíocht beartais á hardú os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. A bhuí le tacaíocht beartais airgeadaíochta agus fioscach, leis an ngealltanas comhchoiteann gan filleadh ró-luath ar an gcomhdhlúthú fioscach, agus leis an mborradh san infheistíocht de bhua Next Generation EU agus bhuiséad an Aontais, táthar ag súil leis go sáróidh na hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí araon na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2022, rud a léiríonn go bhfuiltear ar an mbealach ceart. Mar sin féin, tá gá fós le hinfheistíocht bhreise d’ardchaighdeán chun spriocanna 2030 an aistrithe dhúbailte a bhaint amach. Thairis sin, léirigh géarchéimeanna na ndeich mbliana seo caite a thábhachtaí atá sé go mbíonn athchóirithe ag tacú leis na hinfheistíochtaí.
2.1.An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích
Deis is ea an t-aistriú glas chun an Eoraip a chur ar bhealach nua ionsar fhás cuimsitheach inbhuanaithe. Tá sé práinneach beart a dhéanamh agus is tráth cinniúnach é an deacáid seo. Cabhróidh an t-aistriú glas freisin le billí fuinnimh agus an spleáchas ar allmhairí breosla iontaise a laghdú, rud a chuirfidh feabhas ar shlándáil fuinnimh agus acmhainní an Aontais. Is léir ón staid gheopholaitiúil agus ó na forbairtí deireanacha i bpraghsanna an fhuinnimh gur gá dlús a chur leis an athrú sin. Beidh athruithe ó bhonn ar ár dtionscal agus ar ár gcóras bia i gceist leis an aistriú freisin, beidh gá le hathchóirithe foirgneamh, cuirfear dlús leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, agus cruthófar poist nua agus deiseanna nua gnó i ngeilleagar ciorclach.
Beidh dúshláin ag baint leis an aistriú freisin. Chun go n-éireoidh leis an aistriú glas, ní mór tús áite a thabhairt do dhaoine agus cúram a thabhairt dóibh siúd is mó n-imreoidh sé tionchar orthu. Chun na críche sin, tá an Coimisiún ag cur na cothroime i gcroílár a chuid beartas faoin gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Ina theannta sin, sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir a áirithiú, soláthraítear treoraíocht shonrach chun cabhrú leis na Ballstáit pacáistí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme lena dtabharfar aghaidh go cuimsitheach ar na gnéithe fostaíochta agus sóisialta a bhaineann leis an aistriú.
Sa Chomhaontú Glas don Eoraip leagtar amach an treochlár chun inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais a bhaint amach ar bhealach cothrom cuimsitheach agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. I gcomhréir le Comhaontú Pháras, tá gealltanas tugtha ag an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘GCT’) a laghdú 55 % ar a laghad in 2030, i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990. D’fhonn na beartais uile a shlógadh agus d’fhonn na rialacha atá ann faoi láthair a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá an pacáiste 'Aimsigh do 55' molta ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais, agus é d’aidhm aige athbhreithniú a dhéanamh ar na hionstraimí beartais uile a bhaineann le hábhar. Tá roinnt gníomhaíochtaí breise sainaitheanta ag an gCoimisiún freisin a bhfuil gá leo chun cuspóirí comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, dul i ngleic leis an truailliú, agus an fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid na n-acmhainní.
Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, beidh orainn na hinfheistíochtaí bliantúla a mhéadú thart ar EUR 520 billiún sa deacáid atá romhainn (2021-2030), i gcomparáid leis na deacáidí roimhe sin. Baineann an tsochaí tairbhí móra as infheistíochtaí den sórt sin agus tá costais i bhfad níos airde ag baint leis an neamhghníomhaíocht. De na hinfheistíochtaí breise sin, baineann EUR 390 billiún in aghaidh na bliana le dícharbónú an gheilleagair agus go háirithe na hearnála fuinnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann le fuinneamh in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair. Meastar gur thart ar EUR 130 billiún in aghaidh na bliana a bheidh san infheistíocht bhreise a theastaíonn chun na cuspóirí comhshaoil eile a bhaineann leis an aistriú glas (seachas an aeráid agus an fuinneamh) a bhaint amach. Beidh orainn infheistíocht a dhéanamh freisin san oiriúnú don athrú aeráide agus i bpríomhtheicneolaíochtaí is gá le haghaidh an gclaochlaithe ghlais agus le haghaidh fhás an Aontais amach anseo, amhail cadhnraí, grianphainéil, agus an hidrigin, chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú an luchta saothair agus leis an oiliúint. Ina theannta sin, cuideoidh an iarracht infheistíochta sin le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht réigiúin an Aontais agus as na buntáistí éagsúla atá acu ó thaobh na hiomaíochta de.
Tá an méadú sin de bhreis agus 50 % ar na riachtanais infheistíochta fuinnimh i gcomparáid leis an treocht stairiúil bunaithe den chuid is mó ar an ngá dícharbónú a dhéanamh ar an ngeilleagar agus tacóidh sé lenár gcuid iarrachtaí slándáil an tsoláthair a áirithiú. Tá miondealú sa tábla thíos ar na hearnálacha ina mbeidh gá leis na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le fuinneamh. Ó thaobh an tsoláthair fuinnimh de, beidh gá le hinfheistíochtaí i mbonneagar nua, lena n-áirítear san fhuinneamh in-athnuaite, i stóráil an fhuinnimh, san uasghrádú ar eangacha cumhachta, idirnaisc gáis agus leictreachais atá ann cheana, agus forbairt breoslaí nua, amhail breoslaí sintéiseacha. Ó thaobh an éilimh ar fhuinneamh de, beidh gá le hinfheistíochtaí i ndáil leis na hearnálacha tionsclaíocha, cónaithe,
tríú leibhéal agus iompair.
Tábla 1: Riachtanais infheistíochta bliantúla bhreise le haghaidh an bheartais aeráide agus fuinnimh (EUR billiún)
Ó thaobh an tsoláthair de
|
Eangach chumhachta
|
31
|
|
Stáisiúin chumhachta, lena n-áirítear coirí agus breoslaí nua
|
25
|
|
An earnáil thionsclaíoch
|
14
|
Ó thaobh an éilimh de
|
Cónaitheach
|
92
|
|
Tríú leibhéal
|
54
|
|
Earnáil an iompair
|
175
|
Iomlán
|
392
|
Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin, bunaithe ar shonraí ó Thábla 7 de SWD(2021) 621 final. Infheistíochtaí bliantúla breise arna ríomh ina ndifríocht idir meán na n-infheistíochtaí bliantúla iomlána 2011-2020, agus meán na n-infheistíochtaí bliantúla iomlána 2021-2030 (cás MIX). Slánaíodh na huimhreacha.
