An Bhruiséil,1.3.2022

COM(2022) 75 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta


Clár ábhar

1.    Réamhrá    

2.    Cá seasaimid maidir le cur chun feidhme na Saoráide?    

2.1.    Staid na himeartha maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme    

Tábla 1: Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme RRF    

Figiúr 1: Céimeanna tábhachtacha maidir le measúnú agus réamhmhaoiniú    

Tábla 2: Iarratais ar íocaíocht a phróiseáil    

2.2.    Staid na himeartha maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme    

3.    Cad atá sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfírinne?    

3.1.    RRPanna a cuireadh isteach – forléargas tosaigh    

Figiúr 2: Amlíne mheasta chun garspriocanna agus spriocanna a chur i gcrích    

Figiúr 3: An sciar de chistí RRF atá ag rannchuidiú le gach colún beartais    

3.2.    Rannchuidiú na Saoráide leis an aistriú glas (colún 1)    

Figiúr 4: Clibeanna comhshaoil agus clibeanna breise comhshaoil de réir Ballstáit    

Figiúr 5: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an aistriú glas (colún 1)    

3.3.    Rannchuidiú na Saoráide leis an gclaochlú digiteach (colún 2)    

Figiúr 6: Rannchuidiú le cuspóirí aeráide mar sciar de RRP    

Figiúr 7: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an gclaochlú digiteach (colún 2)    

3.4.    Rannchuidiú na Saoráide le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (colún 3)    

Fíor 8: Miondealú an chaiteachais lena dtacaítear le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (colún 3)    

3.5.    Rannchuidiú na Saoráide le comhtháthú sóisialta agus críochach (colún 4)    

Fíor 9: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le comhtháthú sóisialta agus críochach de réir réimse beartais (colún 4)    

3.6.    Rannchuidiú na Saoráide leis an tsláinte, agus le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, d’fhonn, inter alia, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus cumas freagartha i gcomhair géarchéimeanna a mhéadú (colún 5)    

Fíor 10: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)    

Fíor 11: Líon na mbeart a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)    

3.7.    Rannchuidiú na Saoráide le beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail oideachas agus scileanna (colún 6)    

Figiúr 12: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le beartais don chéad ghlúin eile de réir réimse beartais (colún 6)    

3.8.    Féinmheasúnuithe slándála    

4.    Creat cur chun feidhme RRF    

4.1.    Rannchuidiú RRF le hathchóirithe agus le beartais eile an Aontais a chur chun feidhme    

Figiúr 13: Líon na nathchóirithe in aghaidh an cholúin    

Figiúr 14: Athchóirithe/Infheistíochtaí in aghaidh an Bhallstáit    

Figiúr 15: Scaireanna na moltaí tírshonracha arna gcumhdach ag na RRPanna, de réir réimsí beartais (mar atá sainithe in CeSaR)    

Figiúr 16: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST, tíortha an Aontais    

Figiúr 17: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST    

4.2.    Rannchuidiú RRF le tionscadail ilnáisiúnta    

Tábla 3: Tionscadail ghlasa ilnáisiúnta sna RRPanna a glacadh    

Tábla 4: Tionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta    

4.3.    Cur chun feidhme RRF agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile    

4.4.    Córas rialúcháin agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais    

4.5.    Comhlántacht le maoiniú eile ón Aontas    

5.    Conclúid    



Táblaí agus Figiúirí

Tábla 1: Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme RRF    6

Figiúr 1: Céimeanna tábhachtacha maidir le measúnú agus réamhmhaoiniú    7

Tábla 2: Iarratais ar íocaíocht a phróiseáil    8

Figiúr 2: Amlíne mheasta chun garspriocanna agus spriocanna a chur i gcrích    12

Figiúr 3: An sciar de chistí RRF atá ag rannchuidiú le gach colún beartais    13

Figiúr 4: Clibeanna comhshaoil agus clibeanna breise comhshaoil de réir Ballstáit    14

Figiúr 5: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an aistriú glas (colún 1)    15

Figiúr 6: Rannchuidiú le cuspóirí aeráide mar sciar de RRP    22

Figiúr 7: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an gclaochlú digiteach (colún 2)    23

Fíor 8: Miondealú an chaiteachais lena dtacaítear le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (colún 3)    29

Fíor 9: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le comhtháthú sóisialta agus críochach de réir réimse beartais (colún 4)    33

Fíor 10: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)        37

Fíor 11: Líon na mbeart a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)    38

Figiúr 12: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le beartais don chéad ghlúin eile de réir réimse beartais (colún 6)    45

Figiúr 13: Líon na nathchóirithe in aghaidh an cholúin    49

Figiúr 14: Athchóirithe/Infheistíochtaí in aghaidh an Bhallstáit    50

Figiúr 15: Scaireanna na moltaí tírshonracha arna gcumhdach ag na RRPanna, de réir réimsí beartais (mar atá sainithe in CeSaR)    50

Figiúr 16: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST, tíortha an Aontais    51

Figiúr 17: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST    52

Tábla 3: Tionscadail ghlasa ilnáisiúnta sna RRPanna a glacadh    55

Tábla 4: Tionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta    56



1.Réamhrá

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 an 19 Feabhra 2021, an mhír lárnach de ‘Next Generation EU’, agus is é freagairt an Aontais Eorpaigh chun teacht as paindéim an choróinvíris agus a bheith níos láidre ná riamh. Bliain ina dhiaidh sin, is é cuspóir na tuarascála seo machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir oibre athchóirithe agus infheistíochtaí eisceachtúil seo. In aon bhliain amháin, tá céimeanna móra curtha i gcrích agus tá an cur chun feidhme faoi lánseol.

Tar éis dóibh ullmhú dian a dhéanamh i ngeall ar scála agus raon feidhme nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, thosaigh na Ballstáit ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach i mí Aibreáin 2021. Rinne an Coimisiún céim an mheasúnaithe go caoithiúil agus ghlac an Chomhairle na chéad chinntí cur chun feidhme ón gComhairle i mí Iúil 2021. Go dtí seo, tá beagnach gach Ballstát tar éis a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach, a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar 22 acu ar dtús agus a ghlac an Chomhairle iad ina dhiaidh sin. Chuir an Coimisiún tús freisin leis an bplé leis na Ballstáit chun teacht ar chomhaontú maidir le socruithe oibríochtúla lena leagtar síos an creat chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna. Bhailigh an Coimisiún cistí ar na margaí caipitil agus d’eisigh sé a chéad bhannaí glasa, lenar eisíocadh EUR 66.6 billiún go dtí seo, agus as sin tá EUR 56.6 billiún de réamh‑mhaoiniú, a thacaíonn leis na Ballstáit agus leis an Aontas tráth a bhfuil tionchar leanúnach ag paindéim an choróinvíris ar a ngeilleagair.

Tá an tSaoráid ag céim an chur chun feidhme, agus tá dul chun cinn tapa déanta aici de réir amlíne na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí atá leagtha amach ag na Ballstáit. Rinneadh próiseáil iomlán ar an gcéad iarratas ar íocaíocht in 2021, agus eisíocadh EUR 10 billiún leis an Spáinn i mí na Nollag 2021, agus tá coinne leis go gcuirfear níos mó ná 30 iarratas ar íocaíocht isteach in 2022. Tá féilire na n‑íocaíochtaí i gcomhréir leis an gcéim cur chun feidhme den tSaoráid a bhfuil coinne léi. D’oibrigh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile chun an toradh sin a bhaint amach. Is féidir an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bpleananna a leanúint beo ar ardán, an ‘Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta’, a bhunaigh an Coimisiún i mí na Nollag 2021.

Is í an tuarascáil seo an chéad cheann de shraith tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme na Saoráide 1 . Tugtar forléargas inti ar staid reatha a cur chun feidhme agus ar na pleananna a glacadh, agus sonraítear inti an méid a rannchuidíonn an tSaoráid leis na spriocanna aeráide agus digiteacha faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 31 den Rialachán. Ag an bpointe seo, ós rud é go bhfuil an tSaoráid fós i gcéim luath a cur chun feidhme, tugtar tuairisc sa tuarascáil seo ar ranníocaíocht mheasta na Saoráide leis na sé cholún de réir na mbearta a bhí beartaithe sna pleananna, ar pleananna iad a gcuirfear chun feidhme de réir a chéile thar shaolré na Saoráide. Déantar feidhmíocht na Saoráide a mheas sa tuarascáil ansin, agus an tiomantas d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe atá leabaithe san ionstraim uathúil seo á gcur san áireamh, agus pléitear rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha go léir. Déantar cur síos inti freisin ar na sásraí atá i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ar an nasc idir an tSaoráid agus foinsí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais chun maoiniú dúbailte a sheachaint. An fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa tuarascáil seo, tá sí bunaithe ar ábhar na bpleananna arna nglacadh, faoi mar a rinne an Coimisiún measúnú orthu, ar na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit go dtí deireadh mhí na Samhna 2021 mar chuid dá noibleagáid tuairiscithe leathbhliantúil, agus ar fhorbairtí i gcur chun feidhme na Saoráide go dtí deireadh mhí Eanáir 2022. Ní chumhdaíonn an tuarascáil seo go fairsing stádas chur chun feidhme na bpleananna aonair, ná na comhtháscairí, ós rud é go bhfuil cur chun feidhme na Saoráide fós ina thús. Na samplaí a thugtar, go háirithe na boscaí i roinn 3, cuirtear isteach iad mar léiriú ach níl siad ceaptha a bheith uileghabhálach.



2.Cá seasaimid maidir le cur chun feidhme na Saoráide?

2.1.Staid na himeartha maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme 2

Glacadh na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta

Chuir formhór na mBallstát a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta isteach faoi shamhradh 2021. Chun tacú leis na Ballstáit agus a bpleananna á nullmhú acu, bhunaigh an Coimisiún teagmhálacha neamhfhoirmiúla leis na Ballstáit ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 agus d’fhoilsigh sé Treoir 3 i mí Eanáir 2021 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sna pleananna. Chun rochtain a fháil ar thacaíocht airgeadais faoin tSaoráid, bhí ar na Ballstáit RRPanna a ullmhú ina leagtar amach clár oibre náisiúnta athchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur chun feidhme faoin 31 Lúnasa 2026. Tháinig an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 4 i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Go dtí seo, tá 26 RRP faighte go hoifigiúil ag an gCoimisiún (féach Tábla 1 agus Iarscríbhinn 1).

Rinne an Coimisiún measúnú ar gach plean go caoithiúil ar bhealach comhsheasmhach, trédhearcach, de réir na 11 chritéar a leagtar amach in Airteagal 19(3) de Rialachán RRF 5 . Le linn an phróisis measúnaithe, bhí an Coimisiún i ndlúththeagmháil leis na Ballstáit chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh. Thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit pleananna uaillmhianacha a chur chun cinn ina mbeadh garspriocanna soiléire agus réalaíocha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta acu le linn an chur chun feidhme.

Thug an Coimisiún a mheasúnú dearfach ar 22 RRP i gcrích agus chuir sé tograí i láthair le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le gach ceann acu, mar aon le Doiciméad Inmheánach Oibre lena ndéantar anailís ar ábhar an phlean faoi seach. Tá na Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus doiciméid inmheánacha oibre de chuid an Choimisiúin le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin 6 . Tá measúnú an Choimisiúin fós ar siúl maidir le ceithre phlean, i gcomhar leis na Ballstáit faoi seach (an Bhulgáir, an Ungáir, an Pholainn agus an tSualainn), dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán RRF.

Tríd is tríd, ba phróiseas mear rianúil a bhain le glacadh na 22 Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Tar éis don Choimisiún dianphlé a dhéanamh leis na Ballstáit le linn chéim ullmhúcháin na bpleananna, lean an Coimisiún ar aghaidh go pras lena mheasúnú. I gcás fhormhór na bpleananna, ghlac an Coimisiún a mheasúnú dearfach laistigh de thréimhse níos lú ná an tréimhse measúnaithe 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) den Rialachán tar éis do na Ballstáit na pleananna a chur isteach go hoifigiúil (féach Tábla 1). Ansin, bhí an Chomhairle in ann an measúnú dearfach ar fhormhór na RRPanna a fhormheas laistigh de mhí (féach Tábla 1). Tar éis na pleananna a ghlacadh, thug an Coimisiún comhaontú maoiniúcháin i gcrích – agus i gcás inarb ábhartha, comhaontú iasachta – leis an mBallstát lena mbaineann, ina sainítear cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe, lena n‑áirítear maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na ceanglais ar chóras rialaithe na mBallstát, chomh maith le gealltanas faoin méid den ranníocaíocht airgeadais a bheidh ar fáil.

Tábla 1: Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme RRF

BE

CY

DE

DK

EL

ES

FR

IT

LU

LT

LV

PT

SI

CZ

HR

AT

IE

SK

MT

RO

FI

EE

PL

HU

SE

BG

NL

26 phlean curtha faoi bhráid an Choimisiúin

22 phlean formheasta ag an gCoimisiúin

22 CID glactha ag an gComhairle

21 réamhmhaoiniú eisíoctha 
(EUR 56.6 bn)

* 7

5 iarratas ar íocaíocht curtha faoi bhráid an Choimisiúin

Aon íocaíocht amháin déanta ag an gCoimisiún

10 bn

Réamh‑mhaoiniú

Lean an Coimisiún ar aghaidh le híocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin suas le 13 % den ranníocaíocht airgeadais agus den iasacht do 21 Bhallstát a d’iarr sin, tar éis dó an comhaontú maoiniúcháin, agus an comhaontú iasachta a shíniú nuair ab ábhartha. I gcomhréir le hAirteagal 13(1), ní bhaineann an íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin ach leis na Ballstáit sin a d’fhormhuinigh an Chomhairle a gcuid RRPanna in 2021.

Ar an iomlán, d’eisíoc an Coimisiún EUR 56.6 billiún i réamh‑mhaoiniú.. Rinneadh na híocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin laistigh de 6 lá gnó tar éis shíniú na gComhaontuithe Maoiniúcháin (agus/nó na gComhaontuithe Iasachta (i gcás inarb ábhartha), i bhfad roimh an tréimhse 2 mhí a luaitear sa Rialachán RRF (féach Tábla 1). Ós rud é gur ionstraim feidhmíochtbhunaithe í an RRF, beidh aon eisíocaíocht ina dhiaidh sin ag brath ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha is bonn leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar síos tráth an iarratais ar íocaíocht.

Socruithe oibríochtúla

Mar a cheanglaítear faoi Rialachán RRF, ina dhiaidh sin, phléigh an Coimisiún le gach ceann de na 22 Bhallstát lena mbaineann, na socruithe oibríochtúla ina ndéantar sonrú breise ar na módúlachtaí le haghaidh faireacháin agus comhair agus ina gcumhdaítear gnéithe riachtanacha den chur chun feidhme. Foráiltear leis na socruithe oibríochtúla i dtaca le malartuithe rialta idir an Coimisiún agus na Ballstáit, malartuithe ráithiúla ar a laghad chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme RRP a mheas, mar aon le himeacht bliantúil a eagrú chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme RRP agus chláir eile de chuid an Aontais, imeacht a d’fhéadfadh a bheith ina ardán cothrománach chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna agus chun dlúthchomhar a áirithiú idir na gníomhaithe uile lena mbaineann. Déantar soiléiriú freisin sna socruithe oibríochtúla ar an sásra fíorúcháin i dtaca le gach garsprioc agus sprioc, agus nuair is gá, tugtar isteach céimeanna faireacháin chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean. Go dtí seo, tugadh ocht socrú oibríochtúla chun críche (an Spáinn, an Fhrainc, an tSlóvaic, an Ghréig, an Iodáil, an Phortaingéil, an Chróit, Laitvia; féach Iarscríbhinn 1). Is céim thábhachtach í síniú na socruithe oibríochtúla, toisc go bhfuil sé de cheangal sula bhféadfaidh an Ballstát a chéad iarratas ar íocaíocht a chur isteach.

Figiúr 1: Céimeanna tábhachtacha maidir le measúnú agus réamh‑mhaoiniú

An próiseas eisíocaíochta

A luaithe a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha uile comhlíonta ag Ballstát chun eisíocaíocht a scaoileadh, mar a shonraítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gComhairle, agus nuair a chuirfidh sé iarratas ar íocaíocht isteach a bhfuil údar cuí léi, beidh 2 mhí ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha agus ar an bhfaisnéis atá mar bhonn agus mar thaca lena mbaint amach ag an mBallstát faoi seach. Chun an measúnú sin a chur i gcrích, cuireann an Coimisiún a réamhmheasúnú dearfach ar fáil don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Laistigh de cheithre seachtaine, ba cheart don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a thabhairt ar na torthaí sin, agus ina dhiaidh sin glacfar cinneadh cur chun feidhme an Choimisiúin, lena núdaraítear an eisíocaíocht, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a bhfuil tuairisc air sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Coiste. Chun na críche sin, bunaíodh Coiste RRF, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 35 de Rialachán RRF, chun plé a dhéanamh ar dhréachtchinntí cur chun feidhme an Choimisiúin maidir leis na hiarratais ar íocaíocht ó na Ballstáit 8 . Tá Coiste RRF comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile. Ag deireadh an nós imeachta coiste, glacann an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún agus tuairimí na bhFeisirí á gcur san áireamh aige.

Iarratais ar íocaíocht

Go dtí seo, tá cúig iarratas ar íocaíocht faighte ag an gCoimisiún. Tugtar léiriú ar staid na himeartha sa tábla thíos.

Tábla 2: Iarratais ar íocaíocht a phróiseáil

Iarratas ar íocaíocht

dáta

Líon na ngarspriocanna agus na spriocanna (G&S)

Glanmhéid an réamhmhaoiniúcháin 9

Stádas

an Spáinn

11/11/21

52 G&S

EUR 10 billiún

·Réamhmheasúnú dearfach an Choimisiúin: 03/12/2021

·Tuairim dhearfach EFC: 21/12/2021

·Tuairim dhearfach Choiste RRF: 22/12/2021

·Eisíocaíocht an Choimisiúin: 27/12/2021

an Fhrainc

26/11/2021

38 G&S

EUR 7.4 billiún

·Réamhmheasúnú dearfach an Choimisiúin: 26/01/2022

·Tuairim dhearfach EFC: 11/02/2022

·Tuairim dhearfach Choiste RRF: 21/02/2022

an Ghréig

29/12/2021

15 G&S

EUR 3.6 billiún

· Réamhmheasúnú dearfach an Choimisiúin: 28/02/2022

an Iodáil

30/12/2021

51 G&S

EUR 21 billiún

·Réamhmheasúnú dearfach an Choimisiúin: 28/02/2022

an Phortaingéil

25/01/2022

38 G&S

EUR 1.16 billiún

Measúnú leanúnach an Choimisiúin

Go dtí seo, tá an Coimisiún tar éis an chéad íocaíocht a eisíocadh leis an Spáinn. Ba í an Spáinn an chéad Bhallstát a chuir iarratas ar íocaíocht isteach an 11 Samhain 2021, tar éis shíniú na socruithe oibríochtúla. Baineann an chéad iarratas ar íocaíocht ón Spáinn le comhlíonadh sásúil 52 gharsprioc, a bhaineann go príomha le hathchóirithe a cuireadh chun feidhme cheana faoin dara ráithe de 2021. I bhfianaise go bhfuil formhór na ngarspriocanna ag breathnú siar agus ós rud é gur roinn an Spáinn leis an gCoimisiún an chuid is mó den fhaisnéis a raibh gá léi chun a mheasúnú a dhéanamh sular cuireadh an tiarratas ar íocaíocht isteach go hoifigiúil, bhí an Coimisiún in ann an measúnú ar an iarratas ar íocaíocht a phróiseáil go gasta 10 agus d’eisíoc sé EUR 10 billiún den ranníocaíocht airgeadais (glan ó réamhmhaoiniú) chuig an Spáinn an 27 Nollaig 2021.

Agus comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna is bonn taca do na bearta RRP á n‑aithint, léirítear cheana leis an gcéad íocaíocht leis an Spáinn an dul chun cinn atá déanta maidir leis an RRF a chur chun feidhme. Léiríonn na garspriocanna a áirítear san íocaíocht, céimeanna suntasacha i gcur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne, agus i gcur chun feidhme chlár oibre leathan na Spáinne maidir le hathchóiriú. Áirítear orthu sin bearta tábhachtacha amhail an Dlí maidir leis an Athrú Aeráide agus an Aistriú Fuinnimh (aeráidneodracht a neartú faoi 2050), athchóiriú ar thacaíocht ioncaim íosta, bearta chun tacú le digitiú FBManna agus scileanna digiteacha a threisiú, agus athchóirithe lena neartaítear an cumas chun athbhreithnithe ar chaiteachas a dhéanamh agus chun obair leantach a dhéanamh ina leith. Léirítear sa sampla seo an chaoi a bhfuil tionchair fhollasacha ag an tSaoráid cheana féin ar an láthair, agus mar a thacaíonn sí le hathchóirithe suntasacha a chur chun feidhme.

An creat le haghaidh Ballstáit atá ag tuairisciú ar chur chun feidhme RRPanna

Tá RRF ag céim an chur chun feidhme faoi láthair agus tá tús curtha ag na Ballstáit le tuairisciú ar chur chun feidhme a gcuid RRPanna. Tháinig na Gníomhartha Tarmligthe i bhfeidhm an 2 Nollaig 2021 lena bhforlíontar cuid de cheanglais tuairiscithe na mBallstát. Leagtar amach sa chéad ghníomh tarmligthe (AE) 2021/2106 11 comhtháscairí tuairiscithe agus sonraí an Scórchláir Téarnaimh agus Athléimneachta. Sonraítear ann go dtabharfaidh na Ballstáit tuairisc faoi mhí Aibreáin agus faoi lár mhí Dheireadh Fómhair gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur i gcrích. Is éard atá sa tuairisciú leathbhliantúil sin faisnéis achomair a sholáthar ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhí dlite faoin ráithe roimh an tuairisciú, mar aon le stádas na ngarspriocanna agus na spriocanna atá dlite sna ceithre ráithe i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe. Tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil i dtaobh an bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha curtha i gcrích, an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh nó an bhfuil moill orthu. Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na comhtháscairí sainithe dhá uair sa bhliain (faoi mhí Feabhra agus faoi mhí Lúnasa). Déanfar an chéad tuairisciú i mí Feabhra 2022. Leagtar síos leis an dara gníomh tarmligthe 2021/2105 12 an mhodheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát. Tá tábhacht ag baint leis an ngníomh tarmligthe seo chun modheolaíocht choiteann a shainiú chun faisnéis a sholáthar maidir leis an gcaiteachas sóisialta, lena náirítear caiteachas i dtaca le leanaí agus an óige, agus maidir le comhionannas inscne a mhaoinítear leis an tSaoráid. Tá an mhodheolaíocht bunaithe ar an gcaiteachas measta arna sholáthar sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta. Gach athchóiriú agus infheistíocht lena mbaineann gné shóisialta phríomhúil, tá baint ag gach ceann acu le ceann de na naoi sainréimse beartais shóisialta 13 atá sainithe sa ghníomh tarmligthe, a bhfuil gach ceann acu nasctha le ceithre chatagóir shóisialta níos leithne (fostaíocht agus scileanna, oideachas agus cúram leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach nó beartais shóisialta). Gach beart de chineál sóisialta ina ndírítear ar leanaí agus ar an óige, nó ar chomhionannas inscne, luaitear iad go sonrach freisin.

Chuir an Coimisiún córas TF ar bun, ar a dtugtar FENIX, ar a dtuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme na bpleananna. Mar chuid den tuairisciú leathbhliantúil 14 , thuairiscigh na Ballstáit an fhaisnéis is gá in FENIX den chéad uair faoi dheireadh mhí na Samhna 2021 (mar ba é sin an chéad bheart maidir le tuairisciú débhliantúil ag na Ballstáit, cuireadh síneadh míosa leis an spriocam ar bhonn eisceachtúil). Leis an gcóras sin, is féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis maidir le baint amach garspriocanna agus spriocanna a thabhairt cothrom le dáta tráth ar bith agus gan faisnéis chomhchosúil a sholáthar roinnt uaireanta chun críche an tuairiscithe dhébhliantúil nó chun iarratas ar íocaíocht a chur isteach. Tá an tuairisciú faoi RRF ag feidhmiú go hiomlán anois.

Tugtar léargas dearfach cheana féin san athbhreithniú ar an bhfaisnéis tuairiscithe leathbhliantúil  maidir le cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna. Bhain an beart sin maidir le tuairisciú leis na garspriocanna agus leis na spriocanna uile a bhí dlite ó Ráithe 1 2020 go Ráithe 3 2022. Ar an iomlán, tuairiscíodh go raibh 91 % (266) de na garspriocanna agus de na spriocanna siarbhreathnaitheacha a bhí dlite i R3 2021 ‘críochnaithe’ (an ráithe tuairiscithe is déanaí), agus tuairiscíodh nach raibh 9 % (25) díobh ‘críochnaithe’. Maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna réamhbhreathnaitheacha a bhí dlite idir R4 2021 agus R3 2022, tuairiscíodh go raibh moill ar 4.4 % (41) díobh, go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar 79.7 % (741) díobh agus tuairiscíodh go raibh 14.9 % (139) díobh críochnaithe cheana féin. Beidh an chéad bheart eile maidir le tuairisciú débhliantúil ar siúl i mí Aibreáin 2022. Déanann na Ballstáit féintuairisciú ar shonraí a bhaineann leis an tuairisciú leathbhliantúil agus ní dhéanann siad réamhbhreith ar mheasúnú an Choimisiúin i gcomhthéacs iarratais ar íocaíocht maidir le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna.

Chuir an Coimisiún an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta ar bun 15 , , ar ardán poiblí é, mar uirlis tuairiscithe feidhmíochta de chuid na Saoráide, rud a léiríonn go trédhearcach an fhaisnéis atá ar fáil maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta  RRF. Is féidir le gach saoránach súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an RRF a chur chun feidhme agus ar an dul chun cinn mionsonraithe maidir le gach RRP, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ar bhealach sorochtana. Léirítear tionchar na Saoráide sna sé cholún beartais ar an Scórchlár. Áirítear ann freisin sonraí maidir leis na comhtháscairí agus faisnéis a thuairiscítear faoi chaiteachas sóisialta. Foilsíodh an chéad leagan den Scórchlár an 15 Nollaig 2021, rud ina raibh sonraí maidir leis na 22 RRP a d’fhormhuinigh an Chomhairle go dtí an dáta sin.