Mar a luaitear thuas, beidh gá le hinfheistíochtaí breise freisin chun cuspóirí comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. EUR 130 billiún in aghaidh na bliana méid na n-infheistíochtaí sin. Baineann na cuspóirí sin, go suntasach, leis an mbithéagsúlacht agus na héiceachórais a chosaint agus a athshlánú, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní uisce agus muirí agus le cosaint na n-acmhainní sin, agus leis an truailliú a chosc agus a rialú. Tugtar miondealú sa tábla thíos ar na hinfheistíochtaí breise is gá le haghaidh gach ceann de na cuspóirí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus forbartha.
Tábla 2: Riachtanais infheistíochta bhliantúla bhreise le haghaidh cuspóirí comhshaoil (EUR billiún)
An bhithéagsúlacht agus na héiceachórais a chosaint
|
Athshlánú tírdhreach bithéagsúlachta/an dúlra
|
4
|
|
Bainistíochta na n-acmhainní foraoiseachta
|
2
|
|
Bainistíocht an fhlóra fhiáin agus an fhána fhiáin
|
1
|
An Geilleagar Ciorclach agus Éifeachtúlacht Acmhainní
|
Bainistíocht na n-ábhar agus na n-éifeachtúlachtaí
|
10
|
|
Bainistíocht dramhaíola
|
10
|
|
Acmhainneacht bhreise i 3 earnáil
(an bia, an tsoghluaisteacht agus an timpeallacht thógtha)
|
15
|
An truailliú a chosc agus a rialú
|
Cosaint an aeir chomhthimpeallaigh agus na haeráide
|
40
|
|
Laghdú torainn agus creathaidh
|
1
|
|
Cosaint ar an radaíocht
|
5
|
Cosaint agus bainistíocht an uisce
|
Bainistíocht uiscí
|
21
|
|
Bainistíocht fuíolluisce
|
15
|
Taighde agus Forbairt
|
T&F bainistíochta acmhainní
|
5
|
|
T&F comhshaoil
|
2
|
Iomlán
|
130
|
Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin, bunaithe ar shonraí ó Thábla 1 de SWD(2020) 98 final. Slánaíodh na huimhreacha.
Beidh na leibhéil iomlána infheistíochta is gá fós ard sa tréimhse tar éis 2030 freisin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh creat cuí beartais ann a dhreasaíonn agus a chumasaíonn an infheistíocht chun an leibhéal infheistíochta is gá le haghaidh an aistrithe ghlais a choinneáil ar bun go dtí 2050.
Beidh tionchair an athraithe aeráide ar ár ngeilleagar, lena n-áirítear tionchair fhisiceacha dhíreacha agus a n-iarmhairtí san Eoraip agus níos faide i gcéin, ag éirí níos déine agus ní mór dúinn a bheith níos ullaimhe. D’fhéadfadh cur isteach ar an trádáil agus an taisteal rialta a bheith i gceist leis sin, mar shampla, chomh maith le forbairtí sóisialta agus geopholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith spreagtha ag an ngéarchéim aeráide nó ag an aistriú glas agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh ár ngeilleagar. Sa Straitéis maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, leagtar amach bearta chun athléimneacht na hEorpa a neartú i ndáil leis sin, ó dhíonadh an bhonneagair ar an athrú aeráide go héifeachtaí an athraithe aeráide ar shláinte an duine a theorannú.
Beidh páirt ag an aistriú digiteach chun na cuspóirí glasa a bhaint amach, agus beidh sineirgí ann in a lán réimsí de gheilleagar ciorclach cliste. Má ghlactar le réitigh dhigiteacha nuálacha, féadfaidh sin cabhrú chun cuspóirí inbhuanaitheachta a bhaint amach in earnálacha éagsúla den gheilleagar (e.g. foirgnimh chliste, córais soghluaisteachta chliste agus inbhuanaithe, ‘pasanna táirgí’ digiteacha, an fheirmeoireacht bheacht). Ina theannta sin, is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tacú freisin le réitigh sonraí nuálacha ar féidir leo cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais (e.g. spás Eorpach do shonraí faoin gComhaontú Glas, an tionscnamh Ceann Scríbe: An Domhan). An tráth céanna, ba cheart don earnáil dhigiteach úsáid na dteicneolaíochtaí is ísle lorg comhshaoil agus is airde éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair a chothú, mar shampla trí fheabhas na teicneolaíochta a chur chun cinn le leathsheoltóirí atá tíosach ar fhuinneamh.
2.2.Deiseanna dheacáid dhigiteach na hEorpa a thapú
Chuir paindéim COVID-19 dlús le claochlú digiteach ár sochaithe agus d’athléirigh sí tábhacht na dteicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh fhás eacnamaíoch na hEorpa amach anseo. Tá an digitiú ag déanamh athrú ó bhonn ar an gcaoi a ndéanann daoine staidéar, ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus ar an gcaoi a dtéann siad i dteagmháil lena chéile. An tráth céanna, cuireann sé ar chumas na bhfiontraithe a ngnólacht a bhunú agus a fhorbairt cibé áit a bhfuil siad ina gcónaí, agus dá réir sin osclaítear margaí agus infheistíochtaí ar fud na hEorpa an domhain, agus cruthaítear poist nua. Ní mór dúinn a áirithiú gur féidir le gach duine páirt ghníomhach a ghlacadh sa chlaochlú seo agus leas a bhaint as. Le claochlú digiteach cothrom, d’fhéadfaí nuálaíocht agus táirgiúlacht gheilleagar an Aontais a mhéadú, rud a chuirfeadh deiseanna nua ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Sa Chompás Digiteach atá beartaithe ag an gCoimisiún, leagtar amach uaillmhianta digiteacha an Aontais le haghaidh 2030. Clúdaíonn siad ceithre réimse leathana: Forbairt an oideachais dhigitigh, na scileanna digiteacha agus na n-inniúlachtaí digiteacha, bonneagair shlána inbhuanaithe dhigiteacha agus nascachta, claochlú digiteach na ngnólachtaí, agus digitiú na seirbhísí poiblí agus na gcóras oideachais. D’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach, beidh orainn dlús a chur le hinfheistíochtaí sna príomhtheicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an chibearshlándáil, an néalríomhaireacht, an intleacht shaorga, spásanna sonraí, an blocshlabhra agus an teicneolaíocht chandamach, agus leathsheoltóirí, agus sna scileanna ábhartha. Deimhnítear spriocanna digiteacha 2030 i dtogra le déanaí le haghaidh Conair chuig an Deacáid Dhigiteach agus leagtar amach ann an bealach chun iad a bhaint amach.