2.2.Staid na himeartha maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme 

Staid na himeartha maidir le maoiniú Next Generation EU

Garsprioc thábhachtach i gcur chun feidhme RRF is ea ról nua an Choimisiúin mar eisitheoir gníomhach 16 ar an margadh caipitil. Tháinig an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021, rud a chuir ar a chumas don Choimisiún tús a chur le hiasachtaíocht don ionstraim shealadach Next Generation (NGEU) (tharla an chéad idirbheart i mí an Mheithimh 2021). Tá sé tugtha de chumhacht don Choimisiún suas le EUR 806.9 billiún a fháil ar iasacht sa tréimhse 20212026 (praghsanna reatha). Is éard atá i gceist leis an méid sin eisiúint bannaí bhliantúil suas le tuairim agus EUR 150 billiún in aghaidh na bliana ar an meán idir lár 2021 agus 2026, rud a fhágann go bhfuil an tAontas ar cheann de na heisitheoirí bannaí is mó a ainmnítear in euro. Eiseofar suas le EUR 250 billiún den mhéid sonraithe i bhfoirm bannaí glasa (féach thíos).

Go dtí seo, tá EUR 78.5 billiún  de mhaoiniú fadtéarmach tiomsaithe ag an gCoimisiún trí bhannaí agus EUR 33 billiún de mhaoiniú gearrthéarmach trí Bhillí‑AE 3 mhí agus 6 mhí (a bhfuil EUR 12 billiún díobh aibithe cheana féin). Bunaithe ar rátáil chreidmheasa ard an Aontais, tá an Coimisiún in ann iasachtaí a fháil ar théarmaí tairbheacha agus, dá bhrí sin, déantar costas na bhfiach a bhaineann le cistí téarnaimh a íoslaghdú. Rinneadh méideanna maoiniúcháin NGEU a ionsú go maith agus bhí éileamh láidir ar na heisiúintí nua.

Bhí an Coimisiún in ann na híocaíochtaí go léir atá beartaithe/na hiarratais isteach atá beartaithe a mhaoiniú, agus é sin a dhéanamh ar bhealach an‑chaoithiúil. Go dtí seo, rinneadh EUR 66.6 billiún a eisíocadh le 21 Bhallstát faoi RRF. Rinneadh na híocaíochtaí réamh‑mhaoiniúcháin laistigh de chúpla lá tar éis shíniú na gComhaontuithe Maoiniúcháin agus/nó na gComhaontuithe Iasachta ábhartha, i bhfad roimh na tréimhsí a bhí beartaithe i Rialachán RRF. Rinneadh an chéad íocaíocht leis an Spáinn go pras freisin (3 lá gnó tar éis tuairim dhearfach Choiste RRF).

Creat bannaí glasa

Chuir an Coimisiún creat cuimsitheach úrscothach bannaí glasa le chéile le haghaidh a eisiúintí faoi Next Generation EU agus tá sé beartaithe aige suas le 30 % de chistiú NGEU a eisiúint mar bhannaí glasa, rud a dhearbhaíonn tiomantas an Aontais don mhaoiniú inbhuanaithe. Tá an creat dírithe ar chaighdeáin mhargaidh agus cuireann sé bannaí glasa inchreidte ar fáil d’infheisteoirí. Ní mór do na bearta uile a chuimsítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú i ndáil le cuspóirí comhshaoil eile. Chun an toradh sin a bhaint amach, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú sna comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta a síníodh mar chuid de chur chun feidhme RRF, tuairisciú rialta a dhéanamh ar a gcaiteachas ar infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí a bhaineann leis an athrú aeráide. Bhailigh an Coimisiún EUR 14.5 billiún tríd a céad eisiúint de bhannaí glasa a bhí ar siúl an 12 Deireadh Fómhair 2021.



3.Cad atá sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfírinne? 

3.1.RRPanna a cuireadh isteach – forléargas tosaigh 

Forléargas ginearálta

Go dtí seo, is ionann na 22 RRP a d’fhormheas an Chomhairle agus leithdháileadh iomlán EUR 291 bhilliún i bhfoirm maoiniúchán neamh‑inaisíoctha agus EUR 154 bhilliún i bhfoirm iasachtaí. Tá plean glactha ag sé Bhallstát, iasacht san áireamh (an Chipir, an Ghréig, an Iodáil, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin).

Áirítear leis na 22 RRP thart ar aon trian de na hathchóirithe agus dhá thrian de na hinfheistíochtaí, agus 5155 gharsprioc agus sprioc le comhlíonadh faoi 2026.

Figiúr 2: Amlíne mheasta chun garspriocanna agus spriocanna a chur i gcrích

Rannchuidiú leis na sé cholún: réamheolas ar mhodheolaíochtaí

De bhun Airteagal 3 de Rialachán RRF, ba cheart do na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna RRPanna rannchuidiú leis na sé cholún beartais 17 lena sainítear raon feidhme na Saoráide, agus cás sonrach agus dúshláin shonracha an Bhallstáit ábhartha á gcur san áireamh ag an am céanna.

D’fhorbair an Coimisiún modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn gach plean le sé cholún na Saoráide, áit ar cuireadh clib ar gach beart (fobheart) de réir réimse beartais príomhúil amháin agus réimse beartais tánaisteach amháin (de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún 18 ,) a bhaineann le ceann amháin de na sé cholún, rud a léiríonn gur féidir athchóiriú nó infheistíocht a nascadh le roinnt colún. A mhéid is féidir, mar a thuairiscítear thíos, tá an beart tuairiscithe comhsheasmhach le bearta clibeála eile (aeráid, digiteach agus caiteachas sóisialta). Ós rud é, dá bhrí sin, go rannchuidíonn gach beart le dhá cheann de na sé cholún beartais, is ionann an ranníocaíocht mheasta iomlán le gach colún atá léirithe ar Fhigiúr 2 agus 200 % de na cistí RRF arna leithdháileadh ar na Ballstáit.

Figiúr 3: An sciar de chistí RRF atá ag rannchuidiú le gach colún beartais

Eochair Eolais: Is ionann na codanna de na colúin a bhfuil dath dorcha orthu agus na bearta sin atá clibeáilte agus a sannadh don cholún mar phríomhréimse beartais, agus is ionann na codanna a bhfuil dath éadrom orthu agus bearta atá clibeáilte mar réimse beartais tánaisteach.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta i Rialachán Tarmligthe 2021/2105 (féach roinn 1). Tá baint ag athchóirithe agus infheistíochtaí lena mbaineann gné shóisialta le ceann amháin de naoi réimse beartais shóisialta, agus gach ceann acu nasctha le ceann amháin de cheithre chatagóir shóisialta (eadhon, fostaíocht agus scileanna, oideachas agus cúram leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, agus beartais shóisialta) mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe. Comhlánaítear an méid sin trí bhearta a lua a dhíríonn ar leanaí agus ar an óige nó ar chomhionannas inscne sna pleananna formhuinithe. Mar sin féin, chun comhsheasmhacht a chothú sna réimsí beartais uile a dtacaíonn RRPanna leo (sa bhreis ar na réimsí sóisialta), cuirtear i láthair sa tuarascáil seo bearta agus caiteachais de réir mhodheolaíocht an cholúin.

Le Rialachán RRF cuireadh de cheangal freisin ar gach Ballstát 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán a phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur i dtreo bearta a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide agus 20 % ar a laghad den leithdháileadh iomlán a chur i dtreo cuspóirí digiteacha. Sonraíodh sna RRPanna a mhéid a rannchuidíonn gach beart go hiomlán (100 %), go páirteach (40 %) nó nach bhfuil aon tionchar aige (0 %) ar chuspóirí aeráide agus/nó digiteacha agus tugadh bonn cirt leo. Ríomhadh na rannchuidithe le cuspóirí aeráide agus digiteacha trí úsáid a bhaint as Iarscríbhinn VI (rianú aeráide) agus Iarscríbhinn VII (clibeáil dhigiteach) de Rialachán RRF, faoi seach, lena gcuirtear ‘réimse idirghabhála’ ábhartha ar fáil mar aon le comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí aeráide nó digiteacha a ríomh (0 %, 40 % nó 100 %). Tá gach beart de na RRPanna clibeáilte i gcomhréir leis na réimsí idirghabhála sin. Trí na comhéifeachtaí a chomhcheangal leis na meastacháin ar chostais a bhaineann le gach beart, is féidir an méid a chuireann na pleananna leis na spriocanna aeráide agus digiteacha a ríomh.

3.2.Rannchuidiú na Saoráide leis an aistriú glas (colún 1)

An sprioc aeráide

Baineann tuairim agus 40 % de leithdháileadh iomlán na bpleananna le bearta a thacaíonn le cuspóirí aeráide agus sáraíonn líon áirithe RRPanna trí chorrlach suntasach an sprioc aeráide 37 % atá leagtha síos sa Rialachán (féach Figiúr 4). Is ionann an caiteachas iomlán ar an aeráid sna 22 phlean a glacadh agus EUR 177.4 billiún. Ina theannta sin, áirítear sna pleananna EUR 16.3 billiún de chaiteachas breise ar an gcomhshaol 19 , is é sin EUR 193.7 billiún san iomlán 20 de chaiteachais atá clibeáilte mar rannchuidiú le cuspóirí aeráide nó comhshaoil (nó 43.5 % den leithdháileadh iomlán), arna ríomh de réir na modheolaíochta rianaithe aeráide.

Figiúr 4: Clibeanna comhshaoil agus clibeanna breise comhshaoil de réir Ballstáit

Caiteachas foriomlán i dtreo an aistrithe ghlais i ngach RRP

Cabhróidh RRF le baint amach spriocanna an Aontais maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar aon le rannchuidiú leis an uaillmhian aeráide a bhaint amach, áiritheoidh na bearta a fhaigheann tacaíocht ó RRF go ndéanfar dul chun cinn i dtreo cuspóirí eile comhshaoil amhail truailliú aeir a laghdú, an geilleagar ciorclach a chur chun cinn nó bithéagsúlacht a athbhunú agus a chosaint, éifeachtúlacht fuinnimh agus imscaradh níos airde foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur chun cinn. De réir mhodheolaíocht tuairiscithe na gcolún, meastar go leithdháilfear EUR 224.1 billiún san iomlán de chaiteachas ar cholún an aistrithe ghlais (arb ionann é agus 50 % den chaiteachas iomlán sna 22 phlean).

Trí lionsa an chur chuige sé cholún, is féidir méid iomlán an chaiteachais faoin gcolún glas a mhiondealú in 11 réimse beartais, mar atá léirithe i bhFigiúr 5 thíos. Ar an iomlán, tugann na bearta a áirítear sna RRPanna aghaidh ar réimse leathan réimsí, mar shampla idir shoghluaisteacht inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, fhuinneamh agus gréasáin in‑athnuaite, bhithéagsúlacht, an gheilleagar ciorclach, scileanna agus poist ghlasa, agus oiriúnú don athrú aeráide.

Figiúr 5: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an aistriú glas (colún 1)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann an céatadán leis an gcaiteachas iomlán atá clibeáilte faoi gach réimse beartais mar sciar de cholún an aistrithe ghlais.

An tsoghluaisteacht inbhuanaithe

Is ionann an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus 32 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (costas iomlán EUR 71.3 billiún). Déantar infheistíochtaí móra chun an bonneagar iarnróid a uasghrádú agus chun cur leis, go háirithe ar an ngréasán tras‑Eorpach (TEN‑T), agus chun rothstoc iarnróid nua‑aimseartha a cheannach. Is veicteoir ríthábhachtach iad le haghaidh aistriú módach i dtreo modh iompair atá fabhrach don chomhshaol agus a thacaíonn le hiompar paisinéirí agus lasta araon. Tá líon níos teoranta beart ann freisin i bhfabhar ghlasú na n‑earnálacha uisce‑iompartha agus eitlíochta, a chuimsíonn infheistíochtaí chun calafoirt a ghlasú, mar shampla soláthar cumhachta ar tír mór a shuiteáil, agus aerfoirt a shuiteáil ina ndéanfar córais láimhseála ar an talamh a leictriú.

Cuimsíonn RRP na hIodáile 3 400 km d’imscaradh an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS). Le himscaradh ERTMS beifear in ann oibríochtaí lasta agus paisinéirí trasteorann a dhéanamh gan uaim. Cuireann infheistíochtaí ERTMS leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon.

Tá infheistíochtaí suntasacha dírithe freisin ar inbhuanaitheacht an iompair de bhóthar a fheabhsú, lena n‑áirítear trí thacú le bonneagar breoslaí malartacha agus feithiclí a imscaradh agus le hiompar poiblí glas a fhorbairt. Tá roinnt de na hinfheistíochtaí sin dírithe ar chabhrú le tomhaltóirí feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach, trí dhreasachtaí airgeadais chun cuidiú leo déileáil leis na costais tosaigh arda a bhaineann le feithiclí leictreacha a cheannach.

Cabhróidh plean téarnaimh agus athléimneachta na Gearmáine le saoránaigh aistriú chuig feithiclí leictreacha glana trí thacaíocht airgeadais a thabhairt chun 560,000 feithicil dhícharbónaithe a cheannach. Laghdóidh an beart praghsanna ceannaigh feithiclí leictreacha agus spreagfaidh sé an margadh. Comhlánaítear é le bearta eile, amhail maoiniú a chur ar fáil chun 50,000 pointe athluchtúcháin a shuiteáil a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus 400,000 pointe athluchtúcháin eile a shuiteáil i bhfoirgnimh chónaithe.

Tá athchóirithe san earnáil iompair mar chuid thábhachtach d’fhormhór na RRPanna. Téann siad i ngleic leis an gcreat rialála foriomlán agus áirítear orthu straitéisí chun tacú le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus iompar comhchoiteann mar aon le bearta a thacaíonn le bonneagar athluchtúcháin a chur i bhfeidhm nó le feithiclí glana a sholáthar. Áirítear ar na pleananna freisin athchóirithe lena dtugtar isteach iomaíocht i seirbhísí calafoirt agus athchóiriú ar an earnáil mhuirí agus ar uiscebhealaí intíre.

Áirítear i RRP na Rómáine na príomhathruithe rialála chun iompar de bhóthar atá saor ó astaíochtaí a spreagadh, dreasachtaí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle, scéimeanna maidir le diúscairt chun na feithiclí is mó truailliú a athsholáthar, feabhas a chur ar rialachas agus éifeachtúlacht na bhfiontar atá faoi úinéireacht stáit in earnálacha iompair, rialacha níos déine maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus bearta forfheidhmiúcháin, dreasachtaí le haghaidh iompar uirbeach inbhuanaithe.  Áirítear leis freisin infheistíochtaí suntasacha i gcomhair rothstoc astaíochtaí nialasacha agus iarnróid uasghrádaithe, chun bonneagar iarnróid a nuachóiriú agus a athnuachan, go háirithe feadh chonairí TEN‑T, chun cáilíocht agus éifeachtúlacht an bhonneagair bóithre a fheabhsú ar chodanna sonracha de chroíghréasán TEN‑T, ar shábháilteacht ar bhóithre, agus ar chodanna den ghréasán iompair faoi thalamh i mbardais Bhúcairist agus Cluj‑Napoc.

Éifeachtúlacht fuinnimh

Is ionann éifeachtúlacht fuinnimh agus 29 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (costas iomlán EUR 64.4 billiún). Baineann formhór na n‑infheistíochtaí sa réimse seo le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe (costas iomlán EUR 28.4 billiún), agus é dírithe de ghnáth ar laghdú 30 % nó níos mó ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh. Áirítear i gcuid de na hinfheistíochtaí ábhartha sin freisin bearta arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh, trí dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha a bhfágann na costais mhóra tosaigh ina leith go bhfuil sé beagnach dodhéanta infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh a dtithe. Déantar ionadaíocht mhaith ar athchóiriú foirgneamh poiblí i bhformhór na bpleananna (costas iomlán EUR 20.2 billiún), mar shampla i scoileanna, i hallaí spóirt agus i bhfoirgnimh stairiúla. Ar deireadh, tá infheistíochtaí ann freisin chun foirgnimh phoiblí agus phríobháideacha nua a thógáil atá an‑éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Sa bhreis ar fhoirgnimh, le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh in earnálacha eile, cabhrófar le próisis táirgthe a dhícharbónú in FBManna, i bhfiontair mhóra agus i gcórais téimh cheantair, e.g. trí chomhtháthú teicneolaíochtaí níos glaine agus níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn le haghaidh próisis mhonaraíochta agus le haghaidh táirgeadh teasa láraithe ag a mbeidh costas iomlán EUR 6.5 billiún.

Tacóidh an Spáinn le breis agus leathmhilliún gníomhaíochtaí athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe faoi 2026. Bainfear amach laghdú 30 % ar a laghad ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh ar an meán leis na hathchóirithe fuinnimh sin. Comhlánaítear na hinfheistíochtaí le pacáiste comhtháite athchóirithe, lena n‑áirítear dreasachtaí cánach agus oifigí athchóirithe (‘ionaid ilfhreastail’) chun athchóirithe a éascú.

Spreagfaidh RRP na Beilge athchóirithe fuinneamhéifeachtúla ar fhoirgnimh lena dtabharfar tacaíocht iomlán de bhreis agus EUR 1 bhilliún. Bainfidh an tonn athchóirithe le níos mó ná 200,000 aonad tithíochta príobháideacha agus sóisialta agus clúdófar níos mó ná milliún m² d’fhoirgnimh phoiblí. Beidh ar an mBeilg aghaidh a thabhairt ar athchóirithe tábhachtacha chun cuspóirí aeráide a bhaint amach. Beidh athchóirithe fuinneamhéifeachtúla ar thithíocht phríobháideach agus shóisialta ina gcuidiú freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh.

Áirítear ar RRPanna roinnt athchóirithe chun athchóiriú foirgneamh a spreagadh i ngach earnáil: foirgnimh phríobháideacha agus phoiblí, tithe cónaithe agus cuideachtaí. Is é is aidhm do na hathchóirithe, tacaíocht airgeadais don athchóiriú a chur ar fáil ar bhealach níos éifeachtúla (e.g. ionad ilfhreastail) agus ar bhealach a bheidh níos fabhraí don chomhshaol. Go háirithe, tá coinníollacha san áireamh iontu maidir le córais téimh atá as dáta a athsholáthar agus lena spreagfaí fuinneamh inathnuaite nó téamh ceantair a chur ina n‑ionad.

Fuinneamh in‑athnuaite agus gréasáin

Ar an iomlán, is ionann an caiteachas measta iomlán ar chumhacht ghlan – fuinneamh inathnuaite agus gréasáin – agus 12 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (costas iomlán EUR 26.7 billiún) 21 . Caithfear thart ar dhá thrian den infheistíocht fhoriomlán sa réimse seo ar theicneolaíochtaí an fhuinnimh inathnuaite, agus leithdháilfear an méid atá fágtha ar infheistíochtaí i ngréasáin agus i mbonneagar fuinnimh (amhail imscaradh stórála fuinnimh agus eangacha cliste). Díríonn na bearta ar fheirmeacha fuinnimh gaoithe a thógáil amach ón gcósta nó ar talamh (agus bonneagar gaolmhar amhail oileáin fuinnimh), grianphainéil, agus láithreáin thionsclaíocha a thógáil a úsáideann fuinneamh inathnuaite.

Tacóidh plean na Liotuáine le gnólachtaí príobháideacha, feirmeoirí agus comhphobail fuinnimh in‑athnuaite, gléasraí grianchumhachta agus gléasraí cumhachta gaoithe ar talamh a fháil agus a shuiteáil, mar aon le fearais stórála. Tá scéimeanna in‑athnuaite bunaithe ar bhithmhais beartaithe freisin, mar aon le saoráidí bithbhreosla agus bithmheatáin.

Áirítear ar na 15 RRP bearta atá tiomnaithe, go páirteach nó go heisiach, do hidrigin, a bhfuil coinne leis go mbeidh ról tábhachtach aici chun neodracht aeráide a bhaint amach san fhadtéarma. Sa chomhthéacs sin, rannchuideoidh RRPanna na mBallstát le méadú EUR 9.3 billiún ar a laghad a dhéanamh ar infheistíochtaí i hidrigin in‑athnuaite agus in ísealcharbóin (lena n‑áirítear leictreachas a úsáid ón eangach, ar cheart dícharbónú a dhéanamh air go comhuaineach). Tugann cuid mhór infheistíochtaí sna RRPanna aghaidh ar shlabhra luacha iomlán na hidrigine – idir táirgeadh, iompar, stóráil agus ar deireadh úsáid deiridh in earnálacha tionsclaíochta ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus in earnáil an iompair.

Áirítear ar RRPanna freisin athchóirithe ar an gcreat beartais lena dtugtar tacaíocht d’fhuinneamh in‑athnuaite, amhail scéimeanna tacaíochta nua a ghlacadh nó scéimeanna tacaíochta atá ann cheana a fhadú nó nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, amhail ceadú nó pleanáil spásúlachta chun imscaradh a éascú. Is é is aidhm do na hathchóirithe atá san áireamh sna RRPanna go ginearálta timpeallacht rialála chobhsaí a chruthú agus sineirgí iomchuí a chruthú idir infheistíocht phoiblí agus phríobháideach.

Áirítear ar RRPanna freisin athchóirithe tiomnaithe chun feidhmiú éifeachtúil na margaí leictreachais a chuíchóiriú agus gléasraí cumhachta nua in‑athnuaite a fhorbairt chun na spriocanna a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECP) a bhaint amach. Leis na hathchóirithe a áirítear sna RRPanna, cuirfear dlús le gléasraí cumhachta in‑athnuaite nua a fhorbairt chun na spriocanna a leagtar amach in NECP a bhaint amach, go háirithe trí cheadú na dtionscadal in‑athnuaite a éascú agus trí shásraí tacaíochta airgeadais feabhsaithe. Áirítear ar RRPanna freisin athchóirithe tiomnaithe chun feidhmiú éifeachtúil na margaí leictreachais a chuíchóiriú, go háirithe chun gur féidir córas fuinnimh níos solúbtha a fhorbairt. Tá sé sin ríthábhachtach chun tacú leis an sciar ard d’fhuinneamh in‑athnuaite a mheastar a bheidh ann. Áirítear athchóirithe ar reachtaíocht an mhargaidh leictreachais i roinnt RRPanna chun gur féidir, go háirithe, gréasáin a imscaradh, stóráil fuinnimh agus freagairt don éileamh chun iontaofacht an chórais a mhéadú. Feabhsóidh athchóirithe an iomaíocht sa mhargadh agus cuideoidh siad le timpeallacht rialála chobhsaí a chruthú. Sa deireadh, beidh na hathchóirithe sin rannpháirteach i margadh fuinnimh atá níos iontaofa agus níos neamhspleáiche san Eoraip, margadh a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaitheach ar fhuinneamh.

Chun tacú le himscaradh hidrigine in‑athnuaite agus chun é a éascú, leasóidh an Rómáin an creat reachtach agus rialála atá ann cheana agus béim á leagan ar earnálacha an iompair agus an fhuinnimh (gás agus leictreachas). Foráiltear leis an athchóiriú go nglacfar Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Hidrigin, cuirfear deireadh le haon chonstaic reachtach agus riaracháin maidir le teicneolaíocht hidrigine in‑athnuaite a fhorbairt agus cabhróidh sé leis na spriocanna náisiúnta agus Eorpacha a bheidh ann amach anseo maidir le táirgeadh, stóráil, iompar agus úsáid hidrigine in‑athnuaite a bhaint amach faoi 2030.

Bithéagsúlacht, an geilleagar ciorclach, uisce inbhuanaithe agus cosc agus rialú ar thruailliú

Áirítear ar na RRPanna bearta atá ábhartha maidir le beartais chomhshaoil, go príomha i gceithre réimse: bithéagsúlacht agus éiceachórais; an geilleagar ciorclach, cosc ar dhramhaíl agus athchúrsáil; uisce agus acmhainní muirí; agus cosc agus rialú ar thruailliú. Is ionann na ceithre bheartas sin agus 13 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (caiteachas iomlán EUR 28.8 billiún).

Maidir leis an mbithéagsúlacht, dírítear sna bearta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus talún a chaomhnú, ar éiceachórais agus an bonneagar glas a athchóiriú, ar nascacht éiceolaíoch bunaithe ar réitigh atá bunaithe ar an dúlra, ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí agus ar an gcomhrac i gcoinne speiceas coimhthíoch ionrach.

Tacóidh Éire mar shampla, le hathchóiriú tailte portaigh, beart lena bhféadfaí teacht ar ais flóra agus fána chuig na ceantair sin a chur chun cinn agus a spreagadh. Meastar i bplean na hÉireann gur féidir 3.3 milliún tona d’astaíochtaí CO2 a sheachaint thar thréimhse 30 bliain a bhuíochas le cur chun feidhme na mbeart athshlánaithe feabhsaithe.

Maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus bainistiú dramhaíola, áirítear ar RRPanna infheistíochtaí a bhaineann le gníomhartha gearrthéarmacha agus gníomhaíochtaí T&F araon. Áirítear ar na samplaí, infheistíochtaí lena ndírítear ar chiorclaíocht earnálacha sonracha a mhéadú, amhail plaistigh, tógáil nó teicstílí, agus is é is aidhm do ghníomhaíochtaí T&F réitigh níos fadtéarmaí a fhorbairt maidir le dramhaíl phlaisteach a laghdú agus maidir leis an mbithgheilleagar a chur chun cinn. Tá sé d’aidhm ag roinnt infheistíochtaí agus athchóirithe bainistiú dramhaíola a fheabhsú trí shaoráidí sórtála dramhaíola agus saoráidí bainistithe dramhaíola a iarfheistiú, agus aird ar leith á tabhairt ar chóireáil bithdhramhaíola. Mar shampla, tá gealltanas tugtha ag roinnt Ballstát a gcreat reachtach náisiúnta a fheabhsú chun geilleagar níos ciorclaí a chur chun cinn trí cháin a ghearradh ar líonadh talún nó loscadh dramhaíola agus athúsáid trealaimh leictrigh nó coimeádán plaisteach bia a chur chun cinn.

Tacóidh an Bheilg le híoslaghdú na dramhaíola radaighníomhaí a ghintear le linn díchoimisiúnú stáisiúin chumhachta núicléacha na Beilge trí theicnící dí‑éilliúcháin a léiriú.

Tá sé d’aidhm ag an Iodáil Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach a ghlacadh, agus clár eile a ghlacadh le haghaidh Bainistiú Dramhaíola. Chun tacú le cleachtais athchúrsála agus chun iad a dhreasú, tabharfaidh an Iodáil isteach córas nua inrianaitheachta dramhaíola digití agus déanfaidh sí athbhreithniú ar chánachas comhshaoil chun athchúrsáil a dhéanamh níos saoire i gcomparáid le líonadh talún. Tugtar isteach leis an bplean freisin tacaíocht theicniúil d’údaráis áitiúla chun cabhrú leo leis an soláthar i réimse na bainistíochta dramhaíola, amhail pleananna dramhaíola a fhorbairt nó trédhearcacht na nósanna imeachta soláthair phoiblí a fhorbairt.