Chun claochlú digiteach an Aontais a chur i gcrích, measadh i meastachán ó 2020 gur thart ar EUR 125 billiún in aghaidh na bliana an infheistíocht bhreise a bheadh ag teastáil. Áirítear leis sin infheistíochtaí sa bhonneagar digiteach, sna scileanna digiteacha agus sna hardteicneolaíochtaí, ach ní áirítear gnéithe eile amhail seirbhísí poiblí digiteacha. I dTábla 3 thíos tá miondealú ar an mbearna infheistíochta sin go dtí 2030 de réir mar a rinneadh anailís uirthi an tráth úd i gcás gach réimse.
Tábla3: Riachtanais infheistíochta bhliantúla bhreise le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh (EUR billiún)
Líonraí cumarsáide
|
42
|
Scileanna Digiteacha
|
9
|
IS
|
20
|
Néal
|
11
|
Leathsheoltóirí/Fótónaic
|
17
|
Cibearshlándáil
|
3
|
Teicneolaíochtaí Glasa Digiteacha
|
6
|
HPC, Graiféin agus Candamach
|
6
|
Blocshlabhra
|
3
|
Spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
|
3
|
Nuálaíochtaí Digiteacha/Sonraí agus an tIdirlíon den Chéad Ghlúin Eile
|
5
|
Iomlán
|
125
|
Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin, bunaithe ar shonraí ó Thábla 2 de SWD(2020) 98 final. Slánaíodh na huimhreacha.
Cé gur ón earnáil phríobháideach a thiocfaidh formhór na hinfheistíochta le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh, beidh gá le hidirghabháil phoiblí chun infheistíochtaí príobháideacha a bhrú isteach agus chun cabhrú le teipeanna margaidh a cheartú. Is é is aidhm do chlár na n-athchóirithe beartais ar leibhéal an Aontais Margadh Aonair digiteach a chruthú lena gcosnófar cearta bunúsacha na n-úsáideoirí, lena gcuirfear cothrom iomaíochta ar fáil do ghnólachtaí, agus lena n-éascófar don earnáil ghnó agus go háirithe do FBManna teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh agus a chur chun úsáide. Is é sin an cuspóir, mar shampla, atá le Straitéis Chibearshlándála an Aontais, leis an gCéannacht Dhigiteach Eorpach, leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, leis an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó, agus leis an Rialachán maidir le Geobhlocáil. Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún straitéisí cothrománacha agus straitéisí de réir earnála chun cruthú an Mhargaidh Aonair do shonraí a chur chun cinn. Is é is aidhm don Idirphlé Struchtúrach maidir leis an oideachas digiteach agus na scileanna digiteacha a seoladh le deireanas gealltanais na mBallstát sa réimse sin a mhéadú agus feabhas a chur ar infheistíochtaí, athchóirithe agus spriocanna insoláthartha a bhaineann leis, chomh maith le bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí an Aontais amach anseo.
Is mian leis an Eoraip a bheith ina ceannródaí maidir le caighdeáin dhomhanda a leagan síos a chuirfidh na daoine i gcroílár an aistrithe dhigitigh. Ní mór na teicneolaíochtaí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha a úsáideann daoine a bheith i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme agus ní mór cearta agus luachanna intreacha an Aontais a urramú leo. Tá ceannródaíocht déanta ag an Aontas i rialáil an spáis dhigitigh, mar shampla tríd an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus tríd an Ionstraim um Margaí Digiteacha, agus, le déanaí, i rialáil na hIntleachta Saorga, trí Threoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair ardáin agus Dearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha a mholadh. Ar thús cadhnaíochta di mar seo, cuireann an Eoraip a cuid luachanna chun cinn ar fud an domhain freisin. Ar an gcaoi chéanna, tá ról lárnach á imirt ag an Aontas sa chaibidlíocht atá ar bun laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun an creat idirnáisiúnta iltaobhach a shocrú don trádáil dhigiteach.
2.3.An athléimneacht agus an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú
Is é an Margadh Aonair an phríomhfhoinse athléimneachta atá againn, fiú má léiríonn eachtraí a tharla le déanaí nach bhfuil sé slán ó shuaití. Cé gur léirigh an geilleagar athléimneacht shuntasach le linn na paindéime, d’fhág an t-athbhorradh go bhfuil roinnt cuideachtaí ag streachailt chun coinneáil suas leis an mborradh ar an éileamh agus iad ag atógáil a slabhraí soláthair agus ag cuardach ábhair ionchuir agus baill foirne cáilithe a bhfuil fáil orthu. Tá an boilsciú níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis mar gheall ar na brúnna praghsanna a bhí mar thoradh air sin, i dteannta praghsanna arda fuinnimh, rud a thagann salach ar chumhacht ceannaigh na dteaghlach.
Léiríodh go raibh formhór na slabhraí soláthair láidir agus cuireadh in oiriúint iad don suaitheadh eisceachtúil ar an ngeilleagar. Mar sin féin, bhí roinnt éiceachóras tionsclaíoch thíos go mór le ganntanais agus le suaití ar an soláthar, rud a d’imir tionchar mór ar an ngeilleagar foriomlán. Chabhraigh an straitéis tionsclaíochta nuashonraithe le réimsí a aithint ina bhfuil spleáchais straitéiseacha againn ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Leis an dara Tuarascáil maidir le spleáchais agus acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais, cuirtear leis an measúnú ar amhábhair a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus ar na ceimiceáin. Déantar measúnú inti freisin ar réimsí breise, mar atá, an chibearshlándáil, bogearraí TF agus painéil fhótavoltacha. Deimhníonn sí an dul chun cinn atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar na spleáchais straitéiseacha a sainaithníodh sa chéad athbhreithniú, a bhuí le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhghuaillíochtaí tionsclaíocha, infheistíochtaí tábhachtacha poiblí agus príobháideacha agus tograí rialála atá oiriúnach don fheidhm.
Is iad an t-éagsúlú agus an oscailteacht na gnéithe is tábhachtaí de gheilleagar Eorpach athléimneach. Léiríonn an éagobhsaíocht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus an dlús atá leis an athrú aeráide go mbeadh na Ballstáit agus na réigiúin a bhraitheann go mór ar shraith theoranta gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó soláthraithe i mbaol níos mó i gcás turraingí agus go bhfuil siad níos teoranta ó thaobh a gcumas freagairt dóibh. Chun tacú le héagsúlú agus le hiomaíochas, ní mór don Aontas a bheith oscailte i gcónaí don trádáil, an córas iltaobhach trádála a neartú agus úsáid ghníomhach a bhaint as na huirlisí beartais trádála atá aige, lena n-áirítear Comhaontuithe Saorthrádála agus bearta chun a áirithiú nach ndéantar saobhadh ar thrádáil. Braitheann inchreidteacht agus leasanna an Aontais ar a chumas comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Idir an dá linn, ní mór do ghnólachtaí a slabhraí soláthair a éagsúlú chun rioscaí do phraghsanna amhábhar, do cháilíocht agus do sholáthairtí a bhainistiú. Tá ról lárnach ag beartas iomaíochta agus ag a fhorfheidhmiú i ndáil leis sin.
An t-aistriú i dtreo geilleagar agus samhlacha gnó atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní, tá sé á neadú san Eoraip. Tá píblínte tábhachtacha infheistíochta ag teacht chun cinn ar féidir leo ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa i dteicneolaíochtaí na todhchaí a chur chun cinn. I dTuarascáil Bhliantúil 2022 ar an Margadh Aonair, déantar breithniú ar na méideanna infheistíochta i gcás táirgí agus teicneolaíochtaí áirithe a bhfuil ról tábhachtach cumasúcháin acu maidir le formhór na n-éiceachóras tionsclaíoch agus le hiomaíochas thionscal na todhchaí. Cumhdaítear leis toirteanna infheistíochta in amhábhair, i bhfuinneamh fótavoltach gréine, i gcadhnraí, i hidrigin ghlan, i gcruach ghlas, i stroighin, i gceimiceáin, i seirbhísí néalríomhaireachta agus i dtionscadail chibearshlándála.
Is féidir le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ról tábhachtach a bheith acu maidir le gníomhaithe agus infheistíocht a shlógadh i réimsí straitéiseacha, agus ar an mbealach sin bacainní rialála agus cumasóirí a shainaithint agus plean tionscadail oiriúnach a thógáil. Bhí na comhghuaillíochtaí tionsclaíocha atá ann cheana, mar a léirítear sa ghraf thíos, thar a bheith tábhachtach chun cumais na hEorpa a neartú (e.g. cadhnraí). Tá torthaí nithiúla á soláthar acu trí thosaíochtaí infheistíochta agus athchóirithe na hearnála Eorpaí, náisiúnta agus príobháidí a ailíniú.
Graf 2: Forbhreathnú ar Chomhghuaillíochtaí Tionsclaíocha Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin, léaráid 11 de SWD(2022) 40 final.
Is féidir le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas Coiteann na hEorpa (IPCEIanna) cabhrú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh trí thacú le taighde, le nuálaíocht agus leis an gcéad úsáid thionsclaíoch ar fud an Aontais. Tá IPCEIanna nua féideartha maidir leis an néal, le hidrigin, le micrileictreonaic agus nascacht, agus le sláinte á n-ullmhú ag na Ballstáit, chomh maith leis an IPCEI atá ann cheana maidir le cadhnraí agus an chéad IPCEI maidir le micrileictreonaic.
I réimse na leathsheoltóirí, is éard atá in an Ionstraim Eorpach um Shliseanna, a moladh le déanaí, sraith chuimsitheach beart chun slándáil an tsoláthair, athléimneacht agus ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a neartú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá sé mar aidhm aige leas a bhaint as níos mó ná EUR 43 billiún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus, maidir le haon suaitheadh a bheidh ann amach anseo i slabhraí soláthair, bearta a leagan síos in éineacht leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais chun é sin a chosc, chun ullmhú ina chomhair agus chun freagairt go pras dó.
Chun buntáiste teicneolaíochta na hEorpa a fheabhsú a thuilleadh agus chun tacú lena bonn tionsclaíoch, beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar an infheistíocht i dtionscail cosanta agus spáis na hEorpa, lena n-áirítear sa chibearchosaint. Leis an ionradh ar an Úcráin, cuirtear chun suntais nach mór don Aontas a athléimneacht a neartú agus a chumais straitéiseacha a fhorbairt, amhail fuinneamh, cosaint agus cibearshlándáil, chun go mbeidh an sé in ann gníomhú i gcónaí agus chun freagracht a ghlacadh as a shlándáil féin. Maidir le cibear-athléimneacht, ní mór don Aontas feabhas a chur ar a ullmhacht chomhchoiteann, feasacht chomhpháirteach staide a chomhordú, agus a acmhainneacht cúnaimh oibríochtúil a neartú, lena n-áirítear tríd an gCibear-Aonad Comhpháirteach atá beartaithe agus trí bhonneagar lárionad oibríochtaí slándála a sheoladh. Is é is aidhm do na pacáistí spáis agus cosanta a glacadh le déanaí bearta nithiúla a leagan amach chun tacú le huaillmhianta an Aontais maidir le beartais spáis agus chosanta. Leis na tionscnaimh sin, cuirfear sineirgí chun cinn idir na tionscail shibhialta agus chosanta chun seachthorthaí agus crostoirchiú a uasmhéadú.
Tá infheistíocht spriocdhírithe bhreise curtha ar fáil chun ár n-acmhainneachtaí bainistithe riosca agus práinnfhreagartha a neartú. Ceapadh an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte (HERA) chun na críche sin. Cuideoidh sé le géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann a réamh-mheas, trí fhaisnéis a bhailiú agus trí na hacmhainneachtaí freagartha is gá a fhorbairt. Nuair a thagann éigeandála chun cinn, cabhróidh HERA le cinnte a dhéanamh de go dtáirgtear agus go ndáiltear leigheasanna, vacsaíní agus trealamh leighis. Ina theannta sin, tríd an gClár EU4Health, tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas freisin i ngníomhaíochtaí a chomhlánaíonn gníomhaíocht na mBallstát i réimsí amhail galair a chosc, sláinte a chur chun cinn, comhar sláinte trasteorann, athléimneacht córas sláinte agus éifeachtúlacht acmhainní. Ina theannta sin, tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i gcúlchiste straitéiseach rescEU d’acmhainneachtaí freagartha a fhorbairt faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun feabhas a chur ar ár n-ullmhacht i leith géarchéimeanna mórscála a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear cásanna sláinte agus tubaistí a bhfuil éifeacht trasteorann acu, de bharr tubaistí arb é an t-athrú aeráide is cúis leo agus de bharr bagairtí nua agus bagairtí atá ag teacht chun cinn.