Maidir le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce, dírítear i gcuid mhór de na bearta ar bhainistiú uisce, trí fheistí méadrúcháin le haghaidh astarraingt uisce, agus ar an gcaoi sin go ndéanfar cuspóirí aeráide agus digiteacha a chomhcheangal. I measc cineálacha eile bainistithe uisce tá bearta chun díriú ar sholáthar uisce óil atá sábháilte, glan agus flúirseach mar aon le cóireáil ar bhailiú fuíolluisce. Baineann roinnt beart freisin le héifeachtúlacht uisciúcháin a fheabhsú. Na bearta maidir le truailliú a chosc agus a rialú, baineann siad le cur chun feidhme saincheantair astaíochtaí ísle nó le truailliú i gcalafoirt a laghdú.

Oiriúnú don athrú aeráide

Is ionann bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide i ngníomhaíochtaí glasa agus thart ar 6 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (caiteachas measta iomlán EUR 12.5 billiún). Baineann na bearta sna pleananna den chuid is mó le rioscaí tuilte a mhaolú, bainistiú foraoise agus dóiteáin a chosc.

Ós rud é gur tír an‑leochaileach í an Chipir, ó thaobh iarmhairtí an athraithe aeráide de, foráiltear do bhearta cosanta agus coisctheacha i gcoinne tuilte agus dóiteáin foraoise. Áirítear leis plean gníomhaíochta maidir le bainistiú acmhainní uisce, a mbeidh bearta oiriúnúcháin ag gabháil leis. Leis na bearta i gcoinne tuilte agus na bearta maidir le bailiú uisce, cruthófar bonneagar i gcoinne tuilte nó déanfar an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú. Ar an iomlán, beidh sé d’aidhm aige úsáid an uisce a fheabhsú agus feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar oibriú inbhuanaithe na mbonneagar uisce. Tá bearta ann freisin a bhaineann le feabhas a chur ar fhreagrúlacht na tíre do dhóiteáin foraoise, rud a bheidh bunaithe ar fheithiclí agus trealamh dóiteáin a chur ar fáil, arb é is aidhm dó an riosca dóiteán foraoise a laghdú agus an riosca go leathnóidh siad a laghdú, agus cosaint a neartú i gcoinne na rioscaí a bhíonn ann do shaoránaigh, don bhonneagar agus d’fhoraoisí de bharr na dteagmhas sin.

Cuimsíonn plean na Gréige beart sonrach chun láithreáin agus séadchomharthaí oidhreachta cultúrtha roghnaithe a chosaint, trí thionscadail spriocdhírithe a chur chun feidhme agus bonneagair shaincheaptha a thógáil chun rioscaí sonracha aeráide agus contúirtí gaolmhara a bhaineann leis an athrú aeráide a chosc.

Infheistíocht eile a bhaineann leis an aeráid (T&D&I, scileanna glasa agus poist ghlasa agus dícharbónú na tionsclaíochta)

Áirítear ar cuid mhór RRPanna bearta maidir le T&F&N i ngníomhaíochtaí glasa arb ionann iad agus 6 % den chaiteachas iomlán faoi cholún an aistrithe ghlais (caiteachas measta iomlán EUR 13.4 billiún) a bhaineann, mar shampla, le táirgeadh fuinnimh hidrigine ghlais, gabháil agus stóráil carbóin, geilleagar ciorclach, agus an réimse aeraspáis ina ndírítear ar astaíochtaí ísle agus ar astaíochtaí nialasacha. 

Áirítear freisin sna RRPanna athchóirithe a bhaineann le scileanna glasa agus poist ghlasa (EUR 1.5 billiún). Cumhdaíonn siad infheistíochtaí a rannchuidíonn le tionscnaimh athscilithe agus uas‑scilithe, mar aon le hathchóirithe maidir le bearta beartais fostaíochta gníomhacha nua spriocdhírithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh riachtanais an aistrithe ghlais. Áirítear orthu sin tacaíocht fostaíochta, beartais oideachais agus beartais ghníomhacha bhreise maidir le margadh an tsaothair.

Tá sé d’aidhm ag an gCróit creataí nua a ghlacadh chun borradh a chur faoin bhfostaíocht atá nasctha leis an aistriú glas, trí thacaíocht deontais do chúrsaí oiliúna glasa, mar aon le fóirdheontais fostaíochta agus féinfhostaíochta do phoist ghlasa, agus bunóidh sí dearbháin scileanna do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine níos infhostaithe i ngrúpaí leochaileacha, chun scileanna glasa a chur ar fáil.

Tá sé d’aidhm ag an Spáinn Plean Gníomhaíochta a ghlacadh i gcoinne na dífhostaíochta i measc na hóige, lena dtabharfar isteach trí chlár nuálacha lena ndíreofar ar chuardaitheoirí poist óga, lena n‑áirítear oiliúint ar an láthair oibre, i gceardlanna scoile poiblí, an chéad taithí ghairmiúil i riaracháin phoiblí agus deiseanna gairmiúla do thaighdeoirí óga.

Áirítear ar RRPanna freisin infheistíochtaí eile a bhfuil sé d’aidhm acu an t‑athrú aeráide a mhaolú (EUR 5.4 billiún), ach nach n‑áirítear sna catagóirí a liostaítear thuas, amhail cánacha ar astaíochtaí a thabhairt isteach ar an tionscal, teacht i bhfeidhm pleananna náisiúnta leathana gníomhaíochta ar son na haeráide, creata rialála a dhearadh do mhargaí hidrigine agus CO2, agus an fheirmeoireacht orgánach a chur chun cinn.

An prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH)

Príomhghné de Rialachán RRF is ea prionsabal DNSH lena n‑áirithítear go mbeidh pleananna uaillmhianacha ag RRF a rannchuidíonn leis an aistriú glas agus le téarnamh inbhuanaithe, agus gaibhniú sócmhainní agus gníomhaíochtaí neamh‑inbhuanaithe a sheachaint ag an am céanna. Foráiltear le Rialachán RRF nár cheart aon bheart a áirítear i RRP dochar suntasach a dhéanamh d’aon cheann de na sé chuspóir chomhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán na Tacsanomaíochta. Is iad seo a leanas na sé chuspóir chomhshaoil sin: maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú.

Maidir le gach beart, rinne an Ballstát féinmheasúnú mionsonraithe DNSH bunaithe ar Threoir Theicniúil DNSH 22 arna foilsiú ag an gCoimisiún, agus chuir sé i láthair sa phlean é  chun a áirithiú nach ndéanann bearta faoin bplean aon dochar suntasach d’aon cheann de na sé chuspóir chomhshaoil. Bhí an féinmheasúnú mar bhonn don mheasúnú DNSH a rinne an Coimisiún ar na pleananna. I gcás roinnt beart, rinne an Coimisiún plé fairsing leis na Ballstáit chun comhlíonadh phrionsabal DNSH a chinneadh agus a mheasúnú sula bhformheastar na pleananna, agus chun na coinníollacha sonracha a shainaithint a bhfuil gá leo lena áirithiú go nurramaítear prionsabal DNSH.

Áirítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena bhformheastar na RRPanna náisiúnta garspriocanna agus spriocanna mionsonraithe chun cur chun feidhme an phlean a fhíorú. Déanfar eisíocaíochtaí faoin tSaoráid a cheangal le comhlíonadh sásúil na gcéimeanna cur chun feidhme sin. Áirítear sna Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle forálacha sonracha DNSH sna garspriocanna agus sna spriocanna a chomhfhreagraíonn do roinnt beart (e.g., bearta i réimsí an athchóirithe fuinnimh; giniúint fuinnimh; bainistiú uisce; iompar; tacaíocht do dhícharbónú; scéimeanna cothrománacha agus ionstraimí airgeadais). Áirithítear leis na forálacha sin go gceanglaítear ar na Ballstáit fianaise a sholáthar chun coinníollacha DNSH a chomhlíonadh i dtaca le garsprioc nó sprioc áirithe.

3.3.Rannchuidiú na Saoráide leis an gclaochlú digiteach (colún 2)

Sprioc dhigiteach

Ceanglaítear le Rialachán RRF nach mór 20 % ar a laghad den leithdháileadh iomlán i ngach RRP a bheith ag tacú le cuspóirí digiteacha. Sháraigh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit an sprioc 20 %; is ionann an caiteachas digiteach iomlán sna pleananna glactha agus EUR 117 billiún, thart ar 26 % den leithdháileadh iomlán don phlean arna ríomh de réir na modheolaíochta clibeála digití. 23 .

Figiúr 6: Rannchuidiú le cuspóirí aeráide mar sciar de RRP

An claochlú digiteach

Áirítear ar RRPanna raon beart a thacaíonn le colún an Chlaochlaithe Dhigitigh, amhail líonra fíor‑ardacmhainneachta agus líonra 5G a chur in úsáid, forbairt scileanna digiteacha don daonra agus don lucht saothair, teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú i bpróisis rialtais, tacaíocht do dhigitiú FBManna chomh maith le T&F agus imscaradh ardteicneolaíochtaí. De réir mhodheolaíocht tuairiscithe na gcolún, leithdháilfear EUR 130 billiún san iomlán de chaiteachas ar cholún an chlaochlaithe dhigitigh (arb ionann é agus 29 % den chaiteachas iomlán sna 22 phlean). Déantar breis agus aon trian den chaiteachas digiteach a leithdháileadh ar dhigitiú na seirbhísí poiblí, lena n‑áirítear digitiú an iompair (36 %, EUR 47 billiún), agus ina dhiaidh sin bearta a thacaíonn le gnólachtaí a dhigitiú (20 %, EUR 26 billiún) agus caipiteal daonna (20 %, 26 billiún), féach Figiúr 7 thíos.

Figiúr 7: Miondealú ar an gcaiteachas a thacaíonn leis an gclaochlú digiteach (colún 2)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann an céatadán leis an gcaiteachas iomlán atá clibeáilte faoi gach réimse beartais mar sciar de cholún an chlaochlaithe dhigitigh.

Ríomhsheirbhísí rialtais agus seirbhísí poiblí digiteacha

Is ionann na bearta lena dtacaítear le digitiú seirbhísí poiblí agus ríomhrialtais agus breis agus aon trian den chaiteachas digiteach arna mhaoiniú ag an tSaoráid do na 22 RRP a glacadh (EUR 47 billiún, arb ionann é agus 36 % de cholún an chlaochlaithe dhigitigh). Leis na bearta sin, féachtar le próisis riaracháin phoiblí a nuachóiriú agus a fheabhsú, chun iad a dhéanamh níos soláimhsithe, níos dírithe ar an saoránach agus níos idir‑inoibrithí agus chun borradh a chur le rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus le glacadh na seirbhísí sin ag daoine aonair agus ag gnólachtaí. Áirítear ar roinnt RRPanna athchóirithe arb é is aidhm dóibh réitigh ríomhrialtais a thabhairt isteach nó a fheabhsú, amhail ríomh‑shainaitheantas Eorpach a imscaradh, idir‑inoibritheacht na n‑ardán poiblí digiteach a áirithiú, mar aon le feabhas a chur ar bhailiú agus ar bhainistiú sonraí.

Áirítear i bplean na Cróite infheistíocht a chuirfidh ar a gcumas do shaoránaigh seirbhísí poiblí ar líne a úsáid go héasca ar a nguthán cliste trí ardán digiteach ríomhsheirbhíse soghluaiste a chruthú. Cuirtear chun cinn leis úsáid ríomhshínithe in idirghníomhaíocht na saoránach leis an riarachán poiblí agus áirítear leis infheistíocht chun cárta aitheantais digiteach na Cróite a imscaradh chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ríomh‑shainaitheantas doiciméid a shíniú ar ardáin mhóibíleacha. Áirítear freisin i RRP na Cróite beart atá tiomanta d’ionad ilfhreastail a chur ar bun lena ndéantar chóras deasc chabhrach na seirbhísí ar líne na riarachán poiblí go léir a chomhchuibhiú agus a lárú, chun cumarsáid níos fearr a dhéanamh le riaracháin phoiblí, chun rochtain níos tapúla ar fhaisnéis agus ar dheiseanna chun aiseolas a thabhairt agus chun cáilíocht na hidirghníomhaíochta le státseirbhísigh a mheas.

Áirítear ar roinnt RRPanna infheistíochtaí atá dírithe ar ardteicneolaíochtaí (amhail néal rialtais) a chomhtháthú i bpróisis rialtais, agus acmhainneacht chibearshlándála na hearnála poiblí a neartú. Tá coinne leis go ndéanfaidh néalta rialtais idirghníomhaíocht saoránach le húdaráis phoiblí a shimpliú trí am próiseála faisnéise a laghdú, costas seirbhísí rialtais a ísliú agus slándáil sonraí íogaire a fheabhsú. Tugtar aird chuí freisin i roinnt pleananna chun acmhainneacht chibearshlándála an stáit a neartú, ós rud é go bhfuil sé léirithe ag cibearchoireanna go bhfuil sé d’acmhainn acu seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a bhlocáil.

I bplean na Gréige tá comhpháirt atá tiomnaithe do chlaochlú digiteach na n‑eintiteas poiblí, lena n‑áirítear straitéisí fairsinge cibearshlándála agus rialachais sonraí mar aon le breis úsáide a bhaint as ardteicneolaíochtaí, amhail an néalríomhaireacht agus mórshonraí.

Áirítear le RRP Mhálta infheistíocht chun Stiúrthóireacht Loingis Trádála Mhálta a dhigitiú tuilleadh trí roinnt uirlisí agus córas TF a fhorbairt (amhail an córas bainistithe doiciméad, lena n‑áirítear digitiú 15 000 comhad fisiciúil loingseoireachta, córas bainistíochta soithí, comhéadan digiteach muirí, córas bainistíochta maraithe agus uirlis anailísíochta muirí). Cabhróidh an infheistíocht i seirbhísí digiteacha agus i mbonneagar néalbhunaithe le cleachtais rialála níos éifeachtúla a áirithiú agus feabhas a chur ar na hoibríochtaí inmheánacha, ar an gcaidreamh le custaiméirí agus ar an riarachán laistigh den stiúrthóireacht, in earnáil atá ríthábhachtach do gheilleagar Mhálta.

Tá bearta in go leor RRPanna atá dírithe ar chórais náisiúnta cúraim sláinte a dhigitiú, lena n‑áirítear raon feidhme na seirbhísí teilileighis a leathnú, cláir sláinte náisiúnta ilroinnte a chomhdhlúthú agus idir‑inoibritheacht agus slándáil ardán sláinte digiteach a áirithiú. 

Áirítear i bplean na Slóivéine bearta chun seirbhísí digiteacha nua a chomhtháthú sa chúram sláinte, chun úsáid theicneolaíocht na faisnéise a chur chun cinn chun cumarsáid a dhéanamh le hothair agus le geallsealbhóirí, chun faireachán cáilíochta a thabhairt isteach atá bunaithe ar shonraí fíor‑ama, chun feabhas a chur ar chumas agus pleanáil bainistithe othar, agus chun feabhas a chur ar phleanáil saoráidí ospidéil, seirbhísí leighis agus riachtanais ábhair.

Baineann digitiú na seirbhísí poiblí le roinnt réimsí beartais agus soláthraíonn sé sineirgí leis na cúig cholún eile a dtacaíonn an tSaoráid leo. Mar shampla, ag tacú leis an gcolún glas, léiríonn roinnt infheistíochtaí an ról lárnach atá ag an digitiú maidir le córais iompair an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní, mar shampla trí theicneolaíochtaí na gcóras cliste iompair (ITS), trí uirlisí bainistithe soghluaisteachta uirbí, trí thicéadú ilmhódach agus trí chórais faisnéise do phaisinéirí ilmhódacha agus trí síneadh a chur le cumhdach an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Iompair Iarnróid.

Le RRP na Fionlainne, tacaítear le tionscadal Digirail chun Córas Bainistíochta Tráchta Iarnróid na hEorpa a thabhairt isteach ar an líonra iarnróid náisiúnta ar fad faoi 2040, mar aon le Córas Cumarsáide Soghluaiste Iarnróid don Todhchaí atá bunaithe ar 4G agus ar 5G.

Caipiteal daonna sa digitiú

Áirítear sna RRPanna raon leathan beart chun tacú le forbairt scileanna digiteacha, ar chostas measta iomlán de EUR 26 billiún, arb ionann é agus 20 % de cholún an chlaochlaithe dhigitigh. Áirítear sa chuid is mó de na pleananna bearta chun na leibhéil scileanna digiteacha a mhéadú sa phobal i gcoitinne agus sa lucht saothair. Áirítear i roinnt pleananna freisin bearta chun ardscileanna digiteacha a chothú agus chun oiliúint a chur ar ghairmithe TFC, trí mhodúil oiliúna a fhorbairt in ardteicneolaíochtaí digiteacha don ardoideachas agus don ghairmoiliúint. Leag paindéim Covid‑19 béim ar an ngá atá le digitiú an oideachais, agus áirítear bearta ábhartha i roinnt RRPanna.

In RRP na Portaingéile, áirítear infheistíocht, “Acadamh Digiteach” a chuirfidh oiliúint shaincheaptha ar fáil do lucht saothair na Portaingéile chun líon na n‑oibrithe a bhfuil scileanna digiteacha acu a mhéadú. Déanfar diagnóis phearsantaithe ar riachtanais scileanna digiteacha do 800 000 rannpháirtí agus leanfaidh siad oiliúint spriocdhírithe ar scileanna digiteacha.

In RRP na Laitvia, áirítear beart ina ndírítear ar líon na speisialtóirí a bhfuil ardscileanna digiteacha acu a mhéadú go suntasach. Is éard atá sa bheart tuairim is 20 modúl oiliúna a fhorbairt in ardscileanna digiteacha d’ardteicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí candamacha, ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí teanga. Cuimseofar na modúil oiliúna i gcláir ardoideachais (baitsiléir, máistreacht agus dochtúireacht) chomh maith le cláir oideachais do ghairmithe i bhfiontair. Tacóidh an infheistíocht le 3000 rannpháirtí sna modúil forbartha.

In RRP na hÉireann, áirítear beart a thacaíonn le claochlú digiteach oideachas agus oiliúint na hÉireann ar gach leibhéal (scoileanna, oideachas treasach, foghlaim ar feadh an tsaoil), le scileanna riachtanacha digiteacha a phríomhshruthú i ngach suíomh, agus le aghaidh a thabhairt ar an mbaol go mbeidh bearna dhigiteach ann.

Digitiú gnólachtaí

Sna RRPanna uile a glacadh, áirítear bearta lena dtacaítear le gnóthais a dhigitiú, le haghaidh EUR 26 billiún san iomlán, arb ionann é agus 20 % de cholún an chlaochlaithe dhigitigh. Áirítear sna bearta sa réimse seo na hathchóirithe tábhachtacha, na cinn is tábhachtaí arb é is aidhm dóibh na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú do ghnólachtaí agus bunús na timpeallachta digití gnó a chruthú, agus gníomhaíochtaí i réimse an chruthaithe agus an chláraithe ghnó dhigitigh, na muiníne agus na cibearshlándála. Táthar ag súil go méadófar leis na bearta sin an leibhéal muiníne maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh, agus tionchar dearfach aige sin ar ghlacadh na dteicneolaíochtaí sin agus ar dhéine a n‑úsáide. Táthar ag súil freisin go mbeidh tionchar dearfach ag athchóirithe a bhaineann le digitiú an tsonraisc ar dhigitiú na ngnólachtaí.

Cuirfidh an Ghearmáin an Gníomh um Rochtain ar Líne agus nuachóiriú na gclár chun feidhme, rud a mheastar a laghdóidh an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí agus go háirithe ar FBManna. Leis na hathchóirithe sin, réitítear an bealach chun ‘prionsabal na haonuaire’ a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach trí mhodhanna digiteacha.

Glacfaidh an Spáinn boscaí gainimh rialála chun úsáid na hintleachta saorga a rialáil, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí reachtacha maidir le húsáid sonraí, le príobháideachas agus le saincheisteanna eiticiúla.

Áirítear i roinnt pleananna infheistíochtaí chun tacú le comhtháthú ardteicneolaíochtaí digiteacha i bpróisis táirgthe gnólachtaí (e.g., uathoibriú, intleacht shaorga). Is iomaí foirm a bhaineann leis an gcineál sin tacaíochta amhail tacaíocht ghinearálta ar nós seirbhísí cóitseála agus comhairliúcháin (lena náirítear trí Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha), iasachtaí, deontais nó creidmheasanna cánach chun sócmhainní inláimhsithe (innealra/trealamh teicniúil) agus sócmhainní doláimhsithe (bogearraí/oiliúint) nó bearta struchtúracha (lena náirítear boscaí gainimh rialála 24 ) a cheannach. Ina theannta sin, áirítear i roinnt pleananna infheistíochtaí a bhaineann go sonrach le réimse ar leith (mar shampla le haghaidh próisis nua i ngníomhaíochtaí tráchtála) chomh maith le hinfheistíochtaí a bhaineann go sonrach le tionscal (mar shampla don earnáil turasóireachta nó d’earnáil an mhonaróra/an tsoláthróra feithiclí).

I bplean na hOstaire, áirítear pacáiste láidir beart arb é is aidhm dó tacú le digitiú cuideachtaí agus é a éascú. Go háirithe, tá infheistíochtaí spriocdhírithe sa phlean chun cabhrú le FBManna teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh, agus is léir anois gur bac ar fhás táirgiúlachta iad.

I bplean na Danmhairge tá bearta chun digitiú FBManna a chothú trí shíneadh a chur leis an scéim SME: Digital atá ann cheana, lena gcuirtear fóirdheontais ar fáil do FBManna chun a ngnó a dhigitiú agus chun cur leis an úsáid a bhaintear as ardteicneolaíocht nua agus as réitigh ríomhthráchtála.

Rinne an Iodáil roinnt beart atá ann cheana a atheagrú agus a ollchóiriú isteach sa scéim ar a dtugtar ‘Aistriú 4.0’ , lena gcuirtear creidmheas cánach ar fáil do ghnólachtaí a dhéanann infheistíocht in earraí láimhsithe (innealra digiteach agus uathoibrithe) agus earraí doláimhsithe (bogearraí) de chuid an chláir ‘Tionscal 4.0’ (‘Transizione 4.0’), agus ar an dóigh sin dírítear ar nuachóiriú agus digitiú earnáil an táirgthe a chothú.

Ar an iomlán, baineann gnólachtaí beaga agus móra tairbhe as na hinfheistíochtaí a thacaíonn le digitiú gnólachtaí. Mar sin féin, sa bhreis air sin, áirítear sa chuid is mó de na pleananna bearta atá dírithe go sonrach ar FBManna, toisc go mbíonn dúshláin níos airde roimh ghnólachtaí beaga maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh.

Nascacht

Áirítear i bhformhór mór na RRPanna infheistíochtaí sa nascacht, lena ngabhann costas measta EUR 13 billiún agus arb ionann é agus 10 % de cholún an chlaochlaithe dhigitigh. Cumhdaítear leis sin raon leathan gníomhaíochtaí a rannchuidíonn a gcuspóirí le líonraí fíor‑ardacmhainne seasta agus gan sreang a imlonnú, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir leis an Deacáid Dhigiteach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach Eorpach ar an idirlíon ardluais faoi 2025 agus go mbeidh rochtain acu ar nascacht ghigighiotáin faoi 2030. Áirítear in go leor RRPanna infheistíochtaí a thacaíonn le cur in úsáid 5G nó líonraí sárthapa nó fíor‑ardacmhainne seasta chun an bearna dhigiteach a laghdú.

Le ‘Leathanbhanda na hOstaire 2030’, áirítear in RRP na hOstaire infheistíochtaí i líonraí gigighiotáin a shroicheann leath de theaghlaigh na hOstaire a bhfuil naisc ghigighiotáin acu a sholáthraíonn luas íoslódála agus uaslódála 100Mbit/s ar a laghad agus imscaradh nascacht ghigighiotáin shiméadrach nua, rud a rachaidh chun tairbhe do réigiúin tuaithe go háirithe.

Le RRP na Cróite, maoineofar forbairt bonneagair leathanbhanda i limistéir nach bhfuil leas tráchtála leordhóthanach iontu, rud a chabhróidh leis an mbearna dhigiteach sa Chróit a laghdú – le sprioc chun dul i gcion ar 700 000 áitritheoir sna limistéir sin.

Áirítear i roinnt RRPanna freisin infheistíochtaí le haghaidh bonneagair snáthoptaice a shuiteáil i bhfoirgnimh, agus infheistíochtaí a bhféadfadh gné trasteorann a bheith acu freisin, amhail iad sin i gconairí 5G agus cáblaí snáithín faoi uisce. Ina theannta sin, áirítear i roinnt RRPanna athchóirithe tionlacain i gcomhréir leis na deachleachtais chun 5G a chur i bhfeidhm go tráthúil agus leathanbhanda tapa, mar a fhoráiltear sa ‘Bhosca Uirlisí um Nascacht’ 25 . Leis na hathchóirithe sin, táthar ag súil go néascófar infheistíochtaí oibreoirí príobháideacha i líonraí fíorardacmhainne, go háirithe trí bhacainní riaracháin nach bhfuil gá leo ar infheistíochtaí i líonraí a bhaint, trí nósanna imeachta ceadúnaithe ceadanna a bhrostú le haghaidh infheistíochtaí i leathadh amach líonraí gan sreang agus líonraí seasta fíorardacmhainneachta, agus trí chostas an imlonnaithe a laghdú agus trí phróisis imlonnaithe líonra a éascú.

Le RRP na Cipire, maoineofar suiteáil cáblaí fomhuirí nua chun an Chipir a nascadh leis an gcóras Gréagach, córas trína mbeidh rochtain ag an gCipir ar roinnt de na malartuithe idirlín is tábhachtaí sa réigiún agus lena bhfeabhsófar nascacht ar an oileán.

Le RRP na hIodáile, maoineofar 5 bheart a mheastar a rannchuideoidh leis an líonra náisiúnta teileachumarsáide sárthapa agus 5G ar fud na críche náisiúnta: Italia 1 Giga, Italia 5G, Scoileanna Nasctha, Saoráidí Cúraim Sláinte Nasctha agus na hOileán Beaga Nasctha.

Maidir leis na hathchóirithe a ghabhann leis sin, tá pleananna na hOstaire agus na Gréige i gcomhréir leis an mbosca uirlisí um Nascacht agus áirítear iontu, mar shampla, athchóirithe chun nósanna imeachta a shimpliú maidir le húsáid leathanbhanda, go háirithe trí bhacainní riaracháin nach bhfuil gá leo a bhaint, trí nósanna imeachta ceadúnaithe a bhrostú agus trí chostais úsáide a laghdú.

T&F Digiteach, acmhainní digiteacha agus imscaradh ardteicneolaíochtaí

Áirítear i bhformhór na RRPanna bearta lena dtacaítear le taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí digiteacha agus/nó infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus imscaradh ardteicneolaíochtaí, ar feadh thart ar EUR 18 billiún san iomlán, arb ionann é agus thart ar 14 % den ranníocaíocht iomlán le colún an aistrithe dhigitigh. Is éard atá sna bearta sin go príomha infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí T&F&N i réimsí amhail an mhicrileictreonaic, an néalríomhaireacht, an chibearshlándáil agus an intleacht shaorga, chomh maith le bonneagair, lena n‑áirítear go háirithe sár‑ríomhairí agus líonraí cumarsáide candamaí. Déanfar na hinfheistíochtaí sin ag amanna i gcomhthéacs tionscadail ilnáisiúnta (féach an roinn thíos). Áirítear i roinnt RRPanna freisin athchóirithe chun na hinfheistíochtaí sin a chomhlánú, agus é mar aidhm uirlisí beartais T&N a choigeartú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d'fhorbairt na réimsí teicneolaíochta sin, nó an creat dlí agus riaracháin (go háirithe don mhéid a bhaineann le rialachas agus le bainistiú sonraí) chun glacadh leis na teicneolaíochtaí comhfhreagracha a chumasú.

I bplean na Gearmáine, áirítear tionscnamh Eorpach trasteorann ar mhórscála chun infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile de sheirbhísí néalríomhaireachta agus de bhonneagar, chun úsáid thionsclaíoch na néalríomhaireachta cliste agus na réiteach ciumhaise a chothú, ar réitigh iad atá thar a bheith nuálaíoch, ar ardchaighdeán slándála, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá i gcomhréir go hiomlán le cosaint sonraí.

Le RRP na hOstaire, maoineofar bonneagair agus comhoibriú taighde chun, i measc nithe eile, an bonn eolais a leathnú le haghaidh (tuilleadh) forbartha ar choincheapa teicneolaíochta chomh maith le (tuilleadh) forbartha ar chrua‑earraí agus ar bhogearraí le haghaidh ríomhaireacht chandamach, ionsamhlaithe agus cumarsáide.

Tacóidh an Bheilg, an Spáinn agus an tSlóivéin le digitiú na hearnála cultúrtha agus na hearnála meán. Le hinfheistíochtaí suntasacha, déanfar uirlisí teicneolaíochta don digitiú a chur ar fáil d’oibreoirí cultúrtha agus na meán agus tacófar le claochlú digiteach na n‑institiúidí móra cultúrtha agus cuirfear iad chun cinn, lena méadófar inrochtaineacht na hoidhreachta cultúrtha.

3.4.Rannchuidiú na Saoráide le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (colún 3) 

Bearta lena gcuirtear le colún an fháis chliste inbhuanaithe uilechuimsithigh, baineann siad le breis agus míle beart de na 22 RRP, agus luach EUR 223 bhilliún ag gabháil leo. Baineann na bearta sin le réimsí an‑éagsúla, idir thacaíocht do FBManna, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus athchóirithe chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó nó ar iomaíochas. Cumhdaítear leo freisin infheistíochtaí móra chun tacú le fás cliste inbhuanaithe amhail tacaíocht na Spáinne don digitiú agus don nuálaíocht (EUR 3 billiún), Transizione 4.0 (EUR 10.8 billiún) na hIodáile, caipitliú na Portaingéile ar a banc náisiúnta le haghaidh spreagadh Banco Nacional de Fomento (EUR 1.5 billiún). Cumhdaítear leis na bearta sin freisin raon leathan athchóirithe go háirithe i bpríomhréimsí an Mhargaidh Aonair, amhail gairmeacha rialaithe (an Phortaingéil, an Chróit), stádas ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha (Poblacht na Seice, an Ghréig, an Spáinn, nó an Rómáin), maoin intleachtúil (an Iodáil, an Ghréig), faireachas margaidh (an Iodáil), dócmhainneacht (an Iodáil, an Spáinn, an Phortaingéil, an Ghréig, an tSlóvaic) agus soláthar poiblí (an Iodáil, an Ghréig, an tSlóivéin agus an Laitvia).

Fíor 8: Miondealú an chaiteachais lena dtacaítear le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (colún 3)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann an céatadán sin leis an gcaiteachas foriomlán a chlibeáladh faoi gach réimse beartais mar sciar den cholún fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh.

Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht (T&F&N)

Áirítear sna RRPanna uile bearta a bhaineann le taighde, forbairt agus nuálaíocht, dar luach EUR 44 billiún san iomlán 26 . Is ionann méid na ninfheistíochtaí T&N de ghnáth agus idir 4 % agus 13 % de leithdháileadh deontas RRF i mBallstát, le roinnt asluiteach faoin raon sin nó os a chionn agus thart ar 10 % ar an meán.

I measc roinnt RRPanna tá idir infheistíochtaí agus athchóirithe a d’fhéadfadh tionchar ceart claochlaitheach a bheith acu ar fhorbairt chóras T&N na mBallstát, agus é á mhúnlú sna blianta amach romhainn. Mar shampla, i roinnt Ballstát Thoir agus Theas, ina gcomhcheanglaítear leithdháileadh ard deontas RRF agus déine íseal T&F, is ionann na hinfheistíochtaí a áirítear sna RRPanna agus breis agus aon bhliain amháin d'infheistíochtaí poiblí (réamh‑COVID) in T&N. Thairis sin, i roinnt de na tíortha sin, tá na hinfheistíochtaí seo nasctha le hathchóirithe tábhachtacha beartais T&N. Is minic a bheartaítear leis na hathchóirithe atá beartaithe ilroinnt an chórais taighde eolaíoch a laghdú trí institiúidí taighde eolaíochta a chomhdhlúthú nó chun cur le mealltacht gairmeacha taighde in institiúidí poiblí trí athruithe a dhéanamh ar na beartais earcaíochta, tuarastail agus bainistíochta gairme.

In RRP na Slóvaice tá athchóiriú lena gcothófar comhchruinniú cumas sármhaith oideachais agus taighde trí ollscoileanna a thabhairt le chéile ina n‑aonaid níos mó. Leis an athchóiriú, ba cheart go bhféadfaí an comhar idir eintitis taighde acadúla agus gnó a mhéadú.

Áirítear in RRP na Cróite clár oibre athchóirithe arb é is aidhm dó an bonn eolaíochta poiblí a neartú trí chóras maoinithe nua atá bunaithe ar fheidhmíocht a thabhairt isteach le haghaidh ollscoileanna agus eagraíochtaí poiblí taighde agus trí fheabhas a chur ar tharraingteacht gairmeacha taighde agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat maidir le dul chun cinn gairmréime na dtaighdeoirí.

Tá sé mar aidhm ag athchóirithe freisin an t‑ualach riaracháin a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú poiblí do ghníomhaíochtaí T&N a laghdú agus tacú le haistriú eolais agus teicneolaíochta (ó institiúidí taighde poiblí go cuideachtaí príobháideacha) trí eintitis iomchuí (oifigí, gníomhaireachtaí) a chruthú agus bacainní ar chomhoibriú idir lucht léinn agus lucht gnó a bhaint. Agus ar deireadh, tá sé mar aidhm ag na leasuithe atá san áireamh sna RRPanna feabhas a chur ar an gcomhordú idir na leibhéil éagsúla rialachais i mbeartais T&N agus oideachais, d'fhonn freagairt do riachtanais scileanna agus d'fhonn infhostaitheacht a fheabhsú, go háirithe do dhaoine óga.

Áiríonn líon mór RRPanna infheistíochtaí téamacha T&N a fhágfaidh go mbeifear in ann leas a bhaint as cumais T&N d'fhonn dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus feabhas a chur ar athléimneacht, i gcomhréir le cláir oibre ar leibhéal an Aontais (is amhlaidh gur clibeáladh thart ar 37 % agus 22 % de chostas measta na mbeart a bhaineann le T&F&N mar rud a chuireann le cuspóirí glasa agus digiteacha faoi seach). Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí agus do bhonneagair T&N a bheidh sna hinfheistíochtaí téamacha sin den chuid is mó. Chuir roinnt Ballstát san áireamh freisin infheistíochtaí chun tacú le Comhpháirtíochtaí Fís Eorpach agus maoiniú do thionscadail den scoth a bhain an ‘Séala Barr Feabhais’ amach faoin gclár Fís Eorpach.

Tá sé mar aidhm ag RRP na Danmhairge dreasachtaí a chur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach chun borradh a chur faoi T&F, go háirithe i dteicneolaíochtaí glasa nuálacha trí cheithre chomhpháirtíocht phoiblí‑phríobháideacha ar a dtugtar “comhpháirtíochtaí glasa” a chur ar bun chun réitigh a fhorbairt ar cheithre dhúshlán atá bunaithe ar mhisin chun astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha iompair, talmhaíochta, bia agus dramhaíola.

Tacaíocht d’fhiontair (lena n‑áirítear FBManna, Rochtain ar mhaoiniú agus ionstraimí airgeadais)

Áirítear i bhformhór na RRPanna (19 as 22) bearta lena dtugtar tacaíocht dhíreach do FBManna, arb ionann í agus EUR 44 billiún a sheasann do thuairim is 22 % den chaiteachas measta iomlán do cholún 3 27 . Mar sin féin, bainfidh FBManna tairbhe as líon níos mó beart a mbeidh fócas beartais níos leithne acu. Mar shampla, glao ar thionscadail a thacaíonn le T&N sna réimsí glasa agus digiteacha, ionstraimí airgeadais atá ar fáil do gach cuideachta, athchóirithe ar an timpeallacht ghnó a mbíonn tionchar acu ar FBManna mar aon le gnólachtaí níos mó, nó bearta leathana amhail digitiú na seirbhísí riaracháin phoiblí a mbeidh tionchar dearfach aige ar oibríochtaí agus ar chostais go leor FBManna ach ní bheidh siad eisiach do FBManna. Ó thaobh na mbeart breise sin de, áirítear sna RRPanna uile bearta atá ábhartha do FBManna, le caiteachas measta iomlán de thart ar EUR 109 billiún nó gar do 24 % den chaiteachas measta iomlán 28 .

Ar an iomlán, clúdaíonn raon feidhme na mbeart FBM atá san áireamh sna RRPanna raon leathan réimsí, ó fheabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus rochtain ar sholáthar poiblí, FBManna a dhigitiú agus a n‑inbhuanaitheacht chomhshaoil a fheabhsú. Tá roinnt beart dírithe freisin ar fhás agus athléimneacht FBManna a fheabhsú trí rochtain níos fearr ar mhaoiniú, athoiliúint agus uasoiliúint a gcuid fostaithe nó a gcumas taighde agus forbartha a neartú. Chomh maith leis na bearta atá dírithe ar FBManna go sainráite – agus go heisiach i gcásanna áirithe – meastar go rachaidh bearta roinnt RRPanna chun tairbhe go hindíreach freisin do FBManna. Is amhlaidh atá i gcás na n‑infheistíochtaí móra arna dtacú ag an RRP in earnálacha ina bhfuil sciar ard FBManna, amhail tógáil agus turasóireacht nó an glao ar thionscadail le haghaidh gníomhaíocht T&F ar féidir le FBManna nuálacha a bheith rannpháirteach iontu.

Bunóidh an Chróit roinnt ionstraimí airgeadais chun coinníollacha maoinithe níos fabhraí a chur ar fáil, chun 1,300 fóirdheontas ar iasachtaí/rátaí úis a dháileadh ar FBManna. Déanfaidh an Chróit infheistíocht freisin i gcumas bainistíochta FBManna trí thacaíocht chomhairleachta gnó a chur ar fáil dóibh.

Tacóidh an Laitvia le FBManna a bhfuil gníomhaíochtaí acu maidir le scileanna digiteacha, athoiliúint agus uasoiliúint, chomh maith le tacú le bonneagair dhigiteacha nuálacha amhail réitigh Thionsclaíocht 4.0.

Tacóidh RRP na Fraince le hathchóiriú fuinnimh FBManna le beart creidmheasa cánach agus scéim shonrach chun tacú le ceardaithe, le trádálaithe beaga agus le daoine féinfhostaithe ina n‑oibreacha athchóirithe fuinnimh.

Díríonn plean na Fionlainne go sonrach ar FBManna trí dhíriú ar dhlús a chur le fás mhicrifhiontair agus fhiontair bheaga na Fionlainne, agus trí chur lena gcumas idirnáisiúnaithe trí dheontais forbartha gnó a sholáthar.

I bplean na Spáinne, tá an tacaíocht a thugtar do FBManna dírithe go mór ar an digitiú le scéim leathan (EUR 3 billiún) chun pacáistí digitithe bunúsacha agus níos forbartha a chur ar fáil do sciar suntasach de FBManna (Sraith Uirlisí Digiteacha).

Áirítear i bplean na Gréige roinnt infheistíochtaí freisin atá dírithe ar rochtain ar mhaoiniú a chur chun cinn do ghnólachtaí na Gréige, FBManna san áireamh, trí scéim uaillmhianach maidir le Saoráid Iasachta. Déanfar na hinfheistíochtaí sin a ailíniú leis na cúig cholún straitéiseacha atá leagtha síos don tSaoráid Iasachta, eadhon an t‑aistriú glas, an digitiú, an t‑easaontas, barainneacht scála trí chumaisc agus éadálacha, agus an nuálaíocht (T&F).

Agus a gcuid RRPanna á n‑imscaradh acu, tá neart saoirse ag na Ballstáit freisin chun rannpháirtíocht FBManna i dtionscadail mhórscála a chothú chomh maith leis an gcomhar idir fiontair bheaga agus mhóra nó an saol acadúil.

Leis an tionscadal straitéiseach maidir le feithiclí leictreacha agus nasctha atá beartaithe i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne, PERTE, tá sé beartaithe go gcuirfear chun feidhme roinnt tionscadail mhóra chomhtháite lena gcumhdófar an slabhra luacha ar fad le haghaidh feithiclí leictreacha agus nasctha, ar a dtugtar ‘tionscadail tarracóirí’. Ceanglaítear leis gur FBManna a bheidh in 40 % de na rannpháirtithe sna tionscadail tarracóirí, ar a laghad, agus go rachaidh 30 % den chabhair uile chun leasa na FBManna. Táthar ag súil go rannchuideoidh an beart le rannpháirtíocht FBManna i slabhra luacha an tionscail mótarfheithiclí a chothabháil agus a fhorbairt agus go gcruthófar deiseanna nua gnó do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna.

An timpeallacht ghnó

Áirítear sa chuid is mó RRPanna bearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, le hathchóirithe agus le hinfheistíocht arb ionann iad agus EUR 17.2 billiún agus 8.5 % den chaiteachas measta sa réimse seo. Tá sé mar aidhm shonrach ag na bearta feabhas a chur ar an mbealach is fusa a bhaineann le gnó a dhéanamh trí rómhaorlathas a laghdú do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe trí rialáil gnó a léirscaoileadh agus trí shrianta i ngairmeacha ardrialaithe a laghdú. Tá sé mar aidhm leis na bearta freisin infheistíochtaí agus gairmithe ón gcoigríoch a mhealladh nó príomhearnálacha amhail an cultúr agus an turasóireacht a fhorbairt. Tugann roinnt RRPanna pacáistí athchóirithe isteach chun iomaíochas na lamháltas poiblí agus an tsoláthair phoiblí a mhéadú. 

In RRP na Gréige, áirítear athchóiriú atá dírithe ar an ualach riaracháin agus rialála ar ghnólachtaí a laghdú. Is éard atá san athchóiriú sraith idirghabhálacha chun nósanna imeachta a shimpliú amhail creidmheas a fháil, nasc leictreachais a fháil, maoin a chlárú, agus cead tógála a fháil.

Tá sé beartaithe ag an Spáinn dlí nua nuathionscanta a ghlacadh lena gcruthófar dálaí fabhracha chun gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a chruthú agus chun go bhfásfaidh siad.

Cuireann an Ostair san áireamh pacáiste do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna nuálacha agus d’fhiontraíocht shóisialta freisin.

Áirítear i bhformhór na RRPanna bearta i réimse an bhonneagair gnó, tionsclaithe agus ationsclaithe, ar fiú EUR 26 billiún san iomlán iad sna réimsí beartais sin. Baineann na bearta sin go háirithe le feabhas a chur ar an nasc idir iarnróid agus bóithre le calafoirt, le páirceanna tionsclaíocha agus ar fhorbairt na mol iompair ilmhódaigh; athshlánú láithreán tionscail lena n‑áirítear bainistiú uisce agus dramhaíola; bearta chun tacú leis an ngeilleagar ciorclach i láithreáin thionsclaíocha, lena n‑áirítear moil athchúrsála; moil lóistíochta chun tacú leis an tionscal agraibhia; leathanbhanda agus nascacht 5G do láithreáin thionsclaíocha agus do cheantair ghnó; spásanna sonraí a chruthú le haghaidh cur i bhfeidhm tionsclaíoch nó le haghaidh earnálacha sonracha tionsclaíocha.

3.5.Rannchuidiú na Saoráide le comhtháthú sóisialta agus críochach (colún 4) 

Is ionann bearta a thacaíonn le comhtháthú sóisialta agus críochach agus EUR 193 billiún den chaiteachas measta. Áirítear go háirithe sna bearta atá dírithe ar chomhtháthú críochach infheistíochtaí móra bonneagair arb ionann iad agus níos mó ná leath den chaiteachas a chuirtear le colún 4 (72 %). Déantar caiteachas ar chomhtháthú sóisialta i gcolún 4 a roinnt go cothrom tríd is tríd idir beartais shóisialta (cosaint shóisialta agus tithíocht shóisialta) agus bearta a chuidíonn le fostaíocht agus le scileanna (tacaíocht fostaíochta nach tacaíocht don óige í, nuachóiriú institiúidí mhargadh an tsaothair agus oideachas aosach).

Fíor 9: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le comhtháthú sóisialta agus críochach de réir réimse beartais (colún 4)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann an céatadán sin leis an gcaiteachas foriomlán a chlibeáladh faoi gach réimse beartais mar sciar de cholún an chomhtháthaithe shóisialta agus chríochaigh.

Bonneagar agus seirbhísí críochacha, forbairt limistéar tuaithe agus iargúlta (lena n‑áirítear oileáin)

Tá sé mar aidhm ag líon mór athchóirithe agus infheistíochtaí feabhas a chur ar an mbonneagar críochach agus ar na seirbhísí a sholáthraítear ar an leibhéal áitiúil, agus an bhearna idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe a líonadh. Áirítear iontu sin bearta chun tacú le hearnáil na talmhaíochta, chun feabhas a chur ar bhonneagair lenar féidir borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil agus faoin iomaíochas náisiúnta (amhail iarnróid agus cuanta), agus chun tacú le soláthar seirbhísí a mbíonn tionchar díreach acu ar cháilíocht na beatha laethúla. Baineann go leor de na bearta maidir le bonneagair agus seirbhísí críochacha le feabhsú agus nuálaíocht na soghluaisteachta agus an iompair, trí fheabhas a chur ar chórais bainistithe aerthráchta, trí infheistíocht a dhéanamh i dtógáil, uasghrádú agus leictriú na n‑iarnród, trí bhonneagair chalafoirt agus chuain a nuachóiriú, agus tacú le tionscadail inbhuanaithe soghluaisteachta uirbí, amhail seirbhísí ardlín iompair phoiblí agus tógáil lánaí rothaíochta.

Áirítear sna RRPanna freisin roinnt beart chun úsáid acmhainní nádúrtha a fheabhsú agus an comhshaol a chaomhnú ar an leibhéal áitiúil. Is amhlaidh atá i gcás athchóirithe ar bhainistiú séarachais agus dramhaíola sna hoileáin, i gcás infheistíochtaí chun córais chóireála uisce a leathnú i gceirtleáin mhóra chomh maith leis na gréasáin uiscithe i limistéir thuaithe, i gcás na mbeart chun inbhuanaitheacht talmhaíochta, feirmeoireachta beostoic agus iascaigh a mhéadú agus chun tacú le cruthú cuibhreannas i limistéir thuaithe fheidhmiúla. Maidir leis na seirbhísí críochacha, beartaítear leis na RRPanna bearta chun cumas na mbardas seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil trí athchóirithe díláraithe agus trí infheistíochtaí chun feidhmíocht an riaracháin phoiblí a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil.

I measc phleananna na Beilge, na Danmhairge agus na hIodáile tá infheistíochtaí chun tógáil conairí rothar ar bhóithre stáit a spreagadh. Tacóidh an méid sin le rochtain ar ghréasán rothar níos comhtháite do shaoránaigh agus d’earnáil na turasóireachta agus ar an gcaoi sin beidh deiseanna níos fearr ann an rothar a roghnú seachas modhanna eile iompair. Ina theannta sin, tacóidh na bearta le scéim a dhíríonn ar thionscadail tógála rothar bardasach.

Cuirfidh an Chipir bearta cosanta tuilte agus bearta bailithe uisce chun feidhme lena ndíreofar ar an Livadia, ar Kladeri agus ar lár na Niocóise. Níos cruinne fós, tacóidh an infheistíocht seo le huasghrádú na mbealaí tuilte in Livadia, le gréasán bailithe uisce báistí de 4 600 méadar ar fhad a thógáil in Kladeri, agus le córas séarachais sa Niocóis, lena n‑áirítear sráideanna agus cosáin a athchóiriú agus an gréasán uisce báistí a leathnú.

Le RRP na Laitvia, foráiltear go ndéanfar athchóiriú críochach riaracháin chun cáilíocht na seirbhísí a fheabhsú trí líon na n‑aonad riaracháin a laghdú agus trí éifeachtúlacht agus inrochtaineacht sholáthar na seirbhíse a mhéadú. Áirítear sa bheart sin dlí nua bardais a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmeanna agus ar chúraimí na rialtas áitiúil. Leis an dlí nua, áiritheofar rialachas níos fearr ar an leibhéal bardasach, deighilt agus roinnt na n‑inniúlachtaí idir cinnteoireacht agus cumhachtaí feidhmiúcháin, agus méadú ar rannpháirtíocht na saoránach i gcinnteoireacht na bpobal áitiúil.

Cosaint shóisialta, cuimsiú, tithíocht shóisialta agus bonneagar sóisialta

Cumhdaíonn na RRPanna raon leathan athchóirithe agus infheistíochtaí lena neartaítear córais chosanta sóisialta na mBallstát. Dírítear leis na bearta sin ar éifeachtacht, ar cháilíocht agus ar athléimneacht na gcóras cosanta sóisialta, ag brath ar riachtanais tírshonracha mar a léiríodh sna moltaí tírshonracha 2019/2020. Baineann formhór na n‑infheistíochtaí cosanta sóisialta faoin RRF le gréasán na seirbhísí sóisialta agus na saoráidí arna gcur ar fáil ag institiúidí sóisialta poiblí agus príobháideacha a uasghrádú, a leathnú nó a fheabhsú. Áirítear iontu freisin bearta sonracha lena dtugtar aghaidh, mar shampla, ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas, ar leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht sochar sóisialta a mhéadú, agus ar dhálaí maireachtála na ndaoine scothaosta a bhfuil gá acu le cúram a fheabhsú. Cuireann roinnt Ballstát san áireamh freisin infheistíochtaí tábhachtacha chun an soláthar tithíochta sóisialta agus bonneagair shóisialta do ghrúpaí leochaileacha a mhéadú. Chomh maith leis sin, chuir roinnt Ballstát céimeanna san áireamh ina gcuid RRPanna chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais ioncaim agus pinsin íosta chun a leordhóthanacht agus a n‑inbhuanaitheacht a mhéadú. Is ionann na bearta i bhfabhar cosaint shóisialta agus tithíocht shóisialta agus tuairim is EUR 27 billiún den chaiteachas measta.

An Phortaingéil: Is infheistíocht é an ‘Clár Tacaíochta le haghaidh Rochtain ar Thithíocht’ chun tithíocht chuibhiúil agus leordhóthanach a chosaint do theaghlaigh a bhfuil na riachtanais is mó acu agus do na grúpaí is leochailí, agus é mar aidhm leis tacaíocht a thabhairt den chuid is mó do chóiríocht tithíochta sóisialta do 26 000 teaghlach ar a laghad a bhfuil gá acu leis faoi 2026. Beartaítear leis na hinfheistíochtaí foirgnimh nua a thógáil, na teaghaisí atá ann cheana a athchóiriú, chomh maith le foirgnimh bhreise a fháil agus a léasú nuair is gá sin chun tithíocht shóisialta a chur ar fáil.

An Liotuáin: athchóiriú chun cumhdach na scéime um árachas dífhostaíochta a mhéadú, sochair bhreise a thabhairt isteach do dhaoine aonair aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, chomh maith le feabhas a chur ar an sásra innéacsaithe pinsin chun bochtaineacht seanaoise a mhaolú.

An Chróit: airítear sa RRP athchóiriú agus infheistíocht ar mheantóireacht shóisialta, chun seirbhís meantóireachta aonair a chur i bhfeidhm in ionaid leasa shóisialta atá dírithe ar dhaoine aonair atá i mbaol nó atá i staid imeallaithe. Díreoidh an tseirbhís nua seo ar lánpháirtiú na ndaoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin, na ndaoine gan dídean, na n‑imirceach, na Romach, na ndaoine óga, na ndaoine a bhfuil pianbhreith príosúnachta orthu agus na mball de ghrúpaí eile atá leochaileach go sóisialta.

An Spáinn: athchóiriú maidir le teaghlaigh a chosaint agus aitheantas a thabhairt dá n‑éagsúlacht, lena dtugtar aitheantas dlíthiúil do chineálacha éagsúla struchtúr teaghlaigh agus lena gcinntear na sochair agus na seirbhísí a bhfuil siad i dteideal a fháil ag brath ar a saintréithe agus ar leibhéil a n‑ioncaim.

Tacaíocht fostaíochta, nuachóiriú institiúidí mhargadh an tsaothair agus oideachas agus oiliúint aosach le haghaidh spriocghrúpaí seachas an óige

Chuir beagnach gach Ballstát san áireamh ina gcuid RRPanna réimse athchóirithe agus infheistíochtaí chun tacú le cruthú post, le huasoiliúint agus le nuachóiriú a margadh saothair. Freagraíonn na bearta sin don mholadh tírshonrach a bhaineann le tacaíocht fostaíochta agus le margadh an tsaothair le dhá bhliain anuas, moladh atá dírithe ar bheagnach gach Ballstát. Go háirithe, iarradh ar thromlach na mBallstát in 2020 ‘tionchar na géarchéime ar an bhfostaíocht a mhaolú agus tacaíocht do phoist a neartú’, agus sainaithníodh dúshláin struchtúracha níos sonraí freisin.