Leis na forbairtí is déanaí, deimhníodh an tábhacht a bhaineann le Margadh Aonair atá comhtháite agus dea-fheidhmiúil le haghaidh táirgí, oibrithe, seirbhísí agus caipitil, rud atá ríthábhachtach dár n-athléimneacht. Le tuilleadh feabhsuithe ar an Margadh Aonair le haghaidh táirgí monaraithe, meastar go bhféadfaí OTI a mhéadú idir 183 agus 269 billiún EUR in aghaidh na bliana, agus trí na margaí seirbhísí a chomhtháthú a thuilleadh, d’fhéadfaí OTI a mhéadú EUR 297 billiún in aghaidh na bliana. D’fhéadfadh na méaduithe sin, agus na méaduithe sin amháin, sochair eacnamaíocha an Mhargaidh Aonair a mhéadú ó 8-9 % go tuairim is 12 % den OTI breise. Chun na críche sin, tá an Coimisiún ag cur chun cinn go gníomhach deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana agus le bacainní nach bhfuil údar leo, go háirithe trí obair chomhordaithe agus trí idirphlé leis na Ballstáit i gcomhthéacs an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Oibríonn an Coimisiún freisin chun cosc a chur ar chruthú bacainní nua, mar shampla trí na sásraí fógartha atá ann cheana, agus glacann sé gníomhaíocht forfheidhmiúcháin más gá.
Chun cur le hathléimneacht an Mhargaidh Aonair, ní mór don Eoraip a acmhainneacht a mhéadú chun slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcás éigeandála. Chun a áirithiú go ndéantar tuilleadh faisnéise a chomhroinnt agus go mbíonn comhordú agus dlúthpháirtíocht ann nuair a ghlacann Ballstáit bearta a bhaineann le géarchéimeanna, tá an Coimisiún ag obair ar thogra le haghaidh Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair. Leis an ionstraim seo, bunófar sásra le haghaidh ullmhacht agus gníomhaíocht i gcomhair géarchéimeanna lenar féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar ghanntanais chriticiúla táirgí trí dlús a chur le hinfhaighteacht táirgí (e.g. caighdeáin a shocrú agus a chomhroinnt, measúnú mear comhréireachta) agus comhar maidir leis an soláthar poiblí a threisiú.
3.Claochlú eacnamaíoch atá cothrom agus cuimsitheach a áirithiú
Ní éireoidh leis an gclaochlú eacnamaíoch glas agus digiteach ach amháin má tá sé cothrom agus cuimsitheach. Is dócha go ndáilfear éifeachtaí leasa an digitithe agus an dícharbónaithe go héagothrom. Ós rud é gur minic a chaitheann teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim sciar níos mó dá n-ioncam indiúscartha ar bhia agus ar sheirbhísí riachtanacha, amhail tithíocht, fuinneamh agus iompar, is dócha gur mó an tionchar a bheidh orthu de réir mar a inmheánaítear costas na n-astaíochtaí, rud a mhéadaíonn praghas gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe i gcoibhneas le cinn eile.
Beidh athchóirithe agus infheistíocht mhórscála san athsciliú agus san uas-sciliú ag teastáil chun ath-leithdháileadh an lucht saothair a dhéanamh laistigh d’earnálacha agus idir na hearnálacha sin. Ar an gcaoi chéanna, is dócha go gcruthófar deiseanna nua fostaíochta in ardteicneolaíochtaí leis an gclaochlú digiteach agus is é is dóichí go mbeidh poist eile uathoibrithe go hiomlán nó go páirteach. Le cineálacha nua eagraithe oibre, cruthófar idir dheiseanna agus dhúshláin don lucht ceaptha beartas, go háirithe maidir le rochtain leathan ar chosaint shóisialta agus ar choinníollacha oibre ar ardchaighdeán a áirithiú. Chun athstruchtúrú agus coigeartú a éascú, ba cheart do na Ballstáit cuir chuige ghráinneacha a leanúint agus díriú ar na réigiúin agus ar na hearnálacha aonair lena mbaineann. Is féidir leis an gcur chuige maidir le pacáistí beartais cuimsitheacha agus comhleanúnacha atá leagtha amach sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht (EASE) treoir a thabhairt don phróiseas sin.
Beidh gá le freagairt láidir bheartais ar gach leibhéal chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin shóisialta agus chomhtháthaithe atá romhainn. Ar leibhéal an Aontais, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis, cuirtear creat comhtháite gníomhaíochta ar fáil, lena n-áirítear trí phríomhsprioc uaillmhianacha de chuid an Aontais le haghaidh 2030 i réimsí na fostaíochta, na scileanna agus laghdú na bochtaineachta. Beidh ar na Ballstáit agus ar rialtais réigiúnacha agus áitiúla a gcion féin a dhéanamh freisin, agus páirt á tabhairt do na gníomhaithe ábhartha ar an láthair, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, maidir le ceapadh agus le cur chun feidhme beartas cumasúcháin agus beart tionlacain éifeachtacha. Le buiséad an Aontais, leanfar de thacaíocht a thabhairt chun neamhionannais shóisialta agus réigiúnacha a laghdú, go háirithe tríd an mbeartas comhtháthaithe.
Mar a cuireadh i bhfios go láidir i nDearbhú Porto, ní mór oideachas agus scileanna a bheith ina ndlúthchuid dár ngníomhaíocht pholaitiúil. Beidh ar na córais atá ann cheana iad féin a chur in oiriúint chun tacú leis an aistriú chuig poist nuachruthaithe. Sa Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais, ceaptar fís chomhroinnte chun rochtain ar oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán a fheabhsú agus chun an t-eolas agus na scileanna cearta a thabhairt do shaoránaigh an Aontais chun tairbhe a bhaint as na haistrithe glasa agus digiteacha. Ina theannta sin, moltar sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach sraith tionscnamh chun forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh a chothú ina mbeidh inniúlachtaí digiteacha feabhsaithe ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach.
Leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna, lena n-áirítear an Comhaontú um Scileanna, cuirtear creat cuimsitheach ar fáil maidir le gníomhaíocht a dhéanfar amach anseo agus leagtar amach cuspóirí uaillmhianacha chun an infheistíocht san fhoghlaim aosach a stiúradh ar fud an Aontais. Áirítear ann go háirithe tograí a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint, le micridhintiúir agus le cuntais foghlama aonair. Chun na tionscnaimh a chur chun feidhme agus cuspóirí an Chláir do Scileanna a bhaint amach, beidh infheistíochtaí breise poiblí agus príobháideacha i scileanna de thart ar EUR 48 billiún in aghaidh na bliana ag teastáil ón Aontas. Le NextGenerationEU agus le buiséad an Aontais, cuirtear acmhainní suntasacha ar fáil a chuidíonn le freastal ar na riachtanais sin.