Tá beartais fostaíochta agus beartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair ina bpríomhghné de bheagnach gach RRP, i gcomhréir freisin leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht (EASE) i ndiaidh na géarchéime COVID‑19. Áirítear sna pleananna infheistíochtaí agus athchóirithe chun rannpháirtíocht na mban, na ndaoine óga, agus na ngrúpaí leochaileacha i margadh an tsaothair a mhéadú, chun tacú le cruthú post agus leis an aistriú chuig earnálacha agus gairmeacha nua, chun borradh a chur faoin bhfostaíocht agus chun feidhmíocht, feidhmiú agus athléimneacht mhargaí an tsaothair a fheabhsú. Ar an iomlán, is ionann na bearta lena dtacaítear leis an bhfostaíocht agus le nuachóiriú institiúidí mhargadh an tsaothair agus thart ar EUR 11.3 billiún, arb ionann é agus 6 % den leithdháileadh faoi cholún 4.

Beidh foghlaim aosach ríthábhachtach chun cur leis an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta. I measc na bpleananna náisiúnta tá athchóirithe chun feabhas a chur ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar mheasúnú agus aithint scileanna, ar uasoiliúint agus athoiliúint chun conairí gairme a neartú, chomh maith le hinfheistíochtaí chun oiliúint a spreagadh san earnáil phríobháideach (thart ar EUR 16.4 billiún).

An Iodáil: infheistíocht chun tacú le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh i saoráidí cúraim leanaí agus trí thacú le fiontraíocht na mban. Leis an infheistíocht dheireanach sin, cuirfear tacaíocht ar fáil d’fhiontraithe ban, cothófar cruthú agus leathnú tionscadal nuálach gnó, agus cuirfear deiseanna meantóireachta agus oiliúna ar fáil, mar aon le gníomhaíochtaí cumarsáide.

An Fhrainc: cabhróidh an scéim oiliúna FNE le cuideachtaí infheistíocht a dhéanamh in oiliúint d’fhostaithe i bpáirtfhostaíocht, rud a rachaidh chun sochair don fhostaí, trí chur lena infhostaitheacht, agus chun sochair don chuideachta, trí chur lena cumas iomaíochta.

An Ghréig: le cláir chothrománacha uasoiliúna i scileanna digiteacha, scileanna glasa agus litearthacht airgeadais do níos mó ná leathmhilliún tairbhí san iomlán, tacófar le hinfhostaitheacht lucht saothair na Gréige san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Sula ndéanfar an infheistíocht, déanfar athchóiriú ar an gcóras foghlama ar feadh an tsaoil lena n‑áiritheofar ardchaighdeáin agus ábharthacht na hoiliúna do mhargadh an tsaothair.

An tSlóivéin: áirítear sa RRP beart lena dtacaítear le hoibrithe óga a bheith ag dul isteach i margadh an tsaothair, le dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil d’fhostóirí chun daoine óga atá suas le 25 bliana d’aois a fhostú ar chonarthaí buana, ar an gcoinníoll go mbeidh meantóireacht agus oiliúint a bhaineann go sonrach leis an bpost ar fáil, lena n‑áirítear díriú ar scileanna digiteacha.

Éire: tacaíocht ghníomhachtúcháin don dífhostaíocht fhadtéarmach chun taithí oibre ar ardchaighdeán a chur ar fáil do 10 000 duine ar a laghad atá dífhostaithe le sé mhí nó níos mó. Déantar socrúcháin sealadacha fóirdheonaithe oibre a chomhcheangal le meantóireacht, rochtain ar oiliúint agus tacaíocht ó sheirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha chun infhostaitheacht níos fadtéarmaí a fheabhsú.

An Spáinn: conarthaí fostaíochta a athchóiriú, lena leasaítear na rialacháin atá ann cheana maidir le conarthaí sealadacha a úsáid chun úsáid conarthaí buana a chur chun cinn. Leis an athchóiriú, déanfar na cineálacha conarthaí oibre atá ar fáil (idir chonarthaí buana, sealadacha agus oiliúna/printíseachta) a shimpliú agus a laghdú agus cuirfear teorainn leis na coinníollacha faoinar féidir conarthaí sealadacha a úsáid. Cuirfear creat leordhóthanach ar fáil do phrintísigh chun dul isteach i margadh an tsaothair, athneartófar úsáid conartha buana do ghníomhaíochtaí séasúracha, neartófar rialuithe chun am oibre neamhrialta a chosc agus chun calaois saothair a chomhrac, cur i gcás an córas smachtbhannaí a thabhairt cothrom le dáta. Áirítear sna RRPanna freisin bearta chun seirbhísí fostaíochta poiblí a neartú agus a nuachóiriú agus tacaíocht níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, amhail trí dhigitiú, trí optamú próisis, trí oiliúint foirne, agus trí fhoireann shealadach a earcú chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime.

3.6.Rannchuidiú na Saoráide leis an tsláinte, agus le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, d’fhonn, inter alia, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus cumas freagartha i gcomhair géarchéimeanna a mhéadú (colún 5)

Áirítear sna 22 RRP glactha bearta a thacaíonn le colún 5 do mhéid iomlán EUR 78 billiún. Cé go bhfuil maoiniú dírithe ar chúram sláinte a neartú agus ar riarachán poiblí a athchóiriú, dáiltear líon na mbeart ar bhealach níos cothroime i measc na réimsí beartais. Is féidir colún 5 a mhiondealú i 14 réimse beartais, mar a léirítear i bhFíor 10 thíos. Is léir gurb iad cúram sláinte agus riarachán poiblí na réimsí atá ag baint an méid is mó tairbhe as, agus tús áite ag an gcúram sláinte a mhéid a bhaineann le caiteachas agus le riarachán poiblí maidir le líon na mbeart. Ní leithdháiltear ach méideanna thar a bheith beag den chaiteachas foriomlán ar roinnt réimsí amhail an beartas fioscach, cosc calaoise nó an smacht reachta, ach ina ionad sin baineann siad tairbhe as athchóirithe beartais spriocdhírithe.

Fíor 10: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais arna bhunú ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann an céatadán sin leis an gcaiteachas foriomlán a chlibeáladh faoi gach réimse beartais mar sciar de cholún na sláinte agus athléimneacht na heacnamaíochta, na sochaí agus na n‑institiúidí.

Fíor 11: Líon na mbeart a thacaíonn le sláinte agus le hathléimneacht de réir réimse beartais (colún 5)

Cúram sláinte agus cúram fadtéarmach

Áirítear sna RRPanna uile bearta a bhaineann le cúram sláinte, a léiríonn tiomantas láidir na mBallstát chun feabhas a chur ar chórais sláinte ar fud an Aontais. Is ionann an caiteachas iomlán atá nasctha leis na bearta sin agus thart ar EUR 37 billiún, arb ionann é sin agus 49.15 % de leithdháileadh iomlán cholún 5. Tá raon leathan infheistíochtaí sláinte sna RRPanna. Ar an gcéad dul síos, tá thart ar EUR 25 billiún dírithe ar bhonneagar sláinte nua a thógáil nó ar uasghrádú na mbonneagar sláinte atá ann cheana, lena n‑áirítear trealamh gaolmhar leighis.

I bplean na Slóivéine, tá infheistíochtaí móra i mbonneagar ospidéil chun cóireáil éifeachtach galar teagmhálach a fheabhsú.

I bplean na Beilge, tá infheistíochtaí tábhachtacha i dtionscnaimh leigheas núicléach arb é is aidhm dóibh saoráid fréamhshamhla a chruthú chun raidiseatóip leighis a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe, agus tá na tionscnaimh sin dírithe ar chlár taighde a fhorbairt don chéad ghlúin eile de raidiseatóip theiripeacha i gcóireáil ailse.

Ina theannta sin, tá infheistíochtaí dar luach thart ar EUR 15 billiún leithdháilte go sonrach chun cúram príomhúil agus cosc a fheabhsú, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair dhíothacha. 

I bplean na Gréige, foráiltear go gcuirfear chun feidhme córas cuimsitheach de chosc príomhúil, tánaisteach agus treasach chun rochtain ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a fheabhsú do gach saoránach.

I sineirgíocht leis an dara colún, tá bearta i roinnt mhaith RRPanna atá dírithe ar chórais náisiúnta cúraim sláinte a dhigitiú, lena n‑áirítear raon feidhme na seirbhísí teilileighis a leathnú, cláir sláinte náisiúnta ilroinnte a chomhdhlúthú agus idir‑inoibritheacht agus slándáil ardán sláinte digiteach a áirithiú. Is ionann an caiteachas iomlán ar infheistíochtaí a rannchuidíonn leis an aistriú digiteach i gcúram sláinte agus EUR 12 billiún ar fud na bpleananna.

Le RRP na Rómáine, tacófar le córas ríomhshláinte comhtháite a fhorbairt lena nascfar breis agus 25 000 soláthróir cúraim sláinte agus córas teilileighis.

Le plean na Fionlainne, tacófar le gníomhaithe náisiúnta agus réigiúnacha chun seirbhísí digiteacha a fhorbairt lena ndíreofar ar shaoránaigh (e.g., seirbhísí coisctheacha, measúnuithe siomptóm, seirbhísí féinchúraim, seirbhísí digiteacha meabhairshláinte, etc.), córais ghairmiúla (e.g. múnlaí seirbhíse digití bunaithe ar anailís ar shonraí othar) agus réitigh bhainistíochta (e.g. bainistiú ardeolais agus réitigh anailísíochta).

Chun na hinfheistíochtaí a chomhlánú, tá sé beartaithe ag na Ballstáit clár oibre uaillmhianach um athchóiriú a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Dírítear sna príomh‑athchóirithe ar (i) córais sláinte a atheagrú chun a n‑acmhainneacht a neartú; (ii) rialachas córas sláinte a fheabhsú chun inbhuanaitheacht seirbhísí cúraim sláinte a mhéadú, agus (iii) sásraí a bhunú chun gairmithe sláinte a mhealladh agus a choinneáil i réigiúin shonracha. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás cleachtóirí ginearálta agus altraí pobail, mar go dtuairiscítear easnaimh shuntasacha sa lucht saothair sláinte atá ar fáil i roinnt tíortha. Mar shampla, áirítear i bplean na Spáinne athchóiriú lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar ghanntanais altraí agus dochtúirí, úsáid conarthaí sealadacha a laghdú, dálaí oibre a fheabhsú agus oiliúint agus forbairt ghairmiúil i limistéir gheografacha áirithe a fheabhsú.

Áirítear i 15 RRP bearta a bhaineann le cúram fadtéarmach (LTC). San iomlán, tá 43 bheart san áireamh sna pleananna, le caiteachas iomlán de thart ar EUR 4.2 billiún. Is é is aidhm d’infheistíochtaí i dtithe cúraim shóisialta, i dtithe altranais agus i mbonneagar agus seirbhísí gaolmhara LTC a áirítear i 15 phlean tacú le straitéisí náisiúnta um dhí‑institiúidiú trí shamhail atá dírithe ar chúram pobail agus ar réitigh chúraim bhaile a chur chun cinn. Mar chás den cineál sin, áirítear i bplean na Fraince infheistíocht mhór le haghaidh athchóiriú, claochlú agus trealamh d’earnáil leighis‑shóisialta na Fraince, go háirithe Bunachais do Dhaoine Spleácha Scothaosta (EHPAD) i gcaitheamh na tréimhse 2021‑2025.

Éifeachtacht an riaracháin phoiblí

Baineann breis agus aon trian de na bearta agus thart ar dhá thrian den chaiteachas atá nasctha le héifeachtacht an riaracháin phoiblí agus le leanúnachas gnó agus seirbhíse poiblí leis an gclaochlú digiteach. Is féidir teacht ar na bearta lena gcuirtear le claochlú digiteach an riaracháin phoiblí leis an gcaiteachas is mó mar chéatadán de leithdháileadh iomlán RRP i bpleananna na Gearmáine agus Mhálta. Go deimhin, tá 10 % de leithdháileadh iomlán RRP na Gearmáine dírithe ar athchóiriú a fhéachann le seirbhísí poiblí a chur ar fáil go digiteach faoi 2022. Ar an gcaoi chéanna, áirítear i bplean Mhálta infheistíocht arb ionann í agus beagnach 6 % dá leithdháileadh iomlán RRP chun feabhas a chur ar thaithí custaiméirí le seirbhísí ar líne.

Ar fud na RRPanna, bearta chun an státseirbhís a fheabhsú, ualaí rialála agus riaracháin a laghdú agus feabhas a chur ar an soláthar poiblí, cuireann siad le héifeachtacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú. Tá bearta i 10 RRP chun feabhas a chur ar oiliúint, forbairt agus coinníollacha na státseirbhíseach trí shocruithe solúbtha oibre a éascú, trí chóras pá níos fearr a chur chun feidhme sa tseirbhís phoiblí nó trí phróisis earcaíochta a nuachóiriú mar shampla. Dá réir sin, áirítear i 5 RRP athchóirithe riaracháin phoiblí chun an t‑ualach rialála agus riaracháin a laghdú do ghnólachtaí trí nósanna imeachta agus ceanglais a bhaineann le gníomhaíocht ghnó a shimpliú, trí cheanglais rialála le haghaidh seirbhísí gairmiúla a shimpliú nó trí “tástáil FBM” a chur chun feidhme. Ar deireadh, tá sé mar aidhm ag 10 RRP soláthar poiblí a fheabhsú trí sholáthar leictreonach a fhorbairt nó tríd an bpróiseas dámhachtana a chuíchóiriú.

In RRP na Rómáine, áirítear bearta chun cáilíocht agus éifeachtacht an riaracháin phoiblí a fheabhsú, go háirithe maidir le bearta chun éifeachtacht an chórais bhreithiúnaigh a threisiú agus chun an t‑éilliú a chomhrac.

In RRP na Laitvia, áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí chun an riarachán poiblí a nuachóiriú, chun feidhmeanna tacaíochta riaracháin a lárú agus chun infheistíocht a dhéanamh in oiliúint foirne sa riarachán poiblí.

Le RRP na Cróite, leagtar amach athchóiriú chun oiliúint ar an soláthar poiblí a chur ar fáil ar bhonn leanúnach. Cuideoidh an t‑athchóiriú sin le cosc níos fearr a chur ar éilliú agus le feabhas a chur ar chumas agus ar éifeachtúlacht riarachán poiblí na Cróite.

Éifeachtacht na gcóras breithiúnach

Tá bearta chun éifeachtacht na gcóras breithiúnach a fheabhsú le fáil i 13 RRP. Is infheistíochtaí ar fiú EUR 3.75 billiún iad iad breis agus leath de na bearta sin. Go háirithe, leithdháiltear 75 % den chaiteachas iomlán sa réimse seo ar RRP na hIodáile a thugann EUR 2.268 billiún san iomlán d’infheistíocht i gcaipiteal daonna chun an Oifig Bhreithiúnach a neartú agus chun éagothromaíochtaí idir na hoifigí breithiúnacha éagsúla a shárú.

Baineann aon trian de na bearta sin agus beagnach leath de chaiteachas iomlán na mbeart sin leis an gclaochlú digiteach. Tá infheistíochtaí in RRPanna na Cipire, na Gréige, na Rómáine, na Slóvaice agus na Cróite dírithe ar fheabhas a chur ar an mbonneagar breithiúnach. Áirítear freisin i 3 RRP (ón gCipir, ón gCróit agus ón Iodáil) athchóirithe chun riaráiste na gcásanna atá ar feitheamh os comhair cúirteanna a laghdú. Tá bearta i roinnt RRPanna (ón gCipir, ón Laitvia, ón gCróit agus ón Rómáin) chun cáilíocht na gcóras breithiúnach a fheabhsú trí oiliúint a chur ar fhostaithe.

In RRP na Rómáine, áirítear infheistíocht chun tacú le córas breithiúnach na Rómáine a ullmhú agus a aistriú chuig córas láraithe leictreonach bainistithe cásanna. Leagtar amach ann freisin athchóiriú chun neamhspleáchas giúistísí a neartú, lena ndéanfar foráil maidir le giúistísí a ligean isteach sa ghairm agus dul chun cinn gairmréime na ngiúistísí ar fhorais atá bunaithe ar fhiúntas, i measc nithe eile.

I bplean Mhálta, dírítear go leor leasuithe ar laigí a chomhrac maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, le is an easpa seirbhíse ionchúisimh ar leithligh ón mbrainse imscrúdaithe agus leis na dúshláin a bhaineann le héilliú a bhrath agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Mar shampla, tá bearta sa phlean chun athchóiriú a dhéanamh ar mhodh ceaptha agus dífhostaithe na mbreithiúna, chun seirbhís ionchúisimh ar leithligh a chruthú agus chun an Buanchoimisiún in aghaidh an Éillithe (PCAC) a athchóiriú.

I bplean na Slóvaice, tá athchóiriú ina bhfuil pacáiste athruithe reachtacha arb é is aidhm dó éifeachtúlacht, sláine agus neamhspleáchas an chórais cheartais a mhéadú tuilleadh agus an t‑éilliú agus an sciúradh airgid a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. I bplean na Slóvaice go háirithe, is é is aidhm do 4 infheistíocht áitribh oiriúnacha nua a leathnú, a uasghrádú, a thógáil nó a chur ar fáil do na príomhchúirteanna sa léarscáil nua bhreithiúnach a tugadh isteach faoin RRP agus trealamh TF na gcúirteanna a nuachóiriú.

I bplean na Cróite, tá athchóiriú chun creat dlíthiúil, eagraíochtúil agus teicneolaíoch a bhunú lena gcuideofar le riaráistí a laghdú agus le himeachtaí cúirte a ghiorrú agus lena ndíreofar ar an gcóras ceartais a riar ar bhealach trédhearcach éifeachtúil. Is é sprioc an athchóirithe sin muinín na saoránach sa chóras ceartais a mhéadú.

I bplean na hIodáile, áirítear bearta éagsúla chun riaráiste cásanna do na Gnáthchúirteanna Sibhialta, do na Cúirteanna Réigiúnacha Riaracháin, don Chúirt Achomhairc Shibhialta agus don Chomhairle Stáit a laghdú. Is é is aidhm do na bearta sin an córas breithiúnach a dhéanamh níos éifeachtúla trí fhad na n‑imeachtaí a laghdú agus an Iodáil a thabhairt níos gaire do mheán an Aontais ó thaobh fhad na n‑imeachtaí de.

I bplean na Cipire, tá infheistíocht chun oiliúint a chur ar bhreithiúna ar ábhair éagsúla dlí agus ar scileanna breithiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal íseal oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil do bhreithiúna.

I bplean na Laitvia, tá infheistíocht chun ionad oiliúna aonair a bhunú chun cáilíochtaí breithiúna, foirne cúirte, ionchúisitheoirí, ionchúisitheoirí cúnta agus imscrúdaitheoirí speisialaithe a fhorbairt.

Cosc calaoise/Maoirseacht i gcoinne sciúradh airgid

Tá bearta in 17 RRPanna a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus i gcoinne an sciúrtha airgid agus is athchóiriú atá sa chuid is mó de na bearta a áirítear.

Áirítear i bplean na hEastóine infheistíocht chun anailís straitéiseach ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta san Eastóin a bhunú. Is é is aidhm don bheart seo cumas an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais a neartú chun scéimeanna agus bealaí sciúrtha airgid a shainaithint go luath.

Áirítear i bplean na Slóvaice infheistíocht lena ndírítear ar na huirlisí agus ar an acmhainneacht a chur ar fáil don chomhrac i gcoinne an éillithe agus an sciúrtha airgid.

Léirítear i bplean na Cróite freisin go leor beart i gcoinne sciúradh airgid, lena n‑áirítear athchóiriú chun feabhas a chur ar an gcomhar idir an Oifig um Fhrithsciúradh Airgid agus na húdaráis mhaoirseachta.

Tá sé beartaithe ag an bhFionlainn athchóiriú a chur chun feidhme arb é is aidhm dó bailiú agus malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis inniúla chun sciúradh airgid a chosc agus a bhrath, lena n‑áirítear trí phróiseáil agus anailís sonraí a uathoibriú. Leasófar córas rialaithe cuntas bainc agus íocaíochta chun éifeachtúlacht a mhéadú agus chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh.

I bplean na Gréige tá athchóiriú lena ndírítear ar ardán digiteach a bhunú chun sonraí staidrimh atá i seilbh na n‑údarás breithiúnach, maoirseachta agus forfheidhmithe dlí a bhailiú agus chun feabhas a chur ar an gclárlann speisialta le haghaidh coimeád taifead ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil.

Tá athchóiriú eile mar chuid de phlean na hÉireann, arb é measúnú riosca earnála ar Sholáthraithe Seirbhísí Iontaobhais nó Cuideachta (TCSP) maidir le fhrithiomaíoch airgid a fhoilsiú agus líon na gcigireachtaí ar TCSPanna a mhéadú. Ina theannta sin, déanfaidh meitheal athbhreithniú ar an tsraith straitéisí um fhorfheidhmiú Rialála faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2010 (sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta), lena n‑áirítear moladh maidir leis an tsraith straitéisí a leathnú chun córas smachtbhannaí airgeadais riaracháin a áireamh.

Thug Lucsamburg athchóiriú isteach ina phlean freisin chun dhá phríomhchuspóir a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, an creat maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú, creat is infheidhme maidir le gairmithe a chuireann seirbhísí iontaobhais nó cuideachta agus seirbhísí infheistíochta ar fáil, trí na forálacha náisiúnta a threisiú. Ar an dara dul síos, sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a shainaithint, a mheas agus a thuiscint ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, déanfar athrú forleathan ar Chlár Gnó Lucsamburg, mar an comhlacht a riarann Clár na nÚinéirí Tairbhiúla agus an Clár Trádála agus Cuideachtaí, d’fhonn a chumhachtaí smachtbhannaí, rialúcháin agus feidhmiúcháin a leathnú, agus úsáid a chuid sonraí chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí AML a éascú.

Áirítear i roinnt RRPanna bearta a bhaineann le cosc calaoise, mar shampla chun an chibearchoireacht a chomhrac nó chun cáin a sheachaint.

I bplean na Cróite tá infheistíocht chun cumas na bpóilíní a neartú chun dul i ngleic leis an gcibearchoireacht.

Leagtar amach i bplean na Spáinne athchóiriú chun dlí frith‑chalaoise a ghlacadh, arb é is aidhm dó rialacha a neartú i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

Bearta cánach

Áirítear i mbreis agus leath de RRPanna (14 as 22) athchóirithe a bhaineann le cánacha comhshaoil chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas. Clúdaíonn an chuid is mó de na bearta sin athchóirithe sonracha cánach atá le cur i bhfeidhm le linn shaolré an phlean. Baineann roinnt acu freisin le gníomhaíochtaí ullmhúcháin (anailísí, measúnuithe, meastóireachtaí, athbhreithnithe nó staidéir maidir le cánacha nua a d’fhéadfadh a thabhairt isteach). Cumhdaíonn cánacha earnálacha spriocdhírithe éagsúla ar féidir iad a liostú mar seo a leanas 29 : Baineann 24 bheart le cánacha fuinnimh (lena náirítear 6 cinn a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin), is cánacha iompair iad 15 bheart (lena náirítear 3 cinn a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin), tagraíonn 9 mbeart do chánacha truaillithe 30 (lena náirítear 2 cheann a bhaineann le réamhbhearta), tagraíonn 4 bheart do chánacha acmhainne (lena náirítear 2 cheann a bhaineann le réamhbhearta). I dteannta na mbeart maidir le cánachas glas, áirítear i roinnt RRPanna (9 gcinn) bearta cánachais a bhaineann le hathchóirithe ar bheartas cánach, bearta chun dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach chánach agus bearta chun riarachán cánach a nuachóiriú.

Áirítear freisin in RRP na Portaingéile beart chun measúnú a dhéanamh ar dhreasachtaí fioscacha chun feabhas a chur ar roghanna malartacha bithbhunaithe a chur in ionad acmhainní nádúrtha neamh‑inathnuaite. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar athchóirithe cánach a d’fhéadfadh a dhéanamh chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar bith‑Eorpach ciorclach (i.e. cáin acmhainne). Is é an rún atá ann tacú le táirgeoirí próisis táirgthe a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as acmhainní bitheolaíocha in ionad roghanna malartacha neamh‑inathnuaite.

Áirítear i bplean na Fraince freisin bearta chun tacú le fiontair bheaga agus fhíorbheaga san aistriú éiceolaíoch agus san athchóiriú fuinnimh, lena n‑áirítear creidmheas cánach a d’fhéadfadh a bheith chomh hard le 30 % de chostas na ngníomhaíochtaí incháilithe (díonta, ballaí, áiléir a insliú; téitheoirí uisce gréine nó caidéil teasa).

Maidir le hathchóirithe ar bheartas cánach, cuirtear i láthair i bplean na Spáinne, mar shampla, athchóirithe ar an gcóras cánach lena bhféachtar le freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais chaiteachais agus infheistíochta. Chomh maith leis na héifeachtaí athdháilte, is é is aidhm dó an córas cánach a chur in oiriúint do na dúshláin a eascraíonn as an digitiú agus as an aistriú glas. Tá gníomhaíochtaí breise beartaithe chun calaois chánach a chosc, chun éifeachtacht an rialaithe cánach a mhéadú agus chun comhlíonadh deonach na gcáiníocóirí i ndáil lena n‑oibleagáidí cánach a dhreasú.

Áirítear i bplean na Liotuáine freisin bearta atá dírithe ar an mbonn cánach a leathnú chuig foinsí ar lú an dochar a dhéanann siad don fhás, chomh maith le bearta dlíthiúla agus teicniúla chun comhlíonadh cánach a fheabhsú, agus chun feabhas a chur ar dhearadh an chórais chánach agus sochar chun cabhrú le neamhionannas ioncaim agus bochtaineacht a laghdú.

Is é cuspóir foriomlán na mbeart atá i bplean na Cipire éifeachtacht, éifeachtúlacht agus cothroime an chórais chánach a mhéadú trí imghabháil chánach agus pleanáil ionsaitheach chánach a dhéanann fiontair ilnáisiúnta a chomhrac. I measc nithe eile, le hathchóiriú déanfar cáin iarchoimeádta a fhorchur ar íocaíochtaí úis, ar dhíbhinní agus ar ríchíosa amach, ar an gcéad dul síos, íocaíochtaí le dlínsí a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach agus, ansin sa dara céim, le dlínsí a bhfuil cáin chorparáideach íseal iontu. Tabharfaidh an Chipir isteach tástáil bhreise chónaitheachta do cháin chorparáideach bunaithe ar chorprú gach eintitis agus déanfaidh sí an riarachán cánach a dhigitiú chun éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cothroime an chórais chánach a mhéadú agus chun comhlíonadh cánach a fheabhsú.

Chuir Éire athchóiriú san áireamh ina plean a bhí dírithe ar bhearta coisctheacha chun teorainn a chur le deiseanna chun pleanáil ionsaitheach chánach a dhéanamh, go háirithe neamhchánachas dúbailte trí íocaíochtaí amach. Is éard atá san athchóiriú leasú ar an reachtaíocht maidir le liúntais chaipitiúla le haghaidh sócmhainní doláimhsithe, athchóiriú cónaitheachta ar an gcáin chorparáideach a chur i gcrích agus teacht i bhfeidhm rialacha feabhsaithe maidir le Corparáidí faoi Rialú Eachtrach. Maidir le híocaíochtaí amach, áirítear san athchóiriú freisin anailís eacnamaíoch a fhoilsiú ar thionchar na n‑athchóirithe a rinneadh le déanaí a bhfuil tionchar acu ar shreafaí íocaíochta; comhairliúchán poiblí maidir leis an bhféidearthacht bearta a thabhairt isteach maidir le híocaíochtaí amach; agus teacht i bhfeidhm reachtaíochta chun cosc a chur ar chánachas dúbailte a bheith infheidhme maidir le híocaíochtaí amach i dtreo dlínsí atá ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha, de dhlínsí gan cháin agus de dhlínsí cánach nialasacha.

Áirítear roinnt athchóirithe i bplean Mhálta. Is é is cuspóir don chéad athchóiriú deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndéanfaí cáin a ghearradh i Málta ar dhíbhinní arna ndíorthú ó chomhlachtaí nó ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i ndlínsí atá ar liosta na Meithle um an gCód Iompair maidir le dlínsí neamh‑chomhoibríocha. Is é is aidhm don dara hathchóiriú treoir a chur ar fáil don rialtas maidir le beartas a cheapadh chun rioscaí a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach a mhaolú i réimse na n‑íocaíochtaí isteach agus amach, úis agus ríchíosa. Dírítear sa tríú hathchóiriú ar na rioscaí a bhaineann le pleanáil ionsaitheach cánach a eascraíonn as an scéim um shaoránacht trí infheistíocht a mhaolú.

Áirítear i bplean na Gréige athchóirithe ar bheartas cánach a dhíríonn ar chódú na reachtaíochta cánach, agus ar dhreasachtaí chun idirbhearta leictreonacha a mhéadú freisin. Is é is aidhm d’athchóirithe eile riarachán poiblí ioncaim a athrú ó bhonn, trí phróisis a dhigitiú agus trí thionscnaimh reachtacha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an smuigleáil agus luathú aisíocaíochtaí CBL a chur chun cinn.

Airgeadas poiblí

Áirítear i roinnt RRPanna freisin athchóirithe a ceapadh chun éifeachtúlacht a n‑airgeadas poiblí a fheabhsú. Tá na hathchóirithe sin ag dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh roinnt Ballstát ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, mar shampla trí úsáid níos fearr a bhaint as athbhreithnithe caiteachais, trí rialacha maidir le caiteachas ilbhliantúil a bhunú nó trí shainphribhléidí comhlachtaí fioscacha neamhspleácha a leathnú. Chuir roinnt Ballstát freisin athchóirithe a bhaineann le buiséadú glas san áireamh, chun gnéithe aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú níos fearr sa phróiseas buiséadach.

Mar shampla, tá athchóiriú i RRP na Fraince chun riail maidir le caiteachas ilbhliantúil a bhunú le haghaidh caiteachas rialtais agus chun sainphribhléidí na hArdchomhairle Airgeadais Phoiblí a leathnú. Áirítear i bplean na Fraince freisin athchóiriú a bhaineann le measúnú ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí. Ba cheart a aithint sa mheastóireacht sin ar chaiteachas poiblí an caiteachas is éifeachtúla atá ann ar mhaithe leis an bhfás, leis an gcuimsiú sóisialta agus leis an aistriú éiceolaíoch agus digiteach.

Chuir an Bheilg bearta san áireamh ina plean chun an caiteachas poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe. Le comhtháthú córasach na n‑athbhreithnithe caiteachais sna timthriallta pleanála buiséadaí ar gach leibhéal rialtais, cuideofar le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht chaiteachas poiblí na Beilge, rud a fhágfaidh gur féidir tús áite a thabhairt don fhás agus don chaiteachas atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Maidir le buiséadú glas, tá beart i bplean na Fraince chun modheolaíocht bhuiséadach ghlas a thabhairt isteach ina n‑aicmítear gach caiteachas i mbuiséad an Stáit de réir a thionchair ar gach ceann de na sé chuspóir a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

3.7.Rannchuidiú na Saoráide le beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail oideachas agus scileanna (colún 6) 

I measc na RRPanna tá bearta éagsúla chun athléimneacht chórais oideachais na mBallstát a fheabhsú agus chun tacú le fostaíocht don aos óg. I measc roinnt RRPanna freisin tá bearta spriocdhírithe chun an caillteanas foghlama a bhí ann mar thoradh ar an bpaindéim a chúiteamh. Tugann na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe aghaidh ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna (i.e. oideachas agus oiliúint réamh‑bhunscoile, bunscoile, meánscoile, agus treasach) agus tá éagsúlachtaí tírshonracha ann a bhaineann le tosaíochtaí agus dúshláin náisiúnta.

Ar an iomlán, is fiú na bearta a bhaineann le colún 6 EUR 49 billiún, arb é sin thart ar 11 % de bhuiséad iomlán na 22 RRPanna. Cuimsíonn infheistíochtaí agus athchóirithe oideachas agus cúram na luath‑óige (thart ar EUR 7 billiún), oideachas ginearálta bunscoile agus meánscoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint tosaigh, agus ardoideachas (EUR 38.26 billiún).

Figiúr 12: Miondealú ar chaiteachas a thacaíonn le beartais don chéad ghlúin eile de réir réimse beartais (colún 6)

Léirítear sa chairt seo miondealú ar an rannchuidiú measta leis an gcolún beartais de réir liosta de réimsí beartais a bhunaigh an Coimisiún Eorpach. Baineann an céatadán leis an gcaiteachas foriomlán atá aicmithe faoi gach réimse beartais mar sciar de na beartais don chéad ghlúin eile.

Sna RRPanna tá bearta éagsúla atá dírithe ar rannpháirtíocht in oideachas agus i gcúram na luath‑óige a mhéadú, go háirithe i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste, d’fhonn neamhionannais a laghdú. I measc thart ar leath de na RRPanna tá bearta chun feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus ar chúram na luath‑óige trína acmhainní, a chuimsitheacht agus a cháilíocht a mhéadú.

Áirítear in go leor RRPanna freisin bearta chun tacú le feabhsuithe ar cháilíocht agus ar chuimsitheacht in oideachas ginearálta scoile. Le bearta áirithe cuirtear tacaíocht shaincheaptha aonair ar fáil do scoileanna agus do dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear meantóireacht, chomh maith le tacaíocht chun bearnaí foghlama agus luathfhágáil scoile a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhúnadh páirteach na scoile a shárú. Tá sé mar aidhm ag infheistíochtaí eile líon na n‑uaireanta teagaisc a mhéadú agus scolaíocht lae a chumasú. I roinnt beart, tugtar aghaidh ar ábhair amhail athchóiriú curaclaim a chur chun feidhme, sásraí earcaíochta múinteoirí a athchóiriú, luathfhágáil na scoile a chomhrac, oideachas riachtanas speisialta a fheabhsú, tacú le mic léinn lagchumasacha, meastóireacht sheachtrach ar scoileanna a fheabhsú nó tacú le dídheighilt.

I leath na RRPanna tá bearta chun tacú le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar an ardoideachas le réimse leathan beart, amhail cláir staidéir a nuachóiriú, áiteanna staidéir a leathnú, cúrsaí staidéir nua a sheoladh, samhail mhaoiniúcháin na scoileanna a athbhreithniú, sásraí maidir le dearbhú cáilíochta agus rialachais a fhorbairt, córais maidir le rianú céimithe a thabhairt isteach, agus an t‑ardoideachas a idirnáisiúnú. Tacaíonn roinnt RRPanna freisin le rochtain ar ardoideachas.

Áirítear le formhór na RRPanna infheistíochtaí i mbonneagar oideachais chun foirgnimh atá ann cheana a nuachóiriú, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú nó saoráidí nua a thógáil lena gcumhdaítear gach leibhéal oideachais. Leis na hinfheistíochtaí sin tacófar le feabhas a chur ar cháilíocht, ar chothromas agus ar éifeachtúlacht san oideachas, agus tacófar leis an aistriú glas freisin. Tá infheistíochtaí bonneagair in oideachas agus i gcúram na luath‑óige agus i scoileanna beartaithe i mbeagnach gach Ballstát, agus san ardoideachas i naoi mBallstát. I roinnt RRPanna freisin tá athchóiriú nó tógáil campais mac léinn ag meánoideachas uachtarach nó leibhéal treasach.

Áirítear le 18 as 22 RRPanna athchóirithe nó infheistíochtaí san oideachas digiteach, arb ionann é agus thart ar 30 % den chaiteachas iomlán ar cholún 6 (EUR 13.8 billiún). Áirítear le formhór RRPanna infheistíochtaí i mbonneagar digiteach agus nascacht scoileanna, agus leagtar béim go minic ar scoileanna faoi mhíbhuntáiste agus scoileanna tuaithe. I measc na n‑infheistíochtaí sin, déanfar timpeallachtaí foghlama solúbtha nasctha de sheomraí ranga agus cuirfear gléasanna digiteacha ar fáil d‘fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí chun an bhearna dhigiteach a laghdú. Feabhsófar inniúlachtaí digiteacha na ndaltaí trí churaclaim scoile a oiriúnú agus acmhainní digiteacha agus inneachar digiteach a fhorbairt. Cuireann thart leath de na Ballstáit oiliúint múinteoirí maidir leis an oideachas digiteach san áireamh ina bpleananna. Tacófar le haistriú digiteach an ardoideachais trí bhonneagar digiteach a fhorbairt, trí acmhainní teagaisc digiteacha, trí chúrsaí staidéir agus oiliúint a chur in oiriúint, trí oiliúint dhigiteach don fhoireann acadúil, agus trí chúrsaí ar líne a fhorbairt agus trí theagasc cumaisc a neartú. Leis na bearta sin, feabhsófar inniúlachtaí digiteacha na ndaltaí, feabhsófar cáilíocht agus barr feabhais san ardoideachas agus cuirfear feabhas ar infhaighteacht scileanna digiteacha i margadh an tsaothair.

Ar na bearta chun tacú leis an bhfostaíocht don aos óg, tá fóirdheontais do phrintíseachtaí, infheistíochtaí chun seirbhís fostaíochta poiblí a chur in oiriúint do dhaoine óga, cóitseáil don aos óg agus treoir aonair i dtreo fostaíochta agus neamhspleáchais a fheabhsú, agus scéimeanna chun spreagadh a thabhairt don earnáil phríobháideach daoine óga a fhostú, spreagadh ar fiú thart ar EUR 6 billiún é.

Cuirfidh an Chróit chun feidhme athchóiriú cuimsitheach ar oideachas agus ar chúram na luath‑óige (ECEC) chun feabhas a chur ar rochtain ar ECEC, agus chun áit i saoráid ECEC a ghealladh ó 4 bliana d’aois ar aghaidh. Comhlánaítear an t‑athchóiriú le hinfheistíochtaí i mbonneagar chun 22 500 áit nua a chruthú in oideachas agus cúram luath‑óige.

Tá athchóiriú curaclaim curtha san áireamh i bplean na Slóvaice san oideachas bunscoile agus sa mheánoideachas íochtarach, arb é is aidhm dó ábhar foghlama nua a chruthú chun scileanna daltaí agus múinteoirí a fheabhsú agus chun éiceachóras digiteach fabhrach a chur ar bun. Faoi dheireadh 2023, tá coinne leis go gcuirfear oiliúint ar 60 % ar a laghad de mhúinteoirí sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas íochtarach. Le hinfheistíochtaí comhlántacha, méadófar céatadán na scoileanna ina bhfuil seomraí ranga sárfheistithe agus sárnasctha ó 30 % go 90 % ar a laghad.

Tá sé beartaithe ag an Laitvia athchóiriú struchtúrach a chur chun feidhme chun córas an ardoideachais maidir le rialachas, maoiniú agus acmhainní daonna a athrú. Áiritheoidh an t‑athchóiriú go leithdháilfear cistí de réir torthaí agus go bhforbrófar samhail ghairme aontaithe nua don fhoireann acadúil agus eolaíoch, i gcomhréir leis na dea‑chleachtais sheanbhunaithe, chun mealladh agus coinneáil foirne a chur chun cinn. Ag an am céanna, tacóidh an RRP le comhdhlúthú líonra na n‑ollscoileanna agus na n‑institiúidí eolaíochta trí dheontais. 

Chuir an Fhrainc ina plean fóirdheontas airgeadais d’fhostóirí printíseach le linn a gcéad bhliana conartha, ar fiú suas le huasmhéid EUR 8 000 é do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois, agus EUR 5 000 do mhionaoisigh. Cé go bhfuil an chabhair ar fáil do gach cuideachta, ní mór do chuideachtaí a bhfuil 250 fostaí nó níos mó acu ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: 5 % de na conarthaí a shroicheadh, conarthaí a thacaíonn le cur isteach gairmiúil in 2021 (conradh printíseachta agus gairmiúlachta, VIE, CIFRE); sin nó ar a laghad 3 % dá lucht saothair a bheith ag glacadh páirt i gcláir dhé‑oiliúna (conradh printíseachta agus gairmiúlachta) in 2021, fad is atá méadú 10 % ar a laghad ann ó bhí 2020 ann. I gcás aon chonartha printíseachta a chuir an tOibritheoir Inniúlachta (Opco) ar fáil, íocfaidh an Ghníomhaireacht Seirbhíse agus Íocaíochta (ASP) an tacaíocht gach mí roimh an luach saothair agus ó thús an chonartha.

Chuir an Chipir straitéis san áireamh ina plean arb é is aidhm di litearthacht airgeadais a fheabhsú chun oideachas airgeadais a fheabhsú laistigh den phobal i gcoitinne agus cinnteoireacht airgeadais a fheabhsú.

3.8.Féinmheasúnuithe slándála

De réir Rialachán RRF, iarradh ar na Ballstáit féinmheasúnú slándála a áireamh ina bpleananna, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus nascacht dhigiteach. Chuir 14 Ballstát féinmheasúnú slándála den sórt sin ar fáil (as 22 ar an iomlán ar cuireadh isteach agus ar formheasadh pleananna téarnaimh agus athléimneachta ina leith go dtí seo): An Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Spáinn. Tugadh aghaidh sna féinmheasúnuithe slándála sin ar infheistíochtaí i mbonneagair teileachumarsáide, go háirithe maidir leis na hábhair a bhaineann le cumarsáid mhóibíleach, agus cuireadh le ‘bosca uirlisí an Aontais le haghaidh shlándáil 5G’ 31 , ina leagtar amach roinnt bearta straitéiseacha, teicniúla agus tacaíochta chun imscaradh slán líonraí 5G a áirithiú. Le cineálacha eile infheistíochta, go háirithe i mbonneagair agus i seirbhísí digiteacha atá mar bhonn agus mar thaca ag nuachóiriú an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí (amhail néalta rialtais), cumhdaíodh iad freisin sna féinmheasúnuithe slándála a sholáthair roinnt tíortha.

Beartaítear le roinnt RRPanna bearta leantacha a dhéanamh le linn na céime cur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear gnéithe slándála san áireamh go hiomchuí. Ina theannta sin, i roinnt cásanna, áirítear bearta sonracha atá dírithe ar shaincheisteanna slándála i ndáil le bonneagair nascachta nó claochlú digiteach an riaracháin phoiblí.

Chuir an Ghréig féinmheasúnú slándála ar fáil ina sainaithnítear saincheisteanna slándála a bhaineann le hinfheistíochtaí i líonraí 5G. Sonraítear ann an chaoi a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin, bunaithe ar na critéir choiteanna oibiachtúla a áirítear le ‘bosca uirlisí an Aontais le haghaidh chibearshlándáil 5G’.

Áirítear i bplean na Liotuáine tá féinmheasúnú slándála le haghaidh infheistíochtaí i líonraí 5G, ina ndéantar tagairt don reachtaíocht náisiúnta agus ina ndéantar cur síos uirthi, reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme príomhbhearta a mholtar le ‘bosca uirlisí an Aontais le haghaidh chibearshlándáil 5G’. Maidir le néal rialtais a fhorbairt agus a leathnú, tá gnéithe slándála go mór chun cinn sa chur chuige a leagtar amach don bheart comhfhreagrach sa phlean.

Maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar nascachta, i dtimpeallachtaí forbartha le haghaidh 6G, in intleacht shaorga agus i ríomhanna candamacha, chomh maith le hinfheistíochtaí i gcleachtaí agus in oiliúint chibearshlándála, léirítear i bplean na Fionlainne go n‑ullmhaítear measúnú riosca agus plean bainistithe riosca do gach tionscadal agus go dtabharfar aghaidh ar rioscaí slándála feadh shaolré na dtionscadal. I gcás infheistíochtaí nascachta, déantar cur síos sa phlean ar an gcreat reachtach náisiúnta lena gcuirtear san áireamh ‘bosca uirlisí an Aontais le haghaidh chibearshlándáil 5G’. Mar shampla, gléasanna a d’fhéadfadh an tslándáil náisiúnta a chur i mbaol, ní fhéadfar iad a úsáid i gcodanna criticiúla de na líonraí cumarsáide. Tá sé beartaithe freisin ceanglais slándála a áirithiú i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus, i gcás inar gá, ba cheart imréiteach slándála pearsanra agus cuideachta a chur i bhfeidhm.



4.Creat cur chun feidhme RRF

4.1.Rannchuidiú RRF le hathchóirithe agus le beartais eile an Aontais a chur chun feidhme

Tiomantas d’athchóirithe suntasacha i ngach RRP 

Leis na RRPanna a glacadh, cuirtear sraith leathan athchóirithe agus infheistíochtaí ar fáil lena dtugtar aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin ar fad nó ar fho‑thacar suntasach dúshlán a sainaithníodh sna moltaí tír‑shonracha ábhartha atá dírithe ar na Ballstáit i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh in 2019 agus 2020, lena n‑áirítear dúshláin atá ina mbonn taca do mholtaí fioscacha. Chun measúnú dearfach a dhéanamh, tá gá le gach plean téarnaimh agus athléimneachta rátáil ‘A’ a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin eacnamaíocha trí athchóirithe agus trí infheistíochtaí. 

Is gné uathúil de dhearadh an RRF é tiomantas na mBallstát d’athchóirithe agus is athchóirithe iad an tríú cuid, nach mór, de na bearta a áirítear sna RRPanna. I gcomhréir le raon feidhme RRF, áirítear sna RRPanna athchóirithe agus infheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí beartais agus ar dhúshláin atá ann faoi láthair faoi shé réimse beartais, is iad sin an t‑aistriú glas, an claochlú digiteach; comhtháthú eacnamaíoch, táirgiúlacht agus iomaíochas; comhtháthú sóisialta agus críochach; athléimneacht na sláinte, na heacnamaíochta, na sochaí agus na n‑institiúidí; beartais don chéad ghlúin eile. Baineann an líon is mó athchóirithe le colún 5 maidir le sláinte agus athléimneacht, agus colún 3 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ina dhiaidh sin.

Figiúr 13: Líon na n‑athchóirithe in aghaidh an cholúin

Figiúr 14: Athchóirithe/Infheistíochtaí in aghaidh an Bhallstáit

Rannchuidíonn na hathchóirithe atá beartaithe sna RRPanna le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha atá dírithe ar na Ballstáit i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh in 2019 agus 2020, mar a cheanglaítear faoi Rialachán RRF (ar tarraingíodh aird air i bhFigiúr 15). Baineann moltaí tírshonracha nach gcumhdaítear go córasach sna RRPanna le réimsí an airgeadais phoiblí, an chánachais, na hiomaíochta i seirbhísí agus an mhargaidh tithíochta.

Figiúr 15: Scaireanna na moltaí tírshonracha arna gcumhdach ag na RRPanna, de réir réimsí beartais (mar atá sainithe in CeSaR)

Ionchas mhaicreacnamaíoch agus tionchar RRF

Tacaíonn an RRF le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe a bhfuiltear ag súil go nginfidh siad tionchar dearfach suntasach leanúnach ar OTI iomlán an Aontais. Rinne an Coimisiún ionsamhlúcháin samhlacha stílithe QUEST chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar mhaicreacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag infheistíocht RRF agus NGEU (Pfeiffer et al. 2021) 32 . Má chuirtear NGEU chun feidhme agus béim láidir á leagan ar thionscadail ardcháilíochta agus ar ‘bhreisíocht’, is féidir leis fíorOTI in AE27 a mhéadú idir 1.3 % agus 1.5 % idir 2021 agus 2026 33 . 

Tionscnaíonn cur chun feidhme RRPanna éifeachtaí dearfacha iarmharta. De réir an ionsamhlúcháin, baineann na Ballstáit uile tairbhe as éifeachtaí iarmharta trasteorann níos éasca mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar fud gheilleagar comhtháite an Aontais: eascraíonn éifeachtaí fáis níos airde as comhghníomhaíocht ná as suim na n‑éifeachtaí aonair atá ag RRPanna na mBallstát. Is ionann an cainéal iarmharta sin agus thart ar aon trian den mheántionchar OTI agus tá sé i bhfad níos mó i gcás geilleagair atá dian ar onnmhairí agus a fhaigheann leithdháiltí beaga deontas (féach Figiúr 16). Thairis sin, níor cuireadh athchóirithe san áireamh leis an anailís, rud a d’fhéadfadh na héifeachtaí fáis sin a threisiú go mór sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Figiúr 16: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST, tíortha an Aontais

Nótaí: Léirítear sa ghraf buaicéifeachtaí ar OTI réadach in 2026 arna sloinneadh i ndiall faoin gcéad ó bhunlíne atá bunaithe ar bheartais gan athrú i gcás próifíl chaiteachais líneach NGEU (2021 go 2026) de réir thoimhde na hardtáirgiúlachta. Tá torthaí ionsamhlúcháin le feiceáil sna barraí dorcha le haghaidh spreagadh infheistíochta neamhspleách i ngach Ballstát (NGEU). Sainmhínítear éifeacht iarmharta (na barraí geala) mar an difríocht idir spreagadh comhordaithe NGEU i ngach Ballstát agus ionsamhlúcháin neamhspleácha na bpleananna náisiúnta. Foinse: Pfeiffer et al. (2021).

Tacaíonn an RRF leis an Aontas Eorpach a chur ar ais ar chosán an chóineasaithe eacnamaíoch. Is é leithdháileadh RRF an leithdháileadh is mó ó thaobh OTI de do na Ballstáit is mó atá i ngátar, rud a chuireann le cóineasú san AE. Léiríonn eochair leithdháilte RRF 34 gur minic a bhíonn struchtúir eacnamaíocha níos laige ag na daoine is measa atá buailte ag an bpaindéim agus go mbíonn srianta buiséadacha níos doichte os a gcomhair. Agus Ballstáit á ngrúpáil ina dtrí chnuasach de réir a nolltáirgeacht intíre agus a bhféichiúnas poiblí, cuirtear i bhfios le Figiúr 17 gur dócha go dtacóidh NGEU go mór le cóineasú laistigh de gheilleagar an Aontais. Bunaithe ar eochair leithdháilte RRF, meastar go dtiocfaidh an méadú is mó ar OTI sna Ballstáit a bhfuil leibhéil OTI in aghaidh an duine acu atá faoi bhun an mheáin. Ag deireadh thréimhse cur chun feidhme RRF, is ionann an méadú ar an aschur agus tuairim is 1¾% don ghrúpa ísealfhiachais agus 2½% don ghrúpa ardfhiachais in 2026, de réir na ionsamhlúcháin na samhla. Tíortha ardioncaim a bhfuil leibhéil OTI in aghaidh an duine acu atá os cionn an mheáin, is dócha go mbeidh na héifeachtaí ar a gcuid OTI níos lú ach fós réasúnta thar an tréimhse chéanna. Dá bhrí sin, cé go gcuireann RRF go mór leis an téarnamh ar fud an Aontais, áirithítear le leithdháileadh na tacaíochta airgeadais go mbeidh na cistí ag dul go dtí an áit is mó a bhfuil gá leo.

Figiúr 17: Tionchar OTI NGEU (%) in ionsamhlúcháin QUEST 35

Cé go meastar go leanfaidh luas an fháis de bheith míchothrom ar fud na dtíortha agus na n‑earnálacha, tá an tAontas Eorpach réidh le filleadh ar an gcóineasú eacnamaíoch. Ar an iomlán, tá coinne leis go dtacófar leis an bhfás trí fheabhas a chur ar mhargadh an tsaothair, trí choigiltis arda teaghlaigh, trí choinníollacha fabhracha maoiniúcháin – agus trí leas iomlán a bhaint as RRF.

Ionchas sóisialta agus tionchar RRF

Tá an tSaoráid ag tacú le roinnt beart chun seasamh in aghaidh éifeacht láithreach ghéarchéim COVID19, chomh maith le bearta meántéarmacha a rannchuidíonn le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá gné shuntasach fostaíochta agus shóisialta ag na RRPanna, i gcomhréir leis na dúshláin náisiúnta a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha. Is ionann an caiteachas sóisialta iomlán dá bhforáiltear faoi na pleananna náisiúnta i gcomhthéacs RRF agus thart ar 30 % den leithdháileadh iomlán atá beartaithe ag an Aontas 36 (féach roinn 3). Cé go bhfuil sé róluath tionchar dearfach RRF a fheiceáil sna táscairí fostaíochta agus sóisialta, cur chun feidhme na nathchóirithe suntasacha agus na ninfheistíochtaí suntasacha sa ghné shóisialta atá beartaithe sa RRF, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha maidir le fostaíocht, scileanna agus cúrsaí sóisialta, cothóidh sé sin, i dteannta cistí beartais chomhtháthaithe, téarnamh cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Cuirfidh siad go mór le príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le fostaíocht, oideachas aosach agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, spriocanna ar cuireadh fáilte rompu ag cruinniú mullaigh Porto.

Rannchuidiú na Saoráide le hathléimneacht san Aontas

Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag na RRPanna a glacadh ar theacht aniar 37 gheilleagar an Aontais, trí acmhainneachtaí na mBallstát a neartú chun teacht aniar go tapa agus chun aghaidh a thabhairt ar a leochaileacht. Sa deais athléimneachta nuashonraithe (2021) 38 a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach mar obair leantach ar Thuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2020 39 , cuirtear táscairí i láthair lena léirítear acmhainneachtaí athléimneachta agus leochaileachtaí na mBallstát de réir ceithre ghné: athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, ghlas, dhigiteach agus gheopholaitiúil. Tá na réimsí sin ag teacht leis na colúin bheartais ábhartha faoi RRF: an taistriú glas agus digiteach, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, comhtháthú sóisialta agus críochach, beartais don chéad ghlúin eile, agus go háirithe athléimneacht sláinte, eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach.