Beidh gá le bearta tionlacain chun an tionchar dáileacháin a bheidh ag an aistriú dúbailte a mhaolú. Ní mór bearta a cheapadh go cúramach chun na dreasachtaí cearta a chur ar fáil agus chun tacú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta. Ar leibhéal an Aontais, tá maoiniú ar fáil le haghaidh beartais tacaíochta ón mbeartas comhtháthaithe, ón Sásra um Aistriú Cóir, ón RRF agus, amach anseo, ón gCiste Aeráide Sóisialta beartaithe a bhaineann le trádáil astaíochtaí a thabhairt isteach maidir le foirgnimh agus le hiompar bóthair. Trí fhorbairt chríochach chothromaithe a áirithiú agus trí dheiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chruthú do chách, agus bearta á nglacadh chun an tionchar diúltach ar na daoine is leochailí a mhaolú, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, agus trí rochtain ar chosaint shóisialta a neartú, leis an gclaochlú eacnamaíoch is féidir aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shocheacnamaíocha atá ann cheana, sláinte a fheabhsú agus comhionannas a chur chun cinn. Beidh gá freisin le bearta chun dálaí oibre leormhaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le pá íosta, chun go mbeidh an dá aistriú cothrom.
4.Leas a bhaint as gníomhaíocht chomhordaithe ar gach leibhéal
Chun athrú chomh hollmhór sin ar gheilleagar na hEorpa a bhainistiú, ní mór creat beartais cumasúcháin a bheith ag tacú leis an nuálaíocht agus a bheith in éineacht leis an athrú. Chun dul i ngleic leis na dúshláin a bheidh ann i ndiaidh na paindéime, beidh gá le táirgí agus seirbhísí nuálacha, chomh maith le samhlacha nua gnó agus fórsa saothair dea-ullmhaithe agus solúbtha.
Na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun an dá aistriú a thabhairt chun críche agus chun athléimneacht a fheabhsú, ní mór iad a bheith déanta ag an earnáil phríobháideach den chuid is mó. Mar sin, is gá lántairbhe a bhaint as na deiseanna gnó a chuireann an Margadh Aonair ar fáil, gnólachtaí a thosú agus a mhéadú, agus leas a bhaint as acmhainneacht Aontas na Margaí Caipitil chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht leithdháileadh na gcistí laistigh den Aontas. Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir le deireadh a chur le bacainní a bhaineann le reachtaíocht an Aontais a thrasuí, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, le nósanna imeachta riaracháin atá fada agus casta, le héiginnteacht rialála, le hilroinnt, le córais chasta chánach agus le timpeallacht ghnó lag. Thairis sin, le beartais thrasearnálacha, amhail cánachas, trádáil, agus beartas iomaíochta, tacaítear le timpeallacht ghnó fhabhrach an Aontais agus cabhraítear le hinfheistíocht a mhealladh.
Tá Aontas na Margaí Caipitil agus Aontas Baincéireachta atá láidir agus éifeachtúil ag teastáil chun an sreabhadh airgid phríobháidigh is gá a shlógadh chun tacú leis an aistriú. Ní féidir scála na n-infheistíochtaí is gá le haghaidh an téarnaimh agus an dá aistriú a chur ar fáil ach amháin le hearnáil baincéireachta atá láidir agus iomaíoch agus le margaí caipitil doimhne comhtháite a fheidhmíonn go maith. Tacaíonn siad leis an dá aistriú trí gnólachtaí, lena n-áirítear FBManna, a dhéanamh níos infheicthe d’infheisteoirí, trí thacú le rochtain ar mhargaí poiblí agus trí níos mó maoinithe cothromais agus fhadtéarmaigh a spreagadh, agus trí InvestEU freisin. Rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí i gcoitinne agus do FBManna go háirithe, is féidir í sin a fheabhsú tríd an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus trí mhargaí caipitil a fhorbairt chun foinsí maoinithe a éagsúlú, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar sheirbhísí airgeadais a sholáthraítear thar theorainneacha. Chun tairbhe a bhaint as margaí caipitil comhtháite, tá sé tábhachtach Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích trí na bearta a chuir an Coimisiún chun cinn anuraidh agus na tograí atá le teacht i mbliana a ghlacadh agus a chur chun feidhme go pras. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a chur chun cinn chun rómhaorlathas a laghdú do chuideachtaí ar mian leo cistí a thiomsú ar mhargaí poiblí an Aontais agus chun gnéithe áirithe de chreataí agus de nósanna imeachta dócmhainneachta a chomhchuibhiú.
Leis an gcreat airgeadais inbhuanaithe, méadófar infheistíochtaí príobháideacha i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe, i ngnólachtaí agus i dtionscadail. Liostaítear sa straitéis nua maidir le hairgeadas inbhuanaithe sraith beart chun a áirithiú go dtacaíonn an córas airgeadais go hiomlán leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta. Braitheann sé go mór ar Thacsanomaíocht an Aontais, lena gcuirtear critéir ar fáil do chuideachtaí, d’infheisteoirí agus don lucht ceaptha beartas maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann go mór le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí aistrithe. Cuimsíonn sé freisin bearta chun trédhearcacht infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn, infheisteoirí miondíola agus FBManna a chumhachtú, agus rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú níos fearr sa chóras airgeadais. Ina theannta sin, agus mar thoradh ar a athbhreithniú ar an straitéis, tháinig an Banc Ceannais Eorpach ar chomhaontú maidir le treochlár uaillmhianach maidir le conas breithnithe i leith an athraithe aeráide a chomhtháthú ina chuid oibre. Thairis sin, chun tionscadail inbhuanaithe a mhaoiniú faoi RRF, tá bannaí glasa á n-eisiúint ag an gCoimisiún faoi NextGenerationEU, agus ar an gcaoi sin neartaítear an margadh do mhaoiniú inbhuanaithe a thuilleadh.
Cé go dtiocfaidh an sciar is mó de na hinfheistíochtaí ó chistí príobháideacha, d’fhéadfadh gá a bheith le hidirghabháil phoiblí i gcásanna áirithe chun na dreasachtaí cearta a chruthú agus chun bacainní ar nuálaíocht a bhaint. Tá praghsáil charbóin trí Chóras an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) agus cánachas comhshaoil bunriachtanach chun na comharthaí praghais cearta a sheoladh chuig teaghlaigh agus gnólachtaí. Le gníomh rialála is féidir freisin cothrom na Féinne a chruthú (e.g. an togra le haghaidh Rialachán maidir le Cadhnraí). Le caighdeáin is féidir trédhearcacht a chothú agus rioscaí margaidh a laghdú agus, ag an am céanna, cosnaíonn an beartas maoine intleachtúla an nuálaíocht agus tacaíonn sé leis an infheistíocht.
Is féidir le hinfheistíocht phoiblí infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Féadfaidh sí é sin a dhéanamh, go háirithe, trí fheabhas a chur ar an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú agus ar chaipiteal riosca, trí infheistíochtaí príobháideacha a threorú agus a phlódú, tríd an riosca a bhaineann le tionscadail nuálacha a laghdú, trí theipeanna margaidh a shárú, agus trí naisc níos dlúithe a chothú idir institiúidí taighde agus gnólachtaí. Mar shampla, i gcás táirgeadh micreaphróiseálaithe, tá bacainní móra iontrála agus costais sheasta shuntasacha ann. D’fhéadfadh sé sin údar maith a thabhairt le leas a bhaint as tacaíocht phoiblí i réimsí ríthábhachtacha, faoi réir cosaintí láidre. Mar sin féin, ní mór tacaíocht phoiblí a dhíriú go maith ar thionscadail a bhfuil breisluach soiléir ag baint leo chun nach ndéanfar infheistíocht phríobháideach a phlódú agus chun airgeadas poiblí fónta a chaomhnú.
Tá ról lárnach ag beartas iomaíochta an Aontais maidir leis sin, chomh maith le cothrom na Féinne a chothú agus tacú le cuideachtaí a bheith nuálaíoch agus fás a dhéanamh. Má chaomhnaítear iomaíocht, cuirtear le hathléimneacht agus le hiomaíochas ár gcuideachtaí ar na margaí domhanda. Le linn na paindéime, chuir an Creat Sealadach maidir le Státchabhair an tsolúbthacht riachtanach ar fáil do na Ballstáit chun tacú leis an ngeilleagar le linn na tréimhse dúshlánaí sin. Is é is aidhm do na treoirlínte nua maidir le státchabhair i réimse na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil tacú leis na Ballstáit cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Thairis sin, tá an Coimisiún ag tabhairt faoi athbhreithniú gan fasach ar rialacha iomaíochta chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, thug sí treoirlínte cothrom le dáta maidir le maoiniú poiblí le haghaidh Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas Coiteann na hEorpa (IPCEIanna). Chun nuálaíocht agus dul i riosca a spreagadh, soiléiríodh sna Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Maoiniú Riosca na rialacha faoinar féidir leis na Ballstáit tacú le rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna agus do ghnólachtaí ag a bhfuil leibhéal caipitlithe meánach.
Is gá infheistíocht phoiblí a bheith fite fuaite leis an ngá le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chosaint. Tá an méid sin ábhartha go háirithe i bhfianaise an ghá atá le hinbhuanaitheacht fiachais a áirithiú trí choigeartú fioscach agus trí fhás eacnamaíoch ar ardcháilíocht de réir a chéile. Ba cheart cur chun cinn na hinfheistíochta agus na n-athchóirithe a bheith ina chuid lárnach de straitéis fhioscach mheántéarmach inchreidte, lena n-áirithítear inbhuanaitheacht fhioscach. Sa chomhthéacs sin, beidh sé tábhachtach comhleanúnachas a chothú idir beartais fhioscacha, beartais infheistíochta agus beartais athchóirithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Pléitear na saincheisteanna sin mar chuid den athbhreithniú leanúnach ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa.
Is príomhchuspóir bheartas trádála an Aontais freisin é tacaíocht a thabhairt do théarnamh agus do chlaochlú eacnamaíoch gheilleagar an Aontais i gcomhréir leis an dá aistriú. Chomh maith le rochtain ar mhargaí a oscailt, ní mór don bheartas trádála cuideachtaí agus saoránaigh an Aontais a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála, lena n-áirítear le hionstraimí cosanta trádála agus ionstraimí nuálacha eile amhail an ionstraim frith-chomhéigin.
Tá éifeacht chomharthaíochta thábhachtach ag infheistíochtaí an Aontais Eorpaigh. Is fiú EUR 2.018 trilliún buiséad an Aontais agus an ionstraim téarnaimh shealadach NextGenerationEU, arb é an RRF an chuid is tábhachtaí di, agus tá neart ann chun tacú le fás fadtéarmach. Tríd an bplé a rinneadh maidir leis na Pleananna náisiúnta, bhí ról lárnach ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le tosaíochtaí an Aontais agus náisiúnta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochta a ailíniú bunaithe ar shraith comhspriocanna. Le NextGenerationEU cuideofar le tionchair na paindéime a mhaolú agus ag an am céanna tacófar le claochlú an gheilleagair agus leis an dá aistriú. Ag an am céanna, leis an iasachtaíocht le haghaidh NextGenerationEU cuirtear le ról idirnáisiúnta an euro agus neartaítear margaí caipitil an Aontais.
Cuireann an RRF dreasachtaí ar fáil le haghaidh athchóirithe agus tacaíocht do chistiú phríomhréimsí tosaíochta na n-aistrithe glasa agus digiteacha go dtí 2026. Le Rialachán RRF, ceanglaítear ar gach Ballstát ar a laghad 37 % dá phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur i leataobh don leithdháileadh iomlán ar chuspóirí aeráide agus 20 % ar chuspóirí an digitithe. Chomh maith leis na hinfheistíochtaí glasa agus digiteacha, tá tacaíocht ríthábhachtach á cur ar fáil ag an RRF do bheartais shóisialta, chun fás cuimsitheach, comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus chun tacú le sláinte agus le beartais don chéad ghlúin eile. Léiríonn an léaráid thíos an leithdháileadh ar gach ceann de shé cholún an RRF. Is gné uathúil de dhearadh an RRF é tiomantas na mBallstát d’athchóirithe agus is ionann na hathchóirithe agus an tríú cuid, nach mór, de na bearta a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát. Tá siad ríthábhachtach chun na creatdálaí cearta a chruthú chun infheistíochtaí a chumasú agus chun tionchair níos tapúla agus níos mó a ghiniúint, lena n-áirítear éifeachtaí fáis trasteorann. Faoi láthair, tá méideanna móra d’iasachtaí RRF fós ar fáil, rud a d’fhéadfadh tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint astu.
Graf 3: Sciar na gcistí Téarnaimh agus Athléimneachta a rannchuidíonn le gach colún beartais
Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin. Tagraíonn na méideanna do Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta 22 a glacadh in 2021.
Eochair eolais: Is ionann na codanna níos dorcha de na colúin agus na bearta sin a bhfuil clib curtha orthu agus a sannadh don cholún mar phríomhréimse beartais, agus is bearta iad a bhfuil dath níos éadroime orthu na cinn ar cuireadh clib orthu mar réimse beartais tánaisteach.