Rannchuidiú RRF le beartais an Aontais Eorpaigh

Leis na bearta a áirítear sna RRPanna, rannchuideofar le clár oibre uaillmhianach beartais an Aontais chun téarnamh inbhuanaithe, cothrom agus cuimsitheach a stiúradh agus chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos athléimní i leith suaití amach anseo, agus geilleagair agus sochaithe an Aontais á n‑athrú ó bhonn i gcomhréir le huaillmhian na n‑aistrithe. Tá na ceithre ghné chomhlántacha de chlár oibre an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch (i.e. inbhuanaitheacht chomhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch) i measc chuspóirí RRF, a seoladh ag tús théarma oifige reatha an Choimisiúin, agus bhí siad ina dtreoir ag cláir oibre na mBallstát um athchóiriú agus um infheistíocht a cuireadh ar aghaidh ina RRPanna.

Maidir leis an ngné ghlas, leis na bearta a áirítear sna RRPanna, rannchuideofar go díreach leis an gcuspóir maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, cuspóir atá cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach agus a fhaigheann tacaíocht ó thograí phacáiste ‘oiriúnach do 55’ 40 a glacadh i mí Iúil 2021 chun beartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus cánachais a dhéanamh oiriúnach do 55.

Maidir leis an ngné dhigiteach, leis na bearta a áirítear sna RRPanna, rannchuideofar go díreach le cuspóirí an Aontais maidir le claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa. Áirítear leis na RRPanna tacaíocht do chuspóirí ar fud na speictream beartais dhigitigh: tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna digiteacha an daonra agus an lucht saothair, an nascacht dhigiteach i limistéir a bhfuil easpa seirbhísí iontu, ardteicneolaíochtaí a fhorbairt agus a úsáid, chomh maith le claochlú digiteach na nearnálacha príobháideacha agus poiblí. Ina theannta sin, bíonn go leor Ballstát rannpháirteach, trína RRPanna, i dtionscadail ilnáisiúnta lena dtacófar le príomhchumais dhigiteacha an Aontais a fhorbairt, lena náirítear micrileictreonaic, an néalríomhaireacht agus an imeallríomhaireacht. I dteannta a chéile, tá coinne leis go rannchuideoidh an RRF go mór le spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach 41 . Maidir leis an ngné shóisialta agus leis an aistriú cothrom, rannchuideoidh RRPanna go díreach le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme a thuilleadh, chomh maith le príomhspriocanna nua an Aontais maidir le poist, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a cuireadh chun cinn ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto i mBealtaine 2021. Cuirfidh sé freisin le téarnamh mhargaí an tsaothair i gcomhréir leis an Moladh maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht (EASE) tar éis ghéarchéim COVID19.

Go dtí seo agus sna blianta atá amach romhainn, beidh an RRF i gcroílár phróiseas faireachais an tSeimeastair Eorpaigh chun beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát a chomhordú agus leanfaidh sé den ról sin a bheith aige i gcéim an téarnaimh agus maidir le dul chun cinn a dhéanamh sa dá aistriú. Mar a léiríodh sa Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe 2022 42 , agus an gá atá le hoiriúnú á chur san áireamh, forbrófar an Seimeastar Eorpach in 2022 i gcomhréir le cur chun feidhme RRF. Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht sineirgí agus oibleagáidí maidir le tuairisciú cuíchóirithe idir RRF agus an Seimeastar Eorpach a áirithiú. Beidh idirphlé cuiditheach leis na Ballstáit i gcroílár an tSeimeastair Eorpaigh athsheolta, a bheidh comhtháite leis an idirphlé maidir leis na RRPanna a chur chun feidhme.

4.2.Rannchuidiú RRF le tionscadail ilnáisiúnta

Tacaíonn an RRF le rannpháirtíocht na mBallstát i dtionscadail trasteorann, agus tá pleanáil na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí don chéad chúig bliana eile a bheidh ar siúl ag an am céanna ar bhealach comhordaithe. Cé go léirítear i ngach RRP cás sonrach gach Ballstáit, tá gá le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí comhordaithe mar gheall ar roinnt dúshláin choiteanna. Trí chomhar ilnáisiúnta, is féidir tacaíocht a thabhairt do thionscadail mhóra nach bhféadfadh Ballstát amháin a fhorbairt as féin agus is féidir acmhainní a chomhthiomsú, tionchar a mhéadú agus barainneachtaí scála agus sineirgí a bhaint amach.

Agus na pleananna á n‑ullmhú, bhí ról gníomhach ag an gCoimisiún maidir le spreagadh a thabhairt do na Ballstáit páirt a ghlacadh i bpríomhthionscadail ilnáisiúnta, lena bhfeabhsófaí comhordú le haghaidh infheistíochtaí criticiúla in earnálacha straitéiseacha – agus lena gcuirfí sochair inbhraite ar fáil don Mhargadh Aonair. Mar shampla, i mí Eanáir 2021, d’eagraigh an Coimisiún ceardlann ar thionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta, ar ghlac an Ballstát páirt inti agus a d’éascaigh siad níos déanaí mar chuid de mhalartuithe leis na Ballstáit ar na tionscadail sin. Mar thoradh air sin, áirítear ar RRPanna éagsúla bearta lena nglacfar páirt i roinnt tionscadail ilnáisiúnta, mar atá sonraithe thíos.

An t‑aistriú glas

Áirítear i mbreis agus leath de na RRPanna bearta a chuireann le tionscadail ilnáisiúnta nó le tionscnaimh trasteorann a bhaineann leis an aistriú glas: 12 phlean as na 22 phlean a glacadh. Ar an iomlán, tá níos mó ná 37 mbeart (nó bhfo‑bheart) ábhartha do thionscadail ghlasa ilnáisiúnta nó trasteorann, ar fiú a méid iomlán agus níos mó ná EUR 271 billiún.  

·Is iad na tionscadail ilnáisiúnta a bhfuil an ráta rannpháirtíochta is airde acu in RRPanna an taon IPCEI déag féideartha maidir le hidrigin (san áireamh in 8 RRP). Ar na tionscadail ilnáisiúnta ghlasa tá idirnascaire leictreach amháin (EUR 0.1 billiún) agus an tidirnascaire iarnróid idir Verona agus Brenner (EUR 0.9 billiún).  

·Cothóidh na tionscadail trasteorann idirinoibritheacht an Aontais maidir le hiarnróid, agus beidh gné thrasteorann shuntasach ann. Baineann siad ar dtús le húsáid a bhaint as an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) (3 RRP, 5 thionscadal, EUR 3.1 billiún). Baineann ERTMS le hidirinoibritheacht, digitiú agus sábháilteacht seirbhísí traenach agus tá sé ríthábhachtach chun trácht a aistriú ó bhóthar go hiarnród i gcás lasta iarnróid ar bhealaí trasteorann. Is suntasach iad riachtanais infheistíochta ó thaobh comharthaíochta iarnróid de ar fud an Aontais (ERTMS), ós rud é nach bhfuil ach 11 % de chonairí TENT feistithe go leordhóthanach. Ina theannta sin, maoineofar le RRF úsáid chonairí iarnróid TENT (e.g., RailBaltica, an Mheánmhuir (an Spáinnan Fhrainc), Chríoch Lochlann–na Meánmhara (cuid na hIodáile), Mhuir Thuaidhna Meánmhara (an BheilgLucsamburg)), maoiniú ar fiú níos mó ná EUR 22.9 billiún é (thart ar 6 RRP, 23 thionscadal). 

Tábla 3: Tionscadail ghlasa ilnáisiúnta sna RRPanna a glacadh

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

Iomlán

Hidrigin IPCEI

8

Idirnascaire leictreach

1

Idirnascaire iarnróid

1

ERTMS

3

Conairí TEN‑T

6

 

An t‑aistriú digiteach

I bhformhór na RRPanna tá bearta a rannchuidíonn le tionscadail ilnáisiúnta nó le tionscnaimh trasteorann a bhaineann leis an aistriú digiteach: 20 cinn as na 22 phlean a glacadh, cé is moite de phleananna na Danmhairge agus Mhálta. Ar an iomlán, tá níos mó ná 60 beart (nó fo‑bheart) ábhartha do thionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta, ar fiú thart ar EUR 5 billiún ar an iomlán iad.  

An dá IPCEI féideartha maidir le micrileictreonaic (12 RRP) agus le néalteicneolaíochtaí (6 RRP), tá siad ar na tionscadail ilnáisiúnta a bhfuil an ráta rannpháirtíochta is airde acu in RRPanna. Áirítear ar roinnt RRPanna freisin infheistíochtaí i dtionscadail ilnáisiúnta a bhaineann leis na Moil Eorpacha um Nuálaíocht Dhigiteach (8 RRP), conairí 5G (7 RRP) agus cumarsáid chandamach (4 RRP). I dTábla 4 déantar achoimre ar rannpháirtíocht sna tionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta sna RRPanna a glacadh.

Tábla 4: Tionscadail dhigiteacha ilnáisiúnta

AT

BE

BG

CY

CZ

DE

DK

EE

EL

ES

FI

FR

HR

HU

IE

IT

LT

LU

LV

MT

NL

PL

PT

RO

SE

SI

SK

Iomlán

Micrileictreonaic

12

Moil Eorpacha um Nuálaíocht Dhigiteach

8

Conairí 5G

7

Néal

6

Bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa

4

Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta na hEorpa

3

Riarachán poiblí nasctha

3

Géanóim na hEorpa

3

Cáblaí faoi uisce

2

Blocshlabhra (EBSI)

2

Ionaid Oibríochta Slándála

2

Scileanna agus oideachas

0

Eile

9

4.3.Cur chun feidhme RRF agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile

Comhairliúchán le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

Tá cuir chuige éagsúla glactha ag na Ballstáit maidir le comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs ullmhú a RRP faoi seach. Áirítear sa Rialachán RRF oibleagáid ar na Ballstáit achoimre a chur ar fáil, mar chuid dá bplean, ar na comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí a rinneadh agus na RRPanna á n‑ullmhú, lena n‑áirítear achoimre ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Bhí sé ar gach Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach a phróiseas comhairliúcháin a eagrú i gcomhréir lena dtraidisiúin náisiúnta agus lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, agus tá cuir chuige éagsúla glactha ag na Ballstáit. Mar shampla, cé gur chuathas i gcomhairle le roinnt eile acu maidir leis an bplean foriomlán, rinne cuid eile díobh sin ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal réigiúnach. Le linn na paindéime, thacaigh na comhpháirtithe sóisialta le ceapadh agus le cur chun feidhme na mbeart éigeandála agus téarnaimh agus na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta sna Ballstáit uile. Mar sin féin, bhí difríocht shuntasach idir a gcomhairliúchán agus a rannpháirtíocht ar fud na mBallstát agus, ar an iomlán, thug na comhpháirtithe sóisialta aiseolas measctha don Choimisiún maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin ar an leibhéal náisiúnta, idir chomhairliúchán rialta agus mionsonraithe agus phróisis chomhairliúcháin níos teoranta. Ba mhinic a chuir údaráis áitiúla agus réigiúnacha in iúl freisin go measann siad gur cheart dóibh a bheith níos rannpháirtí in ullmhú na bpleananna.

Tarraingíonn an Coimisiún aird go rialta ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara sna Ballstáit, maidir leis na pleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme. Chun na pleananna a chur chun feidhme, spreagann an Coimisiún na Ballstáit go rialta chun dul i dteagmháil go gníomhach leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile trí chruinnithe tráthrialta tiomnaithe. D’fhéadfadh na malartuithe sin a bheith ina dheis freisin chun páirt a ghlacadh sa chlár oibre leathan maidir leis an mbeartas eacnamaíoch, fostaíochta, sóisialta agus inbhuanaitheachta a chomhordú, agus cabhróidh siad le dúshláin a shainaithint go comhpháirteach, réitigh bheartais a fheabhsú agus tacaíocht a thabhairt don tSaoráid Athléimneachta agus Téarnaimh a chur chun feidhme go rathúil. Lasmuigh de na struchtúir agus de na nósanna imeachta atá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta maidir le páirt a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, reáchtálfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit imeacht bliantúil ina mbeidh na daoine atá freagrach as na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme rannpháirteach. Áireofar san imeacht bliantúil sin na páirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Beidh sé ina ardán cothrománach freisin chun tuairimí a mhalartú maidir le cur chun feidhme an phlean agus chun dlúthchomhar a áirithiú idir na gníomhaithe uile lena mbaineann. 

Idirphlé idirinstitiúideach agus cuntasacht dhaonlathach

Tá an Coimisiún ag comhoibriú go dlúth le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir leis an RRF agus tá tiomantas láidir léirithe aige chun sreabhadh faisnéise trédhearcach a áirithiú. Le linn chéim an mheasúnaithe ar na pleananna, thug an Coimisiún faisnéis do Pharlaimint na hEorpa ó bhéal agus i scríbhinn. I gcomhréir le Rialachán RRF, roinn an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, gach Plean Téarnaimh agus Athléimneachta a chuir na Ballstáit go hoifigiúil. Chun na léamha a éascú, chuir an Coimisiún aistriúchán uathoibríocha Béarla ar na pleananna uile a cuireadh isteach ar fáil freisin. D’fhoilsigh an Coimisiún gach togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lá a ghlactha agus tharchuir sé láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad, mar aon le Doiciméad Inmheánach Oibre ina leagtar amach anailís an Choimisiúin ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha. Thairis sin, chuir an Coimisiún tábla forbhreathnaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le príomhfhaisnéis, chomh maith le faisnéis eile a bhaineann le cur chun feidhme na Saoráide, lena n‑áirítear na straitéisí cumarsáide. Rinneadh na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha uile a roinnt go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, de bhun Airteagal 25 de Rialachán RRF.

Ag féachaint chun cinn ar chur chun feidhme an phlean, chuir an Coimisiún próiseas ar bun chun forléargas a roinnt ar na réamhthorthaí a bhaineann le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha. Léirigh sé sin cheana féin cé chomh úsáideach is atá sé trí roinnt na dtorthaí a bhain leis an gcéad iarratas ar íocaíocht a chuir an Spáinn isteach in 2021 a roinnt. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhoibriú go dlúth le Parlaimint na hEorpa agus áiritheoidh sé sreabhadh trédhearcach faisnéise ina mbeidh leibhéal ard infhaighteachta agus rannpháirtíochta le linn na céime cur chun feidhme sna blianta amach romhainn.

Bhí plé rialta ag an gCoimisiún le Parlaimint na hEorpa chun ábhair chothrománacha a bhaineann leis an RRF a phlé. Bhí ceithre ‘Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta’ in 2021 chun tuairimí a mhalartú maidir leis an RRF mar a fhoráiltear i Rialachán RRF. Thairis sin, iarradh ar an gCoimisiún cruinniú a thionól go rialta le Buanmheitheal Chomhchoistí ECONBUDG agus ghlac sé páirt in 15 chruinniú in 2021. Tríd na fóraim sin bhíothas in ann faisnéis chomhiomlán maidir leis na RRPanna a chur in iúl ó bhéal ar bhonn cuir i láthair a roinntear le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle ar théarmaí comhionanna agus atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin 43 . Leanfar leis an rannpháirtíocht sin i gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin do chuntasacht dhaonlathach na Saoráide.

Déantar cur chun feidhme RRF a phlé freisin san idirphlé idirinstitiúideach neartaithe ar an leibhéal Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle araon. Déantar malartú leanúnach ar fhorbairtí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas Eorpach a áirithiú leis an Idirphlé Maicreacnamaíoch leathbhliantúil ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil idir an Chomhairle, an Coimisiún agus ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Baineadh úsáid as an bhformáid sin cheana chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus cuirfidh sé deiseanna breise ar fáil chun an t‑ábhar sin a phlé amach anseo.

Teachtaireacht maidir le RRF

Faoi RRF, tabharfaidh faighteoirí tacaíochta airgeadais aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin 44 , go háirithe i gcás ina mbíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

Tá suíomhanna gréasáin náisiúnta curtha ar bun ag na Ballstáit agus tá a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta foilsithe acu. Tá siad sin ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir le Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 45 . Thairis sin, mar a luadh i roinn 1, tá Scórchlár i ndiaidh a sheolta ag an gCoimisiún ina bhfuil ranna ina dtugtar forléargas ar na tíortha, ar na colúin, ar an amlíne, ar na garspriocanna agus ar na spriocanna, ar íocaíochtaí amach, ar tháscairí coiteanna agus ar anailísí téamacha 46 .

Chuir na Ballstáit san áireamh freisin, mar chuid dá RRPanna, achoimre ar a straitéisí cumarsáide, lena gcomhlíontar na ceanglais íosta infheictheachta agus cumarsáide is infheidhme maidir le cistí an Aontais a shainítear sa Rialachán RRF agus in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/241. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an obair ar na straitéisí sin in éineacht le dul chun cinn a dhéanamh ar chur chun feidhme a bpleananna náisiúnta ag na Ballstáit. Cuireann an Coimisiún comhairle rialta ar fáil do na Ballstáit sa réimse sin.

Chun infheictheacht RRF a mhéadú a thuilleadh agus chun oibriú i gcomhar leis na Ballstáit, mhéadaigh an Coimisiún líonra AE INFORM chun cumarsáidí RRF a chur san áireamh 47 . Tugann an líonra seo cumarsáidí ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún le chéile ar fud chistí an Aontais. Le rannpháirtíocht RRF áirithítear sineirgí le cistí beartais Comhtháthaithe agus le cistí eile de chuid an Aontais maidir le cumarsáid a dhéanamh leis an Aontas. Laistigh den líonra sin, bhunaigh an Coimisiún cruinnithe rialta le comhordaitheoirí cumarsáide RRF ó na Ballstáit. Le linn na gcruinnithe sin, cuireann an Coimisiún comhairle ar fáil do na Ballstáit maidir le riachtanais infheictheachta agus chumarsáide faoi RRF, amhail an straitéis chumarsáide a fhorbairt, suíomh gréasáin RRF náisiúnta a bhunú, nó infheictheacht thacaíocht an Aontais ó na tairbhithe deiridh a áirithiú. Ina theannta sin, cuireann an líonra fóram ar fáil chun deachleachtais agus piarfhoghlaim a mhalartú i measc na mBallstát.

Tá ról tábhachtach ag Oifigigh an tSeimeastair Eorpaigh a chuirtear ar post in Ionadaíochtaí an Choimisiúin maidir le comhar i ndáil le cumarsáid a chothú i ngach Ballstát. Tá teagmháil bunaithe acu lena gcontrapháirtithe sna riaracháin náisiúnta a bhíonn ag déileáil le cumarsáid chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí cumarsáide go comhpháirteach. Cuireann an comhar sin le hinfheictheacht RRF, mar shampla trí imeachtaí comhpháirteacha le hionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a léiríonn gné Eorpach na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó RRF. Tá comhar á bhunú freisin le hOifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa chun a áirithiú go gcuirfidh an Coimisiún iad ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí ábhartha agus go dtugann sé páirt dóibh i gcás inarb iomchuí.

Tacaíocht theicniúil do na Ballstáit

D’iarr roinnt Ballstát tacaíocht theicniúil chun a bpleananna a chur chun feidhme, faoi Ionstraim an Choimisiúin um Thacaíocht Theicniúil (TSI) lena gcuirtear tacaíocht fothaithe acmhainní ar fáil do na Ballstáit. In 2021, bhí níos mó ná 140 tionscadal ag cur le cur chun feidhme na RRPanna. Cumhdaíonn na tionscadail tacaíocht do shásraí cur chun feidhme foriomlána na RRPanna (e.g. faireachán, tuairisciú, bainistiú tionscadal, comhordú, meicníochtaí iniúchta agus rialúcháin, cur i bhfeidhm an phrionsabail gan dochar suntasach a dhéanamh (DNSH) nó an chumarsáid), ach tacaíonn siad freisin le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí téamacha a chur chun feidhme (e.g. straitéis náisiúnta faisnéise saorga a chur i bhfeidhm sa Spáinn, bearta chun tacú le hathbhreithnithe caiteachais sa Bheilg, nó forbairt na Straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i ndáil le Hidrigin sa Rómáin).

In 2021, rinne an Chipir, an Ghréig, an Chróit agus an Rómáin tacaíocht theicniúil bhreise a leabú ina RRPanna chun athchóirithe nó infheistíochtaí atá nasctha lena gClár Náisiúnta um Athchóiriú faoi Airteagal 7(2) de Rialachán RRF a chur chun feidhme. Thairis sin, d’aistrigh an Chróit cistí náisiúnta chuig an gCoimisiún faoi Airteagal 7 de Rialachán STI, chun tacaíocht theicniúil bhreise a thabhairt do thrí thionscadal athchóirithe atá ina RRP a mhaoiniú. Leis sin, beifear in ann tabhairt faoi 8 dtionscadal STI breise a chuireann le cur chun feidhme RRP i réimsí an chúraim sláinte, an oideachais, an tsoláthair phoiblí, an fhuinnimh, rialáil níos fearr, laghdú an ualaigh riaracháin agus cur chun cinn na hinfheistíochta.

4.4.Córas rialúcháin agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais

Mar gur clár feidhmíochtbhunaithe é, tá íocaíochtaí ón gCoimisiún chuig na Ballstáit bunaithe ar chríochnú na ngarspriocanna agus na spriocanna a shonraítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Is iad na Ballstáit tairbhithe chistí RRF, agus nuair a íoctar amach na cistí téann siad sa bhuiséad náisiúnta. I gcás gach RRP, leagtar síos leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an tacar gaolmhar de gharspriocanna agus de spriocanna agus an méid ábhartha le haghaidh gach tráthchoda. Nuair a chuireann Ballstát iarratas ar íocaíocht isteach, déanann an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh sásúil gach garsprice agus gach sprice ar thug an Ballstát le fios ina leith go bhfuil sé comhlíonta go sásúil. Mura gcomhlíontar cuid de na garspriocanna agus na spriocanna, is féidir an íocaíocht a chur ar fionraí i bpáirt. In 2021, bhunaigh an Coimisiún creat faireacháin agus rialúcháin do RRF, lena n‑áirítear aonaid thiomnaithe iniúchóireachta agus dlí, agus straitéisí sonracha rialúcháin agus iniúchóireachta atá ceaptha don tSaoráid. Thairis sin, rinne an Coimisiún nósanna imeachta inmheánacha críochnúla a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus ar iarratais ar íocaíocht ina dhiaidh sin, lena n‑áirithítear rialuithe ex ante agus ex post éifeachtacha agus éifeachtúla.

Ní mór do gach Ballstát córas rialúcháin éifeachtach agus éifeachtúil a chur ar bun. Foráiltear maidir leis an oibleagáid sin in Airteagal 22(1) de Rialachán RRF. Ní mór do gach Ballstát sonraí maidir lena chóras rialúcháin náisiúnta a thabhairt ina RRP náisiúnta agus measann an Coimisiún go bhfuil an córas sin ‘leormhaith’ (A) nó ‘neamhleormhaith’ (C) 48 . Má mheastar nach leor na socruithe a mholann an Ballstáit, ní féidir an plean a fhormheas. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as leas airgeadais an Aontais a chosaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin na cistí a aisghabháil agus/nó ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcásanna calaoise, éillithe nó coinbhleachta leasa agus i gcás nach ndearna na Ballstáit na cistí a aisghabháil nó i gcás sárú tromchúiseach ar na hoibleagáidí atá sna comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta.

Tar éis dóibh measúnú a dhéanamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil córas rialúcháin leormhaith ag na 22 RRP a glacadh in 2021. Mar sin féin, shainaithin an Coimisiún roinnt easnamh in 16 díobh agus chuir sé de cheangal ar na Ballstáit lena mbaineann bearta feabhais breise a dhéanamh roimh an gcéad iarratas rialta ar íocaíocht. Chomhaontaigh na Ballstáit lena mbaineann na bearta riachtanacha a chur lena RRPanna faoi seach 49 . Áirítear na garspriocanna agus na spriocanna comhfhreagracha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme (CID) ón gComhairle agus ní mór iad a chomhlíonadh roimh an gcéad iarratas rialta ar íocaíocht (gan íocaíochtaí réamhmhaoiniúcháin a áireamh ar an gcaoi sin). Dá bhrí sin, áirithítear leormhaitheas na gcóras rialacháin a thuilleadh sula ndéantar aon íocaíocht rialta le Ballstát.

Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an ‘dearbhú bainistíochta’ 50 agus ar ‘achoimre ar iniúchtaí’ 51 a sholáthraíonn na Ballstáit le gach iarratas ar íocaíocht agus déanann sé iniúchtaí ex post a chur chun feidhme ar gharspriocanna agus ar spriocanna. Chun a fhíorú cé acu ar comhlíonadh na garspriocanna agus na spriocanna go sásúil nó nár comhlíonadh, foirne tíre tiomnaithe ar a bhfuil baill ó níos mó ná AS amháin, déanann siad an fhianaise a chuir an Ballstát ar fáil (i gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus leis na Socruithe Oibríochtúla) a mheasúnú. Ina theannta sin, déanann aonad iniúchóireachta tiomnaithe athbhreithniú ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar an achoimre ar iniúchtaí a chuireann na Ballstáit ar fáil le gach iarratas ar íocaíocht. Le hiniúchtaí ex post rioscabhunaithe tabharfar dearbhú breise go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát ceart. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a aisghabháil má chinneann sé ex post nár comhlíonadh garsprioc nó sprioc go sásúil.

Go dtí seo, rinne an Coimisiún athbhreithniú nó tá sé i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar na dearbhuithe bainistíochta agus ar an achoimre ar iniúchtaí atá sna cúig iarratas ar íocaíocht a chuir an Spáinn, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil agus an Phortaingéil isteach. Mar gheall ar an tréimhse ghairid ama idir na pleananna a fhormheas agus na hiarratais sin ar íocaíocht a chur isteach, bhí raon feidhme na hoibre iniúchóireachta a rinne na húdaráis náisiúnta teoranta go ginearálta. D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar na húdaráis náisiúnta, go háirithe chun a mheas ar bailíodh agus ar stóráladh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán go héifeachtach sa chóras náisiúnta agus shainaithin sé roinnt pointí ar cheart obair leantach a dhéanamh orthu ar an leibhéal náisiúnta in 2022, mar a léirítear sna réamh‑mheasúnuithe a rinne an Coimisiún ar na hiarrataí ábhartha ar íocaíocht.