Le buiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh 2021-2027 agus le hionstraimí eile, tugtar tacaíocht shuntasach don aistriú. Mar a léirítear sa Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, tá sé mar aidhm ag an Aontas leas a bhaint as EUR 1 trilliún ar a laghad sna deich mbliana atá romhainn chun tacú le hinfheistíochtaí inbhuanaithe trí bhuiséad an Aontais agus trí ionstraimí gaolmhara. Cuirtear san áireamh sa mhéid sin an cistiú poiblí agus príobháideach a fhaightear trí ráthaíocht bhuiséadach an Aontais faoin gClár InvestEU a úsáid. Caithfear 30 % de bhuiséad 2021-2027 ar an aistriú glas, ní hamháin mar shampla tríd an mBeartas Comhtháthaithe agus tríd an gComhbheartas Talmhaíochta, ach trí chláir shonracha freisin amhail clár LIFE, an Sásra um Aistriú Cóir agus na cistí nuálaíochta agus nuachóirithe. Tacaíonn clár InvestEU le hinfheistíochtaí i mbonneagair dhigiteacha, i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i scileanna digiteacha, go háirithe trína ionú ar Thaighde, Nuálaíocht agus Digitiú. Chomh maith leis sin, tacófar leis an aistriú digiteach le cistí éagsúla de chuid an Aontais, go háirithe tríd an mBeartas Comhtháthaithe, Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
5.Conclúidí
Leis na dúshláin dhomhanda atá os comhair na hEorpa, tugtar deis dúinn ár ndiongbháilteacht agus ár dtiomantas don athrú eacnamaíoch a athnuachan agus an comhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta a threisiú. Tá geilleagar an Aontais á athrú ó bhonn i gcomhthéacs éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus dúshláin dhomhanda atá ag dul i méid, amhail paindéim COVID-19, ionradh na hÚcráine, an ghéarchéim aeráide, agus an borradh atá tagtha faoi phraghsanna fuinnimh. Léiríonn na forbairtí sin nach mór dúinn ár dtiomantas don aistriú glas agus digiteach a threisiú ar bhealach cuimsitheach, agus ár n-athléimneacht agus ár n-ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a mhéadú. Beidh ról lárnach ag an Margadh Aonair, arb é phríomhacmhainn athléimneachta an Aontais, maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach agus le haon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann a sheasamh.
Tá comhdhearcadh láidir ann maidir leis an méid is mian linn a bhaint amach. Chuige sin, beidh gá le hinfheistíocht agus le hathchóirithe sna Ballstáit uile. Chun na torthaí atá beartaithe a ghiniúint, i dtéarmaí airgeadais agus i dtéarmaí spriocanna sochaíocha níos leithne, ba cheart athchóirithe uaillmhianacha a bheith ag gabháil le hinfheistíocht, nach mór a mhéadú go suntasach. Tá an tábhacht chéanna ag baint le hinfheistíocht agus le hathchóirithe araon agus ní mór iad a ailíniú go hiomlán agus iad a chomhordú go láidir ar leibhéal an Aontais chun go mbeidh siad ag treisiú a chéile, chun nach mbeidh éagsúlacht ann ar fud na mBallstát agus chun an Margadh Aonair a neartú.
Ba cheart d’údaráis phoiblí ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais díriú ar thimpeallacht ghnó atá fabhrach don infheistíocht a chruthú, ar fheabhas a chur ar infheistíocht phríobháideach le tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus ar infheistíocht phoiblí a chur chun cinn, agus airgeadas poiblí fónta á chaomhnú ag an am céanna. Ós rud é go mbeidh an sciar is mó den infheistíocht san earnáil phríobháideach, tá sé tábhachtach go mbeidh na dálaí i bhfeidhm chun maoiniú príobháideach a dhíriú go héifeachtach i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann le dícharbónú, digitiú agus athléimneacht ár ngeilleagar. Cuireann infheistíocht phoiblí agus athchóirithe go dearfach le hinbhuanaitheacht fiachais sa mhéid go bhfuil siad ar ardchaighdeán agus go dtacaíonn siad leis an bhfás. Le straitéisí rathúla maidir le laghdú fiachais, ba cheart díriú ar chomhdhlúthú fioscach, ar cháilíocht agus ar chomhdhéanamh an airgeadais phoiblí agus ar chur chun cinn an fháis. Leis an athbhreithniú leanúnach ar chreat rialachais eacnamaíoch na hEorpa, tugtar deis éifeachtacht rialacha fioscacha an Aontais a fheabhsú agus a áirithiú go bhfuil ról iomchuí acu maidir le beartais infheistíochta agus athchóirithe na mBallstát a dhreasú, i gcomhréir lenár dtosaíochtaí coiteanna, agus airgeadas poiblí fónta á chosaint ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, beidh sé tábhachtach comhleanúnachas a áirithiú idir faireachas fioscach agus comhordú beartais eacnamaíoch agus chun beartais infheistíochta agus athchóirithe a ailíniú sna Ballstáit chomh maith le cuspóirí náisiúnta agus cuspóirí an Aontais a ailíniú.
Chun rathúnas agus folláine a chuid saoránach a chosaint, ní mór don Aontas aistriú cothrom agus cuimsitheach a bhaint amach i dtreo todhchaí níos glaise agus níos digití, agus athléimneacht shocheacnamaíoch á neartú i ndomhan míshocair. Beidh tionchar níos mó ag gníomhaíocht chomhordaithe agus chomhlántach, lena n-áirítear idir beartais náisiúnta fhioscacha agus buiséad an Aontais, agus cothófar leo infheistíochtaí i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus a bhfuil gné láidir thrasteorann ag baint leo, agus ar an mbealach sin cuirfear ar fáil breisluach Eorpach. Ní fhéadfar na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach againn a bhaint amach ach amháin trí iarracht leanúnach a dhéanamh ina mbeidh na gníomhaithe uile rannpháirteach ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chun ár gcomhspriocanna a bhaint amach, tá gá le fís fhadtéarmach agus cur chuige comhordaithe trínar gá machnamh cuimsitheach a dhéanamh chun tosaíochtaí nithiúla a shainaithint, ar comhthosaíochtaí iad ag an Aontas agus ag na Ballstáit agus ar an leibhéal domhanda. Ní mór d’údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit oibriú le chéile ar bhealach comhsheasmhach le gníomhaithe sa tionscal príobháideach ar fud na n-earnálacha uile chun inbhuanaitheacht iomaíoch a neartú.