Cé gurb ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht maidir leis na leasanna airgeadais a chosaint, le linn chur chun feidhme an phlean, déanfaidh an Coimisiún iniúchtaí córais ar chórais faireacháin agus rialúcháin na mBallstát sin. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar na bearta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme chun calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú. Cumhdófar leis sin freisin córais chun sonraí maidir le tairbhithe, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus úinéirí tairbhiúla a bhailiú agus a stóráil. Is féidir leis an gCoimisiún iniúchtaí randamaithe agus spriocdhírithe a chur chun feidhme a thuilleadh, imscrúdú a dhéanamh ar chalaois, ar éilliú agus ar choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann. Tugtar de chumhacht don Choimisiún cistí a aisghabháil nó ceartuithe airgeadais a sheoladh má tá calaois, éilliú nó coinbhleacht leasa sainaitheanta ag na Ballstáit nó i gcás ina ndéanann na Ballstáit sáruithe tromchúiseacha ar na hoibleagáidí a áirítear sna comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta.

4.5.Comhlántacht le maoiniú eile ón Aontas

Chun na pleananna a ullmhú, cuireadh prionsabail ar fáil leis an rialachán RRF agus le treoir an Choimisiúin 52 do na Ballstáit chun a áirithiú nach ndéanann RRF agus cistí eile de chuid an Aontais na costais chéanna a chistiú faoi dhó. Go háirithe, sonraítear sna RRPanna na próisis agus na struchtúir a cuireadh ar bun ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun comhlántacht agus comhordú a áirithiú maidir le bainistiú foinsí éagsúla cistiúcháin de chuid an Aontais. Ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh tacaíocht ó RRF sa bhreis ar an tacaíocht a sholáthrófar faoi chistí agus faoi chláir eile de chuid an Aontais agus nach gclúdódh an tacaíocht sin na costais chéanna. Ina theannta sin, ba cheart a shonrú i RRPanna tionscadail ina mbeartaítear cómhaoiniú a dhéanamh le cláir eile de chuid an Aontais agus an méid atá le cumhdach ag gach foinse cistiúcháin a léiriú.

Le linn chéim an chur chun feidhme, ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcás agus dearbhú a thabhairt nach bhfuil aon chistiú dúbailte ann. Agus a n‑iarratas ar íocaíocht á chur isteach ag na Ballstáit, soláthróidh siad dearbhú bainistíochta ina bhfuil gealltanas chun cistiú dúbailte a sheachaint agus ina bhfuil tagairt do na córais faireacháin agus rialúcháin atá i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, mar chuid den tuarascáil dhébhliantúil, soláthróidh an Ballstát aon nuashonrú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid clár eile de chuid an Aontais le haghaidh na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a chumhdaítear faoin RRP formheasta, lena n‑áirítear sonraíocht na gcostas a chumhdaítear leis na cláir sin i gcás cómhaoiniúcháin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún seiceálacha agus iniúchtaí córais iomchuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit.

Le linn chéim ullmhúcháin na RRPanna, thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit chun ionstraimí oiriúnacha a shainaithint ar leibhéal an Aontais chun sineirgí a chruthú leis na bearta a mhaoinítear faoin RRF. Sampla mór de sin is ea an tacaíocht a tugadh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a bhí ann roimhe. Go háirithe, cuideoidh siad leis na Ballstáit na RRPanna a ullmhú agus a chur chun feidhme. Beidh tacaíocht earnála ar fáil freisin do Bhallstáit tríd an tSaoráid Tacaíochta Beartais Fís chun athchóirithe beartais T&I a chur chun feidhme. Mar shampla, i gcomhthéacs ‘Rail Baltica’, rinneadh cistiú RRF a chomhcheangal le cineálacha eile tacaíochta, lena n‑áirítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2.0. Níor tháinig athrú ar na tionscadail uileghabhálacha maidir le bonneagar iarnróid agus tacaíonn cistí éagsúla le cineálacha éagsúla caiteachais. Ag breathnú chun cinn, le linn shaolré chur chun feidhme na Saoráide, leanfaidh an Coimisiún de na Ballstáit a spreagadh chun aird ar leith a thabhairt ar dheiseanna atá ar na bacáin le haghaidh sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais.

Ós rud é go mbeidh an tacaíocht faoi RRF ar siúl go dtí 2026, cuidíonn an Coimisiún le bearta cistiúcháin eile a shainaithint a chumhdaíonn tréimhsí ama éagsúla nó céimeanna tionscadal éagsúla. Áiritheofar leis sin go bhfaighfear an maoiniú fiú amháin tar éis shaolré reatha an RRF, rud a bheidh teoranta ó thaobh ama de. Ina theannta sin, chuidigh an Coimisiún le cistí agus le cláir de chuid an Aontais atá dírithe ar an gcuspóir céanna ach a chumhdódh cineálacha éagsúla beart a shainaithint. Mar shampla, i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, le bearta faoi RRF tabharfar tacaíocht do bhonneagar digiteach a chruthú, agus le cistiú faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe do 2021‑2027 dhíreofaí ar infheistíochtaí comhlántacha, mar shampla tacú le cláir ghairmeacha do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

Áirithíonn an Coimisiún go bhfuil an RRF comhlántach le cistí an bheartais chomhtháthaithe faoi chlár 2021‑2027. Cé go bhfuil tréimhse ullmhúcháin RRF beagnach curtha i gcrích, tá an clár faoi MFF 2021‑2027 ar siúl go fóill. Tugann an Coimisiún aird ar leith ar an nasc idir an RRF agus na cistí atá cumhdaithe ag na Comhaontuithe Comhpháirtíochta leis na Ballstáit agus mar gheall ar an tréimhse ama forluiteach sa chaibidlíocht, bhíothas in ann sineirgí a bhunú i measc na n‑ionstraimí éagsúla sin de chuid an Aontais. Go háirithe, tá léargas soiléir ag formhór na mBallstát ar na bearta a áirítear ina RRPanna ag an bpointe seo agus féadfaidh siad é sin a chur san áireamh agus clársceidealú á dhéanamh acu maidir le cistí an bheartais chomhtháthaithe. Áiritheofar leis sin go mbeidh na bearta comhlántach.



5.Conclúid

I gcomhthéacs ghéarchéim Covid‑19, bunaíodh an RRF i bhFeabhra 2021 chun tacaíocht shuntasach airgeadais a thabhairt do na Ballstáit chun dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn. Faoin mbliain 2026, cuirfidh an tSaoráid EUR 672.5 billiún d’iasachtaí agus de thacaíocht neamh‑inaisíoctha ar fáil do na Ballstáit, chun tacú lena n‑athchóirithe agus lena n‑infheistíochtaí a rinneadh chun tionchair phaindéim an choróinvíris a mhaolú agus chun geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Bliain tar éis bhunú na Saoráide, tá dul chun cinn mór déanta agus tá an cur chun feidhme faoi lán seoil. Ghlac an Chomhairle 22 phlean téarnaimh agus athléimneachta, ar fiú iad agus EUR 445 billiún san iomlán (EUR 291 billiún i maoiniú neamh‑inaisíoctha agus EUR 154 billiún in iasachtaí). D’íoc an Coimisiún EUR 56.6 billiún amach i réamh‑mhaoiniú agus EUR 10 billiún sa chéad íocaíocht in 2021. Tá cur chun feidhme na Saoráide faoi lán seoil anois, agus tá coinne leis go ndéanfar thart ar 30 iarratas ar íocaíocht in 2022. Cloch mhíle thábhachtach don Aontas is ea rath eisiúint bannaí agus billí ‘NextGenerationEU’, rud a thugann uirlis chumhachtach don Aontas Eorpach chun an téarnamh a chistiú agus chun bheith níos athléimní, níos cothroime agus níos glaise tar éis na paindéime.

Is uirlis nuálach é an RRF: Is ionstraim uathúil ‘fheidhmíochtbhunaithe’ é atá dírithe ar an éileamh, lena gcuirtear tacaíocht dhíreach airgeadais ar fáil do na Ballstáit atá nasctha le torthaí a bhaint amach. Déantar cistí a íoc amach de réir chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí faoi 2026 atá ceaptha chun freagairt do na dúshláin atá roimh na Ballstáit. Tá íocaíochtaí amach chistí RRF ag brath ar chomhlíontacht shásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna – a comhaontaíodh ex ante leis na Ballstáit agus a d’fhormheas an Chomhairle maidir le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe ag na Ballstáit ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Léirítear cheana féin leis an gcéad íocaíocht leis an Spáinn ag deireadh 2021 go bhfuil tionchar fós ag an tSaoráid maidir le tacú le hathchóirithe tábhachtacha a chur chun feidhme. Mar is léir ón bhfianaise sa tuarascáil seo, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an tSaoráid leo, tugtar aghaidh leo ar dhúshláin shonracha na mBallstát agus cuirtear le réimsí beartais atá ábhartha go príomha do thodhchaí an Aontais (na ‘sé cholún’). Cuirfidh siad le clár oibre beartais uaillmhianach an Aontais chun téarnamh inbhuanaithe, cothrom agus cuimsitheach a stiúradh agus chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos athléimní in aghaidh suaití amach anseo, agus geilleagair agus sochaithe an Aontais á n‑athrú ó bhonn i gcomhréir le huaillmhian na n‑athruithe atá le déanamh, agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Tá breisluach na hionstraime le feiceáil cheana féin. Tá éifeachtaí iarmharta dearfacha ag baint le cur chun feidhme na Saoráide freisin ar fud an Aontais agus tacaíonn sé le cóineasú eacnamaíoch. Agus an meall mór ar deireadh, leis an tSaoráid tacaítear le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta atá ríthábhachtach don Aontas, lena léirítear ‘breisíocht’ chistí an Aontais. Is féidir an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus íocaíocht amach na Saoráide a rianú go beo ar ardán poiblí ar líne, ar an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta, ina léirítear an dul chun cinn a rinneadh maidir le gach garsprioc agus sprioc.

Is é tiomantas an Choimisiúin gur rath comhroinnte mhuintir uile na hEorpa a bheidh i gcur chun feidhme RRF. Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún dá dhícheall a dhéanamh chun go mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach chun na pleananna a chur chun feidhme go rathúil agus leanfaidh sé de dhlúthchaidreamh a bheith aige le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle feadh chur chun feidhme na Saoráide.



IARSCRÍBHINN

Forléargas ar an staid mar atá

Aighneacht oifigiúil

Measúnú dearfach COM

Glacadh na Comhairle

An 1ú réamh‑mhaoiniú íoctha

Síniú OA

Iarratas ar íocaíocht

aighneacht

Íocaíocht

An Ostair

30 Aibreán

21 Meitheamh

13 Iúil

28 Meán Fómhair (EUR 450 milliún)

An Bheilg

30 Aibreán

23 Meitheamh

13 Iúil

3 Lúnasa (EUR 770 milliún)

An Bhulgáir

15 Deireadh Fómhair

An Chipir

17 Bealtaine

8 Iúil

28 Iúil

9 Meán Fómhair (EUR 157 milliún)

Poblacht na Seice

1 Meitheamh

19 Iúil

8 Meán Fómhair

28 Meán Fómhair (EUR 915 milliún)

An Danmhairg

30 Aibreán

17 Meitheamh

13 Iúil

2 Meán Fómhair (EUR 201 milliún)

An Ghearmáin

28 Aibreán

22 Meitheamh

13 Iúil

26 Lúnasa (EUR 2.25 billiún)

An Eastóin

18 Meitheamh

5 Deireadh Fómhair

29 Deireadh Fómhair

17 Nollaig (EUR 126 milliún)

An Ghréig

27 Aibreán

17 Meitheamh

13 Iúil

9 Lúnasa (EUR 4 billiún)

21 Nollaig

29 Nollaig

An Spáinn

30 Aibreán

16 Meitheamh

13 Iúil

17 Lúnasa (EUR 9 billiún)

10 Samhain

11 Samhain

27 Nollaig

(EUR 10 billiún)

An Fhionlainn

27 Bealtaine

4 Deireadh Fómhair

29 Deireadh Fómhair

21 Eanáir 2022 (EUR 271 milliún)

An Fhrainc

28 Aibreán

23 Meitheamh

13 Iúil

19 Lúnasa (EUR 5.1 billiún)

25 Samhain

26 Samhain

An Chróit

14 Bealtaine

8 Iúil

28 Iúil

28 Meán Fómhair (EUR 818 milliún)

9 Feabhra

An Ungáir

11 Bealtaine

Éire

28 Bealtaine

16 Iúil

8 Meán Fómhair

Níor iarr an tír seo réamh‑mhaoiniú

An Iodáil

30 Aibreán

22 Meitheamh

13 Iúil

13 Lúnasa (EUR 24.9 billiún)

22 Nollaig

30 Nollaig

An Laitvia

30 Aibreán

22 Meitheamh

13 Iúil

10 Meán Fómhair (EUR 237 milliún)

16 Feabhra

An Liotuáin

14 Bealtaine

2 Iúil

28 Iúil

17 Lúnasa (EUR 289 milliún)

Lucsamburg

30 Aibreán

18 Meitheamh

13 Iúil

3 Lúnasa (EUR 12.1 milliún)

Málta

13 Iúil

16 Meán Fómhair

5 Deireadh Fómhair

17 Nollaig (EUR 41.1 milliún)

An Ísiltír

An Pholainn

3 Bealtaine

An Phortaingéil

22 Aibreán

16 Meitheamh

13 Iúil

3 Lúnasa (EUR 2.2 billiún)

18 Eanáir

25 Eanáir

An Rómáin

31 Bealtaine

28 Meán Fómhair

29 Deireadh Fómhair

2 Nollaig (EUR 1.8 billiún)

An tSlóvaic

29 Aibreán

21 Meitheamh

13 Iúil

13 Deireadh Fómhair (EUR 823 milliún)

16 Nollaig

An tSlóivéin

30 Aibreán

1 Iúil

28 Iúil

17 Meán Fómhair (EUR 231 milliún)

An tSualainn

28 Bealtaine

(1)

Mar a cheanglaítear faoi Airteagal 31 de Rialachán RRF.

(2)

Chun críche na tuarascála seo, baineann scoithdháta an 28 Feabhra 2022 leis na sonraí agus leis na figiúirí uile.

(3)

SWD(2021) 12 final

(4)

Rialachán (AE) 2021/241 an 12 Feabhra 2021.

(5)

  https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery‑and‑resilience‑scoreboard/index.html .

(6)

  An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta| An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(7)

Ní iarrtar aon íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin.

(8)

De bhun Airteagal 35 de Rialachán RRF, bunaítear an coiste coisteolaíochta sin de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(9)

Cuirtear san áireamh sa ghlanmhéid réamh‑mhaoiniúcháin na méideanna réamh‑mhaoiniúcháin a eisíocadh, ar bhonn laghdú pro rata.

(10)

Ghlac an Coimisiún réamh‑mheasúnú dearfach an 3 Nollaig 2021. Tar éis tuairim dhearfach ghasta a fháil ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) an 21 Nollaig agus ó Choiste RRF an 22 Nollaig, bhí an Coimisiún in ann an íocaíocht a dhéanamh an 27 Nollaig 2021.

(11)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí chomhtháscairí agus eilimintí mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach, IO L 429/83.

(12)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú, IO L 429/79

(13)

(i) Foghlaim aosach, (ii) Tacaíocht fostaíochta agus cruthú post, (iii) Nuachóiriú institiúidí margaidh saothair, (iv) Oideachas agus cúram na luath‑óige, (v) Oideachas ginearálta, gairmoideachas agus ardoideachas, (vi) Cúram sláinte, (vii) Cúram fadtéarmach, (viii) Tithíocht shóisialta agus bonneagar sóisialta eile, (ix) Cosaint shóisialta.

(14)

Faoi Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, maidir le Tuairisciú ó Bhallstát i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, tá sé de cheangal ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt dhá uair sa bhliain ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur i gcrích.

(15)

  An Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu) .

(16)

Chun cur le clár caiteachais an Aontais.

(17)

 Is iad seo a leanas na sé cholún: (i) an t‑aistriú glas,(ii) an claochlú digiteach,(iii) fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n‑áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgeacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht agus margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith ina bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna),(iv) comhtháthú sóisialta agus críochach,(v) sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach arb é is aidhm dóibh, inter alia, feabhas a chur ar ullmhacht agus acmhainneacht freagartha do ghéarchéimeanna, agus (vi) beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail oideachas agus scileanna.

(18)

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scórchlár RRF atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery‑and‑resilience‑scoreboard/index.html .

(19)

Áirítear leis sin infheistíochtaí a bhfuil rianaire comhshaoil 40 % nó 100 % acu faoi Iarscríbhinn VI de Rialachán RRF, agus nach bhfuil áirithe cheana féin sa rannchuidiú aeráide.

(20)

Tá an méid sin níos ísle ná an caiteachas foriomlán arna leithdháileadh ar cholún an aistrithe ghlais toisc go n‑áirítear sa cholún deiridh na costais uile a bhaineann leis an infheistíocht, agus ní hamháin an caiteachas clibeáilte (mar shampla, dhéanfaí infheistíocht ag a bhfuil comhéifeacht aeráide 40 % a áireamh le 100 % dá chostais faoi cholún an aistrithe ghlais).

(21)

 Is féidir tuilleadh sonraí faoin réimse beartais seo a fháil sa bhileog ‘Cumhacht Ghlan’ a foilsíodh i Scórchlár RRF .

(22)

C(2021) 1054 final.

(23)

 Bhí sé de cheangal a shonrú sna RRPanna a mhéid a rannchuidíonn gach beart go hiomlán (100 %), go páirteach (40 %) nó nach bhfuil aon tionchar aige (0 %) ar chuspóirí aeráide agus/nó digiteacha agus bonn cirt a thabhairt leis, trí úsáid a bhaint as Iarscríbhinn VII de Rialachán RRF. Trí na comhéifeachtaí a chomhcheangal leis na meastacháin ar chostais a bhaineann le gach beart, is féidir ríomh a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn na pleananna leis an sprioc dhigiteach.

(24)

Is creat é bosca gainimh rialála arna bhunú ag rialtóir earnála airgeadais chun go bhféadfaidh gnólachtaí príobháideacha i dtimpeallacht rialaithe, faoi mhaoirseacht an rialtóra, tástáil bheo ar mhionscála a dhéanamh ar nuálaíochtaí.

(25)

Féach an  Moladh ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020  maidir le bosca uirlisí an Aontais chun an costas a bhaineann le líonraí fíor‑ardacmhainne a imscaradh a laghdú agus rochtain thráthúil agus neamhdhíobhálach don infheistíocht ar speictream raidió 5G a áirithiú, chun nascacht a chothú chun tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID‑19 san Aontas (C(2020) 6270 críochnaitheach).

(26)

Áirítear leis sin bearta lena dtugtar aghaidh ar thaighde, ar fhorbairt agus ar nuálaíocht i gcoitinne, chomh maith le bearta lena dtugtar aghaidh go sonrach ar thaighde, ar fhorbairt agus ar nuálaíocht i ndáil leis an aistriú glas nó leis an aistriú digiteach.

(27)

Tá an meastachán sin bunaithe ar mhodheolaíocht chlibeáil na gcolún don Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta agus freagraíonn sé do na bearta arna leithdháileadh ar na réimsí beartais “Tacaíocht do FBManna” mar réimsí beartais príomhúla nó tánaisteacha.

(28)

Tá na figiúirí sin bunaithe ar mhodheolaíocht chlibeáil na gcolún agus tá siad bunaithe ar na bearta a leithdháiltear ar na réimsí beartais “Tacaíocht do FBManna” mar réimsí beartais príomhúla nó tánaisteacha, agus bearta breise á gcur san áireamh freisin, a áirítear faoi cholúin eile beartais nó réimsí beartais eile atá ábhartha do FBManna freisin. Sainaithníodh bearta a thacaíonn go heisiach le FBManna ar bhonn na tuairisce a thug siad sna hiarscríbhinní ábhartha CID.

(29)

Leanann sé seo aicmiú cánacha comhshaoil EUROSTAT in EUROSTAT (2013) Environmental taxes, a statistical guide [Cánacha comhshaoil, treoir staidrimh], chun sainmhíniú a thabhairt ar chánacha comhshaoil (ar fáil ar https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/5936129/KS‑GQ‑13‑005‑EN.PDF ).

(30)

Meastar gur cánachas ar fhuinneamh é cánachas atá bunaithe ar astaíochtaí CO2. Meastar gur cánachas in aghaidh truaillithe é cánachas bunaithe ar astaíochtaí NOx nó SOx.

(31)

Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Imscaradh slán 5G san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí an Aontais a chur chun feidhme, COM(2020)50 an 29 Eanáir 2020.

(32)

Féach Pfeiffer P., Varga J. agus in ’t Veld J. (2021), ‘Quantifying Spillovers of NGEU investment’, European Economy Discussion Papers, Uimh. 144 agus Afman et al. (2021), ‘An overview of the economics of the Recovery and Resilience Facility’, Quarterly Report on the Euro Area (QREA), Imleabhar. 20, Uimh. 3, lgh. 7‑16. Leagtar béim sa dá staidéar freisin ar íogaireacht na dtorthaí i leith príomhthoimhdí.

(33)

Ag brath ar an bpróifíl chaiteachais, thar thréimhse sé bliana agus ceithre bliana, faoi seach. Tagraíonn breisíocht anseo do chistí nach gcuirtear in ionad caiteachais náisiúnta athfhillteacha ná do chistí eile an Aontais (féach Rialachán RRF (téacs comhréitigh deiridh) Aithris 10a, Airteagal 4a agus Airteagal 8).

(34)

Déantar an ranníocaíocht airgeadais RRF in aghaidh an Bhallstáit a ríomh tríd na nithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás gach Ballstáit: (i) an daonra, (ii) OTI in aghaidh an duine, (iii) an ráta dífhostaíochta, agus (iv) an titim ar fhíor‑OTI in 2020 agus in 2021. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta i samhradh 2022 bunaithe ar na sonraí is déanaí ó EUROSTAT.

(35)

Léirítear sa ghraf buaicéifeachtaí ar OTI iarbhír arna sloinneadh in aghaidh an chéid ó bhunlíne gan athrú beartais i gcás próifíl caiteachais líneach NGEU (2021 go 2026) faoi ardtáirgiúlacht. Áirítear na Ballstáit seo a leanas ar na bloic sin: OTI os cionn an mheáin in aghaidh an duine: AT, DE, DK, FR, FI, IE, LU, NL, SE; OTI per capita faoi bhun an mheáin san Aontas (fiachas ard): CY, EL, ES, IT, PT; OTI per capita faoi bhun an mheáin san Aontas (fiachas íseal): Níl na Ballstát AE‑27 uile san áireamh sna grúpaí thuasluaite. Foinse: Comhiomlánú bunaithe ar Pfeiffer et al. (2021).

(36)

Ríomhtar caiteachas sóisialta bunaithe ar na naoi réimse beartais shóisialta arna ngrúpáil i gceithre chatagóir shóisialta (fostaíocht agus scileanna, oideachas agus cúram leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, agus beartais shóisialta) mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe 2021/2105.

(37)

I Rialachán RRF, sainmhínítear athléimneacht in Airt. 2(5) mar ‘an cumas aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh eacnamaíoch, sochaíoch agus éiceolaíoch agus/nó ar athruithe struchtúracha leanúnacha ar bhealach cóir, inbhuanaithe agus cuimsitheach’.

(38)

  Resilience Dashboards report and annex | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(39)

Sa Tuarascáil um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2020 ( https://ec.europa.eu/info/strategy/strategic‑planning/strategic‑foresight/2020‑strategic‑foresight‑report_en ) sainmhínítear athléimneacht mar ‘an cumas ní hamháin dúshláin a sheasamh agus aghaidh a thabhairt orthu ach freisin chun aistrithe a dhéanamh ar dhóigh inbhuanaithe, chothrom agus dhaonlathach.’

(40)

COM(2021) 550 final.

(41)

Europe’s Digital Decade: digital targets for 2030 | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(42)

COM(2021) 740 final.

(43)

  Https://ec.europa.eu/info/business‑economy‑euro/recovery‑coronavirus/recovery‑and‑resilience‑facility/information‑provided‑european‑parliament‑or‑council‑recovery‑and‑resilience‑plans_en . 

(44)

Lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí shuaitheantas an Aontais a thaispeáint agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ar a bhfuil na focail ‘cistithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU’.

(45)

  An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .

(46)

  An Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu) .

(47)

Is líonra uile‑Aontais d’oifigigh chumarsáide é líonra AE INFORM atá freagrach as infheistíochtaí ón Aontas agus ó na Ballstáit a chur in iúl, infheistíochtaí faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdaíonn na cistí seo a leanas de chuid an Aontais: Beartas Réigiúnach: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Idirthréimhseach Just (CUAC) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC); Beartas Sóisialta: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+); Gnóthaí Baile: An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) agus an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI); Gnóthaí Muirí: An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF). Ina theannta sin, cumhdaítear an RRF leis an líonra.

(48)

Déanann sé measúnú ar cé acu atá an córas rialúcháin bunaithe ar phróisis agus ar struchtúir láidre, sainaithníonn sé gníomhaithe soiléire agus a róil agus a bhfreagrachtaí agus áirithíonn sé scaradh iomchuí na bhfeidhmeanna. Ní mór an chumhacht dhlíthiúil agus an acmhainn riaracháin a bheith ag na comhlachtaí sin chun na róil agus na cúraimí dá bhforáiltear dóibh a fheidhmiú le linn chur chun feidhme an phlean. Déanann an Coimisiún athbhreithniú freisin ar na socruithe a thuairiscítear sa phlean maidir le bailiú agus infhaighteacht sonraí maidir le faighteoirí deiridh, chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí. Ina theannta sin, féachann an Coimisiún ar na socruithe a bhfuil cur síos orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun cistiú dúbailte a sheachaint, chun a chinneadh cé acu atá siad leormhaith nó nach bhfuil.

(49)

I measc na n‑easnamh a sainaithníodh i gcórais rialúcháin na mBallstát, bhí easpa córas stórais ann chun sonraí a bhailiú agus a stóráil de réir mar a cheanglaítear le rialachán RRF, easpa sainorduithe dlí do na comhlachtaí éagsúla atá i gceannas ar chur chun feidhme agus ar iniúchadh na gcistí, cumas riaracháin easnamhach na gcomhlachtaí cur chun feidhme agus iniúchóireachta atá i gceannas ar chur chun feidhme RRP, easpa straitéis shoiléir iniúchóireachta nó bearta frith‑chalaoise. Ní mór na heasnaimh sin ar fad a cheartú sular féidir le Ballstát an chéad íocaíocht rialta a fháil, arb é sin an chéad íocaíocht faoi RRF seachas an íocaíocht réamh‑mhaoiniúcháin.

(50)

 Sa dearbhú bainistíochta dá bhforáiltear leis an iarratas ar íocaíocht, ní mór do na Ballstáit tagairt a dhéanamh don fhíoras go dtugann na córais rialúcháin atá i bhfeidhm na gealltanais riachtanacha go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme – go háirithe rialacha maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú, agus cistiú dúbailte i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

(51)

Achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta le linn na tréimhse cur chun feidhme.

(52)

SWD(2021) 12 final.